10.5.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/711 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní don leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos na rialacha coiteanna agus ginearálta is infheidhme maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

(2)

Le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2019 (4), leasaíodh méid iomlán na n-acmhainní don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg (“TFAO”) trí EUR 116,7 milliún de réir praghsanna reatha a chur leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas sa leithdháileadh sonrach do TFAO in 2019 agus trí mhéid foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas sa leithdháileadh sonrach do TFAO le haghaidh na clárthréimhse iomláine an chláreagrúcháin a ardú go EUR 4 527 882 072 de réir praghsanna reatha.

(3)

Le haghaidh 2019, cistítear na hacmhainní breise de EUR 99 573 877 de réir phraghsanna 2011 leis an gCorrlach Foriomlán le haghaidh Oibleagáidí laistigh de chorrlach an chreata airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020.

(4)

Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le bearta sonracha lena n-éascaítear cur chun feidhme TFAO, mar gheall ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na gclár oibríochtúil do chlárthréimhse 2014-2020.

(5)

I bhfianaise na práinne atá le leasú a dhéanamh ar na cláir lena dtacaítear le TFAO chun na hacmhainní breise don leithdháileadh sonrach do TFAO a áireamh roimh dheireadh 2019, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an la tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 91, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   EUR 330 081 919 243, de réir phraghsanna 2011, a bheidh sna hacmhainní don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach don tréimhse 2014 - 2020, i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; na hacmhainní foriomlána arna leithdháileadh ar CFRE, ar CSE agus ar an gCiste Comhtháthaithe a bheidh in EUR 325 938 694 233 de sin agus leithdháileadh sonrach do TFAO a bheidh in EUR 4 143 225 010 de. Ar mhaithe leis an gcláreagrú agus leis an gcumhdach i mbuiséad an Aontais amach anseo, déanfar méid na n-acmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a innéacsú ag 2 % in aghaidh na bliana.”;

(2)

in Airteagal 92, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   EUR 4 143 225 010 a bheidh sna hacmhainní do TFAO as an leithdháileadh sonrach do TFAO; na hacmhainní breise le haghaidh 2019 atá in EUR 99 573 877 de sin. Comhlánófar na hacmhainní sin le hinfheistíocht spriocdhírithe ó CSE i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán CSE.

Na Ballstáit a bhaineann tairbhe as na hacmhainní breise don leithdháileadh sonrach do TFAO le haghaidh 2019, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh siad a iarraidh go n-aistreofar suas le 50 % de na hacmhainní breise don leithdháileadh sonrach do TFAO chuig CSE chun bheith ina n-infheistíocht chomhfhreagrach spriocdhírithe de chuid CSE mar a cheanglaítear in Airteagal 22 de Rialachán CSE. Is chuig na catagóirí réigiúin faoi seach a chomhfhreagraíonn do chatagóiriú na réigiún atá incháilithe don mhéadú ar an leithdháileadh sonrach do TFAO, a dhéanfar an t-aistriú sin. Iarrfaidh na Ballstáit an t-aistriú san iarraidh ar leasú ar an gclár i gcomhréir le hAirteagal 30(1) den Rialachán seo. Ní féidir acmhainní arna leithdháileadh i leith blianta atá thart a aistriú.

Beidh feidhm ag an dara fomhír den mhír seo maidir le haon acmhainní breise don leithdháileadh sonrach le haghaidh TFAO a mhéadaíonn na hacmhainní thar EUR 4 043 651 133.”;

(3)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 22 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(4)  IO L 67, 7.3.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN VI

MIONDEALÚ BLIANTÚIL AR LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS DO NA BLIANTA 2014 GO 2020

Próifíl bhliantúil choigeartaithe (lena n-áirítear an breisiú do TFAO)

 

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

Iomlán

EUR, 2011 praghsanna

34 108 069 924

55 725 174 682

46 044 910 736

48 027 317 164

48 341 984 652

48 811 933 191

49 022 528 894

330 081 919 243