12.4.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/592 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Aibreán 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin, a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). An 21 Márta 2019, d'aontaigh an Chomhairle Eorpach le síneadh go dtí an 22 Bealtaine 2019 a chur leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3), ar choinníoll go ndéanfaidh Teach na dTeachtaí sa Ríocht Aontaithe an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) a fhormheas. I gcás nach bhformheasann Teach na dTeachtaí sa Ríocht Aontaithe an Comhaontú um Tharraingt Siar, d'aontaigh an Chomhairle Eorpach le síneadh go dtí an 12 Aibreán 2019.

(2)

Faoi Airteagal 21 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá an ceart ag saoránaigh an Aontais gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena n-áirítear an ceart dul isteach ar chríoch na mBallstát gan víosa ná foirmiúlachtaí coibhéiseacha.

(3)

De dheasca tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, scoirfidh na Conarthaí agus Treoir 2004/38/CE, in éineacht leis an gceart dul isteach ar chríoch na mBallstát gan víosa ná foirmiúlachtaí coibhéiseacha, d'fheidhm a bheith acu maidir le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, an Ríocht Aontaithe a áireamh i gceann amháin de na hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). In Iarscríbhinn I, liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh agus, in Iarscríbhinn II, liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.

(4)

Ní cuid den Ríocht Aontaithe é Giobráltar. De bhua Airteagal 355(3) CFAE amháin atá dlí an Aontais infheidhme maidir le Giobráltar a mhéid dá bhforáiltear in Ionstraim Aontachais 1972. Nuair a chuirfear an Ríocht Aontaithe le Cuid 1 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806, ní chumhdófar daoine is saoránaigh de chríocha Briotanacha thar lear a fuair a saoránacht de thairbhe nasc a bheith acu le Giobráltar. Dá bhrí sin, ba cheart Giobráltar a liostáil i dteannta críocha Briotanacha eile thar lear i gCuid 3 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806.

(5)

Na critéir ba cheart a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh, ar bhonn measúnú cáis ar chás, cé na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa, nó díolmhaithe ón gceanglas sin, leagtar síos iad in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2018/1806. Áirítear ar na critéir sin inimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádáil choigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena n-áirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas réigiúnach agus cómhalartacht.

(6)

Ag cur san áireamh na gcritéar uile a liostaítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2018/1806, is iomchuí náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad a dhíolmhú ón gceanglas víosa agus iad ag taisteal chuig críoch na mBallstát. I ngeall ar an ngaireacht gheografach, an nasc idir na geilleagair, an leibhéal trádála agus méid na ngluaiseachtaí gearrthéarmacha a dhéanann daoine idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas chun críocha gnó, áineasa nó eile, ba cheart, le taisteal gan víosa, an turasóireacht agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascú, rud a bheidh chun tairbhe an Aontais.

(7)

A mhéid a bhaineann le saoránaigh Bhriotanacha, ba cheart dá bhrí sin an Ríocht Aontaithe a áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806.

(8)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar an tuiscint, ar mhaithe le dlúthchaidreamh a choimeád, go ndeonóidh an Ríocht Aontaithe cómhalartacht iomlán víosaí do náisiúnaigh na mBallstát uile. I gcás ina dtabharfaidh an Ríocht Aontaithe ceanglas víosa isteach do náisiúnaigh Ballstáit amháin ar a laghad sa todhchaí, ba cheart feidhm a bheith ag an sásra cómhalartachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1806. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún gníomhú gan mhoill chun an sásra cómhalartachta a chur i bhfeidhm. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go leanúnach ar urramú phrionsabal na cómhalartachta agus ba cheart dó Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas láithreach faoi fhorbairtí ar bith a d'fhéadfadh urramú an phrionsabail sin a chur i mbaol.

(9)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6).

(10)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointí (B) agus (C) d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8).

(11)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (9), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointí (B) agus (C) d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10).

(12)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (11); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(13)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (12); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(14)

Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d'Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

(15)

Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.

(16)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/1806 a leasú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

gan dochar do na ceanglais a eascraíonn as an gComhaontú Eorpach maidir le Deireadh a chur le Víosaí do Dhídeanaithe ó Chomhairle na hEorpa a síníodh in Strasbourg ar an 20 Aibreán 1959, dídeanaithe aitheanta agus daoine gan stát agus daoine eile nach bhfuil náisiúntacht aon tíre acu agus a bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus a bhfuil doiciméad taistil acu a d'eisigh Éire, ar doiciméad é a aithníonn an Ballstát lena mbaineann.”;

(2)

i gCuid 1 d'Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas isteach:

“An Ríocht Aontaithe (ach amháin na náisiúnaigh Bhriotanacha dá dtagraítear i gCuid 3)”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chuid 3 d'Iarscríbhinn II:

“NÁISIÚNAIGH BHRIOTANACHA NACH SAORÁNAIGH BHRIOTANACHA IAD”;

(4)

i gCuid 3 d'Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas isteach tar éis na bhfocal “Daoine is saoránaigh de chríocha Briotanacha thar lear (BOTC)”:

“Áirítear sna críocha sin Anguilla, Beirmiúda, Críoch na Breataine san Antartach, Críoch na Breataine san Aigéan Indiach, Ógh-Oileáin na Breataine, Oileáin Cayman, Oileáin Fháclainne, Giobráltar (*1), Montserrat, Pitcairn, San Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha, an tSeoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas agus Oileáin na dTurcach agus na gCaiceos.

(*1)  Is coilíneacht de chuid Choróin na Breataine é Giobráltar. Tá conspóid ann idir an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe maidir le ceannasacht ar Ghiobráltar, críoch ar gá teacht ar réiteach ina leith i bhfianaise rúin agus cinntí ábhartha ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.”."

Airteagal 2

I gcás ina dtabharfaidh an Ríocht Aontaithe ceanglas víosa isteach do náisiúnaigh Ballstáit amháin ar a laghad, beidh feidhm ag an sásra cómhalartachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1806. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus na Ballstáit gan mhoill chun an sásra cómhalartachta a chur i bhfeidhm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(2)  IO C 66 I, 19.2.2019, lch. 1.

(3)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoir 64/221/CEE, Treoir 68/360/CEE, 72/194/CEE, Treoir 73/148/CEE, Treoir 75/34/CEE, Treoir 75/35/CEE, Treoir 90/364/CEE, Treoir 90/365/CEE agus Treoir 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).

(5)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(6)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(7)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(8)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(9)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(10)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(11)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(12)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).