27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

60


RIALACHÁN (AE) 2019/503 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

I réimse an iompair iarnróid, is féidir leis na hoibreoirí lena mbaineann an tionchar a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar dheimhnithe agus údaruithe a leigheas trí bhearta éagsúla. Áirítear ar na bearta sin na hoibreoirí iad féin a bhunú i gceann de na Ballstáit a bheidh fágtha agus na ceadúnais agus na deimhnithe iomchuí a fháil ann.

(3)

Bheadh gá le comhaontuithe sonracha, dá bhforáiltear in Airteagal 14 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann go díreach le seirbhísí agus bonneagar iarnróid trasteorann, agus, sa chaoi sin, leanúnachas na seirbhísí sin a áirithiú agus suaitheadh a íoslaghdú. I gcomhréir leis an Treoir sin, d'áiritheofaí leis na comhaontuithe sin freisin cóireáil chómhalartach do ghnóthais de chuid an Aontais agus do ghnóthas atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus a bhaineann úsáid as bonneagar trasteorann.

(4)

Ní féidir comhaontuithe den sórt sin idir na Ballstáit lena mbaineann agus an Ríocht Aontaithe a thabhairt i gcrích go dtí go ndéanfar tríú tír den Ríocht Aontaithe. Go háirithe, is faoi Choimisiún Idir-Rialtasach arna bhunú faoi Chonradh Canterbury, a síníodh an 12 Feabhra 1986, atá sé rialacha sábháilteachta an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le Tollán Mhuir nIocht, agus i réimse na sábháilteachta baineann an Coimisiún Idir-Rialtasach tairbhe as comhairle ón Údarás um Shábháilteacht Thollán Mhuir nIocht. Níor mhór an córas a bunaíodh leis an gConradh sin a oiriúnú agus stádas tríú tír na Ríochta Aontaithe á chur san áireamh. Go háirithe, ba cheart an fhreagracht as an gcuid de Thollán Mhuir nIocht atá ar chríoch na Fraince a bheith faoi rialú aonair údaráis inniúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), chun a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar an gcuid sin den tollán. D'fhéadfadh an t-údarás inniúil sin, áfach, d'fhonn a chúraimí a chomhlíonadh ar an mbealach is fearr is féidir agus ag féachaint do ghnéithe comhchoiteanna an tolláin ar dhá thaobh na teorann agus chun comhsheasmhacht na gcinntí a éascú, tuairimí comhlachta dhénáisiúnta, a bunaíodh faoi chomhaontú idir an dá thír, a chur san áireamh, ar comhlacht é amhail an tÚdarás um Shábháilteacht Thollán Mhuir nIocht a bunaíodh le Conradh Canterbury, a thugann comhairle don Choimisiún Idir-Rialtasach, nó modhanna eile a fhorbairt le comhoibriú leis na húdaráis atá freagrach as an gcuid den tollán atá ar chríoch na Ríochta Aontaithe.

(5)

Tá na bearta sa Rialachán seo coinníollach ar chaighdeáin sábháilteachta agus ar nósanna imeachta sábháilteachta, ar cheanglais maidir le rochtain ar oibriú mar ghnóthas iarnróid, agus ar cheanglais maidir le traein a thiomáint, ceanglais atá go díreach mar an gcéanna le ceanglais an Aontais atá á gcur i bhfeidhm maidir leis an mbonneagar a úsáidtear chun nascacht iarnróid trasteorann leis an Ríocht Aontaithe a áirithiú mar aon le gnóthais a mbíonn traenacha á n-oibriú acu agus tiománaithe a mbíonn traenacha á dtiomáint acu ar an mbonneagar sin.

(6)

Chun gur féidir le páirtithe lena mbaineann na comhaontuithe is gá a dhéanamh agus chun aon bheart eile is gá a dhéanamh le suaitheadh a sheachaint, is gá, agus stádas na Ríochta Aontaithe mar thríú tír á chur san áireamh, síneadh a chur le bailíocht deimhnithe, údaruithe agus ceadúnas áirithe.

(7)

Maidir le fad ama an tsínidh sin le bailíocht na ndeimhnithe, na n-údaruithe, agus na gceadúnas, ba cheart é a theorannú don mhéid ama is fíorghá chun go mbeidh na Ballstáit lena mbaineann in ann na céimeanna sin is gá a ghlacadh, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i dTreoir 2004/49/CE ó Pharlaimint agus ón gComhairle (4), i dTreoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus i dTreoir 2012/34/AE.

(8)

Chun mórshuaitheadh ar sheirbhísí iarnróid trasteorann leis an Ríocht Aontaithe a sheachaint, is den bhunriachtanas é freisin go ndéanfaidh na hoibreoirí iarnróid agus na húdaráis náisiúnta na bearta is gá go pras chun a áirithiú go ndéanfar deimhnithe, údaraithe agus ceadúnais a thagann faoin Rialachán seo a eisiúint in am trátha sula scoirfidh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige, agus go ndéanfar deimhnithe, údaruithe agus ceadúnais eile is gá chun oibriú ar chríoch an Aontais a eisiúint roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe.

(9)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an sochar arna thabhairt do shealbhóirí na ndeimhnithe, na n-údaruithe agus na gceadúnas a aistarraingt, i gcás nach n-áirithítear go bhfuil na ceanglais de chuid an Aontais á gcomhlíonadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na bearta sin a ghlacadh, toisc an tionchair a d'fhéadfadh a bheith acu ar shábháilteacht iarnróid. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bheidh infheidhme láithreach más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

(10)

I bhfianaise na práinne a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach.

(11)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon bearta sealadacha a leagan síos maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, i gcás nach ann do chomhaontú um tharraingt siar, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(12)

Ba cheart d'fhorálacha an Rialacháin seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith acu ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, ach amháin má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos forálacha sonracha, mar gheall ar tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) as an Aontas Eorpach, maidir le deimhnithe sábháilteachta áirithe agus údaruithe sábháilteachta áirithe arna n-eisiúint faoi Threoir 2004/49/CE, ceadúnais áirithe do thiománaithe traenach arna n-eisiúint faoi Threoir 2007/59/CE agus ceadúnais áirithe do ghnóthais iarnróid arna n-eisiúint faoi Threoir 2012/34/AE.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na deimhnithe, na húdaruithe agus na ceadúnais seo a leanas, a bheith bailí an lá roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo:

(a)

údaruithe sábháilteachta arna n-eisiúint faoi Airteagal 11 de Threoir 2004/49/CE do bhainisteoirí bonneagair chun bonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bhainistiú agus a oibriú;

(b)

deimhnithe sábháilteachta arna n-eisiúint faoi Airteagal 10 de Threoir 2004/49/CE do ghnóthais iarnróid atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe;

(c)

ceadúnais arna n-eisiúint faoi Chaibidil III de Threoir 2012/34/AE do ghnóthais iarnróid atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe;

(d)

ceadúnais do thiománaithe traenach arna n-eisiúint faoin nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir 2007/59/CE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe ábhartha atá i dTreoir 2004/49/CE, Treoir 2007/59/CE agus Treoir 2012/34/AE agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi na Treoracha sin. Chun críocha an Rialacháin seo, maidir leis na sainmhínithe ábhartha atá i dTreoir (AE) 2016/798 agus in aon ghníomh tarmligthe agus in aon ghníomh cur chun feidhme eile arna ghlacadh faoin Treoir sin, beidh feidhm acu ón dáta is infheidhme í maidir leis na húdaruithe agus na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 1(2).

Airteagal 3

Bailíocht na n-údaruithe sábháilteachta, na ndeimhnithe sábháilteachta, na gceadúnas oibríochta agus na gceadúnas do thiománaithe traenach

1.   Maidir leis na húdaruithe sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1(2) agus maidir leis na deimhnithe sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 1(2), beidh siad fós bailí go ceann 9 mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Maidir leis na deimhnithe sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 1(2), ní bheidh siad bailí ach amháin chun na stáisiúin agus na críochfoirt trasnaithe teorann dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a shroicheadh ón Ríocht Aontaithe nó chun imeacht ó na stáisiúin agus na críochfoirt sin chuig an Ríocht Aontaithe.

2.   Maidir leis na ceadúnais dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 1(2), beidh siad fós bailí go ceann 9 mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. De mhaolú ar Airteagal 23(1) de Threoir 2012/34/AE, ní bheidh na ceadúnais sin bailí ach amháin sa chríoch atá suite idir na stáisiúin agus na críochfoirt trasnaithe teorann dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus an Ríocht Aontaithe.

3.   Maidir leis na ceadúnais dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 1(2), beidh siad fós bailí go ceann 9 mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo le haghaidh tiománaithe traenach agus iad ag oibriú ar an gcríoch atá suite idir na stáisiúin agus críochfoirt trasnaithe teorann agus dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus an Ríocht Aontaithe.

Airteagal 4

Rialacha agus oibleagáidí i ndáil le deimhnithe sábháilteachta, údaruithe sábháilteachta agus ceadúnais

1.   Maidir le deimhnithe sábháilteachta, údaruithe sábháilteachta agus ceadúnais arna rialú ag Airteagal 3 den Rialachán seo, tá siad faoi réir na rialacha is infheidhme maidir leo i gcomhréir le Treoir 2004/49/CE, Treoir (AE) 2016/798 ón dáta a dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme maidir leis na n-údaruithe sin, Treoir 2012/34/AE agus Treoir 2007/59/CE, agus i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe arna nglacadh faoi na Treoracha sin.

2.   Maidir le sealbhóirí deimhnithe sábháilteachta, údaruithe sábháilteachta agus ceadúnas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus, de réir mar is iomchuí, an t-údarás a eisíonn iad i gcás nach ionann é agus an tÚdarás Sábháilteachta Náisiúnta a bhfuil an bonneagar lonnaithe ar a chríoch san Aontas faoi seach, arb é sin an t-údarás faoina inniúlacht a bhfuil na stáisiúin agus críochfoirt trasnaithe teorann atá liostaithe san Iarscríbhinn, comhoibreoidh siad leis an Údarás Sábháilteachta Náisiúnta sin agus cuirfidh siad chuige an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha go léir.

3.   I gcás nár seachadadh an fhaisnéis ná na doiciméid sin faoi na sprioc-amanna a leagtar síos in iarrataí arna ndéanamh ag an Údarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, tar éis fógra a fháil ón Údarás Sábháilteachta Náisiúnta, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a aistarraingt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

4.   Maidir le sealbhóirí deimhnithe sábháilteachta, údaruithe sábháilteachta agus ceadúnas dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (d) d'Airteagal 1(2) den Rialachán seo, cuirfidh siad an Coimisiún agus Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis inniúla sábháilteachta eile is féidir a bheidh ag teacht salach ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, faoi Threoir 2004/49/CE, faoi Threoir 2007/59/EC nó faoi Threoir (AE) 2016/798.

Cuirfidh sealbhóirí údaruithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis inniúla eile is féidir a bheith ag teacht salach ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Threoir 2012/34/AE.

5.   Sula n-aistarraingeoidh an Coimisiún na sochair arna dtabhairt de bhun Airteagal 3, cuirfidh sé in iúl in am trátha don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, don údarás a d'eisigh na deimhnithe sábháilteachta, na húdaruithe sábháilteachta agus na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus do shealbhóirí na ndeimhnithe, na n-údaruithe agus na gceadúnas sin, go bhfuil sé ar intinn aige dul ar aghaidh leis an aistarraingt sin agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur in iúl.

6.   Maidir leis na ceadúnais dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 1(2), chun críocha mhír (1) go mír (5) den Airteagal seo, is é a thuigfear le tagairtí don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta ná tagairtí d'údarás ceadúnúcháin mar a shainmhínítear i bpointe (15) d'Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE.

Airteagal 5

Faireachán ar chomhlíonadh dhlí an Aontais

1.   Déanfaidh an tÚdarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) faireachán ar na caighdeáin sábháilteachta iarnróid atá á gcur i bhfeidhm maidir le gnóthais iarnróid arna mbunú sa Ríocht Aontaithe a úsáideann an bonneagar trasteorann dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1(2), agus a chuirtear i bhfeidhm i leith an bhonneagair trasteorann sin. Ina theannta sin, déanfaidh an tÚdarás Náisiúnta Sábháilteachta a sheiceáil go gcomhlíonann na bainisteoirí bonneagair na ceanglais sábháilteachta a leagtar amach i ndlí an Aontais agus go gcomhlíonann na tiománaithe traenach atá ag oibriú ar an gcríoch faoina dhlínse na ceanglais a leagtar amach sna forálacha ábhartha de dhlí an Aontais. Cuirfidh an tÚdarás Sábháilteachta Náisiúnta tuarascálacha ar fáil don Choimisiún agus do Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh maidir leis an ábhar sin, agus cuirfidh sé ag gabháil leo, i gcás inarb iomchuí, moladh go ngníomhódh an Coimisiún i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Déanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (6) den Rialachán seo faireachán ar cibé an leantar ag comhlíonadh cheanglais Airteagal 19 go Airteagal 22 de Threoir 2012/34/AE i ndáil le gnóthais iarnróid atá ceadúnaithe ag an Ríocht Aontaithe dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 1(2) den Rialachán seo.

2.   I gcás ina mbeidh amhras a bhfuil údar leis ar an gCoimisiún nach bhfuil na caighdeáin sábháilteachta á gcur i bhfeidhm maidir le hoibriú bonneagair seirbhísí nó bonneagar iarnróid trasteorann atá faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó maidir leis an gcuid sin den bhonneagar céanna atá sa Ríocht Aontaithe, nach bhfuil na caighdeáin sin i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a aistarraingt. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an méid sin i gcás ina bhfuil amhras a bhfuil údar leis ar an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas a bhaineann le ceadúnas a fháil mar ghnóthas iarnróid nó le ceadúnas a fháil chun traein a thiomáint.

3.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an tÚdarás Sábháilteachta Náisiúnta nó an t-údarás ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (6), faoi seach, faisnéis a iarraidh ar na húdaráis inniúla ábhartha agus sprioc-am réasúnta a leagan síos. I gcás nach gcuireann na húdaráis inniúla sin an fhaisnéis a iarradh ar fáil laistigh den tréimhse ama a bunaíodh, nó i gcás ina gcuireann faisnéis neamhiomlán ar fáil, féadfaidh an Coimisiún, tar éis fógra a thabhairt don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta nó don údarás ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (6), de réir mar is iomchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a aistarraingt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

4.   Sula n-aistarraingeoidh an Coimisiún na sochair arna dtabhairt de bhun Airteagal 3, cuirfidh sé in iúl in am trátha don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), don údarás a d'eisigh na deimhnithe sábháilteachta, na húdaruithe sábháilteachta agus na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), do shealbhóirí na ndeimhnithe, na n-údaruithe agus na gceadúnas sin agus d'Údarás Sábháilteachta Náisiúnta agus udarás ceadúnúcháin na Ríochta Aontaithe go bhfuil sé ar intinn aige dul ar aghaidh leis an aistarraingt sin agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur in iúl.

Airteagal 6

Comhairliúchán agus comhar

1.   Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiúin, arna iarraidh sin orthu, gan moill mhíchuí, aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 nó aon fhaisnéis eile is ábhartha chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

Airteagal 7

Coiste

1.   Déanfaidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus an coiste dá dtagraítear in Airteagal 62 de Threoir 2012/34/AE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh na coistí sin ina gcoistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm leis ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear i mír 2.

4.   Scoirfidh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige 9 mí ón lá a dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme i gcomhréir le mír 2.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Márta 2019.

(2)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

(3)  Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).

(4)  Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh agus muirir ar úsáid bonneagair iarnróid agus ar dheimhniúchán sábháilteachta a ghearradh (IO L 164, 30.4.2004, lch. 44).

(5)  Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 315, 3.12.2007, lch. 51).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach, (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).


IARSCRÍBHINN

Seo a leanas na stáisiúin agus críochfoirt trasnaithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4:

1.   ÉIRE

Dún Dealgan / Dundalk

2.   AN FHRAINC

Calais-Fréthun