27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

32


RIALACHÁN (AE) 2019/499 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2019

lena leagtar síos forálacha ionas go bhféadfar leanúint de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Is i rith chlárthréimhse 2014-2020 chlár Erasmus+ atá an tarraingt siar ag tarlú, clár a bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ann.

(3)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaítear agus rialaítear clár Erasmus+. Ba cheart don Rialachán seo rialacha a leagan síos ionas gur féidir leanúint de na gealltanais dhlíthiúla a a gabhadh ar láimh cheana, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, maidir le gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl a bhfuil baint ag an Ríocht Aontaithe leo, tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

(4)

Ón dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, scoirfidh an Ríocht Aontaithe de bheith mar thír de chuid an Chláir de réir bhrí Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013. Ionas nach mbeadh ar rannpháirtithe reatha Erasmus+ éirí as na gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá idir lámha acu, ba cheart na rialacha maidir le hincháilitheacht gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama faoi chlár Erasmus+ a oiriúnú.

(5)

Ionas gur féidir leanúint den mhaoiniú a dhéantar ó bhuiséad an Aontais ar ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl, ba cheart don Choimisiún agus don Ríocht Aontaithe teacht ar chomhaontú lena gceadófaí rialuithe agus iniúchtaí a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin. Murar féidir na rialuithe agus na hiniúchtaí riachtanacha a chur i gcrích, is é ba cheart a mheas gur easnamh tromchúiseach seo sa chóras bainistíochta agus rialuithe.

(6)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon leanúint de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl a bhfuil baint ag an Ríocht Aontaithe leo a bheidh tosaithe, ar a dhéanaí, ar an dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(7)

I bhfianaise go scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019, in éagmais comhaontú um tharraingt siar nó síneadh na tréimhse 2 bhliain tar éis fhógra na Ríochta Aontaithe agus i bhfianaise an ghá atá lena áirithiú, roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, go leanfar de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(8)

Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart feidhm a bheith aige amhail ón lá tar éis an lá a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Sa Rialachán seo, leagtar síos forálacha chun leanúint de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama, dá dtagraítear in Airteagal 7 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, a tharlaíonn sa Ríocht Aontaithe nó a bhfuil baint ag eintitis nó ag rannpháirtithe ón Ríocht Aontaithe leo agus a bheidh tosaithe ar a dhéanaí ar an dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Airteagal 2

Incháilitheacht

1.   Gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama dá dtagraítear in Airteagal 1, leanfaidh siad de bheith incháilithe le haghaidh maoinithe.

2.   Chun aon fhorálacha atá i Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 agus na gníomhartha lena gcuirtear an Rialachán sin chun feidhme a chur i bhfeidhm, ar forálacha agus gníomhartha iad atá riachtanach chun éifeacht thabhairt do mhír 1, is mar Bhallstát a chaithfear leis an Ríocht Aontaithe, faoi réir an Rialacháin seo.

Mar sin féin, ní bheidh ionadaithe de chuid na Ríochta Aontaithe rannpháirteach sa choiste dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013.

Airteagal 3

Rialuithe agus iniúchtaí

Is idir an Coimisiún agus údaráis na Ríochta Aontaithe a chomhaontófar cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann le rialuithe agus iniúchtaí na ngníomhaireachta soghluaisteachta foghlama dá dtagraítear in Airteagal 1. Leis na rialuithe agus na hiniúchtaí, cumhdófar tréimhse iomlán na ngníomhaireachtaí soghluaisteachta foghlama agus na hiaroibre gaolmhaire.

Murar féidir na rialuithe agus na hiniúchtaí riachtanacha ar chlár Erasmus+ a chur i gcrích sa Ríocht Aontaithe, is é a bheidh i gceist leis sin easnamh tromchúiseach i gcomhlíonadh na bpríomhoibleagáidí i leith chur chun feidhme an ghealltanais dhlíthiúil idir an Coimisiún agus údarás náisiúnta na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear sa dara fomhír den Airteagal seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 20 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2019.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).