31.1.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

90


RIALACHÁN (AE) 2019/128 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Eanáir 2019

lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 166(4) agus Airteagal 165(4),

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (“Cedefop”) le Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (3) chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún cur chun cinn agus forbairt na gairmoiliúna agus na hoiliúna inseirbhíse a spreagadh ar leibhéal an Aontais.

(2)

Ón uair a bunaíodh é in 1975, bhí ról tábhachtach ag Cedefop maidir le tacaíocht a thabhairt agus comhbheartas gairmoideachais agus gairmoiliúna á fhorbairt. Ag an am céanna, tá athrú tagtha ar choincheap na gairmoiliúna agus ar an tábhacht a bhaineann léi faoi thionchar margaí saothair atá ag athrú, forbairtí teicneolaíocha, go háirithe sa réimse digiteach, agus na soghluaisteachta lucht saothair atá ag méadú. Cuireann na tosca sin leis an dúshlán a ghabhann le hinniúlachtaí agus cáilíochtaí a chur in oiriúint, ar bhealach níos fearr, d'éileamh atá ag síorathrú. Tá athrú tagtha dá réir sin ar na beartais ghairmoiliúna agus cuimsíonn siad sraith ionstraimí agus tionscamh, lena n-áirítear na cinn sin a bhaineann le scileanna agus cáilíochtaí agus bailíochtú foghlama, rud a théann thar ghnáthraon an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna toisc gur gá sin. Dá bhrí sin, ba cheart cineál ghníomhaíochtaí Cedefop a shainiú go soiléir chun léiriú níos fearr a thabhairt ar a ghníomhaíochtaí reatha, a théann thar an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus ar a n-áirítear obair ar scileanna agus ar cháilíochtaí, agus ba cheart an téarmaíocht a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar chuspóirí agus ar chúraimí Cedefop a oiriúnú chun na forbairtí sin a léiriú.

(3)

Ba é conclúid na tuarascála meastóireachta a rinneadh i leith Cedefop in 2013 gur cheart Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 a leasú chun obair Cedefop maidir le scileanna a chur san áireamh mar cheann dá chúraimí agus a obair maidir le tuairisciú beartais chomh maith le huirlisí Eorpacha comhchoiteanna agus tionscnaimh Eorpacha chomhchoiteanna a chomhtháthú ar bhonn níos soiléire.

(4)

Chun tacú le beartas gairmoideachais agus gairmoiliúna a chur chun feidhme, is gá díriú ar an gcaidreamh idir an t-oideachas agus an oiliúint agus saol na hoibre chun a áirithiú go dtacaítear le foghlaim ar feadh an tsaoil, le comhtháthú agus le hinfhostaitheacht an duine, i margaí saothair atá ag athrú, de bharr an eolais, na scileanna agus na n-inniúlachtaí a fhaigheann an duine sin, agus go bhfuil na nithe sin ábhartha do riachtanais na saoránach agus na sochaí.

(5)

Leasaíodh Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm agus a ionadú ar mhaithe le soiléireacht.

(6)

Maidir leis na rialacha lena rialaítear Cedefop, ba cheart iad a bhunú, a mhéid is féidir agus a chineál trípháirteach á chur san áireamh, i gcomhréir le prionsabail Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012.

(7)

Ós rud é go ndíríonn na gníomhaireachtaí trípháirteacha, eadhon Cedefop, an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), ar shaincheisteanna a bhaineann leis an margadh saothair, leis an timpeallacht oibre, leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint, agus le scileanna, tá gá le dlúth-chomhordú eatarthu. Tá gá le dlúth-chomhordú leis an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF) freisin. Dá bhrí sin, ba cheart do Cedefop, agus é i mbun a chuid oibre, comhlánú a dhéanamh ar obair ETF, Eurofound agus EU-OSHA i gcás ina bhfuil réimsí leasa comhchosúla acu, agus san am céanna, taobhú le huirlisí a fheidhmíonn go maith, amhail meabhráin tuisceana. Ba cheart do Cedefop leas a bhaint as bealaí le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar shineirgí agus ba cheart dó, ina chuid gníomhaíochtaí, dúbláil ar ghníomhaíochtaí ETF, Eurofound agus EU-OSHA agus ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin a sheachaint. Ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha, ba cheart do Cedefop féachaint le comhar éifeachtúil a dhéanamh leis na seirbhísí taighde atá ag institiúidí an Aontais agus comhlachtaí speisialaithe seachtracha.

(8)

Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na príomhgheallsealbhóirí, lena n-áirítear comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa, le linn na meastóireachta ar Cedefop.

(9)

Is léiriú an-luachmhar é cineál trípháirteach Cedefop, Eurofound agus EU-OSHA ar chur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar an idirphlé sóisialta idir na comhpháirtithe sóisialta agus údaráis an Aontais agus na húdaráis náisiúnta, rud atá thar a bheith tábhachtach chun teacht ar réitigh shóisialta agus eacnamaíocha atá comhpháirteach agus inbhuanaithe.

(10)

Chun an próiseas cinnteoireachta Cedefop a shruthlíniú agus chun rannchuidiú le héifeachtúlacht agus le héifeachtacht a fheabhsú, ba cheart strúchtúr rialachais dé-leibhéil a thabhairt isteach. Chun na críche sin, ba cheart ionadaíocht a bheith ag na Ballstáit, ag eagraíochtaí náisiúnta na bhfostóirí agus eagraíochtaí náisiúnta na bhfostaithe agus ag an gCoimisiún ar Bhord Bainistíochta a ndílsítear na cumhachtaí is gá dó, lena n-áirítear an chumhacht an buiséad a ghlacadh agus an doiciméad clársceidealaithe a fhormheas. Sa doiciméad clársceidealaithe, ina bhfuil clár oibre ilbhliantúil Cedefop agus a chlár oibre bliantúil, ba cheart don Bhord Bainistíochta tosaíochtaí straitéiseacha ghníomhaíochtaí Cedefop a leagan síos. Thairis sin, ba cheart a áireamh ar na rialacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú bearta chun rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann a bhrath ag céim luath.

(11)

Chun go bhfeidhmeoidh Cedefop mar is cuí, ba cheart do na Ballstáit, d'eagraíochtaí Eorpacha na bhfostóirí agus d'eagraíochtaí Eorpacha na bhfostaithe, agus don Choimisiún a áirithiú, maidir leis na daoine a bheidh le ceapadh ar an mBord Bainistíochta, go bhfuil eolas iomchuí i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, scileanna agus cáilíochtaí acu d'fhonn cinntí suntasacha straitéiseacha a dhéanamh agus chun maoirsiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Cedefop.

(12)

Ba cheart an Bord Feidhmiúcháin a chur ar bun agus é de chúram air cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a ullmhú ar shlí iomchuí agus tacú lena phróisis cinnteoireachta agus faireacháin. Agus cúnamh á thabhairt don Bhord Bainistíochta aige, ba cheart gurbh fhéidir leis an mBord Feidhmiúcháin, i gcás inar gá ar chúiseanna práinne, cinntí sealadacha áirithe a dhéanamh thar ceann an Bhoird Bainistíochta. Ba cheart don Bhord Bainistíochta rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin a ghlacadh.

(13)

Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith freagrach as bainistiú foriomlán Cedefop i gcomhréir leis an treoir straitéiseach a leagann an Bord Bainistíochta amach, lena n-áirítear riarachán laethúil agus bainistiú airgeadais agus acmhainní daonna. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí a chuirtear de chúram air nó uirthi a fheidhmiú. Ba cheart é a bheith indéanta na cumhachtaí sin a chur ar fionraí i gcúinsí eisceachtúla, amhail coinbhleachtaí leasanna nó mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí faoi Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na Rialacháin Foirne) a chomhlíonadh.

(14)

Is prionsabal bunúsach de dhlí an Aontais é prionsabal an chomhionannais. Ceanglaítear leis nach mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá. Ba cheart do gach páirtí díriú ar ionadaíocht chothrom a bhaint amach idir mná agus fir ar an mBord Bainistíochta agus ar an mBord Feidhmiúcháin. Ba cheart don Bhord Bainistíochta an aidhm sin a shaothrú freisin maidir lena Chathaoirleach agus lena Leas-Chathaoirligh i dteanna a chéile, agus ba cheart do na grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar na rialtais agus ar eagraíochtaí na bhfostóirí agus ar eagraíochtaí na bhfostaithe ar an mBord Bainistíochta an aidhm sin a shaothrú freisin maidir le comhaltaí malartacha a ainmniú chun freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

(15)

Tá oifig idirchaidrimh ag Cedefop sa Bhruiséil. Ba cheart an fhéidearthacht an oifig sin a oibriú a choinneáil.

(16)

Ba cheart na forálacha airgeadais agus na forálacha maidir le clársceidealú agus tuairisciú a bhaineann le Cedefop a nuashonrú. Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (4), foráiltear go bhfuil Cedefop le meastóireachtaí ex ante agus meastóireachtaí ex post a dhéanamh ar na cláir agus na gníomhaíochtaí lena ngabhann caiteachas suntasach. Ba cheart do Cedefop na meastóireachtaí sin a chur san áireamh ina chlársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil.

(17)

Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán Cedefop a áirithiú, agus chun a chumasú dó a chuspóirí agus cúraimí a dhéanamh go cuí i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart buiséad leormhaith agus neamhspleách a dheonú dó ina mbeadh an t-ioncam ag teacht go príomha ó ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta buiséadach an Aontais maidir le Cedefop, a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart gurb í an Chúirt Iniúchóirí a dhéanfadh iniúchadh ar chuntais Cedefop.

(18)

Ba cheart gurb é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (an tIonad Aistriúcháin) a sholáthródh na seirbhísí aistriúcháin is gá d'fheidhmiú Cedefop. Ba cheart do Cedefop oibriú leis an Ionad Aistriúcháin chun táscairí cáilíochta, tráthúlachta agus rúndachta a bhunú, chun riachtanais agus tosaíochtaí Cedefop a shainaithint go soiléir, agus chun nósanna imeachta trédhearcacha oibiachtúla a chruthú do phróiseas an aistriúcháin.

(19)

Ba cheart forálacha maidir le foireann Cedefop a bheith i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile) a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (5).

(20)

Ba cheart do Cedefop na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar faisnéis rúnda a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte. Más gá, ba cheart do Cedefop rialacha slándála a ghlacadh atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 (6) agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 (7) ón gCoimisiún.

(21)

Is gá forálacha buiséadacha idirthréimhseacha agus forálacha idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta agus maidir leis an bhfoireann a leagan síos chun leanúnachas ghníomhaíochtaí Cedefop a áirithiú go dtí go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ

Airteagal 1

Bunú agus cuspóirí

1.   Leis seo, bunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) ina ghníomhaireacht de chuid an Aontais.

2.   Beidh sé de chuspóir ag Cedefop tacú le beartais an Aontais i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, chomh maith le beartais maidir le scileanna agus le cáilíochtaí, a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chur chun feidhme trí oibriú leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta.

Chuige sin, feabhsóidh agus scaipfidh Cedefop eolas, soláthróidh sé fianaise agus seirbhísí chun críocha déanamh beartais, lena n-áirítear conclúidí atá bunaithe ar thaighde, agus éascóidh sé comhroinnt eolais i measc gníomhairí de chuid an Aontais agus gníomhairí náisiúnta agus eatarthu.

Airteagal 2

Cúraimí

1.   Beidh na cúraimí seo a leanas ag Cedefop i ndáil leis na réimsí beartais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus freagrachtaí na mBallstát á n-urramú go hiomlán aige:

(a)

anailís a dhéanamh ar threochtaí i mbeartais agus i gcórais maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint, le scileanna agus le cáilíochtaí, agus anailísí comparáideacha a sholáthar maidir leo thar thíortha;

(b)

anailís a dhéanamh ar threochtaí i margadh an tsaothair i ndáil le scileanna agus le cailíochtaí, agus i ndáil leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint;

(c)

anailís a dhéanamh ar fhorbairtí a bhaineann le ceapadh agus bronnadh cáilíochtaí, leis na cáilíochtaí sin a eagrú ina gcreataí, agus leis an bhfeidhm atá leo i margadh an tsaothair, agus i ndáil leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint, agus rannchuidiú leis na forbairtí sin, d'fhonn trédhearcacht agus aitheantas na gcáilíochtaí sin a fheabhsú;

(d)

anailís a dhéanamh ar fhorbairtí i réimse bhailíochtú na foghlama seachfhoirimiúla agus neamhfhoirmiúla, agus rannchuidiú leo;

(e)

staidéir a dhéanamh nó a choimisiúnú agus taighde a dhéanamh maidir le forbairtí socheacnamaíocha ábhartha agus na saincheisteanna gaolmhara beartais;

(f)

fóraim a chur ar fáil chun taithí agus faisnéis a mhalartú idir na rialtais, na comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile ar an leibhéal náisiúnta;

(g)

rannchuidiú, lena n-áirítear trí fhaisnéis agus anailísí atá fianaise-bhunaithe, le cur chun feidhme athchóirithe agus beartas ar an leibhéal náisiúnta;

(h)

faisnéis a scaipeadh d'fhonn rannchuidiú le beartais agus d'fhonn feasacht agus tuiscint ar ionchas an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a ardú ó thaobh tacú le hinfhostaitheacht daoine agus í a chur chun cinn, chomh maith le táirgeacht agus foghlaim ar feadh an tsaoil;

(i)

uirlisí, tacair sonraí agus seirbhísí le haghaidh an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, scileanna, gairmeacha agus cáilíochtaí a bhainistiú agus a chur ar fáil do shaoránaigh, do chuideachtaí, do lucht déanta beartais, do na comhpháirtithe sóisialta agus do gheallsealbhóirí eile;

(j)

straitéis a bhunú le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 29 a mhéid a bhaineann le cúrsaí a bhfuil Cedefop inniúil maidir leo.

2.   I gcás ina bhfuil gá le staidéir nua, agus sula nglacfar cinntí beartais, déanfaidh institiúidí an Aontais aird a thabhairt ar shaineolas Cedefop agus ar aon staidéir atá déanta aige sa réimse lena mbaineann nó a bhfuil sé in ann iad a dhéanamh, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

3.   Agus é i mbun a chuid gníomhaíochtaí, cuirfidh Cedefop san áireamh na naisc atá ann idir an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus na hearnálacha eile den oideachas agus den oiliúint.

4.   Féadfaidh Cedefop comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích le gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais chun comhar leo a éascú agus a chur chun cinn.

5.   Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh idirphlé dlúth ag Cedefop go háirithe le comhlachtaí speisialaithe a bhíonn ag obair ar bheartais maidir leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus le scileanna agus cáilíochtaí, bídís poiblí nó príobháideach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, le húdaráis phoiblí agus le hinstitiúidí oideachais, le heagraíochtaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe agus, i gcás inarb ann dóibh, le comhlachtaí trípháirteacha náisiúnta. Déanfaidh Cedefop, gan dochar dá cuspóirí ná dá chríocha, obair i gcomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe ETF, Eurofound agus EU-OSHA, agus sineirgí agus comhlántacht lena gcuid gníomhaíochtaí á gcur chun cinn, agus aon dúbláil iarrachtaí á seachaint ag an am céanna.

CAIBIDIL II

EAGAR CEDEFOP

Airteagal 3

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta

Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta Cedefop:

(a)

Bord Bainistíochta;

(b)

Bord Feidhmiúcháin;

(c)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

ROINN 1

An Bord Bainistíochta

Airteagal 4

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

comhalta amháin, ó gach Ballstát, a dhéanann ionadaíocht ar an rialtas;

(b)

comhalta amháin, ó gach Ballstát, a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostóirí;

(c)

comhalta amháin, ó gach Ballstát, a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostaithe;

(d)

triúr comhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún;

(e)

saineolaí neamhspleách amháin arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa.

Beidh an ceart vótála ag gach duine de na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d).

Is í an Chomhairle a cheapfaidh na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) ar bhonn na n-iarrthóirí arna n-ainmniú, faoi seach, ag na Ballstáit agus ag eagraíochtaí Eorpacha na bhfostóirí agus eagraíochtaí Eorpacha na bhfostaithe.

Is é an Coimisiún a cheapfaidh na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (d).

Is é an coiste freagrach de chuid Pharlaimint na hEorpa a cheapfaidh an saineolaí dá dtagraítear i bpointe (e).

2.   Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Beidh an comhalta malartach mar ionadaí don chomhalta ina éagmais nó ina héagmais. Ceapfar na comhaltaí malartacha i gcomhréir le mír 1.

3.   Ainmneofar agus ceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn a gcuid eolais i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, a gcuid scileanna agus cáilíochtaí, ag cur san áireamh a scileanna ábhartha amhail scileanna bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha, agus a gcuid saineolais i réimse phríomhchúraimí Cedefop, chun tabhairt faoi ról maoirseachta éifeachtach. Féachfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta le ráta athrúcháin a n-ionadaithe a theorannú chun leanúnachas obair an Bhoird a áirithiú. Beidh sé d'aidhm ag na páirtithe uile ionadaíocht chothrom idir mná agus fir a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

4.   Déanfaidh gach comhalta agus gach comhalta malartach ráiteas i scríbhinn a shíniú an tráth a rachaidh sé nó sí in oifig á dhearbhú nach bhfuil coinbhleacht leasanna ann ina leith. Déanfaidh gach comhalta agus gach comhalta malartach a ráiteas a nuashonrú i gcás ina dtiocfaidh athrú ar imthosca maidir le haon choinbhleacht leasanna. Foilseoidh Cedefop na ráitis agus na nuashonruithe ar a shuíomh gréasáin.

5.   Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha. Beidh an téarma sin in-athnuaite. Nuair a thiocfaidh deireadh lena dtréimhse oifige nó i gcás ina n-éireoidh siad as oifig, fanfaidh comhaltaí agus comhaltaí malartacha in oifig go dtí go ndéanfar a gceapacháin a athnuachan nó go gcuirfear comhaltaí nua ina n-ionad.

6.   Ar an mBord Bainistíochta, beidh ionadaithe na rialtas, ionadaithe eagraíochtaí na bhfostóirí agus ionadaithe eagraíochtaí na bhfostaithe, faoi seach, ina ngrúpaí. Ainmneoidh gach grúpa comhordaitheoir chun éifeachtúlacht an phlé a fheabhsú laistigh de na grúpaí agus eatarthu. Is é a bheidh i gcomhordaitheoirí ghrúpaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe ionadaithe a n-eagraíochtaí Eorpacha faoi seach agus féadfar iad a ainmniú as measc na gcomhaltaí atá ceaptha ar an mBord Bainistíochta. Déanfaidh comhordaitheoirí nach bhfuil ceaptha ina gcomhaltaí den Bhord Bainistíochta i gcomhréir le mír 1 páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ní bheidh an ceart vótála acu.

Airteagal 5

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta:

(a)

treoruithe straitéiseacha a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí Cedefop;

(b)

doiciméad clársceidealaithe Cedefop, ina bhfuil clár oibre ilbhliantúil Cedefop agus a chlár oibre bliantúil don bhliain dar gcionn, a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu agus i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c)

buiséad bliantúil Cedefop a ghlacadh trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu agus feidhmeanna eile a fheidhmiú i dtaobh an bhuiséid sin de bhun Chaibidil III;

(d)

tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a ghlacadh maille le measúnú ar ghníomhaíochtaí Cedefop, iad a chur, faoin 1 Iúil gach bliain, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí agus an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a chur ar fáil don phobal;

(e)

na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Cedefop a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16;

(f)

straitéis frithchalaoise a ghlacadh, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise agus costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;

(g)

rialacha a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasanna a chosc agus a bhainistiú i dtaca lena chomhaltaí agus le saineolaithe neamhspleácha, agus freisin i dtaca le saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag Cedefop, dá dtagraítear in Airteagal 19;

(h)

na pleananna cumarsáide agus scaipthe a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais, agus an méid sin a léiriú i ndoiciméad clársceidealaithe Cedefop;

(i)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh;

(j)

cumhachtaí an Údaráis Ceapacháin arna dtabhairt leis na Rialacháin Foirne agus cumhachtaí an Údaráis atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích arna dtabhairt le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach eile (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”) a fheidhmiú, i gcomhréir le mír 2, i dtaca le foireann Cedefop;

(k)

rialacha cur chun feidhme oiriúnacha a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(l)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, i gcás inarb iomchuí, síneadh a chur lena théarma oifige nó lena téarma oifige nó é nó í a chur as oifig, i gcomhréir le hAirteagal 18;

(m)

Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a bheidh go hiomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas;

(n)

rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin a ghlacadh;

(o)

faireachán a dhéanamh go ndéantar obair leantach leordhóthanach i dtaca leis na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frithchalaoise (OLAF);

(p)

bunú socruithe comhair le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a údarú i gcomhréir le hAirteagal 29.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena leagtar amach na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

I gcás inar gá déanamh amhlaidh mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na cinn arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar fionraí go sealadach. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta iad a tharmligean, ar feadh tréimhse theoranta, chuig duine d'ionadaithe an Choimisiúin a ainmneoidh sé nó chuig duine den fhoireann taobh amuigh den Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 6

Clársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil

1.   Gach bliain, déanfaidh an Stiurthóir Feidhmiúcháin, i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 11(5) den Rialachán seo, dréachtdoiciméad clársceidealaithe a tharraingt suas ina mbeidh clár oibre ilbhliantúil agus bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013.

2.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dréachtdoiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta. Tar éis don Bhord Bainistíochta an dréachtdoiciméad clársceidealaithe a fhormheas, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle é tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain. Tíolacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon leagan nuashonraithe den doiciméad sin i gcomhréir leis an nós imeachta céanna. Glacfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh.

Tiocfaidh an doiciméad clársceidealaithe chun bheith cinntitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais agus déanfar coigeartú air dá réir, más gá sin.

3.   Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta, agus forluí clársceidealaithe le gníomhaireachtaí eile á sheachaint. Leagfar amach ann clársceidealú acmhainní freisin, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann. Cuimseofar ann straitéis maidir le caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 29, na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an straitéis sin, agus sonrú na n-acmhainní gaolmhara.

4.   Beidh an clár oibre bliantúil comhsheasmhach leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 3 agus beidh an méid seo a leanas ann:

(a)

cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta;

(b)

cur síos ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú, lena n-áirítear bearta pleanáilte arb é is aidhm leo éifeachtúlacht a mhéadú;

(c)

léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí;

(d)

gníomhaíochtaí a d'fhéadfaí a dhéanamh maidir leis an gcaidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 29.

Sonrófar go soiléir ann na gníomhaíochtaí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.

5.   Leasóidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil a glacadh i gcás ina sannfar gníomhaíocht nua do Cedefop. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta céanna a úsáideadh don chlár oibre bliantúil tosaigh a ghlacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil.

6.   Tabharfar an clársceidealú acmhainní cothrom le dáta go bliantúil. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí, agus, go háirithe, rachaidh sé i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 27.

Maidir le gníomhaíocht nua a shannadh do Cedefop chun na cúraimí a leagtar síos in Airteagal 2 a chomhlíonadh, déanfar é agus aird á tabhairt ar a chlársceidealú acmhainní agus airgeadais, gan dochar do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (an “t-údarás buiséadach”).

Airteagal 7

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus triúr Leas-Chathaoirligh mar a leanas:

(a)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar rialtais na mBallstát;

(b)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostóirí;

(c)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostaithe; agus

(d)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún.

Toghfar an Cathaoirleach agus na Leas-Chathaoirligh trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil an ceart vótála acu.

2.   Bliain amháin a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus na Leas-Chathaoirleach. Beidh a dtéarma oifige in-athnuaite. I gcás ina dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.

Airteagal 8

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.   Tionólfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé, ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

3.   Beidh gnáthchruinniú amháin in aghaidh na bliana ag an mBord Bainistíochta. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna iarraidh sin do thrian de na comhaltaí ar a laghad.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta iarraidh ar aon duine ar díol spéise a thuairim nó a tuairim freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnadóir. Maidir le hionadaithe thíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) is páirtithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE), féadfaidh siad freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta mar bhreathnadóirí i gcás ina ndéantar foráil i gComhaontú LEE dá rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí Cedefop.

5.   Cuirfidh Cedefop an rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 9

Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1.   Gan dochar do phointí (b) agus (c) d'Airteagal 5(1), don dara fomhír d'Airteagal 7(1) agus d'Airteagal 18(7), déanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí trí thromlach na gcomhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu.

2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ag a bhfuil an ceart vótála. I gcás nach mbeidh comhalta áirithe ag a bhfuil an ceart vótála i láthair, beidh a chomhalta malartach nó a comhalta malartach i dteideal a cheart vótála nó a ceart vótála a fheidhmiú.

3.   Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil.

4.   Glacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

5.   Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, leagfar síos socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na cúinsí ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

ROINN 2

An Bord Feidhmiúcháin

Airteagal 10

An Bord Feidhmiúcháin

1.   Tabharfaidh Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta.

2.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin:

(a)

na cinntí atá le glacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú;

(b)

faireachán a dhéanamh, i dteannta an Bhoird Bainistíochta, go ndéantar obair leantach leordhóthanach ar na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid OLAF;

(c)

gan dochar d'fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, mar a leagtar amach in Airteagal 11, comhairle a chur air nó uirthi, i gcás inar gá, maidir le cinntí an Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme, d'fhonn an mhaoirseacht ar an mbainistíocht riaracháin agus bhuiséadach a threisiú.

3.   I gcás inar gá, ar chúiseanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a dhéanamh thar cheann an Bhoird Bainistíochta, lena n-áirítear cinntí maidir le tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin a chur ar fionraí i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus maidir le cúrsaí buiséadacha.

4.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, an triúr Leas-Chathaoirligh, comhordaitheoirí na dtrí ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(6) agus ionadaí amháin ón gCoimisiún. Féadfaidh gach grúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(6) suas le beirt chomhaltaí malartacha a ainmniú chun freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcás ina bhfuil comhalta arna cheapadh ag an ngrúpa ábhartha as láthair. Beidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta mar Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin freisin. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

5.   Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin. Beidh an téarma sin in-athnuaite. Tiocfaidh deireadh le téarma oifige comhalta de chuid an Bhoird Feidhmiúcháin ar an dáta a thiocfaidh deireadh lena chomhaltas nó lena comhaltas ar an mBord Bainistíochta.

6.   Tiocfaidh an Bord Feidhmiúcháin le chéile 3 huaire sa bhliain. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna iarraidh sin dá chuid comhaltaí. Tar éis gach cruinnithe, déanfaidh comhordaitheoirí na dtrí ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(6) a ndícheall comhaltaí a ngrúpa féin a chur ar an eolas, ar bhealach tráthúil trédhearcach, faoin méid is ábhar don phlé.

ROINN 3

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 11

Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as bainistiú Cedefop i gcomhréir leis an treoir straitéiseach atá leagtha amach ag an mBord Bainistíochta, agus beidh an té sin freagrach don Bhord Bainistíochta.

2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, agus an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú na ndualgas agus ní iarrfaidh sé nó sí treoracha ar aon rialtas ná ar aon chomhlacht eile ná ní thógfaidh sé nó sí aon treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas i gcás ina n-iarrtar sin air nó uirthi. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas.

4.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil Cedefop.

5.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí arna sannadh do Cedefop faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

riarachán Cedefop ó lá go lá, lena n-áirítear na cumhachtaí a thugtar de chúram air nó uirthi i dtaca le cúrsaí foirne a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5(2);

(b)

cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(c)

cinntí a dhéanamh maidir le bainistiú acmhainní daonna, i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2);

(d)

á chur san áireamh na riachtanais a bhaineann le gníomhaíochtaí Cedefop agus le bainistíocht fhónta airgeadais, cinntí a dhéanamh maidir le struchtúir inmheánacha Cedefop, lena n-áirítear, i gcás inar gá, gabháil, mar ionadaí, d'fheidhmeanna a bhféadfaí bainistiú Cedefop ó lá go lá a chumhdach leo;

(e)

an doiciméad clársceidealaithe a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(f)

an doiciméad clársceidealaithe a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

(g)

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Cedefop a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

(h)

córas faireacháin éifeachtach a bhunú le gur féidir na meastóireachtaí rialta dá dtagraítear in Airteagal 27 a dhéanamh, mar aon le córas tuairiscithe chun achoimre a dhéanamh ar na torthaí a bhíonn orthu;

(i)

dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir le Cedefop a ullmhú;

(j)

dréachtráiteas Cedefop ar a mheastacháin ioncaim agus chaiteachais, mar chuid de dhoiciméad clársceidealaithe Cedefop, a ullmhú; agus buiséad Cedefop a chur chun feidhme;

(k)

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, mar aon le himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF agus tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn 2 uair sa bhliain don Choimisiún agus go tráthrialta don Bhord Bainistíochta agus don Bhord Feidhmiúcháin;

(l)

féachaint le cothromaíocht inscne a áirithiú in Cedefop;

(m)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach;

(n)

straitéis frithchalaoise le haghaidh Cedefop a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;

(o)

i gcás inarb ábhartha, comhar a dhéanamh le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích leo.

6.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach freisin as cinneadh a dhéanamh an gá, chun críocha cúraimí Cedefop a dhéanamh ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach, oifig idirchaidrimh a bhunú sa Bhruiséil chun comhar Cedefop le hinstitiúidí ábhartha an Aontais a chothú tuilleadh. I gcás an chinnidh sin, caithfear réamhthoiliú a fháil ón gCoimisiún, ón mBord Bainistíochta agus ón mBallstát ábhartha. Leis an gcinneadh sin, sonrófar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanfaidh an oifig idirchaidrimh sin ar dhóigh a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus aon dúbláil ar fheidhmeanna riaracháin Cedefop.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 12

Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile Cedefop gach bliain airgeadais agus léireofar i mbuiséad Cedefop iad. Comhfhreagróidh an bhliain airgeadais don bhliain féilire.

2.   Beidh buiséad Cedefop ar comhardú i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3.   Gan dochar d'acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam Cedefop:

(a)

ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;

(b)

aon ranníocaíocht airgeadais dheonach ó na Ballstáit;

(c)

táillí ar fhoilseacháin agus ar aon seirbhísí eile a sholáthraíonn Cedefop;

(d)

aon ranníocaíocht ó thríú tíortha a rannchuideoidh le hobair Cedefop dá bhforáiltear in Airteagal 29;

4.   Cuirfear luach saothair na foirne, costais riaracháin agus bonneagair, agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas Cedefop.

Airteagal 13

An buiséad a bhunú

1.   Gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas Cedefop don bhliain airgeadais dár gcionn, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

Beidh an dréachtmheastachán sealadach bunaithe ar chuspóirí agus ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo i dtaca leis an doiciméad clársceidealaithe bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus cuirfear san áireamh ann na hacmhainní airgeadais is gá chun na cuspóirí agus na torthaí sin a bhfuiltear ag súil leo a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta.

2.   Ar bhonn an dréachtmheastacháin shealadaigh, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas Cedefop don bhliain airgeadais dár gcionn, agus seolfaidh sé chuig an gCoimisiún é faoin 31 Eanáir gach bliain.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an dréachtmheastachán, mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais, chuig an údarás buiséadach. Cuirfear an dréachtmheastachán ar fáil do Cedefop freisin.

4.   Ar bhonn an dréachtmheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh an meastachán sin a mheasann sé is gá don phlean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

5.   Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasuithe don ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais le Cedefop.

6.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta Cedefop.

7.   Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh buiséad. Tiocfaidh sé chun bheith cinntitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais agus, más gá, déanfar coigeartú air dá réir. Aon mhodhnú ar bhuiséad Cedefop, lena n-áirítear an plean bunaíochta, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

8.   I gcás aon tionscadail tógála ar dócha go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad Cedefop, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 maidir leis.

Airteagal 14

An buiséad a chur chun feidhme

1.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad Cedefop chun feidhme.

2.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach.

Airteagal 15

Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1.   Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta Cedefop na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) chuig Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta an bhliain airgeadais dár gcionn (bliain N + 1).

2.   Seolfaidh Cedefop tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais do bhliain N chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

3.   Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha Cedefop do bhliain N, agus iad comhdhlúite le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

4.   Tar éis don oifigeach cuntasaíochta barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha Cedefop do bhliain N a fháil, de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046, tarraingeoidh sé nó sí suas cuntais chríochnaitheacha Cedefop don bhliain sin. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

5.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha Cedefop do bhliain N.

6.   Faoin 1 Iúil de bhliain N + 1, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta Cedefop na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N, in éineacht le tuairim an Bhoird Bainistíochta, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7.   Foilseofar na cuntais deiridh do bhliain N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N + 1.

8.   Faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N + 1, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar na barúlacha arna ndéanamh ina tuarascáil bhliantúil. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra chuig an mBord Bainistíochta freisin.

9.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoina bráid chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N, i gcomhréir le hAirteagal 109(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013.

10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 16

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Cedefop a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ach amháin má tá gá leis an imeacht sin go sonrach d'fheidhmiú Cedefop agus má tá toiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.

CAIBIDIL IV

AN FHOIREANN

Airteagal 17

Forálacha ginearálta

1.   Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir le foireann Cedefop.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

Airteagal 18

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina bhall foirne nó ina ball foirne agus is mar ghníomhaire sealadach de Cedefop a fhostófar é nó í faoi phointe (a) d'Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann.

Iarrfar ar an iarrthóir a roghnaítear ráiteas a dhéanamh os comhair Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa a fhreagairt. Ní chuirfear moill mhíchuí ar an gceapadh de bharr an mhalartaithe tuairimí sin.

Chun an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht do Cedefop.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dúshláin Cedefop amach anseo.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag cur san áireamh dó an measúnú dá dtagraítear i mír 3, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, go ceann 5 bliana ar a mhéad.

5.   I gás inar cuireadh síneadh le téarma oifige Stiúrthóra Feidhmiúcháin, ní ghlacfaidh sé nó sí páirt i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

6.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta. Sa chinneadh uaidh, tabharfaidh an Bord Bainistíochta aird ar mheasúnú an Choimisiúin ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, dá dtagraítear i mír 3.

7.   Is trí tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoi cheapadh, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

Airteagal 19

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1.   Féadfaidh Cedefop leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach fostaithe de chuid Cedefop iad.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht do Cedefop.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 20

Stádas dlíthiúil

1.   Gníomhaireacht de chuid an Aontais a bheidh in Cedefop. Beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag Cedefop an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoin dlí náisiúnta ag daoine dlítheanacha. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Is in Thessaloniki a bheidh suíomh Cedefop.

4.   Féadfaidh Cedefop oifig idirchaidrimh a bhunú sa Bhruiséil chun an comhar a dhéanann sé le hinstitiúidí ábhartha an Aontais a chothú tuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 11(6).

Airteagal 21

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir le Cedefop agus maidir lena fhoireann.

Airteagal 22

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (9) maidir le Cedefop.

2.   Is é an tIonad Aistriúcháin a sholáthróidh na seirbhísí aistriúcháin is gá chun go bhfeidhmeoidh Cedefop.

Airteagal 23

Trédhearcacht agus cosaint sonraí

1.   Cuirfidh Cedefop a ghníomhaíochtaí i gcrích le hardleibhéal trédhearcachta.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le doiciméid atá i seilbh Cedefop.

3.   Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

4.   Beidh an phróiseáil a dhéanann Cedefop ar shonraí pearsanta faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, bunóidh an Bord Bainistíochta bearta maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 ag Cedefop, lena n-áirítear bearta a bhaineann le hOifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh. Bunófar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Airteagal 24

An chalaois a chomhrac

1.   Chun an comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), aontóidh Cedefop, faoin 21 Lúnasa 2019, do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag OLAF (13) agus glacfaidh sé na forálacha iomchuí is infheidhme maidir lena fhostaithe uile, ag úsáid an teimpléid a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.

2.   Beidh cumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí Aontais ó Cedefop.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (14) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó conradh arna mhaoiniú ag Cedefop.

4.   Gan dochar do mhír 1, mír 2 ná mír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais Cedefop, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 25

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

Glacfaidh Cedefop rialacha slándála a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444, i gcás inar gá. Cuimseofar le rialacha slándála Cedefop, inter alia agus i gcás inar gá, forálacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 26

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach Cedefop faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) breith a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag Cedefop.

3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh Cedefop, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a ranna nó a bhaill foirne féin ina siocair leis i gcomhlíonadh a gcuid dualgas.

4.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir leis an gcúiteamh i ndamáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta a fhoirne i leith Cedefop faoi rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Airteagal 27

Meastóireacht

1.   I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013, déanfaidh Cedefop meastóireachtaí ex ante agus meastóireachtaí ex post ar na cláir agus na gníomhaíochtaí sin lena ngabhann caiteachas suntasach.

2.   Faoin 21 Feabhra 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar meastóireacht i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin chun feidhmíocht Cedefop a mheasúnú ó thaobh a chuspóirí, a shainordaithe agus a chúraimí de. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus leis na príomhgheallsealbhóirí eile le linn a mheastóireachta. Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht sin, go háirithe, ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith le sainordú Cedefop a leasú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ag aon leasuithe den sórt sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta ar thorthaí na meastóireachta. Poibleofar torthaí na meastóireachta.

Airteagal 28

Fiosrúcháin riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí Cedefop faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

Airteagal 29

Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d'inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh Cedefop dul i gcomhar le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Chuige sin, féadfaidh Cedefop, faoi réir údarú an Bhoird Bainistíochta agus tar éis formheas a fháil ón gCoimisiún, socruithe oibre a bhunú le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Ní chuirfear oibleagáidí dlíthiúla ar an Aontas ná ar na Ballstáit de dheasca na socruithe sin.

2.   Beidh Cedefop oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta acu leis an Aontas.

Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, forbrófar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíocht na dtríú tíortha lena mbaineann in obair Cedefop, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dhéanann Cedefop, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe sin na Rialacháin Foirne i gcás ar bith.

3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta straitéis i gcomhair caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí a mbeidh inniúlacht ag Cedefop ina leith.

Airteagal 30

Comhaontú Ceanncheathrún agus coinníollacha oibriúcháin

1.   Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil do Cedefop sa Bhallstát óstach agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát óstach maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, baill foirne agus baill dá dteaghlaigh, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir Cedefop agus an Ballstát ina bhfuil an suíomh lonnaithe.

2.   Cuirfidh Ballstát óstach Cedefop na dálaí is gá ar fáil chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh Cedefop, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil béim ar an ngné Eorpach inti agus naisc iomchuí iompair.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 31

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta

Fanfaidh comhaltaí an Bhoird Rialúcháin arna bhunú ar bhonn Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 in oifig agus feidhmeoidh siad feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo go dtí go gceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus an saineolaí neamhspleách de bhun Airteagal 4(1) den Rialachán seo.

Airteagal 32

Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an bhfoireann

1.   Ar feadh na dtréimhsí a bheidh fágtha dá théarma oifige nó dá téarma oifige, is do Stiúrthóir Cedefop a ceapadh ar bhonn Airteagal 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 a shannfar cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Rialachán seo. Ní athrófar coinníollacha eile a chonartha nó a conartha.

2.   I gcás nós imeachta atá ag dul ar aghaidh i gcónaí chun an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a roghnú agus a cheapadh tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagal 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 go dtí go dtabharfar an nós imeachta sin chun críche.

3.   Leis an Rialachán seo, ní dhéanfar difear do chearta ná d'oibleagáidí na mball foirne atá fostaithe faoi Rialachán (CEE) Uimh. 337/75. Féadfar a gconarthaí fostaíochta a athnuachan faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Coinneofar aon oifig idirchaidrimh de chuid Cedefop atá oibríochtúil tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 33

Forálacha buiséadacha idirthréimhseacha

Is i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 a dhéanfar an nós imeachta um urscaoileadh maidir leis na buiséid arna bhformheas ar bhonn Airteagal 12a den Rialachán sin.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 34

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 agus déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 35

Na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Rialúcháin a choinneáil i bhfeidhm

Fanfaidh na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Rialúcháin ar bhonn Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 i bhfeidhm tar éis an 20 Feabhra 2019, mura gcinnfidh an Bord Bainistíochta a mhalairt agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

Airteagal 36

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Eanáir 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 209, 30.6.2017, lch. 49.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2018.

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle an 10 Feabhra 1975 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (IO L 39, 13.2.1975, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

(5)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(6)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(7)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint. (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(9)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(12)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(13)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(14)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).