31.1.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

58


RIALACHÁN (AE) 2019/126 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Eanáir 2019

lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d'Airteagal 153(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid a leanas:

(1)

Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (“EU-OSHA”) le Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (3) chun rannchuidiú le feabhsú na timpeallachta oibre, a mhéid a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte oibrithe a chosaint, trí ghníomhaíocht a cheaptar chun eolas sa réimse sin a mhéadú agus a scaipeadh.

(2)

Ón uair a bunaíodh é in 1994, bhí ról tábhachtach ag EU-OSHA maidir le tacaíocht a thabhairt d'fheabhsú na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair ar fud an Aontais. San am céanna, tá forbairtí i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ceirde agus tá forbairtí teicneolaíochta ann. Dá bhrí sin, ba cheart an téarmaíocht a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar chuspóirí agus ar chúraimí EU-OSHA i Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 a oiriúnú chun na forbairtí sin a léiriú.

(3)

Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm agus a ionadú ar mhaithe le soiléireacht.

(4)

Maidir leis na rialacha lena rialaítear EU-OSHA, ba cheart iad a bhunú, a mhéid is féidir agus a chineál trípháirteach á chur san áireamh, i gcomhréir le prionsabail Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012.

(5)

Ós rud é go ndíríonn na trí ghníomhaireacht thrípháirteacha, eadhon EU-OSHA, an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound) agus an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), ar shaincheisteanna a bhaineann leis an margadh saothair, leis an timpeallacht oibre, leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint, agus le scileanna, tá gá le dlúth-chomhordú eatarthu. Dá bhrí sin, ba cheart do EU-OSHA, agus é i mbun a chuid oibre, comhlánú a dhéanamh ar obair Eurofound agus Cedefop i gcás ina bhfuil réimsí leasa comhchosúla acu, agus san am céanna, taobhú le huirlisí a fheidhmíonn go maith, amhail meabhráin tuisceana. Ba cheart do EU-OSHA leas a bhaint as bealaí le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar shineirgí agus ba cheart dó, ina chuid gníomhaíochtaí, dúbláil ar ghníomhaíochtaí Eurofound agus Cedefop agus ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin a sheachaint. Ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha, ba cheart do EU-OSHA féachaint le comhar éifeachtúil a dhéanamh leis na hacmhainní taighde atá ag institiúidí an Aontais agus ag comhlachtaí speisialaithe seachtracha.

(6)

Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na príomhgheallsealbhóirí, lena n-áirítear comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa, le linn na meastóireachta ar EU-OSHA.

(7)

Is léiriú an-luachmhar é cineál trípháirteach Cedefop, Eurofound agus EU-OSHA ar chur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar an idirphlé sóisialta idir na comhpháirtithe sóisialta agus údaráis an Aontais agus na húdaráis náisiúnta, rud atá thar a bheith tábhachtach chun teacht ar réitigh shóisialta agus eacnamaíocha atá comhpháirteach agus inbhuanaithe.

(8)

Nuair a thagraítear don tsábháilteacht agus don tsláinte ag an obair sa Rialachán seo, táthar ag tagairt don tsláinte fhisiceach agus don mheabhairshláinte araon.

(9)

Chun an próiseas cinnteoireachta EU-OSHA a shruthlíniú agus chun rannchuidiú le héifeachtúlacht agus le héifeachtacht a fheabhsú, ba cheart strúchtúr rialachais dé-leibhéil a thabhairt isteach. Chun na críche sin, ba cheart ionadaíocht a bheith ag na Ballstáit, ag eagraíochtaí náisiúnta na bhfostóirí agus na bhfostaithe agus ag an gCoimisiún ar Bhord Bainistíochta a ndílsítear na cumhachtaí is gá dó, lena n-áirítear an chumhacht an buiséad a ghlacadh agus an doiciméad clársceidealaithe a fhormheas. Sa doiciméad clársceidealaithe, ina bhfuil clár oibre ilbhliantúil EU-OSHA agus a chlár oibre bliantúil, ba cheart don Bhord Bainistíochta tosaíochtaí straitéiseacha ghníomhaíochtaí EU-OSHA a leagan síos. Thairis sin, ba cheart a áireamh ar na rialacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú bearta chun rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann a bhrath ag céim luath.

(10)

Chun go bhfeidhmeoidh EU-OSHA mar is cuí, ba cheart do na Ballstáit, na bhfostóirí agus d'eagraíochtaí Eorpacha na bhfostaithe, agus don Choimisiún a áirithiú, maidir leis na daoine a bheidh le ceapadh ar an mBord Bainistíochta, go bhfuil eolas iomchuí acu i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair d'fhonn cinntí suntasacha straitéiseacha a dhéanamh agus chun maoirsiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí EU-OSHA.

(11)

Ba cheart an Bord Feidhmiúcháin a chur ar bun agus é de chúram air cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a ullmhú ar shlí iomchuí agus tacú lena phróisis cinnteoireachta agus faireacháin. Agus cúnamh á thabhairt don Bhord Bainistíochta aige, ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin bheith in ann, i gcás inar gá ar chúiseanna práinne, cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh thar ceann an Bhoird Bainistíochta. Ba cheart don Bhord Bainistíochta rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin a ghlacadh.

(12)

Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith freagrach as bainistiú foriomlán EU-OSHA i gcomhréir leis an treoir straitéiseach a leagann an Bord Bainistíochta amach, lena n-áirítear riarachán laethúil agus bainistiú airgeadais agus acmhainní daonna. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí a chuirtear de chúram air nó uirthi a fheidhmiú. Ba cheart é a bheith indéanta na cumhachtaí sin a chur ar fionraí i gcúinsí eisceachtúla, amhail coinbhleachta leasanna nó mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí faoi Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na Rialacháin Foirne) a chomhlíonadh.

(13)

Is prionsabal bunúsach de dhlí an Aontais é prionsabal an chomhionannais. Ceanglaítear leis nach mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá. Ba cheart do gach páirtí díriú ar ionadaíocht chothrom a bhaint amach idir mná agus fir ar an mBord Bainistíochta agus ar an mBord Feidhmiúcháin. Ba cheart don Bhord Bainistíochta an aidhm sin a shaothrú freisin maidir lena Chathaoirleach agus lena Leas-Chathaoirligh i dteanna a chéile, agus ba cheart do na grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar na rialtais agus ar eagraíochtaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe ar an mBord Bainistíochta an aidhm sin a shaothrú freisin maidir le comhaltaí malartacha a ainmniú chun freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

(14)

Tá oifig idirchaidrimh ag EU-OSHA sa Bhruiséil. Ba cheart an fhéidearthacht an oifig sin a oibriú a choinneáil.

(15)

Tá eagraíochtaí san Aontas agus sna Ballstáit cheana a sholáthraíonn an cineál céanna faisnéise agus seirbhísí is a sholáthraíonn EU-OSHA. Chun an tairbhe is mó a bhaint ar leibhéal an Aontais as an obair atá déanta cheana ag na heagraíochtaí sin, is iomchuí an líonra a choinneáil a chuir EU-OSHA ar bun faoi Rialachán (CE) Uimh. 2062/94, ar líonra é a fheidhmíonn go maith agus a bhfuil lárionaid náisiúnta agus líonraí trípháirteacha na mBallstát ann. Is den tábhacht freisin dlúthnaisc fheidhmiúla a bheith á gcoimeád ar bun ag EU-OSHA leis an gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair a cuireadh ar bun le Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 (4), chun dea-chomhordú agus sineirgí a áirithiú.

(16)

Ba cheart na forálacha airgeadais agus na forálacha maidir le clársceidealú agus tuairisciú a bhaineann le EU-OSHA a nuashonrú. Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (5), foráiltear go bhfuil EU-OSHA le meastóireachtaí ex ante agus meastóireachtaí ex post a dhéanamh ar na cláir agus na gníomhaíochtaí sin lena ngabhann caiteachas suntasach. Ba cheart do EU-OSHA na meastóireachtaí sin a chur san áireamh ina chlársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil.

(17)

Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán EU-OSHA a áirithiú, agus chun a chumasú dó a chuspóirí agus cúraimí a dhéanamh go cuí i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart buiséad leormhaith agus neamhspleách a dheonú dó ina mbeadh an t-ioncam ag teacht go príomha ó ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta buiséadach an Aontais maidir le EU-OSHA, a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart gurb í an Chúirt Iniúchóirí a dhéanfadh iniúchadh ar chuntais EU-OSHA.

(18)

Ba cheart gurb é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (an tIonad Aistriúcháin) a sholáthródh na seirbhísí aistriúcháin is gá chun go bhfeidhmeoidh EU-OSHA. Ba cheart do EU-OSHA oibriú leis an Ionad Aistriúcháin chun táscairí cáilíochta, tráthúlachta agus rúndachta a bhunú, chun riachtanais agus tosaíochtaí EU-OSHA a shainaithint go soiléir agus chun nósanna imeachta trédhearcacha oibiachtúla a chruthú do phróiseas an aistriúcháin.

(19)

Ba cheart na forálacha maidir le foireann EU-OSHA a bheith i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile), a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (6).

(20)

Ba cheart do EU-OSHA na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar faisnéis rúnda a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte. Más gá, ba cheart do EU-OSHA rialacha slándála a ghlacadh atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 (7) agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 (8) ón gCoimisiún.

(21)

Is gá forálacha buiséadacha idirthréimhseacha agus forálacha idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta, maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus maidir leis an bhfoireann a leagan síos chun leanúnachas ghníomhaíochtaí EU-OSHA a áirithiú go dtí go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ

Airteagal 1

Bunú agus cuspóirí

1.   Leis seo, bunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) ina gníomhaireacht de chuid an Aontais.

2.   Beidh sé de chuspóir ag EU-OSHA an fhaisnéis theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch agus an saineolas cáilithe atá ábhartha i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair a sholáthar d'institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais, do na Ballstáit, do na comhpháirtithe sóisialta agus do gníomhaithe eile atá bainteach leis an réimse sin chun feabhas a chur ar an timpeallacht oibre a mhéid a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte oibrithe a chosaint.

Chuige sin, feabhsóidh agus scaipfidh EU-OSHA eolas, agus soláthróidh sé fianaise agus seirbhísí chun críocha déanamh beartais, lena n-áirítear conclúidí atá bunaithe ar thaighde, agus éascóidh sé comhroinnt eolais i measc gníomhairí de chuid an Aontais agus gníomhairí náisiúnta agus eatarthu.

Airteagal 2

Cúraimí

1.   Beidh na cúraimí seo a leanas ag EU-OSHA i ndáil leis na réimsí beartais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus freagrachtaí na mBallstát á n-urramú go hiomlán aige:

(a)

faisnéis theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch a bhailiú agus a anailísiú maidir leis an tsábháilteacht agus leis an tsláinte ag an obair sna Ballstáit chun:

(i)

rioscaí agus dea-chleachtais a shainaithint chomh maith le tosaíochtaí náisiúnta agus cláir náisiúnta atá ann cheana;

(ii)

an t-ionchur is gá a sholáthar do thosaíochtaí agus do chláir an Aontais; agus

(iii)

an fhaisnéis sin a scaipeadh ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, ar na Ballstáit, ar na comhpháirtithe sóisialta agus ar ghníomhairí eile atá bainteach leis an sábháilteacht agus an sláinte ag an obair;

(b)

faisnéis theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch a bhailiú agus a anailísiú maidir le taighde ar an tsábháilteacht agus ar an tsláinte ag an obair agus ar ghníomhaíochtaí taighde eile lena mbaineann gnéithe i dtaca leis an tsábháilteacht agus leis an tsláinte ag an obair agus torthaí an taighde agus na ngníomhaíochtaí taighde sin a scaipeadh;

(c)

comhar agus malartú faisnéise agus taithí idir na Ballstáit a chur chun cinn agus a thacú i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair, lena n-áirítear faisnéis maidir le cláir oiliúna;

(d)

comhdhálacha agus seimineáir agus malartuithe saineolais ó na Ballstáit a eagrú i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair;

(e)

an méid seo a leanas a sholáthar d'institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais agus do na Ballstáit: an fhaisnéis oibiachtúil theicniúil, eolaíoch, agus eacnamaíoch atá ar fáil agus an saineolas cáilithe a theastaíonn uathu chun beartais stuama éifeachtacha a leagan amach agus chun a chur chun feidhme atá ceaptha sábháilteacht agus sláinte oibrithe a chosaint, lena n-áirítear guaiseacha féideartha a chosc agus a thuar, go háirithe an méid seo a leanas a sholáthar don Choimisiún: an fhaisnéis theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch agus an saineolas cáilithe a theastaíonn uaidh chun na cúraimí atá air a chomhlíonadh maidir le bearta reachtacha agus eile maidir le cosaint shábháilteacht agus shláinte na n-oibrithe, go sonrach i ndáil le tionchar na mbungníomhartha reachtacha a n-oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil, eolaíoch agus rialaitheach atá déanta agus iad a chur chun feidhme go praiticiúil ag gnóthais, agus béim ar leith ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna);

(f)

fóraim a chur ar fáil chun taithí agus faisnéis a mhalartú idir na rialtais, na comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile ar an leibhéal náisiúnta;

(g)

rannchuidiú, lena n-áirítear trí fhaisnéis agus anailísí atá fianaise-bhunaithe, le cur chun feidhme athchóirithe agus beartas ar an leibhéal náisiúnta;

(h)

faisnéis maidir le cúrsaí sábháilteachta agus sláinte a bhailiú ó thríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a chur ar fáil dóibh;

(i)

faisnéis theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch a sholáthar maidir le modhanna agus uirlisí chun gníomhaíochtaí coisctheacha a chur chun feidhme, dea-chleachtais a shainaithint agus bearta coisctheacha a chur chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt ar na fadhbanna sonracha a bhíonn ag MFBManna agus, maidir le dea-chleachtais, díreoidh EU-OSHA, go háirithe, ar chleachtais ar uirlisí praiticiúla iad a úsáidfear chun measúnú a tharraingt suas ar na rioscaí sábháilteachta agus sláinte ag an obair, agus chun na bearta a shainaithint atá le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin;

(j)

rannchuidiú le straitéisí agus cláir ghníomhaíochta an Aontais a fhorbairt i ndáil le cosaint na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair, gan dochar do réimse inniúlachtaí an Choimisiúin;

(k)

straitéis a bhunú le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 30 a mhéid a bhaineann le cúrsaí a bhfuil EU-OSHA inniúil maidir leo;

(l)

gníomhaíochtaí agus feachtais a dhéanamh chun feasacht a ardú agus cumarsáid a dhéanamh maidir le saincheisteanna sábháilteachta agus sláinte ag an obair.

2.   I gcás ina bhfuil gá le staidéir nua, agus sula nglacfar cinntí beartais, déanfaidh institiúidí an Aontais aird a thabhairt ar shaineolas EU-OSHA agus ar aon staidéir atá déanta aige sa réimse lena mbaineann nó a bhfuil sé in ann iad a dhéanamh, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

3.   Áiritheoidh EU-OSHA go mbeidh an fhaisnéis a scaipfear agus na huirlisí a chuirfear ar fáil in oiriúint do na húsáideoirí dár ceapadh iad. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, oibreoidh EU-OSHA i ndlúthchomhar leis na lárionaid náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 12(1), i gcomhréir le hAirteagal 12(2).

4.   Féadfaidh EU-OSHA comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích le gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais chun comhar leo a éascú agus a chur chun cinn.

5.   Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh idirphlé dlúth ag EU-OSHA go háirithe le comhlachtaí speisialaithe, bídís poiblí nó príobháideach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, le húdaráis phoiblí, le comhlachtaí acadúla agus taighde, agus le heagraíochtaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe agus, i gcás inarb ann dóibh, le comhlachtaí trípháirteacha náisiúnta. Déanfaidh EU-OSHA, gan dochar dá chuspóirí ná dá chríocha, obair i gcomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe Eurofound agus Cedefop, agus sineirgí agus comhlántacht lena gcuid gníomhaíochtaí á gcur chun cinn, agus aon dúbláil iarrachtaí á seachaint ag an am céanna.

CAIBIDIL II

EAGRÚ EU-OSHA

Airteagal 3

Struchtúr riaracháin agus bainistithe

Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta EU-OSHA:

(a)

Bord Bainistíochta;

(b)

Bord Feidhmiúcháin;

(c)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(d)

Líonra.

ROINN 1:

An Bord Bainistíochta

Airteagal 4

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

comhalta amháin, ó gach Ballstát, a dhéanann ionadaíocht ar an rialtas;

(b)

comhalta amháin, ó gach Ballstát, a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostóirí;

(c)

comhalta amháin, ó gach Ballstát, a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostaithe;

(d)

triúr comhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún;

(e)

saineolaí neamhspleách amháin arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa.

Beidh an ceart vótála ag gach duine de na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d).

Is í an Chomhairle a cheapfaidh na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) as measc chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha an Choiste Chomhairligh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair.

Is ar mholadh na mBallstát a cheapfar na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a). Is ar mholadh urlabhraithe na ngrúpaí faoi seach sa Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair a cheapfar na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (b) agus pointe (c).

Cuirfear na moltaí dá dtagraítear sa cheathrú fomhír faoi bhráid na Comhairle agus cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad le haghaidh faisnéise.

Is é an Coimisiún a cheapfaidh na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (d).

Is é an coiste freagrach de chuid Pharlaimint na hEorpa a cheapfaidh an saineolaí dá dtagraítear i bpointe (e).

2.   Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Beidh an comhalta malartach mar ionadaí don chomhalta ina éagmais nó ina héagmais. Ceapfar na comhaltaí malartacha i gcomhréir le mír 1.

3.   Ainmneofar agus ceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn a gcuid eolais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair, ag cur san áireamh a gcuid scileanna ábhartha amhail scileanna bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha, agus a gcuid saineolais i réimse phríomhchúraimí EU-OSHA, chun tabhairt faoi ról maoirseachta éifeachtach. Féachfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta le ráta athrúcháin a n-ionadaithe a theorannú chun leanúnachas obair an Bhoird a áirithiú. Beidh sé d'aidhm ag na páirtithe uile ionadaíocht chothrom idir mná agus fir a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

4.   Déanfaidh gach comhalta agus gach comhalta malartach ráiteas i scríbhinn a shíniú an tráth céanna a rachaidh sé nó sí in oifig á dhearbhú nach bhfuil coinbhleacht leasanna ann ina leith. Déanfaidh gach comhalta agus gach comhalta malartach a ráiteas a nuashonrú i gcás ina dtiocfaidh athrú ar imthosca maidir le haon choinbhleacht leasanna. Foilseoidh EU-OSHA na ráitis agus na nuashonruithe ar a shuíomh gréasáin.

5.   Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha. Beidh an téarma sin in-athnuaite. Nuair a thiocfaidh deireadh lena dtréimhse oifige nó i gcás ina n-éireoidh siad as oifig, fanfaidh comhaltaí agus comhaltaí malartacha in oifig go dtí go ndéanfar a gceapacháin a athnuachan nó go gcuirfear comhaltaí nua ina n-ionad.

6.   Ar an mBord Bainistíochta, beidh ionadaithe na rialtas, ionadaithe eagraíochtaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe, faoi seach, ina ngrúpaí. Ainmneoidh gach grúpa comhordaitheoir chun éifeachtúlacht an phlé a fheabhsú laistigh de na grúpaí agus eatarthu. Is é a bheidh i gcomhordaitheoirí ghrúpaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe ionadaithe a n-eagraíochtaí Eorpacha faoi seach agus féadfar iad a ainmniú as measc na gcomhaltaí atá ceaptha ar an mBord Bainistíochta. Déanfaidh comhordaitheoirí nach bhfuil ceaptha ina gcomhaltaí den Bhord Bainistíochta i gcomhréir le mír 1 páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ní bheidh an ceart vótála acu.

Airteagal 5

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta:

(a)

treoruithe straitéiseacha a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí EU-OSHA;

(b)

doiciméad clársceidealaithe EU-OSHA, ina bhfuil clár ilbhliantúil oibre EU-OSHA agus a chlár oibre bliantúil don bhliain dár gcionn, a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu agus i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c)

buiséad bliantúil EU-OSHA a ghlacadh trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu agus feidhmeanna eile a fheidhmiú i dtaobh an bhuiséid sin de bhun Chaibidil III;

(d)

tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a ghlacadh chomh maith le measúnú ar ghníomhaíochtaí EU-OSHA, iad a chur, faoin 1 Iúil gach bliain, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí agus an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a chur ar fáil don phobal;

(e)

na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le EU-OSHA a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17;

(f)

straitéis frithchalaoise a ghlacadh, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise agus costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;

(g)

rialacha a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasanna a chosc agus a bhainistiú i dtaca lena chomhaltaí agus le saineolaithe neamhspleácha, agus freisin i dtaca le saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag EU-OSHA, dá dtagraítear in Airteagal 20;

(h)

na pleananna cumarsáide agus scaipthe a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais, agus an méid sin a léiriú i ndoiciméad clársceidealaithe EU-OSHA;

(i)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh;

(j)

cumhachtaí an Údaráis Ceapacháin arna dtabhairt leis na Rialacháin Foirne agus cumhachtaí an Údaráis atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích, arna dtabhairt le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach eile (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”) a fheidhmiú, i gcomhréir le mír 2, i dtaca le foireann EU-OSHA;

(k)

rialacha cur chun feidhme oiriúnacha a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(l)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, i gcás inarb iomchuí, síneadh a chur lena théarma oifige/lena téarma oifige nó é nó í a chur as oifig, i gcomhréir le hAirteagal 19;

(m)

Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a bheidh go hiomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas;

(n)

rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin a ghlacadh;

(o)

faireachán a dhéanamh go ndéantar obair leantach leordhóthanach i dtaca leis na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frithchalaoise (OLAF);

(p)

bunú socruithe comhair le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a údarú i gcomhréir le hAirteagal 30.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena leagtar amach na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

I gcás inar gá déanamh amhlaidh mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na cinn arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar fionraí go sealadach. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta iad a tharmligean, ar feadh tréimhse theoranta, chuig duine d'ionadaithe an Choimisiúin a ainmneoidh sé nó chuig duine den fhoireann taobh amuigh den Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 6

Clársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil

1.   Gach bliain, déanfaidh an Stiurthóir Feidhmiúcháin, i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 11(5) den Rialachán seo, dréachtdoiciméad clársceidealaithe a tharraingt suas ina mbeidh clár oibre ilbhliantúil agus bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013.

2.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dréachtdoiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta. Tar éis don Bhord Bainistíochta an dréachtdoiciméad clársceidealaithe a fhormheas, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle é tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain. Tíolacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon leaganacha nuashonraithe den doiciméad sin i gcomhréir leis an nós imeachta céanna. Glacfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh.

Tiocfaidh an doiciméad clársceidealaithe chun bheith cinntitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus déanfar coigeartú air dá réir, más gá sin.

3.   Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta, agus forluí clársceidealaithe le gníomhaireachtaí eile á sheachaint. Leagfar amach ann clársceidealú acmhainní freisin, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann. Cuimseofar ann straitéis maidir le caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 30, na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an straitéis sin, agus sonrú na n-acmhainní gaolmhara.

4.   Beidh an clár oibre bliantúil comhsheasmhach leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 3 agus beidh an méid a leanas ann:

(a)

cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta;

(b)

cur síos ar an gníomhaíochtaí atá le maoiniú, lena n-áirítear bearta pleanáilte arb é is aidhm leo éifeachtúlacht a mhéadú;

(c)

léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna arna leithdháileadh ar gach gníomh, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí;

(d)

gníomhaíochtaí a d'fhéadfaí a dhéanamh maidir leis an gcaidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 30.

Sonrófar go soiléir ann na gníomhartha a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.

5.   Leasóidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil a glacadh i gcás ina sannfar gníomhaíocht nua do EU-OSHA. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta céanna a úsáideadh don chlár oibre bliantúil tosaigh a ghlacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil.

6.   Tabharfar an clársceidealú acmhainní cothrom le dáta go bliantúil. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta, i gcás inarb iomchuí agus, go háirithe, rachaidh sé i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 28.

Maidir le gníomhaíocht nua a shannadh do EU-OSHA chun na cúraimí a leagtar síos in Airteagal 2 a chomhlíonadh, déanfar é agus aird á tabhairt ar a chlársceidealú acmhainní agus airgeadais, gan dochar do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (an “t-údarás buiséadach”)

Airteagal 7

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus triúr Leas-Chathaoirligh mar a leanas:

(a)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar rialtais na mBallstát;

(b)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostóirí;

(c)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostaithe; agus

(d)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún.

Toghfar an Cathaoirleach agus na Leas-Chathaoirligh trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil an ceart vótála acu.

2.   Bliain amháin a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus na Leas-Chathaoirleach. Beidh a dtéarma oifige in-athnuaite. I gcás ina dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.

Airteagal 8

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.   Tionólfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé, ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

3.   Beidh gnáthchruinniú amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ag an mBord Bainistíochta. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna iarraidh sin do thrian de na comhaltaí ar a laghad.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta iarraidh ar aon duine ar díol spéise a thuairim nó a tuairim freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnadóir. Maidir le hionadaithe thíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) is páirtithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE), féadfaidh siad freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta mar bhreathnóirí i gcás ina ndéantar foráil i gComhaontú LEE dá rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí EU-OSHA.

5.   Cuirfidh EU-OSHA an rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 9

Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1.   Gan dochar do phointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 5(1), don dara fomhír d'Airteagal 7(1) agus d'Airteagal 19(7), déanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí trí thromlach na gcomhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu.

Mar sin féin, beidh gá le toiliú a fháil ó thromlach chomhaltaí an ghrúpa a dhéanann ionadaíocht ar na rialtais maidir le cinntí faoi chuimsiú an chláir oibre bhliantúil agus a bhfuil iarmhairtí buiséadacha acu i ndáil leis na lárionaid náisiúnta.

2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ag a bhfuil an ceart vótála. I gcás nach mbeidh comhalta áirithe ag a bhfuil an ceart vótála i láthair, beidh a chomhalta malartach nó a comhalta malartach i dteideal a cheart vótála nó a ceart vótála a fheidhmiú.

3.   Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil.

4.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

5.   Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, leagfar síos socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na cúinsí ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

ROINN 2

An Bord Feidhmiúcháin

Airteagal 10

An Bord Feidhmiúcháin

1.   Beidh Bord Feidhmiúcháin de chúnamh ag an mBord Bainistíochta.

2.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin:

(a)

na cinntí atá le glacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú;

(b)

faireachán a dhéanamh, i dteannta an Bhoird Bainistíochta, go ndéantar obair leantach leordhóthanach ar na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid OLAF;

(c)

gan dochar d'fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, mar a leagtar amach in Airteagal 11, comhairle a chur air nó uirthi, i gcás inar gá, maidir le cinntí an Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme, d'fhonn an mhaoirseacht ar an mbainistíocht riaracháin agus bhuiséadach a threisiú.

3.   I gcás inar gá, ar chúiseanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a dhéanamh thar cheann an Bhoird Bainistíochta, lena n-áirítear cinntí maidir le tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin a chur ar fionraí i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus maidir le cúrsaí buiséadacha.

4.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, an triúr Leas-Chathaoirligh, comhordaitheoirí na dtrí ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(6) agus ionadaí amháin ón gCoimisiún. Féadfaidh gach grúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(6) suas le beirt chomhaltaí malartacha a ainmniú chun freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcás ina bhfuil comhalta arna cheapadh ag an ngrúpa ábhartha as láthair. Beidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta mar Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin freisin. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

5.   Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin. Beidh an téarma sin in-athnuaite. Tiocfaidh deireadh le téarma oifige comhalta de chuid an Bhoird Feidhmiúcháin ar an dáta a thiocfaidh deireadh lena chomhaltas nó lena comhaltas ar an mBord Bainistíochta.

6.   Tiocfaidh an Bord Feidhmiúcháin le chéile 3 huaire sa bhliain ar a laghad. In theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna iarraidh sin dá chuid comhaltaí. Tar éis gach cruinnithe, déanfaidh comhordaitheoirí na dtrí ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(6) a ndícheall comhaltaí a ngrúpa féin a chur ar an eolas, ar bhealach tráthúil trédhearcach, faoin méid is ábhar don phlé.

ROINN 3

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 11

Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as bainistiú EU-OSHA i gcomhréir leis an treoir straitéiseach atá leagtha amach ag an mBord Bainistíochta, agus beidh an té sin freagrach don Bhord Bainistíochta.

2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, agus an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú na ndualgas agus ní iarrfaidh sé nó sí treoracha ar aon rialtas ná ar aon chomhlacht eile ná ní thógfaidh sé nó sí treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas i gcás ina n-iarrtar sin air nó uirthi. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas.

4.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil EU-OSHA.

5.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí arna sannadh do EU-OSHA faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

riarachán EU-OSHA ó lá go lá, lena n-áirítear na cumhachtaí a thugtar de chúram air nó uirthi i dtaca le cúrsaí foirne a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5(2);

(b)

cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(c)

cinntí a dhéanamh maidir le bainistiú acmhainní daonna, i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2);

(d)

agus á chur san áireamh na riachtanais a bhaineann le gníomhaíochtaí EU-OSHA agus le bainistíocht fhónta airgeadais, cinntí a dhéanamh maidir le struchtúir inmheánacha EU-OSHA agus, i gcás inar gá, maidir lena leasú;

(e)

an doiciméad clársceidealaithe a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(f)

an doiciméad clársceidealaithe a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

(g)

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí EU-OSHA a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

(h)

córas faireacháin éifeachtach a bhunú le gur féidir na meastóireachtaí rialta dá dtagraítear in Airteagal 28 a dhéanamh, mar aon le córas tuairiscithe chun achoimre a dhéanamh ar na torthaí a bhíonn orthu;

(i)

dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir le EU-OSHA a ullmhú;

(j)

dréachtráiteas EU-OSHA ar a mheastacháin ioncaim agus chaiteachais, mar cuid de dhoiciméad clársceidealaithe EU-OSHA a ullmhú; agus buiséad EU-OSHA a chur chun feidhme;

(k)

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, mar aon le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-chalaoise (OLAF) agus tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn 2 uair sa bhliain don Choimisiún agus go tráthrialta don Bhord Bainistíochta agus don Bhord Feidhmiúcháin;

(l)

féachaint le cothromaíocht inscne a áirithiú in EU-OSHA;

(m)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach;

(n)

straitéis frithchalaoise le haghaidh EU-OSHA a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;

(o)

i gcás inarb ábhartha, comhar a dhéanamh le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích leo.

6.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach freisin as cinneadh a dhéanamh an gá, chun críocha cúraimí EU-OSHA a dhéanamh ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach, oifig idirchaidrimh a bhunú sa Bhruiséil chun comhar EU-OSHA le hinstitiúidí ábhartha an Aontais a chothú tuilleadh. I gcás an chinnidh sin, caithfear réamhthoiliú a fháil ón gCoimisiún, ón mBord Bainistíochta agus ón mBallstát ábhartha. Leis an gcinneadh sin, sonrófar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanfaidh an oifig idirchaidrimh sin ar dhóigh a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus aon dúbláil ar fheidhmeanna riaracháin EU-OSHA.

ROINN 4

Líonra

Airteagal 12

Líonra

1.   Cuirfidh EU-OSHA líonra ar bun ina mbeidh:

(a)

na príomh-chomhpháirteanna de na líonraí faisnéise náisiúnta, lena n-áirítear eagraíochtaí náisiúnta na bhfostóirí agus na bhfostaithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta;

(b)

na lárionaid náisiúnta.

2.   Cuirfidh na Ballstáit EU-OSHA ar an eolas go tráthrialta maidir le príomh-chomhpháirteanna a líonraí faisnéise náisiúnta um shábháilteacht agus sláinte ag an obair, lena n-áirítear aon institiúid a mheasann siad a d'fhéadfadh rannchuidiú le hobair EU-OSHA, agus an gá an cumhdach is iomláine is féidir a áirithiú i leith a gcríche á chur san áireamh.

Déanfaidh na húdaráis náisiúnta nó institiúid náisiúnta arna hainmniú ag an mBallstát mar lárionad náisiúnta an fhaisnéis atá le soláthar ar an leibhéal náisiúnta do EU-OSHA a chomhordú agus a chur ar aghaidh faoi chuimsiú comhaontú idir gach lárionad agus EU-OSHA ar bhonn an chláir oibre arna ghlacadh ag EU-OSHA.

Rachaidh na húdaráis náisiúnta nó institiúid náisiúnta i gcomhairle le heagraíochtaí náisiúnta na bhfostóirí agus le heagraíochtaí náisiúnta na bhfostaithe agus cuirfidh siad a dtuairimí san áireamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.

3.   Na topaicí a measadh gur díol spéise ar leith iad, déanfar iad a liostú i gclár oibre bliantúil EU-OSHA.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 13

Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile EU-OSHA gach bliain airgeadais agus léireofar i mbuiséad EU-OSHA iad. Comhfhreagróidh an bhliain airgeadais don bhliain féilire.

2.   Beidh buiséad EU-OSHA ar comhardú i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3.   Gan dochar d'acmhainní eile, beidh na nithe seo leanas ar áireamh in ioncam EU-OSHA:

(a)

ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;

(b)

aon ranníocaíocht airgeadais dheonach ó na Ballstáit;

(c)

táillí ar fhoilseacháin agus ar aon seirbhísí eile a sholáthraíonn EU-OSHA;

(d)

aon ranníocaíocht ó thríú tíortha a rannchuideoidh le hobair EU-OSHA, dá bhforáiltear in Airteagal 30.

4.   Cuirfear luach saothair na foirne, costais riaracháin agus bonneagair, agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas EU-OSHA.

Airteagal 14

An buiséad a bhunú

1.   Gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas EU-OSHA don bhliain airgeadais dár gcionn, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

Beidh an dréachtmheastachán sealadach bunaithe ar chuspóirí agus ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo i dtaca leis an doiciméad clársceidealaithe bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus cuirfear san áireamh ann na hacmhainní airgeadais is gá chun na cuspóirí agus na torthaí sin a bhfuiltear ag súil leo a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta.

2.   Ar bhonn an dréachtmheastacháin shealadaigh, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas EU-OSHA don bhliain airgeadais dár gcionn, agus seolfaidh sé é chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an dréachtmheastachán, mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais, chuig an údarás buiséadach. Cuirfear an dréachtmheastachán ar fáil do EU-OSHA freisin.

4.   Ar bhonn an dréachtmheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh an meastachán sin a mheasann sé is gá don phlean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

5.   Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasuithe don ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais le EU-OSHA.

6.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta EU-OSHA.

7.   Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh buiséad EU-OSHA. Tiocfaidh sé chun bheith cinntitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais agus, más gá, déanfar coigeartú air dá réir. Aon mhodhnú ar bhuiséad EU-OSHA, lena n-áirítear an plean bunaíochta, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

8.   I gcás aon tionscadail tógála ar dócha go mbeadh impleachtaí móra aige ar bhuiséad EU-OSHA, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 maidir leis.

Airteagal 15

An buiséad a chur chun feidhme

1.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad EU-OSHA chun feidhme.

2.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach.

Airteagal 16

Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta EU-OSHA na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) chuig Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta an bhliain airgeadais dár gcionn (bliain N + 1).

2.   Seolfaidh EU-OSHA tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais do bhliain N chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

3.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha EU-OSHA do bhliain N, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

4.   Tar éis don oifigeach cuntasaíochta barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha EU-OSHA do bhliain N a fháil, de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, tarraingeoidh sé nó sí suas cuntais chríochnaitheacha EU-OSHA don bhliain sin. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

5.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha EU-OSHA do bhliain N.

6.   Faoin 1 Iúil de bhliain N + 1, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta EU-OSHA na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N, in éineacht le tuairim an Bhoird Bainistíochta, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N + 1.

8.   Faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N + 1, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar na barúlacha arna ndéanamh ina tuarascáil bhliantúil. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra chuig an mBord Bainistíochta freisin.

9.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoina bráid chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N, i gcomhréir le hAirteagal 109(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013.

10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 17

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le EU-OSHA a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ach amháin má tá gá leis an imeacht sin go sonrach d'fheidhmiú EU-OSHA agus má tá toiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.

CAIBIDIL IV

AN FHOIREANN

Airteagal 18

Forálacha ginearálta

1.   Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir le foireann EU-OSHA.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

Airteagal 19

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina bhall foirne nó ina ball foirne agus is mar ghníomhaire sealadach de EU-OSHA a fhostófar é nó í faoi phointe (a) d'Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann.

Iarrfar ar an iarrthóir a roghnaítear ráiteas a dhéanamh os comhair Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa a fhreagairt. Ní chuirfear moill mhíchuí ar an gceapadh de bharr an mhalartaithe tuairimí sin.

Chun an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht do EU-OSHA.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dúshláin EU-OSHA amach anseo.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag cur san áireamh dó an measúnú dá dtagraítear i mír 3, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, go gceann 5 bliana ar a mhéad.

5.   I gás inar cuireadh síneadh le téarma oifige Stiúrthóra Feidhmiúcháin, ní ghlacfaidh sé nó sí páirt i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

6.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta. Sa chinneadh uaidh, tabharfaidh an Bord Bainistíochta aird ar mheasúnú an Choimisiúin ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, dá dtagraítear i mír 3.

7.   Is trí thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoi cheapadh, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

Airteagal 20

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1.   Féadfaidh EU-OSHA leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach fostaithe de chuid EU-OSHA iad.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht do EU-OSHA.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 21

Stádas dlíthiúil

1.   Gníomhaireacht de chuid an Aontais a bheidh in EU-OSHA. Beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, tabharfar do EU-OSHA an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoin dlí náisiúnta ag daoine dlítheanacha. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Is in Bilbao a bheidh suíomh EU-OSHA.

4.   Féadfaidh EU-OSHA oifig idirchaidrimh a bhunú sa Bhruiséil chun an comhar a dhéanann sé le hinstitiúidí ábhartha an Aontais a chothú tuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 11(6).

Airteagal 22

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir le EU-OSHA agus maidir lena fhoireann.

Airteagal 23

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1 (10) ón gComhairle maidir le EU-OSHA.

2.   Is é an tIonad Aistriúcháin a sholáthróidh na seirbhísí aistriúcháin is gá chun go bhfeidhmeoidh EU-OSHA.

Airteagal 24

Trédhearcacht agus cosaint sonraí

1.   Cuirfidh EU-OSHA a ghníomhaíochtaí i gcrích le hardleibhéal trédhearcachta.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) maidir le doiciméid atá i seilbh EU-OSHA.

3.   Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

4.   Beidh an phróiseáil a dhéanann EU-OSHA ar shonraí pearsanta faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, bunóidh an Bord Bainistíochta bearta maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 ag EU-OSHA, lena n-áirítear bearta a bhaineann le hOifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh. Bunófar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Airteagal 25

An chalaois a chomhrac

1.   Chun an comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), aontóidh EU-OSHA, faoin 21 Lúnasa 2019, do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (14) agus glacfaidh sé na forálacha iomchuí is infheidhme maidir lena fhostaithe uile, ag úsáid an teimpléid a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.

2.   Beidh cumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí Aontais ó EU-OSHA.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (15), d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó conradh arna mhaoiniú ag EU-OSHA.

4.   Gan dochar do mhír 1, mír 2 ná mír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais EU-OSHA, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 26

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

Glacfaidh EU-OSHA rialacha slándála a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444, i gcás inar gá. Cuimseofar le rialacha slándála EU-OSHA, inter alia agus i gcás inar gá, forálacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 27

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach EU-OSHA faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) breith a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag EU-OSHA.

3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh EU-OSHA, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a ranna nó a bhaill foirne féin ina siocair leis i gcomhlíonadh a gcuid dualgas.

4.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir leis an gcúiteamh i ndamáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta a fhoirne i leith EU-OSHA faoi rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Airteagal 28

Meastóireacht

1.   I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013, déanfaidh EU-OSHA meastóireachtaí ex ante agus meastóireachtaí ex post ar na cláir agus na gníomhaíochtaí sin lena ngabhann caiteachas suntasach.

2.   Faoin 21 Lúnasa 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar meastóireacht i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin chun feidhmíocht EU-OSHA a mheasúnú ó thaobh a chuspóirí, a shainordaithe agus a chúraimí de. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus leis na príomhgheallsealbhóirí eile le linn a mheastóireachta. Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht sin, go háirithe, ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann sainordú EU-OSHA a leasú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ag aon leasuithe den sórt sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta ar thorthaí na meastóireachta. Poibleofar torthaí na meastóireachta.

Airteagal 29

Imscrúduithe riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí EU-OSHA faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

Airteagal 30

Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d'inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh EU-OSHA dul i gcomhar le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Chuige sin, féadfaidh EU-OSHA, faoi réir údarú an Bhoird Bainistíochta agus tar éis formheas a fháil ón gCoimisiún, socruithe oibre a bhunú le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Ní chuirfear oibleagáidí dlíthiúla ar an Aontas ná ar na Ballstáit de dheasca na socruithe sin.

2.   Beidh EU-OSHA oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta acu leis an Aontas.

Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, forbrófar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíocht na dtríú tíortha lena mbaineann in obair EU-OSHA, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dhéanann EU-OSHA, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe sin na Rialacháin Foirne i gcás ar bith.

3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta straitéis i gcomhair caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí a mbeidh inniúlacht ag EU-OSHA ina leith.

Airteagal 31

Comhaontú Ceanncheathrún agus coinníollacha oibriúcháin

1.   Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil do EU-OSHA sa Bhallstát óstach agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát óstach maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, baill foirne agus baill dá dteaghlaigh, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir EU-OSHA agus an Ballstát ina bhfuil an suíomh lonnaithe.

2.   Cuirfidh Ballstát óstach EU-OSHA na dálaí is gá ar fáil chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh EU-OSHA, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil béim ar an ngné Eorpach inti agus naisc iomchuí iompair.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 32

Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta

Fanfaidh comhaltaí an Bhoird Rialúcháin arna bhunú ar bhonn Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 in oifig agus feidhmeoidh siad feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo go dtí go gceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus an saineolaí neamhspleách de bhun Airteagal 4(1) den Rialachán seo.

Airteagal 33

Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an bhfoireann

1.   Ar feadh na dtréimhsí a bheidh fágtha dá théarma oifige nó dá téarma oifige, is do Stiúrthóir EU-OSHA a ceapadh ar bhonn Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 a shannfar cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Rialachán seo. Ní athrófar coinníollacha eile a chonartha nó a conartha.

2.   I gcás nós imeachta atá ag dul ar aghaidh i gcónaí chun an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a roghnú agus a cheapadh tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 go dtí go dtabharfar an nós imeachta sin chun críche.

3.   Leis an Rialachán seo, ní dhéanfar difear do chearta ná d'oibleagáidí na mball foirne atá fostaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 2062/94. Féadfar a gconarthaí fostaíochta a athnuachan faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Coinneofar aon oifig idirchaidrimh de chuid EU-OSHA atá oibríochtúil tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 34

Forálacha buiséadacha idirthréimhseacha

Is i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 a dhéanfar an nós imeachta um urscaoileadh maidir leis na buiséid arna bhformheas ar bhonn Airteagal 14 den Rialachán sin.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 35

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 agus déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 36

Na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Rialúcháin a choinneáil i bhfeidhm

Fanfaidh na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Rialúcháin ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 i bhfeidhm tar éis an 20 Feabhra 2019, mura gcinnfidh an Bord Bainistíochta a mhalairt agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Eanáir 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 209, 30.6.2017, lch. 49.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2018.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle an 18 Iúil 1994 ag bunú na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ar an Láthair Oibre (IO L 216, 20.8.1994, lch. 1).

(4)  Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO C 218, 13.9.2003, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

(6)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(7)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(8)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(13)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(14)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(15)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).