27.12.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
155 |
TREOIR (AE) 2019/2177 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
An 18 Nollaig 2019
lena leasaítear Treoir 2009/138/CE maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II), Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus (62) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach, (1)
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cruthaítear creat rialála le haghaidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí (DRSPanna) agus ceanglaítear go bhfuil soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí iarthrádála le húdarú mar shocrú formheasta maidir le foilsiú (APA). Lena chois sin, cuirtear de cheangal ar sholáthraí teilitéipe comhdhlúite (CTPanna) sonraí trádála comhdhlúite a chur ar fáil a chumhdaíonn na hidirbhearta uile in ionstraimí cothromais agus neamhchothromais araon ar fud an Aontais, i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE. Chomh maith leis sin, le Treoir 2014/65/AE, déantar bealaí le hidirbhearta a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla a chur ar bhonn foirmiúil trína chur de cheangal ar thríú páirtí a thuairiscíonn ar son gnólachtaí infheistíochta a bheith údaraithe mar shásra tuairiscithe formheasta (ARM). |
(2) |
Tá cáilíocht na sonraí trádála agus cáilíocht próiseáil agus soláthar sonraí den sórt sin, lena n-áirítear próiseáil trasteorann agus soláthar trasteorann sonraí, an-tábhachtach ar fad ó thaobh príomhchuspóir Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a bhaint amach, mar atá trédhearcacht margaí airgeadais a dhaingniú. Le sonraí trádála beachta, tugtar forléargas d’úsáideoirí ar an ngníomhaíocht trádála ar fud mhargaí airgeadais an Aontais agus tugtar faisnéis bheacht chuimsitheach d’údaráis inniúla faoi idirbhearta ábhartha. Leis an ngné thrasteorann de láimhseáil na sonraí, na buntáistí a ghabhann le hinniúlachtaí a bhaineann le sonraí a chomhthiomsú, lena n-áirítear barainneachtaí scála a d’fhéadfadh a bheith ann, agus an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag éagsúlachtaí i gcleachtais mhaoirseachta ar cháilíocht na sonraí trádála agus ar chúraimí na DRSPanna araon, is iomchuí, dá bhrí sin, údarú DRSPanna agus an mhaoirseacht a dhéantar orthu, chomh maith le cumhachtaí bailithe sonraí, a aistriú ó na húdaráis inniúla go dtí an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (ÚEUM), seachas i dtaca le ARManna nó APAnna a bhaineann tairbhe as maolú faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. |
(3) |
Chun aistriú comhsheasmhach na gcumhachtaí sin a bhaint amach, is iomchuí na forálacha a bhaineann le ceanglais oibríochtúla le haghaidh DRSPanna agus inniúlachtaí na n-údarás inniúil i dtaca le DRSPanna a leagtar amach i dTreoir 2014/65/AE a scriosadh agus na forálacha sin a thabhairt isteach i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. |
(4) |
Tá aistriú údarú DRSPanna agus na maoirseachta a dhéantar orthu, seachas i dtaca le APAnna nó ARManna a bhaineann tairbhe as maolú faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, go ÚEUM ag teacht le cúraimí ÚEUM. Ar leibhéal níos sonraí, tá an-tábhacht le haistriú cumhachtaí bailithe sonraí, údaraithe agus maoirseachta ó údaráis inniúla go ÚEUM i dtaca leis na cúraimí eile a dhéanann ÚEUM faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, amhail maoirseacht ar mhargaí, cumhachtaí idirghabhála sealadaí agus bainistiú suímh, agus áirithítear leis an aistriú sin go gcomhlíontar ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála ar bhealach comhsheasmhach. |
(5) |
Le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), foráiltear gur féidir, i gcomhréir leis an gcur chuige riosca-bhunaithe i leith an Cheanglais um Chaipiteal Sócmhainneachta, i gcúinsí sonracha, le gnóthais agus grúpaí árachais agus athárachais samhlacha inmheánacha a úsáid chun an ceanglas sin a ríomh in ionad an fhoirmle chaighdeánach a úsáid. |
(6) |
Le Treoir 2009/138/CE, foráiltear do chomhpháirt tíre sa choigeartú luaineachta. Chun a áirithiú go dtiocfaidh laghdú, leis an gcomhpháirt tíre sin, ar rómhéid na raonta difríochta bannaí sa tír ábhartha go héifeachtach, ba cheart tairseach iomchuí a leagan síos do raon difríochta na tíre, arna cheartú maidir le riosca, le haghaidh gníomhachtú na comhpháirte tíre. |
(7) |
I bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar ghníomhaíochtaí árachais trasteorann, is gá cóineasú chur i bhfeidhm dhlí an Aontais i gcásanna gníomhaíochta trasteorann árachais a fheabhsú, go háirithe ag céim luath. Chun na críche sin, ba cheart an malartú faisnéise agus an comhar idir údaráis mhaoirseachta agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (ÚEÁPC), a neartú. Go háirithe, ba cheart foráil a dhéanamh do cheanglais maidir le fógra a thabhairt i gcás gníomhaíocht árachais shuntasach trasteorann nó i gcás géarchéime agus foráil a dhéanamh do choinníollacha maidir le hardáin chomhair a bhunú i gcásanna ina bhfuil an ghníomhaíocht árachais trasteorann atá beartaithe suntasach. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar shuntasacht na gníomhaíochta árachais trasteorann ó thaobh na hollphréimhe bliantúla i scríbhinn arna suibscríobh sa Bhallstát óstach i gcomparáid le hollphréimheanna iomlána bliantúla i scríbhinn na cuideachta árachais, ó thaobh an tionchair ar chosaint an tsealbhóra polasaí sa Bhallstát óstach agus ó thaobh an tionchair a bheidh ag an mbrainse nó ag an ngníomhaíocht den chuideachta árachais faoi seach ar mhargadh an Bhallstáit óstaigh maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Is uirlis éifeachtach iad ardáin chomhair chun comhar níos láidre agus níos tráthúla a bhaint amach idir údaráis mhaoirseachta agus, dá bhrí sin, chun cosaint tomhaltóirí a fheabhsú. Mar sin féin, tá údarú, maoirseacht agus cinntí forfheidhmiúcháin fós faoi inniúlacht údarás maoirseachta an Bhallstáit baile. |
(8) |
I gcás gur suntasach na gníomhaíochtaí árachais trasteorann i ndáil le margadh an Bhallstáit óstaigh agus go bhfuil gá le dlúthchomhar idir údaráis mhaoirseachta an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit óstaigh, go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé go rachadh árachóir i mbaol deacrachtaí airgeadais agus go bhféadfadh sé go n-eascródh dochar do shealbhóirí polasaí agus do thríú páirtithe as, ba cheart do ÚEÁPC ardáin chomhoibrithe a chur ar bun agus a chomhordú. |
(9) |
Chun a chur san áireamh gur cuireadh ÚEÁPC in ionad Choiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Cheirde Eorpacha (CMÁPCE), ba cheart na tagairtí do CMÁPCE i dTreoir 2009/138/CE a scriosadh. |
(10) |
Tar éis athruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), beidh ról nua ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), arna bhunú leis an Rialachán sin (ÚBE), maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha airgead a sciúradh nó an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, agus beidh gá le hathruithe a dhéanamh ina dhiaidh sin ar Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2009/138/CE, 2014/65/AE agus (AE) 2015/849 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE
Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:
(1) |
leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
(2) |
in Airteagal 4, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
(3) |
in Airteagal 22, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla, i gcás ina mbeidh siad i gceannas ar ghníomhaíochtaí de chuid socrú formheasta maidir le foilsiú (APA), mar a shainmhínítear i bpointe (34) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ag a bhfuil maolú i gcomhréir le hAirteagal 2(3) den Rialachán sin, nó de chuid sásra tuairiscithe formheasta (ARM), mar a shainmhínítear i bpointe (36) d’Airteagal 2(1) den Rialachán sin ag a bhfuil maolú i gcomhréir le hAirteagal 2(3) den Rialachán sin, a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu, faireachán ar ghníomhaíochtaí an APA nó ARM sin d’fhonn comhlíonadh na gcoinníollacha oibriúcháin dá bhforáiltear sa Rialachán sin a mheasúnú. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na bearta iomchuí i bhfeidhm le go mbeidh na húdaráis inniúla in ann an fhaisnéis riachtanach a fháil lena mheasúnú an bhfuil na hoibleagáidí sin á gcomhlíonadh ag APAnna agus ARManna.”; |
(4) |
scriostar Teideal V; |
(5) |
leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:
|
(6) |
in Airteagal 71, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: “6. I gcás ina mbaineann smachtbhanna coiriúil nó riaracháin foilsithe le gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, institiúid creidmheasa maidir le seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta nó seirbhísí coimhdeachta, nó brainse de ghnólachtaí tríú tír atá údaraithe i gcomhréir leis an Treoir seo, nó le APA nó ARM atá údaraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ag a bhfuil maolú i gcomhréir le hAirteagal 2(3) den Rialachán sin, cuirfidh ÚEUM tagairt don smachtbhanna foilsithe leis an gclár ábhartha.”; |
(7) |
in Airteagal 77(1), an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: “Forálfaidh na Ballstáit, ar a laghad, go mbeidh sé de dhualgas ar aon duine atá údaraithe de réir bhrí Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), a dhéanann an cúram a bhfuil tuairisc air in Airteagal 34 de Threoir 2013/34/AE nó in Airteagal 73 de Threoir 2009/65/CE nó aon chúram eile a fhorordaítear le dlí i ngnólacht infheistíochta, i margadh rialáilte, nó in APA nó ARM atá údaraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ag a bhfuil maolú i gcomhréir le hAirteagal 2(3) den Rialachán sin, aon fhíoras nó cinneadh a thuairisciú go pras chuig na húdaráis inniúla, ar fíoras nó ar cinneadh é a bhaineann leis an ngnóthas sin agus ar tháinig an duine sin air agus é nó í i mbun an chúraim sin agus ar dóigh dó: (*1) Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).”;" |
(8) |
Leasaítear Airteagal 89 mar a leanas:
|
(9) |
in Airteagal 90, scriostar míreanna 2 agus 3; |
(10) |
in Airteagal 93(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: “Cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ón 3 Eanáir 2018.”; |
(11) |
in Iarscríbhinn I, scriostar Roinn D. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2009/138/CE
Leasaítear Treoir 2009/138/CE mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 77d(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: “I gcás gach tíre ábhartha, déanfar an coigeartú luaineachta ar na rátaí úis saor ó riosca dá dtagraítear i mír 3 d’airgeadra na tíre sin, sula gcuirfear an fachtóir 65 % i bhfeidhm, a mhéadú méid is ionann agus an difear idir an raon difríochta tíre, arna cheartú maidir le riosca, agus a dhá oiread an raon difríochta airgeadra, arna cheartú maidir le riosca, cibé uair a mbeidh an difear sin dearfach agus a mbeidh an raon difríochta tíre, arna cheartú maidir le riosca, níos airde ná 85 bhonnphointe.” |
(2) |
in Airteagal 112, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: “3a. Cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta ÚEÁPC ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Rialachán Uimh. 1094/2010 maidir le haon iarratais ar shamhail inmheánach a úsáid nó a athrú. Arna iarraidh sin d’údarás maoirseachta amháin lena mbaineann nó níos mó, féadfaidh ÚEÁPC cúnamh teicniúil, de bhun phointe (b) d’Airteagal 8(1) den Rialachán sin, a chur ar fáil don údarás maoirseachta nó do na húdaráis mhaoirseachta a d’iarr an cúnamh, i dtaca leis an gcinneadh maidir leis an iarratas.”; |
(3) |
i dTeideal I, Caibidil VIII, cuirtear an roinn seo a leanas isteach:
Airteagal 152a Fógra a thabhairt 1. I gcás ina mbeidh sé i gceist ag údarás maoirseachta an Bhallstáit baile gnóthas árachais nó athárachais a údarú, a dtugtar le fios ina scéim oibríochtaí go mbeidh cuid dá ghníomhaíochtaí bunaithe ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó ar an tsaoirse bunaíochta i mBallstát eile, agus i gcás ina dtugtar le fios sa scéim oibríochtaí sin freisin gur dócha go mbeidh na gníomhaíochtaí sin ábhartha maidir le margadh an Bhallstáit óstaigh, tabharfaidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile fógra faoi do ÚEÁPC agus d’údarás maoirseachta an Bhallstáit óstaigh ábhartha. 2. Déanfaidh údarás maoirseachta an Bhallstáit baile, de bhreis ar an bhfógra dá bhforáiltear i mír 1 a thabhairt, fógra a thabhairt freisin do ÚEÁPC agus d’údarás maoirseachta an Bhallstáit óstaigh ábhartha i gcás ina n-aithníonn sé go bhfuil coinníollacha airgeadais ag dul in olcas nó go bhfuil rioscaí eile ag teacht chun cinn ag eascairt as gnóthas árachais nó athárachais atá i mbun gníomhaíochtaí atá bunaithe ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó ar an tsaoirse bunaíochta agus a bhféadfadh éifeacht trasteorann a bheith acu. Féadfaidh údarás maoirseachta an Bhallstáit óstaigh fógra a thabhairt d’údarás maoirseachta an Bhallstáit baile ábhartha freisin i gcás ina bhfuil cúis imní thromchúiseach agus réasúnaithe aige maidir le cosaint tomhaltóirí. Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta an t-ábhar a chur faoi bhráid ÚEÁPC agus cúnamh a iarraidh uaidh i gcás nach féidir teacht ar aon réiteach déthaobhach. 3. Beidh na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 mionsonraithe go leor le gur féidir measúnú ceart a dhéanamh. 4. Ní dochar na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 do shainordú maoirseachta údaráis mhaoirseachta an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit óstaigh dá bhforáiltear sa Treoir seo. Airteagal 152b Ardáin chomhoibrithe 1. Féadfaidh an EIPOA, i gcás ina bhfuil údar dea-bhunaithe imní air i ndáil le héifeachtaí diúltacha ar shealbhóirí polasaí, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na húdaráis mhaoirseachta ábhartha, ardán comhoibrithe a chur ar bun agus a chomhordú chun an malartú faisnéise idir na húdaráis mhaoirseachta ábhartha a neartú agus chun an comhoibriú eatarthu a fheabhsú i gcás ina ndéanann gnóthas árachais nó athárachais gníomhaíochtaí a chur i gcrích, nó a bhfuil sé ar intinn aige iad a chur i gcrích, ar gníomhaíochtaí iad atá bunaithe ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó ar an tsaoirse bunaíochta, agus i gcás inarb amhlaidh:
2. Ní dochar mír 1 do cheart na n-údarás maoirseachta ábhartha ardán comhoibrithe a bhunú i gcás ina gcomhaontaíonn siad ar fad go ndéanfaidh siad amhlaidh. 3. Ní dochar bunú ardáin comhoibrithe de bhun mhíreanna 1 agus 2 do shainordú maoirseachta údaráis mhaoirseachta an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit óstaigh dá bhforáiltear sa Treoir seo. 4. Gan dochar d’Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta ábhartha, arna iarraidh sin do ÚEÁPC, an fhaisnéis riachtanach go léir a sholáthar go tráthúil ionas go bhfeidhmeoidh an t-ardán comhoibrithe go cuí.”; |
(4) |
leasaítear Airteagal 231 mar a leanas:
|
(5) |
in Airteagal 237(3), an tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: “I gcás nach nglacfaidh ÚEÁPC cinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, déanfaidh an maoirseoir grúpa an cinneadh deiridh.”; |
(6) |
in Airteagal 248(4), scriostar an tríú fomhír. |
Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/849
Leasaítear Treoir (AE) 2015/849 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
(3) |
in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: “Faoin 26 Meitheamh 2017, eiseoidh na ÚMEnna treoirlínte, arna ndíriú ar údaráis inniúla agus ar na hinstitiúidí creidmheasa agus na hinstitiúidí airgeadais, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis na fachtóirí riosca atá le cur san áireamh agus na bearta atá le déanamh i gcásanna inarb iomchuí bearta simplithe um dhícheall cuí i leith custaiméara. Ón 1 Eanáir 2020, déanfaidh ÚBE treoirlínte den sórt sin a eisiúint, i gcás inarb iomchuí.”; |
(4) |
in Airteagal 18(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: “4. Faoin 26 Meitheamh 2017, eiseoidh na ÚMEnna treoirlínte, arna ndíriú ar údaráis inniúla agus ar na hinstitiúidí creidmheasa agus na hinstitiúidí airgeadais, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis na fachtóirí riosca atá le cur san áireamh agus na bearta atá le déanamh i gcásanna inarb iomchuí bearta feabhsaithe um dhícheall cuí i leith custaiméara. Ón 1 Eanáir 2020, déanfaidh ÚBE treoirlínte den sórt sin a eisiúint, i gcás inarb iomchuí.”; |
(5) |
in Airteagal 41, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Tá próiseáil sonraí pearsanta faoin Treoir seo faoi réir Rialacháin (AE) 2016/679 (*3) agus (AE) 2018/1725 (*4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (*3) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)." (*4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”;" |
(6) |
leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:
|
(7) |
leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:
|
(8) |
i gCaibidil VI, Roinn 3, Foroinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: “ ”; |
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50: “Airteagal 50 Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis riachtanach ar fad ar fáil do ÚBE ionas gur féidir leis a chuid dualgas a dhéanamh faoin Treoir seo.”; |
(10) |
leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:
|
Airteagal 4
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2021. Cuirfidh siad téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse atá cumhdaithe ag an Treoir seo in iúl don Choimisiún láithreach.
2. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun pointe (1) d’Airteagal 2 den Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2020. Cuirfidh siad téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse atá cumhdaithe ag an Treoir seo in iúl don Choimisiún láithreach.
3. Na bearta i dtaca le hAirteagal 1, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm iad ón 1 Eanáir 2022, agus na bearta i dtaca le hAirteagail 2 agus 3, cuirfidh siad i bhfeidhm iad ón 30 Meitheamh 2021. Na bearta i dtaca le pointe (1) d’Airteagal 2, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm iad faoin 1 Iúil 2020.
4. Nuair a ghlacfaidh Ballstáit na bearta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach ina mbeidh tagairt den sórt sin le déanamh.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 6
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh in Strasbourg an 18 Nollaig 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. TUPPURAINEN
(1) IO C 251, 18.7.2018, lch. 2.
(2) IO C 227, 28.6.2018, lch. 63.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Nollaig 2019.
(4) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/67/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(7) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 129).
(10) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).