26.11.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 305/1


TREOIR (AE) 2019/1936 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2019

lena leasaítear Treoir 2008/96/CE maidir le sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Iúil 2010 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal “Towards a European road safety area: policy orientations on road safety 2011-2020” (“I dtreo limistéir Eorpaigh sábháilteachta ar bhóithre: treoshuíomhanna beartas maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2011-2020”), sonraíodh gurb iad cuspóirí straitéiseacha an Aontais líon na mbásanna ar na bóithre a laghdú faoina leath faoi 2020 i gcomparáid le 2010 agus, faoin mbliain 2050, é a laghdú go nialas nó geall leis. Mar sin féin, is beag dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Ina conclúidí an 8 Meitheamh 2017 maidir le sábháilteacht ar bhóithre, lena bhformhuinítear Dearbhú Vaileite Mhárta 2017, d’fhormhuinigh an Chomhairle sprioc eatramhach nua chun líon na ngortuithe tromchúiseacha a laghdú faoina leath faoi 2030 i gcomparáid lena líon in 2020. Tá gá le hiarrachtaí níos mó, dá bhrí sin, chun an dá sprioc sin a bhaint amach.

(2)

De réir chur chuige an Chórais Shábháilte, is féidir bás agus gortú tromchúiseach i dtionóiscí bóthair a chosc, den chuid is mó. Ba cheart gur freagracht chomhroinnte ar gach leibhéal é a áirithiú nach mbíonn gortuithe tromchúiseacha nó bás ann mar thoradh ar thionóiscí bóthair. Go háirithe, ba cheart dóchúlacht na dtionóiscí bóthair a laghdú le bóithre atá dea-dheartha, cothabháilte mar is ceart agus ar a bhfuil marcálacha agus comharthaíocht shoiléir, agus ba cheart, le bóithre atá “maiteach” (bóithre a leagtar amach ar bhealach cliste chun a áirithiú nach mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha nó marfacha ann ar an toirt i gcás earráidí tiomána), déine na dtionóiscí a laghdú. Ba cheart don Choimisiún treoir a sholáthar chun “cois bóthair atá maiteach” a sholáthar agus a chothabháil, ag tógáil ar an taithí atá ag na Ballstáit go léir.

(3)

Na bóithre sa ghréasán bóithre tras-Eorpach (gréasán TEN-T) a shainaithnítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), is ríthábhachtach iad chun tacú le lánpháirtíocht na hEorpa. Ba cheart ardleibhéal sábháilteachta a ráthú, dá bhrí sin, ar na bóithre sin.

(4)

Leis na nósanna imeachta maidir le bainistiú na sábháilteachta bonneagair bóithre (“RISM”), a cuireadh chun feidhme ar ghréasán TEN-T, cuidíodh le básanna, agus le gortuithe tromchúiseacha, a laghdú san Aontas. Is léir ón meastóireacht ar éifeachtaí Threoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) go bhfuil feidhmíocht i bhfad níos fearr bainte amach ag na Ballstáit sin a bhfuil prionsabail RISM á gcur i bhfeidhm acu, ar bhonn deonach, ar a gcuid bóithre náisiúnta lastall de ghréasán TEN-T ná mar atá ag na Ballstáit sin nach ndearna amhlaidh. Is inmhianaithe freisin, dá bhrí sin, go gcuirfí i bhfeidhm na prionsabail RISM sin i leith codanna eile den ghréasán bóithre Eorpach.

(5)

Maidir leis na codanna de bhóithre atá tógtha ar dhroichid agus na codanna de bhóithre a ghabhann trí tholláin atá ina gcuid freisin den ghréasán a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, tá sé tábhachtach go gcumhdaítear iad faoin Treoir seo a mhéid a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, cé is moite de tholláin a chumhdaítear le Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(6)

Ar chúiseanna sábháilteachta ar bhóithre, maidir le bealaí isteach i limistéir pháirceála ar feadh an ghréasáin a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, go háirithe mótarbhealaí agus príomhbhóithre, agus maidir le bealaí amach astu, tá sé tábhachtach go gcumhdaítear iad faoin Treoir seo.

(7)

Tá dálaí séasúracha an-éagsúil lena chéile idir na Ballstáit agus idir na réigiúin. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfear na dálaí sin san áireamh mar is iomchuí sna forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo.

(8)

Tarlaíonn líon mór tionóiscí bóthair ar líon beag bóithre, ar a mbíonn méid mór tráchta agus ardluasanna agus réimse leathan tráchta ag taisteal ar luasanna éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart, leis an leathnú teoranta ar raon feidhme Threoir 2008/96/CE do mhótarbhealaí agus do phríomhbhóithre eile lastall de ghréasán TEN-T, go rannchuideofaí go mór leis an tsábháilteacht bonneagair bóithre ar fud an Aontais a fheabhsú.

(9)

Chun a áirithiú go mbeidh an éifeacht bheartaithe ag an leathnú ar an raon feidhme, luíonn sé le réasún go n-áireofaí i measc na bpríomhbhóithre seachas mótarbhealaí na bóithre uile a bhaineann leis an gcatagóir is airde de bhóthar faoi bhun na catagóire “mótarbhealach” san aicmiú náisiúnta bóithre. Ar an gcúis chéanna, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun a áirithiú go leanann ar a laghad gach bóthar a raibh feidhm ag Treoir 2008/96/CE ina leith roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo, lena n-áirítear ar bhonn deonach, de bheith cumhdaithe leis an Treoir seo.

(10)

Le cur i bhfeidhm éigeantach na nósanna imeachta a leagtar síos i dTreoir 2008/96/CE maidir le haon tionscadal bonneagair bóthair lasmuigh de cheantair uirbeacha a thugtar chun críche agus leas á bhaint as cistiú ón Aontas, ba cheart a áirithiú nach n-úsáidtear cistí de chuid an Aontais chun bóithre neamhshábháilte a thógáil.

(11)

Is bonneagar bóithre amháin a chumhdaítear le Treoir 2008/96/CE. Dá bhrí sin, ní dhéanann an Treoir seo difear do dhlí an tráchta ar bhóithre, ná d’inniúlacht na mBallstát cinntí a dhéanamh ar a n-údarás féin i dtaca le dlí an tráchta ar bhóithre. Ba cheart do na Páirtithe Conarthacha urraim a thabhairt do Choinbhinsiún na Ginéive um Thrácht ar Bhóithre de chuid na Náisiún Aontaithe an 19 Meán Fómhair 1949 agus do Choinbhinsiún Vín um Thrácht ar Bhóithre an 8 Samhain 1968, chomh maith le Coinbhinsiún Vín um Chomharthaíocht Bhóthair an 8 Samhain 1968.

(12)

Tá an measúnú rioscabhunaithe ar shábháilteacht ar bhóithre ar fud an ghréasáin tar éis teacht chun cinn mar uirlis éifeachtúil éifeachtach chun codanna den ghréasán a shainaithint ar cheart díriú orthu le cigireachtaí sábháilteachta bóithre níos mionsonraithe agus chun tús áite a thabhairt don infheistíocht de réir a hacmhainneachta feabhsuithe sábháilteachta ar fud an ghréasáin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart an gréasán bóithre ina iomláine a chumhdaítear leis an Treoir seo a mheasúnú go córasach, lena n-áirítear trí mheán sonraí arna mbailiú trí mhodhanna leictreonacha agus digiteacha, chun cur leis an tsábháilteacht ar bhóithre ar fud an Aontais.

(13)

Leis na heilimintí is fearr feidhmíocht ón “nós imeachta maidir le rangú agus bainistiú sábháilteachta an ghréasáin bóithre atá in úsáid”, a bhí ann roimhe seo, a chomhtháthú sa nós imeachta nua maidir le measúnú ar shábháilteacht ar bhóithre ar fud an ghréasáin, ba cheart a bheith in ann codanna bóithre, lena mbaineann na deiseanna is mó chun an tsábháilteacht a fheabhsú agus ina mbainfí na feabhsuithe is fearr amach ach idirghabhálacha spriocdhírithe a dhéanamh, a shainaithint ar bhonn níos fearr.

(14)

Chun feabhas a chur ar cháilíocht, oibiachtúlacht agus éifeachtacht nósanna imeachta RISM, is tairbhiúil a chur ar chumas na mBallstát leas a bhaint, i gcás inarb iomchuí, as na teicneolaíochtaí le haghaidh codanna den bhóthar a iniúchadh, dálaí maidir le sábháilteacht ar bhóithre a dhoiciméadú agus sonraí eile a bhaineann le sábháilteacht an ghréasáin bóithre a bhailiú, ar teicneolaíochtaí iad atá á bhforbairt i rith an ama.

(15)

Tá sé ríthábhachtach obair leantach chórasach a dhéanamh ar thorthaí na nósanna imeachta maidir le RISM chun na feabhsuithe ar an tsábháilteacht bonneagair bóthair a bhaint amach, ar feabhsuithe iad a theastaíonn chun cuspóirí an Aontais a chomhlíonadh i dtaca le sábháilteacht ar bhóithre. Chuige sin, ba cheart a áirithiú, le pleananna gníomhaíochta tosaíochta, go gcuirfear na hidirghabhálacha is gá chun feidhme a luaithe is féidir. Go háirithe, mar bhearta leantacha i dtaobh thorthaí an mheasúnaithe ar shábháilteacht ar bhóithre a rinneadh ar fud an ghréasáin, ba cheart cigireachtaí spriocdhírithe a dhéanamh ar shábháilteacht ar bhóithre nó, más féidir agus más cost-éifeachtúil, gníomhaíocht cheartaitheach dhíreach a dhéanamh a mbeadh sé mar aidhm léi rioscaí sábháilteachta ar bhóithre a dhíothú nó a laghdú gan ualach riaracháin míchuí a bheith ag baint léi.

(16)

Ba cheart feidhmíocht sábháilteachta na mbóithre atá ann cheana a fheabhsú trí infheistíocht a spriocdhíriú ar na codanna bóithre lena mbaineann an dlús tionóiscí is airde agus an acmhainneacht is airde chun tionóiscí a laghdú.

(17)

Is féidir, i gcomhréir leis na coinníollacha is infheidhme, úsáid a bhaint as cistiú agus dreasachtaí airgeadais ar leibhéal an Aontais chun tacaíocht a sholáthar don infheistíocht sin, agus, sa chaoi sin, infheistíocht náisiúnta comhfhreagracha agus dreasachtaí náisiúnta comhfhreagracha a chomhlánú.

(18)

Tá ardriosca tionóisce ag baint, go háirithe, le codanna den ghréasán bóithre atá tadhlach le tolláin bhóthair an ghréasáin thras-Eorpaigh bóithre a chumhdaítear le Treoir 2004/54/CE. Ba cheart cigireachtaí comhpháirteacha ar an tsábháilteacht ar bhóithre a thabhairt isteach, dá bhrí sin, i gcás na gcodanna bóithre sin, a mbeadh idir ionadaithe ó na húdaráis inniúla bóithre agus ó na húdaráis inniúla tollán rannpháirteach iontu, d’fhonn feabhas a chur ar shábháilteacht an ghréasáin bóithre a chumhdaítear leis an Treoir seo.

(19)

B’úsáideoirí soghonta bóithre iad 47 % de na daoine a maraíodh ar bhóithre san Aontas in 2017. Dá bhrí sin, ba cheart do na húsáideoirí soghonta bóithre a bheith níos sábháilte ar an mbóthar trína áirithiú go gcuirfear a riachtanais san áireamh i ngach nós imeachta maidir le RISM agus trí cheanglais cháilíochta a fhorbairt le haghaidh an bhonneagair do na húsáideoirí bóithre sin.

(20)

Chun na Ballstáit a chumasú feabhas a chur ar a nósanna imeachta arb é is aidhm dóibh úsáid oibríochtúil a marcanna bóthair agus a gcomharthaí bóthair a áirithiú, ba cheart sonraíochtaí comhchoiteanna a bhunú chun inléiteacht agus inbhraiteacht éifeachtach marcanna bóthair agus comharthaí bóthair a chothú do thiománaithe daonna agus do chórais uathoibrithe chúnta tiománaí.

(21)

Is tosaíocht é freisin an tsábháilteacht a fheabhsú maidir le crosairí comhréidhe (i.e. comharthaíocht, feabhsú bonneagair). De réir Thuarascáil 2018 ar Shábháilteacht agus Idir-inoibritheacht Iarnróid san AE ó Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, bhí 433 thionóisc shuntasacha ann, in 2016, ar 108 000 crosaire comhréidh san Aontas, agus ag eascairt uathu maraíodh 255 dhuine agus gortaíodh go dona 217 nduine. Dá bhrí sin, ba cheart crosairí comhréidhe a bhfuil riosca mór sábháilteachta ag baint leo a shainaithint, d’fhonn iad a fheabhsú.

(22)

Tá marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair ardcháilíochta ríthábhachtach chun tacú le tiománaithe agus le feithiclí nasctha agus uathoibrithe. Ba cheart sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair a bheith ina mbonn chun éascú a dhéanamh ar leathadh amach na n-ardchóras soghluaisteachta nasctha agus uathoibrithe. B’fhearr cur chuige comhpháirteach Eorpach i gcomhréir le Coinbhinsiún Vín 1968 um Chomharthaíocht Bhóthair a bheith ann.

(23)

Chun na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ó chur i bhfeidhm na Treorach seo a threisiú agus chun leibhéal leormhaith sábháltachta i gcásanna éigeandála a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit comhar a éascú idir a seirbhísí cosanta sibhialta, freagartha éigeandála agus póilíneachta tráchta, i gcás inarb iomchuí agus go háirithe i gcodanna trasteorann de bhóithre. I gcás ina bhfuil gá le comhar idir na Ballstáit sna gníomhaíochtaí sin, tá creat chun na críche sin ag gabháil le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta de bhun Chinneadh 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(24)

Gan dochar do reachtaíocht maidir le soláthar poiblí, go háirithe Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ba cheart rochtain a bheith ag an bpobal ar na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le sábháilteacht i gcásanna ina ndéanfar soláthairtí poiblí in earnáil an bhonneagair bóithre.

(25)

Chun trédhearcacht a bhaint amach agus cuntasacht a fheabhsú, ba cheart rátálacha sábháilteachta bóithre a thuairisciú ionas go mbeifear in ann úsáideoirí bóithre a chur ar an eolas faoi staid an bhonneagair agus ionas go músclófaí a bhfeasacht i gcoitinne.

(26)

Ba cheart malartú taithí maidir le modheolaíochtaí Córais Shábháilte idir cleachtóirí agus malartú faisnéise idir iniúchóirí sábháilteachta bóthair a spreagadh.

(27)

Ba cheart a bheith in ann leibhéal na sábháilteachta bonneagair bóithre a chur i gcomparáid ar fud an Aontais trí na torthaí ar na measúnuithe sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin a fhoilsiú.

(28)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon nósanna imeachta a bhunú chun ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre a áirithiú ar fud ghréasáin TEN-T agus ar fud ghréasán na mótarbhealaí agus na bpríomhbhóithre ar fud an Aontais, a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir, ós rud é go bhfuil feabhsú riachtanach ar fud an Aontais chun cóineasú a áirithiú i dtreo caighdeáin níos airde sábháilteachta bonneagair bóthair, é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Mar thoradh ar ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, ba cheart an taisteal ar fud an Aontais a bheith níos sábháilte amach anseo agus, ba cheart, ag eascairt ón méid sin, feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus tacú le cuspóir an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh.

(29)

D’fhonn a áirithiú go léireofar i gcónaí, le hábhar nósanna imeachta maidir le RISM, an t-eolas teicniúil is fearr atá ar fáil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(30)

Tá gá le bearta sonracha chun cleachtais bhainistíochta sábháilteachta bóithre a fheabhsú go leanúnach agus le gur fusa a bheidh sé d’fheithiclí atá feistithe le córais cúnaimh tiománaí nó a bhfuil leibhéil níos airde uathoibrithe acu marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair a aithint. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha ábhartha na Treorach seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(31)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2008/96/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2008/96/CE

Leasaítear Treoir 2008/96/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Treoir seo, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit nósanna imeachta a bhunú agus a chur chun feidhme maidir le measúnuithe tionchair i leith na sábháilteachta ar bhóithre, iniúchtaí ar an tsábháilteacht ar bhóithre, cigireachtaí sábháilteachta bóithre agus measúnuithe sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin.

2.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le bóithre atá mar chuid den ghréasán bóithre tras-Eorpach, maidir le mótarbhealaí agus maidir le príomhbhóithre eile, bíodh siad á ndearadh, á dtógáil nó in úsáid.

3.   Beidh feidhm ag an Treoir seo, freisin, maidir le bóithre agus maidir le tionscadail bonneagair bóithre nach gcumhdaítear le mír 2 atá suite lasmuigh de limistéir uirbeacha, nach bhfreastalaíonn ar réadmhaoin atá i dteorainn leo, a thugtar chun críche agus leas á bhaint as cistiú ón Aontas, ach amháin bóithre nach bhfuil oscailte do trácht mótarfheithicle ginearálta, amhail raonta rothar, nó bóithre nach bhfuil deartha le haghaidh trácht ginearálta, amhail bóithre rochtana ar láithreáin thionsclaíocha, talmhaíochta agus foraoiseachta.

4.   Féadfaidh na Ballstáit príomhbhóithre a bhfuil riosca íseal do shábháilteacht ag baint leo a dhíolmhú ó raon feidhme na Treorach seo, bunaithe ar fhorais a bhfuil údar cuí leo agus atá nasctha le méideanna tráchta agus le staitisticí tionóisce.

Féadfaidh na Ballstáit bóithre nach dtagraítear dóibh i mír 2 ná i mír 3 a áireamh faoi raon feidhme na Treorach seo.

Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoin liosta de mhótarbhealaí agus de phríomhbhóithre ar a chríoch agus, aon athruithe a dhéanfar air ina dhiaidh sin faoin 17 Nollaig 2021. Ina theannta sin, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis an liosta de na bóithre a bhfuil díolúine acu i gcomhréir leis an mír seo ó raon feidhme na Treorach seo, nó atá san áireamh faoi raon feidhme na Treorach seo, agus, maidir le haon athruithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

Foilseoidh an Coimisiún an liosta de na bóithre a dtabharfar fógra ina leith i gcomhréir leis an Airteagal seo.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le bóithre i dtolláin a chumhdaítear le Treoir 2004/54/CE.”;

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

ciallaíonn ‘gréasán tras-Eorpach bóithre’ an gréasán bóithre a shainaithnítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).”;"

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“1a.

ciallaíonn ‘mótarbhealach’ bóthar a dheartar agus a thógtar go speisialta le haghaidh mótarthráchta, nach bhfreastalaíonn ar réadmhaoin atá i dteorainn leis, agus a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)

tá sé feistithe, ach amháin ag pointí speisialta nó go sealadach, le carrbhealaí ar leith don trácht ó dhá threo, scartha óna chéile le stiall dhealaithe nach bhfuil beartaithe le haghaidh tráchta, nó go heisceachtúil, trí mhodhanna eile;

(b)

ní thrasnaíonn ar leibhéal le haon bhóthar, iarnród, trambhealach, raon rothar nó cosán;

(c)

tá sé ainmnithe go sonrach mar mhótarbhealach;

1b.

ciallaíonn ‘príomhbhóthar’ bóthar atá lasmuigh de limistéir uirbeacha agus a nascann mórchathracha nó réigiúin, nó iad araon, ar bóthar é a bhaineann leis an gcatagóir is airde de bhóithre faoi bhun na catagóire ‘mótarbhealach’ san aicmiú náisiúnta bóithre atá i bhfeidhm an 26 Samhain 2019;”;

(c)

scriostar pointe 5;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 6 agus 7:

“6.

ciallaíonn ‘rátáil sábháilteachta’ codanna den ghréasán bóithre atá ann cheana a rangú i gcatagóirí de réir a sábháilteachta ionsuite, ar sábháilteacht ionsuite í a thomhaistear go hoibiachtúil;

7.

ciallaíonn ‘cigireacht spriocdhírithe sábháilteachta bóithre’ imscrúdú spriocdhírithe chun dálaí guaiseacha, fabhtanna agus fadhbanna a shainaithint, lena méadaítear an riosca go dtarlódh tionóiscí agus gortuithe, bunaithe ar chuairt ar láthair bóthair nó coda de bhóthar;”;

(e)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“7a.

ciallaíonn ‘cigireacht thréimhsiúil sábháilteachta bóithre’ gnáthfhíorú tréimhsiúil na saintréithe agus na bhfabhtanna a bhfuil gá le hobair chothabhála ina leith ar chúiseanna sábháilteachta;”;

(f)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“10.

ciallaíonn ‘úsáideoir soghonta bóithre’ úsáideoirí bóithre gan inneall, lena n- áirítear, go háirithe, rothaithe agus coisithe, mar aon le húsáideoirí dé-rothaigh chumhachtaithe.”;

(3)

in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“6.

Soláthróidh an Coimisiún treoirlínte do dhearadh ‘cois bóthair atá maiteach’ agus ‘bóithre féinmhínitheacha agus féin-fhorfheidhmithe’ sa chéad iniúchadh de chéim an deartha, mar aon le treoir maidir le húsáideoirí soghonta bóthair. Déanfar treoir den sórt sin a fhorbairt i ndlúthchomhar le saineolaithe de chuid na mBallstát.”;

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Measúnú sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin, ar an ngréasán bóithre ina iomláine atá in úsáid agus a chumhdaítear leis an Treoir seo.

2.   Le measúnuithe sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin, déanfar meastóireacht ar an riosca go dtarlódh tionóiscí agus imbhuailtí tromchúiseacha, bunaithe orthu seo a leanas:

(a)

go príomha, amharcscrúdú, bíodh sin ar an láthair nó trí mheáin leictreonacha, ar shaintréithe deartha an bhóthair (sábháilteacht ionsuite); agus

(b)

anailís ar chodanna den ghréasán bóithre atá i seirbhís le níos mó ná 3 bliana anuas agus ar ar tharla líon mór tionóiscí tromchúiseacha i gcomhréir leis an sreabhadh tráchta.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an chéad mheasúnú sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin a chur i gcrích faoi 2024 ar a dhéanaí. Measúnuithe sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin a chuirfear i gcrích ina dhiaidh sin, cuirfear i gcrích iad minic go leor chun leibhéil leordhóthanacha sábháilteachta a áirithiú ach, in aon chás, cuirfear i gcrích iad gach 5 bliana ar a laghad.

4.   Agus an measúnú sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin á chur i gcrích, féadfaidh na Ballstáit na heilimintí táscacha a leagtar síos in Iarscríbhinn III a chur san áireamh.

5.   Soláthróidh an Coimisiún treoir maidir leis an modheolaíocht le haghaidh measúnuithe córasacha sábháilteachta bóithre agus rátálacha sábháilteachta bóithre a chur i gcrích ar fud an ghréasáin.

6.   Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, agus chun críche riachtanais maidir le gníomhaíocht bhreise a chur in ord tosaíochta, déanfaidh na Ballstáit na codanna uile den ghréasán bóithre a aicmiú i dtrí chatagóir ar a laghad de réir a leibhéil sábháilteachta.”;

(5)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“Airteagal 6

Cigireachtaí tréimhsiúla sábháilteachta bóithre”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cigireachtaí tréimhsiúla sábháilteachta bóithre minic a ndóthain chun leibhéil sábháilteachta leormhaithe a choimirciú don bhonneagar bóithre i dtrácht.”;

(c)

scriostar mír 2;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.

Áiritheoidh na Ballstáit sábháilteacht na gcodanna sin den ghréasán bóithre atá tadhlach le tolláin bhóthair a chumhdaítear le Treoir 2004/54/CE trí chigireachtaí comhpháirteacha ar an tsábháilteacht ar bhóithre lena mbaineann na heintitis inniúla a bheidh rannpháirteach i gcur chun feidhme na Treorach seo agus Threoir 2004/54/CE. Déanfar na cigireachtaí comhpháirteacha minic a ndóthain chun leibhéil leormhaithe sábháilteachta a áirithiú, ach in aon chás, déanfar iad ar a laghad gach 6 bliana.”;

(6)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 6a

Nósanna imeachta leantacha maidir le bóithre atá in úsáid

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreastalófar ar na torthaí a bheidh ar na measúnuithe sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin, a chuirfear i gcrích de bhun Airteagal 5, trí cigireachtaí spriocdhírithe ar an tsábháilteacht ar bhóithre a dhéanamh ina ndiaidh nó trí gníomhaíocht dhíreach feabhais a dhéanamh ina ndiaidh.

2.   Agus cigireachtaí spriocdhírithe ar an tsábháilteacht ar bhóithre á chur i gcrích, féadfaidh na Ballstáit na heilimintí táscacha a leagtar síos in Iarscríbhinn IIa a chur san áireamh.

3.   Is foirne saineolaithe a chuirfidh cigireachtaí spriocdhírithe sábháilteachta bóithre i gcrích. Comhlíonfaidh comhalta amháin ar a laghad den fhoireann saineolaithe na ceanglais a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 9(4).

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreastalófar ar thorthaí na gcigireachtaí spriocdhírithe sábháilteachta bóithre trí chinntí réasúnaithe a dhéanamh ina ndiaidh lena gcinnfear an gá gníomhaíocht feabhais a dhéanamh. Go háirithe, sainaithneoidh na Ballstáit codanna bóthair a dteastaíonn feabhsuithe ina leith ó thaobh shábháilteacht an bhonneagair bóthair agus saineoidh siad gníomhaíochtaí chun sábháilteacht na gcodanna bóthair sin a fheabhsú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhaíocht feabhais a spriocdhíriú go príomha ar chodanna bóthair lena ngabhann leibhéil ísle sábháilteachta agus a bhfuil an deis ann bearta a chur chun feidhme ina leith a bhféadfadh forbairt sábháilteachta agus coigiltis maidir le costais tionóisce a bheith ag baint leo.

6.   Ullmhóidh na Ballstáit plean gníomhaíochta rioscabhunaithe, a dtabharfar tosaíocht dó, chun cur chun feidhme gníomhaíochta feabhais a shainaithnítear a rianú agus tabharfaidh siad an plean sin cothrom le dáta go tráthrialta.

Airteagal 6b

Úsáideoirí soghonta bóithre a chosaint

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear riachtanais úsáideoirí soghonta bóithre san áireamh i gcur i bhfeidhm na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 3 go hAirteagal 6a.

Airteagal 6c

Marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair

1.   Déanfaidh na Ballstáit aird ar leith a thabhairt, sna nósanna imeachta atá acu faoi láthair agus sna cinn a bheidh acu amach anseo maidir le marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair, ar inléiteacht agus inbhraiteacht do thiománaithe daonna agus do chórais uathoibríocha cúnaimh tiománaí. Leis na nósanna imeachta sin, cuirfear san áireamh sonraíochtaí comhchoiteanna i gcás inar bunaíodh sonraíochtaí comhchoiteanna den sórt sin i gcomhréir le mír 3.

2.   Déanfaidh grúpa saineolaithe arna bhunú ag an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná Meitheamh 2021, measúnú ar an deis chun sonraíochtaí comhchoiteanna a bhunú lena n-áirítear gnéithe éagsúla arb é is aidhm dóibh úsáid oibríochtúil a marcálacha bóthair agus a gcomharthaí bóthair a áirithiú chun inléiteacht agus inbhraiteacht éifeachtach marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair do thiománaithe daonna agus do chórais uathoibríocha chúnaimh tiománaí a chothú. Beidh an grúpa sin déanta suas de saineolaithe a ainmneoidh na Ballstáit. Beidh comhairliúchán le Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip san áireamh sa mheasúnú.

Cuirfear na heilimintí seo a leanas, go háirithe, san áireamh sa mheasúnú:

(a)

an idirghníomhaíocht idir teicneolaíochtaí éagsúla cúnaimh tiománaí agus bonneagar;

(b)

an éifeacht atá ag aimsir agus ag feiniméin atmaisféaracha, agus ag an trácht, ar mharcálacha bóthair agus ar chomharthaí bóthair a bhíonn ar chríoch an Aontais;

(c)

cineál agus minicíocht na n-iarrachtaí cothabhála is gá le haghaidh teicneolaíochtaí éagsúla, lena n-áirítear meastachán ar chostais.

3.   Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 2 á chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sonraíochtaí comhchoiteanna a bhunú, a bhaineann le nósanna imeachta na mBallstát dá dtagraítear i mír 1 arb é is aidhm dóibh úsáid oibríochtúil a marcanna bóthair agus a gcomharthaí bóthair a áirithiú, i dtaca le hinléiteacht agus inbhraiteacht éifeachtach na marcanna bóthair agus na gcomharthaí bóthair do thiománaithe daonna agus do chórais uathoibríocha chúnaimh tiománaí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Ní dochar na gníomhartha dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’inniúlacht an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú maidir le caighdeáin le haghaidh marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair.

Airteagal 6d

Faisnéis agus trédhearcacht

Foilseoidh an Coimisiún léarscáil Eorpach den ghréasán bóthair atá faoi raon feidhme na Treorach seo, ar léarscáil í a mbeidh rochtain uirthi ar líne agus ina leagfar béim ar chatagóirí éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 5(6).

Airteagal 6e

Tuairisciú deonach

Déanfaidh na Ballstáit iarracht córas tuairiscithe dheonaigh náisiúnta a bhunú, a mbeidh rochtain air ar líne ag gach úsáideoir bóthair, chun bailiú na sonraí maidir le tarluithe arna dtarchur ag úsáideoirí bóthair agus feithiclí a éascú, mar aon le haon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht ar léir don tuairisceoir í a bheith ina guais iarbhír nó go bhféadfadh sí a bheith ina guais do shábháilteacht an bhonneagair bóithre.”;

(7)

in Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun treoir a sholáthar ar dá réir a bheidh déine tionóiscí, lena n-áirítear líon na mbásanna agus líon na ndaoine a ghortaítear, le tuairisciú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).”;

(8)

in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.

Maidir le hiniúchóirí sábháilteachta bóthair a dhéanfaidh a gcuid oiliúna ón 17 Nollaig 2024, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sna curaclaim oiliúna d’iniúchóirí sábháilteachta bóthair gnéithe a bhaineann le húsáideoirí soghonta bóthair agus leis an mbonneagar do na húsáideoirí sin.”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Malartú dea-chleachtas

Chun an tsábháilteacht ar bhóithre an Aontais a fheabhsú, bunóidh an Coimisiún córas le haghaidh malartú faisnéise agus dea-chleachtas idir na Ballstáit, lena gcumhdófar, inter alia, curaclaim oiliúna maidir le sábháilteacht bhóthair, tionscadail sábháilteachta bonneagair bóthair atá ann cheana agus teicneolaíocht chruthaithe sábháilteachta bóithre.”;

(10)

in Airteagal 11, scriostar mír 2;

(11)

cuirtear an tAirteagal a leanas isteach:

“Airteagal 11a

Tuairisciú

1.   Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Deireadh Fómhair 2025 maidir le rangú sábháilteachta an ghréasáin ar fad arna mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 5. I gcás inar féidir, bunófar an tuarascáil ar mhodheolaíocht chomhchoiteann. Más infheidhme, cumhdófar sa tuarascáil freisin liosta na bhforálacha i dtreoirlínte nuashonraithe náisiúnta, lena n-áirítear go háirithe na feabhsuithe maidir leis an dul chun cinn teicneolaíoch agus maidir le cosaint úsáideoirí soghonta bóithre. Ón 31 Deireadh Fómhair 2025, soláthrófar na tuarascálacha sin gach 5 bliana.

2.   Ar bhonn anailís a dhéanfar ar na tuarascálacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, ar an gcéad ásc faoin 31 Deireadh Fómhair 2027 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur chun feidhme na Treorach seo, go háirithe maidir leis na gnéithe dá dtagraítear i mír 1, agus ar bhearta féideartha eile, lena n-áirítear an Treoir seo a leasú lena hoiriúnú don dul chun cinn teicniúil.”;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Na hIarscríbhinní a leasú

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a lena leasaítear na hIarscríbhinní chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.”;

(13)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 12a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 16 Nollaig 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*2).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*2)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

“Airteagal 13

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(15)

leasaítear na hIarscríbhinní mar a leagtar é sin amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 17 Nollaig 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 261.

(2)  IO C 168, 16.5.2019, lch. 81.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(5)  Cinneadh 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le bainistiú na sábháilteachta bonneagair bóithre (IO L 319, 29.11.2008, lch. 59).

(6)  Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le híoscheanglais sábháilteachta do tholláin sa Ghréasáin Tras-Eorpach Bóithre (IO L 167, 30.4.2004, lch. 39).

(7)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

(8)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2008/96/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

IARSCRÍBHINN I

GNÉITHE TÁSCACHA DE MHEASÚNUITHE TIONCHAIR MAIDIR LEIS AN tSÁBHÁILTEACHT AR BHÓITHRE”;

(b)

i roinn 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

trácht (e.g. méid an tráchta, catagóiriú tráchta de réir cineáil), lena n-áirítear sreafaí measta coisithe agus rothar arna chinneadh ó thréithe úsáid na talún cois bóthair;”;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

IARSCRÍBHINN II

GNÉITHE TÁSCACHA D’INIÚCHTAÍ MAIDIR LEIS AN tSÁBHÁILTEACHT AR BHÓITHRE”;

(b)

i roinn 1, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(n)

soláthar d’úsáideoirí soghonta bóithre:

(i)

soláthar do choisithe,

(ii)

soláthar do rothaithe, lena n-áirítear bealaí malartacha nó bealaí atá scartha ó mhótarthrácht ardluais,

(iii)

soláthar do dhé-rothaigh chumhachtaithe,

(iv)

dlús agus suíomh na gcrosairí do choisithe agus do rothaithe,

(v)

soláthar do choisithe agus do rothaithe ar bhóithre a ndéanfar difear dóibh sa limistéar,

(vi)

deighilt coisithe agus rothaithe ó mhótarthrácht ardluais nó bealaí díreacha malartacha a bheith ann cheana féin ar bhóithre níos ísle san aicmiú;”;

(c)

i roinn 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

soláthar d’úsáideoirí soghonta bóithre:

(i)

soláthar do choisithe,

(ii)

soláthar do rothaithe,

(iii)

soláthar do dhé-rothaigh chumhachtaithe;”;

(3)

cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach:

IARSCRÍBHINN IIa

EILIMINTÍ TÁSCACHA NA gCIGIREACHTAÍ SPRIOCDHÍRITHE SÁBHÁILTEACHTA BÓITHRE

1.

Ailíniú bóthair agus trasghearradh bóthair:

(a)

infheictheacht agus faid radhairc;

(b)

teorainn luais agus criosú luais;

(c)

ailíniú féinmhínitheach (i.e. ‘inléiteacht’ an ailínithe d’úsáideoirí bóthair);

(d)

rochtain ar mhaoin agus ar fhorbairtí cois bóthair;

(e)

rochtain ag feithiclí éigeandála agus seirbhíse;

(f)

ceapa ag droichid agus ag lintéir;

(g)

leagan amach cois bóthair (guaillí bóthair, titim phábhála, fánaí gearrtha agus líonta).

2.

Trasbhóithre agus acomhail mótarbhealaigh:

(a)

oiriúnacht cineáil trasbhóthair/acomhail mótharbhealaigh;

(b)

geoiméadracht trasbhóthair/leagan amach acomhail mótarbhealaigh;

(c)

infheictheacht agus inléiteacht (aireachtáil) trasbhóithre;

(d)

infheictheacht ag an dtrasbhóthar;

(e)

leagan amach na lánaí tánaisteacha ag trasbhóithre;

(f)

rialú tráchta trasbhóthair (e.g. stoprialaithe, soilse tráchta etc.);

(g)

crosairí coisithe agus rothaíochta a bheith ann.

3.

Soláthar d’úsáideoirí soghonta bóithre:

(a)

soláthar do choisithe;

(b)

soláthar do rothaithe;

(c)

soláthar do dhé-rothaigh chumhachtaithe.;

(d)

iompar poiblí agus bonneagair;

(e)

crosairí comhréidhe (taifead a dhéanamh, go háirithe, de chineál an chrosaire agus i dtaobh an bhfuil siad foireannaithe, gan foireann nó uathoibrithe).

4.

Soilsithe, comharthaí agus marcanna:

(a)

comharthaí bóthair comhtháite, nach laghdaíonn infheictheacht;

(b)

inléiteacht na gcomharthaí bóthair (suíomh, méid, dath);

(c)

cuaillí eolais;

(d)

marcanna bóthair agus teorainneacha bóthair comhtháite;

(e)

inléiteacht na marcanna bóthair (suíomh, méideanna agus ais-fhrithchaiteacht faoi choinníollacha fliucha nó tirime);

(f)

codarsnacht chuí marcanna bóthair;

(g)

bóithre agus trasbhóithre soilsithe a shoilsiú;

(h)

trealamh iomchuí cois bóthair.

5.

Soilse tráchta:

(a)

oibriúchán;

(b)

infheictheacht.

6.

Réada, criosanna folmha agus córais srianta bóthair:

(a)

timpeallacht cois bóthair lena n-áirítear fásra;

(b)

guaiseacha cois bóthair agus fad ó chiumhais charrbhealaigh nó ó imeall raon rothaíochta;

(c)

dea-oiriúnú córas srianta bóthair (lárthearmainn débhealaigh agus bacainní tuairte d’fhonn úsáideoirí soghonta bóithre a chosaint ar ghuaiseacha);

(d)

ceapa deiridh bacainní tuairte;

(e)

córais iomchuí srianta bóthair ag droichid agus ag lintéir;

(f)

fálta (maidir le bóithre ar a bhfuil rochtain shrianta).

7.

Pábháil:

(a)

fabhtanna pábhála;

(b)

neamhsciorracht;

(c)

ábhar scaoilte/gairbhéal/clocha;

(d)

linnte, draenáil uisce.

8.

Droichid agus tolláin:

(a)

droichid a bheith ann agus líon na ndroichead;

(b)

tolláin a bheith ann agus líon na dtollán;

(c)

gnéithe físiúla a léiríonn guaiseacha sábhailteachta le haghaidh fheidhmíocht structúrach an bhonneagair.

9.

Saincheisteanna eile:

(a)

limistéir pháirceála agus scíthe atá sábháilte a sholáthar;

(b)

foráil a dhéanamh d’fheithiclí troma;

(c)

dianloinnir cheannlampa;

(d)

oibreacha bóthair;

(e)

gníomhaíochtaí cois bóthair nach bhfuil sábháilte;

(f)

faisnéis iomchuí a bheith ar fáil ó threalamh córais cliste iompair (e.g. comharthaí um theachtaireachtaí athraitheacha);

(g)

fiadhúlra agus ainmhithe;

(h)

foláirimh creasa scoile (más infheidhme).”;

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

IARSCRÍBHINN III

EILIMINTÍ TÁSCACHA NA MEASÚNUITHE SÁBHÁILTEACHTA BÓITHRE AR FUD AN GHRÉASÁIN

1.

Ginearálta:

(a)

cineál bóthair i ndáil le cineál agus méid na réigiún/na gcathracha lena nasctar é;

(b)

fad cuid de bhóthar;

(c)

cineál limistéir (limistéar tuaithe, uirbeach);

(d)

úsáid talún (le haghaidh oideachais, tráchtála, tionscail agus monaraíochta, cónaithe, feirmeoireachta agus talmhaíochta, nó limistéir neamhfhorbartha);

(e)

dlús pointí rochtana ar mhaoin;

(f)

bóthar seirbhíse a bheith ann (e.g. le haghaidh siopaí);

(g)

oibreacha bóthair a bheith ann;

(h)

limistéar páirceála a bheith ann.

2.

Toirteanna tráchta:

(a)

toirteanna tráchta:

(b)

toirteanna gluaisrothar breathnaithe;

(c)

toirteanna coisithe breathnaithe ar an dá thaobh, agus ‘ar an taobh’ nó ‘ag trasnú’ taifeadta leo;

(d)

toirteanna rothair breathnaithe ar an dá thaobh, agus ‘ar an taobh’ nó ‘ag trasnú’ taifeadta leo;

(e)

toirteanna feithiclí troma breathnaithe;

(f)

sreafaí coisithe measta, bunaithe ar thréithe úsáid na talún cois bóthair;

(g)

sreafaí coisithe measta, bunaithe ar thréithe úsáid na talún cois bóthair.

3.

Sonraí faoi thionóiscí:

(a)

líon, áit agus cúis na mbásanna de réir grúpa úsáideoirí bóthair

(b)

líon agus suíomh na ngortuithe tromchúiseacha de réir grúpa úsáideoirí bóthair.

4.

Saintréithe oibriúcháin:

(a)

luasteorainn (luasteorainn ghinearálta, do ghluaisrothair; do leoraithe);

(b)

luas oibriúcháin (85ú peircintíl);

(c)

bainistiú luais agus/nó moilliú tráchta;

(d)

trealamh córais cliste iompair a bheith ann: foláirimh scuaine, comharthaí um theachtaireachtaí athraitheacha;

(e)

foláireamh creasa scoile;

(f)

maoirseoir crosaire scoile a bheith i láthair ag tréimhsí forordaithe.

5.

Tréithe geoiméadracha:

(a)

tréithe trasghearrtha (líon, cineál agus leithead lánaí, leagan amach agus ábhar na nguaillí lárstráice, rianta rothair, cosáin etc.), lena n-áirítear a n-athraitheacht;

(b)

cuaire chothrománach;

(c)

leibhéal agus ailíniú ingearach;

(d)

infheictheacht agus faid radhairc.

6.

Réada, criosanna folmha agus córais srianta bóthair:

(a)

timpeallacht cois bóthair agus criosanna folmha;

(b)

bacainní fosaithe cois bóthair (e.g. cuaillí solais, crainn, etc.);

(c)

fad na mbacainní ó thaobh an bhóthair;

(d)

dlús na mbacainní;

(e)

stiallacha tormáin;

(f)

córais srianta bóthair.

7.

Droichid agus tolláin:

(a)

droichid a bheith ann agus líon na ndroichead, chomh maith le faisnéis ábhartha a bhaineann leo;

(b)

tolláin a bheith ann agus líon na dtollán, chomh maith le faisnéis ábhartha a bhaineann leo;

(c)

gnéithe físiúla a léiríonn guaiseacha sábhailteachta le haghaidh fheidhmíocht structúrach an bhonneagair.

8.

Trasbhóithre:

(a)

cineál an trasbhóthair agus líon a ghéag (taifead a dhéanamh, go háirithe, de chineál an rialaithe agus de thiontaithe cosanta más ann dóibh);

(b)

cainéalú a bheith ann;

(c)

cáilíocht an trasbhóthair;

(d)

toirt tráchta trasnaithe;

(e)

crosairí comhréidhe a bheith ann (taifead a dhéanamh, go háirithe, de chineál an chrosaire agus i dtaobh an bhfuil siad foireannaithe, gan foireann, inoibrithe de láimh nó uathoibrithe).

9.

Cothabháil:

(a)

fabhtanna pábhála;

(b)

neamhsciorracht pábhála;

(c)

riocht gualainne (lena n-áirítear fásra);

(d)

riocht na gcomharthaí, na marcanna agus na dteorainneacha;

(e)

riocht na gcóras srianta bóthair.

10.

Saoráidí d’úsáideoirí soghonta bóithre:

(a)

crosairí coisithe agus rothaíochta (crosairí ar an dromchla agus deighilt leibhéal);

(b)

crosairí rothaíochta (crosairí ar an dromchla agus deighilt leibhéal);

(c)

fálú coisithe;

(d)

cosán nó saoráid scartha a bheith ann;

(e)

saoráidí rothar agus a gcineál (cosáin rothaíochta, lánaí rothaíochta, eile);

(f)

cáilíocht crosairí coisithe i dtaca le le feiceálacht agus comharthaí gach saoráide;

(g)

saoráidí trasnaithe coisithe agus rothaíochta ar ghéag iontrála mionbhóthair agus é ag nascadh le gréasán.

(h)

bealaí malartacha a bheith ann do choisithe agus do rothaithe in áiteanna nach bhfuil saoráidí scartha ann.

11.

Córais réamhthuairte/iarthuairte le haghaidh gortú tráchta agus gnéithe maolaithe tromchúise:

(a)

lárionaid oibríochtúla ghréasáin agus saoráidí patrólaithe eile;

(b)

sásraí chun úsáideoirí bóthair a chur ar an eolas faoi dhálaí tiomána chun tionóiscí agus teagmhais a chosc;

(c)

córais AID (brath uathoibríoch teagmhais): braiteoirí agus ceamaraí;

(d)

córais bainistithe teagmhais;

(e)

córais chun cumarsáid a dhéanamh le seirbhísí éigeandála.”;

(5)

leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

suíomh na tionóisce (chomh beacht agus is féidir), lena n-áirítear comhordanáidí GNSS;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:

“(5)

déine timpiste.”.