12.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

116


TREOIR (AE) 2019/1161 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

lena leasaítear Treoir 2009/33/CE a mhéid a bhaineann le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014, tá an tAontas tiomanta do chóras fuinnimh atá inbhuanaithe, iomaíoch, slán agus dícharbónaithe. I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2014 dar teideal “A policy framework for climate and energy for the period from 2020 to 2030” (Creat Beartais don Aeráid agus don Fhuinneamh don tréimhse ó 2020 go 2030), leagtar síos gealltanais uaillmhianacha don Aontas astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 40 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990, an cion fuinnimh in-athnuaite a ídítear a mhéadú go dtí 27 % ar a laghad, coigilteas fuinnimh de 27 % ar a laghad a bhaint amach, agus slándáil, iomaíochas agus inbhuanaitheacht fuinnimh an Aontais a fheabhsú. Ó shin, socraíodh i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite de 32 % ar a laghad d'olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030 agus socraíodh i dTreoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) sprioc nua éifeachtúlachta fuinnimh don Aontas de 32,5 % ar a laghad faoi 2030.

(2)

Sa teachtaireacht uaidh an 20 Iúil 2016 dar teideal A European Strategy for Low-Emission Mobility (“Straitéis Eorpach maidir le Soghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí”), d'fhógair an Coimisiún nach mór dlús a chur le dícharbónú na hearnála iompair agus, dá bhrí sin, go mbeidh gá dícheall a dhéanamh an sprioc astaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa agus astaíochtaí nialasacha truailleán aeir a bhaint amach faoi lár an chéid chun na gealltanais a thug an tAontas ag an 21ú Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a reáchtáladh i bPáras sa bhliain 2015 a chomhlíonadh. Thairis sin, ní mór laghdú suntasach a dhéanamh gan mhoill ar astaíochtaí truailleán aeir a eascraíonn as an iompar agus atá díobhálach do shláinte an duine agus don chomhshaol. Is féidir é sin a bhaint amach le tionscnaimh bheartais éagsúla, lena n-áirítear bearta lena dtacaítear le hathrú i dtreo iompar poiblí, agus úsáid a bhaint as soláthar poiblí chun feithiclí glana a chur chun cinn.

(3)

Sa teachtaireacht uaidh an 31 Bealtaine 2017 dar teideal Europe on the Move: an agenda for a socially fair transition towards clean, competitive and connected mobility for all (“An Eoraip ag Bogadh: clár oibre le haghaidh ascnamh atá cothrom go sóisialta i dtreo na soghluaisteachta glaine iomaíche nasctha do chách”), cuireann an Coimisiún in iúl go bhfuil tairbhí iomadúla le baint ag saoránaigh, ag Ballstáit agus ag tionscail na hEorpa as méadú ar tháirgeadh agus ar úsáid feithiclí glana, as bonneagar breoslaí malartacha agus as seirbhísí nua soghluaisteachta a bhaineann leas as an digitiú agus as an uathoibriú san Aontas. Ar na tairbhí sin tá réitigh shoghluaisteachta níos sábháilte agus rianúla agus laghdú an nochta d'astaíochtaí truailleán díobhálacha. Ina theannta sin, mar a luadh in aitheasc ar Staid an Aontais an 13 Meán Fómhair 2017, is é ceann de na príomhchuspóirí don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta ar leibhéal domhanda i réimse an dícharbónaithe.

(4)

Mar a fógraíodh sa teachtaireacht ón gCoimisiún “An Eoraip ag Bogadh” dá dtagraítear cheana, is cuid den dara pacáiste tograí an Treoir seo, ar pacáiste é a rannchuideoidh le hiarrachtaí an Aontais soghluaisteacht íseal-astaíochtaí a bhaint amach. Leis an bpacáiste sin, a cuireadh i láthair i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2017 dar teideal Delivering on the European Strategy for low-emission mobility — A European Union that protects the planet, empowers its consumers, and defends its industry and workers (“Soghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí a bhaint amach — Aontas Eorpach a chaomhnaíonn an pláinéad, a thugann cumhacht don tomhaltóir agus cosaint dá thionscal agus dá oibrithe”), áirítear meascán de bhearta atá dírithe ar sholáthar agus éileamh chun an tAontas a chur ar an mbealach i dtreo soghluaisteacht íseal-astaíochtaí agus chun iomaíochas éiceachóras soghluaisteachta an Aontais a neartú ag an am céanna. Ba cheart cur chun cinn feithiclí glana a dhéanamh i gcomhthráth le tuilleadh forbartha ar an iompar poiblí mar bhealach chun brú tráchta a laghdú agus, dá bharr sin, astaíochtaí a laghdú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú.

(5)

Tá nuálaíocht i dteicneolaíochtaí nua ina cabhair le hastaíochtaí CO2 feithiclí a laghdú agus truailliú aeir agus torainn a laghdú, agus tacú le dícharbónú na hearnála iompair ag an am céanna. Is é an toradh a bheidh ar ghlacadh méadaithe d'feithiclí bóthair astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ná go laghdófar astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán áirithe (ábhar cáithníneach, ocsaídí nítrigine agus hidreacarbóin gan mheatán) agus dá bharr sin go bhfeabhsófar cáilíocht an aeir i gcathracha agus i limistéir thruaillithe eile, agus ag an am céanna go gcuirfear le hiomaíochas agus fás thionscal an Aontais sna margaí domhanda d'fheithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha, ar margaí iad atá ag méadú. Ba cheart don Choimisiún bearta beartais a shaothrú chun go ndéanfar glacadh forleathan na dteicneolaíochtaí nua sin sa tionscal agus fás acmhainneachta monaraíochta maidir leis na teicneolaíochtaí nua sin a chothú sna Ballstáit uile chun go rannchuideofar le cothrom iomaíochta agus le forbairt chothrom ar fud na mBallstát.

(6)

De réir réamhaisnéisí an mhargaidh, meastar go leanfaidh laghdú leanúnach ar phraghsanna ceannaigh feithiclí glana. Fágann costais oibríochtúla agus chothabhála níos ísle go bhfuil an costas iomlán úinéireachta níos iomaíche cheana féin sa lá atá inniu ann. Déanfar bacainní ar infhaighteacht agus glacadh feithiclí glana sa mhargadh a laghdú tuilleadh sa 10 mbliana atá amach romhainn a bhuí leis an laghdú ar an bpraghas ceannaigh a bhfuiltear ag súil leis.

(7)

Cé go bhfuil an tAontas ar cheann de na príomhréigiúin taighde agus éicea-nuálaíochta ardluacha, is i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise atá na táirgeoirí busanna ceallra-leictreacha agus ceallraí is mó. Ar an gcaoi chéanna, spreagann na margaí sa tSín agus sna Stáit Aontaithe forbairtí sa mhargadh domhanda ó thaobh feithiclí ceallra-leictreacha de. Le beartas uaillmhianach de chuid an Aontais maidir le feithiclí glana a sholáthar, cuideofar le nuálaíocht a spreagadh agus iomaíocht agus fás thionscal an Aontais a chur chun cinn tuilleadh i margaí na bhfeithiclí glana agus an bhonneagair teicneolaíochta lena mbaineann, ar margaí iad atá ag éirí níos domhanda. Mar a tugadh ar aire sa teachtaireacht uaidh an 3 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal Making public procurement work in and for Europe (“Ag cur soláthar poiblí ag obair san Eoraip agus ar son na hEorpa”), leanfaidh an Coimisiún d'iarrachtaí a stiúradh chun go n-áiritheofar cothrom iomaíochta agus rochtain níos fearr ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha a chur chun cinn, lena n-áirítear chun críocha feithiclí iompair de bhóthar a cheannach, a léasú, a ghlacadh ar cíos nó a fhruilcheannach.

(8)

Trína chur san áireamh gurb ionann caiteachas poiblí ar earraí, saothair agus seirbhísí agus tuairim is 16 % de OTI in 2018, is féidir le húdaráis phoiblí, trína mbeartas um sholáthar poiblí, margaí d'earraí agus seirbhísí atá nuálach a chothú agus tacú leo. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart, le Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ceanglais shoiléire agus thrédhearcacha a leagan amach, lena n-áirítear spriocanna soláthair soiléire agus fadtéarmacha mar aon le modh simplí chun iad a ríomh. Le Treoracha 2014/24/AE (7) agus 2014/25/AE (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar amach rialacha íosta maidir leis an soláthar poiblí lena gcomhordaítear an dóigh a ndéanann údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí a sholáthar. Go háirithe, leagtar amach leis na Treoracha sin tairseacha airgeadaíochta foriomlána chun a chinneadh cé na conarthaí poiblí a bheidh faoi réir reachtaíocht an Aontais maidir le soláthar poiblí. Tá feidhm ag ar tairseacha sin freisin maidir le Treoir 2009/33/CE.

(9)

Tá sé riachtanach go mbeadh bonneagar leordhóthanach athluchtúcháin agus athbhreoslúcháin ar fáil chun go bhféadfar feithiclí breoslaí malartacha a imlonnú. An 8 Samhain 2017, ghlac an Coimisiún plean gníomhaíochta chun tacú le leathadh amach luathaithe an bhonneagair i leith breoslaí malartacha san Aontas, lena n-áirítear tacaíocht neartaithe do leathadh amach an bhonneagair atá ar fáil go poiblí trí bhíthin chistí an Aontais, rud a chabhróidh le coinníollacha níos fabhraí a chruthú le haghaidh an aistrithe i dtreo feithiclí glana, lena n-áirítear san iompar poiblí. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) faoin 31 Nollaig 2020, agus tíolacfaidh sé togra reachtach chun an Treoir sin a leasú, má mheasann sé go bhfuil gá leis sin bunaithe ar an athbhreithniú sin.

(10)

Le Treoir 2009/33/CE, comhlánaítear reachtaíocht chothrománach soláthair phoiblí an Aontais agus tugtar isteach critéir inbhuanaitheachta, agus ar an dóigh sin is é is aidhm léi an margadh d'fheithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a spreagadh. Rinne an Coimisiún meastóireacht ex post ar Threoir 2009/33/CE in 2015 agus ba é a chonclúid nár spreagadh glacadh feithiclí glana sa mhargadh ar fud an Aontais de bharr na Treorach sin, go háirithe de thoradh laigí a mhéid a bhaineann lena raon feidhme agus leis na forálacha i leith ceannach feithiclí. Is é an conclúid a bhí ag an meastóireacht sin go raibh an tionchar a bhí ag an Treoir sin maidir le astaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán aeir a laghdú agus maidir le hiomaíochas tionscail a chur chun cinn an-teoranta.

(11)

Sa mheasúnú tionchair a rinne an Coimisiún ar athbhreithniú Threoir 2009/33/CE, leagtar béim ar na tairbhí a bhaineann le hathrú a dhéanamh ar an gcur chuige rialachais foriomlán i leith soláthar feithiclí glana ar leibhéal an Aontais. Trí spriocanna íosta soláthair a leagan síos, is féidir cuidiú leis an gcuspóir a bhaint amach glacadh feithiclí glana sa mhargadh a chur chun cinn agus a spreagadh i gcomparáid le bheith ag brath ar inmheánú costas seachtrach i gcinntí foriomlána soláthair, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar a ábhartha atá sé gnéithe comhshaoil a mheas i ngach cinneadh soláthair. Tá bonn cirt iomlán ag an gcur chuige sin i bhfianaise na dtairbhí meántéarmacha agus fadtéarmacha a bhainfidh saoránaigh agus fiontair an Aontais as, sa mhéid go bhfágtar dóthain solúbthachta ag údaráis chonarthacha-agus ag eintitis chonarthacha maidir le rogha na dteicneolaíochtaí atá le húsáid.

(12)

Trí raon feidhme Threoir 2009/33/CE a leathnú trí chleachtais amhail feithiclí a léasú, a ghlacadh ar cíos agus a fhruilcheannach a chur san áireamh, chomh maith le conarthaí le haghaidh seirbhísí áirithe, áiritheofar go gcumhdófar gach cleachtas soláthair ábhartha. Maidir leis na seirbhísí a chumhdaítear le raon feidhme na Treorach seo, amhail seirbhísí poiblí iompair de bhóthar, seirbhísí sainchuspóireacha iompair paisinéirí de bhóthar, iompar neamhsceidealta paisinéirí, chomh maith le seirbhísí poist agus beartán agus seirbhísí bailithe bruscair, ba cheart gurb ionann iad agus na seirbhísí ina dtagann na feithiclí a úsáidtear chun na seirbhísí sin a sholáthar faoi réir na gcatagóirí feithiclí a chumhdaítear leis an Treoir seo, agus tá na feithiclí ina ngné mhór den chonradh. Ba cheart na seirbhísí sin a shainaithint trí úsáid a bhaint as a gcóid faoi seach sa Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV) a liostaítear san Iarscríbhinn. Níor cheart don Treoir seo difear cúlghabhálach a dhéanamh do chonarthaí atá ann cheana.

(13)

Tá tacaíocht fhorleathan ann i measc geallsealbhóirí lárnacha do shainmhíniú ar fheithiclí glana ina gcuirtear san áireamh na ceanglais maidir le gáis ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán aeir ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú. Chun a áirithiú go mbeidh dreasachtaí leordhóthanacha ann chun glacadh feithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha sa mhargadh san Aontas a chur chun cinn, ba cheart forálacha dá soláthar poiblí faoin Treoir seo a ailíniú leis an sainmhíniú ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Leis an ngníomhaíocht a dhéantar faoin Treoir seo, rannchuideofar le comhlíonadh cheanglais na gcaighdeán a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/631. Chun cáilíocht an aeir a fheabhsú, ba cheart d'fheithiclí glana feidhmiú níos fearr i gcomparáid leis na híoscheanglais le haghaidh ocsaídí de nítrigin (NOx) agus cáithníní sármhíne - Líon na gCáithníní (PN) arna socrú ag na teorainnluachanna astaíochtaí faoi fhíordhálaí tiomána (RDE) atá i bhfeidhm. De bhreis ar fheithiclí atá saor ó astaíochtaí, níl mórán feithiclí saothair éadroim ann sa lá atá inniu ann ag a bhfuil astaíochtaí truailleán aeir de 80 % nó níos lú de na teorainneacha astaíochtaí reatha. Táthar ag súil, áfach, go dtiocfaidh méadú ar líon na bhfeithiclí sin sna blianta amach romhainn, go háirithe hibridí inluchtaithe. Is féidir le cur chuige níos uaillmhianaí i leith an tsoláthair phoiblí spreagadh breise suntasach a thabhairt don mhargadh.

(14)

Ba cheart feithiclí tromshaothair glana a shainmhíniú tríd an úsáid a bhaintear as breoslaí malartacha i gcomhréir le Treoir 2014/94/AE. I gcás ina bhfuil feithiclí arna soláthar le bithbhreoslaí leachtacha, breoslaí sintéiseacha nó breoslaí pairifíneacha a úsáid, ní mór d'údaráis chonarthacha agus d'eintitis chonarthacha a áirithiú, trí chlásail chonarthacha shainordaitheacha nó trí mhodhanna éifeachtacha dá samhail laistigh den nós imeachta soláthair phoiblí, nach n-úsáidfear ach na breoslaí sin sna feithiclí sin. Cé gur féidir le breiseáin bhreosla a bheith sna breoslaí sin, mar atá i gcás breosla atá bunaithe ar eatánól le haghaidh innill díosail oiriúnaithe (ED95) mar shampla, níor cheart iad a chumasc le breoslaí iontaise.

(15)

Chun cáilíocht an aeir i mbardais a fheabhsú, tá sé ríthábhachtach an flít iompair a athnuachan le feithiclí glana. Thairis sin, i dtaca le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh, ní mór saolré an táirge a leathnú. Dá bhrí sin, maidir le feithiclí a chomhlíonann na ceanglais maidir le feithiclí glana nó astaíochtaí nialasacha mar thoradh ar iarfheistiú, ba cheart iad a áireamh i dtreo na spriocanna íosta soláthair faoi seach a bhaint amach.

(16)

Baintear úsáid as feithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair chun críocha difriúla agus tá leibhéil dhifriúla aibíochta margaidh ag baint leo, agus bheadh sé ina bhuntáiste dá ndéanfaí na difríochtaí sin a aithint i bhforálacha soláthair phoiblí. Aithníodh sa mheasúnú tionchair gur saintréith de chuid na margaí do bhusanna uirbeacha astaíochtaí ísle agus do bhusanna uirbeacha astaíochtaí nialasacha é an margadh a bheith níos aibí, ach go bhfuil na margaí do thrucailí astaíochtaí ísle agus do thrucailí astaíochtaí nialasacha ag céim níos luaithe den fhorbairt mhargaidh. De bharr leibhéil teoranta aibíochta an mhargaidh i gcás cóistí astaíochtaí ísle agus nialasacha, ról réasúnta teoranta an tsoláthair phoiblí sa chuid sin den mhargadh, agus a riachtanais oibríochtúla sonracha, níor cheart go n-áireofaí cóistí i raon feidhme na Treorach seo. I gcomhréir leis an gcur chuige a leantar i Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus i Rialachán 107 de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE), meastar gur busanna atá i bhfeithiclí de chatagóir M3 ina bhfuil limistéir inar féidir le paisinéirí seasamh iontu agus a cheadaíonn gluaiseacht mhinic paisinéirí, agus meastar gur cóistí atá i bhfeithiclí de chatagóir M3 ina bhfuil limistéar an-teoranta nó nach bhfuil aon limistéar iontu do phaisinéirí seasamh iontu. I bhfianaise an mhargaidh an-teoranta atá ann le haghaidh busanna dhá stór agus a dteorainneacha sonracha ó thaobh dearaidh de, is iomchuí, le linn na chéad tréimhse tagartha a chumhdaítear leis an Treoir seo, spriocanna soláthair íosta níos ísle a chur i bhfeidhm le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha a bhaineann leis an gcatagóir sin d'fheithiclí tromshaothair sna Ballstáit ina bhfuil busanna dhá stór ina sciar shuntasach den soláthar poiblí.

(17)

Ionas nach ndéanfar ualaí díréireacha a fhorchur ar údaráis phoiblí agus oibritheoirí, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann soláthar poiblí feithiclí áirithe a bhfuil tréithe sonracha acu i ndáil lena riachtanais oibríochtúla a dhíolmhú ó cheanglais na Treorach seo. Áirítear ar na feithiclí sin feithiclí armúrtha, otharcharranna, eileatraim, feithiclí de chatagóir M1 atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí, crainn tógála soghluaiste, feithiclí atá deartha agus tógtha lena n-úsáid go príomha ar láithreacha tógála nó i gcairéil nó i saoráidí calafoirt nó aerfoirt, chomh maith le feithiclí atá deartha agus tógtha go sonrach nó oiriúnaithe lena n-úsáid ag na fórsaí armtha, ag an gcosaint shibhialta, ag seirbhísí dóiteáin agus ag fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choimeád. D'fhéadfadh baint a bheith ag na hoiriúnuithe sin le trealamh cumarsáide speisialaithe nó le soilse éigeandála a shuiteáil. Níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais dá bhforáiltear sa Treoir seo maidir le feithiclí atá deartha agus tógtha go sonrach le haghaidh saothar agus nach bhfuil oiriúnach chun paisinéirí ná earraí a iompar. Áirítear ar na feithiclí sin feithiclí a úsáidtear chun bóithre a chothabháil, amhail céachtaí sneachta.

(18)

Trí spriocanna íosta a leagan síos do sholáthar feithiclí glana atá le comhlíonadh in dhá thréimhse tagartha a thagann chun deiridh in 2025 agus in 2030 ar leibhéal na mBallstát, ba cheart rannchuidiú leis an gcinnteacht bheartais i gcás margaí ina bhfuil gá le hinfheistíocht a dhéanamh i soghluaisteacht astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha. Leis na spriocanna íosta, rannchuidítear le tacaíocht a thabhairt don chruthú margaidh le haghaidh na bhfeithiclí glana ar fud an Aontais. Soláthraíonn siad am chun próisis soláthair phoiblí a choigeartú agus is follasach an comhartha a thugann siad don margadh. Thairis sin, neartaítear an tiomantas do dhícharbónú na hearnála iompair trína cheangal go gcomhlíonfar leath den sprioc íosta le haghaidh na mbusanna arna soláthar sna tréimhsí tagartha sin trí bhusanna astaíochtaí nialasacha a sholáthar. Ba cheart a thabhairt ar aird go meastar gur busanna astaíochtaí nialasacha iad busanna tralaí, ar choinníoll gur ar leictreachas amháin a ritheann siad nó gur gléasra cumhachta astaíochtaí nialasacha amháin a bhíonn in úsáid acu nuair nach bhfuil siad nasctha leis an eangach, murab amhlaidh sin áireofar fós iad mar fheithiclí glana. Tugtar faoi deara sa mheasúnú tionchair go bhfuil ag méadú ar na Ballstáit spriocanna náisiúnta a leagan síos ag brath ar a n-acmhainneacht eacnamaíoch agus ar thromchúis na faidhbe. Ba cheart spriocanna éagsúla a leagan síos do na Ballstáit éagsúla bunaithe ar a n-acmhainneacht eacnamaíoch (Olltáirgeacht Intíre per capita) agus ar a nochtadh don truailliú (dlús daonra uirbigh). Léiríodh sa mheasúnú tionchair chríochaigh a rinneadh don Treoir seo go mbeidh an tionchar dáilte go cothrom i measc na réigiún san Aontas.

(19)

Ba cheart go mbeadh an tsolúbthacht ag na Ballstáit an dícheall chun na spriocanna íosta laistigh dá gcríoch a chomhlíonadh a dháileadh, i gcomhréir lena gcreat bunreachtúil agus i gcomhréir lena gcuspóirí beartais iompair. Maidir le leithdháileadh an díchill laistigh de Bhallstát, d'fhéadfaí tosca éagsúla a chur san áireamh amhail difríochtaí idir acmhainneacht eacnamaíoch, cáilíocht an aeir, dlús daonra, saintréithe na gcóras iompair, beartais chun iompar a dhícharbónú agus truailliú aeir a laghdú, nó aon chritéir ábhartha eile.

(20)

Feithiclí nach scaoiltear aon astaíochtaí óna sceithphíopaí, fágann siad lorg comhshaoil freisin de bharr na n-astaíochtaí a thagann as slabhra soláthair an bhreosla, ón gcéim eastósctha go dtí an t-umar, agus de bharr phróiseas mhonarú na gcomhpháirteanna agus a leibhéal in-athchúrsáilteachta. Chun bheith comhréireach le cuspóirí na hinbhuanaitheachta, ba cheart go dtáirgfí ceallraí leis na hiarmhairtí comhshaoil is ísle lasmuigh agus laistigh den Aontas, go háirithe maidir le próiseas eastósctha na n-amhábhar atá le húsáid i dtáirgeadh ceallraí. Trí theicneolaíochtaí a chur chun cinn a thugann aghaidh ar an dúshlán sin, amhail ceallraí inbhuanaithe agus in-athchúrsáilte, is féidir rannchuidiú le hinbhuanaitheacht fhoriomlán feithiclí leictreacha trí thionscnaimh amhail Comhghuaillíocht Ceallraí AE agus Plean Gníomhaíochta AE do Cheallraí agus i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Threoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Maidir leis an bhféidearthacht go mbeifí ag smaoineamh ar astaíochtaí CO2 saolré agus astaíochtaí CO2“ón tobar go dtí an roth” ó fheithiclí, ba cheart é sin a mheas don tréimhse tar éis 2030, agus forálacha ábhartha de dhlí an Aontais maidir lena ríomh ag an bpointe ama sin á gcur san áireamh.

(21)

Sa mholadh uaithi an 4 Aibreán 2017 chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tar éis an fhiosrúcháin maidir le tomhais astaíochtaí san earnáil gluaisteán (13), d'iarr Parlaimint na hEorpa ar na Ballstáit beartais ghlasa soláthair phoiblí a chothú trí fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus feithiclí astaíochtaí sárísle a bheith á gceannach ag údaráis phoiblí ar mhaithe lena gcuid flíteanna féin nó ar mhaithe le cláir phoiblí nó leathphoiblí comhroinnte carranna, agus ar mhaithe le deireadh a chur le carranna nua a astaíonn CO2 de réir a chéile faoin mbliain 2035.

(22)

Beifear in ann an tionchar is mó a bhaint amach más ar limistéir a bhfuil leibhéil aerthruaillithe agus truailliú de dheasca torainn measartha ard iontu a dhírítear an soláthar poiblí feithiclí glana. Moltar d'údaráis phoiblí sna Ballstáit díriú ar na réimsí sin go háirithe agus spriocanna íosta soláthair baile á gcur chun feidhme acu. Moltar d'údaráis phoiblí freisin bearta a dhéanamh, amhail na hacmhainní airgeadais leordhóthanacha a chur ar fáil d'údaráis chonarthacha agus d'eintitis chonarthacha, chun nach mbeidh praghsanna ticéad níos airde do thomhaltóirí nó nach mbeidh laghdú ar na seirbhísí iompair phoiblí ann, nó nach ndéanfaí forbairt iompair ghlain nach iompar de bhóthar é amhail tramanna agus traenacha meitreo a dhíspreagadh mar thoradh ar na costais a bhaineann le comhlíonadh na spriocanna soláthair íosta arna mbunú sa Treoir seo. Ba cheart d'údaráis phoiblí gníomhaíocht ghaolmhar a léiriú ina dtuairisciú faoin Treoir seo. Chun ualach díréireach a sheachaint agus chun torthaí ionchasacha na Treorach seo a optamú, ba cheart cúnamh teicniúil iomchuí a chur ar fáil do na húdaráis phoiblí.

(23)

Níl an t-iompar poiblí freagrach ach as sciar beag de na hastaíochtaí a thagann ón earnáil iompair. Chun dícharbónú na hearnála iompair a chur chun cinn tuilleadh, chun cáilíocht an aeir a fheabhsú tuilleadh agus chun cothrom iomaíochta a choimeád idir na hoibreoirí éagsúla, is féidir leis na Ballstáit a chinneadh, i gcomhlíonadh dhlí an Aontais, ceanglais chomhchosúla a fhorchur freisin ar oibreoirí príobháideacha agus ar sheirbhísí lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo, amhail cuideachtaí tacsaí, cuideachtaí carranna ar cíos agus cuideachtaí comhroinnte carranna.

(24)

Tá an chostáil saolré ina huirlis thábhachtach ag údaráis chonarthacha agus ag eintitis chonarthacha le haghaidh costais fuinnimh agus chomhshaoil a chumhdach le linn saolré feithicle, lena n-áirítear an costas a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán eile ar bhonn modheolaíocht ábhartha chun a luach airgeadúil a chinneadh. I bhfianaise thearcúsáid na modheolaíochta le haghaidh costais saolré oibríochtúla a ríomh faoi Threoir 2009/33/CE agus i bhfianaise na faisnéise a chuireann údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha ar fáil faoi úsáid a modheolaíochtaí féin atá sainoiriúnaithe dá n-imthosca sonracha agus dá riachtanais shonracha, níor cheart é a bheith éigeantach modheolaíocht shainordaitheach ar leith a úsáid, ach seachas sin, ba cheart d'údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a bheith in ann aon mhodheolaíocht costála saolré a úsáid chun tacú lena bpróisis soláthair ar bhonn na gcritéar tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch (“MEAT”) mar a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 67 de Threoir 2014/24/AE agus in Airteagal 82 de Threoir 2014/25/AE, agus cost-éifeachtacht thar shaolré na feithicle á cur san áireamh mar aon le gnéithe comhshaoil agus sóisialta.

(25)

Leis an tuairisciú ar sholáthar poiblí faoin Treoir seo, ba cheart forbhreathnú soiléir a fháil ar an margadh sa dóigh gur féidir faireachán éifeachtach a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Le tuairisciú den sórt sin, ba cheart tús a chur le réamhthíolacadh na faisnéise ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún faoin 2 Lúnasa 2022, agus ba cheart leanúint de leis an gcéad tuarascáil chuimsitheach ar chur chun feidhme na spriocanna íosta soláthair sa bhliain 2026 agus le ceann gach 3 bliana ina dhiaidh sin. Ba cheart an tréimhse ama a ailíniú le hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana faoi Threoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE. Chun an t-ualach riaracháin ar chomhlachtaí poiblí aonair a íoslaghdú agus chun forbhreathnú éifeachtach ar an margadh a fháil, ba cheart tuairisciú simplithe a éascú. Soláthróidh an Coimisiún réitigh chun go ndéanfar clárú agus faireachán faoin mbunachar sonraí “Tender Electronic Daily” (TED), agus áiritheoidh sé go dtabharfar tuairisc chuimsitheach ar fheithiclí astaíochtaí ísle agus ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus ar fheithiclí eile breoslaí malartacha i gcomhthéacs CPV an Aontais. Le cóid shonracha in CPV, cuideofar leis an gclárú agus leis an bhfaireachán faoi TED.

(26)

Is féidir tacaíocht bhreise do ghlacadh feithiclí glana agus dá mbonneagair sa mhargadh a bhaint amach trí bhearta spriocdhírithe tacaíochta poiblí a chur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Áirítear ar bhearta den sórt sin úsáid níos mó a bhaint as cistí an Aontais chun tacú le flíteanna iompair phoiblí a athnuachan agus feabhas a chur ar an malartú eolais agus nósanna imeachta soláthair a ailíniú chun go mbeifear in ann gníomhartha a dhéanamh ar scála dóthanach chun laghduithe costais a bhaint amach agus dul i bhfeidhm ar an margadh. Aithnítear sna Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020 (14) an fhéidearthacht tacaíocht phoiblí a thabhairt chun forbairt bonneagair a chur chun cinn, ar bonneagair iad a theastaíonn le haghaidh breoslaí malartacha a dháileadh. Mar sin féin, beidh feidhm ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 107 agus 108 de, maidir le tacaíocht phoiblí den sórt sin fós.

(27)

Le bearta tacaíochta spriocdhírithe le haghaidh feithiclí glana a sholáthar, féadfar cabhrú le húdaráis chonarthacha agus le heintitis chonarthacha. Faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) atá ann faoi láthair don tréimhse 2014-2020, tá réimse cistí éagsúla ag an Aontas cheana chun tacú leis na Ballstáit, le húdaráis áitiúla agus leis na hoibreoirí lena mbaineann maidir lena n-aistriú go soghluaisteacht inbhuanaithe. Go háirithe, is príomhfhoinse maoinithe le haghaidh soghluaisteacht uirbeach iad Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Le Fís 2020, clár taighde an Aontais, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), déantar cistiú ar thionscadail taighde agus nuálaíochta maidir le gluaisteacht uirbeach agus le cathracha agus pobail chliste, agus leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), tugtar tacaíocht do bhonneagar ábhartha a imlonnú i nóid uirbeacha. Is féidir a áirithiú go n-úsáidfear ionstraimí airgeadais ar bhonn níos spriocdhírithe fós lena n-áirítear sa chéad CAI eile don tréimhse 2021-2027 trí shainmhíniú soiléir ar fheithicil ghlan a thabhairt isteach agus spriocanna íosta a shocrú dá soláthar sa Treoir seo. Leis an bearta tacaíochta sin, cuideofar leis an ard-infheistíocht tosaigh in athruithe bonneagair a laghdú agus tacófar le hiompar a dhícharbónú.

(28)

Chun a áirithiú go saothrófar na tairbhí ionchasacha go hiomlán, ba cheart don Choimisiún treoir a sholáthar do na Ballstáit maidir le cistí éagsúla an Aontais a d'fhéadfaí a úsáid, agus ba cheart dó malartú eolais agus dea-chleachtas a éascú agus a struchtúrú idir na Ballstáit chun ceannach, léasú, glacadh ar cíos nó fruilcheannach feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de ag údaráis chonarthacha agus ag eintitis chonarthacha a chur chun cinn. Ba cheart don Coimisiún leanúint de sheirbhísí comhairleoireachta teicniúla agus airgeadais a chur ar fáil d'údaráis agus oibreoirí áitiúla trí ionstraimí amhail an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht, JASPERS agus JESSICA. Ba cheart a áireamh leis an gcúnamh sin údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a spreagadh chun a gcuid acmhainní a chomhthiomsú i soláthar comhpháirteach feithiclí iompair de bhóthar astaíochtaí ísle agus atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, chun barainneachtaí scála a bhaint amach agus chun gnóthú chuspóirí na Treorach seo a éascú.

(29)

Chun go mbeadh an tionchar is mó is féidir ag na hinfheistíochtaí, is gá comhordú níos fearr a dhéanamh ar an tsoghluaisteacht agus ar an bpleanáil uirbeach, amhail trí phleananna maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe (PSUInna) a úsáid. Is ionann PSUInna agus pleananna a fhorbraítear i réimsí beartais aonair agus i gcomhar le leibhéil éagsúla rialachais trína ndéantar modhanna difriúla iompair, sábháilteacht ar bhóithre, seachadadh lasta, bainistíocht soghluaisteachta agus córais chliste iompair a chónascadh. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag PSUInna i ngnóthú spriocanna an Aontais maidir leis na laghduithe ar astaíochtaí CO2, aerthruailliú agus truailliú torainn.

(30)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le formáid choiteann na dtuarascálacha ó na Ballstáit agus a gcuid socruithe tarchuir a leagan amach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(31)

Faoin 31 Nollaig 2027, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme Threoir 2009/33/CE. Ba cheart go mbeadh togra reachtach ag gabháil leis an athbhreithniú, i gcás inarb iomchuí, chun an Treoir sin a leasú don tréimhse i ndiaidh 2030, lena n-áirítear maidir le spriocanna uaillmhianacha nua a shocrú agus an raon feidhme a leathnú go catagóirí eile feithiclí, amhail feithiclí de chatagóir L agus innealra láithreacha tógála. Ina athbhreithniú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh chomh maith, inter alia, ar an bhféidearthacht an Treoir seo a ailíniú le haon mhodheolaíocht arna forbairt i gcomhthéacs caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d'fheithiclí AE chun astaíochtaí CO2 ar feadh na saolré agus astaíochtaí CO2“ón tobar go dtí an roth” a chomhaireamh, chomh maith leis an bhféidearthacht ceallraí inbhuanaithe agus in-athchúrsáilte mar aon le húsáid bonn ardghráid agus atráchta a chur chun cinn.

(32)

Cé nach bhfuil feidhm ag na spriocanna íosta soláthair a leagtar amach sa Treoir seo maidir le hinstitiúidí an Aontais, is inmhianaithe go dtabharfadh institiúidí an Aontais ceannaireacht le dea-shampla.

(33)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon spreagadh ar thaobh an éilimh a thabhairt d'fheithiclí glana chun tacú le hascnamh chuig soghluaisteacht íseal-astaíochtaí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr creat beartais comhchoiteann fadtéarmach agus de bharr fairsinge, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(34)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (18), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(35)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/33/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2009/33/CE

Leasaítear Treoir 2009/33/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan a chur chun cinn chun tacú le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

Leis an Treoir seo, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go dtugann údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha aird ar thionchair fuinnimh agus comhshaoil saolré, lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh agus astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleáin áirithe, nuair a bhíonn feithiclí iompair de bhóthar áirithe á soláthar agus é mar chuspóirí leis sin an margadh le haghaidh feithiclí atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn agus a spreagadh agus feabhas a chur ar rannchuidiú na hearnála iompair le beartais chomhshaoil, aeráide agus fuinnimh an Aontais.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

Díolúintí

Féadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ó na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo feithiclí dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 2(2) agus i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus i bpointí 5.2. go 5.5. agus i bpointe 5.7. de Chuid A d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

(*1)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).”;"

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le soláthar tríd an méid seo a leanas:

(a)

conarthaí maidir le feithiclí iompair de bhóthar, arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis chonarthacha, a cheannach, a léasú, a ghlacadh ar cíos nó a fhruilcheannach a mhéid atá siad faoi oibleagáid na nósanna imeachta um sholáthar a leagtar amach i dTreoracha 2014/24/AE (*2) agus 2014/25/AE (*3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm;

(b)

conarthaí seirbhíse poiblí de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) a bhfuil mar ábhar acu soláthar seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar os cionn tairseach a shocróidh na Ballstáit ach nach mó í ná an luach tairsí is infheidhme mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Rialachán sin;

(c)

conarthaí seirbhíse a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a mhéid atá na húdaráis chonarthacha nó na heintitis chonarthacha faoi oibleagáid na nósanna imeachta um sholáthar a leagtar amach i dTreoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE a chur i bhfeidhm.

Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach amháin maidir leis na conarthaí sin a ndearnadh an glao ar thairiscintí ina leith a sheoladh tar éis an 2 Lúnasa 2021 nó, i gcásanna nach bhforáiltear do ghlao ar thairiscintí, i gcás inar chuir an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach tús leis an nós imeachta um sholáthar tar éis an dáta sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

feithiclí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 2(2) agus i bpointe (c) d'Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) 2018/858;

(b)

feithiclí de chatagóir M3 seachas feithiclí d'Aicme I agus feithiclí d'Aicme A mar a shainmhínítear i bpointí (2) agus (3) d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

(*2)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65)."

(*3)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243)."

(*4)  Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1)."

(*5)  Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 200, 31.7.2009, lch. 1)”;"

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo:

(1)

ciallaíonn ‘údaráis chonarthacha’ údaráis chonarthacha mar a shainmhínítear iad i bpointe 1 d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE agus in Airteagal 3 de Threoir 2014/25/AE;

(2)

ciallaíonn ‘eintitis chonarthacha’ eintitis chonarthacha amhail mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE;

(3)

ciallaíonn ‘feithicil iompair de bhóthar’ feithicil de chatagóir M nó N mar a shainmhínítear í i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/858;

(4)

ciallaíonn ‘feithicil ghlan’:

(a)

feithicil de chatagóir M1, M2 nó N1 ag a bhfuil astaíocht uasta sceithphíopa arna sloinneadh in CO2 g/km agus astaíochtaí truailleán i bhfíordhálaí tiomána atá faoi bhun céatadán de na teorainneacha astaíochtaí is infheidhme a leagtar síos i dTábla 2 den Iarscríbhinn, nó;

(b)

feithicil de chatagóir M3, N2 nó N3 a úsáideann breoslaí malartacha mar a shainmhínítear iad i bpointí (1) agus (2) d'Airteagal 2 de Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), cé is moite de bhreoslaí a tháirgtear as stoc beatha lena ngabhann riosca ard indíreach um athrú ar an talamhúsáid ar cuireadh síneadh suntasach leis an limistéar táirgthe chun go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7). I gcás feithiclí a úsáideann bithbhreoslaí leachtacha, breoslaí sintéiseacha agus breoslaí pairifíneacha, ní dhéanfar na breoslaí sin a chumasc le gnáthbhreoslaí iontaise;

(5)

ciallaíonn ‘feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha’ feithicil ghlan, mar a shainmhínítear í i bpointe 4(b) den Airteagal seo, nach bhfuil inneall dócháin inmheánaigh inti nó ag a bhfuil inneall dócháin inmheánaigh a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/kWh arna thomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8) agus a bhearta cur chun feidhme, nó feithicil a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/km arna thomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9) agus a bhearta cur chun feidhme.

(*6)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le húsáid a bhaint as bonneagar breoslaí malartacha (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1)."

(*7)  Treoir AE 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82)."

(*8)  Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineálcheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/EC agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1)."

(*9)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).”;"

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Spriocanna íosta soláthair

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás soláthar feithiclí agus seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir seo, go gcomhlíonfar na spriocanna íosta soláthair d'fheithiclí saothair éadroim glana a leagtar amach i dTábla 3 den Iarscríbhinn agus na spriocanna íosta soláthair d'fheithiclí tromshaothair glana a leagtar amach i dTábla 4 den Iarscríbhinn. Sloinntear na spriocanna sin mar chéatadáin íosta d'fheithiclí glana den líon iomlán feithiclí iompair de bhóthar atá cumhdaithe ag comhiomlán na gconarthaí go léir dá dtagraítear in Airteagal 3, arna ndámhachtain idir an 2 Lúnasa 2021 agus an 31 Nollaig 2025, don chéad tréimhse thagartha, agus idir an 1 Eanáir 2026 agus an 31 Nollaig 2030, don dara tréimhse thagartha.

2.   Chun spriocanna íosta soláthair a ríomh, is é an dáta soláthair phoiblí atá le cur san áireamh ná an dáta a thugtar an nós imeachta um sholáthar poiblí i gcrích, tríd an gconradh a dhamhachtain.

3.   Maidir le feithiclí a chomhlíonann an sainmhíniú ar fheithicil ghlan faoi phointe 4 d'Airteagal 4 nó an sainmhíniú ar fheithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha faoi phointe 5 d'Airteagal 4 mar thoradh ar iarfheistiú, féadfar iad a chomhaireamh mar fheithiclí tromshaothair ghlana nó astaíochtaí nialasacha, faoi seach, chun críche na spriocanna íosta soláthair a chomhlíonadh.

4.   I gcás conarthaí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 3(1), cuirfear san áireamh líon na bhfeithiclí iompair arna gceannach, arna léasú, arna nglacadh ar cíos nó arna bhfruilcheannach faoi gach conradh chun críocha measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na spriocanna íosta soláthair.

5.   I gcás conarthaí dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d'Airteagal 3(1), cuirfear san áireamh líon na bhfeithiclí iompair de bhóthar a úsáidfear chun na seirbhísí a sholáthar atá clúdaithe le gach conradh chun críocha measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na spriocanna íosta soláthair.

6.   I gcás nach nglacfar na spriocanna nua don tréimhse tar éis an 1 Eanáir 2030, leanfaidh na spriocanna arna leagan síos don dara tréimhse tagartha d'fheidhm a bheith acu, agus ríomhfar iad i gcomhréir le míreanna 1 go 5, thar thréimhsí 5 bliana ina dhiaidh sin.

7.   Féadfaidh na Ballstáit spriocanna náisiúnta níos airde nó níos déine ná na spriocanna sin dá dtagraítear san Iarscríbhinn a chur i bhfeidhm, nó féadfaidh siad a údarú dá n-údaráis chonarthacha nó d'eintitis chonarthacha déanamh amhlaidh.”;

(7)

scriostar Airteagail 6 agus 7;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Eolas agus dea-chleachtais a mhalartú

Déanfaidh an Coimisiún an malartú eolais agus dea-chleachtas a éascú agus a struchtúrú idir na Ballstáit maidir le cleachtais chun soláthar feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de ag údaráis chonarthacha agus ag eintitis chonarthacha a chur chun cinn.”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 9 de Threoir 2014/94/AE cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

(*10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.   Faoin 2 Lúnasa 2022, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a bheidh déanta chun an Treoir seo a chur chun feidhme agus faoi intinn na mBallstát i ndáil le gníomhaíochtaí cur chun feidhme sa todhchaí, lena n-áirítear uainiú agus comhroinnt díchill a d'fhéadfadh a bheith ann idir leibhéil éagsúla rialachais, agus faoi aon fhaisnéis eile a mheasann an Ballstát a bheith ábhartha.

2.   Faoin 18 Aibreán 2026, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh na tuarascálacha sin ag gabháil leis na tuarascálacha dá bhforáiltear sa dara fomhír d'Airteagal 83(3) de Threoir 2014/24/AE agus sa dara fomhír d'Airteagal 99(3) de Treoir 2014/24/AE agus beidh faisnéis iontu faoi na bearta arna nglacadh chun an Treoir seo a chur chun feidhme, faoi ghníomhaíochtaí chur chun feidhme sa todhchaí, chomh maith le haon fhaisnéis eile a mheasann an Ballstát a bheith ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin freisin líon na bhfeithiclí agus catagóirí na bhfeithiclí arna gcumhdach ag na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir seo, bunaithe ar na sonraí arna soláthar ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear an fhaisnéis i láthair ar bhonn na gcatagóirí a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11).

3.   Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit maidir lena n-oibleagáidí tuairiscithe, déanfaidh an Coimisiún líon na bhfeithiclí agus catagóirí na bhfeithiclí a chumhdaítear leis na conarthaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d'Airteagal 3(1) den Treoir seo a thabhairt le chéile agus a fhoilsiú trí na sonraí ábhartha a bhaint as fógraí faoi dhámhachtain conarthaí a fhoilsítear ar an mbunachar sonraí “Tender Electronic Daily” (TED) i gcomhréir le Treoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE.

4.   Faoin 18 Aibreán 2027, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sonrófar na bearta a bheidh déanta ag Ballstáit ina leith sin, tar éis na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 2.

5.   Faoin 31 Nollaig 2027, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme na Treorach seo agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach maidir lena leasú don tréimhse tar éis 2030 a thíolacadh, lena n-áirítear spriocanna nua a leagan síos agus catagóirí eile feithiclí a áireamh inti, amhail feithiclí dhá nó trí roth.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 9(2) lena leagtar amach formáid na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus a socruithe tarchuir.

(*11)  Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV) (IO L 340, 16.12.2002, lch. 1).”;"

(11)

cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 2 Lúnasa 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 262, 25.7.2018, lch. 58.

(2)  IO C 387, 25.10.2018, lch. 70.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Meitheamh 2019.

(4)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(5)  Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210).

(6)  Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).

(7)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(8)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(9)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le húsáid a bhaint as bonneagar breoslaí malartacha (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leagtar amach na caighdeáin feidhmíochta CO2 maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 200, 31.7.2009, lch. 1).

(12)  Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola, agus lena leasaítear Treoir 91/157/CEE (IO L 266, 26.9.2006, lch. 1).

(13)  IO C 298, 23.8.2018, lch. 140.

(14)  IO C 200, 28.6.2014, lch. 1.

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 — An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (AE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN

FAISNÉIS FAOI SPRIOCANNA ÍOSTA SOLÁTHAIR D'FHEITHICLÍ GLANA IOMPAIR DE BHÓTHAR A CHUR CHUN FEIDHME CHUN TACÚ LE SOGHLUAISTEACHT ÍSEAL-ASTAÍOCHTAÍ SNA BALLSTÁIT

Tábla 1: Cóid an Stóir Focal Chomhchoitinn um Sholáthar (CPV) le haghaidh seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 3(1).

Cód CPV

Tuairisc

60112000-6

Seirbhísí iompair phoiblí de bhóthar

60130000-8

Seirbhísí sainchuspóireacha iompair paisinéirí de bhóthar

60140000-1

Iompar neamhsceidealta paisinéirí

90511000-2

Seirbhísí bailithe dramhaíola

60160000-7

Iompar an phoist de bhóthar

60161000-4

Seirbhísí iompair beartán

64121100-1

Seirbhísí seachadta poist

64121200-2

Seirbhísí seachadta beartán

Tábla 2: Tairseacha astaíochtaí d'fheithiclí saothair éadroim glana

Catagóirí feithiclí

Go dtí an 31 Nollaig 2025

Ón 1 Eanáir 2026

 

CO2 g/km

Astaíochtaí truailleán aeir RDE (1) mar chéatadán de theorainneacha astaíochtaí (2)

CO2 g/km

Astaíochtaí truailleán aeir RDE (1) mar chéatadán de theorainneacha astaíochtaí (2)

M1

50

80 %

0

n/b

M2

50

80 %

0

n/b

N1

50

80 %

0

n/b

(*)

Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí a cheadú, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a ceapadh do na feithiclí sin (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).

Tábla 3: Spriocanna íosta soláthair do sciar na bhfeithiclí saothair éadroim glana i gcomhréir le Tábla 2 de líon iomlán na bhfeithiclí saothair éadroim arna chumhdach leis na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 3 ar leibhéal na mBallstát

Ballstát

Ón 2 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Nollaig 2025

Ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2030

Lucsamburg

38,5 %

38,5 %

An tSualainn

38,5 %

38,5 %

An Danmhairg

37,4 %

37,4 %

An Fhionlainn

38,5 %

38,5 %

An Ghearmáin

38,5 %

38,5 %

An Fhrainc

37,4 %

37,4 %

An Ríocht Aontaithe

38,5 %

38,5 %

An Ísiltír

38,5 %

38,5 %

An Ostair

38,5 %

38,5 %

An Bheilg

38,5 %

38,5 %

An Iodáil

38,5 %

38,5 %

Éire

38,5 %

38,5 %

An Spáinn

36,3 %

36,3 %

An Chipir

31,9 %

31,9 %

Málta

38,5 %

38,5 %

An Phortaingéil

29,7 %

29,7 %

An Ghréig

25,3 %

25,3 %

An tSlóivéin

22 %

22 %

An tSeicia

29,7 %

29,7 %

An Eastóin

23,1 %

23,1 %

An tSlóvaic

22 %

22 %

An Liotuáin

20,9 %

20,9 %

An Pholainn

22 %

22 %

An Chróit

18,7 %

18,7 %

An Ungáir

23,1 %

23,1 %

An Laitvia

22 %

22 %

An Rómáin

18,7 %

18,7 %

An Bhulgáir

17,6 %

17,6 %

Tábla 4: Spriocanna íosta soláthair do sciar na bhfeithiclí tromshaothair glana de líon iomlán na bhfeithiclí tromshaothair arna chumhdach leis na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 3 ar leibhéal na mBallstát (*)

Ballstát

Trucailí (catagóir feithicle N2 agus N3)

Busanna (catagóir feithicle M3) (*1)

 

Ón 2 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Nollaig 2025

Ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2030

Ón 2 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Nollaig 2025

Ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2030

Lucsamburg

10 %

15 %

45 %

65 %

An tSualainn

10 %

15 %

45 %

65 %

An Danmhairg

10 %

15 %

45 %

65 %

An Fhionlainn

9 %

15 %

41 %

59 %

An Ghearmáin

10 %

15 %

45 %

65 %

An Fhrainc

10 %

15 %

43 %

61 %

An Ríocht Aontaithe

10 %

15 %

45 %

65 %

An Ísiltír

10 %

15 %

45 %

65 %

An Ostair

10 %

15 %

45 %

65 %

An Bheilg

10 %

15 %

45 %

65 %

An Iodáil

10 %

15 %

45 %

65 %

Éire

10 %

15 %

45 %

65 %

An Spáinn

10 %

14 %

45 %

65 %

An Chipir

10 %

13 %

45 %

65 %

Málta

10 %

15 %

45 %

65 %

An Phortaingéil

8 %

12 %

35 %

51 %

An Ghréig

8 %

10 %

33 %

47 %

An tSlóivéin

7 %

9 %

28 %

40 %

An tSeicia

9 %

11 %

41 %

60 %

An Eastóin

7 %

9 %

31 %

43 %

An tSlóvaic

8 %

9 %

34 %

48 %

An Liotuáin

8 %

9 %

42 %

60 %

An Pholainn

7 %

9 %

32 %

46 %

An Chróit

6 %

7 %

27 %

38 %

An Ungáir

8 %

9 %

37 %

53 %

An Laitvia

8 %

9 %

35 %

50 %

An Rómáin

6 %

7 %

24 %

33 %

An Bhulgáir

7 %

8 %

34 %

48 %

”.

(1)  Luachanna uasta dearbhaithe d'astaíochtaí faoi fhíordhálaí tiomána (RDE) de líon na gcáithníní (PN) in mg/km agus ocsaídí nítrigine (NOx) in mg/km mar a thuairiscítear i bpointe 48.2 sa deimhniú comhréireachta, mar a dtugtar tuairisc air in Iarscríbhinn IX de Threoir 2007/46/CE (*) le haghaidh turais RDE iomlána agus uirbeacha araon.

(2)  Na teorainneacha astaíochtaí is infheidhme a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, nó ina comharbaí.

(*1)  Ní mór leath den sprioc íosta i dtaca leis an sciar de bhusanna glana a chomhlíonadh trí bhusanna astaíochtaí nialasacha a sholáthar mar a shainmhínítear i bpointe 5 d'Airteagal 4. Déantar an ceanglas sin a ísliú chuig aon cheathrú den sprioc íosta don chéad tréimhse thagartha más rud é gur busanna dhá stór atá i níos mó ná 80 % de na busanna atá cumhdaithe ag comhiomlán na gconarthaí go léir dá dtagraítear in Airteagal 3 agus a rinneadh a dhámhachtain i rith na tréimhse sin i mBallstát.