26.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

56


TREOIR (AE) 2019/1024 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a leasú go suntasach. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh uirthi, ba cheart í a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

De bhun Airteagal 13 de Threoir 2003/98/CE agus 5 bliana tar éis ghlacadh Threoir 2013/37/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lenar leasaíodh Treoir 2003/98/CE, tá meastóireacht agus athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, ar fheidhmiú Threoir 2003/98/CE faoi chuimsiú an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála.

(3)

I ndiaidh an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí agus i bhfianaise thorthaí an mheasúnaithe tionchair, ba é mheas an Choimisiúin gur ghá beart ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá fós ann agus ar na bacainní atá ag teacht chun cinn maidir le hathúsáid fhairsing a bhaint ar fud an Aontais as faisnéis ón earnáil phoiblí agus as faisnéis arb é an ciste poiblí a d'íoc aisti, chun an creat reachtach a thabhairt bord ar bhord leis an dul chun cinn atá déanta sna teicneolaíochtaí digiteacha, agus tuilleadh den nuálaíocht dhigiteach a spreagadh, go mór mór maidir leis an Intleacht Shaorga.

(4)

Ba cheart gur ar na réimsí seo a leanas a dhíreofaí na hathruithe substainteacha a dhéantar ar an téacs dlí chun leas iomlán a bhaint as an bpoitéinseal atá i bhfaisnéis ón earnáil phoiblí do gheilleagar agus do shochaí na hEorpa: rochtain fíor-ama ar shonraí dinimiciúla trí mhodhanna teicniúla iomchuí, méadú ar sholáthar sonraí poiblí luachmhara lena n-athúsáid, lena n-áirítear sonraí ó ghnóthais phoiblí, ó eagraíochtaí déanta taighde agus ó eagraíochtaí maoinithe taighde, dul i ngleic leis na cineálacha nua socruithe eisiacha atá ag teacht chun cinn, dul i ngleic le húsáid eisceachtaí ar an bprionsabal an costas imeallach a ghearradh agus an gaol idir an Treoir seo agus ionstraimí dlí gaolmhara áirithe, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2016/679 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 96/9/CE (6), 2003/4/CE (7) agus 2007/2/CE (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5)

Ceart bunúsach is ea an rochtain ar fhaisnéis. Foráiltear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) go bhfuil ag cách an ceart chun tuairimí a nochtadh lena n-áirítear an tsaoirse tuairimí a bheith ag an duine agus eolas agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údaráis phoiblí agus beag beann ar theorainneacha.

(6)

Le hAirteagal 8 den Chairt, ráthaítear an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta agus foráiltear gur gá na sonraí sin a phróiseáil go cothrom chun críocha sonracha, ar bhonn thoiliú an duine lena mbaineann nó ar bhonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos sa dlí agus faoi réir rialaithe ag údarás neamhspleách.

(7)

Foráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do bhunú margaidh inmheánaigh agus córais a áiritheoidh nach ndéanfar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Le comhchuibhiú na rialacha agus na gcleachtas atá ar fáil sna Ballstáit i ndáil le leas a bhaint as faisnéis ón earnáil phoiblí, cuirtear le gnóthú na gcuspóirí sin.

(8)

Sna Ballstáit, déanann an earnáil phoiblí raon leathan faisnéise ina lán réimsí gníomhaíochta a bhailiú, a tháirgeadh, a atáirgeadh agus a scaipeadh, amhail faisnéis i réimsí sóisialta, polaitiúla, eacnamaíocha, dhlíthiúla, geografacha, comhshaoil, meitéareolaíocha, seismeachta, turasóireachta, gnó, paitinne agus faisnéis a bhaineann leis sin, agus réimsí oideachasúla. Na doiciméid a tháirgeann comhlachtaí poiblí de chuid an fheidhmeannais, an reachtais nó na breithiúnachta, is stór luachmhar acmhainní iad atá ollmhór agus ilchineálach agus a rachadh chun tairbhe don tsochaí. Ach an fhaisnéis sin, lena n-áirítear sonraí dinimiciúla, a chur ar fáil i bhformáid leictreonach a úsáidtear go coitianta, tugtar deis do shaoránaigh agus d'eintitis dhlíthiúla teacht ar bhealaí nua chun iad a úsáid, agus chun táirgí agus seirbhísí nua agus nuálacha a chruthú. Tharlódh go bhféadfadh na Ballstáit agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí tacaíocht leordhóthanach airgeadais a fháil ó chistí agus ó chláir ábhartha de chuid an Aontais agus tairbhe a bhaint astu, rud a d'áiritheodh go mbainfí úsáid fhorleathan as na teicneolaíochtaí digiteacha nó go ndéanfaí claochlú digiteach ar na córais riaracháin phoiblí agus ar na seirbhísí poiblí, agus iad ag féachaint le sonraí a chur ar fáil gan stró chun a n-athúsáide.

(9)

Is iontach go deo an fhoinse sonraí í faisnéis ón earnáil phoiblí, sonraí a dtig leo a bheith ina gcuidiú chun an margadh inmheánach a fheabhsú agus feidhmchláir nua a cheapadh do thomhaltóirí agus d'eintitis dhlíthiúla. Ach úsáid chliste a bhaint as sonraí, lena n-áirítear iad a phróiseáil le feidhmchláir intleachta saorga, is féidir tionchar claochlaitheach a imirt ar gach cuid den gheilleagar.

(10)

Le Treoir 2003/98/CE bunaíodh sraith íosta rialacha lena rialaítear an athúsáid agus na socruithe praiticiúla le hathúsáid na ndoiciméad arb ann dóibh atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí na mBallstát a éascú, lena n-áirítear comhlachtaí feidhmeannacha, reachtacha agus breithiúnacha. Ón uair a glacadh an chéad sraith rialacha maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid, tá méadú as cuimse tagtha ar an méid sonraí ar domhan, lena n-áirítear sonraí poiblí, agus tá cineálacha nua sonraí á nginiúint agus á mbailiú. Lena ais sin, tá forbairt leanúnach ar siúl sna teicneolaíochtaí anailísithe, saothraithe, agus próiseála sonraí, amhail an mheaisínfhoghlaim, an intleacht shaorga, agus idirlíon na rudaí nithiúla. A bhuí leis an bhforbairt ghasta sin ar an teicneolaíocht is féidir seirbhísí agus feidhmeanna nua a chruthú bunaithe ar úsáid, comhbhailiú agus comhcheangal sonraí. Na rialacha a glacadh i dtosach in 2003, agus a leasaíodh in 2013, níl ag éirí leo a thuilleadh coinneáil bord ar bhord leis na hathruithe gasta sin agus dá thoradh sin d'fhéadfaí deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta a chuireann an athúsáid sonraí poiblí ar fáil a chailleadh.

(11)

Imríonn an t-ascnamh i dtreo sochaí shonraíbhunaithe, nuair a úsáidtear sonraí ó réimsí agus gníomhaíochtaí éagsúla, tionchar ar shaol gach saoránaigh san Aontas, inter alia toisc go gcuireann sé bealaí nua ar fáil dóibh le heolas a rochtain agus a shealbhú.

(12)

Tá ról tábhachtach ag an inneachar digiteach san ascnamh sin. A bhuí leis an táirgeadh inneachair cruthaíodh poist go gasta le blianta beaga anuas agus tá siad fós á gcruthú. Is i ngnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a chruthaítear formhór na bpost sin.

(13)

Ar na príomhaidhmeanna atá le bunú an mhargaidh inmheánaigh, tá dálaí a chruthú atá fabhrach d'fhorbairt seirbhísí agus táirgí ar fud an Aontais agus laistigh de na Ballstáit. I dtaca le faisnéis ón earnáil phoiblí nó faisnéis a bhailítear, a tháirgtear, a atáirgtear, agus a scaiptear agus cúram poiblí nó seirbhís phoiblí is suim le cách á chur i gcrích, is bunábhar tábhachtach an méid sin ag táirgí agus seirbhísí a úsáideann inneachar digiteach, agus is mó a bheidh a dtábhacht mar acmhainn don inneachar i ngeall ar an bhforbairt atáthar a dhéanamh ar na hardteicneolaíochtaí digiteacha, amhail an intleacht shaorga, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte, agus idirlíon na rudaí nithiúla. Is gá an clúdach geografach trasteorann a bheith fairsing chuige sin freisin. I ngeall ar an athúsáid mhéadaithe is féidir a bhaint as faisnéis den chineál sin, táthar ag súil, inter alia, go mbeadh deis ag gach gnólacht san Aontas, lena n-áirítear micreafhiontair agus FBManna, agus an tsochaí shibhialta, teacht i dtír ar phoitéinseal na faisnéise sin, agus cur leis an bhforbairt eacnamaíoch, agus le cruthú agus cosaint na fostaíochta ardchaighdeáin, agus sin a bheith go háirithe chun leas na gcomhphobal áitiúil, agus chun leas na spriocanna tábhachtacha sin de chuid na sochaí, mar atá an chuntasacht agus an trédhearcacht.

(14)

Nuair a cheadaítear doiciméid atá i seilbh comhlachta den earnáil phoiblí a athúsáid, cuirtear lena luach chun tairbhe an athúsáideora, an úsáideora deiridh agus an sochaí i gcoitinne agus, ina lán cásanna, chun tairbhe chomhlacht na hearnála poiblí féin, trí thrédhearcacht agus cuntasacht a chur chun cinn agus trí aiseolas ó athúsáideoirí agus ó úsáideoirí deiridh a chur ar fáil a ligean don chomhlacht poiblí i gceist feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise a bhailíonn sé mar aon le feabhas a chur ar fheidhmiú a chuid cúraimí.

(15)

Tá difríochtaí nach beag idir na rialacha agus na cleachtais sna Ballstáit maidir le leas a bhaint as acmhainní faisnéise ón earnáil phoiblí, agus is bacainní iad na difríochtaí sin ar ghnóthú lánphoitéinseal eacnamaíoch na hacmhainne doiciméadachta sin atá fíorthábhachtach. Ba cheart a chur san áireamh go mbíonn éagsúlacht ann i gcónaí ó Bhallstát go Ballstát maidir le cleachtas chomhlachtaí na hearnála poiblí agus leas á bhaint acu as faisnéis ón earnáil phoiblí. Dá bhrí sin, ba cheart comhchuibhiú íosta a shaothrú maidir leis na rialacha agus na cleachtais náisiúnta maidir le doiciméad ón earnáil phoiblí a athúsáid, i gcásanna ina bhfuil na difríochtaí idir na rialacháin agus na cleachtais náisiúnta nó an easpa soiléireachta ina mbac ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus ar dhea-fhorbairt na sochaí faisnéise san Aontas.

(16)

Is é ciall ghinearálta atá le coincheap na sonraí oscailte sonraí a bhíonn i bhformáid oscailte ar féidir le haon duine iad a úsáid, a athúsáid, agus a roinnt chun gach críche. Beartais sonraí oscailte lena gcothaítear infhaighteacht fhairsing agus athúsáid fhairsing faisnéise ón earnáil phoiblí chun críocha príobháideacha agus tráchtála, faoi íosmhéid srianta dlíthiúla, teicniúla nó airgeadais, nó saor ó shrianta den sórt sin, agus lena gcuirtear cúrsaíocht na faisnéise chun cinn ní hamháin d'oibreoirí eacnamaíocha ach go príomha don phobal freisin, is féidir le beartais den sórt sin a bheith tábhachtach i ndáil le spreagadh na rannpháirtíochta sóisialta, agus spreagadh a chur i bhforbairt agus i gcur chun cinn seirbhísí nua atá bunaithe ar bhealaí nua leis an bhfaisnéis sin a chomhcheangal agus a úsáid. Moltar do na Ballstáit, dá bhrí sin, cruthú sonraí a chur chun cinn de réir an phrionsabail “oscailte d'aon ghnó agus mar réamhshocrú”, i gcás gach doiciméad a chumhdaítear faoi raon na Treorach seo. Le linn dóibh déanamh amhlaidh, ba cheart dóibh a áirithiú go dtugtar leibhéal comhsheasmhach cosanta do chuspóirí ar mhaithe le leasa an phobail, amhail an tslándáil phoiblí, lena n-áirítear faisnéis íogair a bhaineann le bonneagar criticiúil. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go gcosnófar sonraí pearsanta, lena n-áirítear cás den chineál seo: nuair nár ghá gur bhaol do thacar sonraí ar leith duine nádúrtha a shainaithint nó a roghnú as measc cáich, ach go bhféadfadh riosca a bheith i gceist a luaithe a chuirfí an fhaisnéis sin le faisnéis éigin eile a bheadh ar fáil.

(17)

Thairis sin, gan comhchuibhiú íosta ar leibhéal an Aontais, d'fhéadfadh go dtiocfadh méadú ar na héagsúlachtaí de dheasca gníomhaíocht reachtach ar an leibhéal náisiúnta, gníomhaíocht a bhfuil tús curtha leis cheana i roinnt Ballstát chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin theicneolaíocha. Tiocfaidh méadú ar thábhacht an tionchair atá ag na héagsúlachtaí reachtacha agus ag na héiginnteachtaí sin, de réir mar a thiocfaidh tuilleadh forbartha ar an tsochaí faisnéise, rud a mhéadaigh go mór cheana féin úsáid trasteorann faisnéise.

(18)

Tá beartais athúsáide bunaithe ag na Ballstáit faoi Threoir 2003/98/CE agus tá cur chuige uaillmhianach glactha ag roinnt acu maidir le sonraí oscailte chun athúsáid na sonraí poiblí inrochtana a dhéanamh níos fusa do shaoránaigh agus d'eintitis dhlíthiúla de bhreis ar an íosleibhéal a leagtar síos sa Treoir sin. Tá baol ann go bhféadfadh éagsúlacht na rialacha ó Bhallstát go chéile a bheith ina bac ar tháirgí agus seirbhísí a thairiscint thar teorainneacha agus cosc a chur le tacair sonraí poiblí inchomparáide a athúsáid i gcomhair feidhmeanna uile-Aontais a bhunófaí orthu. Dá bhrí sin, is gá comhchuibhiú íosta chun a chinneadh cé na sonraí poiblí a bheidh le fáil lena n-athúsáid i margadh inmheánach na faisnéise, i gcomhréir leis na córais rochtana ábhartha agus gan difear a dhéanamh dóibh, idir chórais ghinearálta agus chórais earnálacha, amhail an córas a shainmhínítear i dTreoir 2003/4/CE. Ba cheart na forálacha de dhlí an Aontais agus den dlí náisiúnta a théann níos faide ná na híoscheanglais sin, go háirithe i gcásanna dlí earnála leanúint d'fheidhm a bheith acu. Mar shamplaí d'fhorálacha a théann níos faide ná an t-íosleibhéal comhchuibhithe a leagtar amach sa Treoir seo áirítear tairseacha do na muirir is ceadmhach a ghearradh as an athúsáid is ísle ná na tairseacha dá bhforáiltear sa Treoir seo nó téarmaí ceadúnaithe is scaoilte ná na téarmaí ceadúnaithe dá dtagraítear sa Treoir seo. Go háirithe, ní dochar an Treoir seo a bheith gan dochar d'fhorálacha a théann níos faide ná an t-íosleibhéal comhchuibhithe a leagtar amach sa Treoir seo mar a leagtar síos sna rialacháin tarmligthe ón gCoimisiún a glacadh faoi Threoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(19)

Ina theannta sin, spreagtar na Ballstáit dul níos faide ná na híoscheanglais a leagtar amach sa Treoir seo a shásamh trí na ceanglais sin a chur i bhfeidhm ar dhoiciméid atá i seilbh gnóthais phoiblí, ar doiciméid iad a bhaineann le gníomhaíochtaí ar suíodh ina leith, de bhun Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), go nochtar iad go díreach leis an iomaíocht. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ceanglais na Treorach seo a chur i bhfeidhm ar ghnóthais phríobháideacha freisin, go háirithe orthu siúd a chuireann ar fáil seirbhísí is suim le cách.

(20)

Is gá creat ginearálta do na coinníollacha lena rialaítear athúsáid doiciméad ón earnáil phoiblí chun a áirithiú gurb ann do choinníollacha cothroma comhréireacha neamh-idirdhealaitheacha maidir le hathúsáid faisnéise den sórt sin. Déanann comhlachtaí na hearnála poiblí doiciméid a bhailiú, a tháirgeadh, a atáirgeadh agus a scaipeadh chun a gcúraimí poiblí a chomhlíonadh. Déanann gnóthais phoiblí doiciméid a bhailiú, a tháirgeadh, a atáirgeadh agus a scaipeadh chun seirbhísí leasa ghinearálta a chur ar fail. Athúsáid atá ann nuair a úsáidtear na doiciméid sin chun críocha eile. Is féidir le beartais na mBallstát dul níos faide ná na caighdeáin íosta a leagtar síos sa Treoir seo, sa dóigh go gceadófar athúsáid níos fairsinge. Agus an Treoir seo á trasuí, féadfaidh na Ballstáit téarmaí eile seachas “doiciméid” a úsáid, a fhad agus a choinnítear raon feidhme iomlán an tsainmhínithe ar an téarma “doiciméad” a leagtar amach sa Treoir seo.

(21)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le doiciméid a bhfuil a soláthar mar chuid de na cúraimí poiblí atá ar na comhaltaí earnála poiblí lena mbaineann, mar a shainítear sin de réir dlí nó de réir rialacha ceangailteacha eile de chuid na mBallstát. Murab ann do rialacha den sórt sin, ba cheart na cúraimí poiblí a shainiú i gcomhréir leis an gcleachtas riaracháin coiteann sna Ballstáit, ar choinníoll go bhfuil raon feidhme na gcúraimí poiblí trédhearcach agus faoi réir a athbhreithnithe. D'fhéadfaí na cúraimí poiblí a shainiú i gcoitinne nó de réir an cháis le haghaidh comhlachtaí aonair den earnáil phoiblí.

(22)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le doiciméid a chuirtear ar fáil lena n-athúsáid nuair a dhéanann comhlachtaí den earnáil phoiblí faisnéis a cheadúnú, a dhíol, a scaipeadh, a mhalartú nó a sholáthar. Chun tras-fhóirdheontais a sheachaint, nuair a bhaintear tuilleadh úsáid as doiciméid laistigh den eagraíocht féin le haghaidh gníomhaíochtaí atá lasmuigh de scóip a cúraimí poiblí, ba cheart é sin a áireamh mar athúsáid. Is iondúil go gcuimsíonn gníomhaíochtaí atá lasmuigh dá cúraimí poiblí soláthar doiciméad a tháirgtear agus a mhuirearaítear ar bhonn iomlán tráchtála agus in iomaíocht le gníomhaithe eile sa mhargadh.

(23)

Ní teorainn ná srian í an Treoir seo ar fheidhmiú a gcuid cúraimí reachtacha ag na húdaráis phoiblí ná ag aon chomhlachtaí earnála poiblí eile. Leagtar síos sa Treoir seo go bhfuil sé d'oibleagáid ar na Ballstáit gach doiciméad arb ann dó a dhéanamh in-athúsáidte ach amháin má tá rochtain orthu srianta nó coiscthe faoi na rialacha náisiúnta maidir le rochtain ar dhoiciméid nó faoi réir na n-eisceachtaí eile a leagtar síos sa Treoir seo. Is forbairt í an Treoir seo ar na córais rochtana arb ann dóibh sna Ballstáit agus ní athróidh sí na rialacha náisiúnta maidir le rochtain ar dhoiciméid. Níl feidhm aici sna cásanna nach féidir le saoránaigh nó le heintitis dhlíthiúla, faoin gcóras rochtana ábhartha, doiciméad a fháil mura bhfuil siad in ann a léiriú go bhfuil leas ar leith acu ann. Ar leibhéal an Aontais, aithnítear in Airteagal 41 (an ceart chun dea-riaracháin) agus in Airteagal 42 (an ceart rochtana ar dhoiciméid) de Chairt go bhfuil sé de cheart ag aon saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air i mBallstát nó a bhfuil a oifig chláraithe i mBallstát rochtain a fháil ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Ba cheart comhlachtaí na hearnála poiblí a spreagadh le haon doiciméad atá ina seilbh a chur ar fáil lena athúsáid. Ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí athúsáid doiciméad a chothú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear téacsanna oifigiúla de chineál reachtach agus riaracháin sna cásanna sin ina bhfuil an t-údarás ag an gcomhlacht earnála poiblí athúsáid na ndoiciméad sin a údarú.

(24)

Is minic na Ballstáit soláthar seirbhísí leasa ghinearálta a chur de chúram ar eintitis lasmuigh den earnáil phoiblí, ach ardleibhéal rialaithe a choinneáil ar na heintitis sin ag an am céanna. Ag an am céanna, níl feidhm ag Treoir 2003/98/CE ach maidir le doiciméid atá i seilbh chomhlachtaí na hearnála poiblí, gan gnóthais phoiblí a chuimsiú ina raon feidhme. Infhaighteacht thearc ar dhoiciméid lena n-athúsáid is toradh air sin, i ndáil le doiciméid arna dtáirgeadh agus seirbhísí leasa ghinearálta á dtabhairt i roinnt réimsí, go háirithe in earnálacha na bhfóntas. Fágann sé freisin gur lú go mór an poitéinseal le haghaidh seirbhísí trasteorann a chruthú bunaithe ar dhoiciméid atá i seilbh gnóthas poiblí a sholáthraíonn seirbhísí leasa ghinearálta.

(25)

Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2003/98/CE a leasú chun a áirithiú gur féidir í chur i bhfeidhm maidir le hathúsáid doiciméad arb ann dóibh a tháirgtear agus seirbhísí leasa ghinearálta á soláthar ag gnóthais phoiblí a dhéanann ceann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 go hAirteagal 14 de Threoir 2014/25/AE, agus ag gnóthais phoiblí atá ag gníomhú mar oibreoirí seirbhíse poiblí de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ag gnóthais phoiblí atá ag gníomhú mar aeriompróirí ag comhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus ag gnóthais phoiblí atá ag gníomhú mar longúinéirí Comhphobail ag comhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle (13).

(26)

Níl oibleagáid ghinearálta sa Treoir seo maidir le hathúsáid doiciméad a tháirgeann gnóthais phoiblí. Is faoin ngnóthas poiblí lena mbaineann atá sé cinneadh a dhéanamh an athúsáid a údarú nó gan í a údarú, agus ba cheart dó sin fanacht amhlaidh, seachas i gcás ina gceanglaítear a mhalairt leis an Treoir seo, nó le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Is tar éis don ghnóthas poiblí doiciméad a chur ar fáil lena athúsáid, agus an tráth sin amháin, ba cheart dó na hoibleagáidí ábhartha a urramú a leagtar síos i gCaibidil III agus i gCaibidil IV den Treoir seo, go háirithe maidir le formáidí, muirearú, trédhearcacht, ceadúnais, neamh-idirdhealú agus toirmeasc ar shocruithe eisiacha. Ar an lámh eile, níor cheart é a bheith de cheangal ar ghnóthais phoiblí na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil II a chomhlíonadh, na rialacha is infheidhme maidir le hiarrataí a phróiseáil, mar shampla. Agus athúsáid doiciméad á ceadú, ní mór aird ar leith a thabhairt ar fhaisnéis íogair a bhaineann le bonneagar criticiúil a chosaint mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2008/114/CE ón gComhairle (14) agus ar na seirbhísí bunriachtanacha de réir bhrí Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(27)

Tá fás as cuimse ag teacht ar an méid sonraí taighde atá á nginiúint agus tá an poitéinseal ann iad a athúsáid lasmuigh den phobal eolaíochta. Chun a bheith in ann aghaidh a thabhairt go héifeachtúil agus ar bhealach iomlánaíoch ar dhúshláin shochaíocha mhéadaitheacha, tá sé ríthábhachtach agus práinneach anois a bheith in ann sonraí ó fhoinsí éagsúla, agus ó earnálacha agus disciplíní éagsúla, a rochtain, a chumasc agus a athúsáid. Cuimsíonn sonraí taighde staidreamh, torthaí turgnamh, miosúir, torthaí oibre allamuigh, torthaí suirbhéanna, taifid agallamh agus íomhánna. Ina theannta sin, cuimsíonn siad meiteashonraí, sonraíochtaí agus oibiachtaí digiteacha eile. Ní ionann sonraí taighde agus ailt eolaíocha ina ndéantar tuairisciú agus trácht ar na torthaí ar thaighde eolaíoch. Le blianta fada anuas, cuireadh tionscnaimh shonracha beartais ar bun i ndáil le hinfhaighteacht oscailte agus in-athúsáideacht oscailte sonraí taighde eolaíoch a rinneadh le maoiniú poiblí. Is é a thuigtear le rochtain oscailte rochtain ar líne ar aschuir taighde a chur ar fáil saor in aisce don úsáideoir deiridh agus gan srian maidir le húsáid agus athúsáid seachas go bhféadfaí a iarradh go ndéanfaí an t-údar a aithint. Go háirithe, is é is aidhm do bheartais rochtana oscailte rochtain a thabhairt do lucht taighde agus don phobal i gcoitinne ar shonraí taighde a luaithe is féidir i bpróiseas a scaipthe agus úsáid agus athúsáid na sonraí sin a éascú. De thoradh na rochtana rochtain oscailte, is féidir cur leis an gcáilíocht, laghdú a dhéanamh ar an ngá le dúbailt iomarcach ar thaighde, dlús a chur leis an dul chun cinn eolaíoch, cur i gcoinne na calaoise eolaíche, agus is féidir leis, ar an iomlán, bheith fabhrach don fhás eacnamaíoch agus don nuálaíocht. Le cois na rochtana oscailte, tá iarrachtaí fónta á ndéanamh lena áirithiú gur cleachtas eolaíoch caighdeánach a bheadh i bpleanáil bainistithe sonraí agus chun tacú le scaipeadh na sonraí taighde ar sonraí in-aimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte iad (an prionsabal FAIR).

(28)

Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, is iomchuí oibleagáid a chur ar na Ballstáit beartais rochtana oscailte a ghlacadh i ndáil le sonraí taighde a dhéantar le maoiniú poiblí agus a áirithiú go ndéanfaidh gach eagraíocht déanta taighde agus gach eagraíocht maoinithe taighde na beartais sin a chur chun feidhme. Is ceart na heagraíochtaí déanta taighde agus na heagraíochtaí maoinithe taighde a eagrú freisin mar chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí nó mar ghnóthais phoiblí. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo i leith eagraíochta hibrideacha den chineál sin ach ina gcáil mar eagraíochtaí déanta taighde agus i leith a gcuid sonraí taighde. Is iondúil go gceadaíonn beartais rochtana oscailte raon eisceachtaí ar thorthaí taighde eolaíoch a chur ar fáil go hoscailte. Déantar le Moladh ón gCoimisiúin an 25 Aibreán 2018 maidir le rochtain ar fhaisnéis eolaíoch agus caomhnú na faisnéise sin tuairisciú, maille le nithe eile, ar na heilimintí is ábhartha maidir le beartais rochtana oscailte. Ina theannta sin, ba cheart feabhas a chur ar na coinníollacha ar ar féidir sonraí taighde áirithe a athúsáid. Ar an ábhar sin, ba cheart oibleagáidí áirithe a eascraíonn ón Treoir seo a shíneadh chuig sonraí taighde ar toradh iad ar ghníomhaíochtaí taighde eolaíoch a fóirdheonaíodh le maoiniú poiblí nó a bhí cómhaoinithe ag eintitis phoiblí agus ag eintitis earnála príobháidí. De réir na mbeartas náisiúnta rochtana oscailte, is ceart é a bheith ina réamhshocrú gur oscailte a bheidh aon sonraí taighde a mhaoiníonn an pobal. I dtaca leis sin, áfach, ba cheart aird chuí a thabhairt ar imní faoi phríobháideacht, faoi chosaint sonraí pearsanta, rúndacht, an tslándáil náisiúnta, leasanna tráchtála dlisteanacha, amhail rúin trádála, agus faoi chearta maoine intleachtúla tríú páirtithe, i gcomhréir leis an bprionsabal “a oscailte is féidir, a iata is gá”. Thairis sin, níor cheart sonraí taighde a bhfuil cosc ar rochtain orthu ar bhonn na slándála náisiúnta, na cosanta nó na slándála poiblí a chumhdach sa Treoir seo. Chun aon ualach riaracháin a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí sin a eascraíonn as an Treoir seo ach maidir leis na sonraí taighde sin atá curtha ar fáil go poiblí cheana féin ag taighdeoirí, eagraíochtaí déanta taighde nó eagraíochtaí maoinithe taighde trí thaisclann institiúideach nó ábharbhunaithe agus níor cheart costais bhreise a fhorchur chun tacair sonraí a aisghabháil ná coimeádaíocht breise sonraí a cheangal. Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm na Treorach seo a shíneadh freisin ionas go gcuimseofar sonraí taighde a chuirtear ar fáil go poiblí trí infreastruchtúir eile sonraí nach taisclanna, trí fhoilseacháin rochtana oscailte, bídís i gcomhad atá i gceangal le halt, páipéar sonraí nó páipéar in irisleabhar sonraí. Ba cheart doiciméid seachas sonraí taighde leanúint de bheith díolmhaithe ó raon na Treorach seo.

(29)

Tá an sainmhíniú ar “comhlacht earnála poiblí” bunaithe ar an sainmhíniú i bpointe (1) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Ba cheart go mbeadh feidhm ag an sainmhiniú ar 'comhlacht a rialaítear leis an dlí poiblí' a leagtar amach sa Treoir sin agus ag an sainmhíniú ar “gnóthas poiblí” a leagtar amach i dTreoir 2014/25/AE maidir leis an Treoir seo.

(30)

Leis an Treoir seo, leagtar síos an sainmhíniú ar an téarma “doiciméad” agus cuímsítear faoin sainmhíniú sin aon chuid de dhoiciméad. Ba cheart go gcumhdódh an téarma “doiciméad” aon léiriú ar ghníomhartha, ar fhíricí nó ar fhaisnéis — agus aon tiomsú de na gníomhartha, na fíricí nó an fhaisnéis sin — gan beann ar an meán (ar pháipéar, i bhfoirm leictreonach nó mar thaifead fuaime, físe nó closamhairc). Níl an sainmhíniú ar “dhoiciméad” ceaptha ríomhchláir a chumhdach. Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm na Treorach seo a shíneadh le go gcuimseofaí ríomhchláir.

(31)

Tá comhlachtaí na hearnála poiblí ag éirí níos réamhghníomhaí i dtaobh a ndoiciméid a chur ar fáil lena n-athúsáid, trína áirithiú go bhfuil siad in-aimsithe ar líne agus go bhfuil doiciméad agus meiteashonraí gaolmhara ar fáil i ndáiríre i bhformáid oscailte atá inléite ag meaisín lena n-áirithítear an idir-inoibritheacht, an athúsáid agus an inrochtaineacht. Ina theannta sin, ba cheart doiciméid a chur ar fáil lena n-athúsáid nuair a chuireann athúsáideoir iarraidh isteach. Sna cásanna sin, ba cheart an teorainn ama leis an iarraidh a fhreagairt a bheith réasúnach agus i gcomhréir leis an am coibhéiseach atá ann maidir le hiarrataí ar rochtain ar an doiciméad faoi na córais rochtana ábhartha. Ba cheart gnóthais phoiblí, bunaíochtaí oideachais, eagraíochtaí déanta taighde agus eagraíochtaí maoinithe taighde a bheith díolmhaithe ón gceanglas sin, áfach. A bhuí le teorainneacha ama réasúnacha ar fud an Aontais, spreagfar cruthú táirgí agus seirbhísí nua faisnéise comhiomlánaithe ar an leibhéal uile-Aontais. Tá an méid sin an-tábhachtach i ndáil le sonraí dinimiciúla (lena n-áirítear sonraí comhshaoil, sonraí tráchta, sonraí satailíte, sonraí meitéareolaíocha agus sonraí braiteoirghinte), a mbraitheann a luach eacnamaíoch ar an bhfaisnéis a bheith ar fáil láithreach agus ar nuashonruithe rialta. Dá bhrí sin, ba cheart sonraí dinimiciúla a chur ar fáil láithreach tar éis a mbailithe, nó i gcás nuashonrú láimhe iad a chur ar fáil díreach tar éis an tacar sonraí a mhodhnú, trí chomhéadan feidhmchláir (API) chun éascaíocht a dhéanamh d'fhorbairt feidhmeanna idirlín, móibíleacha agus néil bunaithe ar na sonraí sin. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta de dheasca srianta teicniúla nó airgeadais, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí na doiciméid a chur ar fáil in achar ama a fhágfaidh gur féidir leas a bhaint as a bpoitéinseal eacnamaíoch ina iomláine. Ba cheart bearta sonracha a dhéanamh chun fáil réidh le srianta teicniúla agus airgeadais. I gcás ina bhfuil ceadúnas in úsáid, féadfaidh sé a bheith mar chuid de théarmaí an cheadúnais doiciméid a bheith ar fáil go prapúil. I gcás inar riachtanach fíorú sonraí ar mhaithe le leas an phobail a bhfuil údar maith leis, go háirithe maidir le sláinte agus sábháilteacht an phobail, ba cheart sonraí dinimiciúla a chur ar fáil láithreach tar éis fíorú a dhéanamh. Níor cheart go ndéanfadh fíorú riachtanach den sórt sin difear do mhinicíocht na nuashonruithe.

(32)

Chun rochtain a fháil ar na sonraí a chuirfear ar fáil lena n-athúsáid faoin Treoir seo, is mór an chabhair rochtain ar shonraí dinimiciúla a áirithiú trí APInna atá dea-cheaptha. Is éard is ciall le API tacar feidhmeanna, nósanna imeachta, sainmhínithe agus prótacail ó thaobh cumarsáid meaisín le meaisín agus malartú faisnéise gan uaim. Ba cheart doiciméadacht theicniúil shoiléir atá iomlán agus atá ar fáil ar líne a bheith ag teacht le APInna. I gcás inar féidir, ba cheart APInna oscailte a úsáid. Ba cheart prótacail chaighdeánacha a aithnítear ar an leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus úsáid a bhaint as caighdeáin idirnáisiúnta i gcomhair tacair sonraí i gcás inarb infheidhme. Féadfaidh leibhéil éagsúla castachta a bheith ag APInna agus is féidir nasc bunúsach chuig bunachar sonraí, comhéadan gréasáin nó córacha níos casta a bheith i gceist chun tacair áirithe sonraí a aisghabháil. Baineann luach ginearálta le hathúsáid agus le comhroinnt sonraí trí úsáid oiriúnach APInna mar cuideoidh sé le forbróirí agus le gnólachtaí nuathionscanta seirbhísí agus táirgí nua a chruthú. Bunriachtanas freisin é chun éiceachórais luachmhara a chruthú bunaithe ar acmhainní sonraí atá díomhaoin go minic. Ní mór roinnt prionsabal a leanúint agus APInna á gcur ar bun agus á n-úsáid: infhaighteacht, cobhsaíocht, cothabháil feadh an tsaolré, aonfhoirmeacht úsáide agus caighdeán, fusacht úsáide agus slándáil. Maidir le sonraí dinimiciúla, is é sin sonraí a nuashonraítear go minic, i bhfíor-am go minic, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí agus do ghnóthais phoiblí na sonraí sin a chur ar fáil lena n-athúsáid láithreach tar éis a mbailithe, trí APInna oiriúnacha agus, i gcás inarb ábhartha, mar oll-íoslódáil, ach amháin i gcásanna a mbainfeadh iarracht dhíréireach leis sin. Agus comhréireacht na hiarrachta á measúnú, ba cheart méid agus buiséad oibriúcháin an chomhlachta earnála poiblí nó an ghnóthais phoiblí atá i gceist a chur san áireamh.

(33)

Is féidir na deiseanna athúsáide a fheabhsú ach teorainn a chur leis an ngá doiciméid pháipéir a dhigitiú nó comhaid dhigiteacha a phróiseáil le go mbeidís comhoiriúnach dá chéile. Dá bhrí sin, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí doiciméid a chur ar fáil in aon fhormáid nó teanga ina bhfuil siad cheana féin, trí mhodhanna leictreonacha i gcás inar féidir agus inarb iomchuí. Ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí féachaint go fabhrach ar iarrataí ar shleachta as doiciméid arb ann dóibh, nuair nach mbeadh ach oibríocht shimplí de dhíth chun an iarraidh a cheadú. Níor cheart oibleagáid a bheith ar chomhlachtaí na hearnála poiblí, áfach, sliocht as doiciméad a sholáthar nó formáid na faisnéise atá á hiarraidh a mhodhnú i gcás ina mbeadh iarracht dhíréireach de dhíth chuige sin. Chun an athúsáid a éascú, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí a ndoiciméid féin a chur ar fáil i bhformáid nach mbraitheann, a mhéid is féidir agus is iomchuí, ar bhogearraí sonracha a úsáid. I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí aird a thabhairt ar dheiseanna do dhaoine faoi mhíchumas doiciméid a athúsáid, agus ar dheiseanna doiciméid a athúsáid ar mhaithe le daoine faoi mhíchumas, tríd an bhfaisnéis a sholáthar i bhformáid inrochtana i gcomhréir le ceanglais Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(34)

Chun an athúsáid a éascú, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, doiciméid, lena n-áirítear na doiciméid a fhoilsítear ar shuíomhanna gréasáin, a chur ar fáil i bhformáid oscailte agus meaisín-inléite agus in éineacht leis na meiteashonraí a bhaineann leo, ar an leibhéal beachtais agus gráinneachta is fearr, i bhformáid a áiritheoidh an idir-inoibritheacht, mar shampla. trína bpróiseáil ar bhealach atá ag teacht leis na prionsabail lena rialaítear na ceanglais chomhoiriúnachta agus in-úsáideachta a bhaineann le faisnéis spásúil faoi Threoir 2007/2/CE.

(35)

Ba cheart a mheas go bhfuil doiciméad i bhformáid mheaisín-inléite má tá sé i bhformáid chomhaid atá struchtúrtha sa dóigh gur féidir le feidhmeanna bogearraí sonraí ar leith a shainaithint, a aithint agus a bhaint as gan dua. Ba cheart a mheas gur sonraí meaisín-inléite iad na sonraí atá códaithe i gcomhaid atá struchtúrtha i bhformáid mheaisín-inléite. Is féidir le formáid mheaisín-inléite a bheith oscailte nó dílsithe; féadfaidh caighdeáin fhoirmiúla a bheith nó gan a bheith i gceist. Doiciméid atá códaithe i bhformáid chomhaid a theorannaíonn an phróiseáil uathoibríoch toisc nach féidir na sonraí a bhaint astu, nó a bhaint astu gan dua, níor cheart a mheas go bhfuil na doiciméid sin i bhformáid mheaisín-inléite. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, úsáid formáidí a aithnítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta atá oscailte meaisín-inléite a chur chun cinn. Ba cheart an Creat Eorpach Idirinoibritheachta a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme, agus réitigh theicniúla á gceapadh chun doiciméid a athúsáid.

(36)

Tá muirir ar athúsáid doiciméad ina mbacainn mhór ar dhul isteach sa mhargadh do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna. Dá bhrí sin, ba cheart doiciméid a chur ar fáil lena n-athúsáid saor in aisce agus, i gcás ina mbeidh muirir riachtanach, ba cheart iad a bheith teoranta i bprionsabal do na costais imeallacha. I gcás ina ndéanann comhlachtaí earnála poiblí cuardach i gcomhair na faisnéise a iarradh, ar cuardach fíorchuimsitheach é, nó ina ndéanann siad modhnuithe ar fhormáid na faisnéise a iarradh, ar modhnuithe fíorchostasacha iad, ar bhonn deonach nó de réir mar a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta, féadfaidh go gcumhdóidh na costais imeallacha na costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin. I gcásanna eisceachtúla, ba cheart a chur san áireamh gur gá gan bac a chur ar ghnáthfheidhmiú comhlachtaí earnála poiblí a bhfuil ceangal orthu ioncam a ghiniúint chun cuid shubstaintiúil dá gcostas a chumhdach i ndáil lena gcúraimí poiblí a dhéanamh. Tá feidhm aige sin freisin i gcás ina gcuireann comhlacht de chuid na hearnála poiblí sonraí ar fáil ina sonraí oscailte ach go bhfuil ceangal air ioncam a ghiniúint chun cuid shubstaintiúil dá chostas a chumhdach i ndáil lena chúraimí poiblí a fheidhmiú Ba cheart an ról atá ag gnóthais phoiblí i dtimpeallacht eacnamaíoch iomaíoch a aithint freisin. I gcásanna den sórt sin, ba cheart comhlachtaí na hearnála poiblí agus gnóthais phoiblí a bheith in ann, dá réir sin, muirear os cionn na gcostas imeallach a ghearradh. Ba cheart na muirir sin a shocrú de réir critéir oibiachtúla thrédhearcacha infhíoraithe agus níor cheart an t-ioncam iomlán ó sholáthar agus ceadú athúsáide doiciméad a bheith níos mó ná costais an bhailithe agus an táirgthe, lena n-áirítear ceannach ó thríú páirtithe, an atáirgthe, na cothabhála, na stórála agus an scaipthe, maille le brabús réasúnach ar an infheistíocht. I gcás inarb infheidhme, ba cheart gur féidir a áireamh ar na costais incháilithe freisin na costais a bhaineann le sonraí pearsanta a anaithnidiú agus na costais a bhaineann le bearta chun rúndacht sonraí a chosaint. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar chomhlachtaí earnála poiblí agus gnóthais phoiblí na costais sin a nochtadh. An ceanglas ioncam a ghiniúint chun cuid shubstaintiúil de chostais chomhlachtaí na hearnála poiblí a chumhdach i ndáil lena gcúraimí poiblí a dhéanamh nó scóip na seirbhísí leasa ghinearálta a chuirtear de chúram ar ghnóthais phoiblí, ní gá ceanglas dlí a bheith iontu agus féadfaidh siad eascairt, mar shampla, ón gcleachtas riaracháin sna Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit an ceanglas sin a athbhreithniú go rialta.

(37)

Is féidir an toradh ar infheistíocht a thuiscint mar chéatadán, sa bhreis ar chostais imeallacha, lenar féidir costas an chaipitil a aisghabháil agus fíor-ráta toraidh a chur san áireamh. Ar an ábhar go mbíonn costas an chaipitil nasctha go dlúth le rátaí úis institiúidí creidmheasa, rátaí atá bunaithe iad féin ar ráta seasta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (“BCE”) maidir le príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, níor cheart gur mhó na 5 % os cionn ráta seasta úis BCE an toradh réasúnach ar infheistíocht.

(38)

Ba cheart leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaeim agus cartlanna a bheith in ann muirir os cionn na gcostas imeallach a ghearradh ionas nach gcuirfear isteach ar a ngnáthfheidhmiú. I gcás comhlachtaí earnála poiblí den sórt sin, níor cheart an t-ioncam iomlán ó sholáthar agus ceadú athúsáide doiciméad le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí a bheith níos mó ná costas an bhailithe, an táirgthe, an atáirgthe, an scaipthe, an chaomhnaithe agus an imréitigh ceart, maille le brabús réasúnach ar an infheistíocht. I gcás inarb infheidhme, na costais a bhaineann le sonraí pearsanta nó faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de a anaithnidiú, ba cheart iad a áireamh ar na costais incháilithe freisin. I gcás leabharlann, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaem agus cartlann, agus aird á tabhairt ar shainiúlachtaí na forais sin, an praghas a ghearrtar san earnáil phríobháideach ar athúsáid doiciméad atá comhionann nó comhchosúil, ba cheart é a chur san áireamh agus an brabús réasúnach ar an infheistíocht á ríomh.

(39)

Na huasteorainneacha le muirir a shocraítear sa Treoir seo, ní dochar iad do cheart na mBallstát muirir níos ísle a ghearradh nó gan muirear a ghearradh.

(40)

Ba cheart do na Ballstáit na critéir a leagan síos le haghaidh muirearú os cionn na gcostas imeallach. Mar shampla, ba cheart go mbeadh siad in ann na critéir sin a leagan síos i rialacha náisiúnta nó go mbeadh siad in ann comhlacht iomchuí nó na comhlachtaí iomchuí a ainmniú, seachas an comhlacht earnála poiblí féin, is inniúil chun na critéir sin a leagan síos. Ba cheart an comhlacht sin a bheith eagraithe i gcomhréir le córais bhunreachtúla agus dhlíthiúla na mBallstát. D'fheadfadh comhlacht arb ann dó a bhfuil cumhachtaí cur chun feidhme buiséid aige agus arb ann d'fhreagracht pholaitiúil ina leith a bheith ann.

(41)

Réamhchoinníoll chun margadh faisnéise uile-Aontais a fhorbairt is ea a áirithiú go bhfuil na coinníollacha maidir le hathúsáid doiciméad ón earnáil phoiblí soiléir agus ar fáil go poiblí. Dá bhrí sin, ba cheart na coinníollacha infheidhme uile ar athúsáid na ndoiciméad a shoiléiriú don athúsáideoir féideartha. Ba cheart do na Ballstát spreagadh a chur i gcruthú innéacsanna de na doiciméid atá ar fáil a mbeidh rochtain orthu ar líne, más iomchuí, chun iarrataí athúsáide a chur chun cinn agus a éascú. Na hiarratasóirí ar athúsáid doiciméad atá i seilbh eintiteas nach gnóthais phoiblí, bunaíochtaí oideachais, eagraíochtaí déanta taighde ná eagraíochtaí maoinithe taighde iad, ba cheart iad a chur ar an eolas faoi na modhanna sásaimh atá le fáil i ndáil le cinntí nó cleachtais a dhéanann difear dóibh. Bainfidh tábhacht ar leith leis sin i gcás gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna toisc go bhféadfadh sé nach mbeidís cleachtach ar dhéileáil le comhlachtaí earnála poiblí i mBallstáit eile agus na modhanna sásaimh comhfhreagracha.

(42)

An deis comhlacht athbhreithnithe neamhchlaonta athbhreithniú a dhéanamh, ba cheart an deis sin a bheith ar na modhanna sásaimh. D'fhéadfadh údarás náisiúnta arb ann dó a bheith sa chomhlacht sin, amhail an t-údarás iomaíochta náisiúnta, an t-údarás maoirseachta náisiúnta arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, an t-údarás náisiúnta um rochtain ar dhoiciméid nó údarás breithiúnach náisiúnta. Ba cheart an comhlacht sin a bheith eagraithe i gcomhréir le córais bhunreachtúla agus dhlíthiúla na mBallstát. Níor cheart gur dhochar dul ar iontaoibh an chomhlachta sin d'aon mhodhanna sásaimh eile atá ar fáil d'iarratasóirí ar athúsáid. Ba cheart dó, áfach, a bheith ar leithligh ón sásra de chuid an Bhallstáit lena leagtar síos na critéir le haghaidh muirear os cionn na gcostas imeallach a ghearradh. Ba cheart an deis a áireamh ar na modhanna sásaimh athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí diúltacha agus ar chinntí a cheadódh an athúsáid ach, d'ainneoin sin, a chuirfeadh isteach ar an iarratasóir ar fhorais eile, go háirithe de dheasca na rialacha muirearaithe a bhaineann leo. Ba cheart próiseas an athbhreithnithe a bheith gasta, i gcomhréir le riachtanais an mhargaidh a bhíonn ag athrú go tapa.

(43)

Poibliú na ndoiciméad uile a bhfuil fáil orthu go ginearálta agus atá i seilbh na hearnála poiblí — ní hamháin i ndáil leis an bpróiseas polaitiúil, ach i ndáil leis an bpróiseas dlíthiúil agus riaracháin freisin — is uirlis bhunúsach é sin le haghaidh fhairsingiú an chirt chun eolais, ar bunphrionsabal de chuid an daonlathais é. Baineann an cuspóir sin le hinstitiúidí ar gach leibhéal, bíodh sin an leibhéal áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta.

(44)

Ni cheart go mbeadh athúsáid doiciméad faoi réir ag coinníollacha. I gcásanna eile, áfach, ina bhfuil údar maith maidir le cuspóir ar mhaithe le leas an phobail ag baint leo, féadfar ceadúnas a eisiúint lena bhforchuirfear coinníollacha ar an athúsáid ag an gceadúnaí agus a dhéileálfaidh le saincheisteanna amhail dliteanas, cosaint sonraí pearsanta, úsáid chuí doiciméad, ráthaíocht nach n-athrófar iad agus aitheantas na foinse. Má cheadúnaíonn comhlachtaí na hearnála poiblí doiciméid lena n-athúsáid, ba cheart coinníollacha an cheadúnais a bheith oibiachtúil, comhréireach agus. neamh-idirdhealaitheach. Féadfaidh ról tábhachtach ina thaobh sin freisin a bheith ag ceadúnais chaighdeánacha a bhfuil fáil orthu ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le ceadúnais chaighdeánacha a bheith ar fáil. I ngach cás, le haon cheadúnas le haghaidh athúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí, ba cheart a laghad srianta is féidir a chur ar an athúsáid, e.g. aitheantas na foinse agus sin a mhéid. Maidir leis sin, ba cheart ról tábhachtach a bheith ag ceadúnais oscailte, i bhfoirm ceadúnais phoiblí chaighdeánaithe atá ar fáil ar líne, lena dtugtar cead d'aon duine rochtain a fháil gan bhac ar shonraí agus ábhar, agus na sonraí agus an t-ábhar sin a úsáid, a mhodhnú agus a chomhroinnt gan srian chun gach aon chríche, ar ceadúnais iad a bhraitheann ar fhormáidí sonraí oscailte. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit úsáid ceadúnas oscailte a spreagadh, agus ba cheart é sin a bheith ina ghnáthchleachtas ar fud an Aontais amach anseo. Gan dochar do cheanglais dliteanais a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, i gcás ina gcuirfidh comhlacht earnála poiblí nó gnóthas poiblí doiciméid ar fáil lena n-athúsáid gan aon choinníollacha ná srianta eile, féadfaidh an comhlacht earnála poiblí nó an gnóthas poiblí sin bheith in ann gach dliteanas a tharscaoileadh maidir leis na doiciméid a cuireadh ar fáil lena n-athúsáid.

(45)

Má chinneann an t-údarás inniúil gan doiciméid áirithe a chur ar fáil lena n-athúsáid a thuilleadh, nó scor de na doiciméid sin a nuashonrú, ba cheart dó na cinntí sin a phoibliú, a luaithe is féidir, trí mhodhanna leictreonacha nuair is féidir.

(46)

Ba cheart na coinníollacha ar an athúsáid a bheith neamh-idirdhealaitheach le haghaidh catagóirí inchomparáide athúsáide. Níor cheart, i ndáil leis an méid sin, go gcuirfí cosc ar mhalartú faisnéise saor in aisce idir comhlachtaí earnála poiblí chun cúraimí poiblí a dhéanamh, ach muirear a ghearradh ar pháirtithe eile as athúsáid na ndoiciméad céanna. Ná níor cheart go gcuirfí cosc leis ar bheartas muirear difreáilte a ghlacadh maidir le hathúsáid tráchtála agus neamhthráchtála.

(47)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go háirithe nach ndéanfaí de thoradh athúsáid doiciméad, ar le gnóthais phoiblí iad, an margadh a shaobhadh agus nach mbainfí an bonn ó iomaíocht chóir.

(48)

Ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí rialacha iomaíochta an Aontais agus rialacha iomaíochta náisiúnta a chomhlíonadh nuair a leagann siad síos na prionsabail le haghaidh athúsáid doiciméad, ag seachaint, an oiread is féidir, comhaontuithe eisiacha eatarthu féin agus comhpháirtithe príobháideacha. Chun seirbhís ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a sholáthar, áfach, d'fhéadfadh sé gur gá, uaireanta, ceart eisiach chun doiciméid shonracha ón earnáil phoiblí a athúsáid. D'fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás nach bhfoilseodh aon fhoilsitheoir tráchtála an fhaisnéis gan ceart eisiach den sórt sin. I dtaca leis sin, is iomchuí aon chonarthaí seirbhísí poiblí a eisiatar ó raon feidhme Threoir 2014/24/AE de bhun Airteagal 11 den Treoir sin agus comhpháirtíochtaí nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 31 de Threoir 2014/24/AE a chur san áireamh.

(49)

Is iomaí socrú comhair atá ann idir leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaeim, cartlanna agus comhpháirtithe príobháideacha lena mbaineann digitiú acmhainní cultúrtha a thugann cearta eisiacha do chomhpháirtithe príobháideacha. Is léir ar an taithí gur féidir le comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí den sórt sin úsáid fhónta bailiúchán cultúrtha a éascú agus ag an am céanna rochtain ar an oidhreacht chultúrtha a thabhairt don phobal níos tapa. Dá bhrí sin, is iomchuí na héagsúlachtaí a chur san áireamh atá ann faoi láthair idir na Ballstáit maidir le digitiú acmhainní cultúrtha, le sraith shonrach rialacha maidir le comhaontuithe faoi dhigitiú acmhainní den sórt sin. I gcás ina mbainfidh ceart eisiach le digitiú acmhainní cultúrtha, d'fhéadfadh sé gur gá tréimhse áirithe eisiachais chun deis a thabhairt don chomhpháirtí príobháideach a infheistíocht a fháil ar ais. Ba cheart an tréimhse sin, áfach, a bheith teoranta chuig an tréimhse ama is giorra agus is féidir, chun an prionsabal gur cheart d'ábhar atá san fhearann poiblí fanacht san fhearann poiblí nuair a dhéantar é a dhigitiú a chomhlíonadh. Ní cheart, go ginearálta, gur fada ná 10 mbliana an tréimhse a mhairfeadh ceart eisiach chun acmhainní cultúrtha a dhigitiú. Ba cheart aon tréimhse is faide ná 10 mbliana a bheith faoi réir a hathbhreithnithe, ag cur san áireamh athruithe teicneolaíocha, airgeadais agus riaracháin lena mbaineann ó rinneadh an socrú. Ina theannta sin, le haon chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí maidir le digitiú acmhainní cultúrtha ba cheart cearta iomlána a thabhairt don institiúid chultúrtha is comhpháirtí inti i ndáil le húsáid acmhainní cultúrtha digitithe tar éis fhoirceannadh na comhpháirtíochta.

(50)

Socruithe idir sealbhóirí sonraí agus athúsáideoirí sonraí nach dtugann cearta eisiacha go sainráite ach is féidir a cheapadh go réasúnach go gcuirfidh siad srian le hinfhaighteacht doiciméad lena n-athúsáid, ba cheart grinnscrúdú poiblí breise a dhéanamh orthu. Dá bhrí sin, ba cheart na gnéithe fíor-riachtanacha de shocruithe den sórt sin a fhoilsiú ar líne 2 mhí, ar a laghad, roimh dóibh teacht i bhfeidhm, eadhon, 2 mhí roimh an dáta a socraíodh a gcuirfí tús le comhlíonadh oibleagáidí na bpáirtithe. Agus an méid thuas á fhoilsiú, ba cheart deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara athúsáid na ndoiciméad atá cumhdaithe ag na socruithe sin a iarraidh agus an riosca go gcuirfí srian le raon na n-athúsáideoirí féideartha a chosc. Ar aon chuma, na gnéithe fíor-riachtanacha de shocruithe den sórt sin atá sa leagan críochnaitheach arna gcomhaontú ag na páirtithe, ba cheart iad a phoibliú ar líne gan mhoill mhíchuí nuair a thabharfaí i gcrích iad.

(51)

Tá sé d'aidhm ag an Treoir seo íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh buntáiste an cheannródaí iomarcach sa dóigh laghdófaí líon na n-athúsáideoirí féideartha a bheadh ann do na sonraí. De bhreis ar oibleagáidí an Bhallstáit faoin Treoir seo doiciméid a thabhairt, i gcás inar dóigh go bhféadfadh aistriú acmhainní an Bhallstáit laistigh de bhrí Airteagal 107 (1) CFAE a bheith i gceist le socruithe conarthacha, ba cheart nár dhochar an Treoir seo do chur i bhfeidhm na rialacha maidir leis na rialacha iomaíochta agus státchabhrach eile a leagtar síos in Airteagal 101 go hAirteagal 109 CFAE. De thoradh na rialacha maidir leis an státchabhair a leagtar síos in Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, ní mór don Bhallstát a fhíorú ex ante an bhfuil státchabhair i gceist leis na socruithe conarthacha ábhartha agus ní mór dó a áirithiú go gcloíonn na socruithe sin leis na rialacha maidir le státchabhair.

(52)

Ní dhéantar leis an Treoir seo difear do chosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), agus lena n-áirítear aon fhorálacha forlíontacha den dlí náisiúnta. Ciallaíonn sé sin, inter alia, nach ceadmhach sonraí pearsanta a athúsáid ach amháin má chomhlíontar prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra mar a leagtar amach é i bpointe (b) d'Airteagal 5(1) agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679. Is éard is faisnéis anaithnid aon fhaisnéis nach mbaineann le duine nádúrtha atá sainaitheanta nó in-sainaitheanta nó le sonraí pearsanta a dhéantar anaithnid ar bhealach nach féidir an t-ábhar sonraí a aithint nó nach féidir an t-ábhar sonraí a shainaithint a thuilleadh. Bealach é an t-anaithnidiú faisnéise le teacht ar réiteach idir na leasanna a bhaineann le faisnéis ón earnáil phoiblí a dhéanamh chomh hin-athúsáidte agus is féidir agus na hoibleagáidí arb ann dóibh de réir an dlí cosanta sonraí, ach baineann costas leis. Is iomchuí an costas sin a mheas mar cheann de na hítimí costais atá le cur san áireamh mar chuid den chostas imeallach a bhaineann leis an scaipeadh dá dtagraítear sa Treoir seo é.

(53)

Nuair a dhéanfar cinntí faoin raon feidhme agus faoi na coinníollacha a bhaineann le hathúsáid doiciméad ón earnáil phoiblí ina bhfuil sonraí pearsanta, in earnáil na sláinte cuir i gcás, féadfaidh sé gur gá measúnaithe tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679.

(54)

Ní dhéanann an Treoir seo difear do chearta maoine intleachtúla tríú páirtithe. Chun amhras a sheachaint, is do chóipcheart agus cearta gaolmhara (lena n-áirítear cineálacha cosanta sui generis), agus dóibh sin amháin, a thagraíonn an téarma “cearta maoine intleachtúla”. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le doiciméid a chumhdaítear le cearta maoine tionsclaíocha, amhail paitinní agus dearthaí agus trádmharcanna cláraithe. Ní dhéanann an Treoir difear do bheithsine ná d'úinéireacht chearta maoine intleachtúla chomhlachtaí na hearnála poiblí, ná ní chuireann sí teorainn leis le feidhmiú na gceart sin ar aon bhealach de bhreis ar na teorainneacha a leagtar síos sa Treoir seo. Níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Treoir seo ach sa mhéid go bhfuil siad ag teacht le comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint, go háirithe Coinbhinsiún Bheirn chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint (“Coinbhinsiún Bheirn”), an Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (“Comhaontú TRIPS”) agus Conradh EDMI um Chóipcheart (“WCT”). Ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí, áfach, a gcóipcheart a fheidhmiú ar bhealach a éascaíonn an athúsáid.

(55)

Ag cur san áireamh dhlí an Aontais agus na n-oibleagáidí idirnáisiúnta atá ar na Ballstáit agus ar an Aontas, go háirithe faoi Choinbhinsiún Bheirn agus faoi Chomhaontú TRIPS, ba cheart doiciméid a bhfuil cearta maoine intleachtúla ag tríú páirtithe ina leith a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo. Más ag tríú páirtí i dtosach a bhí na cearta maoine intleachtúla i leith doiciméad atá i seilbh leabharlainne, lena n-áirítear leabharlann ollscoile, músaeim nó cartlainne agus nach bhfuil tréimhse cosanta na gceart sin in éag, ba cheart a mheas chun críche na Treorach seo, gur doiciméad é an doiciméad sin a bhfuil cearta maoine intleachtúla ag tríú páirtithe ina leith.

(56)

Ba cheart nár dhochar an Treoir seo do na cearta, lena n-áirítear cearta eacnamaíocha agus morálta, is féidir a bheith ag fostaithe chomhlachtaí na hearnála poiblí faoin dlí náisiúnta.

(57)

Thairis sin, nuair a chuirtear aon doiciméad ar fáil lena athúsáid, ba cheart don chomhlacht earnála poiblí lena mbaineann an ceart a choinneáil chun leas a bhaint as an doiciméad sin.

(58)

Ní dochar an Treoir seo do Threoir 2014/24/AE.

(59)

Uirlisí a chuidíonn le athúsáideoirí féideartha teacht ar dhoiciméid lena n-athúsáid agus ar na coinníollacha ar an athúsáid, is féidir leo éascaíocht nach beag a dhéanamh d'úsáid trasteorann doiciméad ón earnáil phoiblí. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil socruithe praiticiúla i bhfeidhm a chuidíonn le hathúsáideoirí na doiciméid atá ar fáil lena n-athúsáid a chuardach. Is samplaí de shocruithe praiticiúla iad liostaí acmhainní, a bheadh le fáil ar líne de rogha, de dhoiciméid (doiciméid a athúsáidtear go tréan nó a bhfuil an poitéinseal ann go n-athúsáidfí go tréan iad), agus suíomhanna tairsí atá nasctha le hacmhainní díláraithe. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh teacht go héasca san fhadtéarma ar fhaisnéis ón earnáil phoiblí lena hathúsáid, i gcomhréir leis na beartais chaomhnaithe is infheidhme.

(60)

Ba cheart don Choimisiún comhar idir na Ballstáit a éascú agus tacú le ceapadh, tástáil, cur chun feidhme agus cur in úsáid comhéadan leictreonach idir-inoibritheach, rud a chuirfeadh le héifeachtúlacht agus sláine seirbhísí poiblí.

(61)

Ní dochar an Treoir seo do Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Foráiltear inti na coinníollacha ar ar féidir le comhlachtaí na hearnála poiblí a gcearta maoine intleachtúla a fheidhmiú i margadh inmheánach na faisnéise nuair a cheadaíonn siad athúsáid doiciméad. I gcásanna ina bhfuil an ceart ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, níor cheart dóibh an ceart sin a fheidhmiú chun cosc a chur ar athúsáid doiciméid arb ann dóibh nó chun srian a chur ar athúsáid doiciméad arb ann dóibh thar na teorainneacha dá bhforáiltear leis an Treoir seo.

(62)

Thacaigh an Coimisiún le forbairt na tuarascála ar líne maidir le haibíocht i dtaobh sonraí oscailte le táscairí ábhartha feidhmíochta maidir le hathúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí sna Ballstáit uile. Le nuashonrú tráthrialta na tuarascála sin cothófar malartú faisnéise idir na Ballstáit agus infhaighteacht faisnéise maidir le beartais agus cleachtais san Aontas trí chéile.

(63)

Is gá a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit faireachán ar an méid athúsáide atáthar a bhaint as faisnéis ón earnáil phoiblí, na coinníollacha ar a gcuirtear ar fáil í agus na cleachtais sásaimh.

(64)

Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a thabhairt don na Ballstáit an Treoir seo a chur chun feidhme ar bhealach comhleanúnach trí threoirlíne a chur amach agus trí na treoirlínte arb ann dóibh a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe maidir lena moltar i ndáil leis na ceadúnais chaighdeánacha, na tacair sonraí agus an muirearú le haghaidh athúsáid doiciméad, tar éis comhairliúchán le páirtithe leasmhara.

(65)

Ar phríomhaidhmeanna bhunú an mhargaidh inmheánaigh tá cruthú dálaí atá fabhrach do fhorbairt seirbhísí uile-Aontais. I seilbh na leabharlann, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, na músaem agus na gcartlann tá méid mór acmhainní luachmhara faisnéise ón earnáil phoiblí, go háirithe toisc go bhfuil tionscadail digitithe tar éis cur go mór leis an méid ábhair dhigitigh atá san fhearann poiblí. Bunachar iad na bailiúcháin oidhreachta cultúrtha sin agus na meiteashonraí a bhaineann leo as a bhféadfaí táirgí agus seirbhísí inneachair dhigitigh a chruthú, agus tá poitéinseal ollmhór iontu d'athúsáid nuálach in earnálacha ar nós na foghlama agus na turasóireachta. Bunaíocht chultúrtha de chineálacha eile, amhail ceolfhoirne, forais cheoldrámaíochta, forais bhailé agus amharclanna, lena n-áirítear na cartlanna ar cuid de na bunaíochtaí sin iad, ba cheart dóibh fanacht lasmuigh den raon feidhme na Treorach seo de thairbhe a sainiúlachta mar “thaibhealaíona” agus toisc go bhfuil a gcuid ábhair ar fad nach mór faoi réir cearta maoine intleachtúla tríú páirtí.

(66)

Chun foráil a dhéanamh do dhálaí a thacóidh le hathúsáid doiciméad lena mbaineann mórthairbhí socheacnamaíocha a mbeidh ardfhiúntas ar leith iontu don gheilleagar agus don tsochaí, ba cheart liosta de chatagóirí téamacha de thacair sonraí ardluacha a leagan amach in Iarscribhinn. Mar shampla, agus gan dochar do na gníomhartha cur chun feidhme lena sainaithnítear na tacair sonraí ardluacha ar cheart feidhm a bheith ag na ceanglais shonracha a leagtar amach sa Treoir seo ina leith, ag cur san áireamh treoirlínte ón gCoimisiún maidir le ceadúnais caighdéanacha, tacair sonraí agus muirear a ghearradh ar athúsáid doiciméad), d'fhéadfadh na catagóirí téamacha na nithe seo a leanas a chumhdach, i measc nithe eile: cóid phoist, léarscáileanna náisiúnta agus áitiúla (geospásúil), tomhaltas fuinnimh agus íomhánna satailíte (faire na cruinne agus comhshaoil), sonraí in situ ó ionstraimí agus réamhaisnéisí aimsire (meitéareolaíocht), táscairí déimeagrafacha agus eacnamaíocha (staidreamh), cláir ghnó agus aitheantóirí clárúcháin (cuideachtaí agus úinéireacht cuideachtaí), comharthaí bóthair agus uiscebhealaí intíre (soghluaisteacht).

(67)

D'fhonn an liosta d chatagóirí téamacha de thacair sonraí ardluacha a leasú, trína thuilleadh catagóirí téamacha a chur isteach ann, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún.Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (20). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(68)

Liosta uile-Aontais de thacair sonraí a bhfuil poitéinseal ar leith iontu tairbhí eacnamaíocha a ghiniúint, in éineacht le coinníollacha comhchuibhithe ar athúsáid, is áis thábhachtach a bheadh sa mhéid sin chun feidhmeanna agus seirbhísí sonraí trasteorann a dhéanamh. D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun tacú le hathúsáid doiciméad a bhaineann le tairbhí socheacnamaíocha tábhachtacha trí liosta a ghlacadh de thacair sonraí ardluacha sonracha a mbeadh feidhm maidir leo ag ceanglais shonracha de chuid na Treorach seo, agus trí na socruithe praiticiúla dá bhfoilsiú agus dá n-athúsáid a ghlacadh freisin. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag na ceanglais shonracha sin sula nglacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme. Ba cheart gníomhartha dlí earnála an Aontais lena rialaítear foilsiú tacar sonraí a chur san áireamh sa liosta, amhail Treoracha 2007/2/CE agus 2010/40/AE chun a áirithiú go ndéanfar na tacair sonraí a chur ar fáil faoi na caighdeáin agus na tacair meiteashonraí chomhfhreagracha. Ba cheart go mbeadh an liosta bunaithe ar na catagóirí téamacha a leagtar amach sa Treoir seo. Agus an liosta á ullmhú, ba cheart don Choimisiún comhairliúcháin iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe. Lena chois sin, agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na sonraí atá á gcoinneáil ag gnóthais phoiblí nó maidir lena n-infhaighteacht shaor, ba cheart na héifeachtaí ar an iomaíocht sna margaí ábhartha a chur san áireamh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

(69)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh an t-uasmhéid tionchair acu agus chun an athúsáid a éascú, ba cheart na tacair sonraí ardluacha a chur ar fáil lena n-athúsáid faoi shrianta dlíthiúla íosta agus saor in aisce. Ina theannta sin, ba cheart iad a fhoilsiú trí APInna. Ní chuireann an méid sin cosc ar chomhlachtaí earnála poiblí muirir a ghearradh ar sheirbhísí a sholáthraíonn siad i ndáil leis na tacair sonraí ardluacha agus iad ag feidhmiú mar údarás poiblí, go háirithe agus barántúlacht nó fírinneacht doiciméad á deimhniú acu.

(70)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon cruthú táirgí agus seirbhísí faisnéise uile-Aontais bunaithe ar dhoiciméid ón earnáil phoiblí a éascú, úsáid éifeachtach trasteorann doiciméad ón earnáil phoiblí a áirithiú, ar thaobh amháin ag gnóthlachtaí príobháideacha, go háirithe FBManna, le haghaidh táirgí agus seirbhísí faisnéise breisluacha, agus ar an taobh eile ag saoránaigh chun saorchúrsaíocht faisnéise agus cumarsáide a éascú, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr raon feidhme uile-Aontais na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(71)

Sa Treoir seo urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an ceart chun príobháideachta, cosaint sonraí pearsanta, an ceart chun maoine lánpháirtiú daoine atá faoi mhíchumas. Níor cheart aon rud sa Treoir seo a léiriú ná a chur chun feidhme ar bhealach nach bhfuil ag teacht le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

(72)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh an 10 Iúil 2018 (22).

(73)

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo. De bhun Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016, ba cheart an mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar chúig chritéar, mar atá an éifeachtúlacht, an éifeachtacht, an ábharthacht, an chomhsheasmhacht agus an breisluach, agus ba cheart í a bheith ina bunús le measúnuithe tionchair ar ghníomhaíocht a d'fhéadfaí a dhéanamh amach anseo.

(74)

Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis an teorainn ama chun na Treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid B, a thrasuí sa dlí náisiúnta,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   D'fhonn úsáid sonraí oscailte a chur chun cinn agus nuálaíocht i dtáirgí agus i seirbhísí a spreagadh, leagtar síos leis an Treoir seo sraith de rialacha íosta lena rialaítear an athúsáid agus na socruithe praiticiúla chun an athúsáid a éascú maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

doiciméid arb ann dóibh atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí na mBallstát;

(b)

doiciméid arb ann dóibh atá i seilbh gnóthas poiblí atá:

(i)

ag gníomhú sna réimsí a shainítear i dTreoir 2014/25/AE;

(ii)

ag gníomhú mar oibreoirí seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007;

(iii)

ag gníomhú mar aeriompróirí ag comhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008; nó

(iv)

ag gníomhú mar longúinéirí Comhphobail ag comhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92;

(c)

sonraí taighde, de bhun na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10.

2.   Níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

doiciméid a bhfuil a soláthar ina ghníomhaíocht atá lasmuigh de scóip chúraimí poiblí na gcomhlachtaí earnála poiblí lena mbaineann mar a shainítear sa dlí nó i rialacha ceangailteacha eile sa Bhallstát, nó d'uireasa rialacha den sórt sin, mar a shainítear i gcomhréir leis an gcleachtas riaracháin coiteann sa Bhallstát i gceist, ar choinníoll go bhfuil scóip na gcúraimí poiblí trédhearcach agus faoi réir a hathbhreithnithe;

(b)

doiciméid atá i seilbh gnóthas poiblí:

(i)

a táirgeadh lasmuigh den scóip a bhaineann le soláthar seirbhísí leasa ghinearálta mar a shainítear sin sa dlí nó i rialacha ceangailteacha eile sa Bhallstáit;

(ii)

a bhaineann le gníomhaíochtaí atá go díreach faoi lé iomaíochta agus, dá bhrí sin, de bhun Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE, nach bhfuil faoi réir rialacha soláthair;

(c)

doiciméid a bhfuil cearta maoine intleachtúla ag tríú páirtithe ina leith;

(d)

doiciméid, amhail sonraí íogaire, a bhfuil cosc ar rochtain orthu de bhua na gcóras rochtana sna Ballstáit, lena n-áirítear na forais seo a leanas:

(i)

cosaint na slándála náisiúnta (eadhon, slándáil an Stáit), cosaint, nó an tslándáil phoiblí;

(ii)

rúndacht staidrimh;

(iii)

rúndacht tráchtála (lena n-áirítear rúin ghnó, ghairmiúla nó chuideachta);

(e)

doiciméid a bhfuil cosc nó srian ar rochtain orthu ar fhorais arb iad faisnéis íogair a bhaineann le bonneagar criticiúil a chosaint mar a shainmhínítear i bpointe (d) d'Airteagal 2 de Threoir 2008/114/CE;

(f)

doiciméid a bhfuil an rochtain orthu srianta de bhua na gcóras rochtana sna Ballstáit, lena n-áirítear cásanna ina gcaithfidh na saoránaigh nó na heintitis dhlíthiúla a chruthú go bhfuil leas ar leith acu i ndoiciméid chun rochtain a fháil orthu;

(g)

lógónna, suaitheantais agus ionchomharthaí;

(h)

doiciméid, a bhfuil cosc nó srian ar an rochtain orthu de bhua na gcóras rochtana chun sonraí pearsanta a chosaint, agus codanna de dhoiciméid ar féidir rochtain a fháil orthu de bhua na gcóras sin, ina bhfuil sonraí pearsanta ar sainíodh sa dlí go bhfuil a n-athúsáid contrártha leis an dlí maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta nó go mbaineann a n-athúsáid an bonn de chosaint na príobháideachta agus d'iomláine na ndaoine aonair, go háirithe i gcomhréir le reachtaíocht de chuid an Aontais nó an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta;

(i)

doiciméid atá i seilbh craoltóirí seirbhíse poiblí agus a bhfochomhlachtaí, agus i seilbh comhlachtaí eile agus a bhfochomhlachtaí chun sainchúram craolacháin seirbhíse poiblí a chomhlíonadh;

(j)

doiciméid atá i seilbh bunaíochtaí cultúrtha nach leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaeim ná cartlanna;

(k)

doiciméid atá i seilbh bunaíochtaí oideachais dara leibhéal agus leibhéal is ísle agus, i gcás gach bunaíochta oideachais eile, doiciméid nach doiciméid dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 iad;

(l)

doiciméid nach doiciméid dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 iad atá i seilbh eagraíochtaí déanta taighde agus eagraíochtaí maoinithe taighde, lena n-áirítear eagraíochtaí arna mbunú chun torthaí taighde a aistriú.

3.   Is forbairt í an Treoir seo ar chórais rochtana an Aontais agus ar chórais rochtana náisiúnta, agus ní dochar í dóibh.

4.   Ní dochar an Treoir seo do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE agus forálacha comhfhreagracha an dlí náisiúnta.

5.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Treoir seo ach a mhéid atá siad ag teacht le forálacha comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint, go háirithe Coinbhinsiún Berne, Comhaontú TRIPS agus CEC.

6.   An ceart do dhéantóir bunachair sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, ní fheidhmeoidh comhlachtaí earnála poiblí é chun cosc a chur ar athúsáid doiciméad nó srian a chur ar athúsáid doiciméad thar na teorainneacha a leagtar síos leis an Treoir seo.

7.   Leis an Treoir seo rialaítear athúsáid doiciméad arb ann dóibh atá i seilbh chomhlachtaí earnála poiblí agus ghnóthais phoiblí na mBallstát, lena n-áirítear doiciméid a bhfuil feidhm ag Treoir 2007/2/CE maidir leo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “comhlacht earnála poiblí” an Stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí a rialaítear leis an dlí poiblí nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó roinnt údarás den sórt sin nó comhlacht amháin nó roinnt comhlachtaí den sórt sin a rialaítear leis an dlí poiblí;

(2)

ciallaíonn “comhlachtaí a rialaítear leis an dlí poiblí” comhlachtaí ag a bhfuil na tréithe uile seo a leanas:

(a)

bunaítear iad leis an gcuspóir sonrach riachtanais leasa ghinearálta a chomhlíonadh, nach bhfuil carachtar tionsclaíoch ná tráchtála aige;

(b)

tá pearsantacht dhlítheanach acu; agus

(c)

tá siad á maoiniú, den chuid is mó, ag an Stát, ag údaráis réigiúnacha nó áitiúla, nó ag comhlachtaí eile a rialaítear leis an dlí poiblí; nó tá siad faoi réir maoirseacht bainistíochta ag na húdaráis nó na comhlachtaí sin; nó tá bord riaracháin, bainistíochta nó faireacháin acu, a bhfuil níos mó ná leath dá chomhaltaí ceaptha ag an Stát, ag údaráis réigiúnacha nó áitiúla nó ag comhlachtaí eile a rialaítear leis an dlí poiblí;

(3)

ciallaíonn “gnóthas poiblí” aon ghnóthas atá gníomhach sna réimsí a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 1(1) a bhféadfaidh comhlachtaí earnála poiblí tionchar ceannasach a imirt go díreach nó go hindíreach air de bhua a n-úinéireachta air, a rannpháirteachais airgeadais ann, nó na rialacha lena rialaítear é. Measfar go bhfuil tionchar ceannasach á imirt ag na comhlachtaí earnála poiblí in aon cheann de na cásanna inar fíor an méid seo a leanas maidir leis na comhlachtaí sin, go díreach nó go hindíreach:

(a)

tá formhór de chaipiteal suibscríofa an ghnóthais acu;

(b)

rialaíonn siad, go díreach nó go hindíreach, formhór na vótaí a ghabhann leis na scaireanna arna n-eisiúint ag an ngnóthas;

(c)

is féidir leo níos mó ná leath de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais a cheapadh.

(4)

ciallaíonn “ollscoil” aon chomhlacht earnála poiblí a sholáthraíonn ardoideachas iar-mheánscoile a mbíonn céimeanna acadúla mar thoradh air;

(5)

ciallaíonn “ceadúnas caighdeánach” tacar coinníollacha réamhshainithe maidir le hathúsáid i bhformáid dhigiteach, atá comhoiriúnach, de rogha, le ceadúnais phoiblí chaighdeánaithe atá ar fáil ar líne;

(6)

ciallaíonn “doiciméad”:

(a)

aon inneachar gan beann ar an meán (ar pháipéar, i bhfoirm leictreonach nó mar thaifead fuaime, físe nó closamhairc); nó

(b)

aon chuid d'inneachar den sórt sin;

(7)

ciallaíonn “anaithnidiú” an próiseas chun doiciméid a athrú ina ndoiciméid anaithnide nach mbaineann le duine nádúrtha atá sainaitheanta nó in-sainaitheanta nó leis na bpróiseas trína ndéantar sonraí pearsanta a dhéanamh anaithnid ar bhealach nach féidir an t-ábhar sonraí a shainaithint a thuilleadh;

(8)

ciallaíonn “sonraí dinimiciúla” doiciméid i bhfoirm dhigiteach a dhéantar a nuashonrú go minic nó i bhfíor-am, go háirithe mar gheall ar a luaineacht nó an dífheidhmeacht ghasta a bhaineann leo; sonraí arna nginiúint ag braiteoirí, de ghnáth meastar gur sonraí dinimiciúla iad;

(9)

ciallaíonn “sonraí taighde” doiciméid i bhfoirm dhigiteach, nach foilseacháin eolaíocha iad, a bhailítear nó a tháirgtear le linn gníomhaíochtaí taighde eolaíoch agus a úsáidtear mar fhianaise sa phróiseas taighde, nó a ghlacann lucht taighde leis go coitianta go bhfuil gá leo chun fionnachtana agus torthaí taighde a bhailíochtú;

(10)

ciallaíonn “tacair sonraí ardluacha” doiciméid a mbaineann mórthairbhí don tsochaí, don chomhshaol agus don gheilleagar lena n-athúsáid, go háirithe mar gheall ar a n-oiriúnacht do chruthú seirbhísí breisluacha, feidhmeanna agus poist ardcháilíochta, chuibhiúla nua, agus do líon na dtairbhithe a bhféadfadh leas a bhaint as na seirbhísí agus feidhmeanna breisluacha a bhunófaí ar na tacair sonraí sin;

(11)

ciallaíonn “athúsáid” an úsáid a bhaineann daoine nó eintitis dhlíthiúla as doiciméid atá i seilbh:

(a)

chomhlachtaí earnála poiblí, chun críocha tráchtála nó neamhthráchtála seachas an cuspóir tosaigh a bhí ann laistigh den chúram poiblí ar táirgeadh na doiciméid chuige, diomaite de mhalartú doiciméad idir comhlachtaí earnála poiblí chun a gcúraimí poiblí a shaothrú agus chuige sin amháin; nó

(b)

ghnóthais phoiblí, chun críocha tráchtála nó neamhthráchtála seachas an cuspóir tosaigh maidir le seirbhísí leasa ghinearálta a chur ar fáil ar táirgeadh na doiciméid chuige, diomaite de mhalartú doiciméad idir gnóthais phoiblí agus comhlachtaí earnála poiblí chun na cúraimí poiblí atá ar chomhlachtaí earnála poiblí a shaothrú agus chuige sin amháin.

(12)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;

(13)

ciallaíonn “formáid mheaisín-inléite” formáid chomhaid atá struchtúrtha sa dóigh gur féidir le feidhmeanna bogearraí sonraí ar leith, lena n-áirítear ráitis aonair fíoras, agus a struchtúr inmheánach, a shainaithint, a aithint agus a bhaint as gan dua;

(14)

ciallaíonn “formáid oscailte” formáid chomhaid atá spleách ar ardán agus a chuirtear ar fáil don phobal gan aon srian a chuirfeadh bac ar athúsáid doiciméad;

(15)

ciallaíonn “caighdeán oscailte foirmiúil” caighdeán a leagadh síos i bhfoirm scríofa, lena leagtar amach sonraíochtaí do na ceanglais maidir le conas idir-inoibritheacht bogearraí a áirithiú;

(16)

ciallaíonn “brabús réasúnach ar an infheistíocht” céatadán den mhuirear foriomlán, de bhreis ar an gcéatadán sin is gá chun na costais incháilithe a chumhdach, nach mó ná 5 phointe céatadáin os cionn ráta seasta úis BCE;

(17)

ciallaíonn “tríú páirtí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach nach comhlacht earnála poiblí ná gnóthas poiblí é a bhfuil na sonraí ina sheilbh.

Airteagal 3

Prionsabal ginearálta

1.   Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na doiciméid a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo i gcomhréir le hAirteagal 1, go mbeidh siad in-athúsáidte chun críocha tráchtála agus neamhthráchtála i gcomhréir le Caibidil III agus Caibidil IV.

2.   I gcás doiciméid a bhfuil cearta maoine intleachtúla ina leith ag leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaeim agus cartlanna agus i gcás doiciméid atá i seilbh gnóthas poiblí, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gceadófar athúsáid na ndoiciméad sin, go mbeidh na doiciméid sin in-athúsáidte chun críocha tráchtála agus neamhthráchtála i gcomhréir le Caibidil III agus Caibidil IV.

CAIBIDIL II

IARRATAÍ AR ATHÚSÁID

Airteagal 4

Próiseáil a dhéanamh ar iarrataí ar athúsáid

1.   Déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí, ar mhodhanna leictreonacha i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, iarrataí ar athúsáid a phróiseáil agus an doiciméad a chur ar fáil lena athúsáid ag an iarratasóir nó, más gá ceadúnas, an tairiscint ceadúnais don iarratasóir a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse réasúnach atá ag teacht leis na creataí ama a leagtar síos le haghaidh próiseáil iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid.

2.   Mura bhfuil aon teorainneacha ama ná rialacha eile lena rialáiltear soláthar prapúil doiciméad bunaithe, déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí an iarraidh a phróiseáil agus na doiciméid a chur chuig an iarratasóir lena n-athúsáid nó, más gá ceadúnas, an tairiscint ceadúnais don iarratasóir a thabhairt chun críche a luaithe is féidir, agus, in aon chás, laistigh de 20 lá oibre tar éis dóibh an iarraidh a fháil. Féadfar an creat ama sin a shíneadh 20 lá oibre breise i gcás iarrataí fairsinge nó casta. I gcásanna den sórt sin tabharfar fógra don iarratasóir a luaithe is féidir, agus, in aon chás, laistigh de 3 seachtaine ón iarraidh thosaigh go bhfuil gá le tuilleadh ama chun an iarraidh a phróiseáil agus na cúiseanna leis sin.

3.   Má dhéantar cinneadh diúltach, cuirfidh an comhlacht earnála poiblí foras an diúltaithe in iúl don iarratasóir ar bhonn na bhforálacha ábhartha de chóras rochtana an Bhallstáit sin nó ar bhonn na bhforálacha lena dtrasuítear an Treoir seo, go háirithe pointe (a) go pointe (h) d'Airteagal 1(2) nó Airteagal 3. Má tá cinneadh diúltach bunaithe ar phointe (c) d'Airteagal 1(2), cuirfidh an comhlacht earnála poiblí leis tagairt don duine nádúrtha nó dlítheanach arb é an sealbhóir cirt é, más fios sin, nó mar mhalairt air sin, tagairt don cheadúnóir a bhfuair an comhlacht earnála poiblí an t-ábhar i gceist uaidh. Ní bheidh sé de cheangal ar leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, ar mhúsaeim ná ar chartlanna tagairt den sórt sin a chur leis.

4.   In aon chinneadh maidir le hathúsáid beidh tagairt do na modhanna sásaimh atá ann i gcás inar mian leis an iarratasóir agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh. Ar na modhanna sásaimh beidh an deis ag comhlacht athbhreithnithe neamhchlaonta athbhreithniú a dhéanamh, ar comhlacht é a bhfuil an saineolas iomchuí aige, amhail an t-údarás iomaíochta náisiúnta, an t-údarás ábhartha um rochtain ar dhoiciméid, an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, nó údarás breithiúnach náisiúnta, agus a bhfuil a chuid cinntí ceangailteach ar an gcomhlacht earnála poiblí lena mbaineann.

5.   Chun críocha an Airteagail seo, déanfaidh na Ballstáit socruithe praiticiúla a bhunú chun athúsáid éifeachtach doiciméad a éascú. D'fhéadfadh a áireamh sna socruithe sin, go háirithe, na meáin chun faisnéis leordhóthanach ar na cearta dá dtagraítear sa Treoir seo a sholáthar agus chun cúnamh agus treoir ábhartha a chur ar fáil.

6.   Ní bheidh ceangal ar na heintitis seo a leanas an tAirteagal seo a chomhlíonadh:

(a)

gnóthais phoiblí;

(b)

bunaíochtaí oideachais, eagraíochtaí déanta taighde agus eagraíochtaí maoinithe taighde.

CAIBIDIL III

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE hATHÚSÁID

Airteagal 5

Na formáidí a mbeidh fáil orthu

1.   Gan dochar do Chaibidil V, déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí agus gnóthais phoiblí a gcuid doiciméad a chur ar fáil in aon fhormáid nó teanga ina bhfuil siad cheana féin, agus, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, trí mheán leictreoanach, i bhformáidí atá oscailte, meaisín-inléite, inrochtana, inaimsithe agus in-athúsáidte, agus in éineacht leis na meiteashonraí a bhaineann leo. Beidh an fhormáid agus na meiteashonraí araon, i gcás inar féidir, i gcomhréir le caighdeáin oscailte fhoirmiúla.

2.   Spreagfaidh na Ballstáit comhlachtaí earnála poiblí agus gnóthais phoiblí doiciméid a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a tháirgeadh agus a chur ar fáil i gcomhréir le prionsabal “oscailte trí dhearadh agus mar réamhshocrú”.

3.   Ní fhágfaidh mír 1 go bhfuil oibleagáid ar chomhlachtaí earnála poiblí doiciméid a chruthú nó a oiriúnú nó sleachta a sholáthar chun an mhír sin a chomhlíonadh i gcás ina mbeadh iarracht dhíréireach de dhíth chuige sin, a mbeadh ní ba mhó ná oibríocht shimplí i gceist léi.

4.   Ní cheanglófar ar chomhlachtaí earnála poiblí leanúint de dhoiciméad de chineál áirithe a tháirgeadh agus a stóráil le gur féidir le heagraíochtaí príobháideacha nó le heagraíocht earnála poiblí na doiciméid sin a athúsáid.

5.   Déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí sonraí dinimiciúla a chur ar fáil lena n-athúsáid láithreach tar éis a mbailithe, trí APInna oiriúnacha agus, i gcás inarb ábhartha, mar oll-íoslódáil.

6.   Más rud é, má chuirtear sonraí dinimiciúla dá dtagraítear i mír 5 ar fáil lena n-athúsáid láithreach tar éis a mbailithe agus, dá bharr sin, go sárófaí cumas an chomhlachta earnála poiblí, ó thaobh cúrsaí airgeadais nó cúrsaí teicniúla de agus, ar an gcaoi sin, go bhforchuirfí iarracht neamhréireach, cuirfear na sonraí dinimiciúla sin ar fáil lena n-athúsáid laistigh de chreat ama, nó faoi shrianta sealadacha, nach gcuirfidh isteach go míchuí ar shaothrú an phoitéinsil eacnamaíoch agus sóisialta atá iontu.

7.   Beidh feidhm ag mír 1 go mír 6 maidir le doiciméid arb ann dóibh i seilbh gnóthais phoiblí agus atá ar fáil le haghaidh athúsáide.

8.   Déanfar na tacair ardluacha sonraí, faoi mar a liostaítear iad i gcomhréir le hAirteagal 14(1), a chur ar fáil lena n-athúsáid i bhfoirm mheaisín-inléite, trí APInna agus, i gcás inarb ábhartha, mar oll-íoslódáil.

Airteagal 6

Na prionsabail lena rialaítear an muirearú

1.   Is saor in aisce a bheidh athúsáid doiciméad.

Mar sin féin, féadfar a cheadú go ndéanfaí aisghabháil ar na costais imeallacha a thabhaítear chun doiciméid a atáirgeadh, a sholáthar agus a scaipeadh, agus, mar aon leis sin, chun sonraí pearsanta a anaithnidiú agus maidir le bearta arna ndéanamh chun faisnéis rúnda tráchtála a chosaint.

2.   Mar eisceacht, ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

comhlachtaí earnála poiblí a bhfuil sé de cheangal orthu ioncam a ghiniúint chun cuid shubstaintiúil dá gcostais i ndáil lena gcúraimí poiblí a dhéanamh a chumhdach;

(b)

leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaeim agus cartlanna;

(c)

gnóthais phoiblí.

3.   Déanfaidh na Ballstáit liosta de na comhlachtaí earnála poiblí, dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, a fhoilsiú ar líne.

4.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 2, déanfar na muirir iomlána a ríomh i gcomhréir le critéir oibiachtúla trédhearcacha infhíoraithe. Leagfaidh na Ballstáit síos na critéir sin.

An t-ioncam iomlán ó sholáthar agus ceadú athúsáide doiciméad le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, ní bheidh sé níos mó ná costas bhailiú, tháirgeadh, atáirgeadh, scaipeadh na ndoiciméad sin agus na stórála sonraí, maille le brabús réasúnach ar an infheistíocht, agus, más infheidhme, costas anaithnidiú na sonraí pearsanta agus costas na mbeart arna ndéanamh chun faisnéis rúnda tráchtála a chosaint.

Déanfar na muirir a ríomh i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta is infheidhme.

5.   I gcás ina ndéanfaidh na comhlachtaí earnála poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 muirir a ghearradh, an t-ioncam iomlán ó sholáthar agus ceadú athúsáide doiciméad le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, ní bheidh sé níos mó ná costas an bhailithe, an táirgthe, an atáirgthe, an scaipthe, na stórála, an chaomhnaithe agus an imréitigh ceart agus, más infheidhme, costas anaithnidiú na sonraí pearsanta agus costas na mbeart arna ndéanamh chun faisnéis rúnda tráchtála a chosaint, maille le brabús réasúnach ar an infheistíocht.

Déanfar na muirir a ríomh i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta is infheidhme maidir leis na comhlachtaí earnála poiblí lena mbaineann.

6.   Beidh sé saor in aisce don úsáideoir athúsáid a bhaint as an méid seo a leanas:

(a)

faoi réir Airteagal 14(3), (4) agus (5), na tacair sonraí ardluacha, a liostaítear i gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin;

(b)

na sonraí taighde dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 1(1).

Airteagal 7

Trédhearcacht

1.   I gcás muirir chaighdeánacha ar athúsáid doiciméad, aon choinníollacha is infheidhme agus méid iarbhír na muirear sin, lena n-áirítear an bonn ar a ríomhtar iad, déanfar iad a bhunú roimh ré agus a fhoilsiú, ar mhodhanna leictreonacha más féidir agus más iomchuí.

2.   I gcás muirir ar athúsáid seachas na muirir dá dtagraítear i mír 1, déanfar na tosca atá le cur san áireamh i ríomh na muirear sin a chur in iúl ag an tús. Nuair a iarrfar é, léireoidh sealbhóir na ndoiciméad i gceist freisin an chaoi ar ríomhadh na muirir sin i ndáil le hiarraidh áirithe ar athúsáid.

3.   Áiritheoidh comhlachtaí na hearnála poiblí go ndéanfar iarratasóirí ar athúsáid doiciméad a chur ar an eolas faoi na modhanna sásaimh atá le fáil i ndáil le cinntí nó cleachtais a dhéanann difear dóibh.

Airteagal 8

Ceadúnais chaighdeánacha

1.   Ní bheidh athúsáid doiciméad faoi réir coinníollacha, murar coinníollacha oibiachtúla comhréireacha neamh-idirdhealaitheacha iad a bhfuil údar leo ar fhorais cuspóra ar mhaithe le leas an phobail.

I gcás ina mbeidh athúsáid faoi réir coinníollacha, ní chuirfidh na coinníollacha sin srian neamhriachtanach ar dheiseanna athúsáide agus ní úsáidfear iad chun srian a chur leis an iomaíocht.

2.   Sna Ballstáit ina n-úsáidtear ceadúnais, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ceadúnais chaighdeánacha le haghaidh athúsáid doiciméid ón earnáil phoiblí, is féidir a chur in oiriúint chun freastal ar iarratais ceadúnas ar leith, áiritheoidh siad go bhfuil ceadúnais chaighdeánacha den sórt sin le fáil i bhformáid dhigiteach agus gur féidir iad a phróiseáil go leictreonach. Spreagfaidh na Ballstáit úsáid na gceadúnas caighdeánach sin.

Airteagal 9

Socruithe praiticiúla

1.   Déanfaidh na Ballstáit socruithe praiticiúla lena n-éascófar cuardach na ndoiciméad atá ar fáil lena n-athúsáid, amhail liostaí acmhainní de na príomhdhoiciméid a mbaineann meiteashonraí ábhartha leo, a mbeidh fáil orthu ar líne agus i bhformáid mheaisín-inléite, más féidir agus más iomchuí, agus suíomhanna tairsí atá nasctha leis na liostaí acmhainní. Más féidir, cuirfidh na Ballstáit áis chuardaigh idir teangacha ar fáil chun doiciméid a chuardach, go háirithe trí chomhbhailiú meiteashonraí a chumasú ar leibhéal an Aontais.

Tabharfaidh na Ballstáit spreagadh do chomhlachtaí earnála poiblí socruithe praiticiúla a dhéanamh lena n-éascófar caomhnú na ndoiciméad atá ar fáil lena n-athúsáid.

2.   Leanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, d'iarrachtaí rochtain ar thacair sonraí a shimpliú, go háirithe trí phointe aonair rochtana a sholáthar agus trí thacair oiriúnacha sonraí atá i seilbh chomhlachtaí earnála poiblí a chur ar fáil de réir a chéile i dtaca le na doiciméid a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo agus le sonraí atá i seilbh institiúidí an Aontais, i bhformáidí inrochtana is fusa a aimsiú agus atá inathúsáidte trí mheán leictreonach.

Airteagal 10

Sonraí taighde

1.   Tacóidh na Ballstáit le hinfhaighteacht sonraí taighde trí bheartais náisiúnta a ghlacadh agus trí bhearta ábhartha a dhéanamh a mbeidh sé mar aidhm leo sonraí taighde a dhéantar le maoiniú poiblí a chur ar fáil go hoscailte (“beartais rochtana oscailte”) i gcomhréir leis an bprionsabal “oscailte mar réamhshocrú” agus le prionsabail FAIR. Sa chomhthéacs sin, cuirfear ábhair imní maidir le cearta maoine intleachtúla, cosaint sonraí pearsanta agus rúndacht, slándáil agus leasanna tráchtála dlisteanacha san áireamh i gcomhréir leis an bprionsabal “a oscailte is féidir, a iata is gá”. Beidh na beartais rochtana oscailte sin dírithe ar eagraíochtaí déanta taighde agus ar eagraíochtaí maoinithe taighde.

2.   Gan dochar do phointe (c) d'Airteagal 1(2), beidh sonraí taighde in-athúsáidte chun críocha tráchtála nó neamhthráchtála ar na coinníollacha a leagtar amach i gcomhréir le Caibidil III agus i gCaibidil IV, sa mhéid go bhfuil siad maoinithe le hairgead poiblí agus go mbeidís curtha ar fáil go poiblí cheana ag taighdeoirí, eagraíochtaí déanta taighde nó eagraíochtaí maoinithe taighde trí thaisclann institiúideach nó ábharbhunaithe. Sa chomhthéacs sin, déanfar leasanna tráchtála dlisteanacha, gníomhaíochtaí aistrithe feasachta agus cearta maoine intleachtúla arb ann dóibh cheana a chur san áireamh.

CAIBIDIL IV

NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS CÓIRTHRÁDÁIL

Airteagal 11

Neamh-idirdhealú

1.   Aon choinníollacha is infheidhme maidir le hathúsáid doiciméad beidh siad neamh-idirdhealaitheach maidir le catagóirí inchomparáide athúsáide, lena n-áirítear athúsáid trasteorann.

2.   Má bhaineann comhlacht earnála poiblí athúsáid as doiciméid mar ionchur dá ghníomhaíochtaí tráchtála atá lasmuigh de raon feidhme a chúraimí poiblí, beidh feidhm ag na muirir agus ag na coinníollacha céanna maidir le soláthar na ndoiciméad le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin agus atá i gcás úsáideoirí eile.

Airteagal 12

Socruithe eisiacha

1.   Beidh athúsáid doiciméad ar fáil do ghníomhaithe féideartha uile an mhargaidh, fiú má tá gníomhaí amháin nó níos mó ag saothrú táirgí breisluacha bunaithe ar na doiciméid sin cheana féin. Ní dhéanfar cearta eisiacha a dheonú le conarthaí ná le socruithe eile idir na comhlachtaí earnála poiblí nó na gnóthais phoiblí a bhfuil na doiciméid ina seilbh agus tríú páirtithe.

2.   Má tá gá le ceart eisiach, áfach, le gur féidir seirbhís ar mhaithe le leas an phobail a sholáthar, déanfar athbhreithniú rialta ar bhailíocht an réasúin leis an gceart eisiach sin a dheonú, agus déanfar í a athbhreithniú, i ngach cás, gach 3 bliana. Na socruithe eisiacha a bhunófar an 16 Iúil 2019 nó dá éis, déanfar iad a chur ar fáil go poiblí, ar líne, 2 mhí ar a laghad sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. Téarmaí deiridh na socruithe sin beidh siad trédhearcach agus cuirfear ar fáil go poiblí iad, ar líne.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le digitiú acmhainní cultúrtha.

3.   D'ainneoin mhír 1, má bhaineann ceart eisiach le digitiú acmhainní cultúrtha, ní bheidh an tréimhse eisiachais níos faide, go ginearálta, ná 10 mbliana. I gcás ina bhfuil an tréimhse sin níos faide ná 10 mbliana, déanfar a fad a athbhreithniú san 11ú bliain agus, más infheidhme, gach 7 mbliana ina dhiaidh sin.

Na socruithe lena ndeonaítear cearta eisiacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh siad trédhearcach agus poibleofar iad.

I gcás ceart eisiach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar cóip de na hacmhainní cultúrtha digitithe a sholáthar saor in aisce don chomhlacht earnála poiblí lena mbaineann mar chuid de na socruithe sin. Beidh an chóip sin ar fáil lena hathúsáid nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse eisiachais.

4.   Socruithe dlíthiúla nó praiticiúla arb é is aidhm leo, gan ceart eisiach a dheonú go sainráite, srian a chur le hinfhaighteacht doiciméad nó is féidir a cheapadh go réasúnach go gcuirfidh siad srian le hinfhaighteacht doiciméad lena n-athúsáid ag eintitis eile seachas an tríú páirtí atá páirteach sa socrú, cuirfear ar fáil go poiblí iad, ar líne, 2 mhí ar a laghad sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. An éifeacht a bheidh ag socruithe dlíthiúla nó praiticiúla den chineál sin ar infhaighteacht sonraí lena n-athúsáid, beidh sí faoi réir athbhreithniú rialta agus, i gcás ar bith, gach 3 bliana. Téarmaí deiridh na socruithe sin beidh siad trédhearcach agus cuirfear ar fáil go poiblí iad, ar líne.

5.   Socruithe eisiacha arbh ann dóibh ar an 17 Iúil 2013 nach bhfuil cáilithe do na heisceachtaí dá bhforáiltear faoi mhír 2 agus faoi mhír 3 agus arbh iad comhlachtaí earnála poiblí a rinne iad, déanfar iad a fhoirceannadh ag deireadh an chonartha agus i ngach cás, tráth nach déanaí ná an 18 Iúil 2043.

Socruithe eisiacha arbh ann dóibh an 16 Iúil 2019 nach bhfuil cáilithe do na heisceachtaí a leagtar amach i mír 2 agus mír 3 agus arbh iad gnóthais phoiblí a rinne iad, déanfar iad a fhoirceannadh ag deireadh an chonartha agus i ngach cás, tráth nach déanaí ná an 17 Iúil 2049.

CAIBIDIL V

TACAIR ARDLUACHA SONRAÍ

Airteagal 13

Catagóirí téamacha de thacair ardluacha sonraí

1.   chun foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha chun tacú le hathúsáid a bhaint as tacair ardluacha sonraí, leagtar amach in Iarscríbhinn I liosta de chatagóirí téamacha de thacair ardluacha sonraí.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I dtrí chatagóirí téamacha nua de thacair sonraí ardluacha a chur léi chun forbairtí teicneolaíocha agus margaidh a léiriú.

Airteagal 14

Tacair ardluacha sonraí sonracha agus socruithe maidir le foilsiú agus athúsáid

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos liosta de thacair shonracha ardluacha sonraí a bhaineann leis na catagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus atá i seilbh comhlachtaí san earnáil phoiblí agus i seilbh gnóthais phoiblí i measc na ndoiciméad a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo.

Maidir leis na tacair ardluacha sonraí sin:

(a)

cuirfear ar fáil saor in aisce iad, faoi réir mhíreanna 3, 4 agus 5;

(b)

beidh siad meaisín-inléite;

(c)

cuirfear ar fáil iad trí APInna; agus

(d)

cuirfear ar fáil iad, i gcás inarb ábhartha, mar oll-íoslódáil.

Féadfar a shonrú sna gníomhartha cur chun feidhme sin na socruithe maidir le tacair ardluacha sonraí a fhoilsiú agus a athúsáid. Beidh na socruithe sin comhoiriúnach le ceadúnais chaighdeánacha oscailte.

Féadfar a áireamh sna socruithe sin téarmaí is infheidhme maidir le hathúsáid, formáidí sonraí agus meiteashonraí agus socruithe teicniúla maidir le scaipeadh. Infheistíochtaí a dhéanfaidh na Ballstáit i mbealaí cur chuige sonraí oscailte, amhail infheistíochtaí i bhforbairt agus i rolladh amach caighdeán áirithe, cuirfear san áireamh iad agus déanfar iad a chur sa mheá i gcomhthéacs na dtairbhí a d'fhéadfadh a bheith ann dá gcuirfí ar an liosta iad.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

2.   Sainaithint tacair shonracha ardluacha sonraí de bhun mhír 1, beidh sé bunaithe ar mheasúnú ar an bpoitéinseal atá iontu:

(a)

tairbhí socheacnamaíocha nó comhshaoil tábhachtacha agus seirbhísí nuálaíocha a chruthú;

(b)

dul chun tairbhe líon ard úsáideoirí, go háirithe FBManna,

(c)

cabhrú le hioncam a ghiniúint; agus

(d)

iad a chomhcheangal le tacair sonraí eile.

Chun na tacair ardluacha sonraí sonracha sin a shainaithint, cuirfidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí i gcrích, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, seolfaidh sé measúnú tionchair agus áiritheoidh sé an chomhlántacht le gníomhartha dlí arb ann dóibh, amhail Treoir 2010/40/AE, maidir le doiciméid a athúsáid. Áireofar ar an measúnú sin tionchair anailís chostais/sochair agus anailís ar a shuntasaí a bheadh an tionchar a d'imreofaí ar bhuiséad na gcomhlachtaí san earnáil phoiblí má chuireann siad tacair ardluacha sonraí ar fáil saor in aisce, ar comhlachtaí iad a gcuirtear de cheangal orthu ioncam a ghiniúint chun go gcumhdaítear cuid shuntasach de na costais atá acu a bhaineann le comhlíonadh a gcuid cúraimí poiblí. Maidir le tacair sonraí ardluacha atá i seilbh gnóthas poiblí, tabharfaidh an measúnú tionchair aird ar leith ar an ról atá ag gnóthais phoiblí i dtimpeallacht eacnamaíoch iomaíoch.

3.   De mhaolú ar phointe (a) den dara fomhír de mhír 1, forálfar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 nach gcuirfear tacair shonracha ardluacha sonraí ar fáil saor in aisce i gcás tacair shonracha ardluacha sonraí atá i seilbh gnóthas poiblí i gcás ina ndéanfaí saobhadh leis an méid sin ar an iomaíocht sna margaí ábhartha de thoradh an mhéid sin.

4.   An ceanglas tacair ardluacha sonraí a chur ar fáil saor in aisce de bhun phointe (a) den dara fomhír de mhír 1, ní bheidh feidhm aige maidir le leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaeim ná cartlanna.

5.   I gcás ina n-imreofaí tionchar suntasach ar bhuiséad na gcomhlachtaí san earnáil phoiblí lena mbaineann dá gcuirfidís tacair ardluacha sonraí ar fáil saor in aisce, ar comhlachtaí iad a gcuirtear de cheangal orthu ioncam a ghiniúint chun go gcumhdaítear cuid shuntasach de na costais a bhaineann le comhlíonadh a gcuid cúraimí poiblí, féadfaidh Ballstáit, ar feadh ré nach faide ná 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1, na comhlachtaí sin a dhíolmhú ón gceanglas tacair ardluacha sonraí a chur ar fáil saor in aisce.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 16 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh Coiste maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 17 Iúil 2021. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireoidh siad chomh maith ráiteas go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá ann maidir leis na Treoracha arna n-aisghairm leis an Treoir seo a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 18

Meastóireacht ón gCoimisiún

1.   Tráth nach luaithe ná an 17 Iúil 2025, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus déanfaidh sé tuarascáil ar phríomhfhionnachtana na meastóireachta sin a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa.

Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis a theastaíonn chun an tuarascáil sin a ullmhú.

2.   Leis an meastóireacht díreofar go háirithe ar raon feidhme agus ar thionchar sóisialta agus eacnamaíoch na Treorach seo, lena n-áirítear:

(a)

chomh mór is atá an méadú atá tagtha ar athúsáid doiciméad ón earnáil phoiblí a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo, go háirithe ag FBManna;

(b)

tionchar thacair ardluacha sonraí;

(c)

éifeachtaí na bprionsabal a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an muirearú agus athúsáid téacsanna oifigiúla de chineál reachtach agus riaracháin;

(d)

athúsáid doiciméad atá i seilbh eintiteas eile nach comhlachtaí earnála poiblí iad;

(e)

infhaighteacht agus úsáid APInna;

(f)

an tionchar atá ag rialacha cosanta ar dheiseanna athúsáide; agus

(g)

deiseanna eile chun feabhas a chur ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar fhorbairt an gheilleagair agus mhargadh an tsaothair.

Airteagal 19

Aisghairm

Déantar Treoir 2003/98/CE, arna leasú leis an Treoir a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn II, a aisghairm le héifeacht ón 17 Iúil 2021, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid B, a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dátaí chur i bhfeidhm na dTreoracha sin.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 21

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 238.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa 4 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 6 Meitheamh 2019.

(3)  Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90).

(4)  Treoir 2013/37/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leasaítear Treoir 2003/98/CE maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 175, 27.6.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(6)  Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20).

(7)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

(8)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d'Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(9)  Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).

(10)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ar sholáthar trí aonáin a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú) (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).

(13)  Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar d'iompar muirí sna Ballstáit (cabatáiste muirí) (IO L 364, 12.12.1992, lch. 7).

(14)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).

(15)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

(16)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(17)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(18)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(19)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(20)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(22)  IO C 305, 30.8.2018. lch. 7.


IARSCRÍBHINN I

Liosta de chatagóirí téamacha de thacair sonraí ardluacha, dá dtagraítear in Airteagal 13(1)

1.

Geospásúil

2.

Faire na cruinne agus an comhshaol

3.

Meitéareolaíoch

4.

Staidreamh

5.

Cuideachtaí agus úinéireacht cuideachtaí

6.

Soghluaisteacht


IARSCRÍBHINN II

Cuid A

An Treoir aisghairthe agus an leasú a rinneadh uirthi

(dá dtagraítear in Airteagal 19)

Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 345, 31.12.2003, lch. 90)

 

Treoir 2013/37/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 175, 27.6.2013, lch. 1)

 

Cuid B

Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta agus dátaí an chur i bhfeidhm

(dá dtagraítear in Airteagal 19)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

Dáta cur i bhfeidhm

2003/98/CE

1 Iúil 2005

1 Iúil 2005

2013/37/AE

18 Iúil 2015

18 Iúil 2015


IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2003/98/CE

An Treoir seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1), an fhoclaíocht réamhráiteach

 

Airteagal 1(1)(a), (b) agus (c)

Airteagal 1(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 1(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 1(2)(a)

Airteagal 1(2)(a)

Airteagal 1(2)(b)

Airteagal 1(2)(b)

Airteagal 1(2)(c)

Airteagal 1(2)(c)

Airteagal 1(2)(d)

Airteagal 1(2)(e)

Airteagal 1(2)(ca)

Airteagal 1(2)(f)

Airteagal 1(2)(cb)

Airteagal 1(2)(g)

Airteagal 1(2)(cc)

Airteagal 1(2)(h)

Airteagal 1(2)(d)

Airteagal 1(2)(i)

Airteagal 1(2)(e)

Airteagal 1(2)(l)

Airteagal 1(2)(f)

Airteagal 1(2)(j)

Airteagal 1(2)(k)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(5)

Airteagal 1(5)

Airteagal 1(6) agus (7)

Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(3) agus (5)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(6)

Airteagal 2(7) go (10)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(11)

Airteagal 2(5)

Airteagal 2(12)

Airteagal 2(6)

Airteagal 2(13)

Airteagal 2(7)

Airteagal 2(14)

Airteagal 2(8)

Airteagal 2(15)

Airteagal 2(9)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(16) agus (17)

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(6), an fhoclaíocht réamhráiteach

 

Airteagal 4(6)(a) agus (b)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 5(5) go (8)

Airteagal 6(1) an chéad fomhír

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(1) an dara fomhír

Airteagal 6(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 6(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 6(2)(a)

Airteagal 6(2)(a)

Airteagal 6(2)(b)

Airteagal 6(2)(c)

Airteagal 6(2)(b)

Airteagal 6(2)(c)

Airteagal 6(3)

Airteagal 6(3)

Airteagal 6(4)

Airteagal 6(4)

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(6)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 7(3)

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 10(1) agus (2)

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 12(2)

Airteagal 11(2a)

Airteagal 12(3)

Airteagal 12(4)

Airteagal 11(3)

Airteagal 11(4)

Airteagal 12(5)

Airteagail 13 go 16

Airteagal 12

Airteagal 17(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 13(1)

Airteagal 18(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 13(3)

Airteagal 18(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 18(2)(a) go (g)

Airteagal 19

Airteagal 14

Airteagal 20

Airteagal 15

Airteagal 21

Iarscríbhinní I, II agus III