7.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

70


TREOIR (AE) 2019/882 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is cuspóir leis an Treoir seo cuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a chomhfhogasú maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí áirithe, go háirithe trí dheireadh agus cosc a chur leis na bacainní ar shaorghluaiseacht táirgí agus seirbhísí inrochtana áirithe a eascraíonn ó cheanglais inrochtaineachta éagsúla sna Ballstáit. Ar an gcaoi sin, thiocfadh méadú ar infhaighteacht táirgí agus seirbhísí inrochtana ar an margadh inmheánach agus thiocfadh feabhas ar inrochtaineacht na faisnéise ábhartha.

(2)

Tá éileamh ard ar tháirgí agus ar sheirbhísí inrochtana agus meastar go dtiocfaidh méadú suntasach ar an líon daoine faoi mhíchumas. Ceadaítear le timpeallacht ina mbíonn táirgí agus seirbhísí níos inrochtana sochaí níos cuimsithí inar fusa ag daoine faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt ar aird go bhfuil míchumas san Aontas níos leitheadaí i measc na mban ná mar atá i measc na bhfear.

(3)

Sa Treoir seo, sainítear daoine faoi mhíchumas i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, arna ghlacadh an 13 Nollaig 2006 (UN CRPD), dar Páirtí an tAontas ón 21 Eanáir 2011 agus atá daingnithe ag na Ballstáit ar fad. Sonraítear le UN CRPD go “n-áirítear le daoine faoi mhíchumas daoine a bhfuil lagú fadtéarmach fisiciúil, meabhrach, intleachtúil nó céadfach orthu, ar lagú é, nuair a bhíonn orthu dul i ngleic le bacainní éagsúla, a d’fhéadfadh iad a chosc ar rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach a ghlacadh sa tsochaí ar bhonn atá comhionann le daoine eile”. Cuirtear chun cinn leis an Treoir seo rannpháirtíocht chomhionann iomlán agus éifeachtach trí fheabhas a chur ar inrochtaineacht ar tháirgí agus seirbhísí príomhshrutha lena dtabharfar aghaidh ar riachtanais áirithe daoine faoi mhíchumas trína gcéad-dearadh nó a n-oiriúnú iardain.

(4)

D’fhéadfadh daoine eile a bhfuil teorainneacha lena gcumas, amhail daoine scothaosta, mná torracha nó daoine atá ag taisteal le bagáiste, tairbhe a bhaint as an Treoir seo freisin. Tagraítear, leis an gcoincheap “daoine a bhfuil teorainneacha lena gcumas” dá dtagraítear sa Treoir seo, do dhaoine a bhfuil aon lagú fisiciúil, meabhrach, intleachtúil nó céadfach acu nó lagú a bhaineann le haois, nó cúiseanna eile a bhaineann le feidhmíocht chorp an duine, idir buan nó sealadach, agus nuair a bhíonn siad ag dul i ngleic le bacainní éagsúla go mbíonn rochtain laghdaithe acu ar tháirgí agus ar sheirbhísí, as a n-eascraíonn staid ina n-éilítear na táirgí agus na seirbhísí sin a bheith oiriúnaithe dá gcuid riachtanas ar leith.

(5)

Leis na héagothromachtaí idir na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin arna nglacadh ag Ballstáit i ndáil le hinrochtaineacht táirgí agus seirbhísí le haghaidh daoine faoi mhíchumas, cruthaítear bacainní ar shaorghluaiseacht na dtáirgí agus na seirbhísí sin agus saobhadh ar iomaíocht éifeachtach ar an margadh inmheánach. Maidir le roinnt táirgí agus seirbhísí, is dócha go dtiocfaidh méadú ar na héagothromaíochtaí mar gheall ar theacht i bhfeidhm an UN CRPD. Is ar oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a bhíonn éifeacht ag na bacainní sin.

(6)

De bharr difríochtaí sna ceanglais náisiúnta maidir leis an inrochtaineacht, déantar gairmithe aonair, go háirithe FBManna agus micrifhiontair a dhíspreagadh ó pháirt a ghlacadh i bhfiontar gnó lasmuigh dá margaí baile féin. Tá na ceanglais inrochtaineachta náisiúnta, nó fiú réigiúnacha nó áitiúla, atá curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit, difriúil i ndáil le clúdach agus leibhéal mionsonraithe araon. Déanann na difríochtaí sin dochar don iomaíochas agus don fhás, de bharr na gcostas breise a thabhaítear agus táirgí agus seirbhísí inrochtana do gach margadh náisiúnta á bhforbairt agus á margú.

(7)

Tá praghsanna arda i ndán do thomhaltóirí táirgí agus seirbhísí inrochtana agus teicneolaíochtaí cúnta de dheasca iomaíocht theoranta i measc soláthróirí. Le hilroinnt i measc rialacháin náisiúnta, laghdaítear an leas a d’fhéadfaí a bhaint as taithí a roinnt le comhghleacaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le freagairt d’fhorbairtí teicneolaíocha agus sochaíocha.

(8)

Tá comhfhogasú na mbeart náisiúnta ar leibhéal an Aontais riachtanach, dá bhrí sin, ar mhaithe le feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh chun deireadh a chur leis an ilroinnt táirgí agus seirbhísí inrochtana sa mhargadh, chun barainneachtaí scála a chruthú, chun trádáil agus soghluaisteacht trasteorann a éascú, mar aon le cabhrú le hoibreoirí eacnamaíocha acmhainní a dhíriú ar an nuálaíocht in ionad na hacmhainní sin a úsáid le costais a eascraíonn as reachtaíocht ilroinnte ar fud an Aontais a chlúdach.

(9)

Tá na leasanna a bhaineann le ceanglais inrochtaineachta a chomhchuibhiú don mhargadh inmheánach léirithe trí chur i bhfeidhm Threoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le hardaitheoirí agus Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i réimse an iompair.

(10)

I nDearbhú Uimh. 22, maidir le daoine faoi mhíchumas, atá i gceangal le Conradh Amstardam, tháinig Comhdháil Ionadaithe Rialtais na mBallstát ar chomhaontú, agus bearta á n-ullmhú faoi Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go bhfuil institiúidí an Aontais chun aird a thabhairt ar na riachtanais atá ag daoine faoi mhíchumas.

(11)

Is é an aidhm fhoriomlán atá ag an teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2015“Straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach don Eoraip”, tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta inbhuanaithe a bhaint amach ó mhargadh aonair digiteach idirnasctha, lena n-éascófar trádáil agus lena gcuirfear fostaíocht chun cinn san Aontas. Ní bhaineann tomhaltóirí an Aontais leas iomlán go fóill as praghsanna agus roghanna is féidir leis an margadh aonair a chur ar fáil, mar bíonn idirbhearta trasteorann ar líne fós an-teoranta. Cuireann ilroinnt srian freisin le hidirbhearta trasteorann r-thráchtála. Tá gá freisin le gníomhaíocht chomhbheartaithe chun a áirithiú go mbeidh inneachar leictreonach amhail seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc ar fáil ina iomláine do dhaoine faoi mhíchumas. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, ceanglais inrochtaineachta a chomhchuibhiú ar fud an mhargaidh aonair dhigitigh agus a áirithiú go mbeidh gach saoránach de chuid an Aontais in ann leas a bhaint as na sochair beag beann ar na cumais atá acu.

(12)

Tar éis don Aontas éirí ina pháirtí de UN CRPD, tá a chuid forálacha ina chuid dhílis anois de dhlíchóras an Aontais agus tá siad ina gceangal ar institiúidí an Aontais gona Bhallstáit.

(13)

Ceanglaítear, le UN CRPD, ar na Páirtithe bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas, ar bhonn comhionann le daoine eile, ar an timpeallacht fhisiciúil, ar iompar, ar fhaisnéis agus ar chumarsáid, lena n-áirítear faisnéis agus teicneolaíochtaí cumarsáide agus córais chumarsáide, agus ar shaoráidí agus ar sheirbhísí eile atá ar oscailt don phobal nó á gcur ar fáil don phobal, i gceantair uirbeacha nó thuaithe araon. Tá sé sainaitheanta ag Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas nach mór creat reachtach a chruthú lena ngabhann tagarmharcanna nithiúla, in-fhorfheidhmithe agus faoi cheangal ama chun faireachán a dhéanamh ar an inrochtaineacht a chur chun feidhme de réir a chéile.

(14)

Iarrtar in UN CRPD ar a bPáirtithe taighde agus forbairt a chur chun cinn, agus infhaighteacht agus úsáid teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn, lena n-áirítear teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, áiseanna soghluaisteachta, feistí agus teicneolaíochtaí cúnta, a bheadh oiriúnach do dhaoine faoi mhíchumas. Iarrtar sa UN CRPD freisin go dtabharfaí tosaíocht do theicneolaíochtaí inacmhainne.

(15)

Le teacht i bhfeidhm UN CRPD i ndlíchórais na mBallstát, is gá forálacha breise náisiúnta a ghlacadh maidir le hinrochtaineacht táirgí agus seirbhísí. Gan gníomhaíocht ón Aontas, mhéadófaí a thuilleadh leis na forálacha sin na héagothromaíochtaí idir forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát.

(16)

Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm an UN CRPD san Aontas a éascú trí rialacha comhchoiteanna de chuid an Aontais a chur ar fáil. Tugtar tacaíocht leis an Treoir seo freisin do na Ballstáit maidir lena gcuid iarrachtaí a ngealltanais náisiúnta a chomhlíonadh mar aon lena n-oibleagáidí faoi UN CRPD i ndáil le hinrochtaineacht ar bhealach comhchuibhithe.

(17)

Le teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Samhain 2010“Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020 —Tiomantas Athnuaite Chun go mBeidh an Eoraip Saor ó Bhacainní” — i gcomhréir leis an UN CRPD, aithnítear inrochtaineacht mar cheann amháin de na hocht réimse gníomhaíochta, léirítear gur réamhchoinníoll bunúsach í le haghaidh rannpháirtíocht sa tsochaí, agus is é is aidhm léi inrochtaineacht ar tháirgí agus seirbhísí a áirithiú.

(18)

Is ar bhonn cleachtaidh scagtha a dhéantar na táirgí agus na seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a chinneadh, a rinneadh le linn an mheasúnaithe tionchair a ullmhú lenar sainaithníodh táirgí agus seirbhísí ábhartha do dhaoine faoi mhíchumas, agus ar ghlac Ballstáit, nó ar dócha go nglacfaidh siad ceanglais inrochtaineachta éagsúla náisiúnta ina dtaobh a chuirfeadh isteach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(19)

D’fhonn inrochtaineacht na seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a áirithiú, maidir leis na táirgí a úsáidtear i soláthar na seirbhísí sin lena mbíonn an tomhaltóir ag idirghníomhú, ba cheart a cheangal orthu ceanglais inrochtaineachta infheidhme na Treorach seo a chomhlíonadh.

(20)

Fiú má chuirtear seirbhís, nó cuid de sheirbhís, ar fochonradh chuig tríú páirtí, níor cheart inrochtaineacht na seirbhísí sin a chur i mbaol agus ba cheart do na soláthraithe oibleagáidí na Treorach seo a chomhlíonadh. Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse a áirithiú freisin go gcuirfear oiliúint chuí leanúnach ar a bpearsanra lena áirithiú go mbeidh siad ar an eolas faoin dóigh le táirgí agus seirbhísí inrochtaineachta a úsáid. Ba cheart saincheisteanna amhail soláthair faisnéise, comhairle agus fógraíocht a chumhdach san oiliúint sin.

(21)

Ba cheart ceanglais inrochtaineachta a thabhairt isteach nach gcuirfeadh ach an t-ualach is lú ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar na Ballstáit.

(22)

Ní mór ceanglais inrochtaineachta a shonrú chun táirgí agus seirbhísí a chumhdaítear faoi raon feidhme na Treorach seo a chur ar an margadh d’fhonn a áirithiú go mbeidh saorghluaiseacht i ndán dóibh ar an margadh inmheánach.

(23)

Leis an Treoir seo ba cheart go mbeadh sé éigeantach go n-úsáidfí ceanglais inrochtaineachta feidhme agus ba cheart iad a fhoirmliú i dtéarmaí cuspóirí ginearálta. Ba cheart na ceanglais sin a bheith beacht go leor chun oibleagáidí a chruthú a bheadh ceangailteach ó thaobh an dlí agus mionsonraithe go leordhóthanach ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht d’fhonn a áirithiú go bhfeidhmeodh an margadh inmheánach mar is cuí do na táirgí agus na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo, mar aon le leibhéal áirithe solúbthachta a áirithiú ionas go n-éascófaí an nuálaíocht.

(24)

Tá roinnt critéar feidhmíochta feidhmiúla sa Treoir seo a bhaineann le móid oibríochtaí táirgí agus seirbhísí. Níl na critéir sin ceaptha a bheith ina rogha mhalartach ghinearálta ar na ceanglais inrochtaineachta sa Treoir seo agus níor cheart iad a úsáid ach i gcúinsí an-sonrach. Ba cheart feidhm a bheith ag na critéir sin maidir le feidhmeanna sonracha nó gnéithe de na táirgí nó na seirbhísí sin, ionas go mbeidh rochtain orthu, nuair nach dtugann ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo aghaidh ar cheann amháin nó níos mó de na feidhmeanna sonracha nó gnéithe sin. Sa bhreis air sin, i gcás ina dtarlódh sé amach anseo go mbeadh ceanglais theicniúla shonracha i gceanglas inrochtaineachta, agus ina gcuirfí réiteach teicniúil malartach ar na ceanglais theicniúla sin ar fáil leis an táirge nó seirbhís, ba cheart don réiteach teicniúil malartach sin na ceanglais inrochtaineachta ghaolmhara sin a chomhlíonadh i gcónaí agus inrochtaineacht choibhéiseach nó mhéadaithe a bheith ina toradh air sin trí na critéir feidhmíochta ábhartha feidhmiúla a chur i bhfeidhm.

(25)

Ba cheart córais chrua-earraí ríomhaireachta le haghaidh gnáthúsáid tomhaltóirí a chumhdach faoin Treoir seo. Ionas go bhfeidhmeoidh na córais sin ar shlí inrochtana, ba cheart a gcórais oibriúcháin a bheith inrochtana freisin. Is sainghnéithe de chórais chrua-earraí ríomhaireachta iad a gcineál ilchuspóireach agus a gcumas, leis na bogearraí iomchuí, na cúraimí ríomhaireachta is coitianta a iarrann tomhaltóirí a fheidhmiú agus é beartaithe gur tomhaltóirí a oibreoidh iad. Samplaí de na córais chrua-earraí ríomhaireachta sin is ea ríomhairí pearsanta, lena n-áirítear ríomhairí deisce, ríomhairí glúine, fóin chliste agus táibléid. Ní córais chrua-earraí ríomhaireachta le haghaidh gnáthúsáide ríomhairí speisialaithe a neadaítear i dtáirgí leictreonaice do thomhaltóirí. Níor cheart go gcumhdófaí faoin Treoir seo, ar bhonn aonair, comhpháirteanna aonair a bhfuil feidhmeanna sonracha acu, amhail príomhchlár nó slis cuimhne, a úsáidtear nó a d’fhéadfaí a úsáid i gcóras den sórt sin.

(26)

Ba cheart a chumhdach freisin leis an Treoir seo teirminéil íocaíochta, lena n-áirítear a gcrua-earraí agus bogearraí, agus teirminéil féinseirbhíse idirghníomhacha áirithe, lena n-áirítear a gcrua-earraí agus bogearraí, a úsáidtear go sainiúil chun seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo a sholáthar, mar shampla Uathmheaisín Bainc, meaisíní ticéadaithe a eisíonn ticéid fhisiciúla lena dtugtar rochtain ar sheirbhísí ar nós dáileoirí ticéad taistil; meaisíní ticéad i gcomhair scuaine in oifig bainc; meaisíní seiceála isteach; agus teirminéil féinseirbhíse idirghníomhacha lena ndéantar faisnéis a sholáthar, lena n-áirítear scáileáin faisnéise idirghníomhacha.

(27)

Mar sin féin, ba cheart teirminéil áirithe féinseirbhíse idirghníomhacha trína gcuirtear faisnéis ar fáil a suiteáiltear mar pháirteanna comhtháite feithiclí, aerárthaí, long nó rothstoic a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo ó tharla nach páirteanna iad de na feithiclí, na haerárthaí, na longa ná an rothstoc a chumhdaítear leis an Treoir seo.

(28)

Ba cheart seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chumhdach faoin Treoir seo chomh maith, lena n-áirítear cumarsáid éigeandála a shainítear i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Faoi láthair, tá na bearta a ghlac na Ballstáit chun rochtain a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas dibhéirseach agus níl siad comhchuibhithe ar fud an Aontais inmheánaigh. Trína áirithiú go mbeidh feidhm ag na ceanglais inrochtaineachta chéanna ar fud an Aontais, beidh barainneachtaí scála ann le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach i níos mó ná Ballstát amháin agus éascófar rochtain éifeachtach do dhaoine faoi mhíchumas ina mBallstáit féin agus nuair a bhíonn siad ag taisteal idir na Ballstáit. Ionas go mbeidh rochtain ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear cumarsáid éigeandála, ba cheart do na soláthraithe, de bhreis ar ghlór, téacs fíor ama agus seirbhísí comhrá iomlán a chur ar fáil i gcónaí i gcás ina soláthraíonn siad físeán, chun sioncrónú na modhanna cumarsáide sin go léir a áirithiú. Ba cheart do na Ballstáit, sa bhreis ar cheanglais na Treorach seo a leagtar amach sa Treoir seo i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1972, a bheith in ann soláthraí seirbhíse athsheachadta a chinneadh, a bhféadfadh daoine faoi mhíchumas úsáid a bhaint as.

(29)

Leis an Treoir seo, comhchuibhítear na ceanglais inrochtaineachta i dtaobh seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus táirgí gaolmhara, agus comhlánaítear Treoir (AE) 2018/1972 lena leagtar síos ceanglais maidir le rochtain agus rogha choibhéiseach d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas. Leagtar síos freisin i dTreoir (AE) 2018/1972 ceanglais faoi oibleagáidí seirbhíse uilíche maidir le hinacmhainneacht rochtana idirlín agus cumarsáide gutha agus maidir le hinacmhainneacht agus infhaighteacht trealaimh teirminéil ghaolmhair, trealaimh shonraigh agus seirbhísí do thomhaltóirí deiridh faoi mhíchumas.

(30)

Ba cheart a chumhdach faoin Treoir seo freisin trealamh teirminéil do thomhaltóirí a bhfuil acmhainn ríomhaireachta idirghníomhach aige a úsáidfear go príomha, is dócha, chun rochtain a fháil ar na seirbhísí cumarsáide leictreonaí sin. Chun crícha na Treorach seo ba cheart a mheas go n-áirítear ar an trealamh sin trealamh a úsáidtear mar chuid den socrú maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, amhail ródaire nó móideim.

(31)

Chun crícha na Treorach seo, ba cheart go gciallódh rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc go gcaithfidh an rochtain ar inneachar closamhairc a bheith inrochtana, mar aon le sásraí lena bhféadfaidh úsáideoirí faoi mhíchumas a dteicneolaíochtaí cúnta a úsáid. D’fhéadfadh sé gur suíomhanna gréasáin, feidhmchláir ar líne, feidhmchláir atá bunaithe ar bhoscaí bairr, feidhmchláir in-íoslódála, seirbhísí gléas móibíleach-bhunaithe lena n-áirítear feidhmchláir shoghluaiste agus seinnteoirí meán gaolmhara chomh maith le seirbhísí teilifíse nasctha iad na seirbhísí a sholáthraíonn rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc. Rialaítear inrochtaineacht ar sheirbhísí meán closamhairc i dTreoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), cé is moite d’eolairí leictreonacha clár a áirítear sa sainmhíniú ar sheirbhísí a sholáthraíonn rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc a mbíonn feidhm ag an Treoir seo maidir leo.

(32)

I gcomhthéacs seirbhísí iompair paisinéirí aeir, bus, iarnróid agus ar uisce, ba cheart a chumhdach faoin Treoir seo inter alia seachadadh na faisnéise seirbhíse iompair lena n-áirítear faisnéis taistil fíor-ama trí shuíomhanna gréasáin seirbhísí gléas móibíleach-bhunaithe, scáileáin faisnéise idirghníomhacha agus teirminéil féinseirbhíse idirghníomhacha a bhíonn de dhíth ar phaisinéirí faoi mhíchumas chun taisteal. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, faisnéis réamhthaistil, faisnéis le linn an turais agus faisnéis a sholáthraítear nuair a chuirtear seirbhís ar ceal nó nuair a chuirtear moill ar a himeacht. Féadfar a áireamh sna heilimintí eile faisnéise, maidir le praghsanna agus promóisin.

(33)

Ba cheart a chumhdach freisin faoin Treoir seo suíomhanna gréasáin, seirbhísí ar ghléasanna móibíleacha, lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha, a cheaptar nó a chuirtear ar fáil ag seirbhísí iompair paisinéirí nó thar a gceann laistigh de raon feidhme na Treorach seo, seirbhísí ticéadaithe leictreonaigh, ticéid leictreonacha agus teirminéil féinseirbhíse idirghníomhacha.

(34)

Ba cheart don chinneadh maidir le raon feidhme na Treorach seo i dtaca le seirbhísí iompair paisinéirí aeir, bus, iarnróid agus ar uisce a bheith bunaithe ar an reachtaíocht earnála sin arb ann di cheana a bhaineann le cearta paisinéirí. I gcás nach mbaineann an Treoir seo le cineálacha áirithe seirbhísí iompair, ba cheart do Bhallstáit soláthraithe seirbhísí a spreagadh chun seirbhísí inrochtaineachta ábhartha na Treorach seo a chur i bhfeidhm.

(35)

Leagtar síos cheana féin le Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) oibleagáidí na gcomhlachtaí san earnáil phoiblí a bhfuil seirbhísí iompair agus á sholáthar acu, lena n-áirítear seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha agus seirbhísí iompair réigiúnacha le go mbeidh a suíomhanna gréasáin níos inrochtana. Thairis sin, tá díolúintí sa Treoir sin do mhicrifhiontair a sholáthraíonn seirbhísí, lena n-áirítear seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha agus réigiúnacha. Sa bhreis air sin, tá oibleagáidí sa Treoir seo chun a áirithiú go mbeidh suíomhanna gréasáin r-thráchtála inrochtana. Ós rud é go mbeidh oibleagáid sa Treoir seo ar an gcuid is mó de sholáthraithe seirbhíse iompair príobháideacha a suíomhanna gréasáin a dhéanamh níos inrochtana, agus ticéid á ndíol ar líne acu, ní gá tuilleadh ceanglas a thabhairt isteach sa Treoir seo do shuíomhanna gréasáin soláthraithe seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha agus do shuíomhanna gréasáin soláthraithe seirbhísí iompair réigiúnacha.

(36)

Cumhdaítear cheana eilimintí áirithe de na ceanglais inrochtaineachta ag dlí an Aontais atá ann cheana i réimse iompair do phaisinéirí, go háirithe maidir le soláthar na faisnéise a leagtar amach sa Treoir seo. Áirítear leis sin gnéithe de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10),Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Áirítear leis seo freisin gníomhartha ábhartha arna nglacadh ar bhonn Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Chun comhsheasmhacht rialála a áirithiú, ba cheart do na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach sna Rialacháin sin leanúint d’fheidhm a bheith acu faoi mar a bhí go dtí seo. Mar sin féin, bheadh ceanglais bhreise a leagtar amach sa Treoir seo ina bhforlíonadh ar na ceanglais atá ann cheana, lena bhfeabhsófaí feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i réimse an iompair agus a rachadh chun sochair daoine faoi mhíchumas.

(37)

Níor cheart eilimintí áirithe de sheirbhísí iompair a chumhdach faoin Treoir seo i gcás ina mbíonn siad ar fáil lasmuigh de chríoch na mBallstát fiú más dírithe ar mhargadh an Aontais a bhíonn an tseirbhís. Maidir leis na heilimintí sin, níor cheart oibleagáid a bheith ar oibreoir seirbhíse iompair ach maidir lena áirithiú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo á gcomhlíonadh i ndáil leis an gcuid den tseirbhís a thairgtear laistigh de chríoch an Aontais. I gcás aeriompair, áfach, ba cheart go mbeadh oibleagáid ar aeriompróirí de chuid an Aontais a áirithiú go bhfuil na ceanglais is infheidhme a leagtar amach sa Treoir seo á gcomhlíonadh freisin i gcás eitiltí a imíonn as aerfort atá suite i dtríú tír agus a eitlíonn go haerfort atá suite laistigh de chríoch Ballstát. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh oibleagáid ar gach aeriompróir, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil ceadúnaithe san Aontas, a áirithiú go bhfuil na ceanglais is infheidhme a leagtar amach sa Treoir seo á gcomhlíonadh i gcás ina n-imíonn na heitiltí as críoch de chuid an Aontais go críoch i dtríú tír.

(38)

Ba cheart a mholadh d’údaráis uirbeacha inrochtaineacht saor ó bhacainní ar sheirbhísí iompair uirbeacha a chomhtháthú ina bPleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (PSUInna), chomh maith le liostaí dea-chleachtais maidir le hinrochtaineacht shaor ó bhacainní ar iompar poiblí uirbeach agus soghluaisteacht a fhoilsiú go rialta.

(39)

Tá sé mar aidhm le dlí an Aontais maidir le seirbhísí baincéireachta agus airgeadais tomhaltóirí na seirbhísí sin a chosaint agus faisnéis a sholáthar dóibh ar fud an Aontais ach ní áirítear ceanglais inrochtaineachta léi áfach. D’fhonn a chur ar cumas daoine faoi mhíchumas na seirbhísí sin a úsáid ar fud an Aontais, lena n-áirítear i gcás ina soláthraítear iad le suíomhanna gréasáin agus seirbhísí gléas móibíleach-bhunaithe lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha, chun cinntí feasacha a dhéanamh, agus d’fhonn go mbeidh muinín acu go bhfuiltear á gcosaint go leordhóthanach agus ar bhonn is comhionann le tomhaltóirí eile, agus d’fhonn cothrom na Féinne a áirithiú do sholáthraithe seirbhíse, ba cheart ceanglais inrochtaineachta chomhchoiteanna a bhunú faoin Treoir seo i dtaobh seirbhísí baincéireachta agus airgeadais áirithe a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí.

(40)

Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais inrochtaineachta freisin i dtaca le modhanna sainaitheantais, síniú leictreonach agus seirbhísí íocaíochta toisc go bhfuil gá leo sin chun aistrithe baincéireachta a thabhairt i gcrích.

(41)

Bunaítear comhaid ríomhleabhair ar chódú ríomhaire leictreonach lena gcumasaítear cúrsaíocht saothair intleachtúil atá téacsach agus grafach den chuid is mó, agus é a sheiceáil. Is le leibhéal beachtais an chódaithe sin a chinntear an inrochtaineacht ar chomhaid ríomhleabhair, go háirithe maidir le cáilíocht eilimintí bunaitheacha éagsúla an tsaothair agus cur síos caighdeánaithe a struchtúir. Mar gheall ar idir-inoibritheacht i dtéarmaí inrochtaineachta, ba cheart go gcuirfí barr feabhais ar chomhoiriúnacht na gcomhad sin le gníomhairí úsáideora agus leis na teicneolaíochtaí cúnta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Ba cheart gnéithe sonracha d’imleabhair speisialta amhail greannáin leanaí, leabhair do pháistí agus leabhair ealaíne a mheas i bhfianaise gach ceanglas inrochtaineachta is infheidhme. Dá mba rud é go raibh ceanglais inrochtaineachta éagsúla sna Ballstáit, ba dheacair ag foilsitheoirí agus ag oibreoirí eacnamaíocha eile leas a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh, d’fhéadfaidís fadhbanna idir-inoibritheachta a chruthú le ríomhléitheoirí agus srian a chur ar an rochtain do thomhaltóirí faoi mhíchumas. I gcomhthéacs na ríomhleabhar, d’fhéadfaí a áireamh ar choincheap an tsoláthraí seirbhíse foilsitheoirí agus oibreoirí eacnamaíocha eile atá bainteach lena leithdháileadh.

Aithnítear go bhfuil bacainní fós ar dhaoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar inneachar atácosanta ag cóipcheart agus cearta gaolmhara agus go ndearnadh bearta áirithe cheana féin chun aghaidh a thabhairt air sin, mar shampla, trí Threoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus Rialachán (AE) 2017/1563 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) a ghlacadh, agus go bhféadfadh an tAontas tuilleadh bearta a dhéanamh i dtaca leis sin amach anseo.

(42)

Sa Treoir seo, sainmhínítear seirbhísí ríomhthráchtála mar sheirbhís a soláthraítear go cianda, trí shuíomhanna gréasáin agus seirbhísí gléas móibíleach-bhunaithe trí mheán leictreonach agus ar iarraidh aonair tomhaltóra, d’fhonn conradh tomhaltóra a thabhairt i gcrích. Chun críocha an tsainmhínithe sin, ciallaíonn “go cianda” go soláthraítear an tseirbhís gan na páirtithe a bheith i láthair ag an am céanna; ciallaíonn “trí mheán leictreonach” go seoltar agus go bhfaightear an tseirbhís ag a ceann scríbe le trealamh leictreonach próiseála agus stórála sonraí (lena n-áirítear comhbhrú digiteach), agus a tharchuirtear, a iompraítear agus a fhaightear go hiomlán ar sreang, ar raidió, ar mhodh optach nó ar mhodh leictreamaighnéadach eile; ciallaíonn “ar iarraidh aonair tomhaltóra” go soláthraítear an tseirbhís ar iarraidh aonair. I bhfianaise na hábharthachta méadaithe ar sheirbhísí ríomhthráchtála agus a cineál ard teicneolaíochta, is tábhachtach go mbeadh ceanglais chomhchuibhithe ann dá hinrochtaineacht.

(43)

Ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí inrochtaineachta seirbhísí ríomhthráchtála na Treorach seo maidir le haon táirge nó aon seirbhís a dhíol ar líne agus, dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le táirge nó seirbhís a chumhdaítear ina gceart féin faoin Treoir seo a dhíol.

(44)

Ba cheart na bearta a bhaineann le hinrochtaineacht freagartha cumarsáide éigeandála a ghlacadh gan dochar d’eagrú seirbhísí éigeandála agus níor cheart aon tionchar a bheith acu ar eagrú na seirbhísí sin, a fhanfaidh ina cuid d’inniúlacht eisiach na mBallstát.

(45)

I gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1972, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandáil, agus go mbeidh sin coibhéiseach leis an rochtain a bhíonn ag úsáideoirí deiridh eile, i gcomhréir le dlí an Aontais lena gcomhchuibhítear ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí. Tá ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú, agus iad ag taisteal i mBallstát eile, go mbeidh rochtain ag úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ar sheirbhísí éigeandála ar bhonn a bheidh coibhéiseach le húsáideoirí deiridh eile, nuair is indéanta, gan aon réamhchlárú. Féachtar, leis na bearta sin, le hidir-inoibritheacht a áirithiú ar fud na Ballstáit agus tá siad le bunú, a mhéid is féidir, ar chaighdeáin nó ar shonraíochtaí Eorpacha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 39 de Threoir (AE) 2018/1972. Leis na bearta sin, ní dhéantar na Ballstáit a chosc ar cheanglais bhreise a ghlacadh d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir sin a shaothrú. Mar rogha eile chun na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh i ndáil le freagairt cumarsáide éigeandála d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann soláthraí seirbhísí athsheachadta tríú páirtí a chinneadh a d’fhéadfadh daoine faoi mhíchumas a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpointe freagartha glaonna éigeandála, go dtí go mbeidh na pointí freagartha glaonna éigeandála sin in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáid trí phrótacail idirlín lena n-áirithítear rochtain ar fhreagairt cumarsáide éigeandála. I gcás ar bith, níor cheart a thuiscint go ndéantar, le haon oibleagáidí chun sochair na n-úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas de chuid na Treorach seo, lena n-áirítear rochtain chomhionann do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí éigeandála mar a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/1972 a theorannú nó a laghdú.

(46)

Sainítear le Treoir (AE) 2016/2102 na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí, agus gnéithe gaolmhara eile, go háirithe ceanglais i dtaca le comhlíonadh na suíomhanna gréasáin ábhartha agus na bhfeidhmchlár móibíleach. Tá liosta sonrach eisceachtaí sa Treoir sin, áfach. Tá eisceachtaí comhchosúla ann atá ábhartha maidir leis an Treoir seo. Maidir le roinnt gníomhaíochtaí a dhéantar trí shuíomhanna gréasáin agus trí fheidhmchláir mhóibíleacha de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí, amhail seirbhísí iompair paisinéirí nó seirbhísí ríomhthráchtála a chumhdaítear faoi raon feidhme na Treorach seo, ba cheart dóibh na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme den Treoir seo a chomhlíonadh freisin d’fhonn a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar dhíol ar líne táirgí agus seirbhísí is cuma cé acu oibreoir poiblí nó príobháideach é an t-oibreoir eacnamaíoch. Ba cheart na ceanglais inrochtaineachta den Treoir seo a ailíniú le ceanglais Treoir (AE) 2016/2102, in ainneoin na ndifríochtaí atá ann, mar shampla, i ndáil le faireachán, tuairisciú agus forfheidhmiú.

(47)

Is iad seo a leanas ceithre phrionsabal na hinrochtaineachta suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach a úsáidtear i dTreoir (AE) 2016/2102: inbhraiteacht, a chiallaíonn go gcaithfear faisnéis agus comhpháirteanna an chomhéadain coiteann úsáideora a chur i láthair d’úsáideoirí ar bhealach is inbhraite dóibh; inoibritheacht, a chiallaíonn go gcaithfidh comhpháirteanna an chomhéadain úsáideora agus an nascleanúint a bheith inoibrithe; intuigtheacht, a chiallaíonn nach mór don fhaisnéis agus d’oibríocht an chomhéadain úsáideora a bheith intuigthe; agus stóinseacht, a chiallaíonn nach mór don inneachar a bheith stóinseach a dhóthain ionas go mbeidh raon leathan gníomhaithe úsáideora, lena n-áirítear teicneolaíochtaí cúnta, in ann an fhaisnéis sin a léirmhíniú go hiontaofa. Tá na prionsabail sin ábhartha freisin don Treoir seo.

(48)

Ba cheart do na Ballstáit gach beart is iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú, i gcás ina gcomhlíonann na táirgí agus na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, nach gcuirfear bac ar a saorghluaiseacht laistigh den Aontas de bharr cúiseanna a bhaineann le ceanglais inrochtaineachta.

(49)

I roinnt cásanna, dá mbeadh ceanglais chomhchoiteanna inrochtaineachta ann maidir leis an timpeallacht thógtha, ba fhusa a bheadh saorghluaiseacht na seirbhísí gaolmhara agus daoine faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, leis an Treoir sin, ba cheart go gcuirfí ar chumas na mBallstát an timpeallacht thógtha a úsáidtear i soláthar na seirbhísí a chur san áireamh faoi raon feidhme na Treorach sin, lena n-áirithítear comhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

(50)

Ba cheart inrochtaineacht a bhaint amach trí bhacainní a bhaint agus a chosc ar bhealach córasach, de rogha trí chur chuige an deartha uilíoch nó an “deartha do chách” a úsáid, lena gcabhrófaí le háirithiú go mbeadh rochtain ag daoine faoi mhíchumas a bheadh comhionann le rochtain daoine eile. De réir an UN CRPD, is “rud a chiallaíonn dearadh táirgí, timpeallachtaí, clár agus seirbhísí ar féidir le cách iad a úsáid, a mhéid is féidir, gan gá le hoiriúnú nó dearadh speisialaithe” atá i gceist leis an gcur chuige sin. Ar aon dul leis an UN CRPD, “ní dhéanfaidh ‘dearadh uilíoch’ feistí cúnta a eisiamh do ghrúpaí áirithe daoine faoi mhíchumas i gcás inar gá sin”. Thairis sin, níor cheart go gciallódh inrochtaineacht nach gcuirfí cóiríocht réasúnta ar fáil nuair a cheanglaítear sin faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Ba cheart inrochtaineacht agus an dearadh uilíoch a léirmhíniú i gcomhréir le Barúil Ghinearálta Uimh. 2 (2014) maidir le hAirteagal 9:Inrochtaineacht arna scríobh ag an gCoiste um Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

(51)

Táirgí agus seirbhísí a chumhdaítear faoi raon feidhme na Treorach seo ní thagann siad go huathoibríoch faoi raon feidhme Threoir 93/42/CEE ón gComhairle (16). Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go gcumhdófaí roinnt teicneolaíochtaí cúnta ar feistí leighis iad faoi raon feidhme na Treorach sin.

(52)

Is i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus i micreafhiontair a chuirtear tromlach na bpost ar fáil san Aontas. Tá siad ríthábhachtach don fhás amach anseo, ach is minic constaicí agus bacainní rompu agus a gcuid táirgí nó seirbhísí á bhforbairt acu, go háirithe sa chomhthéacs trasteorann. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, an obair a éascú do FBManna agus do mhicrifhiontair trí na forálacha náisiúnta maidir le hinrochtaineacht a chomhchuibhiú, agus ag an am céanna, na cosaintí is gá a choinneáil.

(53)

Chun gur féidir le micrifhiontair agus FBManna leas a bhaint as an Treoir seo, caithfidh siad na ceanglais de Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún (17) a chomhlíonadh go ceart macánta, agus sa chásdlí ábhartha, arb é is aidhm leo cosc a chur ar aon teacht timpeall a dhéanfaí ar na rialacha sin.

(54)

Ba cheart don Treoir seo a bheith bunaithe ar Chinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) a mhéid a bhaineann sé le táirgí atá faoi réir gníomhartha eile de chuid an Aontais cheana, d’fhonn a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht i reachtaíocht an Aontais, agus, ag an am céanna, gnéithe sonracha na gceanglas inrochtaineachta a leagtar amach sa Treoir seo a aithint inti.

(55)

Na hoibreoirí eacnamaíocha uile a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus a mbíonn ról acu sa slabhra soláthair agus dáilte, ba cheart dóibh a áirithiú nach gcuireann siad ar fáil ar an margadh ach táirgí atá i gcomhréir leis an Treoir seo. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a chuireann seirbhísí ar fáil sin a dhéanamh freisin. Is gá foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí a bheidh in oiriúint do ról gach oibreora eacnamaíoch sa phróiseas soláthair agus dáilte.

(56)

Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bheith freagrach as comhlíontacht táirgí agus seirbhísí, i ndáil lena róil sa slabhra soláthair, chun ardleibhéal cosanta maidir leis an inrochtaineacht a áirithiú agus chun iomaíocht chóir a ráthú ar mhargadh an Aontais.

(57)

Ba cheart an fheidhm chomhionann a bheith ag na oibleagáidí na Treorach seo maidir le hoibreoirí eacnamaíocha ón earnáil phoiblí agus oibreoirí eacnamaíocha ón earnáil phríobháideach.

(58)

Is é an monaróir, a bhfuil eolas mionsonraithe aige ar an bpróiseas deartha agus táirgthe, an duine is fearr chun an measúnú comhréireachta a chur i gcrích. Cé gur ar an monaróir atá an fhreagracht as comhréireacht na dtáirgí, ba cheart ról tábhachtach a bheith ag na húdaráis um fhaireachas margaidh ó thaobh seiceáil gur i gcomhréir le dlí an Aontais a mhonaraítear táirgí atá á gcur ar fáil san Aontas.

(59)

Ba cheart d’allmhaireoirí agus do dháileoirí a bheith rannpháirteach i gcúraimí faireachais margaidh a dhéanann na húdaráis inniúla náisiúnta, agus ba cheart dóibh a bheith rannpháirteach go gníomhach, tríd an eolas ar fad is gá a bhaineann leis an táirge lena mbaineann a thabhairt do na húdaráis inniúla.

(60)

Is gá d’allmhaireoirí a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí ó thríú tíortha a thagann isteach i margadh an Aontais an Treoir seo, agus go háirithe go bhfuil nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta curtha i bhfeidhm ag na monaróirí maidir leis na táirgí sin.

(61)

Nuair a chuirfidh siad táirge ar an margadh, ba cheart d’allmhaireoirí, an méid seo a thaispeáint ar an táirge, a n-ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus an seoladh lenar féidir dul i dteagmháil leo.

(62)

Ba cheart do dháileoirí a áirithiú nach láimhseálfaidh siad an táirge ar bhealach a dhéanfadh dochar don mhéid a chomhlíonann an táirge ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo.

(63)

Maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann táirge ar an margadh faoina n-ainm nó a dtrádmharc féin nó a mhodhnaíonn táirge a cuireadh ar an margadh cheana ar bhealach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme, ba cheart a mheas gurb iadsan an monaróir agus ba cheart dóibh siúd oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh chucu féin.

(64)

Ar mhaithe le comhréireacht, níor cheart feidhm a bheith ag ceanglais inrochtaineachta ach a mhéid is nach gcuireann siad ualach díréireach ar an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, nó a mhéid is nach bhfuil gá le hathrú suntasach a dhéanamh ar na táirgí agus na seirbhísí a dhéanfadh iad a athrú ar bhealach bunúsach dá mbarr arna gcinneadh i gcomhréir leis na critéir a shonraítear de réir na Treorach seo. Ba cheart, mar sin féin, sásraí rialaithe a bheith ann d’fhonn an teidlíocht a fhíorú i leith eisceachtaí ó infheidhmeacht na gceanglas inrochtaineachta.

(65)

Leis an Treoir seo, ba cheart an prionsabal a leanúint ‘smaoinigh ar fhiontair bheaga ar dtús’ agus ba cheart na hualaigh riaracháin atá ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide a chur san áireamh. Ba cheart rialacha éadroma a leagan síos ó thaobh measúnú comhréireachta agus ba cheart clásail chosanta a shuí d’oibreoirí eacnamaíocha, seachas foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ginearálta agus maoluithe do na fiontair bheaga agus mheánmhéide sin. Dá bhrí sin, nuair a bheidh na rialacha á leagan síos maidir le roghnú agus cur chun feidhme na nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta, ba cheart cás FBManna a chur san áireamh agus ba cheart na hoibleagáidí maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na gceanglas inrochtaineachta a theorannú ionas nach gcothóidh siad ualach díréireach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Ina theannta sin, ba cheart údaráis um fhaireachas margaidh a bheith ag obair ar bhealach a bheadh comhréireach le méid na ngnóthas agus le cineál an táirgthe lena mbaineann, bíodh sé sin ísealsrathach nó neamhshrathach, gan constaicí nach bhfuil gá leo a chruthú do FBManna agus gan baint de chosaint leas an phobail.

(66)

I gcásanna eisceachtúla, ina mbeadh comhlíonadh ceanglas inrochtaineachta na Treorach seo seo ina n-ualach díréireach ar oibreoirí eacnamaíocha, níor cheart a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais sin a chomhlíonadh ach sa mhéid nach gcuirfí ualach díréireach orthu. Sna cásanna sin a bhfuil údar cuí leo, níorbh fhéidir go réasúnta le hoibreoir eacnamaíoch ceann amháin nó níos mó de cheanglais inrochtaineachta na Treorach seo a chur i bhfeidhm go hiomlán. Mar sin féin, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch seirbhís nó táirge a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a dhéanamh chomh hinrochtana is féidir trí na ceanglais sin a chur i bhfeidhm a mhéid is féidir gan ualach díréireach a bheith ag baint leo. Na ceanglais inrochtaineachta sin nár mheas an t-oibreoir eacnamaíoch ualach díréireach a bheith ag baint leo, ba cheart feidhm iomlán a bheith acu. Níor cheart do na heisceachtaí maidir le ceann amháin nó níos mó de na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh i ngeall ar an ualach díréireach a fhorchuirtear leo dul thar a bhfuil fíor-riachtanach chun an t-ualach sin a theorannú i ndáil leis an táirge nó an tseirbhís lena mbaineann i ngach cás aonair. Ba cheart bearta lena bhforchuirfí ualach díréireach a thuiscint mar bhearta lena bhforchuirfí ualach breise eagrúcháin nó airgeadais iomarcach ar an oibreoir eacnamaíoch, agus an tairbhe ba dhóichí a bheadh ann do dhaoine faoi mhíchumas á cur san áireamh, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Treoir seo. Ba cheart critéir a shainiú, bunaithe ar an méid sin, chun a chur ar chumas na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na n-údarás ábhartha cásanna éagsúla a chur i gcomparáid le chéile agus measúnú a dhéanamh go córasach ar an ualach díréireach a d’fhéadfadh a bheith ann. Níor cheart ach cúiseanna dlisteanacha a chur san áireamh in aon mheasúnú a dhéanfar ar a mhéid nárbh fhéidir na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh toisc go bhforchuirfí ualach díréireach leo. Níor cheart a mheas gur cúiseanna dlisteanacha iad easpa tosaíochta, ama nó eolais.

(67)

Ba cheart measúnú foriomlán an ualaigh dhíréirigh a dhéanamh de réir na dtagarmharcanna a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Ba cheart don oibreoir eacnamaíoch measúnú an ualaigh dhíréirigh a dhoiciméadú agus aird á tabhairt aige ar na tagarmharcanna ábhartha. Ba cheart do na soláthraithe seirbhíse athnuachan a dhéanamh ar a measúnú ar ualach díréireach gach 5 bliana ar a laghad.

(68)

Ba cheart don oibreoir eacnamaíoch na húdaráis ábhartha a chur ar an eolas gur thug sé aird ar fhorálacha na Treorach seo i ndáil le hathrú bunúsach agus/nó ualach díréireach. Níor cheart don oibreoir eacnamaíoch cóip den measúnú lena mínítear na cúiseanna nach bhfuil rochtain iomlán ar a tháirge nó a sheirbhís agus lena dtugtar fianaise ar an ualach díréireach nó ar an athrú bunúsach a chur ar fáil ach amháin arna iarraidh sin do na húdaráis ábhartha, nó iad araon.

(69)

Más rud é, ar bhonn an mheasúnaithe riachtanaigh, go gcinneann soláthraí seirbhíse go mbeadh ualach díréireach ag baint lena cheangal go gcomhlíonfadh gach teirminéal féinseirbhíse a úsáidtear i soláthar seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo, ba cheart don soláthraí seirbhísí na ceanglais sin a chur i bhfeidhm fós a mhéid is nach gcruthófaí ualach díréireach den sórt sin dó. Dá réir sin, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí measúnú a dhéanamh ar a mhéid ina gceadódh leibhéal teoranta inrochtaineachta i ngach teirminéal féinseirbhíse nó líon teoranta teirminéal féinseirbhíse a bhfuil rochtain iomlán orthu ualach díreiréach a sheachaint a d’fhorchuirfí orthu seachas sin, agus ba cheart nach gceanglófaí orthu ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo a chomhlíonadh ach amháin sa mhéid sin.

(70)

Déantar micrifhiontair a dhealú ó gach gnóthas eile i ngeall ar a theoranta atá líon a n-acmhainní daonna, a láimhdeachas bliantúil, nó a gclár comhardaithe bliantúil. Ar an iomlán, dá bhrí sin, beidh sciar níos mó dá n-acmhainní airgeadais agus daonna de dhíth ar mhicrifhiontair chun ualach na gceanglas inrochtaineachta a chomhlíonadh ná mar a bheidh ar ghnóthais eile agus seans níos mó ann go mbeidh sciar díréireach de chostais na micrifhiontar i gceist leis sin. Eascraíonn cion suntasach de chostas na micrifhiontar as páipéarachas agus taifeadtaí a líonadh isteach nó a choinneáil chun comhlíonadh na gceanglas éagsúil a leagtar amach i ndlí an Aontais a léiriú. Cé gur cheart go mbeadh gach oibreoir eacnamaíoch a chumhdaítear faoin Treoir seo ábalta measúnú a dhéanamh ar an gcomhréireacht a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta den Treoir seo agus gur cheart dóibh gan iad a chomhlíonadh ach a mhéid nach bhfuil siad díréireach, ba dhíréireach an t-ualach ann féin a éileamh ar mhicrifhiontair a sholáthraíonn seirbhísí a leithéid de mheasúnú a dhéanamh. Dá réir sin, níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais agus oibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo maidir le micrifhiontair a sholáthraíonn seirbhísí laistigh de raon feidhme na Treorach seo.

(71)

I gcás micrifhiontair a dhéileálann le táirgí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, ba cheart ceanglais agus oibleagáidí na Treorach seo a bheith níos éadroime d’fhonn fhorchur ualach riaracháin díréireach a laghdú.

(72)

Cé go ndéantar roinnt micrifhiontar a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart gach micrifhiontar a spreagadh chun a áirithiú go mbeidh na táirgí a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a dháileann siad agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach sa Treoir seo, d’fhonn iomaíochas na bhfiontar sin a mhéadú mar aon lena n-acmhainneacht fáis sa mhargadh inmheánach. Ba cheart dá bhrí sin, do na Ballstáit treoirlínte agus uirlisí a sholáthar do mhicrifhiontair chun cur i bhfeidhm bearta náisiúnta lena dtrasuítear na Treorach seo a éascú.

(73)

Ba cheart do gach oibreoir eacnamaíoch gníomhú go freagrach agus i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme, i gcás táirgí a chur nó a chur ar fáil ar an margadh nó i gcás seirbhísí a sholáthar ar an margadh.

(74)

D’fhonn an measúnú ar chomhréireacht leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme a éascú, is gá foráil a dhéanamh maidir le toimhde comhréireachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí, atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe dheonacha a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) chun críche na sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe a dhréachtú maidir leis na ceanglais sin. Tá roinnt iarrataí maidir le caighdeánú eisithe cheana féin ag an gCoimisiún chuig na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú maidir le hinrochtaineacht, mar shampla na sainorduithe um caighdeánú M/376, M/473 agus M/420, a bheadh ábhartha chun na caighdeáin chomhchuibhithe a ullmhú.

(75)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, déantar foráil maidir le nós imeachta i gcás agóidí foirmiúla i gcoinne caighdeáin chomhchuibhithe a mheastar nach gcomhlíonann siad ceanglais na Treorach.

(76)

Ba cheart do chaighdeáin Eorpacha a bheith faoi thionchar an mhargaidh, ba cheart dóibh leas an phobail a chur san áireamh, mar aon leis na cuspóirí beartais arna leagan amach go soiléir san iarraidh ón gCoimisiún do cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú, agus ba cheart dóibh a bheith bunaithe ar chomhthoil. In éagmais caighdeáin chomhchuibhithe agus i gcás inar gá iad chun críocha chomhchuibhiú an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófaí sonraíochtaí teicniúla do cheanglais inrochtaineachta na Treorach seo. Níor cheart sonraíochtaí teicniúla a úsáid ach i gcásanna den sórt sin. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh, mar shampla nuair atá an próiseas um chaighdeánú blocáilte i ngeall ar easpa comhaontaithe idir na geallsealbhóirí nó nuair atá moill mhíchuí ann i ndáil le caighdeán comhchuibhithe a bhunú, mar shampla toisc nach mbaintear amach an cháilíocht atá riachtanach. Ba cheart don Choimisiún a dhóthain ama a fhágáil idir iarraidh a ghlacadh do cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus sonraíocht theicniúil a ghlacadh a bhaineann leis an gceanglas inrochtaineachta céanna. Níor cheart cead a bheith ag an gCoimisiún sonraíocht theicniúil a ghlacadh mura bhfuil iarracht déanta aige roimhe sin go gcumhdófaí na ceanglais inrochtaineachta tríd an gcóras Eorpach um chaighdeánú, ach amháin i gcás inar féidir leis an gCoimisiún a léiriú go n-urramaíonn na sonraíochtaí teicniúla na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

(77)

D’fhonn caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a bhunú, ar an mbealach is éifeachtaí, a chomhlíonann na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach sa Treoir seo le haghaidh na dtáirgí agus na seirbhísí, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb indéanta sin, a áirithiú go mbeadh brateagraíochtaí Eorpacha de chuid daoine faoi mhíchumas agus na geallsealbhóirí ábhartha eile go léir páirteach sa phróiseas.

(78)

Chun rochtain éifeachtach ar fhaisnéis a áirithiú chun críocha faireachais margaidh, ba cheart an fhaisnéis is gá chun comhlíonadh ghníomhartha uile an Aontais is infheidhme a dhearbhú a bheith ar fáil i ndearbhú comhréireachta amháin de chuid an Aontais. D’fhonn an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, ba cheart dóibh a bheith in ann gach dearbhú ábhartha aonair comhréireachta a áireamh in aon dearbhú comhréireachta amháin de chuid an Aontais.

(79)

Maidir le measúnú comhréireachta a dhéanamh ar tháirgí, ba cheart don Treoir seo leas a bhaint as Rialú Inmheánach Táirgthe ar “Modúl A”, a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 768/2008/CE, mar is leis sin a chuirfear ar chumas oibreoirí eacnamaíocha a léiriú, agus ar na húdaráis inniúla a áirithiú, go bhfuil táirgí a chuirfear ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta agus, ag an am céanna, nach gcruthófar ualach míchuí leo.

(80)

Agus faireachas margaidh á dhéanamh i ndáil le táirgí acu agus comhlíontacht na seirbhísí á seiceáil acu, ba cheart do na húdaráis a sheiceáil freisin go ndearnadh na measúnuithe comhréireachta, lena n-áirítear go ndearnadh measúnú an athrú bhunúsaigh nó an ualaigh dhíréirigh mar is ceart, i gcás inarb ábhartha. Agus a ndualgais a gcomhlíonadh ag na húdaráis, ba cheart dóibh oibriú i gcomhar le daoine faoi mhíchumas agus leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu agus ar a gcuid leasanna.

(81)

I gcás seirbhísí, ba cheart an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht le ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo a chur ar fáil sna téarmaí agus sna coinníollacha ginearálta, nó i ndoiciméad coibhéiseach gan dochar do Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

(82)

Is í an mharcáil CE, lena léirítear comhréireacht táirge le ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach sa Treoir seo, an iarmhairt infheicthe ar phróiseas iomlán ina gcuimsítear measúnú comhréireachta sa chiall is leithne. Ba cheart go leanfaí leis an Treoir sin na prionsabail ghinearálta lena rialaítear marcáil CE de chuid Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú. De bhreis ar dhearbhú comhréireachta an Aontais a dhéanamh, ba cheart don mhonaróir tomhaltóirí a chur ar an eolas ar bhealach costéifeachtach maidir le hinrochtaineacht a gcuid táirgí.

(83)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 tríd an marcáil CE a ghreamú de tháirge, dearbhaíonn an monaróir go bhfuil an táirge i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme go léir agus go bhfuil an monaróir freagrach as dá bharr.

(84)

I gcomhréir le Cinneadh 768/2008/CE, tá na Ballstáit freagrach as faireachas margaidh láidir agus éifeachtúil a áirithiú ar tháirgí ina gcríocha agus ba cheart cumhachtaí agus acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar a gcuid údarás um fhaireachas margaidh.

(85)

Ba cheart do na Ballstáit a sheiceáil go gcomhlíonann na seirbhísí oibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo agus ba cheart fiosruithe leantacha a dhéanamh maidir le gearáin nó tuarascálacha a bhaineann le neamhchomhlíonadh d’fhonn a áirithiú go ndearnadh gníomh ceartaitheach.

(86)

I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh an Coimisiún, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí, treoirlínte neamhcheangailteacha a ghlacadh chun tacú le comhordú i measc na n-údarás um fhaireachas margaidh agus údaráis atá freagrach as comhlíontacht seirbhísí a sheiceáil. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún agus na Ballstáit in ann tionscnaimh a bhunú agus é mar sprioc leo acmhainní agus saineolas na n-údaráis a chomhroinnt.

(87)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú i ndáil le húdaráis um fhaireachas margaidh agus i ndáil leis na húdaráis atá freagrach as comhlíontacht seirbhísí a sheiceáil, go seiceálfaidh siad an gcomhlíonann na hoibreoirí eacnamaíocha na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VI i gcomhréir le Caibidlí VIII agus IX. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann comhlacht speisialaithe a ainmniú chun oibleagáidí na n-údarás um fhaireachas margaidh nó oibleagáidí na n-údarás atá freagrach as comhlíonadh seirbhísí faoin Treoir seo a chur i gcrích. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a chinneadh gur cheart inniúlachtaí comhlachta speisialaithe mar sin a theorannú do raon feidhme na Treorach seo nó do chodanna áirithe di, gan dochar do na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit faoi Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

(88)

Ba cheart nós imeachta cosanta a bhunú a mbeadh feidhm aige i gcás easaontais idir na Ballstáit mar gheall ar bhearta a dhéanann Ballstát faoina gcuirtear na páirtithe leasmhara ar an eolas maidir le bearta a bheartaítear a dhéanamh i ndáil le táirgí nach gcomhlíonann ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach sa Treoir seo. Leis an nós imeachta cosanta sin, ba cheart go bhféadfadh na húdaráis um fhaireachas margaidh, i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, gníomhú ag céim níos luaithe i ndáil le táirgí den sórt sin.

(89)

I gcás ina dtiocfadh na Ballstáit agus an Coimisiún ar chomhaontú go bhfuil údar cuí ag beart arna dhéanamh ag Ballstát, níor cheart go mbeadh gá le rannpháirtíocht an Choimisiúin a thuilleadh, ach amháin i gcás inarbh fhéidir an neamhchomhlíonadh a chur i leith easnaimh sna caighdeáin comhchuibhithe nó sna sonraíochtaí teicniúla.

(90)

Le Treoir 2014/24/AE (22) agus Treoir 2014/25/AE (23) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar poiblí, lena sainítear na nósanna imeachta soláthair do chonarthaí poiblí agus comórtais deartha le haghaidh soláthairtí áirithe (táirgí), seirbhísí agus oibreacha, suitear, i gcás gach soláthar a bheartaítear go mbainfidh daoine nádúrtha úsáid as, bíodh sé sin an pobal i gcoitinne nó foireann an údaráis nó an eintitis chonarthaigh, go ndéanfar na sonraíochtaí teicniúla a dhréachtú ar bhealach ina gcuirfear san áireamh critéir inrochtaineachta do dhaoine faoi mhíchumais nó an dearadh le haghaidh na n-úsáideoirí ar fad, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Ina theannta sin, ceanglaítear, leis na Treoracha sin, i gcás ina ndéantar ceanglais éigeantacha inrochtaineachta a ghlacadh trí ghníomh dlí de chuid an Aontais, go ndéantar na sonraíochtaí teicniúla, a mhéid a bhaineann siad le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas nó dearadh do chách, a bhunú trí thagairt a dhéanamh don ghníomh dlí sin. Leis an Treoir seo, ba cheart go mbunófaí ceanglais éigeantacha inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí a chumhdaítear léi. Maidir le táirgí agus seirbhísí nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo, níl na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach sa Treoir seo ceangailteach. Mar sin féin, dá n-úsáidfí na ceanglais inrochtaineachta sin chun na hoibleagáidí ábhartha a chomhlíonadh a leagtar amach i ngníomhartha eile de chuid an Aontais seachas an Treoir seo, b’fhusa an inrochtaineacht a chur chun feidhme agus chabhrófaí leis an deimhneacht dhlíthiúil agus le comhfhogasú na gceanglas inrochtaineachta ar fud an Aontais. Níor cheart cosc a chur ar údaráis ceanglais inrochtaineachta a bhunú a théann níos faide ná na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Treoir seo.

(91)

Leis an Treoir seo, níor cheart aon athrú a dhéanamh ar nádúr éigeantach nó deonach na bhforálacha a bhaineann le hinrochtaineacht i ngníomhartha eile de chuid an Aontais.

(92)

Níor cheart don Treoir seo feidhm a bheith aici ach amháin maidir le nós imeachta soláthair a ndearnadh an glao ar thairiscintí ina leith a sheoladh cheana nó, i gcás nach bhforáiltear do ghlao ar thairiscintí, maidir le nós imeachta soláthair ar chuir an t-údarás nó an t-eintiteas conarthach tús leis tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

(93)

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Treoir seo i bhfeidhm mar is ceart, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i ndáil leis an méid a leanas: sonrú breise a dhéanamh ar na ceanglais inrochtaineachta nach féidir, i ngeall ar a nádúr féin, an éifeacht a cheaptar a bheith acu a bhaint amach gan iad a shonrú a thuilleadh i ngníomhartha dlíthiúla ceangailteacha de chuid an Aontais; an tréimhse inar féidir le hoibreoirí eacnamaíocha aon oibreoir eacnamaíoch eile a shainaithint a sholáthair táirge dóibh nó ar sholáthair siadsan táirge dó nó di; agus na critéir ábhartha atá le bheith curtha san áireamh ag an oibreoir eacnamaíoch lena mheasúnú arbh ualach díréireach a bheadh i gceist dá ndéanfaí ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh a shonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (24). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a dhéileálann le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(94)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le sonraíochtaí teicniúla. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

(95)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur ann do mhodhanna leordhóthanacha, éifeachtacha chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú agus ba cheart, dá bhrí sin, sásraí rialaithe iomchuí a bhunú, amhail rialú a posteriori arna dhéanamh ag na húdaráis um fhaireachas margaidh, d’fhonn a fhíorú go bhfuil bonn cirt leis an díolúine ó na ceanglais inrochtaineachta a chur i bhfeidhm. Agus iad ag déileáil le gearáin a bhaineann le hinrochtaineacht, ba cheart do na Ballstáit cloí le prionsabal ginearálta an dea-riaracháin, agus go háirithe leis an oibleagáid atá ar oifigigh a áirithiú go ndéanfar cinneadh maidir le gach gearán laistigh de thréimhse réasúnach ama.

(96)

D’fhonn cur chun feidhme aonfhoirmeach na Treorach seo a éascú, ba cheart don Choimisiún meitheal oibre a bhunú d’údaráis ábhartha agus de gheallsealbhóirí ábhartha, chun malartú faisnéise agus na ndea-chleachtas a éascú agus chun comhairle a sholáthar. Ba cheart comhar a chothú idir na húdaráis agus geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas agus na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, inter alia, chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas cur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach seo maidir le ceanglais inrochtaineachta agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme a fhorálacha maidir le hathrú bunúsach agus ualach díréireach.

(97)

I bhfianaise an chreata dlí atá ann faoi láthair maidir le réitigh sna réimsí a chumhdaítear faoi Threoir 2014/24/AE agus Treoir 2014/25/AE, níor cheart gurbh infheidhme forálacha na Treorach seo a bhaineann le forfheidhmiú agus pionóis maidir leis na nósanna imeachta soláthair atá faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos leis an Treoir seo. An t-eisiamh sin, is gan dochar a bheidh sé d’oibleagáidí na mBallstát faoi na Conarthaí gach beart is gá a dhéanamh chun cur i bhfeidhm agus éifeachtacht dhlí an Aontais a ráthú.

(98)

Is ceart na pionóis a bheith leordhóthanach i dtaca le nádúr na sáruithe agus na n-imthosca ionas nach túisce a roghnóidh oibreoirí eacnamaíocha pionós seachas na hoibleagáidí atá orthu a dtáirgí nó seirbhísí a bheith inrochtana a chomhlíonadh.

(99)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sásraí malartacha i bhfeidhm chun díospóidí a réiteach, i gcomhréir leis an gcuid sin de dhlí an Aontais atá ann cheana, ionas gur féidir aon chás ina líomhnaítear neamhchomhlíonadh na Treorach seo a shoiléiriú sula dtéifí os comhair cúirte nó comhlachtaí inniúla riaracháin faoin gcás.

(100)

I gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2011 maidir le doiciméid mhíniúcháin (26), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin go gcuirfí, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó leis an bhfógra faoina mbearta maidir le trasuí, ar doiciméid iad lena mínítear an caidreamh idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta maidir le trasuí. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil bonn cirt le doiciméid den chineál sin a thrasuí.

(101)

Ionas go mbeidh a ndóthain ama ag soláthraithe seirbhíse oiriúnú do na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo, is gá foráil a dhéanamh d’idirthréimhse 5 bliana tar éis an dáta cur i bhfeidhm na Treorach seo, nach gá lena linn do tháirgí a úsáidfear chun seirbhís a sholáthar a cuireadh ar an margadh roimh an dáta sin ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo a chomhlíonadh ach i gcás ina gcuirfidh na soláthraithe seirbhíse táirgí eile ina n-ionad le linn na hidirthréimhse. I bhfianaise an chostais agus na saolré fada a bhíonn ag teirminéil féinseirbhíse idirghníomhacha, is iomchuí a fhoráil, nuair a úsáidfear na teirminéil sin i soláthar seirbhísí, go bhféadfar iad a úsáid go dtí deireadh a saolré eacnamaíche — nach rachaidh thar 20 bliain — fad agus nach gcuirfear teirminéil eile ina n-ionad le linn na saolré sin.

(102)

Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais inrochtaineachta na Treorach maidir le táirgí agus seirbhísí a sholáthraítear ar mhargadh tar éis dáta chur i bhfeidhm na mbeart náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo, lena n-áirítear táirgí úsáidte agus táirgí athláimhe a allmhairítear ó thríú tír agus a chuirtear ar an mhargadh tar éis an dáta sin.

(103)

Sa Treoir seo urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar léi na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”). Féachfar leis an Treoir seo, go háirithe, le go n-urramófar ina n-iomláine cearta daoine faoi mhíchumas leas a bhaint as bearta a cheaptar lena neamhspleáchas a áirithiú, mar aon le lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus rannpháirtíocht i saol an phobail agus cur i bhfeidhm Airteagail 21, 25 agus 26 den Chairt a chur chun cinn.

(104)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon, go gcuirfear deireadh leis na bacainní ar shaorghluaiseacht táirgí agus seirbhísí inrochtana áirithe d’fhonn cuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall ar an ngá atá ann na rialacha éagsúla atá ann faoi láthair ina gcórais dlí faoi seach a comhchuibhiú agus, de bharr a rochtain agus rialacha coiteanna a shainiú maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Is é is cuspóir leis an Treoir seo cuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a chomhfhogasú maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí áirithe, go háirithe trí dheireadh agus cosc a chur leis na bacainní ar shaorghluaiseacht táirgí agus seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo a eascraíonn as ceanglais inrochtaineachta éagsúla sna Ballstáit.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis na táirgí seo a leanas a cuireadh ar an margadh tar éis an 28 Meitheamh 2025:

(a)

córais chrua-earraí ríomhaireachta le haghaidh gnáthúsáid tomhaltóirí agus córais oibriúcháin do na córais chrua-earraí sin;

(b)

na teirminéil féinseirbhíse seo a leanas:

(i)

teirminéil íocaíochta;

(ii)

na teirminéil féinseirbhíse seo a leanas atá tiomanta do sholáthar na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo:

uathmheaisíní bainc;

meaisíní ticéadaithe;

meaisíní seiceála isteach;

teirminéil féinseirbhíse idirghníomhacha lena gcuirtear faisnéis ar fáil, seachas teirminéil a shuiteáiltear mar pháirteanna comhtháite feithiclí, aerárthaí, long agus rothstoic;

(c)

trealamh teirminéil do thomhaltóirí, a bhfuil acmhainn ríomhaireachta idirghníomhach aige, agus a úsáidtear le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonacha;

(d)

trealamh teirminéil do thomhaltóirí, a bhfuil acmhainn idirghníomhach ríomhaireachta aige, lena rochtaítear seirbhísí meán closamhairc; agus

(e)

ríomhléitheoirí.

2.   Gan dochar d’Airteagal 32, beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na seirbhísí seo a leanas a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí tar éis an 28 Meitheamh 2025:

(a)

seirbhísí cumarsáide leictreonaí diomaite de sheirbhísí tarchurtha a úsáidtear chun seirbhísí idir meaisíní a sholáthar;

(b)

seirbhísí a thugann rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc;

(c)

na heilimintí seo a leanas de sheirbhísí iompair paisinéirí aeir, bus, iarnróid agus uisce seachas le haghaidh seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha, chomh maith le seirbhísí iompair réigiúnacha, nach mbíonn feidhm ina leith ach ag na heilimintí faoi phointe (v):

(i)

suíomhanna gréasáin;

(ii)

seirbhísí gléas móibíleach-bhunaithe lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha;

(iii)

ticéid leictreonacha agus seirbhísí ticéadaithe leictreonaigh;

(iv)

faisnéis seirbhíse iompair a sheachadadh, lena n-áirítear faisnéis fíor-ama faisnéise taistil; déanfar sin, maidir le scáileáin faisnéise, a theorannú do scáileáin idirghníomhacha suitáilte laistigh de chríoch an Aontais; agus

(v)

teirminéil féinseirbhíse idirghníomhacha atá lonnaithe laistigh de chríoch an Aontais, seachas iad sin a suiteáladh mar pháirteanna comhtháite feithiclí, aerárthaí, long agus rothstoic agus a úsáidtear i soláthar aon pháirt de na seirbhísí iompair paisinéirí den chineál sin.;

(d)

seirbhísí baincéireachta tomhaltóirí;

(e)

ríomhleabhair agus bogearraí tiomnaithe; agus

(f)

seirbhísí ríomhthráchtála.

3.   Tá feidhm ag an Treoir seo agus freagra á thabhairt ar chumarsáid éigeandála, ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112”.

4.   Níl feidhm ag an Treoir seo i ndáil leis an inneachar seo a leanas maidir le suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha:

(a)

meáin am-bhunaithe réamhthaifeadta a fhoilsítear roimh 28 Meitheamh 2025;

(b)

formáidí comhaid oifige a foilsíodh roimh 28 Meitheamh 2025;

(c)

léarscáileanna agus seirbhísí mapála, má chuirtear faisnéis riachtanach ar fáil ar shlí digiteach inrochtana i gcás léarscáileanna atá ceaptha le haghaidh loingseoireachta;

(d)

inneachar tríú páirtí nach ndéantar a chistiú ná a fhorbairt, ná a rialáil ag an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann;

(e)

inneachar suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha a cháilíonn mar chartlanna, rud a chiallaíonn nach bhfuil iontu ach inneachar nach ndéantar uasdátú ná eagarthóireacht air tar éis an 28 Meitheamh 2025.

5.   Beidh an Treoir seo gan dochar do Threoir (AE) 2017/1564 agus Rialachán (AE) 2017/1563.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “daoine faoi mhíchumas” daoine a bhfuil lagú fadtéarmach coirp, meabhrach, intleachtúil nó céadfach orthu, ar lagú é, nuair a bhíonn orthu dul i ngleic le bacainní éagsúla, a d’fhéadfadh bac a chur ar rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach a bheith acu sa tsochaí ar bhonn comhionannais;

(2)

ciallaíonn “táirge” substaint, ullmhóid nó earra arna táirgeadh nó arna tháirgeadh trí phróiseas monaraithe agus nach bia, beatha, plandaí beo agus ainmhithe beo, táirgí de thionscnamh an duine agus táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo í nó é;

(3)

ciallaíonn “seirbhís” seirbhís mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 4 de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27);

(4)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís ar mhargadh an Aontais nó a dhéanann tairiscintí seirbhís den chineál sin a sholáthar do thomhaltóirí san Aontas;

(5)

ciallaíonn “seirbhísí meán closamhairc” seirbhísí mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(1) de Threoir 2010/13/AE;

(6)

ciallaíonn “seirbhísí lena dtugtar rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc” seirbhísí a tharchuirtear trí líonraí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun faisnéis a shainaithint, a roghnú, a fháil, agus d’fhonn féachaint ar sheirbhísí meán closamhairc agus ar aon ghnéithe, amhail fotheidil don té atá bodhar agus don té ag a bhfuil deacrachtaí éisteachta, cur síos labhartha, fotheidil labhartha, agus ateangaireacht sa teanga chomharthaíochta, atá mar thoradh ar chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2010/13/AE chun seirbhísí a dhéanamh inrochtana; agus áirítear leis an sainmhíniú seo eolairí leictreonacha clár (EPGanna);

(7)

ciallaíonn “trealamh teirminéil le cumas ríomhaireachta idirghníomhaí do thomhaltóirí, a úsáidtear chun rochtain a fháil ar sheirbhísí meán closamhairc” aon trealamh arb é is príomhchuspóir dó rochtain a chur ar fáil ar sheirbhísímeán closamhairc;

(8)

ciallaíonn “seirbhís cumarsáide leictreonaí” seirbhís cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;

(9)

ciallaíonn “seirbhís comhrá iomláin” seirbhísí comhrá iomláin mar a shainmhínítear i bpointe 35 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;

(10)

ciallaíonn “pointe freagartha glaonna éigeandála” nó “PFGE” pointe freagartha glaonna éigeandála nó PFGE mar a shainmhínítear i bpointe 36 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;

(11)

ciallaíonn “PFGE is iomchuí” PFGE is iomchuí mar a shainmhínítear i bpointe 37 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;

(12)

ciallaíonn “cumarsáid éigeandála” cumarsáid éigeandála mar a shainmhínítear i bpointe 38 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;

(13)

ciallaíonn “seirbhís éigeandála” seirbhís éigeandála mar a shainmhínítear i bpointe 39 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;

(14)

ciallaíonn “téacs fíor-ama” foirm téacs-chomhrá i ndálaí pointe go pointe nó cian-chomhdhála ilphointe nuair a sheoltar an téacs a chuirtear isteach ar bhealach a measann an t-úsáideoir go bhfuil an teachtaireacht leanúnach ar bhonn carachtar ar charachtar;

(15)

ciallaíonn táirge “a chur ar fáil ar an margadh” aon soláthar táirge lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce;

(16)

ciallaíonn “cur ar an margadh” táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(17)

ciallaíonn “monaróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a dhéanann táirge den sórt sin a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin, faoina ainm nó faoina thrádmharc féin;

(18)

ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir gníomhú thar a cheann maidir le tascanna sonraithe;

(19)

ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

(20)

ciallaíonn “dáileoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann táirge ar fáil ar an margadh;

(21)

ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir, an dáileoir nó an soláthraí seirbhíse;

(22)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha a cheannaíonn an táirge ábhartha nó a fhaigheann an tseirbhís ábhartha chun críocha atálasmuigh dá thrádáil, dá ghnó, dá cheird nó dá ghairm;

(23)

ciallaíonn “micrifhiontar” fiontar a bhfuil níos lú ná 10 bhfostaí aige agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 2 mhilliún aige nó nó iomlán bliantúil ar a chlár comhardaithe aige nach mó ná EUR 2 mhilliún;

(24)

ciallaíonn “fiontair bheaga agus mheánmhéide” (FBManna) na fiontair sin ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 50 milliún acu, nó iomlán bliantúil ar a chlár comhardaithe nach mó ná EUR 43 milliún, gan micrifhiontair san áireamh;

(25)

ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe’” caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear i bpointe 1(c) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(26)

ciallaíonn “sonraíocht theicniúil ” sonraíocht theicniúil mar a shainmhínítear i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 lena soláthraítear modh chun na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme a chomhlíonadh maidir le táirge nó seirbhís;

(27)

ciallaíonn “tarraingt siar” aon bheart arb é is aidhm dó cosc a chur ar tháirge sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;

(28)

ciallaíonn “seirbhísí baincéireachta tomhaltóirí” na seirbhísí baincéireachta agus airgeadais a leanas a sholáthar do thomhaltóirí:

(a)

comhaontuithe creidmheasa a chumhdaítear le Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) nó le Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29);

(b)

seirbhísí a shainítear i bpointí 1, 2, 4 agus 5 i Roinn A agus i bpointí 1, 2, 4 agus 5 i Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30);

(c)

seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear iad i bpointe 3 d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31);

(d)

seirbhísí atá nasctha leis an gcuntas íocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe 3 d’Airteagal 2 de Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32); agus

(e)

airgead leictreonach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33);

(29)

ciallaíonn “teirmineálá íocaíochta” gléas arb é is príomhchuspóir dó go bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh leis trí úsáid a bhaint as ionstraimí íocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (14) d’Airteagal 4 de Threoir 2015/2366/AE ag díolphointe fisiciúil ach ní i dtimpeallacht fhíorúil;

(30)

ciallaíonn “seirbhísí ríomhthráchtála” seirbhísí a sholáthraítear go cianda, trí shuíomhanna gréasáin agus seirbhísí gléas móibílbhunaithe, trí mheán leictreonach agus ar iarratas tomhaltóir aonair ar chur i gcrích conartha do thomhaltóirí;

(31)

ciallaíonn “seirbhísí iompair do phaisinéirí aeir” aersheirbhísí tráchtála do phaisinéirí, mar a shainmhínítear i bpointe (l) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006, ar imeacht dóibh as, ar imeacht dóibh trí, nó ar shroicheadh aerfoirt dóibh, nuair atá an t-aerfort suite i gcríoch Ballstáit, lena n-áirítear eitiltí a imíonn as aerfort atá lonnaithe i dtríú tír chuig aerfort atá lonnaithe i gcríoch Ballstáit ina bhfuil na seirbhísí arna n-oibriú ag aeriompróirí de chuid an Aontais;

(32)

ciallaíonn “seirbhísí iompair do phaisinéirí bus” seirbhísí a chumhdaítear le hAirteagal 2(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 181/2011;

(33)

ciallaíonn “seirbhísí iompair do phaisinéirí iarnróid” na seirbhísí go léir do phaisinéirí iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007, seachas na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de;

(34)

ciallaíonn “seirbhísí iompair do phaisinéirí ar uisce” seirbhísí do phaisinéirí, a chumhdaítear le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010, cé is moite de sheirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin;

(35)

ciallaíonn “seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha” seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha mar a shainmhínítear i bpointe 6 d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34);. ach chun críocha na Treorach seo, ní áirítear iontu ach na modhanna iompair seo a leanas: iarnród, bus agus cóiste, meitreo, tram agus bus tralaí;

(36)

ciallaíonn “seirbhísí iompair réigiúnacha” seirbhísí réigiúnacha mar a shainmhínítear i bpointe 7 d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE; ach chun críocha na Treorach seo ní áirítear iontu ach an modh iompair seo a leanas: iarnród, bus agus cóiste, meitreo, tram agus bus tralaí;

(37)

ciallaíonn “teicneolaíocht chúnta” aon ítim, píosa trealaimh, seirbhís nó córas táirge lena n-áirítear bogearraí a úsáidtear chun cumais fheidhmiúla daoine faoi mhíchumas a mhéadú, a chothabháil, a ionadú nó a fheabhsú, nó chun lagú, teorainneacha gníomhaíochta nó srianta rannpháirtíochta a mhaolú agus a chúiteamh;

(38)

ciallaíonn “córas oibriúcháin”, bogearraí, inter alia, a láimhsíonn an comhéadan le crua-earraí forimeallacha, a leithdháileann cúraimí sceidil agus stóras, agus a chuireann comhéadan mainneachtana ar fáil don úsáideoir nuair nach bhfuil feidhmchláir á reáchtáil, lena n-áirítear comhéadan úsáideora grafach, is cuma an cuid dhílis de chrua-earraí ríomhaire cuspóra ghinearálta do thomhaltóirí a leithéid de bhogearraí, nó an bogearraí saorsheasaimh a bheartaítear a reáchtáil ar chrua-earraí ríomhaire cuspóra ghinearálta do thomhaltóirí atá ann; ach ní áirítear leis lódálaí córas oibriúcháin, córas bunúsach ionchuir/aschuir, córas nó dochtearraí eile a bhíonn ag teastáil ag am bútála nó nuair a bhíonn an córas oibriúcháin á shuiteáil;

(39)

ciallaíonn “córas crua-earraí ríomhaire cuspóra ghinearálta do thomhaltóirí” an teaglaim crua-earraí is ríomhaire iomlán ann, ag a bhfuil nádúr ilchuspóireach, an cumas atá aige feidhmiú leis na bogearraí iomchuí, agus é ag ríomh tascanna a bhíonn á n-iarraidh ag tomhaltóirí agus é ceaptha le bheith á oibriú ag tomhaltóirí; lena n-áirítear ríomhairí pearsanta, go háirithe ríomhairí deisce, leabhair nótaí, fóin chliste agus táibléid;

(40)

ciallaíonn “cumas ríomhaireachta idirghníomhaí” feidhmiúlacht a thacaíonn le gníomhú idir duine agus gléas lena gceadaítear próiseáil agus tarchur sonraí, gutha nó físeáin, nó aon mheascán díobh sin;;

(41)

Ciallaíonn “ríomhleabhar agus bogearraí tiomnaithe” seirbhís a sholáthraíonn comhaid dhigiteacha ina bhfuil leagan leictreonach de leabhar, is féidir a rochtain, a nascleanúint, a léamh agus a úsáid agus na bogearraí lena n-áirítear seirbhísí gléas móibílbhunaithe lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha atá tiomnaithe do rochtain, nascleanúint, léamh agus úsáid na gcomhad digiteach sin, agus ní áirítear leo bogearraí, a chumhdaítear faoin sainmhíniú i bpointe (42);

(42)

ciallaíonn “ríomhléitheoir” trealamh tiomnaithe, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí, a úsáidtear le comhaid ríomhleabhair a rochtain, a nascleanúint, a léamh agus a úsáid;

(43)

ciallaíonn “ticéid leictreonacha” aon chóras ina bhfuil teidlíocht chun taisteal, i bhfoirm amháin nó níos mó de thicéid taistil, síntiúis taistil nó creidmheas taistil, á stóráil go leictreonach ar phas iompar fisiciúil nó ar ghléas eile, seachas é a bheith priontáilte ar thicéad páipéir;

(44)

ciallaíonn “seirbhísí ticéadaithe leictreonaigh” aon chóras ina gceannaítear ticéid iompair paisinéirí, lena n-áirítear ar líne, trí úsáid a bhaint as gléas a bhfuil cumas ríomhaireachta idirghníomhaí aige, agus a sheachadtar chuig an gceannaitheoir i bhfoirm leictreonach, chun gur féidir iad a phriontáil i bhfoirm pháipéir nó iad a thaispeáint ar ghléas soghluaiste tríd an gcumas ríomhaireachta idirghníomhaí nuair a bhítear ag taisteal.

CAIBIDIL II

Ceanglais inrochtaineachta agus saorghluaiseachta

Airteagal 4

Ceanglais inrochtaineachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 5 den Airteagal seo agus faoi réir Airteagal 14, nach gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha ach táirgí ar an margadh agus nach gcuirfidh siad ar fáil ach na seirbhísí a chomhlíonann na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Aguisín I.

2.   Comhlíonfaidh na táirgí go léir na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach i Roinn I d’Iarscríbhinn I.

Na táirgí go léir, cé is moite de chríochfoirt féinseirbhíse, comhlíonfaidh siad na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach i Roinn II d’Iarscríbhinn I.

3.   Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo, comhlíonfaidh gach seirbhís, seachas seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha agus seirbhísí iompair réigiúnacha, na ceanglais inrochtaineachta atá leagtha amach i Roinn III d’Iarscríbhinn I.

Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo, comhlíonfaidh na seirbhísí uile na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach i Roinn IV d’Iarscríbhinn I.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i bhfianaise na gcoinníollacha náisiúnta, maidir leis an timpeallacht thógtha atá in úsáid ag cliaint na seirbhísí a chumhdaítear faoin Treoir seo, go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, d’fhonn go mbeadh an úsáid is fearr is féidir á baint astu ag daoine faoi mhíchumas.

5.   Micrifhiontair a sholáthraíonn seirbhísí, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais inrochtaineachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh, agus ó aon oibleagáidí a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas sin.

6.   Déanfaidh na Ballstáit treoirlínte agus uirlisí a sholáthar do mhicrifhiontair chun cur i bhfeidhm na mbeart náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo a éascú. Déanfaidh na Ballstáit na huirlisí sin a fhorbairt i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha.

7.   Féadfaidh na Ballstáit samplaí táscacha a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha den chaoi le cloí leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I de bhreis ar na samplaí táscacha atá in Iarscríbhinn II.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh freagairt teachtaireachtaí éigeandála chuig an uimhir aonair éigeandála Eorpach ‘112’, ag an PFGE is iomchuí, go gcomhlíonfaidh sin na ceanglais inrochtaineachta ar leith a leagtar amach i Roinn V d’Iarscríbhinn I ar an mbealach is oiriúnaí d’eagrúchán náisiúnta na gcóras éigeandála.

9.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn I a fhorlíonadh trí shonrú breise a dhéanamh ar na ceanglais inrochtaineachta nach féidir, i ngeall ar a nádúr féin, an éifeacht a cheaptar a bheidh acu a bhaint amach gan iad a shonrú a thuilleadh i ngníomhartha dlíthiúla ceangailteacha de chuid an Aontais, amhail ceanglais maidir le hidir-inoibritheacht.

Airteagal 5

An dlí de chuid an Aontais atá ann cheana i réimse an iompair do phaisinéirí

Na seirbhísí a chomhlíonann na ceanglais maidir le soláthar faisnéise inrochtana agus faisnéise ar inrochtaineacht a leagtar síos i Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004, (CE) Uimh. 1107/2006, (CE) Uimh. 1371/2007, (AE) Uimh. 1177/2010 agus (AE) Uimh. 181/2011 agus gníomhartha ábhartha a glacadh ar bhonn Threoir 2008/57, measfar go gcomhlíonann na seirbhísí sin na ceanglais chomhfhreagracha sa Treoir seo. I gcás ina ndéanann an Treoir seo foráil do cheanglais bhreise orthu siúd a thugtar sna Rialacháin agus na gníomhartha sin, beidh feidhm ag na ceanglais bhreise ina n-iomláine.

Airteagal 6

Saorghluaiseacht

Ní chuirfidh na Ballstáit bac, ar chúiseanna a bhaineann le ceanglais inrochtaineachta, ar tháirgí ná ar sholáthar seirbhísí ina gcríoch féin a chur ar fáil ar mhargadh a gcríche féin, a chomhlíonann an Treoir seo.

CAIBIDIL III

Na hoibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha a dhéilealann le táirgí

Airteagal 7

Oibleagáidí na monaróirí

1.   Nuair a chuirfidh siad a gcuid táirgí ar an margadh, áiritheoidh na monaróirí gur dearadh agus gur monaraíodh na táirgí i gcomhréir le n ceanglais inrochtaineachta is infheidhme na Treorach seo.

2.   Tarraingeoidh monaróirí suas an doiciméadacht theicniúil i gcomhréir le hIarscríbhinn IV agus cuirfidh siad i gcrích an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin nó cuirfear i gcrích é thar a gceann.

I gcás ina léirítear, de bhun an nós imeachta sin, go bhfuil na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme á gcomhlíonadh ag táirge, déanfaidh monaróirí dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais a ullmhú agus an comhartha CE a ghreamú de.

3.   Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta AE go ceann 5 bliana ó chuirtear an táirge ar an margadh.

4.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm a fhágfaidh go mbeidh an táirgeadh sraithe comhréireach leis an Treoir seo i gcónaí. Cuirfear san áireamh go leordhóthanach athruithe ar dhearadh nó ar shaintréithe an táirge agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí teicniúla ar trína mbíthin a dhearbhaítear comhréireacht an táirge.

5.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh uimhir chineáil, baiscuimhir, nó sraithuimhir, nó eilimint eile lena gceadaítear, iad a aithint ar a dtáirgí, nó, i gcás nach féidir é sin de bharr mhéid nó chineál an táirge, áiritheoidh monaróirí go soláthrófar an fhaisnéis riachtanach ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge.

6.   Léireoidh monaróirí ar an táirge, a n-ainm nó a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála, nó i gcás nach bhféadfar é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge. Ní foláir pointe singil ag a bhféadfar teagmháil a dhéanamh leis an monaróir a chur in iúl sa seoladh. Ní mór na sonraí teagmhála a bheith i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh agus le húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint gan stró.

7.   Áiritheoidh monaróirí go bhfuil treoracha agus faisnéis ag gabháil leis an táirge i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus leis na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann. Beidh treoracha agus faisnéis den sórt sin, chomh maith le haon lipéadú, soiléir, intuisceana agus intuigthe.

8.   Monaróirí a mheasann, nó a bhfuil cúis mhaith acu lena chreidiúint, nach bhfuil táirge a chuir siad ar an margadh i gcomhréir leis an Treoir sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó más iomchuí, chun é a tharraingt siar. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh monaróirí údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh. I gcásanna den sórt sin, coimeádfaidh monaróirí clár de na táirgí nach gcomhlíonann na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme agus de na gearáin ghaolmhara.

9.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil don údarás sin, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, ar aon ghníomh a dhéanfar chun neamhchomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta is infheidhme maidir le táirgí atá curtha ar an margadh acu a dhíothú, agus go háirithe chun na táirgí a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme.

Airteagal 8

Ionadaithe údaraithe

1.   Féadfaidh monaróir, trí bhíthin sainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe a cheapadh.

Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7(1) ná ullmhú na doiciméadachta teicniúla mar chuid de shainordú an ionadaí údaraithe.

2.   Déanfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú a gheofar ón monaróir. Leis an sainordú sin, ligfear don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(a)

an dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil d’údaráis um fhaireachais margaidh ar feadh 5 bliana;

(b)

tar éis dó iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá a chur ar fáil don údarás sin chun comhréireacht táirge a léiriú;

(c)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomh a dhéanfar chun neamhchomhlíonadh táirgí leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme atá folaithe ag a sainordú a dhíothú.

Airteagal 9

Oibleagáidí na n-allmhaireoirí

1.   Ní chuirfidh allmhaireoirí ach táirgí comhlíontacha ar an margadh.

2.   Sula ndéanfar táirge a chur ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV curtha i gcrích ag an monaróir. Áiritheoidh siad go bhfuil an doiciméadacht theicniúil tarraingthe suas ag an monaróir faoi mar a éilítear san Iarscríbhinn sin, go bhfuil comhartha CE ar an táirge agus go bhfuil na doiciméid a cheanglaítear ag gabháil leis agus go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6) comhlíonta ag an monaróir.

3.   I gcás ina measann allmhaireoir, nó a bhfuil cúis aige lena chreidiúint, nach bhfuil táirge i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta is infheidhme na Treorach seo, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an táirge ar an margadh go dtugtar chun comhréireachta é. Ina theannta sin, i gcás nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin.

4.   Déanfaidh allmhaireoirí a léiriú ar an táirge, a n-ainm nó a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála, nó i gcás nach bhféadfar é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge. Ní mór na sonraí teagmhála a bheith i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh agus údaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint gan stró.

5.   Áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis an táirge i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann.

6.   Áiritheoidh allmhaireoirí, fad is atá táirge faoina bhfreagracht, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair an táirge comhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta is infheidhme i mbaol.

7.   Déanfaidh allmhaireoirí, ar feadh tréimhse 5 bliana, cóip den dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais a choinneáil ar fáil d’údaráis faireacháin an mhargaidh agus áiritheoidh siad go bhféadfar an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.

8.   Monaróirí a mheasann, nó a bhfuil cúis mhaith acu lena chreidiúint, nach bhfuil táirge a chuir siad ar an margadh i gcomhréir leis an Treoir sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó más iomchuí, é a tharraingt siar. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh monaróirí údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh. I gcásanna den sórt sin, coimeádfaidh allmhaireoirí clár de tháirgí nach gcomhlíonann na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme agus de na gearáin ghaolmhara.

9.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil don údarás sin, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun neamhchomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta is infheidhme a bhaineann le táirgí atá curtha ar an margadh acu a dhíothú.

Airteagal 10

Oibleagáidí na ndáileoirí

1.   Agus táirge á chur ar fáil ar an margadh, gníomhóidh dáileoirí le cúram cuí i ndáil leis na ceanglais na Treorach seo.

2.   Sula gcuirfear táirge ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí go bhfuil comhartha CE ar an táirge, go bhfuil na doiciméid a cheanglaítear agus na treoracha agus an fhaisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus leis na húsáideoirí deiridh eile sa Bhallstát ina bhfuil an táirge le cur ar fáil ar an margadh a thuiscint go héasca, agus fíoróidh siad freisin gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6) agus in Airteagal 9(4) faoi seach.

3.   I gcás ina measfaidh dáileoir, nó a bhfuil cúis aige lena chreidiúint, nach bhfuil táirge i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta is infheidhme na treorach seo, ní chuirfidh an dáileoir an táirge ar fáil ar an margadh nó go dtugtar chun comhréireachta é. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t-allmhaireoir mar aon leis na húdaráis um fhaireachais margaidh ar an eolas faoi sin.

4.   Áiritheoidh dáileoirí, fad atá táirge faoina bhfreagracht, nach gcuireann dálaí stórála ná iompair an chaoi a gcomhlíonann sé na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme i mbaol.

5.   Dáileoirí a mheasann, nó ag a bhfuil cúis lena chreidiúint, nach bhfuil táirge atá curtha ar fáil ar an margadh acu i gcomhréir leis an Treoir seo, áiritheoidh siad go ndéantar na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó más iomchuí, chun é a tharraingt siar. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh monaróirí údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.

6.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil dó. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéantar chun neamhchomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta is infheidhme a bhaineann le táirgí atá curtha ar fáil ar an margadh acu a dhíothú.

Airteagal 11

Cásanna ina mbaineann oibleagáidí monaróirí le hallmhaireoirí agus dáileoirí

Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina monaróir chun críocha na Treorach seo agus beidh an té sin faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal 7, i gcás ina gcuireann an té sin táirge ar an margadh faoina ainm nó faoina hainm nó faoina thrádmharc nó faoina trádmharc, nó i gcás ina modhnaíonn an té sin táirge atá curtha ar an margadh cheana féin ar bhealach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais na Treorach seo.

Airteagal 12

Oibreoirí eacnamaíocha a dhéileálann le táirgí a shainaithint

1.   Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagail 7 go dtí 10, arna iarraidh sin, an méid seo a leanas a shainaithint do na húdaráis um fhaireachas margaidh:

(a)

aon oibreoir eacnamaíoch eile a sholáthair táirge dóibh;

(b)

aon oibreoir eacnamaíoch eile ar sholáthair siad táirge dó.

2.   Beidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagail 7 go dtí 10 in ann an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo a thíolacadh ar feadh 5 bliana ó soláthraíodh an táirge dóibh agus ar feadh 5 bliana tar éis dóibh féin an táirge a sholáthar.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an Treoir seo a leasú ionas an tréimhse dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcás táirgí sonracha, a athrú. Beidh an tréimhse leasaithe sin níos faide ná 5 bliana agus i gcomhréir le saol eacnamaíoch úsáideach an táirge lena mbaineann.

CAIBIDIL IV

Oibleagáidí na soláthraithe seirbhísí

Airteagal 13

Oibleagáidí na soláthraithe seirbhíse

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse go ndearfaidh agus go soláthróidh siad seirbhísí i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo.

2.   Ullmhóidh soláthraithe seirbhíse an fhaisnéis is gá i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus míneoidh siad an tslí ina gcomhlíonann na seirbhísí na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil don phobal i bhformáid scríofa agus i bhformáid ó bhéal, lena n-áirítear ar bhealach atá inrochtana ag daoine faoi mhíchumas. Coimeádfaidh soláthraithe seirbhíse an fhaisnéis sin ar feadh thréimhse oibrithe na seirbhíse.

3.   Gan dochar d’Airteagal 32, áiritheoidh soláthraithe seirbhíse go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm ionas go mbeidh soláthar seirbhísí i gcomhréir i gcónaí leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme. I dtaca le hathruithe ar ghnéithe sholáthar na seirbhíse, le hathruithe ar na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, agus le hathruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó ar shonraíochtaí teicniúla trína ndearbhaítear go gcomhlíonann seirbhís na ceanglais inrochtaineachta, cuirfidh na soláthraithe seirbhíse san áireamh go leordhóthanach iad. I gcás neamhchomhréireachta, déanfaidh soláthraithe seirbhíse na bearta ceartaitheacha is gá chun go mbeidh an tseirbhís i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme.

4.   I gcás neamhchomhréireachta, déanfaidh soláthraithe seirbhíse na bearta ceartaitheacha is gá chun go mbeidh an tseirbhís i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann an tseirbhís na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh soláthraithe seirbhíse údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.

5.   Soláthróidh soláthraithe seirbhíse d’údarás inniúil, arna iarraidh sin dó ar bhonn réasúnaithe, an fhaisnéis uile a theastaíonn chun a thaispeáint go bhfuil an tseirbhís i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme. Comhoibreoidh siad leis an údarás sin, arna iarraidh sin do na húdaráis sin, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun an tseirbhís sin a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais sin.

CAIBIDIL V

Athrú bunúsach ar tháirgí nó ar sheirbhísí agus ualach díréireach a chur ar oibreoirí eacnamaíocha

Airteagal 14

Athrú bunúsach agus ualach díréireach

1.   Na ceanglais inrochtaineachta dá dtagraítear in Airteagal 4, ní bheidh feidhm acu ach a mhéid gur fíor an méid a leanas maidir leis na ceanglais sin a comhlíonadh:

(a)

ní éilíonn siad athrú suntasach ar tháirge ná ar sheirbhís a bhfuil athrú ó bhonn ar a bhunchineál mar thoradh air; agus

(b)

ní dhéanfar ualach díréireach ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a fhorchur dá mbarr.

2.   Déanfaidh oibreoirí measúnú a chur i gcrích ar cibé an mbeadh comhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta dá dtagraítear in Airteagal 4 ag tabhairt athrú bunúsach isteach nó, ar bhonn na gcritéar ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, an mbeadh ualach díréireach ann á fhorchur dá mbarr, de réir mar a fhoráiltear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha an measúnú dá dtagraítear i mír 2 a dhoiciméadú. Coinneoidh na hoibreoirí eacnamaíocha na torthaí ábhartha go léir ar feadh tréimhse 5 bliana a ríomhfar ón táirge a chur ar fáil ar an margadh den uair dheireanach nó tar éis an tseirbhís a chur ar fáil den uair dheireanach; de réir mar is infheidhme. Arna iarraidh sin do na húdaráis um fhaireachas an mhargaidh nó do na húdaráis atá freagrach as comhlíontacht seirbhísí a sheiceáil, mar is infheidhme, cuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha cóip den mheasúnú dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do na húdaráis.

4.   De mhaolú ar mhír 3, beidh micrifhiontair a dhéileálann le táirgí díolmhaithe ó na ceanglais chun a measúnú a dhoiciméadú. Mar sin féin, má iarrann údarás um fhaireachas margaidh amhlaidh, déanfaidh na micrifhiontair a dhéileálann le táirgí agus a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a dháileann táirgí, agus atá ag brath ar mhír 1, na fíricí is ábhartha don mheasúnú dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil don údarás.

5.   Soláthraithe seirbhíse atá ag brath ar phointe (b) de mhír 1, i ndáil le gach catagóir nó cineál seirbhíse, déanfaidh siad athnuachan ar a measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil an t-ualach díréireach:

(a)

nuair a athraítear an tseirbhís a thairgtear; nó

(b)

arna iarraidh sin do na húdaráis atá freagrach as comhlíontacht seirbhísí a sheiceáil; agus

(c)

ar aon chaoi, gach 5 bliana ar a laghad.

6.   I gcás ina bhfaigheann oibreoirí eacnamaíocha cistiú ó fhoinsí eile seachas acmhainní an oibreora eacnamaíoch féin, bíodh sin poiblí nó príobháideach, a fhoráiltear chun feabhas a chur ar an inrochtaineacht, ní bheidh siad i dteideal brath ar phointe (b) de mhír 1.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn VI a fhorlíonadh trí na critéir ábhartha atá le cur san áireamh ag an oibreoir eacnamaíoch chun an measúnú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh a shonrú. I gcás ina sonraítear tuilleadh de na critéir sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ní amháin na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann do dhaoine faoi mhíchumas, ach, chomh maith leis sin, dóibh siúd a bhfuil teorainneacha feidhme acu.

Déanfaidh an Coimisiún an chéad ghníomh tarmligthe den sórt sin a ghlacadh pé uair is gá faoin 28 Meitheamh 2020. Cuirfear gníomh den sórt sin i bhfeidhm, ar a luaithe, an 28 Meitheamh 2025.

8.   I gcás ina bhfuil oibreoirí eacnamaíocha ag brath ar mhír 1 le haghaidh táirge nó seirbhís ar leith, cuirfidh siad faisnéis á thabhairt sin le fios chuig an údarás ábhartha um fhaireachas margaidh nó údaráis atá freagrach as comhlíontacht seirbhísí a sheiceáil de chuid an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ar leith ar an margadh nó ina gcuirtear an tseirbhís ar leith ar fáil.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le micrifhiontair.

CAIBIDIL VI

Caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí teicniúla táirgí agus seirbhísí

Airteagal 15

Toimhde na comhréireachta

1.   Toimhdeofar go bhfuil táirgí agus seirbhísí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, nó codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo sa mhéid go bhfuil siad arna gcumhdach ag na caighdeáin sin nó ag codanna díobh.

2.   Iarrfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú do na ceanglais inrochtaineachta táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Cuirfidh an Coimisiún an chéad dréacht-iarratas den sórt sin chuig an gcoiste ábhartha faoin 28 Meitheamh 2021.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar sonraíochtaí teicniúla a chomhlíonann ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach bhfoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; agus

(b)

inarb amhlaidh:

(i)

a d’iarr an Coimisiún ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú agus atá moill mhíchuí ar an nós imeachta um chaighdeánú nó nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh; nó

(ii)

gur féidir leis an gCoimisiún a léiriú go n-urramaíonn sonraíocht theicniúil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ach amháin an ceanglas gur faoi eagraíocht neamhbhrabúsach a bhí sé na sonraíochtaí teicniúla a fhorbairt.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

4.   Measfar táirgí agus seirbhísí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla nó le codanna díobh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo sa mhéid go gcumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí teicniúla sin nó le codanna díobh.

CAIBIDIL VII

Comhréireacht táirgí agus comhartha CE a fháil

Airteagal 16

Dearbhú de chuid AE maidir le comhréireacht táirgí

1.   Sonrófar sa dearbhú comhréireachta de chuid AE gur léiríodh go gcomhlíontar na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme. I gcás inar baineadh úsáid, mar eisceacht, as Airteagal 14, sonrófar sa dearbhú comhréireachta de chuid AE na ceanglais inrochtaineachta atá faoi réir na heisceachta sin.

2.   Beidh sa dearbhú comhréireachta de chuid AE struchtúr na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE. Beidh ann na gnéithe a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn leanúnach. Ní fhorchuirfear aon ualach míchuí ar mhicrifhiontair ná ar FBManna leis na ceanglais maidir leis an doiciméadacht theicniúil. Aistreofar é go dtí an teanga nó go dtí na teangacha a éilíonn an Ballstát ina ndéantar an táirge a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh.

3.   I gcás ina mbeidh táirge faoi réir níos mó ná gníomh amháin de chuid an Aontais lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta de chuid AE, déanfar dearbhú comhréireachta aonair de chuid AE a ullmhú i leith gach gníomh Aontais den chineál sin. Beidh sa dearbhú sin sainaithint na ngníomhartha lena mbaineann, lena n-áirítear na tagairtí foilseacháin.

4.   Tríd an dearbhú comhréireachta de chuid AE a dhréachtú, gabhfaidh an monaróir freagracht air féin go gcomhlíonfaidh an táirge ceanglais na Treorach seo.

Airteagal 17

Prionsabail ghinearálta maidir le comhartha CE a chur ar tháirgí

Beidh an comhartha CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 18

Rialacha agus coinníollacha maidir leis an gcomhartha CE a ghreamú de tháirge

1.   Déanfar an comharthú CE a ghreamú go feiceálach, go soléite agus go doscriosta den táirge nó dá phláta sonraí. Mura féidir é sin a dhéanamh nó mura bhfuil gá leis mar gheall ar chineál an táirge, feisteofar ar an bpacáistíocht é agus ar na doiciméid a ghabhann leis.

2.   Greamófar an comhartha CE sula gcuirfear an táirge ar an margadh.

3.   Cuirfidh na Ballstáit leis na sásraí reatha chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme i gceart an réim lena rialaítear an comhartha CE agus déanfaidh siad beart iomchuí i gcás ina mbaintear úsáid mhíchuí as an gcomhartha sin.

CAIBIDIL VIII

Faireachas margaidh táirgí agus nós imeachta cosanta an aontais

Airteagal 19

Faireachas margaidh a dhéanamh ar tháirgí

1.   Beidh feidhm maidir le táirgí ag Airteagal 15(3), Airteagail 16 go 19, Airteagal 21, Airteagail 23 go 28 agus Airteagal 29(2) agus Airteagal 29(3) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

2.   Nuair a bheidh faireachas margaidh á dhéanamh ar tháirgí ag údaráis ábhartha um fhaireachas margaidh, i gcás ina bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch tar éis brath ar Airteagal 14 den Treoir seo:

(a)

déanfaidh siad a sheiceáil go bhfuil an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 14 curtha i gcrích ag an oibreoir eacnamaíoch,

(b)

déanfaidh siad athbhreithniú ar an measúnú sin gona thorthaí, lena n-áirítear úsáid cheart a bhaint as na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; agus

(c)

seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta is infheidhme.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil do thomhaltóirí, arna iarraidh sin dóibh agus i bhformáid inrochtana, faisnéis atá i seilbh na n-údarás um fhaireachas margaidh maidir le ceanglais inrochtaineachta is infheidhme na Treorach seo atá le comhlíonadh ag oibreoirí eacnamaíocha agus maidir leis an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 14, ach amháin i gcás nach féidir an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar chúiseanna rúndachta de réir mar a fhoráiltear dó sin in Airteagal (19)(5) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 20

Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le táirgí nach gcomhlíonann na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme

1.   I gcás ina mbeidh cúis leordhóthanach ag na húdaráis um fhaireachas margaidh i mBallstát amháin lena chreidiúint nach gcomhlíonann táirge a chumhdaítear leis an Treoir seo na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an táirge lena mbaineann lena gcumhdófar na ceanglais i go léir a leagtar amach sa Treoir seo. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha go hiomlán leis na húdaráis um fhaireachas margaidh chun na críche sin.

I gcás ina bhfionnfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh, le linn na meastóireachta sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh ionas go gcomhlíonfaidh an táirge na ceanglais sin laistigh de thréimhse réasúnach ama, i gcomhréir le cineál an neamhchomhlíonta, de réir mar a fhorordóidh siad.

Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha an táirge a tharraingt siar ón margadh, laistigh de thréimhse réasúnta bhreise, ach amháin más rud é gur mhainnigh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomh ceartaitheach leordhóthanach a dhéanamh laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír.

Beidh feidhm ag Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír den mhír seo.

2.   I gcás ina measann na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil neamh-chomhlíonadh srianta dá gcríoch náisiúnta, cuirfidh siad torthaí na meastóireachta agus na ngníomhaíochtaí ar chuir siad de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch iad a dhéanamh in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

3.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéantar gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí i leith na dtáirgí uile lena mbaineann atá curtha ar fáil aige ar an margadh ar fud an Aontais.

4.   I gcás nach ndéanann an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach leordhóthanach sa tréimhse dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart sealadach iomchuí chun cosc nó srian a chur ar ar an dtáirge a bheith á gcur ar fáil ar a margadh náisiúnta, nó chun an táirge a tharraingt siar ón margadh sin

Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na mbeart sin gan mhoill.

5.   San fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4, beidh na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an táirge neamhchomhlíontach a shainaithint, ionad tionscnaimh an táirge, cineál an neamhchomhlíonta a líomhnaítear agus na ceanglais inrochtaineachta nach gcomhlíonann an táirge iad, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh, agus na hargóintí a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha chun tosaigh. Go háirithe, cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh in iúl cibé an é aon cheann den dá ní seo is cúis leis an neamh-chomhlíonadh:

(a)

go mainníonn an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme;

(b)

easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 15 agus lena mbronntar toimhde comhréireachta.

6.   Déanfaidh na Ballstáit, seachas an Ballstát a thionscnaíonn an nós imeachta faoin Airteagal seo, aon bhearta a ghlactar agus aon fhaisnéis bhreise atá faoina réir acu agus a bhaineann le neamhchomhlíonadh an táirge lena mbaineann, agus, i gcás easaontas leis an mbeart náisiúnta ar tugadh fógra ina leith, a n-agóidí a chur in iúl gan mhoill don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

7.   Más rud é, laistigh de thrí mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 a fháil, nach bhfuil aon agóid maidir le beart sealadach a ghlac Ballstát déanta ag Ballstát nó ag an gCoimisiún, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí, amhail an táirge a tharraingt siar óna margadh gan mhoill, i leith an táirge lena mbaineann.

Airteagal 21

Nós imeachta cosanta an Aontais

1.   I gcás, ach a gcríochnófar an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 20(3) agus (4), ina ndéantar agóidí i gcoinne beart atá déanta ag Ballstát, nó ina bhfuil fianaise réasúnta ag an gCoimisiún a thugann le fios go bhfuil beart náisiúnta contrártha le dlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil.

Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl láithreach dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

2.   I gcás ina meastar bonn cirt a bheith leis an mbeart náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an táirge neamh-chomhlíontach siar óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. I gcás ina meastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart sin a tharraingt siar.

3.   I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus go gcuirtear síos neamh-chomhlíonadh an táirge d’easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 20(5), déanfaidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a chur i bhfeidhm.

4.   I gcás ina measfar údar a bheith leis an mbeart náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus ina ndéanfar neamhchomhlíonadh an táirge a leagan de mhilleán ar easnaimh sna sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 20(5), glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme gan mhoill lena leasaítear nó lena n-aisghairtear na sonraíochtaí theicniúla sin. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

Airteagal 22

Neamhchomhlíonadh foirmiúil

1.   Gan dochar d’Airteagal 20, i gcás ina bhfaigheann Ballstát amach gur tharla ceann amháin de na nithe seo a leanas, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamh-chomhlíonadh lena mbaineann:

(a)

greamaíodh an comhartha CE de shárú ar Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó ar Airteagal 18 den Treoir seo;

(b)

nár greamaíodh an comhartha CE;

(c)

ní dhearnadh dearbhú comhréireachta an Aontais Eorpaigh a dhréachtú;

(d)

ní dhearnadh dearbhú comhréireachta an Aontais Eorpaigh a dhréachtú i gceart;

(e)

níl fáil ar an doiciméadacht theicniúil nó níl sí iomlán;

(f)

tá an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(6) nó Airteagal 9(4) ar iarraidh, bréagach nó neamhiomlán;

(g)

níor comhlíonadh ceann de na ceanglais riaracháin eile dá bhforáiltear in Airteagal 7 nó in Airteagal 9.

2.   I gcás ina leanfaidh an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann gach beart is iomchuí chun srian nó cosc a chur ar an táirge a bheith á chur ar fáil ar an margadh nó chun a áirithiú go dtarraingeofar siar ón margadh é.

CAIBIDIL IX

Comhlíonadh seirbhísí

Airteagal 23

Comhlíonadh seirbhísí

1.   Chun an méid a leanas a dhéanamh bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta leordhóthanacha, cuirfidh siad i bhfeidhm iad agus tabharfaidh siad cothrom le dáta iad go tráthrialta:

(a)

comhlíontacht na seirbhísí leis ceanglais na Treorach seo a sheiceáil, lena n-áirítear an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 14 a mbeidh feidhm ag Airteagal 19(2) mutatis mutandis ina leith;

(b)

obair leantach a dhéanamh maidir le gearáin nó tuarascálacha i ndáil le saincheisteanna a bhaineann le neamhchomhlíontacht seirbhísí leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach sa Treoir seo;

(c)

a fhíorú go bhfuil an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá déanta ag an oibreoir eacnamaíoch.

2.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis a bheidh freagrach as cur chun feidhme na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 maidir le comhlíonadh seirbhísí.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an pobal ar an eolas gurb ann do na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sainaithneoidh siad na húdaráis sin, na freagrachtaí atá orthu, agus an obair agus na cinntí a dhéanann siad dá dtagraítear inti. Cuirfidh na húdaráis sin an fhaisnéis sin ar fáil i bhformáidí inrochtana arna iarraidh sin orthu.

CAIBIDIL X

Ceanglais inrochtaineachta i ngníomharthaeile an Aontais

Airteagal 24

Inrochtaineacht faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais

1.   Maidir leis na táirgí agus leis na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2 den Treoir seo, is ceanglais inrochtaineachta éigeantacha de réir bhrí Airteagal 42(1) de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 60(1) de Threoir 2014/25/AE a bheidh sna ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann léi.

2.   Maidir le táirgí nó seirbhísí a gcomhlíonann a ngnéithe, a n-eilimintí nó a bhfeidhmeanna na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo i gcomhréir le Roinn VI d’Iarscríbhinn I, toimhdeofar go gcomhlíonann na táirgí nó na seirbhísí sin na ceanglais ábhartha inrochtaineachta a leagtar amach i ngníomhartha eile an Aontais i dtaca leis na gnéithe sin, na heilimintí sin nó na feidhmeanna sin mura bhforáiltear dá mhalairt sna gníomhartha eile sin.

Airteagal 25

Na caighdeáin chomhchuibhithe agus na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh gníomhartha eile de chuid an Aontais

I gcás ina bhfuil táirgí agus seirbhísí i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe agus le sonraíochtaí teicniúla nó le codanna díobh, ar caighdeáin nó sonraíochtaí iad a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 15, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir le hAirteagal 24 sa mhéid go gcomhlíonann na caighdeáin agus na sonraíochtaí sin, nó codanna díobh, ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo.

CAIBIDIL XI

Gníomhartha tarmligthe, cumhachtaí cur chun feidhme agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 26

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 27 Meitheamh 2019.

Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12(3) agus in Airteagal 14(7) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 27 Meitheamh 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a ullmhú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(9), Airteagal 12(3) agus Airteagal 14(7) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ar an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí ná sin a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(9), Airteagal 12(3) agus Airteagal 14(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 27

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 28

Meitheal

Bunóidh an Coimisiún meitheal ina mbeidh ionadaithe na n-údarás náisiúnta um fhaireachas margaidh, na húdaráis atá freagrach as comhlíonadh na seirbhísí, agus na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ionadaithe ó eagraíochtaí lucht míchumais.

Déanfaidh an mheitheal:

(a)

malartú faisnéise agus dea-chleachtais i measc na n-údarás agus na ngeallsealbhóirí a éascú;

(b)

an comhar a chothú idir na húdaráis agus na geallsealbhóirí ábhartha maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo chun feabhas a chur ar an gcomhleanúnachas i gcur i bhfeidhm cheanglas inrochtaineachta na Treorach seo agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Airteagal 14, agus

(c)

comhairle a chur ar fáil, go háirithe don Choimisiún, go háirithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 4 agus Airteagal 14.

Airteagal 29

Forfheidhmiú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil bealaí leordhóthanacha agus éifeachtacha ann chun comhréireacht leis an Treoir seo a áirithiú.

2.   Áireofar ar na bealaí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

forálacha trína bhféadfaidh tomhaltóir caingean a thabhairt os comhair na gcúirteanna nó os comhair na gcomhlachtaí inniúla riaracháin faoin dlí náisiúnta chun a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo;

(b)

forálacha trína bhféadfaidh comhlachtaí poiblí, comhlachais phríobháideacha nó eagraíochtaí príobháideacha nó eintitis dhlíthiúla eile ag a bhfuil leas dlisteanach i gcomhlíonadh fhorálacha na Treorach seo a áirithiú dul os comhair na gcúirteanna nó os comhair na gcomhlachtaí inniúla riaracháin faoin dlí náisiúnta thar ceann an ghearánaí nó mar thaca leis an ngearánaí, agus ceadú faighte uaidh nó uaithi, in aon nós imeachta breithiúnach nó gnás riaracháin arna chur ar fáil chun oibleagáidí faoin Treoir seo a fhorfheidhmiú.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le nósanna imeachta soláthair atá faoi réir Threoir 2014/24/AE nó Threoir 2014/25/AE.

Airteagal 30

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

2.   Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Beidh bearta ceartaitheacha éifeachtacha ag gabháil leis na pionóis i gcás neamhchomhlíonadh an oibreora eacnamaíoch.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

4.   Cuirfear san áireamh sna pionóis méid na neamhchomhlíontachta, lena n-áirítear tromchúis na neamhchomhlíontachta agus líon na n-aonad de tháirgí nó seirbhísí neamhchomhlíontacha lena mbaineann, chomh maith le líon na ndaoine a ndéanann sin difear dóibh.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo le nósanna imeachta soláthair atá faoi réir Threoir 2014/24/AE nó Threoir 2014/25/AE.

Airteagal 31

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 28 Meitheamh 2022, ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.   Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 28 Meitheamh 2015.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh na bearta maidir leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4(8) a chur i bhfeidhm ón 28 Meitheamh 2027.

4.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

5.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

6.   Ballstáit a úsáideann an fhéidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 4(4), cuirfidh siad téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad uime sin in iúl don Choimisiún agus cuirfidh siad tuarascáil chuig an gCoimisiún ar an dul chun cinn a rinneadh ina gcur chun feidhme.

Airteagal 32

Bearta idirthréimhseacha

1.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit idirthréimhse dar críoch an 28 Meitheamh 2030 ar fáil; idir an dá linn, féadfaidh soláthraithe seirbhíse a gcuid seirbhísí a sholáthar agus táirgí a úsáid a bhí in úsáid go dleathach acu go dtí sin d’fhonn seirbhísí comhchosúla a chur ar fáil.

Féadfaidh conarthaí seirbhíse, a comhaontaíodh roimh 28 Meitheamh 2025, leanúint ar aghaidh gan athrú go dtí go rachaidh siad in éag, ar choinníoll nach faide sin ná 5 bliana tar éis an dáta sin.

2.   I dtaca leis na teirminéil féinseirbhíse sin a bhí in úsáid go dleathach ag soláthraithe seirbhíse chun a gcuid seirbhísí a sholáthar roimhe seo an 28 Meitheamh 2025, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil gur ceadmhach leanúint dá n-úsáid chun seirbhísí cosúla a sholáthar nó go mbeidh a sea eacnamaíoch tugtha, ach tráth nach faide ná 20 bliain ó tosaíodh á n-úsáid.

Airteagal 33

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.   Faoin 28 Meitheamh 2030, agus gach 5ú bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

2.   I bhfianaise a bhfuil ag tarlú i réimsí sóisialta, eacnamaíocha agus teicneolaíocha, tabharfar aghaidh sa tuarascáil, inter alia, ar theacht chun cinn inrochtaineacht ar tháirgí agus ar sheirbhísí, gaibhniú teicneolaíochta nó bacainní ar an nuálaíocht a d’fhéadfadh tarlú agus ar an tionchar a bheadh ag an Treoir seo ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar dhaoine atá faoi mhíchumas. Déanfar a mheas freisin sna tuarascálacha sin cé acu a chuidigh nó nár chuidigh cur i bhfeidhm Airteagal 4(4) chun comhfhogasú a dhéanamh, nuair ab fhéidir sin, ar riachtanais éagsúla inrochtaineachta na timpeallachta tógtha a bhíonn ag seirbhísí iompair do phaisinéirí, seirbhísí baincéireachta tomhaltóirí, lárionaid seirbhísí custaiméirí, agus ag siopaí soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, d’fhonn gur féidir na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ailíniú go forásach.

Déanfar measúnú sa tuarascáil chomh maith ar cé acu a chuidigh nó nár chuidigh an Treoir seo, agus go háirithe a forálacha saorálacha, le comhfhogasú a dhéanamh maidir le héagsúlacht na gceanglas inrochtaineachta sa timpeallacht thógtha ar oibreacha iad a thagann faoi raon feidhme Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35), Treoir 2014/24/AE agus Treoir 2014/25/AE.

Anuas air sin, tabharfar aghaidh sna tuarascálacha ar an tionchar atá ag cur i bhfeidhm Airteagal 14 den Treoir seo ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil air sin, ar bhonn na faisnéise a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 14(8), agus ar chur i bhfeidhm na díolúine do mhicreafhiontair. Is bunaithe ar na tuarascálacha seo a chinnfear cé acu a d’éirigh nó nár éirigh leis an Treoir seo a cuid aidhmeanna a bhaint amach agus arbh iomchuí táirgí agus seirbhísí nua a chuimsiú, nó arbh iomchuí táirgí nó seirbhísí áirithe a eisiamh ó raon na Treorach seo; déanfaidh na tuarascálacha réimsí a shainaithint, nuair is féidir, maidir leis an ualach ábhartha a laghdú d’fhonn athbhreithniú féideartha a dhéanamh ar an Treoir seo.

I gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a mholadh, a bhfeadfadh bearta reachtacha a bheith san áireamh iontu.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis uile is gá in iúl don Choimisiún in am trátha le go bhféadfaidh an Coimisiún tuarascáil den sórt sin a ullmhú.

4.   Cuirfear barúlacha na ngeallsealbhóirí eacnamaíocha agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha san áireamh sna tuarascálacha ón gCoimisiún, lena n-áirítear eagraíochtaí daoine atá faoi mhíchumas.

Airteagal 34

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 35

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 303, 19.8.2016, lch. 103.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(3)  Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadú le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh a bheartaítear dóibh (IO L 200, 31.7.2009, lch. 1).

(5)  Treoir (AE)2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(6)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le forálacha reachtaíochta, rialacháin nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (IO L 95, 15.04.2010, lch. 1).

(7)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach ag comhlachtaí na hearnála poiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer (IO L 204, 26.7.2006, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lch. 14).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).

(13)  Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (IO L 191, 18.7.2008, lch. 1).

(14)  Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe saothar áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile agus lena leasaítear Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 242, 20.9.2017, lch. 6).

(15)  Rialachán (AE) 2017/1563 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir leis an malartú trasteorann idir an tAontas agus tríú tíortha de chóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile (IO L 242, 20.9.2017, lch. 1).

(16)  Treoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí míochaine (IO L 169, 12.7.1993, lch. 1).

(17)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(18)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann chun táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.08.2008, lch. 82).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 an 25 Deireadh Fómhair 2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(20)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(22)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(23)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis atá ag feidhmiú sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(24)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú á dhéanamh ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.02.2011, lch. 13).

(26)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(27)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(28)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

(29)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

(30)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(31)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(32)  Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).

(33)  Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

(34)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

(35)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le dámhachtain conarthaí lamháltais) (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS INROCHTAINEACHTA A BHAINEANN LE TÁIRGÍ AGUS SEIRBHÍSÍ

Roinn I

Ceanglais inrochtaineachta ghinearálta a bhaineann le gach táirge a chumhdaítear faoin treoir seo I gcomhréir le hairteagal 2(1)

Ní mór táirgí a dhearadh agus a tháirgeadh chun go n-uasmhéadófar an úsáid intuartha a bhainfidh siad siúd atá faoi mhíchumas astu agus ní mór go mbeadh faisnéis inrochtana maidir lena bhfeidhmiú agus lena saintréithe inrochtaineachta ag gabháil leo; i gcás inar féidir, bíodh an fhaisnéis sin istigh sa táirge féin nó ar an táirge.

1.

Na ceanglais maidir le soláthar faisnéise

(a)

an fhaisnéis a thabharfar ar an táirge féin faoi úsáid an táirge (lipéadú, treoracha agus rabhadh), beidh an méid seo a leanas amhlaidh ina taobh:

(i)

cuirfear ar fáil í trí níos mó ná cainéal céadfach amháin;

(ii)

is ar bhealach intuigthe a chuirfear i láthair í;

(iii)

is ar bhealaí atá inbhraite d’úsáideoirí a chuirfear i láthair í;

(iv)

úsáidfear clómhéid leordhóthanach oiriúnach, agus aird á tabhairt ar dhálaí úsáide intuartha, codarsnacht leordhóthanach, chomh maith le spásáil inchoigeartaithe idir gach litir, líne agus mír;

(b)

beidh na treoracha a bhaineann le húsáid an táirge, nach gcuirtear ar fáil ar an táirge féin ach a chuirtear ar fáil trí úsáid a bhaint as an táirge nó trí mhodhanna eile amhail an suíomh gréasáin, lena n-áirítear feidhmeanna inrochtaineachta an táirg, treoacha maidir lena ngníomhachtú agus maidir lenaa n-idir-inoibritheacht i dtaca le réitigh cúnta, beidh na treoracha sin ar fáil don phobal nuair a chuirtear an táirge ar an margadh agus beidh an méid seo a leanas amhlaidh ina taobh:

(i)

cuirfear ar fáil í trí níos mó ná cainéal céadfach amháin;

(ii)

is ar bhealach intuigthe a chuirfear i láthair iad;

(iii)

is ar bhealaí atá inbhraite d’úsáideoirí a chuirfear i láthair iad;

(iv)

úsáidfear clómhéid leordhóthanach oiriúnach, agus aird á tabhairt ar dhálaí úsáide intuartha, codarsnacht leordhóthanach, chomh maith le spásáil inchoigeartaithe idir gach litir, líne agus mír;

(v)

cuirfear inneachar na dtreoracha ar fáil i dtéacsfhormáidí is inúsáidte chun formáidí cúnta malartacha a ghiniúint, a chuirfear i láthair ar bhealaí éagsúla agus trí níos mó ná cainéal céadfach amháin;

(vi)

cuirfear aon inneachar neamhthéacsúil i láthair ar bhealach malartach;

(vii)

beidh cur síos ann ar chomhéadan úsáideora an táirge (láimhseáil, rialú agus aiseolas, ionchur agus aschur) a chuirfear ar fáil i gcomhréir le pointe 2; maidir le gach pointe i bpointe 2, léireofar sa tuairisc cibé acu a chuirtear nó nach gcuirtear na gnéithe sin ar fáil leis an táirge;

(viii)

beidh ann tuairisc ar fheidhmiúlacht an táirge, arb iad na feidhmeanna lena ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais an té atá faoi mhíchumas, i gcomhréir le pointe 2, a thugann an fheidhmiúlacht sin don táirge; maidir le gach pointe i bpointe 2, léireofar sa tuairisc cibé acu a chuirtear nó nach gcuirtear na gnéithe sin ar fáil leis an táirge;

(ix)

beidh ann tuairisc ar bhogearraí agus chrua-earraí an táirge, lena dtéitear i gcomhéadan le feistí cúnta; tabharfar sa tuairisc liosta de na feistí cúnta a ndearnadh tástáil orthu in éineacht leis an táirge.

2.

An comhéadan úsáideora agus an dearadh feidhmiúlachta:

Beidh ag an táirge, lena n-áirítear an comhéadan úsáideora, tréithe, eilimintí agus feidhmeanna a cheadóidh don té atá faoi mhíchumas an táirge a rochtain, a bhrath, a oibriú, a thuiscint agus a smachtú, tríd an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

más féidir leis an táirge cumarsáid a dhéanamh, lena n-áirítear cumarsáid idirphearsanta, oibriú, faisnéis, rialú agus treoshuíomh, ní taobh le cainéal céadfach amháin a bheifear chun sin a dhéanamh; áireofar leis sin roghanna malartacha a sholáthar i ndáil le heilimintí amhairc, fuaime, urlabhra agus tadhaill;

(b)

má úsáideann an táirge caint, cuirfidh sé roghanna malartacha ar fáil ionas nach taobh leis an gcaint ná leis an ionchur gutha amháin a bheifear chun cumarsáid, rialú ionchuir, nó treoshuíomh a dhéanamh;

(c)

má úsáideann an táirge amharc-eilimintí, beidh aige formhéadú, gile, agus codarsnacht sholúbtha i dtaca le cumarsáid, eolas, agus oibriú, agus áiritheofar go mbeidh sé idir-inoibritheach le cláir agus feistí cúnta ó thaobh a comhéadan a úsáid;

(d)

má úsáideann an táirge dath chun eolas a chur in iúl, gníomhaíocht a léiriú, freagairt a iarraidh, nó eilimintí a shainaithint, ní taobh le dathanna amháin a bheidh sé chun sin a dhéanamh;

(e)

má úsáideann an táirge comharthaí inchloiste chun faisnéis a chur in iúl, beart a léiriú, freagairt a iarraidh, nó eilimintí a shainaithint, ní taobh le comharthaí inchloiste amháin a bheidh an táirge;

(f)

má úsáideann an táirge amharc-eilimintí, beidh aige freisin bealaí solúbtha chun an soiléire na híomhá a fheabhsú;

(g)

má úsáideann an táirge fuaim, beidh an t-úsáideoir in ann airde agus luas na fuaime a rialú, agus beidh aige fuaimthréithe feabhsaithe lena n-áirítear laghdú trasnaíochta ó fhuaimchomharthaí a thagann ó tháirgí eile, mar aon le soiléire fuaime;

(h)

nuair is ó láimh a chaitear an a rialú agus a oibriú, beifear in ann é a rialú go seicheamhach agus ní taobh le rialú mínluaile amháin a bheifear; fágfaidh sin nach dteastóidh rialtáin chomhuaineacha chun é a oibriú, agus beidh aige páirteanna tadhlacha in-idirdhealaithe;

(i)

seachnófar modhanna oibríochta a éilíonn go mbeadh an té a úsáidfidh an táirge lúfar láidir, nó in ann síneadh fada a bhaint as na géaga;

(j)

áiritheofar nach mbeidh an táirge ina shiocair le taomanna fótamhothálacha;

(k)

tabharfaidh an táirge cosaint do phríobháideacht an úsáideora tráth a n-úsáidtear na saintréithe inrochtaineachta;

(l)

ní taobh le sainaithint agus rialú bithmhéadrach amháin a bheidh an táirge;

(m)

áiritheofar go mbeidh ag an táirge comhsheasmhacht feidhmiúlachta agus go dtabharfaidh sé dóthain ama don té a úsáidfidh idirghníomhú leis, agus go mbeidh fad an ama sin solúbtha;

(n)

beidh ag an táirge bogearraí agus crua-earraí chun gur féidir dul i gcomhéadan le teicneolaíochtaí cúnta;

(o)

beidh an táirge i gcomhréir leis na riachtanais earnáilsonracha seo a leanas:

(i)

teirminéil féinseirbhíse:

beidh aige teicneolaíocht téacs-go-teanga;

beifear in ann cluasáin phearsanta a úsáid leis;

i gcás ina dteastóidh freagairt amaithe, ní taobh le cainéal céadfach amháin a bheifear chun rabhadh faoi sin a thabhairt don úsáideoir;

beifear in ann síneadh a chur leis an am a cheadófar;

beidh aige codarsnacht leordhóthanach agus eochracha agus rialtáin thadhlacha in-idirdhealaithe i gcás ina mbíonn eochracha agus rialtáin ag an táirge;

ní chaithfear saintréith inrochtaineachta, ar saintréith í a theastaíonn ó úsáideoir, a chur i ngníomh chun gur féidir leis an úsáideoir an táirge a úsáid;

má úsáideann an táirge fuaimchomharthaí nó comharthaí inchloiste, beidh sé ag teacht le gach feiste agus teicneolaíocht chúnta dá mbeidh ar fáil san Aontas, lena n-áirítear teicneolaíochtaí éisteachta amhail áiseanna éisteachta, teilea-chornaí, ionchlannáin cochla, agus feistí cúnta éisteachta;

(ii)

beidh teicneolaíocht téacs-go-teanga ag ríomhléitheoirí;

(iii)

i dtaca le trealamh teirminéil do thomhaltóirí, a bhfuil acmhainn ríomhaireachta idirghníomhach aige, agus a úsáidtear chun seirbhísí cumarsáide leictreonacha a sholáthar:

beidh an trealamh sin, más téacsinniúil chomh maith le bheith glórinniúil, in ann téacs fíor-ama a láimhseáil agus fuaim ard-dílseachta a iompar;

beidh an trealamh sin, más físeáninniúil chomh maith le — nó i gcumasc le – téacsinniúil agus glórinniúil, in ann comhrá iomlán a láimhseáil lena n-áirítear glór sioncrónaithe, téacs fíor-ama, agus físeán a bhfuil gléine dar tualaing cumarsáid le teanga chomharthaíochta a cheadú;

áiritheoidh sé cúpláil éifeachtach gan sreang le teicneolaíochtaí éisteachta;

seachnóidh sé trasnaíocht le feistí cúnta;

(iv)

cuirfear ar fáil trealamh teirminéil do thomhaltóirí, a bhfuil ardacmhainn idirghníomhach ríomhaireachta aige, lena ndéantar seirbhísí meán closamhairc a rochtain don té atá faoi mhíchumas na comhpháirteanna inrochtaineachta sin, arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí meán closamhairc, lena dtabharfar deis rochtana, roghnaithe, rialaithe, agus pearsantaithe don úsáideoir, agus lena mbeifear in ann tarchur chuig feistí cúnta.

3.

Seirbhísí tacaíochta:

Ach sin a bheith ar fáil, déanfaidh seirbhísí tacaíochta (deasca cabhracha, glao-ionaid, tacaíocht theicniúil, seirbhísí athsheachadta, agus seirbhísí oiliúna) faisnéis a sholáthar maidir le hinrochtaineacht an táirge gona chomhoiriúnacht le teicneolaíochtaí cúnta, ar bhealaí soiléire intuigthe.

Roinn II

Ceangalis inrochtaineachta a bhaineann le tairgí in airteagal 2(1), ach amháin na teirminéil féinseirbhíse dá dtagraítear I bpointe (b) in airteagal 2(1)(b)

Sa bhreis ar cheanglais Roinn I, beidh pacáistiú agus treoracha na dtáirgí a chumhdaítear sa Roinn seo inrochtana, d’fhonn pé úsáid intuartha a bhainfidh an té atá faoi mhíchumas astu a uasmhéadú. Fágann sin go bhfuil sé mar seo:

(a)

i dtaca le pacáistiú an táirge, lena n-áirítear an fhaisnéis a ghabhann leis (e.g. maidir le hoscailt, dúnadh, úsáid, diúscairt) lena n-áirítear, nuair is ann di, faisnéis faoi shaintréithe inrochtaineachta an táirge, beidh sin inrochtana agus le fáil ar an bpacáiste féin nuair is indéanta;

(b)

i dtaca le treoracha suiteála, cothabhála, stórála agus diúscartha an táirge nach gcuirtear ar an táirge féin ach in áit eile amhail suíomh gréasáin, beidh fáil orthu go poiblí ach a gcuirtear an táirge ar an margadh, agus beidh siad i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

(i)

chuirfear ar fáil na treoracha sin trí níos mó ná cainéal céadfach amháin;

(ii)

curtha i láthair go hintuigthe;

(iii)

cuirfear i láthair na n-úsáideoirí iad ar bhealach is inbhraite dóibh;

(iv)

cuirfear i láthair gclómhéid leordhóthanach oiriúnach iad, agus aird á tabhairt ar dhálaí úsáide intuartha, codarsnacht leordhóthanach, chomh maith le spásáil inchoigeartaithe idir gach litir, líne agus mír;

(v)

cuirfear inneachar na dtreoracha ar fáil i dtéacsfhormáidí is inúsáidte chun formáidí cúnta malartacha a ghiniúint, a bheidh le cur i láthair ar bhealaí éagsúla agus trí níos mó ná cainéal céadfach amháin; agus

(vi)

i gcás treoracha ina mbeidh inneachar neamhthéacsúil, cuirfear an t-inneachar sin i láthair ar bhealach malartach freisin.

Roinn III

Ceanglais inrochtaineachta ghinearálta a bhaineann le gach seirbhís a chumhdaítear faoin treoir seo I gcomhréir le hairteagal 2(2)

Mar seo thíos a dhéanfar seirbhísí a sholáthar d’fhonn an úsáid intuartha a bhainfidh siad siúd atá faoi mhíchumas astu a uasmhéadú:

(a)

inrochtaineacht na dtáirgí a úsáidtear chun an tseirbhís a sholáthar a áirithiú, i gcomhréir le Roinn I den Iarscríbhinn seo, agus le Roinn II di i gcás inarb iomchuí;

(b)

faisnéis a sholáthar faoi fheidhmiú na seirbhíse, agus — i gcás ina n-úsáidtear na táirgí chun an tseirbhís sin a sholáthar —an nasc atá ag an tseirbhís leis na táirgí sin mar aon le faisnéis maidir lena gcuid saintréithe inrochtaineachta agus lena n-idir-inoibritheacht le feistí agus saoráidí cúnta:

(i)

cuirfear an fhaisnéis ar fáil trí níos mó ná cainéal céadfach amháin;

(ii)

an fhaisnéis a chur ar fáil ar bhealach sothuigthe;

(iii)

an fhaisnéis a chur i láthair na n-úsáideoirí ar bhealaí is inbhraite dóibh;

(iv)

inneachar na faisnéise a chur ar fáil i dtéacsfhormáidí is inúsáidte chun formáidí cúnta malartacha a ghiniúint, a gcuirfidh na húsáideoirí i láthair ar bhealaí éagsúla iad agus trí níos mó ná cainéal céadfach amháin;

(v)

cuirfear i láthair i gclómhéid leordhóthanach oiriúnach iad, agus aird á tabhairt ar dhálaí úsáide intuartha, codarsnacht leordhóthanach, chomh maith le spásáil inchoigeartaithe idir gach litir, líne agus mír;

(vi)

déanfar gach inneachar neamhthéacsúil a chur i láthair ar bhealach eile; agus

(vii)

cuirfear ar fáil gach faisnéis leictreonach, a theastóidh chun an tseirbhís a chur ar fáil ar bhealach comhleanúnach leordhóthanach, tríd an bhfaisnéis a bheith inbhraite, inoibrithe, intuigthe agus stóinsithe;

(c)

tabharfar rochtain go comhleanúnach leordhóthanach ar shuíomhanna gréasáin gona n-iarratais ghaolmhara ar líne agus gona seirbhísí do ghléasanna móibíleacha, lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha is inrochtana go comhleanúnach leordhóthanach, trína ndéanamh inbhraite, inoibrithe, intuigthe agus stóinsithe;

(d)

ach sin a bheith ar fáil, seirbhísí tacaíochta a bheith ann (deasca cabhracha, glao-ionaid, tacaíocht theicniúil, seirbhísí athsheachadta, agus seirbhísí oiliúna) a dhéanfaidh faisnéis a sholáthar maidir le hinrochtaineacht an táirge gona chomhoiriúnacht le teicneolaíochtaí cúnta, ar bhealaí soiléire intuigthe.

Roinn IV

Ceanglais bhreise inrochtaineachta a bhaineann le seirbhísí sonracha

Déanfar seirbhísí a sholáthar d’fhonn an úsáid intuartha a bhainfidh siad siúd atá faoi mhíchumas astu a uasmhéadú, trí fheidhmeanna, cleachtais, beartais agus nósanna imeachta, agus athruithe i dtaca le hoibriú na seirbhíse a dhírítear ar na riachtanais a bhíonn ag daoine faoi mhíchumas a áireamh agus áiritheofar go mbeidh siad idir-inoibritheach le teicneolaíochtaí cúnta:

(a)

Seirbhísí cumarsáide leictreonaí lena n-áirítear an chumarsáid leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 109(2) de Threoir (AE) 2018/1972:

(i)

Téacs fíor-ama a chur ar fáil sa bhreis ar ghlórchumarsáid;

(ii)

Deis comhrá iomláin i gcás ina mbíonn físeán ar fáil sa bhreis ar ghlórchumarsáid;

(iii)

A áirithiú go ndéantar sioncrónú ar chumarsáid éigeandála a úsáideann glór, téacs (lena n-áirítear téacs fíor-ama) agus i gcás ina gcuirtear físeán ar fáil, go ndéantar sioncrónú mar chomhrá iomlán freisin agus go dtarchuireann na soláthraithe seirbhíse cumarsáide leictreonaí í chuig an PFGE is iomchuí.

(b)

Seirbhísí a thugann rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc:

(i)

eolairí leictreonacha clár a chur ar fáil atá inbhraite, inoibrithe, intuigthe agus stóinsithe agus a thugann faisnéis faoi infhaighteacht na hinrochtaineachta;

(ii)

a áirithiú go ndéantar comhpháirteanna inrochtaineachta (seirbhísí rochtana) na seirbhísí meán closamhairc amhail fotheidil do dhaoine bodhra agus daoine nach bhfuil an éisteacht go maith acu, tráchtaireacht fuaime, fotheidil labhartha agus ateangaireacht chomharthaíochta a tharchur go hiomlán agus iad ar cháilíocht leordhóthanach lena dtaispeáint go beacht, agus iad a shioncrónú le fuaim agus físeán, ach an deis a bheith ag an úsáideoir i gcaitheamh an ama an taispeáint agus an úsáid sin a rialú.

(c)

seirbhísí iompair paisinéirí aeir, bus, iarnróid agus uisce seachas le haghaidh seirbhísí iompair uirbeacha, fo-uirbeacha agus seirbhísí iompair réigiúnacha:

(i)

soláthar faisnéise i dtaca le hinrochtaineacht feithiclí agus na timpeallachta tógtha agus na n-infreastruchtúr máguaird agus soláthar cúnaimh do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú;

(ii)

soláthar faisnéise a áirithiú faoi thicéadú cliste (áirithint leictreonach, áirithint ticéad, etc.), faisnéis fíor-ama taistil (tráthchláir, faisnéis faoi shuaitheadh tráchta, naisc taistil, ag taisteal romhat ar mhodhanna eile iompair, etc.), agus faisnéis faoi sheirbhís bhreise (e.g. foirne na stáisiún, ardaitheoirí a bheith as ord nó seirbhísí a bheith gan fáil go sealadach).

(d)

Seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha agus seirbhísí iompair réigiúnacha: Inrochtaineacht teirminéal féinseirbhíse a úsáidtear chun an tseirbhís a sholáthar a áirithiú, i gcomhréir le Roinn I den Iarscríbhinn seo.

(e)

Seirbhísí baincéireachta do thomhaltóirí:

(i)

Modhanna sainaitheantais, sínithe leictreonacha, slándáil agus seirbhísí íocaíochta a sholáthar agus iad inbhraite, intuigthe, inoibrithe agus stóinsithe.

(ii)

A áirithiú gur féidir an fhaisnéis a thuiscint, agus gan dul thar leibhéal castachta is airde ná leibhéal B2 (ard-idirmheánach) Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha de chuid Chomhairle na hEorpa.

(f)

Ríomhleabhair:

(i)

trína áirithiú, i gcás ina mbíonn fuaim chomh maith le téacs ag dul le ríomhleabhar, go mbeidh an fhuaim agus an téacs ag teacht le chéile;

(ii)

a áirithiú nach bhfágann comhaid dhigiteacha an ríomhleabhair nach féidir leis an teicneolaíocht chúnta oibriú mar is ceart;

(iii)

rochtain a áirithiú ar an inneachar, ar loingseoireacht an chomhadinneachair gona leagan amach lena n-áirítear an leagan amach dinimiciúil, mar aon le soláthar an struchtúir, agus solúbthacht agus rogha i dtaca le cur i láthair agus inneachar;

(iv)

go mbeifear in ann an t-inneachar agus a idir-inoibritheacht le réimse de theicneolaíochtaí cúnta, a léiriú ar bhealaí eile sa chaoi is go mbeidh sé inbhraite, intuigthe, inoibrithe agus stóinsithe;

(v)

iad a bheith inbhraite trí fhaisnéis a chur ar fáil trí bhíthin meiteashonraí faoina saintréithe inrochtaineachta;

(vi)

a áirithiú nach bhfágann bearta a bhaineann le Bainistiú Cearta Digiteacha nach féidir teacht ar na saintréithe inrochtaineachta.

(g)

Seirbhísí ríomhthráchtála:

(i)

an fhaisnéis faoi inrochtaineacht na dtáirgí agus na seirbhísí atáthar a dhíol a sholáthar, i gcás inarb é an t-oibreoir freagrach eacnamaíoch a chuireann an fhaisnéis sin ar fáil;

(ii)

rochtain a áirithiú ar an bhfeidhmíocht sainaitheantais, slándála, agus íocaíochta, nuair nach mar tháirge ach mar chuid de sheirbhís a sheachadtar, trína dhéanamh inbhraite, intuigthe, inoibrithe agus stóinsithe;

(iii)

modhanna sainaitheantais, sínithe leictreonacha, agus seirbhísí íocaíochta a sholáthar agus iad inbhraite, intuigthe, inoibrithe agus stóinsithe.

Roinn V

Na ceanglais inrochtaineachta ar leith a bhaineann le freagairt teachtaireachtaí éigeandála chuig an uimhir aonair éigeandála eorpach “112” ag an PFGE is iomchuí

D’fhonn a n-úsáid intuartha ag daoine atá faoi mhíchumas a uasmhéadú, bainfear amach freagairt teachtaireachtaí éigeandála chuig an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” ag an PFGE is iomchuí,, trí fheidhmeanna, cleachtais, beartais agus nósanna imeachta agus athruithe atá spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá ag daoine atá faoi mhíchumas.

Tabharfar freagairt ar theachtaireachtaí éigeandála chuig an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112”, ar an mbealach is oiriúnaí d’eagrúchán náisiúnta na gcóras éigeandála, ag an PFGE is iomchuí agus úsáid á baint as na modhanna cumarsáide céanna a fuarthas, eadhon trí úsáid a bhaint as glór agus téacs sioncrónaithe (lena n-áirítear téacs fíor-ama), nó, i gcás ina gcuirtear físeán ar fáil, glór, téacs (lena n-áirítear téacs fíor-ama) agus físeán sioncrónaithe mar chomhrá iomlán.

Roinn VI

Ceanglais inrochtana le haghaidh tréithe, eilimintí nó feidhmeanna táirgí agus seirbhísí I gcomhréir le hairteagal 24(2)

Má thoimhdítear go gcomhlíontar na ceanglais ábhartha inrochtaineachta a leagtar amach i ngníomhartha eile an Aontais i dtaca le tréithe, le heilimintí nó le feidhmeanna táirgí agus seirbhísí, éilítear an méid seo a leanas:

1.

Táirgí:

(a)

cloíonn inrochtaineacht na faisnéise a bhaineann le feidhmiú agus le saintréithe inrochtaineachta maidir le táirgí leis na heilimintí comhfhreagracha a leagtar amach i bpointe 1 de mhír 1 den Iarscríbhinn seo, eadhon an fhaisnéis a thabharfar ar an táirge féin faoi úsáid an táirge agus na treoracha a bhaineann le húsáid an táirge, nach gcuirtear ar fáil ar an táirge féin ach a chuirtear ar fáil trí úsáid a bhaint as an táirge nó trí mhodhanna eile amhail suíomh gréasáin;

(b)

cloíonn inrochtaineacht tréithe, eilimintí agus feidhmeanna an chomhéadain úsáideora agus dearadh feidhmiúlachta táirgí le ceanglais inrochtaineachta chomhfhreagracha an chomhéadain úsáideora sin nó an dearaidh feidhmiúlachta sin a leagtar amach i bpointe 2 de mhír I den Iarscríbhinn seo;

(c)

inrochtaineacht an phacáistithe, lena n-áirítear an fhaisnéis a sholáthraítear air agus treoracha chun an táirge a shuiteáil, a chothabháil, a stóráil agus a dhiúscairt nach soláthraítear ar an táirge féin ach a chuirtear ar fáil trí mhodhanna eile amhail ar shuíomh gréasáin, seachas i gcás teirminéal féinseirbhíse, cloíonn sí leis na ceanglais inrochtaineachta chomhfhreagracha a leagtar amach I Roinn II den Iarscríbhinn seo.

2.

Seirbhísí:

 

cloíonn inrochtaineacht tréithe, eilimintí agus feidhmeanna seirbhísí leis na ceanglais inrochtaineachta chomhfhreagracha do na tréithe, eilimintí agus feidhmeanna sin a leagtar amach sna Ranna sin den Iarscríbhinn seo.

Roinn VII

Critéir feidhmíochta feidhmiúla

D’fhonn a n-úsáid intuartha ag daoine atá faoi mhíchumas a uasmhéadú, i gcás nach dtugtar aghaidh sna ceanglais inrochtaineachta, a leagtar amach i míreanna I go VI den Iarscríbhinn seo, ar cheann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a bheidh ag dearadh agus táirgeadh na dtáirgí, nó ag soláthar seirbhísí, beidh na feidhmeanna nó na modhanna sin inrochtana,, trí na critéir feidhmíochta feidhmiúla ábhartha a shásamh.

Ní ceadmhach na critéir feidhmíochta feidhmiúla sin a úsáid de rogha ar cheanglas sonrach teicniúil amháin nó níos mó, i gcás ina dtagraítear dóibh sin sna ceanglais feidhmiúlachta, ach i gcás — agus sa chás sin amháin —ina sásaíonn cur chun feidhme na gcritéar feidhmiúlachta feidhmiúla ábhartha na ceanglais inrochtaineachta agus gurb é sin a chinneann go bhfágann dearadh agus táirgeadh na dtáirgí agus soláthar na seirbhísí go mbíonn inrochtaineacht chomhionann nó breis inrochtaineachta i gceist leis an úsáid intuartha a bhainfidh daoine faoi mhíchumas as na táirgí agus seirbhísí sin.

(a)   Úsáid ag an té atá gan radharc

Más féidir an táirge nó an tseirbhís a oibriú leis an tsúil, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, nach mbraitheann ar an radharc.

(b)   Úsáid ag an té atá ar bheagán radhairc

Más féidir an táirge nó an tseirbhís a oibriú leis an tsúil, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, a chuirfidh ar chumas an té atá ar bheagán radhairc an táirge a oibriú.

(c)   Úsáid ag an té nach léir dathanna

Más féidir an táirge nó an tseirbhís a oibriú leis an tsúil, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, nach gá don úsáideoir dathanna a bhrath lena úsáid.

(d)   Úsáid ag an té atá gan éisteacht

Más féidir an táirge nó an tseirbhís a oibriú leis an gcluas, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, nach mbraitheann ar an éisteacht.

(e)   Úsáid ag an té atá ar bheagán éisteachta

Más féidir an táirge nó an tseirbhís a oibriú leis an gcluas, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, ag a mbeidh fuaimthréithe feabhsaithe a chuirfidh ar chumas an té atá ar bheagán éisteachta an táirge a oibriú.

(f)   Úsáid ag an té atá gan chaint

Más féidir an táirge nó an tseirbhís a oibriú leis an nglór, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, nach n-éilíonn ionchur ón nglór. Áirítear le hionchur ón nglór aon fhuaim a ghintear sa bhéal amhail caint, feadaíl nó smeach.

(g)   Úsáid ag an té atá ar bheagán brí agus lúth géag

Más gá stuaim láimhe chun an táirge nó an tseirbhís a oibriú, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, a chuirfidh ar chumas an té a úsáidfidh an táirge é sin a dhéanamh le gníomhaíocht nach n-éilíonn rialú mínluaile, lúth géag/stuaim láimhe, ná neart láimhe, ná go n-oibreofaí níos mó ná rialtán amháin in éineacht.

(h)   Úsáid ag an té nach bhfuil in ann na géaga a shíneadh go mór

Beidh na heilimintí lena n-oibrítear táirgí i bhfoisceacht síneadh láimhe den té a úsáidfidh. Más féidir an táirge nó an tseirbhís a oibriú leis na lámha, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, is féidir a úsáid ar bheagán brí agus gan na géaga a shíneadh go mór.

(i)   A áireamh a mhéid is féidir nach mbeidh an táirge ina shiocair le taomanna fótamhothálacha

Más féidir an táirge a oibriú leis an tsúil, seachnófar modhanna oibríochta ba shiocair le taomanna fótamhothálacha.

(j)   Úsáid ag an té atá ar bheagán cognaíochta

Beidh ag an táirge nó an tseirbhís modh oibríochta amháin, ar a laghad, ag a mbeidh tréithe darb aidhm úsáid an táirge nó na seirbhíse a shimpliú agus a éascú.

(k)   Príobháideacht

Más de thréithe an táirge nó na seirbhíse tréithe darb aidhm an inrochtaineacht, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, a thugann príobháideacht don té a úsáidfidh saintréithe inrochtaineachta sin.


IARSCRÍBHINN II

SAMPLAÍ TÁSCACHA NEAMHCHEANGAILTEACHA DE RÉITIGH FHÉIDEARTHA LENA gCUIDÍTEAR CHUN NA CEANGLAIS INROCHTAINEACHTA ATÁ IN IARSCRÍBHINN I A CHOMHLÍONADH

ROINN I:

SAMPLAÍ A BHAINEANN LE CEANGLAIS GHINEARÁLTRA INROCHTAINEACHTA DO NA TÁIRGÍ GO LÉIR A CHUMHDAÍTEAR LEIS AN TREOIR SEO I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 2(1)

CEANGLAIS I ROINN I DE IARSCRÍBHINN I

SAMPLAÍ

1.

Faisnéis a sholáthar

(a)

(i)

Faisnéis amhairc nó tadhaill nó faisnéis amhairc nó fuaime a sholáthar a inseoidh an áit is ceart cárta a chur isteach sa teirminéal féinseirbhíse chun gur féidir leis an té atá dall agus an té atá bodhar an teirminéal a úsáid.

(ii)

Úsáid a bhaint as na focail chéanna ar bhealach comhsheasmhach, nó úsáid a bhaint as múnla soiléir loighciúil, ionas gur fearrde a bheidh an té atá faoi mhíchumas intleachtúil in ann an fhaisnéis sin a thuiscint.

(iii)

An fhaisnéis a chur mar rilíf intadhaill nó mar fhuaim de bhreis ar an rabhaidh scríofa chun gur inbhraite sin ag an té atá dall.

(iv)

Chun gur féidir leis an té atá ar lagamharc an téacs a léamh.

(b)

(i)

Comhaid leictreonacha a chur ar fáil is inléite ag ríomhaire a úsáideann léitheoir scáileáin chun gur féidir leis an té atá dall an fhaisnéis a úsáid.

(ii)

Úsáid a bhaint as na focail chéanna ar bhealach comhsheasmhach, nó úsáid a bhaint as múnla soiléir loighciúil, ionas gur fearrde a bheidh an té atá faoi mhíchumas intleachtúil in ann an fhaisnéis sin a thuiscint.

(iii)

Fotheidil a chur ar fáil i gcás ina gcuirtear ar fáil fístreoracha.

(iv)

Chun gur féidir leis an té atá ar lagamharc an téacs a léamh.

(v)

Priontáil as Braille chun gur féidir leis an té atá dall iad a úsáid.

(vi)

Téacs a chur le léaráid, ina ndéanfar cur síos ar na príomheilimintí nó na príomhghníomhaíochtaí.

(vii)

Níor cuireadh aon sampla ar fáil

(viii)

Níor cuireadh aon sampla ar fáil

(ix)

Soicéad maille le bogearra a chur in uathmheaisíní bainc (ATM) chun gur féidir cluasáin a cheangal leis agus an téacs atá ar an scáileán a léamh mar fhuaim.

2.

Comhéadan úsáideora agus dearadh feidhmiúlachta

(a)

Na treoracha a thabhairt mar chomhad fuaime nó mar théacs, nó trí thadhallchomharthaí a chur ar an méarchlár, chun gur féidir leis an té atá dall nó ag a bhfuil deacrachtaí éisteachta idirghníomhú leis an táirge.

(b)

Treoracha a chur ar fáil mar théacs nó mar íomhá i dteirminéal féinseirbhíse, chomh maith leis na treoracha a thugtar ó bhéal, chun gur féidir leis an té atá bodhar pé gníomh is riachtanach a dhéanamh

(c)

Cur ar chumas na n-úsáideoirí an téacs a mhéadú, zúmáil isteach agus amach ar phicteagram nó an chodarsnacht a ardú, chun gur féidir leis an té atá ar lagamharc an fhaisnéis a bhrath.

(d)

Ní hé amháin go bhféadfadh duine an cnaipe glas nó an cnaipe dearg a bhrú agus rogha á déanamh ach d’fhéadfaí na roghanna a scríobh ar an gcnaipe ionas go mbeadh ar chumas an té atá dathdhall rogha a dhéanamh chomh maith céanna.

(e)

Nuair a fheictear teachtaireacht earráide ar ríomhaire, téacs nó íomhá a thabhairt leis an méid sin a chur in iúl chun gur féidir leis an té atá bodhar a fheiceáil go bhfuil earráid tarlaithe.

(f)

Breis codarsnachta a cheadú sna híomhánna a bhíonn sa tulra chun gur féidir leis an té ag a bhfuil lagamharc iad a fheiceáil.

(g)

Cur ar chumas an té a úsáidfidh fón airde na fuaime a roghnú agus an trasnaíocht le háiseanna éisteachta a laghdú chun gur féidir leis an té ag a bhfuil deacrachtaí éisteacha an teileafóina úsáid.

(h)

Cnaipí an tadhallscáileáin a bheith níos mó, agus scartha go maith ó chéile, ionas gur féidir leis an té ar a mbíonn crith iad a bhrú chomh maith céanna.

(i)

A áirithiú nach mórán brí a theastaíonn chun cnaipe a bhrú, chun gur féidir leis an té ar a bhfuil laige luaile an táirge a úsáid.

(j)

Íomhánna léimneacha a sheachaint ionas nach baol don té sin a mbuaileann taom é.

(k)

A bheith in ann cluasáin a úsáid nuair is ó bhéal a thugann uathmheaisíní bainc faisnéis.

(l)

Seachas méarloirg a aithint go mbeadh an t-úsáideoir nach feidhm dó a lámha a úsáid in ann pasfhocal a roghnú chun an fón a ghlasáil agus a dhíghlasáil.

(m)

A áirithiú go bhfeidhmeoidh an bogearra ar bhealach intuartha ach a ndéantar gníomh ar leith agus go dtugtar dóthain ama chun pasfhocal a chur isteach chun gur furasta ag an té atá faoi mhíchumas intleachta an táirge a úsáid.

(n)

Nasc a bheith ar fáil le taispeáint Bhraille in-athnuaite chun gur féidir leis an té atá dall an ríomhaire a úsáid.

(o)

Samplaí de cheanglais earnáilsonracha

(i)

Níl aon sampla curtha ar fáil

(ii)

Níl aon sampla curtha ar fáil

(iii)

An chéad fhleasc

Foráil a dhéanamh go mbeadh fón póca in ann comhrá fíor-ama a láimhseáil chun gur féidir leis an té ag a bhfuil deacrachtaí éisteachta faisnéis a mhalartú go hidirghníomhach.

(iii)

An ceathrú fleasc

Beifear in ann an físeán a úsáid chun an teanga chomharthaíochta a thaispeáint agus chun téacs a scríobh in éineacht, chun gur féidir le beirt atá bodhar cumarsáid le chéile nó leis an té a bhfuil éisteacht aige.

(iv)

A áirithiú gur tríd an mbosca bairr a tharchuirtear fotheidil dóibh siúd atá bodhar.

3.

Seirbhísí tacaíochta Níl aon sampla curtha ar fáil

 

 

ROINN II:

SAMPLAÍ I dTACA LE CEANGALIS INROCHTAINEACHTA A BHAINEANN LE TAIRGÍ IN AIRTEAGAL 2(1), CÉ IS MOITE DE NA TEIRMINÉIL FÉINSEIRBHÍSE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(1)(b))

CEANGLAIS I ROINN II DE IARSCRÍBHINN I

SAMPLAÍ

Pacáistiú agus treoracha na dtáirgí

(a)

A chur in iúl ar an bpacáistiú go bhfuil saintréithe inrochtaineachta ag an nguthán dóibh siúd atá faoi mhíchumas.

(b)

(i)

Comhaid leictreonacha a chur ar fáil is inléite ag ríomhaire a úsáideann léitheoir scáileáin chun gur féidir leis an té atá dall an fhaisnéis a úsáid.

(ii)

Úsáid a bhaint as na focail chéanna ar bhealach comhsheasmhach, nó úsáid a bhaint as múnla soiléir loighciúil, ionas gur fearrde a bheidh an té atá faoi mhíchumas intleachtúil in ann an fhaisnéis sin a thuiscint.

(iii)

An fhaisnéis a chur mar rilíf intadhaill nó mar fhuaim nuair atá rabhadh scríofa ann chun go bhfaighidh an té atá dall an rabhadh.

(iv)

Foráil a dhéanamh gur féidir leis an té atá ar lagamharc an téacs a léamh.

(v)

Priontáil as Braille chun gur féidir leis an té atá dall é a léamh.

(vi)

Téacs a chur le léaráid, ina ndéanfar cur síos ar na príomheilimintí nó na príomhghníomhaíochtaí.

ROINN III:

SAMPLAÍ A BHAINEANN LE CEANGLAIS GHINEARÁLTRA INROCHTAINEACHTA DO GACH SEIRBHÍS A CHUMHDAÍTEAR LEIS AN TREOIR SEO I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 2(2)

CEANGLAIS I ROINN III DE IARSCRÍBHINN I

SAMPLAÍ

Soláthar seirbhísí

(a)

Níl aon sampla curtha ar fáil

(b)

(i)

Comhaid leictreonacha a chur ar fáil is inléite ag ríomhaire a úsáideann léitheoir scáileáin chun gur féidir leis an té atá dall an fhaisnéis a úsáid.

(ii)

Úsáid a bhaint as na focail chéanna ar bhealach comhsheasmhach, nó úsáid a bhaint as múnla soiléir loighciúil, ionas gur fearrde a bheidh an té atá faoi mhíchumas intleachtúil in ann an fhaisnéis sin a thuiscint.

(iii)

Fotheidil a áireamh i gcás ina gcuirtear ar fáil fístreoracha.

(iv)

Foráil a dhéanamh gur féidir leis an té atá dall comhad a úsáid trína phriontáil as Braille.

(v)

Foráil a dhéanamh gur féidir leis an té atá ar lagamharc an téacs a léamh.

(vi)

Téacs a chur le léaráid, ina ndéanfar cur síos ar na príomheilimintí nó na príomhghníomhaíochtaí.

(vii)

Nuair a thairgeann soláthraí na seirbhíse cipín cuimhne ar a mbíonn faisnéis maidir leis an tseirbhís, foráil a dhéanamh go mbeadh an fhaisnéis sin inrochtana.

(c)

Tuairisc scríofa a thabhairt ar gach pictiúr, an fheidhmiúlacht go léir a bheith ar fáil ón méarchlár, dóthain ama a thabhairt d’úsáideoirí leis an ábhar a léamh, an t-inneachar a chur á thaispeáint agus á oibriú go hintuartha, an t-iomlán a bheith comhoiriúnach le teicneolaíochtaí cúnta, ionas go mbeidh ar a gcumas siúd atá faoi mhíchumas an suíomh gréasáin a léamh agus idirghníomhú leis.

(d)

Níl aon sampla curtha ar fáil

ROINN IV:

SAMPLAÍ A BHAINEANN LE CEANGLAIS GHINEARÁLTRA INROCHTAINEACHTA DO SHEIRBHÍSÍ SONRACHA

CEANGLAIS I ROINN IV DE IARSCRÍBHINN I

SAMPLAÍ

Seirbhísí sonracha

(a)

(i)

Foráil a dhéanamh gur féidir leis an té ag a bhfuil deacrachtaí éisteachta téacs a scríobh agus a ghlacadh go hidirghníomhach agus i bhfíor-am.

(ii)

Foráil a dhéanamh gur féidir leo siúd atá bodhar an teanga chomharthaíochta a úsáid le cumarsáid a dhéanamh ina measc féin.

(iii)

Foráil a dhéanamh go mbeidh a fhios ag an té ag a bhfuil deacrachtaí cainte agus éisteachta agus lenar mian cumasc de théacs, glór, agus físeán a úsáid, gur tarchuireadh an chumarsáid tríd an líonra chuig an tseirbhís éigeandála is ábhartha.

(b)

(i)

Foráil a dhéanamh go mbeidh ar chumas an té atá dall cláir a roghnú ar an teilifís.

(ii)

Go mbeifear in ann “seirbhísí rochtana” — amhail fotheidil don té atá bodhar nó don té ag a bhfuil deacrachtaí éisteachta, cur síos labhartha, fotheidil labhartha, agus ateangaireacht sa teanga chomharthaíochta — a roghnú, a phearsantú, agus a thaispeáint, trí chaoi a chur ar fáil le cúpláil éifeachtach gan sreang a dhéanamh le teicneolaíochtaí éisteachta, nó trí rialtáin a chur ar fáil don úsáideoir chun “seirbhísí rochtana” na seirbhísí meán closamhairc a chur i ngníomh ar aon chéim suntasachta leis na príomhrialtáin chlosamhairc.

(c)

(i)

Níl aon sampla curtha ar fáil

(ii)

Níl aon sampla curtha ar fáil

(d)

Níl aon sampla curtha ar fáil

(e)

(i)

Na comhráite sainaitheantais a chuirtear ar an scáileán a bheith inléite ag léitheoirí scáileáin chun gur féidir leis an té atá dall leas a bhaint astu.

(ii)

Níl aon sampla curtha ar fáil

(f)

(i)

Foráil a dhéanamh gur féidir leis an té ar a bhfuil disléicse an téacs a léamh agus a chloisteáil in éineacht.

(ii)

A bheith in ann aschur sioncrónaithe a dhéanamh ar an téacs agus ar an bhfuaim nó trí thras-scríobh in-athnuaite Braille a bheith ar fáil.

(iii)

Foráil a dhéanamh gur féidir leis an té atá dall teacht ar an innéacs nó dul ó chaibidil go caibidil.

(iv)

Níl aon sampla curtha ar fáil

(v)

A áirithiú go mbíonn faisnéis maidir lena saintréithe inrochtaineachta ar fáil sna comhaid leictreonacha chun gur féidir leis an té atá faoi mhíchumas a bheith ar an eolas.

(vi)

A áirithiú nach ann d’aon bhlocáil – chun go bhféadfaidh siad siúd atá dall an leabhar a léamh – nach gcuirtear, de bharr bearta cosanta teicniúla, faisnéis bainistíochta cearta nó saincheisteanna idir-inoibritheachta, aon chonstaic a d'fhágfadh nach féidir an téacs a léamh os ard ag na feistí cúnaimh

(g)

(i)

A áirithiú nach scriostar pé faisnéis atá ar fáil faoi shaintréithe inrochtaineachta an táirge.

(ii)

A áirithiú gur féidir labhairt le comhéadan na seirbhíse íocaíochta chun gur féidir leis an té atá dall earraí a cheannach as a stuaim féin ar líne.

(iii)

Na comhráite sainaitheantais a chuirtear ar an scáileán a bheith inléite ag léitheoirí scáileáin chun gur féidir leis an té atá dall leas a bhaint astu.


IARSCRÍBHINN III

CEANGLAIS INROCHTAINEACHTA CHUN CRÍCHE AIRTEAGAL 4(4) MAIDIR LEIS AN TIMPEALLACHT THÓGTHA INA gCUIRTEAR AR FÁIL NA SEIRBHÍSÍ A CHUMHDAÍTEAR FAOI RAON FEIDHME NA TREORACH SEO

Maidir le húsáid intuartha na timpeallachta tógtha ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil agus atá faoi fhreagracht an tsoláthraí seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 4(4) ar bhealach neamhspleách do dhaoine atá faoi mhíchumas a uasmhéadú, áireofar lena hinrochtaineacht sna limistéir ar do rochtain phoiblí a beartaíodh iad na gnéithe seo a leanas:

(a)

limistéir agus saoráidí gaolmhara taobh amuigh a úsáid;

(b)

slite isteach go dtí foirgnimh;

(c)

bealaí isteach a úsáid;

(d)

conairí a úsáid i gcúrsaíocht chothrománach;

(e)

conairí a úsáid i gcúrsaíocht cheartingearach;

(f)

seomraí a úsáid ag an bpobal;

(g)

trealamh agus saoráidí, as a mbaintear leas agus an tseirbhís á cur ar fáil, a úsáid;

(h)

leithris agus saoráidí sláintíochta a úsáid;

(i)

bealaí amach, bealaí aslonnaithe agus coincheapa le haghaidh pleanáil éigeandála a úsáid;

(j)

cumarsáid agus treoshuíomh nach bhfuil taobh le cainéal céadfach amháin;

(k)

saoráidí agus foirgnimh a úsáid chun a gcríche intuartha;

(l)

cosaint ar ghuaiseacha sa timpeallacht taobh istigh agus taobh amuigh.


IARSCRÍBHINN IV

NÓS IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA — TÁIRGÍ

1.   Rialú inmheánach táirgthe

Is é atá i gceist le rialú inmheánach táirgthe an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 2, i bpointe 3 agus i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir as a stuaim féin agus faoina fhreagracht féin, go gcomhlíonann na táirgí lena mbaineann na ceanglais iomchuí a leagtar amach sa Treoir seo.

2.   Doiciméadacht theicniúil

Bunóidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil. Leis an doiciméadacht féadfar measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an táirge leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 4 agus, i gcás ina raibh an monaróir ag brath ar Airteagal 14, féadfar a thaispeáint go bhforchuirfí athrú bunúsach nó ualach díréireach leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha. Ní shonrófar sa doiciméadacht theicniúil ach amháin na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar léi, a mhéid atá ábhartha don mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú an táirge.

Beidh sa doiciméadacht theicniúil, i gcás inarb infheidhme, na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(a)

tuairisc ghinearálta ar an táirge.

(b)

liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí teicniúla ar foilsíodh a gcuid tagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, atá i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, agus tuairiscí ar na réitigh arna nglacadh chun freastal ar na ceanglais inrochtaineachta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 4 i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe ná na sonraíochtaí teicniúla sin i bhfeidhm; i gcás caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí teicniúla a bheith i bhfeidhm go páirteach, sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na codanna a cuireadh i bhfeidhm.

3.   Monaraú

Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá sa chaoi go n-áirithítear leis an bpróiseas monaraithe agus leis an bhfaireachán air sin go gcomhlíonann na táirgí an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo agus ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo.

4.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE

4.1.

Feisteoidh an monaróir marcáil CE dá dtagraítear sa Treoir seo ar gach táirge aonair a chomhlíonann ceanglais infheidhme a leagtar amach sa Treoir seo.

4.2.

Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE i scríbhinn le haghaidh samhail táirge a tharraingt suas. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an táirge ar dó a tarraingíodh suas é.

Déanfar cóip de dhearbhú comhréireachta AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

5.   Ionadaí údaraithe

D’fhéadfadh ionadaí údaraithe an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra, a leagtar amach i bpointe 4, a chomhlíonadh thar ceann an mhonaróra sin agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad.


IARSCRÍBHINN V

FAISNÉIS MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ A CHOMHLÍONANN CEANGLAIS INROCHTAINEACHTA

1.

Cuirfidh an soláthraí seirbhíse san áireamh an fhaisnéis lena ndéantar measúnú ar an mbealach a gcomhlíonann an tseirbhís na ceanglais inrochtaineachta, dá dtagraítear in Airteagal 4, atá sna téarmaí agus sna coinníollacha ginearálta, nó ina choibhéis de dhoiciméad. Sonrófar san fhaisnéis na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar léi, a mhéid atá ábhartha don mheasúnú, dearadh agus oibriú na seirbhíse. Sa bhreis ar na ceanglais maidir le faisnéis do thomhaltóirí i dTreoir 2011/83/AE, beidh na heilimintí seo a leanas san fhaisnéis, i gcás inarb infheidhme:

(a)

tuairisc ghinearálta ar an tseirbhís i bhformáidí inrochtana;

(b)

na tuairiscí agus na mínithe is gá chun oibriú na seirbhíse a thuiscint;

(c)

tuairisc ar an mbealach a gcomhlíonann an tseirbhís na ceanglais inrochtaineachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.

Chun pointe 1 den Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh, féadfaidh an soláthraí seirbhíse na caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí teicniúla a chur i bhfeidhm, ar foilsíodh tagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina leith.

3.

Déanfaidh an soláthraí seirbhíse faisnéis a chur ar fáil lena dtaispeántar go n-áirithítear leis an bpróiseas soláthair seirbhíse agus leis an bhfaireachán a dhéantar air go gcomhlíonann an tseirbhís pointe 1 den Iarscríbhinn seo agus ceanglais infheidhme na Treorach seo.

IARSCRÍBHINN VI

CRITÉIR MHEASÚNAITHE AR AN UALACH DÍRÉIREACH

Critéir lena ndéanfar an measúnú agus lena dtaifeadfar é:

1.

Na glanchostais a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh i gcóimheas leis na costais fhoriomlána (oibriúchán agus caiteachas caipitil) a thitfidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha as an táirge a mhonarú, a dháileadh nó a allmhairiú, nó as an tseirbhís a sholáthar.

Eilimintí lena measfar an glanchostas a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh:

(a)

critéir, a bhaineann le costais aonuaire eagraíochtúla, nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú:

(i)

costais a bhaineann le hacmhainní daonna breise a bhfuil saineolas acu ar chúrsaí inrochtaineachta;

(ii)

costais a bhaineann le hoiliúint a chur ar acmhainní daonna agus le hinniúlachtaí i gcúrsaí inrochtaineachta a fháil;

(iii)

costais a bhaineann le próiseas nua a fhorbairt chun an inrochtaineacht a thabhairt san áireamh agus an táirge á fhorbairt nó an tseirbhís á cur ar fáil;

(iv)

costais a bhaineann le hábhar treorach a fhorbairt maidir le cúrsaí inrochtaineachta;

(v)

costais aonuaire a bhaineann le tuiscint a fháil ar reachtaíocht na hinrochtaineachta;

(b)

critéir, a bhaineann le costais leanúnacha táirgthe agus forbartha, nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú:

(i)

costais a bhaineann le dearadh na saintréithe inrochtaineachta atá ag an táirge nó seirbhís;

(ii)

costais a tabhaíodh le linn na bpróiseas monarúcháin;

(iii)

costais a bhaineann le tástáil inrochtaineachta a dhéanamh ar an táirge nó ar an tseirbhís;

(iv)

costais a bhaineann le doiciméadacht a bhunú.

2.

Na costais agus na sochair a mheastar a bheidh ann do na hoibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear na próisis táirgthe agus infheistíochta, i gcoibhneas leis an sochar a mheastar a bheidh ann do dhaoine atá faoi mhíchumas, ag cur san áireamh méid úsáide agus minicíocht úsáide an táirge nó na seirbhíse a bheidh i gceist.

3.

Glanchostais a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh i gcóimheas le glanláimhdeachas an oibreora eacnamaíoch.

Eilimintí lena measfar glanchostas a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh:

(a)

critéir, a bhaineann le costais aonuaire eagraíochtúla, nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú:

(i)

costais a bhaineann le hacmhainní daonna breise a bhfuil saineolas acu ar chúrsaí inrochtaineachta;

(ii)

costais a bhaineann le hoiliúint a chur ar acmhainní daonna agus le hinniúlachtaí i gcúrsaí inrochtaineachta a fháil;

(iii)

costais a bhaineann le próiseas nua a fhorbairt chun an inrochtaineacht a thabhairt san áireamh agus an táirge á fhorbairt nó an tseirbhís á cur ar fáil;

(iv)

costais a bhaineann le hábhar treorach a fhorbairt maidir le cúrsaí inrochtaineachta;

(v)

costais aonuaire a bhaineann le tuiscint a fháil ar reachtaíocht na hinrochtaineachta;

(b)

critéir, a bhaineann le costais leanúnacha táirgthe agus forbartha, nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú:

(i)

costais a bhaineann le dearadh na saintréithe inrochtaineachta atá ag an táirge nó seirbhís;

(ii)

costais a tabhaíodh le linn na bpróiseas monarúcháin;

(iii)

costais a bhaineann le tástáil inrochtaineachta a dhéanamh ar an táirge nó ar an tseirbhís;

(iv)

costais a bhaineann le doiciméadacht a bhunú.