17.5.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

82


TREOIR (AE) 2019/789 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar is infheidhme maidir le cineálacha áirithe tarchuir ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta agus maidir le hatarchur clár teilifíse agus raidió agus lena leasaítear Treoir 93/83/CEE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D'fhonn rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, is gá foráil a dhéanamh maidir le scaipeadh níos leithne clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile i mBallstáit chun leasa úsáideoirí ar fud an Aontais trí cheadúnú cóipchirt agus ceart gaolmhar a éascú i saothair agus in ábhar cosanta eile atá i gcraoltaí cineálacha áirithe clár teilifíse agus raidió. Is meáin thábhachtacha iad cláir theilifíse agus raidió chun an éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus comhtháthú sóisialta a chur chun cinn, agus rochtain ar fhaisnéis a mhéadú.

(2)

Le forbairt teicneolaíochtaí digiteacha agus an idirlín, tá athrú ó bhonn tagtha ar dháileadh clár teilifíse agus raidió, agus ar rochtain orthu. Tá méadú ag teacht ar an méid a mbíonn úsáideoirí ag súil go mbeidh rochtain bheo agus ar éileamh acu ar chláir theilifíse agus raidió, trí na cainéil thraidisiúnta amhail satailít nó cábla agus trí sheirbhísí ar líne freisin. Dá bhrí sin, anuas ar a gcraoltaí féin de chláir theilifíse agus raidió, tá níos mó seirbhísí ar líne atá coimhdeach leis na craoltaí sin, amhail seirbhísí comhchraolta agus seirbhísí athdheise, á dtairiscint ag eagraíochtaí craoltóireachta. Maidir le hoibreoirí seirbhísí atarchuir, a bhailíonn craoltaí de chláir theilifíse agus raidió le chéile ina bpacáistí agus a sholáthraíonn iad d'úsáideoirí go comhuaineach le tarchur tosaigh an chraolta, neamhathraithe agus neamhghiorraithe, baineann siad leas as teicnící éagsúla atarchuir amhail cábla, satailít, córas trastíre digiteach, líonraí móibíleacha nó ciorcaid iata IP-bhunaithe nó líonraí móibíleacha mar aon leis an idirlíon oscailte. De bhreis air sin, tá bealaí éagsúla ag oibreoirí a dháileann cláir theilifíse agus raidió ar úsáideoirí chun comharthaí cláriompartha eagraíochtaí craoltóireachta a fháil, lena n-áirítear trí bhíthin instealladh díreach Tá éileamh níos mó, i measc úsáideoirí, ar rochtain ar chraoltaí clár teilifíse agus raidió de thionscnamh a mBallstáit féin agus de thionscnamh Bhallstáit eile an Aontais freisin. Leis na húsáideoirí sin áirítear comhalta a bhaineann le mionlaigh theanga san Aontas mar aon le daoine a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile nach é a mBallstát tionscnaimh é.

(3)

Déanann eagraíochtaí craoltóireachta líon mór uaireanta clár teilifíse agus raidió a tharchur ar bhonn laethúil. Cuimsítear sna cláir sin ábhar éagsúil, amhail saothair chlosamhairc, cheoil, liteartha nó ghrafacha atá faoi chosaint faoi dhlí an Aontais ag cóipcheart nó ag cearta gaolmhara nó an dá cheann. Mar thoradh air sin, tá próiseas casta i bhfeidhm chun cearta a imréiteach ón iliomad sealbhóirí cirt agus le haghaidh catagóirí éagsúla saothar agus ábhar cosanta eile. Go minic, is gá na cearta a imréiteach in achar ama gearr, go háirithe agus cláir amhail cláir nuachta nó cláir chúrsaí reatha á n-ullmhú. Lena gcuid seirbhísí ar líne a chur ar fáil thar teorainneacha, teastaíonn na cearta riachtanacha i leith saothar agus ábhar eile cosanta do na críocha ábhartha ar fad ó eagraíochtaí craoltóireachta, rud a chuireann le castacht imréiteach na gceart.

(4)

Maidir le hoibreoirí seirbhísí atarchuir, lena ndéantar roinnt clár a thairiscint go hiondúil ina n-úsáidtear an iliomad saothar agus ábhar eile cosanta atá cuimsithe sna cláir theilifíse agus raidió atarchurtha agus bíonn tréimhse ama an-ghearr acu chun na ceadúnais riachtanacha a fháil agus, ar an ábhar sin, bíonn ualach mór orthu freisin i leith imréiteach na gceart. Tá an baol ann freisin d'údair, léiritheoirí agus sealbhóirí eile cirt go mbainfear úsáid as a saothair agus as ábhar eile cosanta gan údarú nó gan luach saothair iomchuí a íoc leo. Is tábhachtach an ní é an luach saothair sin ar atarchur a saothar agus ábhair chosanta eile chun rogha d'ábhar ilchineálach a áirithiú, ar rud é ar chun leasa na dtomhaltóirí é freisin.

(5)

Tá na cearta maidir le saothair agus le hábhar eile cosanta comhchuibhithe, inter alia, le Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus i dTreoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena bhforáiltear d'ardleibhéal cosanta do shealbhóirí cirt.

(6)

Éascaítear le Treoir 93/83/CEE (5) ón gComhairle craoltóireacht satailíte agus atarchur ar chábla trasteorann de chláir theilifíse agus raidió ó Bhallstáit eile. Mar sin féin, tá forálacha na Treorach sin maidir le hatarchur eagraíochtaí craoltóireachta teoranta do tharchur satailíte agus, dá bhrí sin, ní bhaineann siad le seirbhísí ar líne atá coimhdeach le craoltaí. Thairis sin, tá na forálacha a bhaineann le hatarchur clár teilifíse agus raidió ó Bhallstáit eile teoranta d'atarchur comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe ar chábla nó ar chórais mhicreathonnacha agus ní chumhdaítear leo atarchur trí mheán teicneolaíochtaí eile.

(7)

Dá réir sin, ba cheart soláthar trasteorann seirbhísí ar líne atá coimhdeach le craoltaí, agus atarchur clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit, eile a éascú tríd an gcreat dlíthiúil maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do na gníomhaíochtaí sin a oiriúnú. Leis an oiriúnú, ba cheart é sin a dhéanamh trí mhaoiniú agus táirgeadh ábhair chruthaithigh a chur san áireamh, go háirithe saothair chlosamhairc.

(8)

Leis an Treoir seo, cumhdaítear seirbhísí coimhdeacha ar líne seo na seirbhísí sin arna dtairiscint ag eagraíocht chraoltóireachta a bhfuil gaol soiléir fo-ordaithe acu leis na craoltaí na n-eagraíocht chraoltóireachta. Áirítear leis na seirbhísí sin seirbhísí lena dtugtar rochtain ar chláir theilifíse agus raidió go díreach ar bhealach líneach amháin atá comhuaineach leis an gcraoladh agus seirbhísí lena soláthraítear rochtain, laistigh de thréimhse ama shainithe tar éis an chraolta, ar chláir theilifíse agus raidió ar chraol an eagraíocht chraoltóireachta iad roimhe sin, ar a dtugtar “seirbhísí teilifíse athdheise”. Ina theannta sin, áirítear leis na seirbhísí coimhdeacha ar líne a chuimsítear leis an Treoir seo seirbhísí lena soláthraítear rochtain ar ábhar trína saibhrítear cláir theilifíse nó raidió arna gcraoladh ag an eagraíocht chraoltóireachta nó trína gcuirtear leo ar bhealach eile, lena n-áirítear trí réamh-léirmheas a dhéanamh ar ábhair an chláir ábhartha, trína leathnú, trí chur leis nó trí léirmheas a dhéanamh air. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le seirbhísí coimhdeacha ar líne a sholáthraíonn eagraíochtaí craoltóireachta d'úsáideoirí mar aon leis an tseirbhís craolacháin. Ba cheart feidhm a bheith aici freisin maidir le seirbhísí coimhdeacha ar líne ar féidir le húsáideoirí rochtain a fháil orthu neamhspleách ar an tseirbhís craolacháin, cé gur léir gaol fo-ordaithe leis an gcraoladh a bheith ann, gan an réamhchoinníoll a bheith ann gur gá do na húsáideoirí rochtain a fháil ar an tseirbhís craolacháin, mar shampla trí mheán síntiúis. Ní dochar an méid sin do shaoirse na n-eagraíochtaí craoltóireachta seirbhísí coimhdeacha ar líne den chineál sin a thairiscint saor ó tháille nó mar mhalairt ar íocaíocht airgid. Níor cheart rochtain a sholáthar ar shaothair aonair nó ar ábhar eile cosanta atá cuimsithe i gclár teilifíse nó raidió, nó rochtain a sholáthar ar shaothair nó ábhar eile cosanta nach mbaineann le haon chlár arna chraoladh ag an eagraíocht chraoltóireachta, amhail seirbhísí lena gcuirtear rochtain ar fáil ar shaothair aonair cheoil nó chlosamhairc, albaim cheoil nó físeáin, mar shampla trí sheirbhís físeán ar éileamh, a bheith faoi raon feidhme na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo.

(9)

D'fhonn imréiteach ceart a éascú le haghaidh soláthar seirbhísí coimhdeacha ar líne thar teorainneacha, is gá foráil a dhéanamh chun prionsabal na tíre tionscnaimh a bhunú maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar ábhartha le haghaidh gníomhartha a thagann chun cinn le linn soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, le linn na rochtana uirthi nó le linn a húsáidte. Ba cheart go gcumhdófaí leis an bprionsabal sin imréiteach na gceart go léir atá riachtanach don eagraíocht chraoltóireachta chun a gcláir a léiriú don phobal nó iad a chur ar fáil don phobal agus seirbhísí coimhdeacha á soláthar acu, lena n-áirítear imréiteach cóipchirt agus ceart gaolmhar maidir le saothair nó ábhar cosanta eile arna n-úsáid sna cláir, mar shampla na cearta maidir le fónagraim nó taibhithe. Ba cheart go mbeadh feidhm ag prionsabal na tíre tionscnaimh sin go heisiach leis an ngaol idir sealbhóirí cirt, nó eintitis a dhéanann ionadaíocht thar ceann sealbhóirí cirt amhail eagraíochtaí bailithe dleachtanna, agus eagraíochtaí craoltóireachta agus chun críche soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, na rochtana uirthi nó a húsáidte, agus chun na críche sin amháin. Níor cheart go mbeadh feidhm ag prionsabal na tíre tionscnaimh maidir leis na saothair nó ábhar cosanta eile a chur i láthair don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, ná maidir leis na saothair nó ábhar cosanta eile a chur ar fáil don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, ar bhealach inar bhféadfadh daoine den phobal rochtain a fháil uirthi ó áit agus ag am dá rogha féin nó d'aon atáirgeadh na saothar agus ábhar cosanta eile atá cuimsithe sa tseirbhís choimhdeach ar líne.

(10)

Agus sainghnéithe de shásraí maoinithe agus ceadúnaithe saothar closamhairc ar leith á gcur san áireamh, ar rudaí iad a bhunaítear go minic ar cheadúnú críochach eisiach, is iomchuí, i dtaca le cláir theilifíse, teorainn catagóirí clár ar leith a chur le raon feidhme phrionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach sa Treoir seo. Le cláir den chineál sin, ba cheart a áireamh cláir nuachta agus cúrsaí reatha chomh maith le léiriúcháin de chuid na heagraíochta craoltóireachta féin arna maoiniú aici féin amháin lena n-áirítear i gcás go bhféadfadh sé go dtagann na cistí a úsáideann an eagraíocht chraoltóireachta lena léiriúcháin a mhaoiniú ó chistí poiblí. Chun críocha na Treorach seo, ba cheart go dtuigfí go gcumhdaítear le léiriúcháin na heagraíochta craoltóireachta féin léiriúcháin arna ndéanamh ag eagraíocht chraoltóireachta trína hacmhainní féin a úsáid, ach ní léiriúcháin arna gcoimisiúnú ag an eagraíocht chraoltóireachta do léiritheoirí atá neamhspléach ar an eagraíocht chraoltóireachta agus ar chomhléiriúcháin. Ar na cúiseanna céanna, níor cheart feidhm a bheith ag prionsabal na tíre tionscnaimh maidir leis an gcraoladh teilifíse a dhéantar ar ócáidí spóirt faoin Treoir seo. Níor cheart feidhm a bheith ag prionsabal na tíre tionscnaimh ach amháin sa chás ina n-úsáideann an eagraíocht chraoltóireachta cláir ina seirbhísí coimhdeacha féin ar líne. Níor cheart feidhm a bheith aige maidir le léiriúcháin de chuid na heagraíochtaí craoltóireachta féin a cheadúnú do thríú páirtithe, lena n-áirítear eagraíochtaí eile craoltóireachta. Níor cheart do phrionsabal na tíre tionscnaimh cur isteach ar shaoirse na sealbhóirí cirt ná na n-eagraíochtaí craoltóireachta srianta a chomhaontú, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear srianta críocha, maidir le saothrú a gceart.

(11)

Mar thoradh ar phrionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach sa Treoir seo, níor cheart aon oibleagáid a bhunú ar eagraíochtaí craoltóireachta a gcláir a léiriú ná a chur ar fáil don phobal trína seirbhísí coimhdeacha ar líne ná na seirbhísí coimhdeacha sin ar líne a chur ar fáil i mBallstát eile seachas i mBallstát a bpríomháite gnó.

(12)

Ós rud é go measfar gur sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht chraoltóireachta, agus sa Bhallstát sin amháin, a tharlóidh an soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, an rochtain uirthi nó a húsáid, agus gur féidir an tseirbhís choimhdeach ar líne a chur ar fáil de facto thar theorainneacha do Bhallstáit eile, is gá a áirithiú, agus méid na híocaíochta a dhéanfar i leith na gceart i dtrácht á leagan síos acu, go gcuireann na comhpháirtithe san áireamh gach gné den tseirbhís choimhdeach ar líne amhail gnéithe na seirbhíse, lena n-áirítear an fad a bhíonn fáil ar líne ar na cláir a áirítear leis an tseirbhís, an lucht féachana nó éisteachta, lena n-áirítear an lucht féachana nó éisteachta sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht chraoltóireachta agus i mBallstáit eile ina bhfaightear rochtain ar an tseirbhís choimhdeach ar líne agus ina n-úsáidtear í, agus na leaganacha teanga a sholáthraítear. Mar sin féin, ba cheart é a bheith fós indéanta modhanna ar leith a úsáid chun an méid atá le híoc as na cearta a ríomh faoi réir phrionsabal na tíre tionscnaimh amhail modhanna sin a bhunaítear ar ioncam na heagraíochta craoltóireachta arna ghiniúint ag an tseirbhís ar líne, ar modhanna iad ar díol suntais é go n-úsáideann, go háirithe, eagraíochtaí craoltóireachta raidió iad.

(13)

De bharr phrionsabal na saoirse conarthaí, féadfar leanúint de theorainn a chur le saothrú na gceart a bhfuil tionchar ag prionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach sa Treoir seo orthu, ar choinníoll go mbeidh aon teorainn den sórt sin le saothrú na gceart sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

(14)

Is féidir le hoibreoirí seirbhísí tarchuir teicneolaíochtaí difriúla a úsáid nuair a dhéanann siad atarchur comhuaineach, ar bhealach neamhathraithe agus neamhghiorraithe, lena fháil ag an bpobal, ar tharchur tosaigh craolacháin ó Bhallstát eile de chláir theilifíse nó raidió. Is féidir leis na hoibreoirí seirbhísí atarchuir na comharthaí cláriompartha a fháil ó eagraíochtaí craoltóireachta, arb eagraíochtaí iad féin a tharchuireann na comharthaí sin chuig an bpobal ar bhealaí difriúla, mar shampla trí na comharthaí arna dtarchur ag eagraíochtaí craoltóireachta a ghabháil nó trí na comharthaí a fháil go díreach uathu trí phróiseas teicniúil an insteallta dhírigh. Is féidir seirbhísí oibreoirí den chineál sin a thairiscint ar líonraí satailíte, líonraí digiteacha trastíre, líonraí móibíleacha agus líonraí ciorcaid iata IP-bhunaithe, líonraí móibíleacha agus ar líonraí comhchosúla nó trí sheirbhísí rochtana idirlín mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Dá bhrí sin, ba cheart d'oibreoirí seirbhisí tarchuir a úsáideann na teicneolaíochtaí den chineál sin le haghaidh a gcuid atarchur a chumhdach leis an Treoir seo agus ba cheart an sásra lena dtugtar isteach an chomhbhainistíocht éigeantach ar chearta a dhul chun tairbhe dóibh. Chun coimircí leordhóthanacha a áirithiú in aghaidh úsáid neamhúdaraithe saothar agus ábhair cosanta eile, ar coimircí iad atá tábhachtach go háirithe i gcás seirbhísí a íoctar astu, níor cheart seirbhísí atarchuir arna soláthar trí sheirbhísí rochtana idirlín a áireamh i raon feidhme na Treorach seo ach amháin sa chás ina soláthraítear na seirbhísí atarchuir sin i dtimpeallacht nach féidir le haon duine ach amháin úsáideoirí údaraithe rochtain a fháil ar atarchuir agus inarb inchomparáide leibhéal slándála ábhair arna sholáthar agus an leibhéal slándála atá ann d'ábhar a tharchuirtear thar líonraí bainistithe, amhail líonraí ciorcaid iata IP-bhunaithe, áit a gcriptítear an t-ábhar. Ba cheart go mbeadh na ceanglais sin indéanta agus leormhaith.

(15)

Le tarchuir thosaigh de chláir theilifíse agus raidió a atarchur, ní mór d'oibreoirí seirbhísí atarchuir údarú a fháil ó shealbhóirí an chirt eisiach lena chur i láthair don phobal na saothair nó ábhar cosanta eile. D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do na hoibreoirí seirbhísí atarchuir agus d'fhonn éagothromaíochtaí sa dlí náisiúnta maidir le seirbhísí atarchuir den sórt sin a shárú, ba cheart rialacha atá cosúil leo siúd a bhfuil feidhm acu i leith atarchur ar chábla mar a shainmhínítear i dTreoir 93/83/CEE a bheith i bhfeidhm. Leis na rialacha faoin Treoir sin a áireamh an oibleagáid an ceart a fheidhmiú chun údarú a dheonú nó a dhiúltú d'oibreoir seirbhíse atarchuir trí eagraíocht chomhbhainistíochta. Faoi na rialacha sin, tá an ceart chun údarú a dheonú nó a dhiúltú slán fós, agus ní dhéantar ach feidhmiú an chirt sin a rialú go pointe áirithe. Ba cheart go bhfaigheadh na sealbhóirí cirt luach saothair iomchuí as atarchur a saothar agus ábhar cosanta eile. Agus téarmaí ceadúnaithe réasúnta á gcinneadh, lena n-áirítear an táille ceadúnais, le haghaidh atarchuir i gcomhréir le Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ba cheart luach eacnamaíoch úsáid na gceart sa trádáil, lena n-áirítear an luach a chuirtear ar mheáin an tarchuir, inter alia, a chur san áireamh. Ba cheart an méid sin gan dochar d'fheidhmiú comhchoiteann cheart an luacha saothair chothroim do thaibheoirí agus táirgeoirí fónagram as fónagraim thráchtála a chur i láthair don phobal dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Threoir 2006/115/CE agus do Rialachán Uimh. 2014/26/AE agus go háirithe d'fhorálacha na Treorach sin, a bhaineann le cearta sealbhóirí cirt maidir le heagraíocht chomhbhainistíochta a roghnú.

(16)

Leis an Treoir seo, ba cheart go mbeifí in ann comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir eagraíochtaí comhbhainistíochta agus oibreoirí atarchuir, maidir leis na cearta atá faoi réir comhbhainistiú éigeantach faoin Treoir seo, a leathnú lena chur i bhfeidhm maidir le cearta na sealbhóirí cirt nach ndéanann an eagraíocht chomhbhainistíochta ionadaíocht dóibh, gan cead do na shealbhóirí cirt sin a saothair ná ábhar eile a eisiamh ó chur i bhfeidhm an tsásra sin. I gcásanna ina bhfuil cearta sa chatagóir sin á mbainistiú ag níos mó ná aon eagraíocht chomhbhainistíochta amháin do chríoch an Bhallstáit sin, is faoin mBallstát ar dá chríoch atá oibreoir na seirbhíse atarchuir ag iarraidh cearta a imréiteach le haghaidh atarchuir a chinneadh cibé acu eagraíocht nó eagraíochtaí comhbhainistíochta ag a mbeidh an ceart an t-údarú le haghaidh atarchuir a dheonú nó a dhiúltú.

(17)

Aon chearta atá ag na heagraíochtaí craoltóireachta féin i leith a gcraoltaí, lena n-áirítear cearta maidir le hábhar na gclár, ba cheart iad a dhíolmhú ón gcomhbhainistiú éigeantach ar chearta is infheidhme maidir le hatarchuir Go hiondúil, bíonn caidreamh tráchtála leanúnach idir oibreoirí seirbhísí atarchuir agus eagraíochtaí craoltóireacha agus, dá thoradh sin, is eol d'oibreoirí seirbhísí atarchuir cé hiad na heagraíochtaí craoltóireachta agus dá bharr sin is próiseas réasúnta simplí é cearta a imréiteach le heagraíochtaí craoltóireachta. Dá réir sin, bíonn sé réasúnta simplí ar oibreoirí seirbhísí atarchuir agus iad ag fáil na gceadúnas is gá ó eagraíochtaí craoltóireachta agus a bhíonn orthu agus iad ag fáil ceadúnais ó shealbhóirí cirt i saothair agus in ábhar eile cosanta atá cuimsithe sna cláir theilifíse agus raidió atarchurtha. Dá bhrí sin, ní gá an próiseas ceadúnúcháin a shimpliú maidir leis na cearta atá ag na heagraíochtaí craoltóireachta. Mar sin féin, ní mór a áirithiú nuair a chuireann eagraíochtaí craoltóireachta agus oibreoirí seirbhísí atarchuir tús le hidirbheartaíochtaí, go ndéanann siad amhlaidh de mheon macánta maidir le ceadúnú na gceart le haghaidh atarchur a chuimsítear sa Treoir seo. Le Treoir 2014/26/AE, déantar foráil do rialacha comhchosúla is infheidhme maidir le heagraíochtaí comhbhainistíochta.

(18)

Leis na rialacha dá bhforáiltear sa Treoir seo maidir leis na cearta in atarchur arna bhfeidhmiú ag eagraíochtaí craoltóireachta maidir lena dtarchuir féin, níor cheart teorainn a chur leis an rogha atá ag na sealbhóirí ceart a gcearta a aistriú chuig eagraíocht chraoltóireachta nó chuig eagraíocht chomhbhainistíochta agus, ar an gcaoi sin, ag cur ar a gcumas sciar díreach a bheith acu den luach saothair arna íoc ag oibreoir seirbhíse atarchuir.

(19)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann na rialacha maidir le hatarchur arna mbunú sa Treoir seo agus i dTreoir 93/83/CEE a chur i bhfeidhm i gcásanna ina dtarlaíonn an tarchur tosaigh agus an t-atarchur laistigh dá gcríoch.

(20)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun ardleibhéal cosanta a choimeád do na sealbhóirí cirt, is iomchuí a fhoráil sa chás nach dtarchuireann eagraíochtaí craoltóireachta trí mheán an insteallta dhírigh a gcomharthaí cláriompartha ach amháin chuig na dáileoirí comharthaí gan a gcláir a bheith á dtarchur ag na heagraíochtaí craoltóireachta chuig an bpobal chomh maith, agus go gcuireann na dáileoirí comharthaí na cláir sin chuig a n-úsáideoirí chun lamháil dóibh féachaint ar na cláir nó éisteacht leo, go measfar nach dtarlaíonn ach gníomh cumarsáide aonair amháin leis an bpobal ina bhfuil na heagraíochtaí craoltóireachta agus na dáileoirí comharthaí araon rannpháirteach ann lena n-ionchur féin faoi seach. Dá bhrí sin, ba cheart do na heagraíochtaí craoltóireachta agus na dáileoirí comharthaí údarú a fháil ó na sealbhóirí cirt dá rannchuidiúsonrach sa ghníomh aonair cumarsáide leis an bpobal. Níor cheart go mbeadh rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí craoltóireachta agus na ndáileoirí comharthaí sa ghníomh aonair cumarsáide ina chúis le dliteanas comhpháirteach na n-eagraíochta craoltóireachta agus dáileora comharthaí as an ngníomh cumarsáide leis an bpobal. Ba cheart do na Ballstáit a bheith saor fós le foráil a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta maidir leis na modúlachtaí chun údarú a fháil i gcomhair gníomh aonair cumarsáide mar sin leis an bpobal, lena n-áirítear na híocaíochtaí ábhartha is gá a dhéanamh leis na sealbhóirí cirt, agus saothrú na saothar agus na n-ábhar cosanta eile lena mbaineann ag na heagraíochtaí craoltóireachta agus na dáileoirí comharthaí i dtaca leis an ngníomh aonair cumarsáide leis an bpobal á gcur san áireamh. Toisc nach mbíonn ar dháileoirí comharthaí aghaidh a thabhairt, ar chaoi chomhchosúil le hoibreoirí seirbhísí atarchuir, ar ualach suntasach maidir le imréiteach ceart, ach amháin i gcás na gceart atá ag na heagraíochtaí craoltóireachta, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeadh dáileoirí comharthaí in ann leas a bhaint as sásra comhbhainistíochta éigeantach ceart le haghaidh a dtarchur ar an gcaoi chéanna agus a mhéid céanna agus a bhaineann oibritheoirí seirbhísí atarchuir leas as le haghaidh atarchuir a chuimsítear i dTreoir 93/83/CEE agus sa Treoir seo. I gcásanna nach ndéanann dáileoirí comharthaí ach na hacmhainní teicniúla a chur ar fáil do na heagraíochtaí craoltóireachta, de réir bhrí chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chun glacadh an chraolacháin a áirithiú nó a fheabhsú, níor cheart na dáileoirí comharthaí a mheas mar pháirt den ghníomh cumarsáide leis an bpobal.

(21)

Nuair a dhéanann eagraíochtaí craoltóireachta a gcomharthaí cláriompartha a tharchur go díreach chuig an bpobal, agus ar an gcaoi sin gníomh tosaigh an tarchuir á chur i gcrích acu, agus, ag an am céanna, na comharthaí a tharchur go comhuaineach chuig eagraíochtaí eile trí phróiseas an insteallta dhírigh, mar shampla chun cáilíocht na gcomharthaí a áirithiú chun críocha atarchuir, is gníomh cumarsáide ar leithligh leis an bpobal tarchuir ó na heagraíochtaí eile sin nach ionann é agus an ceann á chur i gcrích ag an eagraíocht chraoltóireachta. Sna cásanna sin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le hatarchuir a leagtar síos sa Treoir seo agus i dTreoir 93/83/CEE.

(22)

Chun comhbhainistiú éifeachtúil na gceart agus dáileadh cruinn na n-ioncam arna mbailiú faoin sásra comhbhainistíochta éigeantaigh a thugtar isteach leis an Treoir seo a áirithiú, tá sé tábhachtach go gcoimeádann na heagraíochtaí comhbhainistíochta taifid chearta ar bhallraíocht, ceadúnais agus úsáid saothar agus ábhar cosanta eile, i gcomhréir leis na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar amach i dTreoir 2014/26/AE.

(23)

D'fhonn cosc a chur ar shárú chur i bhfeidhm phrionsabal na tíre tionscnaimh trí bhíthin síneadh ama a chur le fad tréimhse na gcomhaontuithe reatha a bhaineann le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do soláthar seirbhíse coimhdí ar líne agus le rochtain ar an tseirbhís ar líne nó lena húsáid, is gá prionsabal na tíre tionscnaimh a chur i bhfeidhm freisin ar chomhaontuithe reatha ach idirthréimhse a bheith i bhfeidhm, nár cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal lena linn maidir leis na conarthaí sin lena gceadaítear am chun dul in oiriúint dóibh, i gcás inar gá, i gcomhréir leis an Treoir seo. Is gá freisin, fóráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse chun ligean do chraoltóirí, dáileoirí comharthaí agus sealbhóirí cirt iad féin a chur in oiriúint do na rialacha nua a leagtar amach seo Treoir seo maidir ls saothrú saothar agus ábhar cosanta eile trí mheán an insteallta dhírigh.

(24)

I gcomhréir le prionsabail na rialála níos fearr, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo, lena n-áirítear a fhorálacha maidir le hinstealladh díreach, tar éis don Treoir a bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse ama chun measúnú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar a tairbhí do thomhaltóirí Eorpacha, a tionchar ar na tionscail chruthaitheacha san Aontas Eorpach, agus ar an leibhéal infheistíochta in inneachar nua, agus dá réir sin freisin chun na tairbhí maidir le héagsúlacht chultúrtha níos fearr san Aontas.

(25)

Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Cé go bhféadfaí, leis an Treoir seo, cur isteach ar fheidhmiú chearta na sealbhóirí cirt sa mhéid go ndéantar comhbhainistíocht éigeantach le haghaidh fheidhmiú an chirt a chur in iúl don phobal maidir le seirbhísí atarchuir, is gá coinníoll den sórt sin a leagan síos ar bhealach spriocdhírithe agus é a theorannú do sheirbhísí sonracha.

(26)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon soláthar seirbhísí coimhdeacha trasteorann ar líne a chur chun cinn le haghaidh cineálacha áirithe clár, agus le hatarchur clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile a éascú, a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr, mar gheall ar a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Maidir le soláthar seirbhísí coimhdeacha trasteorann ar líne, ní cheanglaítear leis an Treoir seo ar eagraíochtaí craoltóireachta na seirbhísí sin a sholáthar thar teorainneacha. Ní cheanglaítear ach an oiread leis an Treoir seo ar oibreoirí seirbhísí atarchuir cláir theilifíse nó raidió de thionscnamh Ballstáit eile a áireamh ina gcuid seirbhísí. Ní bhaineann an Treoir seo ach le feidhmiú ceart atarchuir áirithe a mhéid is gá chun ceadúnú cóipchirt agus ceart gaolmhar a shimpliú le haghaidh seirbhísí den sórt sin agus maidir le cláir theilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile agus maidir leo sin amháin.

(27)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (8), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos sa Treoir seo rialacha, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an rochtain trasteorann ar líon níos mó clár teilifíse agus raidió, trí éascú a dhéanamh ar imréiteach na gceart chun seirbhísí ar líne a sholáthar atá coimhdeach do chraoltaí de chineálacha áirithe clár teilifíse agus raidió, agus chun atarchur a dhéanamh ar chláir theilifíse agus raidió. Leagtar síos freisin rialacha maidir le cláir theilifíse agus raidió a tharchur trí phróiseas an insteallta dhírigh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “seirbhís choimhdeach ar líne” seirbhís ar líne arb é atá ann cláir theilifíse nó raidió a sholáthar don phobal, ag eagraíocht chraoltóireachta nó faoina rialú agus faoina freagracht, go comhuaineach lena gcraoladh ag an eagraíocht chraoltóireachta nó ar feadh tréimhse shainithe ama tar éis a gcraolta ag an eagraíocht sin, mar aon le haon ábhar atá coimhdeach leis an gcraoladh sin;

(2)

ciallaíonn “atarchur” aon atarchur comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe, seachas atarchur ar chábla mar a shainmhínítear i dTreoir 93/83/CEE, atá beartaithe lena fháil ag an bpobal de tharchur tosaigh ó Bhallstát eile de chláir theilifíse nó raidió atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, i gcás ina ndéantar an tarchur tosaigh sin le sreanga nó thar an aer, lena n-áirítear ar shatailít ach gan tarchur ar líne a chuimsiú, ar choinníoll:

(a)

go ndéanfaidh páirtí seachas an eagraíocht chraoltóireachta a rinne an chraoltóireacht tosaigh an t-atarchur, nó páirtí seachas an páirtí a ndearnadh an tarchur sin faoina rialú agus faoina fhreagracht, agus é sin gan beann ar an gcaoi a bhfaighidh an páirtí a dhéanann an t-atarchur na comharthaí cláriompartha ón eagraíocht chraoltóireachta chur críche atarchuir, agus

(b)

sa chás go ndéantar an t-atarchur ar sheirbhís rochtana idirlín mar a shainmhínítear i bpointe (2) den dara mír d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/2020, déantar é i dtimpeallacht bhainistithe;

(3)

ciallaíonn “timpeallacht bhainistithe” timpeallacht nuair a sholáthraíonn oibreoir seirbhísí atarchuir slán do na húsáideoirí údaraithe;

(4)

ciallaíonn “instealladh díreach” próiseas teicniúil trína ndéanann eagraíocht chraoltóireachta a comharthaí cláriompartha a tharchur chuig eagraíochtaí seachas eagraíochtaí craoltóireachta ar bhealach nach bhfuil na comharthaí cláriompartha inrochtana don phobal le linn an tarchuir sin.

CAIBIDIL II

Seirbhísí coimhdeachta ar líne eagraíochtaí crolatóireachta

Airteagal 3

Cur i bhfeidhm phrionsabal na tíre tionscnaimh i leith seirbhísí coimhdeacha ar líne

1.   Na gníomhartha lena gcuirtear na saothair nó ábhar cosanta eile i láthair don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, agus lena gcuirtear ar fáil don phobal trí shreang nó gan sreang, ar bhealach go bhféadfaidh comhaltaí den phobal rochtain a bheith acu ar shaothair nó ar ábhar cosanta eile ó áit agus ag an am a roghnaíonn siad go leithleach, a tharlaíonn nuair a sholáthraítear na nithe seo don phobal:

(a)

cláir raidió, agus

(b)

cláir theilifíse arb é atá iontu:

(i)

nuacht agus cláir chursaí reatha, nó

(ii)

léiriúcháin atá déanta agus maoinithe ag an eagraíocht chraoltóireachta féin

i seirbhís choimhdeach ar líne á soláthar ag eagraíocht chraoltóireachta nó faoina rialú agus faoina freagracht, mar aon leis na gníomhartha atáirgthe maidir leis na saothair sin no maidir le hábhair chosanta eile atá riachtanach, maidir leis na cláir chéanna, le haghaidh soláthar seirbhíse den sórt sin ar líne, rochtain a bheith uirthi nó í a úsáid, measfar, chun críocha cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do na gníomhartha sin a fheidhmiú, gur sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht chraoltóireachta, agus sa Bhallstát sin amháin, a tharlóidh siad.

Ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír maidir le craoltaí imeachtaí agus saothar spóirt agus ábhar cosanta eile atá san áireamh iontu.

2.   Agus méid na híocaíochta a bheidh le déanamh i leith na gceart atá faoi réir phrionsabal na tíre tionscnaimh mar a leagtar amach i mír 1 á leagan síos, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na páirtithe i gcuntas gach gné den tseirbhís choimhdeach ar líne amhail gnéithe na seirbhíse coimhdí ar líne, lena n-áirítear fad infhaighteacht ar líne na gclár a sholáthraítear sa tseirbhís sin, an lucht féachana nó éisteachta, agus na leaganacha teanga a sholáthraítear.

Ní chuirfidh an chéad fhomhír bac ar an rogha méid na n-íocaíochtaí a bheidh le déanamh a ríomh, ar bhonn ioncam na heagraíochta craoltóireachta.

3.   Beidh prionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach i mír 1 gan dochar do shaoirse chonarthach na sealbhóirí cirt agus na n-eagraíochtaí craoltóireachta aontú, i gcomhréir le dlí an Aontais, saothrú na gceart den chineál sin, lena n-áirítear iad sin atá faoi Threoir 2001/29/CE, a theorannú.

CAIBIDIL III

Cláir raidió agus theilifíse a atarchur

Airteagal 4

Feidhmiú na gceart maidir le hatarchur ag sealbhóirí cirt nach eagraíochtaí craoltóireachta iad

1.   Ní mór do shealbhóirí an chirt cumarsáide eisiach don phobal gníomhartha atarchuir clár a údarú.

Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh sealbhóirí cirt a gceart a fheidhmiú chun údarú i leith atarchuir a dheonú nó a dhiúltú ach trí eagraíocht chomhbhainistíochta.

2.   I gcás nach bhfuil bainistíocht an chirt dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 aistrithe ag sealbhóir cirt chuig eagraíocht chomhbhainistíochta, measfar go mbeidh an ceart chun an t-údarú le haghaidh atarchuir a dheonú nó a dhiúltú don sealbhóir cirt sin ag an eagraíocht chomhbhainistíochta a bhainistíonn cearta den chatagóir chéanna i gcríoch an Bhallstáit dá bhfuil oibreoir na seirbhíse atarchuir ag iarraidh na cearta a imréiteach le haghaidh atarchuir.

Sa chás, áfach, go bhfuil cearta sa chatagóir sin á mbainistiú ag níos mó ná aon eagraíocht chomhbhainistíochta amháin do chríoch an Bhallstáit sin, is faoin mBallstát, ar dá chríoch atá oibreoir seirbhíse atarchuir ag iarraidh cearta a imréiteach le haghaidh atarchuir a chinneadh cibé acu eagraíocht nó eagraíochtaí comhbhainistíochta ag a mbeidh an ceart an t-údarú le haghaidh atarchuir a dheonú nó a dhiúltú.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag sealbhóir cirt na cearta agus na hoibleagáidí céanna a eascraíonn as comhaontú idir oibreoir seirbhíse atarchuir agus eagraíochtaí comhbhainistíochta nó eagraíochtaí a ghníomhaíonn de bhun mhír 2 mar shealbhóirí cirt a thug sainordú do na heagraíochtaí comhbhainistíochta sin nó do na heagraíocht. Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh na sealbhóirí cirt ar a chumas na cearta sin a éileamh laistigh de thréimhse, a bheidh le cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, nach mbeidh níos lú ná 3 bliana ó dháta an atarchuir ina gcuimsítear a shaothar nó ábhar cosanta eile.

Airteagal 5

Feidhmiú na gceart maidir le hatarchur ag eagraíochtaí craoltóireachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil feidhm ag Airteagal 3 maidir leis na cearta in atarchur arna bhfeidhmiú ag eagraíocht chraoltóireachta i ndáil lena tarchur féin, is cuma cé acu ar léi na cearta lena mbaineann nó ar aistríodh chuici iad ag sealbhóirí eile cirt.

2.   Déanfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás ina rachaidh eagraíochtaí craoltóireachta agus oibreoirí na seirbhísí atarchuir i mbun caibidlíochta maidir le húdarú le haghaidh atarchuir faoin Treoir seo go ndéanfar na caibidlíochtaí sin de mheon macánta.

Airteagal 6

Idirghabháil

Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir cúnamh a iarraidh ó idirghabhálaí amháin nó níos mó mar a fhoráiltear in Airteagal II de Threoir 93/83/CEE i gcás nach mbeidh aon chomhaontú tugtha chun críche idir an eagraíocht chomhbhainistíochta agus oibreoir seirbhíse atarchuir nó idir oibreoir seirbhíse atarchuir agus an eagraíocht chraoltóireachta maidir leis an údarú chun craoltaí a atarchur.

Airteagal 7

Atarchuir tarchur tosaigh de thionscnamh an Bhallstáit chéanna

Féadfaidh na Ballstáit na rialacha a leagtar amach sa Chaibidil seo agus i gCaibidil III de Threoir 93/83/CEE a chur i bhfeidhm i gcásanna ina dtarlóidh an tarchur tosaigh agus an t-atarchur laistigh dá gcríoch.

CAIBIDIL IV

Tarchur clár trí instealladh díreach

Airteagal 8

Tarchur clár trí instealladh díreach

1.   Nuair a dhéanann eagraíocht chraoltóireachta a comharthaí cláriompartha a tharchur trí instealladh díreach chuig dáileoir comharthaí gan an eagraíocht chraoltóireachta í féin na comharthaí cláriompartha sin a tharchur go comhuaineach díreach chuig an bpobal, agus nuair a dhéanann an dáileoir comharthaí na comharthaí cláriompartha a tharchur chuig an bpobal, measfar an eagraíocht chraoltóireachta agus an dáileoir comharthaí a bheith rannpháirteach in aon ghníomh cumarsáide don phobal, ar gníomh é a bhfaighidh siad údarú ó na sealbhóirí cirt ina leith. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe chun údarú a fháil ó na sealbhóirí cirt.

2.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagail 4, 5 agus 6 den Treoir seo mutatis mutandis maidir leis an gceart an t-údarú a dheonú nó a dhiúltú do dháileoirí comharthaí le haghaidh tarchuir dá dtagraítear i mír 1 arna chur i gcrích trí cheann de na meáin theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 1(3) de Threoir 93/83/CEE nó i bpointe (2) d'Airteagal 2 den Treoir seo a bheith á fheidhmiú ag na sealbhóirí cirt.

CAIBIDIL V

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 9

Leasú ar Threoir 93/83/CEE

In Airteagal 1 de Threoir 93/83/CEE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn ‘atarchur cábla’ an t-atarchur comhuaineach, neamhathraithe, agus neamhghiorraithe trí chóras cábla nó micreathoinne lena fháil ag an bpobal ar tharchur tosaigh ó Bhallstát eile, trí shreang nó thar an aer, lena n-áirítear atarchur ar shatailít nó ar chláir theilifíse nó raidió atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, gan beann ar an gcaoi a bhfaighidh oibreoir seirbhíse atarchuir cábla na comharthaí cláriompartha ón eagraíocht chraoltóireachta chun críoch atarchuir.”.

Airteagal 10

Athbhreithniú

(1)   Faoin 7 Meitheamh 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil maidir leis na príomhchinntí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Foilseofar an tuarascáil agus cuirfear ar fáil don phobal í ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

(2)   Tabharfaidh na Ballstáit, ar bhealach tráthúil, don Choimisiún an fhaisnéis atá ábhartha agus riachtanach chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú.

Airteagal 11

Foráil idirthréimhseach

Maidir le comhaontuithe a bhaineann le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do na gníomhartha maidir le saothair agus ábhar cosanta eile a chur i láthair don phobal, trí shreang nó gan sreang, agus maidir le saothair agus ábhar cosanta eile a chur ar fáil don phobal, trí shreang nó gan sreang, ar bhealach go bhféadfaidh rochtain a bheith ag comhaltaí den phobal saothair agus ábhar cosanta eile ó áit agus ag am arna roghnú acu go leithleach, a tharlaíonn le linn soláthar seirbhíse coimhdí ar líne agus do na gníomhartha atáirgthe atá riachtanach le haghaidh soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, rochtain uirthi nó úsáid na seirbhíse sin, atá i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2021, beidh siad faoi réir Airteagal 3 ón 7 Meitheamh 2023 má théann siad in éag tar éis an dáta sin.

Maidir leis na húdaruithe a fhaightear le haghaidh na ngníomhartha cumarsáide don phobal a thagann faoi Airteagal 8 agus a bheidh i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2021 beidh siad faoi réir Airteagal 8 amhail ón 7 Meitheamh 2025 má théann siad in éag tar éis an dáta sin.

Airteagal 12

Trasuí

(1)   Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 7 Meitheamh 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

(2)   Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 14

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 125, 21.4.2017, lch. 27.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Aibreán 2019.

(3)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(4)  Treoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gceart cíosa agus an gceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla (IO L 376, 27.12.2006, lch. 28).

(5)  Treoir 93/83/CEE ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1993 maidir le comhordú rialacha áirithe a bhaineann le cóipcheart agus cearta i dtaca le cóipcheart is infheidhme maidir le craoladh satailíte agus atarchur ar chábla (IO L 248, 6.10.1993, lch. 15).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos na bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1).

(7)  Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach ceart i saothair cheolmhara d'úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 84, 20.3.2014, lch. 72).

(8)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.