25.4.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

59


TREOIR (AE) 2019/633 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Laistigh de shlabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia, is gnách míchothromaíochtaí suntasacha sa chumhacht margála idir soláthróirí agus ceannaitheoirí táirgí talmhaíochta agus táirgí bia. Leis na míchothromaíochtaí sin sa chumhacht margála, is dócha go dtiocfadh cleachtais éagóracha trádála i gceist nuair a bheadh comhpháirtithe trádála móra agus níos cumhachtaí ag féachaint le cleachtais nó socruithe conarthacha áirithe a fhorchur chun a dtairbhe féin i ndáil le hidirbheart díolacháin. D'fhéadfadh na cleachtais sin a bheith, amhail, ag teacht salach ar an dea-iompar tráchtála, contrártha leis an iompar de mheon macánta agus leis an gcóirdhéileáil agus d'fheadfaí go mbeadh siad á bhforchur go haontaobhach ag comhpháirtí trádála amháin ar an gceann eile, nó d'fhéadfadh sé go n-úsáidfí iad chun aistriú riosca eacnamaíoch a fhorchur, a bheadh gan údar agus díréireach, ó chomhpháirtí trádála amháin go ceann eile; nó d'fhéadfadh sé go bhforchuirfí éagothroime shuntasach ar cheann amháin de na comhpháirtithe trádála maidir le cearta agus oibleagáidí. D'fhéadfadh sé go mbeadh éagóir fhollasach ag roinnt le cleachtais áirithe fiú sa chás ina mbeadh glacadh ag an dá pháirtí leo. Ba cheart caighdeán íosta cosanta in aghaidh cleachtais éagóracha trádála a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais chun líon na gcleachtas sin a laghdú, ar cleachtais iad ar dócha go mbeadh tionchar diúltach acu ar chaighdeáin mhaireachtála an phobail talmhaíochta. Le cur chuige an chomhchuibhithe íosta mar atá sa Treoir seo, ceadaítear do na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh nó a choinneáil lena gcumhdófaí níos mó ná na cleachtais éagóracha trádála a liostaítear sa Treoir seo.

(2)

I dtrí fhoilseachán ón gCoimisiún a eisíodh ón mbliain 2009 i leith (“Communication of the Commission of 28 October 2009 on a better functioning of the food supply chain in Europe” [“Teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2009 maidir le feidhmiú níos fearr an tslabhra soláthair bia san Eoraip”], “Communication of the Commission of 15 July 2014 on tackling unfair trading practices in the business-to-business food supply chain” [“Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2014 i ndáil le dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia gnólacht le gnólacht”] agus “Report of the Commission of 29 January 2016 on unfair business-to-business trading practices in the food supply chain” [“Tuarascáil ón gCoimisiún le cleachtais éagóracha trádála gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair bia”]), díríodh ar fheidhmiú shlabhra an tsoláthair bia, lena n-áirítear cleachtais éagóracha trádála a bheith le fáil ann. Mhol an Coimisiún gnéithe a bheadh inmhianaithe sna creataí rialachais náisiúnta agus rialachais dheonaigh maidir le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia. Níor cuireadh gach ceann de na gnéithe sin san áireamh sa chreat dlíthiúil ná sna córais rialachais dheonaigh sna Ballstáit, rud a fhágann go mbítear ag díriú ar úsáid na gcleachtas sin sa díospóireacht pholaitiúil san Aontas go fóill.

(3)

Sa bhliain 2011, d'fhormhuinigh an Fóram Ardleibhéil le haghaidh Biashlabhra a Fheidhmeoidh Níos Fearr, fóram atá faoi stiúir an Choimisiúin, tacar de prionsabail i ndáil le dea-chleachtais sa chaidreamh ingearach i slabhra an tsoláthair, arna gcomhaontú ag eagraíochtaí arb ionadaithe iad ar thromlach na n-oibreoirí i slabhra an tsoláthair bia. Ba iad na prionsabail sin ba bhonn le Tionscnamh Shlabhra an tSoláthair a seoladh in 2013.

(4)

Tugadh le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2016 maidir le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia (4) cuireadh don Choimisiún togra a chur isteach le haghaidh creat dlíthiúil de chuid an Aontais maidir le cleachtais éagóracha trádála. Thug an Chomhairle, ina conclúidí an 12 Nollaig 2016 maidir le seasamh feirmeoirí i slabhra an tsolathair bia a neartú agus dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála, cuireadh don Choimisiún tabhairt, ar bhealach prapúil, faoi mheasúnú tionchair d'fhonn creat reachtach de chuid an Aontais nó bearta neamhreachtacha a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha trádála. D'ullmhaigh an Coimisiún measúnú tionchair, tar éis dó comhairliúchán poiblí oscailte agus comhairliúcháin spriocdhírithe a reáchtáil. Ina theannta sin, le linn an phróisis reachtaigh chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil lenar léiríodh go gcomhfhreagraíonn oibreoirí móra do sciar suntasach de luach iomlán na táirgeachta.

(5)

Tá oibreoirí difriúla gníomhach i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia ag na céimeanna difriúla de tháirgí talmhaíochta agus bia a tháirgeadh, a phróiseáil, a mhargú, a dháileadh agus a mhiondíol. Tá slabhra an tsoláthair bia i bhfad níos tábhachtaí ná aon bhealach eile le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia a thabhairt “ón bhfeirm chuig an bhforc”. Trádálann na hoibreoirí sin táirgí talmhaíochta agus bia, is é sin le rá táirgí talmhaíochta príomhúla lena n-áirítear táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus le táirgí bia nach liostaítear san Iarscríbhinn sin ach a phróiseáiltear lena n-úsáid mar bhia a úsáideann táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

(6)

Cé go bhfuil riosca gnó ina chuid dhílis de gach gníomhaíocht eacnamaíoch, baineann éiginnteacht mhór leis an táirgeadh talmhaíochta go háirithe toisc go mbraitheann sé ar phróisis bhitheolaíocha agus toisc a nochta atá sí do dhálaí aimsire. Is measa fós í an éiginnteacht sin toisc táirgí talmhaíochta agus bia a bheith, a bheag nó a mhór, meatach agus séasúrach. Toisc go bhfuil i bhfad níos mó béime ar chúrsaí margaidh anois sa bheartas talmhaíochta ná a bhí san am atá thart, tá méadú tagtha ar a thábhachtaí atá cosaint in aghaidh cleachtais éagóracha trádála d'oibreoirí atá gníomhach i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia.

(7)

Is é is dóchúla, go mbeadh tionchar diúltach ag na cleachtais éagóracha trádála sin go háirithe ar chaighdeáin mhaireachtála phobal na talmhaíochta. Tuigtear gur tionchar díreach a d'fhéadfadh a bheith i gceist leis sin, toisc go mbainfeadh sé le táirgeoirí talmhaíochta agus a gcuid eagraíochtaí mar sholáthróirí, nó tuigtear freisin gur tionchar indíreach a d'fhéadfadh a bheith ann, trí “chascáidiú” iarmhairtí na gcleachtas éagórach trádála i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia ar bhealach a mbeadh tionchar diúltach aige ar na táirgeoirí príomhúla sa slabhra sin.

(8)

Tá rialacha náisiúnta sonracha i bhfeidhm i bhformhór na mBallstát, ach ní iontu uile, lena dtugtar cosaint do sholáthróirí in aghaidh cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia. I gcásanna ina bhféadfaí leas a bhaint as dlí na gconarthaí nó tionscnaimh féinrialála, bíonn teorainn le fiúntas praiticiúil na modhanna sásaimh sin mar gheall ar an eagla go mbainfí frithbheart tráchtála amach ar an ngearánach agus mar gheall ar na rioscaí airgeadais chun cleachtais den sórt sin a agóid. I dtaca le roinnt Ballstát a bhfuil rialacha sonracha i bhfeidhm acu maidir le cleachtais éagóracha trádála, cuireann siad de chúram forfheidhmiú na rialacha sin ar údaráis riaracháin. Tá éagsúlacht shuntasach le sonrú ar na rialacha atá ag na Ballstáit maidir le cleachtais éagóracha trádála, má tá siad acu in aon chor.

(9)

Tá éagsúlacht ann maidir le líon agus méid na n-oibreoirí sna céimeanna difriúla de shlabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia. Leis na difríochtaí sa chumhacht margála, a comhfhreagraíonn do spleáchas eacnamaíoch an tsoláthróra ar an gceannaitheoir, is éard is dóchúla go ndéanfadh oibreoirí móra cleachtais éagóracha trádála a fhorchur ar oibreoirí nach bhfuil chomh mór sin. Le cur chuige dinimiciúil bunaithe ar mhéid choibhneasta an tsoláthróra agus an cheannaitheora i dtéarmaí láimhdeachais, ba cheart an chosaint a thabharfaí i gcoinne cleachtais éagóracha trádála do na hoibreoirí sin is mó a bhfuil gá acu léi. Is mór an dochar a dhéanann cleachtais éagóracha trádála d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go háirithe i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia. Ba cheart cosaint a thabhairt d'fhiontair atá níos mó ná FBManna, ach nach bhfuil láimhdeachas níos mó ná EUR 350 000 000 acu i gcoinne cleachtais éagóracha trádála le nach ndéanfaí costas na gcleachtas sin a chur ar aghaidh chuig táirgeoirí talmhaíochta. Dealraíonn sé go mbíonn an éifeacht chascáideach ar tháirgeoirí talmhaíochta thar a bheith suntasach i gcás fiontar a bhfuil láimhdeachas bliantúil suas le EUR 350 000 000 acu. Agus cosaint á tabhairt do sholáthróirí idirmheánacha de tháirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear táirgí próiseáilte, féadfar cabhrú lena sheachaint freisin go ndéanfaí trádáil a atreorú ó tháirgeoirí talmhaíochta agus a gcuid comhlachas a tháirgeann táirgí próiseáilte chuig soláthróirí nach bhfuil chosaint acu.

(10)

An chosaint arna cur ar fáil ag an Treoir seo, ba cheart go dtairbheodh táirgeoirí talmhaíochta agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha a sholáthraíonn táirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear eagraíochtaí táirgeoirí, bíodh siad aitheanta nó ná bíodh, agus comhlachais d'eagraíochtaí táirgeoirí, bíodh siad aitheanta nó ná bíodh, faoi réir a gcumhacht margála faoi seach. Áirítear comharchumainn in eagraíochtaí táirgeoirí agus i gcomhlachais d'eagraíochtaí táirgeoirí. Baol ar leith atá i gcleachtais éagóracha trádála do na táirgeoirí agus do na daoine sin agus is iad is lú atá in ann na cleachtais sin a fhulaingt gan tionchar diúltach ar a n-inmharthanacht eacnamaíoch. Maidir leis na catagóirí soláthróirí ba cheart a chosaint faoin Treoir seo, is díol suntais é gur fiontair atá níos mó ná FBManna ach nach bhfuil láimhdeachas bliantúil níos mó ná EUR 350 000 000 acu iad sciar mór na gcomharchumann ar feirmeoirí iad a mbaill.

(11)

Ba cheart idirbhearta tráchtála a chumhach leis an Treoir seo, is cuma cé acu idirbhearta idir fiontair iad nó idir fiontair agus údaráis phoiblí, ós rud é gur cheart go mbeadh iachall ar údaráis phoiblí cloí leis na caighdeáin chéanna agus táirgí talmhaíochta agus bia á gceannach acu. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo d'údaráis phoiblí atá ag gníomhú mar cheannaitheoirí.

(12)

Ba cheart soláthróirí san Aontas a chosaint ní amháin i gcoinne cleachtais éagóracha trádála arna ndéanamh ag ceannaitheoirí atá bunaithe sa Bhallstát céanna mar an soláthróir nó i mBallstát eile, agus in aghaidh cleachtais éagóracha trádála arna ndéanamh ag ceannaitheoirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas freisin. Le cosaint sen sórt sin, féadfar iarmhairtí neamhbheartaithe a thiocfadh as an gcosaint a sheachaint, amhail áit bhunaithe a roghnú ar bhonn na rialacha infheidhme. Ba cheart freisin go dtairbheodh soláthróirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas de chosaint i gcoinne cleachtais éagóracha trádála nuair a bheadh táirgí talmhaíochta agus bia á ndíol acu isteach san Aontas. Ní hamháin gur dócha go bhfuil na soláthróirí sin chomh leochaileach céanna i leith na gcleachtas éagóracha trádála, ach le raon feidhme níos leithne, seachnaítear atreorú neamhbheartaithe trádála chuig soláthróirí nach bhfuil cosaint acu, rud a bhainfí leis an gcosaint a thugtar do sholáthróirí san Aontas.

(13)

Seirbhísí coimhdeacha áirithe le díol táirgí talmhaíochta agus bia, ba cheart iad a áireamh i raon feidhme na Treorach seo.

(14)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le gnó á dhéanamh ag oibreoirí móra i gcoinne oibreoirí a bhfuil cumhacht margála níos lú acu. Neaschritéar oiriúnach don chumhacht choibhneasta margála é láimhdeachas bliantúil na n-oibreoirí difriúla. D'ainneoin gur neasúchán atá ann, cuireann critéar dá shamhail intuarthacht ar fáil do na hoibreoirí maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí faoin Treoir seo. Le huasteorainn, ba cheart nach dtabharfaí cosaint d'oibreoirí nach bhfuil leochaileach nó atá i bhfad níos leochailí ná a gcomhpháirtithe beaga nó a n-iomaitheoirí beaga. Dá bhrí sin, leis an Treoir seo, bunaítear catagóirí d'oibreoirí ar catagóirí arna mbunú ar láimhdeachas iad.

(15)

Ós rud é go bhféadann cleachtais éagóracha trádála a bheith ann ag céim ar bith de dhíolachán táirge talmhaíochta nó bia, roimh idirbheart díolacháin, lena linn nó ina dhiaidh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na cleachtais sin gach uair a úsáidtear iad.

(16)

Nuair atáthar ag cinneadh cé acu a mheastar nó nach meastar cleachtas trádála ar leith a bheith éagórach, tá sé tábhachtach laghdú a dhéanamh ar an riosca go gcuirfí teorainn leis an úsáid a bhaintear as comhaontuithe a dtagann páirtithe orthu atá cóir agus a gcruthaítear éifeachtúlacht leo. Mar sin, is cuí idirdhealú a dhéanamh idir cleachtais dá bhforáiltear i dtéarmaí atá glan soiléir i gcomhaontuithe soláthair nó i gcomhaontuithe ina dhiaidh sin idir páirtithe agus cleachtais a úsáidtear tar éis thús an idirbhirt agus nár comhaontaíodh roimh ré, ionas nach gcuirfear toirmeasc ach ar athruithe aontaobhacha aisghníomhacha ar na téarmaí glan soiléir sin a bhí sa chomhaontú soláthair. Meastar cleachtais trádála áirithe a bheith éagórach de bharr a gcineáil féin, áfach, agus níor cheart iad a bheith faoi réir shaoirse chonarthach na bpáirtithe.

(17)

Nuair a chuirtear moill ar íocaíocht as táirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear íocaíochtaí déanacha i leith táirgí meatacha, agus nuair nach dtugtar ach fógra gearr tráth a gcuirtear ordú de tháirgí meatacha ar ceal, fágann sin drochiarmhairt ar inmharthanacht eacnamaíoch an tsoláthróra agus gan aon bhuntáiste le fáil aige lena cúiteamh. Is ceart, dá bhrí sin, cosc a chur ar chleachtais den sórt sin. Ós amhlaidh atá, is iomchuí sainmhíniú a thabhairt ar an rud is táirgí meatacha talmhaíochta agus bia ann chun críocha na Treorach seo. Ó tharla gur dírithe ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta bia atá na sainmhínithe a thugtar sa chuid sin de ghníomhartha eile an Aontais a bhaineann le dlí an bhia, ní fheileann a leithéidí do chríocha na Treorach seo. Is ceart táirge a mheas mar tháirge 'meatach' más inmheasta nach indíolta é tráth nach déanaí ná 30 lá ó ghníomh deiridh buana, táirgthe nó próiseála an tsoláthróra, is cuma cé acu a dhéantar nó nach ndéantar tuilleadh próiseála ar an táirge tar éis a dhíolta, is cuma cé acu a chaitear nó nach gcaitear leis an táirge tar éis a dhíolta i gcomhréir le rialacha eile, go háirithe rialacha sábháilteachta bia. Déantar táirgí meatacha a úsáid nó a dhíol go tapa de ghnáth. Íocaíochtaí as táirgí meatacha a dhéantar níos déanaí ná 30 lá tar éis a seachadta, nó 30 lá tar éis dheireadh na tréimhse seachadta arna comhaontú i gcás táirgí a sheachadtar ar bhonn rialta, nó 30 lá tar éis an dáta a bhunaítear an méid is iníoctha, ní íocaíochtaí iad atá ag luí leis an trádáil chóir. D'fhonn cosaint níos fearr a chur ar fáil d'fheirmeoirí agus dá gcuid leachtachta, níor cheart go mbeadh ar sholáthróirí táirgí eile talmhaíochta agus bia fanacht níos mó ná 60 lá tar éis an tseachadta lena bheith íoctha, ná 60 lá tar éis dheireadh tréimhse seachadta arna comhaontú i gcás táirgí a sheachadtar ar bhonn rialta, ná 60 lá tar éis an dáta a bhunaítear an méid is iníoctha.

Níor cheart feidhm a bheith ag na srianta sin ach amháin maidir le híocaíochtaí a bhaineann le díol táirgí talmhaíochta agus bia, agus ní maidir le híocaíochtaí eile, mar shampla íocaíochtaí breise ó chomharchumann lena mbaill. I gcomhréir le Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ba cheart go bhféadfaí an dáta a shocraítear an méid is iníoctha do thréimhse seachadta arna comhaontú a mheas, chun críocha na Treorach seo, mar dháta eisiúna an tsonraisc, nó an dáta a bhfuair an ceannaitheoir an sonrasc.

(18)

Na forálacha maidir le tréimhsí íocaíochta déanacha a leagtar síos sa Treoir seo, is rialacha sonracha iad maidir leis an earnáil talmhaíochta agus earnáil an bhia i ndáil leis na forálacha maidir le tréimhsí íocaíochta a leagtar amach i Treoir 2011/7/AE. Níor cheart do na forálacha maidir le tréimhsí íocaíochta déanacha difear a dhéanamh do chomhaontuithe maidir le clásail chomhroinnte luacha de réir bhrí Airteagal 172a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). D'fhonn a áirithiú go ndéanfar feidhmiú rianúil na scéime scoile a de bhun Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, na forálacha maidir le híocaíocht dhéanach a leagtar síos sa Treoir seo, níor cheart go mbeadh feidhm acu maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag ceannaitheoir (amhail iarratasóir ar chabhair) le soláthróir i gcreat na scéime scoile. Agus na deacrachtaí atá ag eintitis phoiblí a chuireann cúram sláinte ar fáil tosaíochtaí a shocrú ar bhealach ina mbaintear amach cothromaíocht idir riachtanais na n-othar agus na hacmhainní airgeadais á gcur san áireamh, níor cheart feidhm a bheith ach an oiread ag na forálacha seo maidir le heintitis phoiblí a sholáthraíonn cúram sláinte de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 4(4) de Threoir 2011/7/AE.

(19)

Tá tréithe speisialta ag na fíonchaora agus ag an úrfhíon don táirgeadh fíona toisc nach mbailítear na fíonchaora ach amháin le linn tréimhse fhíor-theoranta den bhliain, ach úsáidtear iad chun fíon a tháirgeadh nach ndíolfar, i roinnt cásanna, go ceann tamall fada. Chun freastal ar an gcás speisialta sin, go traidisiúnta d'fhorbair eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe conarthaí caighdeánacha do sholáthar táirgí den chineál sin. Le conarthaí caighdeánacha den chineál sin, déantar foráil do spriocdhátaí sonracha íocaíochta le tráthchodanna. Toisc go n-úsáideann soláthróirí agus ceannaitheoirí na conarthaí caighdeánacha seo le haghaidh socruithe ilbhliantúla, soláthraítear leo slándáil na gcaidreamh fadtéarmach díolacháin do na táirgeoirí talmhaíochta, agus ní amháin sin ach cuirtear freisin le cobhsaíocht shlabhra an tsoláthair leo. I gcás ina bhfuil conarthaí caighdeánacha den chineál sin arna dtarraingt aníos ag eagraíocht aitheanta táirgeoirí, ag eagraíochtaidirchraoibhe nó ag comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, agus tá na conarthaí sin ina gceangal ag an mBallstát faoi Airteagal 164 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (“síneadh”) roimh an 1 Eanáir 2019, nó i gcás ina n-athnuann an Ballstát an síneadh sin de na conarthaí caighdeánacha gan athruithe suntasacha ar na téarmaí íocaíochta a bheadh ina míbhuntáiste do sholáthróirí fíonchaora agus úrfhíona, níor cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le híocaíocht dhéanach a leagtar síos leis an Treoir seo i ndáil le conarthaí den chineál sin idir soláthróirí fíonchaora agus úrfhíona do tháirgeadh fíona agus a gceannaitheoirí díreacha. Is gá do na Ballstáit na comhaontuithe faoi seach ó eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí, ó eagraíochtaí idirchraoibhe agus ó chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a chur ar an eolas don Choimisiún faoi Airteagal 164 (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(20)

Ba cheart fógraí cealaithe de níos lú ná 30 lá do tháirgí meatacha a mheas míchothrom, toisc nach mbeadh an soláthróir in ann áit eile a aimsiú do na táirgí sin. Do tháirgí in earnálacha eile, áfach, d'fhéadfadh tréimhsí cealaithe níos giorra ná sin dóthain ama a fhágáil do sholáthróirí na táirgí a dhíol in áiteanna eile nó iad a úsáid iad féin. Dá bhrí sin, ba cheart go ligfí do na Ballstáit foráil a dhéanamh do thréimhsí cealaithe níos giorra do na hearnálacha sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

(21)

Níor cheart do cheannaitheoirí níos láidre téarmaí comhaontaithe conartha a athrú go haontaobhach, amhail táirgí a chumhdaítear le comhaontú soláthair a bhaint de liosta. Níor cheart feidhm a bheith aige, áfach, i gcásanna ina bhfuil comhaontú idir soláthróir agus ceannaitheoir ina luaitear go sonrach gur féidir leis an gceannaitheoir eilimint nithiúil den idirbheart a shonrú tráth níos déanaí i ndáil le horduithe a bheidh ann amach anseo. D'fhéadfaí go mbeadh baint aige sin leis an méid a ordaítear, mar shampla. Ní thugtar comhaontú i gcrích ag an am céanna do na gnéithe ar fad den idirbheart idir an soláthróir agus an ceannaitheoir.

(22)

Ba cheart do sholáthróirí agus ceannaitheoirí táirgí talmhaíochta agus bia a bheith in ann caibidlíocht shaor a dhéanamh i ndáil le hidirbheart díolacháin, lena n-áirítear an praghas. Áirítear sa chaibidlíocht den sórt sin íocaíochtaí ar sheirbhísí arna dtabhairt ag an gceannaitheoir don soláthróir, amhail liostáil, margaíocht agus cur chun cinn. I gcás ina ngearrann ceannaitheoir íocaíochtaí ar an soláthróir nach mbaineann le hidirbheart shonrach díolacháin, áfach, ba cheart go meastar go bhfuil sé sin míchothrom agus ba cheart é a thoirmeasc faoi chuimsiú na Treorach.

(23)

Cé nár cheart go mbeadh aon oibleagáid ann conarthaí i scríbhinn a úsáid, d'fhéadfaí go gcuidítear le cleachtais éagóracha trádála ar leith a sheachaint trí chonarthaí scríofa a úsáid i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia. Dá bhrí sin, chun soláthróirí a chosaint ó na cleachtais éagóracha sin, ba cheart go mbeadh sé de cheart ag soláthróirí nó ag a gcomhlachais dearbhú i ndail le téarmaí comhaontaithe soláthair i scríbhinn a iarraidh i gcás inar comhaontaíodh na téarmaí sin cheana. I gcásanna den chineál sin, dá ndiúltódh ceannaitheoir deimhniú i scríbhinn ar théarmaí an chomhaontaithe soláthair a thabhairt, ba cheart go meastar gur cleachtas éagórach trádála é sin agus ba cheart é a thoirmeasc. Ina theannta sin, d'fhéadfadh na Ballstáit dea-chleachtas a aithint, a roinnt agus a chur chun cinn, ar dea-chleachtas é a bhaineann le conarthaí fadtéarmacha agus lena ndírítear ar shuíomh caibidlíochta táirgeoirí i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia a neartú.

(24)

Leis an Treoir seo, ní dhéantar na rialacha maidir le dualgas an dearfa atá le cur i bhfeidhm sna himeachtaí os comhair na n-údarás náisiúnta forfheidhmithe a chomhchuibhiú, agus ní dhéantar leis an sainmhíniú ar chomhaontuithe soláthair a chomhchuibhiú. Dá bhrí sin, i dtaca le dualgas an dearfa agus an sainmhíniú ar chomhaontuithe soláthair, is iad na rialacha atá i ndlí náisiúnta na mBallstát is infheidhme.

(25)

Faoi chuimsiú na Treorach seo, ba cheart do sholáthróirí a bheith in ann gearáin a dhéanamh i gcoinne cleachtais éagóracha trádála. Ba cheart frithbheart tráchtála arna dhéanamh ag ceannaitheoirí i gcoinne feidhmiú cheart na soláthróraí nó bagairt de, amhail deireadh a chur le seirbhísí ar leith a chuireann an ceannaitheoir ar fáil don soláthróir amhail an mhargaíocht nó cur chun cinn tháirgí an tsoláthróra a thoirmeasc agus ba cheart go gcaithfí leis mar chleachtas éagórach tráchtála.

(26)

De ghnáth is é an ceannaitheoir a íocfaidh as na costais a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus bia a stocáil, a thaispeáint nó a liostáil, nó na táirgí sin a chur ar an margadh. Mar thoradh air sin, faoi chuimsiú na Treorach seo, ba cheart go dtoirmeasctar íocaíocht ar na seirbhísí sin a ghearradh ar sholáthróir atá le híoc don cheannaitheoir nó do thríú páirtí, ach amháin má chomhaontaítear an íocaíocht i dtéarmaí soiléire gan débhrí tráth a chuirtear an comhaontú soláthair i gcrích nó i gcomhaontú ina dhiaidh sin idir an ceannaitheoir agus an soláthróir. I gcás ina gcomhaontaítear íocaíocht den chineál sin, ba cheart go mbeadh sé bunaithe ar mheastacháin chuspóireacha réasúnta.

(27)

Chun go measfaí gur cothrom iad na ranníocaíochtaí ó sholáthróir leis na costais a bhaineann le cur chun cinn, le margaíocht nó le fógairt na dtáirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear taispeántais chur chun cinn i siopaí agus feachtais dhíolacháin, ba cheart go gcomhaontaítear iad i dtéarmaí soiléire gan débhrí tráth a chuirtear an comhaontú soláthair i gcrích nó i gcomhaontú ina dhiaidh sin idir an ceannaitheoir agus an soláthróir. Mura ndéantar amhlaidh, ba cheart go dtoirmeasctar iad faoi chuimsiú na Treorach seo. I gcás ina gcomhaontaítear ranníocaíocht den chineál sin, ba cheart e a bheith bunaithe ar mheastacháin chuspóireacha réasúnta.

(28)

Ba cheart do na Ballstáit údaráis forfheidhmithe a ainmniú chun forfheidhmiú éifeachtach na dtoirmeasc a leagtar síos sa Treoir seo a áirithiú. Ba cheart do na húdaráis sin a bheith in ann gníomhú ar a dtionscnamh féin nó ar bhonn gearán ó pháirtithe a ndéanann cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia, gearáin arna ndéanamh ag sceithrí nó gearáin anaithnide difear dóibh. D'fhéadfadh go measann údarás forfheidhmithe nach bhfuil forais leordhóthanacha ann chun gníomhú ar ghearán. D'fhéadfadh cinneadh den chineál sin a bheith mar thoradh ar thosaíochtaí riaracháin. Má mheasann an t-údarás forfheidhmithe nach mbeidh sé in ann tosaíocht a thabhairt don ghearán, ba cheart dó sin a chur in iúl don ghearánaí agus na cúiseanna leis sin a thabhairt. I gcás ina n-iarrfaidh gearánach go gcoinneofaí a aitheantas faoi rún de bharr eagla go mbainfí díoltas tráchtála amach, ba cheart d'údaráis forfheidhmithe na mBallstát na bearta iomchuí a dhéanamh.

(29)

I gcás ina mbíonn níos mó ná údarás forfheidhmithe amháin ag an mBallstát, ba cheart dó aon phointe teagmhála amháin a ainmniú d'fhonn comhar éifeachtach i measc na n-údarás forfheidhmithe agus comhar leis an gCoimisiún a éascú.

(30)

D'fhéadfaí go mbeadh sé níos éasca ar na soláthróirí gearáin a thaisceadh le húdarás forfheidhmithe a Bhallstáit féin, mar sampla ar chúiseanna teanga. I dtéarmaí an fhorfheidhmithe, áfach, d'fhéadfadh sé a bheith níos éifeachtaí gearán a dhéanamh le húdarás forfheidhmithe an Bhallstáit ina bhfuil an ceannaitheoir bunaithe. Ba cheart rogha a thabhairt do sholáthróirí faoin údarás lenar mhaith leo na gearáin a thaisceadh.

(31)

I dtaca le gearáin ó eagraíochtaí táirgeoirí, ó eagraíochtaí eile soláthróirí agus ó chomhlachais ina bhfuil a leithéidí d'eagraíochtaí, lena n-áirítear eagraíochtaí ionadaíocha, is féidir lena leithéid aitheantais ball aonair den eagraíocht a chosaint a mheasann go bhfuil tionchar ag cleachtais éagóracha trádála orthu. Eagraíochtaí eile a bhfuil leas dlisteanach acu chun ionadaíocht a dhéanamh ar sholáthróirí, ba cheart an ceart a bheith acu gearáin a thaisceadh, arna iarraidh sin do sholáthróir agus thar cheann an tsoláthróra, ar choinníoll gur daoine dlítheanacha neamhbhrabúsacha neamhspleácha iad na heagraíochtaí sin. Dá bhrí sin, ba cheart d'údaráis forfheidhmithe na mBallstát bheith in ann glacadh le gearáin a dhéanann na heintitis sin agus gníomhú ina leith, agus cearta nós imeachta an cheannaitheora á gcosaint acu ag an am céanna.

(32)

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar forfheidhmithe éifeachtach ar an toirmeasc atá ar chleachtais éagóracha trádála, is ceart go mbeadh ag an údarás forfheidhmithe ainmnithe na hacmhainní agus an saineolas is gá chun sin a dhéanamh.

(33)

Ba cheart d'údaráis forfheidhmithe na mBallstát na cumhachtaí riachtanacha agus an saineolas riachtanach a bheith acu chun imscrúduithe a dhéanamh. Ní hionann chumhachtú na n-údarás agus a rá go bhfuil sé d'oibleagáid orthu na cumhachtaí sin a úsáid i ngach imscrúdú a dhéanfaidh siad. Le cumhachtaí na n-údarás forfheidhmithe ba cheart, mar shampla, go gcuirtear ar a gcumas faisnéis fhíorasach a bhailiú go héifeachtach agus ba cheart d'údaráis forfheidhmithe an chumhacht a bheith acu chun cleachtas toirmiscthe a fhoircheannadh, i gcás inarb infheidhme.

(34)

Trí dhíspreagadh a bheith ann, amhail an chumhacht chun imeachtaí a fhorchur, nó a thionscnamh, mar shampla imeachtaí cúirte, chun fíneálacha, agus pionóis eile atá chomh héifeachtach a fhorchur nó a thionscnamh, agus chun torthaí imscrúdaithe a fhoilsiú, lena n-áirítear faisnéis maidir le sáruithe arna ndéanamh ag ceannaitheoirí a fhoilsiú, is féidir athruithe iompraíochta agus réitigh réamhdhlíthíochta a spreagadh idir na páirtithe agus, dá bhrí sin, ba cheart sin a bheith ar chumhachtaí na n-údarás forfheidhmithe. Is breá éifeachtach athchomhairleach an rud é fíneálacha a ghearradh. Ach ba cheart don údarás forfheidhmithe a bheith in ann cinneadh a dhéanamh i ndail le gach imscrúdú lena mbaineann cé acu dá chumhachtaí a fheidhmeoidh sé agus cé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé fíneáil nó pionós eile atá chomh héifeachteach céanna a fhorchur nó a thionscnamh.

(35)

Is ceart feidhmiú na gcumhachtaí a bhronntar ar na húdaráis forfheidhmithe de bhun na Treorach seo a bheith faoi réir coimircí iomchuí a shásaíonn caighdeáin na bprionsabal ginearálta atá i ndlí an Aontais agus i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnach an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear urraim do chearta cosanta an cheannaitheora.

(36)

Ba cheart don Choimisiún agus d'údaráis forfheidhmithe na mBallstát dul i mbun dlúthchomhair le chéile chun a áirithiú go nglacfaí cur chuige coiteann i leith chur i bhfeidhm na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo. Go háirithe, ba cheart do na húdaráis forfheidhmithe cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile, mar shampla trí fhaisnéis a chomhroinnt agus trí chabhrú le himscrúduithe a bhfuil gné trasteorann ag baint leo.

(37)

Chun forfheidhmiú éifeachtach a éascú, ba cheart don Choimisiún cabhrú le cruinnithe rialta a eagrú idir údaráis forfheidhmithe na mBallstát, ar lena linn is féidir faisnéis ábhartha, dea-chleachtais, forbairtí nua, cleachtais fhorfheidhmiúcháin agus moltaí i ndáil le cur i bhfeidhm na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir seo a chomhroinnt.

(38)

Chun na malartuithe sin a éascú, ba cheart don Choimisiún suíomh gréasáin poiblí a bhunú ar a bhfuil tagairtí do na húdaráis forfheidhmithe náisiúnta lena n-áirítear faisnéis faoi bhearta náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo.

(39)

Toisc go bhfuil rialacha náisiúnta maidir le cleachtais éagóracha trádála i bhfeidhm i bhformhór na mBallstát, cé go bhfuil difríochtaí ann sna rialacha sin, is cuí Treoir a úsáid chun íoschaighdeán cosanta a thabhairt isteach faoi dhlí an Aontais. Leis sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann na rialacha ábhartha a chomhtháthú ina ndlíchóras náisiúnta ar bhealach lena bhféadfaí córais chomhtháite a bhunú. Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit rialacha náisiúnta níos doichte a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach ar a gcríoch féin, rialacha dá bhforáiltear leibhéal cosanta níos airde a thabhairt in aghaidh cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia, faoi réir na dteorainneacha de chuid dhlí an Aontais is infheidhme maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ar choinníoll go bhfuil rialacha den sórt sin comhréireach.

(40)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialacha náisiúnta a choimeád nó a thabhairt isteach chun dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála nach bhfuil laistigh de raon feidhme na Treorach seo, faoi réir na dteorainneacha de chuid dhlí an Aontais is infheidhme maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar choinníoll go bhfuil rialacha den sórt sin comhréireach. D'fhéadfadh na rialacha náisiúnta sin dul níos faide ná a bhfuil sa Treoir seo, amhail i ndáil le méid na gceannaitheoirí agus na soláthróirí, cosaint na gceannaitheoirí, raon na dtáirgí agus raon na seirbhísí. D'fhéadfadh rialacha náisiúnta dul níos faide freisin ó thaobh líon agus cineál na gcleachtas éagórach trádála a liostaítear sa Treoir seo.

(41)

Bheadh feidhm ag na rialacha náisiúnta sin mar aon le bearta deonacha rialachais, amhail cóid náisiúnta iompair nó Tionscnamh Shlabhra an tSoláthair. Ba cheart úsáid a leithéid de bhearta deonacha malartacha um réiteach díospóide idir soláthróirí agus ceannaitheoirí á spreagadh go sainráite, gan dochar don cheart atá ag an soláthróir gearáin a dhéanamh nó dul chun na gcúirteanna dlí sibhialta.

(42)

Ba cheart don Choimisiún forbhreathnú a bheith aige ar chur chun feidhme na Treorach seo sna Ballstáit. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún bheith in ann éifeachtacht na Treorach seo a mheas. Chuige sin, ba cheart d'údaráis forfheidhmithe na mBallstát tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Leis na tuarascálacha sin, ba cheart faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil a sholáthar, i gcás inarb infheidhme, i ndáil le gearáin, imscrúduithe agus cinntí a rinneadh. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an oibleagáid tuairiscithe a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(43)

Ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach a dhéanamh ar an mbeartas maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia, ba cheart don Choimisiún cur i bhfeidhm na Treorach seo a athbhreithniú agus tuarascáil ina leith a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Ba cheart éifeachtacht na mbeart náisiúnta lena ndírítear ar chleachtais éagóracha trádála a chomhrac i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia a mheas san athbhreithniú sin, go háirithe, chomh maith le héifeachtúlacht an chomhair idir na húdaráis forfheidhmithe. Ina theannta sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt san athbhreithniú sin ar an mbeadh údar le cosaint a thabhairt amach anseo do cheannaitheoirí táirgí talmhaíochta agus bia i slabhra an tsoláthair, de bhreis ar na soláthróirí a chosaint. Ba cheart tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí.

(44)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon íoschaighdeán cosanta de chuid an Aontais a leagan síos trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar na bearta éagsúla sin de chuid na mBallstát a bhaineann le cleachtais éagóracha trádála a ghnóthú go leordhóthanach agus de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   D'fhonn cleachtais a chomhrac a imíonn go mór ó dhea-iompar tráchtála, a thagann salach ar mheon macánta agus ar chóirdhéileáil agus a ghearrann comhpháirtí trádála amháin go haontaobhach ar chomhpháirtí eile, leis an Treoir seo, bunaítear liosta íosta de chleachtais éagóracha trádála atá toirmiscthe i gcaidrimh idir ceannaitheoirí agus soláthróirí i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia agus leagtar síos rialacha íosta maidir le forfheidhmiú na dtoirmeasc sin agus socruithe le haghaidh an chomhordaithe idir údaráis forfheidmithe.

2.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le cleachtais éagóracha trádála áirithe a úsáidtear nuair atá táirgí talmhaíochta agus bia á ndíol ag:

(a)

soláthróirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 2 000 000 acu le ceannaitheoirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 2 000 000 acu;

(b)

soláthróirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 2 000 000 agus nach mó ná EUR 10 000 000 acu le ceannaitheoirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 10 000 000 acu;

(c)

soláthróirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 10 000 000 agus nach mó ná EUR 50 000 000 acu le ceannaitheoirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 50 000 000 acu;

(d)

soláthróirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 50 000 000 agus nach mó ná EUR 150 000 000 acu le ceannaitheoirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 150 000 000 acu;

(e)

soláthróirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 150 000 000 agus nach mó ná EUR 350 000 000 acu le ceannaitheoirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 350 000 000 acu.

Tuigfear láimhdeachas bliantúil na soláthróirí agus na gceannaitheoirí dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) den chéad fhomhír i gcomhréir leis na codanna ábhartha den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (8) agus go háirithe le hAirteagail 3, 4 agus 6 de, lena n-áirítear na sainmhínithe ar “fiontar féinrialaitheach”, “fiontar comhpháirtíochta”, “fiontar nasctha” agus saincheisteanna eile a bhaineann leis an láimhdeachas bliantúil.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, tá feidhm ag an Treoir seo i ndáil le táirgí talmhaíochta agus bia á ndíol ag soláthraithe a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 350 000 000 acu do cheannaitheoirí uile nach údaráis phoiblí iad.

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le díolacháin ina bhfuil an soláthróir nó an ceannaitheoir, nó an bheirt acu, bunaithe san Aontas.

Tá feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le seirbhísí, a mhéid a thagraítear dóibh go sainráite in Airteagal 3, a sholáthraíonn an ceannaitheoir don soláthróir.

Níl feidhm ag an Treoir seo i dtaca le comhaontuithe arna ndéanamh idir soláthróirí agus ceannaitheoirí.

3.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le comhaontuithe soláthair a thabharfar i gcrích tar éis dháta theacht i bhfeidhm na mbeart lena dtrasuitear an Treoir seo i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 13(1).

4.   I dtaca le haon chomhaontú soláthair a thabharfar i gcrích roimh dháta foilsithe na mbeart lena dtrasuítear an Treoir seo i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 13(1), déanfar na comhaontuithe sin a thabhairt i gcomhréir leis an Treoir seo tráth nach déanaí ná 12 mhí ón dáta foilsithe sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “táirgí talmhaíochta agus bia” táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE chomh maith le táirgí nach liostaítear san Iarscríbhinn sin, ach a phróiseáiltear lena n-úsáid mar bhia a úsáideann na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn sin;

(2)

ciallaíonn “ceannaitheoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, is cuma cén áit a bhfuil an duine sin bunaithe, nó aon údarás poiblí san Aontas, a cheannaíonn táirgí talmhaíochta agus bia; féadfaidh an téarma “ceannaitheoir” grúpa de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha den sórt sin a chuimsiú;

(3)

ciallaíonn “údarás poiblí” údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas ina bhfuil údarás amháin nó níos mó nó comhlacht amháin nó níos mó faoi rialú an dlí phoiblí;

(4)

ciallaíonn “soláthróir” aon táirgeoir talmhaíochta nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhíolann táirgí talmhaíochta agus bia, is cuma cén áit a bhfuil an duine sin bunaithe; féadfaidh an téarma “soláthróir” grúpa de tháirgeoirí talmhaíochta den sórt sin nó grúpa de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha den sórt sin, amhail eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí soláthróirí, agus comhlachais ina bhfuil eagraíochtaí den sórt sin, a chuimsiú;

(5)

ciallaíonn “táirgí meatacha talmhaíochta agus bia” táirgí talmhaíochta agus bia ar dócha, i ngeall ar a gcineál nó ar staid na próiseála ag a bhfuil siad, nach mbeifear in ann iad a dhíol laistigh de 30 lá ó baineadh, ó táirgeadh, nó ó próiseáladh iad.

Airteagal 3

Toirmeasc ar chleachtais éagóracha trádála

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh toirmeasc ar na cleachtais éagóracha trádála seo a leanas ar fad, ar a laghad:

(a)

íocann an ceannaitheoir an soláthróir,

(i)

i gcás ina ndéanann comhaontú soláthair foráil chun táirgí a sheachadadh ar bhonn rialta:

do tháirgí meatacha talmhaíochta agus bia, tráth is déanaí ná 30 lá ó dheireadh na tréimhse seachadta a comhaontaíodh ina ndearnadh an seachadadh, nó tráth is déanaí ná 30 lá féilire ón dáta ar a socraíodh an tsuim is iníoctha don tréimhse seachadta sin, cibé acu den dá dáta sin is déanaí;

do tháirgí talmhaíochta agus bia eile, tráth is déanaí ná 60 lá ó dheireadh na tréimhse seachadta a comhaontaíodh ina ndearnadh an seachadadh, nó tráth is déanaí ná 60 lá ón dáta ar a socraíodh an tsuim is iníoctha don tréimhse seachadta sin, cibé acu den dá dáta sin is déanaí;

chun críocha na dtréimhsí íocaíochta sa phointe seo, measfar in aon chás nach rachaidh na tréimhsí seachadta a comhaontaíodh thar aon mhí amháin;

(ii)

i gcás nach ndéantar foráil sa chomhaontú soláthair do tháirgí a sheachadadh ar bhonn rialta:

do tháirgí meatacha talmhaíochta agus bia, tráth is déanaí ná 30 lá ón dáta seachadta nó tráth is déanaí ná 30 lá ón dáta ar a socraíodh an tsuim is iníoctha, cibé acu den dá dáta sin is déanaí;

do tháirgí talmhaíochta agus bia eile, tráth is déanaí ná 60 lá ón dáta seachadta nó tráth is déanaí ná 60 lá ón dáta ar a socraíodh an tsuim is iníoctha, cibé acu den dá dáta sin is déanaí.

D'ainneoin phointí (i) agus (ii) den phointe seo, i gcás ina socraíonn an ceannaitheoir an tsuim is iníoctha:

tosóidh na tréimhsí íocaíochta dá dtagraítear i bpointe (i) ó dheireadh tréimhse seachadta a comhaontaíodh ina ndearnadh an seachadadh; agus

tosóidh na tréimhsí íocaíochta dá dtagraítear i bpointe (ii) ón dáta seachadta;

(b)

déanann an ceannaitheoir orduithe táirgí meatacha talmhaíochta agus bia a chealú le fógra atá chomh gearr sin nach féidir a bheith ag súil le réasún go n-aimseodh an soláthróir bealach eile chun brabús a dhéanamh ar na táirgí sin nó chun na táirgí sin a úsáid; measfar i gcónaí gur fógra gearr é fógra de níos lú na 30 lá; féadfaidh na Ballstáit tréimhsí níos gaire ná 30 lá a leagan síos d'earnálacha sonracha i gcásanna a bhfuil údar cuí leo;

(c)

déanann an ceannaitheoir athrú aontaobhach ar théarmaí an chomhaontaithe soláthair do thárigí talmhaíochta agus bia maidir le minicíocht, modh, áit, am nó méid soláthair nó seachadta na dtáirgí talmhaíochta nó bia, maidir leis na caighdeáin cháilíochta, maidir leis na téarmaí íocaíochta nó maidir leis na praghsanna nó i ndáil leis an soláthar seirbhísí a mhéid a thagraítear dóibh go sainráite i mír 2;

(d)

maidir le híocaíochtaí nach mbaineann le táirgí talmhaíochta agus bia an tsoláthróra a dhíol, ceanglaíonn an ceannaitheoir ar an soláthróir iad a íoc;

(e)

maidir le meath nó caillteanas a chuaigh ar na táirgí talmhaíochta agus bia a tharla ar áitreabh an cheannaitheora nó aistriodh úinéireacht don ceannaitheora agus nach é faillí ná locht an tsoláthróra is cúis leis an meath nó caillteanas, ceanglaíonn an ceannaitheoir ar an soláthróir íoc as an meath nó caillteanas sin, nó as an dá rud;

(f)

diúltaíonn an ceannaitheoir dearbhú i scríbhinn a thabhairt ar théarmaí comhaontaithe soláthair idir an ceannaitheoir agus an soláthróir agus ar iarr an soláthróir dearbhú i scríbhinn ina leith;ní bheidh feidhm aige i gcás ina mbaineann an comhaontú soláthair le táirgí atá le seachadadh ag eagraíocht táirgeoirí, lena n-áirítear ball comharchumainn, don c eagraíocht táirgeoirí ina bhfuil an soláthróir ina bhall, más rud é go bhfuil forálacha i reachtanna na heagraíochta táirgeoirí sin nó i rialacha agus i gcinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin, nó a thagann astu, ar forálacha iad a bhfuil éifeachtaí comhchosúla acu agus atá ag téarmaí an chomhaontaithe soláthair;

(g)

faigheann, úsáideann nó nochtann an ceannaitheoir rúin trádála de chuid an tsoláthróra go neamhdhleathach de réir bhrí Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(h)

bagraíonn an ceannaitheoir go ndéanfaidh sé, nó déanann sé, gníomhartha frithbheartaíochta tráchtála i gcoinne soláthróra má fheidhmíonn an soláthróir sin a chearta conarthacha nó a chearta dlíthiúla, lena n-áirítear trí ghearán a dhéanamh le húdaráis forfheidhmithe nó trí chomhoibriú leis na húdaráis forfheidhmithe le linn imscrúdaithe;

(i)

iarrann an ceannaitheoir cúiteamh ar an soláthróir as an gcostas a bhaineann le scrúdú a dhéanamh ar ghearáin ó chustaiméirí i ndáil le táirgí arna ndíol de chuid an tsoláthróra cé nach bhfuil aon fhaillí nó locht ann ó thaobh an tsoláthróra.

Ní dochar an toirmeasc a luaitear i bpointe (a) den chéad fhomhír:

do na hiarmhairtí a bhaineann le híocaíochtaí déanacha agus leigheasanna mar atá leagtha síos i dTreoir 2011/7/AE, a mbeidh feidhm aici, de mhaolú ar na tréimhsí íocaíochta a leagtar amach sa Treoir sin, ar bhonn na dtréimhsí íocaíochta a leagtar amach sa Treoir seo;

don rogha atá ag an gceannaitheoir agus ag an soláthróir clásal comhroinnte luacha a chomhaontú de réir bhrí Airteagal 172a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

An toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige maidir le híocaíochtaí:

arna ndéanamh ag ceannaitheoir le soláthróir i gcás ina ndéantar íocaíochtaí den sórt sin faoi chuimsiú na scéime scoile de bhun Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

arna ndéanamh ag eintitis phoiblí a sholáthraíonn cúram sláinte poiblí de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 4(4) de Threoir 2011/7/AE:

faoi chomhaontuithe soláthair idir soláthróirí fíonchaor nó úrfhíona le haghaidh fíon a tháirgeadh agus a gceannaitheoirí díreacha, ar choinníoll:

(i)

go bhfuil na téarmaí sonracha íocaíochta d'idirbhearta díola ar áireamh i gconarthaí caighdeánacha a rinneadh an Ballstát conarthaí ceangailteacha díobh de bhun Airteagal 164 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 roimh 1 Eanáir 2019, agus go ndéanann na Ballstáit síneadh na gconarthaí caighdeánacha a athnuachan ón dáta sin gan aon athruithe suntasacha ar na téarmaí íocaíochta chun míbhuntáiste na soláthróirí fíonchaor nó úrfhíona; agus

(ii)

gur comhaontuithe soláthair ilbhliantúla iad na conarthaí idir soláthróirí fíonchaor nó úrfhíona le haghaidh fíona a tháirgeadh agus a gceannaitheoirí díreacha, sin nó go dtiocfaidh na conarthaí sin le bheith ina gconarthaí ilbhliantúla.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh toirmeasc ar na cleachtais trádála seo a leanas ar a laghad, mura ndearnadh iad a chomhaontú roimhe sin i dtéarmaí atá glan soiléir sa chomhaontú soláthair nó in aon chomhaontú ina dhiaidh sin idir an soláthróir agus an ceannaitheoir:

(a)

cuireann an ceannaitheoir táirgí talmhaíochta agus bia neamhdhíolta ar ais chuig an soláthróir gan íoc as na táirgí neamhdhíolta sin nó gan íoc as diúscairt na dtáirgí sin, nó gan íoc as ceachtar den dá rud sin;

(b)

gearrtar íocaíocht ar an soláthróir mar choinníoll chun a tháirgí talmhaíochta agus bia a stocáil, a chur ar taispeáint nó a liostú, nó chun na táirgí sin a chur ar fáil ar an margadh;

(c)

iarrann an ceannaitheoir ar an soláthróir costas nó cuid den chostas a thabhú a bhaineann le lascainí ar tháirgí talmhaíochta agus bia arna ndíol ag an gceannaitheoir mar chuid de phromóisean;

(d)

iarrann an ceannaitheoir ar an soláthróir íoc as fógraíocht a dhéanann an ceannaitheoir i ndáil leis na táirgí talmháiochta agus bia;

(e)

iarrann an ceannaitheoir ar an soláthróir íoc as an margaíocht a dhéanann an ceannaitheoir i ndáil le táirgí talmhaíochta agus bia;

(f)

gearrann an ceannaitheoir íocaíocht ar an holáthróir as áitreabh a fheistiú chun táirgí an tsoláthróra a dhíol.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cosc ar an gcleachtas trádála dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír mura sonróidh an ceannaitheoir, roimh thús aon phromóisean atá á thionscnamh ag an gceannaitheoir, tréimhse an phromóisin agus an chainníocht de na táirgí talmhaíochta agus bia a bhfuiltear le ordú ag an bpraghas lascainithe.

3.   I gcás ina n-iarrfaidh an ceannaitheoir íocaíocht as na cásanna dá dtagraítear i bpointí (b), (c), (d), (e) nó (f) den chéad fhomhír de mhír 2, tabharfaidh an ceannaitheoir don soláthróir, má iarrann an soláthróir air é, meastachán i scríbhinn ar na híocaíochtaí in aghaidh an aonaid nó ar na híocaíochtaí iomlána, cibé acu is iomchuí, agus a mhéid a bhaineann na cásanna dá dtagraítear i bpointí (b), (d), (e) nó (f) den chéad fhomhír de mhír 2 le hábhar, tabharfaidh sé dó freisin, i scríbhinn, meastachán ar na costais agus an bonn leis an meastachán sin.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit gur forálacha éigeantacha sáraitheacha a bheidh sna toirmisc a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 agus go mbeidh siad infheidhme maidir le haon chás a thagann faoi raon feidhme na dtoirmeasc sin, beag beann ar an dlí is infheidhme de ghnáth maidir leis an gcomhaontú soláthair idir na páirtithe.

Airteagal 4

Údaráis forfheidhmithe ainmnithe

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás amháin nó níos mó chun na toirmisc a leagtar síos in Airteagal 3 a fhorfheidhmiú ar leibhéal náisiúnta (“údarás forfheidhmithe”), agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin ainmniúchán sin.

2.   Má ainmníonn an Ballstát níos mó ná údarás forfheidhmithe amháin ar a chríoch, ainmneoidh sé aon phointe teagmhála amháin don chomhar i measc na n-údarás forfheidhmithe agus don chomhar leis an gCoimisiún.

Airteagal 5

Gearáin agus rúndacht

1.   Féadfaidh soláthróirí gearáin a chur faoi bhráid údarás forfheidhmithe an Bhallstáit ina bhfuil an soláthróir bunaithe nó faoi bhráid údarás forfheidhmithe an Bhallstáit ina bhfuil an ceannaitheoir bunaithe a bhfuiltear in amhras faoi gur ghabh sé de cleachtas trádála a bhfuil toirmeasc air. An t-údarás forfheidhmithe sin ar cuirtear an gearán chuige, beidh sé inniúil na toirmisc a leagtar síos in Airteagal 3 a fhorfheidhmiú.

2.   Eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí eile de sholáthróirí, agus comhlachais d'eagraíochtaí den sórt sin, beidh sé de cheart acu gearán a thíolacadh arna iarraidh sin dá mbaill amháin nó nios mó, nó nuair is iomchuí, arna iarraidh sin do bhaill amháin nó nios mó a gcuid ball eagraíochtaí, ar dóigh lena mbaill nó le baill dá gcuid ball go bhfuil siad thíos le cleachtas éagórach trádála. Eagraíochtaí eile a bhfuil leas dlisteanach acu chun ionadaíocht a dhéanamh ar sholáthróirí, beidh sé de cheart acu gearáin a dhéanamh thar ceann soláthróra agus ar a iarraidh don soláthróir sin, ar choinníoll gur daoine dlítheanacha neamhbhrabúsacha neamhspleácha iad na heagraíochtaí sin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n-iarrann an gearánaí sin, go nglacfaidh an t-údarás forfheidhmithe aon bhearta is gá chun an chosaint iomchuí a thabhairt do chéannacht an ghearánaigh nó na mball nó na soláthróirí dá dtagraítear i mír 2 agus an chosaint iomchuí aon fhaisnéis eile a measann an gearánaí ina leith gur dhíobhálach do leas an ghearánaigh nó na mball nó na soláthróirí a bheadh sé dá ndéanfaí faisnéis den chineál sin a nochtadh. Aon fhaisnéis dá n-iarrann an gearánaí rúndacht, déanfaidh é an fhaisnéis sin a shainaithint.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an t-údarás forfheidhmithe a fhaigheann gearán an gearánaí ar an eolas faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe aige déileáil leis an ngearán laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis an gearán a fháil.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina measfaidh an t-údarás forfheidhmithe nach bhfuil foras leordhóthanach ann le gníomhú ar ghearán, go gcuirfidh sé na cúiseanna leis sin in iúl don ghearánaí laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis an gearán a fháil.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina measfaidh an t-údarás forfheidhmithe go bhfuil foras leordhóthanach ann chun gníomhú ar an ngearán, imscrúdú an ghearánaí a thionscnamh, a sheoladh agus a thabhairt i gcrích laistigh de thréimhse réasúnach ama.

7.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú i gcás ina measann an t-údarás forfheidhmithe gur sháraigh ceannaitheoir na toirmisc dá dtagraítear in Airteagal 3, go gcuirfidh sé de cheangal ar an gceannaitheoir deireadh a chur leis an gcleachtas trádála atá faoi thoirmeasc.

Airteagal 6

Cumhachtaí na n-údarás forfheidhmithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag gach ceann dá n-údaráis forfheidhmithe na hacmhainní riachtanacha chun a ndualgas a chomhlíonadh agus tabharfaidh siad na cumhachtaí seo a leanas dóibh:

(a)

an chumhacht imscrúduithe a thionscnamh agus a sheoladh, ar a dtionscnamh féin nó ar bhonn gearáin;

(b)

an chumhacht ceangal a chur ar cheannaitheoirí agus ar sholáthróirí an fhaisnéis riachtanach ar fad a sholáthar chun imscrúduithe a dhéanamh ar na cleachtais trádála atá toirmiscthe;

(c)

an chumhacht cigireachtaí ar an láthair gan fógra a dhéanamh faoi chuimsiú a gcuid imscrúduithe, i gcomhréir leis na rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta;

(d)

an chumhacht cinntí a dhéanamh go raibh sárú ann ar na toirmisc a leagtar síos in Airteagal 3 agus ceangal a chur ar an gceannaitheoir deireadh a chur leis an gcleachtas trádála atá toirmiscthe; féadfaidh an t-údarás staonadh ó chinneadh ar bith den sórt sin a dhéanamh i gcás ina mbeadh an riosca ann de thoradh an chinnidh sin go nochtfaí aitheantas gearánaí nó go nochtfaí aon fhaisnéis eile a measann an gearánaí go ndéanfaí dochar dá leasanna dá nochtfaí í, agus ar choinníoll gur chuir an gearánaí an fhaisnéis sin in iúl i gcomhréir le hAirteagal 5(3);

(e)

an chumhacht imeachtaí a fhorchur, nó a thionscnamh le haghaidh fíneálacha, agus pionóis agus bearta eatramhacha eile a bheadh chomh héifeachtach céanna, a fhorchur ar údar an tsáraithe, i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta;

(f)

an chumhacht a gcinntí i ndáil le pointí (d) agus (e) a fhoilsiú ar bhonn rialta.

Beidh na pionóis dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus tabharfar aird iontu ar chineál, fad, atarlú agus tromchúis an tsáraithe.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir coimircí iomchuí i dtaca le cearta cosanta, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta atá i ndlí an Aontais agus i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear i gcásanna ina n-éilíonn an gearánaí gur de bhun Airteagal 5(3) a chaithfí lena chuid faisnéise ar bhealach rúnda.

Airteagal 7

Réiteach díospóide malartach

Gan dochar do cheart na soláthróirí gearáin a dhéanamh faoi Airteagal 5, ná do na cumhachtaí atá ag na húdarás forfheidhmithe faoi Airteagal 6, féadfaidh na Ballstáit úsáid dheonach sásraí malartacha éifeachtacha neamhspleácha um réiteach díospóide a chur chun cinn, amhail idirghabháil, d'fhonn díospóidí a réiteach idir soláthróirí agus ceannaitheoirí maidir le cleachtais éagóracha trádála arna ndéanamh ag an gceannaitheoir.

Airteagal 8

Comhar idir údaráis forfheidhmithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh údaráis forfheidhmithe i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún go héifeachtach, agus go dtabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile in imscrúduithe a bhfuil gné trasteorann ag baint leo.

2.   Tiocfaidh na húdaráis forfheidhmithe le chéile uair sa bhliain ar a laghad chun cur i bhfeidhm na Treorach seo a phlé, ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Pléifidh na húdaráis forfheidhmithe dea-chleachtais, cásanna nua agus forbairtí nua i réimse na gcleachtas éagórach trádála i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia, agus malartóidh siad faisnéis, go háirithe maidir leis na bearta cur chun feidhme a ghlac siad i gcomhréir leis an Treoir seo agus maidir lena gcleachtais forfheidhmiúcháin. Féadfaidh na húdaráis forfheidhmithe moltaí a ghlacadh mar spreagadh chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach agus chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiúchán. Éascóidh an Coimisiún na cruinnithe sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún suíomh gréasáin a bhunú agus a bhainistiú lena bhféadfar faisnéis a mhalartú idir na húdaráis forfheidhmithe agus leis an gCoimisiún, go háirithe i dtaca leis na cruinnithe bliantúla. Bunóidh an Coimisiún suíomh gréasáin poiblí lena bhforáiltear sonraí teagmhála na n-údarás forfheidhmithe ainmnithe agus naisc chuig suíomhanna gréasáin na n-údarás forfheidhmithe náisiúnta nó údaráis eile na mBallstát lena bhforáiltear faisnéis faoi na bearta lena dtrasuítear an Treoir seo dá dtagraítear in Airteagal 13(1).

Airteagal 9

Rialacha náisiúnta

1.   D'fhonn leibhéal níos airde cosanta a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit rialacha níos déine a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála a leagtar síos sa Treoir seo, ar choinníoll go mbeidh na rialacha náisiúnta sin ag teacht leis na rialacha a bhaineann le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

2.   Beidh an Treoir seo gan dochar do rialacha náisiúnta arb é is aidhm dóibh dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála nach gcuimsítear faoi raon na Treorach seo, ar choinníoll go mbeidh na rialacha sin ag teacht leis na rialacha a bhaineann le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 10

Tuairisciú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh a n-údaráis forfheidhmithe tuarascáil bhliantúil faoi na gníomhaíochtaí sin dá gcuid a chuimsítear faoi raon na Treorach seo, ina mbeidh, inter alia, cur síos ar líon na ngearán a fuarthas agus uimhir na n-imscrúduithe a seoladh nó ar cuireadh críoch leo le linn na bliana roimhe sin. I gcás gach imscrúdaithe ar cuireadh críoch leis, beidh tuairisc achomair sa tuarascáil ar ábhar agus ar thoradh an imscrúdaithe agus, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh a rinneadh, faoi réir na gceanglas rúndachta a leagtar síos in Airteagal 5(3).

2.   Faoin 15 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia. Cuimseofar go háirithe sa tuarascáil sin na sonraí ábhartha uile faoi chur i bhfeidhm agus forfheidhmiú na rialacha faoin Treoir seo sa Bhallstát lena mbaineann i rith na bliana roimhe.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an méid a leanas:

(a)

rialacha maidir leis an bhfaisnéis is gá chun mír 2 a chur i bhfeidhm;

(b)

socruithe le haghaidh an fhaisnéis atá le seoladh ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún a bhainistiú agus rialacha maidir le hinneachar agus foirm na faisnéise sin;

(c)

socruithe le haghaidh faisnéis agus doiciméid a tharchur chuig na Ballstáit, eagraíochtaí idirnáisiúnta, na húdaráis inniúla i dtríú tíortha nó an pobal, nó le haghaidh faisnéis agus doiciméid a chur ar fáil dóibh, faoi réir sonraí pearsanta a chosaint chomh maith le leas dlisteanach táirgeoirí talmhaíochta agus fiontair a rún gnó a chosaint.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta a bunaíodh le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 12

Meastóireacht

1.   Faoin 1.11.2025, déanfaidh an Coimisiún an chéad mheastóireacht ar an Treoir seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar phríomhthátail an mheastóireacht sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus don Choiste na Réigiún. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí.

2.   Sa mheastóireacht, beidh measúnú ar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

a éifeachtaí atá na bearta arna gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta ó thaobh dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia;

(b)

a éifeachtaí atá an comhar idir údaráis forfheidhmithe inniúla agus, i gcás inarb iomchuí, sainaithneoidh na bealaí ina bhféadfaí feabhas a chur ar an gcomhar sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a bhunú ar na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Más gá, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ó na Ballstáit, lena n-áirítear faisnéis maidir lena éifeachtaí a bhí na bearta a cuireadh chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, agus maidir lena éifeachtaí a bhí an comhar agus an cúnamh frithpháirteach.

4.   Faoin 1.11.2021 tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach ar staid a trasuite agus a cur chun feidhme do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 13

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 1.5.2021. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 1.11.2021.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 15

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 165.

(2)  IO C 387, 25.10.2018, lch. 48.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019(nár foilsíodh go fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(4)  IO C 86, 6.3.2018, lch. 40.

(5)  Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO L 48, 23.2.2011, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Moladh ón gCoimisiún 2003/361/CE an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(9)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).