27.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

66


CINNEADH (AE) 2019/504 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Márta 2019

lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, de dhroim tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) agus Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, i.e. ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)

Maidir leis an gcomhaontú um tharraingt siar, mar a comhaontaíodh ag na hidirbheartuithe, tá socruithe ann maidir le forálacha dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndiaidh an dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe. Má thagann an comhaontú sin i bhfeidhm, beidh feidhm ag Treoir (AE) 2018/2002 (3), lena leasaítear Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa augs ón gComhairle (4), agus ag Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse i gcomhréir leis an gcomhaontú sin agus scoirfidh an reachtaíocht sin d'fheidhm a bheith aici ag deireadh na tréimhse sin.

(3)

Le hAirteagal 3(5) de Threoir 2012/27/AE, a tugadh isteach le Treoir (AE) 2018/2002, ceanglaítear ar na Ballstáit rannchuidithe táscacha náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh de 32,5 % ar a laghad a shocrú ionsar spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030. Agus na rannchuidithe sin á socrú acu, tá na Ballstáit le tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030 ó thaobh tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus/nó deiridh a chur san áireamh.

(4)

Leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2018/1999, ceanglaítear ar na Ballstáit tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030 ó thaobh tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus/nó deiridh a chur san áireamh ina rannchuidithe táscacha náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh ionsar spriocanna an Aontais. I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 29(3) den Rialachán sin, tá tomhaltas fuinnimh ar leibhéal an Aontais ábhartha, freisin, don mheasúnú ón gCoimisiún ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo spriocanna an Aontais a bhaint amach le chéile.

(5)

Mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, is gá na figiúirí tomhaltais fuinnimh réamh-mheasta don Aontas in 2030 a leasú chun Aontas ina bhfuil 27 mBallstát, gan an Ríocht Aontaithe a áireamh, (“AE27”) a léiriú. Léirítear sna réamh-mheastacháin a rinneadh ar phríomhspriocanna an Aontais de 32,5 % ar a laghad gur cheart tomhaltas fuinnimh phríomhúil a bheith cothrom le 1 273 milliún tona de choibhéis ola (Mtoe) agus gur cheart tomhaltas fuinnimh deiridh a bheith cothrom le 956 Mtoe in 2030 le haghaidh Aontas ina bhfuil 28 mBallstát. Léirítear sna réamh-mheastacháin choibhéiseacha le haghaidh AE27 gur cheart tomhaltas fuinnimh phríomhúil a bheith cothrom le 1 128 Mtoe agus gur cheart tomhaltas fuinnimh deiridh a bheith cothrom le 846 Mtoe in 2030. Dá bharr sin, ní mór na figiúirí do na leibhéil tomhaltais fuinnimh in 2030 a leasú.

(6)

Tá na réamh-mheastacháin chéanna ar an tomhaltas fuinnimh in 2030 ábhartha freisin d'Airteagal 6 agus Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle (6), tá scor cur i bhfeidhm gníomhartha, ar scor é atá socraithe ar dháta ar leith, le tarlú ar dhul in éag uair dheireanach an lae a thiteann ar an dáta sin. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón dáta a leanann an dáta a scoirfidh Treoir 2012/27/AE agus Rialachán (AE) 2018/1999 d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2012/27/AE agus Rialachán (AE) 2018/1999 a leasú dá réir sin.

(9)

Chun ullmhúchán a dhéanamh gan mhoill do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Threoir 2012/27/AE

In Airteagal 3 de Threoir 2012/27/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Socróidh gach Ballstát rannchuidithe táscacha náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh ionsar spriocanna 2030 an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Treoir seo i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). Agus na rannchuidithe sin á socrú acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh nach bhféadfaidh tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030 a bheith níos mó ná 1 128 Mtoe i gcás fuinneamh príomhúil agus/nó nach bhféadfaidh sé a bheith níos mó ná 846 Mtoe i gcás fuinneamh deiridh. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na rannchuidithe sin don Choimisiún mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear sa nós imeachta de bhun Airteagal 3 agus Airteagal 7 go hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus i gcomhréir leis an nós imeachta sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1999

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Ina rannchuidiú táscach náisiúnta féin maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do 2030 agus don bhliain deiridh den tréimhse atá cumhdaithe le haghaidh na bpleananna náisiúnta ina dhiaidh sin de bhun phointe (b)(1) d'Airteagal 4, déanfaidh gach Ballstát a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2012/27/AE, nach bhfuil tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2020 le bheith os cionn 1 483 Mtoe d'fhuinneamh príomhúil ná a bheith os cionn 1 086 Mtoe d'fhuinneamh deiridh agus nach bhfuil tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030 le bheith os cionn 1 228 Mtoe d'fhuinneamh príomhúil agus/ná a bheith os cionn 846 Mtoe d'fhuinneamh deiridh.”;

(2)

in Airteagal 29(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn atá á dhéanamh le chéile i dtreo tomhaltas fuinnimh uasta 1 128 Mtoe i gcás fuinneamh príomhúil, agus 846 Mtoe i gcás fuinneamh deiridh, a bhaint amach ar leibhéal an Aontais in 2030 i gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Threoir 2012/27/AE.”.

Airteagal 3

Teorainneacha ama

Ní dochar Airteagal 1 agus Airteagal 2 den Chinneadh seo do na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2002 agus in Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 3ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 1 agus Airteagal 2 ón dáta a leanann an dáta a scoirfidh Treoir 2012/27/AE agus Rialachán (AE) 2018/1999 d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe.

Airteagal 5

Seolaithe

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 23 Eanáir 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Márta 2019.

(3)  Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210).

(4)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(6)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1).