16.12.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 422/1


Ráiteas ón gCoimisiúin

(2019/C 422/01)

Tá an Coimisiún den tuairim, i bhfianaise na sábháilteachta ar bhóithre, chosaint an tomhaltóra, an laghdaithe dramhaíola agus an gheilleagair chiorclaigh, go bhfuil sé tábhachtach tástáil a dhéanamh ar bhoinn, ní hamháin agus iad nua ach i gcás boinn chaite freisin. Chuige sin, tacóidh an Coimisiún le prótacail tástála iomchuí a fhorbairt i gcomhthéacs fhóram domhanda na Náisiún Aontaithe maidir le rialacháin feithicle a chomhchuibhiú. Mura bhfuil an próiseas sin curtha i gcrích faoi mhí Iúil 2023 áfach, tá sé mar rún ag an gCoimisiún reachtaíocht shonrach de chuid an Aontais a mholadh lena gcumhdaítear, go sonrach, tástáil a dhéanamh ar bhoinn atá caite.