7.12.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

14


RIALACHÁN (AE) 2018/1861 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Samhain 2018

maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) agus (d) agus Airteagal 79(2)(c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is uirlis riachtanach Córas Faisnéise Schengen (SIS) chun forálacha acquis Schengen, arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, a chur i bhfeidhm. Tá SIS ar cheann de na mórbhearta cúiteacha a rannchuidíonn le hardleibhéal slándála a choimeád i limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais trí thacú le comhar eagraíochtúil idir na húdaráis inniúla náisiúnta, go háirithe gardaí teorann, na póilíní, údaráis chustaim, údaráis inimirce, agus údaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú.

(2)

Cuireadh SIS ar bun den chéad uair de bhun fhorálacha Theideal IV de Choinbhinsiún an 19 Meitheamh 1990 chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (2) (an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme) a chur chun feidhme. Cuireadh forbairt an dara glúin de SIS (SIS II) faoi chúram an Choimisiúin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2424/2001 ón gComhairle (3) agus Chinneadh 2001/886/CGB ón gComhairle (4). Bunaíodh é níos déanaí le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus le Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle (6). Ghlac SIS II ionad SIS a cruthaíodh de bhun an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme.

(3)

Trí bliana tar éis SIS II a thabhairt i bhfeidhm, rinne an Coimisiún meastóireacht ar an gcóras i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le Cinneadh 2007/533/JHA. Ar an 21 Nollaig 2016, thíolaic an Coimisiún an tuarascáil ar Mheastóireacht ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) i gcomhréir le hAirteagal 24(5), Airteagal 43(3) agus Airteagal 50(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le hAirteagalz*59(3) agus Airteagal 66(5) de Chinneadh 2007/533/CGB agus le Doiciméad Inmheánach Oibre do Parlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a ghabhann leo. Ba cheart na moltaí atá leagtha amach sna doiciméid sin a léiriú, de réir mar is iomchuí, sa Rialachán seo.

(4)

Is é an Rialachán seo an bunús dlí do SIS i dtaca le hábhair a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), is é an bunús dlí é do SIS i dtaca le hábhair a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí CFAE.

(5)

Cé go bhfuil an bunús dlí do SIS comhdhéanta d'ionstraimí ar leithligh ní dhéanann sin difear don phrionsabal gur córas amháin faisnéise é SIS ar cheart feidhmiú mar aon chóras amháin. Ba cheart go n-áireofaí leis sin líonra aonair oifigí náisiúnta, Biúrónna SIRENE a thugtar ar na hoifigí sin, chun malartú faisnéise forlíontaí a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh forálacha áirithe de chuid na n-ionstraimí comhionann le chéile.

(6)

Is gá cuspóirí SIS, gnéithe áirithe den ailtireacht theicniúil a ghabhann leis agus den mhaoiniú ina leith a shonrú, rialacha a leagan síos maidir lena oibriú agus lena úsáid ó cheann go ceann agus a chuid freagrachtaí a shainiú. Is gá freisin na catagóirí sonraí atá le hiontráil sa chóras, cad chuige a bhfuil na sonraí sin á n-iontráil agus á bpróiseáil, agus na critéir a ghabhann lena n-iontráil a chinneadh. Tá gá le rialacha freisin chun rialacha maidir le foláirimh a scriosadh, na húdaráis atá údaraithe chun rochtain a fháil ar na sonraí, an úsáid a bhainfear as sonraí bithmhéadracha, agus rialacha breise maidir le cosaint sonraí agus próiseáil sonraí a chinneadh.

(7)

Ní chuirtear i bhfoláirimh SIS ach an fhaisnéis is gá chun duine a shainaithint agus an ghníomhaíocht a bheidh le déanamh. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit faisnéis fhorlíontach a mhalartú a bhaineann le foláirimh nuair is gá.

(8)

Cuimsíonn SIS lárchóras (SIS Láir) agus córais náisiúnta. D'fhéadfadh cóip iomlán nó cóip pháirteach de bhunachar sonraí SIS a bheith iontu, ar féidir a bheith roinnte idir dhá Bhallstát nó níos mó. De bhrí gurb é SIS an ionstraim mhalartaithe faisnéise is tábhachtaí dá bhfuil san Eoraip chun an tslándáil agus bainistiú teorainneacha éifeachtach a áirithiú, ní mór a áirithiú go n-oibríonn sé gan bhriseadh gan bhearnú ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart go mbeadh an fháil a bhíonn ar SIS faoi réir dlúthfhaireacháin ar an leibhéal lárnach agus ar leibhéal na mBallstát agus más rud é nach mbíonn sé ar fáil d'úsáideoirí deiridh, ba cheart sin a chlárú agus a thuairisciú do gheallsealbhóirí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Ba cheart do gach Ballstát cúltaca a bhunú dá chóras náisiúnta féin. Ba cheart do na Ballstáit nascacht gan bhriseadh gan bhearnú a áirithiú le SIS Láir trí phointí nasctha dúbailte, scartha óna chéile go fisiciúil agus go geografach, a bheith acu. Ba cheart SIS Láir agus an Bonneagar Cumarsáide a oibriú ar shlí a áiritheoidh go bhfeidhmeoidh siad 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine. Ar an gcúis sin, ba cheart don Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (“eu-LISA”), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) réitigh theicniúla a chur chun feidhme chun atreisiú a dhéanamh ar SIS a bheith ar fáil gan bhriseadh gan bhearnú, faoi réir measúnú tionchair agus anailís costais agus tairbhe neamhspleách.

(9)

Is gá lámhleabhar a choimeád ina leagtar amach na rialacha mionsonraithe a ghabhann le malartú faisnéise forlíontaí i dtaca leis an ngníomhaíocht a éilítear de thoradh foláireamh (“an Lámhleabhar SIRENE”). Ba cheart do na Biúrónna SIRENE a áirithiú gur go gasta, éifeachtúil a mhalartaítear an fhaisnéis sin.

(10)

Chun malartú éifeachtúil faisnéise forlíontaí a áirithiú, lena n-áirítear i dtaca leis an mbeart atá sonraithe sna foláirimh agus nach mór a dhéanamh, is iomchuí feidhmiú Bhiúrónna SIRENE a neartú trí shonrú a dhéanamh ar na ceanglais i dtaca le hacmhainní atá ar fáil, i dtaca le hoiliúint úsáideoirí agus i dtaca leis an am freagartha i leith fiosrúcháin a fhaightear ó Bhiúrónna SIRENE eile.

(11)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na scileanna teanga agus an t-eolas is gá, maidir leis an dlí ábhartha agus rialacha nós imeachta, ag foireann a mBiúró SIRENE chun a gcúraimí a chur i gcrích.

(12)

Chun tairbhe iomlán a bhaint as feidhmiúlachtaí SIS, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfaighidh úsáideoirí deiridh agus foireann Bhiúrónna SIRENE oiliúint rialta, lena n-áirítear maidir le slándáil sonraí agus cosaint sonraí, agus maidir le cáilíocht sonraí. Ba cheart do Bhiúrónna SIRENE a bheith rannpháirteach maidir le cláir oiliúna a fhorbairt. A mhéid is féidir, ba cheart do Bhiúrónna SIRENE foráil a dhéanamh maidir le malartuithe foirne le Biúrónna eile SIRENE uair sa bhliain, ar a laghad. Moltar do na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh chun nach gcaillfear scileanna ná taithí trí iomlaoid foirne.

(13)

Is é eu-LISA a fheidhmíonn bainistiú oibríochtúil chomhchodanna lárnacha SIS. Chun a chur ar chumas eu-LISA na hacmhainní riachtanacha airgeadais agus daonna a chlúdaíonn gach gné de bhainistiú oibríochtúil SIS Láir agus den Bhonneagar Cumarsáide a chur ar fáil, ba cheart a cuid cúraimí a leagan amach go mionsonraithe sa Rialachán seo, go háirithe maidir leis na gnéithe teicniúla a bhaineann le malartú faisnéise forlíontaí.

(14)

Gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit i ndáil le cruinneas na sonraí a iontráiltear in SIS, ná don ról a bheidh ag Biúrónna SIRENE mar chomhordaitheoirí cáilíochta, ba cheart do eu-LISA a bheith freagrach as cáilíocht sonraí a neartú trí uirlis lárnach faireacháin cáilíochta sonraí a thabhairt isteach agus as tuarascálacha a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit go tráthrialta. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le saincheisteanna a bhaineann le cáilíocht sonraí. Chun cur le cáilíocht na sonraí atá in SIS, ba cheart do eu-LISA oiliúint a thairiscint freisin, do chomhlachtaí náisiúnta oiliúna agus, a mhéid is féidir, do Bhiúrónna SIRENE agus d'úsáideoirí deiridh, maidir le SIS a úsáid.

(15)

Le gur féidir faireachán níos fearr a dhéanamh ar úsáid SIS chun anailís a dhéanamh ar threochtaí a bhaineann le brú imirce agus bainistiú teorainneacha, ba cheart eu-LISA a bheith in ann acmhainneacht úrscothach a fhorbairt chun staidreamh a thuairisciú do na Ballstáit, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún, do Europol agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta gan sláine sonraí a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart lárstóras a bhunú. Níor cheart staidreamh a choinnítear sa stóras nó a fhaightear as an stóras a áireamh orthu sin aon sonraí pearsanta. Ba cheart do na Ballstáit staidreamh a chur in iúl maidir le feidhmiú an chirt chun rochtain a fháil ar shonraí míchruinne, agus chun iad a cheartú, agus chun sonraí atá á stóráil go neamhdhleathach a léirscriosadh faoi chuimsiú comhair idir na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faoin Rialachán seo.

(16)

Ba cheart catagóirí breise sonraí a thabhairt isteach in SIS le go bhféadfaidh úsáideoirí deiridh cinntí eolasacha a dhéanamh ar bhonn foláirimh gan aon am a chailleadh. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis a bhaineann leis an gcinneadh ar a bhfuil an foláireamh bunaithe a bheith sna foláirimh ar chun críche teacht isteach agus fanacht a dhiúltú iad. Ar a bharr sin, chun an tsainaithint a éascú agus chun cásanna ina mbeadh céannachtaí éagsúla in úsáid a bhrath, i gcás go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil, ba cheart tagairt do doiciméad aitheantais phearsanta an té lena mbaineann nó don uimhir aitheantais phearsanta agus cóip den doiciméad sin, daite más féidir, má tá a leithéid ar fáil, a áireamh san fholáireamh.

(17)

Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann, i gcás ina mbeidh géarghá leis, faisnéis shonrach a chur in SIS a bhaineann le saintréithe fisiceacha, oibiachtúla, sonracha duine nach bhfuil faoi réir athrú, amhail tatúnna, marcanna nó coilm.

(18)

I gcás ina bhfuil siad ar fáil, ba cheart na sonraí ábhartha go léir, go háirithe céadainm an té lena mbaineann, a chur isteach nuair a bheidh foláireamh á chruthú d'fhonn an baol a ghabhann le hamais bhréige agus gníomhaíochtaí oibríochtúla neamhriachtanacha a íoslaghdú.

(19)

Níor cheart aon sonraí a úsáidtear le haghaidh cuardach a dhéanamh a stóráil in SIS seachas logaí a choimeád chun a fhíorú an bhfuil an cuardach dleathach, chun faireachán a dhéanamh ar dhleathacht próiseála sonraí, chun féinfhaireachán a dhéanamh nó chun feidhmiú iomchuí na córais náisiúnta a áirithiú agus, chomh maith leis sin, ar mhaithe le sláine agus slándáil sonraí.

(20)

Ba cheart do SIS próiseáil sonraí bithmhéadracha a cheadú chun cúnamh a thabhairt maidir le sainaithint iontaofa na ndaoine aonair lena mbaineann. Níor cheart grianghraif, íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha a iontráil ná a úsáid in SIS ach amháin a mhéid is gá le haghaidh na gcuspóirí a bhíonn á saothrú; ba cheart an iontráil nó an úsáid sin a bheith údaraithe le dlí an Aontais, ba cheart cearta bunúsacha a údarú leis, lena n-áirítear leas an linbh, agus ba cheart é a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear na forálacha ábhartha maidir le cosaint sonraí arna leagan síos sa Rialachán seo. Ar an dóigh chéanna, chun aon chiotaí a sheachaint a leanfadh a sainaithint go mícheart, ba cheart go bhféadfaí, le SIS, sonraí a phróiseáil a bhaineann le daoine aonair ar mí-úsáideadh a gcéannacht, ach sin a bheith faoi réir coimircí oiriúnacha, agus toiliú an té lena mbaineann i gcás gach catagóire sonraí, agus i gcás loirg dhearnan go háirithe, agus teorainn dhian ar na críocha ar chucu is féidir sonraí den sórt sin a phróiseáil go dleathach.

(21)

Ba cheart do na Ballstáit an socrú teicniúil is gá a dhéanamh ionas go ndéanfaidh úsáideoirí deiridh, gach uair a bheidh siad i dteideal cuardach a dhéanamh i mbunachar sonraí náisiúnta póilíneachta nó inimirce, cuardach in SIS freisin go comhuaineach faoi réir na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ba cheart go n-áiritheodh sé sin go bhfeidhmeoidh SIS mar an príomhbheart cúiteach sa limistéar gan aon rialuithe ag teorainneacha inmheánacha agus ba cheart, dá bharr, go ndéanfaí aghaidh a thabhairt, ar bhealach níos fearr, ar an ngné thrasteorann den choiriúlacht agus ar shoghluaisteacht coirpeach.

(22)

Na coinníollacha a bhaineann le sonraí dachtalascópacha, grianghraif, agus íomhánna den aghaidh a úsáid chun críocha sainaithint agus fíorú a dhéanamh, ba cheart iad a leagan amach sa Rialachán seo. Níor cheart íomhánna den aghaidh ná grianghraif a úsáid ar an gcéad ásc chun críocha sainaithint a dhéanamh ach i gcomhthéacs pointí rialta trasnaithe teorann. Ba cheart úsáid mar sin a bheith faoi réir tuarascáil ón gCoimisiún lena ndeimhnítear infhaighteacht, iontaofacht agus ullmhacht na teicneolaíochta.

(23)

Ba cheart cead a thabhairt sraitheanna iomlána nó neamhiomlána méarlorg nó lorg dearnan, a aimsítear ar láthair coire, a sheiceáil leis na sonraí dachtalascópacha atá stóráilte in SIS i gcás inar féidir a shuí, go hardleibhéal dóchúlachta, gur le déantóir na coire tromchúisí nó le déantóir an chiona sceimhlitheoireachta iad, ar choinníoll go ndéantar cuardach go comhuaineach sna bunachair sonraí méarlorg náisiúnta ábhartha. Ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar bhunú caighdeán cáilíochta a bheidh infheidhme maidir le sonraí bithmhéadracha.

(24)

I gcás nach féidir céannacht an duine a fhionnadh ar aon mhodh eile, ba cheart sonraí dachtalascópacha a úsáid chun an duine a shainaithint. Ba cheart gur ceadmhach i ngach cás duine a shainaithint trí shonraí dachtalascópacha a úsáid.

(25)

Ba cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit naisc a bhunú idir foláirimh in SIS. Níor cheart aon tionchar a bheith ag bunú nasc idir dhá fholáireamh nó níos mó ar an ngníomhaíocht atá le cur i gcrích, ar thréimhse athbhreithnithe na bhfoláireamh ná ar na cearta chun rochtain a fháil ar na foláirimh.

(26)

Is féidir leibhéal níos mó éifeachtachta, comhchuibhiúcháin agus comhsheasmhachta a bhaint amach trína chur faoi deara go bhfuil sé éigeantach go ndéanfaidh údaráis inniúla náisiúnta gach toirmeasc ar theacht isteach a iontráil in SIS i gcomhréir le nósanna imeachta lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus trí chomhrialacha a leagan síos maidir le foláirimh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú a iontráil tar éis an náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais. Ba cheart do na Ballstáit gach beart a dhéanamh is gá chun a áirithiú nach bhfuil aon bhearna ama ann idir an tráth a n-imíonn an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ó limistéar Schengen agus an tráth a ngníomhachtaítear an foláireamh in SIS. Ba cheart go n-áiritheodh an méid sin go bhforghníomhaítear toirmeasc ar theacht isteach ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha, rud a chuirfeadh cosc go praiticiúil le hateacht isteach i limistéar Schengen.

(27)

Daoine a ndéantar cinneadh ina leith maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú, ba chóir an ceart a bheith acu achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin. Leis an gceart achomhairc sin, ba cheart Treoir 2008/115/CE a chomhlíonadh i gcás ina mbaineann na cinntí le filleadh.

(28)

Ba cheart go ndéanfaí rialacha éigeantacha a leagan síos leis an Rialachán seo, is é sin rialacha maidir le dul i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta agus fógra a thabhairt dóibh i gcás ina sealbhaíonn, nó ina bhféadfadh sé go shealbhódh, náisiúnach tríú tír cead bailí cónaithe, nó víosa fadfhanachta, arna n-eisiúint i mBallstát amháin agus ina mbeartaíonn Ballstát eile foláireamh maidir le teacht isteach nó fanacht a dhiúltú don náisiúnach tríú tír a iontráil maidir leis an náisiúnach sin nó i gcás ina mbíonn foláireamh den sórt sin iontráilte ag an mBallstát eile cheana. Cruthaíonn staideanna den sórt sin éiginnteacht mhór do ghardaí teorann, do phóilíní agus d'údaráis inimirce. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hamscála éigeantach le haghaidh comhairliúchán mear lena ngabhann toradh cinntitheach chun a áirithiú go mbeidh na náisiúnaigh tríú tír sin atá i dteideal cónaí go dleathach i gcríoch na mBallstát i dteideal dul isteach sa chríoch sin gan fhadhb ach go gcuirfear cosc orthu siúd nach bhfuil i dteideal dul isteach inti.

(29)

Nuair a bheidh foláireamh á scriosadh in SIS tar éis comhairliúcháin idir na Ballstáit, ba cheart go bhféadfadh an Ballstát eisiúna an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a choinneáil ar a liosta náisiúnta foláireamh féin.

(30)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(31)

Níor cheart foláirimh a choinneáil in SIS ar feadh tréimhse is faide ná an t-am a theastaíonn chun na críocha sonracha ar chucu a eisíodh na foláirimh sin a chomhall. Laistigh de 3 bliana ón tráth a n-iontráiltear an foláireamh in SIS, ba cheart don Bhallstát eisiúna an gá atá lena choinneáil a athbhreithniú. Más rud é, áfach, go bhforáiltear, leis an gcinneadh náisiúnta ar a bhfuil an foláireamh bunaithe, do thréimhse bailíochta is faide ná bliana, ba cheart an foláireamh a athbhreithniú laistigh de 5 bliana. I dtaca le cinntí chun foláirimh maidir le daoine a choinneáil, ba cheart iad a bhunú ar mheasúnú cuimsitheach ar leithligh. Ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar fholáirimh maidir le daoine laistigh den tréimhse athbhreithnithe a leagfar síos agus staidreamh a choimeád ar líon foláireamh maidir le daoine a bhfuil fadú déanta ar an tréimhse choinneála ina leith.

(32)

Ba cheart iontráil agus fadú dáta éaga foláirimh SIS a bheith faoi réir an cheanglais maidir le comhréireacht ar dá réir a dhéantar scrúdú i dtaobh an bhfuil cás nithiúil leordhóthanach, ábhartha agus tábhachtach go leor le gur gá foláireamh maidir leis a chur isteach in SIS. I gcás ina bhfuil cionta sceimhlitheoireachta i gceist, ba cheart a mheas go bhfuil an cás leordhóthanach, ábhartha agus tábhachtach go leor le gur gá foláireamh a bheith in SIS. Ar chúiseanna slándála poiblí nó náisiúnta, ba cheart a cheadú do na Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, staonadh ó fholáireamh a iontráil, nuair is móide go gcuirfeadh sin bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla.

(33)

Tá tábhacht phríomhúil ag baint le sláine shonraí SIS. Dá bhrí sin, ba cheart coimircí iomchuí a sholáthar i ndáil le sonraí SIS a phróiseáil ar an leibhéal lárnach, chomh maith leis an leibhéal náisiúnta, chun slándáil sonraí ó cheann go ceann a áirithiú. Na húdaráis atá bainteach le próiseáil na sonraí, ba cheart dóibh a bheith faoi cheangal ag ceanglais slándála an Rialacháin seo agus a bheith faoi réir nós imeachta aonfhoirmeach maidir le tuairisciú teagmhas. Ba cheart oiliúint iomchuí a chur ar a gcuid foirne agus ba cheart aon chionta agus pionóis i ndáil leis sin a chur in iúl dóibh.

(34)

Níor cheart sonraí a phróiseálfar in SIS ná an fhaisnéis fhorlíontach ghaolmhar a mhalartófar de bhun an Rialacháin seo a aistriú chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta ná a chur ar fáil dóibh.

(35)

Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht obair na n-údarás inimirce le linn dóibh cinneadh a dhéanamh maidir le ceart náisiúntacht tríú tír teacht isteach agus fanacht i gcríocha na mBallstát, chomh maith le cinneadh a dhéanamh faoi náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais, is iomchuí rochtain a thabhairt do na húdaráis sin ar SIS faoin Rialachán seo.

(36)

Gan dochar do rialacha níos sonraí a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann na Ballstáit faoin Rialachán seo, ach amháin más iad údaráis inniúla náisiúnta a dhéanann an phróiseáil sin chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a imscrúdú nó a bhrath.

(37)

Gan dochar do rialacha níos sonraí a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag na dlíthe náisiúnta, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a glacadh de bhun Threoir (AE) 2016/680 maidir leis an bpróiseáil a dhéanann údaráis inniúla náisiúnta ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a imscrúdú nó a bhrath. Is faoi réir fhorálacha ábhartha uile an Rialacháin seo agus Threoir (AE) 2016/680 mar a thrasuítear iad sa dlí náisiúnta, go háirithe faireachán na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/680), atá an rochtain ar shonraí a iontráiltear in SIS, agus an ceart na sonraí sin a chuardach go díreach, a bhíonn ag údaráis inniúla náisiúnta atá freagrach as cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó as pionóis choiriúla a fhorghníomhú.

(38)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2018/1725 (13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais agus a gcuid freagrachtaí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu.

(39)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag Europol faoin Rialachán seo.

(40)

Agus SIS á úsáid acu, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go n-urramaítear dínit agus iomláine an té a ndéantar próiseáil ar a chuid sonraí. Ní bheidh mar thoradh ar shonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha an Rialacháin seo go ndéanfar idirdhealú in aghaidh daoine ar bhonn inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó claonadh gnéasach.

(41)

A mhéid a bhaineann le rúndacht, ba cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha ábhartha de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh 259/68 ón gComhairle (15) (“Rialachán na Foirne”) maidir le hoifigigh nó le seirbhísigh eile atá fostaithe, agus atá ag obair, i ndáil le SIS.

(42)

Ba cheart do na Ballstáit agus do eu-LISA pleananna slándála a choimeád chun cur chun feidhme oibleagáidí slándála a éascú agus ba cheart dóibh comhoibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt, i gcomhpháirt le chéile, ar shaincheisteanna slándála.

(43)

Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta neamhspleácha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/679 agus i dTreoir (AE) 2016/680 (“údaráis mhaoirseachta”) faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta a dhéanann na Ballstáit faoin Rialachán seo, lena n-áirítear malartú faisnéise forlíontaí. Ba cheart acmhainní leordhóthanacha a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta chun an cúram sin a chomhall. Ba cheart na cearta atá ag ábhair sonraí maidir le rochtain ar na sonraí pearsanta dá gcuid atá á stóráil in SIS, agus maidir leis na sonraí sin a cheartú agus a léirscriosadh, agus maidir le leigheasanna iardain os comhair cúirteanna náisiúnta agus, chomh maith leis sin, maidir le haitheantas frithpháirteach do bhreithiúnais, a chur ar fáil. Is iomchuí freisin staidreamh bliantúil a éileamh ar na Ballstáit.

(44)

Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta a áirithiú go ndéantar iniúchadh ar na hoibríochtaí próiseála sonraí atá sna córais náisiúnta de chuid a mBallstáit féin i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta uair gach 4 bliana, ar a laghad. Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta féin an t-iniúchadh a chur i gcrích nó ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta an t-iniúchadh a ordú go díreach ó iniúchóir neamhspleách cosanta sonraí. Ba cheart an t-iniúchóir neamhspleách a bheith faoi rialú na n-údarás maoirseachta lena mbaineann nó ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta i gcónaí, agus ba cheart freagracht a bheith ar an údarás nó ar na húdaráis sin ina leith i gcónaí freisin, agus, dá bhrí sin, ba cheart don údarás nó do na húdaráis sin an t-iniúchadh a threorú iad féin agus cuspóir, raon feidhme agus modheolaíocht atá sainithe go soiléir a sholáthar i leith an iniúchta, chomh maith le treoir agus maoirseacht a chur ar fáil maidir leis an iniúchadh agus maidir lena thorthaí deiridh.

(45)

Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí institiúidí agus comhlachtaí an Aontais i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus do na húdaráis mhaoirseachta obair i gcomhar le chéile chun faireachán a dhéanamh ar SIS.

(46)

Ba cheart acmhainní leordhóthanacha a dheonú don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chun go bhféadfaidh an té sin na cúraimí a chuirtear air/uirthi faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear cúnamh ó dhaoine a bhfuil saineolas acu maidir le sonraí bithmhéadracha.

(47)

Le Rialachán (AE) 2016/794, foráiltear go dtacóidh Europol le gníomhaíochtaí a chuireann údaráis inniúla náisiúnta i gcrích agus le comhar uathu i ndáil le sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach a chomhrac, agus go neartóidh sé na gníomhaíochtaí sin, agus go soláthróidh sé anailís agus measúnuithe faoi bhagairtí. Chun Europol a éascú le linn a chúraimí a chur i gcrích, go háirithe i Lárionad Smuigleála Imirceach na hEorpa, is iomchuí rochtain a thabhairt do Europol ar chatagóirí foláirimh dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(48)

Chun an bhearna a dhúnadh i dtaca le comhroinnt faisnéise sceimhlitheoireachta, go háirithe maidir le sceimhlitheoirí eachtracha — a bhfuil faireachán ar a ngluaiseachtaí ríthábhachtach — moltar do na Ballstáit faisnéis faoi ghníomhaíocht a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht a chomhroinnt le Europol. Ba cheart an fhaisnéis sin a chomhroinnt trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú le Europol faoi fholáirimh lena mbaineann. Chun na críche sin, ba cheart do Europol nasc a bhunú le Bonneagar Cumarsáide.

(49)

Is gá freisin rialacha soiléire a leagan amach do Europol maidir le próiseáil agus íoslódáil shonraí SIS chun gur féidir an úsáid is cuimsithí a bhaint as SIS, ar choinníoll go n-urramaítear caighdeáin maidir le cosaint sonraí de réir mar a fhoráiltear sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2016/794. I gcásanna ina nochtar le cuardaigh arna ndéanamh ag Europol in SIS gurb ann d'fholáireamh arna iontráil ag Ballstát, ní féidir le Europol an ghníomhaíocht a éilítear a chur i gcrích. Dá bhrí sin, ba cheart dó an méid sin a chur in iúl don Bhallstát lena mbaineann tríd an bhfaisnéis fhorlíontach a mhalartú leis an mBiúró SIRENE faoi seach, rud a ligfidh don Bhallstát sin beart leantach a dhéanamh maidir leis an gcás.

(50)

Le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), foráiltear, chun críche an Rialacháin sin, go n-údaróidh an Ballstát óstach do na baill foirne dá dtagraítear i bpointe (8) d'Airteagal 2 den Rialachán sin, arna n-imscaradh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, breathnú ar bhunachair shonraí Eorpacha nuair nach mór an breathnú sin chun aidhmeanna oibriúcháin, a shonraítear sa phlean oibríochta maidir le seiceálacha teorann, faireachas ar theorainneacha agus filleadh, a chomhlíonadh. Féadfaidh gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn agus Europol, saineolaithe a imscaradh freisin ar saineolaithe iad nach baill foirne de chuid na ngníomhaireachtaí Aontais sin iad, mar chuid d'fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce. Beidh sé mar chuspóir le himscaradh na bhfoirne dá dtagraítear i bpointe (8) agus pointe (9) d'Airteagal 2 den Rialachán sin foráil a dhéanamh maidir le hathneartú teicniúil agus oibríochtúil a thabhairt do na Ballstáit iarrthacha, go háirithe do na Ballstáit sin a bhfuil dúshláin dhíréireacha imirce rompu. Chun na cúraimí a chomhlíonadh a shanntar do na foirne dá dtagraítear i bpointe (8) agus pointe (9) d'Airteagal 2 den Rialachán sin is gá rochtain a fháil ar SIS trí chomhéadan teicniúil de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta lena bhféadtar nascadh le SIS Láir. I gcásanna ina nochtar le cuardaigh arna ndéanamh ag na foirne dá dtagraítear i bpointe (8) agus pointe (9) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/1624 nó ag na foirne gurb ann d'fholáireamh arna iontráil ag Ballstát, ní féidir leis an mball foirne ná leis an bhfoireann dá dtagraítear in Airteagal 2(8) agus (9) de Rialachán (AE) 2016/1624 an ghníomhaíocht a éilítear a chur i gcrích mura rud é go bhfaightear údarú chuige sin ón mBallstát óstach. Dá bhrí sin, ba cheart an Ballstát óstach a chur ar an eolas faoi, rud a ligfidh dó beart leantach a dhéanamh maidir leis an gcás. Ba cheart don Bhallstát óstach fógra i leith an amais a thabhairt don Bhallstát eisiúna trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

(51)

Ní féidir gnéithe áirithe de SIS a chlúdach ar bhealach uileghabhálach leis an Rialacháin seo, mar thoradh ar a nádúr teicniúil, ar an leibhéal mionsonraí atá iontu agus ar a nádúr atá ag síorathrú. I measc na gnéithe sin, áirítear, mar shampla, rialacha teicniúla maidir le hiontráil sonraí, nuashonrú, scriosadh agus cuardach sonraí, cáilíocht sonraí agus rialacha a bhaineann le sonraí bithmhéadracha, rialacha faoi chomhoiriúnacht agus tosaíocht foláireamh, naisc idir foláirimh agus malartú faisnéise forlíontaí. Ba cheart, dá bhrí sin, cumhachtaí cur chun feidhme i leith na ngnéithe sin a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart oibriú rianúil feidhmchlár náisiúnta a chur san áireamh sna rialacha teicniúla a bhaineann le cuardach foláireamh.

(52)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Ba cheart gurb é an nós imeachta céanna a bheidh ann maidir le glacadh gníomhartha cur chun feidhme faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1862.

(53)

Chun an trédhearcacht a áirithiú, ba cheart do eu-LISA, 2 bhliain tar éis di tús a chur lena cuid oibríochtaí, tuarascáil a ullmhú faoi fheidhmiú teicniúil SIS Láir agus faoin mBonneagar Cumarsáide, lena n-áirítear faoina shlándáil, agus faoi mhalartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht fhoriomlán a eisiúint gach 4 bliain.

(54)

D'fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh SIS go rianúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le cinneadh a dhéanamh maidir leis na himthosca ina bhféadfar grianghraif agus íomhánna den aghaidh a úsáid chun daoine a shainaithint seachas i gcomhthéacs pointí rialta trasnaithe teorann. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (18). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(55)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon bunú agus rialáil córais faisnéise an Aontais agus faisnéis ghaolmhar fhorlíontach a mhalartú, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr, i ngeall ar chineál na gcuspóirí sin iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(56)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, urramaíonn an Rialachán seo cosaint sonraí pearsanta go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus, ag an am céanna, ba cheart, leis an Rialachán, féachaint le timpeallacht shábháilte a áirithiú do gach duine a chónaíonn ar chríoch an Aontais agus ba cheart imircigh neamhrialta a chosaint ar dhúshaothrú agus ar gháinneáil ar dhaoine. I gcásanna a bhaineann le leanaí, ba cheart tús áite a thabhairt do leas an linbh.

(57)

Tá na costais mheasta a ghabhann le huasghrádú na gcóras náisiúnta agus le cur chun feidhme na bhfeidhmiúlachtaí nua, atá beartaithe sa Rialachán seo, níos ísle ná an méid atá fágtha sa líne bhuiséid do Theorainneacha Cliste i Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Dá bhrí sin, ba cheart maoiniú a chuirtear ar fáil chun forbairt a dhéanamh ar chórais TF a thacaíonn le bainistiú sreabh imirce thar na teorainneacha seachtracha, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, ba cheart an maoiniú sin a leithdháileadh ar na Ballstáit agus ar eu-LISA. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar chostais airgeadais uasghrádú SIS agus ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Má tá na costais mheasta níos airde, ba cheart maoiniú de chuid an Aontais a chur ar fáil chun tacú le Ballstáit i gcomhréir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil is infheidhme.

(58)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an CAE agus leis an CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(59)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (20); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(60)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (21); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(61)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (22), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe G d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (23).

(62)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (24) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe (G) d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (25).

(63)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (26), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe (G), d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (27).

(64)

Maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005, agus ba cheart é a léamh i gcomhar le Cinneadh 2010/365/AE ón gComhairle (28) agus le Cinneadh (AE) 2018/934 ón gComhairle (29).

(65)

Maidir leis an gCróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2011 agus ba cheart é a léamh i gcomhar le Cinneadh 2017/733 (30).

(66)

Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003.

(67)

Leis an Rialachán seo, déantar sraith feabhsuithe ar SIS, rud a fhágann gurb éifeachtaí SIS, go neartófar an chosaint sonraí agus go ndéanfar cearta rochtana a leathnú. I gcás roinnt de na feabhsuithe sin, ní éilítear forbairtí teicniúla casta, cé go n-éilítear athruithe teicniúla, atá éagsúil ó thaobh méid de, i gcás cuid eile díobh. Chun go mbeidh feabhsuithe ar an gcóras ar fáil do na húsáideoirí deiridh chomh luath agus is féidir, déantar leasuithe, leis an Rialachán seo, i gcéimeanna éagsúla, ar Chinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus ar Chinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún. Ba cheart feidhm a bheith ag roinnt athruithe ar an gcóras a luaithe a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, fad is gur cheart feidhm a bheith ag feabhsuithe eile bliain nó dhó tar éis dó teacht i bhfeidhm. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, ina iomláine, laistigh de 3 bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Ionas nach gcuirfear moill ar a chur i bhfeidhm, ba cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme céimnithe an Rialacháin seo.

(68)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 a aisghairm le héifeacht ó dháta a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm ina hiomláine.

(69)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (31) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim uaidh an 3 Bealtaine 2017,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir Ginearálta SIS

Is é is cuspóir do SIS ardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, lena n-áirítear slándáil phoiblí agus beartas poiblí a choimeád agus an tslándáil i gcríocha na mBallstát a choimirciú, agus a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm forálacha Chaibidil 2 de Theideal V de Chuid a Trí den CFAE a bhaineann le gluaiseacht daoine ar a gcríocha agus úsáid á baint as faisnéis a chuirtear in iúl tríd an gcóras sin.

Airteagal 2

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le foláirimh maidir le náisiúnaigh tríú tír a iontráil agus a phróiseáil in SIS, le malartú faisnéise forlíontaí agus le sonraí breise ar mhaithe le teacht isteach agus fanacht ar chríoch na mBallstát a dhiúltú.

2.   Leis an Rialachán seo freisin, leagtar síos forálacha maidir le hailtireacht theicniúil SIS, maidir le freagrachtaí na mBallstát agus Gníomhaireachta an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, (eu-LISA) maidir le próiseáil sonraí, maidir le cearta na ndaoine lena mbaineann agus maidir le dliteanas.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “foláireamh” tacar sonraí a iontráiltear in SIS agus a ligeann do na húdaráis inniúla duine a shainaithint d'fhonn gníomhaíocht shonrach a dhéanamh;

(2)

ciallaíonn “faisnéis fhorlíontach” faisnéis nach cuid de shonraí foláirimh atá stóráilte in SIS í ach ar faisnéis í atá bainteach le foláirimh SIS agus atá le malartú trí Bhiúrónna SIRENE:

(a)

chun ligean do na Ballstáit dul i gcomhairle le chéile, nó chun fógra a thabhairt dá chéile, nuair atá foláireamh á iontráil;

(b)

nuair a thagtar ar amas chun gur féidir an ghníomhaíocht iomchuí a dhéanamh;

(c)

nuair nach féidir an ghníomhaíocht a éilítear a dhéanamh;

(d)

nuair atáthar ag déileáil le cáilíocht shonraí SIS;

(e)

nuair atáthar ag déileáil le comhoiriúnacht agus tosaíocht na bhfoláireamh;

(f)

nuair atáthar ag déileáil le cearta rochtana;

(3)

ciallaíonn “sonraí breise” na sonraí atá stóráilte in SIS agus atá bainteach le foláirimh SIS, ar sonraí iad atá le cur ar fáil láithreach do na húdaráis inniúla i gcás inar aimsíodh duine ar iontráladh sonraí ina leith in SIS mar thoradh ar chuardach a rinneadh sa chóras sin;

(4)

ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” aon duine nach saoránach den Aontas de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE é, seachas daoine a bhfuil cearta saorghluaiseachta acu atá coibhéiseach le cearta shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontuithe idir an tAontas, nó idir an tAontas gona Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus tríú tíortha, ar an taobh eile;

(5)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;

(6)

ciallaíonn “próiseáil sonraí pearsanta” aon oibríocht nó aon tacar d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar thacair de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, logáil, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

(7)

ciallaíonn “meaitseáil” go ndéantar na céimeanna seo a leanas:

(a)

go bhfuil cuardach déanta in SIS ag úsáideoir deiridh;

(b)

go nochtann an cuardach foláireamh arna iontráil in SIS ag Ballstát eile; agus

(c)

go meaitseálann na sonraí a bhaineann leis an bhfoláireamh in SIS na sonraí cuardaigh;

(8)

ciallaíonn “amas” aon mheaitseáil a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)

rinneadh an t-amas a dhearbhú:

(i)

agus is é an t-úsáideoir deiridh a dhearbhaigh é; nó

(ii)

is é an t-údarás inniúil a dhearbhaigh é i gcás inár bunaíodh an mheaitseáil lena mbaineann ar chomparáid idir na sonraí bithmhéadracha, i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

agus

(b)

iarrtar gníomhaíochtaí eile;

(9)

ciallaíonn “Ballstát eisiúna” an Ballstát a d'iontráil an foláireamh in SIS;

(10)

ciallaíonn “Ballstát deonaithe” Ballstát a bhfuil sé á mheas aige cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh nó a bhfuil cead cónaithe nó víosa fadfhanachta deonaithe nó sínte aige, agus atá rannpháirteach sa nós imeachta comhairliúcháin le Ballstát eile;

(11)

ciallaíonn “Ballstát forghníomhaitheach” an Ballstát a dhéanann, nó a rinne, na gníomhaíochtaí a éilítear nuair a thagtar ar amas;

(12)

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” údarás inniúil atá údaraithe chun cuardach díreach a dhéanamh in CS-SIS, in N.SIS nó i gcóip theicniúil díobh;

(13)

ciallaíonn “sonraí bithmhéadracha” sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla nó fiseolaíocha duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, eadhon grianghraif, íomhánna den aghaidh agus sonraí dachtalascópacha;

(14)

ciallaíonn “sonraí dachtalascópacha” sonraí faoi mhéarloirg agus faoi loirg dhearnan trína gcumasaítear, de bharr a nádúir uathúil agus na bpointí tagartha atá iontu, comparáidí cruinne dochloíte a dhéanamh maidir le céannacht duine;

(15)

ciallaíonn “íomhá den aghaidh” íomhá dhigiteach den aghaidh ar leor a taifeach agus a cáilíocht leis an íomhá a úsáid le haghaidh meaitseáil bhithmhéadrach uathoibrithe;

(16)

ciallaíonn “filleadh” filleadh mar a shainmhínítear é i bpointe 3 d'Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(17)

ciallaíonn “toirmeasc ar theacht isteach” toirmeasc ar theacht isteach arna shainmhíniú i bpointe 6 d'Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(18)

ciallaíonn “cionta sceimhlitheoireachta” cionta faoin dlí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 14 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), nó atá coibhéiseach le ceann de na cionta sin do na Ballstáit sin nach bhfuil faoi cheangal ag an Treoir sin.

(19)

ciallaíonn “cead cónaithe” cead cónaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33);

(20)

ciallaíonn “víosa fadfhanachta” víosa fadfhanachta dá dtagraítear in Airteagal 18(1) den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme;

(21)

ciallaíonn “baol don tsláinte phoiblí” baol don tsláinte phoiblí mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399.

Airteagal 4

Ailtireacht theicniúil agus bealaí oibriúcháin SIS

1.   Cuimseoidh SIS an méid seo a leanas:

(a)

lárchóras (SIS Láir) ina gcuimseofar an méid seo a leanas:

(i)

feidhm thacaíochta teicniúla (“CS-SIS”) ina mbeidh bunachar sonraí, is é sin, (an “bunachar sonraí SIS”), lena n-áirítear cúltaca CS-SIS,

(ii)

comhéadan aonfhoirmeach náisiúnta (“NI-SIS”);

(b)

córas náisiúnta (N.SIS) i ngach ceann ar leith de na Ballstáit, ina gcuimseofar na córais sonraí náisiúnta trína ndéantar cumarsáid le SIS Láir, lena n-áirítear ar a laghad suíomh cúltaca náisiúnta nó comhroinnte N.SIS; agus

(c)

bonneagar cumarsáide idir CS-SIS, CS-SIS agus NI-SIS (an Bonneagar Cumarsáide) trína soláthraítear líonra fíorúil criptithe atá tiomnaithe do shonraí SIS agus do mhalartú sonraí idir Bhiúrónna SIRENE dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

Féadfaidh comhad sonraí (“cóip náisiúnta”) a bheith in N.SIS, dá dtagraítear i bpointe (b), ina mbeidh cóip iomlán nó cóip pháirteach de bhunachar sonraí SIS. Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó cóip chomhroinnte a bhunú i gceann dá N.SIS agus féadfaidh na Ballstáit sin úsáid a bhaint as an gcóip sin. Measfar cóip chomhroinnte mar sin mar chóip náisiúnta gach ceann de na Ballstáit rannpháirteacha.

Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó N.SIS, dá dtagraítear i bpointe (c), cúltaca comhroinnte a úsáid go comhpháirteach agus measfar é sin mar N.SIS cúltaca gach ceann de na Ballstáit rannpháirteacha. Féadfar N.SIS agus N.SIS cúltaca a úsáid go comhuaineach chun a áirithiú go bhfuil an córas ar fáil ag úsáideoirí deiridh gan bhriseadh gan bhearnú.

Na Ballstáit a bhfuil sé i gceist acu cóip chomhroinnte nó suíomh comhroinnte cúltaca a bhunú, a bheidh le húsáid go comhpháirteach, comhaontóidh siad a gcuid freagrachtaí faoi seach i scríbhinn. Cuirfidh siad a socrú in iúl don Choimisiún.

Leis an mBonneagar Cumarsáide, tacófar agus rannchuideofar chun go n-áiritheofar go mbeidh SIS ar fáil gan bhriseadh gan bhearnú. Áireofar sa bhonneagar sin, conairí iomarcacha agus cosáin dheighilte do na naisc idir CS-SIS agus CS-SIS cúltaca agus áireofar ann freisin conairí iomarcacha agus cosáin dheighilte do na naisc idir gach pointe rochtana líonra náisiúnta SIS agus CS-SIS agus CS-SIS cúltaca.

2.   Déanfaidh Ballstáit sonraí SIS a iontráil, a nuashonrú, a scriosadh agus a chuardach tríd a N.SIS féin. Cuirfidh na Ballstáit a úsáideann cóip iomlán náisiúnta nó cóip pháirteach náisiúnta nó cóip chomhroinnte an cóip sin ar fáil chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh i gcríoch gach ceann ar leith de na Ballstáit sin. Cuimseoidh an chóip pháirteach náisiúnta nó an chóip chomhroinnte náisiúnta, ar a laghad, na sonraí a liostaítear i bpointe (a) go (v) d'Airteagal 20(2). Ní bheidh sé indéanta cuardach a dhéanamh i gcomhaid sonraí in N.SIS de chuid Ballstáit eile ach amháin i gcás cóipeanna comhroinnte.

3.   Déanfaidh CS-SIS feidhmeanna maoirseachta teicniúla agus riaracháin a chomhlíonadh agus beidh CS-SIS cúltaca aige a mbeidh sé de chumas aige feidhmiúlachtaí uile phríomh-CS-SIS a áirithiú i gcás ina dtarlódh loiceadh sa chóras sin. Beidh CS-SIS agus CS-SIS cúltaca lonnaithe i láithreán theicniúla atá ag eu-LISA.

4.   Cuirfidh eu-LISA réitigh theicniúla chun feidhme chun atreisiú a dhéanamh ar SIS trí bhíthin oibriú comhuaineach CS-SIS agus CS-SIS cúltaca, ar choinníoll go mbeadh sé fós ar chumas CS-SIS cúltaca oibriú SIS a áirithiú i gcás ina dteipfeadh ar an CS-SIS, nó trí dhúbailt a dhéanamh ar an gcóras nó ar chomhchodanna den chóras. D'ainneoin na ceanglais nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1726 déanfaidh eu-LISA, tráth nach déanaí ná an 28 Nollaig 2019, staidéar a ullmhú maidir le roghanna le haghaidh réiteach teicniúil, neamhspleách, ina bhfuil measúnú tionchair agus anailís costais agus tairbhe neamhspleách.

5.   I gcás inar gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh eu-LISA cóip bhreise de bhunachar sonraí SIS a fhorbairt go sealadach.

6.   Soláthróidh CS-SIS na seirbhísí is gá chun sonraí SIS a iontráil agus a phróiseáil, lena n-áirítear cuardaigh i mbunachar sonraí SIS. Maidir leis na Ballstáit sin a úsáideann cóip náisiúnta nó chomhroinnte, déanfaidh CS-SIS:

(a)

nuashonrú ar líne ar na cóipeanna náisiúnta a sholáthar;

(b)

sioncrónú na gcóipeanna náisiúnta agus bhunachar sonraí SIS, agus comhsheasmhacht eatarthu, a áirithiú; agus

(c)

an oibríocht maidir le túsú agus athchóiriú na gcóipeanna náisiúnta a sholáthar.

7.   Is gan bhriseadh gan bhearnú a chuirfear SIS ar fáil.

Airteagal 5

Costais

1.   Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh na costais a ghabhann le SIS Láir, agus leis an mBonneagar Cumarsáide, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh. I measc na gcostas sin, áireofar obair a dhéantar i leith CS-SIS chun soláthar na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 4(6) a áirithiú.

2.   Is as imchlúdach de EUR 791 milliún dá bhforáiltear faoi phointe (b) d'Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 a leithdháilfear an cistiú lena gcumhdófar costais chur chun feidhme an Rialacháin seo.

3.   As an imchlúdach dá dtagraítear i mír 2, agus gan dochar do mhaoiniú breise chun na críche seo ó fhoinsí eile de bhuiséad ginearálta an Aontais, leithdháiltear EUR 31 098 000 ar eu-LISA. Cuirfear an cistiú sin chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach agus rannchuideoidh sé le cur i gcrích na bhforbairtí teicniúla a cheanglaítear faoin Rialachán seo a bhaineann le SIS Láir agus leis an mBonneagar Cumarsáide, chomh maith le cur i gcrích na ngníomhaíochtaí gaolmhara oiliúna.

4.   Gheobhaidh na Ballstáit, ón imchlúdach dá dtagraítear i mír 2, ar Ballstáit iad atá rannpháirteach i Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, leithdháileadh domhanda breise de EUR 36 810 000, a bheidh le dáileadh, i sciartha comhionanna agus i bhfoirm cnapshuime, ar a leithdháileadh bunúsach. Is faoi bhainistiú comhroinnte a chuirfear an cistiú sin chun feidhme agus beidh sé dírithe go hiomlán ar chórais náisiúnta lena mbaineann chun a áirithiú go n-uasghrádófar go gasta agus go héifeachtach iad, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo.

5.   Is ar an mBallstát lena mbaineann a thitfidh na costais a ghabhann le gach N.SIS ar leith a chur ar bun, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh.

CAIBIDIL II

FREAGRACHTAÍ NA MBALLSTÁT

Airteagal 6

Córais náisiúnta

Beidh freagracht ar gach Ballstát ar leith i ndáil lena N.SIS féin a chur ar bun, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh agus i ndáil lena N.SIS a cheangal le NI-SIS.

Beidh de fhreagracht ar gach Ballstát ar leith a áirithiú go mbeidh sonraí SIS ar fáil gan bhriseadh gan bhearnú do na húsáideoirí deiridh.

Déanfaidh gach Ballstát a chuid foláireamh a tharchur trína N.SIS.

Airteagal 7

Oifig N.SIS agus Biúró SIRENE

1.   Déanfaidh gach Ballstát údarás (Oifig N.SIS) a ainmniú agus beidh freagracht lárnach ar an údarás sin i ndáil le N.SIS an Bhallstáit lena mbaineann.

Beidh freagracht ar an údarás sin i ndáil le hoibriú rianúil agus slándáil N.SIS, déanfaidh sé rochtain ar SIS a áirithiú do na húdaráis inniúla agus déanfaidh sé na bearta riachtanacha go léir chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Beidh freagracht air a áirithiú go ndéantar feidhmiúlachtaí uile SIS a chur ar fáil go hiomchuí do na húsáideoirí deiridh.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát ar leith údarás náisiúnta a fheidhmeoidh 24 uair in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine agus a áiritheoidh malartú agus infhaighteacht na faisnéise forlíontaí go léir (Biúró SIRENE) i gcomhréir le Lámhleabhar SIRENE. Feidhmeoidh Biúró SIRENE mar phointe teagmhála aonair ina bhféadfaidh na Ballstáit faisnéis fhorlíontach a mhalartú maidir le foláirimh agus na bearta iarrtha a éascú a bheidh le glacadh nuair a iontrálfar foláireamh i leith duine in SIS, agus, tar éis amas a bhrath, nuair a aimseofar an té sin.

Beidh rochtain éasca dhíreach nó neamhdhíreach ag gach Biúró SIRENE, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar gach faisnéis ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear bunachair sonraí náisiúnta agus an fhaisnéis go léir faoi foláireamh a Bhallstáit féin, agus ar chomhairle saineolaithe chun bheith in ann freagairt d'iarrataí ar fhaisnéis bhreise go tapa agus laistigh de na sprioc-amanna dá bhforáiltear in Airteagal 8.

Déanfaidh na Biúrónna SIRENE fíorú cháilíocht na faisnéise a iontráiltear in SIS a chomhordú. Chun na gcríoch sin, beidh rochtain acu ar shonraí atá próiseáilte in SIS.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit sonraí do eu-LISA faoina n-oifig N.SIS féin agus faoina mBiúró SIRENE. Foilseoidh eu-LISA an liosta Oifigí N.SIS agus Biúrónna SIRENE, mar aon leis an liosta dá dtagraítear in Airteagal 41(8).

Airteagal 8

Malartú faisnéise forlíontaí

1.   Déanfar faisnéis fhorlíontach a mhalartú i gcomhréir le forálacha Lámhleabhar SIRENE agus trí úsáid a bhaint as an mBonneagar Cumarsáide. Soláthróidh na Ballstáit na hacmhainní teicniúla agus daonna is gá chun infhaighteacht leanúnach agus malartú faisnéise forlíontaí a áirithiú. I gcás nach mbíonn an Bonneagar Cumarsáide ar fáil, déanfaidh na Ballstáit modhanna teicniúla eile atá daingnithe go leordhóthanach a úsáid chun faisnéis fhorlíontach a mhalartú. Leagfar amach liosta modhanna teicniúla atá daingnithe go leordhóthanach i lámhleabhar SIRENE.

2.   Ní dhéanfar faisnéis fhorlíontach a úsáid ach amháin chun na críche ar chuici a tarchuireadh í i gcomhréir le hAirteagal 49 mura rud é go bhfaightear toiliú chun an fhaisnéis sin a úsáid ar dhóigh eile roimh ré ón mBallstát eisiúna.

3.   Comhallfaidh Biúrónna SIRENE a gcúraimí go tapa éifeachtúil, go háirithe trí fhreagairt d'iarraidh ar fhaisnéis fhorlíontach a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 12 uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil.

Marcálfar iarrataí ar fhaisnéis fhorlíontach ag a bhfuil an tosaíocht is airde leis an bhfocal “URGENT” i bhfoirmeacha de chuid SIRENE, agus sonrófar an chúis phráinne.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun rialacha mionsonraithe a leagan síos, i lámhleabhar dar teideal “Lámhleabhar SIRENE”, maidir le cúraim Bhiúrónna SIRENE de bhun an Rialacháin seo agus maidir le malartú faisnéise forlíontaí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Airteagal 9

Comhlíonadh teicniúil agus feidhmiúil

1.   Ar mhaithe le tarchur pras éifeachtach sonraí, nuair a bheidh a N.SIS á chur ar bun ag gach Ballstát ar leith, comhlíonfaidh siad comhchaighdeáin, prótacail agus nósanna imeachta teicniúla a bunaíodh chun comhoiriúnacht a N.SIS le SIS Láir a áirithiú.

2.   I gcás ina n-úsáideann Ballstát cóip náisiúnta, áiritheoidh sé, trí bhíthin na seirbhísí a sholáthraítear le CS-SIS agus trí bhíthin na nuashonrúchán uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 4(6), go mbeidh na sonraí a stóráiltear sa chóip náisiúnta comhionann agus comhsheasmhach le bunachar sonraí SIS, agus go mbeidh an toradh céanna ar chuardach a dhéantar sa chóip náisiúnta agus a bheidh ar chuardach a dhéantar i mbunachar sonraí SIS.

3.   Gheobhaidh úsáideoirí deiridh na sonraí a bheidh uathu chun a gcúraimí a chomhlíonadh, go háirithe agus i gcás inar gá sin, na sonraí go léir atá ar fáil lenar féidir an t-ábhar sonraí a shainaithint agus an beart atá iarrtha a dhéanamh.

4.   Déanfaidh na Ballstáit agus eu-LISA tástálacha rialta d'fhonn comhlíonadh teicniúil na gcóipeanna náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 a fhíorú. Cuirfear torthaí na dtástálacha sin san áireamh mar chuid den sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle (34).

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun comhchaighdeáin, prótacail agus nósanna imeachta teicniúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagan síos agus a fhorbairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Airteagal 10

Slándáil — na Ballstáit

1.   Déanfaidh gach Ballstát ar leith, i ndáil lena N.SIS, na bearta riachtanacha a ghlacadh, lena n-áirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste, chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a)

sonraí a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun bonneagar criticiúil a chosaint;

(b)

rochtain ar shaoráidí próiseála sonraí a úsáidtear chun sonraí pearsanta a phróiseáil a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe (rialú rochtana ar shaoráidí);

(c)

cosc a chur ar mheáin sonraí a bheith á léamh, á n-athrú nó á mbaint ar bhealach neamhúdaraithe (rialú meáin sonraí);

(d)

ionchur neamhúdaraithe sonraí a chosc chomh maith le cigireacht neamhúdaraithe, leasú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe na sonraí pearsanta stóráilte (rialú stórála);

(e)

cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí (rialú úsáideoirí);

(f)

próiseáil neamhúdaraithe sonraí atá in SIS agus aon mhodhnú sonraí nó aon scriosadh sonraí arna bpróiseáil in SIS a chosc (rialú iontrála sonraí);

(g)

a áirithiú, maidir le daoine atá údaraithe chun úsáid a bhaint as córas uathoibrithe próiseála sonraí, nach mbíonn rochtain acu ach ar na sonraí a chumhdaítear faoina n-údarú rochtana, trí bhíthin aitheantóirí úsáideora atá indibhidiúil agus uathúil agus modhanna rochtana rúnda amháin (rialú rochtana ar shonraí);

(h)

a áirithiú go gcruthóidh gach údarás a bhfuil ceart rochtana ar SIS nó ar na saoráidí próiseála sonraí acu próifílí a thugann tuairisc ar fheidhmeanna agus ar fhreagrachtaí daoine atá údaraithe chun rochtain a fháil ar shonraí agus sonraí a iontráil, a nuashonrú, a scriosadh agus a chuardach, agus go gcuirfidh na húdaráis sin na próifílí sin ar fáil, gan mhoill, arna iarraidh sin dóibh, do na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 55(1) (próifílí pearsanra);

(i)

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cé acu de na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu agus trealamh cumarsáide sonraí á úsáid (rialú cumarsáide);

(j)

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí ina dhiaidh sin cé acu de na sonraí pearsanta a cuireadh isteach i gcórais uathphróiseála sonraí, cén uair a cuireadh isteach na sonraí sin, cé a chuir isteach iad agus cad chuige ar cuireadh isteach iad (rialú ionchuir);

(k)

cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn sonraí pearsanta a tharchur nó le linn meáin sonraí a iompar, go háirithe trí bhíthin teicnící criptithe iomchuí (rialú iompair);

(l)

faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin um fhaireachán inmheánach is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú (féin-iniúchóireacht);

(m)

a áirithiú go bhféadfar, i gcás cur isteach, an córas suite a aischur mar is ceart (athshlánú); agus

(n)

a áirithiú go gcomhlíonfaidh SIS a fheidhmeanna i gceart, go dtuairisceofar fabhtanna (iontaofacht) agus nach féidir sonraí pearsanta atá stóráilte in SIS a thruailliú trí bhíthin mhífheidhmiú an chórais (sláine).

2.   Déanfaidh na Ballstáit bearta atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i mír 1 maidir le slándáil i leith faisnéis fhorlíontach a phróiseáil agus a mhalartú, lena n-áirítear áitreabh Bhiúró SIRENE a dhaingniú.

3.   Déanfaidh na Ballstáit bearta maidir le slándáil atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i leith phróiseáil shonraí SIS a dhéanann na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 34.

4.   Féadfaidh na bearta a gcuirtear síos orthu i mír 1, mír 2 agus mír 3 a bheith ina gcuid de chur chuige agus de phlean slándála cineálach ar an leibhéal náisiúnta lena gcuimseofar córais TF iomadúla. I gcásanna mar sin, beidh na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo agus a infheidhmeacht maidir le SIS, beidh siad so-aitheanta sa phlean sin agus déanfar iad a áirithiú leis an bplean.

Airteagal 11

Rúndacht — na Ballstáit

1.   Déanfaidh gach Ballstát a chuid rialacha maidir le sicréideacht ghairmiúil nó dualgais choibhéiseacha eile i leith rúndachta a chur i bhfeidhm, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, maidir le gach duine agus gach comhlacht a gceanglaítear orthu oibriú le sonraí SIS agus le faisnéis fhorlíontach. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin freisin tar éis do na daoine sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí sin.

2.   I gcás ina ndéanann Ballstát comhar le conraitheoirí seachtracha i gcúraimí a bhaineann le SIS, déanfaidh sé faireachán géar ar ghníomhaíochtaí an chonraitheora chun a áirithiú go ndéanfar iad i gcomhréir le gach foráil de chuid an Rialacháin seo, lena n-áirítear go háirithe maidir le slándáil, rúndacht agus cosaint sonraí.

3.   Ní thabharfar de chúram do chuideachtaí nó eagraíochtaí príobháideacha bainistiú oibríochtúil N.SIS ná bainistiú oibríochtúil aon chóipeanna teicniúla de N.SIS.

Airteagal 12

Logaí a choinneáil ar an leibhéal náisiúnta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach rochtain ar shonraí pearsanta atá in CS-SIS, agus gach malartú faisnéise pearsanta den sórt sin, a logáil ina N.SIS féin chun seiceáil a dhéanamh an bhfuil an cuardach dleathach, chun faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí, chun féinfhaireachán a dhéanamh, agus chun feidhmiú iomchuí N.SIS, chomh maith le sláine sonraí agus slándáil a áirithiú. Ní bhaineann an ceanglas sin leis na próisis uathoibríocha dá dtagraítear i bpointe (a), (b) agus (c) d'Airteagal 4(6).

2.   Léireofar sna logaí, go háirithe, stair an fholáirimh, dáta agus am na gníomhaíochta próiseála sonraí, na sonraí a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh, tagairt do na sonraí a próiseáladh agus aitheantóirí úsáideora indibhidiúla uathúla an údaráis inniúil, agus an duine a phróiseáil na sonraí araon.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina ndéantar an cuardach le sonraí dachtalascópacha nó le híomhá den aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 33, léireofar sna logaí cineál na sonraí — seachas na sonraí féin — a úsáideadh chun an cuardach a dhéanamh.

4.   Ní fhéadfar na logaí a úsáid ach amháin chun na críche dá dtagraítear i mír 1 agus scriosfar iad 3 bliana tar éis a gcruthaithe. Déanfar na logaí ina n-áirítear stair na bhfoláireamh a scriosadh 3 bliana tar éis scriosadh na bhfoláireamh.

5.   Féadfar logaí a choinneáil níos faide ná na tréimhsí dá dtagraítear i mír 4 má tá gá leo ar mhaithe le nósanna imeachta faireacháin atá ar siúl cheana.

6.   Maidir leis na húdaráis inniúla náisiúnta atá i gceannas ar sheiceáil a dhéanamh an bhfuil cuardaigh dleathach, ar fhaireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí, ar fhéinfhaireachán a dhéanamh agus ar fheidhmiú iomchuí N.SIS agus sláine agus slándáil sonraí a áirithiú, beidh rochtain acu, i gcomhréir le teorainneacha a n-inniúlachta agus arna iarraidh sin dóibh, ar na logaí sin chun a gcuid dualgas a chomhall.

Airteagal 13

Féinfhaireachán

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach údarás atá i dteideal rochtain a fháil ar shonraí SIS na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh siad, más gá, leis an údarás maoirseachta.

Airteagal 14

Oiliúint foirne

1.   Sula ndéantar baill foirne na n-údarás ag a bhfuil ceart rochtana ar SIS a údarú chun sonraí a stóráiltear in SIS a phróiseáil, agus go tréimhsiúil tar éis rochtain ar shonraí SIS a dheonú dóibh, gheobhaidh na baill foirne sin oiliúint iomchuí ar shlándáil sonraí, ar chearta bunúsacha lena n-áirítear rialacha a bhaineann le cosaint sonraí agus ar na nósanna imeachta maidir le próiseáil sonraí de réir mar a leagtar amach iad i Lámhleabhar SIRENE. Cuirfear an fhoireann ar an eolas faoi aon chionta coiriúla ábhartha agus aon phionóis ábhartha, lena n-áirítear iad siúd dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 59.

2.   Beidh clár oiliúna náisiúnta de chuid SIS ag na Ballstáit lena n-áireofar clár oiliúna sin oiliúint d'úsáideoirí deiridh, chomh maith le foireann na mBiúrónna SIRENE.

Féadfaidh an clár oiliúna sin a bheith ina chuid de chlár oiliúna ginearálta ar an leibhéal náisiúnta lena gcuimseofar oiliúint i réimsí ábhartha eile.

3.   Eagrófar cúrsaí oiliúna coiteanna ar leibhéal an Aontais uair in aghaidh na bliana, ar a laghad, chun feabhas a chur ar an gcomhar idir na Biúrónna SIRENE.

CAIBIDIL III

FREAGRACHTAÍ eu-LISA

Airteagal 15

Bainistiú oibríochtúil

1.   Beidh freagracht ar eu-LISA i ndáil le bainistiú oibríochtúil SIS Láir. I gcomhar leis na Ballstáit, áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar an teicneolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil a úsáid i gcónaí le haghaidh SIS Láir, faoi réir anailís costais agus tairbhe.

2.   Beidh freagracht ar eu-LISA freisin i ndáil leis na cúraimí seo a leanas a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide:

(a)

maoirseacht;

(b)

slándáil;

(c)

comhordú an chaidrimh idir na Ballstáit agus an soláthraí;

(d)

cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid;

(e)

fáil agus athnuachan;

(f)

ábhair a bhaineann le conarthaí.

3.   Beidh freagracht ar eu-LISA freisin i ndáil leis na cúraimí seo a leanas a bhaineann le Biúrónna SIRENE agus le cumarsáid idir Biúrónna SIRENE:

(a)

comhordú agus bainistiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí tástála agus tacú leis na gníomhaíochtaí sin;

(b)

na sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú faisnéise forlíontaí idir Biúrónna SIRENE agus maidir leis an mBonneagar Cumarsáide a chothabháil; agus

(c)

a nuashonrú agus tionchar athruithe teicniúla a bhainistiú i gcás ina ndéanann siad difear do SIS agus do mhalartú faisnéise forlíontaí idir Biúrónna SIRENE.

4.   Déanfaidh eu-LISA sásra agus nósanna imeachta maidir le seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar na sonraí atá in CS-SIS, déanfaidh sí iad a fhorbairt agus a chothabháil agus soláthróidh sí tuarascálacha tráthrialta do na Ballstáit.

Déanfaidh eu-LISA tuarascáil rialta a chlúdaíonn na saincheisteanna ar thángthas orthu agus na Ballstáit lena mbaineann a sholáthar don Choimisiún.

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil rialta a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na fadhbanna a bhaineann le cáilíocht sonraí.

5.   Déanfaidh eu-LISA cúraimí a bhaineann le hoiliúint a chur ar fáil maidir le húsáid theicniúil SIS agus le bearta chun feabhas a chur ar cháilíocht shonraí SIS.

6.   Cuimseoidh bainistiú oibríochtúil SIS Láir na cúraimí go léir is gá chun SIS Láir a choinneáil i bhfeidhm 24 huaire an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá ar mhaithe le dea-oibriú an chórais. I measc na gcúraimí sin, áireofar freisin go ndéantar comhordú agus bainistiú ar na gníomhaíochtaí tástála do SIS Láir agus do na N.SIS agus go dtacaítear leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirithítear go n-oibríonn SIS Láir agus na N.SIS i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla agus fheidhmiúla a leagtar amach in Airteagal 9.

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun ceanglais theicniúla an Bhonneagair Cumarsáide a leagan amach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Airteagal 16

Slándáil — eu-LISA

1.   Déanfaidh eu-LISA na bearta riachtanacha, lena n-áirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste, a ghlacadh le haghaidh SIS Láir agus le haghaidh an Bhonneagair Cumarsáide chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a)

sonraí a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun bonneagar criticiúil a chosaint;

(b)

rochtain ar shaoráidí próiseála sonraí a úsáidtear chun sonraí pearsanta a phróiseáil a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe (rialú rochtana ar shaoráidí);

(c)

cosc a chur ar mheáin sonraí a bheith á léamh, a n-athrú nó á mbaint ar bhealach neamhúdaraithe (rialú meáin sonraí);

(d)

ionchur neamhúdaraithe sonraí a chosc chomh maith le cigireacht neamhúdaraithe, leasú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe na sonraí pearsanta stóráilte (rialú stórála);

(e)

cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí (rialú úsáideoirí);

(f)

próiseáil neamhúdaraithe sonraí atá in SIS agus aon mhodhnú sonraí nó aon scriosadh sonraí arna bpróiseáil in SIS a chosc (rialú iontrála sonraí);

(g)

a áirithiú, maidir le daoine atá údaraithe chun úsáid a bhaint as córas uathoibrithe próiseála sonraí, nach bhfuil rochtain acu ach ar na sonraí a chumhdaítear faoina n-údarú rochtana, trí bhíthin aitheantóirí úsáideora atá indibhidiúil agus uathúil agus modhanna rochtana rúnda amháin (rialú rochtana ar shonraí);

(h)

próifílí a chruthú ina dtuairiscítear a bhfeidhmeanna agus a bhfreagrachtaí siúd atá údaraithe chun rochtain a fháil ar na sonraí nó ar na saoráidí próiseála sonraí agus na próifílí sin a chur ar fáil gan mhoill don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, arna iarraidh sin don té sin (próifílí pearsanra);

(i)

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cé acu de na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu agus trealamh cumarsáide sonraí á úsáid (rialú cumarsáide);

(j)

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí ina dhiaidh sin cé acu de na sonraí pearsanta a cuireadh isteach i gcórais uathphróiseála sonraí, cén uair a cuireadh isteach na sonraí sin agus cé a chuir isteach iad (rialú ionchuir);

(k)

cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn sonraí pearsanta a tharchur nó le linn meáin sonraí a iompar, go háirithe trí bhíthin teicnící criptithe iomchuí (rialú iompair);

(l)

faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin um fhaireachán inmheánach is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo (féin-iniúchóireacht).

(m)

a áirithiú go bhféadfar, i gcás ina dtarlódh briseadh le feidhmiú an chórais, na córais a suiteáladh a aischur mar is ceart (athshlánú);

(n)

a áirithiú go gcomhlíonfaidh SIS a fheidhmeanna i gceart, go dtuairisceofar fabhtanna (iontaofacht) agus nach féidir sonraí pearsanta atá stóráilte in SIS a thruailliú trí bhíthin mhífheidhmiú an chórais (sláine); agus

(o)

slándáil shuíomhanna teicniúla SIS a áirithiú.

2.   Déanfaidh eu-LISA bearta atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i mír 1 maidir le slándáil i leith faisnéis fhorlíontach a phróiseáil agus a mhalartú tríd an mBonneagar Cumarsáide.

Airteagal 17

Rúndacht — eu-LISA

1.   Gan dochar d'Airteagal 17 de na Rialacháin Foirne, déanfaidh eu-LISA rialacha iomchuí maidir le sicréideacht ghairmiúil nó dualgais choibhéiseacha eile i leith rúndachta, ar rialacha agus dualgais iad lena ngabhann caighdeán atá inchomparáide leo sin a leagtar síos in Airteagal 11 den Rialachán seo, a chur i bhfeidhm maidir leis na baill foirne go léir dá cuid ar gá dóibh oibriú le sonraí SIS. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do na daoine sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh a ngníomhaíochtaí.

2.   Déanfaidh eu-LISA bearta atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i mír 1 maidir le rúndacht i leith faisnéis fhorlíontach a mhalartú tríd an mBonneagar Cumarsáide.

3.   I gcás ina ndéanann eu-LISA comhar le conraitheoirí seachtracha i gcúraimí a bhaineann le SIS, déanfaidh sé faireachán géar ar ghníomhaíochtaí an chonraitheora chun a áirithiú go ndéanfar iad i gcomhréir le gach foráil de chuid an Rialacháin seo, go háirithe maidir le slándáil, rúndacht agus cosaint sonraí.

4.   Ní thabharfar de chúram do chuideachtaí nó eagraíochtaí príobháideacha bainistiú oibríochtúil CS-SIS.

Airteagal 18

Logaí a choinneáil ar an leibhéal lárnach

1.   Áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar gach rochtain ar shonraí pearsanta, agus gach malartú sonraí pearsanta, atá in CS-SIS a logáil chun na gcríoch a luaitear in Airteagal 12(1).

2.   Léireofar sna logaí, go háirithe, stair an fholáirimh, dáta agus am na gníomhaíochta próiseála sonraí, na sonraí a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh, tagairt do na sonraí a próiseáladh agus aitheantóirí úsáideora indibhidiúla uathúla an údaráis inniúil agus an duine a phróiseáil na sonraí araon.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina ndéantar an cuardach le sonraí dachtalascópacha nó le híomhá d'aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 33, léireofar sna logaí an cineál sonraí a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh in áit na sonraí sin féin a léiriú.

4.   Ní úsáidfear na logaí ach amháin chun na críche dá dtagraítear i mír 1 agus scriosfar iad 3 bliana tar éis a gcruthaithe. Déanfar na logaí ina n-áirítear stair na bhfoláireamh a scriosadh 3 bliana tar éis na foláirimh a scriosadh.

5.   Féadfar logaí a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná na tréimhsí dá dtagraítear i mír 4 má tá gá leo ar mhaithe le nósanna imeachta faireacháin atá ar siúl cheana.

6.   Chun críocha féinfhaireacháin agus chun feidhmiú ceart CS-SIS mar aon le sláine agus slándáil sonraí a áirithiú, beidh teacht ag eu-LISA, i gcomhréir le teorainneacha a inniúlachta, ar na logaí sin.

Beidh rochtain ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le teorainneacha a inniúlachta agus arna iarraidh sin dó, ar na logaí sin chun dualgais an Mhaoirseora a chomhall.

CAIBIDIL IV

FAISNÉIS DON PHOBAL

Airteagal 19

Feachtais faisnéise SIS

Ach a dtosófar ag cur an Rialacháin seo i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, feachtas a chur i gcrích chun faisnéis a thabhairt don phobal faoi chuspóirí SIS, faoi na sonraí a stóráiltear, faoi na húdaráis a bhfuil rochtain acu ar SIS agus faoi na cearta acu siúd is ábhar do na sonraí. Déanfaidh an Coimisiún feachtais den sórt sin a chur i gcrích arís go tráthrialta, i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Déanfaidh an Coimisiún suíomh gréasáin ar a mbeidh teacht ag an bpobal a chothabháil ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le SIS ar fáil. Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar lena n-údaráis mhaoirseachta, na beartais is gá a cheapadh agus a chur chun feidhme chun faisnéis ghinearálta faoi SIS a thabhairt dá saoránaigh agus dá gcónaitheoirí.

CAIBIDIL V

FOLÁIRIMH CHUN CRÍCHE TEACHT ISTEACH AGUS FANACHT A DHIÚLTÚ MAIDIR LE NÁISIÚNAIGH TRÍÚ TÍR

Airteagal 20

Catagóirí sonraí

1.   Gan dochar d'Airteagal 8(1) nó d'fhorálacha an Rialacháin seo lena ndéantar foráil maidir le stóráil sonraí breise, ní bheidh in SIS ach na catagóirí sonraí sin a sholáthraíonn gach ceann ar leith de na Ballstáit, de réir mar a éilítear chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 24 agus in Airteagal 25.

2.   Ní bheidh ach na sonraí seo a leanas in aon fholáireamh in SIS ina mbeidh faisnéis faoi dhaoine:

(a)

sloinnte;

(b)

ainmneacha;

(c)

ainmneacha tráth breithe;

(d)

ainmneacha agus ailiasanna a úsáideadh roimhe sin;

(e)

aon saintréithe sonracha, oibiachtúla, fisiceacha nach féidir a athrú;

(f)

áit bhreithe;

(g)

dáta breithe;

(h)

inscne;

(i)

náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntachtaí eile;

(j)

an fíor a leanas i gcás an té lena mbaineann:

(i)

tá an duine armtha;

(ii)

is duine foréigneach é;

(iii)

theith sé nó d'éalaigh sé;

(iv)

tá an baol ann go gcuirfidh sé lámh ina bhás féin;

(v)

is baol é don tsláinte phoiblí; nó

(vi)

tá an duine páirteach i ngníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 14 de Threoir (AE) 2017/541;

(k)

cúis an fholáirimh;

(l)

an t-údarás a chruthaigh an foláireamh;

(m)

tagairt don chinneadh is cúis leis an bhfoláireamh;

(n)

an beart atá le déanamh i gcás amas;

(o)

naisc le foláirimh eile de bhun Airteagal 48;

(p)

an bhfuil an duine lena mbaineann ina bhall teaghlaigh ag saoránach de chuid an Aontais nó ina dhuine eile ag a bhfuil cearta saorghluaiseachta dá dtagraítear in Airteagal 26;

(q)

an bhfuil an cinneadh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú bunaithe ar na nithe seo a leanas:

(i)

cion a rinneadh roimhe sin dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 24(2);

(ii)

bagairt thromchúiseach slándála dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 24(2);

(iii)

dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sheachaint maidir le teacht isteach agus fanacht mar a thagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 24(2);

(iv)

toirmeasc ar theacht isteach dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 24(1); nó

(v)

beart sriantach dá dtagraítear in Airteagal 25;

(r)

cineál an chiona;

(s)

catagóir dhoiciméid aitheantais an duine;

(t)

tír eisiúna dhoiciméid aitheantais an duine;

(u)

líon na ndoiciméad aitheantais atá ag an duine;

(v)

dáta eisiúna dhoiciméid aitheantais an duine;

(w)

grianghraif agus íomhánna d'aghaidh;

(x)

sonraí dachtalascópacha;

(y)

cóip de dhoiciméid sainaitheantais an duine, daite más féidir.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun rialacha teicniúla a bhfuil gá leo maidir le hiontráil, nuashonrú, scriosadh agus cuardach na sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, chomh maith leis na comhchaighdeáin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, a leagan síos agus a fhorbairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

4.   Beidh na rialacha teicniúla comhchosúil le chéile maidir le cuardaigh in CS-SIS, i gcóipeanna roinnte agus i gcóipeanna teicniúla nó i gcóipeanna teicniúla atá déanta faoi Airteagal 41(2) agus beidh siad bunaithe ar chomhchaighdeáin.

Airteagal 21

Comhréireacht

1.   Sula ndéantar foláireamh a iontráil agus nuair a bhíonn tréimhse bhailíochta foláirimh á fadú, déanfaidh na Ballstáit cinneadh an bhfuil an cás sách leordhóthanach, ábhartha agus tábhachtach le gur gá foláireamh ina leith in SIS.

2.   I gcás ina mbaineann an cinneadh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 24(1) le cion sceimhlitheoireachta, measfar go mbeidh an cás leordhóthanach, ábhartha agus tábhachtach go leor le gur gá foláireamh a bheith in SIS. Ar chúiseanna slándála poiblí nó náisiúnta, is féidir a cheadú don Bhallstáit, ar bhonn eisceachtúil, staonadh ó fholáireamh a iontráil, nuair is dóchúil go gcuirfeadh sé sin bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla.

Airteagal 22

Ceanglas maidir le foláireamh a iontráil

1.   Is iad na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (g), (k), (m), (n), agus (q) d'Airteagal 20(2) an t-íostacar sonraí a bheidh de dhíth chun gur féidir foláireamh a chur isteach in SIS. Cuirfear in SIS freisin na sonraí eile dá dtagraítear sa mhír sin ach iad a bheith ar fáil.

2.   Ní dhéanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 20(2) den Rialachán seo a chur isteach ach amháin nuair a bhíonn géarghá leis d'fhonn an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a shainaithint. Nuair a dhéanfar sonraí den sórt sin a iontráil, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíontar na forálacha in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 23

Comhoiriúnacht na bhfoláireamh

1.   Sula n-eiseofar foláireamh, seiceálfaidh an Ballstát an bhfuil foláireamh i leith an duine lena mbaineann in SIS cheana féin. Chun na críche sin, déanfar seiceáil a chur i gcrích le sonraí dachtalascópacha freisin i gcás ina mbíonn sonraí den sórt sin ar fáil.

2.   Ní dhéanfaidh aon Bhallstát ach foláireamh amháin in aghaidh an duine a iontráil in SIS. I gcás inar gá, féadfaidh Ballstáit eile foláirimh nua i leith an duine chéanna a chur isteach, i gcomhréir le mír 3.

3.   I gcás duine a bhfuil foláireamh ina leith in SIS cheana féin, seiceálfaidh an Ballstát sin, ar mian leis foláireamh nua a iontráil, nach bhfuil aon neamh-chomhoiriúnacht idir na foláirimh. I gcás nach mbíonn neamh-chomhoiriúnacht ann, féadfaidh an Ballstát an foláireamh nua a chur isteach. I gcás ina mbíonn na foláirimh neamh-chomhoiriúnach, rachaidh na Biúrónna SIRENE na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú d'fhonn teacht ar chomhaontú. Déanfar rialacha maidir le comhoiriúnacht na bhfoláireamh a leagann síos i Lámhleabhar SIRENE. Is ceadmhach imeacht ó na rialacha comhoiriúnachta tar éis an chomhairliúcháin idir na Ballstáit i gcás ina mbíonn leas riachtanach náisiúnta i dtreis.

4.   I gcás ina bhfaightear amais maidir le roinnt foláireamh i leith an duine chéanna, leanfaidh an Ballstát forghníomhaitheach na rialacha tosaíochta maidir le foláirimh, a leagtar síos i Lámhleabhar SIRENE.

I gcás duine a n-iontrálann Ballstáit éagsúla roinnt foláireamh ina leith, déanfar foláirimh ghabhála a iontráladh i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1862 a fhorghníomhú mar thosaíocht faoi réir Airteagal 25 den Rialachán sin.

Airteagal 24

Coinníollacha a ghabhann le foláirimh a iontráil maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú

1.   Iontrálfaidh na Ballstáit foláireamh chun teacht isteach agus fanacht a dhiúltú i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tháinig an Ballstát ar an tátal, bunaithe ar mheasúnú aonair, lena n-áirítear freisin measúnú ar na cúinsí pearsanta an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann agus na hiarmhairtí a bhaineann le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú, gur bagairt é don bheartas poiblí, nó don tslándáil phoiblí, nó don tslándáil náisiúnta an náisiúnach tríú tír sin a bheith ar a chríoch agus, dá bhrí sin, ghlac an Ballstát cinneadh breithiúnach nó riaracháin i gcomhréir lena dhlí náisiúnta féin teacht isteach agus fanacht a dhiúltú agus d'eisigh sé foláireamh náisiúnta chun teacht isteach agus fanacht a dhiúltú; nó

(b)

tá toirmeasc ar theacht isteach eisithe ag an mBallstát i gcomhréir le nósanna imeachta lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE i ndáil le náisiúnaigh tríú tír.

2.   Is iad na cásanna seo a leanas a chumhdaítear le pointe (a) de mhír 1:

(a)

náisiúnach tríú tír a ciontaíodh i mBallstát mar gheall ar chion lena ngabhann pionós a bhféadfadh cailleadh saoirse ar feadh bliana, ar a laghad, a bheith i gceist leis;

(b)

tá forais thromchúiseacha ann lena chreidiúint go ndearna náisiúnach tríú tír cion coiriúil tromchúiseach lena n-áirítear cion sceimhlitheoireachta, nó tá comharthaí soiléire ann go bhfuil sé ar intinn ag an té sin cion den sórt sin a dhéanamh ar chríoch Ballstáit;

(c)

sheachain náisiúnach tríú tír dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta maidir le teacht isteach agus fanacht ar chríoch na mBallstát, nó rinne iarracht dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta sin a sheachaint.

3.   A luaithe a fhágfaidh an náisiúnach tríú tír críoch na mBallstát nó a luaithe is féidir i gcás ina bhfaighidh an Ballstát a d'eisigh an foláireamh comhartha soiléir gur fhág an náisiúnach tríú tír críoch na mBallstát, áiritheoidh an Ballstát a d'eisigh an foláireamh go ngabhfaidh éifeacht leis an bhfoláireamh sin in SIS ionas gur féidir teacht isteach arís an náisiúnach tríú tír sin a chosc.

4.   Beidh ceart achomhairc ag daoine a ndearnadh cinneadh ina leith maidir le teacht isteach nó fanachta a dhiúltú, mar a thagraítear dó i mír 1. Is i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta a dhéanfar achomhairc den sórt sin lena soláthraítear leigheas éifeachtach atá iarrtha os comhair na cúirte.

Airteagal 25

Coinníollacha a ghabhann le foláirimh a iontráil maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir bearta sriantacha

1.   Déanfar foláirimh maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ina n-ábhar do bheart sriantach atá ceaptha chun teacht isteach i gcríoch na mBallstát, nó idirthuras trí chríoch na mBallstát, a chosc, ar bearta iad arna ndéanamh i gcomhréir le gníomhartha dlíthiúla arna nglacadh ag an gComhairle, lena n-áirítear bearta lena ndéantar cosc ar thaisteal arna eisiúint ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, a mhéid a chomhlíontar ceanglais maidir le cáilíocht sonraí, a iontráil in SIS chun críche teacht isteach agus fanacht a dhiúltú.

2.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ag a bhfuil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tráth a nglacfar an beart, na foláirimh a iontráil, a choinneáil cothrom le dáta agus a scriosadh. Más rud é nach mbíonn rochtain ag an mBallstát sin ar SIS nó ar fholáirimh a iontráiltear i gcomhréir leis an Rialachán seo, tabharfaidh an Ballstát ag a mbeidh an Uachtaránacht ina dhiaidh sin agus ag a bhfuil rochtain ar SIS, lena n-áirítear rochtain ar na foláirimh a iontráiltear i gcomhréir leis an Rialachán seo, an fhreagracht sin air féin.

Cuirfidh na Ballstáit na nósanna imeachta is gá ar bun chun na foláirimh sin a iontráil, a nuashonrú agus a scriosadh.

Airteagal 26

Coinníollacha a ghabhann le foláirimh a iontráil maidir le náisiúnaigh tríú tír ar tairbhithe iad i dtaca leis an gceart saorghluaiseachta laistigh den Aontas

1.   Foláireamh faoi náisiúnach tríú tír, ar tairbhí é i dtaca leis an gceart saorghluaiseachta laistigh den Aontas, i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE nó le comhaontú arna dhéanamh idir an tAontas nó idir an tAontas gona Bhallstáit ar thaobh amháin, agus tríú tír ar an taobh eile, beidh sé i gcomhréir leis na rialacha a glacadh agus an treoir sin nó an comhaontú á gcur chun feidhme.

2.   I gcás ina n-aimsítear amas maidir le foláireamh a iontráiltear i gcomhréir le hAirteagal 24, ar foláireamh é a bhaineann le náisiúnach tríú tír ar tairbhí é i dtaca leis an gceart saorghluaiseachta laistigh den Aontas, rachaidh an Ballstát a fhorghníomhaíonn an foláireamh i dteagmháil láithreach leis an mBallstát eisiúna trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú chun cinneadh a dhéanamh gan mhoill faoin ngníomhaíocht atá le déanamh.

Airteagal 27

Réamhchomhairliúchán sula ndéantar cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh

I gcás ina bhfuil breithniú á dhéanamh ag Ballstát i dtaobh cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh i gcás náisiúnach tríú tír is ábhar d'fholáireamh arna iontráil ag Ballstát eile chun críocha teacht isteach agus fanacht a dhiúltú, rachaidh na Ballstáit a bheidh i gceist i gcomhar le chéile, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú, i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)

rachaidh an Ballstát deonaithe i gcomhairle leis an mBallstát eisiúna sula ndéantar an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh;

(b)

tabharfaidh an Ballstát eisiúna freagra ar an iarraidh ar chomhairliúchán tráth nach déanaí ná 10 lá féilire dá éis sin;

(c)

mura bhfaighfear freagra faoin spriocdháta dá dtagraítear i bpointe (b), ciallóidh sé sin nach gcuireann an Ballstát eisiúna in aghaidh dheonú nó shíneadh an cheada cónaithe nó na víosa fadfhanachta;

(d)

agus an cinneadh ábhartha á dhéanamh aige, cuirfidh an Ballstát deonaithe san áireamh na cúiseanna atá leis an gcinneadh a rinne an Ballstát eisiúna, agus déanfaidh sé a mheas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an eascródh aon bhagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil phoiblí as an náisiúnach tríú tír sin a bheith ar chríoch na mBallstát;

(e)

cuirfidh an Ballstát deonaithe an Ballstát eisiúna ar an eolas faoina chinneadh; agus

(f)

i gcás ina dtabharfaidh an Ballstát deonaithe fógra don Bhallstát eisiúna go bhfuil rún aige an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh, nó go bhfuil cinnte aige sin a dhéanamh, déanfaidh an Ballstát eisiúna an foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú a scriosadh.

Is faoin mBallstát a dhéanann an deonú a fhágfar an cinneadh críochnaitheach maidir le cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a dheonú do náisiúnach tríú tír.

Airteagal 28

Réamhchomhairliúchán sula n-iontráiltear foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú

I gcás ina bhfuil cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 24(1) déanta ag Ballstát breithniú á dhéanamh i dtaobh foláireamh a iontráil ar mhaithe le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú maidir le náisiúnach tríú tír a bhfuil cead bailí cónaithe nó víosa bhailí fadfhanachta ina sheilbh nó ina seilbh a bhronn Ballstát eile, rachaidh na Ballstáit atá i gceist i gcomhar le chéile, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú, i gcomhréir le na rialacha seo a leanas:

(a)

cuirfidh an Ballstát a rinne an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 24(1) an Ballstát deonaithe ar an eolas faoin gcinneadh;

(b)

beidh dóthain faisnéise faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 24(1) sa mhalartú faisnéise faoi phointe (a) den mhír seo;

(c)

ar bhonn na faisnéise a chuirfidh an Ballstát a rinne an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 24(1) ar fáil, déanfaidh an Ballstát deonaithe a mheas, cé acu atá nó nach bhfuil cúiseanna ann chun an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a tharraingt siar;

(d)

agus an cinneadh ábhartha á dhéanamh, cuirfidh an Ballstát deonaithe san áireamh na cúiseanna atá le cinneadh an Bhallstáit a rinne an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus déanfaidh sé a mheas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an eascródh aon bhagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí as an náisiúnach tríú tír sin a bheith ar chríoch na mBallstát;

(e)

laistigh de 4 lá féilire dhéag ó fuarthas an iarraidh ar chomhairliúchán, cuirfidh an Ballstát deonaithe an Ballstát a rinne an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 24(1) ar an eolas faoina chinneadh nó i gcás nárbh fhéidir an Ballstát deonaithe cinneadh a dhéanamh laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an Ballstát, ar bhonn eisceachtúil, iarraidh réasúnaithe ar shíneadh a chur leis an tréimhse ama ina dtabharfar freagra arb é dhá lá féilire dhéag a uastréimhse;

(f)

i gcás ina dtabharfaidh an Ballstát deonaithe fógra don Bhallstát a rinne an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 24(1) go bhfuil an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a gcoimeád ar bun aige, ní chuirfidh an Ballstát a ghlac an cinneadh foláireamh isteach maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú.

Airteagal 29

Comhairliúchán a posteriori tar éis foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú a iontráil

I gcás ina bhfuil cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 24 déanta ag Ballstát breithniú á dhéanamh i dtaobh foláireamh a iontráil ar mhaithe le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú i leith náisiúnach tríú tír atá ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar chead cónaithe bailí fadfhanachta a bhronn Ballstát eile, rachaidh na Ballstáit atá i gceist i gcomhar le chéile, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú, i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)

cuirfidh an Ballstát eisiúna an Ballstát deonaithe ar an eolas faoin bhfoláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú;

(b)

beidh dóthain faisnéise faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 24 sa mhalartú sonraí dá dtagraítear i bpointe a);

(c)

déanfaidh an Ballstát deonaithe a mheas, ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil, cé acu atá nó nach bhfuil cúiseanna ann chun an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a tharraingt siar;

(d)

agus an cinneadh ábhartha á dhéanamh aige, cuirfidh an Ballstát deonaithe san áireamh na cúiseanna atá leis an gcinneadh a rinne an Ballstát eisiúna, agus déanfaidh sé a mheas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an eascródh aon bhagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí as an náisiúnach tríú tír sin a bheith ar chríoch na mBallstát;

(e)

laistigh de 4 lá féilire dhéag ó fuarthas an iarraidh ar chomhairliúchán, cuirfidh an Ballstát deonaithe an Ballstát eisiúna ar an eolas faoina chinneadh nó i gcás nárbh fhéidir an Ballstát deonaithe cinneadh a dhéanamh laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an Ballstát, ar bhonn eisceachtúil, iarraidh réasúnaithe ar shíneadh a chur leis an tréimhse ama ina dtabharfar freagra arb uasfhad 2 lá féilire dhéag a uastréimhse;

(f)

i gcás ina dtabharfaidh an Ballstát deonaithe fógra don Bhallstát eisiúna go bhfuil an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta á gcoimeád ar bun aige, déanfaidh an Ballstát eisiúna an foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú a scriosadh láithreach bonn.

Airteagal 30

Comhairliúchán i gcás amais i dtaca le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil cead bailí cónaithe nó víosa bhailí fadfhanachta

I gcás ina gcastar amas ar Bhallstát i leith foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú arna iontráil ag Ballstát eile maidir le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil cead bailí cónaithe nó víosa bhailí fadfhanachta arna ndeonú ag Ballstát eile, rachaidh na Ballstáit a bheidh i gceist i gcomhairle le chéile trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)

cuirfidh an Ballstát forghníomhaitheach an Ballstát eisiúna ar an eolas faoin gcás agus;

(b)

cuirfidh an Ballstát eisiúna tús leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 29;

(c)

tabharfaidh an Ballstát eisiúna fógra don Bhallstát forghníomhaitheach faoin toradh tar éis an chomhairliúcháin.

Is é an Ballstát forghníomhaitheach a dhéanfaidh an cinneadh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, maidir le teacht isteach an náisiúnaigh tríú tír.

Airteagal 31

Staidreamh ar mhalartú faisnéise

Cuirfidh na Ballstáit staidreamh ar fáil do eu-LISA go bliantúil faoin malartú faisnéise a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27 go hAirteagal 30 agus faoi gach uair nár cloíodh le spriocdháta an chomhairliúcháin dá bhforáiltear sna hAirteagail sin.

CAIBIDIL VI

CUARDACH LE SONRAÍ BITHMHÉADRACHA

Airteagal 32

Rialacha sonracha maidir le grianghraif, íomhánna den aghaidh agus sonraí dachtalascópacha a iontráil

1.   Ní dhéanfar de ghrianghraif, d'íomhánna den aghaidh ná de shonraí dachtalascópacha dá dtagraítear i bpointe (w) agus pointe (x) d'Airteagal 20(2) a iontráil in SIS ach iad siúd lena gcomhlíontar na híoschaighdeáin cháilíochta sonraí agus sonraíochtaí teicniúla. Sula ndéanfar na sonraí sin a iontráil, déanfar seiceáil cáilíochta d'fhonn a fháil amach ar comhlíonadh na híoschaighdeáin cháilíochta sonraí agus sonraíochtaí teicniúla sin.

2.   Déanfar caighdeáin cháilíochta agus sonraíochtaí teicniúla a bhunú i ndáil le stóráil na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear i mír 1.

3.   Bunófar íoschaighdeáin cháilíochta sonraí agus sonraíochtaí teicniúla i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo i ndáil le stóráil na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Leis na híoschaighdeáin cháilíochta sonraí sin agus leis na sonraíochtaí teicniúla sin, bunófar an leibhéal cáilíochta a bheidh riachtanach d'fhonn úsáid a bhaint as na sonraí sin chun fíorú a dhéanamh ar chéannacht an duine i gcomhréir le Airteagal 33(1) agus chun úsáid a bhaint as na sonraí chun an duine a shainaithint i gcomhréir le Airteagal 33(2) go (4).

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na híoschaighdeáin cháilíochta agus na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 den Airteagal seo a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Airteagal 33

Rialacha sonracha maidir le fíorú nó cuardach le grianghraif, íomhánna den aghaidh agus sonraí dachtalascópacha

1.   I gcás ina mbíonn grianghraif, íomhánna den aghaidh agus sonraí dachtalascópacha ar fáil i bhfoláireamh in SIS, bainfear úsáid as na grianghraif, íomhánna den aghaidh agus sonraí dachtalascópacha sin chun céannacht duine a aimsíodh mar thoradh ar chuardach alfa-uimhriúil in SIS a dheimhniú.

2.   Is ceadmhach sonraí dachtalascópacha a chuardach chun céannacht duine a shuíomh. Áfach, déanfar sonraí dachtalascópacha a chuardach chun céannacht duine a shuíomh mura féidir céannacht an duine sin a fhionnadh ar mhodh eile, déanfar sonraí dachtalascópacha atá stóráilte in SIS a chuardach chun críocha sainaithint a dhéanamh. Chun na críche sin, beidh Córas Aitheantais Uathoibrithe Méarlorg (AFIS) in SIS Láir.

3.   Féadfar sonraí dachtalascópacha atá in SIS i ndáil le foláirimh arna n-iontráil faoi Airteagal 24 agus Airteagal 25 a chuardach freisin trí úsáid a bhaint as sraitheanna iomlána nó neamhiomlána méarlorg nó lorg dearnan a aimsítear ag láithreacha coireanna tromchúiseacha nó cionta sceimhlitheoireachta a bhíonn á n-imscrúdú, agus i gcás inar féidir a shuí, go hardleibhéal dóchúlachta, gur le déantóir ciona na sraitheanna méarlorg sin, ar an gcoinníoll go ndéantar an cuardach go comhuaineach i mbunachair sonraí méarloirg ábhartha náisiúnta an Bhallstáit.

4.   A luaithe is indéanta go teicniúil, agus ar choinníoll go ndéantar ardleibhéal iontaofachta a áirithiú ó thaobh an duine a shainaithint, féadfar úsáid a bhaint as grianghraif agus as íomhánna den aghaidh chun duine a shainaithint i gcomhthéacs na bpointí rialta trasnaithe teorann.

Sula gcuirtear an fheidhmiúlacht sin chun feidhme in SIS, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar infhaighteacht, ullmhacht agus iontaofacht na teicneolaíochta is gá. Rachfar i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa faoin tuairisc sin.

Ach a mbeidh tús curtha ag na pointí rialta trasnaithe teorann le húsáid na feidhmiúlachta sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 i dtaobh cinneadh na n-imthosca eile inar ceadmhach grianghraif agus íomhánna den aghaidh a úsáid chun daoine a shainaithint.

CAIBIDIL VII

CEART CHUN ROCHTAIN A FHÁIL AGUS ATHBREITHNIÚ A DHÉANAMH AR FHOLÁIRIMH AGUS CHUN IAD A SCRIOSADH

Airteagal 34

Údaráis inniúla náisiúnta a bhfuil ceart rochtana acu ar shonraí atá in SIS

1.   Beidh rochtain ar shonraí atá stóráilte in SIS agus an ceart chun na sonraí sin a chuardach go díreach in SIS nó i gcóip de bhunachar sonraí SIS ag na húdaráis inniúla náisiúnta ag a bhfuil sé de fhreagracht náisiúnaigh tríú tír a shainaithint chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

rialú ag teorainneacha, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399;

(b)

seiceálacha póilíneachta agus custaim a dhéantar laistigh den Bhallstát lena mbaineann, agus comhordú na seiceálacha sin ag údaráis ainmnithe;

(c)

cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, laistigh den Bhallstát lena mbaineann, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag Treoir (AE) 2016/680;

(d)

scrúdú a dhéanamh ar na coinníollacha, agus cinntí a dhéanamh, maidir le teacht isteach agus fanacht náisiúnach tríú tír ar chríoch na mBallstát, lena n-áirítear maidir le ceadanna cónaithe, agus maidir le víosaí fadfhanachta, agus maidir le filleadh náisiúnach tríú tír, chomh maith le seiceálacha a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír a thagann isteach nó a fhanann go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát;

(e)

na seiceálacha slándála seo maidir le náisiúnaigh tríú tír a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, a fhad agus nach “údaráis chinntitheacha” iad na húdaráis a dhéanann na seiceálacha mar a sainmhínítear sin i bpointe (f) d'Airteagal 2 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35), agus, i gcás inarb ábhartha agus comhairle á tabhairt, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 (36);

(f)

iarratais ar víosa a scrúdú agus cinntí a dhéanamh a bhaineann leis na hiarratais sin, lena n-áirítear cinntí i dtaobh an ndéanfar víosaí a neamhniú, a chúlghairm nó a shíneadh, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37).

2.   Maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá in SIS, agus maidir leis an gceart chun na sonraí sin a chuardach go díreach, féadfaidh údaráis inniúla náisiúnta, atá freagrach as eadóirseacht, na cearta sin a fheidhmiú, de réir mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta, chun iarratas ar eadóirseacht a scrúdú.

3.   Chun críocha Airteagal 24 agus Airteagal 25, féadfaidh údaráis bhreithiúnacha náisiúnta, lena n-áirítear iad siúd ar a bhfuil freagracht i ndáil le tionscnamh ionchúiseamh poiblí in imeachtaí coiriúla agus i ndáil le fiosrúcháin bhreithiúnacha roimh chúiseamh a dhéanamh ar dhuine, an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí in SIS, agus an ceart chun na sonraí sin a chuardach go díreach, a fheidhmiú freisin le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh, de réir mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta agus de réir mar a fhorálann a gcuid údarás náisiúnta féin.

4.   Maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar shonraí i ndáil le doiciméid a bhaineann le daoine agus a iontráiltear i gcomhréir le hAirteagal 38(2)(k) agus (l) de Rialachán (AE) 2018/1862 agus maidir leis an gceart chun na sonraí sin a chuardach, féadfaidh na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1 den Airteagal seo iad a fheidhmiú freisin.

5.   Déanfar na húdaráis inniúla dá dtagraítear san Airteagal seo a áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 41(8).

Airteagal 35

Rochtain ag Europol ar shonraí SIS

1.   Beidh an ceart ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/794, i gcás inar gá sin chun a sainordú a chomhlíonadh, rochtain a fháil ar shonraí in SIS agus na sonraí sin a chuardach; beidh cead aici faisnéis fhorlíontach a mhalartú agus tuilleadh faisnéise a iarraidh i gcomhréir leis na forálacha sin as Lámhleabhar SIRENE.

2.   Más rud é, mar thoradh ar chuardach ag Europol, go nochtar go bhfuil foláireamh in SIS, cuirfidh Europol an méid sin in iúl don Bhallstát eisiúna trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú trí bhíthin an Bhonneagair Cumarsáide agus i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i Lámhleabhar SIRENE. Nó go mbeidh ar chumas Europol féin leas a bhaint as na feidhmiúlachtaí lena ndéantar faisnéis fhorlíontach a mhalartú, is trí na bealaí a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2016/794 a chuirfidh sé na Ballstáit eisiúna ar an eolas.

3.   An fhaisnéis a chuirfidh Ballstát ar fáil dó chun comparáid a dhéanamh lena bhunachair sonraí agus lena thionscadail anailíse oibríochtúla féin, féadfaidh Europol í a phróiseáil d'fhonn ceangail nó naisc ábhartha eile a shainaithint agus d'fhonn anailísí straitéiseacha, téamacha nó oibríochtúla a dhéanamh mar dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2016/794. Pé próiseáil a dhéanfaidh Europol ar fhaisnéis fhorlíontach chun críche an Airteagail seo, is i gcomhréir leis an Rialachán sin a dhéanfar.

4.   Beidh úsáid faisnéise Europol, a fhaightear ó chuardach in SIS nó ó fhaisnéis fhorlíontach a phróiseáil, faoi réir toiliú a fháil ina leith ón mBallstát eisiúna. Má cheadaíonn an Ballstát an fhaisnéis sin a úsáid, déanfar láimhseáil na faisnéise sin ag Europol a rialú le Rialachán (AE) 2016/794. Is le toiliú ón mBallstát eisiúna amháin a dhéanfaidh Europol faisnéis den sórt sin a chur in iúl do thríú tíortha nó do thríú comhlachtaí agus lánchomhlíonadh á tabhairt do dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.

5.   Maidir le Europol:

(a)

gan dochar do mhír 4 agus do mhír 6, ní dhéanfaidh sé codanna de SIS a bhfuil rochtain aige orthu a cheangal le haon chóras atá ann d'fhonn sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus atá á oibriú ag Europol nó in Europol, ná ní aistreoidh sé na sonraí atá sna codanna sin chuig aon chóras den sórt sin, ná ní dhéanfaidh sé aon chuid de SIS a íoslódáil nó a chóipeáil, ar aon slí eile;

(b)

d'ainneoin Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) 2016/794, scriosfaidh sé faisnéis fhorlíontach ina bhfuil sonraí pearsanta bliain amháin ar a dhéanaí tar éis an foláireamh gaolmhar a scriosadh. De mhaolú air sin, i gcás ina bhfuil faisnéis ag Europol ina bhunachair sonraí nó ina thionscadail anailíse oibríochtúla féin maidir le cás lena mbaineann an fhaisnéis fhorlíontach, féadfaidh Europol — chun gur féidir leis a chúraimí a chomhlíonadh — leanúint go heisiach den fhaisnéis fhorlíontach a stóráil, nuair is gá sin. Cuirfidh Europol an Ballstát eisiúna agus forghníomhaitheach ar an eolas maidir le stóráil leantach a dhéanamh ar an bhfaisnéis fhorlíontach sin agus tabharfaidh sé bonn cirt leis;

(c)

déanfaidh sé rochtain ar shonraí in SIS, lena n-áirítear faisnéis fhorlíontach, a theorannú do bhaill foirne Europol atá údaraithe go sonrach ina leith sin a dteastaíonn rochtain ar shonraí den sórt sin uathu chun a gcúraimí a chomhlíonadh;

(d)

déanfaidh sé bearta a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm chun slándáil, rúndacht agus féinfhaireachán a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 10, le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 13;

(e)

déanfaidh sé a áirithiú go bhfaighidh baill foirne atá údaraithe chun sonraí SIS a phróiseáil an oiliúint agus an fhaisnéis chuí i gcomhréir le hAirteagal 14(1); agus

(f)

gan dochar do Rialachán (AE) 2016/794, ligfidh sé don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Europol agus a cheart á fheidhmiú ag Europol chun rochtain a fháil ar shonraí in SIS agus chun cuardach a dhéanamh in SIS, agus i ndáil le malartú agus próiseáil faisnéise forlíontaí.

6.   Ní dhéanfaidh sonraí in SIS a chóipeáil ach amháin chun críoch teicniúil, i gcás ina bhfuil gá leis an gcóipeáil sin le go bhféadfaidh baill foirne Europol atá údaraithe go cuí cuardach díreach a dhéanamh. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cóipeanna den sórt sin. Ní úsáidfear an chóip theicniúil ach amháin chun sonraí SIS a stóráil le linn na sonraí sin a bheith á gcuardach. Nuair a bheidh cuardach déanta ar na sonraí scriosfar iad. Ní fhorléireofar úsáidí den sórt sin mar úsáidí a chuimsíonn íoslódáil neamhdhleathach nó cóipeáil neamhdhleathach shonraí SIS. Ní dhéanfaidh Europol sonraí foláirimh ná sonraí breise arna n-eisiúint ag na Ballstáit a chóipeáil ná ní dhéanfaidh sé cóip díobh a aistriú ó CS-SIS isteach i gcórais eile de chuid Europol.

7.   Chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun slándáil agus sláine iomchuí sonraí a áirithiú, coinneoidh Europol logaí maidir le gach rochtain ar SIS agus maidir le gach cuardach in SIS i gcomhréir le forálacha Airteagal 12. Ní mheasfar gurb ionann na logaí agus na doiciméid sin agus íoslódáil nó cóipeáil neamhdhleathach cuid de SIS.

8.   Cuirfidh na Ballstáit Europol ar an eolas trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú maidir le haon amas i ndáil le foláirimh a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta. Féadfaidh Ballstáit staonadh ó Europol a chur ar an eolas más dóchúil go ndéanfaí imscrúduithe reatha nó sábháilteacht duine aonair a chur i mbaol nó i gcás ina mbeadh sé contrártha do leasanna bunúsacha shlándáil an Bhallstáit eisiúna.

9.   Beidh feidhm ag mír 8 ón dáta a mbeidh ar chumas Europol faisnéis fhorlíontach a fháil i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 36

Rochtain ar shonraí in SIS ag foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, ag foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, agus ag baill na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce

1.   I gcomhréir le hAirteagal 40(8) de Rialachán (AE) 2016/1624, beidh baill foirne dá dtagraítear i bpointe (8) agus pointe (9) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/1624, laistigh dá sainordú agus ar choinníoll go bhfuil siad údaraithe chun seiceálacha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 34(1) den Rialachán seo agus go bhfuil an oiliúint is gá faighte acu i gcomhréir le hAirteagal 14(1) den Rialachán seo, beidh an ceart ag na baill foirne sin rochtain a fháil ar shonraí in SIS agus cuardach a dhéanamh orthu a mhéid is gá chun a gcúram a chomhlíonadh agus is riachtanach don phlean oibríochta a ghabhann le gníomhaíocht shonrach. Ní thabharfar cead rochtana ar shonraí in SIS d'aon bhaill foirne eile.

2.   Déanfaidh baill foirne dá dtagraítear i mír 1 an ceart sin chun rochtain a fháil ar shonraí in SIS a fheidhmiú, agus an ceart sin chun na sonraí sin a chuardach a fheidhmiú, i gcomhréir le mír 1 trí chomhéadan teicniúil. Cuirfear an comhéadan teicniúil ar bun agus déanfar é a chothabháil ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus ceadófar leis sin nasc díreach le SIS Láir.

3.   Más rud é, mar thoradh ar chuardach ag ball de na foirne dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go nochtar go bhfuil foláireamh in SIS, cuirfear sin in iúl don Bhallstát eisiúna. I gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2016/1624, ní fhéadfaidh baill na bhfoirne gníomhú chun freagairt ar fholáireamh in SIS ach amháin de réir treoracha ó ghardaí teorann nó ó bhaill foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, is é sin le rá, gardaí teorann agus baill foirne de chuid an Bhallstáit óstaigh ina bhfuil siad ag oibriú agus, mar riail ghinearálta, ní fhéadfaidh siad gníomhú amhlaidh ach amháin i láthair na ngardaí teorann nó na mball foirne sin. Féadfaidh an Ballstát óstach baill na bhfoirne a údarú chun gníomhú thar a cheann.

4.   Chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh, agus chun slándáil agus sláine iomchuí sonraí a áirithiú, coinneoidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta logaí maidir le gach rochtain ar SIS agus maidir le gach cuardach in SIS i gcomhréir le forálacha Airteagal 12.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta bearta a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm chun slándáil, rúndacht agus féinfhaireachán a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 10, le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 13 agus áiritheoidh sí go gcuireann na foirne dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na bearta sin i bhfeidhm.

6.   Ní léireofar aon ní san Airteagal seo mar ní a dhéanann difear d'fhorálacha Rialachán (AE) 2016/1624 a bhaineann le cosaint sonraí nó leis an dliteanas i leith aon phróiseáil neamhúdaraithe nó mícheart ar na sonraí sin arna déanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

7.   Gan dochar do mhír 2, ní dhéanfar aon chodanna de SIS a cheangal le haon chóras ríomhaireachta atá ann chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus atá á oibriú ag na foirne dá dtagraítear i mír 1 ná ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, ná ní dhéanfar na sonraí atá in SIS, a bhfuil rochtain ag na foirne sin orthu, a aistriú chuig córas den sórt sin. Ní dhéanfar aon chuid de SIS a íoslódáil nó a chóipeáil. Ní mheasfar gurb ionann na logaí agus na doiciméid sin agus íoslódáil nó cóipeáil neamhdhleathach cuid de SIS.

8.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta cead don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bhfoirne dá dtagraítear san Airteagal seo agus i bhfeidhmiú a gceart chun rochtain a fháil ar shonraí in SIS agus cuardach a dhéanamh iontu. Beidh sé sin gan dochar do na forálacha breise i Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 37

Meastóireacht ar úsáid SIS ag Europol agus ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

1.   Gach 5 bliana, ar a laghad, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar oibriú agus úsáid SIS ag Europol agus ag na foirne dá dtagraítear in Airteagal 36(1).

2.   Áiritheoidh Europol agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar na torthaí agus na moltaí a thiocfaidh ón meastóireacht sin.

3.   Cuirfear tuarascáil maidir leis na torthaí agus leis an obair leantach ar an meastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 38

Raon rochtana

Ní ceadmhach d'úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear Europol agus comhaltaí na bhfoirne dá dtagraítear i bpointe (8) agus pointe (9) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/1624 iad, rochtain a fháil ar shonraí seachas sonraí a bhfuil gá acu leo chun a gcúraimí a chomhlíonadh.

Airteagal 39

Tréimhse athbhreithnithe na bhfoláireamh

1.   Ní dhéanfar foláirimh a choimeád ach amháin ar feadh an ama is gá chun na gcríoch ar chucu a iontráladh iad a bhaint amach.

2.   Déanfaidh Ballstát eisiúna athbhreithniú, laistigh de 3 bliana ón tráth a n-iontráiltear an foláireamh in SIS, ar an ngá atá lena choinneáil. Más rud é go bhforáiltear, leis an gcinneadh náisiúnta ar a bhfuil an foláireamh bunaithe, do thréimhse bailíochta is faide ná 3 bliana, déanfar an foláireamh a athbhreithniú laistigh de 5 bliana.

3.   Déanfaidh gach Ballstát, i gcás inarb iomchuí, tréimhsí níos giorra le haghaidh athbhreithnithe a shocrú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

4.   Laistigh den tréimhse athbhreithnithe, féadfaidh an Ballstát eisiúna, tar éis measúnú cuimsitheach aonair, a dhéanfar a thaifeadadh, a chinneadh an foláireamh a choimeád go ceann tréimhse is faide, más gá sin, agus má tá sin comhréireach chun na gcríoch ar chucu a iontráládh an foláireamh. I gcás den sórt sin, beidh feidhm ag mír 2 maidir leis an bhfadú freisin. Déanfar aon fhadú ar fholáireamh a chur in iúl do CS-SIS.

5.   Déanfar foláirimh a scriosadh go huathoibríoch tar éis na tréimhse athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 2 ach amháin i gcás ina mbeidh an Ballstát a eisíonn an foláireamh tar éis fógra a chur chuig CS-SIS faoi fhadú an fholáirimh de bhun mhír 4. Déanfaidh CS-SIS scriosadh sceidealta sonraí as an gcóras a chur in iúl don Bhallstát eisiúna 4 mhí roimh ré.

6.   Coimeádfaidh na Ballstáit staidreamh faoin líon foláireamh a bhfadaítear an tréimhse choinneála ina leith i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo agus déanfaidh siad an staidreamh a tharchur, arna iarraidh sin dóibh, do na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 55.

7.   A luaithe is léir don Bhiúró SIRENE go bhfuil an cuspóir atá le foláireamh faoi dhuine bainte amach agus dá bhrí sin gur cheart é a scriosadh, cuirfidh sé an t-údarás a chruthaigh an foláireamh ar an eolas láithreach maidir leis sin. Beidh 15 lá féilire ag an údarás ón tráth a bhfaigheann sé an fógra sin chun a léiriú gur scriosadh, nó go scriosfar, an foláireamh, sin nó luafaidh sé cúiseanna leis an bhfoláireamh a choinneáil. Mura mbeidh freagra faighte faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh Biúró SIRENE a áirithiú go scriosfar an foláireamh. Scriosfaidh Biúró SIRENE an foláireamh i gcás inarb incheadaithe sin faoin dlí náisiúnta. Déanfaidh Biúrónna SIRENE aon saincheisteanna athfhillteacha a thagann os a gcomhair agus iad ag gníomhú faoin mír seo a thuairisciú dá n-údarás maoirseachta.

Airteagal 40

Foláirimh a scriosadh

1.   Déanfar foláirimh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú de bhun Airteagal 24 a scriosadh:

(a)

nuair a dhéanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh ar dá réir a iontráladh an foláireamh a tharraingt siar nó a chur ar ceal; nó

(b)

i gcás inarb infheidhme sin tar éis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27 agus in Airteagal 29 a chur i bhfeidhm.

2.   Maidir le foláirimh i leith náisiúnaigh tríú tír is ábhar do bheart sriantach darb aidhm an duine sin a chosc ar dhul isteach ar chríoch na mBallstát nó ar dhul tríthi, déanfar iad a scriosadh tráth a mbeidh an beart sriantach foirceannta, curtha ar fionraí nó curtha ar neamhní.

3.   Déanfar foláirimh arna n-eisiúint maidir le duine a bhfuil saoránacht aon Bhallstát, nó aon Stáit ar tairbhithe iad a gcuid náisiúnach i dtaca leis an gceart saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais faighte aige a scriosadh a luaithe a thagann an Ballstát eisiúna ar an eolas, nó a luaithe a chuirtear in iúl don Bhallstát eisiúna de bhun Airteagal 44, go bhfuil an tsaoránacht sin faighte ag an duine i dtrácht.

4.   Déanfar na foláireamh a scriosadh ar dhul in éag an fholáirimh i gcomhréir le hAirteagal 39.

CAIBIDIL VIII

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE PRÓISEÁIL SONRAÍ

Airteagal 41

Sonraí SIS a phróiseáil

1.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20 a phróiseáil chun teacht isteach agus fanacht ina gcríocha a dhiúltú.

2.   Ní dhéanfar sonraí a chóipeáil ach amháin chun críoch teicniúil, i gcás ina bhfuil gá leis an gcóipeáil sin le go bhféadfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 34 cuardach díreach a dhéanamh. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cóipeanna den sórt sin. Ní chóipeálfaidh Ballstát sonraí foláirimh ná sonraí breise a iontráladh ag Ballstát eile óna N.SIS nó ó CS-SIS isteach i gcomhaid sonraí náisiúnta eile.

3.   Féadfar cóipeanna teicniúla, dá dtagraítear i mír 2, as a leanann bunachair shonraí as líne, a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná 48 n-uaire an chloig.

D'ainneoin na chéad fhomhíre, ní cheadófar cóipeanna teicniúla as a leanfaidh bunachair shonraí as líne atá le húsáid ag údaráis eisiúna víosaí, ach amháin i gcás cóipeanna arna ndéanamh ar mhaithe lena n-úsáid i gcás éigeandála, agus sa chás sin amháin, tar éis staid a fhágann nach bhfuil an líonra ar fáil ar feadh tréimhse is faide ná 24 huaire an chloig.

Coimeádfaidh na Ballstáit fardal cothrom le dáta maidir leis na cóipeanna sin, cuirfidh siad an fardal sin ar fáil dá n-údarás maoirseachta, agus áiritheoidh siad go ndéanfar an Rialachán seo, go háirithe Airteagal 10, a chur i bhfeidhm maidir leis na cóipeanna sin.

4.   Ní údarófar rochtain ar shonraí ag údaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 34 ach amháin faoi chuimsiú a n-inniúlachta agus do bhaill foirne atá údaraithe go cuí amháin.

5.   Ní mór aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí SIS ag na Ballstáit chun críoch seachas na críocha ar chucu a iontráladh in SIS iad a nascadh le cás sonrach agus ní mór údar a bheith léi chun an gá le gar-bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí agus ar an tslándáil phoiblí a chosc, ar fhorais thromchúiseacha slándála náisiúnta nó chun coir thromchúiseach a chosc. Gheofar údarú roimh ré chun na críche sin ón mBallstát a eisíonn an foláireamh.

6.   Féadfaidh na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 34(1) sonraí a bhaineann le doiciméid maidir le daoine agus a iontráiltear faoi phointe (k) agus (l) d'Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) 2018/1862 a úsáid i gcomhréir le dlíthe gach Ballstáit ar leith.

7.   Maidir le haon úsáid sonraí SIS nach gcomhlíonann mír 1 go mír 6, measfar gur mí-úsáid í faoi dhlí náisiúnta gach Ballstáit agus beidh an úsáid sin faoi réir pionós i gcomhréir le hAirteagal 59.

8.   Déanfaidh gach Ballstát liosta de na húdaráis inniúla dá chuid atá údaraithe chun cuardach díreach a dhéanamh in SIS de bhun an Rialacháin seo agus, chomh maith leis sin, aon athruithe ar an liosta sin, a sheoladh chuig eu-LISA. Déanfar na sonraí a bhféadfaidh údarás cuardach a dhéanamh iontu, agus cad chuige an cuardach sin, a shonrú sa liosta. Áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar an liosta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gach bliain. Coinneoidh eu-LISA ar bun liosta a nuashonrófar go leanúnach ar a mbeidh na hathruithe arna seoladh ag na Ballstáit idir na foilseacháin bhliantúla.

9.   Sa mhéid nach bhfuil forálacha sonracha leagtha síos le dlí an Aontais, beidh feidhm ag dlí gach Ballstáit ar leith maidir le sonraí ina N.SIS féin.

Airteagal 42

Sonraí SIS agus comhaid náisiúnta

1.   Beidh Airteagal 41(2) gan dochar don cheart atá ag Ballstát sonraí SIS a bhfuil gníomhaíocht déanta dá mbarr ar a chríoch féin a choimeád ina chomhaid náisiúnta féin. Coimeádfar na sonraí sin i gcomhaid náisiúnta ar feadh tréimhse nach faide ná 3 bliana, ach amháin i gcás ina ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta maidir le tréimhse choinneála atá níos faide ná sin.

2.   Ní dhéanfaidh Airteagal 41(2) dochar don cheart atá ag Ballstát sonraí atá i bhfoláireamh ar leith arna iontráil in SIS ag an mBallstát sin a choimeád ina chomhaid náisiúnta féin.

Airteagal 43

Faisnéis i gcás nach bhforghníomhaítear foláireamh

I gcás nach féidir gníomhaíocht atá iarrtha a dhéanamh, déanfaidh an Ballstát óna n-iarrtar an méid sin a chur in iúl láithreach don Bhallstát a eisíonn an foláireamh trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

Airteagal 44

Cáilíocht na sonraí in SIS

1.   Beidh ar an mBallstát a eisíonn foláireamh a áirithiú go bhfuil na sonraí cruinn, cothrom le dáta, agus iontráilte agus stóráilte go dleathach in SIS.

2.   I gcás ina bhfaigheann Ballstát eisiúna sonraí ábhartha breise nó modhnaithe mar atá liostaithe in Airteagal 20(2), déanfaidh sé an foláireamh a chomhlánú nó a mhodhnú gan mhoill.

3.   Ní bheidh sé d'údarás ach ag an mBallstát a eisíonn foláireamh na sonraí atá iontráilte in SIS aige a mhodhnú, a cheartú, a thabhairt cothrom le dáta nó a scriosadh nó cur leo.

4.   I gcás ina bhfuil sonraí ábhartha breise nó modhnuithe mar atá liostaithe in Airteagal 20(2) ag Ballstát nach Ballstát eisiúna é, déanfaidh sé iad a tharchur gan mhoill, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú, chuig an mBallstát eisiúna d'fhonn a chur ar chumas an Bhallstáit eisiúna an foláireamh a chomhlánú nó a mhodhnú. Ní dhéanfar na sonraí a tharchur ach amháin i gcás ina bhfuil céannacht an náisiúnaigh tríú tír ar eolas.

5.   I gcás ina mbíonn fianaise ag Ballstát, nach é an Ballstát a d'eisigh foláireamh é, á thabhairt le tuiscint go bhfuil sonra mícheart go fíorasach, nó gur stóráladh go neamhdhleathach é, déanfaidh sé, trí mhalartú faisnéise forlíontaí, an méid sin a chur in iúl don Bhallstát eisiúna a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 lá oibre tar éis a aird a bheith tarraingthe ar an bhfaisnéis sin. Seiceálfaidh an Ballstát eisiúna an fhaisnéis agus, más gá, ceartóidh sé, nó scriosfaidh sé, an sonra i dtrácht gan mhoill.

6.   I gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann teacht ar chomhaontú laistigh de 2 mhí ón tráth a dtagann an fhianaise chun solais den chéad uair, dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát nár iontráil an foláireamh an t-ábhar a chur faoi bhráid na n-údarás maoirseachta lena mbaineann agus faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí chun cinneadh a fháil ina leith trí chomhar i gcomhréir le hAirteagal 57.

7.   Déanfaidh na Ballstáit faisnéis fhorlíontach a mhalartú i gcásanna ina ndéanann duine gearán nach é féin an duine atá beartaithe a bheith faoi réir foláireamh. I gcás ina dtaispeánann toradh na seiceála nach bhfuil an gearánach an duine atá beartaithe a bheith faoi réir foláireamh, le fírinne, cuirfear an ghearánaigh ar an eolas faoi na bearta a leagtar síos in Airteagal 47 agus faoi ceart an ghearánaigh chun sásaimh faoi Airteagal 54(1).

Airteagal 45

Teagmhais slándála

1.   Maidir le haon imeacht a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar shlándáil SIS, nó a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le damáiste do shonraí SIS nó don fhaisnéis fhorlíontach, nó le cailleadh na sonraí sin, measfar gur teagmhas slándála é, go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé go bhfuarthas rochtain neamhdhleathach ar shonraí nó i gcás ina ndearnadh, nó ina bhféadfadh sé go ndearnadh, infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol.

2.   Déanfar teagmhais slándála a bhainistiú chun freagairt thapa, éifeachtach agus iomchuí a áirithiú.

3.   Gan dochar d'fhógra a thabhairt faoi shárú sonraí pearsanta agus cur in iúl an tsáraithe sin de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2016/679 nó de bhun Airteagal 30 de Threoir (AE) 2016/680, cuirfidh na Ballstáit, Europol agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann an Coimisiún, eu-LISA, an t-údarás inniúil maoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas gan mhoill maidir le teagmhais slándála. Cuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann an Coimisiún agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas gan mhoill faoi aon teagmhas slándála a bhaineann le SIS Láir.

4.   Déanfar faisnéis maidir le teagmhas slándála a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar oibriú SIS i mBallstát nó laistigh de eu-LISA nó ar infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí arna n-iontráil nó arna seoladh ag Ballstáit eile nó ar fhaisnéis fhorlíontach a dhéantar a mhalartú, déanfar í a chur ar fáil do na Ballstáit ar fad gan mhoill agus a thuairisciú de réir an phlean bainistithe teagmhais arna sholáthar ag eu-LISA.

5.   Rachaidh na Ballstáit agus eu-LISA i gcomhar le chéile má tharlaíonn teagmhas slándála.

6.   Déanfaidh an Coimisiún teagmhais thromchúiseacha a thuairisciú láithreach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Aicmiú EU RESTRICTED/RESTREINT UE a dhéanfar ar na tuarascálacha sin i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme.

7.   I gcás ina dtarlaíonn teagmhas slándála de thoradh ar mhí-úsáid sonraí, déanfaidh na Ballstáit, Europol agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a áirithiú go bhforchuirtear pionóis i gcomhréir le hAirteagal 59.

Airteagal 46

Idirdhealú a dhéanamh ar dhaoine ag a bhfuil saintréithe comhchosúla

1.   I gcás inar léir, nuair a iontráiltear foláireamh nua, go bhfuil foláireamh in SIS cheana maidir le duine ag a bhfuil an eilimint chéanna tuairisce aitheantais, beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas:

2.   Déanfaidh Biúró SIRENE teagmháil leis an mBallstát eisiúna trí fhaisnéis fhorlíontach laistigh de 12 uair an chloig chun cros-seiceáil a dhéanamh i dtaobh an mbaineann an dá fholáireamh leis an duine céanna nó nach mbaineann; agus

3.   I gcás ina nochtar, leis an gcros-seiceáil, gur mar a chéile ábhar an fholáirimh nua agus an duine atá faoi réir foláireamh atá iontráilte in SIS cheana, déanfaidh Biúró SIRENE an nós imeachta maidir le hiontráil ilfholáireamh dá dtagraítear in Airteagal 23 a chur i bhfeidhm. 3. I gcás inarb é is toradh don cros-seiceáil go bhfuil beirt éagsúla i gceist, le fírinne, formheasfaidh Biúró SIRENE an iarraidh chun an dara foláireamh a iontráil trí na sonraí riachtanacha a chur isteach d'fhonn aon sainaithint mhícheart a sheachaint.

Airteagal 47

Sonraí breise chun déileáil le céannachtaí a mhí-úsáidtear

1.   I gcás ina bhféadfadh mearbhall a bheith ann maidir leis an duine atá beartaithe mar ábhar foláirimh agus duine ar mí-úsáideadh a chéannacht, déanfaidh an Ballstát eisiúna, faoi réir toiliú sainráite a fháil ón duine ar mí-úsáideadh a gcéannacht, sonraí maidir leis an duine is déanaí atá luaite a chur leis an bhfoláireamh chun na hiarmhairtí diúltacha a ghabhann le sainaithint mhícheart a sheachaint. Beidh ceart ag aon duine ar mí-úsáideadh a gcéannacht a thoiliú nó a toiliú le próiseáil na faisnéise a tharraingt siar.

2.   Ní úsáidfear sonraí duine ar mí-úsáideadh a chéannacht ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

chun ligean don údarás inniúil idirdhealú a dhéanamh ar an duine ar mí-úsáideadh a chéannacht agus an duine a bhí beartaithe iarbhír mar ábhar an fholáirimh; and

(b)

chun ligean don duine ar mí-úsáideadh a chéannacht a chéannacht a chruthú agus a shuí gur mí-úsáideadh a chéannacht.

3.   Chun críche an Airteagail seo, agus faoi réir toiliú sainráite an duine ar mí-úsáideadh an céannacht maidir le gach catagóir sonraí, ní fhéadfar ach na sonraí pearsanta seo a leanas de chuid an duine ar mí-úsáideadh a gcéannacht a iontráil agus a phróiseáil a thuilleadh in SIS:

(a)

sloinnte;

(b)

céadainmneacha;

(c)

ainmneacha tráth breithe;

(d)

ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailiasanna a d'fhéadfadh a bheith iontráilte ar leithligh óna chéile;

(e)

aon saintréith fhisiceach oibiachtúil nach féidir a athrú;

(f)

áit bhreithe;

(g)

dáta breithe;

(h)

inscne;

(i)

grianghraif agus íomhánna d'aghaidh;

(j)

méarloirg, lorg dearnan nó an dá cheann;

(k)

náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntachtaí eile;

(l)

catagóir dhoiciméid aitheantais an duine;

(m)

tír eisiúna dhoiciméid aitheantais an duine;

(n)

líon na ndoiciméad aitheantais atá ag an duine;

(o)

dáta eisiúna dhoiciméid aitheantais an duine;

(p)

seoladh an duine;

(q)

ainm athair an duine;

(r)

ainm mháthair an duine.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na rialacha teicniúla a bhfuil gá leo maidir le hiontráil agus próiseáil bhreise a dhéanamh ar na sonraí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a leagan síos agus a fhorbairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

5.   Déanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 3 a scriosadh an tráth céanna leis an bhfoláireamh comhfhreagrach nó níos luaithe ná sin i gcás ina n-iarrann an duine amhlaidh.

6.   Ní fhéadfaidh aon údarás seachas na húdaráis a bhfuil ceart acu chun rochtain a fháil ar an bhfoláireamh comhfhreagrach rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear i mír 3. Ní fhéadfaidh siad déanamh amhlaidh ach amháin chun sainaithint mhícheart a sheachaint.

Airteagal 48

Naisc idir foláirimh

1.   Féadfaidh Ballstát nasc a chruthú idir foláirimh in SIS. Is é a bheidh d'éifeacht ag nasc den sórt sin ná gaolmhaireacht a bhunú idir dhá fholáireamh nó níos mó.

2.   Ní dhéanfaidh cruthú naisc difear don ghníomhaíocht shonrach atá le déanamh ar bhonn gach foláirimh nasctha ná don tréimhse choinneála a bhaineann le gach ceann de na foláirimh nasctha.

3.   Ní dhéanfaidh cruthú naisc difear do na cearta rochtana dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ní bheidh údaráis nach bhfuil aon cheart acu chun rochtain a fháil ar chatagóirí áirithe foláireamh in ann an nasc le foláireamh nach bhfuil ceart acu chun rochtain a fháil air a fheiceáil.

4.   Déanfaidh Ballstát nasc a chruthú idir foláirimh nuair atá gá oibríochtúil ann chuige sin.

5.   I gcás ina measann Ballstát go bhfuil cruthú naisc idir foláirimh ag Ballstát eile ar neamhréir lena dhlí náisiúnta nó lena oibleagáidí idirnáisiúnta, féadfaidh sé na bearta riachtanacha a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir aon rochtain ar an nasc a bheith ann óna chríoch náisiúnta nó ag a chuid údarás atá lonnaithe lasmuigh dá chríoch.

6.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun rialacha teicniúla maidir le nascadh foláireamh a leagan síos agus a fhorbairt. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Airteagal 49

Cuspóir agus tréimhse choinneála faisnéise forlíontaí

1.   Déanfaidh na Ballstáit tagairt do na cinntí is cúis le foláireamh a choimeád i mBiúró SIRENE chun tacú le malartú faisnéise forlíontaí.

2.   Sonraí pearsanta a shealbhaíonn Biúró SIRENE i gcomhaid mar thoradh ar fhaisnéis a mhalartaítear, ní dhéanfar iad a choimeád ach amháin ar feadh cibé méid ama is gá chun na gcríoch ar chucu a soláthraíodh iad a bhaint amach. Déanfar iad a scriosadh, ina aon chás, 1 bliain amháin ar a dhéanaí tar éis an foláireamh gaolmhar a scriosadh as SIS.

3.   Ní dhéanfaidh mír 2 dochar don cheart atá ag Ballstát sonraí a bhaineann le foláireamh ar leith atá iontráilte ag an mBallstát sin nó le foláireamh ar ina leith a rinneadh gníomhaíocht ar a chríoch a choimeád i gcomhaid náisiúnta. Is leis an dlí náisiúnta a rialófar an tréimhse ar lena linn a fhéadfar sonraí den sórt sin a shealbhú sna comhaid sin.

Airteagal 50

Sonraí a aistriú chuig tríú páirtithe

Ní dhéanfar sonraí a phróiseálfar in SIS agus an fhaisnéis fhorlíontach ghaolmhar a mhalartófar de bhun an Rialacháin seo a aistriú chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta ná ní dhéanfar iad a chur ar fáil dóibh.

CAIBIDIL IX

COSAINT SONRAÍ

Airteagal 51

An reachtaíocht is infheidhme

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) 2018/1725 maidir le próiseáil a dhéanann an eu-LISA agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ar shonraí pearsanta. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/794 agus sonraí pearsanta á bpróiseáil ag Europol faoin Rialachán seo.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 34 den Rialachán seo cé is moite de phróiseáil chun críocha cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú, nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin ina bhfuil feidhm ag Treoir (AE) 2016/680.

Airteagal 52

Ceart chun faisnéise

1.   I gcomhréir le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679 nó le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680, tabharfar fógra do náisiúnaigh tríú tír atá ina n-ábhar d'fholáireamh in SIS. Soláthrófar an fhaisnéis sin i scríbhinn, mar aon le cóip den chinneadh náisiúnta, nó tagairt don chinneadh náisiúnta, is cúis leis an bhfoláireamh dá dtagraítear in Airteagal 24(1) den Rialachán seo a sholáthar.

2.   Ní chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i gcás ina gceadaítear leis an dlí náisiúnta srianadh a dhéanamh ar an gceart chun faisnéis a fháil, go háirithe chun an tslándáil náisiúnta, an chosaint, an tslándáil phoiblí agus cosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta coiriúla a choimirciú.

Airteagal 53

Ceart chun rochtain a fháil ar shonraí míchruinne, agus chun iad a cheartú, agus chun sonraí atá á stóráil go neamhdhleathach a léirscriosadh

1.   Beidh daoine is ábhar do na sonraí in ann na cearta atá leagtha síos in Airteagal 15, Airteagal 16 agus Airteagal 17 de Rialacháin (AE) 2016/679 agus in Airteagal 14 agus Airteagal 16(1) agus (2) de Threoir (AE) 2016/680 a fheidhmiú.

2.   Féadfaidh Ballstát, seachas an Bhallstát eisiúna, faisnéis maidir leis na sonraí a phróiseáiltear a sholáthar don duine is ábhar do na sonraí, maidir le aon cheann de na pointí sonraí pearsanta féin a bhaineann leis an duine is ábhar do na sonraí, ach amháin má thugann sé deis ar dtús don Bhallstát a eisíonn an foláireamh chun a sheasamh a lua. Déanfar an chumarsáid idir na Ballstáit sin trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

3.   Déanfaidh Ballstát cinneadh gan faisnéis a sholáthar don té sin is ábhar do na sonraí, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a mhéid atá, agus ar feadh cibé tréimhse a bhfuil, srian iomlán nó páirteach den sórt sin ina bheart riachtanach comhréireach i sochaí dhaonlathach, agus aird chuí á tabhairt ar chearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an té lena mbaineann, chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a)

bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint;

(b)

dochar do chosc, do bhrath, d'imscrúdú nó d'ionchúiseamh cionta coiriúla, nó d'fhorghníomhú pionós coiriúil, a sheachaint;

(c)

an tslándáil phoiblí a chosaint;

(d)

an tslándáil náisiúnta a chosaint; nó

(e)

cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

I gcásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Ballstát an té is ábhar do na sonraí ar an eolas i scríbhinn, gan moill mhíchuí, faoi dhiúltú nó srianadh rochtana agus faoi na fáthanna a bhí leis an gcinneadh sin. Féadfar faisnéis den sórt sin a fhágáil ar lár i gcás ina mbainfeadh soláthar na faisnéise sin an bonn d'aon cheann de na cúiseanna a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír. Cuirfidh an Ballstát an té is ábhar do na sonraí ar an eolas faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta nó leigheas breithiúnach a lorg.

Déanfaidh an Ballstát na cúiseanna fíorasacha nó dlí ar a bhfuil an cinneadh gan faisnéis a chur in iúl don té sin is ábhar do na sonraí bunaithe a dhoiciméadú. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta.

I gcásanna den sórt sin, féadfar an té is ábhar do na sonraí a chearta a fheidhmiú trí na húdaráis mhaoirseachta inniúla.

4.   Ach a bhfaightear iarraidh ar rochtain, ceartú nó léirscriosadh, cuirfidh an Ballstát an té is ábhar do na sonraí ar an eolas a luaithe is féidir laistigh de na spriocdhátaí dá dtagraítear in Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2016/679 faoin obair leantach a rinneadh maidir le feidhmiú na gceart faoin Airteagal seo, beag beann ar cibé an bhfuil an té sin is ábhar do na sonraí i dtríú tír nó nach bhfuil.

Airteagal 54

Réitigh

1.   Gan dochar d'fhorálacha maidir le réitigh de Rialachán (AE) 2016/679 agus de Threoir (AE) 2016/680, féadfaidh aon duine caingean a thionscnamh os comhair aon cheann de na húdaráis inniúla, lena n-áirítear cúirt, faoi dhlí aon Bhallstáit, chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, nó faisnéis a cheartú, a léirscriosadh nó seilbh a fháil uirthi, nó chun cúiteamh a fháil, i dtaca le foláireamh maidir leis an duine sin.

2.   Gan dochar d'Airteagal 58, geallann na Ballstáit go frithpháirteach cinntí críochnaitheacha a thugann na cúirteanna nó na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhorghníomhú.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit tuairiscáil bliantúil don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí ar an méid seo a leanas:

(a)

an líon iarrataí ar rochtain arna gcur faoi bhráid an rialaitheora sonraí agus an líon cásanna inar tugadh rochtain ar shonraí;

(b)

an líon iarrataí ar rochtain arna gcur faoi bhráid an údaráis maoirseachta agus an líon cásanna inar tugadh rochtain ar shonraí;

(c)

an líon iarrataí a seoladh chuig an rialaitheoir sonraí maidir le ceartú sonraí míchruinne agus léirscriosadh sonraí arna stóráil go neamhdhleathach agus an líon cásanna inar ceartaíodh nó inar léirscriosadh na sonraí sin;

(d)

an líon iarrataí a cuireadh faoi bhráid an údaráis maoirseachta maidir le ceartú sonraí míchruinne agus léirscriosadh sonraí arna stóráil go neamhdhleathach;

(e)

an líon imeachtaí cúirte a thionscnaítear;

(f)

an líon cásanna inar rialaigh an chúirt i bhfabhar an iarratasóra;

(g)

aon bharúlacha maidir le cásanna a bhaineann le haitheantas frithpháirteach do chinntí críochnaitheacha a dhéanann cúirteanna nó údaráis de chuid Ballstát eile faoi fholáirimh arna n-iontráil ag an mBallstát a eisíonn an foláireamh.

Déanfaidh an Coimisiún teimpléad a fhorbairt don tuairisciú dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

4.   Déanfar na tuarascálacha ó na Ballstáit a chur isteach sa tuarascáil chomhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 57(4).

Airteagal 55

Maoirseacht ar N.SIS

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta neamhspleácha atá ainmnithe i ngach Ballstát agus dá dtugtar na cumhachtaí dá dtagraítear i gCaibidil VI de Rialachán (AE) 2016/679 nó i gCaibidil VI de Threoir (AE) 2016/680 faireachán ar dhlíthiúlacht na próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta SIS ar a gcríoch féin agus ar tharchur na sonraí sin ón gcríoch sin, agus ar mhalartú agus ar phróiseáil bhreise faisnéise forlíontaí ar a gcríoch.

2.   Áiritheoidh na húdaráis mhaoirseachta go ndéantar iniúchadh ar na hoibríochtaí próiseála sonraí ina N.SIS a chur i gcrích i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta uair amháin, ar a laghad, i ngach tréimhse 4 bliana. Is iad na húdaráis mhaoirseachta a dhéanfaidh an t-iniúchadh a chur i gcrích nó déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta an t-iniúchadh a ordú go díreach ó iniúchóir neamhspleách cosanta sonraí. Is ag na húdaráis mhaoirseachta a bheidh smacht i gcaitheamh an ama ar fhreagrachtaí an iniúchóra neamhspleách agus glacfaidh siad na freagrachtaí sin ar láimh chucu féin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag a n-údaráis mhaoirseachta féin a ndóthain acmhainní chun na cúraimí a leagtar orthu faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus go mbeidh fáil acu ar chomhairle uatha siúd atá leoreolach ar shonraí bithmhéadracha.

Airteagal 56

Maoirseacht a dhéanamh ar eu-LISA

1.   Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta eu-LISA agus a áirithiú go ndéanfar é a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo. Beidh feidhm ag na dualgais agus ag na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 57 agus in Airteagal 58 de Rialachán (CE) 2018/1725 dá réir sin.

2.   Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí iniúchadh, gach 4 bliana, ar a laghad, ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta eu-LISA i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta. Déanfar tuarascáil faoin iniúchadh sin a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig eu-LISA, chuig an gCoimisiún agus chuig na húdaráis mhaoirseachta. Tabharfar deis do eu-LISA tuairimí a thabhairt sula nglactar an tuarascáil.

Airteagal 57

Comhoibriú idir na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus iad go léir ag gníomhú de réir raon feidhme a n-inniúlachtaí féin, comhoibriú gníomhach le chéile faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí agus déanfaidh siad maoirseacht chomhordaithe ar SIS a áirithiú.

2.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus iad go léir ag gníomhú de réir raon feidhme a n-inniúlachtaí féin, faisnéis ábhartha a mhalartú, cúnamh a thabhairt dá chéile le linn iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, deacrachtaí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gníomhartha dlíthiúla infheidhme eile de chuid an Aontais a scrúdú, staidéar ar fhadhbanna a nochtar trí fheidhmiú maoirseachta neamhspleáiche nó trí fheidhmiú na gceart atá ag ábhair sonraí, tograí comhchuibhithe a tharraingt suas maidir le réitigh chomhpháirteacha ar aon fhadhbanna agus feasacht ar chearta maidir le cosaint sonraí a chur chun cinn, de réir mar is gá.

3.   Chun na gcríoch a leagtar síos i mír 2, tiocfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile faoi dhó sa bhliain, ar a laghad, mar chuid den Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí. Is é an Bord a sheasfaidh costais agus seirbhísiú na gcruinnithe sin. Glacfar rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú. Déanfar modhanna oibre eile a fhorbairt i gcomhpháirt le chéile, de réir mar is gá.

4.   Déanfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí comhthuarascáil ar ghníomhaíochtaí maidir le maoirseacht chomhordaithe a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

CAIBIDIL X

DLITEANAS AGUS PIONÓIS

Airteagal 58

Dliteanas

1.   Gan dochar don cheart chun cúiteamh a fháil agus aon dliteanas faoi Rialachán (AE) 2016/679, faoi Threoir (AE) 2016/680 agus Rialachán (AE) 2018/1725:

(a)

aon duine nó aon Bhallstát dár bhain damáiste ábhartha nó neamhábhartha de bharr oibríocht phróiseála neamhdhleathach trí úsáid a bhaint as N.SIS nó de bharr aon bheart nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, arna ndéanamh ag Ballstát, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát sin; agus

(b)

aon duine nó aon Bhallstát dár bhain damáiste ábhartha nó neamhábhartha de bhar aon bheart a rinne eu-LISA nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ó eu-LISA.

Beidh an Ballstát nó eu-LISA díolmhaithe óna dhliteanas faoin chéad fhomhír, go hiomlán nó i bpáirt, má éiríonn leo a chruthú nárbh iad a bhí freagrach as an eachtra ba shiocair leis an damáiste.

2.   Má dhéanann Ballstát aon fhaillí i gcomhlíonadh a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a bheidh ina chúis damáiste don SIS, beidh an Ballstát sin nó an comhlacht sin faoi dhliteanas i leith an damáiste sin, mura rud é nach ndearna agus a mhéid nach ndearna eu-LISA nó Ballstát eile atá rannpháirteach sa SIS bearta réasúnta chun cosc a chur ar an damáiste tarlú nó chun a thionchar a íoslaghdú.

3.   Is faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3. Is faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne eu-LISA as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3.

Airteagal 59

Pionóis

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon mhí-úsáid nó próiseáil de shonraí SIS, de shárú ar an Rialachán seo, a bhainfear as sonraí nó as aon mhalartú faisnéise forlíontaí inphionósaithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

CAIBIDIL XI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 60

Faireachán agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú SIS de réir cuspóirí a bhaineann le haschur, cost-éifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

2.   Chun críocha na cothabhála teicniúla, an tuairiscithe, an tuairiscithe ar cháilíocht sonraí, agus an staidrimh, beidh rochtain ag eu-LISA ar an bhfaisnéis is gá a bhaineann le hoibríochtaí próiseála arna gcur i gcrích ag SIS Láir.

3.   Táirgfidh eu-LISA staidrimh ar bhonn laethúil, míosúil, agus bliantúil a léireoidh líon na dtaifead de réir chatagóir na bhfoláireamh, is é sin an líon iomlán agus an líon i ndáil le gach Ballstát ar leith. Ina theannta sin, cuirfidh eu-LISA ar fáil tuarascálacha bliantúla faoin líon bliantúil amas in aghaidh na catagóire foláirimh, an líon uaireanta a cuardaíodh SIS agus an líon uaireanta a fuarthas rochtain ar SIS chun foláireamh a iontráil, a nuashonrú nó a scriosadh, is é sin an líon iomlán agus an líon i ndáil le gach Ballstát ar leith. Áireofar leis an staidreamh sin ar na malartuithe faisnéise faoi Airteagal 27 go hAirteagal 31. Ní bheidh aon sonraí pearsanta sa staidreamh a ullmhaítear. Foilseofar an tuarascáil bhliantúil staidrimh.

4.   Déanfaidh na Ballstáit agus, chomh maith leis sin, déanfaidh Europol agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an fhaisnéis is gá i ndáil le dréachtú na dtuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 3, 5, 7 agus 8 a sholáthar do eu-LISA agus don Choimisiún.

5.   Déanfaidh eu-LISA aon tuarascálacha staidrimh a ullmhaíonn sí a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do na Ballstáit, don Choimisiún, do Europol, do Eurojust agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ghníomhartha dlíthiúla an Aontais, lena n-áirítear chun críche Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar eu-LISA tuarascálacha staidrimh sonracha breise a sholáthar, de chineál rialta nó ad hoc, maidir le feidhmíocht SIS, úsáid SIS agus maidir le malartú faisnéise forlíontaí.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a iarraidh ar eu-LISA tuarascálacha staidrimh sonracha breise a sholáthar chun críocha anailísí riosca agus measúnú leochaileachta dá dtagraítear in Airteagal 11 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/1624 de chineál rialta nó ad hoc a dhéanamh.

6.   Chun críche Airteagal 15(4) agus mhír 3, mhír 4 agus mhír 5 den Airteagal seo, déanfaidh eu-LISA lárstóras a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil sna láithreáin theicniúla dá cuid ina bhfuil na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 15(4) agus i mír 3 den Airteagal seo, ar stóras é nach lamhálfaidh sainaithint daoine aonair agus a lamhálfaidh don Choimisiún agus do na gníomhaireachtaí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo tuarascálacha agus staidreamh sainordaithe a fháil. Arna iarraidh sin dóibh, déanfaidh eu-LISA rochtain ar an lárstóras a thabhairt do na Ballstáit, don Choimisiún, do Europol agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, a mhéid is gá chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh, trí bhíthin rochtain dhaingnithe tríd an mBonneagar Cumarsáide. Déanfaidh an Ghníomhaireacht rialú ar rochtain agus próifílí sonracha úsáideora a chur chun feidhme, chun a áirithiú go mbeidh rochtain ar an lárstóras chun críche tuairiscithe agus staidrimh agus chun na críche sin amháin.

7.   Dhá bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun na chéad fhomhíre d'Airteagal 66(5) agus gach dara bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil SIS Láir agus an Bhonneagair Cumarsáide, lena n-áirítear cúrsaí slándála i leith an chórais uathoibrithe um shainaithint méarlorg agus ar mhalartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áiritheofar sa tuarascáil sin freisin, a luaithe a bheidh an teicneolaíocht sin in úsáid, meastóireacht ar úsáid a bhaint as íomhánna den aghaidh chun náisiúnach tríú tír a shainaithint.

8.   Trí bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun na chéad fhomhíre d'Airteagal 66(5) agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán a ullmhú maidir le SIS Láir agus maidir le malartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit. Áireofar san mheastóireacht fhoriomlán sin scrúdú ar thorthaí atá bainte amach de réir na gcuspóirí agus measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnaíochta, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i leith SIS Láir, ar shlándáil SIS Láir agus ar aon impleachtaí d'oibríochtaí amach anseo. Áiritheofar sa tuarascáil mheastóireachta freisin measúnú ar an gcóras sainaitheanta méarlorg uathoibrithe agus feachtais faisnéise faoi SIS arna n-eagrú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 19.

Cuimseofar sa tuarascáil mheastóireachta freisin staidreamh maidir leis an líon foláireamh i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 24(1) agus staidreamh maidir leis an líon foláireamh a iontráiltear i gcomhréir le pointe (b) den mhír sin. Maidir le foláirimh a thagann faoi phointe (a) d'Airteagal 24(1), tabharfaidh sé mionsonraí faoin líon foláireamh a eisíodh i ndiaidh na staideanna dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 24(2). Beidh measúnú sa tuarascáil mheastóireachta freisin ar chur i bhfeidhm Airteagal 24 ag na Ballstáit.

Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

9.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena ndéanfar rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú an lárstórais dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a leagan síos agus na rialacha cosanta sonraí agus slándála is infheidhme don lárstóras sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Airteagal 61

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 33(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó 27 Nollaig 2018.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 33(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, go comhuaineach, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 33(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 62

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Tabharfaidh coiste atá ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 cúnamh don Choimisiún

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 63

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

Córais náisiúnta

1.   Beidh freagracht ar gach Ballstát ar leith i ndáil lena N.SIS II féin a chur ar bun, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh agus é a cheangal le NI-SIS.

2.   Beidh de fhreagracht ar gach Ballstát ar leith a áirithiú go mbeidh sonraí SIS II ar fáil gan bhriseadh gan bhearnú do na húsáideoirí deiridh.”;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Rúndacht — na Ballstáit

1.   Déanfaidh gach Ballstát a chuid rialacha maidir le sicréideacht ghairmiúil nó dualgais choibhéiseacha eile i leith rúndachta a chur i bhfeidhm, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, maidir le gach duine agus gach comhlacht a gceanglaítear orthu oibriú le sonraí SIS II agus le faisnéis fhorlíontach. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do na baill foirne sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí sin.

2.   I gcás ina ndéanann Ballstát comhar le conraitheoirí seachtracha i gcúraimí a bhaineann le SIS II, déanfaidh an Ballstát sin faireachán géar ar ghníomhaíochtaí an chonraitheora chun a áirithiú go ndéanfar iad i gcomhréir le gach foráil de chuid an Chinnidh seo, lena n-áirítear go háirithe maidir le slándáil, rúndacht agus cosaint sonraí.

3.   Ní thabharfar de chúram do chuideachtaí nó eagraíochtaí príobháideacha bainistiú oibríochtúil N.SIS II ná bainistiú oibríochtúil aon chóipeanna teicniúla de N.SIS II.”;

(3)

Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   Déanfaidh an t-údarás bainistíochta sásra agus nósanna imeachta maidir le seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar na sonraí in CS-SIS, déanfaidh sí iad a fhorbairt agus a chothabháil. Soláthróidh sí tuarascálacha tráthrialta do na Ballstáit.

Déanfaidh an t-údarás bainistíochta tuarascáil rialta a chlúdaíonn na saincheisteanna ar thángthas orthu agus na Ballstáit lena mbaineann a sholáthar don Choimisiún.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil go rialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na fadhbanna a bhí ann i dtaobh cáilíocht sonraí.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Cuimseoidh bainistiú oibríochtúil SIS Láir II na cúraimí go léir is gá chun SIS Láir II a choinneáil i bhfeidhm 24 huaire an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine i gcomhréir leis an gCinneadh seo, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá ar mhaithe le dea-oibriú an chórais. I measc na gcúraimí sin áirítear freisin go ndéantar comhordú agus bainistiú ar na gníomhaíochtaí tástála do SIS Láir II agus do na córais náisiúnta agus go dtacaítear leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirithítear go n-oibríonn SIS Láir II agus na córais náisiúnta i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla i gcomhréir le hAirteagal 9.”;

(4)

in Airteagal 17, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“3.   I gcás ina ndéanann an t-údarás bainistíochta comhar le conraitheoirí seachtracha i gcúraimí a bhaineann le SIS II, déanfaidh an Ballstát sin faireachán géar ar ghníomhaíochtaí an chonraitheora chun a áirithiú go ndéanfar iad i gcomhréir le gach foráil de chuid an Chinnidh seo, go háirithe maidir le slándáil, rúndacht agus cosaint sonraí.

4.   Ní thabharfar de chúram do chuideachtaí nó eagraíochtaí príobháideacha bainistiú oibríochtúil CS-SIS.”;

(5)

in Airteagal 20, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(ka)

an cineál ciona;”;

(6)

in Airteagal 21, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“I gcás ina mbíonn duine nó ábhar á lorg faoi fholáireamh a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta, measfar go bhfuil an cás leordhóthanach, ábhartha agus tábhachtach go leor le gur gá foláireamh a bheith in SIS II. Ar chúiseanna slándála poiblí nó náisiúnta, is féidir a cheadú don Bhallstáit, ar bhonn eisceachtúil, staonadh ó fholáireamh a chruthú, nuair is dóchúil go gcuirfeadh sé sin bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla.”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

“Airteagal 22

Rialacha sonracha maidir le fíorú nó cuardach le grianghraif agus méarloirg

1.   Ní dhéanfar grianghraif agus méarloirg a iontráil ach amháin i ndiaidh do sheiceáil cháilíochta speisialta a bheith déanta chun a fháil amach an gcomhlíontar caighdeán íosta ó thaobh cáilíocht sonraí de. Déanfar sonraíocht na seiceála cáilíochta speisialta a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 67.

2.   I gcás ina mbíonn grianghraif agus méarloirg ar fáil i bhfoláireamh in SIS II, bainfear úsáid as na sonraí sin chun céannacht duine a aimsíodh mar thoradh ar chuardach alfa-uimhriúil in SIS II a dheimhniú.

3.   Mura féidir céannacht an duine sin a fhionnadh ar mhodh eile, déanfar sonraí méarlorg a chuardach chun críocha céannachta. Is ceadmhach sonraí méarlorg a chuardach chun céannacht duine a shuíomh. Chun na críche sin, beidh Córas Aitheantais Uathoibrithe Méarlorg (AFIS) in SIS Láir II.

4.   Féadfar sonraí méarlorg atá stóráilte in SIS II i ndáil le foláirimh arna n-eisiúint faoi Airteagal 26, Airteagal 32 agus Airteagal 36 a chuardach freisin le sraitheanna iomlána nó neamhiomlána méarlorg a aimsítear ag láithreacha coireanna tromchúiseacha nó cionta sceimhlitheoireachta a bhíonn á n-imscrúdú, agus i gcás inar féidir a shuí, go hardleibhéal dóchúlachta, gur le déantóir ciona iad, ar an gcoinníoll go ndéantar an cuardach go comhuaineach ina mbunachair sonraí méarloirg ábhartha náisiúnta féin.”;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

“Airteagal 26

Coinníollacha a ghabhann le foláirimh a iontráil maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir bearta sriantacha

1.   Déanfar foláirimh maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ina n-ábhar do bheart sriantach atá ceaptha chun teacht isteach i gcríoch na mBallstát, nó idirthuras trí chríoch na mBallstát, a chosc, ar bearta iad arna ndéanamh i gcomhréir le gníomhartha dlíthiúla arna nglacadh ag an gComhairle, lena n-áirítear bearta lena ndéantar cosc ar thaisteal arna eisiúint ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, a mhéid a chomhlíontar ceanglais maidir le cáilíocht sonraí, a iontráil in SIS chun críche teacht isteach agus fanacht a dhiúltú.

2.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ag a bhfuil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tráth a nglacfar an beart, na foláirimh a iontráil, a choinneáil cothrom le dáta agus a scriosadh. Más rud é nach mbíonn rochtain ag an mBallstát sin ar SIS II nó ar fholáirimh a iontráiltear i gcomhréir leis an Rialachán seo, tabharfaidh an Ballstát ag a mbeidh an Uachtaránacht ina dhiaidh sin agus ag a bhfuil rochtain ar SIS II, lena n-áirítear foláirimh a iontráiltear i gcomhréir leis an Rialachán seo, an fhreagracht sin air féin.

Cuirfidh na Ballstáit na nósanna imeachta is gá ar bun chun na foláirimh sin a iontráil, a nuashonrú agus a scriosadh.”;

(9)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 27a

Rochtain Europol ar shonraí SIS II

1.   Beidh an ceart ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún. i gcás inar gá sin chun a sainordú a chomhlíonadh, rochtain a fháil ar shonraí a iontráiltear in SIS II agus na sonraí sin a chuardach; beidh cead aici faisnéis fhorlíontach a mhalartú agus tuilleadh faisnéise a iarraidh i gcomhréir leis na forálacha sin as Lámhleabhar SIRENE.

2.   Más rud é, mar thoradh ar chuardach ag Europol, go nochtar go bhfuil foláireamh in SIS II, cuirfidh Europol an méid sin in iúl don Bhallstát eisiúna trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú trí bhíthin an Bhonneagair Cumarsáide agus i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i Lámhleabhar SIRENE. Nó go mbeidh ar chumas Europol féin leas a bhaint as na feidhmiúlachtaí lena ndéantar faisnéis fhorlíontach a mhalartú, is trí na bealaí a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

3.   An fhaisnéis a chuirfidh Ballstát ar fáil dó chun críocha comparáid a dhéanamh lena bhunachair sonraí agus lena thionscadail anailíse oibríochtúla, féadfaidh Europol í a phróiseáil d'fhonn ceangail nó naisc ábhartha eile a shainaithint agus d'fhonn anailísí straitéiseacha, téamacha nó oibríochtúla a dhéanamh mar a shainmhínítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2016/794. Pé próiseáil a dhéanfaidh Europol ar fhaisnéis fhorlíontach chun críche an Airteagail seo, is i gcomhréir leis an Rialachán seo a dhéanfar.

4.   Tá úsáid faisnéise, a fhaightear ó chuardach in SIS II nó ó fhaisnéis fhorlíontach a phróiseáil, faoi réir toiliú a fháil ina leith ón mBallstát eisiúna. Má cheadaíonn an Ballstát an fhaisnéis sin a úsáid, déanfar láimhseáil na faisnéise sin ag Europol a rialú le Rialachán (AE) 2016/794. Is le toiliú ón mBallstát eisiúna amháin a fhéadfaidh Europol faisnéis den sórt sin a chur in iúl do thríú tíortha nó do thríú comhlachtaí agus lánurraim á tabhairt do dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.

5.   Maidir le Europol:

(a)

gan dochar do mhír 4 agus do mhír 6, ní dhéanfaidh sé codanna de SIS II a bhfuil rochtain aige orthu a cheangal le haon chóras atá ann d'fhonn sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus atá á oibriú ag Europol nó in Europol, ná ní aistreoidh sé na sonraí atá sna codanna sin chuig aon chóras den sórt sin, ná ní dhéanfaidh sé aon chuid de SIS II a íoslódáil nó a chóipeáil, ar aon slí eile;

(b)

d'ainneoin Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) 2016/794, scriosfaidh sé faisnéis fhorlíontach ina bhfuil sonraí pearsanta bliain amháin ar a dhéanaí tar éis an foláireamh gaolmhar a scriosadh. De mhaolú air sin, i gcás ina mbeidh faisnéis ag Europol ina gcuid bunachar sonraí nó ina thionscadail anailíse oibríochtúla maidir le cás lena mbaineann an fhaisnéis fhorlíontach, féadfaidh Europol, ar bhonn eisceachtúil, chun go mbeidh sé in ann a chúraimí a chomhlíonadh, leanúint den fhaisnéis fhorlíontach a stóráil nuair is gá sin. Cuirfidh Europol an Ballstát eisiúna agus an Ballstáit forghníomhaitheach ar an eolas faoi stóráil leantach faisnéis fhorlíontach den sórt sin agus tabharfaidh sé bonn cirt leis an stóráil leantach sin;

(c)

déanfaidh sé rochtain ar shonraí a iontráiltear in SIS II, lena n-áirítear faisnéis fhorlíontach, a theorannú do bhaill foirne Europol atá údaraithe go sonrach ina leith sin a dteastaíonn an rochtain sin uathu chun a gcúraimí a chomhlíonadh;

(d)

déanfaidh sé bearta a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm chun slándáil, rúndacht agus féinfhaireachán a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 10, le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 13;

(e)

déanfaidh sé a áirithiú go bhfaighidh baill foirne atá údaraithe chun sonraí SIS II a phróiseáil an oiliúint agus an fhaisnéis chuí i gcomhréir le hAirteagal 14; agus

(f)

gan dochar do Rialachán (AE) 2016/794, ligfidh sé don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Europol agus a cheart á fheidhmiú ag Europol chun rochtain a fháil ar shonraí in SIS agus chun cuardach a dhéanamh in SIS II, agus i ndáil le malartú agus próiseáil faisnéise forlíontaí;

6.   Ní fhéadfar sonraí a chóipeáil ach amháin chun críoch teicniúil, ar choinníoll go bhfuil gá leis an gcóipeáil sin le go bhféadfaidh baill foirne Europol atá údaraithe go cuí cuardach díreach a dhéanamh. Beidh feidhm ag forálacha an Chinnidh seo maidir le cóipeanna den sórt sin. Déanfar an chóip theicniúil a úsáid chun sonraí SIS II a stóráil le linn na sonraí sin a bheith á gcuardach. Nuair a bheidh cuardach déanta ar na sonraí scriosfar iad. Ní mheasfar gurb ionann na logaí agus na doiciméid sin agus íoslódáil nó cóipeáil neamhdhleathach cuid de shonraí SIS II. Ní dhéanfaidh Europol sonraí foláirimh ná sonraí breise arna n-eisiúint ag na Ballstáit a chóipeáil ná ní dhéanfaidh sé cóip díobh a aistriú ó CS-SIS II isteach i gcórais eile de chuid Europol.

7.   Chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun slándáil agus sláine iomchuí sonraí a áirithiú, coinneoidh Europol logaí maidir le gach rochtain ar SIS agus maidir le gach cuardach in SIS II i gcomhréir le forálacha Airteagal 12. Ní mheasfar gurb ionann na logaí agus na doiciméid sin agus íoslódáil nó cóipeáil neamhdhleathach cuid de SIS.

8.   Cuirfidh na Ballstáit Europol ar an eolas trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú maidir le haon amas i ndáil le foláirimh a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta. Féadfaidh Ballstáit staonadh ó Europol a chur ar an eolas más dóchúil go ndéanfaí imscrúduithe reatha nó sábháilteacht duine aonair a chur i mbaol nó i gcás ina mbeadh sé contrártha do leasanna bunúsacha shlándáil an Bhallstáit eisiúna.

9.   Beidh feidhm ag mír 8 ón dáta a mbeidh ar chumas Europol faisnéis fhorlíontach a fháil i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 27b

Rochtain ar shonraí in SIS II ag foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, ag foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, agus ag baill na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce

1.   I gcomhréir le hAirteagal 40(8) de Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), beidh baill foirne mar a shainmhínítear i bpointe (8) agus pointe (9) d'Airteagal 2 den Rialachán sin, laistigh dá sainordú agus ar choinníoll go bhfuil siad údaraithe chun seiceálacha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 27(1) den Rialachán seo agus go bhfuil an oiliúint is gá faighte acu i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo, beidh an ceart ag na baill foirne sin rochtain a fháil ar shonraí in SIS II agus cuardach a dhéanamh orthu a mhéid is gá chun a gcúram a chomhlíonadh agus is riachtanach don phlean oibríochta a ghabhann le gníomhaíocht shonrach. Ní thabharfar cead rochtana ar shonraí in SIS II d'aon bhaill foirne eile.

2.   Déanfaidh baill foirne dá dtagraítear i mír 1 an ceart sin chun rochtain a fháil ar shonraí in SIS II a fheidhmiú, agus an ceart sin chun na sonraí sin a chuardach a fheidhmiú, i gcomhréir le mír 1 trí chomhéadan teicniúil arna chur ar bun agus arna chothabháil ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus lenar féidir nasc díreach le SIS Láir II.

3.   Más rud é, mar thoradh ar chuardach ag ball de na foirne dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go nochtar go bhfuil foláireamh in SIS II, cuirfear sin in iúl don Bhallstát eisiúna. I gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2016/1624, ní fhéadfaidh baill na bhfoirne gníomhú chun freagairt ar fholáireamh in SIS II ach amháin de réir treoracha ó ghardaí teorann nó ó bhaill foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, is é sin le rá, gardaí teorann agus baill foirne de chuid an Bhallstáit óstaigh ina bhfuil siad ag oibriú agus, mar riail ghinearálta, ní fhéadfaidh siad gníomhú amhlaidh ach amháin i láthair na ngardaí teorann nó na mball foirne sin. Féadfaidh an Ballstát óstach baill na bhfoirne a údarú chun gníomhú thar a cheann.

4.   Chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh, agus chun slándáil agus sláine iomchuí sonraí a áirithiú, coinneoidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta logaí maidir le gach rochtain ar SIS II agus maidir le gach cuardach in SIS II i gcomhréir le forálacha Airteagal 12.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta bearta a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm chun slándáil, rúndacht agus féinfhaireachán a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 10, le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 13 agus áiritheoidh sí go gcuireann na foirne dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na bearta sin i bhfeidhm.

6.   Ní léireofar aon ní san Airteagal seo mar ní a dhéanann difear d'fhorálacha Rialachán (AE) 2016/1624 a bhaineann le cosaint sonraí agus leis an dliteanas i leith aon phróiseála neamhúdaraithe nó mícheart ar na sonraí sin arna déanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

7.   Gan dochar do mhír 2, ní dhéanfar aon chodanna de SIS II a cheangal le haon chóras atá ann chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus atá á oibriú ag na foirne dá dtagraítear i mír 1 ná ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, ná ní dhéanfar na sonraí atá in SIS II, a bhfuil rochtain ag na foirne sin orthu, a aistriú chuig córas den sórt sin. Ní dhéanfar aon chuid de SIS II a íoslódáil nó a chóipeáil. Ní mheasfar gurb ionann na logaí agus na doiciméid sin agus íoslódáil nó cóipeáil neamhdhleathach cuid de shonraí SIS.

8.   Gan dochar do na forálacha breise i Rialachán 45/2001, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta cead don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bhfoirne dá dtagraítear san Airteagal seo agus i bhfeidhmiú a gceart chun rochtain a fháil ar shonraí SIS II agus cuardach a dhéanamh iontu. Beidh sé sin gan dochar do na forálacha breise in Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

(*1)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/JHA, 2009/934/JHA, 2009/935/JHA, 2009/936/JHA agus 2009/968/JHA ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 25.5.2016, lch. 53)."

(*2)  Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21,11,2018, Ich.39).”"

Airteagal 64

Leasú ar an gCoinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme

Scriostar Airteagal 25 den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme.

Airteagal 65

Aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 a aisghairm ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin mar a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 66(5).

Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn.

Airteagal 66

Teacht i bhfeidhm agus tús oibríochtaí

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Tráth nach déanaí ná 28 Nollaig 2021 glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena socrófar an dáta ar a dtosóidh SIS a gcuid oibríochtaí de bhun an Rialacháin seo, tar éis a fhíorú go bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a)

gur glacadh na gníomhartha cur chun feidhme is gá do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

gur chuir na Ballstáit in iúl don Choimisiún go bhfuil na socruithe riachtanacha de chineál teicniúil agus dlíthiúil déanta acu chun sonraí SIS a phróiseáil agus chun faisnéis fhorlíontach a mhalartú de bhun an Rialacháin seo; agus

(c)

gur thug eu-LISA fógra don Choimisiún maidir le críochnú rathúil na ngníomhaíochtaí tástála go léir maidir le CS-SIS agus maidir leis an idirghníomhaíocht idir CS-SIS agus N.SIS.

3.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán géar ar an bpróiseas go ndéanfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a chomhlíonadh de réir a chéile, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir le toradh an fhíoraithe dá dtagraítear sa mhír sin.

4.   Faoin 28 Nollaig 2019 agus gach bliain ina dhiaidh sin go dtí go ndéanfar cinneadh an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh, déanfar an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le staid na himeartha i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta do chur i bhfeidhm iomlán an Rialacháin seo. Beidh faisnéis mhionsonraithe sa tuarascáil sin freisin faoi na costais a tabhaíodh agus faoi aon rioscaí a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar na costais iomlána.

5.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta a chinnfear i gcomhréir le mír 2.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír:

(a)

Beidh feidhm ag Airteagal 4(4), Airteagal 5, Airteagal 8(4), Airteagal 9(1) agus (5), Airteagal 15(7), Airteagal 19 Airteagal 20(3) agus (4), Airteagal 32(4), Airteagal 33(4), Airteagal 47(4), Airteagal 48(6), Airteagal 60(6) agus (9), Airteagal 61, Airteagal 62, pointe (1) go pointe (6) agus pointe (8) d'Airteagal 63, agus mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

beidh feidhm ag pointe (9) d'Airteagal 63 ón 28 Nollaig 2019;

(c)

beidh feidhm ag pointe 7 d'Airteagal 63 ón 28 Nollaig 2020.

6.   Foilseofar an cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil)] agus Cinneadh ón gComhairle an 19 Samhain 2018.

(2)  IO L 239, 22.9.2000, lch. 19.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 2424/2001/CGB ón gComhairle an 6 Nollaig 2001 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a fhorbairt (IO L 328, 13.12.2001, lch. 4).

(4)  Cinneadh 2001/886/CGB ón gComhairle an 6 Nollaig 2001 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a fhorbairt (IO L 328, 13.12.2001, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 381, 28.12.2006, lch. 4).

(6)  Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 205, 7.8.2007, lch. 63).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (féach leathanach 56 den Iris Oifigiúil seo).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht Eorpach um Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).

(9)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle, IO L 119, 4.5.2016 (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(11)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(12)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoir 64/221/CEE, Treoir 68/360/CEE Treoir 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(13)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta á bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(14)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/JHA, 2009/934/JHA, 2009/935/JHA, 2009/936/JHA agus 2009/968/JHA ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(15)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(16)  Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, Lch. 13).

(18)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(19)  Rialachán (AE) uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).

(20)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(21)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(22)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(23)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(24)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(25)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(26)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(27)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(28)  Cinneadh 2010/365/AE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2010 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 166, 1.7.2010, lch. 17).

(29)  Cinneadh (AE) 2018/934 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha atá fágtha den acquis Schengen maidir le Córas Faisnéise Schengen i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 165, 2.7.2018, lch. 37).

(30)  Cinneadh (AE) 2017/733 ón gComhairle an 25 Aibreán 2017 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cróite (IO L 108, 26.4.2017, lch. 31).

(31)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(32)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(33)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 lena mbunaítear Cód Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(35)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le gnáthnósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a aistarraingt (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

(36)  Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 64, 2.3.2004, lch. 1).

(37)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh 1987/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 32 agus Airteagal 33

Airteagal 23

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 26

Airteagal 25

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 27

Airteagal 34

Airteagal 27a

Airteagal 35

Airteagal 27b

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 28

Airteagal 38

Airteagal 29

Airteagal 39

Airteagal 30

Airteagal 40

Airteagal 31

Airteagal 41

Airteagal 32

Airteagal 42

Airteagal 33

Airteagal 43

Airteagal 34

Airteagal 44

Airteagal 45

Airteagal 35

Airteagal 46

Airteagal 36

Airteagal 47

Airteagal 37

Airteagal 48

Airteagal 38

Airteagal 49

Airteagal 39

Airteagal 50

Airteagal 40

Airteagal 51

Airteagal 41

Airteagal 53

Airteagal 42

Airteagal 52

Airteagal 43

Airteagal 54

Airteagal 44

Airteagal 55

Airteagal 45

Airteagal 56

Airteagal 46

Airteagal 57

Airteagal 47

Airteagal 48

Airteagal 58

Airteagal 49

Airteagal 59

Airteagal 50

Airteagal 60

Airteagal 61

Airteagal 51

Airteagal 62

Airteagal 52

Airteagal 63

Airteagal 64

Airteagal 53

Airteagal 65

Airteagal 54

Airteagal 55

Airteagal 66