21.11.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

138


RIALACHÁN (AE) 2018/1727 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 14 Samhain 2018

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 85 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh Eurojust le Cinneadh 2002/187/CGB (2) ón gComhairle mar chomhlacht de chuid an Aontais a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige chun comhordú agus comhar idir údaráis inniúla bhreithiúnacha na mBallstát a spreagadh agus a fheabhsú, go háirithe maidir le coireacht eagraithe thromchúiseach. Le Cinntí 2003/659/CGB (3) agus 2009/426/CGB (4) ón gComhairle leasaítear creat dlíthiúil Eurojust.

(2)

Déantar foráil in Airteagal 85 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go ndéanfar Eurojust a rialáil le rialachán, arna ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Ceanglaítear leis freisin socruithe a chinneadh maidir le baint a bheith ag Parlaimint na hEorpa agus ag na parlaimintí náisiúnta leis an meastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust.

(3)

Déantar foráil in Airteagal 85 CFAE freisin go bhfuil le bheith de chúram ar Eurojust tacú leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta imscrúdúcháin agus ionchúisimh agus an comhordú agus an comhar sin a threisiú i ndáil le coireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó nó a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna, ar bhonn na n-oibríochtaí arna seoladh agus ar bhonn na faisnéise arna tabhairt ag údaráis na mBallstát agus ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol).

(4)

Is éard is aidhm don Rialachán seo forálacha Chinneadh 2002/187/CGB agus Chinneadh 2009/426/CGB a leasú agus a leathnú. I bhfianaise a shuntasaí atá na leasuithe atá le déanamh ó thaobh a líon agus a gcineál, ba cheart Cinneadh 2002/187/CGB sin, ar mhaithe le soiléire, a ionadú go hiomlán maidir leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo.

(5)

Sa mhéid go mbunaítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) trí bhithín chomhair fheabhsaithe, tá Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (5) ina cheangal go huile agus go hiomlán agus níl sé infheidhme go díreach ach amháin i leith na mBallstát atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe. Dá bhrí sin, maidir leis na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach in OIPE, is ar Eurojust go fóill atá an cúram a bheith go hiomlán inniúil le haghaidh na gcineálacha coireachta tromchúisí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

(6)

Le hAirteagal 4(3) den Chonradh an Aontais Eorpaigh (CAE), meabhraítear prionsabal an chomhair dhílis lena ndéanfaidh an tAontas agus na Ballstáit, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, cúnamh a thabhairt dá chéile chun cúraimí a chineann ó CAE agus CFAE.

(7)

Chun éascú a dhéanamh ar an gcomhar idir Eurojust agus OIPE, ba cheart do Eurojust dul i ngleic leis na saincheisteanna atá ábhartha do OIPE aon uair is gá.

(8)

I bhfianaise go bhfuiltear ag bunú OIPE trí chomhar feabhsaithe, ní mór roinnt na n-inniúlachtaí idir OIPE agus Eurojust i ndáil le coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a bhunú go soiléir. Ón dáta a rachaidh OIPE i mbun a cúraimí, maidir le coireacht arb í OIPE atá inniúil ina leith, ba cheart go mbeadh Eurojust in ann a inniúlacht a fheidhmiú i gcásanna a bhaineann le cionta a bhfuil inniúlacht ag OIPE ach a bhfuil Ballstáit rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe chun OIPE a bhunú agus le Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach i gcomhar feabhsaithe den chineál sin ann. Sna cásanna sin, ba cheart do Eurojust gníomhú ar iarraidh sin ag ceann de na Ballstáit rannpháirteacha nó ar iarraidh sin ag OIPE. Ba cheart do Eurojust a bheith inniúil go fóill, in aon chás, le haghaidh coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i gcásanna nach bhfuil OIPE inniúil nó, i gcás fiú ina bhfuil sí inniúil, ní fheidhmíonn sí a hinniúlacht. Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe do bhunú OIPE féadfaidh siad fós féin leanúint orthu ag iarraidh thacaíocht Eurojust i ngach cás a bhaineann le coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Ba cheart go bhforbródh OIPE agus Eurojust dlúthchomhar oibríochtúil i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach.

(9)

Ionas gur féidir le Eurojust a mhisean a chomhlíonadh agus a acmhainneacht ar fad a fhorbairt sa chomhrac i gcoinne coireachta tromchúisí trasteorann, ba cheart a fheidhmeanna oibríochtúla a threisiú trí ualach oibre riaracháin na gcomhaltaí náisiúnta a laghdú, agus a ghné Eorpach a fheabhsú tríd an gCoimisiún a bheith rannpháirteach sa Bhord Feidhmiúcháin agus tríd an mbaint mhéadaithe atá ag Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta leis an meastóireacht ar a ghníomhaíochtaí.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart, leis an Rialachán seo, na socruithe a chinneadh do rannpháirtíocht na parlaiminte, do struchtúr Eurojust a nuachóiriú agus don chreat dlíthiúil atá aige faoi láthair a shimpliú, agus na heilimintí sin a bhfuil a n-éifeachtúlacht maidir le hoibríocht Eurojust cruthaithe a choinneáil san am céanna.

(11)

Ba cheart na foirmeacha de choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó ar a bhfuil Eurojust inniúil a leagan síos go soiléir. Ina theannta sin, ba cheart cásanna nach mbaineann le dhá Bhallstát nó níos mó, ach a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna, a shainiú. Féadfaidh na cásanna sin imscrúduithe agus ionchúisimh a áireamh nach ndéanfadh difear ach do Bhallstát amháin agus do thríú tír i gcás ina bhfuil comhaontú tugtha i gcrích leis an tríú tír sin nó i gcás ina mbeadh gá sonrach le rannpháirtíocht Eurojust. Féadfaidh ionchúiseamh den chineál sin tagairt freisin do chásanna a dhéanann difear do Bhallstát amháin ach a bhfuil frithiarmhairtí ag baint leo ar leibhéal an Aontais.

(12)

Agus é ag feidhmiú a fheidhmeanna oibríochtúla i ndáil le cásanna coireachta nithiúla, arna iarraidh sin d’údaráis inniúla na mBallstát nó ar a thionscnamh féin, ba cheart do Eurojust gníomhú trí chomhalta náisiúnta amháin nó níos mó nó mar Choláiste. Trí ghníomhú ar a thionscnamh féin, féadfaidh Eurojust ról níos gníomhaí a ghlacadh i gcomhordú cásanna amhail tacú leis na húdaráis náisiúnta ina n-imscrúduithe agus ina n-ionchúisimh. Féadfar a áireamh sa mhéid sin go mbeadh Ballstáit rannpháirteach, ar Ballstáit iad nár cuireadh san áireamh sa chás i gcéaduair, agus naisc a aimsiú idir cásanna bunaithe ar fhaisnéis a fhaigheann sé ó Europol, ó Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), ó OIPE, agus ó údaráis náisiúnta. Leis sin, ceadaítear do Eurojust freisin treoirlínte, doiciméid bheartais agus anailísí a bhaineann leis an obair ar chásanna a chur ar fáil mar chuid dá obair straitéiseach.

(13)

Arna iarraidh sin ón údarás inniúil an Bhallstáit nó ón gCoimisiún, ba cheart go mbeadh Eurojust in ann cúnamh a thabhairt freisin i ndáil le himscrúduithe nach mbaineann ach leis an mBallstát sin amháin ach a mbaineann frithiarmhairtí ar leibhéal an Aontais leo. Ar na samplaí de na himscrúduithe sin áirítear cásanna lena mbaineann frithiarmhairtí ar leibhéal an Aontais cásanna ina mbeadh baint ag comhalta de chuid institiúid nó comhlacht AE. Cumhdaítear freisin leis na himscrúduithe sin cásanna a bhfuil baint acu le líon suntasach Ballstát agus arbh fhéidir go mbeadh gá le freagairt chomhordaithe Eorpach ina leith.

(14)

Níl na tuairimí scríofa ó Eurojust ina gceangal ar na Ballstáit ach ba cheart freagairt dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(15)

Chun a áirithiú go bhféadfaidh Eurojust tacú le himscrúduithe trasteorann agus iad a chomhordú mar is iomchuí, ní mór na cumhachtaí oibríochtúla riachtanacha a bheith ag na comhaltaí náisiúnta ar fad maidir lena mBallstát tionscnaimhagus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin ionas gur féidir leo comhoibriú eatarthu féin agus leis na húdaráis náisiúnta ar bhealach níos comhleanúnaí agus níos éifeachtaí. Ba cheart na cumhachtaí sin lenar féidir le Eurojust a mhisean a thabhairt i gcrích go hiomchuí a thabhairt do na comhaltaí náisiúnta. Ba cheart go n-áireofaí ar na cumhachtaí sin rochtain a bheith ar fhaisnéis ábhartha i gcláir phoiblí náisiúnta, agus teagmháil dhíreach a dhéanamh le húdaráis inniúla agus faisnéis a mhalartú leo agus páirt a ghlacadh i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú. Féadfaidh na comhaltaí náisiúnta, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, na cumhachtaí a thagann as a gcumas mar údaráis náisiúnta a choimeád. I gcomhaontú leis an údarás inniúil náisiúnta nó i gcásanna práinneacha, féadfaidh na comhaltaí náisiúnta freisin a bheith in ann bearta imscrúdaitheacha agus seachadtaí rialaithe a ordú, agus iarrataí ar chúnamh frithpháirteach dlí nó iarrataí ar aitheantas frithpháirteach a eisiúint agus a fhorghníomhú. Ós rud é go bhfeidhmítear na cumhachtaí sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart go mbeadh cúirteanna na mBallstát ina gcúirteanna atá inniúil chun na bearta sin a athbhreithniú, i gcomhréir leis na ceanglais agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

(16)

Is gá struchtúr riaracháin agus bainistíochta a thabhairt do Eurojust inar féidir leis a chuid cúraimí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla, agus lena gcomhlíontar go hiomlán leis na prionsabail is infheidhme maidir le gníomhaireachtaí an Aontais, agus lena n-urramaítear cearta agus saoirsí bunúsacha, agus lena gcoinnítear saintréithe speisialta Eurojust agus lena gcosnaítear a neamhspleáchas i ndáil lena fheidhmeanna oibríochtúla a fheidhmiú. Chuige sin, ba cheart feidhmeanna na gcomhaltaí náisiúnta, an Choláiste agus an Stiúrthóra Riaracháin a shoiléiriú agus Bord Feidhmiúcháin a bhunú.

(17)

Ba cheart forálacha a leagan síos chun idirdhealú soiléir a dhéanamh idir feidhmeanna oibríochta agus bainistíochta an Choláiste, lena n-íoslaghdófaí an t-ualach riaracháin ar chomhaltaí náisiúnta sa chaoi go gcuirfí an bhéim ar obair oibríochta Eurojust. Ba cheart cláir oibre, buiséad, tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil Eurojust, agus a shocruithe oibre le comhpháirtithe a áireamh i gcúraimí bainistíochta an Choláiste go háirithe. Ba cheart dó cumhacht údaráis cheapacháin a fheidhmiú maidir leis an Stiúrthóir Riaracháin. Ba cheart don Choláiste rialacha nós imeachta Eurojust a ghlacadh freisin. Ós rud é go bhféadfadh tionchar a bheith ag na rialacha nós imeachta sin ar ghníomhaíochtaí breithiúnacha na mBallstát, ba cheart go dtabharfaí cumhachtaí cur chun feidhme don Chomhairle chun na rialacha sin a fhormheas.

(18)

Chun rialachas agus nósanna imeachta cuíchóirithe Eurojust a fheabhsú, ba cheart Bord Feidhmiúcháin a bhunú chun cúnamh a thabhairt don Choláiste i dtaca lena fheidhmeanna bainistíochta agus sa chaoi gur féidir cinnteoireacht chuíchóirithe maidir le ceisteanna neamhoibríochtúla agus straitéiseacha a bheith ann.

(19)

Ba cheart go mbeadh ionadaíocht ag an gCoimisiún sa Choláiste nuair a fheidhmíonn sé a fheidhmeanna bainistíochta. Ba cheart ionadaí an Choimisiúin sa Choláiste a bheith mar ionadaí an Choimisiúin freisin ar an mBord Feidhmiúcháin chun a áirithiú go ndéanfar Eurojust a mhaoirsiú go neamhoibríochtúil agus a threorú go straitéiseach.

(20)

Chun riar éifeachtúil Eurojust ó lá go lá a áirithiú, ba cheart an Stiúrthóir Riaracháin a bheith ina ionadaí dlíthiúil agus ina bhainisteoir aige, atá freagrach don Choláiste. Ba cheart don Stiúrthóir Riaracháin cinntí an Choláiste agus an Bhoird Feidhmiúcháin a ullmhú agus a chur chun feidhme. Ba cheart go ndéanfaí an Stiurthóir Riaracháin a cheapadh ar bhonn fiúntais agus a chuid nó a cuid scileanna doiciméadaithe riaracháin agus bainistíochta, agus ar bhonn inniúlacht agus taithí iomchuí.

(21)

Ba cheart don Choláiste Uachtarán agus beirt Leas-Uachtarán ó Eurojust a thoghadh as measc na gcomhaltaí náisiúnta ar feadh téarma oifige 4 bliana. Nuair a thoghfar comhalta náisiúnta ina Uachtarán, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann duine eile cuícháilithe a thabhairt ar iasacht don deasc náisiúnta agus cúiteamh a iarraidh ó bhuiséad Eurojust.

(22)

Is éard is daoine cuícháilithe ann daoine a bhfuil na cáilíochtaí agus an taithí is gá acu chun na cúraimí a chomhlíonadh atá riachtanach chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an deasc náisiúnta go héifeachtach. Féadfaidh siad stádas ionadaí nó Cúntóra don chomhalta náisiúnta a togadh ina Uachtarán nó ina hUachtarán nó féadfaidh siad feidhm ar mhó de chineál riaracháin nó theicniúil í a bheith acu. Ba cheart do gach Ballstát a bheith in ann a cheanglais féin a chinneadh i dtaca leis sin.

(23)

Ba cheart go ndéanfaí na nósanna imeachta maidir le córam agus vótáil a rialáil i rialacha nós imeachta Eurojust, i gcásanna ina bhfuil comhalta náisiúnta nó a ionadaí as láthair, ba cheart go mbeadh an Cúntóir an Bhallstáit lena mbaineann i dteideal vótáil sa Choláiste má tá stádas giúistís ag an gCuntóir, i.e. ionchúisitheoir, breitheamh, nó ionadaí údaráis bhreithiúnaigh.

(24)

Ós rud é go bhfuil tionchar buiséadach ag sásra an chúitimh, ba cheart don Rialachán seo cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle chun an tsásra sin a chinneadh ar an gComhairle.

(25)

Is gá sásra maidir le comhordú ar ghlao-dhualgas a bhunú laistigh de Eurojust ionas go mbeidh Eurojust níos éifeachtúla agus go bhféadfaidh sé a bheith ar fáil de ló is d’oíche chun idirghabháil a dhéanamh i gcásanna práinne. Ba cheart do gach Ballstát a áirithiú go bhfuil a ionadaithe sa sásra maidir le comhordú ar ghlao-dhualgas ar fáil ar bhonn 24 uair an chloig 7 lá na seachtaine.

(26)

Ba cheart córais Eurojust um chomhordú náisiúnta a bhunú sna Ballstáit chun an obair a dhéanann na comhfhreagraithe náisiúnta do Eurojust, an comhfhreagraí náisiúnta do Eurojust le haghaidh ábhair sceimhlitheoireachta, aon chomhfhreagraí náisiúnta maidir le nithe a bhaineann le hinniúlacht an OIPE, comhfhreagraí náisiúnta an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh agus suas le trí phointe teagmhála eile a chomhordú, chomh maith le hionadaithe sa ghréasán um chomhfhoirne imscrúdaithe agus ionadaithe sna gréasáin a bunaíodh le Cinntí 2002/494 (6), 2007/845/CGB (7) agus 2008/852/CGB ón gComhairle (8). Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil an comhfhreagraí náisiúnta céanna le ceann amháin nó níos mó de na cúraimí sin a dhéanamh.

(27)

Chun comhordú agus comhar idir na húdaráis náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh a spreagadh agus a threisiú tá sé ríthábhachtach go bhfaighidh Eurojust an fhaisnéis ábhartha is gá ó na húdaráis náisiúnta chun a chuid cúraimí a dhéanamh. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a gcomhaltaí náisiúnta a chur ar an eolas maidir le bunú agus torthaí chomhfhoirne imscrúdaithe. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla na comhaltaí náisiúnta a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi chásanna atá faoi inniúlacht Eurojust atá bainteach go díreach le trí Bhallstát ar a laghad agus ar cuireadh iarrataí nó cinntí maidir le comhar breithiúnach chuig dhá Bhallstát ar a laghad ina leith, agus chomh maith leis sin. Faoi chúinsí áirithe, ba cheart do na húdaráis sin comhaltaí náisiúnta a chur ar an eolas faoi easaontais i ndáil le dlínse, seachadtaí rialaithe agus deacrachtaí leanúnacha le comhar breithiúnach.

(28)

Le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) cuirtear rialacha comhchuibhithe ar fáil i ndáil le cosaint agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun críocha cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc. Chun an leibhéal céanna cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha trí chearta is in-fhorfheidhmithe le dlí ar fud an Aontais agus chun cosc a chur ar dhibhéirseachtaí a chuireann isteach ar mhalartú sonraí pearsanta idir Eurojust agus údaráis inniúla sna Ballstáit ba cheart do na rialacha maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla a chosaint agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí pearsanta oibríochtúla a ndéanann Eurojust próiseáil orthu a bheith comhsheasmhach le Treoir (AE) 2016/680.

(29)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha ginearálta ón gCaibidil ar leith de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla gan dochar do na rialacha sonracha maidir le cosaint sonraí atá sa Rialachán seo. Ba cheart breathnú ar na rialacha sonracha sin mar lex specialis do na forálacha sa Chaibidil sin de Rialachán (AE) 2018/1725 (lex specialis derogat legi generali). Chun an ilroinnt dhlíthiúil a laghdú ba cheart go mbeadh rialacha sonracha maidir le cosaint sonraí atá sa Rialachán seo comhsheasmhach leis na prionsabail a thacaíonn leis an gCaibidil sin de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseas sonraí pearsanta oibríochtúla, mar aon leis na forálacha den Rialachán sin a bhaineann le maoirseacht, leigheasanna, dliteanas agus pionóis neamhspleácha.

(30)

Chun cearta agus saoirsi ábhar sonraí a chosaint teastaíonn sannadh soiléir freagrachtaí maidir le cosaint sonraí faoin Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit freagrach as cruinneas na sonraí, as na sonraí a d’aistrigh siad chuig Eurojust agus ar phróiseáil Eurojust iad gan athrú le haghaidh sonraí den chineál sin a choimeád cothrom le dáta agus le haghaidh dhlíthiúlacht na sonraí sin a aistriú chuig Eurojust. Ba cheart do Eurojust a bheith freagrach as cruinneas na sonraí a chuireann soláthraithe sonraí eile ar fáil nó a eascraíonn as anailísí Eurojust féin nó as sonraí a bhailiú agus as na sonraí sin a choimeád cothrom le dáta. Ba cheart do Eurojust a áirithiú go ndéantar sonraí a phróiseáil go cóir agus go dleathach, agus go mbailítear agus go bpróiseáiltear le haghaidh cuspóir sonrach iad. Ba cheart do Eurojust a áirithiú freisin go bhfuil na sonraí leordhóthanach, ábhartha, nach bhfuil siad iomarcach i ndáil leis an gcuspóir a ndéantar próiseáil orthu lena aghaidh, agus nach stóráiltear iad go ceann tréimhse níos faide ná mar a bhfuil gá léi ar mhaithe leis an gcuspóir sin, agus ba cheart próiseáil a dhéanamh orthu ar bhealach lena n-áirithítear slándáil iomchuí sonraí pearsanta agus rúndacht próiseála sonraí.

(31)

Ba cheart go ndéanfaí na coimircí iomchuí le haghaidh stóráil sonraí pearsanta oibríochtúla chun críocha cartlannaíochta chun leas an phobail nó chun críocha staitistiúla a chur san áireamh i rialacha nós imeachta Eurojust.

(32)

Ba cheart ábhar sonraí a bheith in ann an ceart chun rochtana ar shonraí pearsanta oibríochtúla dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/1725 a bhaineann leis nó léi arna bpróiseáil ag Eurojust a fheidhmiú. Féadfaidh an t-ábhar sonraí an iarraidh sin a dhéanamh ar Eurojust nó ar an údarás maoirseachta náisiúnta i mBallstát de rogha an ábhair sonraí ag idirthréimhsí réasúnta saor in aisce.

(33)

Ní dochar forálacha cosanta sonraí an Rialacháin seo do rialacha is infheidhme maidir le hinghlacthacht sonraí pearsanta mar fhianaise in imeachtaí coiriúla réamhthrialacha agus cúirte.

(34)

Ba cheart an phróiseáil arna déanamh ag Eurojust ar na sonraí pearsanta faoi chuimsiú a inniúlachta ar mhaithe le comhlíonadh a chúraimí a mheas a bheith ina próiseáil ar shonraí pearsanta oibríochtúla.

(35)

Sa mhéid go bpróiseálann Eurojust sonraí pearsanta rialacháin freisin, nach mbaineann le himscrúduithe coiriúla, ba cheart go mbeadh próiseáil na sonraí sin faoi réir na rialacha ginearálta Rialachán (AE) 2018/1725 .

(36)

I gcás ina ndéanann an Ballstát sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur chuig Eurojust nó a sholáthar dó, ba cheart an ceart a bheith ag an údarás inniúil, ag an gcomhalta náisiúnta nó ag an gcomhfhreagraí náisiúnta do Eurojust a iarraidh go ndéanfaí na sonraí pearsanta oibríochtúla sin a cheartú nó a scriosadh.

(37)

Chun a léiriú go gcloítear leis an Rialacháin seo, ba cheart do Eurojust nó don phróiseálaí údaraithe taifid a choinneáil maidir leis na catagóirí uile gníomhaíochtaí próiseála atá faoina chúram. Ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar Eurojust agus ar gach próiseálaí údaraithe oibriú i gcomhar leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (an “MECS”) agus chun a gcuid taifead a chur ar fáil dó, arna iarraidh sin dóibh, le go bhféadfaí iad a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar na hoibríochtaí próiseála sin. Ba cheart go mbeadh modhanna éifeachtacha i bhfeidhm ag Eurojust nó ag a phróiseálaí údaraithe nuair atá sonraí pearsanta oibríochtúla á bpróiseáil aige chun a léiriú go bhfuil an phróiseáil sin dleathach, chun gur féidir féinfhaireachán a dhéanamh agus chun iomláine agus sláine na sonraí a áirithiú, amhail logaí nó cineálacha eile taifead.

(38)

Ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin Eurojust Oifigeach Cosanta Sonraí a bheidh ar dhuine den fhoireann atá ann cheana féin a ainmniú. Ba cheart go mbeadh an té a ainmneofar mar Oifigeach Cosanta Sonraí tar éis oiliúint speisialaithe a fháil i réimse an dlí agus an tsainchleachtais cosanta sonraí chun go mbeadh saineolas aige ar an réimse sin. Ba cheart an leibhéal saineolais is gá a chinneadh i ndáil leis an bpróiseáil sonraí atá á déanamh agus de réir na cosanta atá de dhíth ar na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil ag Eurojust.

(39)

Ba cheart don MECS a bheith freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm iomlán fhorálacha cosanta sonraí an Rialacháin seo i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla ag Eurojust a fheidhmiú agus as an gcur I bhfeidhm sin a áirithiú. Ba cheart cumhachtaí a thabhairt don MECS lena gcuideofar leis nó léi a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh go héifeachtach. Ba cheart don MECS a bheith i dteideal dul i gcomhairle le Eurojust i ndáil le hiarrataí sonraí pearsanta áirithe, ábhair a tharchur chuig Eurojust chun réiteach a fháil ar chúiseanna imní a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla, moltaí a dhéanamh maidir le feabhas a chur ar chosaint ábhar sonraí, agus ordú a thabhairt do Eurojust oibríochtaí sonracha a dhéanamh i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla Mar thoradh ar sin tá sé den riachtanas ag MECS go mbeadh na hacmhainní aige/aici chun a áirithiú go ndéanfaí na horduithe sin a chomhlíonadh agus a fhorghníomhú. Mar sin, ba cheart an cumhacht a bheith aige nó aici rabhadh nó achasán a thabhairt do Eurojust. Is éard is rabhadh ann ná meabhrúchán ó bhéal nó i scríbhinn maidir leis an oibleagáid atá ag Eurojust orduithe a fhorghníomhú nó moltaí an MECS a chomhlíonadh leis an rabhadh ábhartha maidir leis na modhanna a bheidh le húsáid i gcás ina dtarlaíonn neamhchomhlíonadh nó diúltú ó Eurojust.

(40)

Maidir leis na dualgais agus na cumhachtaí atá ag an MECS, lena n-áirítear an chumhacht a ordú do Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a cheartú, srian a chur ar a bpróiseáil nó iad a scriosadh, ar sonraí pearsanta iad a próiseáladh de shárú ar na forálacha cosanta sonraí atá sa Rialachán seo, níor cheart sonraí pearsanta, atá sna comhaid náisiúnta cásanna, a chuimsiú sna dualgais ná sna cumhachtaí sin.

(41)

D’fhonn comhar idir an MECS agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a éascú ach gan dochar a dhéanamh do neamhspleáchas an MECS agus don fhreagracht atá air nó uirthi maidir le maoirsiú a dhéanamh ar Eurojust i ndáil le cosaint sonraí, ba cheart don MECS agus do na húdaráis mhaoirseora náisiúnta teacht le chéile go rialta laistigh den Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir leis na rialacha maidir le maoirseacht chomhordaithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725 .

(42)

Ós rud é gurb é Eurojust an chéad fhaighteoir ar chríoch an Aontais as cruinneas na sonraí arna soláthar nó arna n-aisghabháil ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ba cheart do Eurojust a bheith freagrach as cruinneas sonraí den chineál sin. Ba cheart go ndéanfadh Eurojust bearta chun cruinneas na sonraí a fhíorú, a mhéid is féidir, ar fháil na sonraí dó nó i gcás ina bhfuil na sonraí á chur ar fáil aige d’údaráis eile.

(43)

Ba cheart go mbeadh Eurojust faoi réir rialacha ginearálta maidir le dliteanas conarthach agus neamhchonarthach is infheidhme i leith institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais.

(44)

Ba cheart go mbeadh Eurojust in ann sonraí pearsanta oibríochtúla a mhalartú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais a mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh.

(45)

D’fhonn teorannú de réir cuspóra a ráthú, ní mór a áirithiú go mbeifear in ann sonraí pearsanta a aistriú ó Eurojust chuig comhlachtaí an Aontais, chuig triú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, más gá, chun an choireacht a thagann laistigh de chuspóirí Eurojust a chosc agus a chomhrac, agus sa chás sin amháin. Chun na críche sin, is gá a áirithiú, agus sonraí pearsanta á n-aistriú, go dtabharfaidh an faighteoir gealltanas go mbainfidh sé úsáid as na sonraí nó go ndéanfar na sonraí a sheoladh ar aghaidh chuig údarás inniúil de chuid tríú tír don chuspóir a ndearnadh iad a aistriú ina leith ó thús agus don chuspóir sin amháin. Ba cheart aon sonraí a aistrítear ina dhiaidh sin a aistriú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(46)

Tá gach Ballstát cleamhnaithe le hEagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol). D’fhonn a mhisean a chomhlíonadh, faigheann, stórálann agus scaipeann Interpol sonraí chun cuidiú le húdaráis inniúla um fhorfheidhmiú an dlí an choireacht idirnáisiúnta a chosc agus a chomhrac. Is iomchuí, mar sin, comhar a neartú idir an tAontas agus Interpol trí mhalartú éifeachtúil sonraí pearsanta a chur chun cinn agus urraim do chearta agus do shaoirsí bunúsacha á háirithiú ag an am céanna i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil go huathoibríoch. I gcás ina n-aistrítear sonraí pearsanta oibríochtúla ó Eurojust chuig Interpol, agus chuig tíortha a bhfuil comhaltaí tarmligthe acu chuig Interpol, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, go háirithe na forálacha a bhaineann le haistrithe idirnáisiúnta. Níor cheart gur dhochar an méid sin do na rialacha sonracha a leagtar síos i gComhsheasamh 2005/69/CGB ón gComhairle (11) agus i gCinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle (12).

(47)

Nuair a aistríonn Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla chuig údarás tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta de bhua comhaontú idirnáisiúnta a thugtar i gcrích de bhun Airteagal 218 CFAE, ba cheart go ndéanfaí foráil do choimircí leordhóthanacha maidir le príobháideachas agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

(48)

Ba cheart go n-áiritheodh Eurojust nach dtarlódh aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin más gá chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh i gcoinne bagairtí don tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, agus a áirithiú gur údarás inniúil laistigh de bhrí an Rialacháin seo é an rialaitheoir sa tríú tír nó san eagraíocht idirnáisiúnta. Níor cheart go ndéanfaí aistriú ach amháin agus Eurojust ina rialaitheoir. Féadfaidh an t-aistriú sin tarlú i gcásanna inar chinn an Coimisiún go n-áirithíonn an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann go bhfuil leibhéal leormhaith cosanta ann, gur cuireadh coimircí iomchuí ar fáil, nó i gcásanna ina bhfuil feidhm ag maoluithe le haghaidh cásanna ar leith.

(49)

Ba cheart Eurojust a bheith in ann sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ar bhonn cinneadh ón gCoimisiún ina bhfionntar go n-áirithíonn an tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí (“cinneadh leordhóthanachta”), nó, in éagmais cinneadh leordhóthanachta, comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas de bhun Airteagal 218 CFAE, nó comhaontú comhair lenar féidir sonraí pearsanta a mhalartú arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus an tríú tír sin roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(50)

I gcás ina sainaithníonn an Coláiste gá oibríochtúil a bheith le comhar le tríú tír nó le heagraíocht idirnáisiúnta, ba cheart é a bheith in ann a mholadh don Chomhairle go ndéanfadh an Chomhairle aird an Choimisiúin a tharraingt ar an ngá atá le cinneadh leordhóthanachta nó le moladh maidir le tús a chur le caibidlíocht ar chomhaontú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 218 CFAE.

(51)

Níor cheart aistrithe atá bunaithe ar chinneadh leordhóthanachta a bheith ceadaithe ach amháin i gcás ina bhfuil coimircí iomchuí tugtha in ionstraim cheangailteach dlí lena n-áirithítear go gcosnaítear sonraí pearsanta nó i gcás ina bhfuil measúnú déanta ag Eurojust ar na himthosca ar fad a bhaineann leis an aistriú sonraí agus, ar bhonn an mheasúnaithe sin, ina measann sé gurb ann do choimircí iomchuí maidir le sonraí pearsanta a chosaint. D’fhéadfadh sé gurb é atá sna hionstraimí ceangailteacha dlí sin, mar shampla, ná comhaontuithe déthaobhacha ceangailteacha dlí atá tugtha chun críche ag na Ballstáit agus curtha chun feidhme ina ndlíchóras agus a d’fhéadfadh a n-ábhair sonraí a fhorfheidhmiú, lena n-áirithítear go gcomhlíontar na ceanglais maidir le cosaint sonraí agus cearta na n-ábhar sonraí, lena n-áirítear an ceart sásamh éifeachtach riaracháin nó breithiúnach a fháil. Ba cheart Eurojust a bheith in ann comhaontuithe comhair arna dtabhairt i gcrích idir Eurojust agus tríú tíortha a chur san áireamh, comhaontuithe lenar féidir sonraí pearsanta a mhalartú nuair atá measúnú á dhéanamh ar na himthosca ar fad a bhaineann leis an aistriú sonraí. Ba cheart Eurojust a bheith in ann a chur san áireamh go mbeidh an t-aistriú sonraí pearsanta faoi réir oibleagáidí rúndachta agus faoi réir phrionsabal na sainiúlachta, lena n-áirithítear nach bpróiseálfar na sonraí chun críoch eile seachas chun críocha an aistrithe. Sa bhreis air sin, ba cheart do Eurojust a chur san áireamh nach n-úsáidfear na sonraí pearsanta chun pionós báis nó aon chineál córa eile atá cruálach agus mídhaonna a iarraidh, a thabhairt nó a chur i gcrích. Cé go bhféadfaí a mheas gur coimircí iomchuí iad na coinníollacha sin lenar féidir sonraí a aistriú, ba cheart Eurojust a bheith in ann coimircí breise a éileamh.

(52)

I gcás nach ann do chinneadh leordhóthanachta ná coimircí iomchuí, ní fhéadfaí aistriú nó catagóir aistrithe a dhéanamh ach amháin i gcásanna sonracha, más gá iad chun leasanna atá riachtanach do bheatha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint, nó chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint i gcás ina bhforáiltear dá leithéid i ndlí an Bhallstáit atá ag aistriú na sonraí pearsanta; chun bagairt thromchúiseach agus láithreach do shlándáil phoiblí Ballstáit nó tríú tír a chosc; i gcás aonair ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc; nó i gcás aonair chun éilimh dhlíthiúla a shuí, a fheidhmiú nó a chosaint. Ba cheart na maoluithe sin a léiriú go sriantach agus níor cheart go gceadófaí leo aistrithe rialta, ollmhóra agus struchtúracha a dhéanamh ar shonraí pearsanta, ná aistrithe sonraí ar an mórchóir; ba cheart iad a bheith teoranta do shonraí a bhfuil fíorghá leo. Ba cheart na haistrithe sin a dhoiciméadú agus ba cheart iad a chur ar fáil don MECS arna iarraidh sin chun faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an aistrithe.

(53)

I gcásanna eisceachtúla, ba cheart go mbeadh Eurojust in ann síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá le sonraí pearsanta oibríochtúla a stóráil chun a chuspóirí a bhaint amach, faoi réir chomhlíonadh phrionsabal an teorannaithe de réir cuspóra is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí uile Eurojust. Ba cheart cinntí mar sin a dhéanamh tar éis na leasanna ar fad atá i gceist a mheas, lena n-áirítear leasanna na n-ábhar sonraí. Níor cheart cinneadh a dhéanamh maidir le haon síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá le sonraí pearsanta a phróiseáil, i gcásanna ina bhfuil an t-ionchúiseamh faoi urchosc reachta sna Ballstáit ar fad lena mbaineann, ach amháin i gcás ina bhfuil gá sonrach faoin Rialachán seo le cúnamh a thabhairt.

(54)

Ba cheart do Eurojust caidreamh pribhléideach a choinneáil leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach bunaithe ar chomhairliúchán agus comhlántacht. Ba cheart an Rialachán seo a bheith ina chúnamh ag róil Eurojust agus an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh faoi seach agus a gcaidreamh frithpháirteach a shoiléiriú, agus sainiúlacht an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh a choinneáil san am céanna.

(55)

Ba cheart do Eurojust caidreamh comhair a choinneáil ar bun le institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais, le OIPE, le húdaráis inniúla tríú tíortha chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta, a mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chur i gcrích.

(56)

Chun comhar oibríochtúil idir Eurojust agus Europol a fheabhsú, agus go háirithe chun naisc a bhunú idir sonraí atá i seilbh ceachtar den dá ghníomhaireacht cheana féin, ba cheart do Eurojust a chur ar chumas Europol rochtain a bheith aige ar bhonn córais braite/neamhbhraite, ar shonraí atá ina seilbh ag Eurojust. Ba cheart do Eurojust agus do Europol a áirithiú go mbunófar na socruithe is gá chun barr feabhais a chur ar a gcomhar oibríochtúil, agus aird chuí á tabhairt ar a sainorduithe faoi seach agus aon srianta dá bhforálann na Ballstáit. Ba cheart a áirithiú leis na socruithe oibre seo, gur féidir rochtain a fháil ar an bhfaisnéis ar fad atá curtha ar fáil chuig Europol, agus gur féidir í a chuardach, ar mhaithe le cros-seiceáil a dhéanamh i gcomhréir leis na coimircí sonracha agus na ráthaíochtaí maidir le cosaint sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart aon rochtain ag Europol ar na sonraí atá sealbhú ag Eurojust a bheith teoranta, trí mhodhanna teicniúla, don fhaisnéis a thagann faoi réim shainorduithe na ngníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais, faoi seach.

(57)

Ba cheart do Eurojust agus Europol a chéile a choinneáil ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a bhaineann le maoiniú chomhfhoirne imscrúdaithe.

(58)

Ba cheart Eurojust a bheith in ann sonraí pearsanta a mhalartú le hinstititúídí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh agus lánurraim á tabhairt do chosaint an phríobháideachais agus do chearta agus saoirsí bunúsacha eile.

(59)

Ba cheart do Eurojust feabhas a chur ar a chomhar le húdaráis inniúla i dtríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ar bhonn straitéise arna tarraingt suas i gcomhairle leis an gCoimisiún. Chun na críche sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le Eurojust chun giúistísí idirchaidrimh a phostú chuig tríú tíortha chun cuspóirí a bhaint amach atá ar aon dul leis na cuspóirí sin a shainítear do ghiúistísí idirchaidrimh ar iasacht ó na Ballstáit ar bhonn Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 96/277/CGB ón gComhairle (13).

(60)

Ba cheart foráil a dhéanamh go ndéanfadh Eurojust comhordú, ar fhorghníomhú na n-iarrataí ar chomhar dlíthiúil arna n-eisiúint ag tríú tír agus i gcás inar gá go ndéanfaí na hiarrataí sin a fhorghníomhú in dhá Bhallstát ar a laghad mar chuid den aon imscrúdú amháin. Níor cheart do Eurojust ach comhordú den chineál sin a dhéanamh le comhaontú ó na Ballstáit lena mbaineann.

(61)

Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán Eurojust a áirithiú, ba cheart buiséad uathrialach a thabhairt dó ar leor é chun a chuid oibre a chur i gcrích mar is ceart, agus an t-ioncam ag teacht go bunúsach ó ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais, seachas i gcás thuarastail agus luach saothair na gcomhaltaí náisiúnta, na dteachtai agus na gCúntóirí, costais a iompraíonn na Ballstáit tionscnaimh. Ba cheart nós imeachta buiséadach an Aontais a bheith infheidhme a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais agus fóirdheontais eile is inmhuirir i leith bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart don Chúirt Iniúchóirí an t-iniúchadh ar na cuntais a dhéanamh agus ba cheart don Choiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa iad a fhormheas.

(62)

Chun trédhearcacht agus maoirseacht dhaonlathach Eurojust a mhéadú is gá sásra de bhun Airteagal 85(1) CFAE a chur ar fáil maidir leis an meastóireacht chomhpháirteach a dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta ar ghníomhaíochtaí Eurojust. Ba cheart an mheastóireacht a dhéanamh faoi chuimsiú cruinniú coiste idirpharlaiminteach in áitreabh Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil agus comhaltaí na gcoistí inniúla i bParlaimint na hEorpa agus sna parlaimintí náisiúnta rannpháirteach. Ba cheart don chruinniú coiste idirpharlaiminteach lánurraim a thabhairt do phrionsabail neamhspleáchais Eurojust i ndáil le gníomhaíocht a bheidh le déanamh i gcásanna sonracha oibríochtúla agus maidir le hoibleagáidí na discréide agus na rúndachta.

(63)

Tá sé oiriúnach meastóireacht rialta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(64)

Ba cheart do Eurojust feidhmiú go trédhearcach i gcomhréir le hAirteagal 15(3) CFAE. Ba ghá go nglacfadh an Coláiste forálacha sonracha maidir leis an gcaoi a n-áiritheofar ceart na rochtana poiblí ar dhoiciméid. Níl sé beartaithe le ní ar bith atá sa Rialachán seo srian a chur le ceart na rochtana poiblí ar dhoiciméid a mhéid a ráthaítear san Aontas agus sna Ballstáit é, go háirithe faoi Airteagal 42 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I ndáil leis na rialacha ginearálta maidir le trédhearcacht a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaireachtaí an Aontais, ba cheart feidhm a bheith acu freisin maidir le Eurojust ar bhealach nach gcuireann oibleagáid na rúndachta ina chuid oibre oibríochtúla i mbaol ar dhóigh ar bith. Ar an ábhar céanna, ba cheart fiosrúcháin riaracháin a dhéanann an tOmbudsman Eorpach urraim a thabhairt d’oibleagáid rúndachta Eurojust.

(65)

Chun cur le trédhearcacht Eurojust i leith shaoránaigh an Aontais agus le cuntasacht Eurojust, ba cheart do Eurojust liosta de chomhaltaí a Bhoird Feidhmiúcháin a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus, nuair is iomchuí, achoimrí ar thoradh chruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, agus na ceanglais maidir le cosaint sonraí á n-urramú aige san am céanna.

(66)

Ba cheart feidhm maidir le Eurojust a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(67)

Ba cheart feidhm maidir le Eurojust a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(68)

Ba cheart na forálacha is gá agus na rialacha sonracha is infheidhme maidir le baill foirne uile Eurojust agus baill dá dteaghlaigh a leagan síos i gcomhaontú ceanncheathrún maidir le cóiríocht do Eurojust sa Bhallstát ina bhfuil a cheanncheathrú aige, is é sin an Ísiltír. Ba cheart don Bhallstát óstach na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil le haghaidh fheidhmiú Eurojust, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach a mbeidh gné Eorpach ag baint léi agus naisc iomchuí iompair, chun acmhainní daonna ardcháilíochta a mhealladh ó cheantar geografach chomh forleathan agus is féidir.

(69)

Ba cheart Eurojust, mar a bhunaítear leis an Rialachán seo é, bheith ina chomharba dlíthiúil ar Eurojust arna bhunú le Cinneadh 2002/187/CGB i ndáil lena oibleagáidí conarthacha ar fad, lena n-áirítear conarthaí fostaíochta, dliteanais agus maoin arna fáil. Ba cheart comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag Eurojust a bunaíodh ar bhonn an Chinnidh sin a bheith i bhfeidhm i gcónaí.

(70)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon eintiteas a bhunú a bheidh freagrach as tacú agus treisiú leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir údaráis bhreithiúnacha na mBallstát i ndáil le coireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó nó a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(71)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an dá Bhallstát sin rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(72)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an TEU agus leis an CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(73)

Chuathas i gcomhairle leis an MECS i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus thug sé tuairim uaidh an 5 Márta 2014.

(74)

Urramaítear na cearta bunúsacha agus na coimircí ina n-iomláine leis an Rialachán seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

BUNÚ, CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ EUROJUST

Airteagal 1

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil a bhunú

1.   Bunaítear leis seo Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust).

2.   Gabhfaidh Eurojust, faoi mar a bhunaítear leis an Rialachán seo é, ionad Eurojust arna bhunú le Cinneadh 2002/187/CGB agus tiocfaidh sé i gcomharbacht air.

3.   Beidh pearsantacht dhlíthiúil ag Eurojust.

Airteagal 2

Cúraimí

1.   Tacóidh agus treiseoidh Eurojust leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh i ndáil le coireacht thromchúiseach a bhfuil Eurojust inniúil ar dhéileáil léi i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus (3), sa chás ina ndéanann an choir sin difear do dhá Bhallstát nó níos mó, nó a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna, ar bhonn oibríochtaí arna seoladh agus ar bhonn na faisnéise arna tabhairt ag údaráis na mBallstát, ag Europol, ag OIPE agus ag OLAF.

2.   Agus é ag cur a chuid cúraimí chun feidhme, déanfaidh Eurojust an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé san áireamh aon iarraidh a thagann ó údarás inniúil Ballstáit nó aon fhaisnéis a thugann údaráis, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais atá inniúil de bhua forálacha arna nglacadh laistigh de chreat na gConarthaí agus aon fhaisnéis arna bailiú ag Eurojust féin;

(b)

éascóidh sé iarrataí ar chomhar breithiúnach, agus cinntí maidir leis, a chomhlíonadh, lena n-áirítear iarrataí agus cinntí atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

3.   Déanfaidh Eurojust a chuid cúraimí arna iarraidh sin d’údaráis inniúla na mBallstát nó ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do OIPE laistigh de theorainneacha inniúlacht an OIPE.

Airteagal 3

Inniúlacht Eurojust

1.   Beidh Eurojust inniúil i dtaca leis na foirmeacha coireachta tromchúisí atá liostaithe in Iarscríbhinn I. Ón dáta a bheidh OIPE i mbun a chuid cúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh i gcomhréir le hAirteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, áfach, ní fheidhmeoidh Eurojust a inniúlacht maidir le coireanna a thagann faoi inniúlacht OIPE, seachas sna cásanna sin lena bhfuil baint freisin ag Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach i gcomhar feabhsaithe tráth bunaithe an OIPE agus arna iarraidh sin do na Ballstáit sin nó arna iarraidh sin do OIPE.

2.   Feidhmeoidh Eurojust a inniúlacht i leith coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i gcásanna a bhaineann le Ballstáit atá rannpháirteach i gcomhar feabhsaithe maidir le OIPE a bhunú ach nach bhfuil inniúlacht ag OIPE ina leith nó a chinneann sí gan a hinniúlacht a fheidhmiú ina leith.

Chuige sin, rachaidh Eurojust, OIPE agus na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile agus oibreoidh i gcomhar le chéile chun feidhmiú inniúlachta aige a éascú faoin mír seo. Déanfar na mionsonraí praiticiúla maidir le feidhmiú na hinniúlachta faoin mhír seo a rialú le socrú oibre dá dtagraítear in Airteagal 47(3).

3.   Maidir le foirmeacha coireachta seachas na cinn a liostaítear in Iarscríbhinn I, féadfaidh Eurojust freisin, i gcomhréir lena chuid cúraimí, cabhrú le himscrúduithe agus le hionchúisimh arna iarraidh sin d’údarás inniúil Ballstáit.

4.   Cumhdófar faoi inniúlacht Eurojust cionta coiriúla a bhaineann leis na cionta coiriúla a liostaítear in Iarscríbhinn I. Measfar na catagóirí seo a leanas a bheith ina gcionta coiriúla:

(a)

cionta coiriúla arna ndéanamh chun caoi a fháil na coireanna tromchúiseacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a dhéanamh;

(b)

cionta coiriúla arna ndéanamh chun na coireanna tromchúiseacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a éascú nó a dhéanamh;

(c)

cionta coiriúla arna ndéanamh chun a áirithiú go mbeidh said siúd a dhéanann na coireanna tromchúiseacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I saor ó pionós.

5.   Arna iarraidh sin d’údarás inniúil Ballstáit, féadfaidh Eurojust cúnamh a thabhairt i ndáil le himscrúduithe agus ionchúisimh freisin nach ndéanann difear ach don Bhallstát sin agus do thríú tír, ar choinníoll go bhfuil comhaontú comhair nó socrú lena mbunaítear comhar de bhun Airteagal 52 tugtha i gcrích leis an tríú tír sin nó i gcás sonrach ina bhfuil leas bunúsach ann maidir le cúnamh den chineál sin a chur ar fáil.

6.   Arna iarraidh sin d’údarás inniúil Ballstáit nó don Choimisiún, féadfaidh Eurojust cúnamh a thabhairt i ndáil le himscrúduithe agus ionchúisimh nach ndéanann difear ach don Bhallstát sin ach lena mbaineann iarmhairtí ar leibhéal an Aontais. Sula ngníomhóidh sé arna iarraidh sin don Choimisiún, rachaidh Eurojust i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann. Féadfaidh an t-údarás inniúil sin, laistigh de sprioc-am arna shocrú ag Eurojust, cur in aghaidh fhorghníomhú na hiarrata ag Eurojust, agus bonn cirt á thabhairt lena sheasamh aige i ngach cás.

Airteagal 4

Feidhmeanna oibríochtúla Eurojust

1.   Déanfaidh Eurojust an méid seo a leanas:

(a)

údaráis inniúla na mBallstát a chur ar an eolas faoi imscrúduithe agus ionchúisimh ar cuireadh ar an eolas é fúthu a bhfuil iarmhairtí acu ar leibhéal an Aontais nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do Bhallstáit seachas na Ballstáit sin lena mbaineann go díreach;

(b)

cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát an comhordú is fearr is féidir ar imscrúduithe agus ionchúisimh a áirithiú;

(c)

cúnamh a thabhairt chun an comhar a fheabhsú idir údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe ar bhonn anailísí Europol;

(d)

oibriú i gcomhar agus dul i gcomhairle leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair choiriúla, lena n-áirítear úsáid a bhaint as bunachar sonraí an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh sin agus cur lena fheabhsú;

(e)

oibriú i ndlúthchomhar le OIPE ar ábhair a bhaineann lena inniúlacht;

(f)

tacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais a chur ar fáil d’oibríochtaí agus d’imscrúduithe trasteorann na mBallstát, lena n-áirítear comhfhoirne imscrúdaithe;

(g)

tacú le hionaid saineolais an Aontais, agus nuair is iomchuí a bheith rannpháirteach iontu, arna bhforbairt ag Europol agus ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais;

(h)

oibriú i gcomhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, mar aon le gréasáin arna mbunú i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais arna rialú faoi Theideal V de CFAE;

(i)

tacú le gníomhaíocht na mBallstát ó thaobh na foirmeacha coireachta tromchúisí a liostaítear in Iarscríbhinn I a chomhrac.

2.   Agus é i mbun a chuid cúraimí, féadfaidh Eurojust na nithe seo a leanas a iarraidh ar údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, agus a chúiseanna á dtabhairt aige:

(a)

imscrúdú nó ionchúiseamh a dhéanamh ar ghníomhartha sonracha;

(b)

glacadh leis go bhféadfadh ceann amháin acu a bheith i riocht níos fearr chun tabhairt faoi imscrúdú nó gníomhartha sonracha a ionchúiseamh;

(c)

comhordú idir údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann;

(d)

comhfhoireann imscrúdaithe a bhunú i gcomhréir leis na hionstraimí comhair ábhartha;

(e)

aon fhaisnéis is gá chun a chuid cúraimí a dhéanamh a thabhairt dó;

(f)

bearta speisialta imscrúdaithe a dhéanamh;

(g)

aon bheart eile a dhéanamh a bhfuil bonn cirt leis i ndáil leis an imscrúdú nó leis an ionchúiseamh.

3.   Ina theannta sin, féadfaidh Eurojust:

(a)

tuairimí a thabhairt do Europol atá bunaithe ar anailísí arna ndéanamh ag Europol;

(b)

tacaíocht lóistíochta a sholáthar, lena n-áirítear aistriúchán, ateangaireacht agus cruinnithe comhordaithe a eagrú.

4.   I gcás nach féidir le dhá Bhallstát nó níos mó teacht ar chomhaontú maidir le cé acu ba cheart imscrúdú nó ionchúiseamh a dhéanamh tar éis iarraidh a fháil faoi phointe (a) nó (b) de mhír 2, eiseoidh Eurojust tuairim scríofa maidir leis an gcás. Cuirfidh Eurojust an tuairim ar aghaidh chuig na Ballstáit lena mbaineann láithreach.

5.   Arna iarraidh sin d’údarás inniúil, nó ar a thionscnamh féin, eiseoidh Eurojust tuairim scríofa faoi dhiúltuithe nó deacrachtaí leanúnacha maidir le hiarrataí ar chomhar breithiúnach, agus cinntí maidir leis, a fhorghníomhú, lena n-áirítear iarrataí agus cinntí atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ar choinníoll nach féidir é a réiteach trí chomhaontú frithpháirteach idir na húdaráis náisiúnta inniúla nó trí rannpháirtíocht na gcomhaltaí náisiúnta lena mbaineann. Cuirfidh Eurojust an tuairim ar aghaidh chuig na Ballstáit lena mbaineann láithreach.

6.   Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann freagra gan moill mhíchuí ar iarrataí ó Eurojust faoi mhír 2 agus ar na tuairimí i scríbhinn dá dtagraítear i míreanna 4 nó 5. Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát diúltú na hiarrataí den chineál sin a chomhlíonadh nó cloí leis an tuairim i scríbhinn más rud é go ndéanfadh an comhlíonadh dochar do leasanna bunúsacha slándála náisiúnta, go gcuirfeadh sé rath imscrúdaithe atá ar siúl i mbaol nó go gcuirfeadh sé sábháilteacht duine aonair i mbaol.

Airteagal 5

Feidhmeanna oibríochtúla agus feidhmeanna eile a fheidhmiú

1.   Gníomhóidh Eurojust trí cheann amháin nó níos mó de na comhaltaí náisiúnta lena mbaineann agus é i mbun aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) nó (2). Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, díreoidh an Coláiste ar shaincheisteanna oibríochtúla agus ar aon saincheist eile a bhaineann go díreach le cúrsaí oibríochtúla. Ní bheidh baint ag an gColáiste le cúrsaí riaracháin ach a mhéid is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar a fheidhmeanna oibríochtúla.

2.   Gníomhóidh Eurojust mar Choláiste:

(a)

agus é i mbun aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) nó (2):

(i)

arna iarraidh sin ag ceann amháin nó níos mó de na comhaltaí náisiúnta arb abahr imní dóibh cás a bhfuil Eurojust ina bhun;

(ii)

nuair a bhaineann an cás le himscrúduithe nó ionchúisimh a bhfuil iarmhairtí acu ar leibhéal an Aontais nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do Bhallstáit seachas na Ballstáit sin lena mbaineann go díreach;

(b)

agus é i mbun aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(3), (4) nó (5);

(c)

nuair is ceist ghinearálta a bhaineann lena chuspóirí oibríochtúla a bhaint amach atá i gceist;

(d)

agus buiséad bliantúil Eurojust á ghlacadh, agus sa chás sin déantar an cinneadh sin le tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí;

(e)

agus an doiciméad clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15 nó agus an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Eurojust á nglacadh, sa chás sin déantar an cinneadh sin le tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí;

(f)

agus an tUachtarán agus na Leas-Uachtaráin á dtoghadh nó á ndífhostú aige faoi Airteagal 11;

(g)

agus an Stiúrthóir Riaracháin á cheapadh aige nó, nuair is iomchuí, agus tréimhse oifige an Stiúrthóra Riaracháin á síneadh aige, nó agus é nó í á chur nó á cur as oifig aige faoi Airteagal 17;

(h)

agus socruithe oibre faoi Airteagal 47(3) agus Airteagal 52 á nglacadh aige;

(i)

agus rialacha á nglacadh aige chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i dtaobh a chuid comhaltaí, lena n-áirítear maidir leis an dearbhú leasanna a dhéanann siad;

(j)

agus tuarascálacha, páipéir bheartais, treoirlínte chun leasa údarás náisiúnta agus tuairimí a bhaineann le hobair oibríochtúil Eurojust á nglacadh aige nuair is doiciméid de chineál straitéiseach iad;

(k)

agus giúistísí idirchaidrimh á gceapadh aige i gcomhréir le hAirteagal 53;

(l)

agus aon chinneadh á dhéanamh aige nach luaitear go sainráite leis an mBord Feidhmiúcháin sa Rialachán seo nó nach bhfuil faoi fhreagracht an Stiúrthóra Riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 18;

(m)

i gcás ina bhfuil foráil eile maidir leis sa Rialachán seo.

3.   Agus é ag comhlíonadh a chuid cúraimí, cuirfidh Eurojust in iúl an bhfuil sé ag gníomhú trí cheann amháin nó níos mó de na comhaltaí náisiúnta nó mar Choláiste.

4.   Féadfaidh an Coláiste cúraimí riaracháin breise a shannadh don Stiúrthóir Riaracháin agus don Bhord Feidhmiúcháin seachas na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 16 agus in Airteagal 18, i gcomhréir lena chuid riachtanas oibríochtúil.

Más gá mar gheall ar chúinsí eisceachtúla, féadfaidh an Coláiste cinneadh sealadach a dhéanamh tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin chuig an Stiúrthóir Riaracháin chomh maith leo siúd arna bhfo-tharmligean aige nó aici féin a chur ar fionraí go sealadach agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Riaracháin.

5.   Is trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a ghlacfaidh an Coláiste rialacha nós imeachta Eurojust. I gcás nach féidir teacht ar chomhaontú trí thromlach dhá thrian, glacfar an cinneadh trí thromlach simplí. Déanfaidh an Chomhairle na rialacha nós imeachta Eurojust a ghlacadh de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

CAIBIDIL II

STRUCHTÚR AGUS EAGAR EUROJUST

ROINN I

Struchtúr

Airteagal 6

Struchtúr Eurojust

Is éard a bheidh i Eurojust:

(a)

na comhaltaí náisiúnta;

(b)

an Coláiste;

(c)

an Bord Feidhmiúcháin;

(d)

an Stiúrthóir Riaracháin.

ROINN II

Comhaltaí Náisiúnta

Airteagal 7

Stádas na gcomhaltaí náisiúnta

1.   Beidh comhalta náisiúnta amháin ar iasacht ó gach Ballstát ag Eurojust i gcomhréir lena chóras dlí. Beidh a ghnátháit nó a gnátháit oibre ag an comhalta náisiúnta ag suíomh Eurojust.

2.   Beidh ionadaí amháin agus Cúntóir amháin de chúnamh ag gach comhalta náisiúnta. I prionsabal beidh gnátháit oibre ag an ionadaí agus ag an gCúntóir i suíomh Eurojust. Féadfaidh gach Ballstát cinneadh a dhéanamh go mbeidh a ghnátháit nó a gnátháit oibre ag an ionadaí agus ag an gCúntóir nó acu araon ina mBallstát. Má ghlacann Ballstái cinneadh den chineál sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choláiste. Féadfaidh an Coláiste iarraidh ar an mBallstát an t-ionadaí nó iad ar aon a shannadh chun oibriú ag suíomh Eurojust ar feadh tréimhse shonraithe ama, más gá sin de réir riachtanais oibríochtúla Eurojust. Comhlíonfaidh an Ballstát iarraidh den chineál sin ón gColáiste gan mhoill mhíchuí.

3.   Féadfaidh ionadaithe nó Cúntóirí breise a bheith de chúnamh ag an ionadaí náisiúnta agus, más gá agus le comhaontú an Choláiste, féadfaidh Eurojust a bheith mar ghnátháit oibre acu. Tabharfaidh na Ballstáit fógra do Eurojust agus don Choimisiún maidir le ceapadh na gcomhaltaí náisiúnta, na n-ionadaithe agus na gCúntóirí.

4.   Beidh stádas Ionchúisitheora, breithimh nó ionadaí údaráis bhreithiúnaigh ag comhaltaí náisiúnta agus ionadaithe agus beidh inniúlachtaí atá cóibhéiseach le hinniúlachtaí ionchúisitheora nó breithimh acu faoina ndlí náisiúnta. Tabharfaidh na Ballstáit na cumhachtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo dóibh ar a laghad ionas gur féidir leo a gcuid cúraimí a dhéanamh.

5.   Mairfidh téarmaí oifige na gcomhaltaí náisiúnta agus a n-ionadaithe cúig bliana, agus is féidir é a athnuachan uair amháin. I gcásanna nach féidir le hionadaí gníomhú thar ceann comhalta náisiúnta nó ina ionad nó ina hionad, fanfaidh an comhalta náisiúnta in oifig faoi réir thoiliú a mBallstáit, ar dhul in éag dá théarma nó dá téarma oifige, go dtí go ndéanfar a théarma nó a téarma a athnuachan nó go dtí go gcuirfear duine ina ionad nó ina hionad.

6.   Ceapfaidh na Ballstáit comhaltaí náisiúnta agus ionadaithe ar bhonn ardleibhéal taithí praiticiúil agus ábhartha a bhfuil cruthúnas uirthi i réimse an cheartais choiriúil.

7.   Beidh an t-ionadaí in ann gníomhú thar ceann an chomhalta náisiúnta nó ina ionad nó na hionad. Féadfaidh Cúntóir gníomhú thar ceann an chomhalta náisiúnta nó ina ionad freisin má tá stádas dá dtagraítear i mír 4 aige nó aici.

8.   Díreofar an fhaisnéis oibríochtúil a mhalartaítear idir Eurojust agus na Ballstáit trí na comhaltaí náisiúnta.

9.   Is é an Ballstát tionscnaimh a íocfaidh tuarastail agus luach saothar na gcomhaltaí náisiúnta, na n-ionadaithe agus na gCúntóirí, gan dochar d’Airteagal 12.

10.   I gcás ina ngníomhaíonn na comhaltaí náisiúnta, na hionadaithe agus na Cúntóirí faoi chreat chúraimí Eurojust, measfar an caiteachas ábhartha a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin a bheith ina chaiteachas oibríochtúil.

Airteagal 8

Cumhachtaí na gcomhaltaí náisiúnta

1.   Beidh sé de chumhacht ag na comhaltaí náisiúnta:

(a)

éascaíocht a dhéanamh nó tacaíocht a thabhairt ar bhealach eile i ndáil le haon iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach nó ar chúnamh frithpháirteach a eisiúint agus a chomhlíonadh;

(b)

dul i dteagmháil go díreach agus faisnéis a mhalartú le haon údarás náisiúnta inniúil ón mBallstát nó le haon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear OIPE;

(c)

dul i dteagmháil go díreach le haon údarás idirnáisiúnta inniúil agus faisnéis a mhalartú leis, i gcomhréir le ceangaltais idirnáisiúnta a mBallstáit;

(d)

bheith rannpháirteach i gcomhfhoirne imscrúdaithe lena n-áirítear ina mbunú.

2.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh Ballstáit tuilleadh cumhachtaí a dheonú do na comhaltaí náisiúnta i gcomhréir lena ndlí náisiúnta. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra foirmiúil faoi na cumhachtaí sin don Choimisiún agus don Choláiste.

3.   Le comhaontú an údaráis náisiúnta inniúil, féadfaidh na comhaltaí náisiúnta na nithe seo a leanas a dhéanamh, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta:

(a)

aon iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach nó ar aitheantas frithpháirteach a eisiúint nó a chomhlíonadh;

(b)

bearta imscrúdaitheacha a ordú, a iarraidh nó a fhorghníomhú dá bhforáiltear i dTreoir 2014/14/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

4.   I gcásanna éigeandála nuair nach féidir an t-údarás inniúil náisiúnta a shainaithint nó teagmháil a dhéanamh leis in am trátha, beidh comhaltaí náisiúnta inniúil chun na bearta dá dtagraítear i mír 3 a dhéanamh i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, ar choinníoll go gcuirfidh siad an t-údarás inniúil náisiúnta ar an eolas a luaithe is féidir.

5.   Féadfaidh an comhalta náisiúnta togra a thíolacadh chuig an údarás inniúil náisiúnta chun na bearta dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a chomhlíonadh, i gcás ina mbeadh deonú na gcumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 ag an gcomhalta náisiúnta sin i gcoinbhleacht:

(a)

le rialacha bunreachtúla Ballstáit; nó

(b)

le gnéithe bunúsacha de chóras náisiúnta ceartais choiriúil an Bhallstáit sin i dtaca leis an méid seo a leanas:

(i)

comhroinnt na gcumhachtaí idir na póilíní, na hionchúisitheoirí agus na breithiúna,

(ii)

comhroinnt fheidhmiúil na gcúraimí idir na húdaráis ionchúisimh; nó

(iii)

struchtúr cónaidhmeach an Bhallstáit lena mbaineann.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, sna cásanna dá dtagraítear i mír 5, go ndéileálfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta leis an togra óna gcomhalta náisiúnta gan mhoill mhíchuí.

Airteagal 9

Rochtain ar chláir náisiúnta

Beidh rochtain ag na comhaltaí náisiúnta ar na cineálacha clár seo a leanas óna mBallstát, nó beidh siad in ann an fhaisnéis atá iontu a fháil ar a laghad, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta:

(a)

taifid choiriúla;

(b)

cláir na ndaoine gafa;

(c)

cláir imscrúdaithe;

(d)

cláir DNA;

(e)

cláir eile de chuid údaráis phoiblí a mBallstáit i gcás inar gá faisnéis den chineál sin chun a gcuid cúraimí a dhéanamh.

ROINN III

An Coláiste

Airteagal 10

Comhdhéanamh an Choláiste

1.   Beidh an Coláiste comhdhéanta de:

(a)

na comhaltaí náisiúnta uile; agus

(b)

agus ionadaí amháin ón gCoimisiún nuair a chomhlíonann an Coláiste a chuid feidhmeanna bainistíochta.

Ba cheart gurbh é an duine céanna arb é nó í a ainmneofar mar ionadaí an Choimisiúin faoin gcéad fhomhír ionadaí an Choimisiúin ar an mBord Feidhmiúcháin faoi Airteagal 16(4).

2.   Freastalóidh an Stiúrthóir Riaracháin ar chruinnithe bainistíochta an Choláiste, ach ní bheidh ceart vótála aige.

3.   Féadfaidh an Coláiste cuireadh a thabhairt d’aon duine a bhféadfadh a thuairim a bheith ina díol spéise freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnóir.

4.   Féadfaidh comhaltaí an Choláiste, faoi réir fhorálacha rialacha nós imeachta Eurojust, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

Airteagal 11

Uachtarán agus Leas-Uachtarán Eurojust

1.   Toghfaidh an Coláiste Uachtarán agus beirt Leas-Uachtarán as na comhaltaí náisiúnta trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí. I gcás nach bhféadfar tromlach dhá thrian a bhaint amach tar éis an dara babhta den toghchán, toghfar na Leas-Uachtaráin trí thromlach simplí de chomhaltaí an Choláiste, cé go mbeidh gá i gcónaí le tromlach dhá thrian chun an tUachtarán a thoghadh.

2.   Comhlíonfaidh an tUachtarán a chuid nó a cuid feidhmeanna thar cheann an Choláiste. I dtaca leis an Uachtarán:

(a)

déanfaidh sé nó sí ionadaíocht thar ceann Eurojust;

(b)

gairfidh sé nó sí cruinnithe den Choláiste agus den Bhord Feidhmiúcháin, beidh sé ina chathaoirleach ar na cruinnithe sin agus coinneoidh sé an Coláiste ar an eolas faoi shaincheisteanna arb ábhar suime dó iad;

(c)

stiúróidh sé nó sí obair an Choláiste agus déanfaidh sé faireachán ar bhainistiú laethúil Eurojust ag an Stiúrthóir Riaracháin;

(d)

déanfaidh sé nó sí aon fheidhmeanna eile a leagtar amach i rialacha nós imeachta Eurojust a fheidhmiú.

3.   Feidhmeoidh na Leas-Uachtaráin na feidhmeanna a leagtar amach i mír 2 a gcuirfidh an tUachtarán de chúram orthu. Rachaidh siad in ionad an Uachtaráin má choimeádtar é nó í óna chuid nó óna cuid dualgas a chomhlíonadh. Cabhróidh foireann riaracháin Eurojust leis an Uachtarán agus leis an Leas-Uachtarán agus iad ag comhlíonadh a ndualgas sonrach.

4.   Mairfidh tréimhse oifige an Uachtaráin agus na Leas-Uachtarán 4 bliana. Féadfar iad a atoghadh uair amháin.

5.   Nuair a thoghfar comhalta náisiúnta ina Uachtarán nó ina Leas-Uachtarán ar Eurojust, cuirfear síneadh lena théarma oifige chun a áirithiú gur féidir leis nó léi a fheidhm mar Uachtarán nó Leas-Uachtarán a chomhlíonadh.

6.   I gcás nach gcomhlíonfaidh an Uachtarán nó an Leas-Uachtarán na coinníollacha a thuilleadh atá riachtanach chun a chuid nó a cuid cúraimí a dhéanamh, féadfaidh an Coláiste é nó í a dhífhostú tar éis moladh a fháil ó thrian dá chomhaltaí. Glacfar an cinneadh bunaithe ar thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Choláiste, seachas an tUachtarán nó an Leas-Uachtarán lena mbaineann.

7.   I gcás ina dtoghtar comhalta náisiúnta ina Uachtarán nó ina Leas-Uachtarán ar Eurojust féadfaidh an Ballstát lena mbaineann duine eile a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige a thabhairt ar iasacht chun an deasc náisiúnta a threisiú ar feadh thréimhse shainordú an té a thoghfar ina Uachtarán nó ina Leas-Uachtarán.

Beidh an Ballstát a chinnfidh duine den chineál sin a thabhairt ar iasacht i dteideal cur isteach ar chúiteamh i gcomhréir le hAirteagal 12.

Airteagal 12

Sásra cúitimh le haghaidh toghcháin do phost an Uachtaráin

1.   Faoin 12 Nollaig 2019, cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún agus trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sásra le haghaidh cúitimh chun críche Airteagal 11(7), a chuirfear ar fáil do Bhallstáit a dtoghfar a gcomhalta náisiúnta ina Uachtarán.

2.   Beidh an cúiteamh ar fáil d’aon Bhallstát más rud é:

(a)

go mbeidh a chomhalta naisiúnta tofa ina Uachtarán; agus

(b)

n-iarrfaidh sé cúiteamh ón gColáiste agus ina dtabharfaidh sé bonn cirt don riachtanas chun a dheasc náisiúnta a threisiú bunaithe ar mhéadú ar ualach oibre.

3.   Beidh an cúiteamh a chuirfear ar fáil cothrom le 50 % de thuarastal náisiúnta an té a bheadh ar iasacht. Cuirfear cúiteamh maireachtála agus speansais ghaolmhara eile ar fáil ar bhonn inchomparáide lena gcuirtear ar fáil d’oifigigh de chuid an Aontais nó do sheirbhísigh eile ar iasacht thar lear.

4.   Bainfear costais an tsásra cúitimh as buiséad Eurojust.

Airteagal 13

Cruinnithe an Choláiste

1.   Tionólfaidh an tUachtarán cruinnithe an Choláiste.

2.   Reáchtálfaidh an Coláiste cruinniú amháin ar a laghad in aghaidh na míosa. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile arna iarraidh sin don Choimisiún chun cúraimí riaracháin an Choláiste a phlé, nó arna iarraidh sin d’aon trian dá chomhaltaí.

3.   Seolfaidh Eurojust chuig OIPE na cláir oibre ó chruinnithe an Choláiste nuair a phléifear ceisteanna atá ábhartha maidir le comhlíonadh chúraimí OIPE. Tabharfaidh Eurojust cuireadh don OIPE rannpháirt a ghlacadh sna cruinnithe sin, gan cead vótála aige. I gcás ina gcuirfear cuireadh chuig OIPE chun freastail ar chruinniú de chuid an Choláiste, cuirfidh Eurojust na doiciméid ábhartha a thacaíonn leis an gclár oibre ar fáil dó.

Airteagal 14

Rialacha vótála an Choláiste

1.   Mura luaitear a mhalairt, agus mura féidir teacht ar chomhthoil, is trí thromlach a chomhaltaí a dhéanfaidh an Coláiste a chinntí.

2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. In éagmais comhalta vótála, beidh an t-ionadaí aige i dteideal a cheart vótála a fheidhmiú faoi raon na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7(7). In éagmais an ionadaí, beidh an Cúntóir aige i dteideal a cheart vótála a fheidhmiú freisin faoi raon na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7(7).

Airteagal 15

Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil

1.   Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Coláiste doiciméad clársceidealaithe ina mbeidh an clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil, ar bhonn dréachta arna ullmhú ag an Stiúrthóir Riaracháin, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh. Cuirfidh an Coláiste an doiciméad clársceidealaithe ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig OIPE. Tiocfaidh an doiciméad clársceidealaithe chen bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh deiridh bhuiséad ginearálta an Aontais agus, déanfar coigeartú air dá réir, más gá.

2.   Cuimseofar sa chlár oibre bliantúil cuspóirí mionsonraithe agus torthaí ionchais lena n-áirítear táscairí feidhmíochta, trína ndéanfar meastóireacht ar na cuspóirí agus na torthaí sin. Beidh cur síos ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú chomh maith le léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna arna leithdháileadh ar gach gníomh, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil ar aon dul leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 4. Sonrófar ann go soiléir cad iad na cúraimí breise a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe.

3.   Déanfaidh an Coláiste an clár oibre bliantúil atá glactha a leasú nuair a thabharfar cúram nua do Eurojust. Glacfar le haon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil tríd an nós imeachta céanna lenar glacadh an clár oibre bliantúil tosaigh. Féadfaidh an Coláiste an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Riaracháin.

4.   Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena n-áirítear na cuspóirí, an straitéis le haghaidh comhair le húdaráis na dtríú tíortha agus le eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 52, na torthaí ionchais agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach ann freisin clársceidealú acmhainní, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann. Déanfar an clársceidealú acmhainní a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Déanfar an clársceidealú straitéiseach a thabhairt cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 69.

ROINN IV

An Bord Feidhmiúcháin

Airteagal 16

Feidhmiú an Bhoird Feidhmiúcháin

1.   Beidh Bord Feidhmiúcháin de chúnamh ag an gColáiste. Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as cinntí riaracháin a dhéanamh chun feidhmiú cuí Eurojust a áirithiú. Déanfaidh sé maoirseacht ar obair riachtanach ullmhúcháin an Stiúrthóra Riaracháin maidir le saincheisteanna eile riaracháin chun go nglacfaidh an Coláiste iad. Ní bheidh baint aige le feidhmeanna oibríochtúla Eurojust dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5.

2.   Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin dul i gcomhairle leis an gColáiste agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige.

3.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an méid seo a leanas freisin:

(a)

doiciméad clársceidealaithe Eurojust dá dtagraítear in Airteagal 15 a athbhreithniú bunaithe ar an dréacht a ullmhóidh an Stiúrthóir Riaracháin agus iad a chur ar aghaidh chuig an gColáiste lena nglacadh;

(b)

straitéis frithchalaoise a ghlacadh le haghaidh Eurojust, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise, agus costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh agus a bheidh bunaithe ar dhréacht a ullmhóidh an Stiúrthóir Riaracháin;

(c)

rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh lena dtugtar feidhm do Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh”) agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile an Aontais Eorpaigh (“na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile”) a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (18) i gcomhréir le hAirteagal 110 de;

(d)

a áirithiú go ndéanfar obair leantach ar na torthaí agus na moltaí ag eascairt ó thuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí nó seachtraí, ó mheastóireachtaí agus ó imscrúduithe, lena n-áirítear iad siúd de chuid an MECS agus OLAF;

(e)

gach cinneadh a ghlacadh faoi bhunú struchtúir inmheánacha riaracháin Eurojust agus, nuair is gá, faoi leasú a dhéanamh orthu;

(f)

gan dochar do fhreagrachtaí an Stiúrthóra Riaracháin, a leagtar amach in Airteagal 18, beidh sé de chúnamh aige agus tabharfaidh sé comhairle dó maidir le cur chun feidhme chinntí an Choláiste, d’fhonn maoirseacht ar bhainistiú riaracháin agus buiséadach a threisiú.

(g)

tabhairt faoi aon chúraimí breise eile riaracháin a shannfaidh an Coláiste dó faoi Airteagal 5(4);

(h)

na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Eurojust a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64;

(i)

i gcomhréir le hAirteagal 110 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, cinneadh a ghlacadh a bhunófar ar Airteagal 2(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile lena dtarmligtear cumhachtaí an údaráis ceapacháin ábhartha chuig an Stiúrthóir Riaracháin agus lena mbunaítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí; beidh údarás ag an Stiúrthóir Riaracháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean;

(j)

dréachtbhuiséad bliantúil Eurojust a athbhreithniú lena ghlacadh ag an gColáiste;

(k)

dréacht-thuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí Eurojust a athbhreithniú agus í a chur ar aghaidh chuig an gColáiste lena glacadh;

(l)

oifigeach cuntasaíochta agus oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh a bheidh neamhspleách go feidhmiúil i gcomhlíonadh a ndualgas.

4.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta d’Uachtarán agus de Leas-Uachtaráin an Choláiste, d’ionadaí amháin ón gCoimisiún agus de bheirt chomhaltaí eile de chuid an Choláiste a ainmneofar de réir córais uainíochta dhá bhliain i gcomhréir le rialacha nós imeachta Eurojust. Freastalóidh an Stiúrthóir Riaracháin ar chruinnithe an Bhord Feidhmiúcháin gan ceart vótála a bheith aige.

5.   Beidh Uachtarán Eurojust ina chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin a chinntí trí thromlach dá chomhaltaí. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. I gcás comhionannas vótaí, beidh vóta réitigh ag Uachtarán Eurojust.

6.   Tiocfaidh deireadh le tréimhse oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin nuair a thiocfaidh deireadh lena dtéarma mar chomhaltaí náisiúnta, mar Uachtarán nó mar Leas-Uachtarán.

7.   Tiocfaidh an Bord Feidhmiúcháin le chéile uair sa mhí ar a laghad. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh a Chathaoirligh nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó do bheirt dá chomhaltaí eile ar a laghad.

8.   Seolfaidh Eurojust cláir oibre ó chruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin chuig OIPE agus rachaidh sé i gcomhairle le OIPE maidir leis an ngá le bheith páirteach sna cruinnithe sin. Tabharfaidh Eurojust cuireadh do OIPE páirt a ghlacadh, gan ceart vótála a bheith aige, aon uair a phléifear na saincheisteanna atá ábhartha d’fheidhmiú OIPE.

I gcásanna ina gcuirfear cuireadh chuig OIPE chun freastal ar chruinniú de chuid an Bhoird Feidhmiúcháin, cuirfear na doiciméid ábhartha a thacaíonn leis an gclár oibre ar fáil dó.

ROINN V

An Stiúrthóir Riaracháin

Airteagal 17

Stádas an Stiúrthóra Riaracháin

1.   Ceapfar an Stiúrthóir Riaracháin mar ghníomhaire sealadach de chuid Eurojust faoi phointe (a) d’Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Ceapfaidh an Coláiste an Stiúrthóir Riaracháin, as liosta iarrthóirí arna moladh ag an mBord Feidhmiúcháin, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach i gcomhréir le rialacha nós imeachta Eurojust. Chun críche conradh fostaíochta leis an Stiúrthóir Riaracháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Uachtarán Eurojust ionadaíocht thar ceann Eurojust.

3.   Mairfidh tréimhse oifige an Stiúrthóra Riaracháin ar feadh 4 bliana. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Riaracháin.

4.   Féadfaidh an Coláiste, ag gníomhú ar thogra ón mBord Feidhmiúcháin ina gcuirtear san áireamh an measúnú dá dtagraítear i mír 3, tréimhse oifige an Stiúrthóra Riaracháin a shíneadh uair amháin, ar feadh 4 bliana ar a mhéid.

5.   Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Riaracháin a ndearnadh a thréimhse oifige a shíneadh a bheith rannpháirteach i nós imeachta roghnúcháin eile le haghaidh an phoist chéanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

6.   Beidh an Stiúrthóir Riaracháin freagrach don Choláiste.

7.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Riaracháin a dhífhostú ach de bhun cinneadh ón gColáiste ag gníomhú dó ar thogra ón mBord Feidhmiúcháin.

Airteagal 18

Freagrachtaí an Stiúrthóra Riaracháin

1.   Chun críocha riaracháin, déanfaidh an Stiúrthóir Riaracháin bainistiú ar Eurojust.

2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choláiste ná an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an Stiúrthóir Riaracháin go hiomlán neamhspleách maidir lena chuid dualgas nó lena cuid dulagas a fheidhmiú agus ní iarrfaidh sé ná sí ná ní thógfaidh sé ná sí treoracha ó aon rialtas ná aon chomhlacht eile.

3.   Beidh an Stiúrthóir Riaracháin mar ionadaí dlí do Eurojust.

4.   Beidh an Stiúrthóir Riaracháin freagrach as na cúraimí a sannadh do Eurojust a chur chun feidhme, go háirithe:

(a)

riarachán laethúil Eurojust agus bainistiú foirne ;

(b)

na cinntí arna nglacadh ag an gColáiste agus ag an mBord Feidhmiúcháin a chur chun feidhme;

(c)

an doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 15 a ullmhú agus é a thíolacadh chuig an mBord Feidhmiúcháin lena athbhreithniú;

(d)

an doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 15 a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Feidhmiúcháin agus don Choláiste maidir lena chur chun feidhme;

(e)

an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Eurojust a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin lena hathbhreithniú agus faoi bhráid an Choláiste lena glacadh;

(f)

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na dtuarascálacha, na meastóireachtaí agus na n-imscrúduithe inmheánacha nó seachtracha, lena n-áirítear iad siúd ón MECS agus ó OLAF, agus tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn dhá uair sa bhliain don Choláiste, don Bhord Feidhmiúcháin, don Choimisiún agus do MECS;

(g)

straitéis frithchalaoise le haghaidh Eurojust a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin lena glacadh;

(h)

na dréacht-rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Eurojust a ullmhú;

(i)

dréacht-ráiteas Eurojust faoi mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú agus a bhuiséad a chur chun feidhme;

(j)

na cumhachtaí a fheidhmiú i ndáil le baill foirne Eurojust a dheonaigh Rialacháin Foirne Oifigeach ar an údarás ceapacháin agus a dheonaigh Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile ar an údarás atá cumhachtaithe chun conarthaí fostaíochta seirbhíseach eile a thabhairt chun críche (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”);

(k)

a áirithiú go gcuirfear an tacaíocht riaracháin is gá ar fáil chun obair oibríochtúil Eurojust a éascú;

(l)

a áirithiú go gcuirfear an tacaíocht ar fáil don Uachtarán agus don Leas-Uachtaráin agus iad i mbun a gcúraimí;

(m)

dréacht-togra le haghaidh bhuiséad bliantúil Eurojust a ullmhú, agus déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin é a athbhreithniú sula nglacfaidh an Coláiste é.

CAIBIDIL III

ÁBHAIR OIBRÍOCHTÚLA

Airteagal 19

Sásra don Bhuanchóras Comhordúcháin

1.   D’fhonn a chuid cúraimí a chomhlíonadh i gcásanna práinneacha, feidhmeoidh Eurojust sásra bhuanchóras comhordúcháin (“OCC”) a bheidh in ann iarrataí a chuirtear faoina bhráid a ghlacadh agus a phróiseáil aon tráth. Beidh OCC in ann teagmháil a dhéanamh leis an sásra don bhuanchóras comhordúcháin, 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine.

2.   Rachaidh OCC ar iontaoibh ionadaí amháin i ngach Ballstát agus d’fhéadfadh an comhalta náisiúnta, a ionadaí, nó Cúntóir a bheith i gceist, arb ionadaí é atá i dteideal teacht in ionad an chomhalta náisiúnta nó na saineolaithe náisiúnta ar iasacht. Beidh ionadaí OCC in ann gníomhú ar bhonn 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine.

3.   Gníomhóidh na hionadaithe OCC ar Ghlaodhualgas go héifeachtúil, gan mhoill, maidir leis an iarraidh ina mBallstát a chomhlíonadh.

Airteagal 20

Córas Eurojust um Chomhordú Náisiúnta

1.   Ainmneoidh gach Ballstát comhfhreagraí náisiúnta amháin nó níos mó do Eurojust.

2.   Beidh na scileanna agus an saineolas is gá ag na comhfhreagraithe náisiúnta uile arna gceapadh ag na Ballstáit faoi mhír 1 chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

3.   Bunóidh gach Ballstát córas Eurojust um chomhordú náisiúnta lena áirithiú go ndéanfar comhordú ar an obair arna déanamh acu seo a leanas:

(a)

comhfhreagraithe náisiúnta Eurojust;

(b)

aon chomhfhreagraithe náisiúnta le haghaidh saincheisteanna a bhaineann le hinniúlacht OIPE;

(c)

comhfhreagraí náisiúnta do Eurojust le haghaidh ábhair sceimhlitheoireachta;

(d)

comhfhreagraí náisiúnta an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair choiriúla agus suas le trí phointe teagmhála eile den Ghréasán Breithiúnach Eorpach sin;

(e)

ionadaithe náisiúnta nó pointí teagmhála an Ghréasáin um chomhfhoirne imscrúdaithe agus comhaltaí náisiúnta nó pointí teagmhala na nnréasán a bunaíodh le Cinntí 2002/494/CGB, 2002/845/CGB agus 2008/852/CGB;

(f)

i gcás inarb infheidhme, aon údarás breithiúnach ábhartha eile.

4.   Coimeádfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 a bpost a agus a stádas faoin dlí náisiúnta gan tionchar suntasach a bheith aige sin orthu agus iad i mbun a gcuid dualgas a fheidhmiú faoin Rialachán seo.

5.   Beidh comhfhreagraithe náisiúnta do Eurojust freagrach as feidhmiú a gcóras Eurojust um chomhordú náisiúnta. I gcás ina ndéantar roinnt comhfhreagraithe do Eurojust a ainmniú, beidh duine acu freagrach as feidhmiú a gcóras Eurojust um chomhordú náisiúnta.

6.   Cuirfear an comhalta náisiúnta de Eurojust ar an eolas faoi gach cruinniú de chuid chóras náisiúnta Eurojust um chomhordú ina bpléifear cúrsaí a bhaineann le cásobair. Féadfaidh sé freastal ar chruinniú den chineál sin de réir mar is gá.

7.   Laistigh den Bhallstát, éascóidh gach córas Eurojust um chomhordú náisiúnta cúraimí Eurojust a dhéanamh, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a áirithiú go bhfaighidh an córas bainistithe cásanna dá dtagraítear in Airteagal 23 faisnéis atá bainteach leis an mBallstát lena mbaineann ar bhealach éifeachtach agus iontaofa;

(b)

cúnamh a thabhairt chun a chinneadh ar cheart iarraidh a láimhseáil le cúnamh ó Eurojust nó ón nGréasán Breithiúnach Eorpach;

(c)

cúnamh a thabhairt don chomhalta náisiúnta na húdaráis ábhartha a aithint i ndáil le hiarrataí ar chomhar breithiúnach, agus cinntí maidir leis, a chomhlíonadh, lena n-áirítear iarrataí agus cinntí atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh;

(d)

dlúthchomhar a choinneáil le haonad náisiúnta Europol, le pointí teagmhála eile de chuid an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh agus le húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha eile.

8.   D’fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír 7 a bhaint amach, nascfar na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 3, agus féadfar go nascfar na daoine nó na húdaráis dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) de mhír 3, leis an gcóras bainistithe cásanna i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagail 23, 24, 25 agus 34. Bainfear costas an naisc leis an gcóras bainistithe cásanna as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

9.   Ní choiscfidh bunú chóras Eurojust um chomhordú náisiúnta ná ceapadh na gcomhfhreagraithe náisiúnta teagmhálacha díreacha idir an comhalta náisiúnta agus na húdaráis inniúla ina Bhallstát nó ina Ballstát.

Airteagal 21

Malartuithe faisnéise leis na Ballstáit agus idir comhaltaí náisiúnta

1.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát aon fhaisnéis atá riachtanach do Eurojust chun a chúraimí a chomhlíonadh a mhalartú leis faoi Airteagal 2 agus Airteagal 4 i gcomhréir leis na rialacha um chosaint sonraí is infheidhme. Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, i mír 5 agus i mír 6 den Airteagal seo ar a laghad san áireamh ann.

2.   Ní thuigfear gurb ionann faisnéis a tharchur chuig Eurojust agus cúnamh Eurojust a iarraidh sa chás lena mbaineann ach amháin má shonraíonn údarás inniúil gurb amhlaidh atá cúnamh á iarraidh.

3.   Déanfaidh na comhaltaí náisiúnta aon fhaisnéis is gá a mhalartú chun cúraimí Eurojust a chomhlíonadh, ina measc féin nó le húdaráis inniúla náisiúnta a mBallstáit, gan údarú roimh ré. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta inniúla a gcomhaltaí náisiúnta ar an eolas go pras maidir le cás a bhaineann leo, go háirithe.

4.   Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta a gcomhaltaí náisiúnta ar an eolas maidir le bunú na comhfhoirne imscrúdaithe agus maidir le torthaí obair na bhfoirne sin.

5.   Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta a gcomhaltaí náisiúnta ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon chás a dhéanann difear do thrí Bhallstát ar a laghad a bhfuil iarrataí ar chomhar breithiúnach, nó cinntí maidir leo, lena n-áirítear iarrataí agus cinntí atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, tarchurtha chuig dhá Bhallstát ar a laghad lena aghaidh, i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh an cion lena mbaineann inphionóis sa Bhallstáit iarrthach nó sa Bhallstát eisiúna le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh tréimhse 5 nó 6 bliana ar a laghad, a bheidh le cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, agus ina n-áirítear é ar an liosta seo a leanas:

(i)

gáinneáil ar dhaoine;

(ii)

drochúsáid ghnéasach nó teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear pornagrafaíocht leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críoch gnéasach;

(iii)

gáinneáil ar dhrugaí;

(iv)

gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna nó a gcomhpháirteanna nó a n-armlón nó a bpléascán;

(v)

éilliú;

(vi)

coireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais;

(vii)

brionnú airgid nó modhanna íocaíochta;

(viii)

gníomhaíochtaí sciúrtha airgid;

(ix)

coireacht ríomhaire;

(b)

i gcás ina mbeidh táscairí fíriciúla ann go bhfuil eagraíocht choiriúil rannpháirteach;

(c)

i gcás ina mbeidh táscairí ann go bhféadfadh gné thromchúiseach trasteorann nó frithiarmhairtí ar leibhéal an Aontais a bheith i gceist nó go bhféadfadh sé éifeacht a bheith aige ar Bhallstáit eile seachas na cinn a bhfuil baint dhíreach acu leis.

6.   Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta a gcomhaltaí náisiúnta ar an eolas maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

cásanna inar tháinig coinbhleachtaí dlínse chun cinn nó inar dócha go dtiocfaidh siad chun cinn;

(b)

seachadtaí rialaithe a dhéanann difear do thrí thír ar a laghad, ar Ballstáit iad péire acu ar a laghad;

(c)

deacrachtaí nó diúltuithe leanúnacha maidir le hiarrataí ar chomhar breithiúnach, agus cinntí maidir leis, a fhorghníomhú, lena n-áirítear iarrataí agus cinntí atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

7.   Ní bheidh sé d’oibleagáid ar na húdaráis inniúla náisiúnta faisnéis a sholáthar i gcás sonrach ina ndéanfaí dochar do leasanna bunúsacha slándála náisiúnta; nó ina gcuirfí sábháilteacht daoine aonair i mbaol, dá ndéanfaí amhlaidh.

8.   Ní dochar an tAirteagal seo do na coinníollacha arna socrú i gcomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha nó i socruithe idir na Ballstáit agus tríú tíortha, lena n-áirítear aon choinníollacha arna socrú ag tríú tíortha maidir le húsáid na faisnéise tar éis í a sholáthar.

9.   Ní dochar an tAirteagal seo d’oibleagáidí eile maidir le faisnéis a tharchur chuig Eurojust, lena n-áirítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (19).

10.   Déanfar faisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar ar bhealach struchtúrtha arna bhunú ag Eurojust. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an údarás inniúil náisiúnta an fhaisnéis den chineál sin a chur ar fáil i gcás ina mbeadh sí tíolactha chuig Eurojust cheana i gcomhréir le forálacha eile den Rialachán seo.

Airteagal 22

Faisnéis arna tabhairt ag Eurojust do na húdaráis náisiúnta inniúla

1.   Tabharfaidh Eurojust faisnéis do na húdaráis náisiúnta inniúla maidir leis na torthaí ar phróiseáil na faisnéise, lena n-áirítear naisc a bheith ann le cásanna atá stóráilte cheana féin sa chóras bainistithe cásanna, gan moill mhíchuí. Féadfar sonraí pearsanta a bheith san áireamh san fhaisnéis sin.

2.   I gcás ina n-iarrfaidh údarás náisiúnta inniúil ar Eurojust faisnéis a thabhairt dó laistigh de thréimhse ama áirithe, déanfaidh Eurojust an fhaisnéis a tharchur laistigh den tréimhse ama sin.

Airteagal 23

An córas bainistithe cásanna, an t-innéacs agus comhaid oibre shealadacha

1.   Bunóidh Eurojust córas bainistithe cásanna a bheidh comhdhéanta de chomhaid oibre shealadacha agus d’innéacs ina mbeidh sonraí pearsanta mar a thagraítear dóibh in Iarscríbhinn II agus sonraí nach sonraí pearsanta iad.

2.   Is é cuspóir an chórais bainistithe cásanna:

(a)

tacú le bainistíocht agus comhordú ar imscrúduithe agus ar ionchúisimh a bhfuil Eurojust ag tabhairt cúnaimh ina leith, go háirithe tríd an bhfaisnéis a chrostagairt;

(b)

rochtain ar fhaisnéis maidir le himscrúduithe agus ionchúisimh leanúnacha a éascú;

(c)

faireachán ar an dlíthiúlacht maidir le próiseáil sonraí pearsanta Eurojust agus ar chomhlíonadh na rialacha um chosaint sonraí is infheidhme ina leith a éascú;

3.   Féadfar an córas bainistithe cásanna a nascadh leis an nasc slán teileachumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 9 de Chinneadh 2008/976/CGB ón gComhairle (20).

4.   Beidh tagairtí san innéacs do chomhaid oibre shealadacha arna bpróiseáil faoi chuimsiú Eurojust agus ní fhéadfar aon sonraí pearsanta a bheith ann seachas na sonraí sin dá dtagraítear i bpointe (1)(a) go (i), (k) agus (m) agus i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II.

5.   Agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu, féadfaidh na comhaltaí náisiúnta sonraí a phróiseáil faoi na cásanna aonair ar a bhfuil siad ag obair i gcomhad oibre sealadach. Déanfaidh siad rochtain ar an gcomhad oibre sealadach a cheadú don Oifigeach Cosanta Sonraí. Cuirfidh an comhalta náisiúnta lena mbaineann an tOifigeach Cosanta Sonraí ar an eolas maidir le gach comhad oibre sealadach nua a osclófar ina bhfuil sonraí pearsanta.

6.   Ní fhéadfaidh Eurojust aon chomhad sonraí uathoibrithe a bhunú seachas an córas bainistithe cásanna nó comhad oibre sealadach chun sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil. Féadfaidh an comhalta náisiúnta sonraí pearsanta a stóráil agus a anailísiú ar bhonn sealadach, áfach, chun a chinneadh an bhfuil sonraí den sórt sin ábhartha do chúraimí Eurojust agus an bhféadfar iad a áireamh sa chóras bainistithe cásanna. Féadfar na sonraí sin a choimeád ar feadh tréimhse suas le 3 mhí.

Airteagal 24

Feidhmiú na gcomhad oibre sealadach agus an innéacs

1.   Osclóidh an comhalta náisiúnta lena mbaineann comhad oibre sealadach do gach cás a ndéanfar faisnéis a tharchur chuige ina leith a mhéid agus a bheidh an tarchur sin i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le hionstraimí dlíthiúla eile is infheidhme. Beidh an comhalta náisiúnta freagrach as na comhaid oibre shealadacha arna n-oscailt ag an gcomhalta náisiúnta sin a bhainistiú.

2.   Cinnfidh an comhalta náisiúnta a d’oscail comhad oibre sealadach, ar bhonn gach cáis, an gcoinneofar srian ar an gcomhad oibre sealadach nó an dtabharfar rochtain air nó ar chodanna de, do chomhaltaí náisiúnta eile nó do bhaill foirne údaraithe Eurojust nó d’aon duine eile a bheidh ag obair thar ceann Eurojust agus a fuair an t-údarú riachtanach ón Stiúrthóir Riaracháin.

3.   Cinnfidh an comhalta náisiúnta a d’oscail comhad oibre sealadach cén fhaisnéis a bhaineann leis an gcomhad oibre sealadach sin a iontrálfar san innéacs i gcomhréir le hAirteagal 23(4).

Airteagal 25

Rochtain ar an gcóras bainistithe cásanna ar an leibhéal náisiúnta

1.   Sa mhéid go bhfuil siad nasctha leis an gcóras bainistithe cásanna ní fhéadfaidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 20(3) rochtain a fháil ach ar an méid seo a leanas:

(a)

an t-innéacs, ach amháin má dhiúltaigh an comhalta náisiúnta a rinne an cinneadh na sonraí a iontráil san innéacs do rochtain den sórt sin go sainráite;

(b)

comhaid oibre shealadacha a d’oscail comhalta náisiúnta a mBallstáit;

(c)

comhaid oibre shealadacha a d’oscail comhaltaí náisiúnta ó Bhallstáit eile agus a bhfuair comhalta náisiúnta óna mBallstáit rochtain orthu, ach amháin má dhiúltaigh an comhalta náisiúnta a d’oscail an comhad oibre sealadach do rochtain den sórt sin go sainráite.

2.   Déanfaidh an comhalta náisiúnta cinneadh, laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, maidir leis an méid rochtana ar na comhaid oibre shealadacha arna thabhairt ina Bhallstát do na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20(3) sa mhéid go bhfuil siad nasctha leis an gcóras bainistithe cásanna.

3.   Déanfaidh gach Ballstát cinneadh, tar éis dul i gcomhairle lena chomhalta náisiúnta, maidir leis an méid rochtana ar an innéacs arna thabhairt sa Bhallstát sin do na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20(3) sa mhéid go bhfuil siad nasctha leis an gcóras bainistithe cásanna. Tabharfaidh na Ballstáit fógra do Eurojust agus don Choimisiún maidir lena gcinneadh i ndáil le cur chun feidhme na míre seo. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin.

4.   Beidh rochtain ar a laghad ag daoine ar tugadh rochtain dóibh i gcomhréir le mír 2 ar an innéacs sa mhéid is gá chun rochtain a fháil ar na comhaid oibre shealadacha ar tugadh rochtain orthu dóibh.

CAIBIDIL IV

PRÓISEÁIL FAISNÉISE

Airteagal 26

Sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag Eurojust

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo agus ag Airteagal 3 agus ag Caibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla arna bpróiseáil ag Eurojust, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta riaracháin arna bpróiseáil ag Eurojust, cé is moite de Chaibidil IX den Rialachán sin.

2.   Maidir leis na tagairtí do “rialacha cosanta sonraí is infheidhme”, sa rialachan seo, tuigfear gur tagairtí iad do na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) …/2018.

3.   Déanfar na rialacha cosanta sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla de chuid an Rialacháin seo a mheas mar rialacha sonracha cosanta sonraí i ndáil leis na rialacha ginearálta arna leagan síos in Airteagal 3 agus i gCaibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725.

4.   Déanfaidh Eurojust na teorainneacha ama maidir le sonraí pearsanta riaracháin a stóráil a chinneadh sna forálacha cosanta sonraí ina rialacha nós imeachta.

Airteagal 27

Sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil

1.   A mhéid is gá chun a chúraimí a fheidhmiú, ní fhéadfaidh Eurojust ach na sonraí pearsanta oibríochtúla atá liostaithe i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II a phróiseáil ar mhodhanna uathoibrithe nó i gcomhaid struchtúrtha de láimh i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoi chuimsiú a inniúlachta agus d’fhonn a fheidhmeanna oibríochtúla a dhéanamh, maidir le daoine a bhfuil forais thromchúiseacha ann lena chreidiúint, faoi dhlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann, go bhfuil cion coiriúil déanta acu nó go bhfuil siad ar tí cion coiriúil a dhéanamh, ar cion é a bhfuil Eurojust inniúil ina leith, nó maidir le daoine a ciontaíodh as cion den sórt sin.

2.   Ní fhéadfaidh Eurojust na sonraí pearsanta oibríochtúla atá liostaithe i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II a phróiseáil ach maidir le daoine a mheastar a bheith ina bhfinnéithe nó ina n-íospartach nó ina bpáirtithe eile i gcion coiriúil, amhail daoine a d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí orthu fianaise a thabhairt in imscrúdú nó in ionchúiseamh coiriúil i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na cineálacha coireachta agus na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, daoine atá in ann faisnéis a chur ar fáil faoi chionta coiriúla, nó teagmhálacha nó comhpháirtithe duine dá dtagraítear i mír 1 iad. Ní fhéadfar próiseáil ar shonraí pearsanta oibríochtúla den sórt sin a dhéanamh ach amháin má tá gá leis chun cúraimí Eurojust a chomhlíonadh, faoi chuimsiú a inniúlachta agus d’fhonn a fheidhmeanna oibríochtúla a dhéanamh.

3.   I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh Eurojust, ar feadh tréimhse theoranta nach mbeidh níos faide ná an méid ama is gá chun an cás lena mbaineann na sonraí arna bpróiseáil a thabhairt i gcrích, sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil freisin nuair atá gá lena bpróiseáil chun na críocha atá sonraithe i mír 1, seachas na sonraí pearsanta dá dtagraítear in Iarscribhínn II agus a bhaineann le cúinsí ciona nuair atá dlúthbhaint acu le himscrúduithe leanúnacha a bhfuil Eurojust ag comhordú nó ag cabhrú lena gcomhordú. Cuirfear an tOifigeach Cosanta Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 36 ar an eolas láithreach i gcás ina ndéantar sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil agus cuirfear ar an eolas é maidir leis na cúinsí sonracha lena dtugtar bonn cirt don ghá atá leis na sonraí pearsanta oibríochtúla sin a phróiseáil. I gcás ina dtagraítear d’fhinnéithe nó d’íospartaigh de réir bhrí mhír 2 den Airteagal seo i sonraí eile den sórt sin, is iad na comhaltaí náisiúnta lena mbaineann a dhéanfaidh an cinneadh iad a phróiseáil i gcomhpháirtíocht.

4.   Féadfaidh Eurojust catagóirí speisialta de shonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 76 de Rialachán (AE) 2018/1725 . Ní dhéanfar sonraí den sórt sin a phróiseáil san innéacs dá dtagraítear in Airteagal 23(4) den Rialachán seo. I gcás ina dtagraítear d’fhinnéithe nó d’íospartaigh laistigh de réir bhrí mhír 2 den Airteagal seo i sonraí eile den sórt sin, is iad na comhaltaí náisiúnta lena mbaineann a dhéanfaidh an cinneadh iad a phróiseáil.

Airteagal 28

Próiseáil faoi údarás Eurojust nó phróiseálaí

An próiseálaí agus aon duine atá ag gníomhú faoi údarás Eurojust nó an phróiseálaí, agus a bhfuil rochtain aige ar shonraí pearsanta oibríochtúla, ní dhéanfaidh sé na sonraí sin a phróiseáil ach amháin ar threoracha a fháil chuige sin ó Eurojust, mura rud é go gceanglaítear air an méid sin a dhéanamh le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit.

Airteagal 29

Teorainneacha ama maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla a stóráil

1.   Ní dhéanfaidh Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla arna bpróiseáil ag Eurojust a stóráil ach le haghaidh na tréimhse ama a bheidh riachtanach chun na cúraimí a bheidh air a chur i gcrích. Go háirithe, gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, ní fhéadfar na sonraí pearsanta oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 27 a stóráil níos faide ná an chéad dáta is infheidhme i measc na ndátaí seo a leanas:

(a)

an dáta a mbeidh urchosc ar an ionchúiseamh faoi reacht na dtréimhsí i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann an t-imscrúdú nó na hionchúisimh;

(b)

an dáta a gcuirfear in iúl do Eurojust gur éigiontaíodh an duine agus gur tháinig an cinneadh breithiúnach le bheith ina chinneadh críochnaitheach, agus sa chás sin cuirfidh an Ballstát lena mbaineann Eurojust ar an eolas gan mhoill;

(c)

trí bliana tar éis an dáta a raibh an cinneadh breithiúnach sa Bhallstát deireanach lena mbaineann an t-imscrúdú nó an t-ionchúiseamh ina chinneadh críochnaitheach;

(d)

an dáta ar bhunaigh nó ar chomhaontaigh Eurojust agus na Ballstáit lena mbaineann go frithpháirteach nach raibh gá ann a thuilleadh go ndéanfadh Eurojust comhordú ar an imscrúdú agus ar na hionchúisimh, ach amháin má tá oibleagáid ann an fhaisnéis sin a thabhairt do Eurojust i gcomhréir le hAirteagal 21(5) nó (6).

(e)

trí bliana tar éis an dáta a ndearnadh na sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 21(5) nó (6).

2.   Déanfar athbhreithniú leanúnach chun a áirithiú go bhfuiltear ag cloí leis na spriocamanna stórála dá dtagraítear i mír 1 le próiseáil oiriúnach uathoibrithe arna riar ag Eurojust, go háirithe ón tráth a gcuirfidh Eurojust an cás a chur i gcrích. Deanfar athbhreithniú freisin ar an ngá atá leis na sonraí a stóráil gach 3 bliana tar éis iad a iontráil; bainfidh torthaí athbhreithnithe den chineál sin leis an gcás ina iomláine. Má stóráiltear na sonraí pearsanta oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 27(4) ar feadh tréimhse a sháraíonn cúig bliana, cuirfear an MECS ar an eolas dá réir.

3.   Sula dtéann ceann amháin de na spriocamanna stórála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in éag, déanfaidh Eurojust athbhreithniú ar an ngá atá leis na sonraí pearsanta oibríochtúla a stóráil ar bhonn leantach i gcás inar gá sin agus fad a bheidh gá leis ionas go mbeidh sé in ann a chuid cúraimí a fheidhmiú agus féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh ar bhonn maolaithe na sonraí sin a stóráil go dtí an chéad athbhreithniú eile ina dhiaidh sin. Maidir leis na cúiseanna atá leis an stóráil leantach. Déanfar an bonn cirt atá leo a thabhairt agus iad a thaifeadadh. Mura ndéantar aon chinneadh faoi stóráil leantach sonraí pearsanta oibríochtúla tráth an athbhreithnithe, scriosfar na sonraí sin go huathoibríoch.

4.   I gcás ina ndearnadh sonraí pearsanta oibríochtúla a stóráil, i gcomhréir le mír 3, tar éis na spriocanna stórála dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an MECS athbhreithniú ar an ngá atá leis na sonraí sin a stóráil gach 3 bliana freisin.

5.   A luaithe a bheidh an spriocam maidir leis an mír dheiridh de na sonraí uathoibrithe ón gcomhad a stóráil imithe in éag, scriosfar gach doiciméad sa chomhad, ach amháin aon doiciméid bhunaidh a fuair Eurojust ó údaráis náisiúnta agus ar gá iad a thabhairt ar ais dá soláthraí.

6.   I gcás ina ndearna Eurojust imscrúdú nó ionchúisimh a chomhordú, cuirfidh na comhaltaí náisiúnta a chéile a chur ar an eolas aon uair a bhfaighidh siad faisnéis go ndearnadh an cás a dhíbhe, nó gur tháinig gach cinneadh breithiúnach a bhaineann leis an gcás le bheith críochnaitheach.

7.   Ní bheidh feidhm ag mír 5 i gcás:

(a)

go ndéanfadh sé sin damáiste do leas ábhair sonraí a bhfuil cosaint ag teastáil uaidh nó uaithi; i gcásanna den sórt sin, ní úsáidfear na sonraí ach amháin le toiliú sainráite agus i scríbhinn an ábhair sonraí;

(b)

go gcuireann an t-ábhar sonraí pearsanta oibríochtúla in aghaidh chruinneas na sonraí; sna cásanna sin ní bheidh feidhm ag mír 5 ar feadh tréimhse a chuireann ar chumas na mBallstát nó Eurojust, de réir mar is iomchuí, cruinneas na sonraí den chineál sin a fhíorú;

(c)

nach mór na sonraí pearsanta oibríochtúla a choimeád chun críocha cruthúnais nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint; or

(d)

go gcuireann an t-ábhar sonraí i gcoinne na sonraí pearsanta oibríochtúla a léirscrios agus go n-iarrann sé nó sí, ina ionad sin, srian a chur lena n-úsáid; nó

(e)

tá gá go fóill leis na sonraí pearsanta oibríochtúla chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail nó chun críocha staidrimh.

Airteagal 30

Slándáil sonraí pearsanta oibríochtúla

Déanfaidh Eurojust agus na Ballstáit sásraí a shainiú lena áirithiú go dtabharfar aghaidh ar na riachtanais slándála dá dtagraítear in Airteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725 san áireamh ar fud teorainneacha córas faisnéise.

Airteagal 31

Ceart rochtana ag an ábhar sonraí

1.   Féadfaidh aon ábhar sonraí ar mian leis nó léi an ceart chun rochtana ar shonraí pearsanta oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2018/1725 a bhaineann leis an ábhar sonraí agus a bhfuil Eurojust tar éis iad a phróiseáil a fheidhmiú iarraidh a dhéanamh ar Eurojust nó ar an údarás maoirseachta náisiúnta sa Bhallstát arb é rogha an ábhair sonraí. Déanfaidh an t-údarás sin an iarraidh sin a dhéanamh ar Eurojust gan mhoill, agus in aon chás laistigh de 1 mhí amháin óna fáil.

2.   Tabharfaidh Eurojust freagra gan moill mhíchuí ar an iarraidh agus in aon chás laistigh de 3 mhí ón uair a bhfaighidh Eurojust é.

3.   Rachadh Eurojust i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann maidir le cinneadh atá le déanamh mar fhreagra ar iarraidh. Ní ghlacfar an cinneadh faoi rochtain ar shonraí ag brath ar dhlúthchomhar ach ag Eurojust i gcomhar leis na Ballstáit a bhfuil baint dhíreach acu maidir leis na sonraí sin a chur in iúl. In aon chás ina gcuireann Ballstát i gcoinne fhreagra beartaithe Eurojust, tabharfaidh sé fógra do Eurojust faoi na cúiseanna lena chur i gcoinne. Cloífidh Eurojust leis an agóid sin. Ina dhiaidh sin, cuirfidh na comhaltaí náisiúnta lena mbaineann fógra chuig na húdaráis inniúla faoi inneachar an chinnidh ó Eurojust.

4.   Déileálfaidh na comhaltaí náisiúnta lena mbaineann sí an iarraidh a láimhseáil agus tiocfaidh siad ar chinneadh thar ceann Eurojust. I gcás nach bhfuil na comhaltaí náisiúnta lena mbaineann ar aon tuairim, cuirfidh siad an t-ábhar faoi bhráid an Choláiste, a dhéanfaidh a chinneadh ar an iarraidh trí thromlach dhá thrian.

Airteagal 32

Teorainneacha leis an gceart rochtana

Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 81 de Rialachán (AE) 2018/1725 , cuirfidh Eurojust an t-ábhar sonraí ar an eolas tar éis dul i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 31(3) den Rialachán seo.

Airteagal 33

An ceart srian a chur le próiseáil

Gan dochar do na heisceachtaí a leagtar amach in Airteagal 29(7) den Rialachán seo, i gcás ina bhfuil srian curtha le próiseáil ar na sonraí pearsanta oibríochtúla faoi Airteagal 82(3) de Rialachán (AE) 2018/1725, ní dhéanfar próiseáil ar na sonraí pearsanta oibríochtúla sin ach amháin chun cosaint a thabhairt do chearta an ábhair sonraí nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá ina pháirtí nó ina páirtí sna imeachtaí a bhfuil Eurojust ina páirtí iontu, nó chun na gcríoch arna leagan síos in Airteagal 82(3) de Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 34

Rochtain údaraithe ar shonraí pearsanta oibríochtúla laistigh de Eurojust

Ní fhéadfaidh ach comhaltaí náisiúnta, a n-ionadaithe, a gCúntóirí agus saineolaithe náisiúnta údaraithe atá ar iasacht, na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20(3) a mhéid atá na daoine sin nasctha leis an gcóras bainistithe cásanna agus baill foirne údaraithe Eurojust rochtain a fháil, chun críche cúraimí Eurojust a bhaint amach, ar shonraí pearsanta oibríochtúla arna bpróiseáil ag Eurojust laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 23, Airteagal 24 agus Airteagal 25.

Airteagal 35

Taifid de chatagóirí na ngníomhaíochtaí próiseála

1.   Coimeádfaidh Eurojust taifead de chatagóirí na ngníomhaíochtaí próiseála a thagann faoina fhreagracht. Áireofar an fhaisnéis uile seo a leanas sa taifead sin:

(a)

sonraí teagmhála Eurojust agus ainm agus sonraí teagmhála a Oifigigh Cosanta Sonraí;

(b)

críocha na próiseála;

(c)

tuairisc ar chatagóirí na n-ábhar sonraí agus ar chatagóirí na sonraí pearsanta oibríochtúla;

(d)

catagóirí na bhfaighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, lena n-áirítear faighteoirí i dtríú tíortha nó in eagraíocht idirnáisiúnta;

(e)

i gcás inarb infheidhme, liosta d’aistrithe sonraí pearsanta oibríochtúla go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin a shainaithint;

(f)

i gcás inar féidir, na teorainneacha ama atá beartaithe chun catagóirí éagsúla sonraí a léirscriosadh;

(g)

i gcás inar féidir, cur síos ginearálta ar na bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725 .

2.   Is i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a bheidh na taifid dá dtagraítear i mír 1.

3.   Cuirfidh Eurojust an taifead ar fáil don MECS arna iarraidh sin.

Airteagal 36

An tOifigeach Cosanta Sonraí a ainmniú

1.   Déanfaidh an Bord Feidhmiucháin Oifigeach Cosanta Sonraí a ainmniú. Beidh an tOifigeach Cosanta Sonraí ina chomhalta den fhoireann a cheapfar go sonrach chun na críche sin. I gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas, gníomhóidh an tOifigeach Cosanta Sonraí go neamhspleách agus ní fhéadfaidh sé nó sí treoracha a fháil.

2.   Roghnófar an tOifigeach Cosanta Sonraí ar bhonn a cháilíochtaí gairmiúla nó a cailíochtaí gairmiúla agus, go háirithe, ar bhonn mhéid an tsaineolais atá ag an duine maidir le dlí agus cleachtas cosanta sonraí, agus chumas an duine na cúraimí faoi Airteagal 38 a chomhlíonadh.

3.   Ní fhéadfaidh a bheith mar thoradh ar roghnú an Oifigigh Cosanta Sonraí go mbeadh an baol ann go gcruthófaí coinbhleacht leasa idir dualgais an Oifigigh mar an tOifigeach Cosanta Sonraí agus aon dualgais oifigiúla eile, go háirithe a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

4.   Déanfar an tOifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh ar feadh téarma 4 bliana agus beidh an tOifigeach Cosanta Sonraí incháilithe lena athcheapadh suas go tréimhse iomlán uasta 8 mbliana. Ní fhéadfaidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí a dhífhostú óna phost nó óna post mar Oifigeach Cosanta Sonraí ach le cead ón MECS, mura gcomhlíonann sé nó sí a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid nó a cuid dualgas a fheidhmiú.

5.   Foilseoidh Eurojust sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus cuirfidh sé iad sin in iúl don MECS.

Airteagal 37

Post an Oifigigh Cosanta Sonraí

1.   Áiritheoidh Eurojust go bhfuil baint ag an Oifigeach Cosanta Sonraí, go cuí agus go tráthúil, le gach saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Tacóidh Eurojust leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 38 á gcur i gcrích aige nó aici trí na hacmhainní agus an fhoireann is gá a chur ar fáil dó nó di chun na cúraimí sin a chur i gcrích agus trí rochtain ar shonraí pearsanta agus ar oibríochtaí próiseála a chur ar fáil, agus chun a shaineolas nó a saineolas a choinneáil.

3.   Áiritheoidh Eurojust nach bhfaighidh an tOifigeach Cosanta Sonraí treoracha ar bith maidir le cur i gcrích a chúraimí nó a cúraimí. Ní chuirfidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí as a phost nó as a post ná ní ghearrfar pionós air agus a chúraimí nó a cúraimí á gcur i gcrích aige nó aici. Tabharfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí tuairisc go díreach don Choláiste maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla agus don Bhord Feidhmiúcháin maidir le sonraí pearsanta riaracháin.

4.   Féadfaidh ábhair sonraí dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí maidir le haon saincheist a bhaineann le próiseáil a sonraí pearsanta agus maidir le feidhmiú a gceart faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1725 .

5.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme a bhaineann leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Bainfidh na rialacha cur chun feidhme sin go háirithe leis an nós imeachta roghnúcháin do phost an Oifigigh Cosanta Sonraí, lena dhífhostú nó a dífhostú, lena chúraimí nó a cúraimí, lena dhualgais nó lena dualgais agus le cumhachtaí agus coimircí neamhspleáchais an Oifigigh Cosanta Sonraí.

6.   Beidh an tOifigeach Cosanta Sonraí agus a chuid nó a cuid foirne faoi cheangal na hoibleagáide chun rúndachta i gcomhréir le hAirteagal 72.

7.   Féadfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí, an Coiste Foirne lena mbaineann agus aon duine aonair dul i gcomhairle leis an Oifigeach Cosanta Sonraí maidir le saincheist ar bith a bhaineann le léiriú nó le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2018/1725 , gan dul trí na cainéil oifigiúla. Ní fhulaingeoidh aon duine dochar mar gheall ar ábhar a thugtar chun aire an Oifigigh Cosanta Sonraí arna líomhain gur tharla sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo nós Rialachán (AE) 2018/1725.

8.   Tar éis é nó í a ainmniú, cláróidh Eurojust an tOifigeach Cosanta Sonraí leis an MECS.

Airteagal 38

Cúraimí an Oifigigh Cosanta Sonraí

1.   Beidh na cúraimí seo a leanas go háirithe ag an Oifigeach Cosanta Sonraí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil:

(a)

a áirithiú, ar bhealach neamhspleách go gcomhlíonfaidh Eurojust forálacha cosanta sonraí an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2018/1725 agus na forálacha ábhartha maidir le cosaint sonraí sna rialacha nós imeachta Eurojust; áirítear leis sin faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2018/1725, fhorálacha eile náisiúnta nó de chuid an Aontais a bhaineann le cosaint sonraí, agus bheartais Eurojust, maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n-áirítear freagrachtaí a shannadh, ardú feasachta agus oiliúint a chur ar chomhaltaí foirne atá comhlachaithe le hoibríochtaí próiseála, agus maidir leis na hiniúchtaí gaolmhara;

(b)

fógra a thabhairt do Eurojust agus do na baill foirne a dhéanann an phróiseáil ar shonraí pearsanta, agus comhairle a chur orthu siúd chomh maith, faoi na hoibleagáidí atá orthu de bhun an Rialacháin seo, de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 agus de bhun fhorálacha eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí;

(c)

comhairle a thabhairt nuair a iarrtar sin maidir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht de bhun Airteagal 89 de Rialachán (AE) 2018/1725;

(d)

a áirithiú go ndéanfar taifead faoi aistriú agus faoi fháil sonraí pearsanta a choimeád i gcomhréir leis na forálacha a leagfar síos i rialacha nós imeachta Eurojust;

(e)

comhoibriú le baill foirne Eurojust atá freagrach as nósanna imeachta, oiliúint agus comhairle faoi phróiseáil sonraí;

(f)

comhoibriú leis an MECS;

(g)

a áirithiú go gcuirfear na hábhair shonraí ar an eolas faoina gcuid ceart faoin Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2018/1725;

(h)

gníomhú mar phointe teagmhála don MECS; maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil, lena n-áirítear an réamhchomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (AE) 2018/1725 , agus chun comhairliúchán a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, maidir le haon ábhar eile;

(i)

comhairle a chur ar fáil nuair a iarrtar sin i ndáil leis an ngá atá le fógra a thabhairt nó a chur in iúl gur tharla sárú i ndáil le sonraí pearsanta de bhun Airteagal 92 agus le hAirteagal 93 de Rialachán (AE) 2018/1725;

(j)

tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus an tuarascáil sin a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta, an Choláiste agus an MECS.

2.   Comhlíonfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí na feidhmeanna dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta riaracháin.

3.   Beidh rochtain ag an Oifigeach Cosanta Sonraí agus ag baill foirne Eurojust a thugann cúnamh don Oifigeach Cosanta Sonraí agus é no í i mbun a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh ar na sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag Eurojust agus ar áitribh Eurojust a mhéid is gá chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh.

4.   Má mheasann an tOifigeach Cosanta Sonraí nár comhlíonadh forálacha Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta riaracháin nó forálacha an Rialacháin seo agus/nó Airteagal 3 agus Chaibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla, cuirfidh sénó sí an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi, ag iarradh air nó uirthi an neamhchomhlíonadh a réiteach laistigh de thréimhse shonraithe. Mura gcuirfidh an Bord Feidhmiúcháin neamhchomhlíonadh na próiseála i gceart laistigh den tréimhse shonraithe, cuirfidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an t-ábhar faoi bhráid an MECS.

Airteagal 39

Fógra maidir le sárú ar shonraí pearsanta a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann

1.   I gcás sáraithe ar shonraí pearsanta, déanfaidh Eurojust, gan aon mhoill mhíchuí, fógra a thabhairt maidir leis an sárú sin d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann.

2.   Leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

tabharfar tuairisc ar an gcineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, na catagóirí agus líon na n-ábhar sonraí lena mbaineann agus catagóirí agus líon na dtaifead sonraí lena mbaineann;

(b)

tabharfar tuairisc ar iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta;

(c)

tabharfar tuairisc ar na bearta atá beartaithe nó atá déanta ag Eurojust chun dul i ngleic leis an sárú i ndáil le sonraí pearsanta; agus

(d)

i gcás inarb iomchuí, molfar bearta chun na héifeachtaí díobhálacha a mhaolú a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú ar shonraí pearsanta.

Airteagal 40

Maoirsiú arna dhéanamh ag an MECS

1.   Beidh an MECS freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le cosaint cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus as na gcur i bhfeidhm sin a áirithiú maidir le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla ag Eurojust agus as comhairle a chur ar Eurojust agus ar ábhair sonraí maidir le gach ábhar a bhaineann le próiseáil pearsanta oibríochtúla. Chuige sin, comhlíonfaidh an MECS na dualgais a leagtar amach i mír 2 agus feidhmeoidh sé nó sí na cumhachtaí a thugtar i mír 3 den Airteagal seo, agus comhoibreoidh sé nó sí leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 42.

2.   Faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1725 beidh na dualgais seo a leanas ar an MECS:

(a)

gearáin a éisteacht agus a imscrúdú, agus an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoin toradh laistigh de thréimhse ama réasúnach;

(b)

imscrúduithe a dhéanamh as a stuaim féin nó ar bhonn gearáin agus na hábhair sonraí a chur ar an eolas faoin toradh laistigh de thréimhse ama réasúnach;

(c)

faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla ag Eurojust agus an cur i bhfeidhm sin a áirithiú;

(d)

comhairle a chur ar Eurojust, ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin nó mar fhreagra ar chomhairliúchán, ar gach ábhar a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla, go háirithe sula ndéanfaidh sé nó sí rialacha inmheánacha a tharraingt suas i ndáil le cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla.

3.   Féadfaidh an MECS, faoin Rialachán seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 , agus na himpleachtaí d’imscrúduithe agus ionchúisimh sna Ballstáit á gcur san áireamh:

(a)

comhairle a chur ar na hábhair sonraí maidir lena gcearta a fheidhmiú;

(b)

ábhar a chur faoi bhráid Eurojust, i gcás sárú líomhnaithe ar na forálacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla, agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a dhéanamh maidir leis an sárú sin a réiteach agus le cosaint na n-ábhar sonraí a fheabhsú;

(c)

dul i gcomhairle le Eurojust i gcás inar diúltaíodh d’iarrataí chun cearta áirithe maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla a fheidhmiú, de shárú ar Airteagal 31, 32 nó 33 den Rialachán seo nó Airteagal 77 go Airteagal 82 nó Airteagal 84 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725;

(d)

rabhadh a thabhairt do Eurojust;

(e)

a ordú go ndéanfaidh Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a cheartú, a shrianadh nó a scriosadh, ar sonraí iad a rinne Eurojust a phróiseáil de shárú ar na forálacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla agus fógra a thabhairt faoi na gníomhaíochtaí sin do thríú páirtithe ar nochtadh na sonraí sin dóibh; ar choinníoll nach gcuirfeadh sé sin isteach ar chúraimí Eurojust a leagtar amach in Airteagal 2;

(f)

an t-ábhar a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an “Chúirt”) faoi na coinníollacha a leagtar amach sa CFAE;

(g)

idirghabháil a dhéanamh i gcaingne arna dtabhairt os comhair na Cúirte.

4.   Beidh rochtain ag an MECS ar na sonraí pearsanta oibríochtúla arna bpróiseáil ag Eurojust agus ar áitribh Eurojust a mhéid is gá chun a chúraimí nó a cúraimí a chomhlíonadh.

5.   Déanfaidh an MECS tuarascáil bhliantúil maidir lena gníomhaíochtaí nó lena gníomhaíochtaí maoirseachta i ndáil le Eurojust a tharraingt suas. Beidh an tuarascáil sin ina cuid de thuarascáil bhliantúil an MECS dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 . Iarrfar ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a gcuid barúlacha a chur in iúl maidir leis an tuarascáil sin, sula ndéanfar cuid de thuarascáil bhliantúil MECS di, ar tuarascáil í dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725. Tabharfaidh an MECS lánaird ar na barúlacha a dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus, ar aon chaoi, déanfaidh sé tagairt dóibh sa tuarascáil bhliantúil.

6.   Comhoibreoidh Eurojust, leis an MECS i gcomhlíonadh a chúraimí nó a cúraimí, arna iarraidh sin dó nó di.

Airteagal 41

Rúndacht ghairmiúil an MECS

1.   Beidh an MECS agus a fhoireann nó a foireann, le linn agus tar éis a dtéarma oifige, faoi réir dualgas rúndachta gairmiúla i ndáil le faisnéis rúnda ar bith a bheidh curtha in iúl dóibh le linn dualgais oifigiúla a bheith á gcomhlíonadh acu.

2.   Tabharfaidh an MECS lánaird, le linn dó nó di cumhachtaí maoirseachta an Mhaoirseora a fheidhmiú, ar rúndacht na bhfiosrúchán breithiúnach agus na n-imeachtaí coiriúla, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit.

Airteagal 42

Comhar idir an MECS agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta

1.   Gníomhóidh an MECS i ndlúthchomhar leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta i ndáil le saincheisteanna a gceanglaítear rannpháirtíocht náisiúnta maidir leo, go háirithe má fhaigheann an MECS nó údarás maoirseachta náisiúnta neamhréitigh mhóra idir cleachtais na mBallstát nó aistrithe a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach ina mbaintear úsáid as cainéil chumarsáide Eurojust, nó i gcomhthéacs ceisteanna arna gcur ag údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó maidir le cur chun feidhme agus léiriú an Rialacháin seo.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfar maoirseacht chomhordaithe a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 .

3.   Coimeádfaidh an MECS údaráis mhaoirseachta náisiúnta ar an eolas go hiomlán faoi gach saincheist a bhfuil tionchar díreach aici orthu nó atá ábhartha dóibh ar bhealach eile. Arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, cuirfidh an MECS iad ar an eolas faoi cheisteanna sonracha.

4.   I gcásanna a bhaineann le sonraí arna dtionscnamh ó Bhallstát amháin nó ó roinnt Ballstát, lena n-áirítear i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 43(3), rachaidh an MECS i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann. Ní dhéanfaidh an MECS cinneadh maidir le gníomhaíocht bhreise a bheidh le déanamh sula gcuirfidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta sin a seasamh in iúl don MECS, laistigh de sprioc-am a shonróidh an MECS. Ní bheidh an sprioc-am sin níos giorra ná mí amháin ná níos faide ná trí mhí. Tabharfaidh an MECS lánaird ar sheasamh na n-údarás náisiúnta maoirseachta lena mbaineann. I gcásanna nach mbeidh sé ar intinn ag an MECS a seasamh a leanúint, cuirfidh sé nó sí é sin in iúl dóibh, agus tabharfaidh sé nó sí an bonn cirt agus tarchuirfidh sé nó sí an t-ábhar chuig an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.

I gcásanna a mheasfaidh an MECS a bheith fíorphráinneach, féadfaidh sé nó sí a chinneadh beart a dhéanamh láithreach bonn. I gcásanna mar sin, cuirfidh an MECS na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann ar an eolas láithreach agus tabharfaidh sé nó sí an bunús a bhaineann le práinn na staide agus an bonn cirt atá leis an ngníomhaíocht atá déanta aige nó aici.

5.   Coinneoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an MECS ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí a ghlacfaidh siad maidir le haistriú, le haisghabháil, nó le haon chur in iúl eile sonraí pearsanta oibríochtúla a dhéanfaidh na Ballstáit faoin Rialachán seo.

Airteagal 43

An ceart chun gearán a chur faoi bhráid an MECS i ndáil le sonraí pearsanta oibríochtúla

1.   Beidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí gearán a dhéanamh leis an MECS, má mheasann sé nó sí nach bhfuil forálacha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 á chomhlíonadh agus Eurojust ag próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla a bhaineann leis nó léi.

2.   I gcás ina mbaineann gearán le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 31, 32 nó 33 den Rialachán seo nó Airteagal 80, Airteagal 81 nó Airteagal 82 de Rialachán (AE) 2018/1725 , rachaidh an MECS i gcomhairle le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta nó comhlacht breithiúnach inniúil an Bhallstáit a sholáthair na sonraí nó leis an mBallstát lena mbaineann go díreach. Agus a chinneadh nó a cinneadh á ghlacadh aige nó aici, ar cinneadh é a bhféadfaidh sé a bheith dá thoradh go ndiúltófar faisnéis ar bith a chur in iúl, cuirfidh an MECS tuairim an údaráis maoirseachta náisiúnta nó tuairim an chomhlachta bhreithiúnaigh inniúil san áireamh.

3.   I gcás ina mbaineann gearán leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí arna soláthar do Eurojust ag Ballstát, áiritheoidh an MECS agus údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit a chuir na sonraí ar fáil, agus iad ag feidhmiú laistigh de raon feidhme a gcuid inniúlachtaí faoi seach, go ndearnadh i gceart na seiceálacha is gá maidir le dlíthiúlacht phróiseáil na sonraí.

4.   I gcás ina mbaineann gearán leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí arna soláthar do Eurojust ag comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó le próiseáil sonraí a d’aisghabh Eurojust ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, áiritheoidh an MECS go ndearna Eurojust i gceart na seiceálacha is gá maidir le dlíthiúlacht phróiseáil na sonraí.

5.   Cuirfidh an MECS an t-ábhar sonraí ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéantar maidir leis an ngearán agus faoi thoradh an ghearáin, mar aon leis an bhféidearthacht leigheas breithiúnach a fháil de bhun Airteagal 44.

Airteagal 44

An ceart chun athbhreithniú breithiúnach i gcoinne an MECS

Tógfar caingne i gcoinne chinntí an MECS maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla os comhair na Cúirte.

Airteagal 45

Freagracht maidir le hábhair cosanta sonraí

1.   Déanfaidh Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil ar bhealach lena mbeifear in ann an t-údarás a sholáthair na sonraí a shuí nó an áit ónar aisghabhadh na sonraí a dheimhniú.

2.   Beidh an fhreagracht as cruinneas na sonraí pearsanta oibríochtúla orthu seo a leanas:

(a)

Eurojust i gcás sonraí oibríochtúla arna dtarchur ag Ballstát, nó ag institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais i gcás ina ndearnadh na sonraí a soláthraíodh a athrú le linn do Eurojust próiseáil sonraí a dhéanamh;

(b)

an Ballstát nó an institiúid, an oifig, an comhlacht nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais a sholáthair na sonraí do Eurojust i gcás nach ndearnadh na sonraí a soláthraíodh a athrú le linn do Eurojust próiseáil sonraí a dhéanamh;

(c)

Eurojust i gcás sonraí pearsanta oibríochtúla arna soláthar ag tríú tíortha nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus freisin maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla a aisghabhadh ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí.

3.   Is ar Eurojust a bheidh an fhreagracht as an gcomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta riaracháin agus as an gcomhlíonadh maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla faoin Rialachán seo agus faoi Airteagal 3 agus faoi Chaibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla.

Beidh an fhreagracht as dlíthiúlacht sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú orthu seo a leanas:

(a)

i gcás ina soláthraíonn an Ballstát na sonraíoibríochtúla pearsanta lena mbaineann do Eurojust, ar an mBallstát sin;

(b)

ar Eurojust, i gcás ina soláthraíonn sé na sonraí pearsanta oibríochtúla lena mbaineann do na Ballstáit, d’institiúidí, oifigí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, do thríú tíortha nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta.

4.   Faoi réir forálacha eile de chuid an Rialacháin seo, beidh Eurojust freagrach as na sonraí uile arna bpróiseáil aige.

Airteagal 46

Dliteanas i leith próiseáil neamhúdaraithe sonraí nó próiseáil mhícheart sonraí

1.   Beidh Eurojust faoi dhliteanas, i gcomhréir le hAirteagal 340 CFAE, i leith aon damáiste arna dhéanamh do dhuine aonair a eascraíonn as próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart sonraí arna déanamh aige.

2.   Éistfidh an Chúirt gearáin i gcoinne Eurojust ar bhonn an dliteanais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 268 den CFAE.

3.   Beidh gach Ballstát faoi dhliteanas, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, i leith aon damáiste arna dhéanamh do dhuine aonair a eascraíonn as próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart atá déanta aige ar shonraí a chuir sé in iúl do Eurojust.

CAIBIDIL V

CAIDREAMH LE COMHPHÁIRTITHE

ROINN I

Forálacha coiteanna

Airteagal 47

Forálacha coiteanna

1.   Féadfaidh Eurojust, a mhéid is gá chun a chuid cúraimí a dhéanamh, caidreamh comhair a bhunú agus a choinneáil le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i gcomhréir lena gcuspóirí na faoi sceach, le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir leis an stráitéis dá dtagraítear in Airteagal 52.

2.   A mhéid is a bhaineann sé lena chuid cúraimí a dhéanamh agus faoi réir aon srian arna shonrú de bhun Airteagal 21(8) agus Airteagal 76, féadfaidh Eurojust aon fhaisnéis, a mhalartú go díreach leis na heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cé is moite de shonraí pearsanta.

3.   Chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2, féadfaidh Eurojust socruithe oibre a thabhairt i gcrích le heintitis dá dtagraítear i mír 1. Ní bheidh na socruithe oibre sin ina mbunús chun malartú sonraí pearsanta a cheadú agus ní bheidh siad ina gceangal ar an Aontas ná ar a Bhallstáit.

4.   Féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta a fhaightear ó na heintitis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus a phróiseáil a mhéid is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh agus faoi réir na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

5.   Ní dhéanfaidh Eurojust sonraí pearsanta a aistriú chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ach amháin más gá sin chun a chúraimí a chomhlíonadh agus má tá sé i gcomhréir le hAirteagal 55 agus le hAirteagal 56. Más rud é gur Ballstát a sholáthair na sonraí atá le haistriú, gheobhaidh Eurojust an toiliú ón údarás inniúil sa Bhallstát sin, ach amháin má tá údarú roimh ré tugtha ag an mBallstát maidir le haistriú ar aghaidh den sórt sin, i dtéarmaí ginearálta nó faoi réir coinníollacha sonracha. Féadfar toiliú den sórt sin a tharraingt siar aon uair.

6.   I gcás ina mbeaidh sonraí pearsanta faighte ó Eurojust ag na Ballstáit, ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, ag tríú tíortha nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, beidh toirmeasc ar aistriú sonraí den sórt sin ar aghaidh chuig tríú páirtithe ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas;

(a)

tá réamhthoiliú faighte ag Eurojust ón mBallstát a chuir na sonraí ar fáil;

(b)

toilíonn Eurojust go sainráite tar éis cúinsí an cháis atá idir lámha a mheas; agus

(c)

is chun críche cuspóra shonraigh nach bhfuil ar neamhréir leis an gcuspóir lenar tarchuireadh na sonraí agus chuige sin amháin an t-aistriú ar aghaidh.

ROINN II

Caidreamh le comhpháirtithe laistigh den aontas

Airteagal 48

Comhar leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach agus le gréasáin eile de chuid an Aontais atá rannpháirteach i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla

1.   Beidh caidreamh pribhléideach idir Eurojust agus an Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair choiriúla, ar bhonn comhairliúcháin agus comhlántachta, go háirithe idir an comhalta náisiúnta, pointí teagmhála an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh sa Bhallstát céanna mar chomhalta náisiúnta, agus na comhfhreagraithe náisiúnta do Eurojust agus don Ghréasán Breithiúnach Eorpach. Chun a áirithiú go mbeidh comhar éifeachtúil ann, déanfar na bearta seo a leanas:

(a)

ar bhonn cás ar chás, cuirfidh na comhaltaí náisiúnta pointí teagmhála an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh ar an eolas faoi na cásanna uile a measann siad ina leith gurb é an Gréasán is fearr a bheadh in ann iad a láimhseáil;

(b)

beidh rúnaíocht an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh ina cuid d’fhoireann Eurojust: feidhmeoidh sí mar aonad ar leithligh; féadfaidh sí úsáid a bhaint as acmhainní riaracháin Eurojust ar gá iad chun cúraimí an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh a dhéanamh, lena n-áirítear costais chruinnithe iomlánacha an Ghréasáin a chumhdach;

(c)

féadfar cuireadh a thabhairt do phointí teagmhála de chuid an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh ar bhonn cás ar chás freastal ar chruinnithe Eurojust;

(d)

féadfaidh Eurojust agus an Gréasán Breithiúnach Eorpach úsáid a bhaint as córas Eurojust um chomhordú náisiúnta agus e á chinneadh acu faoi phointe (b) d’Airteagal 20(7) ar cheart iarratas a láimhseáil le cúnamh ó Eurojust nó ón nGréasán Breithiúnach Eorpach.

2.   Beidh rúnaíocht Ghréasán na gcomhfhoirne imscrúdaithe agus Rúnaíocht an Ghréasáin arna bhunú ag Cinneadh Uimh. 2002/494/CGB ina gcuid d’fhoireann Eurojust. Feidhmeoidh na rúnaíochtaí sin mar aonaid ar leithligh. Féadfaidh siad úsáid a bhaint as acmhainní riaracháin Eurojust ar gá iad chun a gcúraimí a dhéanamh. Is é Eurojust a áiritheoidh an comhordú idir na rúnaíochtaí. Beidh feidhm ag an mír seo maidir le rúnaíocht aon Ghréasáin ábhartha atá páirteach i gcomhar breithiúnach in imeachtaí coiriúla dá bhfuil tacaíocht i bhfoirm rúnaíochta le soláthar ag Eurojust. Féadfaidh Eurojust tacaíocht a thabhairt, do ghréasáin agus comhlachtaí Eorpacha ábhartha a bhfuil baint acu le comhar breithiúnach in imeachtaí coiriúla, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí trí bhíthin rúnaíocht arna hóstáil ag Eurojust.

3.   Féadfaidh an gréasán arna bhunú le Cinneadh 2008/852/CGB a iarraidh go soláthróidh Eurojust rúnaíocht don ghréasán sin. Má dhéantar iarraidh den sórt sin, beidh feidhm ag mír 2.

Airteagal 49

Caidreamh le Europol

1.   Déanfaidh Eurojust na bearta uile is iomchuí chun a chur ar chumas Europol, laistigh de shainordú Europol, rochtain indíreach a bheith aige, ar bhonn córas “amas a fháil/gan amas a fháil”, ar fhaisnéis arna soláthar ag Eurojust, gan dochar d’aon srianta arna sonrú ag an nBallstát, ag an gcomhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, ag an tríú tír nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta a sholáthair an fhaisnéis atá i gceist. I gcás amas a bheith ann, tionscnóidh Eurojust an nós imeachta lenar féidir an fhaisnéis as ar eascair an t-am as a chomhroinnt, i gcomhréir le cinneadh an Bhallstáit, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais, an tríú tír nó na heagraíochta idirnáisiúnta a sholáthair an fhaisnéis do Eurojust.

2.   Ní dhéanfar cuardaigh faisnéise i gcomhréir le mír 1 ach amháin chun a shainaithint an bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil ag Europol, agus an fhaisnéis arna próiseáil ag Eurojust ag teacht lena chéile.

3.   Ní cheadóidh Eurojust cuardaigh i gcomhréir le mír 1 ach amháin tar éis faisnéis a fháil ó Europol ar cé na baill foirne de chuid Europol atá ainmnithe chun na cuardaigh sin a dhéanamh.

4.   Más rud é, le linn ghníomhaíochtaí próiseála faisnéise Eurojust i leith imscrúdú aonair, go n-aithníonn Eurojust nó Ballstát go bhfuil gá le comhordú, le comhar nó le tacaíocht i gcomhréir le sainordú Europol, tabharfaidh Eurojust fógra faoi sin do Europol agus tionscnóidh sé an nós imeachta le haghaidh an fhaisnéis a chomhroinnt, i gcomhréir le cinneadh an Bhallstáit atá ag soláthar na faisnéise. Sa chás sin rachaidh Eurojust i gcomhairle le Europol.

5.   Bunóidh agus coinneoidh Eurojust dlúthchomhar le Europol, a mhéid is ábhartha ar mhaithe le comhlíonadh chúraimí an dá ghníomhaireacht agus chun a gcuspóirí a bhaint amach, agus an gá le hathobair a sheachaint á chur san áireamh.

Chun na críche sin, tiocfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol agus Uachtarán Eurojust le chéile ar bhonn rialta chun saincheisteanna ar ábhar leasa choitinn iad a phlé.

6.   Urramóidh Europol aon srian le rochtain nó le húsáid, i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, arna shonrú ag Ballstát, ag comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, ag tríú tír nó ag eagraíocht idirnáisiúnta maidir le faisnéis a sholáthair sé nó sí.

Airteagal 50

Caidreamh le OIPE

1.   Cuirfidh agus coinneoidh Eurojust dlúthchaidreamh ar bun le OIPE a bheidh bunaithe ar chomhar frithpháirteach laistigh dá sainorduithe agus inniúlachtaí faoi seach agus ar naisc fheidhmiúla, naisc riaracháin agus naisc bhainistíochta a fhorbairt eatarthu mar a shainítear san Airteagal seo. Chun na críche sin, tiocfaidh Uachtarán Eurojust agus an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach le chéile ar bhonn rialta chun saincheisteanna ar ábhar leasa choitinn iad a phlé. Tiocfaidh siad le chéile arna iarraidh sin d’Uachtarán Eurojust nó ag an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach.

2.   Déileálfaidh Eurojust le hiarrataí ar thacaíocht a thiocfaidh ó OIPE gan moill mhíchuí, agus déileálfaidh sé leis na hiarrataí sin, i gcás inarb iomchuí, amhail is dá bhfaighfí iad ó údarás náisiúnta is inniúil do chomhar breithiúnach.

3.   Nuair is gá, chun tacú leis an gcomhar arna bhunú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, bainfidh Eurojust úsáid as Córais Eurojust um Chomhordú Náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 20, chomh maith leis an gcaidreamh atá curtha ar bun aige le tríú tíortha, lena n-áirítear a chuid giúistísí idirchaidrimh.

4.   I gcúrsaí oibríochtúla atá ábhartha d’inniúlachtaí an OIPE, déanfaidh Eurojust OIPE a chur ar an eolas agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh Eurojust í a chomhlachú lena ghníomhaíochtaí a bhaineann le cásanna trasteorann, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

faisnéis a chomhroinnt, maidir lena chásanna, lena n-áirítear sonraí pearsanta, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sa Rialachán seo;

(b)

a iarraidh ar OIPE, tacaíocht a sholáthar.

5.   Beidh rochtain indíreach ag Eurojust ar bhonn córas “amas a fháil/gan amas a fháil” ar fhaisnéis i gcóras bainistithe cásanna OIPE. Cibé uair a gheofar meaitseáil idir sonraí arna n-iontráil sa chóras bainistithe cásanna ag OIPE agus sonraí i seilbh Eurojust, cuirfear in iúl do Eurojust agus OIPE araon, agus don Bhallstát a sholáthair an fhaisnéis do Eurojust, go bhfuil meaitseáil ann. Déanfaidh Eurojust na bearta is iomchuí chun a chur ar chumas OIPE rochtain dhíreach a bheith aici ar fhaisnéis ina chóras bainistithe cásanna ar bhonn córas “amas a fháil/gan amas a fháil”.

6.   Féadfaidh OIPE brath ar thacaíocht agus acmhainní riaracháin Eurojust. Chun na críche sin, féadfaidh Eurojust seirbhísí a bhfuil leas coiteann ag baint leo a sholáthar d’OIPE. Rialófar na mionsonraí le socrú.

Airteagal 51

Caidreamh le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais

1.   Cuirfidh agus coinneoidh Eurojust caidreamh comhair ar bun leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach.

2.   Cuirfidh OLAF le hobair comhordúcháin Eurojust maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, i gcomhréir lena shainordú faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

3.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach le hobair Eurojust lena n-áirítear trí fhaisnéis ábhartha a tharchur a próiseáladh i gcomhréir lena shainordú agus lena chúraimí faoi phointe (m) d’Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). Is le Rialachán (AE) 2018/1725 a rialófar próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, i dtaca leis sin.

4.   Chun críocha faisnéis a fháil agus a tharchur idir Eurojust agus OLAF, gan dochar d’Airteagal 8 den Rialachán seo, áiritheoidh na Ballstáit go measfar comhaltaí náisiúnta Eurojust a bheith ina n-údaráis inniúla de chuid na mBallstát, chun críocha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, agus chun na gcríoch sin amháin. Ní dochar an malartú faisnéise idir OLAF agus comhaltaí náisiúnta d’oibleagáidí an fhaisnéis a thabhairt d’údaráis inniúla eile faoi na Rialacháin sin.

ROINN III

Comhar idirnáisiúnta

Airteagal 52

Caidreamh le húdaráis tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Féadfaidh Eurojust comhar a bhunú agus a chothabháil le húdaráis tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Chun na críche sin, gach 4 bliana, i gcomhairle leis an gCoimisiún, ullmhóidh Eurojust straitéis um chomhar a léireoidh go beacht na tríú tíortha agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil gá oibríochtúil ann oibriú i gcomhar leo.

2.   Féadfaidh Eurojust socruithe oibre a thabhairt i gcrích leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 47(1).

3.   Féadfaidh Eurojust pointí teagmhála i dtríú tíortha a ainmniú, le comhaontú na n-údarás inniúil lena mbaineann, chun an comhar a éascú i gcomhréir leis na riachtanais oibríochtúla Eurojust.

Airteagal 53

Giúistísí idirchaidrimh a phostú chuig tríú tíortha

1.   Chun comhar breithiúnach le tríú tíortha a éascú i gcásanna ina bhfuil Eurojust ag tabhairt cúnaimh i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh an Coláiste giúistísí idirchaidrimh a phostú chuig tríú tír faoi réir socrú oibre mar a thagraítear in Airteagal 47(3) le húdaráis inniúla an tríú tír sin.

2.   Áireofar ar na cúraimí a bheidh ag giúistísí idirchaidrimh aon ghníomhaíocht atá ceaptha chun aon chineál comhar breithiúnach in ábhair choiriúla a spreagadh agus a ghéarú, go háirithe trí naisc dhíreacha a bhunú le húdaráis inniúla an triú tír lena mbaineann. I bhfeidhmiú a gcúraimí, féadfaidh na giúistís idirchaidrimh sonraí pearsanta oibríochtúla a mhalartú le húdaráis inniúla an triú tír lena mbaineann chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 56.

3.   Maidir leis an ngiúistís idirchaidrimh dá dtagraítear i mír 1, beidh aige nó aici taithí ar bheith ag obair le Eurojust agus eolas leordhóthanach ar chomhar breithiúnach agus ar an dóigh a n-oibríonn Eurojust. Beidh postú giúistís idirchaidrimh thar cheann Eurojust faoi réir réamhthoilithe an ghiúistís agus a Bhallstát.

4.   I gcás ina roghnófar an giúistís idirchaidrimh a phostóidh Eurojust as measc comhaltaí, ionadaithe nó Cúntóirí náisiúnta:

(a)

ionadóidh an Ballstát lena mbaineann é nó í ina fheidhm nó ina feidhm mar chomhalta, mar ionadaí nó mar Chúntóir náisiúnta;

(b)

ní bheidh sé nó sí i dteideal na cumhachtaí a tugadh dó nó di faoi Airteagal 8 a fheidhmiú a thuilleadh.

5.   Gan dochar d’Airteagal 110 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, dréachtóidh an Coláiste na téarmaí agus coinníollacha maidir le giúistís idirchaidrimh a phostú, lena n-áirítear an leibhéal íocaíochta. Glacfaidh an Coláiste na socruithe cur chun feidhme is gá ina leith sin i gcomhairle leis an gCoimisiún.

6.   Beidh gníomhaíochtaí na ngiúistísí idirchaidrimh arna bpostú ag Eurojust faoi réir mhaoirseacht an MECS. Tuairisceoidh na giúistísí idirchaidrimh don Choláiste, agus cuirfidh an Coláiste Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoina ngníomhaíochtaí go cuí sa tuarascáil bhliantúil. Cuirfidh na giúistísí idirchaidrimh na comhaltaí náisiúnta agus na húdaráis inniúla náisiúnta ar an eolas faoi na cásanna uile a bhaineann lena mBallstát.

7.   Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát agus giúistísí idirchaidrimh dá dtagraítear i mír 1 teagmháil a dhéanamh le chéile go díreach. Sna cásanna sin, cuirfidh an giúistís idirchaidrimh an comhalta náisiúnta ar an eolas faoi na teagmhálacha sin.

8.   Beidh nasc idir na giúistísí idirchaidrimh dá dtagraítear i mír 1 agus an córas bainistithe cásanna.

Airteagal 54

Iarrataí ar chomhar dlíthiúil ar thríú tíortha agus uathu

1.   Féadfaidh Eurojust, le comhaontú ó na Ballstáit lena mbaineann, comhordú a dhéanamh ar fhorghníomhú iarrataí ar chomhar breithiúnach arna n-eisiúint ag tríú tír i gcás inar gá iad a fhorghníomhú in dhá Bhallstát ar a laghad mar chuid den imscrúdú céanna. Féadfaidh údarás inniúil náisiúnta na hiarrataí sin a tharchur chuig Eurojust freisin.

2.   I gcásanna práinneacha agus i gcomhréir le hAirteagal 19, féadfaidh an OCC iarrataí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo arna n-eisiúint ag tríú tír a thug comhaontú comhair nó socrú oibre i gcrích le Eurojust a fháil agus a tharchur.

3.   Gan dochar d’Airteagal 3(5), i gcás ina gcuirtear isteach iarrataí ar chomhar breithiúnach a bhaineann leis an imscrúdú céanna agus ar gá iad a fhorghníomhú i dtríú tír, ar iarrataí iad arna ndéanamh ag an mBallstát lena mbaineann, éascóidh Eurojust comhar breithiúnach leis an tríú tír sin.

ROINN IV

Sonraí pearsanta a aistriú

Airteagal 55

Tarchur sonraí pearsanta oibríochtúla chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais

1.   Faoi réir aon srianta breise de bhun an Rialacháin seo, go háirithe de bhun Airteagal 21(8), Airteagal 47(5) agus Airteagal 76 de, ní dhéanfaidh Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur chuig institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais ach amháin má tá na sonraí riachtanach i gcomhair feidhmiú dlisteanach cúraimí atá cumhdaithe ag inniúlacht na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta eile de chuid an Aontais.

2.   I gcás ina ndéantar na sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur tar éis iarrata ón institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais, beidh freagracht as dlisteanacht an aistrithe sin ar an rialaitheoir agus ar an bhfaighteoir araon.

Cuirfear de cheangal ar Eurojust inniúlacht na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta eile de chuid an Aontais a fhíorú agus meastóireacht shealadach a dhéanamh ar an ngá le tarchur na sonraí pearsanta oibríochtúla. Má ardaítear amhras faoin ngá sin a bheith ann, lorgóidh Eurojust tuilleadh faisnéise ón bhfaighteoir.

Áiritheoidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht eile de chuid an Aontais gur féidir an gá le sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur a fhíorú ina dhiaidh sin.

3.   Ní dhéanfaidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht eile de chuid an Aontais na sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch lenar tarchuireadh iad, agus chun na gcríoch sin amháin.

Airteagal 56

Prionsabail ghinearálta maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, faoi réir chomhlíonadh na rialacha sonraí cosanta is infheidhme agus fhorálacha eile an Rialacháin seo, agus sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is gá an t-aistriú a dhéanamh chun cúraimí Eurojust a chomhlíonadh;

(b)

aistrítear na sonraí pearsanta oibríochtúla chuig údarás an tríú tír nó chuig an eagraíocht idirnáisiúnta atá inniúil i bhforfheidhmiú an dlí agus in ábhair choiriúla;

(c)

i gcás inar tarchuireadh nó inar chuir Ballstát ar fáil na sonraí pearsanta oibríochtúla atá le haistriú i gcomhréir leis an Airteagal seo chuig Eurojust, déanfaidh Eurojust réamhúdarú don aistriú a fháil ó údarás inniúil ábhartha an Bhallstáit sin i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, murar údaraigh an Ballstát sin an t-údarú sin d’aistrithe den sórt sin i dtéarmaí ginearálta nó faoi réir coinníollacha sonracha;

(d)

i gcás ina ndéanann tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta na sonraí a aistriú ar aghaidh chuig tríú tír eile nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta eile, cuirfidh Eurojust de cheangal ar an tríú tír nó ar an eagraíocht idirnáisiúnta a réamhúdarú a lorg don aistriú ar aghaidh sin.

Ní dhéanfaidh Eurojust údarú faoi phointe (d) a sholáthar ach amháin le réamhúdarú an Bhallstáit arb as na sonraí sin agus tar éis dó aird chuí a thabhairt ar na tosca ábhartha uile, lena n-áirítear a thromchúisí atá an cion coiriúil, an chríoch a bhain le haistriú na sonraí pearsanta oibríochtúla ar an gcéad dul síos agus an leibhéal cosanta do shonraí pearsanta sa tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta ar aistríodh sonraí pearsanta oibríochtúla ar aghaidh chuici.

2.   Faoi réir coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú chuig tríú tír ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin i gcás gurb infheidhme ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(a)

chinn an Coimisiún de bhun Airteagal 57 go n-áirithíonn an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist leibhéal leordhóthanach cosanta, nó in éagmais cinneadh leordhóthanachta den sórt sin, i gcás ina bhforáiltear do choimircí iomchuí nó inarb ann dóibh i gcomhréir le hAirteagal 58(1), nó an dá cheann in éagmais cinneadh leordhóthanachta agus in éagmais coimircí iomchuí den sórt sin, tá feidhm ag maolú i gcomhair cásanna sonracha de bhun Airteagal 59(1); nó

(b)

rinneadh comhaontú comhair a thabhairt i gcrích lena dtugtar cead sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú roimh an 12 Nollaig 2019 idir Eurojust agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sini gcomhréir le hAirteagal 26a de Chinneadh 2002/187/CGB; nó

(c)

rinneadh comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin de bhun Airteagal 218 CFAE lena bhforáiltear do choimircí leordhóthanacha i ndáil le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.

3.   Féadfar na socruithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 38(2) a úsáid chun na módúlachtaí le haghaidh na gcomhaontuithe nó na gcinntí leordhóthanachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

4.   Féadfaidh Eurojust i gcásanna práinnecha sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú gan réamhúdarú ag Ballstát i gcomhréir le pointe (c) de mhír 1. Ní dhéanfaidh Eurojust amhlaidh ach amháin má tá gá le haistriú na sonraí pearsanta oibríochtúla chun bagairt thromchúiseach láithreach do shlándáil phoiblí Ballstáit nó tríú tír nó na leasanna fíorthábhachtacha Bhallstáit chosc agus i gcás nach féidir an réamhúdarú a fháil in am is i dtráth. Cuirfear an t-údarás atá freagrach as réamhúdarú a thabhairt ar an eolas gan mhoill.

5.   Ní dhéanfaidh Ballstáit ná institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais aistriú sonraí pearsanta oibríochtúla a fhaightear ó Eurojust a aistriú ar aghaidh chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta. Mar eisceacht, féadfaidh siad aistriú den chineál sin a dhéanamh i gcásanna ina bhfuil Eurojust tar éis sin a údarú, tar éis na tosca ábhartha uile a chur san áireamh go cuí, lena n-áirítear a thromchúisí atá an cion coiriúil, an chríoch chun a ndearnadh na sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú i dtús báire agus an leibhéal cosanta atá ann do shonraí pearsanta sa tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta a n-aistrítear sonraí pearsanta oibríochtúla chucu.

6.   Beidhm feidhm ag Airteagal 57, Airteagal 58 agus Airteagal 59 lena áirithiú nach mbaintear an bonn den leibhéal cosanta do dhaoine nádúrtha a ráthaítear leis an Rialachán seo agus le dlí an Aontais.

Airteagal 57

Aistrithe ar bhonn cinneadh leordhóthanachta

Féadfaidh Eurojust na sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 36 de Treoir (AE) 2016/680 go bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta á áirithiú ag an tríú tír, ag an gcríoch nó ag earnáil shonraithe amháin nó níos mó sa tríú tír sin, nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist.

Airteagal 58

Aistrithe faoi réir coimircí iomchuí

1.   In éagmais cinneadh leordhóthanachta, féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta i gcás:

(a)

go bhforáiltear in ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí do choimircí iomchuí i dtaca le cosaint sonraí pearsanta oibríochtúla; nó

(b)

tá measúnú déanta ag Eurojust ar gach imthoisc a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta oibríochtúla agus cinneann sé gurb ann do choimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí pearsanta oibríochtúla.

2.   Cuirfidh Eurojust an MECS ar an eolas faoi chatagóirí aistrithe faoi phointe (b) de mhír 1.

3.   I gcás ina mbunaítear aistriú ar phointe (b) de mhír 1, déanfar aistriú den sórt sin a dhoiciméadú agus cuirfear an doiciméadacht ar fáil don MECS arna iarraidh sin. Áireofar sa doiciméadacht taifead ar dháta agus am an aistrithe, agus faisnéis faoin údarás inniúil glactha, faoin mbonn cirt a bhí leis an aistriú agus faoi na sonraí pearsanta oibríochtúla a aistríodh.

Airteagal 59

Maoluithe i gcásanna sonracha

1.   In éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó coimircí iomchuí de bhun Airteagal 58, ní fhéadfaidh Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin ar an gcoinníoll go bhfuil an t-aistriú riachtanach:

(a)

chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint;

(b)

chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú;

(c)

chun bagairt thromchúiseach agus láithreach do shlándáil phoiblí Ballstáit nó tríú tír a chosc; nó

(d)

i gcásanna aonair chun cúraimí Eurojust a fheidhmiú, mura gcinnfidh Eurojust go sáraíonn cearta agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí lena mbaineann leas an phobail san aistriú.

2.   I gcás ina mbunaítear aistriú ar mhír 1, déanfar aistriú den sórt sin a dhoiciméadú agus cuirfear an doiciméadacht ar fáil don MECS arna iarraidh sin. Áireofar sa doiciméadacht taifead ar dháta agus am an aistrithe, agus faisnéis faoin údarás inniúil glactha, faoin mbonn cirt a bhí leis an aistriú agus faoi na sonraí pearsanta oibríochtúla a aistríodh.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 60

Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas iomlán Eurojust do gach bliain airgeadais, a fhreagraíonn don bhliain féilire, agus iontrálfar i mbuiséad Eurojust iad.

2.   Beidh buiséad Eurojust comhordaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais araon.

3.   Gan dochar d’acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam Eurojust:

(a)

ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;

(b)

aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit;

(c)

táillí ar fhoilseacháin agus ar aon seirbhísí eile a sholáthraíonn Eurojust;

(d)

deontais ad hoc.

4.   Áireofar ar chaiteachas Eurojust luach saothair na foirne, speansais agus costais riaracháin, bhonneagair agus oibriúcháin, lena n-áirítear cistiú chomhfhoirne imscrúdaithe.

Airteagal 61

Bunú an bhuiséid

1.   Dréachtóidh an Stiúrthóir Riaracháin dréachtráiteas uair sa bhliain ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas Eurojust le chéile don bhliain airgeadais tar éis sin, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé é chuig an mBord Feidhmiúcháin. Cuirfear an Gréasán Breithiúnach Eorpach agus gréasáin eile an Aontais a bhfuil baint acu le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla dá dtagraítear in Airteagal 48 ar an eolas faoi na codanna a bhaineann lena gcuid gníomhaíochtaí in am trátha roimh an meastachán a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

2.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin, bunaithe ar an dréachtráiteas ar na meastacháin sin, athbhreithniú ar an dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus ar chaiteachas Eurojust don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin a chuirfear faoi bhráid an Choláiste lena ghlacadh.

3.   Cuirfear an dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus ar chaiteachas Eurojust chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain. Cuirfidh Eurojust an leagan críochnaitheach den mheastachán sin, lena n-áireofar an dréachtphlean bunaíochta, chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta den bhliain chéanna.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (an t-údarás buiséadach) mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.

5.   Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na meastacháin sin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus do mhéid na ranníocaíochta a bhainfear as an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus le hAirteagal 314 CFAE.

6.   Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí don ranníocaíocht a íocfaidh an tAontas le Eurojust.

7.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta Eurojust. Glacfaidh an Coláiste buiséad Eurojust. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inar gá, déanfaidh an Coláiste an buiséad Eurojust a choigeartú dá réir.

8.   Beidh feidhm ag Airteagal 88 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (22) le haghaidh aon tionscadal tógála ar cosúil go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad Eurojust.

Airteagal 62

Cur chun feidhme an bhuiséid

Beidh an Stiúrthóir Riaracháin ina oifigeach údarúcháin ag Eurojust agus cuirfidh sé buiséad Eurojust chun feidhme ar a fhreagracht féin, laistigh de na teorainneacha atá údaraithe sa bhuiséad.

Airteagal 63

Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta Eurojust na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) in iúl d’Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus don Chúirt Iniúchóirí, faoin 1 Márta sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin (bliain N+1).

2.   Cuirfidh Eurojust tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach don bhliain N+1 agus ar an mbainistíocht airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta an bhliain N+1.

3.   Cuirfidh Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha Eurojust arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta an bhliain N+1.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 246(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046, tabharfaidh an Chúirt Iniúchóirí, faoin 1 Meitheamh i mbliain N + 1, a tuairimí uaithi ar chuntais shealadacha Eurojust.

5.   Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir Riaracháin barúlacha na Cúirte Iniúchóirí ar chuntais shealadacha Eurojust de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046, tarraingeoidh sé nó sí suas cuntais chríochnaitheacha Eurojust ar a fhreagracht nó ar a freagracht féin agus cuirfidh sé nó sí chuig an mBord Feidhmiúcháin iad chun a bharúil sin a fháil orthu.

6.   Tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin tuairim uaidh ar chuntais chríochnaitheacha Eurojust.

7.   Faoin 1 Iúil de bhliain N + 1, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha sin, in éineacht le tuairim an Bhoird Bainistíochta, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí.

8.   Foilseofar cuntais chríochnaitheacha don bhliain N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain N + 1.

9.   Cuirfidh an Stiúrthóir Riaracháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena bharúlacha faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N + 1. Cuirfidh an Stiúrthóir Riaracháin an freagra sin chuig an mBord Feidhmiúcháin agus chuig an gCoimisiún freisin.

10.   Arna iarradh Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh an Stiúrthóir Riaracháin aon fhaisnéis is gá chun go bhfeidhmeoidh an nós imeachta um urscaoileadh don bhliain airgeadais i gceist go réidh i gcomhréir le hAirteagal 261(3) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2018/1046.

11.   Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa, ar a mholadh sin don Chomhairle agus í ag gníomhú trí thromlach cáilithe, urscaoileadh don Stiúrthóir Riaracháin roimh an 15 Bealtaine sa bhliain N + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

12.   Tabharfar tarscaoileadh bhuiséad Eurojust do Pharlaimint na hEorpa ar mholadh ón gComhairle tar éis nós imeachta atá inchomparáide leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 319 CFAE agus in Airteagal 260, Airteagal 261 agus Airteagal 262 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046, agus bunaithe ar thuarascáil iniúchóra na Cúirte Iniúchóirí.

Má dhiúltaíonn Parlaimint na hEorpa tarscaoileadh a dheonú faoin 15 Bealtaine den bhliain N + 2, tabharfar cuireadh don Stiúrthóir Riaracháin chun a sheasamh/a seasamh a mhíniú don Choláiste, a ghlacfaidh a chinneadh críochnaitheach maidir le seasamh an Stiurthóir Riaracháin i bhfianaise na n-imthosca.

Airteagal 64

Rialacha airgeadais

1.   Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na rialacha airgeadais is infheidhme i gcomhréir le an Rialachán Tarmligthe (AE) 1271/2013 tar éis dul i mbun comhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh na rialacha airgeadais sin ó Rialachán Tarmligthe (AE) 1271/2013 mura mbeidh gá sonrach leis an imeacht sin le haghaidh oibríocht Eurojust agus mura mbeidh toiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.

I dtaca le tacaíocht airgeadais atá le tabhairt do ghníomhaíochtaí chomhfhoirne imscrúdaithe, bunóidh Eurojust agus Europol i gcomhpháirt na rialacha agus na coinníollacha faoina ndéanfar iarratais ar thacaíocht den sórt sin a phróiseáil.

2.   Féadfaidh Eurojust deontais a bhaineann le comhlíonadh a chúraimí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a dhámhachtain. Féadfar deontais dá bhforáiltear i gcomhair tascanna a bhaineann le pointe (f) d’Airteagal 4(1) a dhámhachtain ar na Ballstáit gan ghlao ar thograí.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN BHFOIREANN

Airteagal 65

Forálacha ginearálta

1.   Beidh feidhm maidir le foireann Eurojust ag Rialacháin Foirne Oifigeach agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, mar aon leis na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais Eorpaigh chun éifeacht a thabhairt do Rialacháin Foirne Oifigigh agus do Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile.

2.   Ar fhoireann Eurojust beidh foireann a earcófar de réir na rialacha agus na rialachán is infheidhme maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais, agus na critéir ábhartha go léir dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialacháin Foirne Oifigeach, lena n-áirítear a ndáileadh geografach, á gcur san áireamh.

Airteagal 66

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill eile foirne

1.   De bhreis ar a fhoireann féin, féadfaidh Eurojust úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill eile foirne nach fostaithe de chuid Eurojust iad.

2.   Glacfaidh an Coláiste cinneadh lena leagfar síos rialacha a thabhairt ar iasacht chuig Eurojust agus maidir le húsáid foirne eile, go háirithe chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint.

3.   Glacfaidh Eurojust bearta riaracháin iomchuí, inter alia trí straitéisí oiliúna agus coisctheacha chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa maidir le saincheisteanna iarfhostaíochta.

CAIBIDIL VIII

MEASTÓIREACHT AGUS TUAIRISCIÚ

Airteagal 67

Institiúidí an Aontais agus parlaimintí náisiúnta a bheith rannpháirteach:

1.   Tarchuirfidh Eurojust a Thuarascáil Bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig na parlaimintí náisiúnta, agus féadfaidh siad tuairimí agus conclúidí a thíolacadh.

2.   Nuair a cheapfar é nó í, déanfaidh Uachtarán nuathofa Eurojust ráiteas os comhair choiste inniúil nó choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a chuirfidh a chomhaltaí nó a gcomhaltaí a fhreagairt. Ní thagrófar go díreach ná go hindíreach do bhearta nithiúla maidir le cásanna oibríochtúla sonracha sa phlé sin.

3.   Beidh Uachtarán Eurojust i láthair uair amháin sa bhliain don mheastóireacht chomhpháirteach a dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta ar ghníomhaíochtaí Eurojust, faoi chuimsiú cruinniú coiste idirpharlaiminteach, chun gníomhaíochtaí reatha Eurojust a phlé agus chun tuarascáil bhliantúil nó doiciméid ríthábhachtacha eile Eurojust a thíolacadh.

Ní thagrófar go díreach ná go hindíreach do bhearta nithiúla a rinneadh maidir le cásanna oibríochtúla sonracha sa phlé sin.

4.   Sa bhreis ar na hoibleagáidí eile maidir le faisnéis agus comhairliúchán a leagtar amach sa Rialachán seo, tarchuirfidh Eurojust an méid seo a leanas chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na parlaimintí náisiúnta ina dteangacha oifigiúla faoi seach, mar fhaisnéis:

(a)

torthaí staidéar agus tionscadal straitéiseach a mhionsaothraigh nó a choimisiúnaigh Eurojust;

(b)

an doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 15;

(c)

socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích le tríú páirtithe.

Airteagal 68

Tuairimí maidir le gníomhartha reachtacha atá beartaithe

Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a fheidhmíonn a gcearta ar bhonn phointe (b) d’Airteagal 76 CFAE tuairim a iarraidh ó Eurojust maidir leis na gníomhartha reachtacha uile atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 76 CFAE.

Airteagal 69

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 13 Nollaig 2024 ar a dhéanaí, agus gach 5 bliana tar éis sin, coimisiúnóidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme agus ar thionchar an Rialacháin seo, agus le héifeachtacht agus éifeachtúlacht Eurojust agus a chleachtas oibre. Tabharfar éisteacht don Choláiste sa mheastóireacht. Féadfar go ndíreofar sa mheastóireacht go háirithe ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le sainordú Eurojust a mhodhnú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag an modhnú sin.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta mar aon lena chonclúidí ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na parlaimintí náisiúnta, chuig an gComhairle agus chuig an gColáiste. Cuirfear fionnachtana na meastóireachta sin ar fáil don phobal.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 70

Pribhléidí agus Díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, maidir le Eurojust agus a bhaill foirne.

Airteagal 71

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (23) maidir le Eurojust.

2.   Déanfaidh an Coláiste cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga Eurojust trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí.

3.   Soláthróidh Ionad Aistriúcháin chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin is gá chun go bhfeidhmeoidh Eurojust, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 (24) mura mbeidh réiteach eile riachtanach de thoradh an tIonad Aistriúcháin gan a bheith ar fáil.

Airteagal 72

Rúndacht

1.   Maidir le haon fhaisnéis ar ar tháinig siad le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh, beidh oibleagáid rúndachta ar na comhaltaí náisiúnta agus ar a n-ionadaithe agus ar a gCúntóirí dá dtagraítear in Airteagal 7, ar fhoireann Eurojust, ar na comhfhreagraithe náisiúnta, ar na saineolaithe náisiúnta ar iasacht, ar na giúistísí idirchaidrimh, ar an Oifigeach Cosanta Sonraí agus ar na comhaltaí agus ar fhoireann an MECS.

2.   Beidh feidhm ag an oibleagáid rúndachta maidir leis na daoine uile agus na comhlachtaí uile a oibríonn le Eurojust.

3.   Beidh feidhm ag an oibleagáid rúndachta freisin tar éis do na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bpost a fhágáil agus tar éis deireadh a theacht lena ngníomhaíochtaí.

4.   Beidh feidhm ag an oibleagáid rúndachta ar an bhfaisnéis uile a dhéanfaidh Eurojust a fháil nó a mhalartú, murar cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil go dleathach don phobal roimhe sin nó mura bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi.

Airteagal 73

Coinníollacha rúndachta na n-imeachtaí náisiúnta

1.   Gan dochar d’Airteagal 21(3), i gcás ina bhfaighfear nó ina malartófar faisnéis trí Eurojust, féadfaidh údarás an Bhallstáit a chuir an fhaisnéis ar fáil coinníollacha a leagan síos, de bhun a dhlí náisiúnta, maidir le húsáid na faisnéise sin ag an údarás is faighteoir in imeachtaí náisiúnta.

2.   Beidh údarás an Bhallstáit a gheobhaidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 faoi cheangal ag na coinníollacha sin.

Airteagal 74

Trédhearcacht

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) maidir le doiciméid atá i seilbh Eurojust.

2.   Faoi cheann sé mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, ullmhóidh an Bord Feidhmiúcháin na rialacha mionsonraithe maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm chun go nglacfaidh an Coláiste iad.

3.   Féadfaidh cinntí a dhéanfaidh Eurojust de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach nó ina n-ábhar caingne os comhair na Cúirte, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 CFAE faoi seach.

4.   Foilseoidh Eurojust ar a shuíomh gréasáin liosta de chomhaltaí a Bhoird Feidhmiúcháin agus an achoimre ar an toradh a bhí ar chruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin. Déanfar foilsiú na n-achoimrí sin a fhágáil ar lár go sealadach go deo iad nó srianfar é más rud é go mbeadh riosca ann go gcuirfí feidhmiú chúraimí Eurojust i mbaol leis an bhfoilsiú sin, agus oibleagáidí discréide agus rúndachta agus gné oibríochtúil Eurojust á gcur san áireamh.

Airteagal 75

OLAF agus an Chúirt Iniúchóirí

1.   Chun gur fusa calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chomhrac faoi Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 883/2013, faoi cheann sé mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, aontóidh Eurojust do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha a bheith á ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Calaoise (OLAF) (26). Glacfaidh Eurojust na forálacha iomchuí is infheidhme maidir leis na comhaltaí náisiúnta go léir, lena n-ionadaithe agus lena gCúntóirí, leis na saineolaithe náisiúnta ar iasacht ar fad agus le foireann iomlán Eurojust ar fad, agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin á úsáid aige.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an Chúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ó Eurojust.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus imscrúduithe ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (27) d’fhonn a shuí an raibh aon neamhrialtachtaí ann a rinne difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le caiteachas a mhaoiníonn Eurojust.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, beidh sna socruithe oibre le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais a dhéanfaidh Eurojust forálacha a thugann an chumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh de réir a n-inniúlachtaí faoi seach.

5.   Déanfaidh foireann Eurojust, an Stiúrthóir Riaracháin agus comhaltaí an Choláiste agus an Bhoird Feidhmiúcháin, gan mhoill agus gan é a bheith i gceist amhras a tharraingt ar a bhfreagracht mar thoradh air, fógra a thabhairt do OLAF agus OIPE maidir le haon amhras faoi ghníomhaíocht neamhrialta nó neamhdhleathach laistigh dá sainordú faoi seach a bheidh tagtha ar a n-aire agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

Airteagal 76

Rialacha maidir le faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus rúnaicmithe a chosaint

1.   Déanfaidh Eurojust rialacha inmheánacha a bhunú maidir le déileáil le faisnéis agus maidir lena rúndacht agus maidir le faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, lena n-áirítear an fhaisnéis sin a chruthú agus a phróiseáil ag Eurojust.

2.   Bunóidh Eurojust na rialacha inmheánacha maidir le cosaint faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a bheidh ar aon dul le Cinneadh 2013/488/AE (28) ón gComhairle chun leibhéal coibhéiseach cosanta a áirithiú don fhaisnéis sin.

Airteagal 77

Fiosrúcháin riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí riaracháin Eurojust faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

Airteagal 78

Dliteanas nach dliteanas i leith próiseáil neamhúdaraithe ná próiseáil mhícheart sonraí é.

1.   Beidh dliteanas conarthach Eurojust faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2.   Beidh dlínse ag an gCúirt breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh a thugann Eurojust i gcrích.

3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh Eurojust, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát agus go neamhspleách ar aon dliteanas faoi Airteagal 46, aon damáiste a shlánú arbh iad Eurojust nó a foireann ba chúis leis agus iad i mbun a ndualgas.

4.   Beidh feidhm ag mír 3 freisin maidir le damáiste arbh é locht comhalta náisiúnta, ionadaí nó Cúntóra ba chúis leis agus iad i mbun a ndualgas. Agus é nó í ag gníomhú ar bhonn na gcumhachtaí atá deonaithe dó nó di de bhun Airteagal 8, áfach, aisíocfaidh a Bhallstát bunaidh nó a Ballstát bunaidh na suimeanna do Eurojust a d’íoc Eurojust chun an damáiste sin a shlánú.

5.   Beidh dlínse ag an gCúirt i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as damáiste dá dtagraítear i mír 3.

6.   Na cúirteanna náisiúnta de chuid na mBallstát atá inniúil déileáil le díospóidí a bhaineann le dliteanas Eurojust dá dtagraítear san Airteagal seo, cinnfear trí thagairt do Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) iad.

7.   Beidh dliteanas pearsanta na mball foirne de chuid Eurojust i leith Eurojust faoi rialú ag na forálacha is infheidhme a leagtar síos i Rialacháin Foirne Oifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach eile.

Airteagal 79

Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus maidir le coinníollacha oibríochtúla,

1.   Beidh suíomh Eurojust sa Háig, san Ísiltír.

2.   Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le soláthar do Eurojust san Ísiltír agus na saoráidí atá le cur ar fáil ag an Ísiltír maille leis na rialacha sonracha is infheidhme san Ísiltír ar an Stiúrthóir Riaracháin, ar an gColáiste, ar bhaill foirne Eurojust agus ar bhaill dá dteaghlaigh, leagfar síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir Eurojust agus an Ísiltír iad a thabharfar i gcrích a luaithe a gheofar formheas an Choláiste.

Airteagal 80

Socruithe idirthréimhseacha

1.   Beidh Eurojust a bunaíodh faoin Rialachán seo ina chomharba dlíthiúil ginearálta I leith gach conradh arna thabhairt i gcrích ag Eurojust arna bhunú le Cinneadh 2002/187/CGB, ar gach dliteanas is dlite de, agus na maoine uile a shealbhaíonn sé.

2.   Comhaltaí náisiúnta Eurojust a bunaíodh le Cinneadh 2002/187/CGB a thug gach Ballstát ar iasacht faoin gCinneadh sin, glacfaidh siad ról na gcomhaltaí náisiúnta de Eurojust faoi Chuid II de Chaibidil II den Rialachán seo. Féadfar a dtéarma oifige a fhadú uair amháin faoi Airteagal 7(5) den Rialachán seo tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, gan beann ar fhadú roimhe sin.

3.   Glacfaidh Uachtarán agus Leas-Uachtarán Eurojust a bunaíodh le Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle tráth a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ról Uachtaráin agus Leas-Uachtaráin Eurojust faoi Airteagal 11 den Rialachán seo, go dtí go rachaidh a dtréimhse oifige in éag i gcomhréir leis an gCinneadh sin. Féadfar iad a atoghadh uair amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi Airteagal 11(4) den Rialacháin seo, gan beann ar a n-atoghadh roimhe sin.

4.   Glacfaidh an Stiúrthóir Riaracháin a ceapadh go deireanach faoi Airteagal 29 de Chinneadh 2002/187/CGB ról an Stiúrthóra Riaracháin faoi Airteagal 17 den Rialachán seo go dtí go rachaidh a thréimhse nó a tréimhse oifige mar a cinneadh faoin gCinneadh sin í in éag. Féadfaidh tréimhse oifige an Stiúrthóra Riaracháin sin a fhadú aon uair amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

5.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do bhailíocht comhaontuithe a thugann Eurojust i gcrích a bhunaítear le Cinneadh 2002/187/CGB. Go háirithe, leanfaidh gach comhaontú idirnáisiúnta atá tugtha i gcrích ag Eurojust roimh 12 Nollaig 2019 de bheith bailí de réir dlí.

6.   Cuirfear an nós imeachta urscaoilte maidir leis na buiséid a fhormheastar ar bhonn Airteagal 35 de Chinneadh 2002/187/CGB i ngníomh i gcomhréir leis na rialacha a bhunaítear le hAirteagal 36 de.

7.   Ní dhéanfar difear leis an Rialachán seo do chonarthaí fostaíochta a tugadh i gcrích faoi Threoir 2002/187/CGB roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Glacfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí a ceapadh go deireanach faoi Airteagal 17 den Chinneadh sin ról an Oifigigh Cosanta Sonraí faoi Airteagal 36 den Rialachán seo.

Airteagal 81

Athsholáthar agus aisghairm

1.   Leis seo gabhann an Rialachán seo ionad Chinneadh 2002/187/CGB i gcás na mBallstát a bheidh faoi cheangal an Rialacháin seo le héifeacht ón 12 Nollaig 2019.

Dá bhrí sin, déantar Cinneadh 2002/187/CGB a aisghairm le héifeacht ón 12 Nollaig 2019.

2.   Maidir leis na Ballstáit a bheidh faoi cheangal an Rialacháin seo, déanfar tagairtí do na Cinntí dá dtagraítear i mír 1 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 82

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 12 Nollaig 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomláin agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, na 14 Samhain 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 6 Samhain 2018.

(2)  Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lenar bunaíodh Eurojust d’fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí a athneartú (IO L 63, 6.3.2002, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2003/659/CGB ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 lena mbunaítear Eurojust d’fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí a athneartú. IO L 245, 29.9.2003, lch. 44.

(4)  Cinneadh 2009/426/CGB ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lenar bunaíodh Eurojust d’fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí a athneartú (IO L 138, 4.6.2009, lch. 14).

(5)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(6)  Cinneadh 2002/494/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena mbunaítear gréasán Eorpach phointí teagmhála i ndáil le daoine atá ciontach as cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh (IO L 167, 26.06.2002, lch. 1).

(7)  Cinneadh Réime 2007/845/CGB an 6 Nollaig 2007 maidir le comhar idir Oifigí Gnóthaithe Sócmhainní na mBallstát i dtaca le fáltas nó réadmhaoine eile a bhaineann le coireacht a rianú agus a aithint (IO L 332, 18.12.2007, lch. 103).

(8)  Cinneadh 2008/852/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach (OI L 301, 12.11.2008, lch. 38).

(9)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus i ndáil le Rialachán (CE) Uimh 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002 a aisghairm (féach leathanach 39 den Iris Oifigiúil seo

(11)  Comhsheasamh 2005/69/CGB ón gComhairle an 24 Eanáir 2005 maidir le sonraí áirithe a mhalartú le Interpol (IO L 27, 29.1.2005 lch. 61).

(12)  Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 205, 7.8.2007, lch. 63).

(13)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/277/CGB ón gComhairle an 22 Aibreán 1996 maidir le creat i ndáil le giúistísí idirchaidrimh a mhalartú chun comhar breithiúnach a fheabhsú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 105, 27.4.1996, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 a bhaineann le himscrúduithe arna gcur i gcrích ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(17)  Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Fianaise Eorpach a úsáid in imeachtaí in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).

(18)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(19)  Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le malartú faisnéise agus comhar i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta (IO L 253, 29.9.2005, lch. 22).

(20)  Cinneadh 2008/976/CGB ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach (OI L 348, 24.12.2008, lch. 130).

(21)  Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).

(22)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

(23)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na tenagacha a bheidh le húsáid ag an gComhphobal Eacnamaíoch Eorpach (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 lena mbunaítear Lárionad Aistriúcháin do chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (IO L 314, 7.12.1994, lch. 1).

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(26)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15

(27)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(28)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála i ndáil le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(29)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Liosta d’fhoirmeacha coireachta tromchúisí a bhfuil Eurojust inniúil déileáil leo i gcomhréir le hAirteagal 3(1):

sceimhlitheoireacht,

coireacht eagraithe,

gáinneáil ar dhrugaí,

gníomhaíochtaí sciúrtha airgid,

coireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha,

smuigleáil inimirceach,

gáinneáil ar dhaoine,

coireacht a bhaineann le mótarfheithiclí,

dúnmharú agus mórdhíobháil choirp,

trádáil aindleathach in orgáin agus i bhfíochán an duine,

fuadach, srianadh neamhdhleathach agus tógáil giall,

ciníochas agus seineafóibe,

robáil agus tromghoid,

gáinneáil neamhdhleathach ar earraí cultúrtha, lena n-áirítear ársaíochtaí agus saothair ealaíne,

caimiléireacht agus calaois,

coireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais,

déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaí airgeadais,

cambheartaíocht agus sracadh,

góchumadh agus píoráideacht táirgí,

brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu,

brionnú airgid agus modhanna íocaíochta,

coireacht ríomhaire,

éilliú,

gáinneáil aindleathach ar airm, ar armlón agus ar pléascáin,

gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe i mbaol,

gáinneáil aindleathach ar speicis agus ar chineálacha plandaí i mbaol,

coireacht chomhshaoil, lena n-áirítear truailliú ó longfhoinsí,

gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí eile fáis,

mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear ábhar a bhaineann le mí-úsáid ar leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críoch gnéasach,

cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh.


IARSCRIBHINN II

NA CATAGÓIRÍ SONRAÍ PEARSANTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 27

1.

(a)

sloinne, sloinne roimh phósadh, ainmneacha baiste agus aon ailiasanna nó ainmneacha bréige;

(b)

dáta agus ionad breithe;

(c)

náisiúntacht;

(d)

inscne;

(e)

áit chónaithe, gairm agus an áit a bhfuil an duine lena mbaineann;

(f)

Uimhir slándála sóisialaí nó uimhreacha oifigiúla eile a úsáidtear sa Bhallstát chun daoine aonair a shainaithint, ceadúnais tiomána, doiciméid aitheantais agus sonraí pas, uimhreacha custaim agus aitheantais chánach;

(g)

faisnéis maidir le daoine dlítheanacha má áirítear ann faisnéis i ndáil le daoine aonair atá sainaitheanta nó in-sainaitheanta agus atá faoi réir imscrúdú breithiúnach nó ionchúisimh;

(h)

sonraí cuntas a shealbhaítear i mbainc nó in institiúidí airgeadais eile;

(i)

tuairisc agus cineál na gcionta líomhnaithe, an dáta a rinneadh iad, an catagóir coiriúil lena mbaineann na cionta agus dul chun cinn na n-imscrúduithe;

(j)

na fíorais a léiríonn go bhféadfaí an cás a leathnú go hidirnáisiúnta;

(k)

mionsonraí a bhaineann le ballraíocht líomhnaithe in eagraíocht choiriúil;

(l)

uimhreacha teileafóin, seoltaí ríomhphoist, sonraí tráchta agus sonraí suímh, chomh maith le haon sonraí gaolmhara is gá chun an rannpháirtí nó an t-úsáideoir a shainaithint;

(m)

sonraí clárúcháin feithicle;

(n)

próifílí DNA a shuitear ón gcuid neamh-chódaitheach den DNA, grianghraif agus méarloirg.

2.

(a)

sloinne, sloinne roimh phósadh, ainmneacha baiste agus aon ailiasanna nó ainmneacha bréige;

(b)

dáta agus ionad breithe;

(c)

náisiúntacht;

(d)

inscne;

(e)

áit chónaithe, gairm agus an áit a bhfuil an duine lena mbaineann;

(f)

tuairisc agus cineál na gcionta a bhaineann leis an duine, an dáta a rinneadh na cionta, an catagóir coiriúil lena mbaineann na cionta agus dul chun cinn na n-imscrúduithe.

(g)

uimhir slándála sóisialaí nó uimhreacha oifigiúla eile a úsáideann na Ballstáit chun daoine aonair a shainaithint, ceadúnais tiomána, doiciméid aitheantais agus sonraí pas, uimhreacha custaim agus Uimhreacha Aitheantais Cánach;

(h)

sonraí na gcuntas a shealbhaítear i mbainc agus in institiúidí eile airgeadais;

(i)

uimhreacha teileafóin, seoltaí ríomhphoist, sonraí tráchta agus sonraí suímh, chomh maith le haon sonraí gaolmhara is gá chun an rannpháirtí nó an t-úsáideoir a shainaithint;

(j)

sonraí clárúcháin feithicle.