19.6.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

26


RIALACHÁN (AE) 2018/842 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2018

maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna conclúidí uaithi an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 maidir le creat beartais 2030 don aeráide agus don fhuinneamh, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach sprioc cheangailteach de laghdú intíre 40 %, ar a laghad, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030 i gcomparáid le 1990, agus rinneadh an sprioc sin a athdhearbhú sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 17-18 Márta 2016.

(2)

Dúradh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 gur cheart don Aontas an sprioc astaíochtaí a laghdú 40 % ar a laghad a bhaint amach go comhpháirteach ar an mbealach is costéifeachtaí is féidir, sin laghduithe suas le 43 % agus 30 % faoi seach, i gcóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (EU ETS) a leagtar síos i dTreoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus in earnálacha nach mbaineann ETS leo, faoi seach, faoi 2030 i gcomparáid le 2005. Ba cheart do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú leis na laghduithe ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a bhaint amach agus do gach Ballstát rannpháirt a ghlacadh san iarracht sin agus beann acu ar an gcothroime agus ar an dlúthpháirtíocht. I dtaca leis an modheolaíocht lena socrófar na spriocanna náisiúnta maidir le laghdú i leith earnálacha nach mbaineann ETS leo, agus i dtaca leis na nithe uile a cuireadh i bhfeidhm de réir Chinneadh 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), is ceart leanúint leo sin go dtí 2030, agus is ceart an dua a chaithfear leo a dháileadh ar bhonn na holltáirgeachta intíre (OTI) coibhneasta acu per capita. Ba cheart do na Ballstáit go léir rannchuidiú le laghdú foriomlán an Aontais in 2030 agus spriocanna ó 0 % go – 40 % acu i gcomparáid le 2005. Ba cheart coigeartú coibhneasta a dhéanamh ar spriocanna náisiúnta na mBallstát sin a bhfuil OTI per capita acu is airde ná meán an Aontais chun an chostéifeachtúlacht a léiriú ar bhealach cóir agus cothrom. Trí na laghduithe sin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, ba cheart borradh a chur faoin éifeachtúlacht agus faoin nuálaíocht i ngeilleagar an Aontais agus ba cheart, go háirithe, feabhsuithe a chur chun cinn, go háirithe san fhoirgníocht, sa talmhaíocht, sa bhainistíocht dramhaíola agus san iompar, a mhéid atá siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(3)

Tá an Rialachán seo ina chuid de chur chun feidhme ranníocaíochtaí an Aontais faoi Chomhaontú Pháras (6), a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“UNFCCC”). Tugadh Comhaontú Pháras i gcrích thar ceann an Aontais an 5 Deireadh Fómhair 2016 le Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle (7). Tá an gealltanas a thug an tAontas maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair leagtha amach sa rannchuidiú beartaithe arna chinneadh go náisiúnta a chuir an tAontas agus a Bhallstáit faoi bhráid Rúnaíocht an UNFCCC ar an 6 Márta 2015 i bhfianaise Chomhaontú Pháras. Tháinig Comhaontú Pháras i bhfeidhm an 4 Samhain 2016 in ionad an chur chuige a glacadh faoi Phrótacal Kyoto in 1997 ach nach leanfar de i ndiaidh 2020.

(4)

I gComhaontú Pháras, inter alia, leagtar amach sprioc fhadtéarmach i gcomhréir leis an gcuspóir an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus leanúint de na hiarrachtaí é a choimeád faoi bhun 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Leagtar béim freisin ar a thábhachtaí atá sé oiriúnú do dhrochthionchair an athraithe aeráide agus na sreabha airgeadais a thabhairt ar aon dul leis an gcur chuige i dtreo leibhéal íseal astaíochtaí gás ceaptha teasa agus forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide. I gComhaontú Pháras iarrtar freisin cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte gás ceaptha teasa sa dara leath den chéad seo, agus iarrtar ar Pháirtithe gníomhaíocht a dhéanamh chun linnte agus umair de gháis cheaptha teasa, foraoisí san áireamh, a chaomhnú agus a fheabhsú, de réir mar is iomchuí.

(5)

Sna conclúidí uaithi an 29-30 Deireadh Fómhair 2009, thacaigh an Chomhairle Eorpach le cuspóir de chuid an Aontais, i gcomhthéacs na laghduithe is gá, de réir an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC), ó thaobh na dtíortha forbartha mar aon ghrúpa amháin, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 80-95 % faoin mbliain 2050 le hais na leibhéal in 1990.

(6)

Léirítear an leibhéal uaillmhéine is mó is féidir a bheith ag na Páirtithe i gComhaontú Pháras le rannchuidithe beartaithe arna chinneadh go náisiúnta agus is léargas na rannchuidithe sin ar an dul chun cinn a rinneadh le himeacht ama. Ina theannta sin, ba cheart do na Páirtithe i gComhaontú Pháras a seacht ndícheall a dhéanamh straitéisí forbartha fadtéarmacha d’astaíochtaí gás ceaptha teasa a cheapadh agus a chur in iúl, agus aird á thabhairt acu ar chuspóirí Chomhaontú Pháras. Aithnítear sna conclúidí ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2017 a thábhachtaí atá na spriocanna fadtéarmacha agus na timthriallta athbhreithnithe 5 bliana chun Comhaontú Pháras a chur chun feidhme agus a thábhachtaí atá straitéisí forbartha fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí ísle gás ceaptha teasa mar uirlis bheartais chun forbairt a dhéanamh ar bhealaí iontaofa agus ar na hathruithe beartais fadtéarmacha atá de dhíth chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

(7)

Chun an t-aistriú chuig fuinneamh glan a bhaint amach, ní mór athruithe a dhéanamh ar iompraíocht infheistíochta agus ar dhreasachtaí fud fad an speictrim beartais. Príomhthosaíocht de chuid an Aontais is ea Aontas Fuinnimh buanseasmhach a bhunú chun fuinneamh slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne a chur ar fáil do na saoránaigh. Chun sin a bhaint amach, is gá leanúint de ghníomhú uaillmhianach ar son na haeráide trí bhíthin an Rialacháin seo agus is gá dul chun cinn a dhéanamh ar na gnéithe eile den Aontas Fuinnimh a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2015 dar teideal “Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide”.

(8)

Is ann do raon beart a dhéanfaidh an tAontas a chuirfidh le cumas na mBallstát a ngealltanais aeráide a chomhlíonadh agus is ríthábhachtach na bearta iad chun na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa is gá a bhaint amach sna hearnálacha a chumhdaíonn an Rialachán seo. Áirítear ar na bearta sin reachtaíocht maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe, laghduithe ar CO2 ó fheithiclí bóthair, feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, breoslaí in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh agus an geilleagar ciorclach, chomh maith le hionstraimí maoiniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann leis an aeráid.

(9)

Tugadh ar aird sna conclúidí ón gComhairle Eorpach 19-20 Márta 2015 go bhfuil an tAontas tiomanta d’Aontas Fuinnimh a thógáil lena ngabhfaidh beartas aeráide réamhbhreathnaitheach bunaithe ar chreatstraitéis an Choimisiúin, ar aontas é a bhfuil dlúthbhaint ag a chúig ghné le chéile agus a threisíonn a chéile. Is ceann de na cúig ghné den straitéis don Aontas Fuinnimh é maolú an éilimh fuinnimh. Is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go mór trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh. Is féidir leis sin dul chun tairbhe an chomhshaoil agus na sláinte freisin, is féidir feabhas a chur ar an tslándáil fuinnimh, costais fuinnimh a ghearradh do theaghlaigh agus do chuideachtaí, is féidir leis cabhrú leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus is féidir le níos mó post agus gníomhaíocht gheilleagrach ar fud an gheilleagair teacht as. Maidir le bearta lena spreagtar níos mó úsáide a bhaint as teicneolaíochtaí caomhnaithe fuinnimh i bhfoirgnimh, i dtionscail agus san iompar, d’fhéadfadh siad cabhrú le Ballstáit a spriocanna faoin Rialachán a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach.

(10)

Trí chleachtais agus teicneolaíochtaí inbhuanaithe nuálacha a úsáid agus a fhorbairt, is féidir feabhas a chur ar ról na hearnála talmhaíochta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, go háirithe trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus trí linnte agus stoic charbóin a choinneáil agus a fheabhsú. Tá sé ríthábhachtach, chun lorg carbóin agus éiceolaíoch na hearnála talmhaíochta a laghdú, agus táirgiúlacht, acmhainn athghiniúna agus beogacht na hearnála á gcoimeád ag an am céanna, go gcuirfí feabhas ar ghníomhaíocht maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó agus, ina theannta sin, ar mhaoiniú do thaighde chun cleachtais agus teicneolaíochtaí inbhuanaithe nuálacha a fhorbairt agus chun infheistíocht a dhéanamh iontu.

(11)

Tá tionchar mór díreach ag an earnáil talmhaíochta ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais. Mar gheall air sin, tá sé tábhachtach comhleanúnachas á áirithiú idir cuspóir an Rialacháin seo agus beartais agus cuspóirí eile de chuid an Aontais, amhail an comhbheartas talmhaíochta agus na cuspóirí a bhaineann leis an straitéis bhithéagsúlachta, an straitéis foraoiseachta agus straitéis an gheilleagair chiorclaigh.

(12)

Seasann an earnáil iompair do bheagnach aon cheathrú d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais. Mar sin de, tá sé tábhachtach astaíochtaí gás ceaptha teasa agus na baoil a bhaineann le spleáchas ar bhreoslaí iontaise san earnáil iompair a laghdú trí chur chuige cuimsitheach chun laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa agus éifeachtúlacht fuinnimh san iompar a chur chun cinn, ar mhaithe le hiompar leictreach, le hathrú sna modhanna iompair, i gcás ina mbeidh sin níos inbhuanaithe, agus ar mhaithe le foinsí fuinnimh in-athnuaite inbhuanaithe san iompar tar éis 2020 freisin. Féadfar an t-aistriú ó shoghluaisteacht íseal-astaíochtaí mar chuid d’aistriú níos leithne chuig geilleagar ísealcharbóin sábháilte, inbhuanaithe a éascú trí choinníollacha cumasúcháin agus dreasachtaí láidre a thabhairt isteach, chomh maith le straitéisí fadtéarmacha lena bhféadfar feabhas a chur ar infheistíochtaí.

(13)

Ba cheart an tionchar a bheidh ag beartais agus bearta náisiúnta agus de chuid an Aontais lena gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme a mheasúnú i gcomhréir leis na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(14)

Gan dochar do chumhachtaí an údaráis bhuiséadaigh, ba cheart, i gcás inarb iomchuí, leanúint leis an modheolaíocht um príomhshruthú arna cur i bhfeidhm le linn chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020 agus ba cheart feabhas a chur air chun freagairt do na dúshláin agus do na riachtanais infheistíochta a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide ó 2021 ar aghaidh. Ba cheart don mhaoiniú ón Aontas a bheith comhleanúnach le cuspóirí chreat beartais 2030 an Aontais don aeráid agus don fhuinneamh agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a luaitear i gComhaontú Pháras, ionas go n-áiritheofar éifeachtacht an chaiteachais phoiblí. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a ullmhú maidir leis an tionchar a bhíonn ag maoiniú an Aontais a thugtar ó bhuiséad an Aontais nó ó fhoinse eile de bhun dlí an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha a chumhdaítear faoin Rialachán seo nó faoi Threoir 2003/87/CE.

(15)

Ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le catagóirí IPCC fuinnimh, próiseas tionsclaíoch agus úsáide táirgí, talmhaíochta agus dramhaíola arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 diomaite d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE.

(16)

Ní leor na sonraí a thuairiscítear i láthair na huaire sna fardail náisiúnta gás ceaptha teasa agus sna clárlanna náisiúnta agus Aontais chun astaíochtaí CO2 na heitlíochta sibhialta ar an leibhéal náisiúnta, nach gcumhdaítear le Treoir 2003/87/CE, a chinneadh. Agus é ag glacadh oibleagáidí tuairiscithe, níor cheart don Aontas ualaí a leagan ar Bhallstáit nó ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”), ar ualaí iad atá díréireach i ndáil leis na cuspóirí atá á mbaint amach. Níl in astaíochtaí CO2 ó eitiltí nach gcumhdaítear le Treoir 2003/87/CE ach sciar an-bheag de na hastaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa, agus ba róthrom an t-ualach córas tuairiscithe a bhunú do na hastaíochtaí sin i bhfianaise na gceanglas atá ann cheana don earnáil ina hiomláine de bhun Threoir 2003/87/CE. Dá bhrí sin, chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart a mheas nach dtáirgeann catagóir foinse IPCC “1.A.3.A eitlíocht shibhialta” astaíochtaí CO2 ar bith.

(17)

Ba cheart an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhéanfaidh gach Ballstát faoi 2030 a chinneadh i ndáil leis an leibhéal ar a raibh a astaíochtaí athbhreithnithe gás ceaptha teasa a chumhdaítear leis an Rialachán seo in 2005, diomaite d’astaíochtaí fíoraithe ó shuiteálacha a bhí ag feidhmiú in 2005 agus nár áiríodh in EU ETS roimh 2005. Ba cheart na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí ó 2021 go 2030 a chinneadh ar bhonn na sonraí a chuireann na Ballstáit isteach agus a athbhreithníonn an Coimisiún.

(18)

Idir 2021 agus 2030, ba cheart leanúint de chur chuige na dteorainneacha náisiúnta bliantúla ceangailteacha, a glacadh le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE. Na rialacha lena leagtar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát mar a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart dóibh an mhodheolaíocht chéanna agus a leantar i gcás Ballstát a bhfuil teorainneacha diúltacha acu faoin gCinneadh sin a leanúint, ach tús curtha le ríomh na conaire ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020 bunaithe ar mheán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa idir 2016 agus 2018 agus ba cheart deireadh a chur le ríomh na conaire ag an teorainn a bheidh ag gach Ballstát in 2030. Chun a áirithiú go ndéanfar rannchuidiú iomchuí le sprioc an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú don tréimhse ó 2021 go 2030, ba cheart dáta tosaigh ríomh na conaire a chinneadh do gach Ballstát ar bhonn na dátaí a mbeidh leithdháileadh níos ísle ag ghabháil leis. Ba cheart coigeartú ar an leithdháileadh bliantúil astaíochtaí in 2021 a chur ar fáil i gcás na mBallstát sin a bhfuil teorainn dhearfach acu faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE agus a méadóidh a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí idir 2017 agus 2020 arna gcinneadh de bhun Chinneadh 2013/162/AE ón gCoimisiún (9) agus de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/634/AE ón gCoimisiún (10), mar léiriú ar an acmhainneacht mhéadaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta sin.

Ba cheart coigeartú breise a chur ar fáil do Bhallstáit áirithe d’fhonn aitheantas a thabhairt dá staid eisceachtúil gur dearfach an teorainn atá acu faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE agus gurb amhlaidh go bhfuil na hastaíochtaí gás ceaptha teasa is ísle per capita faoin gCinneadh sin acu nó gurb ísle a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnálacha nach gcumhdaítear leis an gCinneadh sin i gcomparáid le méid iomlán a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa. Níor cheart don choigeartú breise ach cuid de na laghduithe ar astaíochtaí atá de dhíth sa tréimhse ó 2021 go 2029 a chumhdach ionas go gcoinneofaí dreasachtaí le haghaidh tuilleadh laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus nach mbeadh tionchar aige ar an deis sprioc 2030 a bhaint amach, agus úsáid coigeartuithe eile agus solúbthachtaí eile a leagtar amach sa Rialachán seo á gcur san áireamh.

(19)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ar dá réir a leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí le haghaidh na mBallstát, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(20)

Sa chonclúid uaithi dar dáta 23-24 Deireadh Fómhair, dúirt an Chomhairle Eorpach gur cheart cur go mór le hinfhaighteacht agus le húsáid na n-ionstraimí solúbthachta atá ar fáil cheana sna hearnálacha nach mbaineann ETS leo d’fhonn costéifeachtúlacht na hiarrachta comhpháirtí atá ar siúl ag an Aontas, agus cóineasú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa per capita faoi 2030, a áirithiú. Mar bhealach chun feabhas a chur ar chostéifeachtacht fhoriomlán na laghduithe iomlána, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cuid dá leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chur i dtaisce agus a fháil ar iasacht. Ba cheart dóibh a bheith in ann cuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a aistriú chuig Ballstáit eile freisin. Ba cheart trédhearcacht na n-aistrithe sin a áirithiú, agus ba cheart na haistrithe sin a dhéanamh ar bhealach is caoithiúil don dá pháirtí, lena n-áirítear trí cheantáil, úsáid idirghabhálaithe margaidh a ghníomhaíonn ar bhonn gníomhaireachta, nó trí shocruithe déthaobhacha. Féadfaidh tionscadal a bhaineann le gás ceaptha teasa a mhaolú nó clár arna chur ar siúl sa Bhallstát díolacháin agus arna mhaoiniú ag an mBallstát glactha a bheith ina shiocair le haon aistriú den sórt sin. Ina theannta sin, ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann a mholadh comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha a bhunú do thionscadail faoi Airteagal 24a(1) de Threoir 2003/87/CE.

(21)

Ba cheart solúbthacht nua aonuaire a chruthú d’fhonn éascaíocht a dhéanamh maidir le spriocanna a bhaint amach i gcás na mBallstát a bhfuil a gcuid spriocanna náisiúnta don laghdú cuid mhaith os cionn mheán an Aontais agus os cionn acmhainneacht na mBallstát sin laghdú costéifeachtach a bhaint amach, agus i gcás na mBallstát nár leithdháil lamháltais EU ETS ar bith in aisce do shuiteálacha tionsclaíocha in 2013. Chun go gcloífear le haidhm Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) chun dul i ngleic le míchothromaíochtaí struchtúracha i ndáil le soláthar-éileamh in EU ETS, ba cheart na lamháltais EU ETS arna gcur san áireamh le haghaidh na solúbthachta aonuaire a mheas mar lámháltais EU ETS i gcúrsaíocht agus líon iomlán lamháltas EU ETS atá i gcúrsaíocht in aon bhliain faoi leith á chinneadh. Sa chéad athbhreithniú a dhéanfaidh sé faoin gCinneadh sin, ba cheart don Choimisiún a mheas cé acu an gcoimeádfar nó nach gcoimeádfar cuntasaíocht den sórt sin mar lamháltais EU ETS i gcúrsaíocht.

(22)

Le Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), leagtar síos rialacha cuntasaíochta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus le haistrithe a bhaineann le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (“LULUCF”). Gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, níor cheart iad a chumhdach leis an Rialachán seo. Mar sin féin, cé go ndéantar difear don toradh a bheidh ag an Rialachán seo ar an gcomhshaol, ó thaobh leibhéil na laghduithe a dhéanfar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de, de thoradh cainníocht a chur san áireamh suas le suim na nglan-aistrithe iomlána agus na nglan-astaíochtaí iomlána ó thalamh foraoisithe, ó thalamh dífhoraoisithe, ó thalamh curaíochta bainistithe, ó fhéarthailte bainistithe agus, faoi choinníollacha áirithe, ó thalamh foraoise bainistithe chomh maith le, i gcás ina mbeidh sin éigeantach faoi Rialachán (AE) 2018/841 , bogach bainistithe, mar a shainmhínítear sa Rialachán sin, ba cheart solúbthacht LULUCF le haghaidh cainníocht uasta dar luach 280 milliún tona de choibhéis CO2 de na haistrithe sin arna roinnt idir na Ballstáit a chur san áireamh sa Rialachán seo mar dheis bhreise ag na Ballstáit a ngealltanais a chomhlíonadh, nuair a theastaíonn sin. Leis an méid iomlán sin agus roinnt an mhéid sin i measc na mBallstát, ba cheart a aithint gurb ísle an cumas maolaithe atá in earnáil na talmhaíochta agus na húsáide talún, agus ba cheart rannchuidiú iomchuí na hearnála sin a aithint i dtaca le gás ceaptha teasa a mhaolú agus a cheapadh. Ina theannta sin, le scrios deonach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoin Rialachán seo, ba cheart a bheith in ann méideanna mar sin a chur san áireamh tráth a ndéanfar measúnú ar chomhlíonadh na mBallstát le ceanglais faoi Rialachán (AE) 2018/841.

(23)

An 30 Samhain 2016, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh (“an togra um rialachas”), lena gceanglaítear ar na Ballstáit pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a dhréachtú i gcomhthéacs phleanáil straitéiseach do bheartas fuinnimh agus aeráide le haghaidh gach ceann de chúig ghné lárnach an Aontais Fuinnimh. De réir an togra um rialachas, beidh ról lárnach ag na pleananna náisiúnta lena gcumhdaítear an tréimhse ó 2021 go 2030 sa phleanáil a dhéanfaidh na Ballstáit maidir leis an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh. Chuige sin, leagfaidh na Ballstáit amach na beartais agus na bearta chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh, agus é mar sprioc fhadtéarmach cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Leagfar measúnú amach san pleananna ar na tionchair a bheidh ag na beartais agus na bearta atá beartaithe chun na cuspóirí a bhaint amach. De réir an togra um rialachas, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a léiriú ina mholtaí maidir le dréachtphleananna náisiúnta a iomchuí agus atá leibhéal uaillmhéine agus cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart ina dhiaidh sin. Ba cheart an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as solúbthacht LULUCF chun an Rialachán sin a chomhlíonadh a chur san áireamh agus na pleananna sin á gcur i dtoll a chéile.

(24)

Tá sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe agus cúnamh a thabhairt i dtreo feabhas suntasach agus intomhaiste a bhaint amach i dtaca leis an gcomhshaol, trí fhaisnéis thráthúil, spriocdhírithe, ábhartha agus iontaofa a sholáthar do lucht déanta beartas, d’institiúidí poiblí agus don phobal i gcoitinne. Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh a thabhairt don Choimisiún de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le chlár oibre bliantúil na Gníomhaireachta.

(25)

Ba cheart aon choigeartuithe ar an gcumhdach a leagtar amach in Airteagail 11, 24, 24a agus 27 de Threoir 2003/87/CE a mheaitseáil le coigeartú comhfhreagrach ar an uasmhéid astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Dá thoradh sin, i gcás ina n-áireoidh Ballstáit astaíochtaí gás ceaptha teasa breise ó shuiteálacha a bhí cumhdaithe roimhe sin faoi Threoir 2003/87/CE ina ngealltanais faoin Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit sin beartais bhreise agus bearta breise a chur chun feidhme sna hearnálacha a chumhdaítear faoin Rialachán seo chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a laghdú.

(26)

Mar aitheantas ar na hiarrachtaí a rinneadh ó 2013 i leith sna Ballstáit sin a raibh OTI per capita faoi bhun mheán an Aontais acu in 2013, is iomchuí, dá bhrí sin, cúlchiste sábháilteachta teoranta speisialta a bhunú dar luach suas le 105 mhilliún tona de choibhéis CO2, ach sláine chomhshaoil an Rialacháin seo, mar aon le dreasachtaí do ghníomhaíochtaí na mBallstát a bheidh ina mbreis ar na rannchuidithe íosta a éilítear faoin Rialachán seo, a choimeád slán. Ba cheart an cúlchiste sábháilteachta sin a bheith chun tairbhe na mBallstát a bhfuil OTI per capita níos ísle acu ná meán an Aontais in 2013, a bhfuil a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa fanta faoi bhun a gcuid leithdháiltí bliantúla astaíochtaí don tréimhse idir 2013 agus 2020, agus a bhfuil fadhbanna acu i dtaca le sprioc 2030 a bhaint amach in ainneoin go bhfuil úsáid á baint acu as na solúbthachtaí eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Chumhdódh cúlchiste sábháilteachta den chineál sin sciar nár bheag d’easnamh comhchoiteanna réamh-mheasta na mBallstát incháilithe don tréimhse ó 2021 go 2030, gan gá le beartais bhreise, agus choimeádfaí slán na dreasachtaí a thabharfaí do ghníomhaíocht bhreise. Ba cheart go mbeadh an cúlchiste sábháilteachta seo ar fáil do na Ballstáit sin in 2032, faoi choinníollacha áirithe agus ar choinníoll nach lagú úsáid an chúlchiste sin ar bhaint amach na sprice maidir le laghdú 30 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais don bhliain 2030 sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(27)

Chun forbairtí a dhéantar faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2018/841 a léiriú agus chun a cuntasaíocht chruinn faoin Rialachán seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le cead a thabhairt úsáid a bhaint as na catagóirí cuntasaíochta talún de thalamh foraoise bainistithe agus de bhogach bainistithe faoi sholúbthacht LULUCF agus i dtaca le cuntasaíocht a dhéanamh ar idirbhearta faoin Rialachán seo, lena n-áirítear úsáid a bhaint as solúbthachtaí, seiceálacha maidir le comhlíonadh a chur i bhfeidhm agus feidhmiú beacht an chúlchiste sábháilteachta, tríd an gclárlann a bunaíodh de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (“Clárlann an Aontais”). Ba cheart rochtain a bheith ag an bpobal ar an bhfaisnéis maidir leis an gcuntasaíocht faoi Rialachán seo. Ba cheart na forálacha riachtanacha maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar idirbhearta a bheith in aon ionstraim amháin ina gcomhcheanglófar na forálacha cuntasaíochta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, de bhun Rialachán (AE) 2018/841, de bhun an Rialacháin seo agus de bhun Threoir 2003/87/CE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (14). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(28)

Ba cheart an Rialachán seo a athbhreithniú amhail ó 2024 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin chun a fheidhmiú foriomlán a mheas, go háirithe maidir leis an ngá atá le beartais agus bearta an Aontais a dhéanamh níos déine. Ba cheart a chur san áireamh, inter alia, san athbhreithniú sin an t-athrú atá ag teacht ar imthosca náisiúnta agus ba cheart do na torthaí a bhí ar Idirphlé Éascaitheach 2018 faoi UNFCCC (“idirphlé Talanoa”) agus don stocáireamh domhanda a rinneadh faoi Chomhaontú Pháras bonn eolais a chur ar fáil don athbhreithniú. Mar chuid den athbhreithniú, ba cheart an chothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh do leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a mheas freisin chun leordhóthanacht na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán a áirithiú. Ina theannta sin, mar chuid den tuairisciú rialta uaidh faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, ba cheart don Choimisiún, faoin 31 Deireadh Fómhair 2019, measúnú a dhéanamh ar thoradh idirphlé Talanoa. Ba cheart don athbhreithniú don tréimhse tar éis 2030 a bheith i gcomhréir leis na cuspóirí fadtéarmacha agus leis na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras, agus chuige sin, ba cheart dul chun cinn a léiriú leis le himeacht ama.

(29)

Chun a áirithiú gur go héifeachtúil trédhearcach costéifeachtach a dhéanfar an tuairisciú agus an fíorú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar fhaisnéis eile is gá chun dul chun cinn maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí na mBallstát a mheas, ba cheart na ceanglais maidir le tuairisciú bliantúil agus meastóireacht bhliantúil faoin Rialachán seo a chomhtháthú leis na hAirteagail ábhartha faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013. Ina theannta sin, ba cheart a áirithiú sa Rialachán sin go leanfar de mheastóireacht bhliantúil a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ag cur san áireamh dul chun cinn maidir le beartais agus bearta an Aontais chomh maith le faisnéis ó na mBallstáit. I dtaca le dul chun cinn réamh-mheasta an Aontais i ndáil lena spriocanna maidir le laghdú a chomhlíonadh agus dul chun cinn na mBallstát maidir lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh, ba cheart sin a bheith ar áireamh sa mheastóireacht a dhéanfar gach re bliain. Mar sin féin, níor cheart cur i bhfeidhm na laghduithe a mheas ach ag tréimhsí 5 bliana, ionas gur féidir an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ann ó thalamh foraoisithe, ó thalamh dífhoraoisithe, ó thalamh curaíochta bainistithe agus ó fhéarthailte bainistithe de bhun Rialachán (AE) 2018/841 a mheas. Ní dochar an méid sin do dhualgas an Choimisiúin comhlíonadh a áirithiú i leith na n-oibleagáidí atá ag na Ballstáit de thoradh an Rialacháin seo ná don chumhacht atá ag an gCoimisiún imeachtaí um shárú a thionscamh chun na críche sin.

(30)

Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 a leasú dá réir sin.

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe oibleagáidí a leagan síos ar na Ballstáit maidir leis an rannchuidiú is íosta uatha don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc an Aontais a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gas ceaptha teasa a laghdú agus rannchuidiú chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(32)

Ní dochar an Rialachán seo do chuspóirí náisiúnta níos déine,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos sa Rialachán seo oibleagáidí ar na Ballstáit i dtaca leis an rannchuidiú is íosta uathu don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc an Aontais a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 30 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán seo, agus cuidíonn sé le cuspóirí Chomhaontú Pharás a bhaint amach. Leagtar síos sa Rialachán seo freisin rialacha maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo a rannchuidiú íosta a chomhlíonadh.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó chatagóirí foinse IPCC fuinnimh, próiseas tionsclaíocha, úsáide táirgí, talmhaíochta agus dramhaíola arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, diomaite d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE.

2.   Gan dochar d’Airteagal 7 agus d’Airteagal 9(2) den Rialachán seo, níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/841.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar nach dtáirgeann catagóir foinse IPCC “1.A.3.A eitlíocht shibhialta” astaíochtaí CO2 ar bith.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “astaíochtaí gás ceaptha teasa” astaíochtaí, i dtéarmaí tonaí de choibhéis CO2 de dhé-ocsaíd charbóin (CO2), de mheatán (CH4), d’ocsaíd nítriúil (N2O), de hidreafluaracarbóin (HFCanna), de shárfhluaracarbóin (PFCanna), de thrífhluairíd nítrigine (NF3) agus de heicseafluairíd sulfair (SF6) arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus a thagann laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo;

(2)

ciallaíonn “leithdháiltí bliantúla astaíochtaí” na hastaíochtaí uasta gás ceaptha teasa is ceadmhach gach bliain idir 2021 agus 2030 arna gcinneadh de bhun Airteagal 4(3) agus Airteagal 10;

(3)

ciallaíonn “lamháltas EU ETS”“lamháltas” mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2003/87/CE.

Airteagal 4

Leibhéil bhliantúla astaíochtaí don tréimhse ó 2021 go 2030

1.   In 2030, déanfaidh gach Ballstát a chuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú ag cloí, ar a laghad, leis an gcéatadán a leagtar síos don Bhallstát sin in Iarscríbhinn I i ndáil lena astaíochtaí gás ceaptha teasa in 2005, arna gcinneadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo.

2.   De réir na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 den Rialachán seo, de réir an choigeartaithe de bhun Airteagal 10(2) den Rialachán seo, agus aon laghdú a thiocfaidh as cur chun feidhme Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE á chur san áireamh, áiritheoidh gach Ballstát nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa i ngach bliain idir 2021 agus 2029 an teorainn a shainítear le conair líneach a thosaíonn ar bhonn mheán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn 2016, 2017 agus 2018, arna gcinneadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tosóidh conair líneach Ballstáit ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020, cibé acu is ísle leithdháileadh an Bhallstáit sin mar thoradh ar an ríomh sin.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do na blianta ó 2021 go 2030 i dtéarmaí tonaí de choibhéis CO2 mar a shonraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo. Chun críocha na ngníomhartha cur chun feidhme sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2005 agus 2016 go 2018 a thíolaic na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.

Tabharfar le fios sna gníomhartha chur chun feidhme sin an luach i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit don bhliain 2005 arb é an luach a úsáidfear chun na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a shonraítear i mír 1 agus mír 2 a chinneadh.

4.   Sonrófar freisin sna gníomhartha cur chun feidhme sin, bunaithe ar na céatadáin ar thug na Ballstáit fógra fúthu faoi Airteagal 6(3), líon iomlán na gcainníochtaí a fhéadfar a chur san áireamh i ndáil le comhlíonadh Ballstáit faoi Airteagal 9 idir 2021 agus 2030. Dá dtarlódh sé go sáródh suim iomlán na gcainníochtaí a bhíonn ag na Ballstáit ar fad an t-iomlán comhpháirteach dar luach 100 milliún, déanfar na cainníochtaí iomlána do gach Ballstát a laghdú ar bhonn pro rata ionas nach sárófar an t-iomlán comhpháirteach.

5.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14.

Airteagal 5

Solúbthachtaí trí bhíthin fáil ar iasacht, cur i dtaisce agus aistrithe

1.   I ndáil leis na blianta 2021 go 2025, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 10 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.

2.   I ndáil leis na blianta 2026 go 2029, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.

3.   Ballstát a bhfuil a astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhliain áirithe faoi bhun a leithdháilte bhliantúil astaíochtaí don bhliain sin, féadfaidh sé, agus úsáid na solúbthachtaí de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 6 á cur san áireamh, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

i ndáil leis an mbliain 2021, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030; agus

(b)

i ndáil leis na blianta 2022 go 2029, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a chur i dtaisce suas le leibhéal 30 % den leithdháileadh bliantúil astaíochtaí atá aige go dtí an bhliain sin le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

4.   Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2025, agus suas le 10 % i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

5.   I gcás Ballstát a bhfuil líon athbhreithnithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa aige do bhliain áirithe faoi bhun an leithdháilte bhliantúil astaíochtaí don bhliain áirithe sin, féadfaidh an Ballstát sin, agus an úsáid a bhaintear as solúbthachtaí de bhun mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo agus in Airteagal 6 á cur san áireamh, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a aistriú chuig Ballstáit eile. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain lena mbaineann nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

6.   Féadfaidh na Ballstáit ioncam a ghintear as aistriú na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí de bhun mhír 4 agus mhír 5 a úsáid chun dul i ngleic leis an athrú aeráide san Aontas nó i dtríú tíortha. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na míre seo.

7.   I dtaca le haon aistriú de leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a dhéantar de bhun mhír 4 agus mhír 5, féadfaidh tionscadal nó clár a bhaineann le gás ceaptha teasa a mhaolú nó clár arna chur ar siúl sa Bhallstát díolacháin agus arna mhaoiniú ag an mBallstát glactha a bheith ina shiocair leis an aistriú sin, ar choinníoll go ndéantar an t-áireamh dúbailte a sheachaint agus an inrianaitheacht a áirithiú.

8.   Féadfaidh na Ballstáit creidmheasanna ó thionscadail, arna n-eisiúint de bhun Airteagal 24a(1) de Threoir 2003/87/CE, a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 den Rialachán seo, gan aon teorainn chainníochtúil, ar choinníoll go ndéantar an t-áireamh dúbailte a sheachaint.

Airteagal 6

Solúbthacht le haghaidh Ballstáit áirithe i ndiaidh laghdú ar lamháltais EU ETS

1.   I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, féadfar cealú teoranta dar luach suas le 100 milliún lamháltas faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a thabhairt san áireamh go comhpháirteach ina leith i dtaca le comhlíonadh an Rialacháin seo. Bainfear an cealú sin as na méideanna a bhaineann le ceantáil lamháltas an Bhallstáit lena mbaineann de bhun Airteagal 10 de Threoir 2003/87/CE.

2.   Cuirfear na lamháltais EU ETS a úsáidtear faoi mhír 1 den Airteagal seo san áireamh mar lamháltais EU ETS i gcúrsaíocht chun críocha Airteagal 1(4) de Chinneadh (AE) 2015/1814.

Sa chéad athbhreithniú a dhéanfaidh sé de bhun Airteagal 3 den Chinneadh sin, measfaidh an Coimisiún cé acu an gcoimeádfar nó nach gcoimeádfar an chuntasaíocht a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo.

3.   I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi 31 Nollaig 2019 má bhíonn rún acu úsáid a bhaint as cealú teoranta lamháltais faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, suas leis an gcéatadán a liostaítear in Iarscríbhinn II i dtaca le gach bliain den tréimhse 2021 go 2030 do gach Ballstát lena mbaineann, i dtaca le comhlíonadh an Bhallstáit faoi Airteagal 9.

I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II, féadfaidh siad a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéatadán ar thug siad fógra ina leith agus é a ísliú uair amháin in 2024 agus uair amháin in 2027. Más mar sin a tharlaíonn, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2024 nó faoin 31 Nollaig 2027, faoi seach.

4.   Arna iarraidh sin do Bhallstát, cuirfidh an Riarthóir Lárnach atá ainmnithe de réir Airteagal 20(1) de Threoir 2003/87/CE (“an Riarthóir Lárnach”) san áireamh cainníocht is ionann agus an chainníocht iomlán dá dtagraítear in Airteagal 4(4) den Rialachán seo, nó aon chainníocht faoina bun, i ndáil le comhlíonadh an Bhallstáit sin faoi Airteagal 9 den Rialachán seo. Déanfar an deichiú cuid de lamháltais chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, arna gcinneadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo, a chealú de bhun Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE i ndáil le gach bliain ó 2021 go 2030 i gcás an Bhallstáit sin.

5.   I gcás ina bhfuil Ballstát, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún faoina chinneadh an céatadán ar thug sé fógra ina leith roimhe sin a ísliú, déanfar a chomhionann de chainníocht íseal lamháltais EU ETS a chur ar ceal i gcás an Bhallstáit sin i ndáil le gach bliain ó 2026 go 2030 nó ó 2028 go 2030, faoi seach.

Airteagal 7

Úsáid bhreise suas le 280 milliún glan-aistriú ó LULUCF

1.   A mhéid a sháróidh astaíochtaí Ballstáit a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhliain áirithe, lena n-áirítear aon leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chuirtear i dtaisce de bhun Airteagal 5(3) den Rialachán seo, cainníocht dar luach suas le suim na nglan-aistrithe iomlána agus na nglan-astaíochtaí iomlána ó na catagóirí cuntasaíochta comhcheangailte talamh foraoisithe, talamh dífhoraoisithe, talamh curaíochta bainistithe, féarthailte bainistithe, agus faoi réir na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo, talamh foraoise bainistithe agus bogach bainistithe, dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2018/841 , féadfar an chainníocht sin a chur san áireamh i ndáil le comhlíonadh an Bhallstáit sin faoi Airteagal 9 den Rialachán seo i ndáil leis an mbliain sin, ar choinníoll:

(a)

nach sáróidh an chainníocht charnach a chuirfear san áireamh i gcás an Bhallstáit sin do gach bliain den tréimhse idir 2021 agus 2030 an t-uasmhéid glan-aistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás an Bhallstáit sin;

(b)

gur mó an chainníocht sin ná na ceanglais atá ar an mBallstát sin faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841;

(c)

nach bhfuil níos mó glan-aistrithe faighte ag an mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/841 ó Bhallstáit eile ná mar atá aistrithe aige féin;

(d)

go bhfuil an Ballstát tar éis Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh; agus

(e)

gur thíolaic an Ballstát tuairisc ar an úsáid a bheartaítear a bhaint as an tsolúbthacht atá ar fáil faoin mír seo de bhun an dara fhomhír d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo chun teideal Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú i ndáil leis na catagóirí cuntasaíochta talamh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

léiriú a thabhairt ar rannchuidiú na catagóire cuntasaíochta talamh foraoise bainistithe, agus an t-uasmhéid glan-aistrithe iomlána i ndáil le gach Ballstát dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo á urramú ag an am céanna, nuair a ghlactar gníomhartha tarmligthe lena leagtar síos na leibhéil tagartha foraoise de bhun Airteagal 8(8) nó (9) de Rialachán (AE) 2018/841; agus

(b)

léiriú a thabhairt ar rannchuidiú na catagóire cuntasaíochta talamh foraoise bainistithe, agus an t-uasmhéid glan-aistrithe iomlána i ndáil le gach Ballstát dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo á urramú ag an am céanna, nuair a cheanglaítear ar gach Ballstát cuntas a thabhairt ar an gcatagóir seo faoi Rialachán (AE) 2018/841.

Airteagal 8

Gníomhaíocht cheartaitheach

1.   Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus á thabhairt san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de 3 mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí breise a chuirfidh an Ballstát chun feidhme chun a oibleagáidí sonracha faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, trí bheartais intíre agus trí bhearta intíre agus trí ghníomhaíocht an Aontais a chur chun feidhme;

(b)

clár ama docht chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, lena mbeifear in ann an dul chun cinn bliantúil ina gcur chun feidhme a mheas.

2.   I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de cheithre mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir.

Airteagal 9

Seiceáil maidir le comhlíonadh

1.   In 2027 agus 2032, má sháraíonn na hastaíochtaí gás ceaptha teasa athbhreithnithe atá ag Ballstát a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí d’aon bhliain shonrach den tréimhse sin, agus mír 2 den Airteagal seo agus na solúbthachtaí arna n-úsáid de bhun Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 á gcur san áireamh, beidh feidhm ag na bearta seo a leanas:

(a)

méadú ar fhigiúr astaíochta gás ceaptha teasa an Bhallstáit don bhliain ina dhiaidh sin arb ionann é agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí de choibhéis CO2, arna iolrú faoi fhachtóir 1,08, i gcomhréir leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 12; agus

(b)

cuirfear toirmeasc sealadach ar an mBallstát aon chuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a aistriú chuig Ballstát eile go dtí go mbeidh Airteagal 4 á chomhlíonadh aige.

Cuirfidh an Riarthóir Lárnach an toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den Airteagal seo chun feidhme i gClárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12.

2.   Más mó astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit le linn na tréimhse idir 2021 agus 2025 nó le linn na tréimhse idir 2026 agus 2030 dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ná aistrithe an Bhallstáit sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin, bainfidh an Riarthóir Lárnach as leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin méid is ionann agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí de choibhéis CO2, do na blianta ábhartha.

Airteagal 10

Coigeartuithe

1.   Déanfaidh an Coimisiún na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a choigeartú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

coigeartuithe ar líon na lamháltas faoi EU ETS a eisíodh de bhun Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE de thoradh athrú ar na foinsí a chumhdaítear leis an Treoir sin, i gcomhréir leis na Cinntí ón gCoimisiún a glacadh de bhun na Treorach sin maidir le formheas deiridh na bpleananna náisiúnta leithdháiliúcháin don tréimhse ó 2008 go 2012;

(b)

coigeartuithe ar líon lamháltas nó creidmheasa faoi seach faoi EU ETS a eisítear de bhun Airteagal 24 agus Airteagal 24a de Threoir 2003/87/CE maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i mBallstát; agus

(c)

coigeartuithe ar líon na lamháltas faoi EU ETS a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó shuiteálacha arna n-eisiamh ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 27 de Threoir 2003/87/CE le linn na tréimhse atá siad eisiata.

2.   Déanfar an méid atá in Iarscríbhinn IV a chur leis an leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain 2021 i gcás gach Ballstát dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.

3.   Foilseoidh an Coimisiún na figiúirí a eascróidh as na coigeartuithe sin.

Airteagal 11

Cúlchiste sábháilteachta

1.   Déanfar cúlchiste sábháilteachta ina mbeidh cainníocht dar luach suas le 105 mhilliún tona de choibhéis CO2 a bhunú i gClárlann an Aontais faoi réir chomhlíonadh na sprice sin de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1. Beidh an cúlchiste sábháilteachta ar fáil i dteannta na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7.

2.   Féadfaidh Ballstát leas a bhaint as an gcúlchiste sábháilteachta ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

bhí OTI per capita an Bhallstáit de réir margadhphraghsanna in 2013, arna bhfoilsiú ag Eurostat i mí Aibreáin 2016, faoi bhun mheán an Aontais;

(b)

tá astaíochtaí gás ceaptha teasa carntha an Bhallstáit do na blianta ó 2013 go 2020 sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo faoi bhun a leithdháiltí carnacha bliantúla astaíochtaí do na blianta ó 2013 go 2020; agus

(c)

sáraíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí don tréimhse 2026 go 2030, cé gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i)

tá na solúbthachtaí ídithe aige de bhun Airteagal 5(2) agus (3);

(ii)

tá an úsáid is mó is féidir bainte aige as glan-aistrithe de réir Airteagal 7 fiú más lú an chainníocht sin ná an leibhéal a leagtar síos in Iarscríbhinn III; agus

(iii)

níl aon ghlan-aistriú déanta aige chuig Ballstáit eile faoi Airteagal 5.

3.   Aon Bhallstát a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, tabharfar dó, as an gcúlchiste sábháilteachta, cainníocht bhreise is ionann agus a ghannchion, lena húsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9. Ní rachaidh an chainníocht sin os cionn 20 % den mhéid a ndeachaigh an Ballstát thar cuimse foriomlán sa tréimhse ó 2013 go 2020.

Más rud é go sáraíonn an chainníocht charnach sin a bheidh le fáil ag na Ballstáit go léir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo an teorainn dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfar an chainníocht a bheidh le fáil ag gach ceann de na Ballstáit sin a laghdú ar bhonn pro rata.

4.   Aon mhéid a bheidh fanta sa chúlchiste sábháilteachta tar éis an dáilte sa chéad fhomhír de mhír 3, déanfar é a dháileadh i measc na mBallstát dá dtagraítear san fhomhír sin i gcomhréir le heasnamh gach Ballstáit ach gan dul thairis. I gcás gach Ballstáit acu sin, féadfaidh an chainníocht sin a bheith sa bhreis ar an gcéatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

5.   Tar éis dó an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 a dhéanamh don bhliain 2020, foilseoidh an Coimisiún, i gcás gach Ballstát a chomhlíonann na coinníollacha i bpointí (a) agus (b) de mhír 2 den Airteagal seo, na méideanna dar luach 20 % den mhéid a ndeachaigh an Ballstát thar cuimse foriomlán sa tréimhse ó 2013 go 2020 dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 12

Clárlann

1.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh d’fhonn a áirithiú go dtabharfar cuntas cruinn faoin Rialachán seo trí Chlárlann an Aontais, i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a)

na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí;

(b)

na solúbthachtaí a fheidhmítear faoi Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7;

(c)

seiceálacha maidir le comhlíonadh faoi Airteagal 9;

(d)

coigeartuithe faoi Airteagal 10; agus

(e)

an cúlchiste sábháilteachta faoi Airteagal 11.

2.   Déanfaidh an Riarthóir Lárnach seiceáil uathoibrithe ar gach idirbheart i gClárlann an Aontais a thagann as an Rialachán seo agus, más gá, cuirfidh sé nó sí cosc ar idirbhearta chun a áirithiú nach mbíonn aon neamhrialtachtaí ann.

3.   An fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) de mhír 1 agus i mír 2, beidh fáil ag an bpobal uirthi.

Airteagal 13

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus Airteagal 12(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 9 Iúil 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus Airteagal 12(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(2) agus Airteagal 12(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 14

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an Athrú Aeráide, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 15

Athbhreithniú

1.   Déanfar athbhreithniú go tráthrialta ar fhorálacha an Rialacháin seo agus tabharfar aird, inter alia, ar imthosca náisiúnta agus ar chora idirnáisiúnta, de réir mar a tharlóidh siad, ar an mbealach ina gcuidíonn earnálacha uile an gheilleagair le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus ar na himeachtaí idirnáisiúnta agus ar an méid a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, laistigh de shé mhí tar éis gach stocáireamh domhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear an chothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh do leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, mar aon leis an méid a rannchuidíonn an Rialachán seo le sprioc fhoriomlán an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus maidir leis an méid a rannchuidíonn sé le spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach, go háirithe i ndáil leis an ngá atá le beartais agus bearta breise ón Aontas i bhfianaise na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nach mór don Aontas agus a Bhallstáit a dhéanamh, lena n-áirítear creat iar-2030, agus féadfaidh sé moltaí a dhéanamh más iomchuí.

Cuirfear san áireamh sna tuarascálacha sin na straitéisí a ullmhaíodh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 d’fhonn cur le stráitéis fhadtéarmach de chuid an Aontais a cheapadh.

Airteagal 16

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 535/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 7, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(aa)

ó 2023 amach, a n-astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) don bhliain X-2, i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe UNFCCC;

(*1)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156 an 19.6.2018. lch. 26).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Ina dtuarascálacha, déanfaidh na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas gach bliain i gcás ina mbíonn rún acu úsáid a bhaint as na solúbthachtaí a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (5) agus in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/842, chomh maith leis an úsáid a bhainfear as ioncam i gcomhréir le Airteagal 5(6) den Rialachán sin. Laistigh de 3 mhí ón am a bhfaighidh sé faisnéis den sórt sin ó na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a chur ar fáil don choiste dá dtagraítear in Airteagal 26 den Rialachán seo.”;

(2)

i bpointe (c) d’Airteagal 13(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(ix)

ó 2023 amach, faisnéis faoi bheartais náisiúnta agus faoi bhearta náisiúnta a cuireadh chun feidhme chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2018/842 agus faisnéis faoi bheartais náisiúnta bhreise atá pleanáilte agus bearta atá beartaithe d’fhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú sa bhreis ar a ngealltanais de réir an Rialacháin sin;”;

(3)

in Airteagal 14(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(f)

ó 2023 amach, líon iomlán na réamh-mheastachán gás ceaptha teasa, agus na meastacháin ar leith d’astaíochtaí réamh-mheasta gás ceaptha teasa do na foinsí astaíochtaí arna gclúdach faoi Rialachán (AE) 2018/842 agus faoi Threoir 2003/87/CE.”;

(4)

in Airteagal 21(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(c)

oibleagáidí faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/842. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht an dul chun cinn a rinneadh maidir le beartais agus bearta an Aontais agus an fhaisnéis ó na Ballstáit. Gach ré bliain, cuirfear san áireamh sa mheastóireacht dul chun cinn réamh-mheasta an Aontais i dtreo rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta a chur chun feidhme maidir le Comhaontú Pháras (a mbeidh gealltanas an Aontais maidir le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair le fáil ann) agus dul chun cinn réamh-mheasta na mBallstát i dtreo chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoin Rialachán sin.”.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 30 Bealtaine 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO C 75, 10.3.2017, lch. 103.

(2)  IO C 272, 17.8.2017, lch. 36.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2018.

(4)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(5)  Cinneadh Uimh. 406/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun gealltanais laghdaithe an Chomhphobail i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh go 2020 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).

(6)  Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).

(7)  Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).

(9)  Cinneadh 2013/162/AE ón gCoimisiún an 26 Márta 2013 maidir le leithdháiltí astaíochta bliantúla na mBallstát a chinneadh don tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 90, 28.3.2013, lch. 106).

(10)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/634/AE ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2013 maidir le coigeartú ar leithdháiltí astaíochta bliantúla na mBallstát don tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Chinneadh 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 292, 1.11.2013, lch. 19).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhar 2015 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (féach lch. 1 den Iris Oifigiúil seo).

(14)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

LAGHDUITHE AR ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA NA mBALLSTÁT DE BHUN AIRTEAGAL 4(1)

 

Laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát in 2030 i ndáil le leibhéil 2005 a bhí acu arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4(3)

An Bheilg

–35  %

An Bhulgáir

–0  %

Poblacht na Seice

–14  %

An Danmhairg

–39  %

An Ghearmáin

–38  %

An Eastóin

–13  %

Éire

–30  %

An Ghréig

–16  %

An Spáinn

–26  %

An Fhrainc

–37  %

An Chróit

–7  %

An Iodáil

–33  %

An Chipir

–24  %

An Laitvia

–6  %

An Liotuáin

–9  %

Lucsamburg

–40  %

An Ungáir

–7  %

Málta

–19  %

An Ísiltír

–36  %

An Ostair

–36  %

An Pholainn

–7  %

An Phortaingéil

–17  %

An Rómáin

–2  %

An tSlóivéin

–15  %

An tSlóvaic

–12  %

An Fhionlainn

–39  %

An tSualainn

–40  %

An Ríocht Aontaithe

–37  %


IARSCRÍBHINN II

BALLSTÁIT A bhFÉADFAÍ CEALÚ TEORANTA AR LAMHÁLTAIS EU ETS A CHUR SAN ÁIREAMH INA gCÁS MAIDIR LE COMHLÍONADH DE BHUN AIRTEAGAL 6

 

Céatadán uasta astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4(3)

An Bheilg

2  %

An Danmhairg

2  %

Éire

4  %

Lucsamburg

4  %

Málta

2  %

An Ísiltír

2  %

An Ostair

2  %

An Fhionlainn

2  %

An tSualainn

2  %


IARSCRÍBHINN III

GLAN-AISTRITHE IOMLÁNA Ó THALAMH FORAOISITHE, Ó THALAMH DÍFHORAOISITHE, Ó THALAMH CURAÍOCHTA BAINISTITHE AGUS Ó FHÉARTHAILTE BAINISTITHE AR FÉIDIR LEIS NA BALLSTÁIT A CHUR SAN ÁIREAMH MAIDIR LE COMHLÍONADH DON TRÉIMHSE 2012 GO 2030 DE BHUN PHOINTE (A) D’AIRTEAGAL 7(1)

 

An t-uasmhéid arna shloinneadh i milliúin tona de choibhéis CO2

An Bheilg

3,8

An Bhulgáir

4,1

Poblacht na Seice

2,6

An Danmhairg

14,6

An Ghearmáin

22,3

An Eastóin

0,9

Éire

26,8

An Ghréig

6,7

An Spáinn

29,1

An Fhrainc

58,2

An Chróit

0,9

An Iodáil

11,5

An Chipir

0,6

An Laitvia

3,1

An Liotuáin

6,5

Lucsamburg

0,25

An Ungáir

2,1

Málta

0,03

An Ísiltír

13,4

An Ostair

2,5

An Pholainn

21,7

An Phortaingéil

5,2

An Rómáin

13,2

An tSlóivéin

1,3

An tSlóvaic

1,2

An Fhionlainn

4,5

An tSualainn

4,9

An Ríocht Aontaithe

17,8

An méid iomlán:

280


IARSCRÍBHINN IV

MÉID COIGEARTAITHE DE BHUN AIRTEAGAL 10(2)

 

Tonaí de choibhéis CO2

An Bhulgáir

1 602 912

Poblacht na Seice

4 440 079

An Eastóin

145 944

An Chróit

1 148 708

An Laitvia

1 698 061

An Liotuáin

2 165 895

An Ungáir

6 705 956

Málta

774 000

An Pholainn

7 456 340

An Phortaingéil

1 655 253

An Rómáin

10 932 743

An tSlóivéin

178 809

An tSlóvaic

2 160 210