21.12.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

210


TREOIR (AE) 2018/2002 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2018

lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is ceann de chúig ghné den Straitéis don Aontas Fuinnimh, a bunaíodh le teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2015 dar teideal “A Framework Strategy for a Resilient Energy Union with a Forward-Looking Climate Change Policy” [“Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide”], é maolú an éilimh fuinnimh. Trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar fud an tslabhra fuinnimh iomláin, lena n-áirítear giniúint, tarchur, dáileadh agus críochúsáid fuinnimh, rachfar chun sochair don chomhshaol, cuirfear feabhas ar cháilíocht an aeir agus ar an tsláinte phoiblí, laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa, feabhsófar an tslándáil fuinnimh trí spleáchas ar allmhairithe fuinnimh ó lasmuigh den Aontas a laghdú, gearrfar costais fuinnimh do theaghlaigh agus do chuideachtaí, cabhrófar le bochtaineacht fuinnimh a mhaolú, agus beidh méadú ar iomaíochas agus beidh níos mó poist agus gníomhaíocht eacnamaíoch mhéadaithe ar fud an gheilleagair mar thoradh air, agus cuirfear feabhas ar cháilíocht bheatha na saoránach ar an mbealach sin. Tá an méid sin i gcomhréir le gealltanais an Aontais a rinneadh faoi chuimsiú an Aontais Fuinnimh agus chlár oibre domhanda na haeráide a bunaíodh le Comhaontú Pháras 2015 maidir leis an athrú aeráide a tháinig i ndiaidh 21ú Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (4) (“Comhaontú Pháras”), agus é á ghealladh go gcoinneofar an méadú ar an meánteocht domhanda go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus go ndéanfar iarrachtaí teorainn 1,5 C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta.

(2)

Gné is ea Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) chun dul chun cinn ionsar an Aontas Fuinnimh, ar Treoir í faoina ndéileálfar le héifeachtúlacht fuinnimh mar fhoinse fuinnimh ann féin. Ba cheart an prionsabal “tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh” a chur san áireamh nuair a bheidh rialacha nua á leagan síos do thaobh an tsoláthair agus do réimsí eile beartais. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú gur féidir an éifeachtúlacht fuinnimh agus an fhreagairt don éileamh dul san iomaíocht ar bhonn cothrom leis an acmhainn giniúna. Ní mór riachtanais éifeachtúlachta fuinnimh a bhreithniú aon uair a dhéantar cinntí a bhaineann le pleanáil an chórais fuinnimh nó le hairgeadas. Ní mór feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh aon uair a bheidís níos cost-éifeachtaí ná réitigh choibhéiseacha ó thaobh an tsoláthair de. Ba cheart go gcabhródh sé sin chun leas a bhaint as tairbhí iomadúla na héifeachtúlachta fuinnimh don Aontas, go háirithe do na saoránaigh agus do ghnóthaí.

(3)

Ba cheart éifeachtúlacht fuinnimh a aithint mar ghné ríthábhachtach agus ba cheart tús áite a thabhairt di agus cinntí infheistíochta á ndéanamh amach anseo i ndáil le bonneagar fuinnimh an Aontais.

(4)

Chun infheistíocht i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a éascú, is gá bacainní a bhaint chun sprioc éifeachtúlachta fuinnimh uaillmhianach a bhaint amach. Céim amháin sa treo sin ná an soiléiriú a thug Eurostat an 19 Meán Fómhair 2017 maidir leis an mbealach chun conarthaí feidhmíochta fuinnimh a thaifeadadh i gcuntais náisiúnta, rud a chuireann deireadh le neamhchinnteachtaí agus a éascaíonn úsáid conarthaí den sórt sin.

(5)

Thacaigh Comhairle Eorpach an 23 agus 24 Deireadh Fómhair 2014 le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh de 27 % do 2030 ar leibhéal an Aontais a bheidh le hathscrúdú faoi 2020 agus an sprioc ag leibhéal an Aontais de 30 % á cur san áireamh. Ina rún an 15 Nollaig 2015 dar teideal “Towards a European Energy Union” [“I dTreo Aontas Fuinnimh Eorpach”], d'iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar a inmharthana a bheadh sé sprioc éifeachtúlachta fuinnimh de 40 % a bheith ann don tráthchlár céanna. Is iomchuí, dá bhrí sin, leasú a dhéanamh ar Threoir 2012/27/AE chun í a oiriúnú do dhearcadh 2030.

(6)

Ba cheart an gá don Aontas chun a spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, arna sloinneadh i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil agus/nó deiridh, a leagan amach go soiléir i bhfoirm sprice de 32,5 %, ar a laghad, do 2030. Le réamh-mheastacháin a rinneadh in 2007, léiríodh gur 1 887 Mtoe an tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus 1 416 Mtoe an tomhaltas fuinnimh deiridh a bheadh ann in 2030. Ba cheart don Choimisiún an sprioc sin a mheas, sprioc ar den chineál céanna é agus atá sprioc an Aontais do 2020, chun í a choigeartú suas faoi 2023 i gcás laghduithe costas substaintiúla nó, nuair is gá, d'fhonn gealltanais idirnáisiúnta an Aontais i ndáil le dícharbónú a chomhlíonadh. Níl aon spriocanna ceangailteacha ar leibhéal na mBallstát i ndearcthaí 2020 agus 2030, agus ba cheart leanúint ar aghaidh gan srian a chur ar shaoirse na mBallstát a rannchuidithe náisiúnta a shocrú bunaithe ar thomhaltas fuinnimh phríomhúil nó deiridh nó ar choigilteas fuinnimh phríomhúil nó deiridh, nó ar dhéine fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit a rannchuidithe táscacha éifeachtúlachta fuinnimh a leagan síos agus é á chur i gcuntas nach mór tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030 gan a bheith níos mó ná 1 273 Mtoe d'fhuinneamh príomhúil agus/nó gan a bheith níos mó ná 956 Mtoe d'fhuinneamh deiridh. Fágann sin gur cheart laghdú 26 % a dhéanamh ar an tomhaltas fuinnimh phríomhúil san Aontas, agus gur cheart tomhaltas fuinnimh deiridh a laghdú 20 % i gcomparáid le leibhéil 2005. Is gá meastóireacht rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn ionsar spriocanna 2030 an Aontais agus déantar foráil di i Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(7)

Tá éifeachtúlacht oibríochtúil na gcóras fuinnimh ag am ar bith faoi thionchar an chumais an chumhacht a ghintear ó fhoinsí éagsúla - lena ngabhann leibhéil táimhe agus amanna tosaigh éagsúla - a sholáthar don eangach ar bhealach rianúil solúbtha. Trí fheabhas a chur ar an éifeachtúlacht sin, beifear in ann úsáid níos fearr a bhaint as fuinneamh in-athnuaite.

(8)

Le feabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh, is féidir rannchuidiú le haschur eacnamaíoch níos airde. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an Aontas díriú ar thomhaltas fuinnimh a laghdú beag beann ar leibhéil an fháis eacnamaíoch.

(9)

An oibleagáid ar na Ballstáit straitéisí fadtéarmacha a bhunú chun infheistíocht a shlógadh in athchóiriú a stoic náisiúnta foirgneamh agus chun an t-athchóiriú sin a éascú agus an Coimisiún a chur ar an eolas fúthu, tá an oibleagáid le baint de Threoir 2012/27/AE agus le cur le Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) arna leasú le Treoir 2018/844/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcás ina dtagann an oibleagáid sin le pleananna fadtéarmacha d'fhoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (NZEBanna) agus le dícharbónú foirgneamh.

(10)

I bhfianaise an chreata aeráide agus fuinnimh do 2030, ba cheart an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh, a bunaíodh le Treoir 2012/27/AE, a fhadú níos faide ná 2020. Leis an bhfadú sin, cruthófar níos mó cobhsaíochta d'infheisteoirí agus spreagfar, ar an mbealach sin, infheistíochtaí fadtéarmacha agus bearta fadtéarmacha éifeachtúlachta fuinnimh, amhail athchóiriú domhain foirgneamh agus é mar chuspóir fadtéarmach na foirgnimh atá ann faoi láthair a aistriú go NZEBanna agus sin a dhéanamh ar bhealach costéifeachtach. Tá ról tábhachtach ag an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh i ndáil le cruthú fáis áitiúil agus post áitiúil, agus ba cheart iad a choimeád chun a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann a chuid cuspóirí fuinnimh agus aeráide a bhaint amach trí dheiseanna breise a chruthú agus chun an nasc idir tomhaltas fuinnimh agus fás a bhriseadh. Tá comhar leis an earnáil phríobháideach tábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha ar féidir infheistiú príobháideach le haghaidh tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a dhíghlasáil agus chun múnlaí nua ioncaim a fhorbairt do nuálaíocht i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh.

(11)

Bíonn tionchar dearfach ag bearta feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh freisin ar cháilíocht an aeir, mar cuidítear, le níos mó foirgneamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, leis an éileamh ar bhreoslaí téimh, lena n-áirítear breoslaí téimh soladacha, a laghdú. Dá bhrí sin, le bearta éifeachtúlachta fuinnimh, cuidítear le feabhas a chur ar cháilíocht an aeir laistigh agus lasmuigh agus cuidítear le cuspóirí bheartas an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach, mar a bunaíodh go háirithe le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(12)

Ceanglaítear ar na Ballstáit coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a bhaint amach don tréimhse oibleagáide iomlán ó 2021 go dtí 2030, rud atá coibhéiseach le coigilteas bliantúil nua de 0,8 % ar a laghad de thomhaltas fuinnimh deiridh. D'fhéadfaí an ceanglas sin a chomhlíonadh trí bhearta nua beartais a ghlacfar le linn na tréimhse oibleagáide nua ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 nó trí ghníomhaíochtaí nua aonair mar thoradh ar bhearta beartais a glacadh le linn na tréimhse roimhe sin nó roimh an tréimhse sin, ar an gcoinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí aonair a spreagann coigilteas fuinnimh ina leith a thabhairt isteach le linn na tréimhse nua. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann úsáid a bhaint as scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais malartacha, nó an dá rud. Sa bhreis air sin, ba cheart roghanna éagsúla, lena n-áirítear cé acu an bhfuil fuinnimh a úsáidtear in iompar san áireamh, go hiomlán nó go páirteach, sa bhonnlíne, a sholáthar d'fhonn solúbthacht a thabhairt do na Ballstáit i dtaobh conas a ríomhann siad méid an choigiltis fuinnimh atá acu, agus ag an am céanna a áirithiú go mbainfear amach an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear atá coibhéiseach le coigilteas bliantúil nua de 0,8 % ar a laghad.

(13)

Mar sin féin, bheadh sé díréireach ceanglas den sórt sin a fhorchur ar an gCipir agus ar Mhálta. Baineann saintréithe sonracha dá gcuid féin le margadh fuinnimh na mBallstát sin ar oileáin bheaga iad, a fhágann teorainn nach beag ar raon na mbeart atá ar fáil leis an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh, amhail gan aon dáileoir leictreachais aonair a bheith acu, gan aon ghréasáin gáis nádúrtha a bheith acu, gan aon chórais téimh ceantair agus fuaraithe ceantair a bheith acu, agus na comhlachtaí dáileacháin peitriliam a bheith beag. Anuas ar na saintréithe sonracha sin, tá an margadh fuinnimh sna Ballstáit sin róbheag. Dá bhrí sin, níor cheart a cheangal ar an gCipir ná ar Mhálta ach coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a bhaint amach arb ionann é agus coigilteas nua de 0,24 % de thomhaltas fuinnimh deiridh don tréimhse 2021 go dtí 2030.

(14)

I gcás ina n-úsáideann siad scéim oibleagáide, ba cheart do na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid a ainmniú as measc dáileoirí fuinnimh, cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola agus dáileoirí nó miondíoltóirí breosla iompair ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha. Le hainmniú catagóirí áirithe dáileoirí nó miondíoltóirí den sórt sin nó le díolúine ó ainmniú den sórt sin, níor cheart a thuiscint nach bhfuil an méid sin ag luí le prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Dá bhrí sin, is féidir leis na Ballstáit roghnú an ndéantar dáileoirí nó miondíoltóirí den sórt sin nó catagóirí áirithe díobh amháin a ainmniú mar pháirtithe faoi oibleagáid.

(15)

Tá bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh na mBallstát san iompar incháilithe le bheith curtha san áireamh chun a n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh críochúsáide a bhaint amach. Áirítear ar bheartais den sórt sin beartais atá, inter alia, tiomanta d'fheithiclí níos éifeachtúla a chur chun cinn mar aon le haistriú modha chuig rothaíocht, siúl agus iompar poiblí, nó soghluaisteacht agus pleanáil uirbeach lena laghdaítear an t-éileamh ar iompar. Sa bhreis air sin, is féidir le scéimeanna lena gcuirtear dlús le glacadh feithiclí nó beartas nua níos éifeachtúla, lena dtacaítear le haistriú chuig breoslaí a fheidhmíonn ar bhealach níos fearr lena laghdaítear úsáid fuinnimh in aghaidh an chiliméadair, a bheith incháilithe freisin, faoi réir chomhlíonadh na rialacha maidir le hábharthacht agus le breisíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2012/27/AE arna leasú leis an Treoir seo. Ba cheart do na bearta sin, más iomchuí, a bheith comhsheasmhach le creataí náisiúnta beartais na mBallstát arna mbunú de bhun Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(16)

Bearta arna nglacadh ag Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus a bhfuil feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh infhíoraithe agus intomhaiste nó inmheasaithe mar thoradh orthu, is féidir iad a mheas mar bhealach costéifeachtach do na Ballstáit chun a n-oibleagáid coigiltis fuinnimh a chomhlíonadh faoi Threoir 2012/27/AE arna leasú leis an Treoir seo.

(17)

Mar rogha ar cheangal a chur ar pháirtithe faoi oibleagáid an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear faoi Airteagal 7(1) de Threoir 2012/27/AE arna leasú leis an Treoir seo a bhaint amach, ba cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit, ina gcuid scéimeanna oibleagáide, cead a thabhairt do pháirtithe faoi oibleagáid ranníocaíocht a dhéanamh le Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh nó ceangal a chur orthu é sin a dhéanamh.

(18)

Gan dochar d'Airteagal 7(4) agus (5) arna tugadh isteach ag an Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit agus do pháirtithe faoi oibleagáid úsáid a bhaint as na modhanna agus na teicneolaíochtaí go léir atá ar fáil chun na ceanglais maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear a bhaint amach, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil, i mbonneagar éifeachtúil téimh agus fuaraithe agus in iniúchtaí fuinnimh nó i gcórais bainistíochta choibhéiseacha, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh an coigilteas fuinnimh a éilítear na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 7 de Threoir 2012/27/AE arna leasú leis an Treoir seo agus in Iarscríbhinn V a ghabhann léi. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le leibhéal ard solúbthachta a áirithiú agus bearta beartais malartacha á gceapadh agus á gcur chun feidhme.

(19)

Le bearta fadtéarmacha éifeachtúlachta fuinnimh, leanfar de choigilteas fuinnimh a thabhairt tar éis 2020 ach chun rannchuidiú le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2030 an Aontais, ba cheart, leis na bearta sin, coigilteas nua a thabhairt tar éis 2020. Ar an taobh eile, níor cheart coigilteas fuinnimh a bhaintear amach tar éis an 31 Nollaig 2020 a áireamh faoi chomhair an choigiltis charnaigh críochúsáide a cheanglaítear don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

(20)

Ba cheart coigilteas nua a bheith sa bhreis ar “ghnó mar is gnáth” ionas nár cheart coigilteas a bheadh tarlaithe ar aon chás a áireamh faoi chomhair bhaint amach na gceanglas coigiltis fuinnimh. Chun tionchar na mbeart a tugadh isteach a thomhas, níor cheart ach an glanchoigilteas, arna thomhas mar an t-athrú ar an tomhaltas fuinnimh atá inchurtha go díreach i leith an bhirt éifeachtúlachta fuinnimh atá i gceist, a ríomh. Chun glanchoigilteas a ríomh, ba cheart do na Ballstáit cás bonnlíne a bhunú maidir leis an mbealach in bhforbródh an staid in éagmais an bhirt atá i gceist. Ba cheart an beart beartais atá i gceist a mheasúnú le hais na bonnlíne sin. Ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh go bhféadfar bearta beartais eile a dhéanamh sa chreat ama céanna agus go bhféadfadh sé sin tionchar a bheith aige sin ar an méid coigiltis fuinnimh, ionas nach féidir na hathruithe go léir a tugadh faoi deara ón uair a tugadh isteach beart beartais ar leith atá á mheasúnú a chur i leith an bhirt beartais sin, agus i leith an bhirt sin amháin. Le gníomhaíochtaí an pháirtí faoi oibleagáid, an pháirtí rannpháirtigh nó an pháirtí ar cuireadh cúram air, ba cheart rannchuidiú go hiarbhír leis an gcoigilteas fuinnimh a éilítear a bhaint amach chun comhlíonadh an cheanglais ábharthachta a áirithiú.

(21)

Tá sé tábhachtach céimeanna uile an tslabhra fuinnimh a mheabhrú, i gcás inarb ábhartha, agus an coigilteas fuinnimh á ríomh chun an acmhainneacht coigiltis fuinnimh a mhéadú agus leictreachas á tharchur agus á dháileadh.

(22)

Trí uisce a bhainistiú ar bhealach éifeachtach, féadfar cur go mór le coigilteas fuinnimh. Is ionann earnálacha an uisce agus an fhuíolluisce agus 3,5 % den leictreachas a úsáidtear san Aontas agus táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar an sciar sin. Ag an am céanna, is ionann sceitheadh uisce agus 24 % den uisce iomlán a ídítear san Aontas agus is í an earnáil fuinnimh an tomhaltóir is mó uisce, agus 44 % den tomhaltas iomlán á dhéanamh suas aici. Ba cheart an coigilteas fuinnimh a d'fhéadfaí a dhéanamh trí theicneolaíochtaí cliste agus próisis chliste a úsáid a fhiosrú go hiomlán.

(23)

I gcomhréir le hAirteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart beartais éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bheith cuimsitheach agus dá bhrí sin ba cheart dóibh inrochtaineacht a áirithiú ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh do thomhaltóirí faoi thionchar na bochtaineachta fuinnimh. Ba cheart feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a bheith, go háirithe, chun tairbhe teaghlach leochaileach, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil tionchar na bochtaineachta fuinnimh orthu, agus, i gcás inarb iomchuí, iad siúd atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Is féidir le Ballstáit a cheangal ar pháirtithe faoi oibleagáid cheana féin aidhmeanna sóisialta a chur san áireamh i mbearta coigiltis fuinnimh i ndáil le bochtaineacht fuinnimh agus ba cheart an fhéidearthacht sin a leathnú amach chuig bearta beartais malartacha agus Cistí Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh agus ba cheart an fhéidearthacht sin a chlaochlú ina hoibleagáid, agus solúbthacht iomlán á fágáil ag na Ballstáit maidir le méid, raon feidhme agus inneachar na mbeart sin. Mura gceadaítear bearta a bhaineann le tomhaltóirí aonair fuinnimh le scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh an Ballstát bearta a ghlacadh chun bochtaineacht fuinnimh a mhaolú trí bhíthin bearta beartais malartacha agus trí bhíthin na mbeart sin amháin.

(24)

Cuireann bochtaineacht fuinnimh isteach ar thart ar 50 milliún teaghlach san Aontas. Dá bhrí sin, caithfidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh bheith mar chuid lárnach d'aon straitéis chostéifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar leochaileacht tomhaltóirí agus tá siad ina chomhlánú ar bheartais slándála sóisialta ar leibhéal na mBallstát. Chun a áirithiú go laghdaítear bochtaineacht fuinnimh do thionóntaí ar bhonn inbhuanaithe le bearta éifeachtúlachta fuinnimh, ba cheart costéifeachtacht na mbeart sin, mar aon le hinacmhainneacht na mbeart sin d'úinéirí maoine agus do thionóntaí, a chur san áireamh, agus ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach do na bearta sin a ráthú ar leibhéal na mBallstát. San fhadtéarma, ní mór stoc foirgneamh an Aontais a thiontú ina NZEBanna i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Níl na rátaí ag a bhfuil foirgnimh á n-athchóiriú faoi láthair leordhóthanach agus is iad na foirgnimh ina bhfuil saoránaigh ar ísealioncam, dá ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh dochar, na cinn is deacra fáil fhad leo. Is den ríthábhacht, dá bhrí sin, na bearta a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le hoibleagáidí maidir le coigilteas fuinnimh, a bhaineann le scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus a bhaineann le bearta beartais malartacha.

(25)

Ba cheart caiteachas níos ísle do thomhaltóirí ar fhuinnimh a bhaint amach trí chuidiú le tomhaltóirí an méid fuinnimh a úsáideann siad a laghdú trí riachtanais fuinnimh foirgneamh a laghdú agus trí fheabhsuithe ar éifeachtúlacht fearas, rud ar cheart a bheith in éineacht le hinfhaighteacht modhanna iompair ísealfhuinnimh arna gcomhtháthú le hiompar poiblí agus le rothaíocht.

(26)

Is den ríthábhacht feasacht shaoránaigh uile an Aontais a ardú i leith na dtairbhí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe agus le faisnéis chruinn a sholáthar dóibh i dtaobh na slite is féidir an méid sin a bhaint amach. Tá éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe thar a bheith tábhachtach freisin i dtaca le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais trína spleáchas ar allmhairiú breoslaí ó thríú tíortha a laghdú.

(27)

Ba cheart costais agus tairbhí na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh go léir a ghlactar, lena n-áirítear tréimhsí aisíoca, a bheith go hiomlán trédhearcach do thomhaltóirí.

(28)

Nuair a bheidh Treoir 2012/27/AE arna leasú leis an Treoir seo á cur chun feidhme ag na Ballstáit agus bearta eile i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu, ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt ar shineirgí idir bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus úsáid éifeachtúil acmhainní nádúrtha i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh.

(29)

Agus tairbhe á baint acu as samhlacha agus teicneolaíochtaí nua gnó, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn agus a éascú, lena n-áirítear trí sheirbhísí fuinnimh nuálacha do chustaiméirí móra agus beaga.

(30)

Mar chuid de na bearta a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2015 dar teideal “Delivering a New Deal for Energy Consumers” [“Socrú Nua a Chur Ar Fáil do Thomhaltóirí Fuinnimh”], i gcomhthéacs an Aontais Fuinnimh agus na straitéise Téimh agus Fuaraithe, is gá cearta íosta na dtomhaltóirí ar fhaisnéis chruinn, iontaofa, shoiléir agus thráthúil faoina dtomhaltas fuinnimh a neartú. Ba cheart Airteagail 9 go 11 de Threoir 2012/27/AE agus Iarscríbhinn VII a ghabhann léi a leasú chun foráil a dhéanamh d'aiseolas rialta agus aiseolas feabhsaithe a fháil i leith tomhaltais fuinnimh i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil agus go costéifeachtúil i bhfianaise na bhfeistí tomhais atá i bhfeidhm. Soiléirítear leis an Treoir seo go mbraitheann a chostéifeachtúla atá fomhéadrú ar cé acu atá nó nach bhfuil na costais ghaolmhara comhréireach leis an gcoigilteas fuinnimh féideartha. Leis an measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil fomhéadrú costéifeachtúil, féadfar a chur san áireamh an tionchar a bheadh ag bearta nithiúla eile atá beartaithe i bhfoirgneamh ar leith, amhail athchóiriú ar bith atá le teacht.

(31)

Soiléirítear leis an Treoir seo freisin gur cheart feidhm a bheith ag cearta i ndáil le billeáil agus i ndáil le faisnéis faoi bhilleáil nó faoi thomhaltas maidir le tomhaltóirí téimh, fuaraithe nó uisce the tí a sholáthraítear ag foinse lárnach, fiú nuair nach bhfuil aon chaidreamh conarthach díreach, aonair le soláthróirí fuinnimh. Is féidir a thuiscint leis an sainmhíniú ar an téarma “custaiméir deiridh” nach dtagraíonn sé ach do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a cheannaíonn fuinneamh bunaithe ar chonradh díreach, aonair le soláthróir fuinnimh. Dá bhrí sin, chun críocha na bhforálacha iomchuí, ba cheart an téarma “úsáideoir deiridh” a thabhairt isteach chun tagairt a dhéanamh do ghrúpa níos fairsinge tomhaltóirí agus ba cheart a chumhdach freisin leis an téarma sin, sa bhreis ar na custaiméirí deiridh sin a cheannaíonn téamh, fuarú nó uisce te tí dá gcríochúsáid féin, áitritheoirí foirgneamh aonair nó aonad aonair i bhfoirgnimh ilárasán nó ilchuspóra i gcás ina bhfaigheann na haonaid sin soláthar ó fhoinse lárnach agus i gcás nach bhfuil aon chonradh díreach nó aonair ag na háitritheoirí leis an soláthraí fuinnimh. Ba cheart a thagairt leis an téarma “fomhéadrú” do thomhaltas a thomhas in aonaid aonair foirgneamh den sórt sin.

(32)

Chun trédhearcacht na cuntasaíochta a bhaint amach i gcás tomhaltas aonair fuinnimh theirmigh, agus cur chun feidhme an fhomhéadraithe a éascú ar an gcaoi sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rialacha náisiúnta i bhfeidhm acu atá trédhearcach agus ar fáil don phobal, ar rialacha iad is infheidhme maidir le leithdháileadh chostas an tomhaltais téimh, fhuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh ilárasán agus ilchuspóra. Anuas ar an trédhearcacht sin, d'fhéadfadh na Ballstáit cuimhneamh ar bhearta a ghlacadh chun an t-iomaíochas a neartú maidir le soláthar seirbhísí fomhéadraithe, rud a chuideodh lena áirithiú go mbeadh aon chostas a bheadh le híoc ag na húsáideoirí deiridh réasúnach.

(33)

Faoin 25 Deireadh Fómhair 2020, ba cheart méadair teasa nuashuiteáilte agus leithdháileoirí costais teasa a bheith inléite go cianda chun a áirithiú go ndéantar faisnéis tomhaltais atá costéifeachtach a sholáthar go rialta. Na leasuithe ar Threoir 2012/27/AE a thugtar isteach leis an Treoir seo maidir le méadrú i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí; le fomhéadrú agus leithdháileadh na gcostas i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí; le ceanglas cianléimh; le faisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh agus fuarú agus uisce te tí; le costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí; agus leis na ceanglais íosta d'fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí, beartaítear nach mbeidh feidhm ag na leasuithe sin ach maidir le téamh, le fuarú agus le huisce te tí a sholáthraítear ag foinse lárnach. Fágfar faoi na Ballstáit féin a chinneadh cé acu an measfar nó nach measfar gur teicneolaíochtaí atá inléite go cianda iad teicneolaíochtaí léimh shoghluaiste (de chineál “walk-by” nó “drive-by”). Le feistí atá inléite go cianda, ní gá rochtain a bheith ar árasáin aonair ná aonaid aonair.

(34)

Ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh go n-éilítear infheistíocht feabhsaithe san oideachas agus i scileanna le haghaidh úsáideoirí agus soláthróirí fuinnimh araon chun teicneolaíochtaí nua lena ndéantar tomhaltas fuinnimh a thomhas a chur chun feidhme.

(35)

Modh tábhachtach chun custaiméirí a chur ar an eolas faoina dtomhaltas fuinnimh is ea faisnéis bhilleála agus ráitis bhliantúla. Is féidir faisnéis eile a chur in iúl le sonraí maidir le tomhaltas agus le costais lena gcuidítear le tomhaltóirí an socrú atá acu faoi láthair a chur i gcomparáid le tairiscintí eile agus úsáid a bhaint as bainistiú gearán agus as sásraí um réiteach malartach díospóidí. Mar sin féin, ós rud é gur foinse coiteann gearán tomhaltóirí iad díospóidí a bhaineann le billí agus gur rud é a chuireann le leibhéil ísle dhianseasmhacha sásaimh tomhaltóirí agus rannpháirtíochta tomhaltóirí lena soláthraithe fuinnimh, is gá billí a dhéanamh níos simplí, níos soiléire agus níos éasca le tuiscint, agus é á áirithiú ag an am céanna go soláthraítear an fhaisnéis uile is gá chun cur ar chumas tomhaltóirí a dtomhaltas fuinnimh a rialú, tairiscintí a chur i gcomparáid lena chéile agus soláthróirí a aistriú trí ionstraimí ar leith amhail faisnéis bhilleála, uirlisí faisnéise agus ráitis bhliantúla.

(36)

Ba cheart tacú le bearta na mBallstát le hionstraimí airgeadais dea-cheaptha éifeachtacha de chuid an Aontais, amhail Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, agus le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) ar cheart dóibh tacú le hinfheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh ag gach céim den slabhra fuinnimh agus anailís chuimsitheach chostais is tairbhe a úsáid le múnla rátaí lascaine difreáilte. Ba cheart tacaíocht airgeadais a dhíriú ar mhodhanna costéifeachtacha chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, lena mbainfí amach laghdú ar thomhaltas fuinnimh. Ba cheart do BEI agus do BEAF, in éineacht le bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha, cláir agus tionscadail atá saincheaptha d'earnáil na héifeachtúlachta, lena n-áirítear do theaghlaigh atá bocht ó thaobh an fhuinnimh de, a cheapadh, a ghiniúint agus a mhaoiniú.

(37)

Ionas gur féidir na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2012/27/AE agus na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe a thabhairt cothrom le dáta, is gá tarmligean na gcumhachtaí a thugtar don Choimisiún a fhadú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(38)

Chun gur féidir éifeachtúlacht Threoir 2012/27/AE arna leasú leis an Treoir seo a mheasúnú, ba cheart ceanglas a thabhairt isteach chun athscrúdú ginearálta a dhéanamh ar an Treoir sin agus chun tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 28 Feabhra 2024. Ba cheart an t-athscrúdú sin a dhéanamh i ndiaidh an stocáirimh dhomhanda a dhéanfaidh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide in 2023, chun an t-ailíniú is gá don phróiseas sin a thabhairt isteach, agus forbairtí eacnamaíocha agus nuálacha á gcur san áireamh freisin.

(39)

Ba cheart ról ceannasach a thabhairt d'údaráis áitiúla agus réigiúnacha i ndáil leis na bearta a leagtar síos i dTreoir 2012/27/AE a fhorbairt, a cheapadh, a chur chun feidhme agus a mheasúnú, ionas gur féidir leo aghaidh a thabhairt mar is ceart ar ghnéithe sonracha a n-aeráide, a gcultúir agus a sochaí féin.

(40)

I bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch agus sciar méadaitheach na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite san earnáil ghiniúna leictreachais, ba cheart an chomhéifeacht réamhshocraithe do choigilteas i leictreachas kWh a athscrúdú chun athruithe san fhachtóir fuinnimh phríomhúil (PEF) do leictreachas a léiriú. Tá ríomhanna ina léirítear meascán fuinnimh PEF don leictreachas bunaithe ar mheánluachanna bliantúla. Úsáidtear modh cuntasaíochta an “inneachair fhisiciúil fuinnimh” le haghaidh leictreachas núicléach agus le haghaidh giniúint teasa agus úsáidtear an modh “teicniúil comhshó éifeachtúlachta” le haghaidh leictreachais agus teas a ghiniúint ó bhreoslaí iontaise agus ón mbithmhais. Is é an modh atá ann d'fhuinneamh in-athnuaite an choibhéis dhíreach bunaithe ar an gcur chuige “iomlán fuinnimh phríomhúil”. Chun an sciar fuinnimh phríomhúil le haghaidh leictreachas ó chomhghiniúint a ríomh, baintear feidhm as an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2012/27/AE. Úsáidtear meánsuíomh ar an margadh seachas suíomh imeallach. Glactar leis gurb é atá in éifeachtúlachtaí comhshó ná 100 % d'fhoinsí in-athnuaite neamh-indóite, 10 % do stáisiúin chumhachta gheoiteirmeacha agus 33 % do stáisiúin chumhachta núicléacha. Tá ríomh na héifeachtúlachta iomláine do chomhghiniúint bunaithe ar na sonraí is déanaí ó Eurostat. Dála teorainneacha córais, is é 1 an PEF do na foinsí fuinnimh go léir. Tagraíonn luach PEF do 2018 agus tá sé bunaithe ar shonraí a idirshuitear ón leagan is déanaí de Chás Tagartha PRIMES do na blianta 2015 agus 2020 agus é coigeartaithe le sonraí Eurostat go dtí 2016. Cumhdaítear na Ballstáit agus an Iorua leis an anailís. Tá an tacar sonraí don Iorua bunaithe ar shonraí de chuid Ghréasán Eorpach na nOibreoirí Córas Tarchurtha don Leictreachas.

(41)

Ní fhéadfar coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó chur chun feidhme dhlí an Aontais a éileamh mura n-eascraíonn siad ó bheart a théann thar an íosmhéid a éilítear le gníomh dlí an Aontais atá i dtrácht, cibé acu trí cheanglais éifeachtúlachta fuinnimh níos uaillmhianaí a leagan síos ar leibhéal na mBallstát nó trí ghabháil ar láimh an bhirt a mhéadú. Is acmhainneacht shuntasach iad foirgnimh d'fhonn éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú tuilleadh, agus is gné ríthábhachtach fhadtéarmach lena mbaineann barainneachtaí scála é athchóiriú foirgneamh i gcoigilteas fuinnimh a mhéadú. Is gá a shoiléiriú, dá bhrí sin, gur féidir an coigilteas fuinnimh go léir a eascraíonn ó na bearta lena gcuirtear athchóiriú na bhfoirgneamh atá ann cheana chun cinn a éileamh, ar an gcoinníoll go bhfuil sé níos mó ná an coigilteas a tharlódh in éagmais na mbeart beartais agus ar an gcoinníoll go léiríonn an Ballstát gur rannchuidigh, go hiarbhír, an páirtí faoi oibleagáid, an páirtí rannpháirteach nó an páirtí ar cuireadh cúram air an coigilteas fuinnimh a éilítear.

(42)

I gcomhréir le Straitéis an Aontais Fuinnimh agus le prionsabail na rialála níos fearr, ba cheart níos mó tosaíochta a thabhairt do rialacha faireacháin agus fíoraithe chun scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta beartais malartacha a chur chun feidhme, lena n-airítear an ceanglas sampla ionadaíoch, ó thaobh staidrimh de, de na bearta a sheiceáil. I dTreoir 2012/27/AE, arna leasú leis an Treoir seo, ba cheart a thuiscint le sciar mór ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ó thaobh staidrimh de, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh gur gá fothacar de líon staidrimh de na bearta coigiltis fuinnimh atá i gceist a bhunú ar shlí a léiríonn go cruinn iomlán na mbeart coigiltis fuinnimh, agus, ar an tslí sin, go gceadaítear tátail réasúnta iontaofa a bhaint maidir le muinín as iomlán na mbeart.

(43)

Laghdaíonn fuinneamh a ghintear ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh mar gheall ar theicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite méid an fhuinnimh a sholáthraítear ó bhreoslaí iontaise. Is bearta tábhachtacha iad laghdú an tomhaltais fuinnimh agus úsáid an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil na bhfoirgneamh chun spleáchas an Aontais ar fhuinneamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú, go háirithe i bhfianaise na gcuspóirí uaillmhianacha aeráide agus fuinnimh a leagtar síos do 2030 chomh maith leis an ngealltanas foriomlán a rinneadh i gcomhthéacs Chomhaontú Pháras. Chun críocha a n-oibleagáide maidir le coigilteas carnach fuinnimh, féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, an coigilteas fuinnimh ó fhuinneamh in-athnuaite a ghintear dá n-úsáid féin ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh a chur san áireamh chun a gceanglais coigiltis fuinnimh a chomhlíonadh.

(44)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (12), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí leis na doiciméid sin a tharchur.

(45)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais de 20 % faoi 2020 agus de 32,5 %, ar a laghad, faoi 2030 a bhaint amach agus an bealach a réiteach do thuilleadh feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach tar éis na dátaí sin, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(46)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2012/27/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2012/27/AE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Leis an Treoir seo, bunaítear creat comhchoiteann de bhearta chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn laistigh den Aontas chun a áirithiú go gcomhlíonfar príomhspriocanna 2020 an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh de 20 % agus príomhspriocanna 2030 an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh de 32,5 % ar a laghad agus go réiteoidh sé an bealach do thuilleadh feabhsuithe fuinnimh tar éis na dátaí sin.

Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha atá ceaptha chun bacainní i margadh an fhuinnimh a bhaint agus chun clistí a shárú sa mhargadh a chuireann bac ar éifeachtúlacht i soláthar fuinnimh agus in úsáid fuinnimh, agus déantar foráil maidir le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta táscacha agus maidir le rannchuidithe do 2020 agus do 2030.

Leis an Treoir seo, rannchuidítear leis an bprionsabal ‘tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh’ a chur chun feidhme.”;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“4.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2022, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu a d'éirigh nó nár éirigh leis an Aontas príomhspriocanna 2020 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach.

5.   Socróidh gach Ballstát rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta táscacha ionsar spriocanna 2030 an Aontais a leagtar síos in Airteagal 1(1) den Treoir seo i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 6 de Rialachán (AE) 2018/1999 (*1) Nuair a bheidh na rannchuidithe sin á socrú, cuirfidh na Ballstáit i gcuntas nach mór tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030 gan a bheith níos mó ná 1 273 Mtoe d'fhuinneamh príomhúil agus/nó gan a bheith níos mó ná 956 Mtoe d'fhuinneamh deiridh. Cuirfidh na Ballstáit na rannchuidithe sin in iúl don Choimisiún mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir leis na hAirteagail sin.

6.   Déanfaidh an Coimisiún príomhspriocanna 2030 an Aontais do maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a leagtar síos in Airteagal 1(1) a mheas d'fhonn togra reachtach a tharchur faoi 2023 chun na spriocanna sin a choigeartú suas i gcás laghduithe suntasacha costais mar thoradh ar fhorbairtí eacnamaíocha nó teicniúla, nó i gcás inar gá chun gealltanais idirnáisiúnta an Aontais le haghaidh dícharbónú a chomhlíonadh.

(*1)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).”;"

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

Oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh

1.   Bainfidh na Ballstáit coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide amach a bheidh comhionann ar a laghad:

(a)

le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 de 1,5 % de dhíolacháin fuinnimh bhliantúla le custaiméirí deiridh de réir toirte, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí trí bliana roimh an 1 Eanáir 2013. Féadfar díolacháin fuinnimh, de réir toirte, a úsáidtear san iompar a eisiamh ón ríomh sin, go hiomlán nó go páirteach;

(b)

le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 de 0,8 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí trí bliana roimh an 1 Eanáir 2019. De mhaolú ar an gceanglas sin, bainfidh an Chipir agus Málta coigilteas nua amach gach bliain, ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030, arb ionann iad agus 0,24 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil, a mheánaítear thar an tréimhse trí bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019.

Féadfaidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó bhearta beartais, cibé acu a thugtar isteach iad faoin 31 Nollaig 2020 nó ina dhiaidh sin, a chomhaireamh, ar choinníoll go mbíonn gníomhaíochtaí aonair nua, a ghabhtar de láimh tar éis an 31 Nollaig 2020, mar thoradh ar na bearta sin.

Leanfaidh na Ballstáit de choigilteas nua bliantúil a bhaint amach i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír ar feadh tréimhsí deich mbliana tar éis 2030, mura mbainfidh athscrúduithe ag an gCoimisiún faoi 2027 agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin de thátal as nach gá seo chun spriocanna fuinnimh agus aeráide fadtéarmacha an Aontais a bhaint amach i gcomhair 2050.

Cinnfidh na Ballstáit conas méid ríofa an choigiltis nua a chéimniú thar gach tréimhse dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, ar choinníoll go mbeidh an coigilteas carnach iomlán fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear bainte amach faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide.

2.   Ar choinníoll go mbaineann na Ballstáit amach, ar a laghad, a n-oibleagáid maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, féadfaidh siad méid an choigiltis fuinnimh a cheanglaítear a ríomh trí cheann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas:

(a)

ráta bliantúil coigiltis a chur i bhfeidhm ar dhíolacháin fuinnimh do chustaiméirí deiridh nó ar thomhaltas fuinnimh deiridh, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí trí bliana go dtí an 1 Eanáir 2019;

(b)

fuinneamh a úsáidtear in iompar a fhágáil ar lár, go hiomlán nó go páirteach, ón mbonnlíne ríomha;

(c)

úsáid a bhaint as aon cheann de na roghanna a leagtar amach i mír 4.

3.   I gcás ina mbaineann na Ballstáit úsáid as na deiseanna dá bhforáiltear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 2, bunóidh siad:

(a)

a ráta coigiltis bhliantúil féin a chuirfear i bhfeidhm chun an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide atá acu a ríomh, lena n-áiritheofar nach ísle an méid deiridh dá nglanchoigilteas fuinnimh ná an coigilteas a cheanglaítear faoi phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1; agus

(b)

a mbonnlíne ríomha féin a fhéadfaidh an fuinnimh a úsáidtear in iompar a fhágáil ar lár go hiomlán nó go páirteach.

4.   Faoi réir mhír 5, féadfaidh gach Ballstát:

(a)

an ríomh a cheanglaítear faoi phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 a dhéanamh ag úsáid luachanna 1 % in 2014 agus in 2015; 1,25 % in 2016 agus 2017; agus 1,5 % in 2018, 2019 agus 2020;

(b)

na díolacháin fuinnimh go léir nó cuid díobh a úsáidtear, de réir toirte, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1, nó fuinneamh deiridh arna thomhailt, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin, i ngníomhaíochtaí tionscail a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, a eisiamh ón ríomh;

(c)

coigilteas fuinnimh a baineadh amach sna hearnálacha trasfhoirmithe, dáilte agus tarchurtha fuinnimh, lena n-áirítear bonneagar téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil, mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 14(4), pointe (b) d'Airteagal 14(5), agus Airteagal 15(1) go (6) agus (9), a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta beartais atá beartaithe acu faoin bpointe seo don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Ríomhfar tionchar na mbeart sin i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus áireofar sna pleananna sin é;

(d)

coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó ghníomhaíochtaí aonair a cuireadh i bhfeidhm go nua ón 31 Nollaig 2008 agus a leanfaidh de thionchar a bheith acu in 2020 i ndáil leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 agus tar éis 2020 i ndáil leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, agus is féidir a thomhas agus a fhíorú, a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear;

(e)

coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó bhearta beartais a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear, ar choinníoll gur féidir a léiriú go mbíonn gníomhaíochtaí aonair, a dhéantar le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus lena dtugtar coigilteas tar éis an 31 Nollaig 2020, mar thoradh ar na bearta sin;

(f)

30 % den mhéid infhíoraithe fuinnimh, a ghintear dá n-úsáid féin ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh mar thoradh ar bhearta beartais a chuireann suiteáil nua teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite chun cinn, a eisiamh ó ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear;

(g)

an coigilteas fuinnimh sin a sháraíonn an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear ar choinníoll go n-eascraíonn an coigilteas sin ó ghníomhaíochtaí aonair a dhéantar faoi na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagail 7a agus 7b den Treoir seo a bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit ina leith ina gcuid Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh agus atá tuairiscithe acu ina dtuarascálacha ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 24.

5.   Déanfaidh na Ballstáit éifeacht na roghanna a roghnaítear faoi mhír 4 do na tréimhsí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus a ríomh ar leithligh:

(a)

agus méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 á ríomh, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as pointí (a) go (d) de mhír 4. Ní mó na roghanna uile a roghnaítear faoi mhír 4 i dteannta a chéile ná 25 % den mhéid coigiltis fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1;

(b)

i gcás ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as pointí (b) go (g) de mhír 4 ar choinníoll go leanfaidh gníomhaíochtaí aonair dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 4 de thionchar infhíoraithe agus intomhaiste a bheith acu i ndiaidh an 31 Nollaig 2020. Agus na roghanna uile a roghnaítear faoi mhír 4 á gcur le chéile, ní thiocfaidh laghdú níos mó ná 35 % den mhéid coigiltis fuinnimh a ríomhtar i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 mar thoradh orthu.

Beag beann ar cibé an ndéanann Ballstáit fuinneamh a úsáidtear in iompar a eisiamh, go hiomlán nó go páirteach, óna mbonnlíne ríomha nó an mbaineann siad úsáid as na roghanna a liostaítear i mír 3, áiritheoidh siad nach ísle an glanmhéid ríofa den choigilteas nua a bhainfear amach sa tomhaltas fuinnimh deiridh le linn na tréimhse oibleagáide ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 ná an méid a thiocfaidh as an ráta bliantúil coigiltis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 a chur i bhfeidhm.

6.   Déanfaidh na Ballstáit cur síos ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hIarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2018/1999 ar an mbealach ina ríomhtar an mhéid coigiltis fuinnimh nach mór a bhaint amach thar an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí 31 Nollaig 2030 dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus míneoidh siad, más ábhartha, conas a bunaíodh an ráta bliantúil coigiltis agus an bonnlíne ríomha agus cad iad na roghanna dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a cuireadh i bhfeidhm.

7.   Maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a bhaintear amach tar éis an 31 Nollaig 2020, ní dhéanfar é a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

8.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstáit a cheadaíonn do pháirtithe faoi oibleagáid úsáid a bhaint as an rogha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 7a(6), chun críche phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, coigilteas fuinnimh a fuarthas in aon bhliain áirithe i ndiaidh 2010 agus roimh an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo a chomhaireamh amhail is dá mbeadh an coigilteas fuinnimh sin faighte tar éis an 31 Nollaig 2013 agus roimh an 1 Eanáir 2021, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag na cúinsí uile seo a leanas:

(a)

bhí an scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm tráth ar bith idir an 31 Nollaig 2009 agus an 31 Nollaig 2014 agus áiríodh í sa chéad Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlachta Fuinnimh den Bhallstát a cuireadh isteach faoi Airteagal 24(2);

(b)

gineadh an coigilteas faoin scéim oibleagáide;

(c)

ríomhtar an coigilteas i gcomhréir le hIarscríbhinn V;

(d)

tuairiscíodh na blianta a ndearnadh an coigilteas a chomhaireamh amhail is go bhfuarthas ansin é sna Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 24(2).

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar coigilteas a eascraíonn ó bhearta beartais dá dtagraítear in Airteagail 7a agus 7b agus in Airteagal 20(6) a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn V.

10.   Déanfaidh na Ballstáit an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1 den Airteagal seo a bhaint amach trí scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 7a a bhunú nó trí bhearta beartais malartacha dá dtagraítear in Airteagal 7b a ghlacadh. Féadfaidh na Ballstáit scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh a chumasc le bearta beartais malartacha.

11.   Le linn dóibh na bearta beartais a cheapadh chun go gcomhlíonfar na hoibleagáidí orthu coigilteas fuinnimh a bhaint amach, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an gá atá leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú i gcomhréir le critéir atá bunaithe acu, agus na cleachtais atá ar fáil cheana féin sa réimse á gcur san áireamh, trína cheangal, a mhéid is iomchuí, go gcuirfear chun feidhme sciar beart éifeachtúlachta fuinnimh faoina scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais malartacha, nó cláir nó bearta arna maoiniú faoi Chiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh mar thosaíocht i measc teaghlaigh shoghonta, lena n-áirítear iad siúd dá ndéanann bochtaineacht fuinnimh dochair agus, i gcás inarb iomchuí, i dtithíocht shóisialta.

Áireoidh na Ballstáit faisnéis faoin toradh atá ar na bearta chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú i gcomhthéacs na Treorach seo ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta ar dhul chun cinn maidir le fuinnimh agus an aeráid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.

12.   Léireoidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh forluí i dtionchar na mbeart beartais nó na ngníomhaíochtaí aonair, nach mbeidh aon chomhaireamh dúbailte coigiltis fuinnimh.”;

(4)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 7a

Scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh

1.   I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh chun an méid coigiltis a cheanglaítear faoi Airteagal 7(1) a bhaint amach trí scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh na páirtithe faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo atá ag feidhmiú i gcríoch gach Ballstáit, gan dochar d'Airteagal 7(4) agus (5), a gceanglas maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a leagtar amach in Airteagal 7(1).

I gcás inarb infheidhme, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go gcomhlíonfaidh páirtithe faoi oibleagáid an coigilteas sin, go hiomlán nó go páirteach, mar ranníocaíocht leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 20(6).

2.   Ainmneoidh na Ballstáit, ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, páirtithe faoi oibleagáid i measc dáileoirí fuinnimh, cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola agus dáileoirí breosla iompair nó miondíoltóirí breosla iompair a oibríonn ina gcríoch. Déanfaidh na páirtithe faoi oibleagáid i measc custaiméirí deiridh, arna n-ainmniú ag an mBallstát, an méid coigiltis fuinnimh is gá a bhaint amach chun an oibleagáid a chomhlíonadh, go neamhspleách ar an ríomh de bhun Airteagal 7(1) nó, má chinneann na Ballstáit amhlaidh, trí choigilteas deimhnithe a eascraíonn ó pháirtithe eile de réir mar a thuairiscítear i bpointe (a) de mhír 6 den Airteagal seo.

3.   I gcás ina n-ainmnítear cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola mar pháirtithe faoi oibleagáid faoi mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit, agus a n-oibleagáid á comhlíonadh acu, nach gcruthóidh cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola aon bhacainní a chuireann bac ar thomhaltóirí aistriú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile.

4.   Déanfaidh na Ballstáit an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear ar gach páirtí faoi oibleagáid a shloinneadh i dtéarmaí tomhaltas fuinnimh deiridh nó tomhaltas fuinnimh phríomhúil. An modh a roghnaítear chun an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear a shloinneadh, úsáidfear é freisin chun an coigilteas a éileoidh páirtithe faoi oibleagáid a ríomh. Beidh feidhm ag na fachtóirí comhshóite a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

5.   Cuirfidh na Ballstáit córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe i bhfeidhm faoina ndéantar fíorú doiciméadaithe ar sciar atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ar a laghad, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chuir na páirtithe faoi oibleagáid i bhfeidhm. Déanfar an tomhas, an rialú agus an fíorú go neamhspleách ar na páirtithe faoi oibleagáid.

6.   Laistigh den scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh na Ballstáit ceann amháin díobh seo a leanas nó an dá cheann a dhéanamh:

(a)

cead a thabhairt do pháirtithe faoi oibleagáid coigilteas fuinnimh deimhnithe a áireamh faoi chomhair a n-oibleagáide, ar coigilteas é a bhaineann soláthraithe seirbhíse fuinnimh nó tríú páirtithe eile amach, lena n-áirítear nuair a chuireann páirtithe faoi oibleagáid bearta chun cinn trí chomhlachtaí formheasta eile ag an Stát nó trí údaráis phoiblí a fhéadfaidh baint a bheith acu le comhpháirtíochtaí foirmiúla agus a fhéadfaidh a bheith in éineacht le foinsí eile airgeadais. I gcás ina gceadóidh na Ballstáit amhlaidh, áiritheoidh siad go leanfaidh deimhniúchán coigiltis fuinnimh próiseas formheasa a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit, agus a bheidh soiléir, trédhearcach agus oscailte do gach rannpháirtí margaidh, agus arb é is aidhm dó na costais a bhaineann le deimhniúchán a laghdú;

(b)

ligean do pháirtithe faoi oibleagáid coigilteas a fhaightear i mbliain ar leith a chomhaireamh amhail is dá mbeidís faighte ina ionad in aon cheann de na ceithre bliana roimhe sin nó sna trí bliana dá éis fad is nach bhfuil sé seo thar dheireadh na dtréimhsí oibleagáide a leagtar amach in Airteagal 7(1).

Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an tionchar atá ag costais dhíreacha agus neamhdhíreacha na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh ar iomaíochas tionscal dianfhuinnimh a thagann faoi thionchar iomaíochais idirnáisiúnta agus, más iomchuí, glacfaidh siad bearta chun an tionchar sin a íoslaghdú.

7.   Is ar bhonn bliantúil a fhoilseoidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh a bheidh bainte amach ag gach páirtí faoi oibleagáid, nó ag gach fochatagóir de pháirtí faoi oibleagáid, agus san iomlán faoin scéim.

Airteagal 7b

Bearta beartais malartacha

1.   I gcás ina gcinnfidh Ballstáit a n-oibleagáidí chun an coigilteas a cheanglaítear faoi Airteagal 7(1) a bhaint amach a chomhlíonadh trí bhíthin bearta beartais malartacha, áiritheoidh siad, gan dochar d'Airteagal 7(4) agus (5), go mbainfear amach an coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 7(1) i measc na gcustaiméirí deiridh.

2.   I gcás gach birt eile seachas na cinn sin a bhaineann le cánachas, cuirfidh na Ballstáit córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe i bhfeidhm faoina ndéanfar fíorú doiciméadaithe ar sciar atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ar a laghad, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chuir na páirtithe rannpháirteacha nó na páirtithe ar cuireadh cúram orthu i bhfeidhm. Déanfar an tomhas, an rialú agus an fíorú go neamhspleách ar na páirtithe rannpháirteacha nó ar na páirtithe ar cuireadh cúram orthu.”;

(5)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Méadrú i gcomhair gáis agus leictreachais”;

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre;

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir go teicniúil, réasúnach ó thaobh airgeadais de agus comhréireach i ndáil leis an gcoigilteas fuinnimh féideartha, go gcuirfear ar fáil do chustaiméirí deiridh leictreachais agus gáis nádúrtha méadair aonair ar phraghas iomaíoch a léireoidh a dtomhaltas fuinnimh iarbhír go cruinn agus a chuirfidh faisnéis faoin am úsáide iarbhír ar fáil.”;

(c)

scriostar mír 3;

(6)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 9a

Méadrú i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear méadair ar phraghas iomaíoch ar fáil do chustaiméirí deiridh i gcomhair téamh ceantair, fuarú ceantair agus uisce te tí a léireoidh go cruinn a dtomhaltas fuinnimh iarbhír.

2.   I gcás ina soláthraítear téamh, fuarú nó uisce te tí d'fhoirgneamh ó fhoinse lárnach a sheirbhísíonn foirgnimh iolracha nó ó chóras téimh ceantair nó fuaraithe ceantair, suiteálfar méadar ag an malartóir teasa nó ag an bpointe seachadta.

Airteagal 9b

Fomhéadrú agus leithdháileadh na gcostas i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí

1.   I bhfoirgnimh ilárasán agus ilchuspóra a bhfuil foinse téimh lárnaigh nó fuaraithe lárnaigh acu nó a sholáthraítear as córas téimh ceantair nó fuaraithe ceantair, suiteálfar méadair aonair chun tomhaltas an teasa, an fhuaraithe nó an uisce the tí do gach aonad foirgnimh a thomhas, i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil agus go costéifeachtach i dtéarmaí an méid sin a bheith comhréireach i ndáil leis an gcoigilteas fuinnimh féideartha.

I gcás nach mbeidh úsáid méadar aonair indéanta go teicniúil nó i gcás nach mbeidh sé costéifeachtúil tomhaltas teasa i ngach aonad foirgnimh a thomhas, úsáidfear leithdháileoirí costais teasa aonair chun tomhaltas teasa a thomhas ag gach radaitheoir mura suífidh an Ballstát atá i gceist nach mbeadh suiteáil na leithdháileoirí costais teasa sin costéifeachtúil. Sna cásanna sin, féadfar modhanna malartacha costéifeachtúla chun tomhaltas teasa a thomhas a mheas. Déanfaidh gach Ballstát na critéir ghinearálta, na modheolaíochtaí ginearálta agus/nó na nósanna imeachta ginearálta chun an neamh-indéantacht theicniúil agus an neamh-chostéifeachtúlacht a chinneadh a leagan amach agus a fhoilsiú go soiléir.

2.   I bhfoirgnimh ilárasán nua agus i gcodanna cónaithe d'fhoirgnimh ilchuspóra nua ina bhfuil foinse lárnach téimh le haghaidh uisce te tí nó ina bhfaightear an soláthar ó chórais téimh ceantair, soláthrófar méadair aonair le haghaidh uisce te tí, d'ainneoin na chéad fhomhíre de mhír 1.

3.   I gcás gur as téamh ceantair nó fuarú ceantair a dhéantar soláthar d'fhoirgnimh ilárasán nó ilchuspóra, nó i gcás córais dhílse téimh nó fuaraithe d'fhoirgnimh den sórt sin a bheith leitheadúil, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rialacha trédhearcacha náisiúnta i bhfeidhm acu a bhfuil teacht ag an bpobal orthu maidir le leithdháileadh costas tomhaltais téimh, fuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh den sórt sin chun trédhearcacht agus cruinneas na cuntasaíochta i gcás tomhaltas aonair a áirithiú. I gcás inarb iomchuí, áireofar i rialacha den sórt sin treoirlínte maidir leis an mbealach is ceart an costas a leithdháileadh i dtaobh fuinneamh a úsáidtear mar a leanas:

(a)

uisce te tí;

(b)

teas a radaítear ón tsuiteáil foirgnimh agus chun na limistéir chomhchoiteanna a théamh, i gcás ina mbeidh staighrí agus dorchlaí feistithe le radaitheoirí;

(c)

chun árasáin a théamh nó a fhuarú.

Airteagal 9c

Ceanglas cianléimh

1.   Chun críocha Airteagail 9a agus 9b, is feistí atá inléite go cianda a bheidh sna méadair agus sna leithdháileoirí costais teasa a shuiteálfar tar éis an 25 Deireadh Fómhair 2020. Coinníollacha na hindéantachta teicniúla agus na costéifeachtúlachta, a leagtar amach in Airteagal 9b(1), leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu.

2.   Tabharfar an cumas do mhéadair agus do leithdháileoirí costais teasa nach bhfuil inléite go cianda ach atá suiteáilte cheana féin a bheith inléite go cianda nó cuirfear feistí atá inléite go cianda ina n-ionad faoin 1 Eanáir 2027, ach amháin i gcás ina léiríonn an Ballstát i dtrácht nach bhfuil sin costéifeachtúil.”;

(7)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Faisnéis bhilleála i gcomhair gáis agus leictreachais”;

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   I gcás nach mbeidh méadair chliste dá dtagraítear i dTreoracha 2009/72/CE agus 2009/73/CE ag custaiméirí deiridh, áiritheoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2014, go mbeidh faisnéis bhilleála iontaofa, cruinn agus bunaithe ar úsáid iarbhír, i gcomhréir le pointe 1.1 d'Iarscríbhinn VII, i gcás leictreachais agus gáis, i gcás inar féidir sin go teicniúil agus go mbeidh bonn eacnamaíoch leis.”;

(8)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 10a

Faisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí

1.   I gcás ina suiteáiltear méadair nó leithdháileoirí costais teasa, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais iontaofa, cruinn agus bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa, i gcomhréir le pointí 1 agus 2 d'Iarscríbhinn VIIa i gcás gach úsáideora deiridh, is é sin, i gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha a cheannaíonn téamh, fuarú nó uisce te tí dá gcríochúsáid féin, nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha a áitíonn foirgneamh aonair nó aonad i bhfoirgneamh ilárasán nó ilchuspóra a sholáthraítear téamh, fuarú nó uisce te tí dó ó fhoinse lárnach agus nach bhfuil aon chonradh díreach nó aonair acu leis an soláthróir fuinnimh.

I gcás ina bhforálann Ballstát dá leithéid, seachas i gcás tomhaltas fomhéadraithe bunaithe ar leithdháileoirí costais teasa faoi Airteagal 9b, féadfar an oibleagáid sin a chomhlíonadh trí chóras féinléimh rialta ina gcuirfidh an custaiméir deiridh nó an t-úsáideoir deiridh léamha óna méadar in iúl don soláthróir fuinnimh. Ní bhunófar an bhilleáil ar thomhaltas measta nó ar chothrom-ráta ach amháin i gcás nach mbeidh léamh méadair curtha ar fáil ag an gcustaiméir deiridh nó ag an úsáideoir deiridh le haghaidh eatramh billeála ar leith.

2.   Déanfaidh na Ballstáit:

(a)

a cheangal, má tá faisnéis faoi bhilleáil fuinnimh agus tomhaltas stairiúil nó léamha leithdháileoirí costais teasa na n-úsáideoirí deiridh ar fáil, go gcuirfear ar fáil í, arna iarraidh sin ag an úsáideoir deiridh, do sholáthraí seirbhíse fuinnimh arna ainmniú ag an úsáideoir deiridh;

(b)

a áirithiú go dtairgfear do chustaiméirí deiridh rogha na faisnéise billeála leictreonaí agus billí;

(c)

a áirithiú siad go gcuirfear faisnéis shoiléir intuigthe ar fáil leis an mbille do gach úsáideoir deiridh i gcomhréir le pointe 3 d'Iarscríbhinn VIIa; agus

(d)

an chibearshlándáil a chur chun cinn agus príobháideachas agus cosaint sonraí na n-úsáideoirí deiridh a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, ar iarraidh ón gcustaiméir deiridh, nach measfar gur iarraidh ar íocaíocht atá i soláthar faisnéise billeála. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar socruithe solúbtha le haghaidh íocaíocht iarbhír a thairgeadh.

3.   Cinnfidh na Ballstáit cé a bheidh freagrach as an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a sholáthar do na húsáideoirí deiridh nach bhfuil aon chonradh díreach nó aonair le soláthróir fuinnimh acu.”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála i gcás leictreachais agus gáis

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh custaiméirí deiridh a mbillí agus a bhfaisnéis bhilleála go léir i gcomhair tomhaltas fuinnimh saor in aisce agus go mbeidh rochtain ag custaiméirí deiridh freisin ar a sonraí tomhaltais ar shlí iomchuí agus saor in aisce.”;

(10)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 11a

Costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húsáideoirí deiridh a mbillí agus a bhfaisnéis bhilleála go léir i gcomhair tomhaltas fuinnimh saor in aisce agus go mbeidh rochtain ag na húsáideoirí deiridh freisin ar a sonraí tomhaltais ar shlí iomchuí agus saor in aisce.

2.   D'ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, is ar bhonn neamhbhrabúsach a dhéanfar costais na faisnéise billeála do thomhaltas aonair téimh, fuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh ilárasán agus i bhfoirgnimh ilchuspóra a dháileadh de bhun Airteagal 9b. Féadfar costais a eascraíonn ó shannadh an chúraim sin do thríú páirtí, amhail soláthraí seirbhíse nó an soláthróir fuinnimh áitiúil, ina gcumhdaítear an tomhas, an leithdháileadh agus an chuntasaíocht do thomhaltas aonair iarbhír i bhfoirgnimh den sórt sin, a chur ar aghaidh chun na n-úsáideoirí deiridh a mhéid a bheidh costais den sórt sin réasúnach.

3.   Chun a áirithiú go mbeidh costais réasúnacha ar na seirbhísí fomhéadraithe dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh na Ballstáit an t-iomaíochas a spreagadh san earnáil seirbhíse sin trí bhearta iomchuí a ghlacadh, amhail úsáid na tairisceana a mholadh nó a chur chun cinn ar shlí eile nó trí úsáid a bhaint as feistí agus córais idir-inoibritheacha a éascaíonn an t-aistriú ó sholáthraí seirbhíse amháin go ceann eile.”;

(11)

in Airteagal 15, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Faoin 31 Nollaig 2020, ullmhóidh an Coimisiún modheolaíocht chomhchoiteann, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, chun oibreoirí líonra a spreagadh a gcuid caillteanais a laghdú, clár infheistíochta bonneagair atá costéifeachtúil agus éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de a chur chun feidhme agus éifeachtúlacht fuinnimh agus solúbthacht na heangaí a chur san áireamh mar is ceart.”;

(12)

in Airteagal 20, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“3a.   Chun maoiniú príobháideach a shlógadh i gcomhar bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóiriú fuinnimh, i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE, beidh idirphlé ag an gCoimisiún le hinstitiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha araon chun gníomhaíochtaí a bhféadfaidh sé dul ina mbun a leagan amach.

3b.   Áireofar na nithe seo a leanas sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3a:

(a)

infheistíocht chaipitil a shlógadh in éifeachtúlacht fuinnimh trí thionchair níos leithne coigiltis fuinnimh a chur san áireamh le haghaidh bainistiú riosca airgeadais.

(b)

sonraí feidhmíochta fuinnimh agus airgeadais níos fearr a áirithiú tríd an méid seo a leanas:

(i)

tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an mbealach a gcuireann infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh le luachanna sócmhainní bunúsacha;

(ii)

tacú le staidéir chun measúnú a dhéanamh ar luach airgid a chur ar thairbhí neamhfhuinnimh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh.

3c.   Chun maoiniú príobháideach na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus an athchóirithe fuinnimh a shlógadh, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu:

(a)

féachfaidh siad faoi bhealaí chun úsáid níos fearr a bhaint as iniúchtaí fuinnimh faoi Airteagal 8 chun tionchar a imirt ar chinnteoireacht;

(b)

bainfidh siad an úsáid is fearr is féidir as na féidearthachtaí agus na huirlisí a mholtar sa tionscnamh dar teideal airgeadas cliste d'fhoirgnimh chliste.

3d.   Faoin 1 Eanáir 2020, cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil do na Ballstáit i ndáil leis an mbealach chun leas a bhaint as infheistíocht phríobháideach.”

(13)

in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a leasú trí na luachanna, na modhanna ríomha, an chomhéifeacht réamhshocraithe fuinnimh phríomhúil agus na ceanglais atá in Iarscríbhinní I go V, VII go X, agus XII a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.”;

(14)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 24 Nollaig 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*2).

(*2)  IO L 123, 12.5.2016, p. 1.”;"

(15)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   I gcomhthéacs na tuarascála ar Staid an Aontais Fuinnimh, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar fheidhmiú an mhargaidh carbóin i gcomhréir le hAirteagal 35(1) agus le pointe (c) d'Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus an tionchar a bhíonn ag cur chun feidhme na Treorach sin á chur san áireamh.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“12.   Faoin 31 Nollaig 2019, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a éifeachtaí atá cur chun feidhme an tsainmhínithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun críocha Airteagal 8(4), agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. A luaithe is féidir tar éis an tuarascáil sin a thíolacadh, glacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tograí reachtacha.

13.   Faoin 1 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar acmhainneacht éifeachtúlachta fuinnimh ó thaobh tiontú, claochlú, tarchur, iompar agus stóráil fuinnimh, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí.

14.   Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún, murar beartaíodh idir an dá linn athruithe a dhéanamh ar na forálacha margaidh miondíola atá i dTreoir 2009/73/CE maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás, measúnú maidir leis na forálacha a bhaineann le méadrú, faisnéis bhilleála agus faisnéis do thomhaltóirí i gcomhair gás nádúrtha, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an méid sin, agus é mar aidhm iad a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na forálacha ábhartha maidir leis an leictreachas i dTreoir (AE) 2009/72/CE, ionas gur féidir cosaint tomhaltóirí a neartú agus custaiméirí deiridh i gcomhair gás nádúrtha a chumasú le go bhfaighfear faisnéis níos minice, níos soiléire, cothrom le dáta faoina dtomhaltas gáis nádúrtha agus chun go bhféadfaidh siad a n-úsáid fuinnimh a rialú. A luaithe is féidir tar éis an tuarascáil sin a thíolacadh, glacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tograí reachtacha.

15.   Faoin 28 Feabhra 2024, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Áireofar sa mheastóireacht sin:

(a)

scrúdú ar cibé acu a oiriúnófar nó nach n-oiriúnófar, tar éis 2030, na ceanglais agus an cur chuige malartach a leagtar síos in Airteagal 5;

(b)

measúnú ar a éifeachtaí atá an Treoir seo i gcoitinne agus ar a riachtanaí atá sé beartas an Aontais a choigeartú a thuilleadh i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras 2015 maidir leis an athrú aeráide a tháinig i ndiaidh 21ú Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (*3) agus i bhfianaise forbairtí eacnamaíocha agus nuálaíochta.

Beidh tograí reachtacha i gcomhair bearta breise ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí.

(*3)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.”;"

(16)

leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 25 Meitheamh 2020.

Mar sin féin, déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun pointí 5 go 10 d'Airteagal 1, agus pointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 25 Deireadh Fómhair 2020.

Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den chineál sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, 11 Nollaig 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BOGNER-STRAUSS


(1)  IO C 246, 28.7.2017, lch. 42.

(2)  IO C 342, 12.10.2017, lch. 119.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 4 Nollaig 2018.

(4)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(5)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315 an 14.11.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 53, 18.6.2010, lch. 13).

(8)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(9)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le húsáid a bhaint as bonneagar breoslaí ionadúla (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1)

(10)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2012/27/AE mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 3:

“(3)

Infheidhme nuair a dhéantar coigilteas fuinnimh a ríomh i dtéarmaí fuinnimh phríomhúil trí úsáid a bhaint as cur chuige ón mbun aníos bunaithe ar thomhaltas fuinnimh deiridh. I gcás coigilteas i leictreachas kWh, cuirfidh na Ballstáit comhéifeacht réamhshocraithe i bhfeidhm arna suí trí bhíthin modheolaíocht thrédhearcach ar bhonn na n-imthosca náisiúnta a dhéanann difear do thomhaltas fuinnimh phríomhúil, ionas gur féidir an coigilteas iarbhír a ríomh go beacht. Beidh bunús leis na himthosca sin, agus beidh siad infhíoraithe agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha. Le haghaidh coigilteas i leictreachas kWh, féadfaidh na Ballstáit comhéifeacht réamhshocraithe 2,1 a chur i bhfeidhm nó féadfaidh siad an lánrogha a úsáid chun comhéifeacht éagsúil a shainiú, ar an gcoinníoll gur féidir leo údar cuí a thabhairt di. Agus sin á dhéanamh acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an meascán fuinnimh a chuimsítear ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, a bhfuil fógra le tabhairt ina leith don Choimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999. Faoin 25 Nollaig 2022 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún an chomhéifeacht réamhshocraithe a athscrúdú ar bhonn na sonraí iarbhír a fuarthas. Déanfar an t-athbhreithniú sin agus a thionchair ar dhlí eile de chuid an Aontais, amhail Treoir 2009/125/CE agus Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú finnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE á gcur san áireamh (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).”

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn V:

“IARSCRÍBHINN V

Modhanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna chun tionchar scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh nó beart beartais eile faoi Airteagail 7, 7a agus 7b agus Airteagal 20(6) a thomhas:

1.   Modhanna chun coigilteas fuinnimh seachas iad siúd a eascraíonn ó bhearta cánachais chun críocha Airteagail 7, 7a agus 7b agus Airteagal 20(6) a ríomh.

Féadfaidh páirtithe faoi oibleagáid, páirtithe rannpháirteacha nó páirtithe ar cuireadh cúram orthu, nó údaráis phoiblí cur chun feidhme, feidhm a bhaint as na modhanna seo a leanas chun coigilteas fuinnimh a ríomh:

(a)

coigilteas measta, mar thagairt do na torthaí ar fheabhsuithe fuinnimh a ndearnadh faireachán neamhspleách orthu cheana i suiteálacha comhchosúla. Tugtar “ex ante” ar an gcur chuige cineálach;

(b)

coigilteas méadraithe, ina ndéantar an coigilteas ó shuiteáil birt, nó pacáiste de bhearta, a chinneadh tríd an laghdú iarbhír ar úsáid fuinnimh a thaifeadadh, agus aird chuí á tabhairt ar fhachtóirí amhail breisíocht, áitíocht, leibhéil táirgeachta agus an aimsir a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar thomhaltas. Tugtar “ex post” ar an gcur chuige cineálach;

(c)

coigilteas scálaithe, ina n-úsáidtear meastacháin innealtóireachta ar choigilteas. Ní fhéadfar feidhm a bhaint as an gcur chuige sin ach amháin i gcás ina bhfuil sé deacair nó go díréireach daor sonraí tomhaiste láidre i gcomhair suiteáil shonrach a bhunú, e.g. comhbhrúiteoir nó mótar leictreach ag a bhfuil rátáil kWh éagsúil a chur in ionad comhbhrúiteoir nó mótar leictreach a ndearnadh faisnéis neamhspleách faoi choigilteas a thomhas ina leith, nó i gcás ina ndéanann saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe atá neamhspleách ó na páirtithe faoi oibleagáid, ó na páirtithe rannpháirteacha nó ó na páirtithe ar cuireadh cúram orthu na meastacháin sin ar bhonn modheolaíochtaí agus tagarmharcanna a bunaíodh go náisiúnta;

(d)

coigilteas a rinneadh suirbhéireacht orthu, ina gcinntear freagairt tomhaltóirí do chomhairle, d'fheachtais faisnéise, do lipéadú nó do scéimeanna deimhniúcháin nó do mhéadrú cliste. Ní fhéadfar feidhm a bhaint as an gcur chuige sin ach amháin do choigilteas a eascraíonn ó athruithe in iompar na dtomhaltóirí. Ní dhéanfar feidhm a bhaint as do choigilteas a eascraíonn ó shuiteáil beart fisiciúil.

2.   Nuair a bheidh an coigilteas fuinnimh do bheart éifeachtúlachta fuinnimh á chinneadh chun críocha Airteagail 7, 7a agus 7b agus Airteagal 20(6), beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)

Taispeánfar go bhfuil an coigilteas sa bhreis ar an gcoigilteas a bheadh ann ar aon chaoi gan gníomhaíocht na bpáirtithe faoi oibleagáid, na bpáirtithe rannpháirteacha nó na bpáirtithe ar cuireadh cúram orthu nó na n-údarás poiblí cur chun feidhme. Chun a chinneadh cad é an coigilteas is féidir a éileamh mar choigilteas breise, tabharfaidh na Ballstáit dá n-aire an chaoi a bhforbródh úsáid fuinnimh agus tomhaltas fuinnimh in éagmais an bhirt beartais faoi thrácht trí na tosca seo a leanas, ar a laghad, a chur san áireamh: treochtaí do thomhaltas fuinnimh, athruithe in iompar na dtomhaltóirí, dul chun cinn teicneolaíochta agus athruithe arb iad na bearta eile arna gcur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta is cúis leo.

(b)

Measfar gur coigilteas a bheadh ann ar aon nós coigilteas a eascraíonn ó chur chun feidhme dhlí éigeantach an Aontais, agus, ar an gcaoi sin, ní dhéanfar é a éileamh mar choigilteas fuinnimh chun críche Airteagal 7(1). De mhaolú ar an gceanglas sin, coigilteas atá bainteach le hathchóiriú foirgneamh atá ann cheana, féadfar é a éileamh mar choigilteas fuinnimh chun críche Airteagal 7(1), ar choinníoll go n-áirithítear an critéar ábharthachta dá dtagraítear i bpointe 3(h) den Iarscríbhinn seo. Coigilteas a eascraíonn ó chur chun feidhme na mbuncheanglas náisiúnta a bunaíodh ar mhaithe le foirgnimh nua roimh thrasuí Threoir 2010/31/AE, is féidir iad a éileamh mar choigilteas fuinnimh chun críche phointe (a) d'Airteagal 7(1), ar choinníoll go n-áirithítear an critéar ábharthachta dá dtagraítear i bpointe 3(h) den Iarscríbhinn seo agus gur thug na Ballstáit fógra faoin gcoigilteas sin ina gcuid Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 24(2).

(c)

Ní fhéadfar creidmheas a thabhairt ach amháin do choigilteas a théann thar na leibhéil seo a leanas:

(i)

Caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí an Aontais le haghaidh gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua tar éis Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 (*1) agus (AE) Uimh. 510/2011 (*2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme;

(ii)

Ceanglais an Aontais maidir le táirgí áirithe a bhfuil baint acu le fuinneamh a baint den mhargadh tar éis na bearta cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE a chur chun feidhme.

(d)

Ceadófar beartais a bhfuil mar chuspóir acu leibhéil níos airde éifeachtúlachta fuinnimh a spreagadh do tháirgí, trealamh, córais iompair, feithiclí agus breoslaí, foirgnimh agus gnéithe tógála, próisis nó margaí.

(e)

Bearta lena gcuirtear suiteáil teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite ar mionscála chun cinn ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh, féadfaidh siad a bheith incháilithe a bheith curtha san áireamh maidir le coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 7(1) a chomhlíonadh, ar an gcoinníoll go mbaintear coigilteas fuinnimh infhíoraithe amach leo atá intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh ceanglais na hIarscríbhinne seo.

(f)

Le haghaidh beartais lena gcuirtear dlús le glacadh táirgí agus feithiclí níos éifeachtúla, féadfar creidmheas iomlán a éileamh, ar choinníoll go dtaispeántar go dtarlóidh an glacadh sin sula rachaidh an saolré mheánach lena bhfuiltear ag súil don táirge nó don fheithicil in éag, nó sula ndéanfaí an táirge nó an fheithicil a ionadú de ghnáth, agus nach n-éileofar an coigilteas ach amháin don tréimhse go dtí deireadh na saolré meánaí lena bhfuiltear ag súil don táirge nó don fheithicil atá le hionadú.

(g)

Agus glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh á gcur chun cinn acu, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, go ndéanfar caighdeáin cháilíochta do tháirgí, do sheirbhísí agus do shuiteáil beart a chothabháil nó a thabhairt isteach i gcás nach ann do na caighdeáin sin.

(h)

Chun éagsúlachtaí aeráide idir réigiúin a chur san áireamh, féadfaidh Ballstáit rogha a dhéanamh an coigilteas a oiriúnú do luach caighdeánach nó chun coigilteas fuinnimh éagsúil a thabhairt i gcomhréir le hathruithe teochta idir réigiúin.

(i)

Déanfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh saolré na mbeart agus an ráta ag a laghdaítear coigilteas le himeacht ama a chur san áireamh. Leis an ríomh sin, déanfar an coigilteas a bhainfidh gach gníomhaíocht aonair amach le linn na tréimhse óna dáta cur chun feidhme go dtí an 31 Nollaig 2020 nó an 31 Nollaig 2030, de réir mar is iomchuí, a chomhaireamh. Mar mhalairt air sin, féadfaidh na Ballstáit modh eile a ghlacadh a mheastar go mbainfidh sé amach an méid iomlán céanna de choigilteas ar a laghad. Nuair a bheidh feidhm á baint acu as modh eile, áiritheoidh na Ballstáit nach sáróidh méid iomlán an choigiltis fuinnimh arna ríomh trí fheidhm a bhaint as an modh sin méid an choigiltis fuinnimh a bheadh mar thoradh ar a ríomh agus an coigilteas a bhainfear amach le gach gníomhaíocht aonair le linn na tréimhse óna dáta cur chun feidhme go dtí an 31 Nollaig 2020 nó 31 Nollaig 2030, de réir mar is iomchuí, á chomhaireamh acu. Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc mhionsonraithe, ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide faoi Rialachán (AE) 2018/1999, ar an modh eile agus ar na forálacha atá déanta chun a áirithiú go gcomhlíontar an ceanglas ceangailteach maidir leis an ríomh.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas do na bearta beartais arna nglacadh de bhun Airteagal 7b agus Airteagal 20(6):

(a)

cruthaítear, leis na bearta beartais agus na gníomhaíochtaí aonair, coigilteas fuinnimh críochúsáide atá infhíoraithe;

(b)

déantar freagracht gach páirtí rannpháirtigh, gach páirtí ar cuireadh cúram air nó gach údaráis phoiblí cur chun feidhme, de réir mar is ábhartha, a shainmhíniú go soiléir;

(c)

déantar an coigilteas fuinnimh a baineadh amach nó atá le baint amach a chinneadh ar bhealach trédhearcach;

(d)

sloinntear an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoin mbeart beartais nó atá le baint amach aige i dtomhaltas fuinnimh deiridh nó i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil, agus feidhm á baint as na fachtóirí coinbhéartachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;

(e)

cuirtear ar fáil tuarascáil bhliantúil maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a bhain na páirtithe ar cuireadh cúram orthu, na páirtithe rannpháirteacha agus na húdaráis phoiblí cur chun feidhme amach agus déantar í, mar aon le sonraí ar threocht bhliantúil an choigiltis fuinnimh, a fhoilsiú go poiblí;

(f)

faireachán a dhéanamh ar na torthaí agus bearta iomchuí a ghlacadh mura bhfuil an dul chun cinn sásúil;

(g)

ní éilíonn níos mó ná aon pháirtí amháin an coigilteas fuinnimh ó ghníomhaíocht aonair;

(h)

taispeántar go raibh gníomhaíochtaí an pháirtí rannpháirtigh, an pháirtí ar cuireadh cúram air nó an údaráis phoiblí cur chun feidhme ábhartha maidir le baint amach an choigiltis fuinnimh a éilíodh.

4.   Agus an coigilteas fuinnimh ó bhearta beartais atá bainteach le cánachas a tugadh isteach faoi Airteagal 7b á chinneadh, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)

ní thabharfar creidmheas ach amháin do choigilteas fuinnimh ó bhearta cánachais a sháraíonn na híosleibhéil cánachais is infheidhme maidir le breoslaí mar a éilítear i dTreoir 2003/96/CE (*3) nó 2006/112/CE (*4) ón gComhairle;

(b)

le praghasleaisteachais chun tionchar na mbeart cánach (fuinnimh) a ríomh, léireofar freagrúlacht an éilimh fuinnimh d'athruithe praghsanna, agus déanfar iad a mheasúnú ar bhonn foinsí sonraí oifigiúla ionadaíocha, ar sonraí iad atá ann le gairid;

(c)

déanfar an coigilteas fuinnimh ó na hionstraimí beartais cánachais a ghabhann leo, lena n-áirítear dreasachtaí fioscacha nó íocaíocht chuig ciste, a chuntasú ar leithligh.

5.   Fógra i dtaobh na modheolaíochta

Tabharfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, fógra don Choimisiún faoin modheolaíocht mhionsonraithe atá molta acu chun na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus na bearta malartacha dá dtagraítear in Airteagail 7a agus 7b agus Airteagal 20(6) a fheidhmiú. Ach amháin i gcás cánachais, beidh sonraí faoi na nithe seo a leanas i bhfógra den sórt sin:

(a)

leibhéal an choigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi phointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(1) nó an coigilteas a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach thar an tréimhse ar fad ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030;

(b)

na páirtithe faoi oibleagáid, na páirtithe rannpháirteacha nó na páirtithe ar cuireadh cúram orthu, nó na húdaráis phoiblí cur chun feidhme;

(c)

na hearnálacha sprice;

(d)

bearta beartais agus gníomhaíochtaí aonair, lena n-áirítear an méid iomlán de choigilteas carnach fuinnimh lena bhfuiltear ag súil le haghaidh gach birt;

(e)

fad na tréimhse oibleagáide do na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh;

(f)

na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear leis an mbeart beartais;

(g)

modheolaíocht an ríomha, lena n-áirítear conas a cinneadh an bhreisíocht agus an ábharthacht agus cé na modheolaíochtaí agus na tagarmharcanna a úsáidtear le haghaidh coigilteas measta agus coigilteas scálaithe;

(h)

saolréanna na mbeart, agus conas a dhéantar iad a ríomh nó cad air a bhfuil siad bunaithe;

(i)

an cur chuige a ghlactar chun aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí aeráide laistigh den Bhallstát;

(j)

na córais faireacháin agus fíoraithe le haghaidh bearta faoi Airteagail 7a agus 7b agus conas a dhéantar a neamhspleáchas ó na páirtithe faoi oibleagáid, ó na páirtithe rannpháirteacha nó ó na páirtithe ar cuireadh cúram orthu a áirithiú;

(k)

i gcás cánachais:

(i)

na hearnálacha sprice agus sciar na gcáiníocóirí;

(ii)

an t-údarás poiblí cur chun feidhme;

(iii)

an coigilteas a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach;

(iv)

an fad a mhairfidh an beart cánachais; agus

(v)

an mhodheolaíocht ríofa, lena n-áirítear cén praghasleaisteachas a úsáidtear agus conas a bunaíodh é.

;

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí go ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1)."

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1)."

(*3)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51)."

(*4)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1)."

(3)

in Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Na ceanglais íosta do bhilleáil agus d'fhaisnéis bhilleála bunaithe ar thomhaltas iarbhír leictreachais agus gáis”;

(4)

cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach:

“IARSCRÍBHINN VIIa

Na ceanglais íosta d'fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí

1.   An bhilleáil bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó léamha leithdháileoirí costais teasa

D'fhonn úsáideoirí deiridh a chumasú chun a dtomhaltas fuinnimh féin a rialú, déanfar billeáil ar bhonn tomhaltas iarbhír nó léamha leithdháileoirí costais teasa uair sa bhliain ar a laghad.

2.   Minicíocht íosta na faisnéise billeála nó tomhaltais

Ón 25 Meán Fómhair 2020, i gcás inar suiteáladh méadair nó leithdháileoirí costais teasa atá inléite go cianda, cuirfear faisnéis bhilleála nó tomhaltais bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa ar fáil do na húsáideoirí deiridh ar a laghad gach ráithe arna iarraidh sin nó i gcás inar roghnaigh na custaiméirí deiridh billeáil leictreonach a fháil, nó faoi dhó sa bhliain murach sin.

Ón 1 Eanáir 2022, i gcás inar suiteáladh méadair nó leithdháileoirí costais teasa atá inléite go cianda, cuirfear faisnéis bhilleála nó tomhaltais bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa ar fáil do na húsáideoirí deiridh gach mí ar a laghad. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil tríd an idirlíon freisin agus í a thabhairt chun dáta a mhinice is incheadaithe leis na feistí agus na córais tomhais a úsáidtear. Féadfar téamh agus fuarú a dhíolmhú ón gceanglas sin lasmuigh de na séasúir téimh/fuaraithe.

3.   An fhaisnéis íosta a bheidh sa bhille

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ar fáil an fhaisnéis seo a leanas do na húsáideoirí deiridh i dtéarmaí soiléire sothuigthe ina mbillí nó lena mbillí i gcás ina bhfuil siad bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa:

(a)

praghsanna iarbhír reatha agus tomhaltas iarbhír fuinnimh nó costas teasa iomlán agus léamha leithdháileoirí costais teasa;

(b)

faisnéis faoin meascán breosla a úsáidtear agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa bliantúla gaolmhara, lena n-áirítear d'úsáideoirí deiridh arna soláthar ag téamh ceantair nó fuarú ceantair, agus cur síos ar na cánacha, tobhaigh agus taraifí éagsúla a cuireadh i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit raon feidhme an cheanglais a theorannú maidir le faisnéis faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur ar fáil chun nach n-áireofar ach soláthairtí ó chórais téimh ceantair ar mó a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán ná 20 MW;

(c)

comparáidí do thomhaltas fuinnimh reatha na n-úsáideoirí deiridh le tomhaltas don tréimhse chéanna sa bhliain roimhe, i bhfoirm ghrafaic, arna ceartú ó thaobh na haeráide de le haghaidh téimh agus fuarú;

(d)

faisnéis teagmhála d'eagraíochtaí úsáideoirí deiridh, gníomhaireachtaí fuinnimh nó comhlachtaí comhchosúla, lena n-áirítear seoltaí gréasáin, óna bhféadfar faisnéis a fháil faoi na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá le fáil, faoi phróifílí comparáideacha úsáideoirí deiridh agus faoi shonraíochtaí teicniúla oibiachtúla do threalamh a úsáideann fuinneamh.

(e)

faisnéis faoi nósanna imeachta gaolmhara gearáin, seirbhísí ombudsman nó sásraí um réiteach malartach díospóidí, de réir mar is infheidhme sna Ballstáit;

(f)

comparáidí le meán-úsáideoir deiridh normalaithe nó tagarmharcáilte sa chatagóir úsáideora chéanna. I gcás billí leictreonacha, féadfar, de rogha air sin, comparáidí den sórt sin a chur ar fáil ar líne agus a bheith marcáilte sna billí.

I gcás billí nach bhfuil bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais, beidh míniú soiléir sothuigthe iontu ar conas a ríomhadh an méid a leagtar amach sa bhille, agus ar a laghad, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e).

;

(5)

in Iarscríbhinn IX, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g) den cheathrú mír de Chuid 1:

“(g)

Anailís eacnamaíoch: Fardal na n-iarmhairtí

Cuirfear san áireamh san anailís eacnamaíoch gach iarmhairt eacnamaíoch ábhartha.

Féadfaidh na Ballstáit costais agus coigilteas fuinnimh de bhíthin solúbthacht mhéadaithe i dtaobh an tsoláthair fuinnimh agus de bhíthin fheidhmiú barrmhaith na líonraí leictreachais a mheas agus a chur san áireamh ina gcinnteoireacht, lena n-áirítear na costais agus an coigilteas a seachnaíodh a bhuí le hinfheistíocht laghdaithe sa bhonneagar, sna cásanna a ndéantar anailís orthu.

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sna costais agus sna tairbhí dá dtagraítear sa chéad mhír:

(i)

Tairbhí

Luach aschuir don tomhaltóir (teas agus leictreachas)

Tairbhí seachtracha amhail tairbhí comhshaoil, astaíochtaí gás ceaptha teasa agus sláinte agus sábháilteachta, a mhéid is féidir

Iarmhairtí ar mhargadh an tsaothair, an tslándáil fuinnimh agus an t-iomaíochas, a mhéid is féidir;

(ii)

Costais

Costais chaipitiúla gléasra agus trealamh

Costais chaipitiúla na líonraí fuinnimh gaolmhara

Costais oibriúcháin athraitheacha agus sheasta

Costais fuinnimh

Costais chomhshaoil, sláinte agus sábháilteachta a mhéid is féidir

Costais mhargadh an tsaothair, an tslándáil fuinnimh agus an t-iomaíochas, a mhéid is féidir.”;

(6)

in Iarscríbhinn XII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) den chéad mhír:

“(a)

a rialacha caighdeánacha a bhunú agus a chur ar fáil don phobal, ar rialacha iad a bhaineann le costais maidir le hoiriúnuithe teicniúla a iompar agus a roinnt, amhail nascadh leis an eangach, atreisiú na heangaí agus tabhairt isteach eangach nua, feabhas a chur ar fheidhmiú na heangaí agus ar na rialacha maidir le cur chun feidhme neamh-idirdhealaitheach na gcód eangaí, rud atá riachtanach d'fhonn táirgeoirí nua a chuireann leictreachas a ghintear as comhghiniúint ardéifeachtúlachta leis an eangach idirnasctha a lánpháirtiú;”.

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí go ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1).

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1).

(*3)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

(*4)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).”