17.12.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

36


TREOIR (AE) 2018/1972 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2018

lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach

(Athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Treoracha 2002/19/CE (4), 2002/20/CE (5), 2002/21/CE (6) agus 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a leasú go substaintiúil. Ós rud é go bhfuil leasuithe breise le déanamh, ba cheart na Treoracha sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Tá feidhmiú na gcúig Threoir atá mar chuid den chreat rialála atá ann faoi láthair le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, eadhon Treoracha 2002/19/CE, 2002/20/CE, 2002/21/CE, 2002/22/CE agus 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), faoi réir athbhreithniú tréimhsiúil arna dhéanamh ag an gCoimisiún, d'fhonn, go háirithe, an gá atá le modhnú a mheas i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta agus margaidh.

(3)

Ina theachtaireacht an 6 Bealtaine 2015, lena leagtar amach Straitéis Digiteach maidir le Margadh Aonair don Eoraip, luaigh an Coimisiún go ndíreofadh a athbhreithniú ar an gcreat teileachumarsáide ar bhearta a mbeidh sé d'aidhm acu dreasachtaí a sholáthar le haghaidh infheistíocht i líonraí leathanbhanda ardluais, cur chuige níos leanúnaí don mhargadh inmheánach a chur i bhfeidhm i mbeartas agus i mbainistíocht speictrim raidió, dálaí d'fhíormhargadh inmheánach a chur ar fáil trí dhul i ngleic le hilroinnt rialála, trí chosaint éifeachtach tomhaltóirí, cothrom iomaíochta do na gníomhaithe margaidh ar fad agus cur i bhfeidhm comhleanúnach na rialacha a áirithiú, chomh maith le creat rialála institiúideach níos éifeachtaí a chur ar fáil.

(4)

Tá an Treoir seo mar chuid d'fhreachnamh “Oiriúnachta Rialála” (REFIT) agus faoi raon feidhme an fhreachnaimh sin tá ceithre Threoir, eadhon 2002/19/AE, 2002/20/AE, 2002/21/AE agus 2002/22/AE, agus Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). I ngach ceann de na Treoracha sin tá bearta is infheidhme maidir le soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, atá i gcomhréir le stair rialála na hearnála faoinar comhtháthaíodh gnóthais go ceartingearach, eadhon gníomhach i soláthar líonraí agus seirbhísí. Leis an athbhreithniú is féidir na ceithre Threoir a athmhúnlú chun an struchtúr atá ann faoi láthair a shimpliú, d'fhonn a chomhleanúnachas agus a inrochtaineacht a threisiú, i gcomhréir le cuspóir REFIT. Leis an athbhreithniú is féidir an struchtúr a chur in oiriúint don réaltacht mhargaidh nua freisin, áit nach gá soláthar seirbhísí cumarsáide a dhíol i mbeart le soláthar líonra níos mó. Mar a fhoráiltear i gComhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníc an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha (10), is é is athmhúnlú ann gníomh nua reachtach a ghlacadh lena n-ionchorpraítear i dtéacs aonair na leasuithe substainteacha a dhéantar ar ghníomh roimhe sin chomh maith le forálacha an ghnímh sin atá gan athrú. Sa togra le haghaidh athmhúnlú déileáiltear leis na leasuithe substainteacha a dhéantar ar ghníomh roimhe sin, agus ar leibhéal tánaisteach, áirítear ann códú na bhforálacha gan athrú ón ngníomh roimhe sin leis na leasuithe substainteacha sin.

(5)

Leis an Treoir seo cruthaítear creat dlíthiúil chun saoirse maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur ar fáil a áirithiú, faoi réir na gcoinníollacha amháin a leagtar síos sa Treoir seo agus aon srianta i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe bearta maidir le beartas poiblí, slándáil phoiblí agus sláinte phoiblí, agus comhsheasmhach le hAirteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais (“an Chairt”).

(6)

Tá an Treoir seo gan dochar don deis go ndéanfadh gach Ballstát na bearta is gá, chun a áirithiú go gcosnófar a leasanna bunúsacha slándála, chun beartas poiblí agus slándáil phoiblí a chosaint, agus ionas go bhféadfar cionta coiriúla a fhiosrú, a bhrath agus a ionchúiseamh, agus é á chur san áireamh nach mór foráil a dhéanamh le dlí d'aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n-aithint sa Chairt, go háirithe in Airteagail 7, 8 agus 11 de, amhail srianta i dtaca le próiseáil sonraí, agus nach mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú, agus a bheith faoi réir phrionsabal na comhréireachta, i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt.

(7)

Ciallaíonn coinbhéirseacht na n-earnálacha teileachumarsáide, meán agus teicneolaíochta faisnéise gur cheart na líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar fad a chumhdach a mhéid is féidir le cód Eorpach aonair um chumarsáid leictreonach arna bhunú le Treoir aonair, seachas ábhair ar fearr déileáil leo trí rialacha is infheidhme go díreach agus a bhunaítear le rialachán. Is gá rialáil na líonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí a dheighilt ó rialáil an ábhair. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear leis an Treoir sin ábhar na seirbhísí a sheachadtar thar líonraí cumarsáide leictreonaí lena n-úsáidtear seirbhísí cumarsáide leictreonaí, amhail ábhar craoltóireachta, seirbhísí airgeadais agus seirbhísí áirithe de chuid shochaí na faisnéise, agus ní dochar é do bhearta arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta i leith na seirbhísí sin, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun éagsúlacht chultúrtha agus teanga a chur chun cinn agus chun cosaint iolrachas na meán a áirithiú. Cumhdaítear ábhar clár teilifíse le Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Is é is aidhm do rialáil beartais agus ábhair closamhairc cuspóirí leasa ginearálta a bhaint amach, amhail saoirse cainte, iolrachas na meán, neamhchlaontacht, éagsúlacht chultúrtha agus teanga, cuimsiú sóisialta, cosaint tomhaltóirí agus cosaint mionaoiseach. Ní dhéanann an deighilt idir rialáil cumarsáide leictreonaí agus rialáil ábhair difear do na naisc atá eatarthu a chur san áireamh, go háirithe chun iolrachas na meán, éagsúlacht chultúrtha agus cosaint tomhaltóirí a ráthú. Laistigh de theorainneacha a n-inniúlachtaí, ba cheart do na húdaráis inniúla cuidiú lena áirithiú go ndéanfar beartais atá dírithe ar chur chun cinn na cuspóirí sin a chur chun feidhme.

(8)

Leis an Treoir seo ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) maidir le trealamh raidió, ach cumhdaítear inti trealamh raidió cairr agus glacadóirí raidió do thomhaltóirí agus trealamh teilifíse digití do thomhaltóirí.

(9)

Chun gur féidir leis na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo a bhaint amach, go háirithe maidir le hidir-inoibritheacht ceann go ceann, ba cheart go gcumhdófaí i raon feidhme na Treorach gnéithe áirithe de threalamh raidió mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/53/AE agus trealamh tomhaltóirí a úsáidtear do theilifís dhigiteach, chun rochtain d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas a éascú. Tá sé tábhachtach go spreagfadh rialtóirí agus údaráis inniúla eile oibreoirí líonraí agus monaróirí trealaimh oibriú i gcomhar le chéile chun rochtain a éascú d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí. Cé nach mbaineann sí le gníomhaíocht eacnamaíoch, ba cheart aon úsáid neamheisiach a bhaintear as speictream raidió le haghaidh féinúsáid trealaimh teirminéil raidió a bheith faoi réir na Treorach seo chun cur chuige comhordaithe maidir lena gcóras údaraithe a áirithiú.

(10)

D'fhéadfadh seirbhísí cumarsáide leictreonaí áirithe faoin Treoir seo a bheith laistigh de raon feidhme an tsainmhínithe ar 'seirbhís na sochaí faisnéise' a leagtar amach in Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Tá feidhm ag forálacha na Treorach sin lena rialaítear seirbhísí na sochaí faisnéise maidir leis na seirbhísí cumarsáide leictreonaí sin a mhéid nach ann do níos mó forálacha sonracha is infheidhme maidir le seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Mar sin féin, cumhdaítear seirbhísí cumarsáide leictreonaí, amhail guth-theileafónaíocht, seirbhísí teachtaireachtaí meandracha agus seirbhísí ríomhphoist, faoin Treoir seo. Is féidir leis an ngnóthas céanna, mar shampla soláthraí seirbhíse idirlín, seirbhís cumarsáide leictreonaí, amhail rochtain ar an idirlíon, a thairiscint chomh maith le seirbhísí nach gcumhdaítear leis an Treoir seo, amhail soláthar inneachair ghréasánbhunaithe nach mbaineann le cumarsáid.

(11)

Is féidir leis an ngnóthas céanna, mar shampla oibreoir cábla, seirbhís cumarsáide leictreonaí, amhail iompar comharthaí teilifíse, a thairiscint chomh maith le seirbhísí nach gcumhdaítear faoin Treoir seo, amhail tairiscint ar sheirbhísí ábhair chraoltóireachta fuaime nó teilifíse a thráchtálú, agus, dá bhrí sin, is féidir oibleagáidí breise a fhorchur ar ghnóthas den sórt sin i ndáil lena ghníomhaíocht mar sholáthraí nó mar dháileoir inneachair, i gcomhréir leis na forálacha nach bhfuil sa Treoir seo, gan dochar do liosta na gcoinníollacha a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

(12)

Ba cheart go gcumhdófaí sa chreat rialála an úsáid a bhaineann líonraí cumarsáide leictreonaí as speictream raidió, lena n-áirítear féinúsáid speictrim raidió ag cineálacha nua líonraí ina bhfuil córais uathrialacha trealaimh raidió shoghluaiste amháin atá ceangailte trí naisc gan sreang agus gan oibreoir líonra lárbhainistíochta nó láraithe, agus ní gá gur laistigh d'fheidhmiú aon ghníomhaíochta eacnamaíche sonraí é. Sa timpeallacht cumarsáide 5G gan sreang atá ag forbairt, is dócha go bhforbróidh na líonraí sin go háirithe lasmuigh d'fhoirgnimh agus ar na bóithre, le haghaidh iompair, fuinnimh, taighde agus forbartha, ríomhsheirbhísí sláinte, chosaint an phobail agus fóirithint anachaine, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, meaisín le meaisín agus carranna ceangailte. Mar thoradh air sin, ba cheart go léireofaí prionsabail an mhargaidh inmheánaigh le hiarratas na mBallstát, bunaithe ar Airteagal 7 de Threoir 2014/53/AE, ar cheanglais náisiúnta bhreise maidir leis an trealamh raidió sin a úsáid nó a chur i seirbhís, nó iad araon, i ndáil le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió agus trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint.

(13)

Bíonn na ceanglais a bhaineann le cumais líonraí cumarsáide leictreonaí de shíor ag dul i méid. Cé go raibh an bhéim san am a caitheadh ar bhandaleithead a fhás a raibh fáil ghinearálta air ag gach úsáideoir aonair, tá an tábhacht atá le paraiméadair eile, amhail aga folaigh, infhaighteacht agus iontaofacht, ag dul i méid. Mar thoradh ar an bhfreagra reatha ar an éileamh sin tá snáithín optúil ag fáil níos gaire agus níos gaire don úsáideoir agus beidh ag teastáil ó 'líonraí fíor-ardacmhainne' amach anseo paraiméadair feidhmíochta a bheidh coibhéiseach leis an méid is féidir le líonra atá bunaithe ar eilimintí snáithín optúil chomh fada leis an bpointe dáileacháin ar a laghad ag an áit freastail a sholáthar. I gcás ceangal líne fosaithe, comhfhreagraíonn an méid sin d'fheidhmíocht líonra atá coibhéiseach leis an méid is féidir le suiteáil snáithín optúil a bhaint amach chomh fada le foirgneamh ilteaghaise, a mheastar mar an áit freastail. I gcás ceangal gan sreang, comhfhreagraíonn sé d'fheidhmíocht líonra atá cosúil leis an méid is féidir a bhaint amach bunaithe ar shuiteáil snáithín optúil chomh fada leis an mbunstáisiún, a mheastar mar an áit freastail. Na héagsúlachtaí i dtaithí úsáideoirí deiridh arb é is cúis leo saintréithe éagsúla an mheáin a nascann an líonra ar deireadh le críochphointe an líonra, níor cheart iad a chur san áireamh chun a shuí cibé acu an féidir féachaint ar líonra gan sreang mar líonra a chuireann feidhmíocht líonra chomhchosúil ar fáil nó nach féidir. I gcomhréir le prionsabal na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta de, níor cheart teicneolaíochtaí agus meáin tarchurtha eile a chur as an áireamh, i gcás ina bhfuil comparáid idir iad agus an cás bunlíne sin ó thaobh a gcuid cumais. Le leathadh amach na 'líonraí fíor-ardacmhainne' sin is dóigh go méadófar cumas na líonraí tuilleadh agus réiteofar an bealach do leathadh amach ghlúnta líonraí gan sreang na todhchaí a bheidh bunaithe ar chomhéadain aeir fheabhsaithe agus ar ailtireacht líonraí níos dlúithe.

(14)

Is gá sainmhínithe a choigeartú chun a áirithiú go mbeidh siad i gceangal le prionsabal na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta de agus go gcoinneofar cothrom le dáta le dul chun cinn na teicneolaíochta, lena n-áirítear cineálacha nua bainistíochta líonra, amhail trí bhíthin líonraí bogearraí-fhíorúla nó líonraí bogearraí-shainithe. De bharr fhorbairt na teicneolaíochta agus an mhargaidh tá na líonraí aistrithe go teicneolaíocht prótacail idirlín (IP) agus is féidir le húsáideoirí deiridh an rogha a dhéanamh idir raon soláthraithe seirbhíse gutha atá in iomaíocht le chéile. Dá bhrí sin, ba cheart an téarma 'seirbhís teileafóin atá ar fáil go poiblí', a úsáidtear go heisiach i dTreoir 2002/22/CE agus a nglactar go forleathan leis go dtagraíonn sé do sheirbhísí teileafóin analógacha traidisiúnta, a ionadú leis an téarma 'seirbhís cumarsáide ghutha' atá níos cothroime le dáta agus níos neodraí ó thaobh na teicneolaíochta de. Ba cheart na coinníollacha maidir le soláthar seirbhíse a dheighilt ó na gnéithe sainmhínitheacha iarbhír de sheirbhís cumarsáide gutha, eadhon, seirbhís cumarsáide leictreonaí a chuirtear ar fáil go poiblí chun glaonna náisiúnta nó glaonna náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanamh nó a fháil, go díreach nó go hindíreach, trí uimhir nó uimhreacha i bplean uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta, cibé acu atá an tseirbhís sin bunaithe ar theicneolaíocht an lasctha ciorcad nó ar theicneolaíocht an lasctha paicéad. Is é nádúr seirbhíse den sórt sin gur seirbhís dhéthreoch í, lenar féidir leis an dá pháirtí cumarsáid a dhéanamh le chéile. Ní seirbhís den sórt sin é seirbhís nach gcomhlíonann na coinníollacha sin ar fad, mar shampla feidhmchlár 'cliceála tríd' ar shuíomh gréasáin seirbhísí do chustaiméirí. Áirítear i seirbhísí cumarsáide gutha freisin modhanna cumarsáide atá ceaptha go sonrach d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas lena n-úsáidtear seirbhísí athsheachadta téacs nó seirbhísí comhrá iomláin.

(15)

Tá forbairt mhór déanta ar na seirbhísí a úsáidtear chun críocha cumarsáide, agus ar mhodhanna teicniúla a seachadta. De réir a chéile, ionadaíonn úsáideoirí deiridh teileafónaíocht ghutha thraidisiúnta, teachtaireachtaí téacs (SMS) agus seirbhísí tíolacais ríomhphoist le seirbhísí ar líne atá coibhéiseach go feidhmiúil, amhail prótacal idirlín guthaithe, seirbhísí teachtaireachtaí meandracha agus seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe. Chun a áirithiú go gcosnófar úsáideoirí deiridh agus a gcuid ceart go héifeachtach agus go cothrom agus iad ag úsáid seirbhísí atá coibhéiseach go feidhmiúil, níor cheart sainmhíniú ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá dírithe ar an todhchaí a bheith bunaithe ar pharaiméadair theicniúla amháin — ba cheart iad a bhunú ar chur chuige feidhmiúil. Ba cheart gurbh iomchuí raon feidhme an rialúcháin is gá chun a chuspóirí leasa phoiblí a bhaint amach. Cé gur paraiméadar tábhachtach fós é “iompar comharthaí” chun na seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a chinneadh, ba cheart an sainmhíniú seirbhísí a chumhdach freisin lenar féidir cumarsáid a dhéanamh. Ó pheirspictíocht úsáideora deiridh, níl sé ábhartha cibé acu a iompraíonn an soláthraí féin comharthaí nó a sheachadtar an chumarsáid trí sheirbhís rochtana idirlín. Dá bhrí sin, ba cheart trí chineál seirbhísí, a d'fhéadfadh a bheith ag forluí lena chéile go pointe áirithe, a bheith sa sainmhíniú ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, is iad sin seirbhísí rochtana idirlín mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), seirbhísí cumarsáide idirphearsanta mar a shainmhínítear sa Treoir seo, agus seirbhísí nach ndéantar iontu ach comharthaí a iompar nó arb é sin a dhéantar iontu den chuid is mó. Leis an sainmhíniú ar sheirbhís cumarsáide leictreonaí, ba cheart go ndíothófaí na débhríochtaí a d'fheictí i gcur chun feidhme an tsainmhínithe mar a bhí sé roimh ghlacadh na Treorach seo agus ba cheart go gceadófaí na cearta agus na hoibleagáidí sonracha atá sa chreat a ghabhann leis na cineálacha éagsúla seirbhísí a chur i bhfeidhm ar bhealach calabraithe foráil ar fhoráil. Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta le seirbhísí cumarsáide leictreonaí, cibé acu mar luach saothair nó eile, a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(16)

Chun teacht faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar sheirbhís cumarsáide leictreonaí, ní mór seirbhís a sholáthar mar mhalairt ar luach saothair de ghnáth. Sa gheilleagar digiteach, is mó an luach airgid a chuireann rannpháirtithe margaidh ar fhaisnéis faoi úsáideoirí anois. Is minic nach ar airgead amháin a sholáthraítear seirbhísí cumarsáide leictreonaí don úsáideoir deiridh; go deimhin, is minice anois gur i leith sonraí pearsanta nó sonraí eile go háirithe a sholáthraítear iad. Ba cheart go gcuimseofaí i gcoincheap an luacha saothair cásanna ina n-iarrann soláthraí seirbhíse sonraí pearsanta, de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679, nó sonraí eile, agus ina soláthraíonn an t-úsáideoir deiridh go feasach iad sin, go díreach nó go hindíreach, don soláthraí. Ba cheart go gcuimseofaí ann freisin cásanna ina dtugann an t-úsáideoir deiridh rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil soláthartha go gníomhach aige, amhail sonraí pearsanta, lena n-áirítear an seoladh IP, nó faisnéis eile a ghintear go huathoibríoch, amhail faisnéis a bhailíonn agus a tharchuireann fianán. I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) maidir le hAirteagal 57 CFAE (16), is ann do luach saothair de réir bhrí CFAE freisin más tríú páirtí a íocann an soláthraí seirbhíse, agus ní an faighteoir seirbhíse. Dá bhrí sin, ba cheart go gcuimseofaí i gcoincheap an luacha saothair freisin cásanna ina nochtar an t-úsáideoir deiridh d'fhógraí mar choinníoll chun rochtain a fháil ar an tseirbhís, nó cásanna ina gcuireann an soláthraí seirbhíse luach airgid ar na sonraí pearsanta atá bailithe aige i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

(17)

Is éard is seirbhísí cumarsáide idirphearsanta ann seirbhísí lenar féidir faisnéis a mhalartú ar bhealach idirphearsanta agus idirghníomhach, lena gcumhdaítear seirbhísí amhail glaonna gutháin traidisiúnta idir beirt ach chomh maith leis sin gach cineál ríomhphoist, seirbhíse teachtaireachtaí meandracha, nó comhrá grúpa. Ní chumhdaítear le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta ach cumarsáid idir líon finideach daoine nádúrtha, is é sin le rá líon nach bhféadfadh a bheith neamhtheoranta, a chinneann seoltóir na cumarsáide. Ba cheart an chumarsáid lena mbaineann daoine dlítheanacha a bheith laistigh de raon feidhme an tsainmhínithe ina ngníomhaíonn daoine nádúrtha thar ceann na ndaoine dlítheanacha sin nó ina mbíonn siad bainteach leis an gcumarsáid ar thaobh amháin ar a laghad. Is é atá i gceist le cumarsáid idirghníomhach seirbhís lenar féidir le faighteoir na faisnéise freagra a thabhairt. Níor cheart a mheas gur seirbhísí cumarsáide idirphearsanta iad seirbhísí nach gcomhlíonann na ceanglais sin, amhail craoltóireacht líneach, físeáin ar éileamh, suíomhanna gréasáin, blaganna, nó malartú faisnéise idir meaisíní. I gcúinsí eisceachtúla, níor cheart a mheas gur seirbhís cumarsáide idirphearsanta atá i seirbhís mura bhfuil sa tsaoráid chumarsáide idirphearsanta agus idirghníomhaí ach mionghné choimhdeach amháin de sheirbhís eile agus, ar chúiseanna teicniúla oibiachtúla, nach féidir í a úsáid gan an phríomhsheirbhís, agus nach bealach atá ina comhtháthú chun dul timpeall ar infheidhmeacht na rialacha lena rialaítear seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Agus iad mar eilimintí de dhíolúine ón sainmhíniú, ba cheart na téarmaí 'mion' agus 'coimhdeach amháin' a léirmhíniú ar bhealach cúng agus ó dhearcadh úsáideora deiridh oibiachtúil. D'fhéadfaí a mheas gur mionghné í gné chumarsáide idirphearsanta i gcás ina bhfuil an úsáid oibiachtúil atá aici an-teoranta maidir le húsáideoir deiridh agus i gcás nach bhfuil ann, i ndáiríre, is ar éigean go n-úsáideann úsáideoirí deiridh í. D'fhéadfadh gur sampla de ghné gur féidir a mheas nach dtagann faoi raon feidhme shainmhíniú ar sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta, i bprionsabal, cainéal cumarsáide i gcluichí ar líne, ag brath ar ghnéithe shaoráid chumarsáide na seirbhíse.

(18)

Nascann seirbhísí cumarsáide idirphearsanta le hacmhainní uimhrithe a shanntar go poiblí trí uimhreacha a úsáid ó phlean uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta. Cuimsíonn na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe sin an dá sheirbhís dá bhfuil uimhreacha úsáideoirí deiridh sannta chun nascacht ceann go ceann a áirithiú agus seirbhísí lenar féidir le húsáideoirí deiridh dul i dteagmháil le daoine a bhfuil na huimhreacha sin sannta dóibh. Maidir le huimhir a úsáid díreach mar aitheantóir, níor cheart a mheas gurb ionann sin agus uimhir a úsáid chun nascadh le huimhreacha a shanntar go poiblí, agus níor cheart a mheas gur leor an méid sin as féin chun seirbhís a cháiliú mar sheirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe. Níor cheart seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir ach a bheith faoi réir oibleagáidí faoina bhfuil gá, de bharr leas an phobail, oibleagáidí rialála sonracha a chur i bhfeidhm maidir le gach cineál seirbhíse cumarsáide idirphearsanta, is cuma má úsáideann siad uimhreacha chun a seirbhís a sholáthar. Tá bonn cirt leis go gcaithfí le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe ar bhealach difriúil, mar tá siad rannpháirteach in éiceachóras idir-inoibritheach ar cháilíocht phoiblí agus baineann siad leas, dá réir sin, as.

(19)

Is teorainn chun críocha rialála idir an creat rialála le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus rialáil trealamh teirminéil teileachumarsáide é críochphointe an líonra. Is faoin údarás rialála náisiúnta atá sé suíomh chríochphointe an líonra a shainiú. I bhfianaise chleachtas na n-údarás rialála náisiúnta, agus i bhfianaise éagsúlacht na toipeolaíochta fosaithe agus gan sreang, ba cheart do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (“BEREC”), i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a ghlacadh maidir le cineálacha cur chuige coiteanna i leith críochphointe an líonra a shainaithint, i gcomhréir leis an Treoir seo, in imthosca nithiúla éagsúla.

(20)

De bharr an dul chun cinn teicniúil is féidir le húsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála, ní hamháin trí ghlaonna gutha agus trí sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta eile freisin. Dá bhrí sin, ba cheart go gcumhdófaí i gcoincheap na cumarsáide éigeandála na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta ar fad lenar féidir rochtain den sórt sin a fháil ar sheirbhísí éigeandála. Is forbairt é ar ghnéithe an chórais éigeandála atá cumhdaithe cheana féin i ndlí an Aontais, eadhon 'Pointe Freagartha Glaonna Éigeandála' ('PFGE') agus PFGE is iomchuí mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2015/758 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), agus ar sheirbhísí éigeandála mar a shainmhínítear i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 305/2013 ón gCoimisiún (18).

(21)

Ba cheart sraith chomhchuibhithe cuspóirí agus prionsabal a bheith ag na húdaráis rialála náisiúnta agus ag na húdaráis inniúla eile a bheidh ina mbonn taca ag a gcuid oibre, agus ba cheart dóibh, más gá, a gcuid beart a chomhordú le húdaráis na mBallstát eile agus le BEREC agus iad i mbun a gcuid cúraimí faoin gcreat rialála seo.

(22)

Cuireann na cúraimí a shanntar leis an Treoir seo do na húdaráis inniúla le comhlíonadh beartas níos leithne i réimsí an chultúir, na fostaíochta, an chomhshaoil, an chomhtháthaithe shóisialta agus na pleanála baile agus tuaithe.

(23)

Sa bhreis ar na trí bhunchuspóir a shaothrú atá ann cheana, is iad sin an iomaíocht, an margadh inmheánach agus leasanna úsáideoirí deiridh a chur chun cinn, ba cheart cuspóir nascachta breise a shaothrú leis an gcreat rialála, cuspóir atá bunaithe ar thorthaí: rochtain fhorleathan a bheith ar fáil do shaoránaigh agus gnólachtaí uile an Aontais ar líonraí fíor-ardacmhainne agus na líonraí sin a bheith á n-úsáid go forleathan, praghas réasúnta agus rogha, iomaíocht éifeachtach chothrom, nuálaíocht oscailte, úsáid éifeachtúil speictrim raidió, comhrialacha agus cur chuige intuartha rialála sa mhargadh inmheánach agus na rialacha earnáilsonracha is gá chun leasanna shaoránaigh an Aontais a chosaint. I gcás na mBallstát, na n-údarás rialála náisiúnta agus na n-údarás inniúil eile agus na ngeallsealbhóirí, is é is brí leis an gcuspóir nascachta sin, ar lámh amháin, díriú ar na líonraí agus na seirbhísí is ardacmhainne atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de a bhaint amach i limistéar ar leith, agus ar an lámh eile, comhtháthú críochach a shaothrú, is é sin coinbhéirseacht a bhaint amach ó thaobh na hacmhainne atá ar fáil i limistéir éagsúla.

(24)

Ba cheart tacú leis an dul chun cinn ionsar chuspóirí ginearálta na Treorach seo le córas stóinsithe d'fhonn measúnú leanúnach a dhéanamh ag an gCoimisiún ar na Ballstáit agus d'fhonn iad a thagarmharcáil maidir le hinfhaighteacht líonraí fíor-ardacmhainne i ngach príomhréimse spreagtha socheacnamaíoch amhail scoileanna, moil iompair agus príomhsholáthraithe seirbhísí poiblí, agus gnólachtaí ard-dhigiteach, cumhdach 5G gan bhriseadh do limistéir uirbeacha agus do mhórbhealaí iompair trastíre a bheith ar fáil chuig gach teaghlach sna Ballstáit ar fad, agus infhaighteacht na líonraí cumarsáide leictreonaí arb acmhainn dóibh 100 Mbps, ar a laghad, a sholáthar, agus a d'fhéadfadh a uasghrádú go pras chun go mbeadh siad ar luasanna gigighiotáin. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún leanúint d'fhaireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na mBallstát, lena n-áirítear, innéacsanna, cuir i gcás, ina gcoimrítear na táscairí ábhartha maidir le feidhmíocht dhigiteach an Aontais agus ina ndéantar an fhorbairt a rinneadh sna Ballstáit ó thaobh na hiomaíochta digití a rianú, amhail an tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach, agus i gcás inar gá, modhanna nua agus critéir nua oibiachtúla nithiúla inchainníochtaithe a bhunú chun tagarmharcáil a dhéanamh ar éifeachtacht na mBallstát.

(25)

Leis an bprionsabal gur cheart do na Ballstáit dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, is é sin le rá nár cheart don údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile úsáid cineál áirithe teicneolaíochta a fhorchuir ná go ndéanfadh sé idirdhealú ina fabhar, ní chuirtear bac ar bhearta comhréireacha a dhéanamh chun seirbhísí sonracha áirithe a chur chun cinn má tá bonn cirt leis sin chun cuspóirí an chreata rialála a bhaint amach, mar shampla teilifís dhigiteach mar mheán chun éifeachtúlacht speictrim raidió a mhéadú. Thairis sin, leis an bprionsabal sin, ní chuirtear bac ar a chur san áireamh go bhfuil saintréithe fisiceacha agus gnéithe ailtireachta ag meáin tarchurtha áirithe is féidir bheith níos fearr maidir le cáilíocht seirbhíse, acmhainn, costas cothabhála, éifeachtúlacht fuinnimh, solúbthacht bainistíochta, iontaofacht, stóinseacht agus inscálaitheacht, agus ar deireadh maidir le feidhmíocht, a léirítear sna bearta a dhéantar chun na cuspóirí rialála éagsúla a shaothrú.

(26)

Ba cheart infheistíocht éifeachtúil agus an iomaíocht araon a spreagadh i dteannta a chéile chun fás eacnamaíoch, nuálaíocht agus an rogha do thomhaltóirí a mhéadú.

(27)

Is fearr an iomaíocht a chothú trí leibhéal infheistíochta, atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de, i mbonneagar nua agus i mbonneagar atá ann cheana, le cúnamh ó rialúchán, i gcás inar gá é, chun iomaíocht éifeachtach i seirbhísí miondíola a bhaint amach. Leibhéal éifeachtúil iomaíochta atá bunaithe ar bhonneagar, sin an méid dúblála bonneagair is féidir le hinfheisteoirí a bheith ag súil leis chun go ndéanfaidh siad brabús cothrom bunaithe ar ionchais réasúnta faoi fhorbairt sciartha den mhargadh.

(28)

Is gá dreasachtaí iomchuí a thabhairt le haghaidh infheistíocht i líonraí nua fíor-ardacmhainne a bheidh ina mbonn taca ag an nuálaíocht i seirbhísí idirlín lánábhair agus lena neartófar iomaíochas idirnáisiúnta an Aontais. Tá acmhainneacht ollmhór ag na líonraí sin dul chun tairbhe tomhaltóirí agus gnólachtaí ar fud an Aontais. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, infheistíocht inbhuanaithe i bhforbairt na líonraí nua sin a chur chun cinn, fad a chosnaítear an iomaíocht (ós rud é go bhfuil scrogall agus bacainní ar iontráil ar leibhéal an bhonneagair ann go fóill) agus fad a chuirtear leis an rogha do thomhaltóirí trí intuarthacht agus comhsheasmhacht rialála.

(29)

Is é an aidhm don Treoir seo rialacha earnáilsonracha ex ante a laghdú de réir a chéile de réir mar a fhorbraíonn an iomaíocht sa mhargadh agus, ar deireadh, a áirithiú go rialófaí an chumarsáid leictreonach le dlí na hiomaíochta amháin. Ós rud é go bhfuil dinimicí iomaíocha láidre léirithe ag na margaí cumarsáide leictreonaí le blianta beaga anuas, tá sé riachtanach nach bhforchuirfí oibleagáidí rialála ex ante ach amháin murab ann d'iomaíocht éifeachtach agus inbhuanaithe ar na margaí lena mbaineann. Ar deireadh thiar is é atá mar chuspóir le hidirghabháil rialála ex ante ná sochair a bhaint amach d'úsáideoirí deiridh trí mhargaí miondíola a dhéanamh iomaíoch go héifeachtúil ar bhonn inbhuanaithe. Ba cheart oibleagáidí ar an leibhéal mórdhíola a fhorchur i gcás inar dócha, d'éagmais na n-oibleagáidí sin, nach mbeadh margadh miondíola amháin nó níos mó in ann a bheith iomaíoch ar bhealach éifeachtach. Is dealraitheach go dtiocfaidh sé chun solais de réir a chéile, trí bhíthin phróiseas na hanailíse margaidh, d'údaráis rialála náisiúnta go mbeidh a lán margaí miondíola iomaíoch fiú amháin d'éagmais na rialála mórdhíola, go háirithe agus feabhsuithe a mheastar a thiocfaidh ar an nuálaíocht agus ar an iomaíocht á gcur san áireamh. I gcás den sórt sin, ba cheart don údarás rialála náisiúnta a chinneadh nach bhfuil gá le rialáil a thuilleadh ar an leibhéal mórdhíola, agus measúnú a dhéanamh ar an margadh mórdhíola comhfhreagrach ábhartha d'fhonn rialáil ex ante a tharraingt siar. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba cheart don údarás rialála náisiúnta aon éifeachtaí giarála a chur san áireamh idir margaí mórdhíola agus margaí miondíola gaolmhara dar gá a cheangal go mbainfí bacainní ar iontráil ar leibhéal an bhonneagair le gur féidir an iomaíocht fhadtéarmach ar an leibhéal miondíola a áirithiú.

(30)

Tá an chumarsáid leictreonach bunriachtanach anois do go leor earnálacha agus tá a líon ag dul i méid. Is léiriú “Idirlíon na Rudaí Nithiúla” ar an gcaoi a bhfuil iompar na gcomharthaí raidió, atá ina mbonn taca ag an gcumarsáid leictreonach, ag forbairt go leanúnach agus ag imirt tionchar ar an réaltacht sochaí agus ghnó. Chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as na forbairtí sin, tá sé bunriachtanach teicneolaíochtaí cumarsáide agus feidhmchláir chumarsáide nua gan sreang a thabhairt isteach agus a chothú sa bhainistíocht speictrim raidió. Na teicneolaíochtaí agus na feidhmchláir eile atá ag brath ar speictream raidió, ós rud é gur faoi réir éileamh atá ag dul i méid atá siad freisin agus gur féidir iad a fheabhsú trína gcomhtháthú nó trína gcomhcheangal leis an gcumarsáid leictreonach, ba cheart don bhainistíocht speictrim raidió, nuair is iomchuí, cur chuige trasearnálach a ghlacadh chun éifeachtúlacht na húsáide speictrim raidió a fheabhsú.

(31)

Le pleanáil straitéiseach, comhordú agus, nuair is iomchuí, comhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, is féidir a áirithiú go mbainfidh úsáideoirí speictrim raidió lántairbhe as an margadh inmheánach agus go gcosnófar leasanna an Aontais go héifeachtach ar fud an domhain. Chun na gcríoch sin, ba cheart go bhféadfaí, nuair is iomchuí, cláir ilbhliantúla um beartas speictrim raidió a ghlacadh. Bunaíodh an chéad chlár mar seo le Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), lena leagfar amach treoirlínte agus cuspóirí beartais chun úsáid an speictrim raidió san Aontas a phleanáil go straitéiseach agus a chomhchuibhiú. Ba cheart go bhféadfaí tagairt a dhéanamh sna treoirlínte agus sna cuspóirí beartais sin d'infhaighteacht agus d'úsáid éifeachtúil an speictrim raidió is gá le haghaidh bhunú agus fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, i gcomhréir leis an Treoir seo.

(32)

Is lú tábhacht a bhaineann le teorainneacha náisiúnta anois agus an úsáid is fearr atá le baint as speictream raidió á cinneadh. De bharr ilroinnt mhíchuí na mbeartas náisiúnta, bíonn costais níos mó ar úsáideoirí speictrim raidió agus cailleann na húsáideoirí sin deiseanna margaidh freisin agus d'fhéadfadh an ilroinnt sin moill a chur ar an nuálaíocht, rud a rachadh chun dochair don fheidhmiú cuí an mhargadh inmheánaigh, do thomhaltóirí agus don gheilleagar ina iomláine.

(33)

Ba cheart na forálacha maidir le bainistíocht speictrim raidió sa Treoir seo a bheith i gcomhréir leis an obair a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha a dhéileálann le bainistíocht speictrim raidió, amhail an tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU) agus Comhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (CEPT), chun a áirithiú go ndéanfar speictream raidió a bhainistiú go héifeachtach agus go gcomhchuibheofar a úsáid ar fud an Aontais agus idir na Ballstáit agus baill eile ITU.

(34)

I gcomhréir leis an bprionsabal go ndeighltear feidhmeanna rialála agus oibríochtúla, ba cheart do na Ballstáit neamhspleáchas an údaráis rialála náisiúnta agus na n-údarás inniúil eile a ráthú d'fhonn neamhchlaontacht a gcinntí a áirithiú. Ní dochar ceanglas sin an neamhspleáchais do neamhspleáchas institiúideach agus oibleagáidí bunreachtúla na mBallstát nó do phrionsabal na neodrachta maidir leis na rialacha sna Ballstáit lena rialaítear an córas úinéireachta maoine a leagtar síos in Airteagal 345 CFAE. Ba cheart na hacmhainní ar fad is gá, ó thaobh foirne, saineolais, agus acmhainn airgeadais de, a bheith ag na húdaráis rialála náisiúnta agus na húdaráis inniúla eile chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh.

(35)

Níor cheart ach do na húdaráis rialála náisiúnta, eadhon comhlachtaí atá neamhspleách ar an earnáil agus ar aon idirghabháil sheachtrach nó brú polaitiúil, cúraimí áirithe de bhun na Treorach a ghabháil de láimh, amhail rialáil margaidh ex ante, lena n-áirítear oibleagáidí le haghaidh rochtana nó idirnascadh a fhorchur agus díospóidí idir gnóthais a réiteach. Mura bhforáiltear dá mhalairt, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann cúraimí eile dá bhforáiltear sa Treoir seo a shannadh do na húdaráis rialála náisiúnta nó d'údaráis inniúla eile. Agus an trasuí ar bun, ba cheart do na Ballstáit cobhsaíocht inniúlachtaí na n-údarás náisiúnta rialála a chur chun cinn maidir le sannadh na gcúraimí a d'eascair as trasuí creata rialála maidir le cumarsáid leictreonach an Aontais, arna leasú in 2009, go háirithe na cúraimí sin a bhaineann le hiomaíocht sa mhargadh nó le hiontráil sa mhargadh. I gcás ina sanntar na cúraimí d'údaráis inniúla eile, ba cheart d'údaráis inniúla eile dul i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta sula nglacfaidís cinneadh. De bhun phrionsabal an dea-chomhair, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta agus d'údaráis inniúla eile faisnéis a mhalartú lena gcuid cúraimí a fheidhmiú.

(36)

Ní áireofar forálacha substainteacha maidir leis an idirlíon oscailte nó le fánaíocht sa Treoir seo, agus ní dochar an Treoir seo do leithdháileadh na n-inniúlachtaí ar na húdaráis rialála náisiúnta i Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agus i Rialachán (AE) 2015/2120. Mar sin féin, déantar foráil leis an Treoir seo, ina theannta sin, go mbeidh na húdaráis rialála náisiúnta inniúil maidir le measúnú agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar rochtain ar an margadh agus ar shaincheisteanna iomaíochta, rud a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chearta na n-úsáideoirí deiridh rochtain oscailte a bheith acu ar an idirlíon.

(37)

Neartaíodh neamhspleáchas na n-údarás rialála náisiúnta in athbhreithniú ar an gcreat rialála maidir le cumarsáid leictreonach arna chur i gcrích sa bhliain 2009 chun a áirithiú go gcuirfí an creat rialála i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí, chun a n-údarás a mhéadú agus chun é a dhéanamh níos éasca a gcuid cinntí a thuar. Chuige sin, ba ghá foráil a dhéanamh go sainráite sa dlí náisiúnta chun a áirithiú go gcosnófaí údarás rialála náisiúnta, agus é i mbun a chuid cúraimí, ar idirghabháil sheachtrach nó ar bhrú polaitiúil a d'fhéadfadh a mheasúnú neamhspleách ar ábhair a thagann os a chomhair a chur i mbaol. De dheasca an tionchair sheachtraigh sin, níl comhlacht reachtach náisiúnta oiriúnach le gníomhú mar údarás rialála náisiúnta faoin gcreat rialála. Chun na críche sin, b'éigean rialacha a leagan síos ar dtús maidir leis na forais a bheadh le dífhostú cheann an údaráis rialála náisiúnta chun aon amhras réasúnta a bhaint i dtaobh neodracht an chomhlachta sin agus a neamh-thréscaoilteachta i leith imthosca seachtracha. Chun dífhostuithe treallacha a sheachaint, ba cheart é a bheith de cheart ag an gcomhalta a dífhostaíodh iarraidh ar na cúirteanna inniúla a fhíorú an bhfuil cúis bhailí, atá i measc na gcúiseanna dá bhforáiltear sa Treoir seo, leis an dífhostú. Níor cheart an dífhostú den chineál sin ach a bheith ag baint le cáilíochtaí pearsanta nó gairmiúla an chinn nó an chomhalta. Tá sé tábhachtach go mbeadh a mbuiséad féin ag na húdaráis rialála náisiúnta ionas gur féidir leo, go háirithe, líon leordhóthanach foirne cáilithe a earcú. Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart an buiséad sin a fhoilsiú go bliantúil. Ba cheart neamhspleáchas a bheith acu, laistigh de theorainneacha a mbuiséid, a gcuid acmhainní daonna agus airgeadais a bhainistiú. Chun neamhchlaontacht a áirithiú, maidir leis na Ballstáit a choinníonn úinéireacht nó rialú ar ghnóthais a dhéanann ranníocaíochtaí le buiséad an údaráis rialála náisiúnta nó buiséad údarás inniúil eile trí mhuirir riaracháin, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéantar deighilt struchtúrach éifeachtach idir na gníomhaíochtaí a bhaineann le feidhmiú na húinéireachta nó an rialaithe ó fheidhmiú rialú an bhuiséid.

(38)

Is gá neamhspleáchas na n-údarás rialála náisiúnta a neartú tuilleadh chun neamh-thréscaoilteacht a gcinn agus a gcomhaltaí i leith brú seachtrach a áirithiú, trí íoscháilíochtaí ceapacháin, chomh maith le híostréimhse dá sainordú, a leagan síos. Ina theannta sin, ionas go dtabharfaí aghaidh ar an riosca maidir le gabháil rialála, go n-áiritheofaí leanúnachas, agus go neartófaí neamhspleáchas, ba cheart do na Ballstáit breathnú ar theorainn a chur leis an bhféidearthacht sainorduithe cheann an Bhoird nó chomhaltaí an bhoird a athnuachan agus scéim uainíochta iomchuí a bhunú don bhord agus don ardbhainistíocht. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh, cuir i gcás, trí na chéad chomhaltaí den chomhlacht coláisteach a cheapadh do thréimhsí difriúla, ionas nach rachadh a sainorduithe, ná sainorduithe a gcomharbaí, in éag an tráth céanna.

(39)

Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith freagrach as an gcaoi a bhfeidhmíonn siad a gcuid cúraimí agus ba cheart a cheangal orthu tuairisciú faoi. Maidir leis an oibleagáid sin, ba cheart gur oibleagáid maidir le tuairisciú bliantúil a bheadh i gceist de ghnáth, seachas iarrataí ad hoc ar thuairisciú a d'fhéadfadh, i gcás ina mbeidís díréireach, teorainn a chur lena neamhspleáchas nó bac a chur orthu i bhfeidhmiú a gcuid cúraimí. Go deimhin, de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais (21), d'fhéadfadh cuid mhór oibleagáidí nó oibleagáidí neamhchoinníollacha maidir le tuairisciú difear a dhéanamh go hindíreach do neamhspleáchas údaráis.

(40)

Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chéannacht na n-údarás rialála náisiúnta agus údarás inniúil eile. I gcás na n-údarás atá inniúil ar chearta slí a thabhairt, ba cheart go bhféadfaí an ceanglas maidir le fógra a thabhairt a chomhlíonadh le tagairt don phointe faisnéise aonair a bhunaítear de bhun Threoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

(41)

Ba cheart an córas údaraithe lena mbaineann an t-ualach is lú is féidir a úsáid ionas gur féidir líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar chun forbairt seirbhísí cumarsáide nua agus líonraí agus seirbhísí cumarsáide pan-Eorpacha a spreagadh agus chun gur féidir le soláthraithe seirbhíse agus tomhaltóirí tairbhe a bhaint as barainneachtaí scála an mhargaidh inmheánaigh.

(42)

Is fearr is féidir an tairbhe a bhaineann leis an margadh inmheánach do sholáthraithe seirbhíse agus d'úsáideoirí deiridh a bhaint amach le húdarú ginearálta líonraí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, gan ceangal a chur ar an údarás rialála náisiúnta aon chinneadh follasach nó gníomh riaracháin a dhéanamh agus le teorannú aon cheanglas nós imeachta d'fhógra dearbhaitheach amháin. I gcás ina gceanglaíonn na Ballstáit ar sholáthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí fógra a thabhairt nuair a chuirfidh siad tús lena gcuid gníomhaíochtaí, níor cheart aon chostas riaracháin a bheith ar na soláthraithe de thoradh an fhógra sin a thabhairt agus d'fhéadfaí é a chur ar fáil trí phointe iontrála ar shuíomh gréasáin na n-údarás inniúil. D'fhonn tacú le comhordú éifeachtach trasteorann, i gcás na n-oibreoirí uile-Eorpacha, go háirithe, ba cheart do BEREC bunachar fógraí den sórt sin a bhunú agus a choinneáil. Níor cheart do na húdaráis inniúla ach fógraí comhlánaithe a chur chuig BEREC. Níor cheart go gcuirfeadh na Ballstáit bac ar sholáthar líonraí nó seirbhísí ar bhealach ar bith, lena n-áirítear ar na forais nach bhfuil fógra comhlánaithe.

(43)

Níor cheart a bheith i gceist leis na fógraí ach dearbhú maidir le hintinn an tsoláthróra tús a chur le soláthar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Níor cheart go mbeidh gá ar sholáthraí ach an fhaisnéis a leagtar amach sa Treoir seo a chur i dteannta an dearbhaithe sin. Níor cheart do na Ballstáit ceanglais bhreise ná leithleacha maidir le fógra a thabhairt a fhorchur.

(44)

I gcodarsnacht le catagóirí eile líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear sa Treoir seo, ní bhaineann seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir tairbhe as úsáid acmhainní uimhrithe poiblí agus níl siad rannpháirteach in éiceachóras idir-inoibritheach ar cháilíocht phoiblí. Dá bhrí sin, ní hiomchuí na cineálacha sin seirbhísí a chur faoi réir chóras an údaraithe ghinearálta.

(45)

Agus cearta úsáide maidir le speictream raidió nó acmhainní uimhrithe nó cearta maidir le saoráidí a shuiteáil á ndeonú, ba cheart do na húdaráis inniúla na gnóthais a ndeonaíonn siad na cearta sin dóibh a chur ar an eolas faoi na coinníollacha ábhartha. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann coinníollacha den sórt sin a leagan síos maidir le speictream raidió a úsáid ó thaobh cearta úsáide aonair nó an údaraithe ghinearálta.

(46)

Níor cheart ach coinníollacha a bhaineann go sonrach leis an earnáil cumarsáide leictreonaí a bheith sna húdaruithe ginearálta. Níor cheart iad a chur faoi réir coinníollacha is infheidhme cheana de bhua dlí náisiúnta atá ann cheana, go háirithe dlí maidir le cosaint tomhaltóirí, agus nach mbaineann go sonrach leis an earnáil cumarsáide. Mar shampla, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann gnóthais a chur ar an eolas faoi na ceanglais is infheidhme maidir leis an gcomhshaol agus pleanáil bhaile agus tuaithe. Ní dhéanann coinníollacha a fhorchuirtear faoin údarú ginearálta difear do chinneadh an dlí is infheidhme de bhun Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(47)

Maidir leis na coinníollacha a fhéadfar a chur le húdaruithe ginearálta, ba cheart go gcumhdófaí iontu coinníollacha sonracha lena rialaítear rochtain d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus an gá go ndéanfadh na húdaráis phoiblí agus na seirbhísí éigeandála cumarsáid idir iad féin agus an pobal, roimh mhórthubaistí, lena linn agus ina ndiaidh.

(48)

Is gá cearta agus oibleagáidí gnóthas atá faoi údaruithe ginearálta a chur san áireamh go sainráite sna húdaruithe sin chun cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud an Aontais agus chun caibidlíocht trasteorann ar idirnascadh a éascú idir líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí.

(49)

Leis na húdaruithe ginearálta tá gnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal i dteideal caibidlíocht a dhéanamh faoi idirnascadh faoi choinníollacha na Treorach seo. Gnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí nach don phobal na líonraí agus na seirbhísí sin, is féidir leo caibidlíocht a dhéanamh faoi idirnascadh ar bhonn tráchtála.

(50)

Agus coinníollacha á gceangal acu leis an údarú ginearálta agus muirir riaracháin á gcur i bhfeidhm acu, ba cheart do na húdaráis inniúla cásanna ina soláthraíonn daoine nádúrtha líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar bhonn gan beann ar bhrabús a chur san áireamh. I gcás na líonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí nach soláthraítear don phobal, is iomchuí níos lú coinníollacha agus coinníollacha níos éadroime a fhorchur, má fhorchuirtear coinníollacha ar chor ar bith, ná na coinníollacha a bhfuil bonn cirt leo do na líonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthraítear don phobal.

(51)

Maidir le hoibleagáidí sonracha a fhorchuirtear ar ghnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí i gcomhréir le dlí an Aontais de bhua a n-ainmniú mar cumhachta suntasaí sa mhargadh mar a shainítear sa Treoir seo, ba cheart na hoibleagáidí sin a fhorchur ar leithligh ó na cearta agus na hoibleagáidí ginearálta faoin údarú ginearálta.

(52)

D'fhéadfadh bheith ag teastáil ó ghnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí dearbhú ar a gcearta faoin údarú ginearálta maidir le hidirnascadh agus cearta slí, go háirithe chun caibidlíocht a éascú le leibhéil eile rialtais, go réigiúnach nó go háitiúil, nó le soláthraithe seirbhíse i mBallstáit eile. Chun na críche sin, ba cheart do na húdaráis inniúla dearbhuithe a sholáthar do ghnóthais, arna iarraidh sin dóibh, nó, de rogha air sin, mar fhreagra uathoibríoch ar fhógra faoin údarú ginearálta. Níor cheart go gciallódh na dearbhuithe sin astu féin go bhfuiltear i dteideal cearta a fháil ná níor cheart aon chearta faoin údarú ginearálta, cearta úsáide nó feidhmiú na gceart sin a bheith ag brath ar dhearbhú.

(53)

Ba cheart go bhféadfaí muirir riaracháin a fhorchur ar ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun gníomhaíochtaí an údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúil eile i dtaca le bainistiú an chórais údaraithe ghinearálta agus deonú ceart úsáide a mhaoiniú. Ba cheart na muirir sin a theorannú sa chaoi nach gcumhdófar ach na costais riaracháin iarbhír do na gníomhaíochtaí sin. Chun na críche sin, ba cheart trédhearcacht a áirithiú in ioncam agus i gcaiteachas na n-údarás rialála náisiúnta agus údarás inniúil eile trí bhíthin tuairisciú bliantúil faoi mhéid iomlán na muirear arna mbailiú agus na gcostas riaracháin arna dtabhú, chun go mbeidh gnóthais in ann a fhíorú go bhfuil siad cothromaithe.

(54)

Níor cheart do chórais muirear riaracháin iomaíocht a shaobhadh ná bacainní a chur ar iontráil sa mhargadh. Le córas an údaraithe ghinearálta ní bheifear in ann costais riaracháin, agus dá bhrí sin, muirir, a chur i leith gnóthas aonair níos mó seachas chun cearta úsáide a dheonú maidir le hacmhainní uimhrithe, speictream raidió agus cearta maidir le saoráidí a shuiteáil. Ba cheart aon mhuirir riaracháin is infheidhme a bheith i gcomhréir le prionsabail chóras an údaraithe ghinearálta. Sampla de rogha chothrom, shimplí agus thrédhearcach ar na critéir sin maidir le cur i leith muirear is ea scála dáileacháin a bhaineann le láimhdeachas, b'fhéidir. I gcás ina mbeidh na muirir riaracháin an-íseal, d'fhéadfadh sé gurb iomchuí freisin muirir ar ráta comhréidh, nó muirir ina bhfuil bonn ráta chomhréidh i dteannta gné a bhaineann le láimhdeachas. A mhéid a chumhdaítear le córas an údaraithe ghinearálta gnóthais a bhfuil sciar beag den mhargadh acu, amhail soláthraithe líonra pobalbhunaithe, nó soláthraithe seirbhíse a ngintear lena múnla gnó ioncam atá an-teoranta fiú i gcás ina bhfuil sciar suntasach den mhargadh acu ó thaobh méideanna de, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht tairseach iomchuí de minimis a bhunú chun muirir riaracháin a fhorchur.

(55)

D'fhéadfadh sé gur gá do na Ballstáit cearta, coinníollacha, nósanna imeachta, muirir agus táillí maidir le húdaruithe ginearálta agus cearta úsáide a leasú i gcás ina mbeidh bonn cirt oibiachtúil leis sin. Ba cheart fógra cuí faoi na leasuithe atá beartaithe sin a thabhairt do na páirtithe leasmhara ar fad in am trátha, sa chaoi go dtabharfar deis leordhóthanach dóibh a gcuid tuairimí a chur in iúl. Ba cheart nósanna imeachta nach gá a sheachaint i gcás mionleasuithe ar chearta atá ann cheana maidir le saoráidí a shuiteáil, nó cearta úsáide maidir le speictream raidió nó le hacmhainní uimhrithe, nuair nach ndéanfaidh na leasuithe sin difear do leasanna tríú páirtithe. Is éard is mionleasuithe ar chearta agus oibleagáidí ann na leasuithe sin ar leasuithe riaracháin iad go príomha, ní athraítear leo cineál substaintiúil na n-údaruithe ginearálta ná na cearta úsáide aonair agus, dá bhrí sin, ní féidir leo a bheith ina gcúis le buntáiste iomaíochta do na gnóthais eile.

(56)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sé deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun intuarthacht rialála a chur chun cinn agus timpeallacht shábháilte le haghaidh infheistíochtaí a sholáthar, go háirithe i gcás cumarsáid nua leathanbhanda gan sreang, ba cheart aon srian leis na cearta úsáide atá ann cheana maidir le speictream raidió nó le hacmhainní uimhrithe nó le na cearta maidir le saoráidí a shuiteáil, nó tarraingt siar na gceart sin, a bheith faoi réir réasúnaithe agus nósanna imeachta intuartha agus trédhearcacha. Dá bhrí sin, d'fhéadfaí ceanglais níos déine nó sásra maidir le fógra a thabhairt a fhorchur i gcás inar sannadh cearta úsáide de bhun nósanna imeachta iomaíocha nó comparáideacha agus i gcás bandaí speictrim raidió comhchuibhithe atá le húsáid le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí gan sreang ('seirbhísí leathanbhanda gan sreang'). I gcás na réasúnaithe ina dtagraítear d'úsáid éifeachtach agus éifeachtúil a bhaint as speictream raidió agus do dhul chun cinn na teicneolaíochta, d'fhéadfaí brath ar bhearta cur chun feidhme teicniúla arna nglacadh faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24). Ina theannta sin, cé is moite de chásanna inar mionleasuithe iad na leasuithe riachtanacha atá beartaithe, i gcás nach mór údaruithe ginearálta agus cearta úsáide aonair do speictream raidió a shrianadh, a tharraingt siar nó a leasú gan toiliú ó shealbhóir na gceart, is ceadmhach sin a dhéanamh tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara. Ós rud é go bhféadfaidh iarmhairtí nach beag a bheith mar thoradh ar údaruithe ginearálta nó ar chearta a shrianadh nó a tharraingt siar dá sealbhóirí, ba cheart do na húdaráis inniúla bheith ar a n-airdeall agus measúnú a dhéanamh roimh ré ar an dochar a d'fhéadfadh a bheith i gceist leis na bearta sin sula nglacfaí iad.

(57)

Is gá d'údaráis rialála náisiúnta, d'údaráis inniúla eile agus do BEREC faisnéis a bhailiú ó ghníomhaithe margaidh chun a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ginearálta maidir leis an Treoir sin gan infheidhmeacht na dtéarmaí agus na gcoinníollacha sin a chur ar fionraí le linn an mheasúnaithe. Mar eisceacht, d'fhéadfadh sé gur ghá faisnéis a bhailiú ó ghnóthais eile atá gníomhach in earnálacha a bhfuil dlúthbhaint acu leis an earnáil seirbhísí cumarsáide leictreonaí, amhail soláthraithe inneachair a bhfuil faisnéis ina seilbh acu a d'fhéadfadh a bheith riachtanach dóibh chun a gcuid cúraimí a fheidhmiú faoi dhlí an Aontais. D'fhéadfadh sé gur ghá an fhaisnéis sin a bhailiú thar ceann an Choimisiúin, ionas gurbh fhéidir leis a oibleagáidí faoi seach faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh. Ba cheart na hiarrataí ar fhaisnéis a bheith comhréireach agus níor cheart ualach míchuí a fhorchur ar ghnóthais. Ba cheart aon fhaisnéis a bhailíonn na húdaráis rialála náisiúnta agus na húdaráis inniúla a bheith ar fáil go poiblí, seachas a mhéid atá sí rúnda i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis agus faoi réir dhlí an Aontais agus rialacha náisiúnta maidir le rúndacht ghnó.

(58)

Chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a gcuid cúraimí rialála ar bhealach éifeachtach, ba cheart bheith san áireamh sna sonraí a bhailíonn siad sonraí cuntasaíochta faoi na margaí miondíola a bhaineann leis na margaí mórdhíola ina n-ainmnítear gnóthas mar gnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige agus, dá réir sin, atá á rialáil ag an údarás rialála náisiúnta. Ba cheart bheith san áireamh sna sonraí freisin sonraí lenar féidir leis an údarás rialála náisiúnta measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide, agus an tionchar a d'fhéadfadh uasghráduithe nó athruithe pleanáilte ar an toipeolaíocht líonra a imirt ar fhorbairt na hiomaíochta nó ar tháirgí mórdhíola a chuirtear ar fáil do pháirtithe eile. I gcás na faisnéise faoi chomhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le cumhdach a ghabhann leis na cearta úsáide maidir le speictream raidió, tá sí ríthábhachtach chun iomláine na suirbhéanna geografacha ar imscaradh líonra a áirithiú. Ina leith sin, ba cheart don údarás inniúil a bheith in ann a cheangal go gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil ar an leibhéal áitiúil imdhealaithe le gráinneacht a bheidh leordhóthanach chun suirbhé geografach ar líonraí a dhéanamh.

(59)

Chun an t-ualach a bhaineann le tuairisciú agus le hoibleagáidí faisnéise a mhaolú do sholáthraithe líonra agus seirbhíse agus don údarás inniúil lena mbaineann, ba cheart na hoibleagáidí sin a bheith comhréireach, bonn cirt oibiachtúil a bheith leo agus a bheith teoranta dá bhfuil géarghá leis. Go háirithe, ba cheart dúbláil iarrataí ar fhaisnéis ag an údarás inniúil, agus ag BEREC, agus an cruthúnas córasach agus rialta ar chomhlíonadh na gcoinníollacha ar fad faoi údarú ginearálta nó faoi cheart úsáide a sheachaint. Ba cheart do ghnóthais a bheith ar an eolas faoin úsáid atá beartaithe don fhaisnéis a iarrtar. Níor cheart soláthar faisnéise a bheith ina choinníoll chun rochtain a fháil ar an margadh. Chun críocha staidrimh, d'fhéadfadh sé nár mhór do sholáthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí fógra a thabhairt nuair a scoirfidh siad dá gcuid gníomhaíochtaí.

(60)

Níor cheart go ndéanfaí difear d'oibleagáidí na mBallstát maidir le faisnéis a thabhairt chun leasanna an Aontais faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a chosaint, ná do na hoibleagáidí maidir le tuairisciú faoin dlí nach mbaineann go sonrach leis an earnáil cumarsáide leictreonaí, amhail dlí na hiomaíochta.

(61)

Ba cheart go bhféadfaí faisnéis a mheasann údarás inniúil a bheith rúnda, i gcomhréir le rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta maidir le rúndacht tráchtála agus cosaint sonraí pearsanta, a mhalartú leis an gCoimisiún agus le aon údaráis eile i gcás inar gá an fhaisnéis sin a mhalartú chun an dlí náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo a thrasuí a chur i bhfeidhm. Níor cheart bheith san fhaisnéis a mhalartaítear ach an méid atá ábhartha maidir le cuspóir an mhalartaithe agus an méid atá comhréireach leis.

(62)

Tá líonraí leathanbhanda cumarsáide leictreonaí ag éirí níos ilghnéithí de réir a chéile ó thaobh na teicneolaíochta, na toipeolaíochta agus na húinéireachta de agus ó thaobh an mheáin a úsáidtear. Dá bhrí sin, ní mór idirghabháil rialála brath ar fhaisnéis mhionsonraithe maidir le leathadh amach líonraí chun bheith éifeachtach agus chun díriú ar na réimsí ina bhfuil gá léi. Tá an fhaisnéis sin riachtanach d'fhonn an infheistíocht a chur chun cinn, an nascacht a mhéadú ar fud an Aontais agus faisnéis a chur ar fáil do gach údarás ábhartha agus do gach saoránach. Ba cheart suirbhéanna maidir le líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh a chur san áireamh san fhaisnéis sin, chomh maith le huasghráduithe nó síntí móra ar líonraí copair nó líonraí eile atá ann cheana nach mbeadh ag teacht, b'fhéidir, le saintréithe feidhmíochta líonraí fíor-ardacmhainne ar gach bealach, amhail snáithín a leathadh amach chomh fada leis an gcaibinéad i dteannta teicneolaíochtaí gníomhacha amhail treorialú. Ba cheart gur thréimhsí suas le trí bliana a bheadh i gceist leis na réamhaisnéisí ábhartha. Maidir le leibhéal sonraí agus gráinneacht chríochach na faisnéise ba cheart do na húdaráis inniúla a bhailiú, ba cheart an cuspóir rialála sonrach a bheith ina threoir dóibh, agus ba cheart gur leordhóthanach iad chun na gcríoch rialála dá bhfónann an fhaisnéis. Dá bhrí sin, beidh méid an aonaid chríochaigh éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, ag brath ar na riachtanais rialála sna himthosca náisiúnta sonracha, agus ar infhaighteacht sonraí áitiúla. Ní dócha gur aonad críochach sách beag Leibhéal 3 in Ainmníocht na nAonad Críche maidir le Staidreamh (NUTS) i dtromlach na n-imthosca. Ba cheart treoirlínte BEREC a bheith ina dtreoir ag na húdaráis rialála náisiúnta agus ag údaráis inniúla eile maidir leis an dea-chleachtas chun aghaidh a thabhairt ar a leithéid de chúram, agus sna treoirlínte sin beifear in ann brath ar an taithí a fuair na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile cheana agus iad i mbun suirbhéanna geografacha ar leathadh amach líonraí. Gan dochar do na ceanglais rúndachta tráchtála, ba cheart do na húdaráis inniúla, i gcás faisnéis nach bhfuil ar fáil cheana féin ar an margadh, sonraí a chur ar fáil go díreach i bhformáid oscailte i gcomhréir le Treoir 2003/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) agus gan srianta ar athúsáid na faisnéise a bailíodh i suirbhéanna den sórt sin, agus ba cheart dóibh uirlisí a chur ar fáil d'úsáideoirí deiridh maidir le cáilíocht seirbhíse chun feabhas a chur ar a bhfeasacht ar na seirbhísí nascachta atá ar fáil. Agus aon chuid den fhaisnéis sin á bailiú acu, ba cheart do gach údarás lena mbaineann prionsabal na rúndachta a urramú, agus ba cheart go seachnófaí míbhuntáiste san iomaíocht d'aon ghnóthas.

(63)

Is den riachtanas dul i ngleic leis an deighilt dhigiteach san Aontas chun go gcuirfear ar chumas shaoránaigh uile an Aontais rochtain a bheith acu ar an idirlíon agus ar sheirbhísí idirlín agus digiteacha. Chuige sin, i gcás limistéir atá sonrach agus dea-shainithe, ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis ábhartha cuireadh a thabhairt do ghnóthais agus d'údaráis phoiblí nochtadh a dhéanamh maidir le rún a bheadh acu líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh, sna limistéir sin, agus a dhóthain ama a thabhairt dóibh freagra measta a chur ar fáil. San fhaisnéis sna réamhaisnéisí sin ba cheart go léireofaí ionchais eacnamaíochta earnáil na líonraí cumarsáide leictreonaí agus rúin infheistíochta na ngnóthas tráth a mbailítear na sonraí, chun nascacht inrochtana a aithint i limistéir éagsúla. I gcás ina ndearbhaíonn gnóthas nó údarás poiblí go bhfuil rún aige imscaradh i limistéar, ba cheart go mbeadh an t-údaráis rialála náisiúnta nó údarás inniúla eile in ann a chur de cheangal ar ghnóthais eile agus ar údaráis poiblí eile a dhearbhú cé acu atá rún acu nó nach bhfuil líonra fíor-ardacmhainne a imscaradh, nó uasghrádú suntasach a dhéanamh ar a líonra nó síneadh suntasach a chur leis go dtí feidhmíocht luas íoslódála 100 Mbps ar a laghad sa limistéar sin. A bhuí leis an nós imeachta sin, cuirfear trédhearcacht ar fáil do ghnóthais agus d'údaráis phoiblí a léirigh gur spéis leo imscaradh sa limistéar sin, sa chaoi, agus na pleananna gnó á gceapadh acu, go bhféadfaidh siad iomaíocht na líonraí eile ar dócha a bheith rompu a mheas. Is ar na rannpháirtithe sa mhargadh, agus iad ag freagairt go hionraic de mheon macánta, a bheidh tionchar dearfach na trédhearcachta sin ag brath.

(64)

Cé go bhféadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh a gcuid pleananna imscartha a athrú ar chúiseanna nach mbeidh coinne leo, ar chúiseanna oibiachtúla agus ar chúiseanna a mbeidh údar leo, ba cheart do na húdaráis inniúla idirghabháil a dhéanamh, lena n-áirítear más rud é go ndéantar difear don chistiú poiblí, agus i gcás inarb iomchuí pionóis a fhorchur, má chuireann gnóthas nó údarás poiblí, go feasach nó de thoradh mórfhaillí, faisnéis mhíthreorach earráideach nó neamhiomlán ar fáil. Chun críche na forála ábhartha maidir le pionóis, is ceart gurbh é atá i gceist le mórfhaillí cás ina gcuireann an gnóthas nó an t-údarás poiblí faisnéis atá míthreorach earráideach nó neamhiomlán ar fáil mar gheall ar iompraíocht nó ar eagraíocht inmheánach ina ndéantar neamart iomlán sa dícheall cuí maidir leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil. Maidir le mórfhaillí, ní gá fios a bheith ag an gnóthas nó ag an údarás poiblí gur faisnéis mhíthreorach earráideach nó neamhiomlán an fhaisnéis atá á cur ar fáil acu, ach gurbh eol dó sin dá ngníomhódh sé nó dá eagrófaí é le dícheall cuí. I bhfianaise an tionchair dhiúltaigh ar an iomaíocht agus ar thionscail a mhaoinítear go poiblí, is tábhachtach go mbeadh na pionóis sách athchomhairleach. Ba cheart na forálacha maidir le pionóis a bheith gan dochar do chearta cúiteamh a éileamh as damáiste i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(65)

Ar mhaithe le dálaí infheistíochta intuartha, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann faisnéis a chomhroinnt le gnóthais agus le húdaráis poiblí a léiríonn suim i líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh, maidir le cineálacha eile uasghráduithe líonra a bheith ann nó a bheith beartaithe don limistéar lena mbaineann, lena n-áirítear uasghráduithe faoi bhun luas íoslódála 100 Mbps.

(66)

Tá sé tábhachtach go rachadh údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ar fad faoi na cinntí atá beartaithe, go dtabharfaidís a ndóthain ama dóibh de réir chastacht an ábhair a gcuid barúlacha a thabhairt, agus go gcuirfidís a gcuid barúlacha san áireamh sula ndéanfar cinneadh deiridh. Chun a áirithiú nach ndéanfaidh cinntí ar an leibhéal náisiúnta dochar d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ná do chuspóirí eile an CFAE, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta fógra a thabhairt faoi dhréachtchinntí áirithe don Choimisiún agus do na húdaráis rialála náisiúnta eile freisin chun deis a thabhairt dóibh barúil a thabhairt. Is iomchuí go rachadh údaráis inniúla i gcomhairle le páirtithe leasmhara sna cásanna atá sainithe sa Treoir seo faoi na dréachtbhearta ar fad a dhéanfaidh difear don trádáil idir na Ballstáit.

(67)

I gcomhthéacs timpeallacht iomaíoch, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta tuairimí na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear úsáideoirí agus tomhaltóirí, a chur san áireamh. Chun aghaidh mar is iomchuí a thabhairt ar leasanna na saoránach, ba cheart do na Ballstáit sásra comhairliúcháin iomchuí a bhunú. Ba cheart gur comhlacht a bheadh sa sásra sin a dhéanfadh taighde, neamhspleách ar an údarás rialála náisiúnta agus ar sholáthraithe seirbhíse, ar cheisteanna a bhaineann le tomhaltóirí, mar shampla iompraíocht tomhaltóirí agus sásraí maidir le soláthraithe a athrú, agus a d'oibreodh ar bhealach trédhearcach agus a chuirfeadh leis na sásraí atá ann cheana le haghaidh comhairliúchán le geallsealbhóirí. Thairis sin, d'fhéadfaí sásra a bhunú chun go mbeadh comhar iomchuí ann maidir le ceisteanna a bhaineann le hábhar dleathach a chur chun cinn. Níor cheart go gceadófaí le haon nósanna imeachta comhair a chomhaontaítear de bhun sásra den sórt sin, áfach, faireachas córasach a dhéanamh ar úsáid an idirlín.

(68)

D'fhéadfadh sé gur bealach tapa atá éifeachtúil ó thaobh costas de nósanna imeachta maidir le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt d'úsáideoirí deiridh chun a gcuid ceart a fheidhmiú, go háirithe do thomhaltóirí agus do mhicrifhiontair agus d'fhiontair bheaga mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (26). Ba cheart do na Ballstáit a chur ar chumas an údaráis rialála náisiúnta nó na n-údarás inniúil atá freagrach as, nó comhlachta neamhspleách amháin ar a laghad, a bhfuil an saineolas cruthaithe acu maidir le cearta úsáideoirí deiridh a láimhseáil, gníomhú mar eintiteas um réiteach malartach díospóide. I ndáil le réitigh díospóidí den sórt sin, níor cheart do na húdaráis sin a bheith faoi réir aon treoracha. Ós rud é go bhfuil nósanna imeachta maidir le réiteach díospóidí bunaithe ag go leor Ballstát d'úsáideoirí deiridh seachas tomhaltóirí, nach bhfuil feidhm ag Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle (27) maidir leo, tá sé réasúnta an nós imeachta maidir le réiteach díospóidí earnáilsonrach a choinneáil do thomhaltóirí agus, i gcás ina gcuirfidh na Ballstáit síneadh leis, d'úsáideoirí deiridh eile freisin, go háirithe do mhicrifhiontair agus d'fhiontair bheaga. I ndáil le díospóidí a réiteach lasmuigh den chúirt, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialacha a choinneáil nó a thabhairt isteach a tharchéimníonn na rialacha sin a leagtar síos le Treoir 2013/11/AE chun leibhéal níos airde cosanta do thomhaltóirí a áirithiú.

(69)

I gcás díospóid idir gnóthais sa Bhallstát céanna i réimse a chumhdaítear faoin Treoir seo, mar shampla maidir le hoibleagáidí rochtana agus idirnasctha nó maidir leis an meán chun liosta úsáideoirí deiridh a aistriú, ba cheart páirtí éagóirithe a bhfuil caibidlíocht de mheon macánta déanta aige ach gur theip air teacht ar chomhaontú a bheith in ann iarraidh ar an údarás rialála náisiúnta an díospóid a réiteach. Ba cheart na húdaráis rialála náisiúnta a bheith in ann réiteach a fhorchur ar na páirtithe. Maidir le hidirghabháil údaráis rialála náisiúnta i réiteach díospóide idir soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó saoráidí gaolmhara i mBallstát, ba cheart don idirghabháil sin féachaint le comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Treoir seo a áirithiú.

(70)

Sa bhreis ar na cearta maidir le dul ar iontaoibh a dheonaítear faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais, is gá nós imeachta simplí a thionscnamh arna iarraidh sin do cheachtar de na páirtithe i ndíospóid, chun díospóidí trasteorann a réiteach idir gnóthais a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i mBallstát eile, nó atá údaraithe é sin a dhéanamh.

(71)

Cúram tábhachtach amháin a sannadh do BEREC is ea tuairimí a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, maidir le díospóidí trasteorann. Dá bhrí sin, ba cheart d'údaráis rialála náisiúnta aon tuairim a thugann BEREC a chur san áireamh go hiomlán i gcás na mbeart a dhéanann siad lena bhforchuirtear oibleagáid ar ghnóthas nó lena réitítear an díospóid ar bhealach eile.

(72)

Cheal comhordú idir na Ballstáit agus iad ag eagrú úsáid an speictrim raidió ina gcríoch, mura réitítear sin le caibidlíocht dhéthaobhach na mBallstát, is féidir saincheisteanna maidir le trasnaíocht mhórscála teacht chun cinn a chuirfeadh isteach go mór ar fhorbairt an Mhargaidh Aonair Dhigitigh. Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun trasnaíocht trasteorann agus trasnaíocht dhíobhálach eatarthu a sheachaint. Ba cheart a chur de chúram ar an nGrúpa um Beartas Speictrim Raidió arna bhunú le Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún (28) tacú leis an gcomhordú trasteorann is gá agus go mbeadh sé ina fhóram ainmhithe chun díospóidí idir na Ballstáit maidir le saincheisteanna trasteorann a réiteach. Is gá beart cur chun feidhme i roinnt imthosca, a chuireann le réiteach an Ghrúpa, chun trasnaíochtaí trasteorann a réiteach go cinntitheach nó chun réiteach comhordaithe, a chomhaontaigh dhá Bhallstát nó níos mó i gcaibidlíocht dhéthaobhach, a chur i bhfeidhm faoi dhlí an Aontais. Cheal comhordú idir na Ballstáit agus na tíortha comharsanachta an Aontais, is féidir saincheisteanna maidir le trasnaíocht mhórscála teacht chun cinn. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun trasnaíocht trasteorann agus dhíobhálach ar thíortha ar comharsana iad leis an Aontas a sheachaint agus ba cheart dóibh obair i gcomhar le chéile chuige sin. Arna iarraidh sin do na Ballstáit, ba cheart don Aontas, tacú go hiomlán leis na Ballstáit sin dá ndéanann trasnaíocht trasteorann ó thríú tíortha difear.

(73)

Is grúpa comhairleach ardleibhéil é an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió (RSPG) a cruthaíodh le Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún chun cur le forbairt an mhargaidh inmheánaigh agus chun tacú le forbairt beartais speictrim raidió ar leibhéal an Aontais, agus cúinsí eacnamaíocha, polaitiúla, cultúrtha, straitéiseacha, sláinte agus sóisialta á gcur san áireamh, chomh maith le paraiméadair theicniúla. Ba cheart é a bheith comhdhéanta de chinn na gcomhlachtaí a bhfuil an fhreagracht pholaitiúil ghinearálta orthu maidir leis an mbeartas speictrim straitéiseach. Ba cheart dó cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus comhairle a chur air maidir leis an mbeartas speictrim. Leis sin, ba cheart go méadófaí infheictheacht an bheartais speictrim i réimsí éagsúla beartais an Aontais tuilleadh agus go gcabhrófaí le comhsheasmhacht trasearnálach a áirithiú ar an leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart dó comhairle a chur ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle freisin arna iarraidh sin dóibh. Thairis sin, ba cheart gur fóram a bheadh in RSPG chun comhordú a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí na mBallstát maidir le speictream raidió faoin Treoir seo agus ba cheart do RSPG ról lárnach a bheith aige sna réimsí atá bunriachtanach don mhargadh inmheánach, amhail an comhordú trasteorann nó caighdeánú. D'fhéadfaí meithleacha teicniúla nó saineolaithe a chruthú freisin chun cabhrú le cruinnithe iomlánacha, cruinnithe ina gcuirfeadh ionadaithe ardleibhéil ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún an beartas straitéiseach le chéile. Tá tugtha le fios ag an gCoimisiún go bhfuil rún aige Cinneadh 2002/622/CE a leasú, faoi cheann sé mhí tar éis don Treoir seo teacht i bhfeidhm, d'fhonn go léireofar na cúraimí nua a leagadh ar an RSPG faoin Treoir seo.

(74)

Ba cheart na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh théarmaí agus choinníollacha an údaraithe ghinearálta agus na gceart úsáide agus an comhlíonadh sin a áirithiú, go háirithe chun úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió agus comhlíonadh na n-oibleagáidí cumhdaigh agus cáilíochta seirbhíse a áirithiú, trí phionóis riaracháin, lena n-áirítear pionóis airgeadais agus urghairí agus tarraingt siar na gceart úsáide i gcás sáruithe ar na téarmaí agus ar na coinníollacha sin. Ba cheart do ghnóthais an fhaisnéis is beaichte agus is iomláine is féidir a chur ar fáil do na húdaráis inniúla ionas gur féidir leo a gcuid cúraimí faireachais a chomhlíonadh.

(75)

Níor cheart go gcumhdófaí sna coinníollacha, a fhéadfar a chur ag gabháil leis na húdaruithe ginearálta agus leis na cearta úsáide aonair, ach a bhfuil géarghá leis chun comhlíonadh na gceanglas agus na n-oibleagáidí faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais a áirithiú.

(76)

Ba cheart an ceart a bheith ag aon pháirtí atá faoi réir cinneadh ó údarás inniúil achomharc a dhéanamh chuig comhlacht atá neamhspleách ar na páirtithe lena mbaineann agus ar aon idirghabháil sheachtrach nó brú polaitiúil a d'fhéadfadh a mheasúnú neamhspleách ar na hábhair a chuirtear os a chomhair a chur i gcontúirt. Is féidir an comhlacht sin a bheith ina chúirt. Thairis sin, aon ghnóthas a mheasann nár déileáladh lena iarratais ar dheonú ceart maidir le saoráidí a shuiteáil i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart an gnóthas sin a bheith i dteideal achomharc a dhéanamh in aghaidh na gcinntí sin. Níor cheart gur dhochar an nós imeachta achomhairc sin do dheighilt inniúlachtaí laistigh de na córais bhreithiúnacha náisiúnta agus do chearta eintiteas dlíthiúil nó daoine nádúrtha faoin dlí náisiúnta. In aon chás, ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a dheonú in aghaidh na gcinntí sin.

(77)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do ghníomhaithe margaidh, ba cheart do na comhlachtaí achomhairc a gcuid feidhmeanna a dhéanamh go héifeachtach. Go háirithe, níor cheart imeachtaí achomhairc a bheith níos faide ná mar is gá. Níor cheart bearta eatramhacha lena gcuirtear éifeacht chinneadh an údaráis inniúil ar fionraí a dheonú ach amháin i gcásanna práinneacha chun dochar tromchúiseach doleasaithe don pháirtí atá ag déanamh iarratais ar na bearta sin a chosc agus má cheanglaítear amhlaidh le cothromaíocht na leasanna.

(78)

Tá éagsúlacht mhór ann sa chaoi ar chuir comhlachtaí achomhairc bearta eatramhacha i bhfeidhm chun cinntí na n-údarás rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile a chur ar fionraí. Chun comhsheasmhacht chur chuige níos fearr a bhaint amach ba cheart comhchaighdeáin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais . Ba cheart comhlachtaí achomhairc a bheith i dteideal faisnéis atá ar fáil agus atá foilsithe ag BEREC a iarraidh. I bhfianaise thábhacht na n-achomharc d'fheidhmíocht ghinearálta an chreata rialála, ba cheart sásra a bhunú, i ngach ceann de na Ballstáit, chun faisnéis a bhailiú faoi achomhairc agus faoi chinntí maidir le cinntí a chur ar fionraí a rinne na húdaráis inniúla agus chun go dtuairisceofaí an fhaisnéis sin don Choimisiún agus do BEREC. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an sásra sin gur féidir leis an gCoimisiún nó le BEREC téacs na gcinntí agus na mbreithiúnas a fháil ó na Ballstáit d'fhonn bunachar sonraí a fhorbairt.

(79)

Ní mór méadú a dhéanamh ar an trédhearcacht i gcur i bhfeidhm shásra an Aontais maidir leis an margadh inmheánach don chumarsáid leictreonach a chomhdhlúthú, chun leasa na saoránach agus na ngeallsealbhóirí agus chun cur ar chumas páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a chur in iúl, lena n-áirítear trína cheangal ar na húdaráis rialála náisiúnta aon dréachtbheart a fhoilsiú ag an am céanna a chuirtear in iúl don Choimisiún, do BEREC agus do na húdaráis rialála náisiúnta i mBallstáit eile é. Aon dréachtbheart den sórt sin, ba cheart é a bheith réasúnaithe agus ba cheart go mbeadh anailís mhionsonraithe mar chuid de.

(80)

Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann, tar éis dó lánaird a thabhairt ar thuairim BEREC, a cheangal ar údarás rialála náisiúnta dréachtbheart a tharraingt siar i gcás ina mbaineann sé le margaí ábhartha a shainiú nó le gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu a ainmniú, agus i gcás ina gcruthófaí leis na cinntí sin bacainn ar an margadh inmheánach nó ina mbeadh na cinntí ar neamhréir le dlí an Aontais agus go háirithe na cuspóirí beartais ar cheart do na húdaráis rialála náisiúnta cloí leo. Ní dochar an nós imeachta sin don nós imeachta um fhógra a thabhairt dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2015/1535 agus do shainchumais an Choimisiúin faoi CFAE i leith sáruithe ar dhlí an Aontais.

(81)

Ba cheart an comhairliúchán náisiúnta le páirtithe leasmhara a dhéanamh roimh dhul i mbun comhairliúcháin ar leibhéal an Aontais chun an margadh inmheánach a chomhdhlúthú don chumarsáid leictreonach agus laistigh den nós imeachta maidir le leigheasanna a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ionas gur féidir tuairimí na bpáirtithe leasmhara a léiriú i gcomhairliúchán ar leibhéal an Aontais. Sheachnófaí leis sin freisin an gá leis an dara comhairliúchán ar leibhéal an Aontais i gcás athruithe ar bheart pleanáilte mar thoradh ar an gcomhairliúchán náisiúnta.

(82)

Tá sé tábhachtach go gcuirfí an creat rialála chun feidhme ar bhealach tráthúil. Nuair a bheidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún lena gceanglófar ar údarás rialála náisiúnta beart pleanáilte a tharraingt siar, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a dhréachtbheart a tharraingt siar nó beart athbhreithnithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart sprioc-am a leagan síos maidir le fógra a thabhairt faoin mbeart athbhreithnithe don Choimisiún ionas gur féidir le gníomhaithe margaidh a bheith ar an eolas faoi fhad thréimhse an athbhreithnithe margaidh agus chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú.

(83)

De bharr shásra an Aontais lena gceadaítear don Choimisiún a cheangal ar na húdaráis rialála náisiúnta bearta pleanáilte maidir le sainiú an mhargaidh agus gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu a ainmniú a tharraingt siar, tá cur chuige comhsheasmhach i bhfad níos fearr ann anois chun na himthosca ina bhféadfar rialáil ex ante a chur i bhfeidhm a shainaithint, chomh maith leis na himthosca sin ina mbíonn na gnóthais faoi réir na rialála sin. De bharr an taithí a fuarthas ar na nósanna imeachta faoi Airteagail 7 agus 7a de Threoir 2002/21/CE a chur i bhfeidhm, tá léirithe go ndéanann neamhréireachtaí sa chaoi a gcuireann na húdaráis rialála náisiúnta leigheasanna faoi dhálaí margaidh comhchosúla i bhfeidhm dochar don mhargadh inmheánach i gcumarsáid leictreonach. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún agus do BEREC, laistigh dá bhfreagrachtaí faoi seach, leibhéal níos airde comhsheasmhachta a áirithiú i gcur i bhfeidhm leigheasanna a bhaineann le dréachtbhearta atá molta ag na húdaráis rialála náisiúnta. Ina theannta sin, i gcás dréachtbheart maidir le síneadh oibleagáidí chuig pointe is faide ná an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, i gcás ina bhfuil gá leis chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní arda buana fisiciúla nó eacnamaíocha ar an macasamhlú, maidir le gnóthais cé go bhfuil sé ainmnithe mar gnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige nó le déileáil le heilimintí líonra an-ardtoillte nua ar bhonn rialála i gcás ina mbeidh an imní chéanna ar BEREC is a bheidh ar an gCoimisiún, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a cheangal ar údarás rialála náisiúnta dréachtbheart a tharraingt siar. Chun tairbhe a bhaint as saineolas na n-údarás rialála náisiúnta ar an anailís mhargaidh, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le BEREC sula nglacfaidh sé a chinntí nó a mholtaí.

(84)

Ag féachaint do na teorainneacha gearrthréimhseacha i sásra comhairliúcháin ar leibhéal an Aontais, ba cheart cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún moltaí nó treoirlínte a ghlacadh chun na nósanna imeachta maidir le faisnéis a mhalartú idir an Coimisiún agus na húdaráis rialála náisiúnta a shimpliú, mar shampla i gcásanna a bhaineann le margaí cobhsaí, nó nach mbaineann ach le mionathruithe ar bhearta ar tugadh fógra fúthu cheana. Ba cheart cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún freisin ionas gur féidir díolúine a thabhairt isteach maidir le fógra a thabhairt chun go gcuíchóireofar na nósanna imeachta i gcásanna áirithe.

(85)

Ba cheart ceangal a bheith ar na húdaráis rialála náisiúnta obair i gcomhar le chéile, le BEREC agus leis an gCoimisiún ar bhealach trédhearcach chun a áirithiú go gcuirfear an Treoir seo i bhfeidhm go comhsheasmhach i ngach Ballstát.

(86)

Maidir le rogha na n-údarás rialála náisiúnta, is gá í a réiteach le forbairt na gcleachtas rialála comhsheasmhach agus le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an chreata rialála chun cur go héifeachtach le forbairt agus le críochnú an mhargaidh inmheánaigh. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta tacú le gníomhaíochtaí margaidh inmheánaigh an Choimisiúin agus BEREC.

(87)

Maidir le bearta a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit, is bearta iad a d'fhéadfadh tionchar iarbhír nó féideartha a imirt, go díreach nó go hindíreach, ar phatrún na trádála idir na Ballstáit ar bhealach a d'fhéadfadh bacainn a chur ar an margadh inmheánch. Is bearta iad a bhfuil tionchar mór acu ar ghnóthais nó ar úsáideoirí sna Ballstáit eile, lena n-áirítear: bearta a dhéanann difear do phraghsanna d'úsáideoirí sna Ballstáit eile; bearta a dhéanann difear do chumas gnóthais atá bunaithe i mBallstát eile seirbhís cumarsáide leictreonaí a sholáthar, go háirithe bearta a dhéanann difear don chumas seirbhísí a thairiscint ar bhonn trasnáisiúnta; agus bearta a dhéanann difear do struchtúr an mhargaidh nó do rochtain ar an margadh, as a dtiocfadh iarmhairtí do ghnóthais i mBallstáit eile.

(88)

Chuirfí feabhas ar úsáid agus sainmhíniú níos coinbhéirsí i ndáil le gnéithe de na nósanna imeachta roghnúcháin agus na coinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide do speictream raidió a mbeadh tionchar suntasach acu ar dhálaí margaidh agus ar an staid iomaíoch, lena n-áirítear coinníollacha maidir le hiontráil agus méadú, dá mbeadh sásra comhordaithe ann trína ndéanfadh an Grúpa um Beartas Speictream Raidió (RSPG), arna iarraidh sin ag an údarás rialála náisiúnta nó an t-údarás inniúil eile nó, i gcásanna eisceachtúla, ar a thionscnamh féin, Fóram Athbhreithnithe Piaraí a thionól chun scrúdú a dhéanamh ar dhréachtbhearta sula ndéanfadh Ballstát áirithe cearta úsáide a dheonú d'fhonn dea-chleachtais a mhalartú. Is ionstraim piarfhoghlama é an Fóram Athbhreithnithe Piaraí. Ba cheart go rannchuideodh sé le feabhas a chur ar mhalartú dea-chleachtas idir na Ballstáit agus ar thrédhearcacht na nósanna imeachta roghúcháin comparáideach nó iomaíoch. Níor cheart go mbeadh an Próiseas Athbhreithnithe Piaraí ina choinníoll foirmiúil de nósanna imeachta údarúcháin náisiúnta. Ba cheart go mbeadh an malartú tuairimí sin bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag an údarás rialála náisiúnta nó an t-údarás inniúil eile a iarrann an Fóram Athbhreithnithe Piaraí agus ba cheart é a bheith mar chuid de bheart náisiúnta níos forleithne, a d'fhéadfadh, ar an mórgóir, an méid seo a leanas a chuimsiú: deonú, trádáil agus leasú, fad tréimhse, athnuachan nó leasú na gceart úsáide. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfadh an t-údarás rialála náisiúnta nó an t-údarás inniúil eile faisnéis a sholáthar freisin faoi dhréachtbhearta náisiúnta eile nó gnéithe díobh a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin ábhartha maidir le teorainn a chur leis na cearta úsáide maidir le speictream raidió nach dtagann faoin sásra athbhreithnithe piaraí. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart go mbeadh an t-údarás rialála náisiúnta nó an t-údarás inniúil eile faisnéis den sórt sin in ann a thíolacadh trí bhíthin formáid tuairiscithe choitinn, i gcásanna ina mbeidh sin ar fáil, lena tarchur chuig comhaltaí RSPG.

(89)

I gcás inar comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais go sannfaí speictream raidió go comhchuibhithe do ghnóthais ar leith, ba cheart do na Ballstáit na comhaontuithe sin a chur chun feidhme go dian agus na cearta úsáide ar speictream raidió á ndeonú acu ón bPlean Náisiúnta um Leithdháileadh Minicíochta.

(90)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann próisis údaruithe comhpháirteacha a chur san áireamh mar rogha agus iad ag eisiúint ceart úsáide i gcás ina gcumhdaítear imthosca trasteorann san úsáid ionchasach.

(91)

Ba cheart aon chinneadh ón gCoimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an Treoir seo i bhfeidhm go comhchuibhithe a bheith teoranta do phrionsabail, do chur chuige agus do mhodheolaíochtaí rialála. Chun amhras a sheachaint, níor cheart go bhforordófaí aon mhionsonraí ann lenar gá imthosca náisiúnta a léiriú de ghnáth, agus níor cheart go gcuirfí toirmeasc ann ar bhealaí malartacha cur chuige ar féidir bheith ag súil go réasúnta leis go mbeidh éifeacht choibhéiseach acu. Ba cheart an cinneadh sin a bheith comhréireach agus níor cheart go ndéanfadh sé difear do chinntí a dhéanann na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile nach gcuireann bacainn ar an margadh inmheánach.

(92)

Tá gealltanais tugtha ag an Aontas agus ag na Ballstáit i ndáil le caighdeáin agus creat rialála líonraí agus seirbhísí teileachumarsáide san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(93)

Ba cheart an caighdeánú fanacht go príomha ina phróiseas atá faoi thionchar an mhargaidh. D'fhéadfadh cásanna a bheith ann go fóill, áfach, inarb iomchuí a cheangal go gcomhlíonfaí caighdeáin shonraithe ar leibhéal an Aontais chun idir-inoibritheacht agus saoirse rogha sa mhargadh aonair a fheabhsú d'úsáideoirí agus chun idirnascacht a spreagadh sa mhargadh inmheánach. Ar an leibhéal náisiúnta, tá na Ballstáit faoi réir Threoir (AE) 2015/1535. Ní dochar na nósanna imeachta maidir le caighdeánú faoin Treoir seo do Threoracha 2014/30/AE (29) agus 2014/35/AE (30) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus do Threoir 2014/53/AE.

(94)

Ba cheart a cheangal ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí agus/nó ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, nó ar sholáthraithe na líonraí agus na seirbhísí sin araon, bearta a dhéanamh chun slándáil a líonraí agus a seirbhísí, faoi seach, a chosaint, agus chun tionchar teagmhas slándála a chosc nó a laghdú. Ag féachaint do staid na teicneolaíochta, ba cheart a áirithiú leis na bearta sin go mbeidh leibhéal slándála na líonraí agus na seirbhísí oiriúnach do mhéid na rioscaí atá ann. Ba cheart a chur san áireamh sna bearta slándála na gnéithe ábhartha ar fad, ar a laghad, den mhéid seo a leanas: maidir le slándáil líonraí agus saoráidí: slándáil fhisiceach agus chomhshaoil, slándáil soláthairtí, rialú rochtana ar líonraí agus sláine líonraí; maidir le láimhseáil teagmhas slándála: nósanna imeachta maidir le láimhseáil, cumas braite teagmhas slándála, tuairisciú agus cumarsáid teagmhas slándála; maidir le bainistiú leanúnachais gnó: straitéis leanúnachais seirbhíse agus pleananna teagmhais, cumais athshlánaithe ó thubaiste; maidir le faireachán, iniúchóireacht agus tástáil: beartais faireacháin agus logála, pleananna teagmhais a fheidhmiú, tástáil líonra agus seirbhíse, measúnuithe slándála agus faireachán ar chomhlíonadh; agus comhlíonadh caighdeán idirnáisiúnta.

(95)

I bhfianaise tábhacht na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a bheith ag dul i méid, is gá a áirithiú go mbeidh siad faoi réir ceanglas slándála iomchuí freisin i gcomhréir lena gcineál sonrach agus lena dtábhacht eacnamaíoch. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfaí soláthraithe seirbhísí den sórt sin leibhéal slándála a áirithiú freisin atá iomchuí don riosca arna chothú. Ós rud é nach bhfeidhmíonn soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir rialú iarbhír tarchur comharthaí thar líonraí, is féidir a mheas gur lú méid an riosca do na seirbhísí sin ar roinnt bealaí ná do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí traidisiúnta. Dá bhrí sin, i gcás ina mbeidh bonn cirt leis de bharr mheasúnú iarbhír na rioscaí slándála lena mbaineann, ba cheart na bearta arna nglacadh ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a bheith níos éadroime. Ba cheart feidhm mutatis mutandis a bheith ag an gcur chuige céanna maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta lena n-úsáidtear uimhreacha agus nach bhfeidhmíonn rialú iarbhír ar tharchur comharthaí.

(96)

Ba cheart do sholáthraithe líonraí cumarsáide lecitreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí úsáideoirí a chur ar an eolas faoi bhagairtí slándála suntasacha áirithe agus faoi bhearta is féidir leo a ghlacadh chun slándáil a gcuid cumarsáide a chosaint, mar shampla trí chineálacha bogearraí nó teicneolaíochtaí criptithe ar leith a úsáid. Níor cheart don cheanglas chun úsáideoirí a chur ar an eolas faoi bhagairtí den sórt sin soláthraí seirbhíse a scaoileadh saor ón oibleagáid bearta iomchuí láithreacha a dhéanamh, ar a chostas féin, chun aon bhagairtí slándála a réiteach agus gnáthleibhéal slándála na seirbhíse a thabhairt ar ais. Ba cheart faisnéis den sórt sin faoi bhagairtí slándála don úsáideoir a chur ar fáil don úsáideoir saor in aisce.

(97)

D'fhonn cinnteacht na líonraí agus na seirbhísí a áirithiú, agus gan dochar do chumhachtaí na mBallstát cosaint a gcuid leasanna fíor-riachtanacha slándála agus na slándáil poiblí a áirithiú, agus ionas gur féidir cionta coiriúla a fhiosrú, a bhrath agus a ionchúiseamh, is ceart cead a thabhairt criptiú, mar shampla criptiú ó cheann go ceann, a úsáid nuair is iomchuí agus a chur chun cinn agus, nuair is gá, criptiú a bheith éigeantach i gcomhréir le prionsabail na slándála agus na príobháideachta de ghnás agus d'aon toil.

(98)

Ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go gcaomhnófar sláine agus infhaighteacht líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí. Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise ('ENISA') cur le leibhéal feabhsaithe slándála na cumarsáide leictreonaí trí shaineolas agus trí chomhairle a chur ar fáil agus trí mhalartú dea-chleachtas a chur chun cinn, inter alia. Ba cheart na hacmhainní is gá a bheith ag na húdaráis inniúla chun a gcuid cúraimí a dhéanamh, lena n-áirítear cumhachtaí an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal slándála líonraí nó seirbhísí a iarraidh. Ba cheart an chumhacht a bheith acu freisin sonraí cuimsitheacha agus iontaofa a iarraidh faoi theagmhais slándála iarbhír a raibh tionchar mór acu ar oibriú líonraí nó seirbhísí. Ba cheart go bhfaighidís cúnamh, más gá, ó na Foirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRTanna) a bunaíodh le Treoir (AE) 2016/1148/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31). Go háirithe, féadfar a cheangal ar CSIRTanna faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla faoi rioscaí agus faoi theagmhais slándála a dhéanann difear do líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, agus bealaí chun aghaidh a thabhairt orthu a mholadh.

(99)

I gcás ina mbraitheann soláthar na cumarsáide leictreonaí ar acmhainní poiblí a bhfuil a n-úsáid faoi réir údarú sonrach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a dheonú don údarás atá inniúil ar a n-eisiúint an ceart táillí a fhorchur chun úsáid is fearr na n-acmhainní sin a áirithiú, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bheartaítear sa Treoir seo. I gcomhréir le cásdlí na gCúirte Breithiúnais, ní féidir leis na Ballstáit aon mhuirir nó táillí a fhorchur i ndáil le soláthar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí seachas na cinn dá bhforáiltear sa Treoir seo. Chuige sin, ba cheart cur chuige comhsheasmhach a bheith ag na Ballstáit maidir leis na muirir nó na táillí sin a bhunú ionas nach gcuirfear ualach airgeadais míchuí a bhaineann leis an nós imeachta maidir le húdarú ginearálta nó cearta úsáide ar sholáthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

(100)

Chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr as acmhainní, ba cheart na táillí staid eacnamaíoch agus teicniúil an mhargaidh lena mbaineann a léiriú chomh maith le haon fhachtóir suntasach eile lena gcinntear a luach. Ag an am céanna, ba cheart táillí a shocrú ar bhealach lena n-áirithítear sannadh éifeachtúil agus úsáid éifeachtúil speictrim raidió. Ní dochar an Treoir seo don chuspóir atá le táillí ar chearta úsáide agus ar chearta maidir le saoráidí a shuiteáil. Ba cheart go bhféadfaí, mar shampla, na táillí sin a úsáid chun gníomhaíochtaí na n-údarás rialála náisiúnta agus na n-údarás inniúil eile nach féidir a chumhdach le muirir riaracháin a mhaoiniú, mar shampla. I gcás nósanna imeachta iomaíocha nó comparáideacha ina bhfuil táillí ar chearta úsáide maidir le speictream raidió comhdhéanta, go hiomlán nó go páirteach, de mhéid aon uaire, ba cheart a áirithiú le socruithe íocaíochta nach mbeidh de thoradh ar na táillí sin sa chleachtas roghnú ar bhonn critéar nach mbaineann leis an gcuspóir go n-áiritheofaí go mbainfí an úsáid is fearr as speictream raidió. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann staidéir thagarmharcála agus, de réir mar is iomchuí, treoir eile a fhoilsiú ar bhonn rialta maidir le dea-chleachtais chun speictream raidió a shannadh, acmhainní uimhrithe a shannadh nó cearta slí a dheonú.

(101)

Is féidir le táillí a fhorchuirtear ar ghnóthais a bhaineann le cearta úsáide maidir le speictream raidió tionchar a imirt ar chinntí faoi na cearta sin a lorg agus acmhainní speictrim raidió a chur in úsáid. D'fhonn a áirithiú go mbainfí an úsáid is fearr as speictream raidió, ba cheart do na Ballstáit praghsanna forchoimeádta a shocrú ar bhealach a ráthaíonn sannadh éifeachtúil na gceart, beag beann ar chineál an nós imeachta roghnúcháin a úsáidtear. D'fhéadfadh na Ballstáit a chur san áireamh freisin na costais féideartha a bhaineann le comhlíonadh na gcoinníollacha údaraithe arna bhforchur chun cuspóirí beartais a chur chun cinn a thuilleadh. Ar an gcaoi sin, ba cheart aird a dhíriú ar staid iomaíoch an mhargaidh lena mbaineann freisin, lena n-áirítear na húsáidí malartacha a d'fhéadfadh a bhaint as na hacmhainní.

(102)

Braitheann úsáid is fearr acmhainní speictrim raidió ar infhaighteacht líonraí iomchuí agus saoráidí gaolmhara. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina bhforchuireann údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile táillí ar chearta úsáide maidir le speictream raidió agus ar chearta maidir le saoráidí a shuiteáil, go gcuirtear san áireamh an gá forbairt bhonneagair leanúnach a éascú d'fhonn úsáid is éifeachtúla na n-acmhainní a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit féachaint lena áirithiú a mhéid is féidir cur módúlachtaí le haghaidh íocaíocht na dtáillí ar chearta úsáide maidir le speictream raidió a bhaineann le hinfhaighteacht iarbhír na hacmhainne ar bhealach lena dtacaítear leis na hinfheistíochtaí is gá chun an fhorbairt bonneagair sin agus soláthar na seirbhísí gaolmhara a chur chun cinn. Ba cheart na comhshocruithe íocaíochta a shonrú ar bhealach oibiachtúil, trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach sula n-osclófar na nósanna imeachta maidir le cearta úsáide ar speictream raidió a dheonú.

(103)

Ba cheart a áirithiú gurb ann do nósanna imeachta maidir le cearta a dheonú chun saoráidí a shuiteáil atá tráthúil, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, chun na dálaí ar mhaithe le hiomaíocht chothrom agus éifeachtach a áirithiú. Ní dochar an Treoir seo do na forálacha náisiúnta lena rialaítear díshealbhú nó úsáid maoine, gnáthfheidhmiú na gceart maoine, gnáthúsáid an fhearainn phoiblí, nó do phrionsabal na neodrachta maidir leis na rialacha sna Ballstáit lena rialaítear córas na húinéireachta maoine.

(104)

Maidir le ceadanna arna n-eisiúint do sholáthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí lena gceadaítear dóibh rochtain a fháil ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach, is fachtóirí riachtanacha iad chun líonraí cumarsáide leictreonaí nó eilimintí líonra nua a bhunú. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh sé gur constaicí tábhachtacha ar fhorbairt na hiomaíochta iad castacht nach gá agus moill ar na nósanna imeachta maidir le cearta slí a dheonú. Mar thoradh air sin, ba cheart an chaoi a bhfaigheann gnóthais údaraithe cearta slí a shimpliú. Ba cheart do na húdaráis inniúla an chaoi a bhfaightear na cearta slí a chomhordú agus rochtain ar fhaisnéis ábhartha a thabhairt ar a suíomhanna gréasáin.

(105)

Is gá cumhachtaí na mBallstát a neartú maidir le sealbhóirí ceart slí chun iontráil nó leathadh amach líonra nua ar bhealach atá cothrom, éifeachtúil agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de, agus atá neamhspleách ar aon oibleagáid atá ar ghnóthas atá ainmnithe ina gnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige rochtain a dheonú ar a líonra cumarsáide leictreonaí, a áirithiú. Má chuirtear feabhas ar chomhroinnt saoráidí is féidir an costas comhshaoil atá ar imscaradh bhonneagar na cumarsáide leictreonaí a laghdú agus tairbhe a dhéanamh don tsláinte phoiblí, don tslándáil phoiblí agus cuspóirí pleanála baile agus tuaithe a chomhlíonadh. Ba cheart cumhacht a thabhairt do na húdaráis inniúla a cheangal ar na gnóthais a bhfuil leas bainte acu as cearta maidir le saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach, os a cionn nó fúithi, na saoráidí nó an mhaoin sin, lena n-áirítear comhshuíomh fisiceach, a chomhroinnt tar éis tréimhse iomchuí chomhairliúcháin phoiblí; le linn na tréimhse sin ba cheart an deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara ar fad a gcuid tuairimí a chur in iúl sna réimsí sonracha inar gá an chomhroinnt sin de thoradh na gcúiseanna leasa ghinearálta sin. D'fhéadfadh sé gurb amhlaidh a bheadh i gcás ina mbeadh an fho-ithir faoi bhrú mór nó inar gá constaic nádúrtha a thrasnú. Ba cheart na húdaráis inniúla go háirithe a bheith in ann comhroinnt eilimintí líonra agus saoráidí gaolmhara, amhail duchtanna, seolphíobáin, crainn, dúnphoill, caibinéid, aeróga, túir agus déantúis tacaíochta eile, foirgnimh nó bealaí isteach chuig foirgnimh, agus comhordú níos fearr oibreacha sibhialta ar fhorais chomhshaoil nó ar fhorais beartais phoiblí eile a fhorchur. Ar an taobh eile, ba cheart gur faoi na húdaráis rialála náisiúnta a bheadh sé na rialacha a shainiú maidir le comhroinnt na gcostas atá ar chomhroinnt na saoráide nó na maoine chun a áirithiú go gcúiteofar go hiomchuí an riosca do na gnóthais lena mbaineann. I bhfianaise na n-oibleagáidí a fhorchuirtear le Treoir 2014/61/AE, ba cheart do na húdaráis inniúla, go háirithe na húdaráis áitiúla, nósanna imeachta comhordaithe iomchuí a bhunú freisin, i gcomhar leis na húdaráis rialála náisiúnta, maidir le hoibreacha poiblí agus saoráidí poiblí nó maoin phoiblí iomchuí eile, ba cheart go mbeadh siad in ann nósanna imeachta a áireamh lena n-áirithítear go bhfuil faisnéis ag na páirtithe leasmhara a bhaineann le saoráidí poiblí nó maoin phoiblí iomchuí agus le hoibreacha poiblí atá pleanáilte nó ar siúl go fóill, lena dtabharfaí fógra dóibh ar bhealach tráthúil faoi na hoibreacha sin, agus lena n-éascófaí an chomhroinnt oiread agus is féidir.

(106)

I gcás ina gceanglófar ar oibreoirí móibíleacha túir nó crainn a chomhroinnt ar chúiseanna comhshaoil, d'fhéadfadh bheith de thoradh ar an gcomhroinnt shainordaithe sin go ndéanfaí laghdú ar na huasleibhéil cumhachta tarchurtha a cheadaítear do gach oibreoir ar chúiseanna sláinte poiblí, agus, dá dheasca sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh ar oibreoirí níos mó suíomhanna tarchurtha a shuiteáil chun cumhdach náisiúnta a áirithiú. Ba cheart do na húdaráis inniúla féachaint leis na ceisteanna comhshaoil agus sláinte poiblí atá i gceist a réiteach, agus aird chuí á tabhairt acu ar an gcur chuige réamhchúraim a leagtar amach i Moladh 1999/519/CE ón gComhairle (32).

(107)

Is acmhainn phoiblí ghann é speictream raidió a bhfuil luach tábhachtach margaidh agus poiblí leis. Is ionchur riachtanach é do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí raidióbhunaithe agus, a mhéid a bhaineann sé leis na líonraí agus seirbhísí sin, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta nó d'údaráis inniúla eile é a leithdháileadh agus a shannadh go héifeachtúil i gcomhréir leis na gcuspóirí agus na bprionsabal comhchuibhithe lena rialaítear a gcuid gníomhaíochta agus de réir critéir oibiachtúla, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, agus na leasanna daonlathacha, sóisialta, teanga agus cultúrtha a bhaineann le húsáid bandaí speictrim raidió á gcur san áireamh. Le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE bunaítear creat chun speictream raidió a chomhchuibhiú.

(108)

Níor cheart gur dhochar gníomhaíochtaí beartais speictrim raidió san Aontas do na bearta arna ndéanamh, ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun cuspóirí leasa ghinearálta a shaothrú, go háirithe maidir le líonraí poiblí rialtasacha agus cosanta, le rialáil ábhair agus le beartais chlosamhairc agus meán, agus do cheart na mBallstát a gcuid speictrim raidió a eagrú agus a úsáid ar mhaithe leis an ord poiblí, an tslándáil phoiblí agus an chosaint.

(109)

Tá sé riachtanach nascacht fhorleathan a áirithiú ar mhaithe le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta, rannpháirtíocht sa saol poiblí agus comhtháthú sóisialta agus críochach. Ós rud é go bhfuil nascacht agus úsáid na cumarsáide leictreonaí ina ngné lárnach de shochaí agus leas na hEorpa, ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh cumhdach leathanbhanda gan sreang a áirithiú ar fud an Aontais. Ba cheart cumhdach den sórt sin a bhaint amach trí bhrath ar na Ballstáit a fhorchuirfidh na ceanglais iomchuí cumhdaigh, ar cheart iad a chur in oiriúint do gach réimse a ndéantar freastal air agus a theorannú d'ualaí comhréireacha ionas nach gcuirfear bac ar an imscaradh ag soláthraithe seirbhíse. Ós rud é go bhfuil ról tábhachtach ag córais amhail líonraí achair logánta raidió (RLANanna) maidir le leathanbhanda ardluais gan sreang á sholáthar laistigh, ba cheart bearta a dhíriú ar a áirithiú go scaoilfí speictream raidió leordhóthanach i mbandaí ar sócmhainní luachmhara iad chun líonraí gan sreang a bhfuil cumhdach uilíoch acu a imscaradh go costéifeachtach, go háirithe taobh istigh. Ina theannta sin, ba cheart bearta comhsheasmhacha agus comhordaithe a dhéanamh ar mhaithe le cumhdach ardchaighdeáin leathanbhanda trastíre gan sreang ar fud an Aontais, agus na cleachtais náisiúnta is fearr a fhorbairt maidir le hoibleagáidí ceadúnais oibreoirí, agus é mar aidhm cuspóir an chláir beartais um an speictream raidió a bhaint amach, is é sin, go mbeadh rochtain ag gach saoránach an Aontais, taobh istigh agus taobh amuigh araon, ar na luais leathanbhanda is tapúla, nach lú ná 30 Mbps iad, faoin mbliain 2020, agus ba cheart go mbeadh mar aidhm leis na bearta sin fís uaillmhianach a bhaint amach maidir le sochaí ghigighiotáin a bheith san Aontas. Le bearta den sórt sin déanfar seirbhísí nuálacha digiteacha a chur chun cinn agus sochair shocheacnamaíocha fhadtéarmacha a áirithiú. Ba cheart cumhdach rianúil na críche chomh maith leis an nascacht ar fud na mBallstát a bheith ar uasmhéid agus iontaofa, d'fhonn seirbhísí agus feidhmchláir náisiúnta agus trasteorann, amhail carranna nasctha agus ríomhsheirbhísí sláinte, a chur chun cinn.

(110)

Tá sé ríthábhachtach go n-áiritheofaí nach mbeidh saoránaigh faoi lé réimsí leictreamaighnéadacha ar leibhéal a dhéanfadh dochar don tsláinte phoiblí. Ba cheart do na Ballstáit comhsheasmhacht a shaothrú ar fud an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, agus aird ar leith acu ar an gcur chuige réamhchúraim a glacadh i Moladh Uimh. 1999/519/CE, chun iarracht a dhéanamh dálaí níos comhsheasmhaí maidir le himscaradh a áirithiú. Ba cheart do na Ballstát an nós imeachta a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/1535 a chur i bhfeidhm, nuair is ábhartha, d'fhonn trédhearcacht a léiriú do na geallsealbhóirí agus chun deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún freagairt.

(111)

Maidir le comhchuibhiú agus comhordú speictrim raidió agus rialáil trealaimh le tacaíocht ó chaighdeánú, tá siad comhlántach agus is gá iad a chomhordú go dlúth chun a gcomhchuspóirí a chomhlíonadh go héifeachtach, le tacaíocht ón nGrúpa um Beartas Speictream Raidió. Le comhordú idir ábhar agus uainiú sainorduithe chuig Comhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (CEPT) faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE agus iarrataí ar chaighdeánú chuig comhlachtaí um chaighdeánú, amhail Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide, lena n-áirítear maidir le paraiméadair glacadóirí raidió, ba cheart go n-éascófaí tabhairt isteach córas sa todhchaí, go dtacófaí le deiseanna ar chomhroinnt speictrim raidió agus go n-áiritheofaí bainistiú éifeachtach speictrim raidió.

(112)

Níl éileamh aonfhoirmeach ar speictream raidió comhchuibhithe i ngach cuid den Aontas. I gcás ina mbeidh easpa éilimh ar an mbanda comhchuibhithe ar fad nó ar chuid de ar an leibhéal réigiúnach nó náisiúnta, d'fhéadfadh na Ballstáit úsáid mhalartach an bhanda a cheadú go heisceachtúil, mar shampla chun easpa soláthair margaidh maidir le húsáid áirithe a chumhdach, fad a mhairfidh an easpa éilimh agus ar choinníoll nach ndéanann an úsáid mhalartach dochar d'úsáid chomhchuibhithe an bhanda ag na Ballstáit eile agus go gcuirfear deireadh léi nuair a thiocfaidh éileamh ar an úsáid chomhchuibhithe.

(113)

Bunaíodh solúbthacht i mbainistiú speictrim raidió agus rochtain ar speictream raidió trí údaruithe atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta agus na seirbhíse de ionas gur féidir le húsáideoirí speictrim raidió na teicneolaíochtaí agus na seirbhísí is fearr a roghnú lena bhfeidhmiú i mbandaí speictrim raidió a bhfuil a n-infhaighteacht le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí dearbhaithe sna Pleananna Leithdháilte Minicíochtaí Náisiúnta ábhartha i gcomhréir le dlí an Aontais ('prionsabal neodracht neodracht na teicneolaíochta agus na seirbhíse de'). Maidir leis an gcinneadh riaracháin faoi theicneolaíochtaí agus faoi sheirbhísí, níor cheart feidhm a bheith aige ach amháin nuair a bheidh cuspóirí leasa ghinearálta i mbaol, ba cheart bonn cirt soiléir a bheith leis agus ba cheart é a bheith faoi réir athbhreithniú rialta.

(114)

Maidir le srianta ar phrionsabal na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta de, ba cheart iad a bheith iomchuí agus bonn cirt a bheith leo mar gheall gur gá trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint, mar shampla trí mhaisc astaíochtaí agus leibhéil chumhachta a fhorchur, chun a áirithiú go gcosnófar an tsláinte phoiblí tríd an risíocht phoiblí do réimsí leictreamaighnéadacha a theorannú, chun feidhmiú ceart seirbhísí a áirithiú trí leibhéal leordhóthanach cáilíochta teicniúla seirbhíse, cé nach gá go gcoiscfí an fhéidearthacht go n-úsáidfí níos mó ná seirbhís amháin sa bhanda speictrim raidió céanna, chun comhroinnt cheart speictrim raidió a áirithiú, go háirithe i gcás ina mbeadh an úsáid sin faoi réir údaruithe ginearálta amháin, chun úsáid éifeachtach speictrim raidió a chosaint, nó chun cuspóir leasa ghinearálta a chomhlíonadh i gcomhréir le dlí an Aontais.

(115)

Ba cheart saoirse iomlán a bheith ag úsáideoirí speictrim raidió na seirbhísí atá siad ag iarraidh a thairiscint thar an speictream raidió a roghnú. Ar an lámh eile, ba cheart bearta a cheadú lena gceanglófaí nach mór go gcomhlíonfadh soláthar seirbhíse sonraí cuspóirí leasa ghinearálta atá sainithe go soiléir, amhail sábháilteacht an duine, an gá comhtháthú sóisialta, réigiúnach agus críochach a chur chun cinn, nó úsáid neamhéifeachtúil speictrim raidió a sheachaint, ar choinníoll gur gá iad agus go bhfuil siad comhréireach. Ba cheart go n-áireofaí leis na cuspóirí sin cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha agus teanga agus iolrachas na meán de réir mar atá sainithe ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais. Ach amháin más gá iad chun sábháilteacht an duine a chosaint nó, mar eisciacht, chun cuspóirí leasa ghinearálta eile a chomhlíonadh de réir mar atá sainithe ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais, níor cheart bheith de thoradh ar eisceachtaí go mbeadh úsáid eisiach ag seirbhísí áirithe; os a choinne sin, ba cheart na heisceachtaí sin tosaíocht a thabhairt dóibh ionas gur féidir seirbhísí nó teicneolaíochtaí eile cómhaireachtáil, a mhéid is féidir, sa bhanda speictrim raidió céanna. Is faoi inniúlacht na mBallstát atá sé raon feidhme agus cineál aon eisceachta maidir le cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha agus teanga agus iolrachas na meán a shainiú.

(116)

Ós rud é gur eisceacht é leithdháileadh speictrim raidió ar theicneolaíochtaí nó ar sheirbhísí sonracha ar phrionsabail na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta agus na seirbhíse de agus go laghdaítear leis an tsaoirse an tseirbhís arna soláthar nó an teicneolaíocht arna húsáid a roghnú, ba cheart aon togra le haghaidh an leithdháilte sin a bheith trédhearcach agus faoi réir comhairliúchán poiblí.

(117)

I gcásanna ina gcinnfidh na Ballstáit, mar eisciacht, teorainn a chur leis an tsaoirse líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar bunaithe ar fhorais beartais phoiblí, slándála poiblí nó sláinte poiblí, ba cheart do na Ballstáit cúiseanna a thabhairt leis an teorainn sin.

(118)

Ba cheart speictream raidió a bhainistiú ar bhealach lena n-áirithítear go seachnófar trasnaíocht dhíobhálach. Dá bhrí sin, ba cheart coincheap bunúsach na trasnaíochta díobhálaí a shainmhíniú i gceart chun a áirithiú go mbeidh idirghabháil rialála teoranta don mhéid is gá chun an trasnaíocht sin a chosc, agus aird freisin ar an ngá go gcuirfí san áireamh ardmhodhanna cosanta in aghaidh trasnaíocht dhíobhálach, agus é mar aidhm na teicneolaíochtaí agus na modhanna um bainistiú speictrim raidió a chur i bhfeidhm chun cur i bhfeidhm an phrionsabail um neamhthrasnaíocht agus um neamhchosaint a sheachaint a mhéid is féidir. Tá gné láidir trasteorann ag baint le hiompar agus tá dúshláin ag baint lena dhigitiú. Tá uathriail agus nascacht feithiclí (amhail meitreo, busanna, carranna, trucailí, traenacha, agus mar sin de) ag dul i méid de réir a chéile. Sa mhargadh inmheánach, is féidir le feithiclí taisteal níos éasca thar theorainneacha náisiúnta. Tá cumarsáid iontaofa agus seachaint trasnaíochtaí díobhálacha ríthábhachtach ar mhaithe le feidhmiú maith agus sábháilte feithiclí agus a gcóras cumarsáide ar bord.

(119)

Agus an t-éileamh ar speictream raidió ag dul i méid agus feidhmchláir agus teicneolaíochtaí éagsúla nua ann a chiallaíonn gur gá rochtain níos solúbtha ar speictream raidió agus úsáid níos solúbtha a bhaint as speictream raidió, ba cheart do na Ballstáit úsáid chomhroinnte speictrim raidió a chur chun cinn trí na réimis údaraithe is iomchuí i ngach cás a chinneadh agus trí rialacha agus coinníollacha iomchuí agus trédhearcacha lena mbaineann a bhunú. Mar thoradh ar úsáid chomhroinnte speictrim raidió i rith an ama áirithítear go n-úsáidtear banda speictrim raidió ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil mar is féidir le roinnt úsáideoirí nó gléasanna neamhspleácha rochtain a fháil ar an mbanda céanna minicíochta faoi chineálacha éagsúla réimeas dlíthiúil agus, dá bharr sin, bíonn acmhainní speictrim raidió breise ar fáil, méadaítear éifeachtúlacht úsáide agus éascaítear rochtain ar speictream raidió d'úsáideoirí nua. Is féidir an úsáid chomhroinnte a bheith bunaithe ar údaruithe ginearálta nó ar úsáid atá díolmhaithe ó cheadúnas lenar féidir le roinnt úsáideoirí, faoi choinníollacha comhroinnte sonracha, rochtain a fháil ar an speictream raidió céanna agus é a úsáid i limistéir gheografacha éagsúla nó ag tréimhsí éagsúla. Is féidir an úsáid chomhroinnte a bheith bunaithe ar chearta úsáide aonair freisin faoi shocruithe, amhail rochtain chomhroinnte cheadúnaithe ina gcomhaontaíonn na húsáideoirí ar fad (le húsáideoir atá ann cheana agus úsáideoirí nua) faoi na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh rochtain chomhroinnte, faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil, sa chaoi go n-áiritheofar íoscháilíocht tarchurtha raidió ráthaithe. I gcás ina gceadaíonn siad úsáid chomhroinnte faoi réimis údaraithe éagsúla, níor cheart do na Ballstáit tréimhsí atá an-éagsúil le chéile ó thaobh faid de a shocrú don úsáid sin faoi réimis údaraithe éagsúla.

(120)

Le húdaruithe ginearálta maidir le húsáid speictrim raidió, féadfar an úsáid speictrim raidió is éifeachtaí a éascú agus nuálaíocht a chothú i gcásanna áirithe agus cothaítear an iomaíocht leo freisin, ach d'fhéadfadh sé gurb é an córas údaraithe is iomchuí i gcásanna eile, i bhfianaise imthosca sonracha áirithe, cearta aonair ar úsáid speictrim raidió a bheith ann. Mar shampla, ba cheart breathnú ar chearta úsáide aonair i gcás ina bhfágtar le dea-saintréithe síolraithe an speictrim raidió nó leis an leibhéal cumhachta tarchurtha nach féidir aird a thabhairt, mar gheall ar an gcáilíocht seirbhíse atá riachtanach, ar na hábhair imní trasnaíochta le húdaruithe ginearálta. D'fhéadfaí, le bearta teicniúla chun athléimneacht glacadóra a fheabhsú, úsáid údaruithe ginearálta nó comhroinnt speictrim raidió a éascú, agus d'fhéadfaí, leis na bearta sin, an leas córasach a bhaintear as prionsabail um neamhthrasnaíocht agus um neamhchosaint a sheachaint.

(121)

Chun intuarthacht a áirithiú agus deimhneacht dhlíthiúil agus cobhsaíocht infheistíochta a choinneáil, ba cheart do na Ballstáit critéir iomchuí a bhunú roimh ré chun comhlíonadh chuspóir na húsáide éifeachtúla speictrim raidió ag sealbhóirí na gceart a chinneadh agus na coinníollacha a ghabhann le cearta úsáide aonair agus údaruithe ginearálta á gcur chun feidhme. Ba cheart páirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach i sainiú na gcoinníollacha sin agus ba cheart iad a chur ar an eolas, ar bhealach trédhearcach, faoin gcaoi a ndéanfar measúnú ar chomhlíonadh a gcuid oibleagáidí.

(122)

Chun cruthú bacainní ar iontráil sa mhargadh a sheachaint, eadhon trí chnapaireacht fhrithiomaíoch, ba cheart go mbeadh an chaoi a bhforfheidhmíonn na Ballstáit na coinníollacha a ghabhann le cearta speictrim raidió éifeachtach agus ba cheart do na húdaráis inniúla ar fad a bheith rannpháirteach nuair is gá sin. Maidir leis na coinníollacha forfheidhmithe, ba cheart clásal i gcás neamhúsáide a bheith san áireamh iontu. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i leith risíocht d'aon phionóis as mainneachtain speictrim raidió a úsáid, ba cheart tairseacha úsáide, lena n-áirítear ó thaobh ama, cainníochta nó céannacht speictrim de, a bhunú roimh ré. Ba cheart go n-áiritheodh trádáil agus léasú speictrim raidió an úsáid éifeachtach shealbhóir an chirt bunaidh.

(123)

I gcás ina mbunaítear na coinníollacha comhchuibhithe do bhanda speictrim raidió faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, ní mór d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh faoin réimeas iomchuí údaraithe atá le feidhmiú sa bhanda sin nó i gcodanna de. I gcás inar dóigh go mbeidh fadhbanna comhchosúla ag na Ballstáit uile agus ina bhféadfadh réitigh éagsúla ar na fadhbanna sin an margadh inmheánach um threalamh a scoilteadh agus go gcuirfí moill, mar sin, ar leathadh amach chórais 5G, d'fhéadfadh sé gur ghá don Choimisiún agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim RSPG, réitigh choitianta a mholadh, lena dtabharfaí aitheantas d'aon bhearta teicniúla comhchuibhithe atá i bhfeidhm. D'fhéadfadh bosca uirlisí a chur ar fáil do na Ballstáit leis sin, a bhféadfadh siad a chur san áireamh nuair a bheadh réimis údaraithe comhsheasmhacha iomchuí á sainaithint acu a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le banda, nó cuid de bhanda, ag brath ar thosca amhail dlús daonra, ar shaintréithe síolraithe na mbandaí, an éagsúlacht idir úsáid uirbeach agus úsáid tuaithe, an gá a d'fhéadfadh a bheith le seirbhísí atá ann cheana a chosaint agus an tionchar, dá bharr sin, ar bharainneachtaí scála sa mhonaraíocht.

(124)

Le comhroinnt bonneagair líonra, agus i gcásanna áirithe comhroinnt speictrim raidió, is féidir úsáid níos éifeachtaí agus níos éifeachtúlaa bhaint as speictream raidió agus a áirithiú go n-imscarfar líonraí go tapa, go háirithe i limistéir nach bhfuil an daonra chomh dlúth sin iontu. Agus na coinníollacha atá le cur le cearta úsáide maidir le speictream raidió á mbunú, ba cheart do na húdaráis inniúla freisin féachaint ar chineálacha de chomhroinnt nó de chomhordú idir gnóthais a údarú d'fhonn úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió nó comhlíonadh na n-oibleagáidí cumhdaigh a áirithiú, i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta.

(125)

Leis an gceanglas chun prionsabail na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta agus na seirbhíse de a urramú maidir le cearta úsáide a dheonú, i dteannta na deise cearta a aistriú idir gnóthais, neartaítear an tsaoirse agus an modh i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar don phobal agus, leis sin, déantar níos éasca é cuspóirí leasa ghinearálta a bhaint amach. Ní dhéanann an Treoir seo dochar do shannadh speictrim raidió, is cuma cé acu a shanntar é go díreach do sholáthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó a shanntar é d'eintitis a úsáideann na líonraí nó na seirbhísí sin. D'fhéadfadh sé gur soláthraithe inneachair chraolta raidió nó teilifíse na heintitis sin. I gcás ar bith, ba cheart an fhreagracht maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha a ghabhann leis an gceart maidir le speictream raidió a úsáid agus na coinníollacha ábhartha a ghabhann leis an údarú ginearálta a bheith ar an ngnóthas ar deonaíodh an ceart úsáide maidir le speictream raidió dó. Le hoibleagáidí áirithe arna bhforchur ar chraoltóirí maidir le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar, d'fhéadfadh sé gur gá critéir shonracha agus nósanna imeachta sonracha a úsáid maidir le cearta úsáide speictrim raidió a dheonú chun cuspóir leasa ghinearálta sonrach arna leagan amach ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais a bhaint amach. Ba cheart an nós imeachta maidir leis na cearta sin a dheonú a bheith oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach i gcás ar bith, áfach.

(126)

Ceanglaítear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais go mbeidh bonn cirt oibiachtúil le haon srianta náisiúnta ar na cearta a ráthaítear le hAirteagal 56 CFAE agus comhréireach agus níor cheart dóibh a bheith thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Thairis sin, níor cheart cearta úsáide speictrim raidió a deonaíodh gan cloí le nós imeachta oscailte a úsáid chun aon chríoch seachas an cuspóir leasa ghinearálta ar deonaíodh iad lena aghaidh. Sa chás sin, ba cheart an deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl laistigh de thréimhse réasúnta. Mar chuid den nós imeachta iarratais maidir le cearta a dheonú, ba cheart do na Ballstáit a fhíorú an mbeidh an t-iarratasóir in ann na coinníollacha a chuirfear leis na cearta sin a chomhlíonadh. Ba cheart na coinníollacha sin a léiriú sna critéir incháilitheachta arna leagan amach i dtéarmaí oibiachtúla, trédhearcacha, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha sula seolfar aon nós imeachta roghnúcháin iomaíoch. Chun critéir den sórt sin a chur i bhfeidhm, is féidir go n-iarrfaí ar an iarratasóir an fhaisnéis is gá a chur isteach chun a chumas na coinníollacha sin a chomhlíonadh a chruthú. I gcás nach gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil, is féidir go ndiúltófaí don iarratas ar an gceart maidir le speictream raidió a úsáid.

(127)

Níor cheart do na Ballstáit, sula ndeonóidh siad an ceart, ach fíorú na n-eilimintí is féidir le hiarratasóir a bhíonn cúramach de ghnáth a thaispeáint go réasúnta a fhorchur, agus aird chuí ar luach tábhachtach margaidh agus poiblí speictrim raidió mar acmhainn phoiblí ghann. Ní dochar é sin don fhéidearthacht go bhfíorófaí, dá éis sin, comhlíonadh na gcritéar incháilitheachta, mar shampla trí gharspriocanna, i gcás nárbh fhéidir na critéir a chomhlíonadh go réasúnta ar dtús. Chun úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió a choinneáil, níor cheart do na Ballstáit cearta a dheonú i gcás ina léirítear san athbhreithniú a dhéanann siad nach féidir leis na hiarratasóirí na coinníollacha a chomhlíonadh, gan dochar don fhéidearthacht úsáid thurgnamhach a bhfuil teorainn ama léi a éascú. Le húdaruithe maidir le húsáid speictrim raidió a bhfuil tréimhse sách fada ag dul leo ba cheart go méadófaí an intuarthacht infheistíochta, rud a chuirfeadh le leathadh amach níos tapa líonraí agus seirbhísí níos fearr, chomh maith le cobhsaíocht chun tacú le trádáil agus léasú speictrim raidió. Seachas i gcás ina n-údaraítear speictream raidió a úsáid ar feadh tréimhse éiginnte, ba cheart a áireamh sa tréimhse sin na cuspóirí atá le baint amach agus ba cheart an tréimhse a bheith sách fada chun na hinfheistíochtaí a rinneadh a fháil ar ais. Cé gur féidir intuarthacht infheistíochta a áirithiú le tréimhse níos faide, má dhéantar bearta chun úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú, amhail cumhacht an údaráis inniúil an ceart a leasú nó a tharraingt siar i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide, nó má éascaítear cumas trádála agus léasú speictrim raidió, beifear in ann carnadh míchuí speictrim raidió a chosc agus tacú le níos mó solúbthachta i ndáileadh acmhainní speictrim raidió. Áirithítear freisin, trí níos mó úsáide a bhaint as táillí bliantúlaithe, go ndéanfaí measúnú leanúnach ar an úsáid a bhaineann sealbhóir an chirt as an speictream raidió.

(128)

I bhfianaise thábhacht na nuálaíochta teicniúla, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le cearta úsáide speictrim raidió chun críocha turgnamhacha, faoi réir srianta agus coinníollacha sonracha a bhfuil dianbhonn cirt leo de thoradh chineál turgnamhach na gceart sin.

(129)

Agus cinneadh á dhéanamh ar cheart cearta úsáide maidir le speictream raidió comhchuibhithe a deonaíodh cheana a athnuachan, ba cheart do na húdaráis inniúla a mhéid a chuirfeadh an t-athnuachan le cuspóirí an chreata rialála agus cuspóirí eile faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta a chur san áireamh. Ba cheart aon chinneadh den sórt sin a bheith faoi réir nós imeachta oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach agus a bheith bunaithe ar athbhreithniú ar an gcaoi ar comhlíonadh na coinníollacha a ghabhann leis na cearta lena mbaineann. Nuair a mheasúnóidh an Ballstáit an gá cearta úsáide a athnuachan, ba cheart do na Ballstáit an tionchar iomaíoch a bheadh ann dá ndéanfaí cearta a sannadh a athnuachan a chur i gcomparáid le cur chun cinn saothraithe níos éifeachtúla nó úsáidí nua níos nuálaí a d'fhéadfadh teacht chun cinn dá n-osclófaí an banda d'úsáideoirí nua. Ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis sin ach tréimhse theoranta amháin a cheadú d'athnuachan ionas nach gcuirfear isteach go mór ar an úsáid bhunaithe. Cé gur cheart go gcloífeadh cinntí maidir le hathnuachan chearta a sannadh roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo le haon rialacha is infheidhme cheana féin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin nach ndéanann siad dochar do chuspóirí na Treorach seo.

(130)

Agus cearta úsáide atá ann cheana do speictream raidió comhchuibhithe á n-athnuachan, ba cheart do na Ballstáit, i dteannta an mheasúnaithe maidir lenar gá an ceart a athnuachan, athbhreithniú a dhéanamh ar na táillí a ghabhann leo d'fhonn a áirithiú go mbaintear an úsáid is fearr amach leis na táillí sin, agus aird á tabhairt acu, inter alia, ar dhul chun cinn an mhargaidh agus ar fhorbairtí na teicneolaíochta. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, is iomchuí aon athruithe ar na táillí atá ann cheana a bheith bunaithe ar na prionsabail chéanna is infheidhme maidir le cearta úsáide nua a bhronnadh.

(131)

Is féidir bainistiú éifeachtach speictrim raidió a áirithiú trí úsáid éifeachtúil leanúnach speictrim raidió a sannadh cheana féin a éascú. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do shealbhóirí na gceart, ba cheart an fhéidearthacht cearta úsáide a athnuachan a mheas laistigh de thréimhse iomchuí sula dté na cearta lena mbaineann in éag, mar shampla, dhá bhliain, ar a laghad, sula dté na cearta sin in éag i gcás inar sannadh iad ar feadh 15 bhliain nó níos mó, ach amháin i gcás ina n-eisítear an fhéidearthacht cearta úsáide a athnuachan go sonrach, tráth an tsannaithe. Ar mhaithe le bainistiú acmhainní leanúnach, ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann an méid sin a mheas ar a thionscnamh féin agus mar fhreagra ar iarraidh ón sannaí. Níor cheart athnuachan an chirt úsáide a dheonú in aghaidh thoil an tsannaí.

(132)

Is féidir gur modh éifeachtach é aistriú ceart úsáide speictrim raidió chun úsáid éifeachtúil speictrim a mhéadú. Ar mhaithe le solúbthacht agus éifeachtúlacht, agus chun gur féidir luacháil a dhéanamh ar speictream raidió tríd an margadh, ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt d'úsáideoirí speictrim raidió a gcearta úsáide speictrim a aistriú chuig tríú páirtithe nó iad a léasú leo de réir nós imeachta simplí agus faoi réir na gcoinníollacha a ghabhann leis na cearta sin agus le rialacha iomaíochta, faoi mhaoirseacht na n-údarás rialála náisiúnta atá freagrach. Chun na haistrithe nó na léasanna sin a éascú, fad a urramófar na bearta teicniúla cur chun feidhme a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, ba cheart do na Ballstáit iarrataí ar chearta speictrim raidió a dheighilt nó a imdhealú agus iarrataí ar athbhreithniú na gcoinníollacha úsáide a athbhreithniú freisin.

(133)

Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta agus na húdaráis inniúla eile, a bhfuil an t-eolas eacnamaíoch, teicniúil agus margaidh is gá acu, an cinneadh a dhéanamh faoi bhearta a dhéantar go sonrach chun iomaíocht a chur chun cinn nuair a dhéantar cearta úsáide maidir le speictream raidió a dheonú nó a athnuachan. Is féidir coinníollacha maidir le sannadh speictrim raidió tionchar a imirt ar an staid iomaíoch i margaí cumarsáide leictreonaí agus ar choinníollacha iontrála. Is féidir rochtain theoranta ar speictream raidió, go háirithe i gcás ina mbeidh speictream raidió gann, bacainn a chur ar iontráil nó bac a chur ar infheistíocht, ar leathadh amach líonra, ar sholáthar seirbhísí nó feidhmchlár nua, ar an nuálaíocht agus ar an iomaíocht. Is féidir cearta úsáide nua, lena n-áirítear na cearta sin arna bhfáil de bharr aistriú nó léasú, agus tabhairt isteach critéar solúbtha nua maidir le húsáid speictrim raidió tionchar a imirt freisin ar iomaíocht atá ann cheana. I gcás ina gcuirtear coinníollacha áirithe a úsáidtear chun iomaíocht a chur chun cinn i bhfeidhm go míchuí, is féidir éifeachtaí eile a bheith aige sin; mar shampla, is féidir ganntanas saorga teacht as caidhpeanna agus forchoimeádais speictrim raidió, is féidir oibleagáidí maidir le rochtain mhórdhíola laincis mhíchuí a chur ar shamhlacha gnó cheal cumhacht sa mhargadh, agus is féidir teorainneacha le haistrithe bac a chur ar fhorbairt margaí tánaisteacha. Dá bhrí sin, is gá triail iomaíochta chomhsheasmhach agus oibiachtúil chun an coinníollacha sin a fhorchur agus ba cheart í a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach. Ba cheart úsáid na mbeart sin, dá bhrí sin, a bheith bunaithe ar mheasúnú críochnúil agus oibiachtúil, ó na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, ar na dálaí margaidh agus iomaíocha lena mbaineann. Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta i gcónaí, áfach, úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú agus saobhadh ar an iomaíochas trí chnapaireacht fhrithiomaíoch a sheachaint.

(134)

Ar bhonn na dtuairimí ó RSPG, d'fhéadfadh sé gur gá sprioc-am comónta a ghlacadh chun úsáid banda speictrim raidió a comhchuibhíodh faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE a cheadú chun trasnaíochtaí trasteorann a sheachaint; d'fhéadfadh sé a bheith tairbheach freisin chun a áirithiú go rachaidh na bearta comhchuibhithe theicniúil lena mbaineann chun tairbhe iomlán do na margaí trealaimh agus d'imscaradh seirbhísí agus líonraí fíor-ardacmhainne. D'fhonn úsáid banda speictrim raidió a cheadú ní mór speictream raidió a shannadh faoi chóras údaraithe ginearálta nó faoi chearta úsáide aonair ionas go gceadófar an speictream raidió a úsáid a luaithe a mbeidh an próiseas sannta críochnaithe. Chun minicíochtaí a shannadh, d'fhéadfadh sé go mbeadh sé riachtanach bandaí speictrim raidió arna shealbhú ag úsáideoirí eile a scaoileadh agus cúiteamh a thabhairt dóibh. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé go ndéanfaí difear i mBallstát ar leith do chur chun feidhme spriocdháta comhchoiteann maidir le húsáid bandaí comhchuibhithe le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonacha lena n-áirítear do 5G, le fadhbanna a bhaineann le saincheisteanna i dtaobh comhordú trasteorann idir na Ballstáit nó le tríú tíortha, leis an gcastacht a bhaineann le hascnamh teicniúil a áirithiú d'úsáideoirí atá ar bhanda cheana; le teorannú ar úsáid an bhanda, bunaithe ar chuspóir leasa ghinearálta, le coimirciú na slándála agus na cosanta náisiúnta nó le force majeure. Ar chaoi ar bith, ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun aon mhoill a laghdú, a oiread agus is féidir, maidir leis an gclúdach geografach, maidir leis an tráthúlacht agus maidir le raon an speictrim raidió. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann, má mheastar é a bheith iomchuí, i bhfianaise an mheasúnú a rinne siad ar na cúinsí ábhartha, iarraidh ar an Aontas tacaíocht dhlíthiúil, pholaitiúil agus theicniúil a chur ar fáil chun saincheisteanna i dtaobh comhordú speictrim raidió le tíortha ar comharsana iad leis an Aontas a réiteach, lena n-áirítear tíortha is iarrthóirí agus tíortha aontacha, sa chaoi gur féidir na Ballstáit lena mbaineann a gcuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh.

(135)

Chun a áirithiú go mbeidh breis infhaighteachta comhordaithe ar an speictream raidió faoin mbliain 2020 chun líonraí seasta gan sreang ardluais i gcomhthéacs 5G a bhaint amach, shainaithin RSPG na bandaí 3,4-3,8 GHz agus 24,25-27,5 GHz mar bhandaí tosaíochta a bheadh oiriúnach chun cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta 5G a bhaint amach faoin mbliain 2020. Sainaithníodh na bandaí 40,5-43,5 GHz agus 66-71 GHz le haghaidh breis staidéir freisin. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach a áirithiú go mbeadh na bandaí 3,4-3,8 GHz agus 24,25-27,5 GHz nó cuid díobh ar fáil, faoin 31 Nollaig 2020, do chórais thrastíre a bheadh in ann seirbhísí leathanbhanda gan sreang a chur ar fáil faoi choinníollacha comhchuibhithe, arna bhunú le bearta cur chun feidhme teicniúla arna glacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, mar chomhlánú ar Chinneadh (AE) 2017/89 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), mar go bhfuil cáilíochtaí ar leith ag na bandaí sin, ó thaobh cumhdaigh agus cumas iompair sonraí de, lenar féidir riachtanais 5G a chomhlíonadh ach iad a chomhcheangal go hiomchuí. D'fhéadfadh sé go ndéanfaí difear do na Ballstáit, áfach, le trasnaíocht, a thiocfaidh, is dócha, as tríú tíortha a d'aithin na bandaí sin le haghaidh seirbhísí eile seachas seirbhísí teileachumarsáide móibílí idirnáisiúnta, i gcomhréir le Rialacháin Raidió ITU. D'fhéadfadh sé sin tionchar a bheith aige ar an oibleagáid dáta cur chun feidhme comhchoiteann a chomhlíonadh. Díreofar le húsáid bhanda 26 GHz do sheirbhísí trastíre gan sreang, i measc limistéir eile, ar limistéir uirbeacha agus limistéir teophointe fho-uirbeacha, ach meastar freisin, go ndéanfar é a imscaradh feadh príomhbhóithre agus ráillí iarnróid i limistéir thuaithe. Leis sin tugtar an deis banda 26 GHz a úsáid do sheirbhísí nach seirbhísí gan sreang 5G iad lasmuigh de na limistéir gheografacha sin, mar shampla, don chumarsáid ghnó-dírithe nó úsáid laistigh, agus mar sin tugtar an deis do na Ballstáit an banda sin a ainmniú agus a chur ar fáil ar bhonn neamheisiach.

(136)

I gcás inar mó an t-éileamh ar bhanda speictrim raidió ná atá ar fáil agus, mar thoradh air sin, go mbainfidh Ballstát de thátal as go bhfuil na cearta úsáide maidir le speictream raidió teoranta, ba cheart feidhm a bheith ag nósanna imeachta iomchuí trédhearcacha maidir le deonú na gceart sin chun aon idirdhealú a sheachaint agus chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an acmhainn ghann. Ba cheart bonn cirt a bheith leis an teorannú sin agus ba cheart é a bheith comhréireach agus bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar dhálaí an mhargaidh, agus béim chuí á leagan ar na tairbhí iomlána d'úsáideoirí agus ar na cuspóirí náisiúnta agus ar chuspóirí an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart na cuspóirí lena rialaítear aon nós imeachta maidir le teorannú a bhunú go soiléir roimh ré. Agus an nós imeachta roghnúcháin is iomchuí á mheas acu, agus i gcomhréir leis na bearta comhordaithe arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais, ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhairle ar bhealach tráthúil agus trédhearcach leis na páirtithe leasmhara ar fad faoi bhonn cirt, faoi chuspóirí agus faoi choinníollacha an nós imeachta. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann úsáid a bhaint as, inter alia, nósanna imeachta iomaíocha nó comparáideacha chun speictream raidió nó acmhainní uimhrithe a bhfuil luach eacnamaíoch eisceachtúil acu a shannadh. Agus na scéimeanna sin á riar acu, ba cheart d'údaráis inniúla cuspóirí na Treorach seo a chur san áireamh. Má fhaigheann Ballstát amach gur féidir cearta breise a chur ar fáil i mbanda, ba cheart dó tús a chur leis an bpróiseas ina chomhair sin.

(137)

Mar gheall ar an méadú ollmhór atá tagtha ar an éileamh ar speictream raidió, agus ar éileamh na n-úsáideoirí deiridh ar acmhainn leathanbhanda gan sreang, tá gá le réitigh rochtana mhalartacha, chomhlántacha, agus atá éifeachtúil ó thaobh speictrim de, lena n-áirítear córais ísealchumhachta rochtana gan sreang a bhfuil raon oibriúcháin beag acu, amhail líonraí achair logánta raidió (RLANanna) agus líonraí pointí rochtana ceallacha beaga lena mbaineann cumhacht íseal. Leis na córais rochtana chomhlántacha sin gan sreang, go háirithe pointí rochtana RLAN a bhfuil rochtain phoiblí orthu, méadaítear an rochtain atá ag úsáideoirí deiridh ar an idirlíon agus is féidir le hoibreoirí móibíleacha níos mó trácht móibíleach a dhíluchtú. Le RLANanna úsáidtear speictream raidió comhchuibhithe, gan gá le húdarú aonair nó ceart úsáide speictrim raidió. Go dtí seo, is úsáideoirí príobháideacha a úsáideann formhór na bpointí rochtana RLAN mar shíneadh logánta gan sreang ar a gceangal leathanbhanda fosaithe. Níor cheart cosc a bheith ar úsáideoirí deiridh, laistigh de shrianta a síntiúis idirlín féin, rochtain ar a RLAN féin a chomhroinnt le daoine eile, chun líon na bpointí rochtana atá ar fáil a mhéadú, go háirithe i gceantair dhlúthdhaonra, chun acmhainn sonraí gan sreang a uasmhéadú trí athúsáid a bhaint as speictream raidió, agus chun bonneagar leathanbhanda comhlántach gan sreang a chruthú a mbeidh rochtain ag úsáideoirí deiridh eile air. Dá bhrí sin, ba cheart srianta nach gá ar imscaradh agus idirnascadh phointí rochtana RLAN a bhaint chomh maith.

(138)

Údaráis phoiblí nó soláthraithe seirbhíse poiblí a úsáideann RLANanna ina n-áitreabh ar mhaithe lena bpearsanra, a gcuairteoirí nó a gcliaint, mar shampla chun an rochtain ar ríomhsheirbhísí rialtais a éascú nó chun faisnéis a sholáthar faoi iompar poiblí nó faoi bhainistiú tráchta ar bhóithre, d'fhéadfaidís rochtain a sholáthar freisin ar na pointí rochtana sin lena n-úsáid ghinearálta ag saoránaigh mar sheirbhís choimhdeach a ghabhann le seirbhísí a sholáthraíonn siad don phobal ar na háitribh sin, a mhéid a cheadaítear de réir na rialacha iomaíochta agus soláthair phoiblí. Thairis sin, maidir le soláthraí a sholáthraíonn an rochtain logánta sin ar líonraí cumarsáide leictreonaí laistigh de mhaoin phríobháideach nó de limistéar poiblí teoranta nó thart timpeall orthu ar bhonn neamhthráchtála nó mar sheirbhís choimhdeach de chuid gníomhaíochta eile nach mbraitheann ar an rochtain sin amhail baill theo RLAN a chuirtear ar fáil do chustaiméirí gníomhaíochtaí tráchtála eile nó don phobal i gcoitinne sa limistéar sin, is féidir é a bheith faoi réir údaruithe ginearálta i gcás cearta úsáide maidir le speictream raidió a chomhlíonadh ach níor cheart é a bheith faoi réir aon choinníollacha ná aon cheanglas a ghabhann le húdaruithe ginearálta is infheidhme maidir le soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí poiblí ná oibleagáidí maidir le húsáideoirí deiridh nó idirnascadh. Ba cheart an soláthraí sin, áfach, a bheith fós faoi réir na rialacha dliteanais a leagtar amach i dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34). Tá teicneolaíochtaí eile, amhail LiFi ag teacht chun cinn agus comhlánóidh siad cumais speictrim raidió reatha RLANanna agus pointí rochtana gan sreang sa chaoi go n-áireofar leo pointí rochtana solasbhunaithe is féidir a fheiceáil go hoptúil; is é a bheidh de thoradh air sin líonraí achair logánta hibrideacha lenar féidir cumarsáid optúil gan sreang a dhéanamh.

(139)

Ós rud é go bhféadfaidh pointí rochtana gan sreang ag a bhfuil raon beag, amhail mionchealla, picichealla, meitrichealla nó micrichealla, a bheith an-bheag agus go bhféadfaidh siad úsáid a bhaint as trealamh neamhshonraíoch atá cosúil le trealamh ródairí RLAN baile, nach gá aon cheadanna ina leith thar a bhfuil riachtanach maidir le húsáid speictrim raidió, agus é á chur san áireamh go mbíonn tionchar dearfach ag pointí rochtana ar úsáid speictrim raidió agus ar fhorbairt na cumarsáide gan sreang, ba cheart aon srian ar a n-imscaradh a bheith teoranta a mhéid is féidir. Mar thoradh air sin, chun imscaradh pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a éascú, agus gan dochar d'aon cheanglas is infheidhme a bhaineann le bainistiú speictrim raidió, níor cheart imscaradh feistí den sórt sin i bhfoirgnimh nach bhfuil cosanta go hoifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe nó mar gheall ar a luach ailtireachta nó staire a bheith faoi réir aon cheadanna aonair ag na Ballstáit, cé is moite de chásanna a bhaineann leis an tsábháilteacht phoiblí. Chun na críche sin, ba cheart na saintréithe a ghabhann leo — amhail uasmhéid, meáchan agus saintréithe astaíochta – a shonrú ar leibhéal an Aontais ar bhealach comhréireach le haghaidh imscaradh áitiúil agus chun ardleibhéal cosanta a áirithiú don tsláinte phoiblí, mar a leagtar síos i Moladh 1999/519/CE. Le haghaidh pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a oibriú, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 7 de Threoir 2014/53/AE. Tá an méid sin gan dochar do chearta maoine príobháidí a leagtar amach i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta. Ba cheart an nós imeachta maidir le hiarratais ar cheadúnais a mheas a shruthlíniú agus ba cheart gur gan dochar a bheadh sé d'aon chomhaontuithe tráchtála agus ba cheart aon chostas riaracháin a bhaineann leis a theorannú do na costais riaracháin a bhaineann leis an iarratas a phróiseáil. Ba cheart an próiseas maidir le measúnú a dhéanamh ar an iarraidh ar cheadúnas a bheith chomh tapa agus is féidir, agus i bprionsabal ní mhairfeadh sé tráth nach faide ná ceithre mhí.

(140)

Is suntasach líon na n-úsáideoirí deiridh a thugann cuairt ar fhoirgnimh phoiblí nó a bhaineann úsáid as bonneagar poiblí eile agus a dteastaíonn nascacht leo chun leas a bhaint as seirbhísí ríomhrialachais, ríomhiompair agus seirbhísí eile. Le bonneagar poiblí eile (amhail lampaí sráide, soilse tráchta, mar shampla, mar gheall ar a dlús, cuirtear suíomhanna an-luachmhar ar fáil chun cealla beaga a imscaradh. Gan dochar don deis atá ag na húdaráis inniúla imscaradh na bpointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a chur faoi réir ceadanna aonair roimh ré, ba cheart ceart rochtana a bheith ag oibreoirí ar na suíomhanna poiblí sin chun freastal go leordhóthanach ar an éileamh. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfí ar fáil na foirgnimh phoiblí den sórt sin agus bonneagair phoiblí eile ar choinníollacha réasúnta le cealla beaga a imscaradh d'fhonn Treoir 2014/61/AE a chomhlánú agus gan dochar do na prionsabail a leagtar amach sa Treoir seo. Is cur chuige feidhmiúil atá i dTreoir 2014/61/AE agus ní fhorchuirtear oibleagáidí rochtain ar an mbonneagar fisiceach ach amháin nuair is cuid de líonra é agus i gcás ina bhfuil sé faoi úinéireacht nó in úsáid ag oibreoir líonraí, rud a fhágann go bhfuil roinnt mhaith foirgneamh atá faoi úinéireacht nó atá in úsáid ag údaráis phoiblí lasmuigh dá raon feidhme. Ós a choinne sin, ní gá oibleagáid shonrach a bheith ann maidir le bonneagar fisiciúil, amhail duchtanna nó cuaillí, a úsáidtear le haghaidh córas cliste iompair, atá faoi úinéireacht na n-oibreoirí líonraí (soláthraithe seirbhísí iompair nó soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí), agus a dhéanann codanna de líonra a óstáil, agus mar sin, a thagann faoi raon feidhme na Treorach 2014/61/AE.

(141)

Forálacha na Treorach seo maidir le rochtain agus idirnascadh, tá feidhm acu maidir leis na líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí. Ní fhorchuirtear oibleagáidí rochtana nó idirnasctha ar sholáthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí nach don phobal na líonraí agus na seirbhísí sin faoin Treoir seo, ach i gcás ina mbaineann siad leas as rochtain ar líonraí poiblí ba cheart iad a chur faoi réir coinníollacha arna leagan síos ag na Ballstáit.

(142)

Tá réimse leathan mínithe leis an téarma “rochtain” agus, dá bhrí sin, is gá úsáid an téarma sin sa Treoir seo a shainmhíniú go cruinn, gan dochar don chaoi ar úsáidtear é i mbearta eile de chuid an Aontais. D'fhéadfadh sé gur le hoibreoir an líonra foluiteach nó na saoráidí foluiteacha nó go ligeann sé cuid díobh nó iad ar fad ar cíos.

(143)

I margadh oscailte agus iomaíoch níor cheart aon srianta a bheith ann lena gcuirfí cosc ar ghnóthais caibidlíocht a dhéanamh eatarthu féin faoi shocruithe rochtana agus idirnasctha, go háirithe maidir le comhaontuithe trasteorann, faoi réir rialacha iomaíochta a leagtar síos saCFAE. I gcomhthéacs margadh fíor-uile-Eorpach atá níos éifeachtúla a bhaint amach ina bhfuil iomaíocht éifeachtach, rogha níos leithne agus níos mó seirbhísí iomaíocha d'úsáideoirí deiridh, ba cheart do ghnóthais a fhaigheann iarrataí ar rochtain nó ar idirnascadh ó ghnóthais eile atá faoi réir údarú ginearálta chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar don phobal na comhaontuithe sin a thabhairt i gcrích ar bhonn tráchtála agus ba cheart dóibh caibidlíocht a dhéanamh de mheon macánta.

(144)

Maidir le margaí ina bhfuil éagsúlachtaí móra fós idir gnóthais ó thaobh cumhacht chaibidlíochta de, agus ina mbraitheann roinnt gnóthas ar bhonneagar a chuireann dream eile ar fáil chun a gcuid seirbhísí a sholáthar, is iomchuí creat rialála a bhunú chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh go héifeachtach. Ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis rialála náisiúnta, i gcás ina dteipfidh ar an gcaibidlíocht tráchtála, rochtain agus idirnascadh leordhóthanach chomh maith le hidir-inoibritheacht seirbhísí a bhaint amach chun leas na n-úsáideoirí deiridh. Go háirithe, is féidir leo idirnascacht ceann go ceann a áirithiú trí oibleagáidí comhréireacha a fhorchur ar ghnóthais atá faoi réir an údaraithe ghinearálta agus lena rialaítear rochtain ar úsáideoirí deiridh. Is é a d'fhéadfadh bheith i gceist le modhanna rochtana a rialú an nasc fisiceach chuig an úsáideoir deiridh (bíodh sé fosaithe nó móibíleach) a bheith faoi úinéireacht nó faoi rialú, nó an cumas an uimhir náisiúnta nó na huimhreacha náisiúnta is gá chun rochtain a fháil ar chríochphointe líonra úsáideora deiridh a athrú nó a tharraingt siar. B'amhlaidh an cás, mar shampla, dá gcuirfeadh oibreoirí líonra srian míréasúnta leis an rogha i leith rochtain ar thairseacha agus ar sheirbhísí idirlín d'úsáideoirí deiridh.

(145)

I bhfianaise phrionsabal an neamh-idirdhealaithe, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú gur féidir le gach gnóthas, is cuma faoina mhéid ná faoina shamhail ghnó, bíodh sé comhtháite go hingearach nó deighilte, idirnascadh de réir téarmaí agus coinníollacha réasúnta, d'fhonn idirnascacht ceann go ceann agus rochtain ar an idirlíon a sholáthar.

(146)

Maidir le bearta riaracháin nó dlíthiúla náisiúnta lena nasctar na téarmaí agus coinníollacha maidir le rochtain nó idirnascadh le gníomhaíochtaí an pháirtí atá ag lorg idirnascadh, agus go háirithe le méid a chuid infheistíochta i mbonneagar líonra, agus ní leis na seirbhísí idirnasctha nó rochtana arna soláthar, d'fhéadfadh na bearta sin an margadh a shaobhadh agus d'fhéadfadh sé, dá bhrí sin, nach bhfuil siad i gcomhréir leis na rialacha iomaíochta.

(147)

Aon oibreoirí líonra a rialaíonn rochtain ar a gcustaiméirí féin, déanann siad amhlaidh ar bhonn uimhreacha nó seoltaí uathúla ó raon uimhrithe nó seolacháin foilsithe. Is gá d'oibreoirí líonra eile a bheith in ann trácht a sheachadadh ar na custaiméirí sin agus, dá bhrí sin, is gá dóibh bheith in ann idirnascadh go díreach nó go hindíreach le chéile. Is iomchuí, mar sin, cearta agus oibleagáidí a leagan síos maidir le hidirnascadh a chaibidliú.

(148)

Is chun tairbhe úsáideoirí deiridh an idir-inoibritheacht agus is aidhm thábhachtach í sa chreat rialála sin. Tá an idir-inoibritheacht a spreagadh ar cheann de na cuspóirí a leagtar amach sa chreat sin do na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile. Foráiltear freisin sa chreat gur cheart don Coimisiún liosta caighdeán nó sonraíochtaí lena gcumhdófar soláthar seirbhísí a fhoilsiú, comhéadain theicniúla nó feidhmeanna líonra, mar bhonn chun comhchuibhiú sa chumarsáid leictreonach a spreagadh. Ba cheart do na Ballstáit úsáid caighdeán nó sonraíochtaí foilsithe a spreagadh a mhéid a bhfuil géarghá leis chun idir-inoibritheacht seirbhísí a áirithiú agus saoirse rogha a fheabhsú d'úsáideoirí.

(149)

Faoi láthair, braitheann nascacht ceann go ceann agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála araon ar sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a bheith á n-úsáid ag úsáideoirí deiridh. D'fhéadfadh easpa idir-inoibritheacht leordhóthanach idir seirbhísí cumarsáide a bheith i gceist le teacht chun cinn na teicneolaíochta amach anseo nó méadú ar úsáid seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir. D'fhéadfadh bacainní móra ar iontráil sa mhargadh agus constaicí ar nuálaíocht bhreise a bheith mar thoradh air sin, rud a chuirfeadh nascacht ceann go ceann éifeachtach idir úsáideoirí deiridh i mbaol mór.

(150)

I gcás ina dtiocfaidh na saincheisteanna idir-inoibritheachta sin chun cinn, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann tuarascáil ó BEREC a iarraidh ar cheart measúnú fíorasach a bheith inti ar staid an mhargaidh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát. Agus lánaird á tabhairt ar an tuarascáil ó BEREC agus ar an bhfianaise eile atá ar fáil agus na héifeachtaí ar an margadh inmheánach á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh an gá idirghabháil rialála ó na húdaráis rialála náisiúnta nó ó údaráis inniúla eile. Má mheasann an Coimisiún gur cheart do na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile idirghabháil rialála den sórt sin a chur san áireamh, ba cheart go mbeadh sé in ann bearta cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear cineál agus raon feidhme na n-idirghabhálacha rialála a d'fhéadfadh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile a dhéanamh, lena n-áirítear go háirithe oibleagáidí ar na húdaráis agus ar sholáthraithe eile faisnéis ábhartha a fhoilsiú agus úsáid, modhnú agus athdháileadh na faisnéise sin a cheadú agus bearta eile chun úsáid éigeantach caighdeán nó sonraíochtaí a fhorchur ar na soláthraithe uile nó ar sholáthraithe sonracha.

(151)

Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile measúnú a dhéanamh, i bhfianaise na n-imthosca náisiúnta sonracha, an gá aon idirghabháil a dhéanamh, agus an bhfuil bonn cirt léi sin, chun nascacht ceann go ceann a áirithiú, agus más amhlaidh atá, ba cheart dóibh oibleagáidí comhréireacha a fhorchur i gcomhréir le bearta cur chun feidhme an Choimisiúin ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, a bhfuil leibhéal suntasach cumhdaigh agus líon suntasach úsáideoirí acu. Ba cheart tuiscint leis an téarma suntasach gurb ionann cumhdach geografach, mar aon le líon úsáideoirí deiridh an tsoláthraí lena mbaineann, agus tairseach chriticiúil, ag féachaint don spriocnascacht ceann go ceann a áirithiú idir úsáideoirí deiridh. Soláthraithe ag a bhfuil líon teoranta úsáideoirí deiridh nó ag a bhfuil clúdach geografach teoranta nach gcuirfeadh ach go fánach le baint amach na sprice sin, níor cheart go mbeadh siad faoi réir oibleagáidí idir-inoibritheachta den sórt sin de ghnáth.

(152)

I gcásanna nach mbeidh rochtain ag gnóthais ar mhalairtí inmharthana ar shreangú, cáblaí agus saoráidí gaolmhara taobh istigh d'fhoirgnimh nó a fhad leis an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, agus chun buntáistí iomaíochais a chur chun cinn d'úsáideoirí deiridh, ba cheart na húdarás rialála náisiúnta a chumhachtú chun oibleagáidí rochtana a fhorchur ar gach gnóthas, cé go bhfuil sé ainmnithe mar gnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta na bacainní teicniúla agus eacnamaíocha ar fad ar mhacasamhlú líonraí sa todhchaí a chur san áireamh. Ós rud é gur féidir le hoibleagáidí den sórt sin a bheith cunórach i gcásanna áirithe, gur féidir leo an bonn a bhaint de na dreasachtaí i gcomhair infheistíochtaí, agus gur féidir leo suíomh na n-imreoirí ceannasacha a neartú, níor cheart iad a fhorchur ach amháin i gcás ina bhfuil bonn cirt leo agus ina bhfuil siad comhréireach le hiomaíocht inbhuanaithe a bhaint amach sna margaí ábhartha. Fiú agus bonneagar amháin den sórt sin ann cheana féin, níor cheart an chiall a bhaint as sin gur léiriú é gur féidir a chuid acmhainní a mhacasamhlú. I gcás inar gá, i gcomhar le hoibleagáidí rochtana den sórt sin, ba cheart go mbeadh gnóthais in ann a bheith ag brath freisin ar na hoibleagáidí chun rochtain a chur ar fáil don bhonneagar fisiciúil ar bhonn Threoir 2014/61/AE. Aon oibleagáidí a fhorchuireann an t-údarás rialála náisiúnta faoin Treoir seo, ba cheart dóibh a bheith i gcomhréir le cinntí arna nglacadh ag údaráis inniúla eile faoi Treoir 2014/61/AE chun rochtain a áirithiú ar bhonneagar fisiceach taobh istigh d'fhoirgnimh nó a fhad leis an gcéad phointe rochtana.

(153)

Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith in ann, a mhéid is gá, oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais chun rochtain a chur ar fáil ar na saoráidí dá dtagraítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, eadhon comhéadain feidhmchláir (API) agus eolairí leictreonacha clár (EPGanna), chun rochtain a áirithiú d'úsáideoirí deiridh ní hamháin ar raidió digiteach agus ar sheirbhísí craoltóireachta teilifíse ach ar sheirbhísí comhlántacha lena mbaineann freisin. Ba cheart go mbeifí in ann a áirithiú sna seirbhísí comhlántacha sin seirbhísí atá bainteach le cláir atá ceaptha chun rochtain a fheabhsú d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, agus seirbhísí teilifíse nasctha atá bainteach le cláir.

(154)

Tá sé tábhachtach, agus measúnú á dhéanamh ag na húdaráis rialála náisiúnta ar an bpointe comhchruinnithe nó dáileacháin a bhfuil rún acu rochtain a fhorchur ina leith, go roghnófaí pointe i gcomhréir le treoirlínte BEREC. Is mó an tairbhe a bhainfidh iomaíocht bhonneagair agus leathadh amach na líonraí fíor-ardacmhainne as pointe atá níos gaire d'úsáideoirí deiridh a roghnú. Ar an gcaoi seo, ba cheart don údarás rialála náisiúnta breathnú ar dtús ar phointe a roghnú atá laistigh d'fhoirgneamh nó díreach lasmuigh d'fhoirgneamh. D'fhéadfadh bonn cirt a bheith le hoibleagáidí rochtana a shíneadh do shreangú agus cáblaí thar an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, ach na hoibleagáidí sin a theorannú do phointí atá chomh gar agus is féidir d'úsáideoirí deiridh, ar pointí iad a bhfuil ar a gcumas líon leordhóthanach úsáideoirí deiridh a óstáil, i gcás ina léirítear go mbíonn bacainní arda buana fisiciúla nó eacnamaíocha ar an macasamhlú, rud a fhágann go mbíonn fadhbanna iomaíochta suntasacha nó teipeanna margaidh ann ar an leibhéal miondíola, lena ndéantar dochar do na húsáideoirí deiridh. Chun measúnú a dhéanamh ar inmhacasamhlaitheacht eilimintí líonra is gá athbhreithniú ar an margadh, rud atá difriúil ó anailís lena ndéantar measúnú ar chumhacht shuntasach margaidh, agus mar sin, ní gá don údarás rialála náisiúnta cumhacht shuntasach margaidh a bhunú chun na hoibleagáidí sin a fhorchur. Os a choinne sin, chun athbhreithniú mar sin a dhéanamh is gá measúnú eacnamaíoch leordhóthanach a dhéanamh ar dhálaí margaidh, lena bhunú an gcomhlíontar na coinníollacha is gá chun oibleagáidí a fhorchur thar an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin. Is mó an seans go dteastófaí oibleagáidí breise rochtana i limistéir gheografacha ina bhfuil riosca níos mó, ó thaobh cúrsaí gnó de, ag baint le leathadh amach bonneagar malartach, mar shampla de bharr dlús íseal daonra nó líon teoranta foirgneamh ilteaghaise. Os a choinne sin, má tá dlús ard teaghlach ann d'fhéadfadh sin a léiriú nach gá oibleagáidí den sórt sin a fhorchur. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a mheas freisin an mbeadh an acmhainneacht ag na hoibleagáidí sin suíomh na ngnóthas a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach margaidh acu a neartú. Ba cheart go mbeadh na húdaráis rialála náisiúnta in ann rochtain ar eilimintí líonra gníomhacha nó fíorúla a fhorchur, ar comhpháirteanna iad a úsáidtear chun seirbhísí a chur ar fáil i mbonneagar den sórt sin, dá mba rud é go mbeadh rochtain ar chomhpháirteanna neamhghníomhacha neamhéifeachtúil go heacnamaíoch nó dodhéanta go fisiciúil, agus más rud é go measann an t-údarás rialála náisiúnta, in éagmais idirghabháil den sórt sin, go rachfaí timpeall ar chuspóir na hoibleagáide rochtana. D'fhonn feabhas a chur ar an gcleachtas rialála comhsheasmhach ar fud an Aontais, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a cheangal ar an údarás rialála náisiúnta a dhréachtbhearta lena leathnaítear na hoibleagáidí rochtana thar an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin a tharraingt siar nuair a chomhroinneann BEREC an t-amhras mór atá ar an gCoimisiún i ndáil le comhoiriúnacht an dréachtbhirt le dlí an Aontais agus go háirithe cuspóirí rialála na Treorach seo.

(155)

Sna cásanna sin, chun prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh, is féidir gurb iomchuí do na húdaráis rialála náisiúnta catagóirí áirithe úinéirí nó gnóthas, nó iad araon, a dhíolmhú ó oibleagáidí a théann thar an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, ar cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a chinneadh, ar an bhforas go bhféadfadh oibleagáid rochtana nach bhfuil bunaithe ar cé acu a ainmnítear gnóthas mar gnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige a gcás gnó maidir le heilimintí líonra a imscaradh tamall roimhe sin a chur i mbaol, go háirithe ag tionscnaimh bheaga áitiúla. Níor cheart gnóthais nach ndéanann ach mórdhíol amháin a bheith faoi réir na n-oibleagáidí rochtana sin má thairgeann siad rochtain mhalartach éifeachtach ar bhonn tráchtála ar líonra fíor-ardacmhainne, ar théarmaí agus coinníollacha cothroma, neamh-idirdhealaitheacha agus réasúnta, lena n-áirítear maidir le praghsanna. Ba cheart go bhfeadfaí an díolúine sin a shíneadh chuig soláthraithe eile ar na téarmaí céanna. D'fhéadfadh sé nárbh iomchuí an díolúine sin do sholáthraithe atá ag fáil cistiú poiblí.

(156)

Is féidir comhroinnt bonneagair éighníomhaigh a úsáidtear chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí gan sreang a sholáthar i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta, a bheith úsáideach go háirithe chun nascacht fíor-ardacmhainne a uasmhéadú ar fud an Aontais, go háirithe i limistéir ina bhfuil an dlús daonra níos ísle agus ina mbeadh macasamhlú dodhéanta agus ina mbeadh baol ann nach mbeadh teacht ag úsáideoirí deiridh ar an nascacht sin. Ba cheart cumhacht a thabhairt do na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile, go heisceachtúil, comhroinnt nó rochtain fánaíochta logánta a fhorchur, i gcomhréir le dlí an Aontais, má bunaíodh an fhéidearthacht sin go soiléir sna coinníollacha bunaidh maidir le cearta úsáide a dheonú agus má léirítear leo go bhfuil na tairbhí a bhaineann le comhroinnt den sórt sin ó thaobh dul i ngleic le bacainní eacnamaíocha nó fisiciúla dosháraithe agus nach maith nó nach ann in aon chor do rochtain ar líonraí nó ar sheirbhísí, agus ag cur san áireamh roinnt fachtóirí, lena n-áirítear go háirithe an gá atá le cumhdach feadh na mórbhealaí iompair, le rogha agus le cáilíocht seirbhíse níos fearr d'úsáideoirí deiridh chomh maith leis an ngá na tionscnaimh maidir le leathadh amach bonneagair a choinneáil. I gcásanna nach bhfuil aon rochtain ag úsáideoirí deiridh, agus nach leor bonneagar neamhghníomhach a roinnt chun aghaidh a thabhairt ar an gcás, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith in ann oibleagáidí a fhorchur maidir le roinnt an bhonneagair ghníomhaigh. Leis sin, beidh an tsolúbthacht ag na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile i gcónaí an oibleagáid chomhroinnte nó rochtana is iomchuí a roghnú, oibleagáid ar cheart di a bheith comhréireach agus ar cheart údar a bheith léi bunaithe ar chineál na faidhbe a sainaithníodh.

(157)

Cé gurb iomchuí d'údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile, i roinnt imthosca, oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais cé go bhfuil siad ainmnithe mar gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu chun cuspóirí amhail nascacht ceann go ceann nó idir-inoibritheacht seirbhísí a bhaint amach, is gá a áirithiú, áfach, go bhforchuirfí na hoibleagáidí sin i gcomhréir leis an gcreat rialála agus, go háirithe, i gcomhréir lena nósanna imeachta um fhógra a thabhairt. Níor cheart oibleagáidí den sórt sin a fhorchur ach amháin d'fhonn cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach, agus i gcás ina bhfuil údar oibiachtúil leo agus ina bhfuil siad trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach ar mhaithe leis an éifeachtúlacht, iomaíocht inbhuanaithe, infheistíocht éifeachtach agus nuálaíocht a chur chun cinn, agus an leas is fearr is féidir a thabhairt d'úsáideoirí deiridh, agus forchuirfear iad i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha um fhógra a thabhairt.

(158)

Ionas go sárófar bacainní eacnamaíocha nó fisiciúla dosháraithe maidir le seirbhísí nó líonraí a sholáthar d'úsáideoirí deiridh a bhraitheann ar úsáid speictrim raidió agus in áiteanna ina bhfuil bearnaí sa chlúdach móibíleach go fóill, d'fhéadfadh sé gur gá rochtain a thabhairt ar bhonneagar éighníomhach nó an bonneagar sin a chomhroinnt, nó i gcásanna nach leor sin, bonneagar gníomhach a chomhroinnt, nó comhaontuithe rochtana fánaíochta logánta a dhéanamh. Gan dochar d'oibleagáidí comhroinnte a ghabhann leis na cearta úsáide ar bhonn forálacha eile na Treorach seo, agus go háirithe bearta chun iomaíocht a chur chun cinn, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis náisiúnta rialála nó údaráis inniúla eile bearta a dhéanamh chun comhroinnt bonneagair éighníomhaigh a fhorchur nó i gcás nach leor rochtain agus comhroinnt éighníomhach, comhroinnt bonneagair ghníomhaigh nó comhaontuithe rochtana fánaíochta logánta a fhorchur, féadfar iarraidh orthu freisin an riosca féideartha a mheas do rannpháirtithe sa mhargadh i limistéir nach ndéantar freastal mar is cóir orthu.

(159)

D'fhéadfadh sé nach leor rialacha iomaíochta astu féin i gcónaí chun éagsúlacht chultúrtha agus iolrachas na meán a áirithiú i réimse na teilifíse digití. Mar thoradh ar an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na teicneolaíochta agus an mhargaidh de, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na hoibleagáidí maidir le rochtain choinníollach a sholáthar ar bhealach cothrom, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheach ar bhonn rialta, arna dhéanamh ag Ballstát dá mhargadh náisiúnta, chun a chinneadh go háirithe an bhfuil bonn cirt ann maidir le heolairí leictreonacha clár (EPGanna) agus comhéadain feidhmchláir (APInna) a áireamh faoi na hoibleagáidí, a mhéid is gá chun inrochtaineacht d'úsáideoirí deiridh ar sheirbhísí craoltóireachta digití sonracha a áirithiú. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann na seirbhísí craoltóireachta digití nach mór rochtain úsáideoirí deiridh orthu a áirithiú le haon bhealach reachtach, rialála nó riaracháin a mheasann siad a bhfuil gá leis a shonrú.

(160)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann cead a thabhairt dá n-údarás rialála náisiúnta freisin athbhreithniú a dhéanamh ar oibleagáidí maidir le rochtain choinníollach ar sheirbhísí craoltóireachta digití chun a mheas, trí anailís mhargaidh, ar cheart na coinníollacha do ghnóthais nach bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ábhartha acu a tharraingt siar nó a leasú. Níor cheart tarraingt siar nó leasú den sórt sin dochar a dhéanamh do rochtain úsáideoirí deiridh ar na seirbhísí sin ná don deis ar iomaíocht éifeachtach.

(161)

Tá gá le hoibleagáidí ex ante in imthosca áirithe chun a áirithiú go dtiocfaidh margadh iomaíoch chun cinn; le dálaí margaidh mar sin thabharfaí spreagadh d'imscaradh agus d'úsáid líonraí agus seirbhísí fíor-ardacmhainne agus d'uasmhéadú na tairbhe d'úsáideoirí deiridh. Is ionann an sainmhíniú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh a úsáidtear sa Treoir seo agus coincheap na ceannasachta mar a shainmhínítear i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais.

(162)

Is féidir le dhá ghnóthas nó níos mó suíomh ceannasach comhchoiteann a bheith acu sa mhargadh, ní hamháin i gcás ina bhfuil nasc struchtúrach nó naisc eile eatarthu, ach freisin i gcás ina bhfuil struchtúr an mhargaidh lena mbaineann fabhrach d'éifeachtaí comhordaithe, is é sin le rá, spreagtar leis an struchtúr sin iompraíocht frithiomaíoch chomhthreomhar nó ailínithe ar an margadh.

(163)

Tá sé riachtanach nach bhforchuirfí oibleagáidí rialála ex ante ach ar mhargadh mórdhíola ina bhfuil gnóthas amháin nó níos mó a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, d'fhonn iomaíocht inbhuanaithe a áirithiú, agus i gcás nach leor na leigheasanna i dlí na hiomaíochta ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb. Tá treoirlínte dréachtaithe ag an gCoimisiún ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta lena gcloí leo ag na húdaráis rialála náisiúnta agus iad ag meas an bhfuil an iomaíocht i margadh ar leith éifeachtach agus, chomh maith leis sin, cumhacht shuntasach sa mhargadh á meas acu. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta anailís a dhéanamh an bhfuil margadh táirge nó seirbhíse ar leith iomaíoch go héifeachtach i limistéar geografach ar leith; d'fhéadfadh sé gurb é sin críoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann nó cuid den chríoch sin nó codanna comharsanachta críoch Ballstát a meastar iad a bheith le chéile. Ba cheart bheith san áireamh in anailís ar iomaíocht éifeachtach anailís an bhféadfadh an margadh a bheith iomaíoch, agus dá bhrí sin, an bhfuil aon easpa iomaíocht éifeachtach buan. Ba cheart aghaidh a thabhairt sna treoirlíne sin freisin ar cheist na margaí nua atá ag teacht chun cinn; is dóigh go mbeadh sciar suntasach den mhargadh sin, de facto, ag an té atá chun cinn sa mhargadh ach níor cheart é a bheith faoi réir oibleagáidí míchuí. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte go rialta, go háirithe tráth athbhreithnithe ar an dlí atá ann cheana, agus aird á tabhairt aige ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais atá ag teacht chun cinn, ar an machnamh eacnamaíoch agus ar thaithí iarbhír an mhargaidh d'fhonn a áirithiú go mbeidh siad fós iomchuí i margadh atá ag forbairt go tapa. Beidh ar na húdaráis rialála náisiúnta obair i gcomhar le chéile más margadh trasnáisiúnta an margadh ábhartha.

(164)

Agus cinneadh á dhéanamh acu an bhfuil cumhacht shuntasach i margadh sonrach ag gnóthas, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta gníomhú i gcomhréir le dlí an Aontais agus lánaird a thabhairt ar na treoirlínte ón gCoimisiún maidir le hanailís mhargaidh agus ar an measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh.

(165)

Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta na margaí geografacha ábhartha laistigh dá gcríoch a shainiú agus aird á tabhairt acu ar an Moladh ón gCoimisiún maidir leis na margaí ábhartha táirgí agus seirbhísí (“an Moladh”) arna ghlacadh de bhun na Treorach seo agus aird á tabhairt ar imthosca náisiúnta agus áitiúla. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta anailís a dhéanamh ar a laghad ar na margaí atá sa Mholadh, lena n-áirítear na margaí sin atá liostaithe ach nach rialáiltear níos mó sa chomhthéacs sonrach náisiúnta nó áitiúil. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta anailís a dhéanamh freisin ar na margaí nach bhfuil sa Mholadh, ach a rialáiltear laistigh de chríoch a ndlínse ar bhonn na n-anailísí margaidh a rinneadh cheana, nó margaí eile, má tá foras leordhóthanach ann chun a mheas gur féidir an trí chritéar dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh.

(166)

Is féidir margaí trasnáisiúnta a shainiú nuair a bhíonn bonn cirt leis de réir an tsainmhínithe ar mhargadh geografach, agus aird ar na cúinsí ar fad ó thaobh an tsoláthair agus an éilimh de i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta. Is é BEREC an comhlacht is iomchuí chun an anailís sin a dhéanamh; rachaidh taithí chomhchoiteann chuimsitheach na n-údarás rialála náisiúnta chun tairbhe dó agus é ag sainiú margaí ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart imthosca náisiúnta a chur san áireamh agus anailís ar na margaí trasnáisiúnta a d'fhéadfadh a bheith ann á déanamh. Má dhéantar margaí trasnáisiúnta a shainiú agus más gá idirghabháil rialála, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann obair i gcomhar le chéile chun an fhreagairt rialála iomchuí a shainaithint, lena n-áirítear an próiseas maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún. Is féidir leo obair i gcomhar le chéile ar an gcaoi chéanna i gcás nach sainaithnítear margaí trasnáisiúnta ach go bhfuil dálaí an mhargaidh ar a gcríocha féin sách aonfhoirmeach chun go ndéanfaidh cur chuige rialála comhordaithe tairbhe dóibh, mar shampla i gcás ina bhfuil na costais, struchtúir an mhargaidh nó na hoibreoirí mórán mar an gcéanna nó i gcás éileamh trasnáisiúnta nó inchomparáide na n-úsáideoirí deiridh.

(167)

In imthosca áirithe, sainmhínítear margaí geografacha mar mhargaí náisiúnta nó fonáisiúnta, mar shampla toisc go bhfuil leathadh amach na líonraí ina sholáthar náisiúnta nó áitiúil, rud a chinneann teorainneacha na cumhachta a d'fhéadfadh a bheith ag gnóthais sa mhargadh i leith an tsoláthair mórdhíola, ach fós féin éileamh suntasach trasnáisiúnta a bheith ann ó cheann amháin nó níos mó de chatagóirí na n-úsáideoirí deiridh. Is féidir leis seo a bheith amhlaidh go háirithe d'éileamh ó úsáideoirí deiridh gnó a bhfuil oibríochtaí saoráidí acu ag suíomhanna iomadúla i mBallstáit éagsúla. Mura bhfuil na soláthróirí ag freastal go leordhóthanach ar an éileamh trasnáisiúnta sin, mar shampla má tá siad ilroinnte feadh teorainneacha náisiúnta nó ilroinnte go háitiúil, éireoidh bacainn mhargaidh inmheánaigh. Dá bhrí sin, ba cheart cumhacht a thabhairt do BEREC treoirlínte a sholáthar d'údaráis rialála náisiúnta maidir leis an gcur chuige rialála comhchoiteann chun a áirithiú gur féidir freastal ar an éileamh trasnáisiúnta ar bhealach sásúil, lena dtabharfar bonn d'idir-inoibritheacht táirgí rochtana mórdhíola ar fud an Aontais agus ionas go mbeifear in ann éifeachtúlachtaí agus barainneachtaí scála a bhaint amach d'ainneoin go bhfuil an soláthar ilroinnte. Ba cheart go mbeadh tionchar ag treoirlínte BEREC ar na roghanna a dhéanfaidh údaráis rialála náisiúnta agus cuspóir an mhargaidh inmheánaigh á shaothrú acu agus oibleagáidí rialála á bhforchur acu ar ghnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach acu sa mhargadh ar an leibhéal náisiúnta agus ag an am céanna treoir a thabhairt maidir le comhchuibhiú sonraíochtaí teicniúla táirgí rochtana mórdhíola atá in ann freastal ar éileamh trasnáisiúnta den chineál sin a sainaithníodh, chun leasa an mhargaidh inmheánaigh.

(168)

Ar deireadh thiar is é atá mar chuspóir le haon idirghabháil rialála ex ante ná sochair a bhaint amach d'úsáideoirí deiridh ó thaobh praghais, cáilíochta agus rogha de trí mhargaí miondíola a dhéanamh iomaíoch go héifeachtúil ar bhonn inbhuanaithe. Is dealraitheach go dtiocfaidh sé chun solais de réir a chéile d'údaráis rialála náisiúnta go mbeidh a lán margaí miondíola iomaíoch fiú amháin d'éagmais na rialála mórdhíola, go háirithe agus feabhsuithe a mheastar a thiocfaidh ar an nuálaíocht agus ar an iomaíocht á gcur san áireamh.

(169)

Is é sainaithint na margaí mórdhíola atá faoi réir rialáil ex ante an pointe tosaigh óna ndéanfaidh údaráis rialála náisiúnta anailís ar na margaí miondíola comhfhreagracha. Déantar an anailís ar iomaíocht éifeachtúil, idir leibhéal miondíola is leibhéal mórdhíola, ó dhearcadh réamhbhreathnaitheach i gcaitheamh tréimhse ama ar leith, agus bíonn sé sin bunaithe ar dhlí na hiomaíochta, lena n-áirítear cásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais, de réir mar is iomchuí. Má chinntear go mbeadh margadh miondíola iomaíoch go héifeachtúil d'éagmais na rialála mórdhíola ex ante ar na margaí ábhartha comhfhreagracha, ba cheart go gcinnfeadh an t-údarás rialála náisiúnta nach bhfuil gá le rialáil a thuilleadh ar an leibhéal mórdhíola ábhartha.

(170)

Le linn an athraithe a tharlóidh de réir a chéile ar na margaí dírialáilte, beidh níos mó is níos mó comhaontuithe tráchtála ann, lena n-áirítear le haghaidh comhinfheistíochta agus rochtana, idir oibreoirí, agus más rud é go mbeidh na comhaontuithe sin inbhuanaithe agus go gcuirfidh siad feabhas ar iomaíocht, is féidir leo seasamh leis an gcinneadh nach bhfuil gá a thuilleadh rialáil ex ante a dhéanamh ar mhargadh mórdhíola áirithe. Bheadh feidhm ag loighic dá samhail droim ar ais, maidir le comhaontuithe tráchtála a ndéantar foirceannadh neamh-intuartha orthu ar mhargadh dírialáilte. Ba cheart go gcuirfí san áireamh, agus anailís á déanamh ar na comhaontuithe sin, gur féidir leis an rialáil féin úinéirí líonraí a spreagadh chun dul i mbun caibidlíocht tráchtála. D'fhonn a áirithiú go dtabharfar aird leordhóthanach ar thionchar na rialála a forchuireadh ar mhargaí gaolmhara agus cinneadh á dhéanamh cibé acu an bhfuil údar maith le rialáil ex ante ar mhargadh áirithe, ba cheart go n-áiritheodh údaráis rialála náisiúnta go ndéanfar anailís chomhsheasmhach ar mhargaí, agus i gcás inar féidir, a áirithiú go ndéanfar na hanailísí sin ag an am céanna, nó chomh cóngarach dá chéile ó thaobh ama de agus is féidir.

(171)

Agus measúnú á dhéanamh ar rialáil mhórdhíola chun fadhbanna a réiteach ar an leibhéal miondíola, ba cheart go gcuirfeadh údaráis rialála náisiúnta san áireamh gur féidir le roinnt margaí mórdhíola ionchur réamhtheachtach mórdhíola a sholáthar, le haghaidh margadh miondíola áirithe, agus os a choinne sin, is féidir le margadh mórdhíola amháin ionchur réamhtheachtach mórdhíola a sholáthar le haghaidh margaí miondíola éagsúla. Thairis sin, is féidir le tionchar ar an dinimic iomaíochta i margadh áirithe a bheith ag margaí atá comhtheagmhálach leis, ach gan gaol ingearach a bheith acu lena chéile, mar shampla idir margaí áirithe fosaithe agus móibíleacha. Ba cheart d'údaráis rialála náisiúnta an measúnú sin a dhéanamh ar gach margadh mórdhíola indibhidiúil a bhfuiltear á mheas le haghaidh rialála, ag tosú leis na leigheasanna atá ann chun rochtain a sholáthar ar bhonneagar sibhialta, toisc go gcuidíonn na leigheasanna sin de ghnáth le hiomaíocht níos inbhuanaithe a bhaint amach, lena n-áirítear iomaíocht bonneagair, agus ina dhiaidh sin anailís a dhéanamh ar aon mhargaí mórdhíola a meastar iad a bheith faoi réir rialáil ex ante agus iad curtha in ord de réir a n-oiriúnachta dóchúla a bheith in ann dul i ngleic le fadhbanna iomaíochta sainaitheanta ar an leibhéal miondíola. Agus an cinneadh á dhéanamh cén leigheas sonrach a fhorchuirfear, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta measúnú a dhéanamh ar a fhéideartha is a bheadh sé go teicniúil an leigheas sin a fhorchur agus measúnú costais is tairbhe a dhéanamh, ag féachaint dá oiriúnaí is a bheadh an leigheas sin chun dul i ngleic leis na fadhbanna iomaíochta a sainaithníodh ar an leibhéal miondíola, agus iomaíocht a chumasú bunaithe ar dhifreáil agus neodracht theicneolaíoch. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta breithniú a dhéanamh ar na hiarmhairtí a d'eascródh as aon leigheas sonrach a fhorchur a d'fhéadfadh, mura mbeadh sé indéanta ach i gcineálacha áirithe líonraí, a bheith ina dhídhreasacht ó thaobh líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh chun leasa na n-úsáideoirí deiridh.

(172)

Gan dochar do phrionsabal na neodrachta teicneolaíche, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta dreasachtaí a chur ar fáil trí na leigheasanna arna bhforchur, agus, i gcás inar féidir, roimh leathadh amach an bhonneagair, le haghaidh ailtireacht líonra solúbtha, oscailte a fhorbairt, lena laghdófaí amach anseo an t-ualach agus an chastacht a bhainfeadh le leigheasanna arna bhforchur ag céim níos déanaí. Ag gach céim den mheasúnú, sula gcinnfidh an t-údarás rialála náisiúnta cibé ar cheart aon leigheas breise, ar mó an t-ualach a bhainfeadh leis, a fhorchur ar an ngnóthas a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige, ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag an údarás sin a chinneadh cibé acu an mbeadh an margadh miondíola lena mbaineann ina mhargadh fíor-iomaíoch, agus socruithe tráchtála ábhartha nó aon imthosca eile margaidh mórdhíola á gcur san áireamh freisin, lena n-áirítear cineálacha eile rialála atá i bhfeidhm cheana féin, amhail mar shampla oibleagáidí rochtana ginearálta ar shócmhainní nó oibleagáidí neamh-inmhacasamhlaithe arna bhforchur de bhun Threoir 2014/61/AE, agus aon rialachán a mheasann údarás rialála náisiúnta é a bheith iomchuí le haghaidh gnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige. Le measúnú den chineál sin, arb é atá mar aidhm aige a áirithiú nach bhforchuirfear ach na leigheasanna is iomchuí atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na fadhbanna a sainaithníodh san anailís ar an margadh, ní chuirtear cosc ar údarás rialála náisiúnta a chinneadh, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, gurb é meascán de leigheasanna den chineál sin an bealach is lú cunórtas, fiú más éagsúil déine na leigheasanna sin. Fiú amháin mura n-eascróidh sainmhíniú ar mhargaí geografacha ar leith as na héagsúlachtaí sin, ba cheart go mbeadh siad in ann údar a thabhairt do dhifreáil a dhéanamh idir na leigheasanna iomchuí arna bhforchur, i bhfianaise na n-éagsúlachtaí i ndéine na srianta iomaíochta.

(173)

Meastar rialáil ex ante a fhorchuirtear ar an leibhéal mórdhíola, nach bhfuil i bprionsabal chomh cunórach céanna is atá rialáil mhiondíola, a bheith leordhóthanach chun dul i ngleic le fadhbanna iomaíochta a d'fhéadfadh teacht chun cinn ar an margadh nó sna margaí miondíola iartheachtacha gaolmhara. Léiríonn an dírialáil a tharla de réir a chéile ar na margaí miondíola ar fud an Aontais feidhmiú na hiomaíochta ó bhí an creat rialála um chumarsáid leictreonach i bhfeidhm. Thairis sin, ba cheart na rialacha a shimpliú a bhaineann le forchur na leigheasanna ex ante ar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus na rialacha sin a dhéanamh níos intuartha, i gcás inar féidir. Dá bhrí sin, ba cheart go dtabharfaí tús áite do rialuithe rialála ex ante a fhorchur bunaithe ar cé acu a ainmnítear gnóthas mar gnóthas a bhfuil chumhacht shuntasach sa mhargadh aige chumhacht shuntasach sa mhargadh i margaí mórdhíola.

(174)

I gcás ina dtarraingeoidh údarás rialála náisiúnta siar rialáil mhórdhíola ba cheart dó tréimhse iomchuí fógra a shainiú chun a áirithiú go ndéanfar aistriú inbhuanaithe chuig margadh dírialáilte. Agus an tréimhse fógra sin á sainiú, ba cheart don údarás rialála náisiúnta na comhaontuithe atá ann cheana féin idir soláthraithe rochtana agus cuardaitheoirí rochtana a chur san áireamh, ar comhaontuithe iad a rinneadh ar bhonn na n-oibleagáidí rialála a forchuireadh. Go háirithe, féadfaidh na comhaontuithe sin cosaint dhlíthiúil chonarthach a thabhairt do chuardaitheoirí rochtana ar feadh tréimhse chinntithe. Ba cheart don údarás rialála náisiúnta an fhíorfhéidearthacht a chur san áireamh go mbainfeadh rannpháirtithe sa mhargadh leas as aon rochtain mhórdhíola tráchtála nó aon tairiscintí comhinfheistíochta is féidir a bheith sa mhargadh agus an gá atá le harbatráiste féideartha rialála ar feadh tréimhse fhadaithe a sheachaint. Ba cheart go mbreithneofaí, sna socruithe aistrithe arna mbunú ag an údarás rialála náisiúnta, méid agus fad an fhaireacháin rialála sna comhaontuithe a bhí ann cheana féin, a luaithe agus a chuirfear tús leis an tréimhse fógra.

(175)

Chun deimhneacht a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh maidir leis na coinníollacha rialála, is gá teorainn ama a chur le hathbhreithnithe margaidh. Tá sé tábhachtach anailís mhargaidh a dhéanamh ar bhonn rialta agus laistigh de thréimhse ama réasúnta agus iomchuí. Tá riosca ann go mainneofaí údarás rialála náisiúnta anailís a dhéanamh ar an margadh laistigh den teorainn ama, go bhféadfar an margadh inmheánach a chur i mbaol, agus go bhféadfadh nach dtarlódh an tionchar a teastaíodh a d'eascródh ó ghnáthimeachtaí um shárú in am. De rogha air sin, ba cheart go mbeadh an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann in ann cúnamh BEREC a lorg chun an anailís mhargaidh a chur i gcrích. D'fhéadfadh cúnamh den chineál sin, mar shampla, a bheith i bhfoirm tascfhórsa sonrach atá comhdhéanta d'ionadaithe ó údaráis rialála náisiúnta eile.

(176)

De bharr leibhéal ard na nuálaíochta teicneolaíche agus margaí a bheith an-dinimiciúil in earnáil na cumarsáide leictreonaí, is gá rialáil a chur in oiriúint go gasta ar bhealach comhordaithe agus cuíchóirithe ar leibhéal an Aontais, mar go dtugann taithí le fios go bhféadfaidh éagsúlachtaí i measc na n-údarás rialála náisiúnta i gcur chun feidhme an chreata rialála a bheith ina bhacainn ar an margadh inmheánach.

(177)

Ar mhaithe le feabhas chobhsaíocht agus intuarthacht na mbeart rialála, áfach, ba cheart an uastréimhse ama a cheadaítear idir anailísí margaidh a fhadú ó thrí bliana go cúig bliana, ar choinníoll nach mbeidh gá le hanailís nua idir an dá linn toisc athruithe margaidh. Agus cinneadh á dhéanamh cibé acu ar chomhlíon údarás rialála náisiúnta a oibleagáidí anailís a dhéanamh ar mhargaí agus cibé acu ar thug sé fógra maidir leis an dréachtbheart comhfhreagrach gach cúig bliana ar a laghad, ní mheasfar tús a bheith leis an gcéad timthriall margaidh cúig bliana eile go dtí go mbeidh fógra tugtha, lena n-áirítear measúnú nua ar shainmhíniú ar an margadh agus ar chumhacht shuntasach sa mhargadh. Ní mheasfar gur leor fógra ann féin maidir le leigheasanna rialála nua nó leasaithe, a forchuireadh ar bhonn anailís mhargaidh a rinneadh roimhe sin agus nár athbhreithníodh, chun an oibleagáid seo a chomhlíonadh. I gcás údarás rialála náisiúnta nach gcomhlíonann an oibleagáid anailís mhargaidh a dhéanamh go tráthrialta a leagtar síos sa Treoir seo, níor cheart an méid sin a mheas mar fhoras le haghaidh oibleagáidí atá ann cheana arna bhforchur ag an údarás rialála náisiúnta a bheith neamhbhailí nó neamh-infheidhme sa mhargadh atá i gceist.

(178)

I gcás ina bhfuiltear chun oibleagáid shonrach a fhorchur ar ghnóthas a ainmnítear mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige ní gá anailís mhargaidh bhreise a dhéanamh ach is gá go mbeadh údar maith ann le go bhfuil an oibleagáid lena mbaineann ina hoibleagáid iomchuí chomhréireach i ndáil le cineál na faidhbe a sainaithníodh ar an margadh i gceist, agus ar an margadh miondíola gaolmhar.

(179)

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag údaráis rialála náisiúnta ar na hoibleagáidí agus na coinníollacha atá le forchur, ba cheart dóibh na coinníollacha éagsúla iomaíochais sna limistéir éagsúla laistigh dá mBallstáit a chur san áireamh agus aird faoi leith á tabhairt ar thorthaí an tsuirbhé gheografaigh a rinneadh i gcomhréir leis an Treoir seo.

(180)

Nuair a bheifear á bhreithniú cibé acu leigheasanna a fhorchur chun praghsanna a rialú, agus má dhéantar sin, cén fhoirm ina mbeidh siad, ba cheart d'údaráis rialála náisiúnta a cheadú go mbeadh luach cothrom le fáil ag an infheisteoir ar thionscadal infheistíochta nua ar leith. Go háirithe, bíonnrioscaí ag baint le tionscadail infheistíochta a bhaineann go sonrach le líonraí rochtana nua a thacaíonn le táirgí a bhfuil éileamh éiginnte orthu tráth a ndéantar an infheistíocht.

(181)

Ba cheart go lamhálfadh na hathbhreithnithe ar oibleagáidí arna bhforchur ar ghnóthais a ainmníodh ina n-oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu d'údaráis rialála náisiúnta an tionchar a bheadh ag forbairtí nua ar choinníollacha iomaíochais a chur san áireamh, mar shampla comhaontuithe deonacha a tugadh i gcrích as an nua idir gnóthais, dála comhaontuithe rochtana agus comhinfheistíochta, agus ar an gcaoi sin solúbthacht a sholáthar, a mbeadh gá léi go háirithe i gcomhthéacs timthrialla rialála níos faide. Ba cheart feidhm a bhaint as an loighic chéanna i gcás ina ndéanfaí sárú nó foirceannadh neamh-intuartha ar chomhaontuithe tráchtála, nó i gcás ina mbeadh éifeachtaí ag comhaontú den chineál sin atá éagsúil ón anailís mhargaidh. Má dhéantar comhaontú atá ann cheana a fhoirceannadh i margadh dírialáilte, b'fhéidir go mbeadh gá le hanailís mhargaidh nua. In éagmais athrú tábhachtach amháin sa mhargadh ach i gcás margaí dinimiciúla, d'fhéadfadh go mbeadh sé riachtanach anailís mhargaidh a dhéanamh níos minice ná gach cúig bliana, mar shampla, ní dhéanfar í níos luaithe ná gach trí bliana mar a bhí amhlaidh roimh chur i bhfeidhm na Teorach seo. Ba cheart margaí a mheas mar a bheith dinimiciúil más dócha go leanfar leis an éabhlóid theicniúil agus go bhforbróidh pátrúin éilimh an úsáideora deiridh ar bhealach ina mbeadh conclúidí na hanailíse dímholta sa mheántéarma i gcás grúpa suntasach réimsí geografacha nó úsáideoirí deiridh laistigh den mhargadh geografach agus den mhargadh do tháirgí mar a shainíonn an t-údarás rialála náisiúnta.

(182)

Cuidíonn trédhearcacht na dtéarmaí agus na gcoinníollacha rochtana agus idirnasctha, lena n-áirítear praghsanna, luas a chur leis an gcaibidlíocht, díospóidí a sheachaint agus muinín a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh nach bhfuil an tseirbhís á soláthar ar bhonn idirdhealaitheach. Féadfaidh tábhacht ar leith a bheith ag baint le hoscailteacht agus trédhearcacht na gcomhéadan teicniúil ó thaobh idir-inoibritheacht a áirithiú de. I gcás ina ndéanfaidh údarás rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur chun faisnéis a dhéanamh poiblí, ba cheart go mbeadh sé in ann freisin a shonrú cén bealach ina gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, agus cibé acu an mbeidh sé sin saor in aisce nó nach mbeidh, ag cur chineál agus chuspóir na faisnéise lena mbaineann san áireamh.

(183)

I bhfianaise go bhfuil éagsúlacht mhór de thoipeolaíochtaí líonra ann, is fearr is féidir táirgí rochtana agus imthosca margaidh a tháinig chun cinn ó bhí 2002 ann, cuspóirí Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/19/CE, maidir le díchuachadh na lúibe logánta, agus táirgí rochtana le haghaidh soláthraithe seirbhísí teilifíse digití agus raidió dhigitigh, a ghnóthú, trí threoirlínte a sholáthar maidir leis na critéir íosta le haghaidh tairiscint tagartha, ar treoirlínte iad a bheadh le forbairt agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta ag BEREC. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn sin a scriosadh.

(184)

Áirithítear le prionsabal an neamh-idirdhealaithe nach ndéanfaidh gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu iomaíocht a shaobhadh, go háirithe i gcás ina mbeidh siad ina ngnóthais atá comhtháite go hingearach agus ar gnóthais iad a chuireann seirbhísí ar fáil do ghnóthais a bhfuil siad in iomaíocht leo i margaí iartheachtacha.

(185)

Chun dul i ngleic le hiompraíocht idirdhealaitheach nach mbaineann le praghas, agus chun an iompraíocht sin a chosc, is é coibhéis na n-ionchur (EoI) i bprionsabal an bealach is fearr chun cosaint éifeachtach ar idirdhealú a bhaint amach. Ar an taobh eile de, is dócha go n-eascróidh costais chomhlíonta níos airde as ionchuir mhórdhíola rialáilte ar bhonn EoI ná mar a dhéanfadh as cineálacha eile oibleagáidí neamh-idirdhealaitheacha. Ba cheart na costais chomhlíonta níos airde sin a thomhas le hais na tairbhe a bheadh le baint as iomaíocht iartheachtach níos déine, agus le hais ábharthacht na mbarántas neamh-idirdhealaitheach i gcásanna nach mbeidh an gnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige faoi réir rialuithe díreacha praghsanna. Go háirithe, d'fhéadfadh údaráis rialála náisiúnta a mheas go bhfuil sé níos dóichí, maidir leis an soláthar ionchur mórdhíola do chórais nua ar bhonn EoI, go gcruthófar glansochair leordhóthanacha, agus dá bhrí sin go mbeidh siad comhréireach, i bhfianaise na gcostas incriminteach níos ísle ar bhonn comparáide chun a áirithiú go mbeidh na córais nuathógtha EoI-comhlíontach. Ar an taobh eile, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a mheas cibé an bhfuil oibleagáidí comhréireach do na gnóthais lena mbaineann, mar shampla, trí chostas cur chun feidhme a chur san áireamh agus dídhreasuithe féideartha a mheas a ghabhann le himscaradh na gcóras nua, i gcoibhneas le huasghráduithe níos incrimintí, i gcás ina mbeadh imscaradh na gcóras nua faoi réir oibleagáidí rialála níos srianta. I mBallstáit ina bhfuil líon mór gnóthais mionscála a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, féadfaidh forchur EoI ar gach ceann de na gnóthais sin a bheith díréireach.

(186)

Ceadaítear deighilt chuntasaíochta aistrithe inmheánacha praghais, agus is féidir leis na húdaráis rialála náisiúnta a sheiceáil cibé acu an bhfuiltear ag comhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le neamh-idirdhealú, i gcás inarb infheidhme. Maidir leis sin, d'fhoilsigh an Coimisiún Moladh 2005/698/CE (35).

(187)

Tá sócmhainní innealtóireachta sibhialta, ar féidir leo líonra cumarsáide leictreonaí a óstáil, ríthábhachtach le haghaidh leathadh amach rathúil líonraí nua toisc go bhfuil costas ard ag baint lena ndúbláil, agus toisc gur féidir a lán airgid a choigilt más féidir iad a athúsáid. Dá bhrí sin, de bhreis ar na rialacha maidir le bonneagar fisiceach a leagtar síos i dTreoir 2014/61/AE, tá gá le leigheas sonrach i gcás ina bhfuil na sócmhainní innealtóireachta sibhialta faoi úinéireacht gnóthais atá ainmnithe mar oibreoir a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige. I gcás ina mbeidh sócmhainní innealtóireachta sibhialta ann agus na sócmhainní sin inúsáidte, bíonn éifeacht an-dearfach ar fad ar leathadh amach an bhonneagair iomaíochta ag rochtain éifeachtach a fháil orthu, agus dá bhrí sin is gá a áirithiú gur féidir rochtain ar na sócmhainní sin a úsáid mar leigheas ann féin chun feabhas a chur ar dhinimicí an iomaíochais agus an imscartha in aon mhargadh iartheachtach, agus is gá é sin a bhreithniú sula ndéanfar measúnú ar an ngá le haon leigheas féideartha eile a fhorchur, agus ní mar leigheas coimhdeach amháin ar aon táirgí nó seirbhísí mórdhíola eile nó mar leigheas atá teoranta do ghnóthais a bhfuil leas á bhaint acu as na táirgí nó na seirbhísí mórdhíola eile sin. Ba cheart d'údaráis rialála náisiúnta luach na sócmhainní innealtóireachta sibhialta leagáide a mheas ar bhonn an luacha cuntasaíochta rialála agus é sin glan ó dhímheas carntha tráth a ríofa, innéacsaithe ag innéacs praghsanna iomchuí, amhail an t-innéacs praghsanna miondíola, agus na sócmhainní a bhfuil dímheas iomlán déanta orthu cheana féin a chur as an áireamh, in imeacht tréimhse nach lú ná 40 bliain, ach atá fós in úsáid.

(188)

Ba cheart d'údaráis rialála náisiúnta, nuair a bheidh oibleagáidí á bhforchur acu maidir le rochtain a fháil ar bhonneagair nua agus fheabhsaithe, a áirithiú go léireofar sna coinníollacha rochtana imthosca an chinnidh infheistíochta is bun leis sin, ag cur san áireamh, inter alia, an costas a bhaineann leis an leathadh amach, an ráta ag a meastar a úsáidfear na táirgí agus seirbhísí nua agus leibhéal measta na bpraghsanna miondíola. Thairis sin, chun deimhneacht a sholáthar d'infheisteoirí maidir le pleanáil, ba cheart go mbeadh údaráis rialála náisiúnta in ann na téarmaí agus coinníollacha a shocrú le haghaidh rochtana, i gcás inarb infheidhme, ar téarmaí agus coinníollacha iad atá comhsheasmhach i gcaitheamh tréimhsí iomchuí athbhreithnithe. I gcás ina measfar rialuithe praghsanna a bheith iomchuí, féadfar a áireamh sna téarmaí agus sna coinníollacha sin socruithe praghsála a bheidh ag brath ar mhéid nó ar fhad conarthaí i gcomhréir le dlí an Aontais agus ar choinníoll nach mbeidh aon éifeacht idirdhealaitheach acu. Ba cheart go n-urramófaí, in aon choinníollacha rochtana, an gá atá le hiomaíocht éifeachtach a chaomhnú i seirbhísí do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí.

(189)

Is féidir údar a bheith lena shainordú go mbronnfaí rochtain ar bhonneagar líonra mar mhodh chun cur le hiomaíocht, ach is gá d'údaráis rialála náisiúnta cothromaíocht a bhaint amach idir an ceart atá ag úinéir an bhonneagair leas a bhaint as a bhonneagar chun a leasa féin, agus ceart na soláthraithe seirbhíse eile rochtain a fháil ar shaoráidí, ar saoráidí iad atá riachtanach do sholáthar seirbhísí atá in iomaíocht lena chéile.

(190)

I margaí inar féidir a bheith ag súil le líon méadaithe líonraí rochtana, ar bhonn réamhbhreathnaitheach, is dóichí go mbainfidh úsáideoirí deiridh tairbhe as na feabhsuithe ar cháilíocht an líonra, de bhua na hiomaíochta bonneagarbhunaithe, i gcomparáid le margaí nach bhfuil ach líonra amháin iontu. Is dócha go mbeidh leordhóthanacht na hiomaíochta ar pharaiméadair eile, amhail praghas agus rogha, ag brath ar imthosca iomaíochta náisiúnta agus áitiúla. Agus measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht na hiomaíochta ar pharaiméadair den chineál sin agus ar an ngá le hidirghabháil rialála, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a chur san áireamh an bhfuil rochtain mhórdhíola ar fáil d'aon ghnóthas leasmhar ar théarmaí tráchtála réasúnta lena gceadaítear torthaí iomaíocha inbhuanaithe d'úsáideoirí deiridh ar an margadh miondíola. Ba cheart gur leor cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta ginearálta sna margaí a bhfuil iomaíocht inbhuanaithe agus éifeachtach bhonneagar-bhainteach ag roinnt leo.

(191)

I gcás ina bhforchuirfear oibleagáidí ar ghnóthais a bhfuil siad de dhíth orthu chun iarrataí réasúnta a chomhlíonadh maidir le rochtain ar eilimintí líonraí agus ar shaoráidí gaolmhara agus ar úsáid na líonraí agus na saoráidí sin, níor cheart diúltú do na hiarrataí sin ach amháin ar bhonn critéir oibiachtúla amhail féidearthacht theicniúil nó an gá atá le sláine an líonra a chothabháil. I gcás ina ndiúltófar dóibh, ba cheart go mbeadh an páirtí éagóirithe in ann an cás a chur faoi bhráid an nós imeachta um réiteach díospóidí faoin Treoir seo. Ní féidir a cheangal ar ghnóthas a bhfuil oibleagáidí rochtana forchurtha air cineálacha rochtana a sholáthar nach bhfuil ar a chumas a sholáthar. Níor cheart go ndéanfadh rochtain shainordaithe arna forchur ag údaráis rialála náisiúnta a chuireann le hiomaíocht sa ghearrthéarma laghdú ar na dreasachtaí d'iomaitheoirí infheistiú i saoráidí eile a áiritheoidh iomaíocht níos inbhuanaithe nó feidhmíocht níos fearr agus sochair don úsáideoir deiridh san fhadtéarma. Mar shampla, agus an bealach rialála is lú cunórtas á roghnú agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, d'fhéadfadh údaráis rialála náisiúnta cinneadh a dhéanamh athbhreithniú a dhéanamh ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ghnóthais ainmnithe a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus aon chinneadh a rinneadh roimhe sin a leasú, lena n-áirítear trí oibleagáidí a aistarraingt nó oibleagáidí rochtana nua a fhorchur, má tá an méid sin chun leasa úsáideoirí agus iomaíocht inbhuanaithe seirbhíse. Ba cheart go mbeadh údaráis rialála náisiúnta in ann coinníollacha teicniúla agus oibríochtúla a fhorchur ar sholáthraí nó ar thairbhithe na rochtana sainordaithe i gcomhréir le dlí an Aontais. Go háirithe, ba cheart go gcomhlíonfadh forchur na gcaighdeán teicniúil Treoir 1535/2015/AE.

(192)

Féadfaidh rialú praghsanna a bheith riachtanach i gcás ina dtiocfaidh iomaíocht neamhéifeachtúil chun solais, ó anailís mhargaidh i margadh ar leith. Go háirithe, ba cheart do ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach acu sa mhargadh cúngach praghsanna a sheachaint sa chaoi is nach mbeidh an difríocht idir a bpraghsanna miondíola agus an t-idirnascadh nó praghsanna rochtana atá á ngearradh ar iomaitheoirí a chuireann seirbhísí miondíola comhchosúla ar fáil, leordhóthanach chun iomaíocht inbhuanaithe a áirithiú. Nuair a dhéanfaidh údaráis rialála náisiúnta na costais a ríomh arna dtabhú agus seirbhís á bunú, ar seirbhís í a sainordaíodh faoin Treoir seo, is iomchuí a cheadú go ndéanfar toradh réasúnta a ghnóthú ar an gcaipiteal arna infheistiú lena n-áirítear costais iomchuí saothair agus tógála, agus luach an chaipitil choigeartaithe, i gcás inar gá, chun luacháil reatha na sócmhainní agus éifeachtúlacht na n-oibríochtaí a léiriú. Ba cheart gurb iomchuí é modh an ghnóthaithe costas sna himthosca, ag cur san áireamh go mbeidh gá éifeachtúlacht, iomaíocht inbhuanaithe agus imscaradh líonraí fíor-ardacmhainne a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin an tairbhe is fearr agus is féidir a bhaint amach d'úsáideoirí deiridh, agus ba cheart go gcuirfí san áireamh gur gá go mbeidh praghsanna intuartha agus cobhsaí ar mhaithe le gach oibreoir atá ag iarraidh líonraí nua agus feabhsaithe a imscaradh, i gcomhréir le Moladh 2013/466/AE ón gCoimisiún (36).

(193)

Mar gheall ar éiginnteacht maidir le ráta theacht ann don éileamh ar sholáthar seirbhísí leathanbhanda den chéad ghlúin eile tá sé tábhachtach, ionas go ndéanfar infheistíocht agus nuálaíocht a chur chun cinn go héifeachtúil chun méid áirithe solúbthachta sa phraghsáil a cheadú do na hoibreoirí sin atá ag infheistiú i líonraí nua nó uasghrádaithe. Ba cheart údaráis rialála náisiúnta a bheith in ann cinneadh a dhéanamh gan praghsanna rochtana mórdhíola rialáilte a choimeád nó a fhorchur ar líonraí den chéad ghlúin eile más leor an choimirce iomaíochta atá ann. Go sonrach, chun praghsanna iomarcacha a chosc i margaí ina bhfuil gnóthais atá ainmnithe ina n-oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach acu sa mhargadh, ba cheart go mbeadh coimirce bhreise ag gabháil leis an tsolúbthacht sa phraghsáil chun iomaíocht agus leasa na n-úsáideoirí deiridh a chosaint, amhail oibleagáidí neamh-idirdhealaitheacha dochta, bearta chun inmhacasamhlú teicniúil agus eacnamaíoch táirgí iartheachtacha a áirithiú, agus srian inléirithe ar phraghas miondíola ag eascairt ó iomaíocht bhonneagair nó ó ancaire praghais a thiocfadh as táirgí rochtana rialáilte eile, nó uathu araon. Ní dochar an choimirce iomaíochta sin do shainaithint imthosca eile, arna dhéanamh ag údaráis rialála náisiúnta, ar imthosca iad faoina mbeadh sé iomchuí gan praghsanna rochtana rialáilte a fhorchur le haghaidh ionchuir mhórdhíola áirithe, amhail i gcás ina mbeidh praghasleaisteachas an éilimh ón úsáideoir deiridh á dhéanamh neamhbhrabúsach don ghnóthas a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige praghsanna a ghearradh atá go suntasach os cionn an leibhéil iomaíoch nó i gcás ina laghdaítear na dreasachtaí maidir le líonraí fíor-ardacmhainne a fhorbairt mar gheall ar dhlús daonra níos ísle agus ina suíonn an t-údarás rialála náisiúnta go n-áirithítear rochtain éifeachtach neamh-idirdhealaithe trí na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Treoir seo.

(194)

I gcás ina bhforchuirfidh údarás rialála náisiúnta oibleagáidí maidir le córas cuntasaíochta costála a chur chun feidhme chun tacú le rialuithe praghsanna, ba cheart go mbeadh sé féin in ann iniúchóireacht bhliantúil a ghabháil de láimh chun a áirithiú go bhfuiltear ag cloí leis an gcóras cuntasaíochta costála, ar choinníoll go mbeidh an fhoireann cháilithe is gá aige tabhairt faoi, nó a cheangal go ndéanfaidh comhlacht cáilithe eile an iniúchóireacht, neamhspleách ar an ngnóthas lena mbaineann.

(195)

Tá an córas muirir san Aontas d'fhoirceannadh glao gutha mórdhíola bunaithe ar Íocann Líonra an Pháirtí a Ghlaonn. Léirítear in anailís a rinneadh ar inmhalartaitheacht éilimh agus soláthair nach bhfuil aon ionadaithe ar an leibhéal mórdhíola ann, nó nach mbeidh go luath, a d'fhéadfadh srian a chur le muirir a shocrú do chríochnú glao gutha i líonra ar leith. Ag cur san áireamh go bhfuil margaí críochaithe glao gutha ina margaí déthreo, tá tras-fhóirdheonú idir oibreoirí i measc na bhfadhbanna iomaíochta eile a d'fhéadfadh a bheith ann. Tá na fadhbanna ionchasacha iomaíochta sin coitianta i margaí na línte fosaithe agus sna margaí móibíleacha foirceanta glao gutha araon. Dá bhrí sin, i bhfianaise chumas agus dhreasachtaí na n-oibreoirí foirceanta glao gutha praghsanna a ardú go suntasach thar an gcostas, meastar gurb é praghsáil bunaithe ar chostas an bealach is iomchuí idirghabháil a dhéanamh chun dul i ngleic leis seo sa mheántéarma. Féadfaidh forbairtí sa mhargadh amach anseo dinimicí a athrú sna margaí sin sa mhéid nach mbeidh rialáil riachtanach a thuilleadh.

(196)

Chun an t-ualach rialála a laghdú nuair atáthar ag dul i ngleic le fadhbanna iomaíochta a bhaineann le foirceannadh glao gutha mórdhíola ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais, ba cheart don Choimisiún a leagan síos, trí bhithín gníomh tarmligthe uasráta foirceanta aonair do ghuthghlaonna le haghaidh seirbhísí móibíleacha agus uasráta foirceanta aonair do ghuthghlaonna le haghaidh seirbhísí seasta a bhfuil feidhm acu ar fud an Aontais.

(197)

Ba cheart go leagfaí síos sa Treoir seo critéir agus paraiméadair mhionsonraithe ar bhonn luachanna na rátaí críochnaithe glao gutha a shocrófar. Tá laghdú leanúnach ag teacht ar rátaí foirceanta ar fud an Aontais agus táthar ag súil go leanfar leis sin. Nuair a chinnfidh an Coimisiún na huasrátaí foirceanta sa chéad ghníomh tarmligthe a ghlacfaidh sé de bhun na Treorach seo, ba cheart dó neamhaird a dhéanamh d'aon diall náisiúnta gan údar ón treocht sin.

(198)

Toisc go bhfuil éiginnteacht ann faoi láthair maidir leis an éileamh iarbhír a bheidh ar sheirbhísí leathanbhanda fíor-ardacmhainne chomh maith le barainneachtaí scála agus dlúis, tá an-tairbhe ag baint le comhaontuithe comhinfheistíochta ó thaobh costais agus rioscaí a chomhthiomsú de, agus é á chur ar chumas gnóthais ar scála níos lú infheistíocht a dhéanamh ar théarmaí a bheadh réasúnta ó thaobh an bhonneagair de agus, ar an gcaoi sin, iomaíocht fhadtéarmach inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear réimsí ina bhféadfadh iomaíocht bhonneagar-bhunaithe a bheith mí-éifeachtúil. Féadfaidh foirmeacha éagsúla a bheith ann do chomhinfheistíochtaí, lena n-áirítear comhúinéireacht sócmhainní na líonraí nó comhroinnt riosca fhadtéarmach trí chómhaoiniú nó trí chomhaontaithe ceannacháin. Sa chomhthéacs sin, comhaontuithe ceannaigh arb ionann iad agus comhinfheistíochtaí lena mbaineann gnóthú cearta sonracha acmhainne de charachtar struchtúrach, lena mbaineann leibhéal comhchinnidh agus lena gcumasaítear comhinfheisteoirí le dul in iomaíocht go héifeachtach agus inbhuanaithe san fhadtéarma i margaí iartheachtacha ina bhfuil an an gnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige gníomhach. I gcodarsnacht air sin, ní gnóthaítear cearta den chineál sin le comhaontuithe rochtana tráchtála amháin atá teoranta d'acmhainn a fháil ar cíos agus dá bharr sin níor cheart a mheas gur comhinfheistíochtaí iad.

(199)

I gcás ina ndéanann gnóthas a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige tairiscint lena ngabhfaidh téarmaí cothroma, réasúnta, neamh-idirdhealaitheacha i líonraí fíor-ardacmhainne ina bhfuil eilimintí snáthoptaice a théann chuig áitribh an úsáideora deiridh nó chuig an mbunstáisiún, lena dtugtar deis de gnóthais de mhéideanna agus d'acmhainneacht airgeadais éagsúla a bheith ina gcomhinfheisteoirí bonneagair, ba cheart don údarás rialála náisiúnta a bheith in ann staonadh ó oibleagáidí a fhorchur de bhun na Treorach seo ar an líonra fíor-ardacmhainne má tá comhinfheisteoir ionchasach amháin ar a laghad i ndiaidh dul isteach i gcomhaontú comhinfheistíochta leis an ngnóthas. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás rialála náisiúnta tairiscint cheangailteach a dhéanamh de thairiscint chomh-infheistíochta nach raibh comhaontú ann ina leith go fóill agus ina gcinnfidh sé gan oibleagáidí breise rialála a fhorchur, féadfaidh sé déanamh amhlaidh, faoi réir an choinníll go ndéanfar comhaontú a thabhairt i gcrích sula mbeidh éifeacht ag an mbeart dírialála. I gcásanna ina bhfuil sé indéanta go teicniúil eilimintí snáthoptaice a théann chuig áitreabh an úsáideora deiridh a imscaradh, ba cheart go mbeadh líonraí ardacmhainne atácomhdhéanta d'eilimintí snáthoptaice a théann díreach in aice láimhe leis an áitreabh, sin le rá, díreach lasmuigh de, in ann tairbhe a bhaint as an gcóir rialála céanna freisin.

(200)

Agus cinneadh á dhéanamh staonadh ó oibleagáidí a fhorchur, ba cheart don údarás rialála náisiúnta an méid sin a dhéanamh tar éis a áirithiú go gcomhlíontar leis na tairiscintí comhinfheistíochta na critéir riachtanacha agus go ndéantar de mheon macánta iad. Ba cheart go mbeadh láimhseáil rialála na líonraí nua fíor-ardacmhainne faoi réir athbhreithniú in anailísí margaidh dá éis sin, go háirithe tar éis do thréimhse ama a bheith caite, agus d'fhéadfadh sé go n-éileofaí coigeartuithe ar an láimhseáil rialála mar gheall air sin. I gcúinsí a bhfuil údar cuí leo, ba cheart go mbeadh údaráis rialála náisiúnta in ann oibleagáidí a fhorchur ar eilimintí líonra nua den sórt sin nuair a shuíonn siad go mbeidh fadhbanna suntasacha iomaíochta ann i margaí áirithe in éagmais idirghabhála rialála. Go háirithe, i gcás ina bhfuil líon mór margaí iartheachtacha annnár bhain amach an chéim chéanna iomaíochta, d'fhéadfadh na húdaráis rialála náisiúnta leigheasanna neamhshiméadracha a cheangal chun iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn, mar shampla, i margaí miondíola nideoige, amhail táirgí cumarsáide leictreonaí d'úsáideoirí gnó, ach gan a bheith teoranta dóibhsean. Chun iomaíochas na margaí a choinneáil, ba cheart d'údaráis rialála náisiúnta cearta na gcuardaitheoirí rochtana nach nglacann páirt i gcomhinfheistíocht ar leith a choimirciú freisin. Ba cheart é sin a bhaint amach trí tháirgí rochtana atá ann cheana a choinneáil nó – i gcás ar díchóimeáladh eilimintí leagáide in am trátha – trí tháirgí rochtana a fhorchur a bhfuil ar a laghad feidhmiúlacht agus cáilíocht acu atá inchomparáide leosan a bhí ar fáil roimhe sin leis an mbonneagar leagáide, agus ba cheart don dá chás sin a bheith faoi réir sásra solúbtha iomchuí arna bhailíochtú ag an údarás rialála náisiúnta nach mbaineann an bonn ó dhreasachtaí le haghaidh comhinfheisteoirí.

(201)

D'fhonn feabhas a chur ar an gcleachtas rialála comhsheasmhach ar fud an Aontais, i gcás inar chinn údaráis rialála náisiúnta go bhfuil na coinníollacha sa tairiscint comhinfheistíochta á gcomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a cheangal ar an údarás rialála náisiúnta a dhréachtbhearta a tharraingt siar i gcásanna ina staonann sé ó oibleagáidí a fhorchur nó ina n-idirghabhann sé le hoibleagáidí rialúcháin chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna móra maidir le hiomaíocht nuair a chomhroinneann BEREC an t-amhras mór atá ar an gCoimisiún i ndáil le comhoiriúnacht an dréachtbhirt le dlí an Aontais agus go háirithe cuspóirí rialála na Treorach seo. Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart d'údarás rialála náisiúnta a bheith in ann fógra aonair a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le dréachtbheart a bhaineann le scéim chomhinfheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha ábhartha. I gcás nach bhfeidhmíonn an Coimisiún a chumhachtaí chun tarraingt siar an dréachtbhirt a éileamh, bheadh sé díréireach dá mbeadh fógraí simplithe ina dhiaidh sin maidir le dréachtchinntí aonair ón údarás rialála náisiúnta ar bhonn na scéime céanna, lena n-áirítear, sa bhreis air sin, fianaise iarbhír maidir le comhaontú a thabhairt chun críche le comhinfheisteoir amháin ar a laghad, faoi réir cinneadh lena n-éilítear tarraingt siar in éagmais athrú imthosca. Ina theannta sin, maidir le hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ghnóthais nach bhfuil bunaithe ar cé acu a ainmnítear gnóthas mar gnóthas a bhfuil chumhacht shuntasach sa mhargadh aige de bhun na Treorach seo nó Threoir 2014/61/AE, tá feidhm acu i gcónaí. Is gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais a bheidh oibleagáidí i ndáil le comhaontuithe comhinfheistíochta.

(202)

Is é cuspóir na deighilte feidhmiúla, trína gceanglaítear ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach eintitis ghnó atá scartha amach ar leithligh go hoibríochtúil a bhunú, ná a áirithiú go ndéanfar táirgí rochtana lánchoibhéiseacha a sholáthar do gach oibreoir iartheachtach, lena n-áirítear rannáin iartheachtacha an oibreora féin, ar rannáin iad atá comhtháite go hingearach. Tá sé d'acmhainn ag deighilt fheidhmiúil feabhas a chur ar iomaíocht i roinnt margaí ábhartha agus é sin a dhéanamh ach an dreasacht atá ann idirdhealú a dhéanamh a laghdú go suntasach agus trína dhéanamh níos éasca a fhíorú go bhfuiltear ag comhlíonadh oibleagáidí maidir le neamh-idirdhealaitheacht agus an comhlíonadh sin a fhorfheidhmiú. I gcásanna eisceachtúla, ba cheart go mbeadh sé indéanta údar a bheith le deighilt fheidhmiúil a úsáid mar leigheas i gcás ina raibh mainneachtain leanúnach ann neamh-idirdhealú éifeachtach a bhaint amach i roinnt de na margaí lena mbaineann, agus i gcás ina mbeidh fíorbheagán iomaíochta bonneagair ann nó nach mbeidh aon seans nó mórán seans ann go mbeidh iomaíocht bonneagair ann laistigh de thréimhse ama réasúnta tar éis dul i muinín leigheas amháin nó níos mó ar measadh iad a bheith iomchuí roimhe sin. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú, áfach, agus é á fhorfheidhmiú go gcaomhnófar na dreasachtaí a bhí ann don ghnóthas lena mbaineann infheistiú ina líonra féin agus nach mbeadh aon éifeachtaí féideartha diúltacha ann do leas an tomhaltóra. Ceanglaíonn a fhorchur go ndéanfar anailís chomhordaithe ar na margaí éagsúla ábhartha a bhaineann leis an líonra rochtana, i gcomhréir leis an gcur chuige anailíse margaidh. Nuair a bheidh údaráis rialála náisiúnta ag déanamh anailís mhargaidh agus ag ceapadh shonraí an leighis seo, ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt ar na táirgí a bheidh á mbainistiú ag eintitis ghnó ar leithligh, ag cur fhairsinge leathadh amach an líonra san áireamh chomh maith le méid an dul chun cinn theicniúil, a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar oiriúnacht na seirbhísí fosaithe agus na seirbhísí gan sreang. Chun saobhadh na hiomaíochta a sheachaint sa mhargadh inmheánach, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún deighilt fheidhmiúil a fhaomhadh roimh ré.

(203)

Níor cheart go ndéanfadh cur chun feidhme na deighilte feidhmiúla cosc a chur ar shásraí comhordúcháin iomchuí idir na heintitis ghnó éagsúla chun a áirithiú go ndéanfar cearta eacnamaíocha agus bainistíochta na máthairchuideachta a chosaint.

(204)

I gcás ina roghnóidh gnóthas atá comhtháite go hingearach cuid mhór dá shócmhainní líonra rochtana áitiúil, nó iomlán na sócmhainní sin, a aistriú chuig eintiteas dlíthiúil ar leith faoi úinéireacht éagsúil nó trí eintiteas gnó ar leith a bhunú chun déileáil le táirgí rochtana, ba cheart don údarás rialála náisiúnta measúnú a dhéanamh ar éifeacht an idirbhirt atá beartaithe, lena n-áirítear aon ghealltanais rochtana a bheidh á dtairiscint ag an ngnóthas sin, ar gach oibleagáid rialála reatha arna bhforchur ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, chun a áirithiú go mbeidh aon socruithe nua i gcomhréir leis an Treoir seo. Ba cheart don údarás rialála náisiúnta lena mbaineann anailís nua ar na margaí ina bhfuil an t-eintiteas deighilte ag feidhmiú a ghabháil de láimh, agus oibleagáidí a fhorchur, a choinneáil, a leasú nó a tharraingt siar dá réir sin. Chuige sin, ba cheart go mbeadh an t-údarás rialála náisiúnta in ann faisnéis a iarraidh ón ngnóthas.

(205)

Cheana féin i roinnt margaí inniu is féidir leis an ngnóthas a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige gealltanais a thairiscint, mar chuid den anailís mhargaidh, leis an aidhm go dtabharfar aghaidh ar fhadhbanna iomaíochta arna sainaithint ag an údarás rialála náisiúnta, agus cuireann an t-údarás rialála náisiúnta san áireamh iad ansin agus cinneadh á dhéanamh aige maidir leis na hoibleagáidí rialála iomchuí. Ba cheart aon fhorbairtí margaí nua ar bith a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar na réitigh is iomchuí. Mar sin féin, agus gan dochardo na forálacha maidir le cóir rialála ar chomhinfheistíochtaí, ní chuireann cineál na ngealltanas a thairgtear mar sin féin teorainn leis an discréid a thugtar don údarás rialála náisiúnta leigheasanna a fhorchur ar ghnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu. D'fhonn trédhearcacht a fheabhsú agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil ar fud an Aontais, ba cheart go leagfaí síos sa Treoir seo an nós imeachta do ghnóthais agus gealltanais á dtairiscint acu agus do na húdaráis rialála náisiúnta chun measúnú a dhéanamh orthu, agus tuairimí rannpháirtithe sa mhargadh á gcur san áireamh trí bhíthin thástáil margaidh, agus más iomchuí iad a cheangal ar an ngnóthas a thugann gealltanas agus in-fhorfheidhmithe ag an údarás rialála náisiúnta. Mura rud é gur thug an t-údarás rialála náisiúnta gealltanais i leith comhinfheistíochtaí agus gur chinn sé gan oibleagáidí a fhorchur, tá an nós imeachta sin gan dochar do chur i bhfeidhm nós imeachta na hanailíse margaí agus an oibleagáid maidir le leigheasanna iomchuí agus comhréireacha a fhorchur chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh sa mhargadh a sainaithníodh.

(206)

Ba cheart go mbeadh údaráis rialála náisiúnta in ann na gealltanais a dhéanamh ceangailteach, ina n-iomláine nó go páirteach, ar feadh tréimhse shonrach nach faide ná an tréimhse a dtairgtear iad lena linn, tar éis tástáil margaidh a dhéanamh orthu trí bhíthin comhairliúchán poiblí le páirtithe leasmhara. Sa chás inar ndearnadh na gealltanais ceangailteach, ba cheart don údarás rialála náisiúnta iarmhairtí an chinnidh sin a mheas ina anailís ar an margadh agus iad a chur san áireamh nuair a bheadh na bearta rialála is iomchuí á roghnú aige. Ba cheart d'údaráis rialála náisiúnta na gealltanais a tugadh a bhreithniú ó dhearcadh réamhbhreathnaitheach na hinbhuanaitheachta, go háirithe agus iad ag roghnú na tréimhse a mbeidh na gealltanais sin ceangailteach lena linn, agus ba cheart go mbeadh aird acu ar an luach a shamhlaíonn páirtithe leasmhara a bheith leis an gcomhairliúchán poiblí maidir le dálaí margaidh cobhsaí agus intuartha. Gealltanais cheangailteacha a bhaineann le deighilt dheonach an ghnóthais atá comhtháite go hingearach ar ainmníodh é mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach i margadh ábhartha amháin nó níos mó aige, féadfaidh siad intuarthacht agus trédhearcacht a chur leis an bpróiseas, trí phróiseas chur chun feidhme na deighilte beartaithe a leagan amach, mar shampla trí threochlár a sholáthar le haghaidh chur chun feidhme le clocha míle soiléire agus le hiarmhairtí intuartha i gcás nach mbainfear amach na clocha míle sin.

(207)

Is féidir a áireamh i measc na ngealltanas iontaobhaí faireacháin a cheapadh, ar cheart don údarás rialála náisiúnta a chéannacht agus a shainordú a fhormheas, agus an oibleagáid ar an ngnóthas a thairgfeadh iad tuarascálacha tréimhsiúla um chur chun feidhme a chur ar fáil dóibh.

(208)

Is féidir le húinéirí líonraí a bhfuil a samhail ghnó teoranta do sholáthar seirbhísí mórdhíola do dhreamanna eile, a bheith tairbhiúil do chruthú margaidh mórdhíola a bhfuil borradh faoi, agus éifeachtaí dearfacha aige sin ar an iomaíocht mhiondíola iartheachtach. Thairis sin, féadfaidh a samhail ghnó a bheith tarraingteach d'infheisteoirí airgeadais ionchasacha i sócmhainní bonneagair a bhfuil níos lú luaineachta agus ionchais níos fadtéarmaí ag gabháil leo ó thaobh imscaradh na líonraí fíor-ardacmhainne. Mar sin féin, ní gá gurb ionann láithreacht gnóthais mórdhíola amháin agus margaí miondíola atá iomaíoch go héifeachtúil, agus is féidir oibreoirí ar ghnóthais mórdhíola amháin iad a ainmniú ina ngnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach acu sa mhargadh i dtáirge agus i margaí geografacha áirithe. D'fhéadfadh rioscaí áirithe iomaíochta ag eascairt ó iompraíocht na ngnóthais a bhfuil samhlacha gnó mórdhíola amháin in úsáid acu, a bheith níos ísle ná mar a bheadh i gceist le gnóthais atá comhtháite go hingearach, ar choinníoll gur fíorshamhail í an ceann mórdhíola-amháin agus nach bhfuil aon dreasachtaí ann chun idirdhealú a dhéanamh idir soláthraithe iartheachtacha. Dá bhrí sin, ba cheart gurb é an modh nach bhfuil chomh cunórach céanna an fhreagairt rialála, ach ba cheart an deis a choinneáil chun oibleagáidí maidir le praghsáil chóir agus réasúnach a thabhairt isteach. Ar an taobh eile de, ba cheart d'údaráis rialála náisiúnta a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh i gcás inar tháinig fadhbanna iomaíochta chun cinn ar chun aimhleas na n-úsáideoirí deiridh iad. Gnóthas atá gníomhach ar mhargadh mórdhíola agus a sholáthraíonn seirbhísí miondíola d'úsáideoirí gnó níos mó ná fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus dóibhsean amháin, ba cheart é a mheas mar ghnóthas mórdhíola amháin.

(209)

Chun éascú a dhéanamh ar aistriú ó líonraí copair leagáide chuig líonraí den chéad ghlúin eile, ar chun leas na n-úsáideoirí deiridh é, ba cheart go mbeadh údaráis rialála náisiúnta ábalta faireachán a dhéanamh ar thionscnaimh na n-oibreoirí líonraí iad féin ina leith seo agus na coinníollacha le haghaidh próiseas ascnaimh a bhunú, i gcás inar gá, mar shampla trí fhógra a thabhairt roimh ré, trédhearcacht agus infhaighteacht táirgí rochtana eile de cháilíocht inchomparáide ar a laghad, a luaithe a léireofar go soiléir intinn agus ullmhacht an úinéara líonra aistriú go líonraí uasghrádaithe. Chun moilleanna gan údar a sheachaint, ba cheart cumhacht a thabhairt d'údaráis rialála náisiúnta oibleagáidí rochtana a tharraingt siar, ar oibleagáidí iad a bhaineann leis an líonra copair, a luaithe a bheidh próiseas leordhóthanach ascnaimh ar bun agus i gcomhréir leis na coinníollacha agus leis an bpróiseas chun aistriú ó bhonneagar leagáide a áirithiú. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh úinéirí líonraí in ann líonraí leagáide a dhíchoimisiúnú. Maidir le cuardaitheoirí rochtana atá ag aistriú o tháirge rochtana atá bunaithe ar bhonneagar leagáide go táirge rochtana atá bunaithe ar theicneolaíocht nó ar mheán níos forbartha, ba cheart dóibh a bheith in ann a rochtain ar aon táirge rialáilte le hacmhainn níos airde a uasghrádú, ach níor cheart é a bheith de cheangal orthu déanamh amhlaidh. I gcás uasghrádú, ba cheart do chuardaitheoirí rochtana cloí leis na coinníollacha rialála le haghaidh rochtain ar an táirge rochtana le hacmhainn níos airde, de réir mar a chinnfidh an t-údarás rialála náisiúnta ina anailís mhargaidh.

(210)

Tá dlúthbhaint idir léirscaoileadh na hearnála teileachumarsáide agus iomaíocht agus rogha le haghaidh seirbhísí cumarsáide ag dul i méid ar thaobh amháin agus gníomhaíocht i gcomhthráth chun creat rialála comhchuibhithe a chruthú a dheimhníonn soláthar seirbhíse atá uilíoch. Ba cheart go bhfabhródh coincheap na seirbhíse uilíche chun dul chun cinn na teicneolaíochta, forbairtí sa mhargadh agus athruithe ar éileamh i measc úsáideoirí a léiriú.

(211)

Faoi Airteagal 169 CFAE, rannchuideoidh an tAontas le cosaint na dtomhaltóirí.

(212)

Is líontán sábhála é an tseirbhís uilíoch chun a áirithiú go mbeidh ar a laghad sraith seirbhísí íosta ar fáil do gach úsáideoir deiridh, agus ar phraghas inacmhainne do thomhaltóirí, i gcás ina mbeidh an baol ann go mbeidh eisiamh sóisialta ann mar thoradh ar easpa rochtana lena gcuirfí cosc ar shaoránaigh páirt iomlán shóisialta agus eacnamaíoch a ghlacadh sa tsochaí.

(213)

Tá bunrochtain idirlín leathanbhanda ar fáil nach mór go huilíoch ar fud an Aontais agus baintear úsáid as go forleathan le haghaidh raon leathan gníomhaíochtaí. Tá an ráta úsáide foriomlán níos ísle, áfach, ná an infhaighteacht toisc go bhfuil daoine atá fós gan cheangal ar chúiseanna a bhaineann le feasacht, costas, scileanna agus rogha. Tá ríthábhacht níos mó ná riamh anois le rochtain leordhóthanach inacmhainne idirlín leathanbhanda a bheith ar fáil don tsochaí agus don gheilleagar i gcoitinne. Soláthraíonn sé bonn don rannpháirtíocht sa gheilleagar digiteach agus sa tsochaí trí sheirbhísí riachtanacha idirlín ar líne.

(214)

Bunriachtanas le haghaidh seirbhís uilíoch is ea é a áirithiú go mbeidh rochtain ar phraghas inacmhainne ag gach tomhaltóir ar sheirbhísí leordhóthanacha infhaighte rochtana idirlín leathanbhanda agus ar sheirbhísí cumarsáide gutha, ag suíomh fosaithe. Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh an deis ag Ballstát inacmhainneacht seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhísí cumarsáide gutha a áirithiú, seachas na seirbhísí ag suíomh fosaithe, do shaoránaigh a bhíonn ag gluaiseacht timpeall, i gcás ina measfaidh na Ballstáit go bhfuil gá leis sin chun a áirithiú go mbeidh páirt iomlán shóisialta agus eacnamaíoch ag na tomhaltóirí sin sa tsochaí. Ba cheart aird ar leith a thabhairt sa chomhthéacs sin chun a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ag úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas. Níor cheart go mbeadh aon srian ar na modhanna teicniúla trína gcuirtear ceangal ar fáil, lena gceadaítear teicneolaíochtaí le sreang agus gan sreang a sholáthar, ná aon srian ar an gcatagóir soláthraithe a sholáthraíonn cuid de na hoibleagáidí seirbhíse uilíche, nó na hoibleagáidí sin go léir.

(215)

Brathann luas na rochtana idirlín d'úsáideoir ar leith ar roinnt fachtóirí, lena n-áirítear nascacht idirlín an tsoláthraí/na soláthraithe chomh maith leis an bhfeidhmchlár ar leith atá in úsáid chun an ceangal a dhéanamh. Is faoi na Ballstáit atá sé, agus tuarascáil BEREC maidir le dea-chleachtais á cur san áireamh, rochtain leordhóthanach idirlín leathanbhanda a shainiú i bhfianaise coinníollacha náisiúnta agus an bandaleithead íosta a mbaineann formhór na dtomhaltóirí tairbhe as laistigh de chríoch Ballstáit ionas go mbeidh leibhéal leordhóthanach cuimsithe sóisialta agus rannpháirtíocht shóisialta sa gheilleagar digiteach agus sa tsochaí dhigiteach ina gcríoch féin. Ba cheart go mbeadh a dhóthain bandaleithid ag an tseirbhís leordhóthanach inacmhainne rochtana idirlín leathanbhanda chun tacú le rochtain ar shraith íosta seirbhísí bunúsacha ar a laghad a léiríonn na seirbhísí atá in úsáid ag formhór na n-úsáideoirí deiridh agus chun tacú le húsáid na seirbhísí sin. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairt in úsáid an idirlín chun na seirbhísí a úsáideann formhór na n-úsáideoirí deiridh ar fud an Aontais, ar seirbhísí iad atá riachtanach do rannpháirtíocht shóisialta agus eacnamaíoch sa tsochaí, a shainaithint agus an liosta a nuashonrú dá réir sin. Ba cheart go mbeadh feidhm ag ceanglais dlí an Aontais maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon, go háirithe Rialachán (AE) 2015/2120, i ndáil le haon seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda.

(216)

Níor cheart go mbeadh dualgas ar thomhaltóirí rochtain a fháil ar sheirbhísí nach bhfuil ag teastáil uathu agus mar sin ba cheart go mbeadh sé indéanta ag tomhaltóirí incháilithe, ar iarraidh, an tseirbhís uilíoch inacmhainne a shrianadh chuig seirbhís cumarsáide gutha.

(217)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann bearta a bhaineann le hinacmhainneacht agus rialú ar chaiteachas a shíneadh chun micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide agus eagraíochtaí gan beann ar bhrabús a chumhdach, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha ábhartha.

(218)

Ba cheart go mbeadh údaráis rialála náisiúnta i gcomhar le húdaráis inniúla eile in ann faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus ar leibhéal na dtaraifí miondíola le haghaidh seirbhísí a thagann laistigh de raon feidhme na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche. Ba cheart go ndéanfaí faireachán den chineál sin ar bhealach nach gcuirfeadh ualach riaracháin iomarcach ar údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile ná ar sholáthraithe seirbhísí den sórt sin.

(219)

Ciallaíonn praghas inacmhainne praghas arna shainiú ag na Ballstáit i bhfianaise na gcoinníollacha náisiúnta sonracha. I gcás ina suíonn na Ballstáit nach inacmhainne iad praghsanna miondíola le haghaidh seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhísí cumarsáide gutha do thomhaltóirí ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu, lena n-áirítear daoine scothaosta, úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus tomhaltóirí a chónaíonn faoin tuath nó in áiteanna iargúlta, ba cheart dóibh bearta iomchuí a dhéanamh. Chun na críche sin, d'fhéadfadh na Ballstáit tacaíocht dhíreach a chur ar fáil do na tomhaltóirí sin chun críocha cumarsáide, a fhéadfaidh a bheith mar chuid de liúntas sóisialta, nó dearbháin le haghaidh íocaíochtaí díreacha a thabhairt do na tomhaltóirí sin. Is féidir é sin a bheith ina rogha mhalartach iomchuí ag féachaint don ghá saobhadh margaidh a íoslaghdú. De rogha air sin, nó sa bhreis air sin, d'fhéadfadh na Ballstáit a cheangal ar gach soláthraí seirbhísí den sórt sin, roghanna nó pacáistí taraifí bunúsacha a chur ar fáil do na tomhaltóirí sin.

(220)

Féadfar roghanna taraifí nó pacáistí speisialta a bheith i gceist le praghas inacmhainne chun déileáil leis na riachtanais atá ag úsáideoirí ar ioncam íseal nó ag úsáideoirí a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu. Ba cheart tairiscintí den sórt sin a sholáthar le gnéithe bunúsacha, chun nach ndéanfaí feidhmiú an mhargaidh a shaobhadh. Ba cheart go mbeadh an inacmhainneacht do thomhaltóirí aonair bunaithe ar na nithe seo: an ceart a bheith acu conradh a dhéanamh le soláthraí, infhaighteacht uimhreach, ceangal leanúnach na seirbhíse agus a gcumas faireachán agus rialú a dhéanamh ar a gcaiteachas.

(221)

I gcás ina gceanglaíonn Ballstát ar sholáthraithe roghanna nó pacáistí taraifí speisialta atá éagsúil ó na cinn a thugtar faoi ghnáthchoinníollacha tráchtála a thairiscint do thomhaltóirí ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu, ba cheart na roghanna nó na pacáistí taraifí sin a bheith á soláthar ag gach soláthraí seirbhísí rochtana idirlín agus cumarsáide gutha. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, níor cheart go bhfágfadh an t-ualach iomarcach riaracháin nó airgeadais ar na soláthraithe sin nó ar na Ballstáit de thoradh é a cheangal ar gach soláthraí seirbhísí rochtana idirlín agus cumarsáide gutha a sholáthar. I gcás ina léiríonn Ballstát go bhfuil ualach iomarcach riaracháin nó airgeadais den sórt sin ann, ar bhonn measúnú oibiachtúil, féadfaidh sé an oibleagáid roghanna nó pacáistí taraifí sonracha a thairiscint a fhorchur ar sholáthraithe sonracha agus orthu siúd amháin. Ba cheart sa mheasúnú oibiachtúil machnamh a dhéanamh ar na tairbhí a eascraíonn ó thomhaltóirí ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu ó rogha soláthraithe a bheith ann agus na tairbhí atá ann siocair go bhfuil gach soláthraí in ann tairbhe a bhaint as a bheith ar an soláthraí seirbhíse uilechoitinne. I gcás ina gcinnfidh Ballstát go heisceachtúil an oibleagáid chun roghanna taraifí nó pacáistí sonracha a thairiscint a fhorchur ar sholáthraithe ainmnithe amháin, ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh rogha soláthraithe a thairgeann taraifí sóisialta ag tomhaltóirí ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais speisialta. Mar sin féin, i gcásanna áirithe d'fhéadfaí nach mbeadh Ballstáit in ann rogha soláthraithe a ráthú, mar shampla nuair nach bhfuil ach gnóthas amháin a sholáthraíonn seirbhísí i limistéar ina bhfuil cónaí ar an tairbhí, nó i gcás ina gcuirfí ualach breise eagraíochtúil agus airgeadais ar an mBallstát dá gcuirfí rogha ar fáil.

(222)

Níor cheart go mbeadh inacmhainneacht mar bhac a thuilleadh ar rochtain tomhaltóirí ar an tsraith íosta seirbhísí nascachta. Maidir leis an gceart atá ag tomhaltóirí conradh a dhéanamh le soláthraí, ba cheart go gciallódh sé go mbeadh an deis ag tomhaltóirí a d'fhéadfadh a bheith i mbaol go ndiúltófaí dóibh, go háirithe iad siúd atá ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu, conradh a dhéanamh le haghaidh soláthar seirbhísí leordhóthanacha inacmhainne rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhísí cumarsáide gutha ar a laghad ag suíomh fosaithe le haon soláthraí seirbhísí den sórt sin sa limistéar sin nó le soláthraí ainmnithe, i gcás inar chinn Ballstát go heisceachtúil soláthraí amháin nó níos mó a ainmniú chun na roghanna nó pacáistí taraifí sin a thairiscint. Chun na rioscaí airgeadais a bhainfeadh le neamhíocaíocht billí a íoslaghdú, ba cheart go mbeadh saorchead ag soláthraithe conradh a sholáthar ar théarmaí réamhíocaíochta, ar bhonn aonaid inacmhainne aonair réamhíoctha.

(223)

Chun a áirithiú gur féidir teacht ar shaoránaigh trí sheirbhísí cumarsáide gutha, ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go mbeadh uimhir ar fáil le haghaidh tréimhse réasúnta freisin le linn tréimhsí nach mbeadh seirbhísí cumarsáide gutha in úsáid. Ba cheart go mbeadh soláthraithe in ann sásraí a chur ar bun chun a sheiceáil an bhfuil spéis fós ag an tomhaltóir infhaighteacht na huimhreach a choinneáil.

(224)

Ní gá go ndéanfar iomaíocht a shaobhadh i gcás ina ndéanfaí soláthraithe na seirbhísí sin a chúiteamh sna himthosca sin, ar choinníoll go ndéanfar na soláthraithe sin a chúiteamh don ghlanchostas sonrach lena mbaineann agus go ndéanfar an glanualach costais a aisghabháil ar bhealach atá neodrach ó thaobh na hiomaíochta de.

(225)

Chun measúnú a dhéanamh ar an ngá le bearta inacmhainneachta, ba cheart go mbeadh údaráis rialála náisiúnta i gcomhar le húdaráis inniúla eile, in ann faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus ar shonraí na dtairiscintí ó thaobh roghanna taraifí nó pacáistí le haghaidh tomhaltóirí ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu.

(226)

Ba cheart do Bhallstáit bearta a thabhairt isteach a chuirfeadh chun cinn cruthú margaidh le haghaidh táirgí agus seirbhísí inacmhainne ina gcorpraítear saoráidí do thomhaltóirí faoi mhíchumas, lena n-áirítear trealamh a chuimsíonn teicneolaíochtaí cúnta. Is féidir an méid sin a bhaint amach, inter alia, trí thagairt a dhéanamh do chaighdeáin Eorpacha, nó trí thacú le cur chun feidhme na gceanglas faoi dhlí an Aontais lena gcomhchuibhítear na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhís. Ba cheart do na Ballstáit na bearta iomchuí a thabhairt isteach i gcomhréir le himthosca náisiúnta, a thugann solúbthacht do na Ballstáit bearta sonracha a dhéanamh mar shampla i gcás nach mbeidh an margadh ag soláthar, faoi ghnáthdhálaí eacnamaíocha, táirgí agus seirbhísí inacmhainne lena gcorpraítear saoráidí do thomhaltóirí faoi mhíchumas. D'fhéadfadh tacaíocht airgeadais dhíreach d'úsáideoirí deiridh a áireamh ar na bearta sin. Ba cheart costas na seirbhísí athsheachadta do thomhaltóirí faoi mhíchumas a bheith coibhéiseach le meánchostas na seirbhísí cumarsáide gutha.

(227)

Tagraítear leis na seirbhísí athsheachadta do sheirbhísí lena gcumasaítear cumarsáid dhéthreo idir úsáideoirí deiridh (cianda) na mód cumarsáide difriúil (mar shampla téacs, comharthaíocht, urlabhra) trí thiontú a chur ar fáil idir na móid chumarsáide sin, de ghnáth trí oibreoir daonna. Sainmhínítear téacs fíor ama i gcomhréir le dlí an Aontais lena gcomhchuibhítear na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí agus tagraíonn sé d'fhoirm téacs-chomhrá i ndálaí pointe go pointe nó cian-chomhdhála ilphointe nuair a sheoltar an téacs a chuirtear isteach ar bhealach ina measann an t-úsáideoir go bhfuil an teachtaireacht leanúnach ar bhonn carachtar ar charachtar.

(228)

Le haghaidh cumarsáid sonraí ag rátaí sonraí atá leordhóthanach chun rochtain leordhóthanach idirlín leathanbhanda a cheadú, tá ceangail línte fosaithe ar fáil nach mór go huilíoch agus in úsáid ag formhór na saoránach ar fud an Aontais. Bhí gnáthchumhdach agus gnáth-infhaighteacht an leathanbhanda fhosaithe ar fud an Aontais ag 97 % de thithe in 2015, agus ba é 72 % an ráta úsáide, agus bíonn cumhdach níos leithne fós ag seirbhísí bunaithe ar theicneolaíochtaí gan sreang. Tá difríochtaí idir na Ballstáit, áfach, maidir le hinfhaighteacht agus le hinacmhainneacht an leathanbhanda fhosaithe ar fud na limistéar uirbeach agus tuaithe.

(229)

Tá ról ceannasaíochta ag an margadh chun a áirithiú go mbeidh rochtain idirlín leathanbhanda ar fáil a bhfuil a hacmhainn ag méadú i gcónaí. I réimsí nach ndéanfadh an margadh dá réir, is dealraitheach go bhfuil uirlisí eile beartais phoiblí, ar uirlisí iad a thacaíonn le hinfhaighteacht na gceangal rochtana leorthóthanaí idirlín leathanbhanda, i bprionsabal, níos costéifeachtaí agus nach ndéanann siad an margadh a shaobhadh an méid céanna is a dhéanann oibleagáidí seirbhíse uilíche, mar shampla dul ar iontaoibh ionstraimí airgeadais amhail na hionstraimí sin atá ar fáil faoin gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, úsáid an mhaoiniúcháin phoiblí ó chistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa, oibleagáidí cumhdaigh a cheangal le cearta úsáide don speictream raidió chun tacú le himscaradh na líonraí leathanbhanda i limistéir nach bhfuil an daonra chomh dlúth iontu agus infheistíocht phoiblí i gcomhréir le rialacha a bhaineann le cúnamh Stáit ón Aontas.

(230)

Más rud é go léirítear, tar éis measúnú cuí a dhéanamh, agus aird á tabhairt ar na torthaí ó shuirbhé geografach a rinneadh ar imscaradh na líonraí arna reáchtáil ag an údarás inniúil, nó ar an eolas is déanaí atá ar fáil do na Ballstáit sula mbeidh na torthaí ón gcéad suirbhé geografach ar fáil, nach dóichí go ndéanfaidh an margadh ná na sásraí idirghabhála poiblí ceangal a sholáthar d'úsáideoirí deiridh i roinnt limistéar, ar ceangal é a mbeadh ar a chumas seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda a sholáthar mar a shainmhíníonn na Ballstáit agus seirbhísí cumarsáide gutha ag suíomh fosaithe, ba cheart go mbeadh an Ballstát ábalta, ar bhonn eisceachtúil, soláthraithe éagsúla nó tacair soláthraithe a ainmniú chun na seirbhísí sin a sholáthar i gcodanna ábhartha éagsúla den chríoch náisiúnta. Sa bhreis ar an suirbhé geografach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann úsáid a bhaint as, más gá, aon fhianaise bhreise chun méid seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín leathanbhanda agus na seirbhísí cumarsáide gutha atá ar fáil ag suíomh fosaithe a bhunú. D'fhéadfadh a áireamh ar an bhfaisnéis bhreise sin sonraí atá ar fáil do na húdaráis rialála náisiúnta tríd an nós imeachta um anailís mhargadh agus ó na sonraí a bailíodh ó úsáideoirí. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann na hoibleagáidí seirbhíse uilíche chun tacú le hinfhaighteacht seirbhíse leordhóthanaigh rochtana idirlín leathanbhanda a theorannú do phríomhshuíomh nó do phríomháit chónaithe an úsáideora deiridh. Níor cheart go mbeadh aon srian leis na modhanna teicniúla trína gcuirtear seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhísí cumarsáide gutha ar fáil ag suíomh fosaithe, lena gceadaítear teicneolaíochtaí le sreang agus gan sreang, ná aon srian ar cé hiad na gnóthais a chuireann cuid de na hoibleagáidí seirbhíse uilíche, nó na hoibleagáidí sin go léir, ar fáil.

(231)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, is faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh ar bhonn critéir oibiachtúla cé hiad na gnóthais a ainmnítear mar sholáthraithe seirbhíse uilíche, nuair is iomchuí, ag cur san áireamh cumas agus toilteanas na ngnóthas glacadh le gach oibleagáid seirbhíse uilíche, nó cuid de na hoibleagáidí sin. Ní choisceann sé sin ar na Ballstáit coinníollacha sonracha a áireamh sa phróiseas ainmniúcháin, agus údar maith a bheith leo, bunaithe ar fhorais na héifeachtúlachta, lena n-áirítear limistéir gheografacha nó comhpháirteanna a ghrúpáil nó tréimhsí íosta a shocrú don ainmniúchán.

(232)

Ba cheart na costais a mheas a bheadh ag baint lena áirithiú go mbeadh ceangal ar fáil a bhfuil de chumas aige seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda a sholáthar de réir mar a sainaithníodh i gcomhréir leis an Treoir seo chomh maith le seirbhísí cumarsáide gutha ag suíomh fosaithe ar phraghas inacmhainne laistigh de na hoibleagáidí seirbhíse uilíche, go háirithe trí mheasúnú a dhéanamh ar an ualach measta airgeadais a bheadh i gceist do sholáthraithe agus d'úsáideoirí in earnáil na cumarsáide leictreonaí.

(233)

Is dóichí, a priori, go ndéanfaidh ceanglais atá ann chun cumhdach críochach trastíre a áirithiú, ar ceanglais iad arna bhforchur sa nós imeachta ainmniúcháin, roinnt gnóthas a eisiamh nó a dhíspreagadh ó chur isteach ar a bheith ina soláthraithe seirbhíse uilíche. I gcás ina ndéanfar soláthraithe a ainmniú mar sholáthraithe oibleagáidí seirbhíse uilíche ar feadh tréimhse rófhada nó ar feadh tréimhse éiginnte, féadfar soláthraithe áirithe a eisiamh a priori freisin. I gcás ina gcinneann Ballstát soláthraí amháin nó níos mó a ainmniú chun críocha inacmhainneachta, ba cheart gurbh fhéidir le na soláthraithe sin a bheith éagsúil ó na cinn sin arna n-ainmniú chun críche infhaighteacht na heiliminte seirbhíse uilíche.

(234)

Nuair a roghnóidh soláthraí, ar soláthraí é a ainmníodh ar bhonn eisceachtúil chun roghanna nó pacáistí taraifí a sholáthar atá éagsúil uathu siúd a sholáthraítear faoi ghnáthchoinníollacha tráchtála mar a shainaithnítear i gcomhréir leis an Treoir seo chun infhaighteacht seirbhíse leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda nó seirbhíse cumarsáide gutha a áirithiú ag suíomh fosaithe, mar a shainaithnítear i gcomhréir leis an Treoir seo, cuid mhór dá shócmhainní líonra rochtana áitiúil, nó na sócmhainní sin uile, a meastar i bhfianaise a oibleagáidí seirbhíse uilíche, a dhiúscairt, ina chríoch náisiúnta agus na sócmhainní sin a thabhairt d'eintiteas dlíthiúil ar leith faoi úinéireacht deiridh dhifriúil, ba cheart don údarás inniúil éifeachtaí an idirbhirt a mheas chun leanúnachas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche i ngach cuid nó i gcodanna den chríoch náisiúnta a áirithiú. Chuige sin, ba cheart don soláthraí an t-údarás inniúil a d'fhorchuir an oibleagáid seirbhíse uilíche a chur ar an eolas roimh an diúscairt. Níor cheart go ndéanfadh measúnú an údaráis inniúil aon dochar do chur i gcrích an idirbhirt.

(235)

Chun cobhsaíocht a sholáthar agus tacú le haistriú diaidh ar ndiaidh, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann leanúint ag áirithiú go ndéanfaí seirbhísí uilíocha a sholáthar ina gcríocha, ar seirbhísí iad seachas seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín leathanbhanda agus cumarsáide gutha ag suíomh fosaithe, atá san áireamh i raon feidhme na n-oibleagáidí seirbhíse uilíocha ar bhonn Threoir 2002/22/CE ar dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ar choinníoll nach mbeidh na seirbhísí nó seirbhísí inchomparáide ar fáil faoi ghnáthdhálaí tráchtála. I gcás ina gceadaítear leanúint ag soláthar táillefóin phoiblí don phobal i gcoitinne trí úsáid a bhaint as boinn, cártaí creidmheasa nó cártaí dochair, nó cártaí réamhíocaíochta, lena n-áirítear cártaí a úsáidtear le cóid dhiailithe, eolairí agus seirbhísí eolaí teileafóin faoin réim seirbhíse uilíche, fad is féidir a léiriú go bhfuil gá leo, thabharfadh sé an tsolúbthacht do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar na himthosca náisiúnta éagsúla. D'fhéadfaí a áireamh leis sin táillefóin phoiblí a sholáthar i bpríomhphointí iontrála na tíre, amhail aerfoirt nó stáisiúin traenach agus bus, chomh maith le háiteanna a úsáideann daoine i gcás éigeandála, amhail ospidéil, stáisiúin póilíní agus limistéir mórbhealaí éigeandála, chun freastal ar riachtanais réasúnta na n-úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear go háirithe úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas.

(236)

Ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar staid na dtomhaltóirí maidir leis an úsáid a bhaineann siad as seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín leathanbhanda agus as seirbhísí cumarsáide gutha, ag féachaint go háirithe d'inacmhainneacht. Tá baint ag inacmhainneacht seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhísí cumarsáide gutha leis an bhfaisnéis a fhaigheann úsáideoirí maidir le speansais úsáide chomh maith leis an gcostas coibhneasta a bhaineann le húsáid i gcomparáid le seirbhísí eile, agus tá baint aige freisin lena gcumas caiteachas a rialú. Mar sin, is éard a chiallaíonn inacmhainneacht ná cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí trí oibleagáidí arna bhforchur ar sholáthraithe. Áirítear i measc na n-oibleagáidí sin leibhéal sonraithe de bhilleáil mhionsonraithe, deis a thabhairt do thomhaltóirí a roghnú glaonna áirithe a bhlocáil, amhail glaonna ar seirbhísí ardráta, caiteachas a rialú trí mheán na réamhíocaíochta agus táillí ceangail tosaigh a fhritháireamh. Féadfaidh gá a bheith le hathbhreithniú a dhéanamh ar na bearta sin agus iad a athrú i bhfianaise forbairtí sa mhargadh. Ba cheart nach bhfeicfí ach am, ré agus méid an tomhaltais le linn seisiún úsáide ar bhillí miondealaithe ar úsáid rochtana idirlín agus nach bhfeicfí na suíomhanna gréasáin ó chríochphointí idirlín lenar nascadh le linn seisiún den sórt sin.

(237)

Ach amháin i gcás íocaíochtaí déanacha ar bhonn leanúnach nó neamhíocaíocht billí, ba cheart go ndéanfaí tomhaltóirí atá i dteideal taraifí inacmhainne, agus iad ag feitheamh le réiteach ar an díospóid, a chosaint ar dhícheangal láithreach ón líonra ar na forais nár íoc siad bille agus, go háirithe, i gcás díospóidí maidir le billí arda do sheirbhísí ardráta, ba cheart go mbeadh rochtain leanúnach acu ar sheirbhísí riachtanacha cumarsáide gutha agus leibhéal íosta seirbhíse rochtana idirlín mar atá sainithe ag na Ballstáit. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit a chinneadh nach leanfar ag soláthar na rochtana sin ach amháin i gcás go leanfaidh an síntiúsóir ag íoc na muirear don líne ar cíos nó do rochtain bhunúsach idirlín.

(238)

I gcás ina ndéanfaidh soláthar seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín leathanbhanda agus soláthar seirbhísí cumarsáide gutha nó seirbhísí eile i gcomhréir leis an Treoir seo ualach míchothrom a chur ar sholáthraí, agus aird chuí á tabhairt ar na costais agus ar an ioncam chomh maith le sochair dholáimhsithe a eascraíonn ó sholáthar na seirbhísí lena mbaineann, is féidir an t-ualach míchothrom sin a chur san áireamh i ríomh ghlanchostas aon oibleagáidí seirbhíse uilíocha.

(239)

Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inar gá, sásraí a bhunú chun maoiniú a dhéanamh ar ghlanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche i gcásanna ina léireofar nach féidir na hoibleagáidí a sholáthar ach amháin trí chaillteanas a dhéanamh nó ag glanchostas atá lasmuigh de ghnáthchaighdeáin tráchtála. Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a ríomh i gceart agus go ndéanfar aon mhaoiniú leis an saobhadh is lú agus is féidir ar an margadh agus ar ghnóthais, agus go mbeidh sé i gcomhréir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE.

(240)

In aon ríomh a dhéanfar ar ghlanchostas na seirbhíse uilíche ba cheart go dtabharfaí aird chuí ar chostais agus ar ioncaim, chomh maith leis an tairbhe dholáimhsithe a d'eascródh ó sholáthar seirbhíse uilíche, ach níor cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar an aidhm ghinearálta a áirithiú go léiríonn na struchtúir phraghsála na costais. Ba cheart aon ghlanchostais oibleagáidí seirbhíse uilíche a ríomh ar bhonn nósanna imeachta trédhearcacha.

(241)

Is éard a chiallaíonn tairbhe dholáimhsithe a chur san áireamh gur cheart meastachán a dhéantar i dtéarmaí airgeadaíochta, ar an tairbhe indíreach a bhaineann gnóthas as a sheasamh mar sholáthraí seirbhíse uilíche, a asbhaint ó ghlanchostas díreach na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche chun an t-ualach costais foriomlán a chinneadh.

(242)

I gcás inar ualach míchothrom ar sholáthraí é oibleagáid seirbhíse uilíche, is iomchuí é cead a thabhairt do Bhallstáit sásraí a bhunú chun aisghabháil éifeachtúil a dhéanamh ar na glanchostais. Is modh amháin chun glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a aisghabháil í aisghabháil trí chistí poiblí. Modh eile is ea é glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a roinnt idir soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann glanchostas eilimintí éagsúla na seirbhíse uilíche a mhaoiniú trí shásraí éagsúla, nó in ann glanchostas cuid de na heilimintí nó na heilimintí go léir a mhaoiniú ó cheachtar de na sásraí nó ó mheascán den dá rud. Tá tairbhe le baint as an rochtain leordhóthanach idirlín leathanbhanda ní hé amháin d'earnáil na cumarsáide leictreonaí ach don gheilleagar ar líne i gcoitinne agus don tsochaí ina hiomláine freisin. Cuidíonn soláthar ceangail a thacaíonn le luasanna leathanbhanda le líon níos mó úsáideoirí deiridh úsáid a bhaint as seirbhísí ar líne agus ar an gcaoi sin páirt a ghlacadh sa tsochaí dhigiteach. Is chun leasa an phobail agus chun leasa na soláthraithe cumarsáide leictreonaí araon é ceangail mar sin a áirithiú ar bhonn oibleagáidí seirbhíse uilíche. Ba cheart do na Ballstáit na fíorais sin a chur san áireamh agus sásraí chun glanchostas a aisghabháil á roghnú agus á gceapadh.

(243)

I gcás costas a aisghabháil trí bhíthin glanchostas na hoibleagáidí seirbhíse uilíche a chomhroinnt idir soláthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an modh leithdháilte i measc soláthraithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha agus go bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Ní chuirtear cosc leis an bprionsabal sin ar Bhallstáit díolúine a thabhairt d'iontrálaithe nua nach bhfuil láithreacht shuntasach sa mhargadh bainte amach acu. Ba cheart a áirithiú le haon sásra cistithe nach rannchuidíonn rannpháirtithe margaidh ach amháin le maoiniú oibleagáidí seirbhíse uilíche agus ní le gníomhaíochtaí eile nach bhfuil nasc díreach acu le soláthar na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche. Ba cheart do na sásraí aisghabhála prionsabail dhlí an Aontais a urramú, agus go háirithe i gcás sásra comhroinnte, prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta. Ba cheart a áirithiú le haon sásra cistithe nach rannchuidíonn úsáideoirí i mBallstát amháin leis an costas a bhaineann le seirbhíse uilíche i mBallstát eile a sholáthar. Ba cheart go mbeadh sé indéanta glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a chomhroinnt idir gach soláthraí nó aicmí áirithe sonracha soláthraithe. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-urramaíonn an sásra comhroinnte prionsabail na trédhearcachta, an tsaofa margaidh is lú, an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta. Ciallaíonn an saobhadh margaidh is lú gur cheart ranníocaíochtaí a aisghabháil ar bhealach a íoslaghdaíonn, a mhéid is féidir, tionchar an ualaigh airgeadais ar úsáideoirí deiridh, mar shampla trí ranníocaíochtaí a scaipeadh chomh leathan agus is féidir.

(244)

Ba cheart go ndéanfadh soláthraithe a bhfuil tairbhe á baint acu as maoiniú seirbhíse uilíche leibhéal leordhóthanach sonraí a sholáthar d'údaráis rialála náisiúnta maidir le heilimintí ar leith dá dteastaíonn an maoiniú sin chun údar maith a bheith acu lena n-iarraidh. Ba cheart scéimeanna na mBallstát chun costáil agus maoiniú a dhéanamh ar oibleagáidí seirbhíse uilíche a chur in iúl don Choimisiún chun comhoiriúnacht le CFAE a fhíorú. Ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit trédhearcacht agus rialú éifeachtach na méideanna a ghearrtar chun oibleagáidí seirbhíse uilíche a mhaoiniú. Ba cheart go mbunófaí ríomh ghlanchostas sholáthar na seirbhíse uilíche ar mhodheolaíocht atá oibiachtúil agus trédhearcach chun an soláthar is costéifeachtaí a dhéanamh ar sheirbhís uilíoch agus chun cothromaíocht do chách a chur chun cinn i measc na rannpháirtithe margaidh. D'fhéadfaí trédhearcacht níos fearr a bhaint amach i gcás ina bhfuil an mhodheolaíocht atá beartaithe a úsáid chun glanchostais na ngnéithe aonair den tseirbhís uilíoch atá ar eolas sula ndéantar na costais sin a ríomh.

(245)

Ní cheadaítear do na Ballstáit ranníocaíochtaí airgeadais a bhaineann le bearta nach cuid d'oibleagáidí seirbhíse uilíche iad a fhorchur ar rannpháirtithe margaidh. Tá saoirse ag na Ballstáit aonair i gcónaí bearta speisialta a fhorchur (lasmuigh de raon feidhme na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche) agus iad a mhaoiniú i gcomhréir le dlí an Aontais ach ní trí bhíthin ranníocaíochtaí ó rannpháirtithe margaidh.

(246)

Chun tacú go héifeachtach le saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine laistigh den Aontas, ba cheart go mbeifí in ann acmhainní áirithe uimhrithe náisiúnta a úsáid, go háirithe roinnt uimhreacha neamhgheografacha, ar bhealach seach-chríochach, eadhon lasmuigh de chríoch Bhallstát an tsannta. I bhfianaise go bhfuil baol suntasach calaoise ann maidir le cumarsáid idirphearsanta, níor cheart an úsáid sheach-chríochach sin a cheadú chun seirbhísí cumarsáide a sholáthar ach i gcás seirbhísí cumarsáide idirphearsanta. Ba cheart do na Ballstáit forfheidhmiú dlíthe náisiúnta ábhartha, go háirithe rialacha cosanta tomhaltóirí agus rialacha eile a bhaineann le húsáid acmhainní uimhrithe a áirithiú neamhspleách ar an áit inar deonaíodh na cearta úsáide agus ina n-úsáidtear acmhainní uimhrithe laistigh den Aontas. Tá na Ballstáit inniúil i gcónaí a ndlíthe náisiúnta a chur i bhfeidhm ar acmhainní uimhrithe a úsáidtear ina gcríoch, lena n-áirítear i gcás inar deonaíodh cearta i mBallstát eile.

(247)

Níl smacht ar na hacmhainní uimhrithe sin ag údarás rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile na mBallstát sin ina n-úsáidtear acmhainní uimhrithe ó Bhallstát eile. Maidir le húdarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile an Bhallstáit a dheonaíonn cearta úsáide seach-chríochaí, ba cheart dóibh a áirithiú freisin go mbeidh cosaint éifeachtach ag úsáideoirí deiridh sna Ballstáit ina n-úsáidtear na huimhreacha sin. Chun cosaint éifeacht a chur ar fáil, ba cheart do na húdaráis náisiúnta rialála nó na húdaráis inniúla eile a dheonaíonn cearta úsáide seach-chríochaí coinníollacha a leagan síos i gcomhréir leis an Treoir seo maidir leis na rialacha cosanta tomhaltóirí agus rialacha eile a bhaineann le húsáid acmhainní uimhrithe sna Ballstáit sin ina n-úsáidfear na hacmhainní sin a bheith á n-urramú ag an soláthraí.

(248)

Maidir le húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla na mBallstát sin ina n-úsáidtear acmhainní uimhrithe, ba cheart go mbeadh siad in ann tacaíocht a iarraidh ar na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla a dheonaigh na cearta úsáide maidir leis na hacmhainní uimhrithe, d'fhonn tacú lena rialacha a fhorfheidhmiú. Ba cheart go n-áireofaí pionóis athchomhairleacha ar na bearta forfheidhmiúcháin a dhéanfadh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla a dheonaigh na cearta úsáide, go háirithe i gcás sárú tromchúiseach ar an gceart úsáide seach-chríochaí a bhaint as na hacmhainní uimhrithe arna sannadh don ghnóthas lena mbaineann. Níor cheart gur dochar na ceanglais a bhaineann le húsáid sheach-chríochach do chumhachtaí na mBallstát rochtain ar uimhreacha nó ar sheirbhísí a bhlocáil, ar bhonn cás ar chás, i gcás ina mbeidh údar maith leis sin, ar chúiseanna calaoise nó mí-úsáide. Níor cheart gur dochar do rialacha an Aontais maidir le soláthar seirbhísí fánaíochta í úsáid sheach-chríochach acmhainní uimhrithe, lena n-áirítear na rialacha sin a bhaineann le húsáid aimhrialta nó le mí-úsáid a bhaint as seirbhísí fánaíochta atá faoi réir rialáil praghas miondíola agus a bhaineann tairbhe as rátaí rialáilte fánaíochta mórdhíola. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann comhaontuithe sonracha a dhéanamh i gcónaí maidir le húsáid sheach-chríochach acmhainní uimhrithe le tríú tíortha.

(249)

Ba cheart do na Bhallstáit soláthar thar an líonra na n-acmhainní uimhrithe a chur chun cinn chun gur féidir aistriú ó sholáthraí cumarsáide leictreonaí amháin go soláthraí eile. Cumasaíonn soláthar thar an líonra na n-acmhainní uimhrithe ríomhchlárú a dhéanamh ar aitheantóirí trealaimh chumarsáide gan aon ghá rochtain fhisiceach a fháil ar na gléasanna lena mbaineann. Tá an ghné seo ábhartha go háirithe do sheirbhísí meaisín le meaisín, eadhon seirbhísí trína ndéantar aistriú uathoibrithe ar shonraí agus ar fhaisnéis idir gléasanna nó idir feidhmchláir atá bunaithe ar bhogearraí le hidirghníomhú teoranta, nó gan aon idirghníomhú, le daoine. D'fhéadfadh nach rachadh soláthraithe na seirbhísí meaisín le meaisín sin ar iontaoibh rochtain fhisiceach ar a ngléasanna toisc go bhfuil siad i suíomh iargúlta, nó toisc líon mór na ngléasanna atá imscartha nó toisc a bpátrún úsáide. I bhfianaise an mhargaidh meaisín le meaisín agus teicneolaíochtaí nua atá ag forbairt, ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh neodracht na teicneolaíochta a áirithiú agus an soláthar thar an líonra á chur chun cinn acu.

(250)

Tá rochtain ar acmhainní uimhrithe ar bhonn critéir thrédhearcacha, oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha riachtanach ionas go rachaidh gnóthais san iomaíocht in earnáil na cumarsáide leictreonaí. Ba cheart dó na Ballstáit bheith ina ann cearta a bhronnadh ar ghnóthais d'úsáid acmhainní uimhrithe, ar gnóthais iad seachas soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i bhfianaise go bhfuil ábharthacht na n-uimhreacha sin ag dul i méid le haghaidh roinnt seirbhísí in Idirlíon na Rudaí Nithiúla. Ba cheart go ndéanfadh údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile bainistiú ar gach eilimint de na pleananna uimhrithe náisiúnta, lena n-áirítear pointechód a úsáidtear le haghaidh seolachán líonra. I gcás ina mbeidh gá comhchuibhiú a dhéanamh ar acmhainní uimhrithe san Aontas chun tacú le forbairt seirbhísí uile-Eorpacha nó seirbhísí trasteorann, go háirithe seirbhísí nua meaisín le meaisínbhunaithe amhail gluaisteáin cheangailte, agus i gcás nach féidir freastal ar an éileamh ar bhonn na n-acmhainní uimhrithe atá ann faoi láthair, is féidir leis an gCoimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh le cúnamh BEREC.

(251)

Ba cheart go mbeadh sé indéanta an ceanglas a chomhlíonadh a bhaineann le cinntí a fhoilsiú maidir le deonú na gceart le haghaidh úsáid acmhainní uimhrithe trína gcur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin.

(252)

I bhfianaise na ngnéithe áirithe a bhaineann le tuairisciú ar leanaí ar iarraidh, ba cheart go gcoimeádfadh na Ballstáit a ngealltanas chun a áirithiú go bhfuil seirbhís ann a fheidhmíonn go maith chun tuairisciú ar leanaí ar iarraidh agus go gcuirtear an tseirbhís sin ar fáil iarbhír ina gcríocha féin faoin uimhir “116000”. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go mbainfear amach leibhéal leordhóthanach cáilíochta seirbhíse agus an uimhir “116000” á feidhmiú.

(253)

Comhthreomhar le huimhir na beolíne “116000” do leanaí ar iarraidh, áirithíonn a lán Ballstát go mbeidh rochtain ag leanaí ar sheirbhísí ar fusa do leanaí a úsáid a oibríonn líne chabhrach a chabhraíonn le leanaí a mbíonn cúram agus cosaint de dhíobháil orthu tríd an uimhir “116111” a úsáid. Ba cheart do na Ballstáit sin agus don Choimisiún a áirithiú go mbeidh a fhios ag na saoránaigh, go háirithe leanaí agus na córais náisiúnta cosanta leanaí, gurb ann don líne chabhrach “116111”.

(254)

Tugann margadh inmheánach le tuiscint go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann rochtain a fháil ar gach uimhir atá san áireamh i bpleananna uimhrithe náisiúnta na mBallstát eile agus ar sheirbhísí rochtana ag úsáid uimhreacha neamhgheografacha, lena n-áirítear uimhreacha saorghlao agus ardráta, laistigh den Aontas, ach amháin i gcás inar roghnaigh an t-úsáideoir deiridh ar glaodh air, ar chúiseanna tráchtála, teorainn a chur leis an rochtain ó limistéir gheografacha áirithe. Ba cheart go mbeadh úsáideoirí deiridh in ann rochtain a fháil ar uimhreacha freisin as measc na nUimhreacha Saorghlao Idirnáisiúnta Uilíocha (UIFN). Níor cheart cosc a chur le rochtain trasteorann ar acmhainní uimhrithe agus ar sheirbhísí gaolmhara, ach amháin i gcásanna ina mbeidh údar maith oibiachtúil leo, mar shampla chun comhrac i gcoinne na calaoise nó na mí-úsáide (mar shampla i dtaca le seirbhísí ardráta áirithe), nuair a shaineofar uimhir mar uimhir nach bhfuil ach raon feidhme náisiúnta amháin aici (mar shampla gearrchód náisiúnta) nó nuair nach mbeidh sin indéanta go heacnamaíoch. Ní gá go mbeidh na taraifí arna ngearradh ar pháirtithe a ghlaonn ó áiteanna lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann mar an gcéanna leis na taraifí a ghearrtar ar pháirtithe a ghlaonn ó laistigh den Bhallstát sin. Ba cheart go gcuirfí úsáideoirí go hiomlán ar an eolas roimh ré ar bhealach soiléir maidir le haon mhuirir is infheidhme maidir le huimhreacha saorghlao, amhail muirir do ghlao idirnáisiúnta le haghaidh uimhreacha atá inrochtana trí chóid dhiailithe chaighdeánacha idirnáisiúnta. I gcás ina ndéanann soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí ioncam ábhartha ó idirnascadh nó ó sheirbhísí eile a choimeád siar de dheasca calaoise nó mí-úsáide, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaí ioncaim ó na seirbhísí a choinnítear a aisíoc, nuair is féidir, leis na húsáideoirí deiridh a ndéanann an chalaois nó an mhí-úsáid ábhartha difear dóibh.

(255)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe maidir le cearta úsáideora deiridh atá sa Treoir seo i gcás micrifhiontair a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhreacha. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, is ceart an sainmhíniú ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear micrifhiontair, a léirmhíniú go docht. Chun nach n-áireofaí ach fiontair ar micrifhiontair atá fíor-neamhspleách iad amháin, ní mór scrúdú a dhéanamh ar struchtúr na micrifhiontar ar cuid de ghrúpa eacnamaíoch iad, ar grúpa é a bhfuil níos mó cumhachta aige ná mar atá ag micrifhiontar, agus a áirithiú nach dtéitear timpeall ar an sainmhíniú ar mhicrifhiontar ar bhealaí foirmiúla amháin.

(256)

Ceanglaítear chun an margadh aonair don chumarsáid leictreonach a chur i gcrích go mbainfear bacainní d'úsáideoirí deiridh chun rochtain ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a fháil ar fud an Aontais. Níor cheart go ndéanfadh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal rochtain a dhiúltú nó a shrianadh d'úsáideoirí deiridh ná idirdhealú ina gcoinne ar bhonn a náisiúntachta nó a mBallstáit cónaithe nó bunaithe. Ba cheart go mbeifí in ann difreáil a dhéanamh, áfach, ar bhonn difríochtaí a bhfuil údar oibiachtúil leo i gcostais agus i rioscaí, ach gan bheith teoranta do na bearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 i leith mí-úsáid nó úsáid aimhrialta a bhaint as seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte.

(257)

Mar thoradh ar chur chun feidhme éagsúil na rialacha a bhaineann le cosaint an úsáideora deiridh cruthaíodh bacainní suntasacha sa mhargadh inmheánach a dhéanann difear do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus d'úsáideoirí deiridh araon. Ba cheart na bacainní sin a laghdú trí infheidhmeacht na rialacha céanna a áirithíonn ardleibhéal coiteann cosanta ar fud an Aontais. Ba cheart go ndéanfadh comhchuibhiú iomlán calabraithe ar chearta úsáideoirí deiridh a chumhdaítear leis an Treoir seo cinnteacht dhlíthiúil le haghaidh idir úsáideoirí deiridh agus sholáthraithe na seirbhísí cumarsáide leictreonaí araon a mhéadú go mór, agus ba cheart go n-ísleodh sé go suntasach na bacainní iontrála agus an t-ualach comhlíonta neamhriachtanach a eascraíonn ó ilroinnt na rialacha. Cuidíonn an comhchuibhiú iomlán teacht thar na bacainní ar fheidhmiú an mhargadih inmheánaigh a eascraíonn ó na forálacha náisiúnta sin maidir le cearta úsáideoirí deiridh, ar bacainní iad a chuireann cosaint ar fáil ag an am céanna do sholáthraithe náisiúnta i gcoinne na hiomaíochta ó Bhallstáit eile. Chun leibhéal ard cosanta coitinne a bhaint amach, ba cheart go ndéanfadh an Treoir seo feabhas réasúnta a chur ar roinnt forálacha maidir le cearta úsáideoirí deiridh i bhfianaise na gcleachtas is fearr sna Ballstáit. Cuireann an comhchuibhiú iomlán ar a gcearta go mór le muinín na n-úsáideoirí deiridh sa mhargadh inmheánach de réir mar a bhaineann siad tairbhe as leibhéal cosanta atá chomh hard céanna agus iad ag úsáid seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ní hé amháin ina mBallstát féin ach fad atá siad ina gcónaí, ag obair nó ag taisteal i mBallstáit eile freisin. Níor cheart comhchuibhiú iomlán a shíneadh ach leis na hábhair sin a chumhdaítear leis na forálacha maidir le cearta úsáideoirí deiridh sa Treoir seo amháin. Dá bhrí sin, níor cheart éifeacht a bheith aige ar an dlí náisiúnta i ndáil leis na gnéithe sin de chosaint úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear gnéithe áirithe a bhaineann le bearta trédhearcachta, nach gcumhdaítear leis na forálacha sin. Bearta a bhaineann le hoibleagáidí trédhearcachta nach gcumhdaítear leis an Treoir seo, mar shampla, ba cheart go measfaí iad a bheith i gcomhréir le prionsabal an comhchuibhithe iomláin cé gur cheart go measfaí ceanglais bhreise maidir le saincheisteanna trédhearcachta a chumhdaítear leis an Treoir seo a bheith neamhréireach.Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann forálacha náisiúnta a choimeád nó a thabhairt isteach maidir le saincheisteanna nach bhfuil faoi chaibidil go sonrach sa Treoir seo, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna nua atá ag teacht chun cinn.

(258)

Bíonn conarthaí ina n-uirlisí tábhachtacha d'úsáideoirí deiridh chun trédhearcacht na faisnéise agus cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú. Déanfaidh formhór na soláthraithe seirbhíse i dtimpeallacht iomaíoch conarthaí a chur i gcrích lena gcustaiméirí ar chúiseanna inmhianaitheachta tráchtála. De bhreis ar an Treoir seo, tá feidhm ag ceanglais dlí cosanta tomhaltóirí an Aontais a bhaineann le conarthaí, go háirithe Treoir 93/12/EEC ón gComhairle (37) agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), maidir le hidirbhearta tomhaltóirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Maidir le ceanglais faisnéise a áireamh sa Treoir seo, rud a bhféadfadh gá a bheith leis de bhun Treoir 2011/83/AE, níor cheart go bhfágfadh sin go mbeadh dúbláil ar an bhfaisnéis chéanna laistigh de dhoiciméid réamhchonarthacha agus chonarthacha. Maidir le faisnéis ábhartha arna cur ar fáil i leith na Treorach seo, lena n-áirítear ceanglais shaintreoracha agus níos mionsonraithe ó thaobh na faisnéise de, ba cheart a mheas go gcomhlíonann sí na ceanglais chomhfhreagracha de bhun Treoir 2011/83/AE.

(259)

Maidir le cuid de na forálacha sin chun úsáideoirí deiridh a chosaint nach bhfuil feidhm a priori acu ach amháin i gcás tomhaltóirí, eadhon na forálacha maidir le faisnéis chonarthach, ré uasta conartha agus cuacha, ba cheart dóibh a bheith chun tairbhe ní hamháin na tomhaltóirí ach micrifhiontair agus fiontair bheaga freisin, agus eagraíochtaí gan beann ar bhrabús mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta. Tá seasamh margála na gcatagóirí fiontar agus eagraíochtaí sin inchomparáide le seasamh margála na dtomhaltóirí agus, ar an mbonn sin, ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as an leibhéal céanna cosanta mura ndéanfaidís rogha sainráite na cearta sin a tharscaoileadh. Maidir le hoibleagáidí i leith faisnéis chonarthach sa Treoir seo, lena n-áirítear iad sin atá i dTreoir 2011/83/AE dá dtagraítear sa Treoir seo, ba cheart feidhm a bheith acu beag beann ar aon íocaíocht a bheith déanta agus ar shuim na híocaíochta a bheidh le déanamh ag an gcustaiméir. Ba cheart go mbeadh feidhm uathoibríoch ag na hoibleagáidí maidir le faisnéise chonarthach, lena n-áirítear na hoibleagáidí sin atá i dTreoir 2011/83/AE i ndáil leis na micrifhiontair, fiontair bheaga agus na heagraíochtaí gan bean ar bhrabús sin murar fearr leo téarmaí conarthacha saincheaptha a chaibidliú le soláthraithe na seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Murab ionann agus micrifhiontair, fiontair bheaga agus eagraíochtaí gan beann ar bhrabús, de ghnáth bíonn cumhacht margála níos láidre ag fiontair mhóra agus ní bhíonn siad ag brath, dá bhrí sin, ar na ceanglais faisnéise chonarthacha chéanna is a bhíonn tomhaltóirí. Ba cheart fós go leanfadh forálacha eile d'fheidhm a bheith acu maidir leis na húsáideoirí deiridh uile, amhail inaistritheacht uimhreach, ar forálacha iad atá tábhachtach d'fhiontair mhóra chomh maith. Is éard is 'eagraíochtaí gan beann ar bhrabús' ann eintitis dhlíthiúla nach dtuilleann brabús dá n-úinéirí nó comhaltaí. Is iondúil gur carthanachtaí nó cineálacha eile eagraíochtaí ar mhaithe le leas an phobail iad eagraíochtaí gan beann ar bhrabús. Dá bhrí sin, i bhfianaise a gcás inchomparáide, tá sé dlisteanach caitheamh le heagraíochtaí den chineál sin ar an gcaoi chéanna a gcaitear le micrifhiontair nó le fiontair bheaga faoin Treoir seo, a mhéid a bhaineann le cearta úsáideoirí deiridh.

(260)

Éilíonn sainiúlachtaí earnáil na cumarsáide leictreonaí, anuas ar rialacha conarthacha cothrománacha, líon teoranta d'fhorálacha breise chun úsáideoirí deiridh a chosaint. Ba cheart go gcuirfí úsáideoirí deiridh ar an eolas, inter alia, maidir le cáilíocht aon leibhéil seirbhíse arna tairiscint, coinníollacha le haghaidh ardú céime agus foirceannadh conarthaí, pleananna taraifí is infheidhme agus taraifí le haghaidh seirbhísí atá faoi réir coinníollacha áirithe praghsála. Tá an fhaisnéis sin ábhartha do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhísí tarchurtha arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar. Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le sonraí pearsanta a chosaint, níor cheart soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a bheith faoi réir na n-oibleagáidí maidir le ceanglais faisnéise le haghaidh conarthaí i gcás nach bhfuil luach saothair de chineál ar bith á fháil ag an soláthraí, ná ag cuideachtaí nó daoine atá cleamhnaithe leis, atá bainteach go díreach nó go hindíreach le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, amhail, i gcás ina dtugann ollscoil rochtain ar a líonra Wi-Fi do chuairteoirí ar an gcampas saor in aisce gan luach saothair de shaghas ar bith a fháil nó trí íocaíocht ó úsáideoirí ná ioncam fógraíochta nó as an tseirbhís cumarsáide leictreonaí a sholáthar.

(261)

Chun go mbeadh an t-úsáideoir deiridh in ann rogha eolasach a dhéanamh, tá sé riachtanach an fhaisnéis ábhartha is gá a sholáthar dó/di sula gcuirfear an conradh i gcrích agus é sin a dhéanamh i dteanga shoiléir intuigthe agus ar mheán buanfasach nó, nuair nach mbeadh sé indéanta agus gan dochar don sainmhíniú ar mheán buanfasach a leagtar amach i dTreoir 2011/83, i ndoiciméad arna chur ar fáil ag an soláthraí agus arna chur in iúl don úsáideoir, a bheidh furasta a íoslódáil, a oscailt agus a léamh ar fheistí a bhíonn in úsáid go coitianta ag tomhaltóirí. Chun rogha a éascú, ba cheart do sholáthraithe achoimre a sholáthar ar théarmaí riachtanacha an chonartha. Chun éascaíocht a dhéanamh d'inchomparáideacht agus chun laghdú a dhéanamh ar chostais an chomhlíonta, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, teimpléad a ghlacadh le haghaidh na n-achoimrí conarthaí sin. Ba cheart an fhaisnéis a cuireadh ar fáil roimh an gconradh agus an teimpléad le haghaidh achoimre a bheith ina ndlúthchodanna den chonradh deiridh. Ba cheart go mbeadh an achoimre chonartha beacht inléite, níor cheart dó a bheith níos faide ná taobh amháin de leathanach A4, nó, i gcás ina ndéantar roinnt seirbhísí éagsúla a chur le chéile in aon chonradh amháin, níor cheart go mbeadh níos mó ná trí leathanach A4 aontaobhach.

(262)

Tar éis Rialachán (AE) 2015/2120 a ghlacadh, d'imigh forálacha na Treorach seo maidir le faisnéis faoi choinníollacha a chuireann teorainn le rochtain ar sheirbhísí agus ar fheidhmchláir nó ar úsáid na seirbhísí agus na bhfeidhmchlár sin, chomh maith le faisnéis maidir le múnlú tráchta, as feidhm agus ba cheart iad a aisghairm.

(263)

Maidir le trealamh teirminéil, ba cheart go sonrófaí sa chonradh leis an gcustaiméir aon choinníollacha a d'fhorchuir an soláthraí maidir le húsáid an trealaimh, amhail 'glasáil SIM' ar ghléasanna móibíleacha, mura mbeidh na coinníollacha sin toirmeasctha faoin dlí náisiúnta, agus aon athruithe toisc fhoirceannadh an chonartha, bíodh sin roimh an dáta éaga a comhaontaíodh nó ar an dáta sin, lena n-áirítear aon chostas arna fhorchur chun an trealamh a choinneáil. I gcás ina roghnaíonn an t-úsáideoir deiridh trealamh teirminéil a choinneáil, atá cuachta ag an am a dtugtar an conradh i gcrích, níor cheart go rachadh aon chúiteamh a dhlitear thar a luach pro rata temporis arna ríomh ar bhonn an luacha an t-am ar tugadh an conradh i gcrích nó ar bhonn a bhfuil fanta den táille seirbhíse go dtí deireadh an chonartha, cibé méid acu sin is lú. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann modhanna eile a roghnú chun an ráta cúitimh a ríomh, i gcás ina bhfuil ráta den chineál sin cothrom le nó níos lú ná an cúiteamh a ríomhtar. Ba cheart don soláthraí deireadh a chur le haon srian le trealamh teirminéil a úsáid ar líonraí eile, saor in aisce, tráth a íoctar an cúiteamh sin ar a dheireanaí.

(264)

Gan dochar don oibleagáid shubstainteach ar an soláthraí a bhaineann le slándáil de bhua na Treorach seo, ba cheart go sonrófaí sa chonradh an cineál gníomhaíochta a d'fhéadfadh an soláthraí a dhéanamh i gcás teagmhais, bagairtí nó laigí slándála. Ina theannta sin, ba cheart don chonradh aon socruithe cúitimh agus aisíocaíochta a shonrú i gcás ina bhfreagródh soláthraí ar bhealach neamhleor do theagmhas slándála, lena n-áirítear i gcás ina dtarlódh teagmhas slándála, arna chur in iúl don soláthraí, de bharr leochaileacht bogearraí nó crua-earraí arb eol iad, ar eisigh an monaróir nó an forbróir paistí ina leith agus nár chuir an soláthraí seirbhíse na paistí sin i bhfeidhm nó nár ghlac siad aon fhrithbheart iomchuí eile.

(265)

Eochairghné le haghaidh tomhaltóirí i margaí iomaíocha ina bhfuil roinnt soláthraithe ag tairiscint seirbhísí is ea infhaighteacht faisnéise atá cothrom le dáta agus inchomparáide maidir le tairiscintí agus seirbhísí. Ba cheart go mbeadh úsáideoirí deiridh in ann comparáid éasca a dhéanamh idir praghsanna na seirbhísí éagsúla atá á dtairiscint ar an margadh bunaithe ar fhaisnéis atá foilsithe i bhfoirm éasca le húsáid. Chun go mbeidís ábalta comparáidí praghais agus seirbhíse a dhéanamh go héasca, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla i gcomhar, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta in ann a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí tuilleadh trédhearcachta maidir le faisnéis, lena n-áirítear taraifí, cáilíocht seirbhíse, coinníollacha maidir le trealamh teirminéil a sholáthraítear, agus staidreamh ábhartha eile. Ba cheart aird chuí a thabhairt, sna ceanglais sin, ar shaintréithe na líonraí nó na seirbhísí sin. Ba cheart go n-áiritheoidís freisin go mbeadh an ceart ag tríú páirtithe, gan mhuirear, úsáid a bhaint as faisnéis atá ar fáil go poiblí arna foilsiú ag na gnóthais sin, d'fhonn uirlisí comparáide a sholáthar.

(266)

Is minic nach mbíonn úsáideoirí deiridh ar an eolas faoi chostas a n-iompraíochta tomhaltais nó a bhíonn deacrachtaí acu a dtomhaltas ama nó sonraí a mheas agus iad ag úsáid seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Chun cur leis an trédhearcacht agus chun rialú níos fearr a cheadú dá mbuiséad cumarsáide, tá sé tábhachtach go gcuirfí saoráidí ar fáil d'úsáideoirí deiridh a chuirfidh ar a gcumas súil a choinneáil ar a dtomhaltas go tráthúil. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann forálacha a choinneáil nó a thabhairt isteach maidir le teorainneacha ar thomhaltas lena gcosnófaí úsáideoirí deiridh ar gheit an bhille, lena n-áirítear i ndáil le seirbhísí préimhráta agus seirbhísí eile atá faoi réir coinníollacha áirithe praghsála. Ceadaíonn sin do na húdaráis inniúla a cheangal go gcuirfí faisnéis faoi na praghsanna sin ar fáil sula gcuirfí an tseirbhís ar fáil agus ní dhéantar aon dochar do dheis na mBallstát oibleagáidí ginearálta a choinneáil nó a thabhairt isteach le haghaidh seirbhísí préimhráta d'fhonn cosaint éifeachtach úsáideoirí deiridh a áirithiú.

(267)

Is bealaí éifeachtacha iad uirlisí comparáide neamhspleácha, amhail suíomhanna gréasáin, d'úsáideoirí deiridh chun measúnú a dhéanamh ar fhiúntas na soláthraithe éagsúla rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, i gcás ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil ar íocaíochtaí airgeadaíochta díreacha athfhillteacha nó tomhaltasbhunaithe, go háirithe trí chomparáid a dhéanamh idir praghsanna, taraifí agus paraiméadair cháilíochta in aon áit amháin. Ba cheart go mbeadh uirlisí den chineál sin neamhspleách go hoibríochtúil ar sholáthraithe seirbhíse agus níor cheart go gcaithfí ar bhonn fabhrach le haon soláthraí seirbhíse i dtorthaí an chuardaigh. Ba cheart go ndíreodh uirlisí den sórt sin ar fhaisnéis a sholáthar a bheidh soiléir, beacht, iomlán agus cuimsitheach. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm acu freisin go n-áireofaí an raon is leithne agus is féidir de na tairiscintí atá ar fáil, chun forléargas ionadaíoch a thabhairt agus cuid shuntasach den mhargadh a chumhdach. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis arna tabhairt maidir leis na huirlisí sin chomh hiontaofa, neamhchlaonta, trédhearcach agus is féidir. Ba cheart go gcuirfí úsáideoirí deiridh ar an eolas faoi infhaighteacht na n-uirlisí sin. Ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go mbeadh saor-rochtain ag úsáideoirí deiridh ar uirlis amháin ar a laghad ina gcríocha faoi seach. I gcás nach mbeidh ag an mBallstát ach aon uirlis amháin agus go gcuirfear deireadh le hoibriú na huirlise sin nó nach mbeidh an uirlis sin ag comhlíonadh na gcritéar cáilíochta a thuilleadh, ba cheart don Bhallstát a áirithiú go mbeidh rochtain ag úsáideoirí deiridh laistigh de thréimhse réasúnta ar uirlis chomparáide eile ar an leibhéal náisiúnta.

(268)

Is féidir le gnóthais phríobháideacha nó le húdaráis inniúla uirlisí comparáide neamhspleácha a oibriú, nó is féidir iad a oibriú thar ceann údaráis inniúla; ba cheart go ndéanfaí iad a oibriú, áfach, de réir critéir cháilíochta shonraithe lena n-áirítear an ceanglas sonraí a sholáthar dá n-úinéirí, faisnéis bheacht a sholáthar atá cothrom le dáta, a lua cén uair dheireanach a ndearnadh iad a nuashonrú, critéir shoiléire oibiachtúla a leagan amach ar a mbeidh an chomparáid bunaithe agus raon leathan tairiscintí a sholáthar lena gcumhdaítear cuid shuntasach den mhargadh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh cé chomh minic is gá uirlisí comparáide chun athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuireann siad ar fáil d'úsáideoirí deiridh, á chur san áireamh dóibh a mhinice a dhéanann soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí a bhfaisnéis faoi tharaifí agus faoi cháilíocht faisnéise a nuashonrú i gcoitinne.

(269)

Chun dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le leas an phobail i ndáil le húsáid seirbhísí rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí agus chun cosaint cearta agus saoirsí daoine eile a spreagadh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann faisnéis ar mhaithe le leas an phobail a tháirgeadh agus a scaipeadh, le cúnamh ó sholáthraithe de seirbhísí den chineál sin, ar faisnéis í a bhaineann le húsáid na seirbhísí sin. Ba cheart go bhféadfaí faisnéis ar mhaithe le leas an phobail maidir leis na sáruithe is coitianta agus a n-iarmhairtí dlíthiúla a áireamh i bhfhaisnéis den sórt sin, mar shampla maidir le sárú ar chóipcheart, úsáidí neamhdhleathacha eile agus scaipeadh inneachair atá dochrach, agus comhairle agus modhanna cosanta i gcoinne rioscaí don tslándáil phearsanta, mar shampla iad a eascairt ó nochtadh faisnéise pearsanta in imthosca áirithe, chomh maith leis na rioscaí don phríobháideacht agus do shonraí pearsanta, agus infhaighteacht bogearraí atá éasca le húsáid agus le cumrú nó roghanna bogearraí lenar féidir leanaí agus daoine leochaileacha a chosaint. Ba cheart go ndéanfaí an fhaisnéis sin a chomhordú trí nós imeachta an chomhair a bhunaítear leis an Treoir seo. Ba cheart an fhaisnéis sin ar mhaithe le leas an phobail a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá agus í a chur i láthair i bhformáidí sothuigthe, de réir mar a chinnfidh gach Ballstát, agus ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás poiblí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann iallach a chur ar sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín agus ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí an fhaisnéis chaighdeánaithe sin a scaipeadh ar a gcustaiméirí uile ar bhealach is iomchuí leis na húdaráis phoiblí náisiúnta. Níor cheart go bhforchuirfeadh scaipeadh na faisnéise sin, áfach, ualach iomarcach ar sholáthraithe. Más amhlaidh a tharlaíonn sin, ba cheart go n-éileodh na Ballstáit go ndéanfaí scaipeadh den chineál sin le modhanna a úsáideann na soláthraithe agus cumarsáid á déanamh acu le húsáideoirí deiridh sa ghnáthchúrsa gnó.

(270)

D'éagmais rialacha ábhartha i ndlí an Aontais, measfar inneachar, feidhmchláir agus seirbhísí a bheidh dlíthiúil nó dochrach i gcomhréir leis an dlí substainteach agus nós imeachta náisiúnta. Ní hé cúram na soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ach cúram na mBallstát, a chinneadh, i gcomhréir leis an bpróiseas cuí, cibé acu atá nó nach bhfuil inneachar, feidhmchláir nó seirbhísí dlíthiúil nó dochrach. Ní dochar an Treoir seo agus Treoir 2002/58/CE do Threoir 2000/31/CE, ina bhfuil, inter alia, riail 'cainéal fórach' le haghaidh soláthraithe seirbhísí idirmheánacha, de réir mar atá sainmhínithe ann.

(271)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt d'údaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla eile, nó nuair is ábhartha, údaráis inniúla eile i gcomhordú le húdaráis rialála náisiúnta, faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhísí agus faisnéis a bhailiú go córasach maidir le cáilíocht na seirbhísí arna dtairiscint ag soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín agus cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, chun go mbeidh siad ábalta íosleibhéil cáilíochta seirbhíse a thairiscint, bíodh sin trí rialú a dhéanamh ar roinnt gnéithe den líonra ar a laghad nó de bhua conradh faoi leibhéal na seirbhíse chun na críche sin, lena n-áirítear cáilíocht a bhaineann le seirbhísí a sholáthar d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas. Ba cheart an fhaisnéis sin a bhailiú ar bhonn na gcritéar lena gceadaítear comparáideacht idir soláthraithe seirbhísí agus idir na Ballstáit. Is dócha go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí den chineál sin a oibríonn i dtimpeallacht iomaíoch, faisnéis leormhaith, cothrom le dáta maidir lena seirbhísí a chur ar fáil go poiblí, ar chúiseanna a bhaineann le buntáiste tráchtála. Mar sin féin, ba cheart d'údaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla eile, nó nuair is ábhartha, údaráis inniúla eile i gcomhordú le húdaráis rialála náisiúnta a bheith in ann a cheangal go ndéanfaí an fhaisnéis sin a fhoilsiú i gcás inar féidir a léiriú nach bhfuil sí ar fáil go héifeachtach don phobal, nó ba cheart go mbeifí in ann a cheangal amhlaidh trí chomhar le húdaráis inniúla eile. I gcás ina mbíonn cáilíocht na seirbhísí arna soláthar ag seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí ag brath ar thosca seachtracha, amhail rialú ar tharchur comharthaí nó nascacht líonraí, ba cheart go mbeadh na húdaráis rialála náisiúnta, i gcomhordú le húdaráis inniúla eile, in ann a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí den chineál sin tomhaltóirí a chur ar an eolas dá réir.

(272)

Ba cheart d'údaráis rialála náisiúnta, i gcomhordú le húdaráis inniúla eile, modhanna tomhais a leagan amach le cur i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí chun feabhas a chur ar inchomparáideacht na sonraí a sholáthraítear. Chun éascú a dhéanamh ar inchomparáideacht ar fud an Aontais agus chun costas an chomhlíonta a laghdú, ba cheart do BEREC treoirlínte a ghlacadh maidir le paraiméadair ábhartha cáilíochta seirbhíse ar cheart d'údaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla eile iad a chur san áireamh go hiomlán.

(273)

Chun buntáiste iomlán a bhaint as an timpeallacht iomaíoch, ba cheart go mbeadh úsáideoirí deiridh in ann roghanna eolasacha a dhéanamh agus soláthraithe a athrú nuair is chun a leasa déanamh amhlaidh. Tá sé bunriachtanach a áirithiú gur féidir leo déanamh amhlaidh gan aon bhac dlíthiúil, teicniúil nó praiticiúil a chur orthu, lena n-áirítear coinníollacha conarthacha, nósanna imeachta agus muirir. Ní chuireann sin cosc ar sholáthraithe tréimhsí conarthacha íosta réasúnta a shocrú dar fad suas le 24 mhí i gconarthaí tomhaltóirí. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit, áfach, forálacha a choimeád nó a thabhairt isteach maidir le tréimhse uasta is giorra agus cead a thabhairt do thomhaltóirí pleananna taraife a athrú nó an conradh a fhoirceannadh laistigh de thréimhse a chonartha gan costais bhreise a thabhú i bhfianaise coinníollacha náisiúnta, amhail leibhéil iomaíochta agus cobhsaíocht na n-infheistíochtaí líonraí. Go neamhspleách ar chonradh seirbhíse cumarsáide leictreonaí, d'fhéadfadh gurbh fhearr le tomhaltóirí tréimhse aisíoca níos faide a bheith acu do cheangail fhisiceacha agus go mbainfidís tairbhe astusan. Is féidir gealltanais mar sin do thomhaltóirí a bheith ina bhfachtóir tábhachtach chun éascú a dhéanamh ar leathadh amach líonraí fíor-ardacmhainne suas le háitribh na n-úsáideoirí deiridh nó an-chóngarach do na háitribh sin, lena n-áirítear trí scéimeanna comhiomlánaithe éilimh a chuireann ar chumas infheisteoirí i líonraí a rioscaí úsáide tosaigh a laghdú. Níor cheart srian a chur, áfach, le cearta tomhaltóirí malartú idir soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, mar a bhunaítear sa Treoir seo, leis na tréimhsí aisíoca sin i gconarthaí maidir le ceangail fhisiceacha agus níor cheart go gcumhdódh conarthaí den chineál sin trealamh teirminéil ná rochtana ar an idirlíon, amhail sásanna láimhe, ródairí nó móideimí. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcaithfí go cothrom leis na heintitis sin, lena n-áirítear oibreoirí, a mbeadh imscaradh nasc fisiciúil fíor-ardacmhainne le háitreabh úsáideora deiridh á mhaoiniú acu, lena n-áirítear i gcás inar trí bhíthin chonartha tráthchoda é.

(274)

Féadfar conarthaí le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí a shíneadh go huathoibríoch freisin. Sa chás sin, ba cheart go mbeadh úsáideoirí deiridh in ann a gconradh a fhoirceannadh gan aon chostais a thabhú tar éis do théarma tosaigh an chonartha dul in éag.

(275)

Maidir le haon athruithe suntasacha ar na coinníollacha conarthacha arna moladh ag soláthraithe a chuireann seirbhísí cumarsáide leictreonaí poiblí ar fáil seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, nach bhfuil chun leas an úsáideora deiridh, mar shampla i ndáil le muirir, taraifí, teorainneacha ar thoirt sonraí, luasanna sonraí, cumhdach nó próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart iad a mheas mar athruithe is cúis le ceart an úsáideora deiridh an conradh a fhoirceannadh gan aon chostais a thabhú, fiú amháin má bhíonn roinnt athruithe tairbhiúla ag baint leo freisin. Dá bharr sin, ba cheart go bhfágfadh athrú ar bith a dhéanfadh an soláthraí ar na coinníollacha conarthacha go mbeadh an t-úsáideoir deiridh i dteideal an conradh a fhoirceannadh ach amháin má bhíonn an t-athrú sin chun tairbhe an úsáideora deiridh, nó mura mbíonn iontu ach athruithe riaracháin, mar shampla i gcás athrú ar sheoladh an tsoláthróra, agus mura mbeadh aon drochthionchar ag an athrú ar an úsáideoir deiridh, nó más rud é go ndéantar na hathruithe a fhorchur de bharr athruithe reachtacha nó rialála, amhail ceanglais nua maidir le faisnéis chonartha arna bhforchur ag dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta. Is ar bhonn critéir oibiachtúla is ceart a mheas cibé a rachadh nó nach rachadh athrú chun tairbhe an úsáideora deiridh amháin. Níor cheart go n-eisiafaí ceart an úsáideora deiridh an conradh a fhoirceannadh ach amháin i gcás ina mbeadh an soláthraí in ann a léiriú go bhfuil na hathruithe uile ar an gconradh chun tairbhe an úsáideora deiridh amháin nó gur athruithe riaracháin ar fad iad nach mbeidh aon tionchar diúltach acu ar an úsáideoir deiridh.

(276)

Ba cheart úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas maidir le coinníollacha conarthacha trí bhíthin meán buanfasaigh. Maidir le húsáideoirí deiridh seachas tomhaltóirí, micrifhiontair nó fiontair bheaga nó eagraíochtaí gan beann ar bhrabús, níor cheart go mbainfidís tairbhe as na cearta foirceannta i gcás modhnú conartha, a mhéid a bhaineann le seirbhísí tarchuir le haghaidh seirbhísí meaisín le meaisín. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil do chosaint shonrach úsáideoirí deiridh maidir le conradh a fhoirceannadh nuair a athraíonn úsáideoirí deiridh a n-áit chónaithe. Ba cheart go ndéanfaí na forálacha maidir le conradh a fhoirceannadh gan dochar d'aon fhoráil eile de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta a bhaineann leis na forais ar a bhféadfaidh an soláthraí seirbhíse nó an t-úsáideoir deiridh conarthaí a fhoirceannadh nó téarmaí agus coinníollacha a athrú.

(277)

Tá sé ríthábhachtach don iomaíocht éifeachtach i dtimpeallacht iomaíochta go mbeifí in ann malartú idir soláthraithe. Trí fhaisnéis thrédhearcach bheacht thráthúil a bheith ar fáil faoi mhalartú ba cheart go gcuirfí le muinín na úsáideoirí deiridh malartú a dhéanamh agus tabhairt orthu bheith níos toilteanaí páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas iomaíoch. Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse leanúnachas na seirbhíse a áirithiú ionas go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann malartú idir soláthraithe gan bac a bheith orthu toisc go gcaillfí seirbhís agus chun go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann malartú ar an dáta a iarrann siad, nuair is indéanta go teicniúil.

(278)

Tacaíonn an inaistritheacht uimhreach le rogha agus iomaíocht éifeachtach na dtomhaltóirí i margaí cumarsáide leictreonaí iomaíocha. Ba cheart go mbeadh úsáideoirí deiridh a iarrann amhlaidh in ann a n-uimhreacha a choinneáil go neamhspleách ar sholáthraí na seirbhíse agus ar feadh tréimhse theoranta ama tráth a ndéantar soláthraithe seirbhíse a mhalartú. Ní chumhdaítear leis an Treoir seo soláthar na saoráide sin idir ceangail leis an líonra teileafóin phoiblí ag suíomhanna fosaithe agus neamhfhostaithe. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann forálacha a chur i bhfeidhm, áfach, chun uimhreacha a aistriú idir seirbhísí soláthair líonraí ag suíomh fosaithe agus líonraí móibíleacha.

(279)

Déantar tionchar na hinaistritheachta uimhreach a neartú go mór nuair a bhíonn faisnéis thrédhearcach ann maidir le taraifí, d'úsáideoirí deiridh a dhéanann a n-uimhreacha a aistriú agus d'úsáideoirí deiridh a chuireann glao orthusan a d'aistrigh a n-uimhreacha. Ba cheart d'údaráis rialála náisiúnta, i gcás inarb indéanta, éascú a dhéanamh ar thrédhearcacht taraife iomchuí mar chuid de chur chun feidhme na hinaistrithereachta uimhreach.

(280)

Ba cheart go mbeadh údaráis rialála náisiúnta in ann praghsanna a chur san áireamh atá ar fáil i margaí inchomparáide chomh maith agus iad ag áirithiú go bhfuil an phraghsáil don idirnascadh a bhaineann le soláthar na hinaistritheachta uimhreacha dírithe ar chostas.

(281)

Is eochairéascaitheoir an inaistritheacht uimhreach le haghaidh rogha agus iomaíocht éifeachtach na dtomhaltóirí i margaí cumarsáide leictreonaí iomaíocha agus ba cheart é a chur chun feidhme lena laghad moill is féidir, ionas go mbeidh an uimhir gníomhachtaithe go feidhmiúil laistigh de lá oibre amháin agus nach mbeidh aon easpa seirbhíse ann don úsáideoir deiridh ar feadh tréimhse is faide ná lá oibre amháin ón dáta a comhaontaíodh. Ba cheart an ceart chun an uimhir a aistriú a shannadh don úsáideoir deiridh ag a bhfuil an conradh ábhartha (réamhíoctha nó iar-íoctha) leis an soláthraí. Chun ionad ilfhreastail a éascú ina gcumasaítear eispéireas malartaithe gan uaim d'úsáideoirí deiridh, ba cheart gurb é an soláthraí fála cumarsáide leictreonaí don phobal a stiúrfaidh an próiseas malartaithe. Ba cheart go mbeadh údaráis rialála náisiúnta, nó nuair is ábhartha, údaráis inniúla eile, in ann an próiseas domhanda a fhorordú do mhalartú agus d'aistriú uimhreacha, agus forálacha náisiúnta maidir le conarthaí agus forbairtí teicneolaíocha á gcur san áireamh acu. Ba cheart a áireamh ar an méid sin, i gcás ina bhféadfar, ceanglas go dtabharfar an t-aistriú chun críche trí sholáthar thar an líonra, mura rud é go n-iarrfaidh úsáideoir deiridh a mhalairt. Ón méid a tharla i roinnt Ballstát, is léir go bhfuil an baol ann go ndéanfar úsáideoirí deiridh a mhalartú go soláthraí eile gan a dtoiliú a bheith tugtha acu. Cé gur do na húdaráis forfheidhmithe dlí go príomha is ceart aghaidh a thabhairt ar an ábhar sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit ábalta bearta comhréireacha íosta a fhorchur maidir leis an bpróiseas malartaithe, lena n-áirítear píonóis iomchuí, a bhfuil gá leo chun na rioscaí sin a íoslaghdú, agus chun a áirithiú go gcosnófar úsáideoirí deiridh le linn an phróisis malartaithe gan baint ó tharraingteacht an phróisis dóibh. Níor cheart go gcuirfeadh coinníollacha conarthacha srian ar an gceart chun uimhreacha a aistriú.

(282)

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an malartú agus an t-aistriú laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit cúitimh d'úsáideoirí deiridh ó na soláthraithe a sholáthar ar bhealach éasca agus tráthúil i gcás nach n-urramaítear comhaontú idir soláthraí agus úsáideoir deiridh. Ba cheart bearta den chineál sin a bheith i gcomhréir leis fad na moille maidir le comhlíonadh an chomhaontaithe. Ba cheart úsáideoirí deiridh a chúiteamh ar a laghad i gcás moill is mó ná aon lá oibre amháin maidir le seirbhís a thabhairt i ngníomh, uimhir a aistriú, nó easpa seirbhíse; agus i gcás ina gcailleann soláthraithe coinne seirbhíse nó suiteála a comhaontaíodh. D'fhéadfadh cúiteamh breise a bheith i bhfoirm laghdú uathoibríoch ar an luach saothair nuair is gá don soláthraithe aistritheach leanúint dá sheirbhísí a sholáthar go dtí go ngníomhachtófar seirbhísí an tsoláthraí fála.

(283)

Tá cuacha ina bhfuil ar a laghad seirbhís rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe, chomh maith le seirbhísí eile amhail seirbhís cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir agus atá ar fáil go poiblí, craoltóireacht líneach agus seirbhísí meaisín le meaisín, nó trealamh teirminéil, i bhfad níos forleithne ná mar a bhí siad roimhe seo agus tá siad ina ngné thábhachtach den iomaíocht. Chun críocha na Treorach seo, ba cheart a mheas gur cuach atá ann nuair a chuireann an soláthraí céanna na gnéithe den chuach ar fáil nó nuair a dhíolann sé iad faoin gconradh céanna nó faoi chonradh atá dlúthghaolmhar nó nasctha leis. Cé gur minic cuacha a bheith tairbhiúil do thomhaltóirí is féidir leo an t-aistriú a dhéanamh níos deacra nó níos costasaí agus dul i mbaol “gaibhniú” conarthach. I gcás ina mbeidh seirbhísí éagsúla agus trealamh teirminéil laistigh de chuach faoi réir rialacha éagsúla um fhoirceannadh agus malartú conartha, nó maidir le haon ghealltanais chonarthacha maidir le trealamh teirminéil a fháil, cuirtear bac go héifeachtach ar thomhaltóirí gona gcearta faoin Treoir seo malartú go tairiscintí iomaíocha le haghaidh na cuaiche iomláine nó codanna di. Maidir le forálacha bunriachtanacha áirithe den Treoir seo a bhaineann le faisnéis achoimre an chonartha, trédhearcacht, ré agus foirceannadh conartha agus aistriú, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le gach eilimint de chuach, lena n-áirítear trealamh teirminéil, de sheirbhísí eile amhail ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha, agus de sheirbhísí cumarsáide leictreonaí nach gcumhdaítear go díreach faoi raon feidhme na bhforálacha sin. Maidir le hoibleagáidí uile an úsáideora deiridh is infheidhme faoin Treoir seo i leith seirbhís áirithe cumarsáide leictreonaí nuair a sholáthraítear nó nuair a dhíoltar í mar sheirbhís neamhspleách, ba cheart na hoibleagáidí sin a bheith infheidhme freisin nuair is cuid de chuach í ina bhfuil ar a laghad seirbhís rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí. Maidir le saincheisteanna conarthacha eile, amhail na réitigh is infheidhme i gcás nach gcomhlíonfar conradh, ba cheart go mbeidís rialaithe ag na rialacha is infheidhme maidir leis an ngné áirithe den chuach, mar shampla ag rialacha an chonartha le haghaidh díolachán earraí nó le haghaidh soláthar inneachair dhigitigh. Mar sin féin, leis an gceart gné ar bith de chuach ina bhfuil ar a laghad seirbhís rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí a fhoirceannadh roimh dheireadh an téarma conartha a comhaontaíodh i ngeall ar an easpa comhréireachta nó teip soláthair, ba cheart leis sin an ceart a thabhairt don tomhaltóir gach gné den chuach a fhoirceannadh.Chun go mbeidís in ann a soláthraí seirbhísí cumarsáide a athrú gan stró i gcónaí, níor cheart go mbeadh tomhaltóirí gaibhnithe ag soláthraí trí shíneadh de facto ar chonradh a cuireadh le tréimhse bhunaidh an chonartha ach an oiread.

(284)

Tá oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe rochtain a sholáthar ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála. In imthosca eisceachtúla, eadhon toisc easpa indéantachta teicniúla, d'fhéadfadh nach mbeidís in ann rochtain a sholáthar ar sheirbhísí éigeandála nó ar shuíomh an ghlaoiteora, nó ar ceachtar. Sna cásanna sin, ba cheart dóibh é sin a chur in iúl dá gcustaiméirí sa chonradh. Ba cheart do na soláthraithe sin faisnéis shoiléir thrédhearcach a thabhairt dá gcustaiméirí sa chonradh tosaigh agus faisnéis chun dáta a thabhairt dóibh i gcás aon athrú ar sholáthar na rochtana ar sheirbhísí éigeandála, mar shampla i sonraisc. Ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis sin aon srianta ar chumhdach críochach, ar bhonn na bparaiméadar oibrithe teicniúil beartaithe den tseirbhís cumarsáide agus ar bhonn an bhonneagair atá ar fáil. I gcás nach gcuirfear an tseirbhís ar fáil thar cheangal atá bainistithe chun cáilíocht shonraithe seirbhíse a sholáthar, ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis sin leibhéal iontaofacht na rochtana agus faisnéis shuíomh an ghlaoiteora le hais seirbhíse arna soláthar thar cheangal den sórt sin, ag cur san áireamh an teicneolaíocht is déanaí agus caighdeáin cháilíochta, chomh maith le cáilíocht na bparaiméadar seirbhíse a shonraítear faoin Treoir seo.

(285)

Ba cheart go mbeadh úsáideoirí deiridh in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála in aisce agus gan iallach a bheith orthu aon mhodh íocaíochta a úsáid, ó aon ghléas lena gcumasaítear seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe, lena n-áirítear seirbhísí fánaíochta i mBallstát. Is modh cumarsáide í an chumarsáid éigeandála, a mbeidh ar áireamh uirthi ní hé amháin seirbhísí cumarsáide gutha ach SMS, teachtaireachtaí, físeáin nó cineálacha eile cumarsáide freisin, mar shampla, téacs fíor-ama, comhrá iomlán agus seirbhísí athsheachadta. Agus cumais agus trealamh teicniúil na bPointí Freagartha Glaonna Éigeandála (PFGEnna) á gcur san áireamh acu, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a chinneadh cé na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe is iomchuí i gcás seirbhísí éigeandála, lena n-áirítear an fhéidearthacht na seirbhísí sin a theorannú do sheirbhísí cumarsáide gutha agus a gcoibhéis d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, nó roghanna breise arna gcomhaontú le PFGEnna náisiúnta a chur isteach. Is féidir cumarsáid éigeandála a chur sa siúl thar ceann duine tríd an gcóras seirbhís glao éigeandála infheithicle nó eCall infheithicle mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2015/758.

(286)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe rochtain iontaofa bheacht ar fáil do sheirbhísí éigeandála, agus sonraíochtaí agus critéir náisiúnta agus cumais PFGEnna náisiúnta á gcur san áireamh acu. Ba cheart do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chumas na PFGEnna cumarsáid éigeandála a láimhseáil i níos mó ná aon teanga amháin. I gcás nach gcuirfear seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe ar fáil thar cheangal atá bainistithe chun cáilíocht shonraithe seirbhíse a sholáthar, tá seans nach bhféadfadh an soláthraí seirbhíse a áirithiú go ndéanfar glaonna éigeandála arna ndéanamh trína seirbhís a atreorú chuig an PFGE is iomchuí leis an iontaofacht chéanna. I dtaca leis na soláthraithe sin atá neamhspleách ar líonra, eadhon soláthraithe nach bhfuil comhtháite le soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, ní gá go mbeadh sé indéanta go teicniúil i gcónaí faisnéis shuíomh an ghlaoiteora a chur ar fáil. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear chun feidhme, a luaithe is féidir, na caighdeáin a áirithíonn atreorú beacht iontaofa agus ceangal le seirbhísí éigeandála chun a cheadú do sholáthraithe atá neamhspleách ar líonra a chuireann seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe ar fáil a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le rochtain ar sheirbhísí éigeandála agus soláthar faisnéise maidir le suíomh an ghlaoiteora ar leibhéal inchomparáide leo siúd a chuireann soláthraithe eile seirbhísí cumarsáide ar fáil. I gcás nach mbeadh caighdeáin den chineál sin agus na córais ghaolmhara PFGE curtha i bhfeidhm, níor cheart go mbeadh sé mar cheangal seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá neamhspleách ar líonra rochtain seirbhísí éigeandála a sholáthar ach amháin ar bhealach is indéanta go teicniúil nó inmharthana go heacnamaíoch. Mar shampla, féadfar PFGE aonair lárnach arna ainmniú ag Ballstát chun cumarsáid éigeandála a ghlacadh a áireamh air sin. Mar sin féin, ba cheart do sholáthraithe den chineál sin na húsáideoirí deiridh a chur ar an eolas nuair nach dtacaítear le rochtain ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” nó ar fhaisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora.

(287)

D'fhonn feabhas a chur ar an tuairisciú agus an tomhas feidhmíochta a dhéanann na Ballstáit maidir le glaonna éigeandála a láimhseáil agus a fhreagairt, ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le héifeachtacht chur chun feidhme na huimhreach aonair éigeandála Eorpaí “112” gach re bliain.

(288)

Ba cheart go nglacfadh na Ballstáit bearta sonracha chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí éigeandála, lena n-áirítear an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” chomh hinrochtana céanna d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, go háirithe daoine bodhra, daoine lagéisteachta, daoine le hurlabhra lagaithe agus d'úsáideoirí deiridh dalla-bodhra agus i gcomhréir le dlí an Aontais lena gcomhchuibhítear na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí. D'fhéadfaí a áireamh ansin go gcuirfí gléasanna speisialta teirminéil ar fáil d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas nuair nach n-oireann bealaí eile cumarsáide dóibh.

(289)

Tá sé tábhachtach feasacht a mhéadú maidir leis an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” chun feabhas a chur ar leibhéal chosaint agus shlándáil na saoránach a bhíonn ag taisteal san Aontas. Chuige sin, ba cheart go gcuirfí saoránaigh go hiomlán ar an eolas, agus iad ag taisteal in aon Bhallstát, go háirithe trí mheán faisnéise arna soláthar i gcríochfoirt idirnáisiúnta busanna, i stáisiúin traenach, i gcalafoirt nó in aerfoirt agus in eolairí teileafóin, in ábhar eolais d'úsáideoirí deiridh agus i mbillí, gur féidir an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” a úsáid ar an uimhir éigeandála aonair ar fud an Aontais. Is ar an mBallstát go príomha atá an fhreagracht, ach ba cheart don Choimisiún leanúint de thacú le tionscnaimh na mBallstát agus de chomhlánú na dtionscnamh sin araon chun feasacht a mhéadú maidir leis an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” agus ó am go chéile meastóireacht a dhéanamh ar fheasacht an phobail ina leith.

(290)

Cuireann faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora, a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcumarsáid éigeandála uile, feabhas ar leibhéal chosaint agus shlándáil na n-úsáideoirí deiridh agus cuidíonn sé le seirbhísí éigeandála a ndualgais a chomhlíonadh, ar choinníoll go ndéanfar aistriú na cumarsáide éigeandála agus na sonraí gaolmhara chuig na seirbhísí éigeandála lena mbaineann trí mheán chóras náisiúnta na PFGEnna. Maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a ghlacadh agus a úsáid, lena n-áirítear faisnéis faoi shuíomh atá líonrabhunaithe agus faisnéis threisithe faoi shuíomh glaoiteora bunaithe ar shás láimhe, nuair a bhíonn fáil uirthi, ba cheart go gcomhlíonfadh an fhaisnéis sin dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le bearta slándála. Ba cheart go gcuirfeadh gnóthais a chuireann suíomh líonrabhunaithe ar fáil faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora ar fáil do sheirbhísí éigeandála chomh luath agus a shroichfidh an glao an tseirbhís, go neamhspleách ar pé teicneolaíocht a bheidh in úsáid. Tá sé léirithe, áfach, go bhfuil teicneolaíochtaí suímh atá bunaithe ar shás láimhe i bhfad níos beaichte agus níos costéifeachtaí toisc infhaighteacht na sonraí arna soláthar ag Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí agus ag an gcóras Satailíte Galileo agus Córais Dhomhanda Loingseoireachta Satailíte eile agus sonraí Wi-Fi. Dá bhrí sin, ba cheart an fhaisnéis suímh bunaithe ar shás láimhe a bheith ina comhlánú ar fhaisnéis líonrabhunaithe fiú i gcás nach mbeidh fáil ar an suíomh bunaithe ar shás láimhe nó go gcuirfear ar bun an chumarsáid éigeandála. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a fhaightear ón sás láimhe ar fáil don PFGE is iomchuí ach an fhaisnéis sin a bheith ar fáil. D'fhéadfaí nach féidir é sin a dhéanamh i gcónaí, mar shampla, nuair nach mbeadh fáil ar an suíomh ar an sás láimhe nó tríd an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta a úsáidtear, nó i gcás nach féidir an fhaisnéis sin a fháil ar chúiseanna teicniúla. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh PFGEnna in ann faisnéis atá ar fáil faoi shuíomh glaoiteora a aisghabháil agus a bhainistiú, nuair is indéanta sin. Ba cheart go mbeadh sé in aisce faisnéis faoi shuíomh glaoiteora a bhunú agus a tharchur le haghaidh an úsáideora deiridh agus le haghaidh an údaráis atá ag láimhseáil na cumarsáide éigeandála araon gan beann ar mhodh an bhunaithe, mar shampla trí shás láimhe nó trí líonra, nó trí mhodhanna tarchuir, mar shampla trí chainéal gutha, SMS nó bunaithe ar IP.

(291)

Chun freagairt d'fhorbairtí teicneolaíocha a bhaineann le faisnéis bheacht faoi shuíomh an ghlaoiteora, rochtain chomhionann d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus atreorú glaonna chuig an PFGE is iomchuí, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún trí bhíthin gníomh tarmligthe bearta a ghlacadh a bhfuil gá leo chun comhoiriúnacht, idir-inoibritheacht, cáilíocht, iontaofacht agus leanúnachas na gcumarsáidí éigeandála san Aontas a áirithiú, amhail forálacha feidhmiúla a chinnfidh ról na bpáirtithe éagsúla laistigh den slabhra cumarsáidí, mar shampla soláthraithe seirbhíse cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe, oibreoirí líonraí agus PFGEnna, chomh maith le forálacha teicniúla a chinnfidh na modhanna teicniúla a úsáidfear chun na forálacha feidhmiúla a chomhlíonadh. Níor cheart gur dochar na bearta sin d'eagrúchán sheirbhísí éigeandála na mBallstát.

(292)

Ní fhéadfaidh saoránach i mBallstát amháin glao a chur ar sheirbhísí éigeandála i mBallstát eile ós rud é go bhféadfaí nach mbeadh aon fhaisnéis teagmhála ag na seirbhísí éigeandála le haghaidh seirbhísí éigeandála i mBallstáit eile. Ba cheart, dá bhrí sin, bunachar sonraí slán uile-Aontais d'uimhreacha le haghaidh príomhsheirbhísí éigeandála i ngach tír a thabhairt isteach. Chuige sin, ba cheart do BEREC bunachar sonraí slán d'uimhreacha seirbhís éigeandála E.164 na mBallstát a choimeád, mura mbeidh bunachar sonraí den chineál sin á choimeád ag aon eagraíocht eile, chun a áirithiú go bhféadfaidh na seirbhísí éigeandála sin i mBallstát amháin dul i dteagmháil leis na seirbhísí éigeandála i mBallstát eile.

(293)

Tháinig dlí éagsúil náisiúnta chun cinn i ndáil le rabhaidh phoiblí a tharchuireann seirbhísí cumarsáide leictreonaí i gcás garéigeandálaí agus garthubaistí nó éigeandálaí agus tubaistí atá ag teacht chun cinn. D'fhonn an dlí sa réimse sin a chomhfhogasú, ba cheart a fhoráil leis an Treoir seo, i gcás ina bhfuil córais um rabhadh poiblí ann, gur cheart do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe soghluaiste rabhaidh phoiblí a tharchur chuig na húsáideoirí deiridh ar fad lena mbaineann. Ba cheart na húsáideoirí deiridh lena mbaineann a mheas mar na húsáideoirí deiridh sin atá lonnaithe sna limistéir gheografacha sin a d'fhéadfadh a bheith buailte ag garéigeandálaí agus garthubaistí nó ag éigeandálaí nó tubaistí atá ag teacht chun cinn le linn na tréimhse rabhaidh, arna gcinneadh ag na húdaráis inniúla.

(294)

I gcás ina n-áirithítear raon éifeachtach na n-úsáideoirí deiridh uile lena mbaineann, go neamhspleách ar an áit nó ar na Ballstáit ina bhfuil cónaí orthu, agus nuair a chomhlíontar an leibhéal is airde slándála sonraí, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh do tharchur rabhadh poiblí trí sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe ná seirbhísí eile tarchuir a úsáidtear don chraoltóireacht nó trí aip shoghluaiste arna tarchur trí sheirbhísí rochtana idirlín. Agus fógra á thabhairt d'úsáideoirí deiridh ar theacht isteach i mBallstát dóibh go bhfuil an córas um rabhadh poiblí sin ann, ba cheart don Bhallstát sin a áirithiú go bhfaighidh na húsáideoirí deiridh sin faisnéis a bheidh sothuigthe agus in aisce, go huathoibríoch trí SMS, gan aon mhoill mhíchuí, faoi conas is féidir rabhaidh phoiblí a fháil, lena n-áirítear trí threalamh soghluaiste teirminéil nach bhfuil cumasaithe le haghaidh seirbhísí rochtana idirlín. Maidir le rabhaidh phoiblí seachas iad siúd a bhraitheann ar sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe soghluaiste, ba cheart iad a tharchur chuig úsáideoirí deiridh ar bhealach ar fusa a fháil. I gcás ina mbraitheann córas um rabhadh poiblí ar aip, níor cheart go gceanglófaí ar úsáideoirí deiridh logáil isteach nó clárú leis na húdaráis ná le soláthraí na haipe. Ba cheart úsáid a bhaint as sonraí faoi shuíomh na n-úsáideoirí deiridh i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE. Ba cheart tarchur rabhadh poiblí a bheith in aisce d'úsáideoirí deiridh. Ina athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo, d'fhéadfadh an Coimisiún a mheasúnú freisin an bhféadfaí, i gcomhréir le dlí an Aontais, córas aonair rabhaidh phoiblí uile-Aontais a chur ar bun, agus a mheasúnú an indéanta sin, chun rabhadh a thabhairt don phobal maidir le garéigeandálaí agus le garthubaistí nó le héigeandálaí nó tubaistí atá ag teacht chun cinn, sna Ballstáit éagsúla.

(295)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit ábalta a chinneadh go bhfuil na tograí le haghaidh córais eile seachas trí sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe fíorchoibhéiseach le seirbhísí den chineál sin nó nach bhfuil, agus lánaird á tabhairt acu ar na treoirlínte BEREC comhfhreagracha. Ba cheart treoirlínte den chineál sin a fhorbairt tar éis dóibh dul i gcomhairle le húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar PFGEnna chun a áirithiú go mbeidh ról san fhorbairt ag saineolaithe éigeandála agus go mbeidh comhthuiscint ann idir údaráis éagsúla na mBallstát maidir lena mbeadh ag teastáil chun cur chun feidhme iomlán na gcóras um rabhadh poiblí a áirithiú laistigh de na Ballstáit agus chun a áirithiú ag an am céanna go mbeidh cosaint éifeachtach ag saoránaigh an Aontais agus iad ag taisteal i mBallstát eile.

(296)

I gcomhréir le cuspóirí na Cairte agus leis na hoibleagáidí a chumhdaítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, ba cheart go n-áiritheodh an creat rialála go mbeadh rochtain éasca choibhéiseach inacmhainne ar sheirbhísí ardchaighdeáin ag gach úsáideoir deiridh, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, daoine scothaosta, úsáideoirí a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu, beag beann ar a n-áit chónaithe laistigh den Aontas. Foráiltear le Dearbhú 22, atá i gceangal le Gníomh deiridh Amstardam, go gcuirfidh institiúidí an Aontais san áireamh a riachtanais siúd atá faoi mhíchumas agus bearta á n-ullmhú acu faoi Airteagal 114 CFAE.

(297)

Chun a áirithiú go mbainfidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas tairbhe as iomaíocht agus as an rogha soláthraithe seirbhíse a bhíonn ag formhór na n-úsáideoirí deiridh, ba cheart d'údaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí agus i bhfianaise na gcoinníollacha náisiúnta, agus tar éis dul i gcomhairle le húsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, na ceanglais cosanta tomhaltóra a shonrú le haghaidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas a bheidh le comhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí. Is féidir a bheith ar áireamh sna ceanglais sin, go háirithe, go gcaithfidh soláthraithe a áirithiú go mbainfidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas leas as seirbhísí ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna, lena n-áirítear praghsanna, taraifí agus cáilíocht, agus atá ar fáil d'úsáideoirí deiridh eile, gan beann ar aon chostais bhreise arna dtabhú ag na soláthraithe sin. Is féidir ceanglais eile a bheith ag baint le socruithe mórdhíola idir soláthraithe. Chun nach gcruthófar ualach iomarcach ar sholáthar soláthraithe seirbhíse, ba cheart go bhfíoródh údaráis inniúla, cibé acu is féidir nó nach féidir cuspóirí maidir le comhionannas rochtana agus rogha a bhaint amach in éagmais na mbeart sin.

(298)

Sa bhreis ar dhlí an Aontais lena gcomhchuibhítear ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí, leagtar amach sa Treoir seo ceanglais nua feabhsaithe inacmhainneachta agus infhaighteachta maidir le trealamh gaolmhar teirminéil agus maidir le trealamh sonrach agus seirbhísí sonracha le haghaidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, tá an oibleagáid chomhfhreagrach i dTreoir 2002/22/CE a cheangal ar na Ballstáit infhaighteacht trealaimh teirminéil a spreagadh d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas imithe as feidhm anseo agus ba cheart í a aisghairm.

(299)

D'fhorbair an iomaíocht éifeachtach i soláthar seirbhísí fiosruithe eolairí agus eolairí de bhun, inter alia, Airteagal 5 de Threoir 2002/77/CE ón gCoimisiún (39). Chun an iomaíocht éifeachtach sin a choinneáil, ba cheart go leanfaí d'iallach a chur ar gach soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a shannann uimhreacha ó phlean uimhrithe dá n-úsáideoirí deiridh faisnéis ábhartha a chur ar fáil ar bhealach cóir, atá dírithe ar chostas agus nach bhfuil idirdhealaitheach.

(300)

Ba cheart úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas faoin gceart atá acu a chinneadh cibé acu ba mhaith nó nár mhaith leo a bheith san áireamh san eolaire. Ba cheart go n-urramódh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe cinneadh na n-úsáideoirí deiridh agus iad ag cur sonraí ar fáil do sholáthraithe seirbhíse eolaire. Áirítear le hAirteagal 12 de Threoir 2002/58/CE ceart na n-úsáideoirí deiridh chun príobháideachta maidir lena bhfaisnéis phearsanta a chur san áireamh in eolaire poiblí.

(301)

Ba cheart go gcomhlíonfadh bearta mórdhíola, lena n-áirithítear go gcuirfear sonraí úsáideoirí deiridh san áireamh i mbunachair shonraí, na coimircí le haghaidh cosaint sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679, agus Airteagal 12 de Threoir 2002/58/CE. Ba cheart go mbunófaí soláthar costasdírithe na sonraí sin do sholáthraithe seirbhíse, leis an deis ag na Ballstáit sásra láraithe a bhunú chun faisnéise comhiomlánaithe cuimsithí a chur ar fáil do sholáthraithe eolairí, agus rochtain líonra a sholáthar faoi choinníollacha réasúnta trédhearcacha, ionas go bhféadfaí a áirithiú go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann tairbhe iomlán a bhaint as iomaíocht, a cheadaigh go mór do bhaint na rialála miondíola ó na seirbhísí sin agus do sholáthar tairiscintí seirbhísí eolaire faoi choinníollacha réasúnta trédhearcacha.

(302)

Tar éis an oibleagáid seirbhíse uilíche le haghaidh seirbhísí eolaire a chealú agus sa mhéid go bhfuil margadh feidhmiúil ann le haghaidh na seirbhísí sin, níl gá a thuilleadh leis an gceart rochtain a fháil ar sheirbhísí eolaí teileafóin. Ba cheart, áfach, go mbeadh údaráis rialála náisiúnta in ann oibleagáidí agus coinníollacha a fhorchur ar ghnóthais a rialaíonn rochtain úsáideoirí deiridh chun rochtain agus iomaíocht a chothabháil sa mhargadh.

(303)

Ba cheart go ráthófaí in-idiroibritheacht d'úsáideoirí deiridh i leith an trealaimh ar fad a dhíoltar san Aontas do ghlacadh raidió i bhfeithiclí nua i gcatagóir M agus do ghlacadh teilifíse digití. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann caighdeáin chomhchuibhithe íosta a éileamh i leith an trealaimh sin. D'fhéadfaí na caighdeáin sin a chur in oiriúint ó am go chéile i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus margaidh.

(304)

I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit bearta a ghlacadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/1535 maidir le hidir-inoibritheacht glacadóiríraidió do thomhaltóirí, ba cheart go mbeadh siad in ann seirbhísí raidió, arna soláthar ó chraoltóireacht dhigiteach raidió talún nó ó líonraí IP, a ghlacadh agus a atáirgeadh, chun a áirithiú go gcoimeádfar an idir-inoibritheacht. Féadfar feabhas a chur ar an tsábháilteacht phoiblí leis sin freisin chun go mbeidh na húsáideoirí in ann brath ar thacar níos leithne teicneolaíochtaí le rochtain a fháil ar fhaisnéis éigeandála sna Ballstáit agus leis an bhfaisnéis a ghlacadh.

(305)

Is inmhianaithe go gcuirfear ar chumas tomhaltóirí an nascacht is fearr agus is féidir a fháil ar theilifíseáin dhigiteacha. Tá idir-inoibritheacht ag teacht chun cinn mar choincheap ann féin i margaí dinimiciúla. Ba cheart go ndéanfadh comhlachtaí caighdeánaithe a lándícheall chun a áirithiú go mbeadh na gcaighdeáin iomchuí ag teacht chun cinn i gcomhthráth leis na teicneolaíochtaí lena mbaineann. Ar an gcaoi chéanna, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh nascairí ar fáil ar theilifíseáin dhigiteacha a bhfuil ar a gcumas gach eilimint riachtanach den chomhartha digiteach a phasáil, lena n-áirítear na sruthanna fuaime agus físe, faisnéis maidir le rochtain choinníollach, faisnéis seirbhíse, faisnéis maidir le API agus faisnéis faoi chosaint chóipchirt. Dá bhrí sin, ba cheart go n-áiritheodh an Treoir seo nach mbeadh an fheidhmiúlacht atá gaolmhar le nascairí nó curtha chun feidhme i nascairí teoranta le hoibreoirí líonra, le soláthraithe seirbhíse nó le déantúsóirí trealaimh ar leith agus go leanfaidís ag teacht chun cinn i gcomhréir le forbairtí teicneolaíochta. Chun seirbhísí nasctha teilifíse a thaispeáint agus a chur i láthair, aithnítear go bhfuil réadú comhchaighdeáin trí mheán shásra an mhargaidh tairbhiúil don tomhaltóir. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit agus an Coimisiún in ann tionscnaimh bheartais a ghlacadh, i gcomhréir leis na Conarthaí, chun an fhorbairt sin a spreagadh.

(306)

A mhéid a bhaineann leis na forálacha maidir le hidir-inoibritheacht trealaimh raidió agus teilifíse do thomhaltóirí, ní chuirtear cosc leo ar ghlacadóirí raidió cairr i bhfeithiclí nua i gcatagóir M a bheith in ann seirbhísí raidió a fháil agus a atáirgeadh a chuirtear ar fáil trí chraoltóireacht raidió analógach talún agus ní chuirtear cosc, leis na forálacha sin, ar na Ballstáit oibleagáidí a fhorchur chun a áirithiú go bhfuil glacadóirí raidió dhigitigh in ann craoltaí raidió analógacha talún a fháil agus a atáirgeadh.

(307)

Gan dochar do dhlí an Aontais, ní chuirtear cosc leis an Treoir seo ar na Ballstáit rialacháin theicniúla a ghlacadh a bhaineann le trealamh teilifíse dhigitigh talún, chun ullmhúchán a dhéanamh d'ascnamh na dtomhaltóirí chuig caighdeáin nua chraoltóireachta talún, agus ní dhéantar trealamh a sholáthar nach mbeadh i gcomhréir leis na caighdeáin atá le leathadh amach.

(308)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann oibleagáidí “iompair éigeantaigh” comhréireacha a leagan síos ar ghnóthais faoina ndlínse, ar mhaithe le cúinsí beartas poiblí dlisteanach, ach níor cheart go ndéanfaí na hoibleagáidí sin a fhorchur ach amháin i gcás inar gá iad chun cuspóirí a chomhlíonadh maidir leis an leas ginearálta arna sainiú go soiléir ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais; ba cheart dóibh a bheith comhréireach agus trédhearcach. Ba cheart go mbeadh sé indéanta oibleagáidí 'iompair éigeantaigh' a chur i bhfeidhm maidir le cainéil chraolta shonracha raidió agus teilifíse agus seirbhísí comhlántacha arna soláthar ag soláthraí sonraithe seirbhíse meán. Ba cheart go mbeadh na hoibleagáidí arna bhforchur ag na Ballstáit ina n-oibleagáidí réasúnta, eadhon ba cheart go mbeidís comhréireach agus trédhearcach i bhfianaise cuspóirí leasa ghinearálta atá sainithe go soiléir. Ba cheart do na Ballstáit bonn oibiachtúil a sholáthar le haghaidh na n-oibleagáidí 'iompair éigeantaigh' a fhorchuireann siad ina ndlí náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh na hoibleagáidí sin trédhearcach, comhréireach agus sainithe go soiléir. Ba cheart oibleagáidí a cheapadh ar bhealach a chuireann dóthain dreasachtaí ar fáil chun infheistiú éifeachtach a dhéanamh sa bhonneagar.

(309)

Ba cheart go mbeadh oibleagáidí 'iompair éigeantaigh faoi réir athbhreithniú tréimhsiúil gach cúig bliana, ar a laghad, chun iad a choinneáil cothrom le dáta i dtaca le forbairt an mhargaidh agus na teicneolaíochta, agus chun a áirithiú go leanfaidh siad de bheith comhréireach leis na cuspóirí atá le baint amach. D'fhéadfadh foráil a bheith in oibleagáidí den sort sin, nuair is iomchuí, do luach saothair comhréireach is ceart a leagan amach sa dlí náisiúnta. Sa chás sin, is é an dlí náisiúnta is ceart an mhodheolaíocht is infheidhme a chinneadh chun luach saothair iomchuí a ríomh. Ba cheart don mhodheolaíocht neamhréireacht le réitigh rochtana a sheachaint a d'fhéadfadh údaráis rialála náisiúnta a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí tarchuir a úsáidtear don chraoltóireacht a ainmníodh mar sholáthraithe ag a bhfuil cumhacht shuntasach margaidh. Mar sin féin, i gcás ina bhforáiltear do mhodheolaíocht eile i gconradh ar théarma seasta arna shíniú roimh 20 Nollaig 2018, ba cheart go mbeadh sé indéanta leanúint den mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm ar feadh ré an chonartha. In éagmais forálacha náisiúnta maidir le luach saothair, ba cheart go mbeadh soláthraithe cainéal craolta raidió nó teilifíse agus soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun na cainéil chraolta raidió nó teilifíse a tharchur ábalta teacht ar chomhaontú conarthach faoi luach saothair comhréireach.

(310)

Áirítear i measc na líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun craoltaí raidió agus teilifíse a dháileadh ar an bpobal líonraí cábla, IPTV, satailíte agus craoltaí talún. D'fhéadfaí go mbeadh ar áireamh orthu freisin líonraí eile a mhéid a úsáideann líon suntasach úsáideoirí deiridh na líonraí sin mar an bpríomh-mhodh acu chun craoltaí raidió agus teilifíse a fháil. Níor cheart oibleagáidí 'iompair éigeantaigh' a bhaineann le tarchuir chraolta teilifíse analógacha a mheas ach amháin i gcás ina gcuirfeadh easpa oibleagáide den chineál sin as go mór do líon suntasach úsáideoirí deiridh nó i gcás nach mbeadh aon mhodh eile tarchuir ann le haghaidh cainéil shonraithe chraolta teilifíse. Is féidir a áireamh in oibleagáidí iompair éigeantaigh tarchur seirbhísí a ceapadh go sonrach chun go bhféadfadh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas rochtain choibhéiseach a fháil orthu. Dá réir sin, áirítear ar sheirbhísí comhlántacha, seirbhísí a ceapadh chun feabhas a chur ar inrochtaineacht úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, amhail fístéacs, fotheidealú do úsáideoirí deiridh bodhra nó leathbhodhra, cur síos fuaime, fotheidil labhartha agus teanga chomharthaíochta, agus d'fhéadfadh rochtain ar na sonraí loma lena mbaineann a áireamh orthu freisin nuair is gá. Ó tharla go bhfuil méadú ag teacht ar sholáthar agus ar fháil seirbhíse teilifíse nasctha agus ar an tábhacht leanúnach atá le EPGanna le haghaidh rogha na n-úsáideoirí deiridh, is féidir tarchur na sonraí clárbhainteacha atá riachtanach chun tacú le feidhmiúlachtaí na teilifíse nasctha agus na n-eolairí leictreonacha clár a chur san áireamh sna hoibleagáidí iompair éigeantaigh. Ba cheart go mbeadh sé indéanta sonraí clárbhainteacha faisnéis den sórt sin faoi inneachar an chláir agus conas is féidir rochtain a fháil air a áireamh, ach níor cheart inneachar an chláir féin a áireamh.

(311)

De ghnáth bíonn saoráidí sainaitheanta líne an ghlao ar fáil ar ghnáthmhalartáin nua-aimseartha teileafóin agus dá bhrí sin is féidir iad a chur ar fáil níos mó is níos mó ar bheagán costais nó gan aon chostas. Ní cheanglaítear ar Bhallstáit oibleagáidí a fhorchur chun na saoráidí sin a sholáthar i gcás ina mbeidh siad ar fáil cheana féin. Tá príobháideacht úsáideoirí faoi choimirce Threoir 2002/58/CE maidir le billí mionsonraithe, tríd an acmhainn a thabhairt dóibh a gceart chun príobháideachta a chosaint nuair a chuirfear chun feidhme sainaithint líne an ghlao. Bheadh forbairt na seirbhísí seo tairbhiúil ar bhonn uile-Eorpach do thomhaltóirí agus spreagtar í leis an Treoir seo. Is cleachtas coitianta é ag soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín seoladh ríomhphoist a chur ar fáil do chustaiméirí agus leas á bhaint acu as a n-ainm tráchtála nó as a dtrádmharc. Lena áirithiú nach mbeidh gaibhniú i gceist, amhail bheith i mbaol rochtain a chailliúint ar ríomhphoist le linn dóibh athrú ó sheirbhísí rochtana idirlín go chéile, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann oibleagáidí a fhorchur ar sholáthraithe na seirbhísí sin rochtain a thabhairt ar na ríomhphoist sin, arna iarraidh sin dóibh, nó na ríomhphoist a seoladh a aistriú chuig an gcuntas/na cuntais ábhartha ríomhphoist. Ba cheart an tsaoráid sin a chur ar fáil in aisce agus ar feadh tréimhse ama is iomchuí leis an údarás rialála náisiúnta.

(312)

Áiritheoidh na Ballstáit leis an bhfoilsiú faisnéise go dtuigfidh gníomhaithe sa mhargadh agus iontrálaithe féideartha sa mhargadh a gcearta agus a n-oibleagáidí, agus go mbeidh a fhios acu cá mbeidh siad in ann teacht ar fhaisnéis mhionsonraithe. Cuidíonn foilsiú san iris náisiúnta le páirtithe leasmhara i mBallstáit eile an fhaisnéis ábhartha a aimsiú.

(313)

Chun a áirithiú go mbeidh margadh uile-Eorpach na cumarsáide leictreonaí ina mhargadh éifeachtach éifeachtúil, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le muirir agus an fhaisnéis sin a fhoilsiú, ar faisnéis í a chuireann le cinneadh ar phraghsanna d'úsáideoirí deiridh.

(314)

Chun a áirithiú go ndéanfar dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart, is gá don Choimisiún a bheith ar an eolas faoi cé hiad na gnóthais a ainmníodh mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus cad iad na hoibleagáidí a chuir údaráis rialála náisiúnta ar ghníomhaithe sa mhargadh. Chomh maith le foilsiú náisiúnta na faisnéise seo ar an leibhéal náisiúnta, ní mór do Bhallstáit, dá bhrí sin, an fhaisnéis sin a chur chuig an gCoimisiún. I gcás ina gceanglófar ar Bhallstáit faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiún, ba cheart go mbeidís in ann é sin a dhéanamh trí mheán leictreonach, faoi réir comhaontú ar nósanna imeachta iomchuí fíordheimhniúcháin.

(315)

Chun forbairtí margaidh, sóisialta agus teicneolaíochta, lena n-áirítear éabhlóid ar chaighdeáin theicniúla, a chur san áireamh, chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí do shlándáil líonraí agus do sheirbhísí agus chun rochtain éifeachtach a áirithiú ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála, ba cheart an chumhacht glacadh le gníomhartha i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith uasráta aonair uile-Aontais a shocrú do chríochnú gutha i margaí fosaithe agus móibíleacha; bearta maidir le cumarsáid éigeandála san Aontas a glacadh; agus na hiarscríbhinní, a ghabhann leis an Treoir seo a oiriúnú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhchomhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfar na comhchomhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (40). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(316)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i gcás chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún cinntí a ghlacadh chun réiteach a fháil ar chur isteach dochrach trasteorann idir na Ballstáit; chun chur chuige comhchuibhithe nó comhordaithe a shainaithint, chun cur chun feidhme neamhréireach na gcur chuige rialála ginearálta ag na húdaráis rialála náisiúnta maidir le rialáil margaí cumarsáide leictreonaí, chomh maith le huimhrithe, lena n-áirítear raonta uimhreacha, inaistritheacht uimhreacha agus aitheantóirí, córais aistrithe uimhreacha agus seoltaí, agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála “112”; chun cur chun feidhme caighdeán nó sonraíochtaí a dhéanamh éigeantach, nó caighdeáin nó sonraíochtaí a bhaint ón gcuid éigeantach den liosta caighdeán; bearta teicniúla agus eagrúcháin a ghlacadh chun na rioscaí do shlándáil líonraí agus seirbhísí a bhainistiú go hiomchuí, chomh maith leis na himthosca, an fhormáid agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le fógra a thabhairt faoi teagmhais slándála; chun sonraí ábhartha a bhaineann le cearta aonair intrádála ar fáil go poiblí i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach tráth a gcruthófar na cearta úsáide maidir le speictream raidió a shonrú chun na tréithe fisicúla agus teicniúla pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a shonrú; údarú a thabhairt d'údarás rialála náisiúnta oibleagáidí áirithe maidir le rochtain nó idirnaisc.a fhorchur ar ghnóthais a bhfuil cumhacht shutnasach acu sa mhargadh, nó cosc a chur ar údarás rialála a leithéíd a dhéanamh; uimhreacha uathúla nó raonta uimhrithe a chomhchuibhiú chun aghaidh a thabhairt ar éileamh trasteorann nó uile-Eorpach ar acmhainní uimhrithe; agus chun an teimpléad le haghaidh achoimre den chonradh a chuirfear ar fáil do na custaiméirí a shonrú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41).

(317)

Ar deireadh thiar, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann, tar éis dó lánaird a thabhairt ar thuairim BEREC, moltaí i ndáil le sainaithint an táirge ábhartha agus na margaí seirbhísí ábhartha, fógraí faoin nós imeachta do chomhdhlúthú an mhargaidh inmheánaigh agus cur chun feidhme comhchuibhithe fhorálacha an chreata rialála, a ghlacadh go huile agus go hiomlán.

(318)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmiú na Treorach seo, go háirithe d'fhonn a chinneadh cibé acu is gá nó nach gá leasuithe a chur isteach i bhfianaise na gcoinníollacha teicneolaíochta nó margaidh atá ag athrú.

(319)

Agus é i mbun athbhreithniú ar fheidhmiú na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, i bhfianaise dul chun cinn sa mhargadh agus maidir le hiomaíocht agus cosaint tomhaltóirí araon, an bhfuil gá leanúnach leis na forálacha maidir le rialáil ex ante earnáilsonrach nó ar cheart na forálacha sin a leasú nó a aisghairm. Ós rud é go dtugtar isteach leis an Treoir seo cur chuige nua maidir leis na hearnálacha cumarsáide leictreonaí a rialú, amhail an deis cur chun feidhme oibleagáidí siméadracha agus láimhseáil rialála na comhinfheistíochta a leathnú chuig pointe is faide ná an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, ba cheart aird faoi leith a thabhairt agus a bhfeidhmíocht á measúnú.

(320)

D'fhéadfadh forbairtí teicneolaíochta agus margaidh amach anseo, go háirithe athruithe ar an úsáid a bhaintear as seirbhísí cumarsáide leictreonaí éagsúla agus ar a gcumas rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú, gnóthú chuspóirí na Treorach seo maidir le ceart úsáideoirí deiridh a chur i gcontúirt. Ba cheart do BEREC, mar sin, faireachán a dhéanamh ar na forbairtí sin sna Ballstáit agus tuairim a fhoilsiú go rialta lena n-áirítear measúnú ar thionchar forbairtí den chineál sin ar chur i bhfeidhm praiticiúil fhorálacha na Treorach seo a bhaineann le húsáideoirí deiridh. Ba cheart don Choimisiún, agus an aird is mó á tabhairt aige ar thuairim BEREC, tuarascáil a fhoilsiú agus togra reachtach a thíolacadh i gcás ina measann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cuspóirí na Treorach seo a áirithiú.

(321)

Ba cheart Treoracha 2002/19/EC, 2002/20/CE, 2002/21/CE, 2002/22/CE agus Airteagal 5 de Threoir Uimh 243/2012/AE a aisghairm.

(322)

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar aistriú ón gcreat reatha chuig an gcreat nua.

(323)

Sa mhéid nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon creat comhchuibhithe simplithe a ghnóthú le haghaidh rialáil na líonraí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí cumarsáide leictreonaí, saoráidí bainteacha agus seirbhísí bainteacha, de na coinníollacha le haghaidh úsáid na líonraí agus na seirbhísí, úsáid an speictrim raidió agus úsáid na n-acmhainní uimhrithe, rochtain ar idirnascacht na líonraí cumarsáide leictreonaí agus saoráidí bainteacha agus cosaint an úsáideora deiridh, agus de bhrí gur fearr is féidir sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais toisc scála agus éifeacht na gníomhaíochta, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(324)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (42), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leis, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra faoina mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. Maidir leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar leis na doiciméid sin a tharchur.

(325)

Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid leis na Treoracha aisghairthe. Is ann don oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar na Treoracha aisghairthe.

(326)

Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn XII a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dáta chur i bhfeidhm na dTreoracha sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CUID I

CREAT (RIALACHA GINEARÁLTA EAGRÚCHÁIN NA hEARNÁLA)

TEIDEAL I

RAON FEIDHME, AIDHM AGUS CUSPÓIRÍ, SAINMHÍNITHE

CAIBIDIL I

Ábhar, aidhm agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar, raon feidhme agus aidhmeanna

1.   Leis an Treoir seo, bunaítear creat comhchuibhithe le haghaidh rialáil líonraí cumarsáide leictreonraí, seirbhísí cumarsáide leictreonaí, saoráidí gaolmhara agus seirbhísí gaolmhara, agus gnéithe áirithe den trealamh teirminéil. Leagtar síos inti cúraimí údaráis rialála náisiúnta agus, más infheidhme, cúraimí údaráis inniúla eile agus bunaíonn sí sraith nósanna imeachta chun a áirithiú go ndéanfar an creat rialála a chur i bhfeidhm go comhchuibhithe ar fud an Aontais.

2.   Is iad seo a leanas aidhmeanna na Treorach seo:

(a)

líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí do mhargadh inmheánach a chur chun feidhme, ar líonraí agus seirbhísí iad as a n-eascróidh leathadh amach agus úsáid líonraí fíor-ardacmhainne, iomaíocht inbhuanaithe, idir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide leictreonaí, inrochtaineacht, slándáil líonraí agus seirbhísí agus tairbhe don úsáideoir deiridh; agus

(b)

a áirithiú go soláthrófar, ar fud an Aontais, seirbhísí ardcháilíochta, inacmhainne, agus atá ar fáil go poiblí trí iomaíocht éifeachtach agus rogha a sholáthar, chun déileáil le himthosca ina dtarlaíonn nach bhfuil an margadh ag freastal go sásúil ar riachtanais úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear dóibh siúd faoi mhíchumas ionas go mbeadh an rochtain chéanna acu ar sheirbhísí is atá ag úsáideoirí eile, agus chun na cearta riachtanacha a leagan síos don úsáideoir deiridh.

3.   Ní dochar an Treoir seo do na nithe seo a leanas:

(a)

oibleagáidí arna bhforchur faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais nó ag dlí an Aontais i leith na seirbhísí a sholáthraítear ag úsáid seirbhísí agus líonraí cumarsáide leictreonaí;

(b)

bearta arna nglacadh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun cuspóirí leasa ghinearálta a shaothrú, a bhaineann go háirithe le cosaint sonraí pearsanta agus leis an bpríobháideacht, le rialáil inneachair agus beartas closamhairc;

(c)

bearta arna nglacadh ag na Ballstáit ar mhaithe leis an ord poiblí agus an tslándáil phoiblí agus ar mhaithe leis an gcosaint;

(d)

Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 agus Rialachán (AE) 2015/2120 agus Treoir 2014/53/AE.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún, Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (“BEREC”) agus na húdaráis lena mbaineann go ndéanfar na sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn 'líonra cumarsáide leictreonaí' córais tarchuir, bídís bunaithe ar bhonneagar buan nó ar acmhainn riaracháin láraithe nó ná bíodh, agus, i gcás inarb infheidhme, trealamh lasctha nó ródúcháin agus acmhainní eile, lena n-áirítear eilimintí neamhghníomhacha líonra, a cheadaíonn iompar comharthaí ar shreang, ar raidió, ar mhodh optach nó ar mhodh leictreamaighnéadach eile, lena n-áirítear líonraí satailíte, líonraí fosaithe (ciorcadlasctha agus paicéadlasctha, an t-idirlíon san áireamh) agus líonraí móibíleacha, córais de cháblaí leictreacha, a mhéid a úsáidtear iad chun comharthaí a tharchur, líonraí a úsáidtear le haghaidh craolachán raidió agus teilifíse, agus líonraí teilifíse cábla, beag beann ar chineál na faisnéise arna hiompar;

(2)

ciallaíonn 'líonra fíor-ardacmhainne' líonra cumarsáide leictreonaí atá comhdhéanta d'eilimintí snáthoptaice go huile ar a laghad suas go dtí an pointe dáilte ag an láthair freastail, nó líonra cumarsáide leictreonaí a bhfuil de chumas aige feidhmíocht líonra chomhchosúil a sholáthar, faoi ghnáthdhálaí buaic-ama, i dtéarmaí an bhandaleithid uasnaisc agus íosnaisc atá ar fáil, athléimneacht, paraiméadair earráidghaolmhara agus aga folaigh agus athruithe san aga sin. Is féidir a mheas gur comhchosúil feidhmíocht líonra is cuma cibé acu a athraíonn nó nach n-athraíonn eispéireas an úsáideora deiridh mar thoradh ar shaintréithe atá éagsúil iontu féin sa mheán trína nascann an líonra ar deireadh thiar le críochphointe an líonra;

(3)

ciallaíonn 'margaí trasnáisiúnta' margaí atá sainaitheanta i gcomhréir le hAirteagal 65, ina gcumhdaítear an tAontas, nó cuid shubstainteach den Aontas, atá lonnaithe i níos mó ná Ballstát amháin;

(4)

ciallaíonn 'seirbhís cumarsáide leictreonaí' seirbhís a chuirtear ar fáil de ghnáth i gcomhair luach saothair trí líonraí cumarsáide leictreonaí, lena gcuimsítear, cé is moite de seirbhísí a sholáthraíonn inneachar a tharchuirtear ag úsáid líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó a bhfuil smacht eagarthóireachta acu air, na cinealacha seirbhísí a leanas:

(a)

'seirbhís rochtana idirlín' de réir mar a shainmhínítear i bpointe (2) den dara mír d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/2120;

(b)

seirbhís cumarsáide idirphearsanta; agus

(c)

seirbhísí atá comhdhéanta go hiomlán nó go príomha d'iompar comharthaí amhail seirbhísí tarchuir arna n-úsáid le haghaidh soláthar seirbhísí idir meaisíní agus le haghaidh craolacháin;

(5)

ciallaíonn 'seirbhís cumarsáide idirphearsanta' seirbhís arna soláthar de ghnáth i gcomhair luach saothair, ar seirbhís í a chumasaíonn malartú díreach idirphearsanta agus idirghníomhach faisnéise trí líonraí cumarsáide leictreonaí idir líon finideach daoine, sa chaoi is gurb é an té a chuireann tús leis an gcumarsáid nó a ghlacann páirt sa chumarsáid a chinneann an faighteoir/na faighteoirí; agus ní chuireann sé san áireamh seirbhísí a chumasaíonn cumarsáid idirphearsanta agus idirghníomhach díreach ar mhaithe le mionfheidhm choimhdeach a sholáthar a bhfuil dlúthnasc aici le seirbhís eile;

(6)

ciallaíonn 'seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe' seirbhís cumarsáide idirphearsanta a nascann le hacmhainní uimhrithe a shanntar go poiblí, eadhon uimhir nó uimhreacha i bpleananna uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta, nó trí chumasú a dhéanamh ar chumarsáid le huimhir nó le huimhreacha i bpleananna uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta;

(7)

ciallaíonn 'seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir' seirbhís cumarsáide idirphearsanta nach nascann le hacmhainní uimhrithe a shanntar go poiblí, eadhon uimhir nó uimhreacha i bpleananna uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta, nó seirbhís nach chumasaíonn cumarsáid le huimhir nó le huimhreacha i bpleananna uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta;

(8)

ciallaíonn 'líonra cumarsáide leictreonaí poiblí' líonra cumarsáide leictreonaí a úsáidtear go hiomlán nó go príomha chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur ar fáil go poiblí, ar seirbhísí iad a thacaíonn le haistriú faisnéise idir críochphointí an líonra;

(9)

ciallaíonn 'críochphointe an líonra' pointe fisiceach ag a gcuirtear rochtain ar an líonra cumarsáide leictreonaí poiblí ar fáil don úsáideoir deiridh, agus i gcás líonraí a bhfuil lascadh nó ródú ar siúl acu, déantar an NTP a shainaithint le seoladh líonra sonrach, a d'fhéadfadh a bheith nasctha le huimhir nó ainm an úsáideora deiridh;

(10)

ciallaíonn 'saoráidí gaolmhara' seirbhísí gaolmhara, bonneagair fhisiceacha agus saoráidí nó eilimintí eile atá gaolmhar leis an líonra cumarsáide leictreonaí nó leis an tseirbhís cumarsáide leictreonaí a chumasaíonn nó a thacaíonn le soláthar seirbhísí tríd an líonra sin nó seirbhís a bhfuil an poitéinseal aige é sin a dhéanamh, agus a áiríonn, foirgnimh nó bealaí isteach foirgneamh, sreangú foirgnimh, aeróga, túir agus déantúis tacaíochta eile, duchtanna, seolphíobáin, crainn, dúnphoill, agus caibinéid;

(11)

ciallaíonn 'seirbhís ghaolmhar' seirbhís atá gaolmhar le líonra cumarsáide leictreonaí nó le seirbhís cumarsáide leictreonaí a chumasaíonn nó a thacaíonn le soláthar, féinsoláthar nó soláthar uathoibrithe seirbhísí trí líonra nó trí sheirbhís a bhfuil an poitéinseal acu é sin a dhéanamh agus a áiríonn, aistriú uimhreacha nó córais a chuireann feidhmiúlacht choibhéiseach ar fáil, córais rochtana coinníollaí agus treoracha leictreonacha maidir le cláir (EPGanna), chomh maith le seirbhísí eile amhail seirbhísí sainaitheantais, suímh agus láithreachta;

(12)

ciallaíonn 'córas rochtana coinníollaí' aon bheart teicniúil, aon chórais fíordheimhnithe agus/nó aon socrú trína mbronntar rochtain ar sheirbhís chosanta craolacháin raidió nó teilifíse i bhformáid intuigthe a chuirtear ar fáil ar choinníoll go bhfuiltear tar éis síntiús a íoc nó údarú indibhidiúil eile a fháil roimh ré;

(13)

ciallaíonn 'úsáideoir' duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá ag úsáid seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí nó ag iarraidh í a úsáid;

(14)

ciallaíonn 'úsáideoir deiridh' úsáideoir nach gcuireann líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar fáil go poiblí;

(15)

ciallaíonn 'tomhaltóir' aon duine nádúrtha a úsáideann seirbhís cumarsáide leictreonaí, nó atá ag iarraidh an tseirbhís sin a úsáid, chun críocha atá lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó, dá cheird nó dá ghairm;

(16)

ciallaíonn 'soláthar líonra cumarsáide leictreonaí' bunú, oibriú, rialú, nó soláthar líonra den sórt sin;

(17)

ciallaíonn 'trealamh teilifíse digití breisithe' boscaí ar bharr teilifíseán a bhfuil mar aidhm leo ceangal le teilifíseáin nó le teilifíseáin dhigitechta chomhtháite, atá in ann seirbhísí digiteacha idirghníomhacha teilifíse a fháil;

(18)

ciallaíonn 'comhéadan feidhmchláir' nó 'API' comhéadan bhogearraí idir feidhmchláir, arna gcur ar fáil ag craoltóirí nó ag soláthraithe seirbhíse, agus na hacmhainní sa trealamh teilifíse digití breisithe le haghaidh seirbhísí raidió agus teilifíse digití;

(19)

ciallaíonn 'leithdháileadh speictrim raidió' banda speictrim raidió a shonrú le húsáid ag cineál amháin nó níos mó de sheirbhísí cumarsáide raidió, i gcás inarb iomchuí, faoi choinníollacha sonraithe;

(20)

ciallaíonn 'trasnaíocht dhíobhálach' trasnaíocht a chuireann feidhmiú na seirbhíse loingseoireachta raidió nó seirbhísí sábháilteachta i mbaol nó a dhéanann díghrádú ar bhealach eile, nó a chuireann bac, nó a chuireann isteach go hathfhillteach ar sheirbhís cumarsáide raidió atá ag feidhmiú i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme go hidirnáisiúnta, san Aontas nó ar bhonn náisiúnta;

(21)

ciallaíonn 'slándáil líonraí agus seirbhísí' cumas na líonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí friotú aon bhirt, ar leibhéal muiníne ar leith, ar beart é a chuireann i mbaol infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht na líonraí agus na seirbhísí sin, na sonraí stóráilte, na sonraí tarchurtha nó na sonraí próiseáilte, nó na seirbhísí gaolmhara arna dtairiscint ag na líonraí nó na seirbhísí cumarsáide leictreonaí sin, nó atá inrochtana tríothu;

(22)

ciallaíonn 'údarú ginearálta' creat dlíthiúil arna bhunú ag Ballstát a áirithíonn cearta chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus oibleagáidí earnáilsonracha a leagan síos, ar oibleagáidí iad a mbeidh feidhm acu maidir le gach cineál nó le cineálacha sonracha líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, i gcomhréir leis an Treoir seo;

(23)

ciallaíonn 'pointe rochtana gan sreang a bhfuil raon beag aige', trealamh ísealchumhachta beag chun rochtain a fháil ar líonra gan sreang a oibríonn thar raon beag, ina n-úsáidtear speictream le ceadúnas nó speictream atá díolmhaithe ó cheadúnas nó meascán díobhsan, agus a fhéadfaidh úsáid a bhaint as mar chuid de líonra cumarsáide leictreonaí poiblí agus a fhéadfaidh a bheith feistithe le haeróg amháin nó níos mó gan mórán tionchair amhairc agus a thugann rochtain gan sreang don phobal ar líonraí cumarsáide leictreonaí, gan beann ar an mbuntoipeolaíocht líonra, bíodh sin móibíleach nó fosaithe;

(24)

ciallaíonn 'líonra achair logánta raidió' nó 'RLAN' córas ísealchumhachta rochtana gan sreang, a oibríonn thar raon beag, agus a mbaineann riosca íseal leis ó thaobh cur isteach ar chórais eile den sórt sin a bhíonn in úsáid an-ghar dó ag úsáideoirí eile, agus ina n-úsáidtear, ar bhonn neamheisiach, speictream raidió comhchuibhithe;

(25)

ciallaíonn 'speictream raidió comhchuibhithe' speictream raidió dár bunaíodh coinníollacha comhchuibhithe le haghaidh a infhaighteachta agus a úsáide éifeachtaí trí bhearta cur chun feidhme teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE;

(26)

ciallaíonn 'úsáid chomhroinnte an speictrim raidió' rochtain a bheith ag beirt úsáideoirí nó níos mó ar na bandaí speictrim raidió céanna faoi shocrú comhroinnte sainithe, arna údarú ar bhonn údarú ginearálta, cearta indibhidiúla úsáide le haghaidh speictrim raidió nó meascán díobh, lena n-áirítear cur chuige rialála amhail rochtain chomhroinnte cheadúnaithe a bhfuil mar aidhm leis éascú a dhéanamh ar chomhaontú ceangailteach na bpáirtithe go léir lena mbaineann, i gcomhréir le rialacha comhroinnte mar atá ar áireamh ina gcearta úsáide le haghaidh speictrim raidió chun go ráthófar socruithe intuartha iontaofa do gach úsáideoir, agus gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta;

(27)

ciallaíonn 'rochtain' saoráidí nó seirbhísí a chur ar fáil do ghnóthas eile, faoi choinníollacha sainithe, ar bhonn eisiach nó neamheisiach, chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidfear iad chun seirbhísí na sochaí faisnéise nó seirbhísí craolacháin inneachair. cuimsítear leis, inter alia: rochtain ar eilimintí líonra agus ar shaoráidí gaolmhara, lena bhféadfaidh ceangal trealaimh a bheith i gceist, trí mhodhanna fosaithe nó neamhfhosaithe (áirítear anseo go háirithe rochtain ar an lúb logánta agus ar shaoráidí agus ar sheirbhísí atá riachtanach chun seirbhísí a sholáthar thar an lúb logánta); rochtain ar an mbonneagar fisiceach lena n-áirítear foirgnimh, duchtanna agus crainn; rochtain ar chórais bogearraí ábhartha lena n-áirítear córais tacaíochta oibriúcháin; rochtain ar chórais faisnéise nó ar bhunachair sonraí maidir le réamhordú, soláthar, ordú, cothabháil agus iarrataí deisiúcháin, agus billeáil; rochtain ar aistriú uimhreach nó ar chórais lena dtairgtear feidhmiúlacht choibhéiseach; rochtain ar líonraí fosaithe agus móibíleacha, go háirithe le haghaidh fánaíochta; rochtain ar chórais rochtana coinníollaí le haghaidh seirbhísí teilifíse digití agus rochtain ar sheirbhísí líonra fhíorúil;

(28)

ciallaíonn 'idirnascadh' cineál ar leith rochtana é an t-idirnascadh arna chur chun feidhme idir oibreoirí líonra phoiblí trí bhíthin nascadh fisiceach agus loighciúil ar líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí arna n-úsáid ag an ngnóthas céanna nó ag gnóthas éagsúil chun gur féidir le húsáideoirí gnóthais amháin cumarsáid a dhéanamh le húsáideoirí an ghnóthais chéanna nó gnóthais eile, nó rochtain a fháil ar sheirbhísí arna soláthar ag gnóthas eile i gcás ina bhféadfaidh na páirtithe bainteacha na seirbhísí a sholáthar nó féadfaidh páirtithe eile iad a sholáthar a bhfuil rochtain acu ar an líonra;

(29)

ciallaíonn 'oibreoir' gnóthas a sholáthraíonn nó atá údaraithe líonra cumarsáide leictreonaí poiblí nó saoráid ghaolmhar a sholáthar;

(30)

ciallaíonn 'lúb logánta' conair fhisiceach arna húsáid ag comharthaí cumarsáide leictreonaí lena gceanglaítear chríochphointe an líonra le fráma dáileacháin nó le saoráid choibhéiseach i líonra cumarsáide leictreonaí poiblí fosaithe;

(31)

ciallaíonn 'glao' ceangal arna bhunú trí mheán seirbhíse cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí lenar féidir cumarsáid gutha déthreo;

(32)

ciallaíonn 'seirbhís cumarsáide gutha' seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, chun glaonna náisiúnta nó náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanamh agus a fháil, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, trí uimhir nó uimhreacha i bplean uimhrithe idirnáisiúnta;

(33)

ciallaíonn 'uimhir gheografach' uimhir ón bplean uimhrithe náisiúnta a mbaineann suntas geografach lena struchtúr digiteach — a úsáidtear chun glaonna a ródú chuig suíomh fisiceach chríochphointe an líonra;

(34)

ciallaíonn 'uimhir neamhgheografach' uimhir ón bplean uimhrithe náisiúnta nach uimhir gheografach í, dála uimhreacha móibíleacha, uimhreacha saorghlao agus uimhreacha ardráta;

(35)

ciallaíonn 'seirbhís comhrá iomláin' seirbhís ilmheáin le haghaidh comhrá fíor-ama lena n-aistrítear físeán, téacs fíor-ama agus guth fíor-ama go siméadrach déthreoch idir úsáideoirí in dhá shuíomh nó níos mó i bhfíor-am;

(36)

ciallaíonn 'pointe freagartha glaonna éigeandála' nó 'PFGE' an láthair fhisiciúil ina bhfaightear na glaonna éigeandála ar dtús, faoi fhreagracht údaráis phoiblí nó eagraíochta poiblí a n-aithníonn an Ballstát iad;

(37)

ciallaíonn 'PFGE is iomchuí' PFGE a bhunaigh na húdaráis inniúla le glaonna éigeandála ó réimse áirithe nó glaonna éigeandála de chineál áirithe a chumhdach;

(38)

ciallaíonn 'cumarsáid éigeandála' cumarsáid trí sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta idir an t-úsáideoir deiridh agus an PFGE a bhfuil mar aidhm léi fóirithint éigeandála a lorg ó na seirbhísí éigeandála;

(39)

ciallaíonn 'seirbhís éigeandála' seirbhís, arna haithint amhlaidh sa Bhallstát, a chuireann cúnamh mear láithreach ar fáil i suíomhanna ina bhfuil baol díreach ann, go háirithe, do bheatha nó do cholainn an duine, nó ina bhfuil baol díreach ann ó thaobh shláinte agus shábháilteacht an phobail, nó do mhaoin phríobháideach nó phoiblí, nó don chomhshaol, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(40)

i gcás líonra móibíleach poiblí, ciallaíonn 'faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora' sonraí ó bhonneagar líonra nó ó shás láimhe a phróiseáiltear agus a léiríonn suíomh geografach trealamh teirminéal soghluaiste úsáideora deiridh, agus i gcás líonra fosaithe poiblí, ciallaíonn sé sonraí faoi sheoladh fisiciúil an chríochphointe líonra.

(41)

ciallaíonn 'trealamh teirminéil' trealamh teirminéil mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 1 de Threoir 2008/63/CE ón gCoimisiún (43);

(42)

ciallaíonn 'teagmhas slándála' teagmhas ar bith is cúis le héifeacht dhochrach ar shlándáil líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreaonaí.

CAIBIDIL II

Cuspóirí

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta

1.   Le linn chomhlíonadh na gcúraimí rialála a shonraítear sa Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile na bearta réasúnta go léir atá riachtanach agus comhréireach do ghnóthú na gcuspóirí a leagtar amach i mír 2. Rannchuideoidh na Ballstáit, an Coimisiún, an Grúpa um Beartas Speictream Raidió ('RSPG'), agus BEREC le gnóthú na gcuspóirí sin freisin.

Rannchuideoidh údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, laistigh dá n-inniúlacht féin, lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme beartais a bhfuil mar aidhm leo an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch a chur chun cinn, chomh maith le hiolrachas meán.

2.   I gcomhthéacs na Treorach seo, saothróidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile mar aon le BEREC, leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit gach ceann de na cuspóirí ginearálta seo a leanas, nach liostaítear in ord tosaíochta:

(a)

an nascacht agus an rochtain atá ag gach saoránach agus gnó de chuid an Aontais ar líonraí fíor-ardacmhainne, lena n-áirítear líonraí fosaithe, líonraí móibíleacha agus líonraí gan sreang a chur chun cinn;

(b)

iomaíocht a chur chun cinn i soláthar líonra cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhara, lena n-áirítear iomaíocht éifeachtach atá bunaithe ar bhonneagar, agus i soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí gaolmhara;

(c)

rannchuidiú le forbairt an mhargaidh inmheánaigh ach na bacainní atá fanta a bhaint, ar bacainní iad ar infheistiú agus soláthar líonraí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí cumarsáide leictreonaí, saoráidí agus seirbhísí gaolmhara ar fud an Aontais agus éascú a dhéanamh ar dhálaí coinbhéirseacha chuige sin, trí rialacha coiteanna agus cur chuige rialála intuartha a fhorbairt, tús áite a thabhairt d'úsáid chomhordaithe éifeachtach éifeachtúil an speictrim raidió, nuálaíocht oscailte, bunú agus forbairt líonraí tras-Eorpacha, soláthar, infhaighteacht agus idir-inoibritheacht na seirbhísí pan-Eorpacha, agus nascacht inn go hinn;

(d)

leasanna shaoránaigh an Aontais a chur chun cinn, trí nascacht agus infhaighteacht fhorleathan agus úsáid fhorleathan líonraí fíor-ardacmhainne a áirithiú, idir líonraí fosaithe, líonraí móibíleacha agus líonraí gan sreang, chomh maith le nascacht agus infhaighteacht fhorleathan agus úsáid fhorleathan seirbhísí cumarsáide leictreonaí, trí thairbhí uasta a chumasú i dtéarmaí rogha, praghais agus cáilíochta ar bhonn iomaíocht éifeachtach, trí sheirbhísí agus líonraí slándála a chothabháil, trína áirithiú go bhfuil leibhéal comónta ardchosanta ann d'úsáideoirí deiridh trí rialacha earnáilsonracha riachtanacha agus trí dhul i ngleic leis na riachtanais, amhail praghsanna réasúnta, grúpaí sóisialta ar leith, go háirithe úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, úsáideoirí deiridh scothaosta agus úsáideoirí deiridh a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu, agus trí rogha agus rochtain choibhéiseach a áirithiú d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas.

3.   I gcás ina socraíonn an Coimisiún tagarmharcanna agus tuarascálacha ar éifeachtacht bhearta na mBallstát i dtaobh na cuspóirí dá dtagraítear i mír 2 a bhaint amach, cuideoidh na Ballstáit, na húdaráis rialála náisiúnta, BEREC agus RSPG leis an gCoimisiún, i gcás inar gá sin.

4.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, agus na cuspóirí beartais dá dtagraítear i mír 2 á saothrú acu, agus a shonraítear sa mhír seo inter alia:

(a)

intuarthacht rialála a chur chun cinn trína áirithiú go mbíonn cur chuige rialála comhréireach ann i gcaitheamh tréimhsí iomchuí athbhreithniúcháin agus trí mheán an chomhair le chéile, le BEREC, le RSPG agus leis an gCoimisiún;

(b)

a áirithiú nach mbeidh aon idirdhealú á dhéanamh sa bhealach ina gcaitear le soláthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, in imthosca cosúla;

(c)

dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a mhéid atá sé i gcomhréir le baint amach chuspóirí mhír 2;

(d)

infheistíocht agus nuálaíocht éifeachtach a chur chun cinn i mbonneagair nua agus i mbonneagair bhreisithe, lena n-áirítear trína áirithiú go gcuirfear san áireamh go hiomchuí in aon oibleagáidí rochtana an riosca a thabhaíonn gnóthais infheistíochta agus trí chead a thabhairt go mbeadh socruithe comhoibritheacha éagsúla ann idir infheisteoirí agus páirtithe atá ag cuardach rochtana chun riosca na hinfheistíochta a éagsúlú, fad is a áirithítear go gcaomhnaítear iomaíocht sa mhargadh agus prionsabal na neamh-idirdhealaitheachta;

(e)

aird chuí a thabhairt ar éagsúlacht na gcoinníollacha a bhaineann le bonneagar, le hiomaíocht, le cúinsí na n-úsáideoirí deiridh agus, go háirithe, na dtomhaltóirí sna limistéir gheografacha éagsúla laistigh de Bhallstát, lena n-áirítear bonneagar áitiúil á bhainistiú ag daoine nádúrtha ar bhonn gan beann ar bhrabús;

(f)

gan oibleagáidí rialála ex ante a fhorchur ach amháin a mhéid is gá chun iomaíocht éifeachtach inbhuanaithe a áirithiú chun leas na n-úsáideoirí deiridh agus na hoibleagáidí sin a mhaolú nó a bhaint a luaithe a chomhlíonfar an coinníoll sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go ngníomhóidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile go neamhchlaonta, go hoibiachtúil, go trédhearcach agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach.

Airteagal 4

Pleanáil straitéiseach agus comhordú beartais an speictrim raidió

1.   Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún sa phleanáil straitéiseach, sa chomhordú agus sa chomhchuibhiú ar úsáid an speictrim raidió san Aontas i gcomhréir le beartais an Aontais maidir leis an margadh inmheánach sa chumarsáid leictreonach a bhunú agus a fheidhmiú. Chuige sin, cuirfidh siad san áireamh, inter alia, gnéithe eacnamaíochta, sábháilteachta, sláinte, leasa phoiblí, saoirse cainte, gnéithe cultúrtha, eolaíocha, sóisialta agus teicniúla de bheartais an Aontais chomh maith le leasanna éagsúla na bpobal úsáideoirí speictrim raidió, agus é mar aidhm acu úsáid an speictrim raidió a bharrfheabhsú agus trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint.

2.   Trí obair i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún, déanfaidh na Ballstáit comhordú na gcur chuige beartais maidir leis an speictream raidió a chur chun cinn san Aontas agus, i gcás inarb iomchuí, coinníollacha comhchuibhithe maidir le hinfhaighteacht agus éifeachtacht úsáid an speictrim raidió is gá chun margadh inmheánach sa chumarsáid leictreonach a bhunú agus a fheidhmiú.

3.   Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún, i gcomhréir le mír 1, trí bhíthin RSPG, agus ar iarraidh uathu, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, chun tacú leis an bpleanáil agus leis an gcomhordú straitéiseach ar chur chuige beartais san Aontas maidir leis an speictream raidió, tríd an méid seo a leanas:

(a)

dea-chleachtais a fhorbairt maidir le cúrsaí a bhaineann le speictream raidió d'fhonn an Treoir seo a chur chun feidhme;

(b)

an comhordú idir na Ballstáit a éascú d'fhonn an Treoir seo agus dlí eile de chuid an Aontais a chur chun feidhme agus chun rannchuidiú le forbairt an mhargaidh inmheánaigh;

(c)

a gcur chuige a chomhordú i dtaca le húsáid an speictrim raidió a shannadh agus a údarú agus tuarascálacha nó tuairimí a fhoilsiú maidir le cúrsaí a bhaineann le speictream raidió.

Beidh BEREC rannpháirteach sna saincheisteanna i dtaca lena inniúlachtaí maidir le rialáil mhargaidh agus leis an iomaíocht a bhaineann le speictream raidió.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim RSPG, tograí reachtacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun críche clár beartas ilbhliantúla an speictrim raidió a bhunú, lena leagtar amach na treonna agus na cuspóirí beartais le haghaidh phleanáil straitéiseach agus chomhchuibhiú úsáid an speictrim raidió i gcomhréir leis an Treoir seo, agus chun críche an speictrim raidió comhchuibhithe maidir le húsáid chomhroinnte nó maidir le húsáid nach bhfuil faoi réir cearta aonair a scaoileadh.

TEIDEAL II

LEAGAN AMACH INSTITIÚIDEACH AGUS RIALACHAS

CAIBIDIL I

Údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile

Airteagal 5

Údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur údarás inniúil a dhéanfaidh gach ceann de na cúraimí a leagtar síos sa Treoir seo a ghabháil de láimh.

Laistigh de raon feidhme na Treorach seo, beidh na húdaráis rialála náisiúnta freagrach as na cúraimí seo a leanas ar a laghad:

(a)

rialáil margaidh ex ante a chur chun feidhme, lena n-áirítear ceanglais rochtana agus idirnaisc a fhorchur;

(b)

a áirithiú go réiteofar díospóidí idir gnóthais;

(c)

bainistiú speictrim raidió agus cinntí a dhéanamh, nó i gcás inar údarás inniúil éigin eile a dhéanann an bainistiú speictrim sin, comhairle a sholáthar i dtaobh mhúnlú an mhargaidh agus eilimintí iomaíochais de na próisis a bhaineann le cearta úsáide speictrim raidió le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí;

(d)

rannchuidiú le cearta úsáideoirí deiridh a chosaint in earnáil na cumarsáide leictreonaí, i gcomhordú le húdaráis inniúla eile nuair is ábhartha;

(e)

measúnú agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna i dtaobh mhúnlú an mhargaidh agus i dtaobh an iomaíochais, a mhéid a bhaineann le rochtain oscailte ar an idirlíon;

(f)

measúnú a dhéanamh ar an ualach éagothrom agus an glanchostas a bhaineann le soláthar seirbhíse uilíche a ríomh;

(g)

inaistritheacht uimhreacha idir soláthraithe a áirithiú;

(h)

aon chúram eile a dhéanamh a shanntar do na húdaráis rialála náisiúnta leis an Treoir seo.

Féadfaidh na Ballstáit cúraimí eile dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i ndlíthe eile de chuid an Aontais a shannadh do na húdaráis rialála náisiúnta, go háirithe na cúraimí sin a bhaineann le hiomaíochas margaidh nó le dul isteach sa mhargadh amhail údarú ginearálta, agus iad sin a bhaineann le cúram ar bith a leagtar ar BEREC. I gcásanna ina sanntar na cúraimí a bhaineann le hiomaíochas margaidh nó le dul isteach sa mhargadh ar údaráis inniúla eile, rachaidhsiad i gcomhairle leis an údarás rialála náisiúnta sula ndéanfar cinneadh. Ar mhaithe le cuidiú le BEREC leis na cúraimí atá air, beidh na húdaráis rialála náisiúnta i dteideal na sonraí is gá agus faisnéis eile a bhailiú ó rannpháirtithe an mhargaidh.

Féadfaidh na Ballstáit cúraimí eile a shannadh do na húdaráis rialála náisiúnta ar bhonn an dlí náisiúnta, lena n-áirítear dlí náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme.

Áiritheoidh na Ballstáit cobhsaíocht inniúlachtaí na n-údarás rialála náisiúnta agus an Treoir seo á trasuí acu a mhéid a bhaineann le sannadh na gcúraimí a eascraíonn as an gcreat rialála an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach, arna leasú in 2009.

2.   Rachaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla ón mBallstát céanna nó ó Bhallstáit éagsúla, nuair is gá, i mbun socruithe comhair le chéile chun comhar rialála a chothú.

3.   Foilseoidh na Ballstáit na cúraimí atá le gabháil de láimh ag na húdaráis rialála náisiúnta agus ag údaráis inniúla eile i bhfoirm inrochtana, go háirithe i gcás ina sannfar na cúraimí sin do níos mó ná comhlacht amháin. I gcás inarb iomchuí, áiritheoidh na Ballstáit comhairliúcháin agus comhar maidir le cúrsaí leasa choitinn idir na húdaráis sin, agus idir na húdaráis sin agus na húdaráis náisiúnta a gcuirtear de chúram orthu dlí na hiomaíochta a chur chun feidhme nó dlí tomhaltais a chur chun feidhme. I gcás ina bhfuil an inniúlacht ag níos mó ná údarás amháin aghaidh a thabhairt ar na hábhair sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar cúraimí gach údaráis faoi seach i bhfoirm inrochtana.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, do na húdaráis rialála náisiúnta uile agus d'údaráis inniúla eile a sanntar cúraimí dóibh faoin Treoir seo, chomh maith le freagrachtaí na n-údarás sin faoi seach, agus aon athrú a dhéanfaí orthu.

Airteagal 6

Neamhspleáchas údarás rialála náisiúnta agus údarás inniúil eile

1.   Rathóidh na Ballstáit neamhspleáchas údarás rialála náisiúnta agus údarás inniúil eile trína áirithiú go bhfuil siad leithleach go dlíthiúil ar aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a sholáthraíonn líonraí, trealamh nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus go bhfuil siad neamhspleách go feidhmiúil ar na daoine sin. Na Ballstáit a choimeádann úinéireacht nó ceannas ar ghnóthais a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, áiritheoidh siad deighilt struchtúrach idir an fheidhm rialála agus na gníomhaíochtaí a bhaineann le húinéireacht nó le ceannas.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh na húdaráis náisiúnta rialála a gcuid cumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus tráthúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leormhaithe acu chun na cúraimí a shanntar dóibh a chur i gcrích.

Airteagal 7

Comhaltaí de chuid na n-údarás rialála náisiúnta a cheapadh nó a bhriseadh as a bpost

1.   Maidir le ceannaire údaráis rialála náisiúnta, nó, i gcás inarb infheidhme, comhaltaí den chomhlacht coláisteach a chomhlíonann an fheidhm sin laistigh d'údarás rialála náisiúnta nó a n-ionadaithe, ceapfar iad do thréimhse oifige trí bliana ar a laghad as measc grúpa daoine a bhfuil seasamh aitheanta agus taithí phroifisiúnta acu, agus déanfar an ceapachán sin ar bhonn tuillteanais, scileanna, eolais agus taithí agus i ndiaidh nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh leanúnachas ann maidir le cinntí a ghlacadh.

2.   Áiritheoidh Ballstáit nach bhféadfar ceannaire ar údarás rialála náisiúnta, nó, nuair is infheidhme, comhaltaí den chomhlacht coláisteach a chomhlíonann an fheidhm sin laistigh d'údarás rialála náisiúnta, nó, a n-ionadaithe, a bhriseadh as a bpost ach amháin i gcás nach gcomhlíonann siad a thuilleadh na coinníollacha sin atá riachtanach chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ar dualgais iad a leagtar síos sa dlí náisiúnta sula gceapfar iad.

3.   I gcás ina ndéanfar cinneadh ceannaire údaráis rialála náisiúnta, nó, i gcás inarb infheidhme, comhaltaí den chomhlacht coláisteach a chomhlíonann an fheidhm sin, a bhriseadh as a bpost, poibleofar an cinneadh sin tráth a mbristear iad as a bpost. An ceannaire údaráis rialála náisiúnta sin, nó, i gcás inarb infheidhme, comhaltaí den chomhlacht coláisteach a chomhlíonann an fheidhm sin, ar briseadh é nó iad as a bpost, gheobhaidh siad ráiteas ar na cúiseanna. I gcás nach bhfoilseofar an ráiteas ar na cúiseanna, foilseofar é, arna iarraidh don duine sin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an cinneadh sin faoi réir athbhreithniú ag cúirt, ar phoncanna fíricí chomh maith le poncanna dlí.

Airteagal 8

Neamhspleáchas polaitiúil agus cuntasacht na n-údarás rialála náisiúnta

1.   Gan dochar d'Airteagal 10, gníomhóidh na húdaráis rialála náisiúnta go neamhspleách agus go hoibiachtúil, lena n-áirítear agus nósanna imeachta inmheánacha á bhforbairt agus an fhoireann á heagrú, agus gníomhóidh siad go trédhearcach agus go cuntasach i gcomhréir le dlí an Aontais, agus ní dhéanfaidh siad treoracha a lorg nó a ghlacadh ó aon chomhlacht eile maidir le feidhmiú na gcúraimí a shanntar dóibh faoin dlí náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme. Ní chuirfear cosc leis sin ar mhaoirseacht i gcomhréir leis an dlí bunreachtúil náisiúnta. Is ag comhlachtaí achomhairc arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 31 a bheidh an chumhacht cinntí ó na húdaráis rialála náisiúnta a fhionraí nó a aisiompú, agus ag na comhlachtaí sin amháin.

2.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta tuarascáil bhliantúil inter alia faoi staid an mhargaidh cumarsáide leictreonaí, faoi na cinntí a eisíonn siad, faoina n-acmhainní daonna agus airgeadais agus faoin leithdháileadh orthu sin, agus faoi phleananna amach anseo. Cuirfear a dtuarascálacha ar fáil go poiblí.

Airteagal 9

Inniúlacht rialála na n-údarás rialála náisiúnta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil buiséid bhliantúla ar leithligh ag na húdaráis rialála náisiúnta agus go bhfuil neamhspleáchas acu maidir leis an mbuiséad arna leithdháileadh a chur chun feidhme. Cuirfear na buiséid sin in iúl don phobal.

2.   Gan dochar don oibleagáid chun a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha ag na húdaráis rialála náisiúnta leis na cúraimí a shanntar dóibh a chur i gcrích, ní chuirfear cosc ar mhaoirseoireacht ná ar rialú leis an neamhspleáchas airgeadais i gcomhréir leis an dlí bunreachtúil náisiúnta. Aon rialú ar bhuiséad na n-údarás rialála náisiúnta, feidhmeofar i mbealach trédhearcach é agus cuirfear in iúl don phobal é.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh acmhainní airgeadais agus acmhainní daonna leormhaithe ag na húdaráis rialála náisiúnta chun páirt ghníomhach a ghlacadh in BEREC agus chun rannchuidiú leis.

Airteagal 10

Rannpháirtíocht na n-údarás rialála náisiúnta in BEREC

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta faoi seach tacaíocht ghníomhach d'aidhmeanna BEREC maidir le comhordú agus comhsheasmhach níos fearr ó thaobh na rialála de a chur chun cinn.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar na treoirlínte, ar na tuairimí, ar na moltaí, ar na comhsheasaimh, ar na dea-chleachtais agus ar na modheolaíochtaí arna nglacadh ag BEREC nuair a bheidh a gcinntí féin maidir lena margaí náisiúnta féin á nglacadh acu.

Airteagal 11

Comhar leis na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha

Maidir leis an bhfaisnéis is gá chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta, údaráis inniúla eile faoin Treoir seo, agus údaráis iomaíochta náisiúnta í a sholáthar dá chéile. Beidh feidhm le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí i leith na faisnéise a mhalartaítear, agus áiritheoidh an t-údarás faighteora an leibhéal céanna rúndachta agus a bhí ag an údarás tionscnaimh.

CAIBIDIL II

Oibleagáidí ginearálta

Roinn 1

An chuid ghinearálta

Airteagal 12

Údarú ginearálta líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit an tsaoirse chun líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Treoir seo. Chun na críche sin, ní chuirfidh Ballstát bac le gnóthas líonraí ná seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis sin mar gheall ar na cúiseanna a leagtar amach in Airteagal 52(1) CFAE. Beidh réasúnú cuí ag gabháil le haon srian leis an tsaoirse chun líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus tabharfar fógra faoi don Choimisiún.

2.   Gan dochar do na hoibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2) ná do na cearta úsáide dá dtagraítear in Airteagal 46 agus in Airteagal 94, féadfaidh údarú ginearálta a bheith faoi réir soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, agus faoina réir sin amháin.

3.   I gcás ina measann Ballstát go bhfuil údar maith le ceanglas maidir le fógra a thabhairt i gcás gnóthas atá faoi réir údarú ginearálta, féadfaidh an Ballstát sin ceangal a chur ar na gnóthais sin fógra a chur faoi bhráid an údaráis inniúil nó an údaráis inniúil eile. Ní éileoidh an Ballstát ceangal a chur ar ghnóthais den sórt sin cinneadh sainráite a fháil ná aon ghníomh riaracháin eile de chuid údaráis den sórt sin ná údarás ar bith eile sula ndéanfaidh sé na cearta a eascraíonn as an údarú ginearálta a fheidhmiú.

Nuair a thugtar fógra, nuair a éilítear sin, féadfaidh gnóthas tús a chur le gníomhaíocht, nuair is gá faoi réir na bhforálacha maidir le cearta úsáide faoin Treoir seo.

4.   Ní bheidh san fhógra dá dtagraítear i mír 3 ach dearbhú don údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile ó dhuine nádúrtha nó ó dhuine dlítheanach maidir leis an rún chun tús a chur le soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus tarchur na faisnéise íosta is gá le cur ar chumas BEREC agus an údaráis sin clár nó liosta de sholáthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a choinneáil. Beidh an fhaisnéis sin teoranta don mhéid seo a leanas:

(a)

ainm an tsoláthróra;

(b)

stádas dlíthiúil, foirm dhlíthiúil agus uimhir chláraithe an tsoláthróra, nuair atá an soláthraí cláraithe ar chlár trádála nó ar chlár cosúil poiblí eile san Aontas;

(c)

seoladh geografach phríomhbhunaíocht an tsoláthróra san Aontas, i gcás inarb infheidhme, agus seoladh geografach aon bhrainse thánaistigh i mBallstát, i gcás inarb ann dó;

(d)

suíomh gréasáin an tsoláthróra, i gcás inarb infheidhme, a bhaineann le soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí;

(e)

teagmhálaí agus sonraí teagmhála;

(f)

tuairisc ghearr ar na líonraí nó ar na seirbhísí a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar fáil;

(g)

na Ballstáit lena mbaineann; agus

(h)

dáta measta le tús a chur leis an ngníomhaíocht.

Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon cheanglais fógra bhreise ná leithleacha.

D'fhonn comhchuibhiú ar na ceanglais maidir le fógra a thabhairt a chur chun cinn, foilseoidh BEREC treoirlínte maidir leis an teimpléad d'fhógraí, agus coinneoidh sé ar bun bunachar sonraí de chuid an Aontais ina gcuirfear fógraí arna dtarchur chuig na húdaráis inniúla. Chuige sin, seolfaidh na húdaráis go BEREC, go leictreonach agus gan aon rómhoill, gach fógra a gheofar. I dtaca le fógraí a thabharfar do na húdaráis inniúla faoin 21 Nollaig 2020 seolfar ar aghaidh iad chuig BEREC go dtí 21 Nollaig 2021.

Airteagal 13

Coinníollacha a bhaineann leis an údarú ginearálta agus leis na cearta úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhrithe, agus oibleagáidí sainiúla

1.   Maidir leis an údarú ginearálta chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, cearta úsáide do speictream raidió agus cearta úsáide d'achmhainní uimhrithe a sholáthar, féadfaidh sé a bheith faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus fúthu sin amháin. Beidh na coinníollacha sin neamh-idirdhealaitheach, comhréireach agus trédhearcach. I gcás na gceart úsáide do speictream raidió, áiritheoidh coinníollacha den sórt sin go mbainfear leas éifeachtach éifeachtúil as an speictream raidió agus beidh siad i gcomhréir le hAirteagal 45 agus le hAirteagal 51, agus i gcás na gceart úsáide d'achmhainní uimhrithe, beidh siad i gcomhréir le hAirteagal 94.

2.   Maidir le hoibleagáidí sainiúla a fhéadfar a fhorchur ar ghnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí faoi Airteagal 61(1) agus (5), agus Airteagail 62, 68 agus 83 nó a fhéadfar a chur orthu siúd a ainmnítear chun seirbhís uilíoch a sholáthar faoin Treoir seo, beidh na hoibleagáidí sin scartha go dlíthiúil ó na cearta agus na hoibleagáidí faoin údarú ginearálta. Chun trédhearcacht a bhaint amach, déanfar tagairt san údarú ginearálta do na critéir agus do na nósanna imeachta chun na hoibleagáidí sainiúla sin a fhorchur ar ghnóthais aonair.

3.   Ní bheidh san údarú ginearálta ach coinníollacha ar coinníollacha sainiúla iad don earnáil sin agus a leagtar amach i gCuid A, i gCuid B agus i gCuid C d'Iarscríbhinn I agus nach dúbláil iad ar choinníollacha is infheidhme ar ghnóthais de bharr dlí náisiúnta eile.

4.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit dúbláil ar choinníollacha an údaraithe ghinearálta i gcás ina ndeonóidh siad ceart úsáide do speictream raidió nó d'achmhainní uimhrithe.

Airteagal 14

Dearbhuithe lena n-éascaítear feidhmiú na gceart chun saoráidí a shuiteáil agus feidhmiú na gceart idirnaisc

Déanfaidh na húdaráis inniúla, laistigh de sheachtain amháin arna iarraidh sin ag gnóthas, dearbhuithe caighdeánaithe a eisiúint ina ndeimhnítear, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil fógra tarchurtha ag an ngnóthas faoi Airteagal 12(3). Sna dearbhuithe sin tugfar sonraí maidir leis na tosca faoina bhfuil an ceart ag aon ghnóthas a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí faoin údarú ginearálta chun iarratas a dhéanamh ar chearta chun saoráidí a shuiteáil, chun caibidlíocht a dhéanamh faoi idirnascadh, agus chun rochtain nó idirnascadh a fháil d'fhonn feidhmiú na gceart sin a éascú mar shampla ar leibhéil eile rialtais nó i ndáil le gnóthais eile. I gcás inarb iomchuí, féadfar na dearbhuithe sin a eisiamh mar fhreagra uathoibríoch tar éis an fógra dá dtagraítear in Airteagal 12(3) a thabhairt.

Roinn 2

Cearta agus oibleagáidí a bhaineann leis an údarú ginearálta

Airteagal 15

Liosta de na cearta íosta ón údarú ginearálta

1.   Beidh na cearta seo a leanas ag gnóthais faoi réir údarú ginearálta de bhun Airteagal 12:

(a)

líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar;

(b)

gur i gcomhréir le hAirteagal 43 a mheasfar a n-iarratas ar na cearta is gá chun saoráidí a shuiteáil;

(c)

speictrim raidió a úsáid maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí faoi réir Airteagal 13, Airteagal 46 agus Airteagal 55;

(d)

gur i gcomhréir le hAirteagal 94 a mheasfar a n-iarratas ar na cearta úsáide is gá d'acmhainní uimhrithe.

2.   I gcás ina soláthraíonn na gnóthais sin líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal, tabharfar leis an údarú ginearálta an ceart dóibh:

(a)

caibidlíocht a dhéanamh faoi idirnascadh le soláthraithe eile líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí poiblí a chumhdaítear le húdarú ginearálta san Aontas agus, i gcás inarb infheidhme, idirnascadh a fháil uathu, i gcomhréir leis an Treoir seo;

(b)

go dtabharfar deis dóibh go n-ainmneofar iad chun gnéithe éagsúla den seirbhís uilíoch a sholáthar nó codanna éagsúla den chríoch náisiúnta a chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 86 nó le hAirteagal 87.

Airteagal 16

Muirir riaracháin

1.   Maidir le haon mhuirir riaracháin a fhorchuirtear arghnóthais a sholáthraíonn líonra nó seirbhís cumarsáide leictreonaí faoin údarú ginearálta nó ar ghnóthais ar deonaíodh ceart úsáide dóibh:

(a)

san iomlán, ní chumhdófar leis na muirir sin ach na costais riaracháin a thabhaítear i mbainistiú, i rialú agus i bhfeidhmiú an chórais um an údarú ginearálta agus i bhfeidhmiú na gceart úsáide agus na n-oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2), a bhféadfar a bheith ar áireamh ann costais do chomhar idirnáisiúnta, comhchuibhiú agus caighdeánú, anailís sa mhargadh, faireachán ar chomhlíonadh agus rialú eile sa mhargadh, chomh maith le hobair rialála lena ngabhann reachtaíocht thánaisteach agus cinntí riaracháin a ullmhú agus a fhorfheidhmiú, amhail cinntí ar rochtain agus ar idirnascadh; agus

(b)

déanfar iad a fhorchur ar ghnóthais aonair ar bhealach oibiachtúil, trédhearcach agus comhréireach ina n-íoslaghdófar costais bhreise riaracháin agus muirir ghaolmhara.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan muirir riaracháin a chur i bhfeidhm ar ghnóthais a bhfuil a láimhdeachas faoi bhun tairseach áirithe nó nach sroicheann a gcuid gníomhaíochtaí íos-staid sa mhargadh, nó a bhfuil raon feidhme críochach an-teoranta acu.

2.   I gcás ina ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile muirir riaracháin a fhorchur, foilseoidh siad forléargas bliantúil ar a gcuid costas riaracháin agus ar shuim iomlán na muirear a bailíodh. Déanfar coigeartuithe iomchuí i gcás ina mbeidh difríocht idir suim iomlán na muirear agus suim iomlán na gcostas riaracháin.

Airteagal 17

Deighilt cuntasaíochta agus tuarascálacha airgeadais

1.   Maidir le gnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí agus ar gnóthais iad a bhfuil cearta speisialta nó eisiacha acu chun seirbhísí a sholáthar in earnálacha eile sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile, cuirfidh na Ballstáit ceangal orthu an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cuntais ar leithligh a choimeád ar na gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, oiread ba ghá dá mba eintitis atá neamhspleách go dlíthiúil a chuirfeadh na gníomhaíochtaí sin i gcrích, chun na gnéithe uile den chostas agus den ioncam a shainaithint, chomh maith leis an mbonn a bhí lena ríomh agus leis na modhanna leathdháiliúcháin a úsáideadh, a bhaineann legníomhaíochtaí den sórt sin lena n-áirítear miondealú mionsonraithe ar chostais sócmhainní dochta agus ar chostais struchtúracha; nó

(b)

deighilt struchtúrtach a bheith acu do na gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm ar ghnóthais ar lú ná EUR 50 milliún a láimhdeachas bliantúil i ngníomhaíochtaí a bhaineann le líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí san Aontas.

2.   Maidir le gnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, i gcás nach bhfuil siad faoi réir cheanglais dhlí na gcuideachtaí agus nach gcomhlíonann siad critéir na bhfiontar beag agus meánmhéide sna rialacha cuntasaíochta i ndlí an Aontais, déanfar a dtuarascálacha a ullmhú, a chur faoi iniúchadh neamhspleách agus a fhoilsiú. Cuirfear an t-iniúchadh i gcrích i gcomhréir leis na rialacha ábhartha Aontais agus náisiúnta.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo freisin maidir leis na cuntais ar leithligh a cheanglaítear faoi phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1.

Roinn 3

Leasú agus tarraingt siar

Airteagal 18

Cearta agus oibleagáidí a leasú

1.   Maidir leis na cearta, na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le húdaruithe ginearálta agus cearta úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe nó cearta chun saoráidí a shuiteáil, áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar iad a leasú ach amháin i gcásanna a bhfuil bonn cirt oibiachtúil leo agus ina ndéanfar an leasú ar bhealach comhréireach, agus na coinníollacha sainiúla is infheidhme do chearta úsáide inaistrithe do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí.

2.   Ach amháin i gcás inar mionleasuithe iad na leasuithe atá á mbeartú, agus inar aontaíodh iad le sealbhóir na gceart nó sealbhóir an údaraithe ghinearálta, tabharfar fógra ar bhealach iomchuí faoin rún chun na leasuithe sin a dhéanamh.Tabharfar tréimhse ama leordhóthanach do pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear úsáideoirí agus tomhaltóirí, chun a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na leasuithe atá á mbeartú. Ní bheidh an tréimhse sin níos gairide ná ceithre seachtaine ach amháin i gcásanna eisceachtúla.

Foilseofar leasuithe mar aon leis na cúiseanna atá leis.

Airteagal 19

Cearta a shrianadh nó a tharraingt siar

1.   Gan dochar d'Airteagal 30(5) agus (6), ní dhéanfaidh na Ballstáit cearta chun saoráidí a shuiteáil ná cearta úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe a ullmhú ná a shrianadh roimh dhul in éag na tréimhse ar deonaíodh iad lena n-aghaidh ach amháin i gcás ina bhfuil údar maith leis i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus leis na forálacha náisiúnta maidir le cúiteamh ar tharraingt siar na gceart.

2.   I gcomhréir leis an ngá le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil do speictream raidió a áirithiú nó le cur chun feidhme na mbeart cur chun feidhme teicniúil arna nglacadh faoi Airteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go gcuirfear srian le cearta úsáide do speictream raidió nó go dtarraingeofar siar iad, lena n-áirítear na cearta dá dtagraítear in Airteagal 49 den Treoir seo, bunaithe ar nósanna imeachta réamhbhunaithe agus sainithe go soiléir, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus le prionsabal an neamh-idirdhealaithe. I gcásanna den sort sin, féadfar sealbhóirí na gceart sin, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis na forálacha ábhartha náisiúnta, a chúiteamh mar is iomchuí.

3.   Maidir le modhnú ar úsáid speictrim raidió mar gheall ar chur i bhfeidhm Airteagal 45(4) nó (5), ní údar maith a bheidh ann chun an ceart úsáide do speictream raidió a tharraingt siar.

4.   Beidh aon rún chun cearta faoin údarú ginearálta nó cearta úsáide aonair do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe a shrianadh nó a tharraingt siar gan toiliú ó shealbhóir na gceart faoi réir comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 23.

CAIBIDIL III

Faisnéis, suirbhéanna agus an sásra comhairliúcháin a sholáthar

Airteagal 20

Iarraidh ar fhaisnéis chuig gnóthais

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh gnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, saoráidí gaolmhara, nó seirbhísí gaolmhara, gach faisnéis, lena n-áirítear faisnéis airgeadais, atá de dhíth ó na húdaráis rialála náisiúnta nó ó údaráis inniúla eile agus ó BEREC chun comhréireacht le forálacha na Treorach seo, nó le cinntí, nó le tuairimí a glactar i gcomhréir leis an Treoir seo agus le Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44), a áirithiú. Go háirithe, beidh an chumhacht ag na húdaráis rialála náisiúnta agus, más gá chun na cúraimí atá orthu a chomhlíonadh, beidh an chumhacht freisin ag údaráis inniúla eile chun a cheangal ar na gnóthais sin go gcuirfí isteach an fhaisnéis a bhaineann le forbairtí líonraí nó seirbhísí amach anseo a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar na seirbhísí mórdhíola a chuireann siad ar fáil d'iomaitheoirí, agus beidh an chumhacht acu an ceangal céanna a chur ar fhaisnéis faoi líonraí cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhara arna n-imdhealú ar an leibhéal áitiúil, ar faisnéis í a bhfuil dóthain sonraí inti chun go bhféadfaí an suirbhé geografach a dhéanamh agus limistéir a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22.

I gcás nach leor an fhaisnéis a bhailítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír le go bhféadfadh na húdaráis rialála náisiúnta, údaráis inniúla eile agus BEREC na cúraimí rialála atá orthu faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, féadfaidh gnóthais ábhartha eile an fhaisnéis sin a iarraidh, ar gnóthais iad atá gníomhach in earnáil na cumarsáide leictreonaí nó in earnálacha eile a bhfuil dlúthbhaint acu léi.

Féadfar a cheangal ar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach margaidh acu ar mhargaí mórdhíola sonraí cuntasaíochta a sholáthar freisin maidir leis na margaí miondíola a bhaineann leis na margaí mórdhíola sin.

Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile faisnéis a iarraidh ó na pointí aonair faisnéise arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2014/61/AE.

Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an chúraim agus beidh sé réasúnaithe

Soláthróidh gnóthais an fhaisnéis sin arna iarraidh gan mhoill agus cloífidh siad leis na hamscálaí agus leis an leibhéal sonraí atá de dhíth.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil, an fhaisnéis ar fad don Choimisiún atá de dhíth uaidh chun a chuid cúraimí a chur i gcrích faoin CFAE. Beidh an fhaisnéis arna hiarraidh ag an gCoimisiún i gcomhréir le feidhmiú na gcúraimí sin. I gcás ina dtagróidh an fhaisnéis d'fhaisnéis arna soláthar ag na gnóthais cheana féin, ar iarraidh ón údarás, cuirfear na gnóthais sin ar an eolas ina thaobh sin. A mhéid is gá, agus mura bhfuil iarraidh soiléir agus réasúnaithe ina choinne curtha isteach ag an údarás a sholáthraíonn an fhaisnéis, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis arna soláthar ar fáil d'údarás eile den sórt sin i mBallstát eile.

Faoi réir cheanglais mhír 3, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir an fhaisnéis arna tarchur chuig údarás amháin a chur ar fáil d'údarás eile den sórt sin sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile agus do BEREC, tar éis iarraidh réasúnaithe, i gcás ina bhfuil gá leis chun a cheadú do BEREC nó don údarás a chuid dualgas a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais.

3.   I gcás ina measfaidh údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile gur faisnéis rúnda atá i gceist le faisnéis arna bailiú de bhun mhír 1 i gcomhréir le rialacha an Aontais agus le rialacha náisiúnta maidir le rúndacht gnó, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i gcomhthéacs suirbhé geografaigh, déanfaidh an Coimisiún, BEREC agus aon údarás inniúil eile lena mbaineann an rúndacht sin a áirithiú. Ní chuirfidh rúndacht gnó den sórt sin cosc ar chomhroinnt faisnéise idir an t-údarás inniúil náisiúnta, an Coimisiún, BEREC agus aon údarás inniúil eile lena mbaineann ar mhodh tráthúil chun athbhreithniú, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le rochtain ar fhaisnéis agus faoi réir dhlí an Aontais agus faoi réir na rialacha náisiúnta maidir le rúndacht gnó agus cosaint sonraí pearsanta, go ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus udaráis inniúla eile faisnéis a fhoilsiú a rannchuideodh le margadh oscailte agus iomaíoch.

5.   Foilseoidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile na téarmaí a bhaineann le rochtain phoiblí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, lena n-áirítear na nósanna imeachta maidir leis an rochtain sin a fháil.

Airteagal 21

Faisnéis a cheanglaítear maidir leis an údarú ginearálta, cearta úsáide agus oibleagáidí sainiúla

1.   Gan dochar d'fhaisnéis ar bith a iarrtar de bhun Airteagal 20 ná do na hoibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe faoin dlí náisiúnta seachas an t-údarú ginearálta, féadfaidh údaráis rialála agus údaráis inniúla eile a cheangal ar ghnóthais faisnéis a sholáthar maidir leis an údarú ginearálta, na cearta úsáide nó oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2), ar faisnéis í atá comhréireach agus a bhfuil údar léi chun na gcríoch seo a leanas go háirithe:

(a)

fíorú córasach nó fíorú ar bhonn cás ar chás go gcomhlíontar coinníoll 1 de Chuid A, coinníoll 2 agus coinníoll 6 de Chuid D agus coinníoll 2 agus coinníoll 7 de Chuid E d'Iarscríbhinn I agus fíorú go gcomhlíontar na n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 13(2);

(b)

fíorú ar bhonn cás ar chás go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I i gcás ina bhfuarthas gearán nó i gcás ina bhfuil cúiseanna eile ag an údarás inniúil lena chreidiúint nach bhfuil an coinníoll á chomhlíonadh nó i gcás imscrúdú ag an údarás inniúil ar a thionscnamh féin;

(c)

nósanna imeachta a chur i gcrích chun iarrataí ar chearta úsáide a dheonú, agus chun na hiarrataí sin a mheasúnú;

(d)

forléargais chomparáideacha ar chaighdeán agus ar chostas seirbhísí a fhoilsiú chun leasa tomhaltóirí;

(e)

staidrimh, tuarascálacha nó staidéar, arna sainiú go soiléir a chomhthiomsú;

(f)

anailís ar an margadh a chur i gcrích chun críocha na Treorach seo, lena n-áirítear sonraí faoi na margaí iartheachtacha nó na margaí miondíola atá gaolmhar nó bainteach leis na margaí atá faoi réir na hanailíse ar an margadh;

(g)

úsáid éifeachtúil a chaomhnú agus bainistiú éifeachtach a áirithiú maidir le speictream raidió agus acmhainní uimhriúcháin;

(h)

measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí líonraí nó seirbhísí amach anseo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar sheirbhísí mórdhíola a chuirtear ar fáil d'iomaitheoirí, ar an gcumhdach críochach, ar an idirnascadh a bheidh ar fáil d'úsáideoirí deiridh nó ar limistéir a ainmniú de bhun Airteagal 22;

(i)

suirbhéanna geografacha a dhéanamh;

(j)

freagra a thabhairt ar iarrataí réasúnaithe ar fhaisnéis ó BEREC.

Ní theastóidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) agus (d) go (j) den chéad fhomhír, sula bhfaightear rochtain ar an margadh ná mar réamhchoinníoll leis an rochtain sin.

Féadfaidh BEREC teimpléad a fhorbairt le haghaidh iarrataí ar fhaisnéis i gcás inar gá sin ionas gur féidir an fhaisnéis a fhaightear a chur i láthair ar bhealach comhdhlúite agus ionas gur féidir anailís a dhéanamh uirthi ar bhealach comhdhlúite freisin.

2.   Maidir leis na cearta úsáide do speictream raidió, déanfar tagairt san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 go háirithe d'úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió chomh maith leis na hoibleagáidí maidir le h aon chumhdach agus le h aon chaighdeán seirbhíse a ghabhann le cearta úsáide do speictream raidió agus le fíorú na gceart sin a bheith á gcomhlíonadh.

3.   I gcás ina gceanglóidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile ar ghnóthais faisnéis a sholáthar dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na húdaráis sin na gnóthais ar an eolas maidir leis an gcuspóir sonrach a n-úsáidfear an fhaisnéis sin lena aghaidh.

4.   Ní dhéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ná údaráis inniúla eile dúbláil ar iarratais faisnéise arna ndéanamh cheana ag BEREC de bhun Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2018/1971 i gcás ina gcuireann BEREC an fhaisnéis a fuarthas ar fáil do na húdaráis sin.

Airteagal 22

Suirbhéanna geografacha ar chur in úsáid líonraí

1.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile suirbhé geografach ar raon na líonraí cumarsáide leictreonaí a bhfuil an cumas acu leathanbhanda ('líonraí leathanbhanda') a sholáthar, faoin 21 Nollaig 2023 agus déanfar í a nuashonrú gach trí bliana ina dhiaidh sin ar a laghad.

Áiritheofar sa suirbhé geografach suirbhé ar raon reatha geografach na líonraí leathanbhanda laistigh dá gcríoch, mar is gá do chúraimí údaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile faoin Treoir seo agus do na suirbhéanna is gá chun rialacha maidir le cúnamh stáit a chur i bhfeidhm.

Is ceadmhach a áireamh ar an suirbhé geografach réamhaisnéis le haghaidh tréimhse a chinnfidh an t-údarás ábhartha maidir le raon na líonraí leathanbhanda, lena n-áirítear líonraí fíor-ardacmhainne laistigh dá gcríoch.

Beidh sa réamhaisnéis sin an fhaisnéis uile is ábhartha, lena n-áirítear faisnéis maidir le himscarthaí ata á mbeartú ag aon ghnóthas nó ag aon údarás poiblí, líonraí fíor-ardacmhainne nó uasghráduithe suntasacha ar líonraí leathanbhanda oidhreachta, nó síntí ar na líonraí sin go dtí luas íoslódála 100 Mbps ar a laghad. Chuige sin, iarrfaidh na húdaráis rialála agus/nó údaráis inniúla eile ar ghnóthais agus ar údaráis phoiblí faisnéis den sórt sin a sholáthar a mhéid is in-fhála sin agus is féidir a chur ar fáil ar bheagán dua.

Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta cinneadh, i dtaca leis na cúraimí a shanntar dó go sonrach faoin Treoir seo, maidir lena mhéid is iomchuí brath ar iomlán na faisnéise sin nó ar chuid di — arna bailiú mar chuid den réamhaisnéis sin.

I gcás nach é an t-údarás rialála náisiúnta a dhéanfaidh an suirbhé geografach, déanfar é i ndlúthchomhar leis an údarás sin a mhéid is ábhartha chun na cúraimí atá air a chomhlíonadh.

Beidh leibhéal iomchuí sonraí áitiúla san fhaisnéis a bhailítear sa suirbhé geografach agus beidh faisnéis leordhóthanach ann ar chaighdeán na seirbhísí agus na paraiméadair a bhaineann leo agus caithfear léi i gcomhréir le hAirteagal 20(3).

2.   Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile limistéar a bhfuil teorannacha soiléire críche aige a ainmniú, i gcás ina gcinntear, de bhonn na faisnéise arna bailiú agus réamhaisnéis ar bith arna hullmhú de bhun mhír 1, nach ndearna aon ghnóthas nó aon údarás poiblí le linn na tréimhse réamhaisnéise ábhartha líonra fíor-ardacmhainne a imscaradh ná nach raibh sé beartaithe acu sin a dhéanamh, ná nach ndearna siad uasghrádú suntasach ar a líonra ná nár chuir siad síneadh suntasach air go dtí feidhmíocht luas íoslódála 100 Mbps ar a laghad. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile na limistéir ainmnithe a fhoilsiú.

3.   Laistigh de limistéar ainmnithe, féadfaidh na húdaráis ábhartha cuireadh a thabhairt do ghnóthais agus d'údaráis phoiblí a rún a nochtadh maidir le líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh le linn thréimhse na réamhaisnéise ábhartha. I gcás inarb é is iardraí don chuireadh sin go ndearbhaíonn an gnóthas nó an t-údarás poiblí go bhfuil rún aige déanamh amhlaidh, féadfaidh an t-údarás ábhartha a iarraidh ar ghnóthais eile agus ar údaráis phoiblí eile a nochtadh má tá rún acu líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh nó uasghrádú suntasach a dhéanamh ar a líonra nó síneadh suntasach a chur leis go dtí feidhmíocht luas íoslódála 100 Mbps ar a laghad sa limistéar sin. Saineoidh an t-údarás ábhartha an fhaisnéis a bheidh le cur sna haighneachtaí sin, chun leibhéal sonraí a áirithiú atá ar a laghad cosúil leis an leibhéal sonraí arna chur san áireamh i réamhaisnéis ar bith de bhun mhír 1. Cuirfidh sé in iúl freisin d'aon ghnóthas nó d'aon údarás poiblí a léiríonn suim ann cibé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear an limistéar ainmnithe le líonra rochtana don chéad ghlúin eile, ar líonra é a sholáthraíonn luasanna íoslódála faoi 100 Mbps, nó an dócha go ndéanfar sin, ar bhonn na faisnéise arna bailiú de bhun mhír 1.

4.   Bearta a dhéanfar i gcomhréir le mír 3, is de réir nós imeachta éifeachtúil, oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach, a fhágann nach n-eisiatar aon ghnóthas a priori, a dhéanfar iad.

5.   Maidir leis na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, agus idir áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, a bhíonn freagrach as dáileadh cistí poiblí chun líonraí cumarsáide leictreonaí a imscaradh, as dearadh pleananna leathanbhanda náisiúnta, as sainiú oibleagáidí maidir le cumhdach a ghabhann leis na cearta úsáide do speictream raidió agus as fíorú inrochtaineachta seirbhísí a thagann faoi raon na hoibleagáide seirbhíse uilíche ina gcríocha, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis sin torthaí na suirbhéanna geografacha agus na limistéar ainmnithe arna ndéanamh de bhun mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 san áireamh.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis atá i mbun na suirbhéanna geografacha na torthaí sin a sholáthar faoi réir an leibhéal céanna rúndachta gnó agus a fhaigheann an t-údarás tionscnaimh a bheith á áirithiú ag an údarás is faighteoir, agus na páirtithe a thug an fhaisnéis a chur ar an eolas. Cuirfear na torthaí sin ar fáil do BEREC agus don Choimisiún arna iarraidh sin acu agus faoi na coinníollacha céanna.

6.   Más amhlaidh nach mbíonn an fhaisnéis ábhartha le fáil ar an margadh, déanfaidh na húdaráis inniúla faisnéis ó na suirbhéanna geografacha, nach infheidhme rúndacht gnó ina leith, a chur ar fáil go díreach i gcomhréir le Treoir 2003/98/CE, ionas gur féidir í a athúsáid. Ina theannta sin, i gcás nach mbíonn a leithéidí le fáil ar an margadh, cuirfidh siad ar fáil uirlisí faisnéise ionas gur féidir le húsáideoirí deiridh infhaighteacht nascachta a chinneadh i limistéir éagsúla, le dóthain mionsonraí a chuideoidh leo cinneadh a dhéanamh maidir le hoibreoir nó soláthraí seirbhíse.

7.   Faoin 21 Meitheamh 2020, chun cabhrú le feidhmiú suirbhéanna geografacha agus réamhaisnéisí ar bhealach comhleanúnach, déanfaidh BEREC, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, treoirlínte a eisiúint chun cabhrú leis na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó le húdaráis inniúla eile a n-oibleagáidí faoin Airteagal seo a chur chun feidhme ar bhealach comhleanúnach.

Airteagal 23

Sásra comhairliúcháin agus trédhearcachta

1.   Seachas cásanna a thagann faoi raon Airteagal 26 nó Airteagal 27 nó Airteagal 32(10), déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina bhfuil rún ag údaráis rialála náisiúnta nó ag údaráis inniúla eile bearta a dhéanamh i gcomhréir leis an Treoir seo, nó ina bhfuil rún acu foráil a dhéanamh maidir le srianta i gcomhréir le hAirteagal 45(4) agus (5), a mbeadh tionchar suntasach acu ar an margadh ábhartha, go dtabharfaidh siad an deis do pháirtithe leasmhara barúil a thabhairt faoin dréachtbheart laistigh de thréimhse réasúnta, ag féachaint do chastacht an ábhair, agus ní bheidh an tréimhse sin níos giorra, ar aon chaoi, ná 30 lá, ach amháin i gcásanna eisceachtúla.

2.   Chun críocha Airteagal 35, cuirfidh na húdaráis inniúla RSPG ar an eolas tráth an fhoilsithe faoi aon dréachtbhearta a thagann faoi raon feidhme an nós imeachta roghnúcháin comparáideach nó iomaíoch de bhun Airteagal 55(2) agus a bhaineann le húsáid speictrim raidió ar ina leith a dhéantar coinníollacha comhchuibhithe teicniúla a bhunú i mbearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE, ionas gur féidir úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí gan sreang atá in ann leathanbhanda a sheachadadh ('líonraí leathanbhanda gan sreang agus seirbhísí') a éascú.

3.   Foilseoidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile a nósanna imeachta comhairliúcháin náisiúnta.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar pointe aonair faisnéise trínar féidir rochtain a fháil ar na comhairliúcháin reatha ar fad.

4.   Cuirfear torthaí an phróisis comhairliúcháin ar fáil go poiblí, seachas i gcás faisnéis rúnda i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le rúndacht gnó.

Airteagal 24

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla, i ndlúthchomhar, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta, tuairimí na n-úsáideoirí deiridh, go háirithe tomhaltóirí, agus úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, na monaróirí, agus na ngnóthas a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i dtaca le saincheisteanna a bhaineann le cearta na n-úsáideoirí deiridh agus na dtomhaltóirí, lena n-áirítear an rochtain agus an rogha chomhionann d'úsáideoirí deiridh atá faoi mhíchumas, maidir le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, go háirithe i gcás ina mbeadh tionchar suntasach acu ar an margadh.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na húdaráis inniúla, i ndlúthchomhar, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta, sásra comhairliúcháin, a bheidh in-rochtana ag úsáideoirí deiridh atá faoi mhíchumas, chun a áirithiú go dtabharfar aird chuí ar leasanna tomhaltóirí sa chumarsáid leictreonach ina gcinntí a bhaineann le cearta tomhaltóirí agus le cearta úsáideoirí deiridh maidir le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí.

2.   Féadfaidh páirtithe leasmhara sásraí a fhorbairt, le treoir ó na húdaráis inniúla, i ndlúthchomhar, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta, ar sásraí iad a bhaineann le tomhaltóirí, grúpaí úsáideoirí agus soláthraithe seirbhíse, chun caighdeán ginearálta an tsoláthair seirbhíse a fheabhsú trí, inter alia, cód iompair agus caighdeáin oibríochta a fhorbairt agus faireachán a dhéanamh orthu.

3.   Gan dochar do rialacha náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais lena gcuirtear cuspóirí maidir le beartais chultúrtha agus beartais meán chun cinn, amhail éagsúlacht chultúrtha, éagsúlacht teanga, agus iolrachas na meán, féadfaidh na húdaráis inniúla, i ndlúthchomhar, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta, comhar a chur chun cinn idir gnóthais líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a bhfuil suim acu inneachar dlíthiúil a chur chun cinn i seirbhísí agus i líonraí cumarsáide leictreonaí. Féadfar go mbeidh comhordú na faisnéise leasa phoiblí atá le soláthar de bhun Airteagal 103(4) san áireamh sa chomhar sin.

Airteagal 25

Réiteach díospóide lasmuigh den chúirt

1.   Cinnteoidh na Ballstáit go liostaítear an t-údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile atá freagrach as cur i bhfeidhm Airteagail 102 go 107 agus Airteagal 115 den Treoir seo, nó comhlacht neamhspleách amháin ar a laghad ag a bhfuil saineolas cruthaithe i gcur i bhfeidhm na nAirteagal sin, go liostaítear iad mar eintiteas um réiteach malartach díospóide i gcomhréir le hAirteagal 20(2) de Threoir 2013/11/AE le go réiteoidh sé díospóidí idir soláthraithe agus tomhaltóirí a thagann chun cinn faoin Treoir seo agus a bhaineann le feidhmíocht conarthaí. Féadfaidh na Ballstáit síneadh a chur leis an rochtain ar nósanna imeachta um réiteach malartach díospóide arna cur ar fáil ag an údarás nó ag an gcomhlacht sin le go gcumhdófaí freisin úsáideoirí eile deiridh seachas díreach tomhaltóirí, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga.

2.   Gan dochar do Threoir 2013/11/AE, i gcás ina mbainfidh na díospóidí sin le páirtithe i mBallstáit éagsúla, déanfaidh na Ballstáit a gcuid iarrachtaí a chomhordú d'fhonn an díospóid a réiteach.

Airteagal 26

Réiteach díospóide idir gnóthais

1.   I gcás ina dtarlaíonn díospóid maidir le hoibleagáidí atá ann cheana faoin Treoir seo idir soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i mBallstát, nó idir na gnóthais sin agus gnóthais eile sa Bhallstát a bhaineann leas as oibleagáidí rochtana nó idirnaisc, nó idir soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i mBallstát agus soláthraithe saoráidí gaolmhara, eiseoidh an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann, arna iarraidh sin ag ceachtar páirtí, agus gan dochar do mhír 2, cinneadh ceangailteach chun an díospóid a réiteach sa tréimhse ama is giorra is féidir, ar bhonn nósanna imeachta atá soiléir éifeachtúil, laistigh de cheithre mhí in aon chás, ach amháin i gcásanna eisceachtúla. Ceanglóidh an Ballstát lena mbaineann ar na páirtithe ar fad oibriú i gcomhar go hiomlán leis an údarás rialála náisiúnta.

2.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh chun gur féidir leis na húdaráis rialála náisiúnta diúltú díospóid a réiteach i gcás inarb ann do shásraí eile, lena n-áirítear idirghabháil, ar sásraí iad a rannchuideodh níos fearr le réiteach na díospóide ar bhealach tráthúil i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3. Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta na páirtithe a chur ar an eolas gan mhoill. Más rud é nár réitíodh an díospóid tar éis ceithre mhí, agus murar chuir an páirtí atá ag lorg sásaimh an díospóid os comhair na gcúirteanna, eiseoidh an t-údarás rialála náisiúnta cinneadh ceangailteach, arna iarraidh sin ag ceachtar páirtí, chun an díospóid a réiteach san achar ama is lú is féidir agus in aon chás laistigh de cheithre mhí.

3.   Agus díospóid á réiteach, glacfaidh an t-údarás rialála náisiúnta cinntí arb é is aidhm leo na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Maidir le haon oibleagáidí a fhorchuireann an t-údarás rialála náisiúnta ar ghnóthas díospóid á réiteach, comhlíonfaidh na hoibleagáidí sin an Treoir seo.

4.   Cuirfear cinneadh an údaráis rialála náisiúnta ar fáil don phobal, agus aird á tabhairt ar na ceanglais do rúndacht gnó. Tabharfaidh an t-údarás rialála náisiúnta ráiteas iomlán do na páirtithe leasmhara maidir leis na cúiseanna ar ar bunaíodh an cinneadh.

5.   Ní chuirfear bac ar cheachtar páirtí leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 4 cás a thabhairt os comhair na gcúirteanna.

Airteagal 27

Díospóidí trasteorann a réiteach

1.   I gcás ina dtagann díospóid chun cinn faoin Treoir seo idir gnóthais i mBallstáit éagsúla, beidh feidhm ag mír 2, mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo. Ní bheidh feidhm ag na forálacha sin maidir le díospóidí a bhaineann le comhordú speictrim raidió a chumhdaítear le hAirteagal 28.

2.   Féadfaidh aon pháirtí an díospóid a chur faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta nó na n-údarás lena mbaineann. I gcás ina ndéanann an díospóid difear don trádáil idir na Ballstáit, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó na húdaráis rialála náisiúnta fógra a chur chuig BEREC chun go ndéanfar an díospóid a réiteach go comhsheasmhach, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

3.   I gcás inar tugadh fógra den cineál sin, eiseoidh BEREC tuairim ina n-iarrfar ar an údarás rialála náisiúnta nó na húdaráis lena mbaineann gníomh ar leith a dhéanamh chun an díospóid a réiteach, nó ina molfar gan gníomh a ghlacadh, agus eiseofar an tuairim sin laistigh den achar ama is lú is féidir agus laistigh de cheithre mhí in aon chás, ach amháin i gcásanna eisceachtúla.

4.   Fanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó na húdaráis rialála náisiúnta le tuairim BEREC sula nglacfaidh siad aon ghníomh chun an díospóid a réiteach. I gcásanna eisceachtúla ina bhfuil géarghá le dul i mbun gnímh chun iomaíocht a chaomhnú nó chun cearta na n-úsáideoirí deiridh a chosaint, féadfaidh ceachtar de na húdaráis rialála náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin ag na páirtithe nó ar a thionscnamh féin, bearta idirthréimhseacha a ghlacadh.

5.   Maidir le haon oibleagáidí a fhorchuireann an t-údarás rialála náisiúnta ar ghnóthas mar chuid de réiteach na díospóide, comhlíonfaidh na hoibleagáidí sin an Treoir seo, tabharfar lánaird leo ar an tuairim arna glacadh ag BEREC agus glacfar iad laistigh de mhí amháin ón tuairim sin a fháil.

6.   Ní chuirfear bac ar cheachtar páirtí leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3 gníomh a thabhairt os comhair na gcúirteanna.

Airteagal 28

Comhordú Speictrim Raidió idir Ballstáit

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gona n-údaráis inniúla go n-eagrófar úsáid an speictrim raidió ina gcríocha ar bhealach nach gcuirfidh cosc le haon Bhallstát eile úsáid speictrim raidió chomhchuibhithe a cheadú ina gcríocha i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe de bharr trasnaíocht dhíobhálach trasteorann idir na Ballstáit.

Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun na críche sin gan dochar dá n-oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha amhail Rialacháin Raidió ITU agus Comhaontuithe Réigiúnacha Raidió ITU.

2.   Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile, agus, de réir mar is iomchuí, trí RSPG le linn comhordú trasteorann d'úsáid speictrim raidió chun:

(a)

a áirithiú go gcomhlíonfar mír 1;

(b)

aon fhadhb nó aon díospóid a bhaineann le comhordú trasteorann nó le trasnaíocht dhíobhálach trasteorann a réiteach idir na Ballstáit mar aon le tríú tíortha lena gcuirtear cosc ar na Ballstáit úsáid a bhaint as an speictream raidió comhchuibhithe ina gcríoch.

3.   Ionas gur féidir a áirithiú go gcomhlíonfar mír 1, féadfaidh aon Bhallstát dá ndéantar difear a iarraidh ar RSPG an dea-mhéin atá aige a úsáid chun dul i ngleic le haon fhadhb nó le haon díospóid a bhaineann le comhordú trasteorann nó le trasnaíocht dhíobhálach trasteorann. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh RSPG leigheas comhordaithe a mholadh, i bhfoirm barúla, maidir le fadhb nó le díospóid den sórt sin.

4.   I gcás nár éirigh le gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 nó mír 3 an fhadhb ná an díospóid a réiteach, agus arna iarraidh sin d'aon Bhallstát dá ndéantar difear, féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar aon tuairim ó RSPG ina moltar leigheas comhordaithe de bhun mhír 3, cinntí a ghlacadh agus díreofar iad chuig na Ballstáit lena mbaineann an ceist thrasnaíocht dhíobhálach atá gan réiteach trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun trasnaíochtaí díobhálacha trasteorann a réiteach idir dhá Bhallstát nó níos mó ná sin, ar trasnaíochtaí iad lena gcuirtear bac ar na Ballstáit speictream raidió comhchuibhithe a úsáid ar a gcríoch.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

5.   Déanfaidh an tAontas, ar iarraidh aon Bhallstát dá ndéantar difear, tacaíocht dhlíthiúil, pholaitiúil agus theicniúil a chur ar fáil chun saincheisteanna i dtaobh comhordú raidió speictrim le tíortha ar comharsana iad leis an Aontas a réiteach, lena n-áirítear stáit aontacha agus tíortha is iarrthóirí, ionas gur féidir leis na Ballstáit lena mbaineann a gcuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh. Agus cúnamh den sórt sin á chur ar fáil, déanfaidh an tAontas cur chun feidhme bheartais an Aontais a chur chun cinn.

TEIDEAL II

CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 29

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit pionóis, lena n-áirítear, i gcás inar gá, fíneálacha agus pionóis thréimhsiúla a leagan síos maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó maidir le haon chinneadh ceangailteach a ghlacfaidh an Coimisiún, na húdarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile de bhun na Treorach seo, agus glacfaidh na Ballstáit na bearta ar fad is gá lena áirithiú go gcuirfear na pionóis agus na fíneálacha sin chun feidhme. Laistigh de theorannacha an dlí náisiúnta, beidh an chumhacht ag na húdaráis rialála náisiúnta agus ag údaráis inniúla eile na pionóis sin a fhorchur. Beidh na pionóis dá bhforáiltear iomchuí, éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit foráil do phionóis i gcomhthéacs an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) ach amháin i gcás ina gcuireann gnóthas nó údarás poiblí faisnéis mhíthreorach, earráideach nó neamhiomlán ar fáil go feasach nó de thoradh mórfhaillí.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na bhfíneálacha nó na bpionós tréimhsiúil a bheidh le forchur ar ghnóthas nó ar údarás poiblí as ucht faisnéis mhíthreorach, earráideach nó neamhiomlán a chur ar fáil go feasach nó de thoradh mórfhaillí i gcomhthéacs an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22(3), tabharfaidh údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile ar aird, inter alia cibé acu a d'imir nó nár imir iompraíocht an ghnóthais nó an údaráis phoiblí tionchar diúltach ar an iomaíocht agus, go háirithe, cibé acu a rinne nó nach ndearna siad líonra a imscaradh, a uasghrádú nó síneadh a chur air, nó cibé nach ndearna siad líonra a imscaradh, ainneoin gurb é a mhalairt a luaigh siad san fhaisnéis a thug siad i dtús aimsire nó in aon uasdátú ar an bhfaisnéis sin, agus gur mhainnigh siad dlisteanú oibiachtúil a thabhairt maidir leis an athrú sin ar an méid a bhí beartaithe.

Airteagal 30

Coinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhrithe agus na n-oibleagáidí sainiúla a bheith á gcomhlíonadh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla ábhartha faireachán agus maoirseacht ar choinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhrithe, ar na hoibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2), agus ar an oibleagáid maidir le speictream raidió a úsáid go héifeachtach agus go héifeachtúil, a bheith á gcomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 45(1) agus Airteagal 47.

Beidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla a cheangal ar ghnóthais a thagann faoi réir an údaraithe ghinearálta nó a bhaineann tairbhe as cearta úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe an fhaisnéis ar fad is gá chun a fhíorú go gcomhlíontar coinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe, nó na n-oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2) nó Airteagal 47, i gcomhréir le hAirteagal 21.

2.   I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil nach gcomhlíonann gnóthas ceann amháin nó níos mó de choinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhrithe, nó na hoibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2), tabharfaidh an t-údarás sin fógra don ghnóthas faoin méid sin agus tabharfaidh sé deis don ghnóthas a dhearcadh a chur in iúl, laistigh de theorainn ama réasúnta.

3.   Beidh an chumhacht ag an údarás inniúil a cheangal go gcuirfear stop leis an sárú dá dtagraítear i mír 2 láithreach nó laistigh de theorainn ama réasúnta agus déanfaidh an t-údarás ábhartha sin bearta iomchuí agus comhréireacha a mbeidh sé mar aidhm leo comhlíonadh a áirithiú.

Maidir leis sin, tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht do na húdaráis inniúla an méid seo a leanas a fhorchur:

(a)

i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais athchomhairleacha a bhféadfadh a bheith ar áireamh iontu pionóis thréimhsiúla a bhfuil tionchar cúlghabhálach acu; agus

(b)

orduithe chun soláthar seirbhíse nó soláthar birt seirbhísí a stopadh nó a mhoilliú, más soláthar é a dhéanfadh dochar suntasach don iomaíocht dá leanfaí leis, go dtí go gcomhlíonfar na hoibleagáidí rochtana arna bhforchur tar éis anailís sa mhargadh arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 67.

Cuirfidh na húdaráis inniúla na bearta agus na cúiseanna atá mar bhunús leo in iúl don ghnóthas ábhartha gan mhoill agus tabharfar tréimhse réasúnta don ghnóthas chun na bearta a chomhlíonadh.

4.   D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo, tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht don údarás inniúil pionóis airgeadais a fhorchur i gcás inarb iomchuí ar ghnóthais as mainneachtain faisnéis a sholáthar i gcomhréir leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi phointe (a) nó (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 21(1) agus faoi Airteagal 69 laistigh de thréimhse réasúnta arna leagan síos ag an údarás inniúil.

5.   I gcás ina bhfuil sárú tromchúiseach nó sáruithe leanúnacha á ndéanamh ar choinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe, nó na n-oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2) nó in Airteagal 47(1) nó (2), i gcás inar theip ar bhearta arb é is aidhm dóibh comhlíonadh a áirithiú dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht do na húdaráis inniúla cosc a chur ar ghnóthas leanúint le líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar nó na cearta úsáide sin a chur ar fionraí nó a tharraingt siar. Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht don údarás inniúil pionóis a fhorchur atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Féadfar na pionóis sin a chur i bhfeidhm chun tréimhse aon sáraithe a chumhdach, fiú má chuirtear an sárú ina cheart ina dhiaidh sin.

6.   D'ainneoin mhír 2, mír 3 agus mír 5 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás bearta idirthréimhseacha práinneacha a dhéanamh chun an cor a leigheas sula dtagann sé ar chinneadh críochnaitheach, i gcás ina bhfuil fianaise aige ar shárú choinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhrithe nó na n-oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2) nó Airteagal 47(1) nó (2), ar sárú é ar bagairt láithreach agus thromchúiseach é ar shábháilteacht phoiblí, ar shlándáil phoiblí nó ar shláinte phoiblí nó lena gcruthófar fadhbanna tromchúiseacha eacnamaíochta nó oibríochta do sholáthraithe eile nó úsáideoirí líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó d'úsáideoirí an speictrim raidió. Tabharfaidh an t-údarás inniúla deis réasúnach don ghnóthas ábhartha ina dhiaidh sin chun a dhearcadh a léiriú agus chun aon leigheas a mholadh. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an t-údarás inniúil na bearta idirthréimhseacha a dheimhniú, a mbeidh feidhm leo ar feadh uastréimhse 3 mhí, ach a bhféadfar síneadh a chur leo ar feadh tréimhse bhreise suas go dtí trí mhí i gcás nár críochnaíodh na nósanna imeachta um fhorghníomhú.

7.   Beidh an ceart ag gnóthais achomharc a dhéanamh i gcoinne na mbeart a ghlactar faoin Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 31.

Airteagal 31

Ceart achomhairc

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sásraí éifeachtacha ann ar an leibhéal náisiúnta faoina bhfuil ceart achomhairc ag aon úsáideoir nó aon ghnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí nó saoráidí gaolmhara agus a bhfuil tionchar ag an gcinneadh ón údarás inniúil orthu, ar achomharc é in aghaidh an chinnidh sin chuig comhlacht achomhairc atá neamhspleách go hiomlán ar na páirtithe lena mbaineann agus ar aon idirghabháil sheachtrach nó ar bhrú polaitiúil a bhféadfadh a measúnú neamhspleách ar na ceisteanna a chuirfear os a chomhair a chur i mbaol. Beidh an saineolas iomchuí ag an gcomhlacht sin, a bhféadfaidh cúirt a bheith i gceist leis, chun a chur ar a chumas a fheidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtach. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear tuillteanais an cháis san áireamh go hiomchuí.

Go dtí go mbeidh toradh ar an achomharc, seasfaidh an cinneadh ón údarás inniúil, ach amháin má cheadaítear bearta idirthréimhseacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.   I gcás nach de chineál breithiúnach é an comhlacht achomhairc dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé réasúnuithe i scríbhinn dá gcinntí i gcónaí. Thairis sin, i gcás den sórt sin, beidh a chinneadh faoi réir athbhreithnithe ag cúirt nó ag binse de réir bhrí Airteagal 267 CFAE.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an sásra achomhairc éifeachtach.

3.   Baileoidh na Ballstáit faisnéis ar ábhar ginearálta na n-achomharc, ar líon na n-iarratas ar achomharc, ar fhad na n-imeachtaí achomhairc agus ar líon na gcinntí chun bearta idirthréimhseacha a dheonú. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis sin, chomh maith leis na cinntí nó na breithiúnais, a sholáthar don Choimisiún agus do BEREC arna iarraidh réasúnta a fháil uathu.

TEIDEAL IV

NÓSANNA IMEACHTA DON MHARGADH INMHEÁNACH

CAIBIDIL I

Airteagal 32

Margadh inmheánach na cumarsáide leictreonaí a chomhdhlúthú

1.   Agus a gcúraimí faoin Treoir seo á ndéanamh acu, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3.

2.   Rannchuideoidh na húdaráis rialála náisiúnta le forbairt an mhargaidh inmheánaigh trí oibriú le chéile agus leis an gCoimisiún agus le BEREC ar bhealach trédhearcach lena áirithiú go gcuirfear an Treoir seo i bhfeidhm go comhsheasmhach i ngach Ballstát. Chun na críche sin, oibreoidh siad go háirithe leis an gCoimisiún agus le BEREC chun na cineálacha ionstraimí agus réiteach is oiriúnaí a shainiú chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha áirithe staideanna sa mhargadh.

3.   Ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt i moltaí nó i dtreoirlínte a ghlactar de bhun Airteagal 34 ar chríochnú an chomhairliúcháin phoiblí, más riachtanach faoi Airteagal 23, i gcás ina bhfuil rún ag údarás rialála náisiúnta beart a dhéanamh ar beart é:

(a)

a thagann faoi réir raon feidhme Airteagail 61, 64 67, 68 nó 83; agus

(b)

a mbeadh tionchar aige ar thrádáil idir na Ballstáit,

foilseoidh sé an dréachtbheart agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin é, faoi bhráid BEREC agus faoi bhráid na n-údarás rialála náisiúnta i mBallstáit eile, an tráth céanna, luafar na cúiseanna leis an mbeart a thabhairt, i gcomhréir le hAirteagal 20(3). Ní fhéadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, BEREC agus an Coimisiún barúlacha a thabhairt ar an dréachtbheart laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear síneadh leis an tréimhse míosa.

4.   Ní ghlacfar an dréachtbheart dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo go ceann dhá mhí eile i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas mar aidhm ag an mbeart sin:

(a)

margadh ábhartha a shainiú atá éagsúil ó na margaí a shainítear sa mholadh dá dtagraítear in Airteagal 64(1); nó

(b)

gnóthas a ainmniú nó gan a ainmniú, go leithleach nó i gcomhpháirt le gnóthais eile, cumhacht shuntasach sa mhargadh a bheith aige, faoi Airteagal 67(3) nó (4);

agus an ndéanfadh sé difear do thrádáil idir Ballstáit, agus chuir an Coimisiún in iúl don údarás rialála náisiúnta go measann sé go gcruthófaí bac don mhargadh inmheánach leis an dréachtbheart sin nó má tá amhras dáiríre air maidir lena chomhoiriúnacht le dlí an Aontais agus go háirithe leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. Ní fhéadfar síneadh a chur leis an tréimhse dhá mhí sin. Sa chás sin, cuirfidh an Coimisiún BEREC agus na húdaráis rialála náisiúnta ar an eolas faoina fhorchoimeádais agus cuirfidh siad na forchoimeádais ar fáil don phobal an tráth céanna.

5.   Foilseoidh BEREC tuairim maidir le forchoimeádais an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 4, ina gcuirfear in iúl an measann sé ar cheart an dréachtbheart a choinneáil, é a leasú nó a tharraingt siar agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé moltaí ar leith chun na críche sin.

6.   Le linn na tréimhse dhá mhí dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh an Coimisiún:

(a)

cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar an údarás rialála náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a tharraingt siar; nó

(b)

cinneadh a ghlacadh a fhorchoimeádais a tharraingt siar dá dtagraítear i mír 4.

Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar thuairim BEREC sula nglacfaidh sé an cinneadh.

Beidh anailís mhionsonraithe agus oibiachtúil ar na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a bhfuil an Coimisiún den tuairim nach bhfuiltear chun an dréachtbheart a ghlacadh ag gabháil leis an gcinneadh, maille le tograí sonracha chun é a leasú.

7.   I gcás ina bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír de mhír 6 den Airteagal seo, ar cinneadh é lena gceanglaítear ar an údarás rialála náisiúnta dréachtbheart a tharraingt siar, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an dréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar laistigh de sé mhí ó dháta chinneadh an Choimisiúin. I gcás ina bhfuil an dréachtbheart leasaithe, rachaidh an t-údarás rialála náisiúnta i mbun comhairliúchán poiblí i gcomhréir lehAirteagal 23, agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoin dréachtbheart leasaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo.

8.   Tabharfaidh an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann lánaird ar bharúlacha ó údaráis rialála náisiúnta eile, ó BEREC agus ón gCoimisiúin agus féadfaidh sé, ach amháin i gcásanna a chumhdaítear le mír 4 agus le pointe (a) de mhír 6, an dréachtbheart a thig as sin a ghlacadh, agus sa chás ina ndéanfaidh sé amhlaidh, cuirfidh sé fógra ina thaobh chuig an gCoimisiún.

9.   Maidir leis na bearta críochnaitheacha ar fad arna nglacadh a thagann faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) de mhír 3, cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta na bearta sin in iúl don Choimisiún.

10.   I gcásanna eisceachtúla ina measann údarás rialála náisiúnta go bhfuil géarghá le dul i mbun gnímh chun iomaíocht a chaomhnú nó chun cearta na n-úsáideoirí deiridh a chosaint, féadfaidh sé bearta comhréireacha agus sealadacha a ghlacadh láithreach, de mhaolú ar na nósanna imeachta a leagtar amach i mír 3 agus i mír 4. Cuirfidh sé na bearta sin in iúl don Choimisiún, do na húdaráis rialála náisiúnta eile agus do BEREC gan mhoill, agus beidh na cúiseanna iomlána ag gabháil leis na bearta sin. Aon chinneadh ón údarás rialála náisiúnta na bearta sin a bhuanú nó síneadh a chur leis an tréimhse faoina mbeidh siad infheidhme, beidh an cinneadh sin faoi réir mhír 3 agus mhír 4.

11.   Is ceadmhach d'údarás rialála náisiúnta dréachtbheart a tharraingt siar tráth ar bith.

Airteagal 33

Nós imeachta maidir le leigheasanna a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach

1.   I gcás inarb aidhm le beart beartaithe a chumhdaítear le hAirteagal 32(3) oibleagáid ar ghnóthas a fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar agus Airteagal 61 á chur i bhfeidhm, nó Airteagal 67 á chur i bhfeidhm i gcomhar le hAirteagal 69 go hAirteagal 76 agus Airteagal 83, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse aon mhíosa dá dtagraítear in Airteagal 32(3), fógra a thabhairt don údarás náisiúnta lena mbaineann agus do BEREC faoina chúiseanna lena mheas go gcruthódh an dréachtbheart bac don mhargadh inmheánach nó a amhras tromchúiseach maidir lena chomhoiriúnacht le dlí an Aontais. I gcás den sórt sin, ní ghlacfar an dréachtbheart go ceann trí mhí eile tar éis fhógra an Choimisiúin.

D'uireasa fógra den sórt sin, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a ghlacadh, agus lánaird á tabhairt aige ar aon bharúil ón gCoimisiún, ó BEREC nó ó aon údarás rialála náisiúnta eile.

2.   Laistigh den tréimhse trí mhí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, oibreoidh an Coimisiún, BEREC agus an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann i gcomhar go dlúth le chéile chun an beart is iomchuí agus is éifeachtaí a shainaithint i bhfianaise na gcuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3, agus lánaird á tabhairt acu ar dhearcadh na rannpháirtithe sa mhargadh agus ar an ngá atá leis an bhforbairt ar chleachtas comhsheasmhach rialála a áirithiú.

3.   Laistigh de shé seachtaine ó thús na tréimhse trí mhí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh BEREC tuairim a eisiúint maidir le fógra an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1, ina gcuirfear in iúl an measann sé ar cheart an dréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé moltaí ar leith chun na críche sin. Luafaidh an tuairim sin cúiseanna agus cuirfear í ar fáil don phobal.

4.   Más rud é, ina thuairim, go bhfuil an t-amhras tromchúiseach céanna ar BEREC agus atá ar an gCoimisiún, oibreoidh BEREC i gcomhar leis an údarás rialála náisiúnta lena mbaineann chun an beart is iomchuí agus is éifeachtaí a aithint. Roimh dheireadh na tréimhse trí mhí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta:

(a)

a dhréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar agus lánaird á tabhairt aige ar fhógra an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1 agus ar bharúil BEREC; nó

(b)

a dhréachtbheart a choimeád.

5.   Laistigh de mhí amháin tar éis dheireadh na tréimhse trí mhí dá dtagraítear i mír 1, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC más ann don tuairim sin, féadfaidh an Coimisiún:

(a)

moladh a eisiúint lena gceanglaítear ar an údarás náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar, ar moladh é ina bhfuil tograí ar leith chun na críche sin agus mínithe lena dtugtar údar dá mholadh, go háirithe i gcás nach bhfuil an t-amhras tromchúiseach céanna ar BEREC agus atá ar an gCoimisiún.

(b)

cinneadh a ghlacadh a fhorchoimeádais a tharraingt siar i gcomhréir le mír 1; nó

(c)

i gcás dréachtbhearta a thagann faoin dara fomhír d'Airteagal 61(3) nó faoi Airteagal 76(2), cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar an údarás rialála náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a tharraingt siar, i gcás ina bhfuil an t-amhras tromchúiseach céanna ar BEREC agus atá ar an gCoimisiún, ag gabháil le hanailís mhionsonraithe agus oibiachtúil ar na cúiseanna a bhfuil an Coimisiún den tuairim nár cheart an dréachtbheart a ghlacadh, maille le tograí sonracha chun an dréachtbheart a leasú, faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(7) mutatis mutandis.

6.   Laistigh de mhí amháin tar éis don Choimisiún an moladh a eisiúint i gcomhréir le pointe (a) de mhír 5 nó a fhorchoimeádais a tharraingt siar i gcomhréir le pointe (b) de mhír 5, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an beart críochnaitheach arna ghlacadh a chur in iúl don Choimisiún agus do BEREC.

Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin chun a chur ar a chumas don údarás rialála náisiúnta dul i mbun comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 23.

7.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás rialála náisiúnta gan an dréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar de bhun moladh arna eisiúint faoi phointe (a) de mhír 5, tabharfaidh sé cúiseanna ina leith sin.

8.   Féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an dréachtbheart molta a tharraingt siar ag aon chéim den nós imeachta.

Airteagal 34

Bearta cur chun feidhme

Tar éis comhairliúchán poiblí agus tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC, féadfaidh an Coimisiún moltaí nó treoirlínte a ghlacadh maidir le hAirteagal 32 ina leagtar síos foirm, ábhar agus leibhéal sonraí na bhfógraí a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 32(3), agus lena sainítear na himthosca nach mbeadh gá le fógraí, agus ríomh na dtairseach ama.

CAIBIDIL II

Sannadh comhsheasmhach speictrim raidió

Airteagal 35

Próiseas an athbhreithnithe piaraí

1.   I gcás ina mbíonn sé ar intinn ag an údarás rialála náisiúnta nó ag údarás inniúil eile dul i mbun nós imeachta roghnúcháin i gcomhréir le hAirteagal 55(2) i dtaca le speictrim raidió ar ina leith a dhéantar na coinníollacha comhchuibhithe teicniúla a bhunú i mbearta cur chun feidhme teicniúla i gocmhréir le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE ionas gur féidir a úsáid le haghaidh líonraí agus seirbhísí leathanbhanda gan sreang a éascú ina leith, tabharfaidh sé fógra, de bhun Airteagal 23, do RSPG faoi dhréachtbheart ar bith a thagann faoi raon feidhme an nós imeachta roghnúcháin comparáideach nó iomaíoch de bhun Airteagal 55(2) agus sonróidh sé cibé acu atá nó nach bhfuil sé ag iarraidh ar RSPG Fóram Athbhreithnithe Piaraí a chomóradh agus, má tá, cén uair.

Arna iarraidh sin dó, eagróidh RSPG Fóram Athbhreithnithe Piaraí chun na dréachtbhearta a phlé agus chun tuairimí ina leith a chomhroinnt agus éascóidh sé an malartú dea-chleachtais agus an malartú taithí maidir leis na dréachtbhearta sin.

Is iad a bheidh ar an bhFóram Athbhreithnithe Piaraí comhaltaí de RSPG, agus is ionadaí de chuid RSPG a eagróidh an fóram agus a dhéanfaidh cathaoirleacht air.

2.   I gcás eisceachtúil agus ar a dhéanaí le linn an chomhairliúcháin phoiblí a dhéanfar de bhun Airteagal 23, féadfaidh RSPG fóram Athbhreithnithe Piaraí a thionól i gcomhréir leis na rialacha nós imeachtaí i dtaca lena eagrú, chun taithí agus dea-chleachtas maidir leis na dréachtbhearta a chomhroinnt a mhéid a bhaineann le nós imeachta roghnúcháin má mheastar dó go ndéanfadh an dréachtbheart an-dochar do chumas an údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúil eile na cuspóirí a leagtar amach in Airteagail 3, 45, 46 agus 47 a bhaint amach.

3.   Saineoidh RSPG roimh ré na critéir oibiachtúla maidir le fóram athbhreithnithe piaraí a thionól ar bhonn eisceachtúil agus cuirfidh sé na critéir sin ar fáil go poiblí.

4.   Le linn an fhóraim Athbhreithnithe Piaraí, tabharfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile míniú maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an chaoi a gcuirfidh an dréachtbheart forbairt an mhargaidh inmheánaigh chun cinn, an chaoi a gcuirfidh sé soláthar seirbhísí trasteorann chun cinn, an chaoi a gcuirfidh sé an t-iomaíochas chun cinn agus an chaoi a mbeidh an tairbhe is mó is féidir le baint ag tomhaltóirí dá bharr, agus an chaoi a mbainfidh sé amach, i gcoitinne, na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, in Airteagail 45, 46 agus 47 den Treoir seo, agus chomh maith céanna i gCinntí Uimh. 676/2002/CE agus 243/2012/AE;

(b)

an chaoi a n-áiritheoidh sé go mbainfear úsáid éifeachtach agus éifeachtúil as speictream raidió; agus

(c)

an chaoi a n-áiritheoidh sé coinníollacha seasmhacha agus intuartha d'úsáideoirí speictrim raidió atá anois ann agus d'úsáideoirí ionchasacha agus líonraí á n-imscaradh acu chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar a bhíonn ag brath ar speictream raidió.

5.   Féadfaidh saineolaithe ó údaráis inniúla eile agus ó BEREC a bheith rannpháirteach sa bhFóram Athbhreithnithe Piaraí ar bhonn deonach.

6.   Ní thionólfar an Fóram Athbhreithnithe Piaraí ach an t-aon uair amháin le linn an phróisis ullmhúcháin náisiúnta i gcoitinne agus le linn an phróisis comhairliúcháin i gcás nós imeachta roghnúcháin aonair maidir le banda amháin nó níos mó de na bandaí speictrim raidió, mura rud é go n-iarrann an t-údarás rialála náisiúnta nó an t-údarás inniúil go ndéanfaí an fóram a thionól athuair.

7.   Arna iarraidh sin don údarás rialála náisiúnta nó d'údarás inniúil eile a d'iarr an cruinniú, féadfaidh RSPG tuarascáil a ghlacadh maidir leis an gcaoi a mbaineann an dréachtbheart amach na cuspóirí dá bhforáiltear i mír 4, agus na tuairimí a roinneadh i dtionól an fhóraim Athbhreithnithe Piaraí á léiriú ann.

8.   Foilseoidh RSPG tuarascáil gach bliain i mí Feabhra maidir leis na dréachtbhearta a pléadh de bhun mhír 1 agus mhír 2. Léireofar sa tuarascáil an taithí agus an dea-chleachtas a tugadh ar aird.

9.   Tar éis an Fóram Athbhreithnithe Piaraí, arna iarraidh sin don údarás rialála náisiúnta nó d'údarás inniúil eile a d'iarr an cruinniú, féadfaidh RSPG tuairim a ghlacadh maidir leis an dréachtbheart.

Airteagal 36

Sannadh comhchuibhithe speictrim raidió

I gcás inar comhchuibhíodh úsáid an speictrim raidió, inar aontaíodh coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le rochtain, agus inar roghnaíodh na gnóthais a sannfar an speictream raidió dóibh i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta agus le dlíthe an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na cearta úsáide don speictream raidió sin a dheonú i gcomhréir leis sin. Ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha náisiúnta ar fad a bhaineann le ceart úsáide an speictrim raidió lena mbaineann i gcás nós imeachta roghnúcháin coiteann, ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon choinníollacha breise ná aon chritéir ná nósanna imeachta breise lena ndéanfaí cur chun feidhme ceart an chomhshannaithe don speictream raidió sin a shrianadh, a athrú nó moill a chur air.

Airteagal 37

Próiseas údaraithe chomhpháirtigh chun cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú

Féadfaidh dhá Bhallstát, nó roinnt Ballstát, oibriú i gcomhar le chéile agus le RSPG agus aon spéis a léirigh na rannpháirtithe margaidh a chur san áireamh, trí na gnéithe coiteanna de phróiseas údaraithe a bhunú go comhpháirteach agus, i gcás inarb iomchuí, tríd an bpróiseas roghnúcháin a chur i gcrích go comhpháirteach chun cearta úsáide aonair a dheonú do speictream raidió.

Agus an próiseas údaraithe chomhpháirtigh á cheapadh, féadfaidh na Ballstáit na critéir seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

cuirfidh na húdaráis inniúla tús leis na próisis údaraithe náisiúnta aonair agus cuirfidh siad na próisis sin chun feidhme i gcomhréir le sceideal arna chomhaontú go comhpháirteach;

(b)

déanfar foráil ann, i gcás inarb iomchuí, maidir le coinníollacha comhchoiteanna agus le nósanna imeachta comhchoiteanna chun cearta úsáide aonair do speictream raidió a roghnú agus a dheonú i measc na mBallstát lena mbaineann;

(c)

déanfar foráil ann, i gcás inarb iomchuí, maidir le coinníollacha comhchoiteanna nó inchomparáide a cheangal leis na cearta úsáide aonair do speictream raidió idir na Ballstáit lena mbaineann, inter alia lena gceadaítear bloic speictrim raidió chomhchosúla a shannadh d'úsáideoirí;

(d)

beidh sé ar oscailt do na Ballstáit eile, gach tráth, go dtí go mbeidh an comhphróiseas údaraithe curtha i gcrích.

I gcás, in ainneoin na spéise a léirigh na rannpháirtithe margaidh, nach ngníomhaíonn na Ballstáit go comhpháirteach, cuirfidh siad na rannpháirtithe margaidh sin ar an eolas faoi na cúiseanna atá lena gcinneadh.

CAIBIDIL III

Nósanna imeachta um chomhchuibhiú

Airteagal 38

Nósanna imeachta um chomhchuibhiú

1.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhféadfadh sé go gcruthódh éagsúlachtaí i gcur chun feidhme na gcúraimí rialála ag na húdaráis rialála náisiúnta nó ag údaráis inniúla eile na gcúraimí rialála a shonraítear sa Treoir seo bac don mhargadh inmheánach, féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC, nó tuairim RSPG más iomchuí, moltaí nó, de bhun mhír 3 den Airteagal seo, cinntí a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe na Treorach seo a áirithiú, chun cur leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus na húdaráis inniúla eile lánaird ar na moltaí dá dtagraítear i mír 1 agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile gan moladh a leanúint, cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún agus tabharfaidh sé na cúiseanna lena sheasamh.

3.   Ní chuirfear ach sainaithint cur chuige comhchuibhithe nó comhordaithe san áireamh sna cinntí arna nglacadh de bhun mhír 1 chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme neamhréireach na gcur chuige rialála ginearálta ag na húdaráis rialála náisiúnta maidir le rialáil margaí cumarsáide leictreonaí i gcur i bhfeidhm Airteagal 64 agus Airteagal 67, i gcás ina gcruthaíonn an cur chun feidhme neamhréireach sin bac don mhargadh inmheánach. Ní dhéanfar tagairt sna cinntí sin d'fhógraí ar leith arna n-eisiúint ag na húdaráis rialála náisiúnta de bhun Airteagal 32, i gcás den sórt sin, ní mholfaidh an Coimisiún dréachtchinnedh ach amháin:

(i)

tar éis dhá bhliain ar a laghad ó ghlacadh cinneadh ón gCoimisiún maidir leis an gceist chéanna, agus

(ii)

agus lánaird á tabhairt ar aon tuairim ó BEREC faoin gcás maidir le cinneadh den sórt sin a ghlacadh, tuairim a chuirfidh BEREC ar fáil laistigh de thrí mhí ón iarraidh a fháil ón gCoimisiún;

(b)

uimhriú, lena n-airítear raonta uimhreacha, inaistritheacht uimhreacha agus aitheantóirí, córais aistrithe uimhreacha agus seoltaí, agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála trí uimhir aonair éigeandála Eorpach “112”.

4.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

5.   Féadfaidh BEREC, ar a thionscnamh féin, comhairle a chur ar an gCoimisiún i dtaobh ar cheart nó nár cheart beart a ghlacadh de bhun mhír 1.

6.   Mura mbeidh moladh nó cinneadh glactha ag an gCoimisiún laistigh d'aon bhliain amháin ón dáta a nglacfaidh BEREC tuairim ina léirítear éagsúlachtaí i gcur chun feidhme na gcúraimí rialála a shonraítear sa Treoir seo ag na húdaráis rialála náisiúnta nó ag na húdaráis inniúla, a chruthódh bac don mhargadh inmheánach, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh, agus fógróidh sé na cúiseanna sin go poiblí.

I gcás ina nglacann an Coimisiún moladh i gcomhréir le mír 1 ach go leanann an cur chun feidhme díréireach, a chruthaíonn bac don margadh inmheánach, go ceann dhá bhliain eile ina dhiaidh sin, glacfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir le mír 3, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun mhír 4.

Mura mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún bliain eile tar éis aon mholta a ghlactar de bhun an dara fomhír, tabharfaidh sé fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh, agus fógróidh sé na cúiseanna sin go poiblí.

Airteagal 39

Caighdeánú

1.   Déanfaidh an Coimisiún liosta de chaighdeáin nó sonraíochtaí neamhéigeantacha a ullmhú agus a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar bhonn chun soláthar comhchuibhithe a spreagadh do líonraí cumarsáide leictreonaí, do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí agus do shaoráidí gaolmhara agus do sheirbhísí gaolmhara. I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le Treoir (AE) 2015/1535, a iarraidh gurb iad na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú (an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEE), Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec), agus Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI)) a ullmhóidh na caighdeáin.

2.   Spreagfaidh na Ballstáit úsáid na gcaighdeán nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 chun seirbhísí, comhéadain theicniúla nó feidhmeanna líonra a sholáthar, a mhéid a bhfuil géarghá leis chun idir-inoibritheacht seirbhísí, nascacht inn go hinn agus éascú malartaithe soláthraí agusinaistritheachta uimhreacha agus aitheantóirí a áirithiú, agus saoirse rogha a fheabhsú do thomhaltóirí.

Fad is nár foilsíodh na caighdeáin nó na sonraíochtaí i gcomhréir le mír 1, spreagfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na gcaighdeán nó na sonraíochtaí arna nglacadh ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú.

In éagmais na gcaighdeán nó na sonraíochtaí sin, spreagfaidh na Ballstáit cur chun feidhme caighdeán idirnáisiúnta nó moltaí arna nglacadh ag an Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (AIT), ag Comhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (CEPT), ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO) agus ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IEC).

I gcás inarb ann do chaighdeáin idirnáisiúnta, tabharfaidh na Ballstáit spreagadh do na heagraíochta Eorpacha um chaighdeánú iad a úsáid, nó codanna úsáideacha díobh a úsáid, mar bhonn do na caighdeáin a fhorbraíonn siad, ach amháin i gcás ina mbeadh na caighdeáin idirnáisiúnta sin, nó na codanna ábhartha díobh, neamhéifeachtach.

Caighdeán nó sonraíochtaí ar bith dá dtagraítear i mír 1 nó dá dtagraítear sa mhír seo, ní choiscfidh sé rochtain de réir mar a éileofaí faoin Treoir seo, nuair is indéanta sin.

3.   Más rud é nár cuireadh na caighdeáin nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 chun feidhme go hiomchuí ionas nach féidir inoibritheacht seirbhísí i mBallstát amháin nó níos mó ná sin a áirithiú, féadfar cur chun feidhme na gcaighdeán nó na sonraíochtaí sin a dhéanamh éigeantach faoin nós imeachta a leagtar amach i mír 4, a mhéid atá sé fíor-riachtanach chun an idir-inoibritheacht sin a áirithiú agus chun saoirse rogha do thomhaltóirí a fheabhsú.

4.   I gcás ina bhfuil rún ag an gCoimisiún cur chun feidhme caighdeán nó sonraíochtaí áirithe a dhéanamh éigeantach, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus fáilteoidh sé roimh bharúlacha poiblí ó na páirtithe uile lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cur chun feidhme na gcaighdeán ábhartha éigeantach trí thagairt a dhéanamh dóibh mar chaighdeáin éigeantacha i liosta na gcaighdeán nó na sonraíochtaí arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás ina measann an Coimisiún nach rannchuidíonn na caighdeáin nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 le soláthar comhchuibhithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a thuilleadh, nach bhfuil siad oiriúnach a thuilleadh do riachtanais na dtomhaltóirí, nó go gcuireann siad bac ar fhorbairtí teicneolaíochta, déanfaidh an Coimisiún na caighdeáin nó na sonraíochtaí sin a bhaint de liosta na gcaighdeán nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 1.

6.   I gcás ina measann an Coimisiún nach rannchuidíonn na caighdeáin nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 4 le soláthar comhchuibhithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a thuilleadh, nach bhfuil siad oiriúnach a thuilleadh do riachtanais na dtomhaltóirí, nó go gcuireann siad bac ar fhorbairtí teicneolaíochta, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin nó na sonraíochtaí sin a bhaint de liosta na gcaighdeán nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 1.

7.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 6 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

8.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le haon cheann de na ceanglais fhíor-riachtanacha, na sonraíochtaí comhéadain ná na caighdeáin chomhchuibhithe a bhfuil feidhm ag Treoir 2014/53/AE ina leith.

TEIDEAL V

SLÁNDÁIL

Airteagal 40

Slándáil líonraí agus seirbhísí

1.   Maidir le soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na gnóthais sin bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí agus comhréireacha chun na rioscaí do shlándáil líonraí agus do shlándáil seirbhísí a bhainistiú go hiomchuí. Ag féachaint do staid na teicneolaíochta, áireofar leis na bearta sin go mbeidh an leibhéal slándála oiriúnach do mhéid an bhaoil atá ann. Go háirithe, glacfar bearta, lena n-áirítear criptiú nuair is iomchuí, chun teagmhais slándála a chosc agus chun a dtionchar ar úsáideoirí agus ar líonraí agus seirbhísí eile a íoslaghdú.

Éascóidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise ('ENISA') an comhordú idir na Ballstáit, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle (45), chun éagsúlacht idir na ceanglais náisiúnta a sheachaint a chruthódh rioscaí slándála agus bacainní don mhargadh inmheánach.

2.   Maidir le soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí is inrochtana go poiblí, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na gnóthais sin fógra chuig an údarás inniúil gan moill mhíchuí faoi aon teagmhas slándála a raibh tionchar suntasach aige ar oibriú líonraí nó seirbhísí.

Chun tionchar teagmhais slándála a chinneadh, tabharfar na paraiméadair seo a leanas, go háirithe, san áireamh, ach fáil a bheith orthu:

(a)

líon na n-úsáideoirí a raibh tionchar ag an teagmhas slándála orthu;

(b)

an t-achar a mhair an teagmhas slándála;

(c)

raon geografach an limistéir a raibh tionchar ag an teagmhas slándála air;

(d)

a mhéid a dhéantar difear d'oibriú an líonra nó na seirbhíse;

(e)

méid an tionchair ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann, na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile, agus ENISA, a chur ar an eolas. Féadfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann an pobal a chur ar an eolas nó ceangal a chur ar na soláthraithe é sin a dhéanamh, i gcás ina measann sé gur chun leasa an phobail é an teagmhas slándála a nochtadh.

Uair sa bhliain, déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann tuarascáil achomair a thíolacadh don Choimisiún agus do ENISA maidir leis na fógraí a bheidh faighte aige agus maidir leis an ngníomhaíocht arna glacadh i gcomhréir leis an mír seo.

3.   I gcás ina mbíonn an baol ann go dtarlóidh bagairt shuaithinseach áirithe slándála i dtaca le líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide a bhíonn ar fáil don phobal, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe na líonraí nó na seirbhísí sin gach úsáideoir a d'fhéadfadh a bheith thíos leis an mbagairt sin a chur ar an eolas i dtaobh aon bhearta cosanta nó réitigh ar féidir leis na húsáideoirí iad a ghlacadh. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh na soláthraithe a gcuid úsáideoirí ar an eolas freisin faoin mbagairt.

4.   Ní dochar an tAirteagal seo do Rialachán (AE) 2016/679 ná do Threoir 2002/58/CE.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim ENISA, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina mionsonrófar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla dá dtagraítear i mír 1, agus na dálaí, an fhormáid, agus na nósanna imeachta is infheidhme i leith ceanglais fógra de bhun mhír 2. Beidh siad bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta, a mhéid is mó is féidir, agus ní choiscfidh na gníomhartha sin na Ballstáit ó cheanglais bhreise a ghlacadh d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a shaothrú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

Airteagal 41

Cur chun feidhme agus forfheidhmiú

1.   Chun go gcuirfear Airteagal 40 i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla treoracha ceangailteacha a eisiúint, lena n-áirítear na treoracha sin maidir leis na bearta is gá chun teagmhas slándála a leigheas nó chun a áirithiú nach dtarlaíonn teagmhas den chineál sin ach a sainaithnítear bagairt thromchúiseach agus le teorainneacha ama don chur chun feidhme, do sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag údaráis inniúla a cheangal ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí:

(a)

an fhaisnéis is gá a sholáthar le measúnú a dhéanamh ar shlándáil a líonraí agus a seirbhísí, lena n-áirítear beartais slándála dhoiciméadaithe; agus

(b)

dul faoi iniúchadh slándála arna dhéanamh ag comhlacht neamhspleách cáilithe nó ag údarás inniúil, agus torthaí an iniúchta sin a chur ar fáil don údarás inniúil; is é an soláthraí a íocfaidh costas an iniúchta.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí ar fad is gá ag na húdaráis inniúla chun cásanna de neamhchomhlíonadh agus a n-éifeachtaí ar shlándáil na líonraí agus na seirbhísí a fhiosrú.

4.   Chun go gcuirfear Airteagal 40 i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla cabhair a fháil ó Fhoireann Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí ('CSIRT') arna hainmniú de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2016/1148 maidir le saincheisteanna a thagann faoi chúraimí na CSIRTanna de bhun phointe 2 d'Iarscríbhinn I den Treoir sin.

5.   Rachaidh na húdaráis inniúla i mbun comhairliúcháin leis na húdaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí, leis na húdaráis inniúla de réir bhrí Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2016/1148 agus leis na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí, agus oibreoidh siad i gcomhar leis na húdaráis sin, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

CUID II

LÍONRAÍ

TEIDEAL I

IONTRÁIL SA MHARGADH AGUS IMSCARADH

CAIBIDIL I

Táillí

Airteagal 42

Táillí le haghaidh cearta úsáide do speictream raidió agus cearta chun saoráidí a shuiteáil

1.   Féadfaidh na Ballstáit a chur ar a chumas don údarás inniúil táillí a fhorchur le haghaidh cearta úsáide do speictream raidió nó le haghaidh cearta chun saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach, nó faoi bhun na maoine sin, ar maoin í a úsáidtear chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhara a sholáthar lena n-áirithítear an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní sin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bonn cirt oibiachtúil leis na táillí sin, agus go mbeidh siad trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, agus comhréireach ó thaobh na haidhme atá leo agus go gcuirfear san áireamh leo cuspóirí ginearálta na Treorach seo.

2.   Maidir le cearta úsáide do speictream raidió, féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go socraítear na táillí iarratais ar leibhéal lena n-áirithítear sannadh éifeachtach agus úsáid éifeachtach speictrim raidió, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas:

(a)

praghsanna forchoimeádta a shocrú mar bhuntáillí le haghaidh cearta úsáide do speictream raidió ag féachaint do luach na gceart sin ó thaobh na n-úsáidí malartacha a d'fhéadfadh a bheith acu;

(b)

ag cur san áireamh na costais a tharraingítear de bharr na gcoinníollacha a ghabhann leis na cearta; agus

(c)

ag cur i bhfeidhm a mhéid is féidir socruithe íoctha a bhaineann le hinrochtaineacht iarbhír chun an speictream raidió a úsáid.

CAIBIDIL II

Rochtain ar thalamh

Airteagal 43

Cearta slí

1.   Áirtheoidh na Ballstáit i gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil iarratas ar dheonú ceart úsáide a mheas:

saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phríobháideach nó phoiblí, os cionn maoin phríobháideach nó phoiblí nó faoina bun do ghnóthas údaraithe chun líonraí cumarsáide lecitreonaí poiblí a sholáthar, nó

saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phríobháideach nó phoiblí os cionn maoin phríobháideach nó phoiblí nó faoina bun do ghnóthas údaraithe chun líonraí cumarsáide a sholáthar nach líonraí don phobal iad,

áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúil sin:

(a)

gníomhú ar bhonn nósanna imeachta simplí, éifeachtúla, trédhearcacha agus a bhfuil fáil poiblí orthu, arna gcur i bhfeidhm gan idirdhealú agus gan mhoill, agus ar aon chaoi, a chinneadh a dhéanamh laistigh de shé mhí ón iarratas a fháil, ach amháin i gcás díshealbhaithe, agus

(b)

prionsabail na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe a leanúint agus coinníollacha á gceangal acu leis na cearta sin.

Féadann na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a bheith éagsúil ag brath ar an bhfuil líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí á soláthar ag an iarratasóir nó nach bhfuil.

2.   I gcás ina gcoimeádann údaráis phoiblí nó áitiúla úinéireacht nó rialú gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh deighilt struchtúrach idir an fheidhm atá freagrach as na cearta dá dtagraítear i mír 1 a dheonú agus na gníomhaíochtaí a bhaineann le húinéireacht nó le rialú.

Airteagal 44

Comhshuí agus comhroinnt eilimintí líonra agus saoráidí gaolmhara do sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí

1.   I gcás inar fheidhmigh oibreoir an ceart faoin dlí náisiúnta saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach os cionn maoin phoiblí nó phríobháideach nó faoi bhun na maoine sin, nó inar bhain sé sochar as nós imeachta chun maoin a dhíshealbhú nó a úsáid, féadfaidh na húdaráis inniúla comhshuíomh agus comhroinnt na n-eilimintí líonra agus saoráidí gaolmhara arna suiteáil ar an mbonn sin a fhorchur, chun an comhshaol, sláinte phoiblí agus slándáil phoiblí a chosaint nó chun cuspóirí pleanála baile agus tuaithe a bhaint amach.

Ní fhéadfar comhshuíomh agus comhroinnt maoine, eilimintí líonra, agus saoráidí gaolmhara arna suiteáil a fhorchur ach amháin tar éis tréimhse iomchuí de chomhairliúchán poiblí, tréimhse ina dtabharfar deis do gach páirtí leasmhar a thuairimí a chur in iúl, agus ach amháin sna limistéir ar leith ina meastar go bhfuil gá leis an gcomhroinnt sin chun na cuspóirí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír a bhaint amach. Féadfaidh údaráis inniúla comhroinnt na saoráidí nó na maoine sin a fhorchur, lena n-áirítear talamh, foirgnimh, bealaí isteach chuig foirgnimh, sreangú foirgneamh, crainn, aeróga, túir agus struchtúir tacaíochta eile, duchta, seolphíobáin, dúnphoill agus caibinéid nó bearta a éascaíonn comhordú oibreacha poiblí. I gcás inar gá, féadfaidh Ballstát údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile a ainmniú le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas:

(a)

chun comhordú a dhéanamh ar an bpróiseas dá bhforáiltear san Airteagal seo,

(b)

chun gníomhú mar phointe faisnéise

(c)

chun rialacha a leagan síos maidir le cionroinnt na gcostas a bhaineann le comhroinnt saoráide nó maoine nó le comhordú oibreacha sibhialta.

2.   Maidir leis na bearta a ghlacann údarás inniúil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh siad oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach. I gcás inarb ábhartha, cuirfear na bearta sin i gcrích i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta.

CAIBIDIL III

Rochtain ar speictream raidió

Roinn 1

Údaruithe

Airteagal 45

Speictream raidió a bhainistiú

1.   Agus lánaird á tabhairt acu gur chun leas an phobail é an speictream raidió, a bhfuil luach sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch aige, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar speictream raidió a bhainistiú go héifeachtach do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí ina gcríocha i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4. Maidir leis an leithdháileadh chun údaruithe ginearálta a eisiúint nó cearta úsáide aonair don speictream raidió do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a dheonú d'údaráis inniúla, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar sin a bhunú ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha, agus chomhréireacha atá i bhfabhar na hiomaíochta.

Agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, urramóidh na Ballstáit comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Rialacháin Raidió ITU agus comhaontuithe eile arna nglacadh laistigh de chreatlach ITU, is infheidhme maidir le speictream raidió, amhail an comhaontú ar thángthas air ag Comhdháil Radachumarsáide Réigiúnaí 2006, agus féadfaidh siad breithnithe maidir leis an mbeartas poiblí a chur san áireamh freisin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit úsáid chomhchuibhithe an speictrim raidió ag líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur chun cinn ar fud an Aontais, i gcomhréir leis an ngá atá le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú, agus chun buntáistí don tomhaltóir a bhaint amach amhail iomaíocht, barainneacht scála agus idir-inoibritheacht líonraí agus seirbhísí. Agus le linn dóibh déanamh amhlaidh, gníomhóidh siad i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir seo agus le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE, inter alia, tríd an méid seo a leanas:

(a)

cumhdach leathanbhanda gan sreang ar ardcháilíocht agus ar ardluas a shaothrú dá gcríoch náisiúnta agus dá ndaonra, mar aon le cumhdach ar mhórbhealaí iompair náisiúnta agus ar bhealaí iompair an Aontais lena n-áirítear gréasán tras-Eorpach iompair dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46);

(b)

forbairt mhear ar theicneolaíochtaí nua agus ar fheidhmchláir nua gan sreang san Aontas a éascú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cur chuige trasearnála;

(c)

intuarthacht agus comhsheasmhacht a áirithiú i ndáil le cearta úsáide do speictream raidió a dheonú, a athnuachan, a leasú, a shrianadh agus a tharraingt siar chun infheistíochtaí fadtéarmacha a chur chun cinn;

(d)

a áirithiú go gcoiscfear trasnaíocht dhíobhálach trasteorann nó náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 28 agus le hAirteagal 46 faoi seach, agus go nglacfar bearta réamhghabhálacha agus ceartaitheacha iomchuí chun na críche sin;

(e)

úsáid chomhroinnte speictrim raidió a chur chun cinn idir úsáidí comhchosúla nó difriúla den speictream raidió i gcomhréir le dlí na hiomaíochta;

(f)

an córas údaraithe is iomchuí agus lena mbaineann an t-ualach is lú agus is féidir a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 46 ar bhealach ina méadaítear ar sholúbthacht, comhroinnt agus éifeachtúlacht maidir le húsáid speictrim raidió;

(g)

rialacha a chur i bhfeidhm maidir le cearta úsáide do speictream raidió a dheonú, a aistriú, a athnuachan, a mhodhnú agus a tharraingt siar, a leagtar síos go soiléir agus go trédhearcach chun cinnteacht, comhsheasmhacht agus intuarthacht rialála a ráthú;

(h)

comhsheasmhacht agus intuarthacht a shaothrú ar fud an Aontais maidir leis an mbealach a n-údaraítear úsáid speictrim raidió ó thaobh sláinte phoiblí a chosaint lena gcuirtear san áireamh Moladh 1999/519/CE.

Chun críche na chéad fhomhíre, agus i gcomhthéacs forbartha na mbeart cur chun feidhme teicniúla i gcomhair banda speictrim raidió a fhorbairt faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, féadfaidh an Coimisiún a iarradh ar RSPG moladh a éisiúint ina moltar an réimeas/na réimis údaraithe is iomchuí maidir le húsáid speictrim raidió sa bhanda sin nó i gcodanna de. I gcás inarb iomchuí, agus lánaird a thabhairt ar an tuairim sin, féadfaidh an Coimisiún moladh a ghlacadh d'fhonn cur chuige comhsheasmhach a chur chun cinn san Aontas i ndáil leis na réimis údaraithe maidir le húsáid an bhanda sin.

I gcás ina mbeidh a mharana á dhéanamh ag an gCoimisiún maidir le bearta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 39(1), (4), (5) agus (6), féadfaidh sé a iarraidh ar RSPG tuairim a thabhairt maidir le himpleachtaí aon chaighdeáin nó sonraíochta den sórt sin le haghaidh comhordú, comhchuibhiú agus infhaighteacht speictrim raidió. Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar thuairim RSPG agus aon chéim á glacadh aige ina dhiaidh sin.

3.   I gcás easpa éilimh náisiúnta nó idirnáisiúnta sa mhargadh chun banda a úsáid sa speictrim raidió comhchuibhithe, féadfaidh na Ballstáit úsáid mhalartach an bhanda ar fad, nó cuid de, a cheadú, lena n-áirítear an úsáid atá ann cheana, i gcomhréir le mír 4 agus le mír 5 den Airteagal seo, ar choinníoll:

(a)

gur comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 23 is bonn le heaspa éilimh chun banda den sórt sin a úsáid a bheith á fáil, lena n-áirítear measúnú réamhbhreathnaitheach ar éileamh an mhargaidh;

(b)

nach gcuirtear cosc ná bac ar infhaighteacht nó úsáid banda den sórt sin i mBallstáit eile leis an úsáid mhalartach sin; agus

(c)

go dtugann an Ballstát lena mbaineann lánaird ar infhaighteacht nó úsáid fhadtéarmach banda den sórt sin san Aontas agus ar bharainneacht scála do threalamh mar thoradh ar úsáid an speictrim raidió chomhchuibhithe san Aontas.

Beidh aon chinneadh chun úsáid mhalartach a lamháil ar bhonn eisceachtúil faoi réir athbhreithniú rialta agus, déanfar athbhreithniú go pras air, ar aon chuma, ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón úsáideoir ionchais don údarás inniúil chun an banda a úsáid i gcomhréir leis an mbeart cur chun feidhme teicniúil. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh, mar aon leis na cúiseanna atá leis, agus faoi thorthaí aon athbhreithnithe.

4.   Gan dochar don dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar gach cineál teicneolaíochta a úsáidtear do sholáthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáid sa speictream raidió, ar dearbhaíodh é a bheith ar fáil le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí ina bPlean Náisiúnta um Leithdháileadh Minicíochtaí, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Féadfaidh na Ballstáit, áfach, foráil a dhéanamh maidir le srianta comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha ar na cineálacha teicneolaíochta do líonra raidió nó do rochtain gan sreang, ar teicneolaíochta iad a úsáidtear do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, i gcás ina bhfuil gá leis na srianta sin chun:

(a)

trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint;

(b)

sláinte phoiblí a chosaint ar réimsí leictreamaighnéadacha, agus lánaird á tabhairt ar Mholadh 1999/519/CE;

(c)

cáilíocht theicniúil seirbhíse a áirithiú;

(d)

méadú ar chomhroinnt speictrim raidió a áirithiú;

(e)

úsáid éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú; nó

(f)

a áirithiú go gcomhlíonfar cuspóir leasa ghinearálta i gcomhréir le mír 5.

5.   Gan dochar don dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar gach cineál teicneolaíochta a úsáidtear do sheirbhísí nó líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar sa speictream raidió, ar dearbhaíodh é a bheith ar fáil le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí ina bPlean Náisiúnta um Leithdháileadh Minicíochtaí i gcomhréir le dlí an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit, áfach, foráil a dhéanamh maidir le srianta comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha ar na cineálacha seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá le soláthar, lena n-áirítear, i gcás inar gá, chun ceanglas a chomhlíonadh faoi Rialacháin Raidió ITU.

Beidh bonn cirt le bearta lena gceanglaítear go ndéanfar seirbhís cumarsáide leictreonaí a sholáthar i mbanda ar leith ar banda é atá ar fáil do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, chun a áirithiú go gcomhlíonfar cuspóir leasa ghinearálta arna leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, agus gan a bheith teoranta dóibh:

(a)

sábháilteacht beatha;

(b)

comhtháthú sóisialta, réigiúnach nó críochach a chur chun cinn;

(c)

úsáid neamhéifeachtúil speictrim raidió a sheachaint; nó

(d)

éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus iolrachas na meán a chur chun cinn, mar shampla seirbhísí craolacháin raidió agus teilifíse a sholáthar.

Ní fhéadfar foráil a dhéanamh maidir le beart lena gcuirtear bac ar aon seirbhís cumarsáide leictreonaí eile i mbanda ar leith ach amháin i gcás ina bhfuil bonn cirt leis chun seirbhísí shábháilteacht bheatha an duine a chosaint. Féadfaidh na Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, an beart sin a leathnú chun cuspóirí leasa ghinearálta eile a chomhlíonadh arna leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais.

6.   Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú rialta ar an ngá atá leis na srianta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5, agus cuirfidh siad torthaí na n-athbhreithnithe sin ar fáil go poiblí.

7.   Comhlíonfaidh na baic a bunaíodh roimh an 25 Bealtaine 2011 mír 4 agus mír 5 faoin 20 Nollaig 2018

Airteagal 46

Úsáid speictrim raidió a údarú

1.   Éascóidh na Ballstáit úsáid speictrim raidió, lena n-airítear úsáid chomhroinnte, faoi údaruithe ginearálta agus cuirfidh siad teorainn le deonú ceart úsáide aonair i leith speictream raidió do chúinsí ina bhfuil gá leis na cearta sin chun úsáid éifeachtúil a fheabhsú i bhfianaise an éilimh, agus na critéir a leagtar amach sa dara fomhír á gcur i gcuntas. I ngach cás eile, déanfaidh siad na coinníollacha úsáide do speictream raidió a leagan amach in údarú ginearálta.

Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit cinneadh maidir leis an gcóras is fearr chun úsáid speictrim raidió a údarú, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

saintréithe sonracha an speictrim raidió lena mbaineann;

(b)

an gá le cosaint a thabhairt ar thrasnaíocht dhíobhálach;

(c)

coinníollacha iontaofa a fhorbairt do chomhroinnt speictrim raidió i gcás inarb iomchuí;

(d)

an gá cáilíocht theicniúil na cumarsáide nó na seirbhíse a áirithiú;

(e)

cuspóirí leasa ghinearálta, arna leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais;

(f)

an gá úsáid éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú.

Agus iad ag meas cibé acu is ceart nó nach ceart údaruithe ginearálta a éisiúint nó cearta úsáide aonair do speictream raidió comhchuibhithe a dheonú agus bearta cur chun feidhme teicniúla arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002 á gcur san áireamh, féachfaidh na Ballstáit le fadhbanna maidir le trasnaíocht dhíobhálach a laghdú, lena n-áirítear i gcás úsáid chomhchuibhithe an speictrim raidió ar bhonn teaglaim den údarú ginearálta agus de chearta úsáide aonair.

I gcás inarb iomchuí, measfaidh na Ballstáit an bhféadfaí úsáid speictrim raidió a údarú ar bhonn teaglaim den údarú ginearálta agus de chearta úsáide aonair, agus na tionchair is dócha a bheadh aige sin ar iomaíocht, ar nuálaíocht agus ar iontráil sa mhargadh á gcur san áireamh, ar bhonn teaglamaí difriúla d'údaruithe ginearálta agus de chearta úsáide aonair agus ar bhonn aistrithe céim ar chéim ó chatagóir amháin go catagóir eile.

Féachfaidh na Ballstáit le srianta ar úsáid speictrim raidió a laghdú trí réitigh theicneolaíocha chun trasnaíocht dhíobhálach a bhainistiú a chur san áireamh mar is iomchuí chun go bhforchuirtear an córas údaraithe lena mbaineann an t-ualach is lú is féidir.

2.   Agus cinneadh á ghlacadh acu de bhun mhír 1 d'fhonn úsáid chomhroinnte an speictrim raidió a éascú, áiritheoidh na húdaráis inniúla go leagfar amach na coinníollacha maidir le húsáid chomhroinnte an speictrim raidió. Éascófar úsáid speictrim raidió éifeachtúil, iomaíocht agus nuálaíocht leis na coinníollacha sin.

Airteagal 47

Na coinníollacha a bhaineann le cearta úsáide aonair do speictream raidió

1.   Cuirfidh na húdaráis inniúla coinníollacha mar cheangal ar chearta aonair úsáide do speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 13(1) ionas go n-áiritheofar go mbainfear an úsáid is fearr, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as speictream raidió. Roimh shannadh nó athnuachan ceart den sórt sin, bunóidh siad go soiléir aon choinníollacha den sórt sin lena n-áirítear an leibhéal úsáide a cheanglaítear, agus an fhéidearthacht an ceanglas sin a chomhlíonadh trí trádáil nó léasú chun cur chun feidhme na gcoinníollacha sin a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 30. Ní bheidh buntáistí míchuí ann do shealbhóirí reatha na gceart sin de bharr na gcoinníollacha arna gceangal le hathnuachan cirt úsáide do speictrim raidió.

Sonrófar na paraiméadair infheidhme i gcoinníollacha mar sin, lena n-áirítear an tréimhse ina mbainfear úsáid as na cearta, agus más rud é nach gcomhlíonfar na paraiméadair sin, bheadh an t-údarás inniúil i dteideal an ceart úsáide a aistarraingt nó bearta eile a fhorchur.

Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus cuirfidh siad ar an eolas ar bhealach tráthúil agus trédhearcach iad maidir leis na coinníollacha a bhaineann le cearta úsáide aonair sula bhforchuirfear iad. Cinnfidh siad na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an méid a chomhlíontar na coinníollacha sin roimh ré agus cuirfidh siad in iúl iad do na páirtithe leasmhara ar bhealach trédhearcach.

2.   Agus coinníollacha á gceangal acu le cearta úsáide aonair do speictream raidió, féadfaidh na húdaráis inniúla, go háirithe chun úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú nó cumhdach a chur chun cinn, na féidearthachtaí seo a leanas a fhoráil:

(a)

bonneagar éighníomhach nó gníomhach a bhraitheann ar speictream raidió a chomhroinnt, nó speictream raidió a chomhroinnt,

(b)

comhaontuithe rochtana fánaíochta,

(c)

nó bonneagar le haghaidh soláthar seirbhísí nó líonraí a bhraitheann ar úsáid speictrim raidió a leathadh amach go comhpháirteach.

Ní chuirfidh na húdaráis inniúla cosc ar chomhroinnt speictrim raidió sna coinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide do speictream raidió. Maidir le coinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide a bheith á gcur chun feidhme ag gnóthais de bhun na míre seo, fanfaidh siad faoi réir dhlí na hiomaíochta.

Roinn 2

Cearta úsáide

Airteagal 48

Cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú

1.   I gcás inar gá cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú, déanfaidh na Ballstáit na cearta sin a dheonú, arna iarraidh sin, d'aon ghnóthas le haghaidh soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí faoin údarú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 12, faoi réir Airteagal 13, faoi réir phointe (c) d'Airteagal 21(1), agus faoi réir Airteagal 55, agus faoi réir aon rialacha eile lena n-áirithítear úsáid éifeachtúil na n-acmhainní sin i gcomhréir leis an Treoir seo.

2.   Gan dochar do na critéir agus do na nósanna imeachta sainiúla arna nglacadh ag na Ballstáit chun cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú do sholáthraithe seirbhísí ábhair craoltóireachta raidió nó teilifíse d'fhonn cuspóirí leasa ghinearálta a shaothrú i gcomhréir le dlí an Aontais, deonófar na cearta úsáide aonair do speictream raidió trí nósanna imeachta oscailte, oibiachtúla, trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus comhréireacha, agus deonófar na cearta sin i gcomhréir le hAirteagal 45.

3.   Féadfaidh eisceacht a bheith ann do cheanglas na nósanna imeachta oscailte inar gá cearta úsáide do speictream raidió a dheonú do sholáthraithe seirbhísí ábhair craoltóireachta raidió nó teilifíse chun cuspóir leasa ghinearálta a bhaint amach arna leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais.

4.   Déanfaidh údaráis inniúla measúnú ar iarratais ar chearta úsáide aonair do speictream raidió i gcomhthéacs na nósanna imeachta roghnúcháin de bhun critéir incháilitheachta atá oibiachtúil, trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach arna leagan amach roimh ré agus ar léiriú iad ar na ceanglais a bheidh ag gabháil leis na cearta sin. Beidh na húdaráis inniúla in ann gach faisnéis is gá a iarraidh ar iarrthóirí chun measúnú a dhéanamh, ar bhonn na gcritéar sin, ar chumas na n-iarrthóirí na ceanglais sin a chomhlíonadh. Más rud é go gcinneann an t-údarás inniúil, nach bhfuil an cumas is gá ag iarrthóir, cuirfidh sé cinneadh réasúnaithe ar fáil ina gcuirfear an méid sin in iúl.

5.   Agus cearta úsáide aonair do speictream raidió á ndeonú acu, sonróidh na Ballstáit an féidir nó nach féidir le sealbhóir na gceart na cearta sin a aistriú nó a léasú, agus sonróidh siad na coinníollacha faoinar féidir é sin a dhéanamh. Beidh feidhm agAirteagal 45 agus Airteagal 51.

6.   Déanfaidh an t-údarás inniúil cinntí maidir le cearta úsáide aonair a ghlacadh, a chur in iúl agus a chur ar fáil go poiblí a luaithe is féidir tar éis don údarás inniúil an t-iarratas iomlán a fháil, agus déanfar an méid sin laistigh de shé seachtaine i gcás speictream raidió ar dearbhaíodh é a bheith ar fáil do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí ina bPlean Náisiúnta um Leithdháileadh Minicíochtaí. Beidh an teorainn ama sin gan dochar d'Airteagal 55(7) agus d'aon chomhaontú idirnáisiúnta infheidhme a bhaineann le húsáid speictream raidió nó suíomhanna fithiseacha.

Airteagal 49

Fad na gceart

1.   I gcás ina n-údaraíonn na Ballstáit speictream raidió a úsáid trí chearta úsáide aonair do thréimhse theoranta, áiritheoidh siad go ndeonaítear an ceart úsáide do thréimhse iomchuí i bhfianaise na gcuspóirí atá á saothrú i gcomhréir le hAirteagal 55(2) agus lánaird á tabhairt ar an ngá leis an iomaíocht a áirithiú agus le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú agus an nuálaíocht agus infheistíochtaí éifeachtúla a chur chun cinn, lena n-áirítear trí thréimhse iomchuí a thabhairt le haghaidh amúchadh infheistíochtaí.

2.   I gcás ina ndeonaíonn na Ballstáit cearta úsáide aonair do speictream raidió a ndearnadh na coinníollacha comhchuibhithe a bhaineann leo a bhunú le bearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE chun gur féidir úsáid seirbhísí cumarsáide leictreonaí leathanbhanda gan sreang a éascú ina leith ar feadh tréimhse theoranta, áiritheoidh siad intuarthacht rialála do shealbhóirí na gceart ar feadh tréimhse 20 bliain ar a laghad i dtaca le coinníollacha infheistíochta i gcás bonneagair a bhraitheann ar úsáid an speictrim raidió sin, agus naceanglais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á gcur san áireamh. Tá an tAirteagal seo, i gcás inarb ábhartha, faoi réir aon mhodhnú ar na coinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide sin i gcomhréir le hAirteagal 18.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstát go mbeidh na cearta sin bailí ar feadh tréimhse 15 bliana ar a laghad agus go n-áireofar, nuair is gá chun an chéad fhomhír a chomhlíonadh, síneadh leordhóthanach ar an tréimhse sin, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo.

Cuirfidh na Ballstáit na critéir ghinearálta maidir le síneadh a chur le tréimhse na gceart úsáide ar fáil, ar bhealach trédhearcach, do na páirtithe leasmhara go léir sula ndeonóidh siad cearta úsáide, mar chuid de na coinníollacha a leagtar síos faoi Airteagal 55(3) agus (6). Beidh na critéir ghinearálta sin bainteach leis an méid a leanas:

(a)

an gá atá ann úsáid éifeachtach éifeachtúil an speictrim raidió lena mbaineann a áirithiú, na cuspóirí a shaothraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 45(2), nó an gá atá ann cuspóirí leasa ghinearálta a chomhlíonadh atá bainteach le sábháilteacht an duine a chosaint, nó atá bainteach leis an ord poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an gcosaint; agus

(b)

an gá atá le hiomaíocht neamhshaofa a áirithiú.

Dhá bhliain ar a dhéanaí roimh dhul in éag na tréimhse tosaigh maidir le ceart úsáide aonair, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú oibiachtúil réamhbhreathnaitheach ar na critéir ghinearálta a leagtar síos maidir le síneadh a chur le ré an cheart sin i bhfianaise phointe (c) d'Airteagal 45(2). Ar choinníoll nach mbeidh tús curtha ag an údarás inniúil le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin i gcás neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le cearta úsáide de bhun Airteagal 30, deonóidh sé síneadh ar ré an cheart úsáide, mura rud é go bhfionnann sé nach gcomhlíonfadh an síneadh sin na critéir ghinearálta a leagtar síos i gcomhréir le pointe (a) nó (b) den tríú fomhír den mhír seo:

Ar bhonn an mheasúnaithe sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do shealbhóir an chirt maidir le cé acu a dheonófar nó nach ndeonófar síneadh ar ré an cheart úsáide.

Más rud é go bhféadfadh sé nach ndeonófaí síneadh den sórt sin ar an gceart úsáide, cuirfidh an t-údarás inniúil Airteagal 48 i bhfeidhm maidir le cearta úsáide a dheonú i leith an bhanda speictrim raidió áirithe sin.

Beart ar bith faoin mír seo, beidh sé comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach agus réasúnaithe.

De mhaolú ar Airteagal 23, beidh deis ag na páirtithe leasmhara tuairim a thabhairt maidir le dréachtbheart ar bith de bhun an tríú agus an ceathrú fomhír den mhír seo ar feadh tréimhse nach gairide ná trí mhí.

Ní dochar an mhír seo do chur i bhfeidhm Airteagal 19 ná Airteagal 30.

Agus na táillí le haghaidh cearta úsáide á suíomh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an sásra dá bhforáiltear faoin mír seo.

3.   I gcás ina mbeidh údar cuí leis, féadfaidh na Ballstáit maolú ó mhír 2 den Airteagal seo sna cásanna seo a leanas:

(a)

i limistéir theoranta gheografacha, áit nach maith nó nach ann in aon chor do rochtain ar líonraí ardacmhainne agus gur gá sin lena áirithiú go mbainfear amach cuspóirí Airteagal 45(2);

(b)

i gcás tionscadail shonracha ghearrthéarmacha;

(c)

i gcás úsáid thurgnamhach;

(d)

i gcás úsáidí speictrim raidió is féidir a bheith ann i gcomhthráth le seirbhísí leathanbhanda gan sreang, i gcomhréir le hAirteagal 45(4) agus (5); nó

(e)

i gcás úsáid mhalartach ar an speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 45(3).

4.   Féadfaidh na Ballstáit fad na gceart úsáide a leagtar síos san Airteagal seo a choigeartú lena áirithiú go rachaidh fad na gceart in éag an tráth céanna i mbanda amháin nó i roinnt bandaí.

Airteagal 50

Athnuachan ceart úsáide aonair maidir le speictrim raidió comhchuibhithe

1.   Glacfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile cinneadh ar athnuachan ceart úsáide aonair do speictream raidió comhchuibhithe go pras roimh dhul in éag fad na gceart sin ach amháin más rud é gur luadh go follasach, tráth an tsannta, nach bhféadfaí iad a athnuachan. Chun na críche sin, breithneoidh na húdaráis, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag sealbhóir na gceart, an gá atá leis an athnuachan sin, agus i cás iarraidh ó shealbhóir na gceart, ní dhéanfaidh siad an athnuachan a bhreithniú níos luaithe ná cúig bliana roimh dhul in éag fad na gceart lena mbaineann. Beidh sé sin gan dochar do chlásail um athnuachan is infheidhme maidir le cearta atá ann cheana.

2.   Agus cinneadh á ghlacadh acu de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh aird ag údaráis inniúla ar na nithe seo a leanas inter alia:

(a)

comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, in Airteagal 45(2) agus in Airteagal 48(2), agus comhlíonadh cuspóirí an bheartais phoiblí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta;

(b)

cur chun feidhme beart cur chun feidhme teicniúil arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE;

(c)

athbhreithniú ar chur chun feidhme iomchuí na gcoinníollacha a ghabhann leis an gceart lena mbaineann;

(d)

an gá le hiomaíocht a chur chun cinn, nó le haon saobhadh iomaíochta a sheachaint, i gcomhréir le hAirteagal 52;

(e)

an gá le húsáid speictrim raidió a dhéanamh níos éifeachtúla i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta nó forbairtí sa mhargadh;

(f)

an gá le cur isteach suntasach ar sheirbhísí a sheachaint;

3.   Agus athnuachan fhéideartha á breithniú acu maidir le cearta úsáide aonair do speictream raidió comhchuibhithe, agus teorainn ann maidir le líon na gceart úsáide sin de bhun mhír 2 den Airteagal seo, cuirfidh údaráis inniúla nós imeachta oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar bun agus déanfaidh siad go háirithe inter alia:

(a)

deis a thabhairt do gach páirtí leasmhar a dtuairimí a chur in iúl le comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 23; agus

(b)

luafaidh siad go soiléir na cúiseanna le hathnuachan fhéideartha den sórt sin.

Agus cinneadh á dhéanamh cearta úsáide a athnuachan nó nós roghnúcháin nua á eagrú lena ndeonófar cearta úsáide de bhun Airteagal 55, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile san áireamh aon fhianaise a d'eascair as an gcomhairliúchán a rinneadh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo maidir le héileamh sa mhargadh ó ghnóthais nach gnóthais iad a bhfuil cearta úsáide acu don speictream raidió sa bhanda lena mbaineann.

4.   I dtaca le cinneadh athnuachana ar chearta aonair úsáide i leith speictream raidió comhchuibhithe, féadfar athbhreithniú ar na táillí agus ar na téarmaí agus coinníollacha eile a ghabhann leis sin a chur i dteannta an chinnidh sin. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile na táillí do chearta úsáide a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 42 á gcomhlíonadh.

Airteagal 51

Cearta úsáide aonair do speictream raidió a aistriú nó a léasú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh gnóthais na cearta úsáide aonair do speictream raidió a aistriú do, nó a léasú le, gnóthais eile.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach bhfuil feidhm ag an mír seo i gcás inar deonaíodh cearta úsáide aonair do speictream raidió don gnóthas saor in aisce i dtosach nó i gcás inar sannadh le haghaidh craolacháin é.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra don údarás inniúil, i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta maidir le rún a bheith ag gnóthas cearta úsáide do speictream raidió a aistriú nó a léasú, lena n-áirítear aistriú iarbhír na gceart sin, agus go bpoibleofar an fógra sin. I gcás speictream raidió comhchuibhithe, comhlíonfaidh an t-aistriú sin an úsáid chomhchuibhithe sin.

3.   Lamhálfaidh na Ballstáit aistriú nó léasú ceart úsáide do speictream raidió i gcás ina gcoimeádtar na coinníollacha bunaidh a ghabhann leis na cearta úsáide. Gan dochar don ghá go n-áiritheofaí nach mbeidh saobhadh iomaíochta ann, go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 52, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

tíolacfaidh siad aistrithe agus léasanna de réir an nós imeachta is lú ualach is féidir;

(b)

ní dhiúltóidh siad cearta úsáide a léasú do speictream raidió i gcás ina ngabhann an léasóir de láimh leanúint de bheith faoi dhliteanas chun na coinníollacha bunaidh a ghabhann leis na cearta úsáide a chomhlíonadh;

(c)

ní dhiúltóidh siad aistriú na gceart úsáide do speictream raidió, ach i gcás ina bhfuil baol soiléir ann nach mbeidh an sealbhóir nua in ann na coinníollacha bunaidh do cheart úsáide a chomhlíonadh;

Aon mhuirear riaracháin a fhorchuirtear ar ghnóthais i ndáil le hiarratas a phróiseáil chun ceart úsáide do speictream raidió a aistriú nó a léasú, beidh sé i gcomhréir le hAirteagal 16.

Tá pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát comhlíonadh na gcoinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide a fhorchur aon tráth i gcás an léasóra agus an léasaí araon, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

Éascóidh údaráis inniúla aistriú nó léasú cearta úsáide aonair le haghaidh speictream raidió trí mhachnamh tráthúil a dhéanamh ar aon iarratas maidir leis na coinníollacha a ghabhann leis na cearta sin agus trína áirithiú go bhféadfar na cearta sin nó an speictream raidió lena mbaineann a dheighilt nó a imdhealú oiread is féidir.

I bhfiainise aon aistriú nó léasú ceart úsáide le haghaidh speictream raidió, cuirfidh na húdaráis inniúla na sonraí ábhartha a bhaineann le cearta aonair intrádála ar fáil go poiblí i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach tráth a gcruthófar na cearta sin, agus coimeádfaidh na húdaráis inniúla na sonraí sin fad a mhairfidh na cearta céanna.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na sonraí ábhartha sin a shonrú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

Airteagal 52

Iomaíocht

1.   Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta agus na húdaráis inniúla eile iomaíocht éifeachtach chun cinn agus seachnóidh siad saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach agus cinneadh á dhéanamh acu chun cearta úsáide do speictream raidió a dheonú, a leasú nó a athnuachan le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí i gcomhréir leis an Treoir seo.

2.   Nuair a dhéanann na Ballstáit cearta úsáide do speictream raidió a dheonú, a leasú nó a athnuachan, féadfaidh a n-údarás rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile ach comhairle a fháil ón údarás rialála náisiúnta, bearta iomchuí a dhéanamh amhail na nithe seo a leanas:

(a)

teorainn a chur le méid na mbandaí speictrim raidió a ndéantar cearta úsáide a dheonú ina leith d'aon ghnóthas, nó nuair a bhíonn údar maith leis, coinníollacha a cheangal leis na cearta úsáide sin, amhail soláthar rochtana mórdhíola, fánaíocht náisiúnta nó réigiúnach, i mbandaí áirithe nó i ngrúpaí bandaí áirithe a bhfuil saintréithe cosúla acu;

(b)

cuid ar leith de bhanda speictrim raidió nó de ghrúpa bandaí a fhorchoimeád lena sannadh d'iontrálaithe nua, más iomchuí agus má bhíonn údar maith leis, maidir le cás sonrach sa mhargadh náisiúnta;

(c)

diúltú cearta úsáide nua do speictream raidió a dheonú nó diúltú úsáidí nua speictrim raidió a cheadú i mbandaí áirithe, nó coinníollacha a cheangal le deonú ceart úsáide nua do speictream raidió nó le húdarú úsáidí nua speictrim raidió, chun saobhadh iomaíochta trí bhíthin aon sannadh, aistriú nó carnadh ceart úsáide a sheachaint;

(d)

coinníollacha a áireamh lena dtoirmisctear nó lena bhforchuirtear coinníollacha maidir le cearta úsáide do speictream raidió a aistriú, ar cearta iad nach bhfuil faoi réir rialú cumaisc an Aontais nó rialú cumaisc náisiúnta, nuair is dócha go ndéanfar dochar suntasach don iomaíocht de bharr na n-aistrithe sin;

(e)

na cearta atá ann cheana a leasú i gcomhréir leis an Treoir seo i gcás inar gá sin chun saobhadh iomaíochta trí aon aistriú nó carnadh ceart úsáide do speictream raidió a leigheas ex post.

Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, agus coinníollacha sa mhargadh agus na tagarmharcanna atá ar fáil á gcur san áireamh, a gcinneadh a bhunú ar mheasúnú oibiachtúil agus réamhbhreathnaitheach arna dhéanamh ar choinníollacha maidir le hiomaíocht sa mhargadh, i dtaobh an bhfuil gá leis na bearta sin chun iomaíocht éifeachtach a chothabháil nó a bhaint amach, agus ar na tionchair is dócha a bheadh ag na bearta sin ar infheistíochtaí atá ann cheana agus ar infheistíochtaí amach anseo arna ndéanamh ag rannpháirtithe margaidh le haghaidh leathadh amach líonraí. Le linn dóibh an méid sin a dhéanamh, cuirfidh siad an cur chuige maidir leis an anailís mhargaidh, a leagtar amach in Airteagal 67(2), san áireamh.

3.   Agus mír 2 á cur i bhfeidhm acu, gníomhóidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 18, 19, 23 agus 35.

Roinn 3

Nósanna imeachta

Airteagal 53

Uainiú comhordaithe do shannuithe

1.   Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile chun úsáid chomhchuibhithe an speictrim raidió san Aontas a chomhordú le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, agus aird iomchuí á tabhairt aige ar staideanna éagsúla na margaí náisiúnta. Féadfar a áireamh air sin dáta uasta coiteann, nó más iomchuí roinnt dátaí coiteanna, a shainaithint faoinar gá úsáid speictream raidió chomhchuibhithe a údarú.

2.   I gcás ina bhfuil coinníollacha comhchuibhithe socraithe ag bearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE chun úsáid an speictream raidió le haghaidh líonraí agus seirbhísí leathanbhanda gan sreang a chumasú, lamhálfaidh na Ballstáit úsáid an speictrim raidió sin, a luaithe is féidir agus tríocha mí ar a dhéanaí tar éis an dáta ar glacadh an beart, nó a luaithe is féidir ón uair a dhéanfar cinneadh, lena gceadaítear úsáid mhalartach ar bhonn eisceachtúil de bhun Airteagal 45(3) den Treoir seo, a tharraingt siar. Ní dochar an méid sin do Chinneadh (AE) Uimh. 2017/899 ná do cheart tionscnaimh an Choimisiúin gníomhartha reachtacha a thíolacadh.

3.   Féadfaidh Ballstát an spriocdháta dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo a chur siar i gcás banda sonrach faoi na cúinsí seo a leanas:

(a)

a mhéid a bhfuil údar leis de bhun srian ar úsáid an bhanda sin ar bhonn chuspóir an leasa ghinearálta dá bhforáiltear i bpointe (a) nó i bpointe (d) d'Airteagal 45(5);

(b)

i gcás saincheisteanna atá fós gan réiteach i dtaobh comhordú trasteorann arb é a tháinig astu go bhfuil trasnaíocht dhíobhálach ar bun ag tríú tíortha, ar choinníoll gur iarr an Ballstát dá ndéantar difear cúnamh ar an Aontas de bhun Airteagal 28(5), i gcás inarb iomchuí;

(c)

coimirciú na slándála agus na cosanta náisiúnta; nó

(d)

force majeure.

Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an mhoill sin a athbhreithniú gach re bliain ar a laghad.

4.   Féadfaidh Ballstát an spriocdháta dá bhforáiltear i mír 2 a chur siar i gcás banda sonrach a mhéid is gá agus suas le 30 mí sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás saincheisteanna atá fós gan réiteach i dtaobh comhordú trasteorann arb é a tháinig astu go bhfuil trasnaíocht dhíobhálach ar bun ag na Ballstáit, ar choinníoll go nglacann an Ballstát dá ndéantar difear gach beart is gá in am trátha de bhun Airteagal 28(3) agus (4);

(b)

go gcaithfear ascnamh teicniúil a áirithiú d'úsáideoirí atá ar an mbanda sin cheana agus i gcás gur casta sin a dhéanamh.

5.   I gcás moille, faoi mhír 3 nó faoi mhír 4, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún in am trátha, agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis an moill sin.

Airteagal 54

Uainiú comhordaithe do shannuithe i gcás bandaí sonracha 5G

1.   Faoin 31 Nollaig 2020, i gcás córais trastíre a bheadh in ann seirbhísí leathanbhanda gan sreang a chur ar fáil, déanfaidh na Ballstáit, nuair is gá sin chun leathadh 5G a éascú, gach beart iomchuí chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a)

chun bloic sách mór den bhanda 3,4-3,8 GHz a atheagrú agus chun gur féidir iad a úsáid;

(b)

chun gur féidir 1 GHz ar a laghad den bhanda 24,25-27,5 GHz a úsáid, ar choinníoll go bhfuil fianaise nithiúil ann ar éileamh sa mhargadh agus ar choinníoll nach bhfuil bacainní móra ann a chuirfeadh as d'ascnamh na n-úsáideoirí atá ann cheana ná do bhanda-ghlanadh.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, áfach, síneadh a chur leis an spriocdháta a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, i gcomhréir le hAirteagal 45(3) nó le hAirteagal 53(2), (3) nó (4).

3.   Bearta a ghlacfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, comhlíonfaidh siad na coinníollacha comhchuibhithe a leagtar síos ag bearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE.

Airteagal 55

Nós imeachta maidir le teorainn a chur le líon na gceart úsáide do speictream raidió atá le deonú

1.   Gan dochar d'Airteagal 53, i gcás ina gcinnfidh Ballstát nach féidir ceart úsáide do speictream raidió faoi réir údarú ginearálta agus i gcás ina mbreithneoidh sé cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear teorainn le líon na gceart úsáide do speictream raidió atá le deonú, déanfaidh sé an méid seo a leanas inter alia:

(a)

luafaidh sé go soiléir na cúiseanna atá le teorainn a chur le líon na gceart úsáide, go háirithe trí bhéim iomchuí a chur ar an ngá atá ann buntáistí d'úsáideoirí a fheabhsú agus le forbairt na hiomaíochta a chur chun cinn agus le hathbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta de réir mar is iomchuí nó arna iarraidh sin ag gnóthais lena mbaineann ar bhealach réasúnach;

(b)

tabharfaidh sé deis do gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear úsáideoirí agus tomhaltóirí, a dtuairimí maidir le haon teorannú a chur in iúl trí chomhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 23.

2.   I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór teorainn a chur le líon na gceart úsáide, bunóidh sé go soiléir na cuspóirí arna saothrú trí bhíthin an nós imeachta roghnúcháin iomaíoch nó comparáideach faoin Airteagal seo, tabharfaidh sé cúiseanna leis na cuspóirí sin, agus déanfaidh sé iad a chainníochtú, i gcás inar féidir sin, agus béim chuí á cur aige ar an ngá atá ann cuspóirí margaidh náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh. De bhreis ar an iomaíocht a chur chun cinn, beidh na cuspóirí a fhéadfaidh na Ballstáit a leagan amach d'fhonn an nós imeachta roghnúcháin a dhearadh teoranta do cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

cumhdach a chur chun cinn;

(b)

an cháilíocht seirbhíse is gá a áirithiú;

(c)

úsáid éifeachtúil an speictrim raidió a chur chun cinn, lena n-áirítear trí choinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide agus leibhéal na dtáillí a chur san áireamh;

(d)

nuálaíocht agus forbairt gnó a chur chun cinn.

Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile roghnú an nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear aon réamhchéim chun rochtain a fháil ar an nós imeachta roghnúcháin, a shainiú go soiléir agus tabharfaidh sé bonn cirt leis an roghnú sin. Luafaidh sé go soiléir freisin toradh aon mheasúnaithe ghaolmhair ar staid iomaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch an mhargaidh agus cuirfidh sé cúiseanna ar fáil le haghaidh úsáid fhéideartha na mbeart de bhun Airteagal 35 agus le haghaidh roghnú na mbeart sin.

3.   Foilseoidh na Ballstáit aon chinneadh ar an nós imeachta a roghnaíodh agus ar na rialacha gaolmhara, agus luafaidh siad go soiléir na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin . Foilseoidh sé freisin na coinníollacha atá i gceangal leis na cearta úsáide.

4.   Tar éis don Bhallstát an nós imeachta roghnúcháin a chinneadh, cuirfidh sé fáilte roimh iarratais ar chearta úsáide.

5.   I gcás ina gcinnfidh Ballstát gur féidir tuilleadh ceart úsáide do speictream raidió nó teaglaim d'údarú ginearálta agus ceart úsáide aonair a dheonú, foilseoidh sé an chonclúid sin agus cuirfidh sé tús leis an bpróiseas chun na cearta sin a dheonú.

6.   I gcás inar gá teorainn a chur le deonú ceart úsáide do speictream raidió, deonóidh na Ballstáit na cearta sin ar bhonn critéir roghnúcháin agus nós imeachta roghnúcháin atá oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach. Cuirfear aird chuí le haon nós imeachta roghnúcháin den sórt sin ar chuspóirí agus ceanglais Airteagail 3, 4, 28 agus 45 a bhaint amach.

7.   I gcás ina bhfuil nósanna imeachta roghnúcháin iomaíocha nó inchomparáide le húsáid, féadfaidh na Ballstáit síneadh chomh fada is gá a chur leis an uastréimhse sé seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 46 chun a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta sin cothrom, réasúnta, oscailte agus trédhearcach do na páirtithe leasmhara ar fad, ach go ceann tréimhse nach faide ná ocht mí, faoi réir aon amchláir ar leith arna bhunú de bhun Airteagal 53.

Beidh na teorainneacha ama sin gan dochar d'aon chomhaontú idirnáisiúnta infheidhme maidir le húsáid speictrim raidió nó le comhordú satailítí.

8.   Ní dochar é an tAirteagal seo d'aistriú ceart úsáide do speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 51.

CAIBIDIL IV

Imscaradh agus úsáid trealaimh líonra gan sreang

Airteagal 56

Rochtain ar líonraí achair logánta raidió

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla soláthar rochtana trí RLANanna ar líonra cumarsáide leictreonaí poiblí agus úsáid an speictrim raidió chomhchuibhithe a cheadú don soláthar sin, faoi réir na gcoinníollacha údaraithe ginearálta is infheidhme a bhaineann le húsáid speictrim raidió da dtagraítear in Airteagal 46(1), agus faoina réir sin amháin.

I gcás nach cuid de ghníomhaíocht eacnamaíoch é an soláthar sin nó gur soláthar é is coimhdeach le gníomhaíocht eacnamaíoch nó le seirbhís phoiblí nach mbraitheann ar iompar comharthaí ar na líonraí sin, ní bheidh aon ghnóthas, údarás poiblí ná úsáideoir deiridh a sholáthraíonn an rochtain sin faoi réir aon údaraithe ghinearálta chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar de bhun Airteagal 12, ná faoi réir oibleagáidí a bhaineann le cearta úsáideoirí deiridh de bhun Theideal II de Chuid III, ná faoi réir oibleagáidí chun a líonraí a idirnascadh de bhun Airteagal 61(1).

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 12 de Threoir 2000/31/CE.

3.   Ní chuirfidh na húdaráis inniúla cosc ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí nó ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí rochtain ar a líonraí a cheadú don phobal, trí RLANanna a d'fhéadfadh a bheith ar áitribh úsáideora deiridh, faoi réir chomhlíonadh choinníollacha an údaraithe ghinearálta agus chomhaontú roimh ré an úsáideora deiridh.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/2120 go háirithe, áiritheoidh údaráis inniúla nach ndéanfaidh soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí ná seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí srian a chur go haontaobhach leis an méid seo a leanas nó nach gcoiscfidh siad úsáideoirí deiridh ón méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

rochtain a fháil ar RLANanna dá rogha atá á gcur ar fáil ag tríú páirtithe; nó

(b)

rochtain ar líonraí na soláthraithe sin a cheadú ar bhonn cómhalartach nó ar bhonn níos ginearálta d'úsáideoirí deiridh eile trí RLANanna, lena n-áirítear ar bhonn tionscnaimh ó thríú páirtithe a dhéanann RLANanna úsáideoirí deiridh éagsúla a chomhiomlánú agus a chur ar fáil don phobal.

5.   Ní chuirfidh na húdaráis náisiúnta inniúla teorainn ná cosc ar úsáideoirí deiridh rochtain ar a RLANanna a cheadú, d'úsáideoirí deiridh eile, bíodh an rochtain sin cómhalartach nó ar shlí éigin eile, lena n-áirítear ar bhonn tionscnaimh ó thríú páirtithe a dhéanann RLANanna úsáideoirí deiridh éagsúla a chomhiomlánú agus a chur ar fáil don phobal.

6.   Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla soláthar rochtana poiblí ar RLANanna a shrianadh go míchuí:

(a)

do chomhlachtaí san earnáil phoiblí nó i spásanna poiblí atá gar d'áitribh ina bhfuil comhlachtaí san earnáil phoiblí, más seirbhís í atá coimhdeach leis na seirbhísí poiblí a sholáthraítear sna háitribh sin;

(b)

do thionscnaimh ó eagraíochtaí neamhrialtasacha nó ó chomhlachtaí san earnáil phoiblí chun RLANanna úsáideoirí deiridh éagsúla a chomhiomlánú agus a chur ar fáil don phobal ar bhonn cómhalartach nó ar bhonn níos ginearálta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na RLANanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu i gcomhréir le pointe (a).

Airteagal 57

Úsáid agus oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu

1.   Ní chuirfidh na húdaráis inniúla srian míchuí ar oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu. Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go mbeidh aon riail lena rialaítear úsáid pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu comhsheasmhach ar bhonn náisiúnta. Foilseofar na rialacha sin roimh theacht i bhfeidhm na rialacha sin.

Go háirithe, ní chuirfidh na húdaráis inniúla úsáid na bpointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a chomhlíonann na saintréithe a leagtar síos de bhun mhír 2 faoi réir aon chead aonair pleanála baile nó faoi réir réamhcheadanna aonair eile.

De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go mbeidh gá le ceadanna d'úsáid na bpointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu ar fhoirgnimh nó ar láithreáin a bhfuil luach ailtireachta, stairiúil nó nádúrtha ag gabháil leo, a dtugtar cosaint dóibh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó, i gcás inarb gá, ar mhaithe leis an tsábháilteacht phoiblí. Beidh feidhm ag Airteagal 7 de Threoir 2014/61/AE maidir leis na ceadanna sin a dheonú.

2.   Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na saintréithe fisiciúla agus teicniúla amhail uasmhéid, meáchan, agus i gcás inarb iomchuí, cumhacht astaíochta pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

Glacfar an chéad gníomh cur chun feidhme sin faoin 30 Meitheamh 2020.

3.   Ní dochar é an tAirteagal seo do na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos i dTreoir 2014/53/AE ná don réimeas údaraithe is infheidhme maidir le húsáid an speictrim raidió is ábhartha.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus na nósanna imeachta a glacadh i gcomhréir le Treoir 2014/61/AE á gcur i bhfeidhm acu, nuair is ábhartha, go mbeidh an ceart chun rochtana ag oibreoirí ar aon bhonneagar fisiciúil a ndéanann na húdaráis phoiblí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a rialú, atá oiriúnach ó thaobh na teicneolaíochta de chun pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a óstáil nó atá riachtanach chun pointí rochtana den chineál sin a nascadh le líonra láir, lena n-áirítear troscán sráide amhail cuaillí solais, soilse tráchta, cláir fógraí, stadanna bus agus trambhealaí agus stáisiúin meitreo. Comhlíonfaidh na húdaráis phoiblí na hiarrataí cuí-réasúnaithe uile ar rochtain ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma, réasúnacha, trédhearcach agus neamh-idirdhealaithe, cuirfear ar fail é go poiblí ag pointe aonair faisnéise.

5.   Gan dochar d'aon chomhaontuithe tráchtála, ní bheidh úsáid pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu faoi réir aon táillí nó aon mhuirir seachas an muirir riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 16.

Airteagal 58

Rialacháin theicniúla maidir le réimsí leictreamaighnéadacha

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/1535 maidir le haon dréachtbheart arna nglacadh ag na Ballstáit lena bhforchuirfí ceanglais éagsúla ar imscaradh pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu maidir le réimsí leictreamaighnéadacha seachas na cinn dá bhforáiltear i Rún 1999/519/CE.

TEIDEAL II

ROCHTAIN

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta, prionsabail rochtana

Airteagal 59

Creat ginearálta le haghaidh rochtana agus idirnascadh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon srianta ann lena gcuirfear teorainn ar ghnóthais sa Bhallstát céanna nó i mBallstáit éagsúla caibidliú a dhéanamh eatarthu féin faoi chomhaontuithe maidir le socruithe teicniúla agus tráchtála le haghaidh rochtana nó idirnasctha, i gcomhréir le dlí an Aontais. Ní gá don ghnóthas a iarrann rochtain nó idirnascadh a bheith údaraithe le hoibriú sa Bhallstát ina n-iarrtar an rochtain nó an t-idirnascadh más rud é nach soláthraíonn an gnóthas seirbhísí agus nach n-oibríonn sé líonra sa Bhallstát sin.

2.   Gan dochar d'Airteagal 114, ní chothóidh na Ballstáit bearta dlíthiúla ná bearta riaracháin lena gcuirtear ceangal ar ghnóthais, agus iad ag deonú rochtana nó idirnasctha, téarmaí agus coinníollacha éagsúla a thairiscint do ghnóthais éagsúla le haghaidh seirbhísí coibhéiseacha nó bearta lena bhforchuirtear oibleagáidí nach mbaineann leis na seirbhísí rochtana agus idirnasctha a dhéantar a sholáthar, gan dochar do na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 60

Cearta agus oibleagáidí gnóthas

1.   Beidh ceart ag oibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, agus, arna iarraidh sin ag gnóthais eile arna n-údarú amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 15, oibleagáid acu le caibidlíocht a dhéanamh eatarthu féin maidir le hidirnascadh chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a sholáthar, chun soláthar agus idir-inoibritheacht seirbhísí a áirithiú ar fud an Aontais. Déanfaidh oibreoirí rochtain agus idirnascadh a thairiscint do ghnóthais eile faoi théarmaí agus coinníollacha i gcomhréir leis na hoibleagáidí arna bhforchur ag an údarás rialála náisiúnta de bhun Airteagal 61, Airteagal 62 agus Airteagal 68.

2.   Gan dochar d'Airteagal 21, ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais a fhaigheann faisnéis ó ghnóthais eile roimh phróiseas caibidlíochta do shocruithe rochtana nó idirnaisc nó lena linn nó ina dhiaidh, go n-úsáidfidh siad an fhaisnéis sin chun na críche ar cuireadh ar fáil í, agus chuige sin amháin agus go dtabharfaidh siad urraim do rúndacht na faisnéise a tarchuireadh nó a coimeádadh. Ní chuirfidh gnóthais den sórt sin an fhaisnéis arna fáil ar aghaidh chuig aon pháirtí eile, go háirithe chuig ranna eile, chuig fochuideachtaí eile nó chuig páirtnéirí eile, a d'fhéadfadh buntáiste iomaíochta a bhaint as an bhfaisnéis sin.

3.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le caibidlíocht a dhéanamh trí bhíthin idirghabhálaithe neodracha nuair a éilíonn dálaí iomaíochta a leithéid.

CAIBIDIL II

Rochtain agus idirnascadh

Airteagal 61

Cumhachtaí agus freagrachtaí na n-údarás náisiúnta rialála agus údarás inniúil eile maidir le rochtain agus idirnascacht

1.   Ag gníomhú dóibh ar mhaithe leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, spreagfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile, i gcás phointe (b) agus phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo, agus más iomchuí, áiritheoidh siad, i gcomhréir leis an Treoir seo, rochtain agus idirnascacht leordhóthanach, agus idir-inoibritheacht seirbhísí, agus feidhmeoidh siad a bhfreagracht ar shlí a chuirfidh chun cinn an t-iomaíochas inmharthana, úsáid líonraí fíor-ardacmhainne, infheistíocht agus nuálaíocht éifeachtach, agus a thabharfaidh an sochar is fearr do na húsáideoirí deiridh.

Tabharfaidh siad treoir agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí an nós imeachta is infheidhme maidir le rochtain agus idirnascacht a fháil chun a áirithiú gur féidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus oibreoirí ag a bhfuil clúdach geografach teoranta sochar a bhaint as na hoibleagáidí a fhorchuirtear.

2.   Go háirithe, gan dochar do bhearta a fhéadfar a ghlacadh maidir le gnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i gcomhréir le hAirteagal 68, beidh údaráis rialála náisiúntanó údaráis inniúla eile, i gcás phointe (b) agus phointe (c) den fhomhír seo, in ann na nithe seo a leanas a fhorchur:

(a)

sa mhéid is gá chun nascacht inn go hinn a áirithiú, oibleagáidí ar na gnóthais atá faoi réir údarú ginearálta a rialaíonn rochtain ar úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo an oibleagáid a líonraí a idirnascadh murab amhlaidh an cás cheana féin;

(b)

i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo agus sa mhéid is gá, oibleagáidí ar na gnóthais sin atá faoi réir údarú ginearálta a rialaíonn rochtain ar úsáideoirí deiridh chun a seirbhísí a dhéanamh idir-inoibritheach;

(c)

i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo agus a bhfuil rochtain ar sheirbhísí éigeandála nó idirnascacht inn go hinn idir úsáideoirí deiridh i mbaol toisc easnamh idir-inoibritheachta a bheith ann idir seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, agus a mhéid is gá le hidirnascacht inn go hinn a áirithiú idir úsáideoirí deiridh, oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a bhaineann leibhéal suntasach cumhdaigh amach agus a bhfuil líon suntasach úsáideoirí acu, chun a seirbhísí a dhéanamh idir-inoibritheach;

(d)

sa mhéid is gá chun inrochtaineacht ar raidió digiteach agus ar sheirbhísí craoltóireachta teilifíse agus seirbhísí comhlántacha gaolmhara arna sonrú ag na Ballstáit a áirithiú d'úsáideoirí deiridh, oibleagáidí ar oibreoirí chun rochtain a sholáthar ar na saoráidí eile dá dtagraítear i gCuid II d'Iarscríbhinn II maidir le téarmaí cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

Ní fhorchuirfear na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (c) sa chéad fhomhír ach amháin:

(i)

sa mhéid is gá chun idir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide idirphearsanta a áirithiú; féadfar a áireamh ann oibleagáidí comhréireacha maidir le soláthraithe na seirbhísí sin i dtaobh faisnéis ábhartha a fhoilsiú nó a cheadú do na húdaráis agus do sholáthraithe eile faisnéis ábhartha a úsáid, a mhodhnú agus athdháileadh, nó na caighdeáin nó na sonraíochtaí a liostaítear in Airteagal 39(1) nó aon chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta ábhartha eile a úsáid agus a chur chun feidhme,

(ii)

más rud é, gur fhionn an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC agus tar éis dó lánaird a thabhairt ar thuairim BEREC, gur ann do bhagairt shuntasach do nascacht inn go hinn idir úsáideoirí deiridh ar fud an Aontais nó i dtrí gcinn de Bhallstáit ar a laghad agus gur ghlac sé bearta cur chun feidhme lena sonraítear nádúr agus raon feidhme aon oibleagáidí a fhéadfar a fhorchur.

Glacfar na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (ii) den dara fomhír i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

3.   Go háirithe, agus gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta arna iarraidh sin go cuí-réasúnta, oibleagáidí a fhorchur maidir le rochtain a dheonú ar shreanga agus ar cháblaí agus ar shaoráidí gaolmhara laistigh d'fhoirgnimh nó chomh fada leis an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin de réir mar a chinnfidh an t-údarás rialála náisiúnta, i gcás inar lasmuigh den fhoirgneamh a bhíonn an pointe sin suite. Is ceadmhach na hoibleagáidí sin a fhorchur ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí ach bonn cirt a bheith leis ar an ábhar gur neamhéifeachtach an mhaise, nó neamhphraiticiúil an rud, macasamhlú a dhéanamh ar na heilimintí sin de chuid an líonra nó ar úinéirí na sreang agus na gcáblaí sin, nuair nach iad na gnóthais a sholáthraíonn na líonraí cumarsáide leictreonaí. Féadfar a áireamh sna coinníollacha rochtana a fhorchuirtear rialacha sonracha maidir le rochtain ar eilimintí líonra den chineál sin gona saoráidí agus seirbhísí gaolmhara, trédhearcacht agus neamh-idirdhealú agus chun na costais rochtana a chionroinnt, ar costais iad a mhodhnaítear, nuair is iomchuí, chun fachtóirí rioscaí a chur san áireamh.

I gcás inarb é tátal an údaráis rialála náisiúnta, ag féachaint dó, nuair is infheidhme, do na hoibleagáidí a eascraíonn as anailís ábhartha ar an margadh, nach leor na hoibleagáidí, arna bhforchur i gcomhréir leis an gcéad fhomhír thuas, chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní arda buana fisiciúla nó eacnamaíocha ar an macasamhlú, ar bacainní iad is cúis le fadhb a bheith sa mhargadh — ar ann di cheana nó nach bhfuil ach i mbéal a beirthe — lena gcuirtear teorainn shuntasach le torthaí iomaíochta na n-úsáideoirí deiridh, féadfaidh sé síneadh a chur le forchur na n-oibleagáidí rochtana sin, ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma agus réasúnacha, chuig pointe is faide ná an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, chuig an bpointe is gaire, dar leis, do na húsáideoirí deiridh sin atá in ann óstáil a dhéanamh ar líon leordhóthanach de chuid naisc na n-úsáideoirí deiridh ionas gurb inmharthanach an óstáil sin ó thaobh an mhargaidh de ag cuardaitheoirí rochtana. Agus fad an tsínidh sin chuig pointe is faide ná an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin á chinneadh, beidh lánaird ag an údarás rialála náisiúnta ar na treoirlínte ábhartha de chuid BEREC. Más inchosanta ar fhorais teicniúla nó eacnamaíocha, is ceadmhach do na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí maidir le rochtain iarbhír nó fhíorúil a fhorchur.

Ní fhorchuirfidh údaráis rialála náisiúnta oibleagáidí i gcomhréir leis an dara fomhír ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí más rud é go gcinneann siad mar seo a leanas:

(a)

tá na saintréithe a liostaítear in Airteagal 80(1) ag an soláthraí, agus soláthraíonn sé bealach inmharthana comhchosúil eile chun teagmháil a dheanamh le húsáideoirí deiridh ar líonra fíor-ardacmhainne do ghnóthas ar bith, ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma, neamh-idirdhealaitheacha agus réasúnacha; Is ceadmhach do na húdaráis rialála náisiúnta an díolúine sin a chur i bhfeidhm ar sholáthraithe eile a thairgeann — ar théarmaí agus ar choinníollacha córa, neamh-idirdhealaitheacha agus réasúnacha — rochtain ar líonra fíor-ardacmhainne; nó

(b)

i dtaca le forchur oibleagáidí, dhéanfadh sin dochar d'inmharthanacht eacnamaíoch nó airgeadais líonra nua arna imscaradh go háirithe i gcás tionscadail bheaga áitiúla.

De mhaolú ar phointe (a) den tríú fomhír, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí a shásaíonn na critéir a leagtar síos sa phointe sin i gcás ina ndéantar maoiniú poiblí ar an líonra sin.

Faoin 21 Nollaig 2020, foilseoidh BEREC treoirlínte lena gcothófar cur chun feidhme comhleanúnach na míre seo, trí chritéir a leagan amach is ábhartha chun an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin;

(b)

an pointe sin, ar pointe é is faide ná an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, ag a mbeidh líon leordhóthanach de naisc ag úsáideoirí deiridh chun gur féidir le gnóthas éifeachtach na bacainní inmhacasamhlúcháin a sainaithníodh a shárú;

(c)

cén t-imscaradh líonra is inmheasta mar imscaradh nua;

(d)

cé na tionscadail is inmheasta mar thionscadail bheaga; agus

(e)

cé na bacainní eacnamaíocha nó fisiciúla ar mhacasamhlú atá ard agus buan.

4.   Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, maidir le gnóthais a sholáthraíonn nó atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla oibleagáidí a fhorchur ar na gnóthais sin i ndáil le comhroinnt bonneagair éighníomhaigh nó oibleagáidí chun comhaontuithe rochtana fánaíochta logánta a thabhairt i gcrích, sa dá chás, más gá go díreach chun na seirbhísí a bhraitheann ar úsáid speictrim raidió a sholáthar ar bhonn áitiúil, i gcomhréir le dlí an Aontais agus ar an gcoinníoll nach mbeidh aon bhealach inmharthana comhchosúil eile rochtana ar úsáideoirí deiridh ar fáil d'aon ghnóthas ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma agus réasúnacha. Is ceadmhach do na húdarás inniúla oibleagáidí den chineál sin a fhorchur ar choinníoll go ndearnadh foráil go soiléir don fhéidearthacht sin tráth a raibh na cearta úsáide do speictream raidió á ndeonú, agus i gcás gurb é ba údar leis na hoibleagáidí, agus sa chás sin amháin, go bhfuil imscaradh an bhonneagair lena soláthraítear líonraí nó seirbhísí sa limistéar atá faoi réir na n-oibleagáidí sin buailte ag baic dhosháraithe eacnamaíocha nó fhisiciúla, rud a fhágann gur fíorbheag rochtain — más ann di ar chor ar bith — atá ag úsáideoirí deiridh ar líonraí nó ar sheirbhísí. Más amhlaidh atá, nuair nach leor rochtain agus comhroinnt an bhonneagair éighníomhaigh féin chun dul i ngleic leis an gcás, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur maidir le bonneagar gníomhach a chomhroinnt.

Tabharfaidh na húdaráis inniúla aird ar na nithe seo a leanas:

(a)

an gá nascacht a uasmhéadú ar fud an Aontais, feadh na mórbhealaí iompair agus go háirithe i limistéir chríochacha, agus an fhéidearthacht rogha níos mó agus cáilíocht seirbhíse níos fearr a chur ar fáil d'úsáideoirí deiridh;

(b)

úsáid éifeachtach speictrim raidió;

(c)

an fhéidearthacht theicniúil nithe a chomhroinnt agus coinníollacha gaolmhara;

(d)

staid iomaíochta atá bunaithe ar bhonneagar chomh maith le hiomaíocht atá bunaithe ar sheirbhís;

(e)

nuálaíocht theicneolaíoch;

(f)

an gá sárthábhachtach go dtacófaí leis an dreasacht atá ann don óstach feidhmiú céimneach a dhéanamh ar an mbonneagar ar an gcéad dul síos.

I gcás réiteach díospóide, féadfaidh na húdaráis inniúla, inter alia, an oibleagáid speictream raidió a chomhroinnt le hóstach an bhonneagair sa limistéar ábhartha a fhorchur ar thairbhí na hoibleagáide comhroinnte nó rochtana.

5.   Beidh na hoibleagáidí agus coinníollacha a fhorchuirtear i gcomhréir le mír 1 go mír 4 den Airteagal seo oibiachtúil, trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Cuirfear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23, in Airteagal 32 agus in Airteagal 33. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus na húdaráis inniúla eile a d'fhorchuir na hoibleagáidí agus na coinníollacha sin measúnú ar thorthaí na n-oibleagáidí agus na gcoinníollacha sin laistigh de chúig bliana ó ghlacadh an bhirt roimhe sin arna ghlacadh i ndáil leis na gnóthais céanna agus a mheas an mbeadh sé oiriúnach iad a tharraingt siar nó iad a leasú i bhfianaise dálaí atá ag athrú. Cuirfidh na húdaráis sin toradh a measúnaithe in iúl i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23, Airteagal 32 agus Airteagal 33.

6.   Chun críocha mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé de chumhacht ag an údarás rialála náisiúnta idirghabháil a dhéanamh ar a thionscnamh féin i gcás ina mbeidh sé dlisteanaithe chun cuspóirí beartais Airteagal 3 a bhaint amach, i gcomhréir leis an Treoir seo agus go háirithe leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Airteagal 32.

7.   Faoin 21 Meitheamh 2020, chun rannchuidiú le sainmhíniú seasmhach ar shuíomh pointí foirceanta líonraí ag na húdaráis rialála náisiúnta, déanfaidh BEREC tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a ghlacadh maidir le cineálacha cur chuige coiteanna i leith pointe foirceanta an líonra a shainaithint i dtoipeolaíochtaí líonra éagsúla. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar na treoirlínte sin nuair atá suíomh phointí foirceanta líonra á sainmhíniú acu.

Airteagal 62

Córais rochtana coinníollaí agus saoráidí eile

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos i gCuid I d'Iarscríbhinn II maidir le rochtain choinníollach ar sheirbhísí digiteacha teilifíse agus raidió a chraoltar chuig lucht féachana agus lucht éisteachta san Aontas, beag beann ar na meáin tarchuir.

2.   I gcás ina gcinneann údarás rialála náisiúnta a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 67(1), mar thoradh ar an anailís mhargaidh sin, nach bhfuil mórán cumhacht mhargaidh ag gnóthas amháin nó níos mó ná sin ar an margadh ábhartha, féadfaidh sé na coinníollacha a leasú nó a tharraingt siar i gcás na ngnóthais sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Airteagal 32, a mhéid a bhaineann leis seo a leanas amháin:

(a)

ní dhéanfar dochar d'inrochtaineacht úsáideoirí deiridh ar chraoltaí raidió agus teilifíse agus ar chainéil agus ar sheirbhísí craoltóireachta a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 114 le leasú nó tarraingt siar den chineál sin; agus

(b)

Ni dhéanfaí dochar do na hionchais d'iomaíocht éifeachtach sna margaí seo a leanas de bharr leasú nó tarraingt siar mar seo a leanas:

(i)

seirbhísí craoltóireachta digiteacha teilifíse agus raidió san earnáil mhiondíola; agus

(ii)

córais rochtana choinníollacha agus saoráidí gaolmhara eile.

Tabharfar tréimhse fógra cuí do pháirtithe a ndéanfaidh leasú nó tarraingt siar coinníollacha den sórt sin difear dóibh.

3.   Tá na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an Airteagal seo gan dochar do chumas na mBallstát oibleagáidí i ndáil leis an ngné láithritheach d'eolairí leictreonach clár agus saoráidí liostála agus nascleanúna comhchosúla a fhorchur.

4.   D'ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dá gcuid údarás rialála náisiúnta, a luaithe is féidir tar éis 20 Nollaig 2018 agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin, athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an Airteagal seo, trí anailís mhargaidh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 67(1) chun cinneadh a dhéanamh ar cheart na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm a choinneáil, a leasú nó iad a tharraingt siar.

CAIBIDIL III

Anailís mhargaidh agus cumhacht shuntasach sa mhargadh

Airteagal 63

Gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu

1.   I gcás ina gcuireann an Treoir seo ceangal ar údaráis rialála náisiúnta a chinneadh an bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ag gnóthais i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 67, beidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo.

2.   Measfar go bhfuil cumhacht shuntasach ag gnóthas sa mhargadh, leis féin nó i gcomhar le gnóthais eile, má tá staid aige atá coibhéiseach le ceannasacht, eadhon staid eacnamaíoch láidir a thugann an chumhacht dó feidhmiú neamhspleách go mór ar a chuid iomaitheoirí, ar a chuid custaiméirí, agus ar deireadh, ar a chuid tomhaltóirí.

Go háirithe, nuair a bheidh údaráis rialála náisiúnta ag measúnú an bhfuil cumhacht cheannasach ag dhá ghnóthas nó níos mó i gcomhpháirt le chéile i margadh, feidhmeoidh na húdaráis i gcomhréir le dlí an Aontais agus tabharfaidh siad lánaird ar na treoirlínte maidir le hanailís mhargaidh agus ar an measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 64.

3.   I gcás ina mbíonn cumhacht sa mhargadh ag gnóthas i dtaca le margadh ar leith, féadfar é a ainmniú freisin ina ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach aige i dtaca le margadh eile neasghaolmhar, nuair is naisc iad na naisc atá idir an dá mhargadh lenar féidir cumhacht mhargaidh an mhargaidh ar leith a ghiaráil sa margadh a bhfuil dlúthbhaint aige leis agus cumhacht mhargaidh an ghnóthais a neartú dá réir. Dá réir sin, is ceadmhach leigheasanna lena ndírítear ar ghiaráil den chineál sin a chur i bhfeidhm sa margadh a bhfuil dlúthbhaint aige leis de bhun Airteagal 69, Airteagal 70, Airteagal 71, agus Airteagal 74.

Airteagal 64

Nós imeachta chun margaí a shainaithint agus a shainiú

1.   Tar éis dul i mbun comhairliúchán poiblí leis na húdaráis rialála náisiúnta san áireamh agus lánaird á tabhairt ar thuairim BEREC, glacfaidh an Coimisiún Moladh maidir leis na Margaí Ábhartha Táirgí agus Seirbhísí ('an Moladh'). Sainaithneofar leis an Moladh na margaí táirgí agus seirbhísí sin laistigh den earnáil chumarsáide leictreonaí a bhféadfadh a saintréithe a bheith de chineál a dhéanfaidh forchur na n-oibleagáidí rialála a leagtar amach sa Treoir seo a dhlisteanú, gan dochar do mhargaí a fhéadfar a shainiú i gcásanna sonracha faoi dhlí na hiomaíochta. Déanfaidh an Coimisiún margaí a shainiú i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta.

Cuirfidh an Coimisiún margaí táirgí agus seirbhísí san áireamh sa Mholadh más rud é, tar éis dóibh faire a dhéanamh ar threochtaí san Aontas, go bhfionnann sé go bhfuil gach ceann de na trí chritéir a liostaítear in Airteagal 67(1) á gcomhlíonadh.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Moladh sin faoin 21 Nollaig agus go rialta dá éis sin.

2.   Tar éis dul i gcomhairle le BEREC, foilseoidh an Coimisiún treoirlínte d'anailís mhargaidh agus don mheasúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh ('na treoirlínte CMS'), a bheidh i gcomhréir le prionsabail ábhartha dhlí na hiomaíochta. Áireoidh an CMS treoir do na húdaráis rialála náisiúnta maidir le coincheap na cumhachta suntasaí sa mhargadh a fheidhmiú i gcomhthéacs sonrach rialáil ex ante margaí cumarsáide leictreonaí, agus na trí chritéir a liostaítear in Airteagal 67(1) san áireamh.

3.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, agus lánaird á tabhairt acu ar an Moladh agus ar na treoirlínte CMS, na margaí ábhartha a shainiú is iomchuí do dhálaí náisiúnta, go háirithe margaí geografacha ábhartha laistigh dá gcríoch trí aird a thabhairt inter alia ar oiread na hiomaíochta atá ann ó thaobh an bhonneagair de sna réimsí sin, i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta. Ina theannta sin, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta, nuair is ábhartha, torthaí an tsuirbhé gheografaigh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 22(1) san áireamh. Leanfaidh siad na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Airteagal 32 sula ndéanfar na margaí atá éagsúil ó na margaí a aithnítear sa Mholadh a shainiú.

Airteagal 65

Nós imeachta chun margaí trasnáisiúnta a shainaithint

1.   Déanfaidh BEREC anailís ar mhargadh trasnáisiúnta féideartha má chuireann an Coimisiún nó ar a laghad dhá údarás rialála náisiúnta lena mbaineann iarraidh réasúnaithe, ina mbeidh faisnéis thacaíochta, faoina bhráid. Tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí agus lánaird á tabhairt aige ar an anailís a rinne BEREC, féadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh lena sainaithneofar margaí trasnáisiúnta i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta agus lánaird á tabhairt ar an Moladh agus ar threoirlínte CMS arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 64.

2.   I gcás na margaí trasnáisiúnta arna sainaithint i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis náisiúnta rialála lena mbaineann an anailís mhargaidh go comhpháirteach agus lánaird á tabhairt ar threoirlínte CMS agus, ar bhealach comhbheartaithe, déanfaidh siad cinneadh maidir le haon fhorchur, aon chothabháil, aon leasú nó aon tarraingt siar ar oibleagáidí rialála dá dtagraítear in Airteagal 67(4). Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann fógra i gcomhpháirt don Choimisiúin i ndáil lena ndréachtbhearta maidir le hanailís mhargaidh agus aon oibleagáidí rialála de bhun Airteagal 32 agus Airteagal 33.

Féadfaidh dhá údarás rialála náisiúnta nó níos mó fógra a thabhairt go comhpháirteach freisin faoina ndréachtbhearta maidir le hanailís mhargaidh agus aon oibleagáidí rialála in éagmais margaí trasnáisiúnta, i gcás ina measann siad go bhfuil na dálaí sa mhargadh ina ndlínsí faoi seach aonfhoirmeach a ndóthain.

Airteagal 66

Nós imeachta chun éileamh trasnáisiúnta a shainaithint

1.   Déanfaidh BEREC anailís ar éileamh trasnáisiúnta úsáideoirí deiridh do tháirgí agus do sheirbhísí a sholáthraítear laistigh den Aontas i gceann amháin nó níos mó de na margaí a liostaítear sa Mholadh, má fhaigheann sé iarraidh réasúnaithe ina dtugtar fianaise tacaíochta ón gCoimisiún nó ó dhá údarás rialála náisiúnta lena mbaineann ar a laghad ina léirítear go bhfuil fadhb thromchúiseach ann i dtaca le héileamh ar gá aghaidh a thabhairt uirthi. Féadfaidh BEREC anailís den sórt sin a dhéanamh freisin má fhaigheann sé iarraidh réasúnaithe ó rannpháirtithe sa mhargadh a chuireann dóthain fianaise tacaíochta ar fáil agus má mheasann sé go bhfuil fadhb thromchúiseach ann i dtaca le héileamh ar gá aghaidh a thabhairt uirthi. Tá anailís BEREC gan dochar d'aon torthaí margaí trasnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 65(1) agus d'aon torthaí margaí geografacha náisiúnta nó fo-náisiúnta arna gcur ar fáil ag údaráis rialála náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 64(3).

Féadfar a bheith san áireamh san anailís sin ar éileamh trasnáisiúnta d'úsáideoirí deiridh táirgí agus seirbhísí sholáthraítear laistigh de mhargaí táirgí agus seirbhísí ar sainíodh iad ar bhealaí éagsúla ag údarás rialála náisiúnta amháin nó níos mó agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh, ar choinníoll gur féidir na táirgí agus na seirbhísí sin a chur in ionad na dtáirgí agus na seirbhísí sin a sholáthraítear i gceann amháin de na margaí a liostaítear sa Mholadh.

2.   Má chinneann BEREC go bhfuil éileamh trasnáisiúnta d'úsáideoirí deiridh ann, go bhfuil sé suntasach agus nach bhfuil soláthar a chuirtear ar fáil ar bhonn tráchtála nó ar bhonn rialáilte ag freastal go leordhóthanach ar an éileamh sin, déanfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a eisiúint maidir le cineálacha cuir chuige coiteanna d'údaráis rialála náisiúnta chun freastal ar an éileamh trasnáisiúnta arna shainaithint, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, nuair a fhorchuireann siad leigheasanna i gcomhréir le hAirteagal 68. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar na treoirlínte sin agus a gcúramaí rialúcháin á gcomhlíonadh acu laistigh dá ndlínse féin. Féadfaidh na treoirlínte sin a bheith ina mbonn don idiroibritheacht i measc táirgí rochtana mórdhíola ar fud an Aontais agus d'fhéadfaí a áireamh orthu treoir maidir le comhchuibhiú a dhéanamh ar shonraíochtaí teicniúla na dtáirgí rochtana mórdhíola sin darb acmhainn freastal ar éileamh trasnáisiúnta den chineál sin.

Airteagal 67

An nós imeachta um anailís mhargaidh

1.   Cinnfidh na húdaráis rialála náisiúnta an bhfuil margadh ábhartha a sainíodh i gcomhréir le hAirteagal 64(3) ina mhargadh den chineál a thabharfadh bonn cirt leis na hoibleagáidí rialála, a leagtar amach sa Treoir seo, a fhorchur air. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar anailís, nuair is iomchuí, i gcomhar leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar threoirlínte CMS agus leanfaidh siad na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Airteagal 32 nuair a bheidh anailís den sórt sin á déanamh acu.

Féadfar margadh a bheith ina mhargadh den chineál chun bonn cirt a thabhairt le forchur na n-oibleagáidí rialála a leagtar amach sa Treoir seo má chomhlíontar na critéir seo ar fad a leanas:

(a)

go bhfuil bacainní struchtúracha, dlíthiúla nó rialála ar iontráil ann atá ard agus nach bhfuil neamhbhuan;

(b)

gur ann do struchtúr margaidh nach gnách dó cur le hiomaíocht éifeachtach laistigh den spriocdháta ábhartha, ag féachaint do chúrsaí iomaíochta atá bunaithe ar an mbonneagar agus ar fhoinsí iomaíochta eile taobh thiar de na bacainní ar iontráil;

(c)

nach leor dlí na hiomaíochta amháin chun aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar an teip/na teipeanna a sainaithníodh sa mhargadh.

Nuair a dhéanann údarás rialála náisiúnta anailís ar mhargadh atá san áireamh sa Mholadh, breithneoidh sé gur comhlíonadh pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den dara fomhír, mura gcinneann an t-údarás rialála náisiúnta nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir sin sna himthosca sonracha náisiúnta.

2.   I gcás ina ndéanfaidh údarás rialála náisiúnta an anailís a cheanglaítear le mír 1, breithneoidh sé forbairtí ó dhearcadh réamhbhreathnaitheach in éagmais rialachán arna fhorchur ar bhonn an Airteagail seo sa mhargadh ábhartha, agus na nithe seo ar fad a leanas á gcur san áireamh:

(a)

forbairtí margaidh a dhéanann dochar don dóchúlacht go mbogfaidh an margadh ábhartha i dtreo iomaíocht éifeachtúil;

(b)

gach srian ábhartha ar iomaíocht, ar leibhéal mhórdhíola agus mhiondíola, beag beann ar cibé acu a mheastar foinsí na srianta sin a bheith ina líonraí cumarsáide leictreonaí, ina seirbhísí cumarsáide leictreonaí, nó ina gcineálacha eile seirbhísí nó feidhmchlár ar féidir iad a chur i gcomórtas le chéile ó dhearcadh an úsáideora deiridh, agus beag beann ar na srianta sin a bheith mar chuid den mhargadh ábhartha nó gan a bheith mar chuid den mhargadh ábhartha;

(c)

cineálacha eile rialála nó de bhearta arna bhforchur ar an margadh ábhartha nó ar an margadh miondíola gaolmhar nó ar na margaí miondíola gaolmhara agus a dhéanann difear dóibh ar feadh na tréimhse ábhartha, lena n-áirítear, gan teorainn, oibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 44, le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61;

(d)

rialáil arna fhorchur ar mhargaí ábhartha eile ar bhonn an Airteagail seo.

3.   I gcás ina bhfionnfaidh údarás rialála náisiúnta nach bhféadfar margadh ábhartha a bheith amhlaidh chun forchur oibleagáidí rialála a dhlisteanú i gcomhréir leis an nós imeachta i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, nó i gcás nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo á gcomhlíonadh, ní dhéanfaidh sé aon oibleagáidí rialála sonracha a fhorchur ná a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 68. I gcásanna ina bhfuil oibleagáidí rialála earnáilsonracha forchurtha cheana i gcomhréir le hAirteagal 68, tarraingeoidh sé siar na hoibleagáidí sin atá curtha ar ghnóthais sa mhargadh ábhartha sin.

Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go bhfaighidh páirtithe a ndéanann tarraingt siar na n-oibleagáidí sin difear dóibh tréimhse fógra iomchuí, ar tréimhse í a bheidh sainithe trí chothromaíocht bhaint amach idir an gá a riachtanaí atá sé idirthréimhse inbhuanaithe a bheith ann do thairbhithe na n-oibleagáidí sin agus do na húsáideoirí deiridh, roghanna an úsáideora deiridh, agus nach leanfar leis an rialachán sin thar a bhfuil riachtanach. Agus an tréimhse fógra sin á socrú acu, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta coinníollacha sonracha agus tréimhsí fógra sonracha a chinneadh i ndáil le comhaontuithe rochtana atá ann cheana.

4.   I gcás ina gcinneann údarás rialála náisiúnta go bhfuil údar leis na hoibleagáidí rialála a fhorchur, i margadh ábhartha, i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh sé aon ghnóthais a shainiú a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu ar bhonn aonair nó go comhpháirteach i ndáil leis an margadh ábhartha sin i gcomhréir le hAirteagal 63. Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta oibleagáidí sonracha rialála iomchuí a fhorchur ar na gnóthais sin, i gcomhréir le hAirteagal 68 nó déanfaidh sé oibleagáidí den sórt sin a choimeád nó a leasú i gcás inarb ann dóibh cheana féin, má mheasann sé nach mbeadh an toradh a bheadh ann do na húsáideoirí deiridh iomaíoch ar bhealach éifeachtach d'uireasa na n-oibleagáidí sin.

5.   Beidh na bearta a dhéantar i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo faoi réir na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 32. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta anailís ar an margadh ábhartha agus fógróidh sé an dréachtbheart comhfhreagrach i gcomhréir le hAirteagal 32:

(a)

laistigh de chúig bliana ón uair a glacadh beart roimhe sin i gcás ina bhfuil an margadh ábhartha sainithe ag an údarás rialála náisiúnta agus cinneadh déanta aige cé na gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu; féadfar an tréimhse cúig bliana sin a fhadú, ar bhonn eisceachtúil, suas go ceann tréimhse bliana, i gcás inar thug an t-údarás rialála náisiúnta fógra don Choimisiún faoi shíneadh réasúnaithe arna mholadh, tráth nach déanaí ná ceithre mhí roimh dhul in éag na tréimhse cúig bliana, agus nach ndearna an Coimisiún agóid laistigh de mhí amháin tar éis an fógra faoin síneadh a fháil;

(b)

laistigh de thrí bliana tar éis Moladh athbhreithnithe a ghlacadh maidir le margaí ábhartha, le haghaidh margaí nár seoladh fógra fúthu chuig an gCoimisiún roimhe sin; nó

(c)

laistigh de thrí bliana óna n-aontachas, do Bhallstáit a tháinig isteach san Aontas le déanaí.

6.   I gcás ina measann údarás rialála náisiúnta i ndáil le margadh ábhartha a sainaithníodh sa Mholadh, nach bhfuil a anailís críochnaithe nó nach mbeidh sé in ann í a chríochnú laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 5 den Airteagal seo déanfaidh BEREC, arna iarraidh sin, cúnamh a chur ar fáil don údarás rialála náisiúnta lena mbaineann chun an anailís ar an margadh ábhartha agus ar na hoibleagáidí sonracha atá le forchur a chríochnú. Leis an gcúnamh sin, tabharfaidh an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann fógra faoin dréachtbheart don Choimisiún laistigh de shé mhí ón teorainn a leagtar síos i mír 5 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 32.

CAIBIDIL IV

Leigheasanna rochtana a fhorchuirtear ar ghnóthais le cumhacht shuntasach sa mhargadh

Airteagal 68

Forchur, leasú nó tarraingt siar oibleagáidí

1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 69 go 74 agus in Airteagail 76 go 81 a fhorchur.

2.   Más rud é, mar thoradh ar anailís mhargaidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 67, go n-ainmnítear gnóthas mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige i margadh sonrach, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 69 go 74 agus in Airteagail 76 agus 80 a fhorchur mar is iomchuí. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, roghnóidh údarás rialála náisiúnta an bealach is lú cunórtas chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh san anailís mhargaidh.

3.   Ní dhéanfaidh údaráis rialála náisiúnta na hoibleagáidí arna leagan síos in Airteagail 69 go 70 agus in Airteagail 76 agus 80 a fhorchur ach amháin ar ghóthais a ainmníodh mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)

Airteagal 61 agus Airteagal 62,

(b)

Airteagal 44 agus Airteagal 17 den Treoir seo, Coinníoll 7 i gCuid D d'Iarscríbhinn I mar a chuirtear i bhfeidhm de bhua Airteagal 13(1) den Treoir seo, Airteagail 97 agus 106 den Treoir seo agus na forálacha ábhartha de Threoir 2002/58/CE ina bhfuil oibleagáidí ar ghnóthais seachas iad sin a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, nó

(c)

a riachtanaí atá sé gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh,

I gcásanna eisceachtúla, nuair a bheartaíonn údarás rialála náisiúnta oibleagáidí le haghaidh rochtana nó idirnasctha seachas iad sin a leagtar amach in Airteagail 69 go 74 agus in Airteagail 76 agus 80 a fhorchur ar ghnóthais a bhfuil chumhacht shuntasach sa mhargadh acu, seolfaidh sé iarratas chuig an gCoimisiún.

Agus an aird is mó is féidir á tabhairt ar thuairim BEREC, glacfaidh an Coimisiún cinntí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme lena n-údaraítear údarás rialála náisiúnta nó lena gcoisctear ar údarás rialála náisiúnta bearta den sórt sin a ghlacadh.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 118(3).

4.   Na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh siad:

(a)

bunaithe ar chineál na faidhbe arna sainaithint ag údarás rialála náisiúnta ina anailís mhargaidh, agus sainaithint an éilimh thrasnáisiúnta de bhun Airteagal 66 á cur san áireamh nuair is iomchuí;

(b)

comhréireach, ag féachaint, i gcás inar féidir, do na costais agus na sochair;

(c)

beidh údar cuí leo i bhfianaise na gcuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3; agus

(d)

arna bhforchur tar éis comhairliúchán a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 23 agus le hAirteagal 32.

5.   I ndáil leis an gá atá ann gealltanais idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta fógra don Choimisiún faoi chinntí oibleagáidí a fhorchur ar ghóthais, nó na hoibleagáidí sin a leasú nó iad a tharraingt siar, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32.

6.   Breithneoidh na húdaráis rialála náisiúnta an tionchar a bheidh ag forbairtí margaidh nua, amhail i ndáil le comhaontuithe tráchtála, lena n-áirítear comhaontuithe comhinfheistíochta, a bhfuil tionchar acu ar an dinimic iomaíochta.

Mura bhfuil na forbairtí sin tábhachtach a ndóthain gur gá anailís mhargaidh nua i gcomhréir le hAirteagal 67, measúnóidh an t-údarás rialála náisiúnta gan mhoill an bhfuil sé riachtanach athbhreithniú a dhéanamh ar na hoibleagáidí a forchuireadh ar ghnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus aon chinneadh a rinneadh roimhe sin a leasú, lena n-áirítear trí oibleagáidí a aistarraingt nó oibleagáidí nua a fhorchur, chun a áirithiú go leanfaidh na hoibleagáidí sin de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo. Ní fhorchuirfear na leasuithe sin nó go ndéanfar comhairliúchán i gcomhréir le hAirteagail 23 agus 32.

Airteagal 69

Oibleagáidí na trédhearcachta

1.   Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, oibleagáidí do thrédhearcacht i ndáil le hidirnascacht nó le rochtain a fhorchur, arb oibleagáidí iad lena gceanglaítear ar ghnóthais faisnéis shonrach a chur ar fáil go poiblí, amhail faisnéis chuntasaíochta, praghsanna, sonraíochtaí teicniúla, tréithe líonra agus forbairtí a meastar a thiocfaidh orthu, chomh maith le téarmaí agus coinníollacha le haghaidh soláthair agus úsáide, lena n-áirítear aon choinníollacha lena n-athrófaí an rochtain ar sheirbhísí agus ar fheidhmchláir nó a n-úsáid, go háirithe maidir le haistriú ó bhonneagar leagáide, i gcás ina gceadaíonn na Ballstáit na coinníollacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

2.   Go háirithe i gcás ina bhfuil oibleagáidí neamh-idirdhealaithe ar ghnóthas, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta ceanglas a chur ar an oibreoir sin tairiscint tagartha a fhoilsiú, a bheidh díchuachta go leordhóthanach chun a áirithiú nach bhfuil de cheangal ar ghnóthais íoc as saoráidí nach bhfuil gá leo don tseirbhís arna iarraidh. Cuirfear sa tariscint sin tuairisc ar na tairiscintí ábhartha roinnte ina gcomhpháirteanna de réir riachtanais an mhargaidh, agus na dtéarmaí agus na gcoinníollacha gaolmhara lena n-áirítear praghsanna. Féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta, inter alia, athruithe a fhorchur ar thairiscintí tagartha chun éifeacht a thabhairt d'oibleagáidí a fhorchuirfear faoin Treoir seo.

3.   Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an fhaisnéis bheacht atá le cur ar fáil, leibhéal an mhionsonraithe is gá agus an chaoi a bhfoilseofar í a shonrú.

4.   Faoin 21 Nollaig 2019, d'fhonn rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na n-oibleagáidí trédhearcachta, eiseoidh BEREC, tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte maidir leis na critéir íosta le haghaidh tairiscint tagartha agus déanfar iad a athbhreithniú uair ar bith is gá chun iad a chur in oiriúint d'fhorbairtí teicneolaíochta agus margaidh. Agus critéir íosta mar sin á gcur ar fáil, saothróidh BEREC na cuspóirí atá in Airteagal 3, agus tabharfaidh sé aird ar riachtanais thairbhithe na n-oibleagáidí rochtana agus úsáideoirí deiridh atá gníomhach i níos mó ná Ballstát amháin, agus ar aon treoirlínte BEREC lena ndéantar éileamh trasnáisiúnta a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 66 agus ar aon chinneadh ón gCoimisiún lena mbaineann.

D'ainneoin mhír 3 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil oibleagáidí ar ghnóthais faoi Airteagal 72 nó Airteagal 73 maidir le rochtain ar bhonneagar líonra mórdhíola, áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta go bhfoilsítear tairiscint tagartha ag tabhairt lánaird ar threoirlínte BEREC maidir leis na critéir íosta le haghaidh tairiscint tagartha, áiritheoidh siad go sonrófar, nuair is ábhartha, na príomhtháscairí feidhmíochta, mar aon le leibhéil chomhfhreagracha na seirbhísí, agus déanfaidh siad faireachán géar orthu agus áiritheoidh siad go ndéanfar iad a chomhlíonadh. Sa bhreis air sin, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, i gcás inar gá, na pionóis ghaolmhara airgeadais a réamhchinneadh i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 70

Oibleagáidí maidir le neamh-idirdhealú

1.   Féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, oibleagáidí maidir le neamh-idirdhealú a fhorchur, i ndáil le hidirnascacht nó rochtain.

2.   Déanfaidh oibleagáidí neamh-idirdhealaithe a áirithiú, go háirithe, go gcuireann an gnóthas coinníollacha coibhéiseacha i ndálaí coibhéiseacha i bhfeidhm ar sholáthraithe seirbhísí coibhéiseacha, agus go soláthraíonn sé seirbhísí agus eolas chuig dreamanna eile faoi na coinníollacha céanna agus den cháilíocht chéanna mar a sholáthraíonn sé dá sheirbhísí féin iad, nó dá fhochuideachtaí nó dá chomhpháirtithe féin. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur ar anngnóthas sin táirgí agus seirbhísí rochtana a chur ar fáil do gach gnóthas, lena n-áirítear dó féin, faoi na hamscálaí, téarmaí agus coinníollacha céanna, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le leibhéil phraghais agus seirbhíse, agus trí bhíthin na gcóras agus na bpróiseas céanna, chun coibhéis rochtana a áirithiú.

Airteagal 71

Oibleagáid um dheighilt cuntasaíochta

1.   Féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le forálacha Airteagal 68, oibleagáidí do dheighilt cuntasaíochta a fhorchur i ndáil le gníomhaíochtaí sonraithe maidir le hidirnascacht nó rochtain.

Go háirithe, féadfaidh údarás rialála náisiúnta a éileamh ar chuideachta atá comhtháite go ceartingearach a praghsanna mórdhíola agus a praghsanna aistritheacha inmheánacha inter alia a dhéanamh trédhearcach chun comhlíonadh a áirithiú i gcás ina bhfuil oibleagáid ann le haghaidh neamh-idirdhealú faoi Airteagal 70 nó, i gcás inar gá, chun tras-fhóirdheonú éagothrom a chosc. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an fhormáid agus an mhodheolaíocht cuntasaíochta atá le húsáid a shonrú.

2.   Gan dochar d'Airteagal 20, chun a fhíordheimhniú go bhfuil na hoibleagáidí trédhearcachta agus neamh-idirdhealaithe á gcomhlíonadh, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal go gcuirfí taifid chuntasaíochta, lena n-áirítear sonraí ar ioncaim arna bhfáil ó thríú páirtithe, ar fáil arna iarraidh sin. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta pé eolas a rannchuideodh le margadh oscailte agus iomaíoch a fhoilsiú, agus rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta maidir le rúndacht tráchtála á gcomhlíonadh acu.

Airteagal 72

Rochtain ar innealtóireacht shibhialta

1.   Féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais chun go gcomhlíonfaí iarratais réasúnacha chun rochtain a fháil ar innealtóireacht shibhialta agus úsáid a bhaint aisti lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta dó sin, rochtain agus úsáid gan teorainn maidir le foirgnimh nó bealaí isteach i bhfoirgnimh, cáblaí i bhfoirgnimh lena n-áirítear sreangú, aeróga, túir agus struchtúir tacaíochta eile, cuaillí, crainn duchtanna, seolphíobáin, dúnphoill iniúchta, dúnphoill, agus caibinéid, i gcásanna ina gcinneann an t-údarás rialála náisiúnta, tar éis an anailís mhargaidh a mheas, go gcuirfeadh diúltú rochtana nó rochtain a thugtar faoi théarmaí agus coinníollacha míréasúnta a bhfuil éifeacht chomhchosúil aici bac ar mhargadh iomaíoch inbhuanaithe a theacht chun cinn agus nach mbeadh sé chun leasa an úsáideora deiridh.

2.   Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais chun rochtain a chur ar fáil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beag beann ar na sócmhainní a ndéanfadh an oibleagáid sin difear dóibh a bheith ina gcuid den mhargadh ábhartha nó gan a bheith ina gcuid den mhargadh ábhartha i gcomhréir leis an anailís mhargaidh, ar choinníoll go bhfuil gá leis an oibleagáid agus go bhfuil sí comhréireach chun cuspóirí Airteagal 3 a chomhlíonadh.

Airteagal 73

Oibleagáidí rochtana ar eilimintí sonracha líonra agus saoráidí gaolmhara agus a n-úsáid

1.   Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthas chun go gcomhlíonfaí iarratais réasúnacha chun rochtain a fháil ar eilimintí sonracha líonra agus saoráidí gaolmhara agus úsáid a bhaint astu, i gcásanna ina measann na húdaráis rialála náisiúnta go gcuirfeadh diúltú rochtana nó rochtain a thugtar faoi théarmaí agus coinníollacha míréasúnta a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu bac ar mhargadh iomaíoch inbhuanaithe a theacht chun cinn ar an leibhéal miondíola agus nach mbeadh sé chun leasa an úsáideora deiridh.

Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta a cheangal ar oibreoirí inter alia:

(a)

rochtain, agus cead úsáide a thabhairt don tríú páirtí ar eilimintí fisiciúla sonracha den líonra agus ar shaoráidí gaolmhara a bhaineann leo, mar is iomchuí, lena n-áirítear rochtain dhíchuachta ar an lúb logánta agus ar an bhfo-lúb logánta;

(b)

rochtain a thabhairt do thríú páirtithe ar eilimintí agus ar sheirbhísí sonracha gníomhacha nó fíorúla an líonra;

(c)

dul i mbun caibidlíochta de mheon macánta le gnóthais atá ag iarraidh rochtana;

(d)

gan rochtain ar shaoráidí a deonaíodh cheana a tharraingt siar;

(e)

seirbhísí sonracha a sholáthar ar bhonn mórdhíola lena n-athdhíol ag tríú páirtithe;

(f)

rochtain oscailte a thabhairt ar chomhéadain theicniúla, ar phrótacail nó ar theicneolaíochtaí tábhachtacha eile atá bunriachtanach d'idir-inoibritheacht seirbhísí nó seirbhísí líonraí fíorúla;

(g)

comhshuíomh nó foirmeacha eile de chomhroinnt saoráidí gaolmhara a sholáthar;

(h)

seirbhísí sonracha a sholáthar, a theastaíonn leis an idiroibritheacht a áirithiú idir seirbhísí inn ar inn agus lucht a n-úsáidte, nó fánaíocht ar líonraí móibíleacha;

(i)

chun go soláthrófaí rochtain ar chórais tacaíochta oibriúcháin nó ar chórais bogearraí chomhchosúla, is gá chun iomaíocht chothrom a áirithiú i soláthar seirbhísí;

(j)

chun líonraí nó saoráidí líonraí a idirnascadh;

(k)

chun rochtain ar sheirbhísí gaolmhara amhail céannacht, suíomh agus seirbhís láithreachta a sholáthar.

Féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta na ceanglais sin a chur faoi réir coinníollacha faoina gcuimseofar an chothroime, an réasúntacht agus an phrapúlacht.

2.   I gcás ina mbeidh na húdaráis rialála náisiúnta ag meas a iomchuí atá aon cheann de na sainoibleagáidí féideartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go háirithe agus meas á dhéanamh acu, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ar cé acu a bhforchuirfear na hoibleagáidí sin agus ar an gcaoi a ndéanfar sin, déanfaidh siad anailís ar an méid seo — an leor bealaí eile rochtana ar ionchuir mhórdhíola ar an margadh mórdhíola céanna nó ar mhargadh gaolmhar chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a sainaithníodh agus leas an úsáideora deiridh á saothrú. Áireofar sa mheasúnú sin tairiscintí ar rochtain tráchtála, rochtain rialáilte de bhun Airteagal 61, nó rochtain rialáilte ar ann di cheana féin nó atá á beartú ar ionchuir eile mhórdhíola de bhun an Airteagail seo. Cuirfidh údaráis rialála náisiúnta na fachtóirí seo a leanas san áireamh go háirithe:

(a)

an inmharthanacht theicniúil agus eacnamaíoch saoráidí atá in iomaíocht le chéile a úsáid nó a shuiteáil, i bhfianaise an ráta ag a bhfuil an margadh ag forbairt, agus nádúr agus an cineál idirnascacht nó rochtain atá ann á gcur san áireamh, lena n-áirítear inmharthanacht táirgí rochtana réamhtheachtacha eile amhail rochtain ar dhuchtanna;

(b)

an éabhlóid teicneolaíochta ionchasach a dhéanfaidh difear do dhearadh agus do bhainistiú an líonra;

(c)

a riachtanaí atá sé an neodracht theicneolaíoch a áirithiú lena chur ar chumas na bpáirtithe a líonraí féin a dhearadh agus a bhainistiú;

(d)

an fhéidearthacht an rochtain atá tairgthe a sholáthar, i ndáil leis an toilleadh atá ar fáil;

(e)

an infheistíocht bhunaidh a rinne úinéir na saoráide, agus aon infheistíocht phoiblí a rinneadh agus na rioscaí a bhaineann leis an infheistíocht a dhéanamh go háirithe i dtaca le hinfheistíochtaí i líonraí fíor-ardacmhainne agus na leibhéil rioscaí a bhaineann leo á gcur san áireamh;

(f)

a riachtanaí atá sé an t-iomaíochas a choimirciú go fadtéarmach, go háirithe i dtaca le hiomaíochas bonneagarbhunaithe atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de agus múnlaí nuálacha gnó a thacaíonn leis an iomaíochas inbhuanaithe, amhail iad siúd atá bunaithe ar an gcomhinfheistíocht i líonraí;

(g)

nuair is iomchuí, aon chearta maoine intleachtúla ábhartha;

(h)

soláthar seirbhísí uile-Eorpacha.

I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag údaráis rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, maidir le ceanglais a fhorchur de bhun Airteagal 72 nó de bhun an Airteagail seo, scrúdóidh sé ar chomhréireach an mhaise gan aon oibleagáidí eile a fhorchur ach iad siúd de chuid Airteagal 72 amháin chun an t-iomaíochas agus leas an úsáideora deiridh a chur chun cinn.

3.   Agus oibleagáidí á bhforchur acu ar ghnóthas maidir le rochtain a thabhairt i gcomhréir leis an Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta coinníollacha teicniúla nó oibríochtúla a leagan síos agus a fhorchur ar an soláthraí nó ar thairbhithe na rochtana sin, nuair is gá sin chun gnáthoibriú an líonra a áirithiú. Na hoibleagáidí chun caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla sonracha a leanúint, comhlíonfaidh siad na caighdeáin agus na sonraíochtaí a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 39.

Airteagal 74

Rialú praghsanna agus oibleagáidí cuntasaíochta costála

1.   Féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, oibleagáidí maidir le haisghnóthú costas agus rialú praghsanna a fhorchur, lena n-áirítear oibleagáidí le haghaidh treoshuíomh costas do phraghsanna agus oibleagáidí a bhaineann le córais chuntasaíochta costála, chun cineálacha sonracha idirnaisc nó rochtain sholáthar, i staideanna ina léiríonn anailís mhargaidh go bhféadfaidh an gnóthas lena mbaineann praghsanna a choimeád ar leibhéal ró-ard, nó go bhféadfadh sé praghsanna a fháisceadh, chun aimhleasa na n-úsáideoirí deiridh, toisc nach ann d'iomaíocht fhónta.

Agus cinneadh á dhéanamh acu an mbeadh na hoibleagáidí ar rialú praghsanna iomchuí, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a riachtanaí atá sé an iomaíocht a chur chun cinn agus leasanna úsáideoirí deiridh san fhadtéarma a bhaineann le himscaradh agus glacadh líonraí den chéad ghlúin eile, agus go háirithe líonraí fíor-ardacmhainne, a chur san áireamh. Go háirithe, chun an gnóthas a spreagadh infheistíochtaí a dhéanamh, lena n-áirítear i líonraí den chéad ghlúin eile, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta an infheistíocht a rinne an gnóthas san áireamh. I gcás ina measann na húdaráis rialála náisiúnta go bhfuil oibleagáidí ar rialú praghsanna iomchuí, ceadóidh siad don ghnóthas ráta réasúnach toraidh ar an gcaipitil leormhaith a caitheadh, agus aon rioscaí atá sonrach do thionscadal líonra infheistíochta nua áirithe á gcur san áireamh.

Breithneoidh na húdaráis rialála náisiúnta gan oibleagáidí a fhorchur nó a choimeád de bhun an Airteagail seo, i gcás ina suíonn siad go bhfuil srian inléirithe ar phraghas miondíola ann agus go n-áirithítear go n-áiritheofar rochtain éifeachtach neamh-idirdhealaithe de bharr aon oibleagáidí arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 69 go hAirteagal 73, lena n-áirítear tástáil inmhacasamhlaithe eacnamaíche a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 70.

I gcás ina measann údaráis rialála náisiúnta gurb iomchuí oibleagáidí rialú praghsanna a fhorchur ar rochtain ar na heilimintí líonra atá ann cheana, cuirfidh siad san áireamh freisin na tairbhí a ghabhann le praghsanna intuartha cobhsaí mórdhíola ó thaobh bealach isteach éifeachtach sa mhargadh agus dreasachtaí leordhóthanacha a áirithiú do gach gnóthas chun líonraí nua agus feabhsaithe a imscaradh.

2.   Áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta go mbainfear leas as aon sásra costais aisghnóthaithe nó as aon mhodheolaíocht phraghsála a shainordaítear chun imscaradh líonraí nua agus feabhsaithe, éifeachtúlacht agus iomaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun an tairbhe is fearr agus is féidir a bhaint amach don úsáideoir deiridh. Maidir leis sin, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta na praghsanna atá ar fáil i margaí iomaíocha inchomparáide a chur san áireamh freisin.

3.   I gcás ina bhfuil oibleagáid ar ghnóthas maidir le treoshuíomh costas do phraghsanna, is ar an ngnóthas lena mbaineann a bheidh an dualgas a chruthú gurb as costais, lena n-áirítear ráta réasúnach toraidh ar an infheistíocht, a thagann na muirir. Chun costas soláthar éifeachtúil seirbhísí a ríomh, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta feidhm a bhaint as modhanna cuntasaíocht costála neamhspleách orthu siúd a d'úsáid an gnóthas. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar ghnóthas dlisteanú iomlán a sholáthar dá phraghsanna, agus féadfaidh sé, nuair is iomchuí, ceangal a éileamh go ndéanfaí praghsanna a mhodhnú.

4.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú, i gcás ina bhfuil cur chun feidhme córas cuntasaíochta costála sainordaithe chun tacú le rialú praghsanna, go gcuirfear ar fáil go poiblí tuairisc ar an gcóras cuntasaíochta um chostais, ina dtaispeánfar na príomhchatagóirí faoina n-aicmítear costais agus na rialacha a úsáidtear chun na costais a leithdháileadh ar a laghad. Fíoróidh comhlacht neamhspleách cáilithe comhlíonadh an chórais cuntasaíochta costála agus foilseoidh sé ráiteas maidir le comhlíonadh go bliantúil.

Airteagal 75

Rátaí foirceanta

1.   Faoin 31 Nollaig 2020, déanfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 117 lena bhforlíontar an Treoir seo tríuasráta foirceanta aonair uile a leagadh síos-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta (dá ngairtear le chéile 'rátaí foirceanta uile-Aontais do ghuththlaonna'), a dhéanfar a fhorchur ar aon sholáthraí atá gníomhach ar fhoirceannadh guthghlaonna soghluaiste nó ar sheirbhísí foirceannadh guthghlaonna seasta, faoi seach, in aon cheann de na Ballstáit.

Chuige sin, cloífidh an Coimisiún:

(a)

leis na prionsabail, na critéir agus na paraiméadair in Iarscríbhinn III;

(b)

agus na rátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna á shocrú den chéad uair, cuirfidh an Coimisiún san áireamh meán ualaithe na gcostas éifeachtúil i líonraí seasta agus soghluaiste arna mbunú i gcomhréir leis na prionsabail in Iarscríbhinn III arna gcur i bhfeidhm ar fud an Aontais; na rátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna sa chéad ghníomh tarmligthe, ní bheidh siad níos airde ná an ráta is airde i measc na rátaí a bhí i bhfeidhm sé mhí sul nglacfar an gníomh tarmligthe sin i ngach Ballstát, tar éis aon choigeartú is gá a dhéanamh le haghaidh imthosca eisceachtúla náisiúnta;

(c)

cuirfidh an Coimisiún líon iomlán na n-úsáideoirí deiridh i ngach Ballstát san áireamh, chun ualú cuí na n-uasrátaí foirceanta a áirithiú, chomh maith le himthosca náisiúnta a mbíonn éagsúlachtaí suntasacha idir Ballstáit mar thoradh orthu nuair a bhíonn na huasrátaí foirceanta san Aontas á gcinneadh;

(d)

faisnéis maidir leis an margadh a chur san áireamh, arna soláthar ag BEREC, na húdaráis rialála náisiúnta nó, go díreach, ag gnóthais a chuireann líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar fáil; agus

(e)

machnamh a dhéanamh ar a riachtanaí atá idirthréimhse nach faide ná 12 mhí ionas gur féidir na coigeartuithe a dhéanamh i mBallstáit inar gá sin ar bhonn na rátaí a forchuireadh roimhe sin.

2.   Agus lánaird aige ar thuairim BEREC, athbhreithneoidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo, gach cúig bliana, agus déanfaidh sé a mheas ar gach ócáid, trí na critéir a liostaítear in Airteagal 67(1) a chur i bhfeidhm, cé acu a leanann nó nach leanann na rátaí foirceanta do ghuthghlaonna ar fud an Aontais de bheith riachtanach. I gcás ina gcinneann an Coimisiún i gcomhréir leis an mír seo gan uasráta foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste nó uasráta foirceanta do ghuthghlaonna seasta a fhorchur, nó gan an dá cheann acu a fhorchur, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta anailís mhargaidh a dhéanamh ar mhargaí na seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna i gcomhréir le hAirteagal 67, lena meas an bhfuil sé riachtanach oibleagáidí rialála a fhorchur nó nach bhfuil. I gcás ina bhforchuireann údarás rialála náisiúnta, mar thoradh na hanailíse sin, rátaí foirceanta costasdírithe a fhorchur i margadh ábhartha, leanfaidh sé na prionsabail, na critéir agus na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus beidh a dhréachtbheart faoi réir na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23, Airteagal 32 agus Airteagal 33.

3.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta faireachán géar agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí foirceanta cur i bhfeidhm anráta fhoirceanta uile-Aontais do ghuthghlaonna. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a chur de cheangal, ag am ar bith, ar sholáthraí seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna an ráta a ghearrann sé ar ghnóthais eile a leasú más rud é nach gcomhlíonann sé an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta tuairisc bhliantúil don Choimisiún agus do BEREC maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

Airteagal 76

Láimhseáil rialála eilimintí nua líonra fíor-ardacmhainne

1.   I dtaca le gnóthais a ainmníodh mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i margadh amháin nó i roinnt margaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 67, is ceadmhach dóibh, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 79 agus faoi réir an dara fomhír den mhír seo, gealltanais a thabhairt tús a chur le himscaradh líonraí nua fíor-ardacmhainne ina bhfuil eilimintí snáthoptaice a théann chuig áitribh an úsáideora deiridh nó chuig an mbunstáisiún, chun comhinfheistíocht a dhéanamh, mar shampla, trí chomhúinéireacht nó comhroinnt riosca fadtéarmach a thairiscint trí chómhaoiniú nó trí chomhaontuithe ceannacháin as a n-eascraíonn cearta sonracha de chineál struchtúrach de chuid soláthraí eile líonraí nó seirbhísí cumarsáide.

Nuair a dhéanann an t-údarás rialála náisiúnta measúnú ar an ceanglais sin, cinnfidh sé go háirithe an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas chun an tairiscint comhinfheistíochta a dhéanamh:

(a)

beidh an tairiscint ar fáil tráth ar bith le linn saolré an líonra d'aon soláthraí líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí;

(b)

leis an tairiscint sin, chuirfí ar chumas na gcomhinfheisteoirí eile ar soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide iad, dul i mbun iomaíochta ar bhealach éifeachtach agus inbhuanaithe san fhadtéarma i margaí iartheachtacha ina bhfuil an gnóthas ainmnithe a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige gníomhach, ar théarmaí lena n-áirítear:

(i)

téarmaí cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha lena dtugtar rochtain ar lánacmhainn an líonra a mhéid a bhfuil sé faoi réir comhinfheistíochta;

(ii)

solúbthacht i dtéarmaí luach agus uainiú rannpháirtíocht gach comhinfheisteora;

(iii)

an fhéidearthacht an rannpháirtíocht sin a mhéadú sa todhchaí; agus

(iv)

na cearta cómhalartacha arna mbronnadh ag na comhinfheisteoirí tar éis an bonneagar comhinfheistithe a imscaradh;

(c)

cuireann an gnóthas ar fáil don phobal é go pras agus, i gcás nach sásaíonn an gnóthas na tréithe a liostaítear in Airteagal 80(1) sé mhí, ar a laghad, sula gcuirtear tús le himscaradh an líonra nua; féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin bunaithe ar na himthosca náisiúnta;

(d)

féadfaidh cuardaitheoirí rochtana ach nach bhfuil ag glacadh páirt sa chomhinfheistíocht tairbhe a bhaint as an gcáilíocht chéanna, an luas céanna, na coinníollacha céanna agus as an gclúdach céanna d'úsáideoirí deiridh mar a bhí ar fáil sula ndearnadh an t-imscaradh, ag gabháil le sásra a dhéanann oiriúnú le himeacht ama, arna dhearbhú ag an údarás rialála náisiúnta, i bhfianaise na bhforbairtí ar na margaí miondíola gaolmhara, lena gcoimeádtar na dreasachtaí a bheith rannpháirteach sa chomhinfheistíocht; áiritheofar le sásra den chineál sin go mbeidh rochtain ag cuardaitheoirí rochtana ar eilimintí fíor-ardacmhainne den líonra ag am agus ar bhonn téarmaí trédhearcacha agus neamh-idirdhealaithe lena léirítear go hiomchuí an méid riosca a thabhaíonn comhinfheisteoirí faoi seach ag céimeanna difriúla den imscaradh, agus cuirfidh siad san áireamh staid iomaíoch na margaí miondíola;

(e)

comhlíonann an tairiscint, mar íosmhéid, na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus déantar í de mheon lánmhaith.

2.   Má mheasann an t-údarás rialála náisiúnta, agus torthaí na tástála margaidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 79(2) á gcur san áireamh, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad mhír den Airteagal seo leis an ngealltanas comhinfheistíochta arna thairiscint, tabharfaidh sé an gealltanas ceangailteach sin de bhun Airteagal 79(3), agus ní fhorchuirfidh sé aon oibleagáidí breise de bhun Airteagal 68 maidir le heilimintí den líonra nua fíor-ardacmhainne atá faoi réir na ngealltanas, i gcás ina mbíonn comhaontú comhinfheistíochta déanta ag comhinfheisteoir ionchasach amháin leis an ngnóthas a ainmníodh mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar do láimhseáil rialála na dtosca nach gcomhlíonann na gcoinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den Airteagal seo, agus torthaí aon tástáil mhargaidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 79(2) á gcur san áireamh, ach a bhfuil tionchar acu ar an iomaíocht agus a chuirtear san áireamh chun críocha Airteagail 67 agus 68.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo, leigheasanna a fhorchur, a choimeád nó a oiriúnú i gcomhréir le hAirteagal 68 go hAirteagal 74 ag féachaint do líonraí nua fíor-ardacmhainne chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna móra iomaíochta maidir le margaí sonracha i gcás ina suíonn an t-údarás rialála náisiúnta nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna iomaíochta seachas sin mar gheall ar shaintréithe sonracha na margaí sin.

3.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta faireachán ar bhonn leanúnach lena chinntiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír agus féadfaidh siad a cheangal ar an ngnóthas a ainmnítear mar gnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige ráitis bhliantúla maidir le comhlíonadh a chur ar fáil dóibh.

Beidh an tAirteagal sin gan dochar do chumhacht an údaráis rialála náisiúnta cinntí a ghlacadh de bhun Airteagal 26(1) sa chás ina mbeidh díospóid ann idir dhá ghnóthas maidir le comhaontú comhinfheistíochta a measann an t-údarás a bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den Airteagal seo á gcomhlíonadh aige.

4.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, foilseoidh BEREC treoirlínte chun na húdaráis rialála náisiúnta a spreagadh na coinníollacha a leagtar amach sa chéad mhír agus na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a cur i bhfeidhm ar bhealach chomhsheasmhach.

Airteagal 77

Deighilt fheidhmiúil

1.   I gcás inarb é tátal an údaráis rialála náisiúnta nár éirigh leis na hoibleagáidí a forchuireadh faoi Airteagal 69 go hAirteagal 74 iomaíocht fhónta a bhaint amach agus go bhfuil fadhbanna tábhachtacha agus leanúnacha nó teipeanna margaidh sainaitheanta i ndáil le soláthar mórdhíola margaí áirithe um rochtain táirgí, féadfaidh sé, ar bhonn eisceachtúil, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 68(3), oibleagáid a fhorchur ar ghnóthais atá comhtháite go hingearach chun gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar mórdhíola táirgí rochtana ábhartha in eintiteas gnó a oibríonn go neamhspleách.

Cuirfidh an t-eintiteas gnó táirgí agus seirbhísí rochtana ar fáil do gach gnóthas, lena n-áirítear d'eintitis ghnó laistigh den mháthairghnóthas, ar na hamscálaí, téarmaí agus coinníollacha céanna, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le leibhéil praghsanna agus seirbhísí, agus trí bhíthin na gcóras agus na bpróiseas céanna.

2.   Nuair atá sé de rún ag údarás rialála náisiúnta oibleagáid do dheighilt feidhmeanna a fhorchur, cuirfidh sé iarratas faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh na nithe seo a leanas:

(a)

fianaise a thugann bonn cirt do chonclúidí an údaráis rialála náisiúnta dá dtagraítear i mír 1;

(b)

measúnú réasúnaithe lena chinneadh nach bhfuil aon ionchas nó ar beag an t-ionchas go mbeidh iomaíocht bunaithe ar bhonneagar atá éifeachtach agus inbhuanaithe laistigh de thréimhse ama réasúnach;

(c)

anailís ar an iarmhairt ionchasach ar an údarás rialála náisiúnta, ar an ngnóthas, go háirithe ar lucht saothair an ghnóthais ar leithligh agus ar an earnáil chumarsáide leictreonaí ina hiomláine, agus ar dhreasachtaí chun infheistiú, go háirithe maidir leis an ngá chun comhtháthú sóisialta agus críochach a áirithiú, agus ar an iarmhairt ionchasach ar gheallsealbhóirí eile lena n-áirítear, go háirithe, an iarmhairt ionchasach ar iomaíocht agus aon éifeachtaí féidearthadá réir sin ar thomhaltóirí;

(d)

bheadh anailís ar na cúiseanna a thugann bonn cirt don oibleagáid seo ar an gcaoi is éifeachtaí chun leigheasanna arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna iomaíochta nó ar na teipeanna sa mhargadh arna sainaithint a fhorfheidhmiú.

3.   Áireofar na heilimintí seo a leanas sa dréachtbheart:

(a)

cineál cruinn agus méid na deighilte, lena sonrófar go háirithe stádas dlíthiúil an eintitis gnó ar leithligh;

(b)

sainaitheantas shócmhainní an eintitis gnó ar leithligh, agus na dtáirgí nó na seirbhísí atá le soláthar ag an eintiteas sin;

(c)

na socruithe rialachais chun neamhspleáchas na foirne atá fostaithe ag an eintiteas gnó ar leithligh, agus an struchtúr dreasachta comhfhreagrach a áirithiú;

(d)

rialacha chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a áirithiú;

(e)

rialacha chun trédhearcacht nósanna imeachta oibríochtúla a áirithiú, go háirithe i leith geallsealbhóirí eile;

(f)

clár faireacháin chun comhlíonadh a áirithiú, lena n-áirítear tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú.

Tar éis cinneadh an Choimisiúin maidir leis an dréachtbheart arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68(3), déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta anailís chomhordaithe ar na margaí éagsúla a bhaineann leis an líonra rochtana i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 67. Ar bhonn na hanailíse sin, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur, a chothabháil, a leasú nó a tharraingt siar, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 23 agus 32.

4.   D'fhéadfadh gnóthas ar ar forchuireadh deighilt feidhmeanna a bheith faoi réir aon cheann de na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 69 go hAirteagal 74 in aon mhargadh sonrach i gcás inar ainmníodh mar ghnóthas é a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige i gcomhréir le hAirteagal 67, nó aon oibleagáid eile arna húdarú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 68(3).

Airteagal 78

Deighilt dheonach arna déanamh ag gnóthas atá comhtháite go hingearach

1.   Gnóthais atá ainmnithe mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i gceann amháin nó i roinnt margaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 67, tabharfaidh siad fógra don údarás rialála náisiúnta trí mhí ar a laghad roimh dóibh aon aistriú a bhfuil sé ar intinn acu a dhéanamh dá gcuid sócmhainní líonra rochtana áitiúla nó cuid suntasach díobh chuig eintiteas dlíthiúil ar leith faoi úinéireacht éagsúil nó eintiteas gnó ar leith a bhunú chun táirgí rochtana atá go hiomlán coibhéiseach a chur ar fáil do gach soláthraí miondíola, lena n-áirítear a rannóga miondíola féin.

Cuirfidh na gnóthais sin an t-údarás rialála náisiúnta ar an eolas freisin faoi aon athrú a thiocfadh ar an intinn sin chomh maith le toradh deiridh an phróisis deighilte.

Féadfaidh na gnóthais sin gealltanais a thairiscint maidir le coinníollacha rochtana a bhfuil feidhm le bheith acu ar a líonra le linn tréimhse cur chun feidhme tar éis an cineál deighilte atá beartaithe a bheith curtha chun feidhme, d'fhonn rochtain éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach do thríú páirtithe a áirithiú. Áireofar sa tairiscint gealltanas dóthain sonraí, lena n-áirítear uainiú agus ré an chur chun feidhme, chun go mbeidh an t-údarás rialála náisiúnta in ann dul i mbun a chúraimí i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh na gealltanais sin dul thar an tréimhse uasta d'athbhreithnithe margaidh arna leagan amach in Airteagal 67(5).

2.   Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta measúnú ar éifeacht an idirbhirt atá beartaithe mar aon leis na gealltanais arna thairiscint i gcás inarb infheidhme maidir leis na hoibleagáidí rialála atá ann cheana faoin Treoir seo.

Chun na críche sin, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta anailís ar na margaí éagsúla a bhfuil baint acu leis an líonra rochtana i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 67.

Cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta aon ghealltanais a thairgeann an gnóthas san áireamh, ag féachaint do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 go háirithe. Agus an méid sin á dhéanamh aige, rachaidh an t-údarás rialála náisiúnta i mbun comhairliúchán le tríú páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 23, agus tabharfaidh sé aghaidh go háirithe, ar na tríú páirtithe sin a ndéanann an t-idirbheart atá beartaithe difear dóibh.

Ar bhonn a chuid anailíse, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur, a chothabháil, a leasú nó a tharraingt siar i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach inAirteagal 23 agus le hAirteagal 32, agus cuirfidh sé i bhfeidhm, más iomchuí, Airteagal 80. Agus a chinneadh á dhéanamh aige, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta na gealltanais a dhéanamh ceangailteach, go hiomlán nó i bpáirt. De mhaolú ar Airteagal 67(5), féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta roinnt de na gealltanais nó iad uile a dhéanamh ceangailteach, go hiomlán nó i bpáirt, don tréimhse iomlán ina dtairgtear iad.

3.   Gan dochar d'Airteagal 80, féadfaidh an t-eintiteas gnó atá ar leithligh go dlíthiúil nó go hoibríochtúil a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach aige in aon mhargadh sonrach i gcomhréir le hAirteagal 67 a bheith faoi réir aon cheann de na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 69 go hAirteagal 74, nó faoi réir aon oibleagáidí eile arna n-údarú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 68(3) i gcás nach leor aon ghealltanas a tugadh chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a chomhlíonadh.

4.   Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta faireachán ar chur chun feidhme na ngealltanas a thairg na gnóthais, gealltanais a ndearna sé ceangailteach iad i gcomhréir le mír 2 agus breithneoidh sé ar cheart síneadh a chur leo nuair a bheidh tréimhse ar tairgeadh iad ina leith ar dtús éagtha.

Airteagal 79

Nós imeachta maidir le gealltanais

1.   Gnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, féadfaidh siad gealltanais a thairscint don údarás rialála náisiúnta maidir le coinníollacha rochtana, comhinfheistíochta, nó maidir leis na coinníollacha rochtana agus comhinfheistíochta araon, a mbeidh feidhm acu maidir lena líonraí, inter alia i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

socruithe comhoibritheacha atá ábhartha don mheasúnú ar oibleagáidí iomchuí agus comhréireacha de bhun Airteagal 68;

(b)

comhinfheistíocht i líonraí fíor-ardacmhainne de bhun Airteagal 76; nó

(c)

rochtain éifeachtach neamh-idirdhealaithe ag tríú páirtithe de bhun Airteagal 78, le linn tréimhse ina gcuirfidh gnóthas atá comhtháite go hingearach deighilt dheonach chun feidhme agus tar éis don chineál deighilte a mholtar a bheith curtha chun feidhme araon.

Beidh go leor sonraí sa tairscint le haghaidh gealltanas, lena n-áirítear maidir le huainiú agus le raon feidhme an chuir chun feidhme agus ré na ngealltanas, chun go mbeidh an t-údarás rialála náisiúnta in ann a mheasúnú a dhéanamh de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh na gealltanais sin dul thar na tréimhsí chun anailís mhargaidh a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 67(5).

2.   D'fhonn aon ghealltanais arna dtairiscint ag gnóthas de bhun mhír 1 den Airteagal seo a mheasúnú, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta, ach i gcás nach gcomhlíonann gealltanais den chineál sin ceann nó níos mó de na coinníollacha nó critéir ábhartha, tástáil mhargaidh, go háirithe maidir leis an téarmaí a thairgtear, trí dhul i mbun comhairliúchán poiblí le na páirtithe leasmhara go háirithe na tríú páirtithe sin a mbeidh tionchar díreach orthu. Féadfaidh comhinfheisteoirí nó cuardaitheoirí rochtana barúlacha a chur ar fáil maidir leis na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 68, Airteagal 76 nó Airteagal 78 a bheith á gcomhlíonadh leis na gealltanais arna dtairiscint, mar is infheidhme, agus féadfaidh siad athrú a mholadh.

Maidir leis na gealltanais atá á dtairscint faoin Airteagal seo, beidh aird faoi leith á tabhairt ag an údarás rialála náisiúnta, agus na hoibleagáidí de bhun Airteagal 68(4) á measúnú aige;

(a)

ar fhianaise maidir le cineál cothrom réasúnach na ngealltanas atá á dtairscint;

(b)

a oscailte atá na gealltanais a thugtar do na rannpháirtithe margaidh uile,

(c)

infhaighteacht thráthúil rochtana faoi choinníollacha cothroma réasúnacha agus neamh-idirdhealaithe, lena n-áirítear líonraí fíor-ardacmhainne, sula seolfar seirbhísí miondíola gaolmhara; agus

(d)

leordhóthanacht fhoriomlán na ngealltanas atá á dtairscint iomaíocht inbhuanaithe a chumasú ar mhargaí iartheachtacha agus imscaradh agus cur in úsáid comhoibríoch líonraí fíor-ardacmhainne a éascú ar mhaithe le húsáideoirí deiridh.

Agus na barúlacha ar fad a chuirtear in iúl sa chomhairliúchán á gcur san áireamh, agus a mhéid a gcuirtear seasamh na ngeallsealbhóirí éagsúla in iúl leis na barúlacha sin, cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta a réamhchonclúidí in iúl don ghnóthas a ainmnítear mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige maidir le cibé acu an gcomhlíontar na cuspóirí, na critéir agus na nósanna imeachta a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 68, in Airteagal 76 nó in Airteagal 78 leis na gealltanais sin nó nach gcomhlíontar, mar is infheidhme, agus faoi na coinníollacha a bhféadfaidh sé machnamh a dhéanamh faoi na gealltanais sin a dhéanamh ceangailteach. Féadfaidh an gnóthas a chéadtairisicint a athbhreithniú chun réamhchonclúidí an údaráis rialála náisiúnta a chur san áireamh agus d'fhonn na critéir a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 68, in Airteagal 76 nó in Airteagal 78, mar is infheidhme, a chomhlíonadh.

3.   Gan dochar don chéad fhomhír d'Airteagal 76(2), féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta cinneadh a eisiúint chun na gealltanais a dhéanamh ceangailteach, go hiomlán nó i bpáirt.

De mhaolú ar Airteagal 67(5), féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta roinnt de na gealltanais nó iad uile a dhéanamh ceangailteach ar feadh tréimhse shonrach, b'fhéidir an tréimhse iomlán a dtairgtear iad ina leith, agus i gcás na ngealltanas comhinfheistíochta a dhéantar ceangailteach de bhun Airteagal 76(2), an chéad fhomhír, déanfaidh sé na gealltanais sin ceangailteach ar feadh íostréimhse seacht mbliana.

Faoi réir Airteagal 76, beidh an tAirteagal seo gan dochar d'fheidhmiú an nós imeachta um anailís mhargaidh de bhun Airteagal 67 agus d'fhorchur na n-oibleagáidí de bhun Airteagal 68.

I gcás ina ndéanann an t-údarás rialála náisiúnta gealltanais cheangailteacha de bhun an Airteagail seo, measfaidh sé iarmhairtí an chinnidh sin d'fhorbairt mhargaidh faoi Airteagal 68 agus a iomchuí atá aon oibleagáid atá forchurtha aige nó, d'uireasa aon ghealltanais, a bheadh beartaithe aige a fhorchur seachas sin de bhun an Airteagail sin nó Airteagal 69 go hAirteagal 74. Agus fógra á thabhairt aige faoi dhréachtbheart ábhartha faoi Airteagal 68 i gcomhréir le Airteagal 32, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an cinneadh maidir le gealltanais a chur leis an dréachtbheart ar tugadh fógra faoi.

4.   Áiritheoidh an t-údarás rialála náisiúnta go gcomhlíonfar na gealltanais a ndearna sé ceangailteach iad i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo agus déanfaidh sé faireachán agus maoirseacht ar a gcomhlíonadh, ar an dóigh chéanna a ndéanann sé faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a fhorchuirtear faoi Airteagal 68 agus áiritheoidh sé go ndéanfar sin agus breithneoidh sé ar cheart síneadh a chur leo nuair a bheidh an tréimhse ama inar ndearnadh na gealltanais ceangailteach nuair a théann an tréimhse tosach in éag. Má mheasann an t-údarás rialála náisiúnta nár chomhlíon gnóthas gealltanais cheangailteacha i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, féadfaidh sé pionóis a fhorchur ar na gnóthais sin i gcomhréir le hAirteagal 29. Gan dochar don nós imeachta lena n-áirítear go gcomhlíonfar oibleagáidí sonracha faoi Airteagal 30, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta athmheasúnú a dhéanamh ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 68(6).

Airteagal 80

Gnóthais mhórdhíola amháin

1.   Déanfaidh údarás rialála náisiúnta a ainmníonn gnóthas mar ghnóthas atá in easnamh ó aon mhargaí miondíola do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a mheastar go bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige i gceann amháin nó i roinnt margaí mórdhíola i gcomhréir le hAirteagal 67 a mheas an bhfuil na tréithe seo a leanas ag an ngnóthas sin:

(a)

gach cuideachta agus aonad gnó laistigh den ghnóthas, lena n-áirítear gach cuideachta atá á rialú ag an úinéir deiridh nó an úinéir deiridh céanna ach nach gá go bhfuil siad faoi lánúinéireacht acu, mar aon le scairshealbhóir ar bith dar cumas rialú a dhéanamh ar an ngnóthas, nach bhfuil ach gníomhaíochtaí, cinn reatha agus iad siúd atá beartaithe don todhchaí, acu i margaí mórdhíola do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí agus dá bhrí sin nach bhfuil gníomhaíochtaí acu in aon mhargadh miondíola do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthraítear d'úsáideoirí deiridh san Aontas;

(b)

níl de cheangal ar an ngnóthas déileáil le gnóthas aonair agus ar leithligh a oibríonn go hiartheachtach agus atá gníomhach in aon mhargadh miondíola do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí arna gcur ar fáil d'úsáideoirí deiridh, i ngeall ar chomhaontú eisiach, nó ar chomhaontú arb ionann é agus comhaontú eisiach de facto.

2.   Má chinneann an t-údarás rialála náisiúnta gur sásaíodh na coinníollacha a leagadh síos i mír 1 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh sé a fhorchur ar an ngnóthas sin ach ceann éigin de na hoibleagáidí de bhun Airteagal 70 agus Airteagal 73 nó i ndáil le praghsáil chóir agus réasúnta más inchosanta ar bhonn anailís mhargaidh lena n-áirítear measúnú fadbhreathnaitheach ar an iompar is dócha a bheidh faoin ngnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige.

3.   Athbhreithneoidh an t-údarás rialála náisiúnta oibleagáidí arna bhforchur ar an ngnóthas i gcomhréir leis an Airteagal seo aon tráth má chreideann sé nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh agus cuirfidh sé Airteagal 67 go hAirteagal 74 i bhfeidhm, mar is iomchuí. Cuirfidh an gnóthas an t-údarás rialála náisiúnta ar eolas gan rómhoill faoi aon athrú dálaí is ábhartha do phointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo.

4.   Athbhreithneoidh an t-údarás rialála náisiúnta freisin na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an ngnóthas i gcomhréir leis an Airteagal seo más rud é ar bhonn fhianaise na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá tairgthe ag an ngnóthas dá chustaiméirí iartheachtacha, go measann an t-údarás gur tháinig fadhbanna iomaíochta chun cinn, nó ar dócha go dtiocfaidh a leithéidí chun cinn, atá chun dochair do na húsáideoirí deiridh a gceanglaítear forchur ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 69, Airteagal 71, Airteagal 72 nó Airteagal 74 ina leith, nó gur gá na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo a leasú.

5.   Déanfar forchur oibleagáidí agus a n-athbhreithniú i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23, in Airteagal 32 agus in Airteagal 33.

Airteagal 81

Ascnamh ó bhonneagar leagáide

1.   Cuirfidh gnóthais ar ainmníodh iad mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach acu sa mhargadh i margadh amháin nó i roinnt margaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 67 in iúl don údarás rialála náisiúnta roimh ré agus go tráthúil nuair atá sé beartaithe acu codanna den líonra a chur as feidhm nó bonneagar nua a chur ina n-áit, lena n-áirítear bonneagar leagáide is gá chun líonra bunaithe ar chopair a oibriú, atá faoi réir oibleagáidí de bhun Airteagail 68 go 80.

2.   Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta a áirithiú go n-áireofar sa phróiseas díchoimisiúnaithe nó athionadaithe clár ama agus coinníollacha trédhearcacha, lena n-áirítear tréimhse chuí d'fhógra agus don idirthréimhse, agus go mbunófar leis an bpróiseas sin infhaighteacht táirgí malartacha de cháilíocht atá inchomparáide ar a laghad agus rochtain á tabhairt ar an mbonneagar líonra uasghrádaithe agus eilimintí eile a chur in áit na n-eilimintí athionadaithe más gá chun iomaíocht agus cearta na n-úsáideoirí deiridh a chosaint.

Maidir leis na sócmhainní a mholtar a chur ó mhaith nó a athionadú, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta na hoibleagáidí a tharraingt siar tar éis dóibh an méid seo a leanas a fhionnadh:

(a)

gur bhunaigh an soláthraí rochtana go soiléir na coinníollacha iomchuí le haghaidh ascnaimh, lena n-áirítear táirge rochtana malartach de cháilíocht atá ar a laghad inchomparáide a chur ar fáil lena gcumasaítear na húsáideoirí deiridh céanna a shroicheadh, mar a bhí ar fáil nuair a bhí an bonneagar leagáide á úsáid; agus

(b)

gur chloígh an soláthraí rochtana leis na coinníollacha agus leis an bpróiseas a cuireadh ar fáil don údarás rialála náisiúnta i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Déanfar an tarraingt siar sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23, in Airteagal 32 agus in Airteagal 33.

3.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar d'infhaighteacht táirgí rialaithe arna bhforchur ag an údarás rialála náisiúnta ar an mbonneagar líonra uasghrádaithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 67 agus 68.

Airteagal 82

Treoirlínte BEREC maidir le líonraí fíor-ardacmhainne

Faoin 21 Nollaig 2020, déanfaidh BEREC, ar dhul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a eisiúint maidir leis na critéir nach mór do líonra a shásamh d'fhonn go measfaí ina líonra fíor-ardacmhainne é, go háirithe i dtéarmaí an bhandaleithid uasnaisc agus íosnaisc, athléimneacht, paraiméadair earráidghaolmhara, agus aga folaigh agus athruithe san aga sin. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar na treoirlínte sin. Tabharfaidh BEREC na treoirlínte cothrom le dáta faoin 31 Nollaig 2025, agus arís go rialta dá éis sin.

CAIBIDIL V

Rialuithe rialála maidir le seirbhísí miondíola

Airteagal 83

Rialú rialála maidir le seirbhísí miondíola

1.   Féadfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhforchuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta na hoibleagáidí rialála iomchuí ar ghnóthais a shainaithnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu ar mhargadh miondíola faoi leith i gcomhréir le hAirteagal 63 sna cásanna seo a leanas:

(a)

mar thoradh ar anailís mhargaidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 67, cinneann údarás rialála náisiúnta nach bhfuil margadh miondíola faoi leith a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 64 iomaíoch ar bhealach éifeachtúil; agus

(b)

measann an t-údarás rialála náisiúnta nach mbainfí na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 amach leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi Airteagal 69 go hAirteagal 74.

2.   Bunófar na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi mhír 1 den Airteagal seo ar chineál na faidhbe a sainaithníodh agus beidh siad comhréireach agus beidh údar leo i bhfianaise na gcuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3. Féadfar ceanglais a áireamh sna hoibleagáidí a forchuirtear nach ngearrfaidh na gnóthais a shainaithnítear praghsanna iomarcacha, nach gcuirfidh siad cosc ar iontráil sa mhargadh ná nach gcuirfidh siad srian ar iomaíocht trí phraghsanna creiche a shocrú, tosaíocht mhíchuí a thabhairt d'úsáideoirí deiridh sonracha nó seirbhísí a chuachadh go míréasúnach. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta bearta iomchuí maidir le caidhpeanna ar phraghsanna miondíola, bearta chun taraifí aonair a rialú, nó bearta chun taraifí a threorú i dtreo costais nó praghsanna ar mhargaí inchomparáideacha a chur i bhfeidhm i gcás gnóthas mar sin, chun leasanna an úsáideora deiridh a chosaint agus iomaíocht éifeacht a chur chun cinn ag an am céanna.

3.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú, i gcás ina bhfuil gnóthas faoi réir rialáil taraifí miondíola nó faoi réir rialuithe ábhartha miondíola eile, go gcuirfear na córais riachtanacha iomchuí chuntasaíochta costála chun feidhme. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an fhormáid agus an mhodheolaíocht cuntasaíochta atá le húsáid a shonrú. Déanfaidh comhlacht neamhspleách cáilithe comhlíonadh an chórais cuntasaíochta costála a fhíordheimhniú. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go bhfoilseofar ráiteas maidir le comhlíonadh gach bliain.

4.   Gan dochar d'Airteagal 85 agus d'Airteagal 88, ní chuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta sásraí rialaithe miondíola i bhfeidhm faoi mhír 1 den Airteagal seo i gcás margaí geografacha nó margaí miondíola má tá siad sásta go bhfuil iomaíocht éifeachtach ann.

CUID III

SEIRBHÍSÍ

TEIDEAL I

OIBLEAGÁID SEIRBHÍSE UILÍCHE

Airteagal 84

Seirbhís uilíoch inacmhainne

1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag gach tomhaltóir ina gcríocha féin ag praghas inacmhainne, i bhfianaise coinníollacha náisiúnta sonracha, ar sheirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda infhála agus ar sheirbhísí cumarsáide gutha atá ar fáil de réir na cáilíochta a shonraítear ina gcríocha, lena n-áirítear an nasc foluiteach, ag suíomh fosaithe.

2.   Chomh maith leis sin, féadfaidh na Ballstáit inacmhainneacht na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 agus nach gcuirtear ar fáil ag suíomh fosaithe a áirithiú freisin, i gcás ina measann siad gur gá sin le rannpháirtíocht iomlán shóisialta agus eacnamaíoch na dtomhaltóirí sa tsochaí a áirithiú.

3.   Déanfaidh gach Ballstát, i bhfianaise coinníollacha náisiúnta agus an bhandaleithid íosta a mbaineann formhór na dtomhaltóirí tairbhe as laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, agus an tuarascáil ó BEREC maidir le dea-chleachtais á cur san áireamh acu, na seirbhísí rochtana idirlín leathanbhanda leordheonacha a shainiú chun críocha mhír 1 d'fhonn an bandaleithead riachtanach a áirithiú do rannpháirtíocht shóisialta agus eacnamaíoch satsochaí. Beidh an tseirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda sin in ann pé bandaleithead a sholáthar is gá chun tacú den chuid is lú leis an íostacar seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Faoin 21 Meitheamh 2020, déanfaidh BEREC, chun cabhrú le feidhmiú comhsheasmhach an Airteagail seo, tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, agus na sonraí atá ar fáil ón gCoimisiún (Eurostat) á gcur san áireamh, tuarascáil a tharraingt suas maidir le dea-chleachtais na mBallstát chun tacú a thabhairt le seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda a shainiú de bhun na chéad fomhíre. Tabharfar an tuarascáil sin chun dáta go rialta leis an dul chun cinn teicniúil agus le hathruithe i bpatrúin úsáide na dtomhaltóirí a léiriú.

4.   Nuair a iarrann an tomhaltóir amhlaidh, féadfar an nasc dá dtagraítear i mír 1, agus i gcás inarb iomchuí, i mír 2, a theorannú do thacaíocht a thabhairt do chumarsáid ghuthaseirbhísí.

5.   Féadfaidh na Ballstáit raon feidhme cur i bhfeidhm an Airteagail seo a shíneadh go húsáideoirí deiridh ar micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus eagraíochtaí gan beann ar bhrabús iad orthu siúd.

Airteagal 85

Seirbhís uilíoch inacmhainne a sholáthar

1.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla náisiúnta eile faireachán ar éabhlóid agus ar leibhéal praghsanna miondíola na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 84(1) a bheith ar fáil sa mhargadh, go háirithe maidir le praghsanna náisiúnta agus ioncam náisiúnta tomhaltóirí deiridh.

2.   I gcás ina suífidh na Ballstáit, i bhfianaise coinníollacha náisiúnta, nach bhfuil praghsanna miondíola do sheirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 84(1) inacmhainne, toisc go dtoirmisctear ar thomhaltóirí ar ioncam íseal nó le riachtanais shóisialta shainiúla rochtain a fháil ar na seirbhísí sin, déanfaidh siad bearta chun a áirithiú go mbeidh seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhísí cumarsáide gutha inacmhainne do thomhaltóirí mar sin ag suíomh fosaithe ar a laghad.

Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar tacaíocht do na tomhaltóirí sin chun críocha cumarsáide nó a cheangal ar ghnóthais a sholáthraíonn na seirbhísí sin roghanna taraifí nó pacáistí atá éagsúil leo sin a sholáthraítear faoi ghnáthchoinníollacha tráchtála a thairiscint do na tomhaltóirí sin, nó an dá rud. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na soláthraithe sin taraifí coiteanna a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear meánú geografach, ar fud na críche.

In imthosca eisceachtúla, go háirithe i gcás ina gcuirfí sin i bhfeidhm ar gach soláthraí ionas go bhfágfaí ró-ualach soiléir riaracháin nó airgeadais ar na soláthraithe nó ar an mBallstát, is ceadmhach don Bhallstát a chinneadh, go heisceachtúil, oibleagáid a fhorchur faoi nach gá na roghanna sonracha taraife nó na pacáistí sonracha taraife sin a thairiscint ach ar ghnóthais ainmnithe. Beidh feidhm ag Airteagal 86 maidir le hainmníochtaí mar sin mutatis mutandis. I gcás ina n-ainmníonn Ballstát gnóthais, áiritheoidh sé go mbeidh gach tomhaltóir ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta aige in ann leas a bhaint as rogha de ghnóthais a thairgeann roghanna taraife a thugann aghaidh ar a gcuid riachtanas, murab é go bhfuil rogha den chineál sin dodhéanta nó go gcruthódh a leithéid ualach breise iomarcach airgeadais nó eagrúcháin.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an ceart ag tomhaltóirí atá i dteideal na roghanna taraifí nó pacáistí sin conradh a bheith acu le gnóthas a sholáthraíonn na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 84(1), nó le gnóthais a ainmnítear i gcomhréir leis an mír seo, agus go soláthróidh an gnóthas sin uimhir dóibh ar feadh tréimhse infhaighteachta leordhóthanach, agus go seachnóidh siad dínascadh seirbhíse gan ghá.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcoinneoidh gnóthais a sholáthraíonn roghanna taraifí nó pacáistí do thomhaltóirí ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais shóisialta shainiúla acu de bhun mhír 2 na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile ar an eolas faoi shonraí na dtairiscintí sin. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla eile a áirithiú go mbíonn na coinníollacha faoina soláthraíonn gnóthais roghanna taraifí nó pacáistí de bhun mhír 2 go hiomlán trédhearcach agus go bhfoilsítear iad agus go gcuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla eile a éileamh go ndéanfar na roghanna taraife nó pacáistí sin a mhodhnú nó a tharraingt siar.

4.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i bhfianaise coinníollacha náisiúnta, go dtugtar tacaíocht mar is iomchuí do thomhaltóirí faoi mhíchumas, agus nuair is iomchuí go nglactar bearta sonracha eile, d'fhonn a áirithiú go mbeidh trealamh teirminéil gaolmhar inrochtana acu siúd atá faoi mhíchumas, agus go mbeidh trealamh sonrach agus seirbhísí sonracha, lena n-áirítear seirbhísí comhrá iomláin nó seirbhísí athsheachadta a chuireann feabhas ar rochtain choibhéiseach, ar fáil agus inacmhainne.

5.   Nuair a bheidh an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm acu, féachfaidh na Ballstáit le saobhadh margaidh a laghdú.

6.   Féadfaidh na Ballstáit raon feidhme cur i bhfeidhm an Airteagail seo a shíneadh go húsáideoirí deiridh ar micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus eagraíochtaí gan beann ar bhrabús iad orthu siúd.

Airteagal 86

Infhaighteacht seirbhíse uilíoch

1.   I gcás ina bhfuil sé suite ag Ballstát, agus torthaí, nuair is ann dóibh, an tsuirbhé gheografaigh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 22(1) agus aon fhianaise bhreise i gcás inar gá, á gcur san áireamh, nach féidir a áirithiú go mbeidh seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) ná seirbhís cumarsáide gutha ar fáil ag suíomh fosaithe faoi ghnáthchoinníollacha tráchtála ná trí uirlisí beartais phoiblí ionchasacha eile ar a chríoch náisiúnta nó i gcodanna difriúla di, féadfaidh sé oibleagáidí seirbhíse uilíche iomchuí a fhorchur chun freastal ar gach iarratas réasúnta ó na húsáideoirí deiridh chun na seirbhísí sin a rochtain sna codanna ábhartha dá chríoch.

2.   Cinnfidh na Ballstáit an cur chuige is éifeachtúla agus is iomchuí chun a áirithiú go mbeidh seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) agus seirbhís cumarsáide gutha, ar fáil ag suíomh fosaithe, agus prionsabail na hoibiachtúlachta, na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta á n-urramú. Féachfaidh na Ballstait le saobhadh margaidh a íoslaghdú, go háirithe soláthar seirbhísí ag praghsanna a imíonn ó ghnáthchoinníollacha tráchtála nó faoi réir téarmaí agus coinníollacha a imíonn ó ghnáthchoinníollacha tráchtála, agus leas an phobail á choimirciú.

3.   Go háirithe, i gcás ina gcinnfidh Ballstáit oibleagáidí a fhorchur chun a áirithiú go mbeidh seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda, mar a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) agus seirbhís cumarsáide gutha, ar fáil d'úsáideoirí deiridh ag suíomh fosaithe, féadfaidh siad gnóthas amháin nó níos mó a ainmniú chun a ráthú go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil ar fud na críche náisiúnta. Féadfaidh na Ballstáit gnóthais éagsúla nó tacair gnóthas a ainmniú chun seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhísí cumarsáide gutha a sholáthar ag suíomh fosaithe nó codanna éagsúla den chríoch náisiúnta a chumhdach.

4.   Nuair a ainmníonn Ballstáit gnóthais i gcuid den chríoch náisiúnta nó sa chríoch ar fad chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo ar fáil, déanfaidh siad amhlaidh trí fheidhm a bhaint as sásra ainmniúcháin éifeachtúil, oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, ionas nach n-eisiatar a priori aon ghnóthas a bheith ainmnithe. Déanfaidh na modhanna ainmniúcháin sin a áirithiú go soláthraítear seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhís cumarsáide gutha ag suíomh fosaithe ar bhealach cost-éifeachtach agus féadfar iad a úsáid mar bhealach chun glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 89.

5.   Nuair atá sé ar intinn ag gnóthas atá ainmnithe i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo cuid shuntasach dá shócmhainní líonra rochtana áitiúla nó iad ar fad a dhiúscairt chuig eintiteas dlíthiúil ar leithligh faoi úinéireacht éagsúil, cuirfidh sé é in iúl go tráthúil roimh ré don údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile, d'fhonn é a chur ar chumas an údaráis sin éifeacht an idirbhirt bheartaithe maidir le seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) agus seirbhísí cumarsáide gutha a sholáthar ag suíomh fosaithe a mheasúnú. Féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile oibleagáidí sonracha a fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 13(2).

Airteagal 87

Stádas na seirbhíse uilíoch atá ann cheana

Féadfaidh na Ballstáit leanúint de bheith ag áirithiú infhaighteacht nó inacmhainneacht seirbhísí eile seachas seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) agus seirbhís cumarsáide gutha ag suíomh fosaithe, ar seirbhísí iad a bhí i bhfeidhm faoin 20 Nollaig 2018, má shuitear gur gá na seirbhísí sin i bhfianaise dálaí náisiúnta. Nuair a ainmníonn Ballstáit gnóthais i gcuid den chríoch náisiúnta nó sa chríoch náisiúnta ar fad chun na seirbhísí sin a sholáthair, beidh feidhm ag Airteagal 86. Comhlíonfar Airteagal 90 le maoiniú na n-oibleagáidí sin.

Déanfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí a fhorchuirtear de bhun an Airteagal seo a athbhreithniú faoin 21 Nollaig 2021 agus uair gach trí bliana dá éis sin.

Airteagal 88

Rialú caiteachais

1.   Déanfaidh Ballstáit a áirithiú nuair a bheidh saoráidí agus seirbhísí sa bhreis orthu siúd dá dtagraítear in Airteagal 84 á soláthar, go mbunóidh soláthraithe seirbhíse leordhóthanaí rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhíse cumarsáide gutha i gcomhréir le hAirteagal 84 go hAirteagal 87 téarmaí agus coinníollacha ar bhealach nach mbeidh ar an úsáideoir deiridh íoc as saoráidí nó seirbhísí nach bhfuil gá leo ná nach n-éilítear don tseirbhís a iarradh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse leordhóthanaí rochtana idirlín leathanbhanda agus na seirbhíse cumarsáide gutha dá dtagraítear in Airteagal 84 a chuireann seirbhísí ar fáil de bhun Airteagal 85 na saoráidí agus na seirbhísí sonracha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, Cuid A a thairiscint, mar is infheidhme, chun gur féidir le tomhaltóirí faireachán a dhéanamh ar chaiteachas agus é a rialú agus go ndéanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbunóidh soláthraithe den sórt sin córas chun go seachnófaí dínascadh gan údar na seirbhíse cumarsáide gutha nó na seirbhíse leordhóthanaí rochtana idirlín leathanbhanda maidir le tomhaltóirídá dtagraítear in Airteagal 85, lena n-áirítear sásra iomchuí chun suim leanúnach in úsáid na seirbhíse a sheiceáil.

Féadfaidh na Ballstáit raon feidhme cur i bhfeidhm na míre seo a shíneadh go húsáideoirí deiridh ar micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus eagraíochtaí gan beann ar bhrabús iad orthu siúd.

3.   Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go bhfuil an t-údarás inniúil in ann na ceanglais i mír 2 ina gcríoch náisiúnta ar fad nó i gcuid de a tharscaoileadh má tá an t-údarás inniúil sásta go bhfuil an tsaoráid ar fáil go forleathan.

Airteagal 89

Costas oibleagáidí seirbhíse uilíche

1.   Más rud é go measann na húdaráis rialála náisiúnta go bhfuil soláthar na seirbhíse leordhóthanaí rochtana idirlín leathanbhanda mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) agus na seirbhíse cumarsáide gutha; mar a leagtar amach in Airteagal 84, in Airteagal 85 agus in Airteagal 86 nó go bhféadfadh leanúnachas an tseirbhís uilíocha atá ann cheana mar a leagtar amach in Airteagal 87, a bheith ina n-ualach éagórach ar sholáthraithe na seirbhísí sin a bhfuil cúiteamh á iarraidh acu, ríomhfaidh na húdaráis rialála náisiúnta na glanchostais chun iad a sholáthar.

Chun na críche sin, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an méid seo a leanas:

(a)

ríomhfaidh siad glanchostas na hoibleagáidí seirbhíse uilíche, agus aon tairbhe margaidh, a fhabhraíonn chuig soláthraí sheirbhíse leordhóthanaí rochtana idirlín leathanbhanda mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) agus seirbhís cumarsáide gutha, á cur san áireamh; mar a leagtar amach in Airteagal 84, in Airteagal 85 agus in Airteagal 86 nó leanúint leis an tseirbhís uilíocha atá ann mar a leagtar amach in Airteagal 87, i gcomhréir le hIarscríbhinn VII; nó

(b)

bainfidh siad feidhm as na glanchostais chun seirbhís uilíoch a sholáthar mar a shainaithnítear trí shásra ainmniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 86(4).

2.   Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó comhlacht atá neamhspleách ó na páirtithe ábhartha ar fhormheas an t-údarás rialála náisiúnta é na cuntais agus faisnéis eile a fheidhmíonn mar bhonn chun glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche faoi phointe (a) den dara fomhír de mhír 1 a ríomh iad a iniúchadh nó a fhíordheimhniú. Cuirfear ar fáil go poiblí torthaí ríomh na gcostas agus conclúidí an iniúchta.

Airteagal 90

Maoiniú oibleagáidí seirbhíse uilíche

1.   Más rud é, ar bhonn ríomh an ghlanchostais dá dtagraítear in Airteagal 89, go gcinnfidh údaráis rialála náisiúnta go bhfuil soláthraí faoi réir ualach míchothrom, cinnfidh Ballstáit, ar iarraidh ón soláthraí lena mbaineann, ceann amháin nó an dá cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

sásra a thabhairt isteach chun an soláthraí sin a chúiteamh as na glanchostais chinntithe faoi choinníollacha trédhearcacha ó chistí poiblí;

(b)

chun glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a roinnt idir soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

2.   I gcás ina roinntear an glanchostas i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, bunóidh na Ballstáit sásra um chomhroinnt arna bhainistiú ag an údarás rialála náisiúnta nó ag comhlacht a bheidh neamhspleách ar na tairbhithe faoi mhaoirseacht an údaráis rialála náisiúnta. Maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 84 go hAirteagal 87, ní féidir ach an glanchostas, mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 89, a mhaoiniú.

Urramóidh an sásra um chomhroinnt prionsabail na trédhearcachta, an tsaofa margaidh is lú, an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta, i gcomhréir le na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn VII, Cuid B. Beidh sé de cheart ag na Ballstáit a chinneadh nach n-éileofar ranníocaíochtaí ó ghnóthais ar lú ná an teorainn a leagfar síos an láimhdeachas náisiúnta acu.

Aon mhuirir a bhaineann le costas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a roinnt, déanfar iad a dhíchuachadh agus a shainaithint ar leithligh i gcás gach gnóthais. Ní dhéanfar aon mhuirir mar sin a fhorchur ar ghnóthais nó a bhailiú ó ghnóthais nach bhfuil seirbhís á soláthar acu ar chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an sásra um chomhroinnt.

Airteagal 91

Trédhearcacht

1.   I gcás ina bhfuil glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche le ríomh i gcomhréir le hAirteagal 89, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go bhfuil na prionsabail chun an glanchostas a ríomh, lena n-áirítear sonraí na modheolaíochta a mbainfear feidhm as, ar fáil go poiblí.

I gcás ina mbunaítear sásra chun glanchostais na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche, dá dtagraítear in Airteagal 90(2), a chomhroinnt, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go mbíonn na prionsabail maidir le comhroinnt costas agus le cúiteamh an ghlanchostais ar fáil go poiblí.

2.   Faoi réir rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta maidir le rúndacht tráchtála, foilseoidh na húdaráis rialála náisiúnta tuarascáil bhliantúil a chuireann ar fáil sonraí chostais ríofa na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche, ina sainaithneofar na ranníocaíochtaí a rinne na gnóthais uile lena mbaineann, lena n-áirítear aon sochair mhargaidh a d'fhéadfadh a bheith fabhraithe chun na gnóthais de bhun oibleagáidí seirbhíse uilíche mar a leagtar síos in Airteagail 84 go 87.

Airteagal 92

Seirbhísí éigeantacha breise

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh seirbhísí breise, cé is moite de na seirbhísí atá sna hoibleagáidí seirbhíse uilíche dá dtagraítear in Airteagail 84 go 87, a chur ar fáil go poiblí ar a gcríocha féin, ach, i gcásanna mar sin, ní fhorchuirfear aon sásra cúitimh a mbeidh baint aige le gnóthais shonracha.

TEIDEAL II

ACMHAINNÍ UIMHRITHE

Airteagal 93

Acmhainní uimhrithe

1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile deonú na gceart úsáide do na hacmhainní uimhrithe náisiúnta go léir agus bainistiú na bpleananna uimhrithe náisiúnta a rialú agus go soláthróidh siad acmhainní uimhrithe leordhóthanacha chun na seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar go poiblí. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbunófar nósanna imeachta atá oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach chun cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe náisiúnta a dheonú.

2.   Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe ó na pleananna uimhrithe náisiúnta chun soláthar seirbhísí sonracha a dheonú do ghnóthais eile seachas soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar choinníoll go gcuirtear ar fáil go leor acmhainní uimhrithe chun éileamh reatha agus éileamh sa todhchaí is intuartha a shásamh. Léireoidh na gnóthais sin a gcumas na hacmhainní uimhrithe a bhainistiú agus aon cheanglais ábhartha a leagtar amach de bhun Airteagal 94 a chomhlíonadh. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile deonú tuilleadh cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe do na gnóthais sin a chur ar fionraí má léirítear go bhfuil baol ann go rachaidh acmhainní uimhrithe i ndísc.

Faoin 21 Meitheamh 2020 chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm leanúnach na míre seo, tar éis dó dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, glacfaidh BEREC treoirlínte maidir le critéir choiteanna chun measúnú a dhéanamh ar an gcumas acmhainní uimhrithe a bhainistiú agus an baol go rachaidh acmhainní uimhrithe i ndísc.

3.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile a áirithiú go gcuirtear pleananna agus nósanna imeachta uimhrithe náisiúnta i bhfeidhm ar bhealach a thugann cóir chomhionann do gach soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí agus do na gnóthais sin is incháilithe i gcomhréir le mír 2. Go háirithe, déanfaidh Ballstáit a áirithiú nach ndéanfaidh gnóthas ar ar deonaíodh an ceart úsáide d'acmhainní uimhrithe idirdhealú ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí eile maidir leis na hacmhainní uimhrithe a úsáidtear chun rochtain a thabhairt ar a seirbhísí.

4.   Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile raon uimhreacha neamh-gheografacha ar fáil a fhéadfar a úsáid chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthair seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, ar fud chríoch an Aontais, gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 agus Airteagal 97(2) den Treoir seo. I gcás inar deonaíodh cearta úsáide, i dtaca le hacmhainní uimhrithe i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, do ghnóthais seachas soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, beidh feidhm ag an mír seo maidir leis na seirbhísí sonracha ar ina leith a deonaíodh na cearta úsáide.

Déanfaidh na Ballstáit nó na húdaráis inniúla eile a áirithiú nach mbeidh na coinníollacha, a liostaítear i gCuid E d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis seo, don cheart úsáide i dtaca le hacmhainní uimhrithe a úsáidtear chun seirbhísí a sholáthar lasmuigh de Bhallstát an chóid tíre, mar aon le forfheidhmiú na gcoinníollacha sin, go mbeidh sin chomh dian céanna leis na coinníollacha gona bhforfheidhmiú is infheidhme do sheirbhísí a chuirtear ar fáil laistigh den Bhallstát an chóid tíre, i gcomhréir leis an Treoir seo. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile, i gcomhréir le hAirteagal 94(6), a áirithiú freisin go gcomhlíonann soláthraithe atá ag úsáid acmhainní uimhrithe a gcóid tíre i mBallstát eile rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus rialacha náisiúnta eile a bhaineann le húsáid acmhainní uimhrithe is infheidhme sna Ballstáit sin in bhfuil na hacmhainní uimhrithe á n-úsáid. Tá an oibleagáid seo gan dochar do chumhachtaí forfheidhmiúcháin údaráis inniúla na mBallstát sin.

Cabhróidh BEREC leis na húdaráis rialála náisiúnta /nó le húdaráis inniúla eile arna iarraidh sin dóibh a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú ar mhaithe leis an mbainistiú éifeachtach acmhainní uimhrithe a áirithiú lena ngabhfaidh ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontais.

Chun go bhféadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta /nó údaráis inniúla eile faireachán a dhéanamh ar a mhéad a chomhlíontar ceanglais na míre seo, bunóidh BEREC bunachar sonraí maidir leis na hacmhainní uimhrithe lena ngabhfaidh ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontais. Chun na críche sin, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile an fhaisnéis ábhartha chuig BEREC. I gcás nach hé an t-údarás rialála náisiúnta a dheonaíonn acmhainní uimhrithe lena ngabhann ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontas, rachaidh an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as iad a dheonú i gcomhairle leis an údarás rialála náisiúnta.

5.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú gurb é an cód “00” an cód rochtana idirnáisiúnta caighdeánach. Féadfar socruithe speisialta chun an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a úsáid idir suíomhanna atá le hais a chéile thar theorainneacha idir Ballstáit a bhunú nó leanúint ar aghaidh leo.

Féadfaidh na Ballstáit comhaontú plean uimhrithe coiteann do na catagóirí uile nó do chatagóirí sonracha uimhreacha a chomhroinnt.

Cuirfear na húsáideoirí deiridh dá ndéanfadh socruithe nó comhaontuithe den sórt sin difear go hiomlán ar an eolas.

6.   Gan dochar d'Airteagal 106, cuirfidh na Ballstáit soláthar thar an aer chun cinn — i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil — chun malartú soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a dhéanfaidh úsáideoirí deiridh seachas tomhaltóirí a éascú, go háirithe soláthraithe agus úsáideoirí deiridh seirbhísí meaisín le meaisín.

7.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfoilsítear na pleananna uimhrithe náisiúnta, agus na breiseanna nó na leasuithe uile a cuireadh leo ina dhiaidh sin, faoi réir na dteorainneacha arna bhforchur ar bhonn slándáil náisiúnta, agus ar an mbonn sin amháin.

8.   Tacóidh na Ballstáit le comhchuibhiú uimhreacha nó raonta uimhrithe sonracha laistigh den Aontas i gcás ina gcuireann sé chun cinn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus forbairt seirbhísí uile-Eorpacha araon. I gcás inarb iomchuí, chun dul i ngleic le héileamh ar acmhainní uimhrithe ar bhonn uile-Eorpach, ar éileamh é nach bhfuiltear ag freastal air, déanfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcomhchuibhítear uimhreacha sonracha nó raonta uimhrithe.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

Airteagal 94

Nós imeachta maidir le cearta úsáide a dheonú i dtaca le hacmhainní uimhrithe

1.   I gcás inar gá cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe a dheonú, deonóidh na húdaráis inniúla nó údaráis inniúla eile na cearta sin, arna iarraidh sin, d'aon ghnóthas chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí arna gcumhdach ag údarú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 12 a sholáthar, faoi réir Airteagal 13 agus faoi réir phointe (c) d'Airteagal 21(1) agus faoi réir aon rialacha eile a áirithíonn úsáid éifeachtach na n-acmhainní uimhrithe sin i gcomhréir leis an Treoir seo.

2.   Deonófar na cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe trí nósanna imeachta oscailte, oibiachtúla, trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus comhréireacha.

Agus cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe á ndeonú acu, sonróidh na húdaráis inniúla nó údaráis inniúla eile cibé acu an féidir nó nach féidir le sealbhóir na gceart na cearta sin a aistriú, agus sonróidh siad na coinníollacha faoinar féidir sin a dhéanamh.

I gcás ina ndeonaíonn údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe ar feadh tréimhse ghearr, beidh ré na tréímhse sin iomchuí don tseirbhís lena mbaineann i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le tréimhse chuí le haghaidh amúchadh infheistíochta.

3.   Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile cinntí maidir le cearta úsáide a dheonú d'acmhainní uimhrithe, cuirfidh sé/siad in iúl iad agus foilseoidh sé/siad iad chomh luath agus is féidir tar éis dóibh an t-iarratas iomlán a fháil, laistigh de thrí seachtaine i gcás acmhainní uimhrithe ar leithdháileadh iad chun críoch sonrach laistigh den phlean uimhrithe náisiúnta. Cuirfear cinntí den sórt sin ar fáil don phobal.

4.   I gcás inar chinn na húdaráis inniúla nó údaráis inniúla eile, tar éis dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 23, go bhfuil cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe a bhfuil luach eacnamaíoch thar na bearta acu le deonú trí nósanna imeachta roghnúcháin iomaíocha nó comparáideacha, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta /nó údaráis inniúla eile an tréimhse trí seachtaine dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a fhadú suas le trí seachtaine breise.

5.   Ní chuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile teorainn le líon na gceart úsáide aonair atá le deonú seachas i gcás ina bhfuil gá leis sin chun úsáid éifeachtach acmhainní uimhrithe a áirithiú.

6.   I gcás ina n-áirítear le cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe a n-úsáid seach-chríochach laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 93(4), cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile coinníollacha sonracha i gceangal leis an gceart úsáide chun comhlíonadh na rialacha náisiúnta um chosaint tomhaltóirí agus dlí náisiúnta ábhartha ar fad a bhaineann le hacmhainní uimhrithe is infheidhme sna Ballstáit sin ina bhfuil na hacmhainní uimhrithe á n-úsáid a áirithiú.

Arna iarraidh sin d'údarás inniúil nó d'údarás inniúil eile de chuid Ballstáit ina mbaintear úsáid as na hacmhainní uimhrithe, a léiríonn sárú ar rialacha um chosaint tomhaltóirí ábhartha nó dlíthe náisiúnta an Bhallstáit sin a bhaineann le húsáid acmhainní uimhrithe, déanfaidh údarás rialála nó údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh na cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe na coinníollacha a ghabhann leis a fhorfheidhmiú faoin gcéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir le hAirteagal 30, lena n-áirítear i gcásanna tromchúiseacha trí na cearta úsáide seach-chríochaí do na hacmhainní uimhrithe a deonaíodh don ghnóthas lena mbaineann a tharraingt siar.

Déanfaidh BEREC an malartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát éagsúil lena mbaineann agus áiritheoidh sé go ndéanfar an obair eatarthu a chomhordú mar is iomchuí.

7.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin i gcás ina ndeonaíonn na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile cearta úsáid d'acmhainní uimhrithe do ghnóthais seachas do sholáthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i gcomhréir le hAirteagal 93(2).

Airteagal 95

Táillí le haghaidh cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe

Féadfaidh Ballstáit cead a thabhairt don údarás inniúil nó do na húdaráis inniúla eile táillí le haghaidh na gceart úsáide d'acmhainní uimhrithe a fhorchur a léiríonn an gá atá lena áirithiú go mbaintear an leas is fearr is féidir as na hacmhainní sin. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil bonn cirt oibiachtúil leis na táillí sin agus go mbeidh siad trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, agus comhréireach ó thaobh na haidhme atá leo agus go gcuirfear san áireamh leo na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 96

Beolínte maidir le leanaí atá ar iarraidh agus agus uimhir chabhrach do leanaí

1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain saor in aisce ag úsáideoirí deiridh ar sheirbhís a bhfuil beolíne chun leanaí atá ar iarraidh a thuairisciú á hoibriú aici. Beidh an bheolíne ar fáil ag an uimhir “116000”.

2.   Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go mbeidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí arna gcur ar fáil faoin uimhir “116000” a mhéid is féidir. Beidh bearta a ghlactar chun rochtain úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ar na seirbhísí sin fad is atá siad ag taisteal i mBallstát eile bunaithe ar chaighdeáin nó ar shonraíochtaí ábhartha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 39 a bheith á gcomhlíonadh.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun a áirithiú go leithdháilfidh an t-údarás nó an gnóthas dár sannadh an uimhir “116000” na hacmhainní riachtanacha chun an bheolíne a oibriú.

4.   Nuair is iomchuí, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go dtabharfar go leor faisnéise d'úsáideoirí deiridh faoi na huimhreacha “116000” agus “116111” a bheith ann agus faoi úsáid na seirbhísí a chuirtear ar fáil faoi na huimhreacha sin.

Airteagal 97

Rochtain ar uimhreacha agus ar sheirbhísí

1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go heacnamaíoch, ach amháin i gcás inar roghnaigh úsáideoir deiridh ar chúiseanna tráchtála rochtain a theorannú trí ghlaoch ar pháirtithe atá lonnaithe i limistéir gheografacha shonracha, go ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann:

(a)

rochtain a fháil ar sheirbhísí a úsáideann uimhreacha neamhgheografacha laistigh den Aontas, agus úsáid na seirbhísí sin; agus

(b)

rochtain a fháil ar gach uimhir a chuirtear ar fáil san Aontas, beag beann ar an teicneolaíocht agus ar na gléasanna a úsáideann an t-oibreoir, lena n-áirítear iad siúd atá i bpleananna uimhrithe náisiúnta na mBallstát agus Uimhreacha Saorghlaonna Idirnáisiúnta Uilíocha (USIU).

2.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na húdaráis rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile in ann a cheangal ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí bac a chur, ar bhonn gach cáis faoi leith, ar rochtain ar uimhreacha nó ar sheirbhísí i gcás ina bhfuil bonn cirt sin de dheasca calaoise nó mí-úsáide agus sna cásanna sin chun a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí ioncaim ábhartha ó idirnascadh nó ó sheirbhísí eile a choimeád siar.

TEIDEAL III

CEARTA AN ÚSÁIDEORA DEIRIDH

Airteagal 98

Micrifhiontair áirithe a dhíolmhú

Ní bheidh feidhm ag an Teideal seo, cé is moite d'Airteagal 99 agus Airteagal 100, i dtaca le micrifhiontair a chuireann seirbhísí cumarsáide uimhirbhunaithe idirphearsanta ar fáil ach amháin, má chuireann siad seirbhísí cumarsáide leictreonacha eile ar fáil.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na húsáideoirí deiridh ar an eolas faoin díolúine sin sula gcuirtear conradh i gcrích le micrifhiontar atá ag baint leas as an díolúine sin.

Airteagal 99

Neamh-idirdhealú

Ní chuirfidh soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí aon cheanglais dhifriúla nó coinníollacha ginearálta rochtana i bhfeidhm maidir le húsáid na líonraí nó na seirbhísí sin, ar úsáideoirí deiridh, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht an úsáideora deiridh, le háit chónaithe an úsáideora nó leis an áit a bhfuil an t-úsáideoir bunaithe, gan bonn oibiachtúil cirt a bheith leis an láimhseáil dhifriúil sin.

Airteagal 100

Cosaint maidir le cearta bunúsacha

1.   Le bearta náisiúnta maidir le rochtain na n-úsáideoirí deiridh ar sheirbhísí agus feidhmchláir trí líonraí cumarsáide leictreonaí, nó maidir le húsáid na seirbhísí agus na bhfeidhmchlár sin, déanfar Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais ('an Chairt') agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a urramú.

2.   Aon bheart maidir le rochtain na n-úsáideoirí deiridh ar sheirbhísí agus feidhmchláir trí líonraí cumarsáide leictreonaí, nó maidir le húsáid na seirbhísí agus na bhfeidhmchlár sin, a bhféadfadh feidhmiú na gceart nó na saoirsí a aithnítear sa Chairt a theorannú, ní fhorchuirfear iad ach amháin sa chás ina bhforáiltear dóibh leis an dlí agus go n-urramaítear leo na cearta nó na saoirsí sin, sa chás ina bhfuil siad comhréireach, inar gá iad agus ina gcomhlíontar go fírinneach cuspóirí an leasa choitinn leo arna aithint ag dlí an Aontais nó an gá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, lena n-áirítear an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa. Dá réir sin, ní dhéanfar na bearta sin ach amháin sa chás ina dtugtar an urraim chuí don phrionsabal maidir le toimhde na neamhchiontachta agus leis an gceart chun príobháideachais. Ráthófar nós imeachta cóir, neamhchlaonta, roimh ré, lena n-áirítear ceart chun éisteachta an duine nó na ndaoine lena mbaineann, faoi réir an ghá atá le coinníollacha agus socruithe nós imeachta iomchuí i gcásanna práinne cuí-réasúnaithe i gcomhréir leis an gCairt.

Airteagal 101

Leibhéal an chomhchuibhithe

1.   Ní choimeádfaidh na Ballstáit forálacha chun úsáideoirí deiridh a chosaint ina ndlí náisiúnta ná ní thabharfaidh siad forálacha mar sin isteach ina ndlí náisiúnta – forálacha nach bhfuil i gcomhréir le hAirteagal 102 go hAirteagal 115, lena n-áirítear forálacha atá chomh dian céanna, geall leis, chun leibhéal éagsúil cosanta a áirithiú, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Teideal seo.

2.   Go dtí 21 Nollaig 2021, féadfaidh na Ballstáit leanúint d'fhorálacha náisiúnta níos déine um chosaint tomhaltóirí nach bhfuil i gcomhréir leis na cinn a leagtar síos in Airteagal 102 go hAirteagal 115 a fheidhmiú ar choinníoll go raibh na forálacha sin i bhfeidhm an 20 Nollaig 2018 agus go bhfuil aon srianta ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a thagann as an méid sin comhréireach le cuspóir na cosanta tomhaltóra.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 21 Nollaig 2019 i ndáil le haon forálacha náisiúnta a bheidh le cur i bhfeidhm ar bhonn na míre seo.

Airteagal 102

Ceanglais faisnéise maidir le conarthaí

1.   Sula mbeidh tomhaltóir faoi cheangal conradh nó aon tairiscint chomhfhreagrach, soláthróidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Threoir 2011/83/AE, mar aon leis an bhfaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Treoir seo, a mhéid a bheidh an fhaisnéis sin bainteach le seirbhís arna soláthar acu.

Cuirfear an fhaisnéis ar fáil ar bhealach soiléir cuimsitheach ar mheán buanfasach mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE nó, i gcás nach mbíonn a leithéid indéanta, i ndoiciméad ar furasta é a íoslódáil a chuirfidh an soláthraí ar fáil. Déanfaidh an soláthraí aird an tomhaltóra a tharraingt, go sainráite, ar infhaighteacht an doiciméid sin agus ar a thábhachtaí atá sé é a íoslódáil chun críocha doiciméadúcháin, mar phointe tagartha amach anseo, agus chun go n-atáirgfear gan athrú é.

Déanfar an fhaisnéis a chur ar fáil, arna iarraidh sin, i bhformáid inrochtana d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas i gcomhréir le dlí an Aontais lena gcomhchuibhítear na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme do tháirgí agus seirbhísí.

2.   An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 5, soláthrófar í freisin d'úsáideoirí deiridh ar micrifhiontair nó ar fiontair bheaganó eagraíochtaí gan beann ar bhrabús iad, ach amháin más rud é gur aontaigh siad go sainráite na forálacha sin nó codanna díobh a tharscaoileadh,

3.   Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, achoimre bheacht sholéite den chonradh. Sainaithneoidh an achoimhre sin príomheilimintí na gceanglas faisnéise i gcomhréir le mír 1. Áireofar leis na príomheilimintí sin ar a laghad:

(a)

ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála an tsoláthraí agus, má tá siad difriúil, faisnéis teagmhála le haghaidh gearán;

(b)

príomhghnéithe gach seirbhís a chuirtear ar fáil;

(c)

na praghsanna faoi seach le haghaidh na seirbhíse cumarsáide leictreonaí a ghníomhachtú agus maidir le haon mhuirir athfhillteacha nó tomhaltasbhainteacha, i gcás ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil ar íocaíocht dhíreach airgeadaíochta;

(d)

ré an chonartha agus na coinníollacha maidir leis an gconradh a athnuachan agus a fhoirceannadh;

(e)

a mhéid atá na táirgí agus na seirbhísí ceaptha d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas;

(f)

maidir le seirbhísí rochtana idirlín, achoimre ar an bhfaisnéis a cheanglaítear de bhun pointí (d) agus (e) d'Airteagal 4(1) de Rialachán 2015/2120.

Faoin 21 Nollaig 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléad le haghaidh achoimre den chonradh a shonrú a bheidh le húsáid ag soláthraithe chun a n-oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

Soláthraithe atá faoi réir na n-oibleagáidí i mír 1 go mír 4, déanfaidh siad an fhaisnéis riachtanach a chomhlíonadh go cuí sa teimpléad sin le haghaidh achoimre den chonradh agus soláthróidh siad achoimre den chonradh in aisce do thomhaltóirí, roimh thabhairt i gcrích an chonartha, lena n-áirítear cianchonarthaí. I gcás ina mbeidh sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla oibiachtúla an achoimre ar an gconradh a sholáthar ag an uair sin, cuirfear ar fáil í gan aon mhoill mhíchuí ina dhiaidh sin, agus tiocfaidh an conradh in éifeacht nuair a bheidh sé dearbhaithe ag an tomhaltóir go n-aontaíonn sé nó sí leis an achoimre ar an gconradh tar éis í a fháil.

4.   Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 ina cuid dhílis den chonradh agus ní dhéanfar í a athrú ach amháin má chomhaontaíonn na páirtithe conarthacha sin go sainráite.

5.   I gcás ina ndéantar seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí a bhilleáil ar bhonn ama nó toirt an tomhaltais, tairgfidh soláthraithe na seirbhísí sin do thomhaltóirí saoráid lena mbeidh siad in ann faireachán agus rialú a dhéanamh ar úsáid an dá sheirbhís sin. Áireofar sa tsaoráid sin rochtain ar fhaisnéis thráthúil ar leibhéil tomhaltais na seirbhísí atá san áireamh i bplean taraife. Tabharfaidh soláthraithe, go háirithe, fógra chuig tomhaltóirí sula sroichtear aon teorainnúsáide arna bhunú ag údaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú le húdaráis rialála náisiúnta á gcur san áireamh ina bplean taraife, agus nuair a bheidh aon seirbhís dá n-áirítear ina bplean taraife tomhailte go huile is go hiomlán.

6.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha a choimeád nó a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe faisnéis bhreise a chur ar fáil maidir leis an leibhéal tomhaltais agus chun cosc sealadach a chur ar thuilleadh úsáide den tseirbhís ábhartha de bhreis ar theorainn airgeadais nó toirte arna cinneadh ag an údarás inniúil.

7.   Beidh sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit, ina ndlí náisiúnta, forálacha a choimeád nó a thabhairt isteach i ndáil le gnéithe nach rialáiltear leis an Airteagal seo, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe nua atá ag teacht chun cinn.

Airteagal 103

Trédhearcacht, comparáid idir tairiscintí agus foilsiú faisnéise

1.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla, i gcomhordú, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta go ndéanfar, i gcás ina gceanglaíonn soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí téarmaí agus coinníollacha le soláthar na seirbhísí sin, go ndéanfaidh gach soláthraí den chineál sin, nó an t-údarás inniúil féin i gcomhordú, nuair is iomchuí, leis an údarás rialála náisiúnta an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn IX a fhoilsiú go soiléir, go cuimsitheach, go meaisín-inléite, agus ar bhealach a bheidh inrochtana ag úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, i gcomhréir leis an gcuid sin de dhlí an Aontais lena gcomhchuibhítear ceanglais rochtana do tháirgí agus seirbhísí. Déanfar an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcomhordú, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta ceanglais bhreise a shonrú maidir leis an bhfoirm ina bhfuil an fhaisnéis sin le foilsiú. Soláthrófar an fhaisnéis sin, arna iarraidh sin, don údarás inniúil agus, nuair is ábhartha, don údarás rialála náisiúnta sula bhfoilsítear í.

2.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla, i gcomhordú, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta go mbeidh rochtain in aisce ag úsáideoirí deiridh ar uirlis comparáide neamhspleách amháin ar a laghad lena gcuirtear ar a gcumas comparáid agus meastóireacht a dhéanamh idir seirbhísí éagsúla rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí, agus, i gcás inarb infheidhme, seirbhísí cumarsáide uimhir-neamhspleách atá ar fáil go poiblí, maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

praghsanna agus taraifí seirbhísí arna soláthar ar íocaíochtaí díreacha athfhillteacha airgeadaíochta nó tomhaltasbhunaithe, agus

(b)

cáilíocht fheidhmíocht na seirbhíse i gcás ina dtairgtear cáilíocht seirbhíse íosta nó ina gceanglaítear ar an ngnóthas an fhaisnéis sin a fhoilsiú de bhun Airteagal 104.

3.   Beidh an uirlis chomparáide dá dtagraítear i mír 2:

(a)

neamhspleách ó thaobh na hoibríochtúlachta de ar sholáthraithe seirbhísí den sórt sin, rud a fhágfaidh go n-áiritheofar go gcaitear go cothrom leis na soláthraithe sinsna torthaí cuardaigh;

(b)

nochtfaidh sí go soiléir úinéirí agus oibreoirí na huirlise comparáide;

(c)

leagfaidh sí amach critéir shoiléire agus oibiachtúla ar a mbunófar an chomparáid;

(d)

úsáidfidh sí focail atá soiléir agus gan débhríocht;

(e)

cuirfidh sí faisnéis bheacht agus atá cothrom le dáta ar fáil agus luafaidh sí an uair a rinneadh an nuashonrú is deireanaí;

(f)

beidh sí oscailte do gach soláthraí seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí a chuireann an fhaisnéis ábhartha ar fáil, agus áireofar raon leathan tairiscintí léi lena gclúdófar cuid shuntasach den mhargadh agus, i gcás nach dtugann an fhaisnéis a chuirtear i láthair forléargas iomlán ar an margadh, tabharfar ráiteas soiléir á rá sin, sula dtaispeántar na torthaí;

(g)

cuirfidh sí nós imeachta éifeachtach ar fáil chun faisnéis mhícheart a thuairisciú;

(h)

áiritheoidh sí go mbeifear in ann comparáid a dhéanamh ó thaobh praghsanna, taraifí agus cáilíocht fheidhmíocht na seirbhíse de idir tairiscintí atá ar fáil do thomhaltóirí agus, má cheanglaíonn na Ballstáit é, idir na tairiscintí sin agus na tairiscintí caighdeánacha sin atá ar fáil go poiblí a chuirtear ar fáil d'úsáideoirí deiridh eile.

Uirlisí comparáide a chomhlíonann na ceanglais i bpointí (a) go (h), deimhneoidh na húdaráis inniúla i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta iad, nuair is ábhartha, arna iarraidh sin do sholáthraí na huirlise.

An fhaisnéis a fhoilseoidh soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, beidh sé de cheart ag tríú páirtithe í a úsáid, in aisce agus i bhformáid sonraí oscailte.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí, nó an dá rud, faisnéis ar mhaithe le leas an phobail a dháileadh in aisce d'úsáideoirí deiridh atá ann cheana agus atá nua, nuair is iomchuí, trí na modhanna a úsáideann siad de ghnáth ina gcumarsáid le húsáideoirí deiridh. I gcás mar sin, is iad na húdaráis ábhartha phoiblí a chuirfidh an fhaisnéis ar mhaithe le leas an phobail sin ar fáil, i bhformáid chaighdeánaithe agus clúdófar inter alia an méid a leanas inti:

(a)

na húsáidí is coitianta a bhaintear as seirbhísí rochtana idirlín agus as seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí chun dul i mbun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó chun ábhar díobhálach a scaipeadh, go háirithe i gcás ina bhféadfaí dochar a dhéanamh d'urramú ceart agus saoirse daoine eile, lena n-áirítear sáruithe ar chearta cosanta sonraí, cóipcheart agus cearta gaolmhara, agus na hiarmhairtí dlí a bheadh acu; agus

(b)

na bealaí chun duine a chosaint ar bhaoil do shlándáil phearsanta, príobháideachas agus sonraí pearsanta nuair atá seirbhísí rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí á n-úsáid.

Airteagal 104

Cáilíocht seirbhíse maidir le seirbhísí rochtana idirlín agus le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí

1.   Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla eile a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, faisnéis atá cuimsitheach, inchomparáide, iontaofa, soláimhsithe agus cothrom le dáta a fhoilsiú d'úsáideoirí deiridh maidir le cáilíocht a seirbhísí, a mhéid a rialaíonn siad ar a laghad roinnt eilimintí den líonra, go díreach nó de bhua comhaontú ar leibhéal na seirbhíse chun na críche sin, agus maidir leis na bearta a dhéantar chun coibhéis rochtana a áirithiú d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla eile a chur de cheangal freisin ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí é a chur in iúl do thomhaltóirí más rud é go mbraitheann cáilíocht na seirbhísí a chuireann siad ar fáil ar thosca seachtracha, amhail rialú na gcomharthaí tarchuir nó nascacht na líonraí.

Soláthrófar an fhaisnéis sin, arna iarraidh sin, don údarás rialála náisiúnta agus, nuair is ábhartha, d'údarás inniúla eile sula bhfoilsítear í.

Na bearta chun cáilíocht na seirbhíse a áirithiú, comhlíonfaidh siad Rialachán (AE) 2015/2120.

2.   Agus lánaird á tabhairt acu ar threoirlínte BEREC, sonróidh na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla eile cáilíocht na bparaiméadar seirbhíse atá le tomhas agus na modhanna tomhais is infheidhme, inneachar na faisnéise, a foirm agus an bealach ina bhfoilseofar í, lena n-áirítear sásraí deimhnithe cáilíochta féideartha. Úsáidfear na paraiméadair, sainmhínithe agus modhanna tomhais a leagtar amach in Iarscríbhinn X, nuair is iomchuí.

Faoin 21 meitheamh 2020, d'fhonn rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na míre seo agus Iarscríbhinn X, glacfaidh BEREC, tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte lena mionsonraítear na paraiméadair ábhartha cáilíochta seirbhíse, lena n-áirítear paraiméadair atá ábhartha d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, na modhanna tomhais is infheidhme, ábhar agus formáid fhoilsiú na faisnéise, agus sásraí deimhnithe cáilíochta.

Airteagal 105

Ré agus foirceannadh conartha

1.   Déanfaidh Ballstáit a áirithiú nach dídhreasú iad na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun conradh a fhoirceannadh i gcoinne soláthraí seirbhíse a athrú agus nach dtugann conarthaí a thugtar i gcrích idir tomhaltóirí agus soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, mar aon le seirbhísí eile tarchuir a úsáidtear chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, sainordú a thabhairt do thréimhse gealltanais thosaigh níos faide ná 24 mhí. Féadfaidh na Ballstáit forálacha a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena sainordaítear uastréimhsí gealltanais conarthacha níos giorra.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le ré conartha tráthchoda i gcás inar aontaigh an custaiméir i gconradh ar leithligh go ndéanfaí íocaíochtaí tráthchodanna go heisiach chun nasc fisiciúil a dhéanamh go háirithe le líonraí fíor-ardacmhainne. Ní áireofar, i gconradh tráthchoda le haghaidh nasc fisiciúil a dhéanamh, trealamh teirminéil, amhail ródaire nó móideim, agus ní chuirfear cosc ar na tomhaltóirí a gcearta faoin Airteagal seo a fheidhmiú.

2.   Beidh feidhm freisin ag mír 1 maidir le húsáideoirí deiridh ar micrifhiontair nó fiontair bheaga, agus eagraíochtaí gan beann ar bhrábús iad, mura rud é gur aontaigh siad go sainráite na forálacha sin a tharscaoileadh.

3.   I gcás ina bhforálfar le conradh nó leis an dlí náisiúnta go ndéanfar conradh a fhadú go huathoibríoch — i gcomhair seirbhísí cumarsáide leictreonaí seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, mar aon le seirbhísí eile tarchuir a úsáidtear chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar — áiritheoidh na Ballstáit gurb amhlaidh, tar éis an fhadaithe sin, go mbeidh úsáideoirí deiridh i dteideal an conradh a fhoirceannadh am ar bith má thugann siad fógra darb uasfhad aon mhí amháin, de réir mar a chinnfidh na Ballstáit, agus gan aon chostais a thabhú seachas na muirir as an tseirbhís a fháil le linn na tréimhse fógra. Sula bhfadaítear an conradh go huathoibríoch, cuirfidh na soláthraithe na húsáideoirí deiridh ar an eolas, ar bhealach tráthúil, feiceálach agus ar mheán buanfasach, faoi dheireadh an ghealltanais chonarthaigh agus faoin modh ar féidir an conradh a fhoirceannadh. Ina theannta sin, agus ag an am céanna. Déanfaidh na soláthraithe comhairle maidir leis an taraif is fearr a thabhairt don úsáideoir deiridh i dtaca lena gcuid seirbhísí. Soláthróidh na soláthraithe sin an fhaisnéis is fearr faoi tharaifí d'úsáideoirí deiridh uair sa bhliain ar a laghad.

4.   Beidh sé de cheart ag úsáideoirí deiridh a gconradh a fhoirceannadh gan aon chostas breise a tharraingt orthu féin ach a bhfaighe siad fógra faoi aon athrú ar choinníollacha an chonartha arna moladh ag soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, ach amháin i gcás gur chun leas eisiach an úsáideora deiridh na hathruithe sin, gur de chineál riaracháin amháin iad agus nach mbíonn aon drochthionchar acu ar an úsáideoir deiridh nó gurb de bhun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a fhorchuirtear iad.

Tabharfaidh na soláthraithe fógra do na húsáideoirí deiridh, mí amháin roimh ré ar a laghad, faoi aon athrú ar na coinníollacha conarthacha, agus cuirfidh siad ar an eolas iad go comhuaineach faoina gceart an conradh a fhoirceannadh gan tuilleadh costas a thabhú mura nglacann siad leis na coinníollacha nua. An ceart chun an conradh a fhoirceannadh, féadfar sin a fheidhmiú laistigh d'aon mhí amháin tar éis fógra a fháil. Féadfaidh na Ballstáit trí mhí bhreise a chur leis an tréimhse sin. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra ar bhealach soiléir sothuigthe agus ar mheán buanfasach.

5.   Aon neamhréir shuntasach, a leanann ar aghaidh nó a tharlaíonn go minic, idir feidhmíocht iarbhír seirbhíse leictreonacha cumarsáide, seachas seirbhís rochtana idirlín nó seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, agus an fheidhmíocht a léirítear sa chonradh, measfar mar bhonn sin chun na réitigh atá ar fáil don tomhaltóir i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a ghníomhachtú, lena n-áirítear an ceart chun an conradh a fhoirceannadh saor ó chostas.

6.   I gcás ina mbíonn sé de cheart ag úsáideoir conradh a fhoirceannadh le seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhís cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir roimh dheireadh na tréimhse comhaontaithe conartha de bhun na Treorach seo, nó de bhun fhorálacha eile i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, ní dhlífear aon chúiteamh ar an úsáideoir deiridh seachas i dtaca le trealamh teirminéil a fuair fóirdheontas agus a coinníodh.

I gcás ina roghnaíonn an t-úsáideoir deiridh trealamh teirminéil a choinneáil, atá cuachta ag an am a dtugtar an conradh i gcrích, ní rachaidh aon chúiteamh a dhlitear thar a luach pro rata temporis mar a comhaontaíodh sin an t-am ar tugadh an conradh i gcrích nó thar luach a bhfuil fanta den táille seirbhíse go dtí deireadh an chonartha, cibé acu sin is lú.

Féadfaidh na Ballstáit modhanna eile a chinneadh maidir leis an ráta cúitimh a ríomh, ar choinníoll nach mó an leibhéal cúitimh ná an cúiteamh a ríomhtar i gcomhréir leis an dara fomhír.

Aon choinníoll maidir le trealamh teirminéil a úsáid ar líonraí eile, cuirfidh an soláthraí deireadh leis, in aisce, tráth a sonróidh na Ballstáit sin agus, ar a dhéanaí, an tráth a n-íocfar an cúiteamh.

7.   I dtaca le seirbhísí tarchurtha arna n-úsáid i gcomhair seirbhísí meaisín le meaisín, ní bheidh na cearta a luaitear i mír 4 agus i mír 6 chun leasa aon úsáideoir deiridh ach tomhaltóirí, micrifhiontair, fiontair bheaga, nó eagraíochtaí gan beann ar bhrábús.

Airteagal 106

An soláthraí a mhalartú agus inaistritheacht uimhreacha

1.   I gcás malartú idir soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín, tabharfaidh an soláthraí lena mbaineann eolas leordhóthanach don úsáideoir deiridh sula ndéanfar malartú agus lena linn, agus déanfaidh sé leanúnachas na seirbhíse rochtana idirlín a áirithiú, mura rud é nach mbeidh sé sin indéanta go teicniúil. Áiritheoidh an soláthraí fála go ngníomhachtófar an tseirbhís rochtana idirlín a luaithe is féidir ar an dáta, agus laistigh den achar ama, a chomhaontaítear go sainráite leis an úsáideoir deiridh. Leanfaidh an soláthraí is aistreoir dá seirbhís rochtana idirlín a chur ar fáil ar na téarmaí céanna go dtí go ngníomhachtaítear seirbhísí an tsoláthraithe fála. Ní mhairfidh an easpa seirbhíse le linn phróiseas an aistrithe níos faide ná aon lá oibre amháin.

Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta éifeachtúlacht agus simplíocht an phróisis aistrithe don úsáideoir deiridh a áirithiú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag gach úsáideoir deiridh a bhfuil uimhreacha acu ón bplean uimhrithe náisiúnta, arna iarraidh sin, a n-uimhreacha a choinneáil go neamhspleách ar an ngnóthas atá ag soláthar na seirbhíse i gcomhréir le Cuid C d'Iarscríbhinn VI.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an t-úsáideoir deiridh conradh a fhoirceannadh, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an t-úsáideoir deiridh an ceart a choinneáil uimhir a aistriú ón bplean uimhrithe náisiúnta chuig soláthraí eile go ceann tréimhse aon mhí ar a laghad tar éis dháta an fhoirceanta, mura rud é go dtréigfidh an t-úsáideoir deiridh an ceart sin.

4.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go bhfuil praghsáil i measc na soláthraithe a bhaineann le soláthar inaistritheacht uimhreacha dírithe ar chostas, agus nach ngearrfar aon táillí go díreach ar na húsáideoirí deiridh.

5.   Maidir le haistriú uimhreacha agus a ngníomhachtú ina dhiaidh sin, déanfar sin laistigh den tréimhse is giorra is féidir ar an dáta a chomhaontaítear go sainráite leis an úsáideoir deiridh. I gcás ar bith, maidir le húsáideoirí deiridh a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích acu maidir le huimhir a aistriú go soláthraí nua, déanfar an uimhir sin a ghníomhachtú laistigh d'aon lá oibre amháin tar éis an dáta a chomhaontaítear leis an úsáideoir deiridh. I gcás ina dteipeann ar an bpróiseas aistrithe, déanfaidh an soláthraí aistritheach uimhir agus seirbhísí gaolmhara an úsáideora deiridh a ghníomhachtú an athuair nó go n-éirí leis an aistriú. Leanfaidh an soláthraí aistritheach dá sheirbhísí a chur ar fáil ar na téarmaí agus coinníollacha céanna go dtí go ngníomhachtaítear seirbhísí an tsoláthraí fála. Ní mhairfidh an easpa seirbhíse le linn phróiseas an mhalartaithe agus an aistrithe, i gcás ar bith, níos faide ná aon lá oibre amháin. Áiritheoidh oibreoirí a bhfuil a gcuid líonraí rochtana á n-úsáid ag an soláthraí aistritheach nó ag an soláthraí fála, nó ag an mbeirt, nach gcaillfear an tseirbhís ar bhealach a d'fhágfadh moill ar phróiseas an mhalartaithe agus an aistrithe.

6.   Is é an soláthraí fála a bheidh i gceannas ar phróisis an mhalartaithe agus an aistrithe a leagtar amach i mír 1 agus i mír 5 agus comhoibreoidh an soláthraí fála agus an soláthraí aistrithe le chéile de mheon macánta. Ní chuirfidh siad moill ar phróiseas an mhalartaithe ná ar phróiseas an aistrithe ná ní mhí-úsáidfidh siad na próisis sin ná ní aistreoidh siad uimhreacha ná ní mhalartóidh siad úsáideoirí deiridh gan toiliú sainráite na n-úsáideoirí deiridh a fháil. Déanfar conarthaí na n-úsáideoirí deiridh leis an soláthraí aistritheach a fhoirceannadh go huathoibríoch nuair a bheidh próiseas an mhalartaithe tugtha i gcrích.

Féadfaidh na húdaráis inniúla na sonraí maidir le malartú agus próiseas an aistrithe a bhunú, agus forálacha náisiúnta i ndáil le conarthaí, an indéantacht theicniúil, agus an gá atá le leanúnachas seirbhíse a chothabháil don úsáideoir deiridh á gcur san áireamh acu. Áireofar ar an méid sin, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ceanglas go dtabharfar an t-aistriú chun críche trí sholáthar thar an líonra, mura rud é go n-iarrfaidh úsáideoir deiridh a mhalairt. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta bearta iomchuí freisin lena n-áiritheofar go gcuirtear úsáideoirí deiridh ar an eolas agus go ndéantar iad a chosaint, ar bhonn leordhóthanach, le linn phróisis an mhalartaithe agus an aistrithe agus nach ndéantar iad a mhalartú chuig soláthraí eile in aghaidh a dtola.

Déanfaidh soláthraithe aistritheacha, arna iarraidh sin, aon chreidmheas atá fanta a aisíoc leis na tomhaltóirí trí sheirbhísí réamhíoctha a úsáid. Ní fhéadfaidh an aisíocaíocht a bheith faoi réir táille ach amháin i gcás ina bhforáiltear sin sa chonradh. Beidh aon táille den sórt sin i gcomhréir agus ar cóimhéid leis na costais iarbhír arna dtabhú ag an soláthraí aistritheach tríd an aisíocaíocht a thairiscint.

7.   Déanfaidh na Ballstáit rialacha do phionóis a leagan síos, i gcás nach gcomhlíonann soláthraí leis na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le moill ar ghnóthais aistriú a dhéanamh nó a mhéid a bhaineann le haistriú a bheith á mhí-úsáid nó thar ceann soláthraí.

8.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le cúiteamh a thabhairt, ar bhealach éasca, tráthúil, ag a soláthraithe d'úsáideoirí deiridh i gcás nach gcomhlíonann an soláthraí leis na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo, mar aon le cás moill ar aistriú nó ar mhalartú nó i gcás mhí-úsáid próiseas an aistrithe agus próiseas an mhalartaithe agus i gcás coinní seirbhíse agus suiteála a chailltear.

9.   Chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn VIII, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear úsáideoirí deiridh ar an eolas ar bhealach leordhóthanach gurb ann don cheart sin chun cúitimh dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 8.

Airteagal 107

Tairiscintí cuachta

1.   I gcás ina mbíonn i gcuach seirbhísí nó i gcuach seirbhísí móide trealamh teirminéil arna dtairiscint don tomhaltóir ar a laghad seirbhís rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhir-bhunaithe atá ar fáil go poiblí, beidh feidhm ag Airteagal 102(3), Airteagal 103(1), Airteagal 105 agus Airteagal 106(1) i leith na cuaiche lena n-áirítear mutatis mutandis i leith na n-eilimintí sin nach gcuimsítear thairis sin sna forálacha sin.

2.   I gcás ina bhfuil sé de cheart ag an tomhaltóir, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, aon eilimint den chuach sin dá dtagraítear i mír 1 a fhoirceannadh, sula dté in éag téarma an chonartha a comhaontaíodh, déanfaidh na Ballstáit foráil ionas go mbeidh de cheart ag an tomhaltóir an conradh a fhoriceannadh i ndáil le gach eilimint den chuach.

3.   Aon síntiús chuig seirbhísí breise nó chuig trealamh teirminéil a sholáthraíonn nó a dháileann an soláthraí céanna seirbhísí rochtana idirlín, nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil don phobal, ní fhadófar, leis an síntiús sin, ré bunaidh an chonartha a gcuirtear na seirbhísí nó an trealamh teirminéil sin leis, mura rud é go gcomhaontaíonn an tomhaltóir a mhalairt go sainráite nuair a ghlacann sé síntiús leis na seirbhísí breise nó leis an trealamh breise teirminéil.

4.   Beidh feidhm freisin ag mír 1 agus mír 3 maidir le húsáideoirí deiridh ar micrifhiontair, fiontair bheaga iad, nó eagraíochtaí gan beann ar bhrábús, mura rud é gur aontaigh siad go sainráite gach cuid de na forálacha sin, nó cuid díobh, a tharscaoileadh.

5.   Is ceadmhach do na Ballstáit mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le forálacha eile a leagtar síos sa Teideal seo.

Airteagal 108

Infhaighteacht seirbhísí

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun an infhaighteacht is iomláine is féidir de sheirbhísí cumarsáide gutha agus de sheirbhísí rochtana idirlín a sholáthraítear thar líonraí cumarsáide lecitreonaí poiblí a áirithiú má chliseann an líonra go tubaisteach nó i gcásanna force majeure. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide gutha gach beart is gá chun a áirithiú go mbeidh rochtain gan bhriseadh ar sheirbhísí éigeandála agus go ndéanfar foláirimh phoiblí a tharchur gan bhriseadh.

Airteagal 109

Cumarsáid éigeandála agus an uimhir éigeandála aonair Eorpach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh úsáideoirí deiridh uile na seirbhíse dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear iad sin a úsáideann táillefóin phoiblí, in ann glao a chur ar na seirbhísí éigeandála saor in aisce agus nach mbeidh orthu aon mhodh íocaíochta a úsáid, trí leas a bhaint as an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” agus aon uimhir náisiúnta éigeandála a shonraíonn na Ballstáit.

Cuirfidh na Ballstáit chun cinn rochtain ar na seirbhísí éigeandála leis an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” ó líonraí cumarsáide leictreonaí nach bhfuil ar fáil don phobal ionas gur féidir glaonna a dhéanamh chuig líonraí poiblí, go háirithe nuair nach gcuireann an gnóthas is freagrach as an líonra sin rogha éasca eile ar fáil chun an tseirbhís éigeandála a rochtain.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta agus le seirbhísí éigeandála agus soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí, i gcás ina ligtear, leis na seirbhísí sin, d'úsáideoirí deiridh glaonna a dhéanamh ar uimhir i bplean uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta, rochtain a thabhairt ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála leis an PFGE is iomchuí.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreagrófar mar is iomchuí na glaonna chuig an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” agus go láimhseáiltear iad ar an mbealach is fearr a oireann d'eagrú náisiúnta na gcóras éigeandála. Freagrófar glaonna éigeandála den sórt sin agus láimhseálfar iad chomh tapa agus chomh héifeachtach mar a dhéantar le glaonna éigeandála chuig an uimhir nó chuig na huimhreacha éigeandála náisiúnta, i gcás ina bhfuil siad fós in úsáid.

4.   Faoin 21 Nollaig 2020 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir lena éifeachtaí atá cur chun feidhme na huimhreach aonair éigeandála Eorpaí “112”.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar rochtain ar sheirbhísí éigeandála d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas trí chumarsáid éigeandála agus go mbeidh an rochtain sin ag teacht leis an rochtain a bhíonn le fáil ag úsáideoirí deiridh eile, i gcomhréir le dlí an Aontais lena gcomhchuibhítear ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí,. Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile bearta iomchuí chun a áirithiú go bhféadfaidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála ar bhonn a bheidh coibhéiseach le húsáideoirí deiridh eile, agus iad ag taisteal i mBallstát eile, nuair is indéanta, gan aon réamhchlárú. Leis na bearta sin, féachfar le hidir-inoibritheacht a áirithiú ar fud na mBallstát agus bunófar iad, a oiread is féidir, ar chaighdeáin nó sonraíochtaí Eorpacha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 39. Ní choiscfidh bearta den sórt sin na Ballstáit ó cheanglais bhreise a ghlacadh chun na cuspóirí a leagtar amach san Airteagal seo a shaothrú.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora ar fáil don PFGE is iomchuí gan mhoill tar éis don chumarsáid éigeandála a bheith curtha ar bun. Áireofar air sin faisnéis líonrabhunaithe faoin suíomh agus, i gcás ina bhfuil sí ar fáil, faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a fhaightear ón sás láimhe. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil bunú agus tarchur na faisnéise faoi shuíomh an úsáideora deiridh in aisce don úsáideoir deiridh agus don PFGE maidir le gach cumarsáid éigeandála chuig an uimhir éigeandála Eorpach “112”. Féadfaidh na Ballstáit an oibleagáid sin a shíneadh go dtí gach glao éigeandála chun uimhreacha éigeandála náisiúnta a chlúdach. Déanfaidh na húdaráis rialála inniúla, más gá tar éis dóibh dul i gcomhairle le BEREC, critéir do chruinneas agus d'iontaofacht fhaisnéis shuíomh an ghlaoiteora a sholáthraítear.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar dóthain faisnéise d'úsáideoirí deiridh faoin uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” a bheith ann agus faoi úsáid na huimhreach sin, agus faoi na heilimintí inrochtaineachta a ghabhann léi, lena n-áirítear trí thionscnaimh lena ndírítear go sonrach ar dhaoine atá ag taisteal idir na Ballstáit, agus ar dhaoine faoi mhíchumas. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i bhformáidí inrochtana, lena dtabharfar aghaidh ar chineálacha éagsúla míchumais. Tacóidh an Coimisiún le gníomhaíocht na mBallstát agus comhlánóidh siad í.

8.   Chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála chuig uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” sna Ballstáit a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le BEREC, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 117 mar fhorlíonadh ar mhír 2, mír 5 agus mír 6 den Airteagal sin maidir leis na bearta is gá chun comhoiriúnacht, idir-inoibritheacht, cáilíocht, iontaofacht agus leanúnachas chumarsáid éigeandála san Aontas a áirithiú maidir le réitigh faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, rochtain d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus ródú chuig an PFGE is iomchuí. Glacfar na cinn tosaigh de na gníomhartha tarmligthe sin faoin 21 Nollaig 2022.

Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin gan dochar d'eagrú na seirbhísí éigeandála agus ní bheidh aon tionchar acu ar eagrú na seirbhísí sin, mar chuid d'inniúlacht eisiach na mBallstát i gcónaí.

Coimeádfaidh BEREC bunachar sonraí d'uimhreacha E.164 de chuid na seirbhísí éigeandála na mBallstát lena áirithiú go mbeidh siad in ann teagmháil a dhéanamh le chéile ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, i gcás nach ndéanfaidh eagraíocht eile bunachar dá shórt a choimeád.

Airteagal 110

Córas rabhaidh poiblí

1.   Faoi 21 Meitheamh 2022, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, nuair a bheidh córais um rabhadh poiblí ar bun maidir le garéigeandálaí agus le garthubaistí nó le héigeandálaí nó tubaistí atá ag teacht chun cinn, déanfaidh soláthraithe na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe soghluaiste rabhaidh phoiblí a tharchur chuig na húsáideoirí deiridh lena mbaineann.

2.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfar rabhaidh phoiblí a tharchur trí bhíthin seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1, agus seachas seirbhísí craoltóireachta, nó trí aip móibíleach a bhraitheann ar sheirbhís rochtana idirlín, ar choinníoll gurb ionann éifeachtacht an chórais rabhaidh phoiblí — i dtaca le cumhdach agus lena acmhainn na húsáideoirí deiridh a shroicheadh lena n-áirítear iad siúd nach mbíonn i láthair ach go sealadach sa limistéar atá i gceist, agus lánaird á tabhairt ar threoirlínte BEREC. Cuirfear rabhaidh phoiblí ar fáil d'úsáideoirí deiridh ar shlí éasca.

Faoin 21 Meitheamh 2020 agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis atá i gceannas ar PFGEnna, déanfaidh BEREC treoirlínte a fhoilsiú maidir lena mheasúnú cé acu atá nó nach bhfuil éifeachtacht na seirbhísí rabhadh poiblí faoi an mhír seo coibhéiseach le héifeachtacht na gcóras sin a leagtar síos faoi mhír 1.

Airteagal 111

Rochtain agus rogha choibhéiseach d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go sonróidh na húdaráis inniúla ceanglais atá le comhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí chun a áirithiú maidir le húsáideoirí deiridh faoi mhíchumas:

(a)

go mbeidh rochtain acu ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear an fhaisnéis chonarthach ghaolmhar a sholáthraítear de bhun Airteagal 102, rochtain a bheidh coibhéiseach leis an rochtain a bheidh ag tromlach na n-úsáideoirí deiridh; agus

(b)

go mbainfidh siad tairbhe as an rogha gnóthas agus seirbhísí atá ar fáil do thromlach na n-úsáideoirí deiridh.

2.   Trí na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh, spreagfaidh na Ballstáit na caighdeáin nó na sonraíochtaí ábhartha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 39 a bheith á gcomhlíonadh.

Airteagal 112

Seirbhísí eolaí teileafóin

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh gach soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a shannann uimhreacha ó phlean uimhrithe gach iarratas réasúnta chun an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil, chun críocha seirbhísí eolaí agus eolairí teileafóin atá ar fáil go poiblí a sholáthar, i bhformáid chomhaontaithe ar théarmaí atá cothrom, oibiachtúil, dírithe ar an gcostas agus neamh-idirdhealaitheach.

2.   Beidh na húdaráis rialála náisiúnta in annoibleagáidí agus coinníollacha a fhorchur ar ghnóthais a rialaíonn rochtain na n-úsáideoirí deiridh le haghaidh seirbhísí eolaí teileafóin a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 61. Beidh na hoibleagáidí agus na coinníollacha sin oibiachtúil, cothrom, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach.

3.   Ní chothabhálfaidh na Ballstáit aon srianta rialála a thoirmisceann úsáideoirí deiridh i mBallstát amháin rochtain dhíreach a fháil ar an tseirbhís eolaí teileafóin i mBallstát eile trí ghuthghlao nó SMS, agus déanfaidh siad bearta chun an rochtain sin a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 97.

4.   Beidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo faoi réir cheanglais dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachas agus, go háirithe, Airteagal 12 de Threoir 2002/58/CE.

Airteagal 113

Idir-inoibritheacht ghlacadóirí raidió cairr agus raidió agus an trealaimh teilifíse dhigitigh do thomhaltóirí

1.   Déanfaidh na Ballstáit idir-inoibritheacht an ghlacadóirí raidió cairr agus an trealaimh teilifíse dhigitigh do thomhaltóirí dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin a áirithiú i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn XI.

2.   Féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun idirinoibritheacht ghlacadóirí raidió eile do thomhaltóirí a áirithiú agus an tionchar ghlacadóirí raidió craolacháin ar íseal a luach ar an margadh á theorannú, agus á áirithiú nach gcuirfí bearta mar sin i bhfeidhm i gcás táirgí inar táirge coimhdeach amháin an glacadóir raidió, mar shampla, fóin chliste ná i gcás trealamh a úsáideann amaitéaraigh raidió.

3.   Molfaidh na Ballstáit do sholáthraithe seirbhísí teilifíse digití a áirithiú, nuair is iomchuí, go mbíonn an trealamh teilifíse digití a sholáthraíonn siad dá gcuid úsáideoirí deiridh inoibritheach ionas go mbíonn, nuair is indéanta sin go teicniúil, an trealamh teilifíse digití in-athúsáidte ag soláthraithe eile seirbhísí teilifíse digití.

Gan dochar d'Airteagal 5(2) de Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47), déanfaidh na Ballstáit a áirithiú nuair a chuirtear deireadh lena gconradh gur féidir leis na húsáideoirí deiridh an trealamh teilifíse digití a thabhairt ar ais le nós imeachta éasca atá in aisce, murab é go dtaispeánann an soláthraí go bhfuil sé idir-inoibritheach go hiomlán leis na seirbhísí teilifíse digití atá ag soláthraithe eile, lena n-áirítear na cinn ar athraigh an t-úsáideoir deiridh chucu.

Trealamh teilifíse digití atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó le codanna de na caighdeáin sin, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis an gceanglas idir-inoibritheachta atá sa dara fomhír atá faoi chumhdach na gcaighdeán sin nó codanna díobh.

Airteagal 114

Oibleagáidí 'iompair éigeantaigh'

1.   Oibleagáidí réasúnacha 'maidir le hiompar éigeantach' chun cainéil chraoltóireachta shonracha raidió agus teilifíse agus seirbhísí comhlántacha gaolmhara a tharchur, go háirithe seirbhísí inrochtaineachta chun go mbeidh rochtain iomchuí ag úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus sonraí a thacaíonn le seirbhísí teilifíse nasctha agus eolairí leictreonacha clár, féadfaidh na Ballstáit iad a fhorchur ar ghnóthais atá faoina ndlínse a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun cainéil chraoltóireachta raidió agus teilifíse a leithdháileadh ar an bpobal i gcás ina mbaineann líon mór úsáideoirí deiridh úsáid as líonraí agus as seirbhísí den chineál sin mar mhodh príomha chun cainéil chraoltóireachta raidió agus teilifíse a fháil. Ní fhorchuirfear oibleagáidí mar sin ach sa chás ina mbeidh gá leo chun cuspóirí leasa ghinearálta a chomhlíonadh, arna sainmhíniú go soiléir ag gach Ballstát, agus beidh siad comhréireach agus trédhearcach.

2.   Faoin 21 Nollaig 2019, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 a athbhreithniú, seachas i gcás ina ndearna na Ballstáit an t-athbhreithniú sin sna ceithre bliana roimhe sin.

3.   Ní dhéanfaidh mír 1 den Airteagal seo ná Airteagal 59(2) dochar do chumas na mBallstát cúiteamh cuí a chinneadh, más ann dó, maidir le bearta a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus é á áirithiú, i ndálaí comhchosúla, nach ndéantar idirdhealú sa bhealach a gcaitear le soláthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. I gcás ina ndéantar foráil maidir le cúiteamh, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go leagtar amach go soiléir sa dlí náisiúnta an oibleagáid maidir le cúiteamh, lena n-áirítear, nuair is ábhartha, na critéir maidir le cúiteamh den sórt sin a ríomh. Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirtear i bhfeidhm é ar bhealach comhréireach trédhearcach.

Airteagal 115

Saoráidí breise a chur ar fáil

1.   Gan dochar d'Airteagal 88(2), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis inniúla i gcomhordú, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta in ann ceangal a chur ar gach soláthraí seirbhísí rochtana idirlín nó a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí gach ceann de na saoráidí breise a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn VI nó cuid díobh a chur ar fáil in aisce, faoi réir féidearthacht theicniúil, chomh maith le gach ceann de na saoráidí breise a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn VI nó cuid díobh.

2.   Féadfaidh na Ballstáit cur le liosta na saoráidí breise i gCuid A agus i gCuid B d'Iarscríbhinn VI chun críche mír 1 a chur i bhfeidhm chun leibhéal níos airde cosanta do thomhaltóirí a áirithiú.

3.   Féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme mhír 1 a tharscaoileadh ina chríoch ar fad nó i gcuid di má mheasann sé, tar éis tuairimí páirtithe leasmhara a chur san áireamh, go bhfuil rochtain leordhóthanach ar na saoráidí sin.

Airteagal 116

Na hIarscríbhinní a oiriúnú

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 117 lena leasaítear Iarscríbhinní V, VI, IX, X, agus XI chun na forbairtí teicneolaíocha agus sóisialta nó athruithe in éileamh an mhargaidh a chur san áireamh.

CUID IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 117

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 75, 109 agus 116 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ó 20 Nollaig 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 75, 109 agus Airteagal 116 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 75, 109 agus Airteagal 116 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 118

An coiste

1.   Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ó Choiste ('an Coiste Cumarsáide'). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Do na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 28(4), is é an Coiste um Speictream Raidió arna bhunú de bhun Airteagal 3(1) de Threoir Uimh. 676/2002/CE a thabharfaidh cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó nuair a iarrfaidh comhalta den choiste amhlaidh. I gcás den sórt sin, comórfaidh an cathaoirleach cruinniú coiste laistigh de thréimhse réasúnach ama.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, ag féachaint d'Airteagal 8 de.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó nuair a iarrfaidh comhalta den choiste amhlaidh. I gcás den sórt sin, comórfaidh an cathaoirleach cruinniú coiste laistigh de thréimhse réasúnach ama.

Airteagal 119

Malartú faisnéise

1.   Soláthróidh an Coimisiún don Choiste Cumarsáide gach faisnéis iomchuí maidir le toradh na gcomhairliúchán rialta le hionadaithe oibreoirí na líonraí, le soláthraithe seirbhíse, le húsáideoirí, le tomhaltóirí, le monaróirí agus ceardchumainn, chomh maith le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

2.   Agus beartas cumarsáide leictreonaí an Aontais á chur san áireamh, déanfaidh an Coiste Cumarsáide malartú faisnéise a chothú idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún faoin staid ina bhfuil agus ar an bhforbairt ar ghníomhaíochtaí rialála maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

Airteagal 120

Foilsiú faisnéise

1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear ar fáil go poiblí faisnéis atá cothrom le dáta maidir le cur chun feidhme na Treorach seo ar bhealach a rathaíonn go bhfuil rochtain éasca ag gach páirtí leasmhar ar an bhfaisnéis sin. Déanfaidh siad fógra a fhoilsiú ina n-iris oifigiúil náisiúnta ina ndéantar cur síos conas a fhoilsítear an fhaisnéis agus cá bhfoilsítear í. Foilseofar an chéad fhógra den sórt sin faoin 21 Nollaig 2020 , agus ina dhiaidh sin foilseofar fógra gach uair a dhéantar aon athrú ar an bhfaisnéis atá ann.

2.   Cuirfidh na Ballstáit cóip de na fógraí sin uile faoi bhráid an Choimisiúin tráth a bhfoilsithe. Dáilfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar an gCoiste Cumarsáide mar is iomchuí.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfoilsítear agus go gcoinnítear cothrom le dáta ar bhealach iomchuí gach faisnéis ábhartha maidir le cearta, coinníollacha, nósanna imeachta, táillí, muirir agus cinntí a bhaineann le húdaruithe ginearálta, le cearta úsáide agus le chearta saoráidí a shuiteáil chun go mbeidh rochtain éasca ag gach páirtí leasmhar ar an bhfaisnéis sin.

4.   I gcás ina gcoinnítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar leibhéil éagsúla rialtais, go háirithe faisnéis maidir le nósanna imeachta agus coinníollacha i leith cearta saoráidí a shuiteáil, déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta gach dícheall réasúnach, agus ag féachaint do na costais, chun forléargas atá acrach don úsáideoir den fhaisnéis uile sin, lena n-áirítear faisnéis ar leibhéil ábhartha rialtais agus na húdaráis atá freagrach chun iarratais ar chearta chun saoráidí a shuiteáil a éascú.

5.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfoilsítear na hoibleagáidí sonracha a fhorchuirtear ar ghnóthais faoin Treoir seo agus go ndéantar na margaí do tháirgí agusseirbhísí sonracha agus na margaí geografacha a shainaithint. Faoi réir rúndacht tráchtála a chosaint, áiritheoidh siad go gcuirfear faisnéis atá cothrom le dáta ar fáil go poiblí, ar bhealach a rathaíonn go bhfuil rochtain éasca ag gach páirtí leasmhar ar an bhfaisnéis sin,.

6.   Déanfaidh na Ballstáit faisnéis a chuireann said ar fáil go póiblí de bhun mhír 5 a sholáthar don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil i bhfoirm a mbeidh rochtain éasca uirthi, agus dáilfidh sé an fhaisnéis ar an gCoiste Cumarsáide mar is iomchuí.

Airteagal 121

Fógra agus faireachán

1.   Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta an Coimisiún ar an eolas faoin 21 Nollaig 2020, agus láithreach bonn tar éis go dtagann aon athrú dá éis sin ar ainmneacha na ngnóthas arna n-ainmniú ina gnóthais ar a bhfuil oibleagáidí seirbhíse uilíche de bhun Airteagal 85(2), Airteagal 86 nó 87.

2.   Tabharfaidh údaráis rialála náisiúnta fógra don Choimisiún faoi ainmneacha na ngnóthas a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu chun críocha na Treorach seo, agus faoi na hoibleagáidí a forchuireadh orthu faoin Treoir seo. Tabharfar fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athruithe a dhéanfaidh difear do na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ghnóthais nó ar na gnóthais a ndéanann an Treoir seo difear dóibh.

Airteagal 122

Nós imeachta athbhreithniúcháin

1.   Faoin 21 Nollaig 2025 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go tráthrialta ar fheidhmiú na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Déanfar a mheas sna hathbhreithnithe sin, go háirithe, na himpleachtaí a bheidh ag Airteagal 61(3) agus Airteagal 76, Airteagal 78 agus Airteagal 79 don mhargadh agus cé acu is leor nó nach leor na cumhachtaí ex ante agus na cumhachtaí idirghabhála eile dar bun an Treoir seo chun gur féidir leis na húdaráis rialála náisiúnta aghaidh a thabhairt ar struchtúir olagaplacha neamhiomaíocha an mhargaidh, agus chun gur féidir a áirithiú go mbeidh leas le fáil anois agus feasta as an iomaíocht i margaí na cumarsáide leictreonaí ag na húsáideoirí deiridh.

Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ó na Ballstáit, ar faisnéis í a dhéanfar a sholáthar gan moill mhíchuí.

2.   Faoin 21 Nollaig 2025 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar raon feidhme na seirbhíse uilíche, go háirithe d'fhonn a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go n-athrófar an raon feidhme nó go dtabharfar sainmhíniú as an nua air.

Déanfar an t-athbhreithniú sin ag féachaint d'fhorbairtí sóisialta, eacnamaíocha agus teicneolaíocha, agus cuirfear san áireamh, inter alia, soghluaisteacht agus rátaí sonraí i bhfianaise na dteicneolaíochtaí a mbaineann an chuid is mó de na húsáideoirí deiridh úsáid astu. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le toradh an athbhreithnithe.

3   Déanfaidh BEREC, faoin 21 Nollaig 2021, agus gach trí bliana dá éis, tuairim a fhoilsiú maidir le cur chun feidhme náisiúnta gona fheidhmiú an údaraithe ghinearálta, agus ar a dtionchar ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar an tuairim ó BEREC, tuarascáil a fhoilsiú maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil II de Theideal II de Chuid I agus d'Iarscríbhinn I, agus féadfaidh sé togra reachtach a thíolacadh chun na forálacha sin a leasú, i gcás ina measann sé gur gá sin chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 123

Nós imeachta sonrach maidir le cearta na n-úsáideoirí deiridh

1.   Déanfaidh BEREC faireachán ar fhorbairtí sa mhargadh agus ar fhorbairtí teicneolaíochta ag féachaint do chineálacha éagsúla na seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus déanfaidh sé, faoin 21 Nollaig 2021agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó dhá chomhalta dá chuid as ceann de na Ballstáit ar a laghad, tuairim a fhoilsiú maidir leis na forbairtí sin agus maidir leis an tionchar atá acu ar fheidhmiú Theideal III de Chuid III.

Sa tuairim sin, measúnóidh BEREC a mhéid a chomhlíontar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 le Teideal III de Chuid III. Cuirfear san áireamh, go háirithe, sa tuairim sin raon feidhme Theideal III de Chuid III maidir leis na cineálacha seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chumhdaítear. Mar bhonn don tuairim, déanfaidh BEREC anailís ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

a mhéid a bhfuil úsáideoirí deiridh na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar fad in ann roghanna saor eolasacha a dhéanamh, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise iomláine conarthaí, agus a mhéid a bhfuil siad in ann a soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí a athrú gan stró;

(b)

a mhéid ar saobhadh an margadh nó a ndearnadh díobháil don úsáideoir deiridh siocair nach raibh na hacmhainneachtaí dá dtagraítear i pointe (a) ar fáil;

(c)

a mhéid a bhfuil rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála i mbaol, go háirithe i ngeall ar mhéadú a bheith tagtha ar úsáid seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, ar easpa idir-inoibritheachta, nó i ngeall ar fhorbairtí teicneolaíocha;

(d)

an costas ar dócha a bheidh ag gabháil le haon athchoigeartuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar oibleagáidí i dTeideal III de Chuid III seo nó an tionchar a d'fhéadfaí a imirt ar an nuálaíocht i gcás soláthraithe cumarsáide leictreonaí.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, agus lánaird á thabhairt aige ar an tuairim ó BEREC, tuarascáil a fhoilsiú maidir le cur i bhfeidhm Theideal III de Chuid III agus tíolacfaidh sé togra reachtach chun an Teidil sin a leasú i gcás ina measann sé go bhfuil sin riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 124

Trasuí

1.   Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 21 Nollaig 2020, pé dlíthe, rialúcháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ón 21 Nollaig 2020.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireoidh siad chomh maith ráiteas go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana do na Treoracha arna haisghairm leis an Treoir seo a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a fhoirmliú.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 53(2), (3) agus (4) den Treoir seo, ón 20 Nollaig 2018i gcás ina bhfuil coinníollacha cumasaithe leagtha síos trí bhearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir leis an Treoir Uimh 676/2002/CÉ chun go bhféadfaí iad a úsáid le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí leathanbhanda. I dtaca le bandaí speictream raidió nár glacadh coinníollacha comhchuibhithe den sórt sin ina leith faoin 20 Nollaig 2018, beidh feidhm ag Airteagal 53(2), (3) agus (4) den Treoir seo ón dáta a nglacfar na bearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/202/CE.

De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit na bearta is gá i bhfeidhm chun Airteagal 54 a chomhlíonadh ón 31 Nollaig 2020.

3.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 125

Aisghairm

Déantar Treoracha 2002/19/CE, 2002/20/CE, 2002/21/CE, 2002/22/CE, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XII, Cuid A, a aisghairm le héifeacht ón 21 Nollaig 2020, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát i dtaca leis na teorainneacha ama faoi nach mór na Treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XII, Cuid B, a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Déantar Airteagal 5 de Chinneadh 243/2012/AE a scriosadh le héifeacht ón 21 Nollaig 2020.

Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XIII.

Airteagal 126

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 127

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Nollaig 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BOGNER-STRAUSS


(1)  IO C 125, 21.4.2017, lch. 56.

(2)  IO C 207, 30.6.2017, lch. 87.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)] agus Cinneadh ón gComhairle an 4 Nollaig 2018.

(4)  Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu (Treoir na Rochtana) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 7).

(5)  Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an Údaraithe) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 21).

(6)  Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Chreat-Treoir) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 33).

(7)  Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le Seirbhís Uilíoch) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 51).

(8)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.07.2002, lch. 37).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Oifig (IO L 337, 18.12.2009, lch. 1).

(10)  IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.

(11)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos leis an dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(12)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).

(13)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1.).

(14)  Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(16)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 26 Aibreán 1988, Bond van Adverteerders and Others v The Netherlands State, C-352/85, ECLI: EU:C:1988:196.

(17)  Rialachán (AE) 2015/758 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar an tseirbhís 112 a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 77).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 305/2013 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar comhchuibhithe do Ghlao éigeandála idir-inoibritheach ar fud an AE (IO L 91, 3.4.2013, lch 1).

(19)  Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear clár beartais radaispeictrim ilbhliantúil (IO L 81, 21.3.2012, lch. 7).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO C 172, 30.6.2012, lch 10).

(21)  Go háirithe, breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 16 Deireadh Fómhair 2012, An Coimisiún Eorpach v Poblacht na hOstaire, Cás C 614/10 ECLI:EU:C:2012:631.

(22)  Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú (IO L 155, 23.5.2014, lch. 1).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(24)  Cinneadh Uimh. 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas speictrim raidió sa Chomhphobal Eorpach (Cinneadh maidir le Speictream Raidió) (IO L 108, 24.4.2002, lch 1).

(25)  Treoir 2013/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 lena leasaítear Treoir 2003/98/CE maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90).

(26)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicreaghnóthais, ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide (IO L 123, 20.5.2003, lch. 36).

(27)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí) (IO L 165, 18.06.2013, lch. 63).

(28)  Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún an 26 Iúil 2002 lena mbunaítear Grúpa um an mBeartas Radaispeictrim (IO L 198, 27.7.2002, lch. 49).

(29)  Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79).

(30)  Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).

(31)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch 1).

(32)  Moladh 1999/519/CE ón gComhairle an 12 Iúil 1999 maidir leis an teorannú ar nochtadh an phobail i gcoitinne do réimsí leictreamaighnéadacha (0 Hz go 300 GHz) (IO L 199, 30.7.1999, lch. 59).

(33)  Cinneadh (AE) 2017/899 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le húsáid an bhanda minicíochta 470-790 MHz san Aontas (IO L 138, 25.5.2017, lch 131).

(34)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach), (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(35)  Moladh 2005/698/CE ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2005 maidir le deighilt chuntasaíochta agus córais chuntasaíochta costála faoin gcreat rialála um chumarsáid leictreonach. (IO L 266, 11.10.2005, lch. 64).

(36)  Moladh 2013/466/AE ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le hoibleagáidí comhsheasmhacha neamh-idirdhealaitheacha agus modheolaíochtaí costais chun iomaíochas a chur chun cinn agus chun feabhas a chur ar thimpeallacht infheistithe an idirlín leathanbhanda (IO L 251, 21.9.2013, lch. 13).

(37)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(38)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 04, 22.11.2011, lch. 64).

(39)  Treoir ón gCoimisiún 2002/77/CE an 16 Meán Fómhair 2002 maidir le hiomaíocht sna margaí do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (IO L 249, 17.9.2002, lch. 21).

(40)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(41)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(42)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(43)  Treoir 2008/63/CE ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2008 maidir le hiomaíocht sna margaí i dtrealamh teirminéil teileachumarsáide (IO L 162, 21.06.2008, lch. 20).

(44)  Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1211/2009 (féach leathanach 1 den Irish Oifigiúil seo).

(45)  Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 (IO L 165, 18.6.2013, lch. 41).

(46)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE. (IO L 348 20.12.2013, lch. 1).

(47)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA COINNÍOLLACHA A D'FHÉADFADH A BHEITH CEANGAILTE LE hÚDARUITHE GINEARÁLTA, LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID SPEICTRIM RAIDIÓ AGUS LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID ACHMAINNÍ UIMHRITHE

Soláthraítear san Iarscríbhinn seo, an liosta uasta coinníollacha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdaruithe ginearálta do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe, (Cuid A), líonraí cumarsáide leictreonaí (Cuid B), seirbhísí cumarsáide leictreonaí, seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe, (Cuid C) cearta speictrim raidió a úsáid (Cuid D) agus cearta acmhainní uimhrithe a úsáid (Cuid E)

A   Coinníollacha ginearálta a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdarú ginearálta

1.

Muirir riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 16.

2.

Cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais a bhaineann go sonrach leis an earnáil cumarsáide leictreonaí i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE

3.

Faisnéis atá le soláthar faoi réir nós imeachta fógartha i gcomhréir le hAirteagal 12 agus chun críoch eile mar a áirítear in Airteagal 21.

4.

Cumasú idircheapadh dlíthiúil ó údaráis náisiúnta inniúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE.

5.

Téarmaí úsáide maidir le cumarsáid ó na húdaráis phoiblí chuig an bpobal go ginearálta chun rabhadh a thabhairt don phobal faoi gharbhagairtí agus chun iarmhairtí mórthubaistí a mhaolú.

6.

Téarmaí úsáide le linn mórthubaistí nó éigeandálacha náisiúnta chun cumarsáid idir na seirbhísí éigeandála agus na húdaráis a áirithiú.

7.

Oibleagáidí rochtana seachas iad sin dá bhforáiltear in Airteagal 13 maidir le gnóthais a sholáthraíonn seirbhísí nó líonraí cumarsáide leictreonaí.

8.

Bearta a dheartar chun comhlíonadh na gcaighdeán nó na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 39 a áirithiú.

9.

Oibleagáidí trédhearcachta ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide leictreonaí, atá ar fáil don phobal, chun go n-áiritheofaí nascacht ó inn go hinn, i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 3 agus, i gcás inar gá agus ar bhealach comhréireach, rochtain do na húdaráis inniúla náisiúnta ar an bhfaisnéis sin a theastaíonn chun cruinneas nochtadh den sórt sin a fhíorú.

B.   coinníollacha sonracha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdarú ginearálta do sholáthar líonraí cumarsáide leictreonaí

1.

Ceanglais inaistritheachta uimhreacha i gcomhréir leis an Treoir seo.

2.

Oibleagáidí 'iompair éigeantaigh' i gcomhréir leis an Treoir seo.

3.

Bearta chun sláinte phoiblí a chosaint ar réimsí leictreamaighnéadacha arna gcruthú ag líonraí cumarsáide leictreonaí, i gcomhréir le dlí an Aontais, agus aird iomlán á tabhairt ar Mholadh Uimh. 1999/519/CE.

4.

Cothabháil ar shláine líonraí poiblí cumarsáide leictreonaí i gcomhréir leis an Treoir seo lena n-áirítear trí choinníollacha chun trasnaíocht leictreamaighnéadach idir líonraí agus/nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chosc i gcomhréir le Treoir 2014/30/AE.

5.

Slándáil líonraí poiblí i gcoinne rochtain neamhúdaraithe i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE.

6.

Coinníollacha maidir le húsáid speictrim raidió, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Threoir 2014/53/AE, i gcás nach gcuirtear an úsáid sin faoi réir deonú ceart úsáide aonair i gcomhréir le hAirteagal 46(1) agus Airteagal 48 den Treoir seo.

C.   coinníollacha sonracha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdarú ginearálta chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, ach amháin seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhreacha

1.

Idir-inoibritheacht seirbhísí i gcomhréir leis an Treoir seo.

2.

Inrochtaineacht úsáideoirí deiridh ar uimhreacha ón bplean uimhrithe náisiúnta, uimhreacha ó UIFN agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, ó phleananna uimhrithe Ballstát eile, agus coinníollacha i gcomhréir leis an Treoir seo.

3.

Rialacha cosanta tomhaltóirí a bhaineann go sonrach leis an earnáil cumarsáide leictreonaí.

4.

Srianta maidir le tarchur ábhar neamhdhleathach i gcomhréir le Treoir 2000/31/CE agus srianta maidir le tarchur ábhar díobhálach i gcomhréir le Treoir 2010/13/AE.

D.   Coinníollacha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le cearta úsáide speictrim raidió

1.

Oibleagáid seirbhís a sholáthar nó cineál ar leith teicneolaíochta a úsáid laistigh de theorainneacha Airteagal 45, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, ceanglais chumhdaigh agus caighdeáin seirbhíse.

2.

Úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió i gcomhréir leis an Treoir seo.

3.

Coinníollacha teicniúla agus oibríochtúla is gá chun trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint agus chun sláinte phoiblí a chosaint ar réimsí leictreamaighnéadacha, agus aird iomlán á tabhairt ar Mholadh 1999/519/CE i gcás ina bhfuil na coinníollacha sin difriúil ó na coinníollacha a áirítear san údarú ginearálta.

4.

Tréimhse uasta i gcomhréir le hAirteagal 94, faoi réir aon athruithe sa Phlean Náisiúnta um Leithdháileadh Minicíochtaí.

5.

Aistriú nó léasú ceart, ar thionscnamh an tsealbhóra cirt agus coinníollacha maidir le haistriú den sórt sin i gcomhréir leis an Treoir seo.

6.

Táillí le haghaidh cearta úsáide i gcomhréir le hAirteagal 42.

7.

Aon ghealltanais a thug an gnóthas atá ag fáil an ceart úsáide, faoi chuimsiú údaraithe nó faoi phróiseas athnuachana údaraithe sular deonaíodh an t-údarú nó, i gcás inarb infheidhme, sular tugadh an cuireadh ar iarratas le haghaidh cearta úsáide.

8.

Oibleagáidí maidir le comhthiomsú nó roinnt a dhéanamh ar speictream raidió nó rochtain ar speictream raidió a thabhairt d'úsáideoirí eile i réigiúin ar leith nó ar an leibhéal náisiúnta.

9.

Oibleagáidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a bhaineann le húsáid bandaí speictrim raidió.

10.

Oibleagáidí a bhaineann go sonrach le húsáid thurgnamhach bandaí speictrim raidió.

E.   Coinníollacha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le cearta úsáide achmainní uimhrithe

1.

Ainmniú na seirbhíse a n-úsáidfear an uimhir di, lena n-áirítear aon cheanglais atá nasctha le soláthar na seirbhíse sin agus, chun amhras a sheachaint, prionsabail tharaife agus uasphraghasanna ar féidir feidhm a bheith acu sa raon áirithe uimhreacha chun cosaint do thomhaltóirí a áirithiú i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 3(2).

2.

Úsáid éifeachtach agus éifeachtúil achmainní uimhrithe i gcomhréir leis an Treoir seo.

3.

Ceanglais inaistritheachta uimhreacha i gcomhréir leis an Treoir seo.

4.

Oibleagáid chun faisnéis eolaire phoiblí úsáideora deiridh a sholáthar chun críocha Airteagal 112.

5.

Tréimhse uasta i gcomhréir le hAirteagal 94, faoi réir aon athruithe sa phlean uimhrithe náisiúnta.

6.

Aistriú ceart, ar thionscnamh an tsealbhóra cirt, agus coinníollacha an aistrithe sin i gcomhréir leis an Treoir seo, lena n-áirítear go mbeadh pé coinníollacha a ghabhann le ceart úsáide uimhreach ina gceangal freisin ar na gnóthais sin chuig a n-aistrítear na cearta.

7.

Táillí le haghaidh cearta úsáide i gcomhréir le hAirteagal 95.

8.

Aon ghealltanais a thug an gnóthas atá ag fáil an chirt úsáide, le linn nós imeachta roghnúcháin iomaíoch nó comparáideach.

9.

Na hoibleagáidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a bhaineann le húsáid uimhreacha.

10.

Na hoibleagáidí maidir le húsáid sheach-chríochach uimhreacha laistigh den Aontas chun comhlíonadh na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus rialacha eile a bhaineann le huimhreacha a áirithiú i mBallstáit eile seachas an Ballstát sin lena mbaineann an cód tíre.


IARSCRÍBHINN II

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE ROCHTAIN AR SHEIRBHÍSÍ DIGITEACHA TEILIFÍSE AGUS RAIDIÓ A CHRAOLTAR CHUIG LUCHT FÉACHANA AGUS LUCHT ÉISTEACHTA SAN AONTAS

Cuid I:

Coinníollacha do chórais rochtana coinníollaí a bheidh le cur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 62(1)

Maidir le rochtain choinníollach ar sheirbhísí digiteacha teilifíse agus raidió a chraoltar chuig lucht féachana agus lucht éisteachta san Aontas, beag beann ar na meáin tarchuir, déanfaidh Ballstáit a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 62 go mbeidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gach gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí rochtana coinníollaí, beag beann ar na meáin tarchuir, a sholáthraíonn seirbhísí rochtana ar sheirbhísí digiteacha teilifíse agus raidió, agus a bhfuil craoltóirí ag brath ar a seirbhísí rochtana chun teacht ar aon ghrúpa féideartha lucht féachana agus lucht éisteachta, ní mór dóibh:

seirbhísí teicniúla a thairiscint do gach craoltóir, ar bhonn cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach i gcomhréir le dlí iomaíochta an Aontais, lena gcuirtear ar chumas lucht féachana nó lucht éisteachta atá údaruithe trí dhíchódóirí, arna riar ag na hoibreoirí seirbhíse, seirbhísí na gcraoltóirí a tharchuirtear go digiteach a fháil, agus dlí iomaíochta an Aontais a chomhlíonadh,

cuntais airgeadais ar leithligh a choinneáil maidir lena ngníomhaíocht mar sholáthraithe rochtana coinníollaí.

(b)

agus ceadúnais á ndeonú acu do mhonaróirí trealaimh tomhaltóirí, ní mór do shealbhóirí ceart maoine tionsclaíochta i leith táirgí nó córais rochtana coinníollaí, a áirithiú go ndéanfar sin ar bhealach atá bunaithe ar théarmaí atá cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach. Agus fachtóirí teicniúla agus tráchtála á gcur san áireamh, ní chuirfidh sealbhóirí cirt deonú ceadúnas faoi réir coinníollacha a dhéanfaidh cuimsiú na rudaí seo a leanas sa táirge céanna a thoirmeasc, a chosc nó a dhíspreagadh:

comhéadan coiteann trínar féidir ceangal a dhéanamh le roinnt córas rochtana eile, nó

modhanna a bhaineann go sonrach le córas rochtana eile, ar choinníoll go gcomhlíonann an ceadúnaí na coinníollacha ábhartha agus réasúnacha, ag áirithiú, a mhéid is a bhaineann leis féin, slándáil idirbheart oibreoirí córais rochtana coinníollaí.

Cuid II:

Saoráidí eile a bhféadfar coinníollacha a chur i bhfeidhm orthu faoi phointe (D) D'Airteagal 61(2)

(a)

Rochtain ar chomhéadain feidhmchláir (APIs);

(b)

Rochtain ar eolairí leictreonacha clár (EPGanna).


IARSCRÍBHINN III

CRITÉIR MAIDIR LE CINNEADH FAOI RÁTAÍ MÓRDHÍOLA DO FHOIRCEANNADH GUTHGHLAONNA

Prionsabail, critéir agus paraiméadair maidir le cinneadh faoi na rátaí mórdhíola d'fhoirceannadh guthghlaonna ar mhargaí fosaithe agus móibíleacha, dá dtagraítear in Airteagal 75(1):

(a)

bunaithe ar ghnóthú na gcostas sin arna dtabhú ag oibreoir éifeachtach a bheidh na rátaí; beidh measúnú costais éifeachtúla bunaithe ar luachanna costais reatha; bunaithe ar chur chuige samhaltúcháin ón mbun aníos, a bhainfidh úsáid as costais atá gaolta le trácht incriminteach fadtréimhseach seirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola a sholáthar do thríú páirtithe, a bheidh an mhodheolaíocht chostais lena ríomhtar na costais éifeachtacha;

(b)

déanfar na costais incriminteacha ábhartha a bhaineann le seirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola a chinneadh tríd an difríocht idir na costais fhadtréimhseacha iomlána ar oibreoir atá ag soláthar a raon iomlán seirbhísí agus na costais fhadtréimhseacha iomlána a bheadh i gceist mura soláthródh an t-oibreoir sin seirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola do thríú páirtithe;

(c)

is iad na costais sin a bhaineann le trácht, a ndéanfaí iad a sheachaint in éagmais seirbhís foirceanta glao gutha a bheith á soláthar, a leithdháilfear chuig an incrimint foirceanta ábhartha, agus iad sin amháin;

(d)

ní áireofar costais a bhaineann le hacmhainneacht bhreise líonra ach amháin a mhéid atá siad bunaithe ar an riachtanas méadú a dhéanamh ar acmhainneacht chun críche trácht críochnaithe glao gutha mórdhíola breise a iompar;

(e)

eisiafar táillí speictrim raidió ón incrimint foirceanta guthghlaonna mhóibíleach;

(f)

áireofar na costais tráchtála mhórdhíola a bhfuil baint dhíreach acu le soláthar sheirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola do thríú páirtithe, agus iad sin amháin;

(g)

measfar go soláthróidh gach oibreoir líonra fosaithe seirbhísí foirceanta glao gutha de réir na gcostas aonaid céanna leis an oibreoir éifeachtúil, beag beann ar cé chomh mór is atá an t-oibreoir sin;

(h)

d'oibreoirí líonraí móibíleacha, socrófar an t-íos-scála éifeachtúil ag sciar den mhargadh nach lú ná 20 %;

(i)

is é an cur chuige ábhartha a bheidh ann do dhímheas sócmhainní ná an dímheas eacnamaíoch; agus

(j)

beidh rogha teicneolaíochta na líonraí atá á samhlú réamhbhreathnaitheach, bunaithe ar chroí-líonra IP, ag cur san áireamh na teicneolaíochtaí éagsúla ar dócha go mbainfear úsáid astu ar feadh thréimhse bhailíochta an uasráta; i gcás líonraí fosaithe, measfar gur paicéadlasctha go heisiach a bheidh glaonna.


IARSCRÍBHINN IV

CRITÉIR MAIDIR LE MEASÚNÚ AR THAIRISCINTÍ COMHINFHEISTÍOCHTA

Agus measúnú á dhéanamh acu ar thairiscint chomhinfheistíochta de bhun Airteagal 76(1), déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta a fhíorú ar comhlíonadh, den chuid is lú, na critéir seo a leanas. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta breithniú a dhéanamh ar na critéir bhreise a mhéid is gá chun a áirithiú go mbeidh fáil ar infheisteoirí féideartha na comhinfheistíochta, i bhfianaise coinníollacha sonracha áitiúla, agus struchtúr an mhargaidh:

(a)

Beidh an tairiscint chomhinfheistíochta oscailte d'aon ghnóthas thar shaolré an líonra a tógadh faoi thairiscint chomhinfheistíochta ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Féadfaidh an gnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige coinníollacha réasúnacha a chur san áireamh sa tairiscint maidir le hacmhainneacht airgeadais aon ghnóthais, sa chaoi mar shampla, gur gá go léireodh comhinfheisteoirí féideartha a gcumas íocaíochtaí céimnithe a sheachadadh ar an mbonn a bhfuil an t-imscaradh pleanáilte ina leith, plean straitéiseach a ghlacadh ar an mbonn a bhfuil na pleananna imscartha meántéarma ullmhaithe ina leith, agus mar sin de.

(b)

Beidh an tairiscint comhinfheistíochta trédhearcach:

beidh an tairiscint ar fáil agus éasca le sainaithint ar shuíomh gréasáin an ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige;

cuirfear téarmaí mionsonraithe iomlána ar fáil gan moill mhíchuí d'aon tairgeoir féideartha a léirigh suim, lena n-áirítear foirm dhlíthiúil an chomhaontaithe comhinfheistíochta agus – i gcás inarb ábhartha – príomhthéarmaí rialacha rialachais na feithicle comhinfheistíochta; agus

Leagfar an próiseas, cosúil leis an treochlár do bhunú agus d'fhorbairt an tionscadail chomhinfheistíochta, amach roimh ré, míneofar go soiléir i scríbhinn é d'aon chomhinfheisteoir féideartha, agus cuirfear na garspriocanna suntasacha ar fad in iúl do gach gnóthas gan aon idirdhealú.

(c)

Áireofar téarmaí a chuireann iomaíocht níos inbhuanaithe chun cinn san fhadtéarma sa tairiscint chomhinfheistíochta do chomhinfheisteoirí féideartha, go háirithe:

Tairgfear téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha do gach gnóthas maidir le rannpháirtíocht sa chomhaontú comhinfheistíochta i ndáil leis an tréimhse a nglacann siad páirt, lena n-áirítear i dtéarmaí an bhreithnithe airgeadais is gá chun cearta sonracha a ghnóthú, i dtéarmaí na cosanta a dhámhtar ar na comhinfheisteoirí leis na cearta sin, i rith chéim na tógála agus i rith chéim an tsaothraithe araon, mar shampla trí chearta úsáide dochloíte (IRUanna) a dheonú do ré feidhme ionchasach an líonra comhinfheistithe, agus i dtéarmaí na gcoinníollacha a bhaineann le dul isteach sa chomhaontú comhinfheistíochta agus b'fhéidir é a fhoirceannadh. Sa chomhthéacs seo, níl sé i gceist le téarmaí neamh-idirdhealaitheacha go dtairgeofar na téarmaí céanna, lena n-áirítear téarmaí airgeadais do gach comhinfheisteoir féideartha, ach go ndlisteanófar gach éagsúlacht sna téarmaí a thairgtear ar bhonn na gcritéar oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus intuartha céanna amhail líon na línte úsáideoirí deiridh a bhfuil gealltanas tugtha ina leith.

Beidh solúbthacht sa tairiscint i dtéarmaí luach agus uainiú an ghealltanais arna sholáthar ag gach comhinfheisteoir, mar shampla trí chéatadán aontaithe agus a d'fhéadfadh méadú a dhéanamh ar líon iomlán línte úsáideoirí deiridh i limistéar ar leith, a mbeadh féidearthacht ag comhinfheisteoirí gabháil dóibh de réir a chéile agus a bheidh socraithe ar leibhéal aonaid a chuirfidh ar chumas na gcomhinfheisteoirí sin atá níos lú, atá ar bheagán acmhainní a bheith páirteach sa chomhinfheistíocht ar íos-scála réasúnach go maith, a rannpháirtíocht a mhéadú de réir a chéile le linn dóibh leibhéil leormhaithe gealltanais tosaigh a áirithiú. Ní mór go léireofar sa chinnidh maidir leis an mbreithniú airgeadais a bheidh le soláthar ag gach comhinfheisteoir go nglacann infheisteoirí luatha rioscaí níos mó agus go gcuireann siad isteach caipiteal níos túisce.

Measfar go bhfuil préimh a mhéadaíonn le himeacht ama dlisteanaithe i gcás gealltanais a rinneadh ag céimeanna níos déanaí agus i gcás comhinfheisteoirí nua atá ag déanamh na comhinfheistíochta tar éis thús an tionscadail, chun léiriú a thabhairt ar an laghdú sna rioscaí agus chun cur i gcoinne aon dreasacht maidir le caipiteal a choinneáil siar sna céimeanna tosaigh.

Ceadófar leis an gcomhaontú comhinfheistíochta go mbeidh comhinfheisteoirí in ann na cearta atá faighte acu a shannadh do chomhinfheisteoirí eile, nó do thríú páirtithe atá toilteanach gabháil don chomhaontú comhinfheistíochta faoi réir oibleagáid a bheith ar an ngnóthas aistrí na hoibleagáidí bunaigh uile atá ar an aistreoir faoin gcomhaontú comhinfheistíochta a chomhlíonadh.

Déanfaidh comhinfheisteoirí cearta cómhalartacha dá chéile a dheonú ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma agus réasúnacha chun rochtain a fháil ar an mbonneagar comhinfheistithe chun seirbhísí a sholáthar go hiartheachtach, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh, i gcomhreir le coinníollacha trédhearcacha atá le déanamh trédhearcach sa tairiscint chomhinfheistíochta agus sa chomhaontú ina dhiaidh sin, go háirithe sa chás go bhfuil freagracht aonair agus ar leithligh ar chomhinfheisteoirí maidir le himscaradh codanna sonracha den líonra. Má chruthaítear feithicil chomhinfheistíochta, soláthrófar léi rochtain ar an líonra a sholáthar do na comhinfheisteoirí ar fad, go díreach nó go hindíreach, ar bhonn choibhéis na n-ionchur agus i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnacha, lena n-áirítear coinníollacha airgeadais a léiríonn na leibhéil éagsúla riosca a ghlacann comhinfheisteoirí aonair.

(d)

Áireofar sa tairiscint chomhinfheistíochta, infheistíocht inbhuanaithe ar dócha go gcomhlíonfaidh sí riachtanais a bheidh ann sa todhchaí, tríd eilimintí líonra nua a imscaradh a chuireann go mór le himscaradh líonraí fíor-ardacmhainne.


IARSCRÍBHINN V

ÍOSTACAR NA SEIRBHÍSÍ A mBEIDH AN tSEIRBHÍS LEORDHÓTHANACH ROCHTANA IDIRLÍN LEATHANBHANDA I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 84(3) IN ANN A IOMPAR

(1)

Ríomhphost

(2)

innill chuardaigh lenar féidir gach cineál faisnéise a chuardach agus a aimsiú

(3)

uirlisí bunúsacha oiliúna agus oideachais ar líne

(4)

nuachtáin ar líne nó nuacht

(5)

ag ceannach nó ag ordú earraí nó seirbhísí ar líne

(6)

cuardach poist agus uirlisí cuardaigh poist

(7)

líonrú gairmiúil

(8)

baincéireacht idirlín

(9)

úsáid seirbhíse ríomh-Rialtais

(10)

meáin shóisialta agus cur teachtaireachtaí meandracha

(11)

glaonna agus físghlaonna (cáilíocht chaighdeánach)


IARSCRÍBHINN VI

CUR SÍOS AR NA SAORÁIDÍ AGUS NA SEIRBHÍSÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 88 (RIALÚ CAITEACHAIS), AIRTEAGAL 115 (SAORÁIDÍ BREISE) AGUS AIRTEAGAL 106 (MALARTÚ SOLÁTHRAÍ AGUS INAISTRITHEACHT UIMHREACHA)

Cuid A:

Saoráidí agus seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 88 agus 115

Is infheidhme Cuid A do thomhaltóirí nuair is ar bhun Airteagal 88 a chuirtear i bhfeidhm í, agus do chatagóirí eile d'úsáideoirí deiridh i gcás inar chuir na Ballstáit síneadh le líon na dtairbhithe atá in Airteagtal 88(2).

Nuair is ar bhun Airteagal 115 a chuirtear i bhfeidhm í, is infheidhme Cuid A do chatagóirí na n-úsáideoirí deiridh sin a chinnfidh na Ballstáit, ach amháin i gcás phointí (c), (d) agus (g) den Chuid seo, nach bhfuil infheidhme ach do thomhaltóirí.

(a)

Billeáil mhiondealaithe

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go leagfaidh na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú le húdaráis rialála náisiúnta síos, faoi réir cheanglais reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais, an bunleibhéal de bhillí mionsonraithe atá le tairiscint saor in aisce ag soláthraithe d'úsáideoirí deiridh chun gur féidir leo:

(i)

fíorú agus rialú a cheadú ar na muirir arna dtabhú in úsáid na seirbhísí rochtana idirlín nó na seirbhísí cumarsáide gutha, nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe i gcás Airteagal 115; agus

(ii)

faireachán leormhaith a dhéanamh ar a n-úsáid agus a gcaiteachas agus leis sin gur féidir leo leibhéal réasúnach rialaithe a choinneáil ar a mbillí.

Nuair is iomchuí, d'fhéadfaí leibhéil bhreise mionsonraí a thairiscint d'úsáideoirí deiridh ar tharaifí réasúnacha nó saor in aisce.

I dtaca le huimhreacha ardráta, luafar go sainráite ar bhillí miondealaithe den sórt sin céannacht an tsoláthróra agus fad na seirbhísí sin a ngearrtar táille ina leith murab é go n-iarrann an t-úsáideoir deiridh nach ndéanfaí amhlaidh.

Ní gá glaonna atá saor in aise do na húsáideoirí deiridh atá ag glaoch, lena n-áirítear glaonna chuig línte cabhrach, ní gá iad a shainaithint i mbille mionsonraithe an úsáideora deiridh atá ag glaoch.

Beidh sé de chead ag na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar oibreoirí 'sainaithint líne an ghlaoiteora' a chur ar fáil in aisce.

(b)

Urchosc roghnach ar ghlaonna amach nó SMS nó MMS préimhe, nó i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, cineálacha eile d'fheidhmchláir chomhchosúla, saor in aisce

eadhon an tsaoráid lenar féidir le húsáideoirí deiridh, ar iarratas chuig soláthraithe seirbhísí cumarsáide gutha, nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe i gcás Airteagal 115, glaonna amach, nó SMS nó MMS préimhe, nó cineálacha eile feidhmchláir comhchosúla uimhreacha arna sainiú nó chuig uimhreacha arna sainiú, a urchosc saor in aisce.

(c)

Córais réamhíocaíochta

Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na húdaráis inniúla, i gcomhordú, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar sholáthraithe go ndéanfaidh siad caoi a sholáthar do thomhaltóirí chun íoc, ar théarmaí réamhíoctha, as rochtain ar an líonra cumarsáide leictreonaí poiblí agus as seirbhísí cumarsáide gutha, nó seirbhísí rochtain idirlín, nó as seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe i gcás Airteagal 115.

(d)

Íocaíocht chéimnithe táillí ceangail

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú le húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar sholáthraithe a cheadú do thomhaltóirí íoc as ceangal chuig an líonra cumarsáide leictreonaí poiblí ar bhonn íocaíochtaí a dhéanfar go céimniúil thar thréimhse ama.

(e)

Neamhíoc billí

Déanfaidh na Ballstáit bearta sonraithe a údarú, a bheidh comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus foilsithe, chun neamhíoc billí a eisíonn soláthraithe a chlúdach. Déantar na bearta seo chun a áirithiú go dtugtar rabhadh cuí roimh ré d'úsáideoirí deiridh maidir le haon chliseadh nó aon dícheangal sa tseirbhís. Ach amháin i gcásanna calaoise, íocaíocht dhéanach leanúnach, nó neamhíocaíochta, déantar na bearta sin chun a áirithiú, a mhéid atá sé indéanta go teicniúil, go ndéanfar aon chliseadh sa tseirbhís a theorannú don tseirbhís lena mbaineann. Is tar éis rabhadh cuí a thabhairt d'úsáideoirí deiridh a dhéanfaí dícheangal mar gheall ar neamhíoc billí agus sa chás sin amháin. Féadfaidh na Ballstáit tréimhse seirbhíse teoranta a cheadú roimh dhícheangal iomlán, nach gceadófar lena linn ach glaonna nach dtarraingíonn aon mhuirear ar na húsáideoirí deiridh (mar shampla glaonna chuig an uimhir “112”) agus íosleibhéal seirbhíse rochtana idirlín, arna shainiú ag na Ballstáit de réir na gcoinníollacha náisiúnta.

(f)

Comhairle taraife

eadhon an tsaoráid trínar féidir le húsáideoirí deiridh iarraidh ar an soláthraí faisnéis a thairiscint maidir le taraifí ar chostas níos ísle, má tá siad ar fáil.

(g)

Rialú costais

eadhon an tsaoráid trína dtairgeann soláthraithe, má mheasann na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta é a bheith iomchuí, modhanna eile chun rialú a dhéanamh ar na costais a bhaineann le seirbhísí cumarsáide gutha, nó seirbhísí rochtana idirlín, nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe i gcás Airteagal 115, lena n-áirítear foláirimh saor in aisce chuig tomhaltóirí i gcás patrúin tomhaltais atá neamhghnách nó iomarcach.

(h)

saoráid díghníomhachtaithe billeála tríú páirtí

i.e. saoráid lenar féidir le húsáideoirí deiridh díghníomhachtú a dhéanamh ar an gcumas atá ag soláthraithe seirbhíse tríú páirtí úsáid a bhaint as bille de chuid soláthraí seirbhíse rochtana idirlín nó bille de chuid soláthraí seirbhíse cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí chun muirear a thabhú i gcomhair a gcuid táirgí nó seirbhísí.

Cuid B:

Saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 115

(a)

Sainaithint líne an ghlaoiteora

eadhon léirítear uimhir an té atá ag glaoch don té atá ag fáil an ghlao sula gceanglaítear an glao.

Déanfar an tsaoráid sin a sholáthair i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais, go háirithe Treoir 2002/58/CE.

A mhéid atá sé indéanta go teicniúil, déanfaidh oibreoirí sonraí agus comharthaí a sholáthar chun éascú a dhéanamh ar thairiscint aitheantas na líne glao agus diailiú tóin thar theorainneacha na mBallstát.

(b)

Ríomhphoist a sheoladh ar aghaidh nó rochtain a thabhairt orthu tar éis fhoirceannadh an chonartha le soláthraí seirbhíse rochtana idirlín.

Tríd an tsaoráid seo atá ar fáil arna iarriadh agus saor in aisce, cuirfear ar chumas úsáideoirí deiridh a fhoirceannann a gconradh le soláthraí seirbhíse rochtana idirlín, rochtain a fháil, arna iarraidh sin dóibh, ar na ríomphoist a fuarthas ag an seoladh (nó seoltaí) ríomhphoist atá bunaithe ar ainm tráchtála nó trádmharc an tsoláthraí a bhí aige roimhe sin, le linn pé tréimhse a mheasann an t-údarás rialála náisiúnta a bheith riachtanach agus comhréireach, nó trínar féidir leo ríomhphost a seoladh chuig an seoladh (nó seoltaí) sin le linn na tréimhse céanna sin a aistriú chuig seoladh ríomhphoist nua arna shonrú ag an úsáideoir deiridh.

Cuid C:

Cur chun feidhme na bhforálacha inaistritheachta uimhreacha dá dtagraítear in Airteagal 106

Beidh feidhm ag an gceanglas gur féidir le húsáideoirí deiridh a bhfuil a n-uimhreacha sa phlean uimhrithe náisiúnta, a iarrann amhlaidh a n-uimhreacha a choinneáil neamhspleách ar an ngnóthas atá ag soláthar na seirbhíse sna cásanna seo:

(a)

i gcás uimhreacha geografacha, ag suíomh ar leith; agus

(b)

i gcás uimhreacha neamhgheografacha, ag aon suíomh.

Níl feidhm ag an gCuid seo maidir le haistriú uimhreacha idir líonraí a chuireann seirbhísí ar fáil in ionad seasta, agus maidir le líonraí móibíleacha.


IARSCRÍBHINN VII

GLANCHOSTAS, MÁS ANN DÓ, NA nOIBLEAGÁIDÍ SEIRBHÍSE UILÍCHE A RÍOMH, AGUS BUNÚ AON CHÚITEAMH NÓ AON SÁSRA GNÓTHÚCHÁIN NÓ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 89 AGUS AIRTEAGAL 90

Cuid A

Ríomh an ghlanchostais

Tagraíonn oibleagáidí seirbhíse uilíche do na hoibleagáidí sin a chuireann Ballstát ar ghnóthas agus a bhaineann le soláthar seirbhíse uilíche mar a leagtar amach in Airteagal 84 go hAirteagal 87.

Déanfaidh údaráis náisiúnta rialála gach modh a bhreithniú chun dreasachtaí iomchuí a áirithiú do ghnóthais (bídís ainmnithe nó ná bíodh) le hoibleagáidí seirbhíse uilíche a sholáthar go cost-éifeachtúil. Agus beart ríomha á dhéanamh, déanfar glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a ríomh mar an difríocht idir an glanchostas ar aon ghnóthas oibriú leis na hoibleagáidí seirbhísí uilíocha nó oibriú d'uireasa na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche. Beidh aird chuí le tabhairt ar mheasúnú cruinn a dhéanamh ar na costais a d'fhéadfadh gnóthas a sheachaint dá mba rud é nach raibh aon oibleagáid seirbhíse uilíche ann. Leis na glanchostais, déanfar measúnú ar na sochair, lena n-áirítear sochair dholáimhsithe, don soláthraí seirbhíse uilíche.

Tá an ríomh le bheith bunaithe ar chostais inchurtha i leith na nithe seo a leanas:

(i)

eilimintí de na seirbhísí sainaitheanta nach féidir a sholáthar ach amháin trí chaillteanas a dhéanamh nó ar ghlanchostas atá lasmuigh de ghnáthchaighdeáin tráchtála.

D'fhéadfadh sé go n-áireofaí sa chatagóir sin gnéithe seirbhíse amhail rochtain ar sheirbhísí teileafóin éigeandála, soláthar teileafón poiblí áirithe, soláthar seirbhísí nó trealaimh áirithe d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, agus mar sin de;

(ii)

maidir le húsáideoirí deiridh nó grúpaí úsáideoirí deiridh sonracha, ag cur san áireamh an costas a bhaineann leis an líonra agus an tseirbhís shonrach a sholáthar, an t-ioncam a ghintear agus aon mheánú geografach ar phraghsanna arna bhforchur ag an mBallstát, nach féidir freastal orthu ach amháin trí chaillteanas a dhéanamh nó ar ghlanchostas atá lasmuigh de ghnáthchaighdeáin tráchtála.

Áirítear sa chatagóir seo na húsáideoirí deiridh nó grúpaí úsáideoirí deiridh sin nach ndéanfadh soláthraí tráchtála nach raibh oibleagáid air seirbhís uilíoch a sholáthar freastal orthu.

Beidh ríomh an ghlanchostais a bhaineann le gnéithe sonracha d'oibleagáidí seirbhíse uilíche le déanamh ar leithligh chun comhaireamh dúbailte ar aon sochair agus costais dhíreacha nó indíreacha a sheachaint. Déanfar glanchostas iomlán na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche ar aon ghnóthas a ríomh mar shuim na nglanchostas a eascraíonn as comhpháirteanna sonracha oibleagáidí seirbhíse uilíche, ag cur aon sochair dholáimhsithe san áireamh. Tá an fhreagracht maidir le fíorú an ghlanchostais ar an údarás rialála náisiúnta.

Cuid B:

Cúiteamh na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a aisghabháil

Má fhéachtar le glanchostais na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a aisghabháil nó a mhaoiniú, tharlódh go gcaithfí gnóthais ar a bhfuil oibleagáidí seirbhíse uilíche a chúiteamh as na seirbhísí a sholáthraíonn siad faoi choinníollacha neamhthráchtála. Ó tharla go mbíonn aistrithe airgeadais i gceist leis an gcúiteamh sin, ní mór do na Ballstáit a áirithiú gur go hoibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, agus comhréireach a dhéantar iad. Ciallaíonn sin nach bhfágfaidh na haistrithe sin ach an saobhadh is lú ar chúrsaí iomaíochta agus ar éileamh lucht úsáide.

I gcomhréir le hAirteagal 90(3), i dtaca le sásra um chomhroinnt arna bhunú ar chiste, is ceart dó modh trédhearcach agus neodrach a úsáid chun na ranníocaíochtaí a bhailiú agus an baol a sheachaint go bhforchuirfí na ranníocaíochtaí sin faoi dhó, ar aschur agus ionchur na ngnóthas.

Is é an comhlacht neamhspleách a riarfaidh an ciste a bheidh freagrach as na ranníocaíochtaí sin a bhailiú ó na gnóthais a meastar iad a bheith faoi dhliteanas rannchuidiú le glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche sa Bhallstát, agus is é a mhaoirseoidh aistriú na suimeanna is dlite nó na n-íocaíochtaí riaracháin chuig na gnóthais sin atá i dteideal íocaíochta as an gciste.


IARSCRÍBHINN VIII

CEANGLAIS FAISNÉISE LE SOLÁTHAR I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 102 (CEANGLAIS FAISNÉISE DO CHONARTHAÍ)

A.

ceanglais faisnéise do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar.

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil:

(1)

mar chuid de phríomhghnéithe gach seirbhíse a chuirtear ar fáil, aon íosleibhéil cháilíochta seirbhíse a mhéid is a thairgtear iad sin, agus i gcás seirbhísí seachas seirbhísí rochtana idirlín, na paraiméadair cháilíochta shonracha a áiritheofar.

I gcás nach dtairgtear aon íosleibhéil cháilíochta seirbhíse, déanfar ráiteas gurb amhlaidh atá.

(2)

mar chuid den fhaisnéis faoin bpraghas, i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is infheidhme, na praghsanna faoi seach le haghaidh an tseirbhís cumarsáide leictreonaí a ghníomhachtú agus le haghaidh aon mhuirir athfhillteacha nó aon mhuirir a bhaineann le tomhaltas,

(3)

mar chuid den fhaisnéis ar ré an chonartha agus na coinníollacha maidir leis an gconradh a athnuachan agus a fhoirceannadh, lena n-áirítear táillí ionchasacha scortha, a mhéid a bheidh na coinníollacha sin infheidhme:

(i)

aon íosúsáid nó íostréimhse is gá chun tairbhe a bhaint as na téarmaí réamhfhógrán,

(ii)

aon mhuirir a bhaineann le malartú, le cúiteamh, agus na socruithe aisíocaíochta i gcás mhoill nó mhí-úsáid an mhalartaithe, chomh maith le faisnéis faoi na nósanna imeachta faoi seach,

(iii)

faisnéis maidir le ceart na dtomhaltóirí a úsáideann seirbhísí réamhíoctha chun aisíocaíochta, arna iarraidh sin, ar aon chreidmheas atá fanta i gcás ina n-imíonn siad ó sholáthraí amháin chuig soláthraí eile, mar a leagtar amach in Airteagal 106(6).

(iv)

aon táillí is dlite ar luathfhoirceannadh an chonartha, lena n-áirítear faisnéis faoi dhíghlasáil an trealaimh teirminéil agus aon chostas aisghnóthaithe maidir le trealamh teirminéil,

(4)

aon chúiteamh agus aon socruithe aisíocaíochta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tagairt shainráite do chearta tomhaltóirí, a bheidh infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cháilíochta seirbhíse atá sa chonradh nó mura bhfreagraíonn an soláthraí go leormhaith do theagmhas slándála nó do bhagairt nó leochaileacht slándála;

(5)

an cineál gníomhaíochta a d'fhéadfadh an soláthraí a dhéanamh agus é ag freagairt d'eachtraí nó bagairtí slándála nó leochaileachtaí.

B.

ceanglais faisnéise ar sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín, agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí

I.

Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid A, déanfaidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín, agus soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil:

(1)

mar chuid den na príomhghnéithe de gach seirbhís a chuirtear ar fáil:

(i)

aon íosleibhéil cháilíochta seirbhíse a mhéid a thairgtear iad, agus lánaird á tabhairt ar threoirlínte BEREC a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 104(2) maidir le:

i gcás seirbhísí rochtana idirlín: aga folaigh, giodam, caillteanas paicéid ar a laghad;

do sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, i gcás ina ndéanann rialú ar eilimintí áirithe den líonra ar a laghad nó a rinne comhaontú ar leibhéal seirbhíse chuige sin le gnóthais a thugann rochtain ar an líonra: an t-am don cheangal tosaigh, dóchúlacht teipe, moill i nglao-chomharthaí ar a laghad, i gcomhréir le hIarscríbhinn X; agus

(ii)

gan dochar don cheart atá ag úsáideoirí deiridh trealamh teirminéil is rogha leo féin a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán 2015/2120/CE, aon choinníollacha, táillí san áireamh, arna bhforchur ag an soláthraí ar úsáid an trealaimh teirminéil a sholáthraítear;

(2)

mar chuid den fhaisnéis faoin bpraghas, i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is infheidhme, na praghsanna faoi seach le haghaidh an tseirbhís cumarsáide leictreonaí a ghníomhachtú agus le haghaidh aon mhuirir athfhillteacha nó le haghaidh aon mhuirir a bhaineann le tomhaltas:

(i)

sonraí de phlean sonrach nó de phleananna sonracha taraife faoin gconradh agus, i gcás gach plean taraife na cineálacha seirbhíse a thairgtear, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme, na méideanna cumarsáide (MB, nóiméid, teachtaireachtaí) curtha san áireamh i ngach tréimhse bhilleála, agus an praghas d'aonaid chumarsáide bhreise,

(ii)

i gcás plean nó pleananna taraife a ngabhann méid réamhshocraithe cumarsáide leis nó leo, an deis do thomhaltóirí aon mhéid nár úsáideadh ón tréimhse bhilleála roimhe sin a chur ar aghaidh go dtí an tréimhse bhilleála ina dhiaidh sin, i gcás ina n-áirítear an rogha sin sa chonradh,

(iii)

saoráidí chun trédhearcacht billí a chosaint agus faireachán a dhéanamh ar an leibhéal tomhaltais,

(iv)

faisnéis faoi tharaifí maidir le haon uimhreacha nó seirbhísí atá faoi réir coinníollacha praghsála ar leith; maidir le catagóirí seirbhísí aonair, féadfaidh na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal freisin go soláthrófaí an fhaisnéis sin sula nasctar an glao nó sula nasctar le soláthraí na seirbhíse,

(v)

do sheirbhísí cuachta agus do chuacha lena n-áirítear seirbhísí agus trealamh teirminéil praghas eilimintí aonair na cuaiche a mhéid a dhéantar iad a mhargú ar leithligh ó chéile freisin,

(vi)

mionsonraí agus coinníollacha, lena n-áirítear táillí, i leith aon seirbhís iardhíola, chothabhála agus cúnaimh do chustaiméirí, agus

(vii)

an bealach inar féidir faisnéis atá cothrom le dáta faoi gach taraif agus táille chothabhála is infheidhme a fháil;

(3)

mar chuid den fhaisnéis ar thréimhse an chonartha do sheirbhísí cuachta agus ar na coinníollacha maidir leis an gconradh a athnuachan agus a fhoirceannadh, i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha chun an chuach nó eilimintí di a fhoirceannadh;

(4)

gan dochar d'Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679, faisnéis faoi cé na sonraí pearsanta a sholáthrófar sula ndéanfar an tseirbhís nó a bhaileofar i gcomhthéacs sholáthar na seirbhíse;

(5)

mionsonraí maidir le táirgí agus seirbhísí atá ceaptha d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus conas is féidir nuashonruithe ar an eolas sin a fháil;

(6)

na modhanna maidir le tús a chur le nósanna imeachta chun díospóidí a réiteach, lena n-áirítear díospóidí náisiúnta agus trasteorann, i gcomhréir le hAirteagal 25;

II.

Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid A agus faoi Phointe I, déanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil freisin:

(1)

aon srianta ar rochtain ar sheirbhísí éigeandála nó ar fhaisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora mar thoradh ar easpa indéantachta teicniúla a mhéid a ligeann an tseirbhís d'úsáideoirí deiridh glaonna ar uimhir a thionscnamh i bplean uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta;

(2)

ceart an úsáideora deiridh chun cinneadh a dhéanamh a shonraí/sonraí pearsanta a chur ar fáil in eolaire, agus na cineálacha sonraí lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2002/58/CE;

III.

De bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid A agus faoi Phointe I, soláthróidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2015/2120.


IARSCRÍBHINN IX

FAISNÉIS ATÁ LE FOILSIÚ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 103 (TRÉDHEARCACHT AGUS FOILSIÚ FAISNÉISE)

Tá freagracht ar an údarás inniúil, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis an údarás rialála náisiúnta, a áirithiú go bhfoilseofar an fhaisnéis san Iarscríbhinn seo, i gcomhréir le hAirteagal 103. Déanfaidh an t-údarás inniúil, nuair is ábhartha, i gcomhordú, leis an údarás rialála náisiúnta an cinneadh i dtaca le cén fhaisnéis atá ábhartha chun a foilsithe ag soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, agus cén fhaisnéis atá le foilsiú ag an údarás inniúil é féin, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis an údarás rialála náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh na húsáideoirí deiridh uile in ann roghanna eolasacha a dhéanamh. Má mheastar sin a bheith iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta bearta féinrialála nó comhrialála a chur chun cinn sula bhforchuirfear aon oibleagáid.

1.   

Sonraí teagmhála an ghnóthais

2.   

Tuairisc ar na seirbhísí atá á dtairiscint

2.1.   

Raon feidhme na seirbhísí atá á dtairiscint agus príomhghnéithe gach ceann de na seirbhísí atá á soláthar, lena n-áirítear leibhéil íosta cáilíochta seirbhíse i gcás ina dtairgtear iad agus aon srianta a fhorchuireann an soláthraí ar úsáid trealaimh teirminéil atá á sholáthar.

2.2.   

Taraifí na seirbhísí atá á dtairiscint, lena n-áirítear faisnéis maidir le méideanna cumarsáide (amhail srianta ar úsáid sonraí, ar líon na nóiméad gutha, ar líon na dteachtaireachtaí) de phleananna taraife sonracha agus na taraifí is infheidhme maidir le haonaid chumarsáide bhreise, le huimhreacha breise nó le seirbhísí breise faoi réir coinníollacha praghsála ar leith, muirir rochtana agus chothabhála, gach cineál muirir úsáide, scéimeanna taraife speisialta agus spriocdhírithe agus aon mhuirir bhreise, chomh maith le costais i leith trealamh teirminéil.

2.3.   

Seirbhísí iardhíola, cothabhála agus cúnaimh custaiméara a thairgtear agus a sonraí teagmhála.

2.4.   

Coinníollacha caighdeánacha conartha, lena n-áirítear ré an chonartha, muirir is dlite i gcás conradh a fhoirceannadh go luath, cearta a bhaineann le tairiscintí cuachta nó eilimintí díobh a fhoirceannadh, agus nósanna imeachta agus muirir dhíreacha maidir le hinaistritheacht uimhreacha agus aitheantóirí eile, más ábhartha.

2.5.   

Más soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe é an gnóthas, faisnéis maidir le rochtain ar sheirbhísí éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora, nó aon teorannú ar an rochtain sin. Más soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta é an gnóthas, ar seirbhísí iad atá neamhspleách ar uimhreacha, faisnéis maidir lena mhéid a fhéadfar tacú nó gan tacú le rochtain ar sheirbhísí éigeandála.

2.6.   

Mionsonraí táirgí agus seirbhísí, lena n-áirítear aon fheidhmeanna, chleachtais, bheartais agus nósanna imeachta agus athruithe ar oibriú na seirbhíse atá ceaptha go sonrach d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas i gcomhréir leis an gcuid sin de dhlí an Aontais lena gcomhchuibhítear ceanglais rochtana do tháirgí agus seirbhísí.

3.   

Sásraí maidir le réiteach díospóidí, lena n-áirítear iad siúd a d'fhorbair an gnóthas.


IARSCRÍBHINN X

PARAIMÉADAIR I LEITH CÁILÍOCHT SEIRBHÍSE

Paraiméadair i leith Cáilíocht Seirbhíse, Sainmhínithe agus Modhanna Tomhais dá dtagraítear in Airteagal 104

Do sholáthraithe na rochtana ar líonra cumarsáide leictreonaí poiblí

PARAIMÉADAR

(Nóta 1)

SAINMHÍNIÚ

MODH TOMHAIS

Tréimhse ama do sholáthar ceangail tosaigh

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Lochtráta de réir líne rochtana

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Tréimhse ama chun locht a dheisiú

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta a dhéanann rialú ar eilimintí áirithe den líonra ar a laghad nó a rinne comhaontú ar leibhéal seirbhíse chuige sin le gnóthais a thugann rochtain ar an líonra

PARAIMÉADAR

(Nóta 2)

SAINMHÍNIÚ

MODH TOMHAIS

Tréimhse ama chun glao a shocrú

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Gearáin maidir le cruinneas bille

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Cáilíocht ceangail gutha

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Cóimheas glaonna idirbhriste

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Cóimheas glaonna mírathúla

(Nóta 2)

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Dóchúlacht teipe

 

 

Moilleanna comharthaíochta glao

 

 

Is é 1.3.1 (Iúil 2008) uimhir leagain ETSI EG 202 057-1

Do sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín

PARAIMÉADAR

SAINMHÍNIÚ

MODH TOMHAIS

Aga folaigh (moill)

ITU-T Y.2617

ITU-T Y.2617

Giodam

ITU-T Y.2617

ITU-T Y.2617

Caillteanas paicéid

ITU-T Y.2617

ITU-T Y.2617

Nóta 1

Ba cheart go lamhálfaí sna paraiméadair go ndéanfaí anailís ar fheidhmíocht ar leibhéal réigiúnach (eadhon leibhéal nach lú ná leibhéal 2 in Ainmníocht na nAonad Críche maidir le Staidreamh (NUTS) arna bunú ag Eurostat).

Nóta 2

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan a éileamh go gcoinneofaí faisnéis cothrom le dáta maidir le feidhmíocht an dá pharaiméadar sin má tá fianaise ar fáil a thaispeánann go bhfuil feidhmíocht shásúil sa dá réimse sin.


IARSCRÍBHINN XI

IDIR-INOIBRITHEACHT GHLACADÓIRÍ RAIDIÓ CAIRR AGUS TREALAMH TEILIFÍSE DIGITÍ DO THOMHALTÓIRÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 113

1.   

Algartam coiteann um scrobhadh agus glacadh saorchraolta

Gach trealamh do thomhaltóirí atá ceaptha do ghlacadh comharthaí teilifíse digiteacha (eadhon ag craoladh trí tharchur trastíre, cábla nó satailíte), lena dhíol, lena chur ar cíos, nó a bheidh ar fáil ar bhealach eile san Aontas, agus atá in ann comharthaí teilifíse digiteacha a dhíscrobhadh, ní mór go mbeidh ar a chumas:

(a)

díscrobhadh comharthaí den sórt sin a cheadú i gcomhréir le halgartam coiteann Eorpach um scrobhadh mar atá á riaradh ag eagraíocht caighdeán Eorpach aitheanta, Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (IECT faoi láthair),

(b)

comharthaí taispeána a tarchuireadh gan locht a thaispeáint ar choinníoll, sa chás go bhfuil an trealamh ar cíos, go bhfuil an comhaontú cíosa ábhartha á chomhlíonadh ag an gcíosaí.

2.   

Idir-inoibritheacht do theilifíseáin dhigiteacha

Déanfar aon teilifíseán digiteach le scáileán iomlán de thrasnán feicéalach níos mó ná 30 cm a chuirtear ar an margadh ar díol nó ar cíos san Aontas a fheistiú le soicéad comhéadain oscailte amháin ar a laghad (arna chaighdeánú ag, caighdeán arna ghlacadh ag, eagraíocht caighdeán Eorpach aitheanta, nó a chomhlíonann an caighdeán sin, nó atá i gcomhréir le sonraíocht atá sa tionscal ar fad) a cheadaíonn ceangal simplí ar fhorimeallaithe, agus a bhfuil eilimintí ábhartha chomhartha teilifíse digití ar fad in ann dul tríd, lena n-áirítear faisnéis maidir le seirbhísí idirghníomhacha agus seirbhísí ar a bhfuil rochtain choinníollach.

3.   

idir-inoibritheacht Ghlacadóirí raidió cairr

Aon ghlacadóir raidió cairr arna chomhtháthú i bhfeithicil nua de chatagóir M a chuirtear ar fáil ar an margadh lena dhíol lena chur ar cíos san Aontas ón 21 Nollaig 2020 , beidh ann glacadóir a bheidh in ann seirbhísí arna soláthar trí bhíthin craoltóireacht raidió dhigiteach talún, ar a laghad, a ghlacadh agus a atáirgeadh. Na glacadóirí sin, atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó le codanna de na caighdeáin sin, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis an gceanglas sin atá faoi chumhdach na gcaighdeán sin nó codanna díobh.


IARSCRÍBHINN XII

Cuid A

Treoracha Aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh orthu

(dá dtagraítear in Airteagal 125)

Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 108, 24.4.2002, lch. 33)

 

 

Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 337, 18.12.2009, lch. 37)

Airteagal 1

 

Rialachán (CE) 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 167, 29.6.2009, lch. 12)

Airteagal 2

 

Rialachán (CE) 717/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 171, 29.6.2007, lch. 32)

Airteagal 10

Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 108, 24.4.2002, lch. 21)

 

 

Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 337, 18.12.2009, lch. 37)

Airteagal 3 agus Iarscríbhinn

Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 108, 24.4.2002, lch. 7)

 

 

Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 337, 18.12.2009, lch. 37)

Airteagal 2

Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 108, 24.4.2002, lch. 51)

 

 

Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 337, 18.12.2009, lch. 11)

Airteagal 1 agus Iarscríbhinn I

 

Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 310, 26.11.2015, lch. 1)

Airteagal 8

Cuid B

Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta agus dátaí chur i bhfeidhm

(dá dtagraítear in Airteagal 125)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

Dáta chur i bhfeidhm

2002/19/CE

24 Iúil 2003

25 Iúil 2003

2002/20/CE

24 Iúil 2003

25 Iúil 2003

2002/21/CE

24 Iúil 2003

25 Iúil 2003

2002/22/CE

24 Iúil 2003

25 Iúil 2003


IARSCRÍBHINN XIII

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2002/21/CE

Treoir 2002/20/CE

Treoir 2002/19/CE

Treoir 2002/22/CE

An Treoir seo

Airteagail 1(1), (2) agus (3)

 

 

 

Airteagail 1(1), (2) agus (3)

Airteagal 1(3a)

 

 

 

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(4) agus (5)

 

 

 

Airteagal 1(5) agus (6)

Pointe (a) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 1 d'Airteagal 2

Pointe 2 d'Airteagal 2

Pointe (b) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 3 d'Airteagal 2

Pointe (c) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 4 d'Airteagal 2

Pointe 5 d'Airteagal 2

Pointe 6 d'Airteagal 2

Pointe 7 d'Airteagal 2

Pointe (d) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 8 d'Airteagal 2

Pointe (da) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 9 d'Airteagal 2

Pointe (e) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 10 d'Airteagal 2

Pointe (ea) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 11 d'Airteagal 2

Pointe (f) d'Airteagal

 

 

 

Pointe 12 d'Airteagal 2

Pointe (g) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe (h) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 13 d'Airteagal 2

Pointe (i) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 14 d'Airteagal 2

Pointe (j) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe (k) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe (l) d'Airteagal 2

 

 

 

2

Pointe (m) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 15 d'Airteagal 2

Pointe (n) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 16 d'Airteagal 2

Pointe (o) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 17 d'Airteagal 2

Pointe (p) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 18 d'Airteagal 2

Pointe (q) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 19 d'Airteagal 2

Pointe (r) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 20 d'Airteagal 2

Pointe (s) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 21 d'Airteagal 2

Pointe 22 d'Airteagal 2

Airteagal 3(1)

 

 

 

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 3(2)

 

 

 

Airteagal 6(1)

Airteagal 3(3)

 

 

 

Airteagal 6(2)

Airteagal 3(3a), an chéad fhomhír

 

 

 

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 7(1)

Airteagal 3(3a), an dara fomhír

 

 

 

Airteagal 7(2) agus (3)

Airteagal 3(3a), an tríú fomhír

 

 

 

Airteagal 9(1) agus (3)

Airteagal 9(2)

Airteagal 3(3b)

 

 

 

Airteagal 10(1)

Airteagal 3(3c)

 

 

 

Airteagal 10(2)

Airteagal 3(4)

 

 

 

Airteagal 5(3)

Airteagal 3(5)

 

 

 

Airteagal 11

Airteagal 3(6)

 

 

 

Airteagal 5(4)

Airteagal 4

 

 

 

Airteagal 31

Airteagal 5

 

 

 

Airteagal 20

Airteagal 22

Airteagal 6

 

 

 

Airteagal 23

Airteagal 7

 

 

 

Airteagal 32

Airteagal 7a

 

 

 

Airteagal 33

Pointe (c) d'Airteagal 33(5)

Airteagal 8(1) agus (2)

 

 

 

Airteagal 3(1) agus (2)

Airteagal 8(5)

 

 

 

Airteagal 3(3)

Airteagal 8a(1) agus (2)

 

 

 

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 8a(3)

 

 

 

Airteagal 4(4)

Airteagal 29

Airteagal 9(1) agus (2)

 

 

 

Airteagal 45(1) agus (2)

Airteagal 45(3)

Airteagal 9(3)

 

 

 

Airteagal 45(4)

Airteagal 9(4) agus (5)

 

 

 

Airteagal 45(5) agus (6)

Airteagal 9(6) agus (7)

 

 

 

Airteagal 9a

 

 

 

Airteagal 9b(1) agus (2)

 

 

 

Airteagal 51(1) agus (2)

Airteagal 9b(3)

 

 

 

Airteagal 51(4)

Airteagal 51(3)

Airteagal 10(1)

 

 

 

Airteagal 95(1)

Airteagal 10(2)

 

 

 

Airteagal 95(3)

Airteagal 95(2)

Airteagal 95(4)

Airteagal 95(5)

Airteagal 95(6)

Airteagal 10(3)

 

 

 

Airteagal 95(7)

Airteagal 10(4)

 

 

 

Airteagal 95(8)

Airteagal 10(5)

 

 

 

Airteagal 11

 

 

 

Airteagal 43

Airteagal 12(1)

 

 

 

Airteagal 44(1)

Airteagal 12(2)

 

 

 

Airteagal 12(3)

 

 

 

Airteagal 61(2)

Airteagal 12(4)

 

 

 

Airteagal 12(5)

 

 

 

Airteagal 44(2)

Airteagal 13

 

 

 

Airteagal 17

Airteagal 13a(1), (2) agus (3)

 

 

 

Airteagal 40(1), (2) agus (3)

Airteagal 13a(4)

 

 

 

 

 

 

Airteagal 40(5)

Airteagal 40(4)

Airteagal 13b(1), (2) agus (3)

 

 

 

Airteagal 41(1), (2) agus (3)

Airteagal 41(4)

Airteagal 13b(4)

 

 

 

Airteagal 41(7)

Airteagal 41(5)

Airteagal 41(6)

Airteagal 14

 

 

 

Airteagal 63

Airteagail 15(1),(2),(3)

 

 

 

Airteagal 64(1), (2), (3)

Airteagal 15(4)

Airteagal 66

Airteagal 16

 

 

 

Airteagal 67

Airteagal 17

 

 

 

Airteagal 39

Airteagal 18

 

 

 

Airteagal 19

 

 

 

Airteagal 38

Airteagal 20

 

 

 

Airteagal 26

Airteagal 21(1)

 

 

 

Airteagal 27(1)

Airteagal 21(2) an chéad fhomhír agus an dara fomhír

 

 

 

Airteagal 27(2)

Airteagal 21(2) an tríú fomhír

 

 

 

Airteagal 27(3)

Airteagal 21(2) an ceathrú agus cúigiú fomhír

 

 

 

Airteagal 27(4)

 

 

 

Airteagal 27(5)

Airteagal 21(3)

 

 

 

Airteagal 21(4)

 

 

 

Airteagal 27(6)

Airteagal 21a

 

 

 

Airteagal 29

Airteagal 22(1)

 

 

 

Airteagal 118(1)

Airteagal 22(2)

 

 

 

Airteagal 118(3)

Airteagal 22(3)

 

 

 

Airteagal 118(4)

Airteagal 11(2)

Airteagal 118(5)

Airteagal 117

Airteagal 23

 

 

 

Airteagal 119

Airteagal 24

 

 

 

Airteagal 120(1) agus (2)

Airteagal 25

 

 

 

Airteagal 122(1)

Airteagal 26

 

 

 

Airteagal 125

Airteagal 28

 

 

 

Airteagal 124

Airteagal 29

 

 

 

Airteagal 127

Airteagal 30

 

 

 

Airteagal 128

Iarscríbhinn II

 

 

 

 

Airteagal 1

 

 

Airteagal 1(1)

 

Airteagal 2(1)

 

 

 

Airteagal 2(2)

 

 

Pointe (22) d'Airteagal 2

Pointe (23) d'Airteagal 2

Pointe (24) d'Airteagal 2

Pointe (25) d'Airteagal 2

Pointe (26) d'Airteagal 2

 

Airteagal 3(1)

 

 

Airteagal 12(1)

 

Airteagal 3(2), an chéad abairt

 

 

Airteagal 12(2)

 

Airteagal 3(2), an 2ú, 3ú agus 4ú habairt

 

 

Airteagal 12(3)

 

Airteagal 3(3)

 

 

Airteagal 12(4)

 

 

Airteagal 4

 

 

Airteagal 15

 

Airteagal 5(1)

 

 

Airteagal 46(1)

Airteagal 46(2) agus (3)

 

Airteagal 5(2) an chéad fhomhír

 

 

Airteagal 48(1)

 

Airteagal 5(2) an dara fomhír an chéad abairt

 

 

Airteagal 48(2)

 

Airteagal 5(2) an tríú fomhír

 

 

Airteagal 48(5)

 

Airteagal 5(2) an dara fomhír an dara habairt

 

 

Airteagal 48(3)

Airteagal 48(4)

 

Airteagal 5(3)

 

 

Airteagal 48(6)

 

Airteagal 5(4) agus (5)

 

 

Airteagal 93(4) agus (5)

 

Airteagal 5(6)

 

 

Airteagal 52

Airteagal 93

 

Airteagal 6(1),(2),(3) agus (4)

 

 

Airteagal 13

Airteagal 47

 

Airteagal 7

 

 

Airteagal 55

 

Airteagal 8

 

 

Airteagal 36

 

Airteagal 9

 

 

Airteagal 14

 

Airteagal 10

 

 

Airteagal 30

 

 

Airteagal 11

 

 

Airteagal 21

 

Airteagal 12

 

 

Airteagal 16

 

Airteagal 13

 

 

Airteagal 42

Airteagal 94

 

Airteagal 14(1)

 

 

Airteagal 18

 

Airteagal 14(2)

 

 

Airteagal 19

 

Airteagal 15

 

 

Airteagal 120(3) agus (4)

 

Airteagal 16

 

 

 

Airteagal 17

 

 

 

Airteagal 18

 

 

 

Airteagal 19

 

 

 

Airteagal 20

 

 

 

Iarscríbhinn

 

 

Iarscríbhinn I

 

 

Airteagal 1 (1 agus 2)

 

Airteagal 1(2) agus (3)

 

 

Pointe (a) d'Airteagal 2

 

Pointe (27) d'Airteagal 2

 

 

Pointe (b) d'Airteagal 2

 

Pointe (28) d'Airteagal 2

 

 

Pointe (c) d'Airteagal 2

 

Pointe (29) d'Airteagal 2

 

 

Pointe (d) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe (e) d'Airteagal 2

 

Pointe (30) d'Airteagal 2

 

 

Airteagal 3

 

Airteagal 59

 

 

Airteagal 4

 

Airteagal 60

 

 

Airteagal 5

 

Airteagal 61

 

 

Airteagal 6

 

Airteagal 62

 

 

 

 

 

 

Airteagal 8

 

Airteagal 68

 

 

Airteagal 9

 

Airteagal 69

 

 

Airteagal 10

 

Airteagal 70

 

 

Airteagal 11

 

Airteagal 71

Airteagal 72

 

 

Airteagal 12

 

Airteagal 73

 

 

Airteagal 13

 

Airteagal 74

Airteagal 75

Airteagal 76

 

 

Airteagal 13a

 

Airteagal 77

 

 

Airteagal 13b

 

Airteagal 78

Airteagal 80

Airteagal 81

 

 

Airteagal 14

 

 

 

Airteagal 15

 

Airteagal 120(5)

 

 

Airteagal 16(1)

 

 

 

Airteagal 16(2)

 

Airteagal 121(4)

 

 

Airteagal 17

 

 

 

Airteagal 18

 

 

 

Airteagal 19

 

 

 

Airteagal 20

 

 

 

Iarscríbhinn I

 

Iarscríbhinn II

 

 

Iarscríbhinn II

 

Iarscríbhinn III

 

 

 

Airteagal 1

Airteagal 1(4) agus (5)

 

 

 

Pointe (a) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe (c) d'Airteagal 2

Pointe (32) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe (d) d'Airteagal 2

Pointe (33) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe (f) d'Airteagal 2

Pointe (34) d'Airteagal 2

Pointe (35) d'Airteagal 2

Pointe (37) d'Airteagal 2

Pointe (38) d'Airteagal 2

Pointe (39) d'Airteagal 2

Airteagal 84

Airteagal 85

 

 

 

Airteagal 3

Airteagal 86(1) agus (2)

 

 

 

Airteagal 4

 

 

 

Airteagal 5

 

 

 

Airteagal 6

 

 

 

Airteagal 7

 

 

 

Airteagal 8(1)

Airteagal 86(3)

 

 

 

Airteagal 8(2)

Airteagal 86(4)

 

 

 

Airteagal 8(3)

Airteagal 86(5)

 

 

 

Airteagal 9

Airteagal 87

 

 

 

Airteagal 10

Airteagal 88

 

 

 

Airteagal 11

 

 

 

Airteagal 12

Airteagal 89

 

 

 

Airteagal 13

Airteagal 90

 

 

 

Airteagal 14

Airteagal 91

 

 

 

Airteagal 15

Airteagal 122(2) agus (3)

 

 

 

Airteagal 17

Airteagal 99

Airteagal 101

 

 

 

Airteagal 20(1)

Airteagal 102

 

 

 

Airteagal 20(2)

Airteagal 105(3)

 

 

 

Airteagal 21

Airteagal 103

 

 

 

Airteagal 22

Airteagal 104

 

 

 

Airteagal 23

Airteagal 108

 

 

 

Airteagal 23a

Airteagal 111

 

 

 

Airteagal 24

Airteagal 113

 

 

 

Airteagal 25

Airteagal 112

 

 

 

Airteagal 26

Airteagal 109

 

 

 

Airteagal 27

 

 

 

Airteagal 27a

Airteagal 96

 

 

 

Airteagal 28

Airteagal 97

 

 

 

Airteagal 29

Airteagal 115

 

 

 

Airteagal 30(1)

Airteagal 106(2)

 

 

 

Airteagal 30(2)

Airteagal 106(4)

 

 

 

Airteagal 30(3)

Airteagal 106(4)

 

 

 

Airteagal 30(4)

Airteagal 106(5)

 

 

 

Airteagal 30(5)

Airteagal 105(1)

 

 

 

Airteagal 31

Airteagal 114

 

 

 

Airteagal 32

Airteagal 92

 

 

 

Airteagal 33

Airteagal 24

 

 

 

Airteagal 34

Airteagal 25

 

 

 

Airteagal 35

Airteagal 116

 

 

 

Airteagal 36

Airteagal 121

 

 

 

Airteagal 37

 

 

 

Airteagal 38

 

 

 

Airteagal 39

 

 

 

Airteagal 40

 

 

 

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn V

 

 

 

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn VII

 

 

 

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IX

 

 

 

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VI

 

 

 

Iarscríbhinn V

 

 

 

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn X

 

 

 

 

Iarscríbhinn IV