12.11.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

22


TREOIR (AE) 2018/1673 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2018

maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is fadhbanna suntasacha ar leibhéal an Aontais fós iad sciúradh airgid agus maoiniú gaolmhar na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe, ar fadhbanna iad a dhéanann damáiste do shláine agus cobhsaíocht na hearnála airgeadais agus don chlú atá uirthi agus a chuireann margadh inmheánach agus slándáil inmheánach an Aontais i gcontúirt. D’fhonn dul i ngleic leis na fadhbanna sin agus cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), a chomhlánú agus a threisiú, is é an aidhm atá leis an Treoir seo sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil, rud a chumasóidh comhar trasteorann níos éifeachtúla agus níos tapa idir údaráis inniúla.

(2)

Ní bheadh ach tionchar an-bheag ag bearta nach nglacfaí ach ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais amháin gan comhordú agus comhar idirnáisiúnta a chur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta arna nglacadh ag an Aontas chun sciúradh airgid a chomhrac a bheith ag teacht le gníomhaíochtaí eile arna ndéanamh i bhfóraim idirnáisiúnta agus ba cheart iad a bheith chomh dian leo ar a laghad freisin.

(3)

Agus bearta á ndéanamh ar leibhéal an Aontais, ba cheart leanúint d’aird ar leith a thabhairt ar mholtaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) agus ar ionstraimí de chuid eagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile atá ag glacadh páirt ghníomhach sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. Ba cheart gníomhartha dlíthiúla ábhartha an Aontais a chur ar chomhréim tuilleadh, nuair is cuí, leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata a Chomhrac, ar ghlac FATF iad i mí Feabhra 2012 (“Moltaí athbhreithnithe FATF”). Ós rud é gur shínigh an tAontas Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú a Dhéanamh ar na Fáltais ó Choireacht agus maidir le Maoiniú na Sceimhlitheoireachta, ba cheart dó ceanglais an Choinbhinsiúin sin a thrasuí ina dhlíchóras.

(4)

Le Cinneadh Réime 2001/500/CGB (3) ón gComhairle, leagtar síos ceanglais maidir le coir a dhéanamh as sciúradh airgid. Ní cuimsitheach go leor atá an Cinneadh Réime, áfach, agus níl coiriúlú reatha an sciúrtha airgid sách comhleanúnach ach oiread chun sciúradh airgid a chomhrac go héifeachtach ar fud an Aontais, agus dá thoradh sin, bíonn bearnaí forfheidhmithe agus bacainní sa chomhar idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit dhifriúla.

(5)

An sainmhíniú ar ghníomhaíochtaí coiriúla ar cionta preideacáide iad chun críocha sciúradh airgid, ba cheart é a bheith sách comhionann i ngach ceann de na Ballstáit. Na cionta ar fad atá inphionóis le téarma príosúnachta mar a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go measfar iad mar cionta preideacáide chun críocha sciúrtha airgid. Ina theannta sin, sa mhéid nach ndéantar sin cheana le cur i bhfeidhm na dtairseach pionóis sin, ba cheart do na Ballstáit raon cionta a áirithiú laistigh de gach catagóir a leagtar amach sa Treoir seo. Sa chás sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit ábalta a chinneadh cén chaoi raon na gcionta sin a theorannú laistigh de gach catagóir. I gcás ina n-áirítear i gcatagóir cionta, amhail an sceimhlitheoireacht nó coireanna comhshaoil, cionta a leagtar amach i ngníomhartha dlí an Aontais, ba cheart tagairt a dhéanamh do na gníomhartha dlí sin sa Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit, áfach, aon chion a leagtar amach sna gníomhartha dlí sin a mheas mar chion preideacáide don sciúradh airgid. Aon pháirt inphionóis ar bith i gcion preideacáide, mar a choiriúlaítear é i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a dhéanamh, ba cheart é sin a mheas mar ghníomhaíocht choiriúil chun críocha na Treorach seo. I gcásanna ina dtugtar cead le dlí an Aontais do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí eile nach smachtbhannaí coiriúla iad, níor cheart ceangal a chur ar na Ballstáit leis an Treoir seo na cionta sna cásanna sin a aicmiú mar chionta preideacáide chun críocha na Treorach seo.

(6)

Ó thaobh an sciúrtha airgid a chomhrac, baineann rioscaí agus dúshláin nua le húsáid na n-airgeadraí fíorúla. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar aghaidh go hiomchuí ar na rioscaí sin.

(7)

De dheasca thionchar na gcoireanna sciúrtha airgid arna ndéanamh ag sealbhóirí oifige poiblí ar an réimse poiblí agus ar shláine institiúidí poiblí, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit a mheas pionóis níos déine a chur san áireamh maidir le sealbhóirí oifige poiblí ina gcreat náisiúnta i gcomhréir lena dtraidisiúin dhlíthiúla.

(8)

Ba cheart coireanna cánach a bhaineann le cánacha díreacha agus cánacha indíreacha a chumhdú sa sainmhíniú ar ghníomhaíocht choiriúil, i gcomhréir le Moltaí athbhreithnithe FATF. Ós rud é gur féidir i ngach Ballstát gur ionann coireanna difriúla cánach agus gníomhaíocht choiriúil a bhféadfar pionós a ghearradh ina leith trí bhíthin na smachtbhannaí dá dtagraítear sa Treoir seo, d’fhéadfadh na sainmhínithe ar choireanna cánach bheith difriúil sa dlí náisiúnta. Níl sé mar aidhm ag an Treoir seo, áfach, go ndéanfaí na sainmhínithe ar choireanna cánach i ndlí náisiúnta a chomhchuibhiú.

(9)

Ba cheart do na Ballstáit, in imeachtaí coiriúla maidir le sciúradh airgid, cúnamh sa bhealach is leithne agus is féidir a chur ar fáil dá chéile, agus a áirithiú go malartaítear faisnéis ar bhonn éifeachtach agus tráthúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le creat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana. Níor cheart go ndéanfadh difríochtaí idir na sainmhínithe sa dlí náisiúnta ar chionta preideacáide bac a chur ar chomhar idirnáisiúnta in imeachtaí coiriúla maidir le sciúradh airgid. Ba cheart comhar a ghéarú le tríú tíortha, go háirithe trí spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do bhunú beart agus sásraí chun sciúradh airgid a chomhrac agus trí chomhar idirnáisiúnta níos fearr a áirithiú sa réimse seo.

(10)

Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le sciúradh airgid a bhaineann le maoin a gnóthaíodh ó chionta coiriúla a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais, rud atá faoi réir rialacha sonracha mar a leagtar síos i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Beidh an méid seo gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit an Treoir seo agus Treoir (AE) 2017/137 a thrasuí trí bhithín creat cuimsitheach amháin ar an leibhéal náisiúnta. De réir Airteagal 325(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), na bearta a dhéanann na Ballstáit chun calaois a dhéanann dochar dá leasanna airgeadais féin a chomhrac, tá siad leis na bearta céanna a dhéanamh chun calaois a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.

(11)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur inphionóis iad cineálacha áirithe gníomhaíochta sciúrtha airgid freisin nuair is ionann an duine a rinne an ghníomhaíocht choiriúil ónar gineadh an mhaoin agus an duine a rinne an ghníomhaíocht sciúrtha airgid (“féinsciúradh”). I gcásanna den sórt sin, más rud é nach é amháin go bhfuil seilbh nó úsáid maoine i gceist leis an ngníomhaíocht sciúrtha airgid, ach go bhfuil aistriú, tiontú, maoin a cheilt nó bréagriocht a chur uirthi agus gur cúis í le níos mó damáiste ná an damáiste a rinneadh mar gheall ar an ngníomhaíocht choiriúil, mar shampla, tríd an mhaoin a fhaightear ó ghníomhaíocht choiriúil a chur i gcúrsaíocht agus, tríd an méid sin a dhéanamh, a tionscnamh neamhdhleathach a cheilt, ba cheart gur inphionóis a bheadh an ghníomhaíocht sciúrtha airgid sin.

(12)

Chun go mbeidh éifeacht le bearta an dlí choiriúil chun cur i gcoinne an sciúrtha airgid, ba cheart gurb indéanta ciontú a dhéanamh gan é a bheith riachtanach a shuíomh go beacht cén gníomhaíocht choiriúil a ghin an mhaoin, nó ciontú roimhe sin nó ciontú comhuaineach don chion sin a bheith ann, agus na cúinsí agus an fhianaise ábhartha uile á gcur san áireamh. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcórais náisiúnta dlí, in ann é seo a áirithiú trí mhodhanna eile seachas tríd an reachtaíocht. Ina theannta sin, níor cheart go gcuirfeadh sé aon bhac le hionchúisimh i leith sciúradh airgid dá mba i mBallstát eile nó i dtríú tír a rinneadh an gníomhaíocht choiriúil, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo.

(13)

Is é is aidhm don Treoir seo an sciúradh airgid a choiriúlú nuair a dhéantar d’aon ghnó é agus i bhfios gur tháinig an mhaoin ó ghníomhaíocht choiriúil. Sa chomhthéacs sin, ní cheart go ndéanfadh an Treoir seo aon idirdhealú idir cásanna inar tháinig an mhaoin go díreach ó ghníomhaíocht choiriúil agus cásanna inar tháinig an mhaoin go hindíreach ó ghníomhaíocht choiriúil, i gcomhréir leis an sainmhíniú leathan atá ar “fáltais”, mar a leagtar síos i dTreoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). I ngach cás, nuair atáthar ag meas ar tháinig an mhaoin ó ghníomhaíocht choiriúil agus an raibh sé sin ar eolas ag an duine, ba cheart cúinsí ar leith an cháis sin a chur san áireamh, mar shampla an fhíric gur díréireach luach na maoine agus ioncam dleathach an duine atá cúisithe agus go ndearnadh an ghníomhaíocht choiriúil sa tréimhse ama chéanna agus a tharla fáil na maoine. Is féidir an rún taobh thiar den sciúradh airgid agus an t-eolas air a bhunú ar chúinsí oibiachtúla fíorasacha. Ós rud é go bhforáiltear leis an Treoir seo do rialacha íosta maidir le sainmhíniú ar chionta coiriúla agus smachtbhannaí sa réimse sciúrtha airgid, tá cead ag na Ballstáit, mar shampla, rialacha níos déine a ghlacadh nó a choinneáil ina ndlí coiriúil féin sa réimse sin. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a fhoráil, mar shampla, gur cion coiriúil é sciúradh airgid a dhéantar go meargánta nó trí fhaillí thromchúiseach. Tagairtí sa Treoir seo do sciúradh airgid a dhéantar trí fhaillí, ba cheart iad a thuiscint mar sin do na Ballstáit a dhéanann an t-iompar sin a choiriúlú.

(14)

Chun bac a chur ar sciúradh airgid ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sé inphionóis le huastéarma príosúnachta 4 bliana ar a laghad. Ní dochar an oibleagáid sin d’indibhidiúlú agus cur i bhfeidhm pionós agus d’fhorghníomhú pianbhreitheanna i gcomhréir leis na himthosca nithiúla i ngach cás aonair. Ba cheart do na Ballstáit smachtbhannaí nó bearta breise a fhoráil, amhail fíneálacha, eisiamh sealadach nó buan ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais, dícháiliú sealadach ó ghníomhaíochtaí tráchtála a chleachtadh nó cosc sealadach ar sheasamh i dtoghchán d’oifig thofa nó phoiblí. Ní dochar an oibleagáid sin do rogha an bhreithimh nó do rogha na cúirte cinneadh a dhéanamh cé acu an ndéanfar smachtbhannaí nó bearta breise a fhorchur nó nach ndéanfar, agus imthosca uile an cháis ar leith á gcur san áireamh.

(15)

Cé nach bhfuil aon oibleagáid ann pianbhreitheanna a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an breitheamh nó an chúirt in ann na himthosca géaraitheacha mar a leagtar amach sa Treoir seo iad a chur san áireamh nuair a bheidh pianbhreith á cur ar chiontóirí acu. Tá sé i gcónaí de rogha ag an mbreitheamh nó ag an gcúirt a chinneadh ar cheart an phianbhreith a mhéadú toisc imthosca géaraitheacha sonracha a bheith i gceist, agus aird á tabhairt ar fhíorais uile an cháis ar leith. Níor cheart a chur d’oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh d’imthosca géaraitheacha i gcás ina ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta go bhfuil na cionta coiriúla, mar a leagtar síos iad i gCinneadh Réime 2008/841/CGB (6) nó cionta arna ndéanamh ag daoine nádúrtha ag gníomhú dóibh mar eintitis faoi oibleagáid i bhfeidhmiú a ngníomhaíochtaí gairmiúla, inphionóis mar chionta ar leithligh agus d’fhéadfadh sé go dtiocfadh smachtbhannaí níos déine as.

(16)

Baintear na dreasachtaí airgeadais lena spreagtar coireacht nuair a dhéantar na hionstraimeachtaí agus fáltais ón gcoireacht a chalcadh agus a choigistiú. Le Treoir 2014/42/AE, leagtar síos rialacha íosta maidir leis na hionstraimeachtaí agus fáltais ón gcoireacht a chalcadh agus a choigistiú in ábhair choiriúla. Leis an Treoir sin freisin, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir lena chur chun feidhme agus chun moltaí leormhaithe a dhéanamh más gá. Ba cheart do na Ballstáit, ar a laghad, calcadh agus coigistiú na n-ionstraimeachtaí agus na bhfáltas ó choireacht a áirithiú sna cásanna uile dá bhforáiltear i dTreoir 2014/42/AE. Ba cheart do na Ballstáit freisin, dianmhachnamh a dhéanamh ar choigistiú a cheadú sna cásanna uile nach féidir imeachtaí coiriúla a thionscnamh nó a thabhairt chun críche, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil an ciontóir marbh. Mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle sa ráiteas a ghabhann le Treoir 2014/42/AE, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar anailís ar indéantacht agus buntáistí féideartha tuilleadh rialacha comhchoiteanna a thabhairt isteach maidir le coigistiú maoine arna teacht as gníomhaíochtaí ar de chineál coiriúil iad, lena n-áirítear nuair nach gciontaítear duine nó daoine ar leith as na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh. Cuirfear san áireamh san anailís sin na difríochtaí idir traidisiúin dlí agus córais dlí na mBallstát.

(17)

Mar gheall ar shoghluaisteacht dhéantóirí na coireachta agus ar shoghluaisteacht na bhfáltas ó ghníomhaíochtaí coiriúla, agus mar gheall ar na himscrúduithe casta trasteorann a theastaíonn chun sciúradh airgid a chomhrac, ba cheart do gach Ballstát a ndlínse a bhunú chun cur ar chumas na n-údarás inniúil gníomhaíochtaí den sórt sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, go gcumhdaítear lena ndlínse na cásanna sin ina ndéantar cion trí bhíthin teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide óna gcríoch féin, bíodh an teicneolaíocht sin lonnaithe ina gcríoch nó ná bíodh.

(18)

Faoi Chinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle (7) agus Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle (8), caithfidh údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó a sheolann imeachtaí coiriúla comhthreomhar i leith na bhfíricí céanna a bhaineann leis an duine céanna dul i mbun comhairliúcháin dhíreacha lena chéile, le cúnamh ó Eurojust, go háirithe chun a áirithiú go ndéanfar na cionta uile a chumhdaítear sa Treoir seo a ionchúiseamh.

(19)

Chun a áirithiú go mbeidh rath ar imscrúduithe agus ar ionchúiseamh ar chionta sciúrtha airgid, ba cheart an deis a bheith acu siúd atá freagrach as na cionta sin a imscrúdú nó a ionchúiseamh leas a bhaint as uirlisí imscrúdúcháin éifeachtacha amhail na cinn sin a úsáidtear chun an choireacht eagraithe nó coireanna tromchúiseacha eile a chomhrac. Ba cheart go n-áiritheofaí dá bhrí sin go mbeadh dóthain pearsanra agus oiliúint spriocdhírithe, chomh maith le dóthain acmhainní agus acmhainneacht teicneolaíochta ar fáil. Ba cheart úsáid uirlisí den sórt sin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a bheith spriocdhírithe agus ba cheart, agus iad á n-úsáid, prionsabal na comhréireachta agus cineál agus tromchúis na gcionta atá faoi imscrúdú a chur san áireamh agus ba cheart an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint a urramú.

(20)

Cuirtear an Treoir seo in ionad forálacha áirithe de Chinneadh Réime 2001/500/CGB i ndáil leis na Ballstáit a bheidh faoi cheangal ag an Treoir seo.

(21)

Leis an Treoir seo, urramaítear na prionsabail a aithnítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpaigh (CAE), urramaítear cearta agus saoirsí bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear na cinn sin a leagtar amach i dTeidil II, III, V agus VI di lena gcuimsítear, inter alia, an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, lena gcumhdaítear freisin an ceanglas maidir le cruinneas, soiléireacht agus intuarthacht sa dlí coiriúil, toimhde na neamhchiontachta, mar aon le cearta na ndaoine atá faoi dhrochamhras agus na ndaoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla dlíodóir a fháil, an ceart gan iad féin a ionchoiriú agus an ceart chun trialach córa. Caithfear an Treoir seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin agus aird á tabhairt freisin ar an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, agus ar oibleagáidí eile maidir le cearta an duine faoin dlí idirnáisiúnta.

(22)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, is é sin sciúradh airgid i ngach Ballstát a chur faoi phionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr scála agus éifeachtaí na Treorach, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(23)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl siad faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(24)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm. Leanfaidh Cinneadh Réime 2001/500/CGB de bheith ina cheangal ar an Danmhairg agus infheidhme maidir léi,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainiú i réimse an sciúrtha airgid.

2.   Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le sciúradh airgid i dtaca le maoin a gnóthaíodh ó chionta coiriúla a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais, rud atá faoi réir rialacha sonracha a leagtar síos i dTreoir (AE) 2017/1371.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “gníomhaíocht choiriúil” aon saghas rannpháirtíochta coiriúla in aon chion a dhéanamh a bhféadfar cailleadh saoirse nó ordú coinneála is mó ná bliain amháin a ghearradh mar uasphionós ina leith i gcomhréir le dlí náisiúnta nó, maidir leis na Ballstáit ag a bhfuil íostairseach ina gcóras dlí le haghaidh cionta, in aon chion a dhéanamh a bhféadfar cailleadh saoirse nó ordú coinneála is faide ná sé mhí ar a laghad a ghearradh mar phionós ina leith. In aon chás, déantar na cionta sna catagóirí seo a leanas a mheas mar ghníomhaíocht choiriúil:

(a)

rannpháirtíocht i ngrúpa coiriúil eagraithe agus sa chambheartaíocht, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i gCinneadh Réime 2008/841/CGB;

(b)

an sceimhlitheoireacht, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i dTreoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(c)

gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i dTreoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus i gCinnneadh Réime 2002/946/CGB ón gComhairle (11);

(d)

teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i dTreoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);

(e)

gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus ar shubstaintí síceatrópacha, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i gCinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle (13);

(f)

gáinneáil aindleathach ar airm;

(g)

gáinneáil aindleathach ar earraí goidte agus earraí eile;

(h)

éilliú, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach sa Choinbhinsiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (14) i dtreis ann agus a leagtar amach freisin i gCinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle (15);

(i)

calaois, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i gCinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle (16);

(j)

góchumadh airgeadra, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i dTreoir 2014/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(k)

góchumadh agus píoráideacht táirgí;

(l)

an choireacht chomhshaoil, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i dTreoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) nó i dTreoir 2009/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(m)

dúnmharú, mórdhíobháil choirp;

(n)

fuadach, srianadh neamhdhleathach agus gabháil giall;

(o)

robáil nó gadaíocht;

(p)

smuigleáil;

(q)

coireanna cánach a bhaineann le cánacha díreacha agus indíreacha, mar atá siad leagtha amach i ndlí náisiúnta;

(r)

sracadh;

(s)

brionnú;

(t)

píoráideacht;

(u)

trádáil chos istigh agus cúbláil margaidh, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i dTreoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20);

(v)

an chibearchoireacht, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i dTreoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

(2)

ciallaíonn “maoin” sócmhainní de chineál ar bith, bídís corprach nó neamhchorprach, inaistrithe nó do-aistrithe, inláimhsithe nó doláimhsithe, agus doiciméid dlí nó ionstraimí dlí i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear foirm leictreonach agus foirm dhigiteach, lena bhfianaítear teideal ar na sócmhainní sin nó leas iontu;

(3)

ciallaíonn “duine dlítheanach” eintiteas ar bith a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige faoin dlí is infheidhme, cé is moite de stáit nó comhlachtaí poiblí atá i mbun údarás stáit a fheidhmiú agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí.

Airteagal 3

Cionta sciúrtha airgid

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na cineálacha iompair seo a leanas, nuair a dhéantar iad d’aon ghnó, inphionóis mar chion coiriúil:

(a)

maoin a chomhshó nó a aistriú, i gcás inarb eol gur gnóthaíodh an mhaoin sin ó ghníomhaíocht choiriúil, d’fhonn foinse aindleathach na maoine a cheilt nó a chur i mbréagriocht nó chun cabhrú le duine ar bith a bhfuil baint aige le déanamh na gníomhaíochta sin iarmhairtí dlíthiúla ghníomh an duine sin a sheachaint;

(b)

fíorchineál na maoine, foinse, suíomh, bail, gluaiseacht nó úinéireacht na maoine nó aon cheart ina leith a cheilt nó a chur i mbréagriocht, i gcás inarb eol gur gnóthaíodh an mhaoin sin ó ghníomhaíocht choiriúil;

(c)

maoin a fháil, a shealbhú nó a úsáid, i gcás inarb eol, tráth a fála, gur gnóthaíodh an mhaoin sin ó ghníomhaíocht choiriúil.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil an t-iompar dá dtagraítear i mír 1 inphionóis mar chion coiriúil, i gcás ina raibh amhras ar an gciontóir, nó inar cheart gurbh eol don chiontóir, gur gnóthaíodh an mhaoin sin ó ghníomhaíocht choiriúil.

3.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

nach réamhriachtanas iad, sula bhféadfar duine a chiontú sna cionta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, ciontú roimhe sin nó ciontú comhuaineach sa ghníomhaíocht choiriúil ónar gnóthaíodh an mhaoin;

(b)

go bhféadfar duine a chiontú sna cionta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 i gcás ina suitear gur gnóthaíodh an mhaoin ó ghníomhaíocht choiriúil, gan é a bheith riachtanach na gnéithe fíorasacha uile, ná na himthosca go léir a bhaineann leis an ngníomhaíocht choiriúil sin, a shuí, lena n-áirítear céannacht dhéantóir na gníomhaíochta sin;

(c)

go gcuimseofar, sna cionta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, maoin a gnóthaíodh ó iompar a tharla ar chríoch Ballstáit eile nó ar chríoch tríú tír, i gcás inar gníomhaíocht choiriúil a bheadh san iompar ábhartha dá dtarlódh sé sa bhaile.

4.   I gcás pointe (c) de mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a cheangal, freisin, gur cion coiriúil é an t-iompar ábhartha faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit eile sin nó faoi dhlí náisiúnta an tríú tír áit a ndearnadh an cion sin, ach amháin i gcás ina bhfuil an t-iompar sin ar cheann de na cionta dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) agus (h) de phointe (1) d’Airteagal 2(1) agus mar a shainmhínítear i ndlí an Aontais is infheidhme.

5.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil an t-iompar dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 inphionóis mar chion coiriúil nuair a dhéanann daoine é a rinne an ghníomhaíocht choiriúil nó a ghlac páirt sa ghníomhaíocht choiriúil ónar gnóthaíodh an mhaoin.

Airteagal 4

Cabhrú agus neartú, gríosú agus iarracht a dhéanamh

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionós a ghearradh, i gcás ina gcabhraítear, ina neartaítear, nó ina ngríosaítear le cion dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (5), nó ina ndéantar iarracht cion den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 5

Pionóis do dhaoine nádúrtha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a ghearradh mar phionós i leith ciontaí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (5) inphionóis trí théarma 4 bliana ar a laghad a ghearradh ina leith.

3.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go mbeidh daoine nádúrtha a bhfuil na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 déanta acu faoi réir smachtbhannaí nó bearta breise, i gcás inar gá.

Airteagal 6

Cúinsí géaraitheacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i dtaca leis na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (5) agus Airteagal 4, go measfar na cúinsí seo a leanas a bheith ina gcúinsí géaraitheacha:

(a)

má rinneadh an cion faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB; nó

(b)

má tá ciontóir ina eintiteas faoi oibleagáid de réir bhrí Airteagal 2 de Threoir (AE) 2015/849 agus má rinne sé an cion i bhfeidhmiú a ghníomhaíochtaí gairmiúla.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i dtaca leis na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3(1), agus (5) agus Airteagal 4, go measfar na cúinsí seo a leanas a bheith ina gcúinsí géaraitheacha:

(a)

i gcás ina bhfuil luach suntasach ag baint leis an maoin sciúrtha, nó

(b)

i gcás inar gnóthaíodh an mhaoin sciúrtha mar thoradh ar cheann de na cionta dá dtagraítear i bpointí (e) go (h) de phointe (1) d’Airteagal 2.

Airteagal 7

Dliteanas daoine dlítheanacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas mar gheall ar cion ar bith dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (5) agus Airteagal 4 i gcás ina ndearna aon duine, ag gníomhú dó ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh, agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach, ina ndearna sé an cion chun a dtairbhe, bunaithe ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

cumhacht chun ionadaíocht a dhéanamh don duine dlítheanach;

(b)

údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh; nó

(c)

údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás inarbh fhéidir le duine faoi údarás an duine dhlítheanaigh aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (5) agus Airteagal 4 a dhéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh sin mar thoradh ar easpa maoirseachta nó rialaithe ag duine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Ní choiscfidh dliteanas daoine dlítheanacha faoi mhír 1 agus mír 2 den Airteagal seo imeachtaí coiriúla ó bheith tionscanta in aghaidh daoine nádúrtha a ghríosaíonn déanamh aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (5) agus Airteagal 4, a dhéanann ceann ar bith díobh nó atá ina gcúlpháirtithe i gceann ar bith díobh.

Airteagal 8

Smachtbhannaí do dhaoine dlítheanacha

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh duine dlítheanach atá faoi dhliteanas mar gheall ar chionta de bhun Airteagal 7 inphionóis le smachtbhannaí atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, lena n-áirítear fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla agus d’fhéadfadh sé go n-áireofaí smachtbhannaí eile leo, amhail:

(a)

eisiamh an duine dhlítheanaigh sin ó theidlíocht i leith sochair phoiblí nó cúnamh poiblí;

(b)

eisiamh sealadach nó buan ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais;

(c)

dícháiliú sealadach nó buan an duine dhlítheanaigh sin ó ghníomhaíochtaí tráchtála a fheidhmiú;

(d)

cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;

(e)

ordú foirceanta breithiúnach;

(f)

dúnadh sealadach nó buan gnólachtaí ar baineadh úsáid astu chun an cion a dhéanamh.

Airteagal 9

Coigistiú

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla na fáltais a fhaightear as aon cheann de na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo agus na hionstraimeachtaí a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun aon cheann de na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a dhéanamh nó chun cuidiú lena dhéanamh, a chalcadh nó a choigistiú, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le Treoir 2014/42/AE.

Airteagal 10

Dlínse

1.   Déanfaidh gach Ballstát na beart is gá chun a dhlínse féin a bhunú ar na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 sna cásanna seo a leanas:

(a)

má rinneadh an cion go hiomlán nó go páirteach ar chríoch an Bhallstáit;

(b)

má tá an ciontóir ina náisiúnach den Bhallstát.

2.   Tabharfaidh Ballstát eolas don Choimisiún i gcás ina gcinneann sé a dhlínse a leathnú ar na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 a rinneadh lasmuigh dá chríoch, sna cásanna seo a leanas:

(a)

má tá gnáthchónaí ar an gciontóir ina chríoch;

(b)

má rinneadh an cion chun tairbhe duine dhlítheanaigh atá bunaithe ina chríoch.

3.   I gcás ina mbainfidh cion dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 le dlínse Ballstáit amháin nó níos mó, agus i gcás ina bhféadfaidh aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann ionchúiseamh a dhéanamh go bailí ar bhonn na bhfíoras céanna, comhoibreoidh na Ballstáit lena mbaineann chun a chinneadh cé acu a dhéanfaidh na ciontóirí a ionchúiseamh agus é mar aidhm, más féidir, imeachtaí a lárú in aon Bhallstát amháin.

Tabharfar aird ar an méid seo a leanas:

(a)

críoch an Bhallstáit ina ndearnadh an cion;

(b)

náisiúntacht nó áit chónaithe an chiontóra;

(c)

tír thionscnaimh an íospartaigh nó na n-íospartach; agus

(d)

an chríoch inar aimsíodh an ciontóir.

Déanfar an t-ábhar a chur faoi bhráid Eurojust, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le hAirteagal 12 de Chinneadh Réime 2009/9484/JHA.

Airteagal 11

Uirlisí imscrúdaitheacha

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh fáil ag na daoine, na haonaid nó na seirbhísí atá freagrach as na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (5)Airteagal agus Airteagal 4 a imscrúdú nó a ionchúiseamh ar uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha, amhail iad sin a úsáidtear chun an choireacht eagraithe nó coireanna tromchúiseanna eile a chomhrac.

Airteagal 12

Treoir a chur in ionad Chinneadh Réime 2001/500/CGB

Cuirtear an Treoir seo in ionad phointe (b) d’Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir Réime 2001/500/CGB maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát sin maidir leis an dáta chun an Treoir Réime sin a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí do na forálacha de Chinneadh Réime 2001/500/CGB dá dtagraítear sa chéad mhír a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

Airteagal 13

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 3 Nollaig 2020. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 14

Tuairisciú

Cuirfidh an Coimisiún, faoin 3 Nollaig 2022, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh.

Cuirfidh an Coimisiún, faoin 3 Nollaig 2023, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar bhreisluach na Treorach seo maidir le sciúradh airgid a chomhrac chomh maith lena thionchar ar chearta agus saoirsí bunúsacha. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh chun an Treoir seo a leasú, más gá. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 16

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 23 Deireadh Fómhair 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Deireadh Fómhair 2018.

(2)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(3)  Cinneadh Réime 2001/500/CGB ón gComhairle an 26 Meitheamh 2001 maidir le sciúradh airgid agus le hionstraimeachtaí agus fáltais ón gcoireacht a shainaithint, a rianú, a chalcadh, a urghabháil agus a choigistiú (IO L 182, 5.7.2001, lch. 1).

(4)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(5)  Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí agus fáltais ón gcoireacht a chalcadh agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127, 29.4.2014, lch. 39).

(6)  Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).

(7)  Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinbhleachtaí i bhfeidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 42).

(8)  Cinneadh Réime 2002/187/CGB ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lenar bunaíodh Eurojust d’fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí a neartú (IO L 63, 6.3.2002, lch. 1).

(9)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(10)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(11)  Cinneadh Réime 2002/946/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2002 maidir leis an gcreat pionósach a neartú chun cosc a chur le héascú ar theacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe (IO L 328, 5.12.2002, lch. 1).

(12)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

(13)  Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus pionóis i réimse na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí (IO L 335, 11.11.2004, lch. 8).

(14)  Gníomh ón gComhairle an 26 Bealtaine 1997 ag dréachtú, ar bhonn Airteagal K.3 (2) (c) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Choinbhinsiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh páirteach ann (IO C 195, 25.6.1997, lch. 1).

(15)  Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le héilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach (IO L 192, 31.7.2003, lch. 54).

(16)  Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac (IO L, 149 2.6.2001, lch. 1).

(17)  Treoir 2014/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 ar chosaint an euro agus airgeadraí eile ar ghóchumadh tríd an dlí coiriúil, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2000/383/CGB ón gComhairle (IO L, 151 21.5.2014, lch. 1).

(18)  Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).

(19)  Treoir 2009/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leasaítear Treoir 2005/35/CE maidir le truailliú ó longa agus maidir le pionóis ar sháruithe a thabhairt isteach (IO L 280, 27.10.2009, lch. 52).

(20)  Treoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le smachtbhannaí coiriúla ar dhrochúsáid mhargaidh (an treoir maidir le drochúsáid mhargaidh) (IO L, 173 12.6.2014, lch. 179).

(21)  Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO L 218, 14.8.2013, lch. 8).