14.6.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

93


TREOIR (AE) 2018/849 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE AN

30 Bealtaine 2018

lena leasaítear Treoir 2000/53/CE maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite, Treoir 2006/66/CE maidir le cadhnraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí agus taisc-cheallraí dramhaíola, agus Treoir 2012/19/AE maidir le trealamh dramhaíola leictreach agus leictreonach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola san Aontas d’fhonn cáilíocht an chomhshaoil a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, sláinte an duine a chosaint, úsáid stuama, éifeachtúil agus réasúnach acmhainní nádúrtha a áirithiú agus prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn.

(2)

Chun an t-ualach rialála ar bhunaíochtaí nó gnóthais bheaga a laghdú, ba cheart simpliú ar na ceanglais ceadaithe agus clárúcháin do bhunaíochtaí nó gnóthais bheaga a thabhairt isteach.

(3)

Maidir leis na tuarascálacha cur chun feidhme a ullmhaíonn na Ballstáit gach 3 bliana, is léir nárbh uirlis éifeachtach iad chun comhlíonadh a fhíorú nó chun cur chun feidhme maith a áirithiú, agus is léir go bhfuil ualaigh riaracháin nach bhfuil gá leo á gcruthú acu. Is iomchuí, dá bhrí sin, go n-aisghairfear na forálacha a chuireann oibleagáid ar na Ballstáit tuarascálacha den sórt sin a tháirgeadh. In ionad sin, ba cheart na críocha a bhaineann le faireachán ar chomhlíonadh a bheith bunaithe go heisiach ar na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit gach bliain don Choimisiún.

(4)

Tá sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit bunriachtanach don Choimisiún chun comhlíonadh dhlí an Aontais maidir le dramhail ar fud na mBallstát a mheas. Ba cheart cáilíocht, iontaofacht agus inchomparáideacht an staidrimh a fheabhsú trí phointe iontrála aonair a thabhairt isteach le haghaidh na sonraí dramhaíola go léir, trí cheanglais tuairiscithe atá imithe i léig a scriosadh, trí mhodheolaíochtaí tuairiscithe náisiúnta a thagarmharcáil agus trí thuarascáil chun cáilíocht sonraí a sheiceáil a thabhairt isteach.

(5)

Tá tuairisciú iontaofa ar shonraí i dtaca le bainistiú dramhaíola ríthábhachtach le haghaidh cur chun feidhme éifeachtúil agus chun inchomparáideacht sonraí i measc na mBallstát a áirithiú. Dá bhrí sin, agus tuairisciú á dhéanamh acu maidir le baint amach na spriocanna a leagtar amach i dTreoir 2000/53/CE (4), Treoir 2006/66/CE (5) agus Treoir 2012/19/AE (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na rialacha is déanaí atá forbartha ag an gCoimisiún agus as na modheolaíochtaí is déanaí atá forbartha ag na húdaráis inniúla naisiúnta faoi seach atá freagrach as na Treoracha sin a chur chun feidhme.

(6)

Tá feidhm ag ord na réiteach dramhaíola a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) mar ord tosaíochta i reachtaíocht an Aontais maidir le dramhaíl a chosc agus a bhainistiú. Nuair atá cuspóirí na Treorach seo á gcomhlíonadh acu, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun ord tosaíochta ord na réiteach dramhaíola a chur san áireamh agus cur chun feidhme praiticiúil na dtosaíochtaí sin a áirithiú.

(7)

I gcomhthéacs ghealltanas an Aontais i dtaobh aistriú i dtreo geilleagar ciorclach, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2000/53/CE, Treoir 2006/66/CE agus Treoir 2012/19/AE agus, más gá, ba cheart iad a leasú, ag cur san áireamh a gcur chun feidhme agus ag tabhairt aird, inter alia, ar an bhféidearthacht spriocanna a shocrú d’ábhair shonracha atá sna sruthanna dramhaíola ábhartha. Le linn an athbhreithnithe ar Threoir 2000/53/CE, ba cheart aird a thabhairt freisin ar fhadhb na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite acu ach nach bhfuil curtha san áireamh, lena n-áirítear loingsiú feithiclí caite a bhfuil drochamhras ann gur feithiclí a bhfuil a ré caite acu iad, agus Treoirlínte na gComhfhreagraithe Uimh. 9 maidir le loingsithe feithiclí dramhaíle. Le linn an athbhreithnithe ar Threoir 2006/66/CE, ba cheart forbairt theicniúil ar chineálacha ceallraí nua nach mbaineann feidhm as substaintí guaiseacha a chur san áireamh.

(8)

Chun Treoir 2000/53/CE a leasú agus a fhorlíonadh agus chun Treoir 2012/19/AE a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le pointe (b) d’Airteagal 4(2) agus Airteagail 5(5), 6(6) agus 8(2) de Threoir 2000/53/CE, arna leasú leis an Treoir seo, agus Airteagal 19 de Threoir 2012/19/AE, arna leasú leis an Treoir seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (8). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(9)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2000/53/CE i dtaca le hAirteagal 7(2) agus Airteagal 9(1d) di, arna leasú leis an Treoir seo, agus chun Treoir 2012/19/AE a chur chun feidhme i dtaca le hAirteagal 16(9) di, arna leasú leis an Treoir seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(10)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola san Aontas, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cosaint, caomhnú agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil agus le húsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na mbeart, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2000/53/CE, Treoir 2006/66/CE agus Treoir 2012/19/AE a leasú dá réir sin.

(12)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (10), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Threoir 2000/53/CE

Leasaítear Treoir 2000/53/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9a lena leasaítear Iarscríbhinn II ar bhonn rialta chun í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

de réir mar is gá, uasluachanna tiúchana a bhunú a lamhálfar suas go dtí na luachanna sin na substaintí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a bheith in ábhair agus i gcomhpháirteanna sonracha d’fheithiclí;

(ii)

ábhair agus comhpháirteanna áirithe d’fheithiclí a dhíolmhú ó phointe (a) den mhír seo más rud é go bhfuil úsáid na substaintí dá dtagraítear sa phointe sin dosheachanta;

(iii)

ábhair agus comhpháirteanna d’feithiclí a scriosadh ó Iarscríbhinn II más féidir úsáid na substaintí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a sheachaint;

(iv)

faoi phointí (i) agus (ii), na hábhair agus na comhpháirteanna sin d’feithiclí a ainmniú, ar ábhair agus comhpháirteanna iad is féidir a bhaint as a chéile sula ndéantar iad a chóireáil tuilleadh agus a cheangal go ndéanfar iad a lipéadú nó iad a dhéanamh so-aitheanta trí mhodhanna iomchuí eile.

Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe ar leithligh a ghlacadh i ndáil le gach substaint, ábhar nó comhpháirt lena mbaineann pointí (i) go (iv).”;

(2)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go n-aithneoidh a n-údaráis inniúla go frithpháirteach na deimhnithe scriosta arna n-eisiúint i mBallstáit eile i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus go nglacfaidh siad leis na deimhnithe sin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9a chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí cheanglais íosta don deimhniú scriosta a bhunú.”;

(3)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar feithiclí a bhfuil a ré caite a stóráil (fiú go sealadach) agus a chóireáil i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus leis na ceanglais ghinearálta a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus i gcomhlíonadh na gceanglas teicniúil íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, gan dochar do rialacháin náisiúnta ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol.

(*1)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).”;"

b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9a lena leasaítear Iarscríbhinn I chun í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.”;

(4)

in Airteagal 7(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na rialacha mionsonraithe is gá chun a rialú an gcomhlíonann na Ballstáit na spriocanna a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo. Nuair a bheifear ag ullmhú na rialacha sin, cuirfidh an Coimisiún na tosca ábhartha go léir san áireamh, inter alia, a mhéid atá fáil ar shonraí agus aon saincheist maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite a onnmhairiú agus a allmhairiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).”;

(5)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9a chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal a bhunú. Nuair a bheifear ag ullmhú na gcaighdeán sin, cuirfidh an Coimisiún an obair atá ag dul ar aghaidh sa réimse sin sna fóraim idirnáisiúnta ábhartha san áireamh. Rannchuideoidh an Coimisiún leis an obair sin de réir mar is iomchuí.”;

(6)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 1;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“1a.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 7(2) le haghaidh gach bliana féilire a thuairisciú don Choimisiún.

Déanfaidh siad na sonraí a thuairisciú go leictreonach laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe a ndéanfar na sonraí a bhailiú ina leith. Déanfar na sonraí a thuairisciú san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1d den Airteagal seo.

Tosóidh an chéad tréimhse tuairiscithe sa chéad bhliain féilire iomlán tar éis an gníomh cur chun feidhme a bhunaíonn an fhormáid le haghaidh tuairiscithe a ghlacadh, i gcomhréir le mír 1d den Airteagal seo, agus cumhdóidh sé na sonraí don tréimhse tuairiscithe sin.

1b.   Beidh tuarascáil maidir le seiceáil a dhéanamh ar cháilíocht ag gabháil leis na sonraí a dhéanfaidh na Ballstáit a thuairisciú i gcomhréir le mír 1a.

1c.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na sonraí a thuairiscítear i gcomhréir le mír 1a agus foilseoidh sé tuarascáil ar thorthaí a athbhreithnithe. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar eagrú an bhailiúchán sonraí, ar fhoinsí na sonraí agus ar an modheolaíocht a úsáidtear sna Ballstáit mar aon le hiomláine, iontaofacht, tráthúlacht agus comhsheasmhacht na sonraí sin. Féadfar moltaí sonracha le haghaidh feabhais a áireamh sa mheasúnú. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas tar éis chéad thuairisciú na sonraí ag na Ballstáit agus gach 4 bliana dá éis sin.

1d.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an fhormáid chun sonraí dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo a thuairisciú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).”;

(7)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 9a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(2) agus in Airteagail 5(5), 6(6) agus 8(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 4 Iúil 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(2) agus in Airteagal 5(5), Airteagal 6(6) agus Airteagal 8(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*2).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun phointe (b) d’Airteagal 4(2), agus Airteagail 5(5), 6(6) agus 8(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*2)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(8)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 10a

Athbhreithniú

Faoin 31 Nollaig 2020, athbhreithneoidh an Coimisiún an Treoir seo, agus chun na críche sin, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach.”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”."

Airteagal 2

Leasú ar Threoir 2006/66/CE

Leasaítear Treoir 2006/66/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar rátaí bailiúcháin ar bhonn bliantúil de réir na scéime a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo. Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún laistigh 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe dá mbailítear na sonraí. Déanfar a léiriú sna tuarascálacha an chaoi a bhfuarthas na sonraí is gá a bhailiú chun an ráta bailiúcháin a ríomh.

(*4)  Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2002 maidir le staidreamh dramhaíola (IO L 332, 9.12.2002, lch. 1).”;"

(2)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Tuairisceoidh na Ballstáit ar na leibhéil athchúrsála a ghnóthaíodh i ngach bliain féilire lena mbaineann agus cibé ar baineadh amach na héifeachtúlachtaí athchúrsála dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, Cuid B. Déanfaidh siad na sonraí a thíolacadh go leictreonach chuig an gCoimisiún laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe dá mbailítear na sonraí.”;

(3)

scriostar Airteagal 22;

(4)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 22a

Dreasachtaí le haghaidh chur i bhfeidhm ord na réiteach dramhaíola

Chun rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as ionstraimí eacnamaíocha agus as bearta eile chun dreasachtaí a thabhairt le haghaidh chur i bhfeidhm ord na réiteach dramhaíola, amhail na dreasachtaí sin a léirítear in Iarscríbhinn IVa a ghabhann le Treoir 2008/98/CE nó in ionstraimí iomchuí eile agus i mbearta iomchuí eile.”;

(5)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Faoin 31 Nollaig 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le cur chun feidhme na Treorach seo agus an tionchar atá aici ar an gcomhshaol agus maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

“2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na gnéithe seo a leanas den Treoir seo a áireamh ina thuarascáil:”.

Airteagal 3

Leasú ar Threoir 2012/19/AE

Leasaítear Treoir 2012/19/AE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 5;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“6.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí a bhaineann le cur chun feidhme mhír 4 le haghaidh gach bliana féilire a thuairisciú don Choimisiún.

Déanfaidh siad na sonraí a thuairisciú go leictreonach laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe a ndéanfar na sonraí a bhailiú ina leith. Déanfar na sonraí a thuairisciú san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 9.

Tosóidh an chéad tréimhse tuairiscithe sa chéad bhliain féilire iomlán tar éis an gníomh cur chun feidhme a bhunaíonn an fhormáid le haghaidh tuairiscithe a ghlacadh, i gcomhréir le mír 9 den Airteagal seo, agus cumhdóidh sé na sonraí don tréimhse tuairiscithe sin.

7.   Beidh tuarascáil maidir le seiceáil a dhéanamh ar cháilíocht ag gahbáil leis na sonraí a dhéanfaidh na Ballstáit a thuairisciú i gcomhréir le mír 6.

8.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na sonraí a thuairiscítear i gcomhréir le mír 6 agus foilseoidh sé tuarascáil ar thorthaí a athbhreithnithe. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar eagrú an bhailiúchán sonraí, ar fhoinsí na sonraí agus ar an modheolaíocht a úsáidtear sna Ballstáit mar aon le hiomláine, iontaofacht, tráthúlacht agus comhsheasmhacht na sonraí sin. Féadfar moltaí sonracha le haghaidh feabhais a áireamh sa mheasúnú. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas tar éis chéad thuairiscithe na sonraí arna dhéanamh ag na Ballstáit agus gach 4 bliana dá éis sin.

9.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an fhormáid chun sonraí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a thuairisciú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).”;

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 16a

Dreasachtaí le haghaidh chur i bhfeidhm ord na réiteach dramhaíola

Chun rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo, féadfaidh na Ballstáit feidhm a bhaint as ionstraimí eacnamaíocha agus as bearta eile chun dreasachtaí a thabhairt le haghaidh chur i bhfeidhm ord na réiteach dramhaíola, amhail na dreasachtaí sin a léirítear in Iarscríbhinn IVa a ghabhann le Treoir 2008/98/CE nó in ionstraimí iomchuí eile agus i mbearta iomchuí eile.”;

(3)

in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 den Treoir seo a bhaineann leis na leasuithe is gá a dhéanamh chun Iarscríbhinní IV, VII, VIII agus IX a ghabhann leis an Treoir seo a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe ar leithligh a ghlacadh i dtaca le gach Iarscríbhinn atá le leasú. Nuair a leasófar Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir seo, cuirfear san áireamh na heisceachtaí arna ndeonú faoi Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

(*5)  Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88).”."

Airteagal 4

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 5 Iúil 2020. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 30 Bealtaine 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO C 264, 20.7.2016, lch. 98.

(2)  IO C 17, 18.1.2017, lch. 46.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018.

(4)  Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).

(5)  Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola, agus lena leasaítear Treoir 91/157/CEE (IO L 266, 26.9.2006, lch. 1).

(6)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).

(7)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(8)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(10)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.