19.6.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

75


TREOIR (AE) 2018/844 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2018

lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá an tAontas tiomanta do chóras fuinnimh atá inbhuanaithe, iomaíoch, seasmhach agus dícharbónaithe a fhorbairt. Leis an Aontas Fuinnimh agus leis an gCreat Beartais maidir le Fuinneamh agus Aeráid do 2030, bunaítear gealltanais uaillmhianacha don Aontas chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú tuilleadh 40 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le 1990, chun an céatadán d’fhuinneamh in-athnuaite a ídítear a mhéadú agus chun coigiltí fuinnimh a dhéanamh i gcomhréir le huaillmhianta ar leibhéal an Aontais agus chun seasmhacht, iomaíochas agus inbhuanaitheacht fuinnimh na hEorpa a fheabhsú.

(2)

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, comhcheanglaítear in athbhreithniú 2016 ar ghníomhartha reachtacha de chuid an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh athmheasúnú ar sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030 mar a d’iarr an Chomhairle Eorpach in 2014, athbhreithniú ar chroí-fhorálacha Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus athneartú ar chreat an mhaoinithe chumasaithe lena n-áirítear Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) agus Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), rud a fheabhsóidh ar deireadh dálaí airgeadais na n-infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh ar an margadh.

(3)

Le Treoir 2010/31/AE ceanglaíodh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh faoin 1 Eanáir 2017, i bhfianaise na taithí atá faighte agus an dul chun cinn atá déanta le linn chur i bhfeidhm na Treorach sin, agus moltaí a dhéanamh, más gá.

(4)

Chun ullmhú i gcomhair an athbhreithnithe sin, ghlac an Coimisiún sraith céimeanna chun fianaise a bhailiú maidir leis an gcaoi ar cuireadh Treoir 2010/31/AE chun feidhme sna Ballstáit, inar díríodh ar an méid ar éirigh leis agus ar a bhféadfaí a fheabhsú.

(5)

Léiríodh i dtoradh an athbhreithnithe agus an mheasúnaithe tionchair ón gCoimisiúin go bhfuil gá le sraith leasuithe chun forálacha reatha Threoir 2010/31/AE a neartú agus chun gnéithe áirithe a shimpliú.

(6)

Tá an tAontas tiomanta do chóras fuinnimh atá inbhuanaithe, iomaíoch, seasmhach agus dícharbónaithe a fhorbairt faoi 2050. Chun an sprioc sin a bhaint amach, tá bearta de dhíth ar na Ballstáit agus ar infheisteoirí arb é is aidhm dóibh an sprioc fhadtéarmach i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach agus an stoc foirgneamh atá freagrach as thart ar 36 % d’astaíochtaí CO2 ar fad san Aontas a dhícharbónú, agus sin faoi 2050. Ba cheart do na Ballstáit cothromaíocht chostéifeachtúil a lorg idir soláthairtí fuinnimh a dhícharbónú agus ídiú fuinnimh deiridh a laghdú. Chun na críche sin, tá fís shoiléir ag teastáil ó na Ballstáit agus ó infheisteoirí chun a gcuid beartas agus a gcuid cinntí infheistíochta a threorú, lena n-áirítear garspriocanna náisiúnta táscacha agus gníomhaíochtaí i leith éifeachtúlachta fuinnimh chun na cuspóirí gearrthéarmacha (2030), meántéarmacha (2040) agus fadtéarmacha (2050) a bhaint amach. Agus na cuspóirí sin á gcur san áireamh agus ag breathnú ar uaillmhianta éifeachtúlachta fuinnimh foriomlána an Aontais, tá sé riachtanach do na Ballstáit aschur ionchasach straitéisí náisiúnta athchóirithe fadtéarmacha a shonrú agus faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí a dhéantar maidir leo trí tháscairí intíre dul chun cinn a leagan amach faoi réir dálaí agus forbairtí náisiúnta.

(7)

Cuirtear borradh ar iarrachtaí de chuid an Aontais chun a stoc foirgneamh a dhícharbónú leis an gComhaontú Pháras 2015 maidir leis an athrú aeráide a tháinig i ndiaidh an 21ú Comhdháil Páirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 21). Agus é á chur san áireamh go n-úsáidtear beagnach 50 % d’ídiú fuinnimh deiridh an Aontais do théamh agus d’fhuarú, agus go n-úsáidtear 80 % de sin i bhfoirgnimh, tá nasc idir spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach agus iarrachtaí an Aontais chun a stoc foirgneamh a athchóiriú trí éifeachtúlacht fuinnimh a bheith ina tosaíocht, agus úsáid á baint as an bprionsabal “tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh” mar aon le féachaint faoi fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a úsáid.

(8)

Ba cheart na forálacha maidir le straitéisí athchóirithe fadtéarmacha a leagtar síos i dTreoir 2012/27/AE a aistriú go Treoir 2010/31/AE, áit ina n-oireann siad níos soiléire. Ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as a gcuid straitéisí athchóirithe san fhadtéarma chun aghaidh a thabhairt ar shábháilteacht ó dhóiteán agus na baoil a bhaineann le gníomhaíocht sheismeach dhian a dhéanann difear d’athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh agus do shaolré foirgneamh.

(9)

Chun stoc foirgneamh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá dícharbónaithe a bhaint amach agus chun a áirithiú go dtiocfaidh an dul chun cinn riachtanach ar aistriú foirgneamh atá ann faoi láthair beagnach ina bhfoirgnimh neodracha ó thaobh fuinnimh as na straitéisí athchóirithe fadtéarmacha, go háirithe trí mhéadú ar athchóiriú domhain, ba cheart do na Ballstáit treoirlínte soiléire a sholáthar agus gníomhaíochtaí intomhaiste spriocdhírithe chomh maith le rochtain chomhionann ar mhaoiniú a chur chun cinn, lena n-áirítear do na ranna is neamhfheidhmiúla den stoc náisiúnta foirgneamh, do thomhaltóirí atá buailte ag an tearcrochtain fuinnimh, do thithíocht shóisialta agus do theaghlaigh atá faoi réir cruachásanna dreasachta deighilte, agus inacmhainneacht á cur san áireamh. D’fhonn níos mó tacaíochta a thabhairt do na feabhsuithe riachtanacha ina stoc náisiúnta ar cíos, ba cheart do na Ballstáit féachaint faoi cheanglais a thabhairt isteach nó faoi leanúint ar aghaidh á gcur i bhfeidhm do leibhéal áirithe feidhmíochta fuinnimh maidir le maoine ar cíos, i gcomhréir leis na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh.

(10)

De réir an mheasúnaithe tionchair ón gCoimisiún, bheadh gá le hathchóiriú ag meánráta 3 % in aghaidh na bliana chun uaillmhianta an Aontais le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach. De bhrí go laghdaítear allmhairithe gáis faoi 2,6 % le gach méadú 1 % ar choigiltí fuinnimh, tá uaillmhianta soiléire i gcomhair athchóiriú ar an stoc foirgneamh atá ann faoi láthair den ríthábhacht. Mar sin, bheadh iarrachtaí chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a mhéadú ina gcuidiú gníomhach le neamhspleáchas fuinnimh an Aontais agus thairis sin tá móracmhainn iontu chun poist a chruthú san Aontas, go háirithe i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit an gá a chur san áireamh le nasc soiléir idir a straitéisí athchóirithe fadtéarmacha agus tionscnaimh ábhartha chun forbairt scileanna agus oideachas a chur chun cinn in earnálacha na foirgníochta agus na héifeachtúlachta fuinnimh.

(11)

Ba cheart an gá le bochtaineacht fuinnimh a mhaolú a chur san áireamh, i gcomhréir leis na critéir arna sainiú ag na Ballstáit. Agus gníomhaíochtaí náisiúnta a chuidíonn le bochtaineacht fuinnimh a mhaolú á leagan amach ag na Ballstáit ina straitéisí athchóirithe, tá sé de cheart acu na nithe a bhféachann siad orthu mar ghníomhaíochtaí ábhartha a bhunú.

(12)

Agus na Ballstáit i mbun a straitéisí athchóirithe fadtéarmacha agus gníomhaíochtaí agus bearta á bpleanáil acu, d’fhéadfaidís úsáid a bhaint as coincheapa amhail pointí truicir, eadhon amanna tráthúla, mar shampla ó thaobh costéifeachtachta nó suaite, i saolré foirgnimh chun athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh.

(13)

Foráiltear le treoirlínte 2009 ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, maidir le cáilíocht an aeir laistigh, go dtugann foirgnimh a fheidhmíonn níos fearr leibhéil compoird níos airde agus folláine dá sealbhóirí agus cuireann siad feabhas ar an tsláinte. Mar thoradh ar dhroichid theirmeacha, insliú neamhleor agus bealaí aeir neamhphleanáilte is féidir teocht dromchla faoi bhun dhrúchtphointe an aeir agus i dtaise a bheith ann. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, insliú iomlán aonchineálach an fhoirgnimh a áirithiú, lena n-áirítear na balcóin, cóiriú na bhfuinneog, díonta, ballaí, doirse agus urláir, agus ba cheart aird ar leith a tharraingt ar a thábhachtaí atá sé go seachnófaí an teocht ar aon dromchla laistigh den fhoirgneamh titim faoi bhun teocht an drúchtphointe.

(14)

Ba cheart do na Ballstáit tacú le huasghráduithe feidhmíochta fuinnimh ar fhoirgnimh atá ann faoi láthair a chuidíonn le timpeallacht shláintiúil laistigh a bhaint amach, lena n-áirítear trí aispeist agus substaintí díobhálacha eile a bhaint, lena gcuirtear cosc ar bhaint neamhdhleathach substaintí díobhálacha agus comhlíonadh gníomhartha reachtacha atá ann cheana féin amhail Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) á éascú.

(15)

Tá sé tábhachtach a áirithiú nach ndírítear le bearta chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú ach amháin ar an imchlúdach foirgnimh ach go n-áirítear na heilimintí ábhartha agus na córais theicniúla go léir i bhfoirgneamh, amhail eilimintí éighníomhacha a bhíonn rannpháirteach i dteicnící éighníomhacha arb é is aidhm dóibh na riachtanais fuinnimh do théamh nó d’fhuarú, an úsáid fuinnimh do shoilsiú agus d’aerú a laghdú agus ar an dóigh sin feabhas a chur ar chompord teirmeach agus amhairc.

(16)

Ba cheart go mbeadh ról lárnach ag sásraí airgeadais, dreasachtaí agus cur ar fáil institiúidí airgeadais d’athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh sna straitéisí náisiúnta athchóirithe fadtéarmacha agus ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit chun cinn go gníomhach iad. Ba cheart go n-áireofaí le bearta den sórt sin morgáistí fuinneamhéifeachtúla a spreagadh d’athchóiriú foirgneamh fuinneamhéifeachtúla deimhnithe, lena gcuirtear infheistíochtaí d’údaráis phoiblí chun cinn i stoc foirgneamh fuinneamhéifeachtúil, mar shampla trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí nó conarthaí feidhmíochta fuinnimh roghnacha, lena laghdaítear an baol a mheastar a bhaineann leis na hinfheistíochtaí, lena gcuirtear uirlisí comhairleacha inrochtana trédhearcacha agus ionstraimí cúnaimh ar fáil amhail ionaid ilfhreastail a chuireann seirbhísí athchóirithe fuinnimh comhtháite ar fáil, mar aon le bearta agus tionscnaimh eile a chur chun feidhme amhail na cinn dá dtagraítear sa tionscnamh ón gCoimisiún dar teideal Airgeadas Cliste d’Fhoirgnimh Chliste.

(17)

Tá réitigh dhúlra-bhunaithe, amhail fásra sráide dea-phleanáilte, díonta glasa agus ballaí a thugann insliú agus scáth d’fhoirgnimh, ina gcuidiú chun éileamh ar fhuinneamh a laghdú tríd an ngá le téamh agus le fuarú a theorannú agus trí fheidhmíocht fuinnimh foirgnimh a fheabhsú.

(18)

Ba cheart taighde i réitigh nua chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus suímh stairiúil agus tástáil na réiteach sin a spreagadh agus an oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a chaomhnú ag an am céanna.

(19)

I gcás foirgneamh nua agus foirgneamh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, ba cheart do na Ballstáit córais mhalartacha ardéifeachtúlachta a spreagadh más indéanta ar bhonn teicniúil, feidhmiúil agus eacnamaíoch agus ba cheart dóibh aghaidh a thabhairt freisin ar shaincheisteanna a bhaineann le dálaí sláintiúla aeráide laistigh, sábháilteacht ó dhóiteán agus rioscaí a bhaineann le gníomhaíocht suntasach sheismeach, i gcomhréir le rialacháin sábháilteachta baile.

(20)

Chun na cuspóirí beartais éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh foirgneamh a chomhlíonadh, ba cheart trédhearcacht na dteastais feidhmíochta fuinnimh a fheabhsú trína áirithiú go leagfaí amach na paraiméadair go léir atá riachtanach don ríomh, idir dheimhniúcháin agus íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, agus go gcuirfí chun feidhme ar bhonn leanúnach iad. Ba cheart do na Ballstáit bearta leordhóthanacha a ghlacadh chun a áirithiú, mar shampla, go ndéanfaí doiciméadú ar fheidhmíocht córas teicniúil foirgneamh do théamh spáis, d’aerchóiriú nó do théamh uisce atá suiteáilte, athsholáthraithe nó nuashonraithe nó uasghrádaithe, i bhfianaise deimhniúcháin foirgneamh agus seiceáil ar chomhlíonadh.

(21)

Ba cheart do na Ballstáit a mheas go bhfuil suiteáil feistí féinrialála i bhfoirgnimh atá ann faoi láthair chun teocht i ngach seomra a rialáil ar leithligh indéanta go heacnamaíoch, nó i gcás ina bhfuil bonn cirt leis, i limistéar ainmnithe téite den aonad foirgnimh, mar shampla, i gcás ina bhfuil an costas níos lú ná 10 % de chostais iomlána na ngineadóirí teasa ar cuireadh gineadóirí ina n-ionad.

(22)

De bhreis air sin, a bhuí leis an nuálaíocht agus leis an teicneolaíocht nua, is féidir le foirgnimh cur le dícharbónú ginearálta an gheilleagair, lena n-áirítear earnáil an iompair. Mar shampla, is féidir foirgnimh a ghiaráil le forbairt ó thaobh an bhonneagair is gá chun feithiclí leictreacha a luchtú agus is féidir bunús a sholáthar do na Ballstáit, más mian leo é, chun ceallraí cairr a úsáid mar fhoinse cumhachta.

(23)

Nuair atá feithiclí leictreacha comhcheangailte le sciar méadaithe de tháirgeadh leictreachais in-athnuaite, táirgeann siad níos lú astaíochtaí carbóin agus bíonn cáilíocht an aeir níos fearr mar gheall orthu. Is cuid thábhachtach d’aistriú glan fuinnimh iad feithiclí leictreacha bunaithe ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, breoslaí malartacha, fuinnimh in-athnuaite agus réitigh nuálacha bainistithe solúbthachta fuinnimh. Is féidir cóid tógála a úsáid go héifeachtach chun ceanglais spriocdhírithe a thabhairt isteach chun tacú le himscaradh an bhonneagair athluchtaithe i gcarrchlóis foirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do bhearta chun imscaradh bonneagair athluchtaithe a shimpliú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhacainní amhail dreasachtaí deighilte agus castachtaí riaracháin a bhíonn os comhair úinéirí aonair agus iad ag iarraidh pointe athluchtaithe a shuiteáil ar a spás páirceála.

(24)

Le bonneagar duchtála cuirtear na dálaí cearta ar fáil d’imscaradh gasta pointí athluchtaithe más gá agus i gcás ina bhfuil gá leo. Ba cheart do na Ballstáit, forbairt leictrea-shoghluaiseachta a áirithiú ar bhealach cothrom costéifeachtach. Go háirithe, i gcás ina dtarlaíonn athchóiriú ollmhór a bhaineann le bonneagar leictreach, ba cheart go gcuirfí bonneagar duchtála i bhfeidhm go hábhartha ina dhiaidh. Agus na ceanglais le haghaidh leictrea-shoghluaiseacht sa reachtaíocht náisiúnta á gcur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar dhálaí éagsúla féideartha amhail úinéireacht foirgneamh agus an charrchlóis in aice leo, carrchlóis phoiblí a oibríonn eintitis phríobháideacha agus foirgnimh a bhfuil feidhmiú mar ionaid chónaithe agus neamhchónaithe araon acu.

(25)

Le bonneagar atá ar fáil go héasca laghdófar costais suiteála pointí athluchtaithe d’úinéirí aonair agus áiritheofar go mbeidh rochtain ag úsáideoirí feithiclí leictreacha ar phointí athluchtaithe. Ceanglais a bhunú do leictrea-shoghluaiseacht ar leibhéal an Aontais a bhaineann le trealamh a chur i spásanna páirceála roimh ré agus pointí athluchtaithe a shuiteáil, is bealach éifeachtach é sin chun feithiclí leictreacha a chur chun cinn go luath amach anseo agus forbairtí breise á gcumasú ar chostas laghdaithe ar bhonn meántéarmach go fadtéarmach.

(26)

Nuair a bhunaíonn na Ballstáit a gceanglais náisiúnta chun le haghaidh líon íosta de phointí athluchtaithe a shuiteáil d’fhoirgnimh neamhchónaithe a bhfuil níos mó ná 20 spás páirceála acu, le bheith i bhfeidhm ó 2025, ba cheart dóibh dálaí ábhartha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla mar aon le riachtanais agus cúinsí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann bunaithe ar limistéar, tíopeolaíocht tógála, clúdach iompair phoiblí agus critéir ábhartha eile a chur san áireamh, chun imscaradh comhréireach iomchuí pointí athluchtaithe a áirithiú.

(27)

Mar sin féin, d’fhéadfadh deacrachtaí sonracha a bheith ag roinnt limistéar geografach a bhfuil leochaileachtaí sonracha acu agus na ceanglais maidir le leictrea-shoghluaisteacht á gcomhlíonadh acu. D’fhéadfadh an cás bheith amhlaidh do na réigiúin is forimeallaí laistigh de bhrí Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar thoradh ar a n-iargúltacht, a n-oileánachas, a méid beag, a dtopagrafaíocht agus aeráid achrannach, mar aon lena gcórais leithlisithe bheaga, agus d’fhéadfadh an gá bheith ann go n-athródh a n-eangach leictreachais bonn ar bhonn d’fhonn déileáil le tuilleadh leictrithe an iompair áitiúil. Sna cásanna sin, ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit gan ceanglais na leictrea-shoghluaisteachta a chur i bhfeidhm. D’ainneoin an mhaolaithe sin, d’fhéadfadh leictriú iompair bheith ina uirlis chumhachtach maidir le haghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le cáilíocht an aeir nó le slándáil an tsoláthair fuinnimh a chuireann isteach ar na réigiúin agus ar na córais sin go minic.

(28)

Agus na ceanglais maidir le bonneagar leictrea-shoghluaiseachta a leagtar amach sna leasuithe de Threoir 2010/31/AE mar a leagtar amach sa Treoir seo á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit, ba cheart dóibh féachaint faoin ngá le pleanáil uirbeach iomlánaíoch comhleanúnach mar aon leis an ngá le modhanna iompair malartacha, sábháilte agus inbhuanaithe agus an bonneagar a thacaíonn leo a chur chun cinn, mar shampla trí bhonneagar páirceála tiomanta do rothair leictreacha agus do dhaoine atá faoi mhíchumas luaineachta.

(29)

Ba cheart go mbeadh cláir oibre an Mhargaidh Aonair Dhigitigh agus an Aontais Fuinnimh ailínithe agus go bhfreastalóidís ar spriocanna comhchoiteanna. Tá digitiú an chórais fuinnimh ag athrú thírdhreach an fhuinnimh go tapa, ó chomhtháthú foinsí in-athnuaite fuinnimh go heangacha-cliste agus foirgnimh atá ullamh don teicneolaíocht chliste. Chun earnáil na foirgníochta a dhigitiú, tá spriocanna nascachta agus uaillmhianta an Aontais d’imscaradh líonraí cumarsáide ardtoillte tábhachtach do theaghlaigh chliste agus do phobail dhea-nasctha. Ba cheart dreasachtaí spriocdhírithe a sholáthar chun córais atá ullamh don teicneolaíocht-chliste agus réitigh dhigiteacha a chur chun cinn sa timpeallacht thógtha. Leis sin cuirtear deiseanna nua ar fáil do choigiltí fuinnimh, trí eolas níos cruinne a thabhairt do thomhaltóirí faoina bpatrúin ídithe agus trí chur ar chumas an oibreora córais an eangach a bhainistiú níos éifeachtaí.

(30)

Ba cheart an táscaire ullmhachta cliste a úsáid chun cumas foirgneamh a thomhas chun teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus córais leictreonacha a úsáid d’fhonn oibriú an fhoirgnimh a chur in oiriúint do riachtanais an tsealbhóra agus na heangaí agus chun éifeachtúlacht fuinnimh agus a fheidhmíocht fhoriomlán foirgneamh a fheabhsú. Ba cheart go ndéanfaí leis an táscaire ullmhachta cliste feasacht a mhúscailt i measc úinéirí agus sealbhóirí foirgneamh maidir leis an luach atá ar an uathoibriú foirgneamh agus ar an bhfaireachán leictreonach ar chórais theicniúla foirgneamh agus ba cheart dó muinín a thabhairt do shealbhóirí as na coigiltí iarbhír a bhaineann leis na feidhmiúlachtaí breisithe nua sin. Ba cheart go mbeadh úsáid na scéime chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil a bheith roghnach do na Ballstáit.

(31)

Chun Treoir 2010/31/AE a chur in oiriúint don dul chun cinn sa teicneolaíocht, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir sin a fhorlíonadh trí sainmhíniú a bhunú ar tháscaire ullmhachta clisteachta agus trí mhodheolaíocht a bhunú lena ríomh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (8). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(32)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme Treoir 2010/31/AE seo, arna leasú leis an Treoir seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na modúlachtaí do scéim roghnach chomhchoiteann an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(33)

Ba cheart go mbeadh bearta airgeadais a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh nasctha le cáilíocht na n-oibreacha athchóirithe i bhfianaise na sprioc-choigiltí fuinnimh nó na gcoigiltí fuinnimh a bhaintear amach chun a áirithiú go ndéanfar na bearta sin a chur i bhfeidhm ar an mbealach is fearr agus athchóiriú foirgneamh ar siúl. Ba cheart, mar sin, go mbeadh na bearta sin nasctha le feidhmíocht an trealaimh nó an ábhair a úsáidtear don athchóiriú, le leibhéal deimhniúcháin nó cáilíochta an suiteálaí, le hiniúchadh fuinnimh, nó leis an bhfeabhas a baineadh amach mar thoradh ar an athchóiriú, ar cheart measúnú a dhéanamh trí teastais feidhmíochta fuinnimh a d’eiseofaí roimh agus i ndiaidh an athchóirithe, trí luachanna caighdeánacha a úsáid nó trí mhodh eile trédhearcach comhréireach.

(34)

Is féidir na córais rialaithe neamhspleácha reatha le haghaidh teastais feidhmíochta fuinnimh a úsáid do sheiceáil ar chomhlíonadh agus ba cheart iad a neartú chun a áirithiú go mbeadh na teastais ar cháilíocht mhaith. I gcás ina ndéantar na córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh teastais feidhmíochta fuinnimh a chomhlánú le bunachar sonraí roghnach a théann níos faide ná ceanglais Treoir 2010/31/AE arna leasú leis an Treoir seo, is féidir iad a úsáid le haghaidh seiceáil ar chomhlíonadh agus le staitisticí a tháirgeadh maidir le stoic réigiúnacha/náisiúnta foirgneamh. Tá gá le sonraí de cháilíocht ard maidir leis an stoc foirgneamh agus d’fhéadfaí é seo a ghiniúint go pointe áirithe trí na cláir agus na bunachair sonraí atá á n-ullmhú agus á riaradh le haghaidh teastais feidhmíochta fuinnimh ag beagnach gach Ballstát i láthair na huaire.

(35)

De réir an mheasúnaithe tionchair ón gCoimisiún, tugadh faoi deara go bhfuil na forálacha a bhaineann le hiniúchtaí córas téimh agus córas aerchóirithe neamhéifeachtúil toisc nach ndéantar feidhmíocht thosaigh agus leanúnach na gcóras teicniúil sin a áirithiú a dhóthain. Ní chuirtear san áireamh a dhóthain i láthair na huaire, fiú amháin na réitigh theicniúla éifeachtúlachta fuinnimh shaora a bhfuil tréimhse aisíoca an-ghairid acu, amhail cothromú hiodrálach an chórais téimh agus suiteáil nó athsholáthar comhlaí rialaithe teirmeastatacha. Ba cheart na forálacha a bhaineann le hiniúchtaí a leasú chun toradh níos fearr ar iniúchtaí a áirithiú. Ba cheart do na leasuithe sin iniúchtaí a dhíriú ar chórais teasa lárnaigh agus aerchóirithe lena n-áirítear i gcás ina chomhcheanglaítear na córais sin le córais aerála. Ba cheart go n-eisiafaí leo córais bheaga teasa amhail téitheoirí leictreacha agus soirn adhmaid nuair a bhíonn siad faoi bhun na dtairseach le haghaidh iniúchta de réir Treoir 2010/31/AE arna leasú leis an Treoir seo.

(36)

Agus iniúchtaí á gcur i gcrích agus d’fhonn na feabhsúcháin ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a bheartaítear a bhaint amach sa chleachtas, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh iarbhír córais téimh, córais aerchóirithe agus córais aerála i ndálaí úsáide san fhíor-shaol. Rialaítear feidhmíocht iarbhír na gcóras sin leis an bhfuinneamh a úsáidtear i ngnáthdhálaí nó i meándhálaí oibrithe a bhíonn ag athrú go dinimiciúil. Ní éilíonn na dálaí sin, den chuid is mó, ach cuid den acmhainn aschuir ainmniúil agus, dá bhrí sin, ba cheart go n-áireofaí le hiniúchtaí ar chórais téimh, aerchóirithe agus aerála measúnú ar chumais ábhartha an trealaimh chun feidhmíocht córas a fheabhsú faoi dhálaí athraitheacha, amhail dálaí oibrithe páirtlóid.

(37)

Léiríodh gurb éifeachtach an t-uathoibriú foirgnimh agus an faireachán leictreonach ar chórais theicniúla foirgneamh in ionad iniúchtaí, go háirithe do chórais mhóra agus is maith is féidir leis coigiltí fuinnimh costéifeachtacha agus suntasacha a chur ar fáil do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí araon. Ba cheart go n-áiritheofaí suiteáil an fhearais sin mar an rogha mhalartach ab éifeachtúla ó thaobh costais de, in ionad iniúchtaí i bhfoirgnimh mhóra neamhchónaithe agus ilárasáin atá mór go leor chun aisíoc a thabhairt laistigh de thréimhse níos giorra ná trí bliana mar ciallaíonn sé gur féidir gníomhú de réir na faisnéise a chuirtear ar fáil, agus coigiltí fuinnimh á n-áirithiú de réir a chéile. I gcás suiteáil ar mhionscála, ba cheart go mbeadh an doiciméadú ar fheidhmíocht an chórais a dhéanfaidh na suiteálaithe ina thacaíocht don fhíorú ar chomhlíonadh na n-íoscheanglas a leagfar síos do gach córas teicniúil foirgneamh.

(38)

Coinnítear an deis atá ann faoi láthair do na Ballstáit chun bearta bunaithe ar chomhairle mar rogha mhalartach ar iniúchtaí ar chórais téimh, aerchóirithe agus aerála chomhcheangailte a roghnú, agus tá na córais aerchóirithe agus aerála chomhcheangailte le coimeád, ar an gcoinníoll go ndearnadh an éifeacht ina iomláine a dhoiciméadú, trí bhíthin tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, mar ghníomh comhionann le héifeacht an iniúchta roimh na bearta sin a chur i bhfeidhm.

(39)

D’fhonn scéimeanna iniúchta rialta a chur chun feidhme ar chórais teasa agus aerchóirithe faoi Threoir 2010/31/AE bhí infheistíocht shuntasach riaracháin agus airgeadais ann ó na Ballstáit agus ón earnáil phríobháideach, lena n-áirítear saineolaithe a thraenáil agus a chreidiúnú, dearbhú agus rialú cáilíochta mar aon le costais na n-iniúchtaí. Na Ballstáit a ghlac na bearta riachtanacha chun iniúchtaí rialta a bhunú agus a chuir scéimeanna iniúchta éifeachtacha chun feidhme, d’fhéadfaidís a mheas gurb iomchuí leanúint ar aghaidh leis na scéimeanna sin a oibriú, lena n-áirítear i gcomhair córais bheaga teasa agus aerchóirithe. Sna cásanna sin, níor cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na ceanglais níos déine sin.

(40)

Gan dochar do rogha na mBallstát an tsraith de chaighdeáin, maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, a forbraíodh faoi shainordú M/480 a thug an Coimisiún don Choiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) a chur i bhfeidhm, dá n-aithneofaí agus dá gcuirfí chun cinn iad ar fud na mBallstát bheadh tionchar dearfach aige sin maidir le cur chun feidhme Threoir 2010/31/AE, arna leasú leis an Treoir seo.

(41)

Tugadh tuairisc i Moladh (AE) 2016/1318 ón gCoimisiún (10) maidir le foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de, an chaoi go bhféadfadh cur chun feidhme Threoir 2010/31/AE seo claochlú an stoic foirgneamh agus aistriú chuig soláthar fuinnimh ní b’inbhuanaithe, a thacódh chomh maith leis an stráitéis téimh agus fuaraithe, a áirithiú ag aon am amháin. Chun a áirithiú go dtarlóidh cur chun feidhme iomchuí, ba cheart an creat ginearálta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh, a nuashonrú agus ba cheart feidhmíocht fheabhsaithe an imchlúdaigh foirgnimh a spreagadh le tacaíocht ón saothar a d’fhorbair CEC, faoi Shainordú M/480 a thug an Coimisiún. Is féidir leis na Ballstáit an rogha a dhéanamh chun cur leis seo tuilleadh trí tháscairí breise uimhriúla a sholáthar, mar shampla d’úsáid fhoriomlán fuinnimh nó d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhoirgnimh ina iomláine.

(42)

Níor cheart an Treoir seo bac a chur ar na Ballstáit ceanglais feidhmíochta fuinnimh ní b’uaillmhianaí a leagan amach d’fhoirgnimh ná le haghaidh codanna d’fhoirgnimh fad is a bheidh a leithéid de cheanglais ag luí le dlí an Aontais. Tá sé comhsheasmhach le cuspóirí Threoir 2010/31/AE agus seo agus Threoir 2012/27/AE go bhféadfaidh na ceanglais seo, i gcúinsí áirithe, srian a chur ar shuiteáil nó ar úsáid táirgí faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach mbeadh na ceanglais sin ina mbacann margaidh dochosanta.

(43)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, is é sin an fuinneamh is gá chun freastal ar an éileamh fuinnimh a bhaineann le gnáthúsáid foirgneamh, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, mar gheall ar chomhleanúnachas ráthaithe cuspóirí, tuisceana agus nirt pholaitiúil roinnte, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(44)

Urramaíonn an Treoir seo go hiomlán sonraíochtaí agus difríochtaí náisiúnta na mBallstát agus a n-inniúlachtaí i gcomhréir le hAirteagal 194(2) CFAE. Thairis sin, is é is aidhm ag an Treoir seo roinnt na ndea-chleachtas a chumasú d’fhonn an t-aistriú chuig stoc foirgneamh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de san Aontas a éascú.

(45)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (11), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar leis na doiciméid sin a tharchur.

(46)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2010/31/AE agus Treoir 2012/27/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2010/31/AE

Leasaítear Treoir 2010/31/AE mar a leanas:

(1)

leasaítear in Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“3.

Ciallaíonn ‘córas teicniúil foirgnimh’ an fearas teicniúil a bhíonn i bhfoirgneamh nó in aonad foirgnimh i gcomhair téamh spáis, fuarú spáis, aerála, uisce te tí, soilsiú ionsuite, uathoibriú agus rialú foirgnimh, giniúint leictreachais ar an láthair, bonneagar ar an láthair le haghaidh leictrea-shoghluaisteachta, nó meascán díobh sin, lena n-áirítear na córais siúd a úsáideann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;”;

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“3a.

ciallaíonn ‘córas uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh’ córas lena gcumhdaítear na táirgí, na bogearraí agus na seirbhísí innealtóireachta go léir ar féidir leo tacú le hoibriú fuinneamhéifeachtúla, eacnamaíoch agus sábháilte córais theicniúil foirgnimh trí rialuithe uathoibríocha agus trína mbainistiú de láimh na córais theicniúil foirgnimh sin a éascú;”;

(c)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“15a.

ciallaíonn ‘córas téimh’ comhcheangal de na codanna is gá chun cineál íonaithe an aeir laistigh a sholáthar lena méadaítear an teocht;

15b.

ciallaíonn ‘gineadóir teasa’ an chuid de chóras téimh a ghineann teas úsáideach agus úsáid á baint as ceann amháin nó níos mó de na próisis seo a leanas:

(a)

an dóchán breosla i, mar shampla, coire;

(b)

iarmhairt Joule, a bhíonn ar siúl sna heilimintí téimh de chóras téimh friotaíochta leictrí;

(c)

teas a ghabháil ó aer comhthimpeallach, ó aer sceite aerála, ó uisce nó ó fhoinse teasa talún agus úsáid á baint as teaschaidéal;

15c.

ciallaíonn ‘conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh’ conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (27) d’Airteagal 2 de Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(*1)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).”;"

(d)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“20.

ciallaíonn ‘córas leithlisithe beag’ córas leithlisithe beag mar a shainmhínítear i bpointe 27 d’Airteagal 2 de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(*2)  Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena naisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 55).”."

(2)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 2a

Straitéis athchóirithe fhadtéarmach:

1.   Bunóidh gach Ballstát straitéis athchóirithe fhadtéarmach chun tacú le hathchóiriú an stoic náisiúnta d’fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe, poiblí agus príobháideach araon, ina stoc foirgneamh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus dícharbónaithe faoi 2050, lena n-éascófar athrú costéifeachtach na bhfoirgneamh atá ann faoi láthair ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de. Tíolacfar gach straitéis athchóirithe fhadtéarmach i gcomhréir leis na hoibleagáidí pleanála agus tuairiscithe is infheidhme agus cuimseofar léi na nithe seo a leanas:

(a)

forbhreathnú ar an stoc náisiúnta foirgneamh, bunaithe, de réir mar is iomchuí, ar shampláil staidrimh agus cion measta na bhfoirgneamh athchóirithe in 2020;

(b)

cuir chuige costéifeachtacha i leith athchóirithe a aithint atá ábhartha maidir leis an gcineál foirgnimh agus leis an gcrios aeráide, ag féachaint faoi, phointí truicir ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ann, más infheidhme, i saolré an fhoirgnimh;

(c)

beartais agus gníomhaíochtaí chun athchóiriú domhain costéifeachtach foirgneamh a spreagadh, lena n-áirítear athchóiriú domhain céimneach agus chun tacú le bearta agus le hathchóiriú spriocdhírithe costéifeachtach mar shampla trí scéim roghnach a thabhairt isteach do phasanna athchóirithe foirgneamh;

(d)

forbhreathnú ar na beartais agus na gníomhaíochtaí chun díriú ar na ranna is neamhfheidhmiúla den stoc náisiúnta foirgneamh, cruachásanna dreasachta deighilte, agus clistí an mhargaidh, agus achoimre ar ghníomhaíochtaí náisiúnta ábhartha a chuidíonn le maolú ar bhochtaineacht fuinnimh;

(e)

beartais agus gníomhaíochtaí chun díriú ar fhoirgnimh phoiblí go léir;

(f)

forbhreathnú ar thionscnaimh náisiúnta chun teicneolaíochtaí cliste agus foirgnimh agus pobail dhea-nasctha mar aon le scileanna agus oideachas in earnálacha na foirgníochta agus na héifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn; agus

(g)

meastachán fianaise-bhunaithe ar choigiltí fuinnimh a bhfuiltear ag súil leo agus ar thairbhí níos leithne, amhail tairbhí a bhaineann le sláinte, le sábháilteacht agus le cáilíocht an aeir.

2.   Sa straitéis athchóirithe fhadtéarmach atá ag gach Ballstát, leagfaidh gach Ballstát amach treochlár ina mbeidh bearta agus táscairí dul chun cinn intomhaiste a bhunaítear ar bhonn intíre, d’fhonn tabhairt faoi sprioc fadtéarmach 2050 chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 80-95 % i gcomparáid le 1990, chun stoc náisiúnta foirgneamh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus dícharbónaithe a áirithiú agus chun athrú costéifeachtach foirgneamh atá ann faoi láthair ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de a éascú. Beidh garspriocanna táscacha do 2030, 2040 agus 2050 sa treochlár agus sonrófar ann an bealach a gcuideoidh siad chun.spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach i gcomhréir le Treoir 2012/27/AE.

3.   Chun tacú le leas a bhaint as infheistíochtaí san athchóiriú is gá chun na spriocanna dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, éascóidh na Ballstáit rochtain ar shásraí iomchuí do na nithe seo a leanas:

(a)

comhiomlánú tionscadal, lena n-áirítear trí ardáin nó grúpaí infheistíochta agus cuibhreannais d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, chun rochtain infheisteoirí mar aon le réitigh phacáistithe a éascú do chliaint a d’fhéadfadh a bheith ann;

(b)

an baol a mheastar a bhaineann le hoibrithe éifeachtúlachta fuinnimh a laghdú d’infheisteoirí agus don earnáil phríobháideach;

(c)

an úsáid a bhaintear as maoiniú poiblí chun tuilleadh infheistíochta a ghiaráil ón earnáil phríobháideach nó chun dul i ngleic le clistí sonracha an mhargaidh;

(d)

treorú infheistíochtaí i stoc foirgneamh poiblí fuinneamhéifeachtúil, i gcomhréir leis an treoir ó Eurostat; agus

(e)

uirlisí comhairleacha inrochtana trédhearcacha amhail ionaid ilfhreastail do thomhaltóirí agus do sheirbhísí comhairleacha fuinnimh, maidir le hathchóiriú ábhartha éifeachtúlachta fuinnimh agus ionstraimí airgeadais.

4.   Déanfaidh an Coimisiún dea-chleachtais maidir le scéimeanna maoinithe rathúla poiblí agus príobháideacha d’athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh mar aon le faisnéis faoi scéimeanna le haghaidh comhiomlánú tionscadal athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh ar mhionscála a bhailiú agus a scaipeadh ar údaráis phoiblí ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún dea-chleachtais maidir le dreasachtaí airgeadais chun athchóiriú a dhéanamh ó thaobh an tomhaltóra de a aithint agus a scaipeadh agus éagsúlachtaí costéifeachtúlachta idir na Ballstáit á gcur san áireamh.

5.   Chun tacú le forbairt a straitéise athchóirithe fadtéarmaí déanfaidh gach Ballstát comhairliúchán poiblí maidir lena straitéis athchóirithe fhadtéarmach roimh í a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh gach Ballstát achoimre ar thorthaí a chomhairliúcháin phoiblí mar iarscríbhinn a ghabhann lena straitéis athchóirithe fhadtéarmach.

Bunóidh gach Ballstát na modúlachtaí chun dul i mbun comhairliúcháin ar bhealach cuimsitheach agus a straitéis athchóirithe fhadtéarmach á cur chun feidhme.

6.   Cuirfidh gach Ballstát isteach mionsonraí ar chur chun feidhme a straitéise athchóirithe fadtéarmaí mar iarscríbhinn a ghabhann leis an straitéis athchóirithe fhadtéarmach, lena n-áirítear maidir leis na beartais agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe.

7.   Féadfaidh gach Ballstát leas a bhaint as a gcuid straitéis athchóirithe fhadtéarmach chun aghaidh a thabhairt ar na baoil a bhaineann le gníomhaíochtaí seismeacha diana nó dóiteán a dhéanann difear d’athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh agus do shaolré foirgneamh.”.

(3)

Cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

Foirgnimh nua

1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcloíonn foirgnimh nua leis na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 4.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, sula gcuirfear tús le tógáil foirgneamh nua ar bith, go ndéanfar féidearthacht theicniúil, comhshaoil agus eacnamaíoch córas malartach ardéifeachtúlachta a chur san áireamh, má tá siad ar fáil.”.

(4)

In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cúigiú mír:

“Maidir le foirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, spreagfaidh na Ballstáit córais mhalartacha ardéifeachtúlachta, a mhéid is atá sé sin indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch, agus tabharfaidh siad aghaidh ar dhálaí sláintiúla aeráide laistigh, ar shábháilteacht ó dhóiteán agus ar bhaoil a bhaineann le gníomhaíocht sheismeach dhian.”.

(5)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Córais theicniúla foirgneamh

1.   Déanfaidh na Ballstáit, chun barrfheabhsú a dhéanamh ar úsáid fuinnimh na gcóras teicniúil foirgneamh, ceanglais chórais a leagan síos maidir le feidhmíocht fuinnimh fhoriomlán, suiteáil cheart agus toisiú, coigeartú agus rialú iomchuí na gcóras teicniúil atá suiteáilte i bhfoirgnimh atá ann cheana.

Déanfar ceanglais chórais a leagan síos do chórais theicniúla foirgneamh nua agus athsholáthair, agus d’uasghrádú na gcóras teicniúla foirgneamh sin, agus déanfar na ceanglais sin a chur i bhfeidhm a mhéid atá sé sin indéanta go teicniúil, go heacnamaíoch agus go feidhmiúil.

Déanfaidh na Ballstáit a cheangal ar fhoirgnimh nua, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamúil, a bheith feistithe le feistí féinrialaithe chun teocht na seomraí a rialáil ar leithligh nó i gcás ina bhfuil bonn cirt leis, i limistéar ainmnithe téite den aonad foirgnimh. I bhfoirgnimh atá ann faoi láthair, ceanglófar suiteáil feistí féinrialaithe i gcás ina ndéantar gineadóirí teasa a athsholáthar, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamúil.

2.   Maidir le foirgnimh neamh-chónaithe nua agus foirgnimh neamh-chónaithe a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh ina leith, agus níos mó ná deich spás páirceála iontu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad de réir bhrí Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), agus bonneagar duchtála, is é sin le rá, seolphíobáin le haghaidh cáblaí leictreacha, a shuiteáil i gceann amháin ar a laghad as gach cúig spás páirceála, ionas gur féidir ag céim níos déanaí pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha a shuiteáil, sna cásanna seo a leanas:

(a)

Tá an carrchlós suite laistigh den fhoirgneamh, agus áirítear ar na bearta athchóirithe an carrchlós nó bonneagar leictreach an fhoirgnimh; nó

(b)

Tá an carrchlós taobh leis an bhfoirgneamh agus, i gcás athchóiriú mór, áirítear ar na bearta athchóirithe an carrchlós nó an bonneagar leictreach sa charrchlós.

Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 1 Eanáir 2023 maidir leis an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh beartas tógála an Aontais ar mhaithe le leictrea-shoghluaisteacht a chur chun cinn agus déanfaidh sé bearta a mholadh, i dtaca leis sin.

3.   Leagfaidh na Ballstáit síos na ceanglais le haghaidh líon íosta de phointí athluchtaithe a shuiteáil i leith gach foirgnimh neamhchónaithe ina bhfuil corradh le fiche spás páirceála, faoin 1 Eanáir 2025.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a leagan síos ná a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh atá faoi úinéireacht agus áitithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir mar a shainmhínítear i dTeideal I d’Iarscríbhinn Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún (*4).

5.   Maidir le foirgnimh chónaithe nua agus foirgnimh chónaithe a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh ina leith, agus a bhfuil os cionn deich spás páirceála iontu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar suiteáil bonneagair duchtála, eadhon, seolphíobáin le haghaidh cáblaí leictreacha i ngach spás páirceála, a shuiteáil, ionas gur féidir ag céim níos déanaí pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha a shuiteáil, sna cásanna seo a leanas:

(a)

Tá an carrchlós suite laistigh den fhoirgneamh, agus áirítear ar na bearta athchóirithe an carrchlós nó bonneagar leictreach an fhoirgnimh; nó

(b)

Tá an carrchlós taobh leis an bhfoirgneamh agus, i gcás athchóiriú mór, áirítear ar na bearta athchóirithe an carrchlós nó an bonneagar leictreach sa charrchlós.

6.   Féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh mír 2, mír 3 agus mír 5 a chur i bhfeidhm ar chatagóirí sonracha foirgnimh i gcás:

(a)

maidir le mír 2 agus mír 5, inar cuireadh iarratais ar chead tógála nó iarratais choibhéiseacha isteach roimh 10 Márta 2021;

(b)

ina mbeadh an bonneagar duchtála ag brath ar chórais leithlisithe bheaga nó sna réigiúin is forimeallaí laistigh de bhrí Airteagal 349 CFAE, dá mbeadh fadhbanna nach beag ann i dtaobh oibriú an chórais áitiúil fuinnimh agus go mbeadh baol ann do chobhsaíocht san eangach áitiúil an mar thoradh air sin;

(c)

go mbeadh costas na suiteálacha athluchtaithe agus duchtála os cionn 7 % de chostas iomlán athchóiriú mór an fhoirgnimh;

(d)

ina gcumhdaítear foirgneamh poiblí faoi cheanglais inchomparáide de réir thrasuí Threoir 2014/94/AE.

7.   Déanfaidh na Ballstáit foráil le haghaidh beart d’fhonn pointí athluchtaithe a chur ar fáil i bhfoirgnimh nua cónaithe agus neamh-chónaithe agus foirgnimh cónaithe agus neamh-chónaithe atá ann faoi láthair agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní rialála, lena n-áirítear i ndáil le nósanna imeachta ceada agus formheasa, gan dochar do dhlí na maoine agus dlí na tionóntachta sna Ballstáit.

8.   Cuirfidh na Ballstáit san áireamh an gá le beartais chomhleanúnacha le haghaidh foirgneamh, soghluaisteacht bhog agus ghlas agus pleanáil uirbeach.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a dhéanfar córas teicniúil foirgnimh a shuiteáil, a athsholáthar nó a nuashonrú, go ndéanfar measúnú ar fheidhmíocht fuinnimh fhoriomlán na coda athraithe agus, i gcás inarb ábhartha, an chórais athraithe ina iomláine. Deanfar na torthaí a dhoiciméadú agus a chur chuig úinéir an fhoirgnimh, ionas go mbeidh siad ar fáil i gcónaí agus gur féidir iad a úsáid le haghaidh fíorú ar chomhlíonadh na n-íoscheanglas a leagtar síos de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus cheist na dteastas feidhmíochta fuinnimh. Gan dochar d’Airteagal 12, déanfaidh na Ballstáit cinneadh an mbeidh sé riachtanach deimhniú feidhmíochta fuinnimh nua a eisiúint.

10.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2019, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23, lena bhforlíontar an Treoir seo trí chomhscéim roghnach an Aontais a bhunú chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil. Bunófar an rátáil ar mheasúnú ar chumais foirgnimh nó aonaid foirgnimh a oibríocht a oiriúnú de réir riachtanais an tsealbhóra agus na heangaí agus a éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht fhoriomlán a fheabhsú.

I gcomhréir leis an Iarscríbhinn Ia, déanfaidh comhscéim roghnach an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil an méid seo a leanas:

(a)

sainmhíniú ar tháscaire ullmhachta cliste a bhunú; agus

(b)

modheolaíocht a bhunú chun é a ríomh.

11.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2019, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sainítear na modúlachtaí teicniúla le haghaidh chur chun feidhme éifeachtach na scéime dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo, lena n-áirítear amlíne le haghaidh céim thástála neamhcheangailteach ar an leibhéal náisiúnta, agus ina soiléirítear gaol comhlántach na scéime le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 11.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(3).

(*3)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le húsáid a bhaint as bonneagar breoslaí ionadúla (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1)."

(*4)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).”."

(6)

In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Nascfaidh na Ballstáit a mbearta airgeadais le haghaidh feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh in athchóiriú foirgneamh leis an gcoigilt fuinnimh a bheidh mar sprioc nó a bhainfear amach de thoradh an athchóirithe sin, arna chinneadh i gcritéar amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(a)

feidhmíocht fuinnimh an trealaimh nó an ábhair a úsáidfear leis an athchóiriú; sa chás sin, suiteálfaidh suiteálaí leis an leibhéal ábhartha deimhniúcháin nó cáilíochta an trealamh nó an t-ábhar a úsáidfear leis an athchóiriú;

(b)

luachanna caighdeánacha chun coigilt fuinnimh i bhfoirgnimh a ríomh;

(c)

an feabhas a baineadh amach mar gheall ar an athchóiriú trí theastais feidhmíochta fuinnimh a d’eiseofaí roimh agus i ndiaidh an athchóirithe a chur i gcomparáid lena chéile;

(d)

torthaí ó iniúchadh fuinnimh;

(e)

torthaí ó mhodh eile atá ábhartha, trédhearcach agus comhréireach ina léirítear an feabhas san fheidhmíocht fuinnimh.

6a.   Leis na bunachair sonraí le haghaidh teastais feidhmíochta fuinnimh beifear in ann sonraí a bhailiú maidir le tomhaltas fuinnimh na bhfoirgneamh atá cumhdaithe, arna thomhas nó arna ríomh, lena n-áirítear ar a laghad foirgnimh phoiblí ar eisíodh teastas feidhmíochta fuinnimh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12.

6b.   Arna iarraidh, cuirfear ar a laghad sonraí anaithnidithe comhiomlánaithe ar fáil a chomhlíonfaidh ceanglais chosanta sonraí an Aontais Eorpaigh agus náisiúnta, ar a laghad do na húdaráis phoiblí chun críocha staidrimh agus taighde agus d’úinéir an fhoirgnimh.”.

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14 agus Airteagal 15:

“Airteagal 14

Iniúchadh córas téimh

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun iniúchtaí rialta a bhunú ar pháirteanna inrochtana de chórais i gcomhair téamh nó i gcomhair téamh spáis agus aerála a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach os cionn 70 kW aige, amhail gineadóir teasa, córas rialaithe agus caidéal/caidéil imshruthaithe a úsáidtear chun foirgnimh a théamh. Áireofar san iniúchadh measúnú ar éifeachtúlacht an ghineadóra teasa agus ar mhéid an ghineadóra teasa i gcomparáid le riachtanais téimh an fhoirgnimh agus, i gcás inarb iomchuí, cumais an chórais téimh nó comhchóras téimh spáis agus aerála a fheidhmíocht a optamú i ngnáthdhálaí nó i meándhálaí oibrithe á gcur san áireamh.

I gcás nach ndearnadh athrú ar bith ar an gcóras téimh nó ar an gcomhchóras téimh spáis agus aerála nó i ndáil le riachtanais téimh an fhoirgnimh ó rinneadh iniúchadh de bhun na míre seo, féadfaidh na Ballstáit roghnú gan a chur de cheangal an measúnú ar mhéid an ghineadóra teasa a dhéanamh athuair.

2.   Maidir le córais theicniúla foirgneamh atá cumhdaithe go sainráite le critéar comhaontaithe i ndáil le feidhmíocht fuinnimh nó le socrú conarthach lena sonraítear leibhéal comhaontaithe feabhais ar éifeachtúlacht fuinnimh, amhail conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh í, nó atá á n-oibriú ag fóntas nó oibreoir líonra agus, dá bhrí sin, faoi réir bearta faireacháin ar fheidhmíocht ar thaobh an chórais, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 1, ar choinníoll go bhfuil tionchar foriomlán an chur chuige sin coibhéiseach leis sin mar thoradh ar mhír 1.

3.   Mar rogha mhalartach ar mhír 1 agus ar choinníoll go bhfuil an tionchar foriomlán comhionann leis sin mar thoradh ar mhír 1. Féadfaidh na Ballstáit roghnú bearta a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar comhairle d’úsáideoirí maidir le hathsholáthar gineadóirí teasa, modhnuithe eile ar an gcóras téimh nó ar an gcomhchórais téimh spáis agus aerála agus réitigh mhalartacha chun éifeachtúlacht agus méid iomchuí na gcóras sin a mheas.

Sula gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh siad, trí bhíthin tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, comhionannas tionchar na mbeart sin le tionchar na mbeart dá dtagraítear i mír 1 a dhoiciméadú.

Tíolacfar tuarascáil den chineál sin i gcomhréir leis na hoibleagáidí pleanála agus tuairiscithe is infheidhme.

4.   Leagfaidh na Ballstáit síos na ceanglais chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamúil, go mbeidh foirgnimh neamhchónaithe a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach le haghaidh córais téimh nó aschur comhchórais téimh spáis agus aerála os cionn 290kW aige feistithe le córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh faoi 2025.

Beidh sé de chumas ag na córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

monatóireacht, logáil agus anailís leanúnach a dhéanamh agus lena bhféadfar coigeartú a dhéanamh ar an úsáid fuinnimh;

(b)

tagarmharcáil a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh an fhoirgnimh, caillteanais a shonrú in éifeachtúlacht córas teicniúil foirgneamh, agus an duine atá freagrach as na saoráidí nó bainistíocht theicniúil an fhoirgnimh a chur ar an eolas maidir le deiseanna chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú; agus

(c)

cumarsáid a éascú le córais theicniúla foirgneamh agus le fearais eile laistigh den fhoirgneamh, a bheith comh-inoibritheach le córais theicniúla foirgneamh a bhaineann le cineálacha éagsúla teicneolaíochtaí dílseánaigh, gléasanna agus déantóirí.

5.   Féadfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh an méid a leanas ag foirgnimh chónaithe:

(a)

feidhmiúlacht chun faireachán leictreonach leanúnach a thomhaiseann éifeachtúlacht córas agus a chuireann úinéirí foirgnimh nó bainisteoirí ar an eolas nuair a thitfidh sé go suntasach agus nuair is gá cothabháil a dhéanamh ar an gcóras, agus

(b)

feidhmiúlachtaí rialaithe éifeachtacha chun an ghiniúint, dáileadh, stóráil agus an úsáid is fearr fuinnimh a áirithiú.

6.   Foirgnimh atá i gcomhréir le mír 4 nó le mír 5, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais atá leagtha síos i mír 1.

Airteagal 15

Iniúchadh córas aerchóirithe

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun iniúchtaí rialta a bhunú ar pháirteanna inrochtana de chórais aerchóirithe nó de chomhchórais aerchóirithe agus aerála chomhcheangailte, le haschur rátaithe éifeachtach os cionn 70 kW. Áireofar san iniúchadh measúnú ar éifeachtúlacht an aerchóirithe agus ar mhéid an aerchóirithe i gcomparáid le riachtanais fuaraithe an fhoirgnimh agus, i gcás inarb iomchuí, cumais an chórais aerchóirithe nó an chomhchórais aerchóirithe agus aerála chomhcheangailte a fheidhmíocht a optamú faoi na gnáthdhálaí nó faoi mheándhálaí oibrithe á gcur san áireamh.

I gcás nach ndearnadh athrú ar bith ar an gcóras aerchóirithe nó ar an gcomhchóras aerchóirithe agus aerála nó ar riachtanais fuaraithe an fhoirgnimh ó rinneadh iniúchadh de bhun na míre seo, féadfaidh na Ballstáit roghnú gan a chur de cheangal an measúnú ar mhéid an chórais aerchóirithe a dhéanamh athuair.

Na Ballstáit ceanglais níos déine a choinneáil de bhun Airteagal 1(3), déanfar iad a dhíolmhú ón oibleagáid fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith.

2.   Maidir le córais theicniúla foirgneamh atá cumhdaithe go sainráite le critéar comhaontaithe i ndáil le feidhmíocht fuinnimh nó le socrú conarthach lena sonraítear leibhéal comhaontaithe feabhais ar éifeachtúlacht fuinnimh, amhail conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh, nó atá á n-oibriú ag fóntas nó oibreoir líonra agus, dá bhrí sin, faoi réir bearta faireacháin ar fheidhmíocht ar thaobh an chórais, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 1, ar choinníoll go bhfuil tionchar foriomlán an chur chuige sin coibhéiseach leis sin mar thoradh ar mhír 1.

3.   Mar rogha mhalartach ar mhír 1, agus ar choinníoll go bhfuil an tionchar foriomlán comhionann leis sin mar thoradh ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit roghnú bearta a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar comhairle d’úsáideoirí maidir le athsholáthar córas aerchóirithe nó comhchórais aerchóirithe agus aerála, modhnuithe eile ar an gcóras aerchóirithe nó ar an gcomhchóras aerchóirithe agus aerála agus réitigh mhalartacha chun éifeachtúlacht agus méid iomchuí na gcóras sin a mheas. Beidh tionchar foriomlán de chur chuige mar sin comhionann leis sin a eascraíonn i mír 1.

Sula gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta malartacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh siad, trí bhíthin tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, comhionannas tionchar na mbeart sin le tionchar na mbeart dá dtagraítear i mír 1 a dhoiciméadú.

Tíolacfar tuarascáil den chineál sin i gcomhréir leis na hoibleagáidí pleanála agus tuairiscithe is infheidhme.

4.   Leagfaidh na Ballstáit síos na ceanglais, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamúil, chun a áirithiú go mbeidh foirgnimh neamhchónaithe a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach i gcomhair córas aerchóirithe nó comh-chóras aerchóirithe agus aerála os cionn 290kW aige feistithe le córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh faoi 2025.

Beidh sé de chumas ag na córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

Monatóireacht, logáil agus anailís lena bhféadfar coigeartú leanúnach a dhéanamh ar an úsáid fuinnimh;

(b)

tagarmharcáil a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh an fhoirgnimh, caillteanais a shonrú in éifeachtúlacht córas teicniúil foirgneamh, agus an duine atá freagrach as na saoráidí nó bainistíocht theicniúil an fhoirgnimh a chur ar an eolas maidir le deiseanna chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú; agus

(c)

cumarsáid a éascú le córais theicniúla foirgneamh agus le fearais eile laistigh den fhoirgneamh, a bheith comh-inoibritheach le córais theicniúla foirgneamh a bhaineann le cineálacha éagsúla teicneolaíochtaí dílseánaigh, gléasanna agus déantóirí.

5.   féadfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh foirgnimh chónaithe feistithe leis an méid a leanas:

(a)

feidhmiúlacht chun faireachán leictreonach leanúnach a thomhaiseann éifeachtúlacht córas agus a chuireann úinéirí foirgnimh nó bainisteoirí ar an eolas nuair a thitfidh sé go suntasach agus nuair is gá cothabháil a dhéanamh ar an gcóras, agus

(b)

feidhmiúlachtaí rialaithe éifeachtacha chun an ghiniúint, dáileadh, stóráil agus an úsáid is fearr fuinnimh a áirithiú.

6.   Foirgnimh atá i gcomhréir le mír 4 nó le mír 5, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais atá leagtha síos i mír 1.”.

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 19:

“Airteagal 19

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste a bunaíodh le Airteagal 26, athbhreithniú ar an Treoir seo faoin 1 Eanáir ar a dhéanaí, i bhfianaise na taithí atá faighte agus an dul chun cinn atá déanta le linn a chur i bhfeidhm agus moltaí a dhéanamh, más gá.

Mar chuid den athbhreithniú sin, scrúdóidh an Coimisiún Eorpach conas a bheadh Ballstáit in ann cur chuige comhtháite limistéir nó comharsanachta a chur i bhfeidhm i mbeartas tógála an Aontais agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus ag an céanna ag féachaint dó go mbainfidh gach foirgneamh na ceanglais íosta feidhmíochta fuinnimh amach, mar shampla trí bhíthin scéimeanna athchóirithe foriomlána a chuirfear i bhfeidhm ar líon foirgneamh i gcomhthéacs spásúil in ionad déanamh amhlaidh ar fhoirgneamh aonair.

Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, measúnú ar an ngá le feabhas breise ar dheimhnithe feidhmíochta fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 11.”.

(9)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 19a

Staidéar indéantachta

Tabharfaidh an Coimisiún i gcrích, roimh 2020, staidéar indéantachta ina soiléirítear na féidearthachtaí agus an amlíne chun iniúchadh ar chórais i leith córais aerála neamhspleácha a thabhairt isteach agus maidir le pas roghnach d’athchóirithe foirgnimh atá comhlántach leis na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, d’fhonn treochlár fadtéarmach, céim ar chéim athchóirithe a chur ar fáil d’fhoirgneamh sonrach bunaithe ar chritéir cáilíochta, i ndiadh iniúchadh fuinnimh, agus ina léirítear bearta ábhartha agus athchóirithe a bhféadfaí feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh leo.”.

(10)

In Airteagal 20(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“2.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go háirithe d’úinéirí nó do thionóntaí foirgneamh maidir le teastais feidhmíochta fuinnimh, lena n-áirítear an chúis agus na cuspóirí a bhaineann leo, maidir le bearta cost-éifeachtúla agus, i gcás inarb iomchuí, ionstraimí airgeadais, chun feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú agus maidir le roghanna eile atá níos inbhuanaithe a chur in ionad coirí breosla iontaise. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fáil trí uirlisí inrochtana agus trédhearcacha amhail comhairle i ndáil le hathchóiriú agus ionaid ilfhreastail.”.

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

“Airteagal 23

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 8 agus Airteagal 22 don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana ón 9 Iúil 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 8 agus in Airteagal 22 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacann sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5, Airteagal 8 nó Airteagal 22 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú go ceann dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”.

(12)

Scriostar Airteagal 24 agus Airteagal 25.

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

“Airteagal 26

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”.

(14)

Déantar na hIarscríbhinní a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasú ar Threoir 2012/27/AE

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 4 de Threoir 2012/27/AE:

“Airteagal 4

Athchóiriú foirgneamh

Déanfar an chéad leagan de straitéisí fadtéarmacha na mBallstát chun infheistíocht a shlógadh in athchóiriú an stoic náisiúnta foirgneamh cónaithe agus tráchtála, idir phoiblí agus príobháideach, déanfar iad a fhoilsiú faoin 30 Aibreán 2014 agus déanfar iad a nuashonrú gach 3 bliana ina dhiaidh sin agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid de na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh.”.

Airteagal 3

Trasuíomh

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 10 Márta 2020. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh an Ballstát na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireoidh siad chomh maith ráiteas chun na críche sin go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá ann cheana lena dtrasuítear Treoir 2010/31/AE nó Treoir 2012/27/AE a fhorléiriú mar thagairtí do na Treoracha sin arna leasú leis an Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 30 Bealtaine 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO C 246, 28.7.2017, lch. 48.

(2)  IO C 342, 12.10.2017, lch. 119.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2018.

(4)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(5)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 53, 18.6.2010, lch. 13).

(6)  Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le bheith faoi lé aispeiste ar an láthair oibre (IO L 330, 16.12.2009, lch. 28).

(7)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(8)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(10)  Moladh (AE) 2016/1318 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2016 maidir le treoirlínte le haghaidh

foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh a chur chun cinn agus dea-chleachtais atá curtha ar bun lena áirithiú, faoi 2020, go mbeidh gach foirgneamh nua nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de (IO L 208, 2.8.2016, lch. 46).

(11)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 201/31/AE mar seo a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

Cinnfear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh ar bhonn úsáide ríofa nó iarbhír fuinnimh agus léireofar léi a ghnáthúsáid do théamh spáis, fuarú spáis, uisce te tí, aeráil, soilsiú ionsuite agus córais theicniúla foirgneamh eile.

Cuirfear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh in iúl trí tháscaire uimhriúil d’úsáid fuinnimh phríomha in kWh/(m2.y), a bheidh comhchuibhithe chun críocha feidhmíocht fuinnimh a dheimhniú agus íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh. Beidh an mhodheolaíocht a chuirfear i bhfeidhm chun feidhmíocht fuinnimh foirgnimh a chinneadh trédhearcach agus féadfaidh sí a bheith nuálaíoch.

Déanfaidh na Ballstáit cur síos ar a modheolaíocht ríomha náisiúnta ag cloí leis an gcreat iarscríbhinne náisiúnta de chaighdeáin uileghabhálacha, eadhon ISO 52000-1, 52003-1, 52010-1, 52016-1, agus 52018-1, a forbraíodh faoi shainordú M/480 a tugadh don Choiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN). Ní hionann an fhoráil seo agus códú dlíthiúil na gcaighdeán sin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

Déanfar na riachtanais fuinnimh do théamh spáis, fuarú spáis, uisce te tí, aeráil, soilsiú, agus córais theicniúla foirgneamh eile a ríomh d’fhonn sláinte, caighdeán aeir laistigh agus leibhéil chompoird a shainmhíníonn na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach a optamú.

Déanfar ríomh an fhuinnimh phríomha a bhunú ar phríomhthosca fuinnimh nó príomhthosca ualaithe in aghaidh an iompróir fuinnimh, a fhéadfar a bhunú ar mheáin ualaithe bhliantúla náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúil, agus b’fhéidir séasúrach nó míosúil freisin, nó ar fhaisnéis níos sonraithe a chuirfear ar fáil do chóras ceantair aonair.

Déanfaidh na Ballstáit na príomhthosca fuinnimh nó na príomhthosca ualaithe a shainmhíniú. Agus na tosca sin maidir le ríomh feidhmíochta fuinnimh á gcur i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go saothrófar feidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgneamh is fearr is féidir.

Agus na príomhthosca fuinnimh á ríomh chun críche feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh, féadfaidh na Ballstáit foinsí in-athnuaite fuinnimh a sholáthraítear tríd an iompróir fuinnimh agus foinsí in-athnuaite fuinnimh a ghintear agus a úsáidtear ar an láthair a chur san áireamh, ar choinníoll go gcuirtear i bhfeidhm é ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.”;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“2a.

D’fhonn feidhmíocht fuinnimh foirgnimh a chur in iúl, féadfaidh na Ballstáit táscairí breise uimhriúla den phríomhúsáid fuinnimh iomlán, neamh-in-athnuaite agus in-athnuaite, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a tháirgtear in kgCO2eq/(m2.y) a shainmhíniú.”;

(d)

i bpointe 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta thosaigh:

“4.

Cuirfear dea-thionchar na ngnéithe seo a leanas san áireamh:”.

(2)

Cuirtear isteach an Iarscríbhinn seo a leanas:

“IARSCRÍBHINN IA

COMHCHREAT GINEARÁLTA CHUN ULLMHACHT CHLISTE FOIRGNEAMH A RÁTÁIL

1.

Bunóidh an Coimisiún sainmhíniú ar tháscaire ullmhachta cliste agus modheolaíocht chun é a ríomh d’fhonn measúnú a dhéanamh maidir le cumais foirgnimh nó aonaid foirgnimh a oibríocht a oiriúnú de réir riachtanais an tsealbhóra agus na heangaí agus a éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht fhoriomlán a fheabhsú.

Cumhdófar leis an táscaire ullmhachta cliste gnéithe le haghaidh coigiltis fuinnimh feabhsaithe, tagarmharcanna agus solúbthacht, feidhmiúlachtaí agus cumais fheabhsaithe mar thoradh ar fheistí idirnasctha, cliste.

Cuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht gnéithe ar nós méadair chliste, uathoibriú foirgnimh agus córais rialaithe, feistí féinrialaithe le haghaidh rialáil aertheochta laistigh, fearais bhaile ionsuite, pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha, stóráil fuinnimh agus feidhmiúlachtaí mionsonraithe agus idir-inoibritheacht na ngnéithe sin, chomh maith le tairbhí don aeráid laistigh, éifeachtúlacht fuinnimh, leibhéil feidhmíochta agus solúbthacht chumasaithe.

2.

Beidh an mhodheolaíocht ag brath ar thrí príomhfheidhmiúlacht a bhaineann leis an bhfoirgneamh agus lena chórais theicniúla foirgneamh:

(a)

an cumas chun feidhmíocht agus oibríocht fuinnimh an fhoirgnimh a chothabháil trí thomhaltas fuinnimh a oiriúnú mar shampla trí úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite;

(b)

an cumas chun a oibríocht a oiriúnú mar fhreagra ar riachtanais an áititheora agus aird chuí á tabhairt ar infhaighteacht so-láimhsitheachta don úsáideoir, aeráid shláintiúil laistigh a chothabháil agus an cumas chun tuairisciú ar úsáid fuinnimh; agus

(c)

solúbthacht éilimh fhoriomláin leictreachais foirgnimh, lena n-áirítear a chumas chun rannpháirteachas i bhfreagairt ar éileamh ghníomhach agus éighníomhach chomh maith le freagairt ar éileamh intuigthe agus shainráite, i ndáil leis an eangach, mar shampla trí sholúbthacht agus acmhainní aistrithe ualaigh.

3.

Thairis sin, féadfar an modheolaíocht an méid a leanas a chur san áireamh:

(a)

Idir-inoibritheacht idir córais (méadair chliste, uathoibriú foirgnimh agus córais rialaithe, fearais ionsuite bhaile, feistí féinrialaithe le haghaidh rialáil aertheochta laistigh den fhoirgneamh agus braiteoirí cáilíochta aeir agus aeráil); agus

(b)

tionchar dearfach na líonraí cumarsáide atá ann faoi láthair, go háirithe bonneagar fisiciúil foirgnimh atá réidh don ardluas a bheith ann, amhail an lipéad deonach “leathanbhanda-réidh” agus pointe rochtana le haghaidh foirgnimh ilteaghaise, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

4.

Ní bheidh tionchar diúltach ag an modheolaíocht ar scéimeanna náisiúnta deimhnithe um fheidhmíocht fuinnimh atá ann cheana agus cuirfidh sí leis na tionscnaimh ghaolmhara ar an leibhéal náisiúnta, agus prionsabal úinéireacht an áititheora, cosaint sonraí, príobháideacht agus slándáil á gcur san áireamh, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideacht agus na teicnící is fearr atá ar fáil ar mhaithe le cibearshlándáil.

5.

Leagfar amach sa mhodheolaíocht an fhormáid is iomchuí don pharaiméadar um tháscaire ullmhachta cliste agus beidh an méid sin simplí, trédhearcach agus furasta le tuiscint do thomhaltóirí, úinéirí, infheisteoirí agus rannpháirtithe i margadh na freagartha ar éileamh.

(3)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i bpointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Déanfaidh na húdaráis inniúla nó na comhlachtaí a ndearna na húdaráis inniúla an fhreagracht chun an córas rialaithe neamhspleách a chur chun feidhme a tharmligean chucu roghnú randamach de na teastais maidir le feidhmíocht fuinnimh a eisítear go bliantúil agus cuirfidh siad faoi réir fíoraithe iad. Beidh an sampla ar mhéid leordhóthanach chun torthaí comhlíonta a bhfuil tábhacht ag baint leo ó thaobh staidrimh a áirithiú.”;

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“3.

I gcás ina gcuirtear faisnéis leis an mbunachar sonraí, beidh sé ar chumas na n-údarás náisiúnta an tionscnóir a chuir ann í a aithint, chun críocha faireacháin agus fíoraithe.”.


(*1)  Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a leathnú amach (IO L 155, 23.5.2014, lch. 1).”;