19.6.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
43 |
TREOIR (AE) 2018/843 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2018
lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Is í Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) an phríomhionstraim dlí a bhaineann le húsáid chóras airgeadais an Aontais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Déanann an Treoir sin, arbh é 26 Meitheamh 2017 an spriocdháta trasuí a bhí aici, creat dlíthiúil éifeachtúil agus cuimsitheach a leagan amach chun díriú ar bhailiú airgid nó maoine chun críocha sceimhlitheoireachta trí éileamh ar Bhallstáit na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a shainaithint, a thuiscint agus a mhaolú. |
(2) |
Léiríonn ionsaithe sceimhlitheoireachta le déanaí treochtaí nua atá ag teacht chun cinn, go háirithe maidir leis an tslí a ndéanann grúpaí sceimhlitheoireachta a n-oibríochtaí a mhaoiniú agus a sheoladh. Is mó ná riamh an tóir atá ar sheirbhísí teicneolaíochta áirithe nua-aimseartha mar chórais airgeadais mhalartacha, ach tá siad fós lasmuigh de raon dhlí an Aontais agus tairbhíonn siad de dhíolúintí ó cheanglais dlí, ar díolúintí iad a bhféadfadh sé nach mbeadh údar maith leo a thuilleadh. Chun coinneáil suas le treochtaí atá ag teacht chun cinn, ba cheart bearta breise a dhéanamh chun a áirithiú go méadaítear an trédhearcacht in idirbhearta airgeadais, in eintitis chorparáideacha agus in eintitis dhlíthiúla eile, chomh maith le hiontaobhais agus comhshocruithe dlíthiúla a bhfuil struchtúr nó feidhmeanna atá comhchosúil le hiontaobhais acu (“comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla”), d’fhonn feabhas a chur ar an gcreat coisctheach atá ann cheana agus d’fhonn maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aire gur cheart na bearta a dhéantar a bheith i gcomhréir leis na rioscaí. |
(3) |
Tá na Náisiúin Aontaithe (NA), Interpol agus Europol ag tuairisciú gur mó atá coireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht ag teacht le chéile. Is bagairt slándála mhéadaitheach don Aontas atá sa ghaol idir an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht agus sna naisc idir grúpaí coiriúla agus grúpaí sceimhlitheoireachta. Is cuid lárnach d’aon straitéis a thugann aghaidh ar an mbagairt sin atá i gcosc a chur ar an gcóras airgeadais a úsáid chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta. |
(4) |
Cé go bhfuil feabhsúcháin shuntasacha ann arb iad caighdeáin an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus na Ballstáit do thacú le hobair na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta i réimse na trédhearcachta le blianta beaga anuas, is léir go bhfuil gá le trédhearcacht fhoriomlán thimpeallacht eacnamaíochta agus airgeadais an Aontais a mhéadú tuilleadh. Ní féidir le cosc ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta a bheith éifeachtach mura rud é go bhfuil an timpeallacht ina bhfeidhmíonn coirpigh chun dídean a aimsiú dá ngnóthaí airgeadais trí bhíthin struchtúir neamh-thrédhearcacha doicheallach dóibh. Tá sláine chóras airgeadais an Aontais spleách ar thrédhearcacht na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile, na n-iontaobhas agus na gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla. Tá sé mar aidhm ag an Treoir seo ní hamháin sciúradh airgid a bhrath agus a imscrúdú ach é a chosc ó tharlú freisin. D’fhéadfadh feabhsú na trédhearcachta a bheith ina dhíspreagadh cumhachtach. |
(5) |
Cé gur cheart aidhmeanna Threoir (AE) 2015/849 a shaothrú agus aon leasuithe uirthi bheith ag teacht le gníomhaíocht leanúnach an Aontais i réimse na sceimhlitheoireachta agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, ba cheart leasuithe den sórt sin a dhéanamh agus aird chuí ar an gceart bunúsach go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint chomh maith le prionsabal na comhréireachta a urramú agus a chur i bhfeidhm. Léirigh an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, dar teideal “An Clár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil” an gá atá le bearta chun aghaidh a thabhairt ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta ar shlí níos éifeachtaí agus níos cuimsithí, ina n-aibhsítear gurb é insíothlú na margaí airgeadais a lamhálann maoiniú sceimhlitheoireachta. Leag na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 17-18 Nollaig 2015 béim freisin ar an ngá chun gníomhaíocht a dhéanamh go tapa i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta i ngach réimse. |
(6) |
Déanann an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gCoimisiún, dar teideal “Plean Gníomhaíochta chun an comhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a neartú” béim a leagan ar an ngá atá le dul in oiriúint do bhagairtí nua agus chun Treoir (AE) 2015/849 a leasú dá réir sin. |
(7) |
Ba cheart do bhearta an Aontais freisin forbairtí agus gealltanais a rinneadh ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú go cruinn. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcuirfí san áireamh Rún 2195 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSCR) maidir le bagairtí do shíocháin agus do shlándáil idirnáisiúnta, agus UNSCR 2199(2015) agus UNSCR 2253(2015) maidir le bagairtí do shíocháin agus do shlándáil idirnáisiúnta ó ghníomhartha sceimhlitheoireachta. Déileálann na UNSCRanna sin, faoi seach, leis na naisc idir sceimhlitheoireacht agus coireacht eagraithe trasnáisiúnta, le grúpaí sceimhlitheoireachta a chosc ó rochtain a fháil ar institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus leis an gcreat smachtbhannaí a leathnú chun an Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint a áireamh. |
(8) |
Níl soláthraithe a ghabhann do sheirbhísí malartaithe idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat (is é sin monaí agus nótaí bainc atá ainmnithe mar dhlíthairiscint agus airgead leictreonach, tíre, a ghlactar mar mheán malartaithe sa tír eisiúna) chomh maith le soláthraithe caomhnóirí tiachóige faoi oibleagáid Aontais ar bith chun gníomhaíocht amhrasach a shainaithint. Mar sin, féadfaidh sé go bhfuil grúpaí sceimhlitheoireachta ábalta airgead a aistriú isteach i gcóras airgeadais an Aontais nó laistigh de líonraí airgeadra fíorúla trí aistrithe a cheilt nó trí thairbhiú de mhéid áirithe anaithnideachta ar na hardáin sin. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, raon Threoir (AE) 2015/849 a leathnú ionas go n-áireofar soláthraithe a ghabhann do sheirbhísí malartaithe idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat chomh maith le soláthraithe caomhnóirí tiachóige. Chun críocha frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (AML/CFT) a chomhrac, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith ábalta faireachán a dhéanamh ar úsáid na n-airgeadraí fíorúla trí bhíthin eintitis faoi oibleagáid. Chuirfeadh faireachán den sórt sin cur chuige cothrom agus comhréireach ar fáil, agus an dul chun cinn teicniúil agus an leibhéal ard trédhearcachta a shroichtear i réimse an airgeadais mhalartaigh agus na fiontraíochta sóisialta á gcoimirciú. |
(9) |
Leis an ngné ainaithnid atá ag airgeadraí fíorúla, cruthaítear an fhéidearthacht go bhféadfaí iad a úsáid chun críoch coiriúil. Trí chuimsiú na soláthraithe a ghabhann do seirbhísí malartaithe idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat mar aon le soláthraithe caomhnóirí tiachóige, ní thabharfaidh sé sin ann féin aghaidh go hiomlán ar shaincheist na hanaithnideachta a ghabhann le hidirbhearta airgeadra fhíorúil, mar beidh cuid mhór den timpeallacht airgeadra fhíorúil fós anaithnid ós féidir le húsáideoirí idirbheartú freisin d’uireasa na soláthraithe den sórt sin. Chun na rioscaí a bhaineann leis an anaithnideacht a chomhrac, ba cheart d’Aonaid um Fhaisnéise Airgeadais (FIUnna) náisiúnta a bheith ábalta faisnéis a fháil a thabharfaidh an deis dóibh seoltaí airgeadra fhíorúil a cheangal le céannacht úinéir an airgeadra fhíorúil. Sa bhreis air sin, ba cheart a mheasúnú tuilleadh an féidir ligean d’úsáideoirí féindearbhú a dhéanamh chuig údaráis ainmnithe ar bhonn deonach. |
(10) |
Níor cheart go mbeadh aon mhearbhall idir airgeadraí fíorúla agus airgead leictreonach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leis an gcoincheap níos leithne a ghabhann le “cistí” faoi mar a shainmhínítear i bpointe (25) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ná le luach airgid a stóráiltear ar ionstraimí atá díolmhaithe mar a shonraítear i bpointí (k) agus (l) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/2366, ná le hairgeadraí i gcluichí, ar féidir iad a úsáid go heisiach laistigh de thimpeallacht shonrach cluichí. Cé gur féidir airgeadraí fíorúla a úsáid go minic mar mheán íocaíochta, d’fhéadfaí iad a úsáid freisin chun críocha eile agus féadfar feidhmeanna níos leithne a aimsiú dóibh amhail meán malartaithe, mar infheistíocht, táirgí stórála luacha nó iad a úsáid i gcasaíní ar líne. Is é cuspóir na Treorach seo ná úsáidí féideartha uile na n-airgeadraí fíorúla a chuimsiú. |
(11) |
Níor cheart airgeadraí áitiúla, ar a dtugtar airgeadraí comhlántacha freisin, a úsáidtear i líonraí an-teoranta amhail cathair nó réigiún agus i measc líon beag úsáideoirí a mheas mar airgeadraí fíorúla. |
(12) |
Maidir le gaolmhaireachtaí gnó nó idirbhearta a bhaineann le tríú tíortha ardriosca, ba cheart iad a theorannú nuair a dhéantar laigí suntasacha i gcóras AML/CFT na dtríú tíortha lena mbaineann a shainaithint, mura rud é go bhfuil bearta maolaithe breise leormhaithe nó frithbhearta breise leormhaithe á gcur i bhfeidhm. Nuair a bheifear ag déileáil le cásanna ardriosca den sórt sin agus le gaolmhaireachtaí gnó nó idirbhearta den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sin a bhainistiú agus a mhaolú. Cinneann gach Ballstát, dá bhrí sin, ar an leibhéal náisiúnta an cineál beart díchill chuí fheabhsaithe a bheidh le glacadh i dtaca le tríú tíortha ardriosca. Cruthaíonn an cur chuige éagsúil idir na Ballstáit laigí maidir le bainistiú ghaolmhaireacht gnó a bhaineann le tríú tíortha ardriosca mar atá siad sainaitheanta ag an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach éifeachtacht an liosta tríú tíortha ardriosca arna bhunú ag an gCoimisiún a fheabhsú trí chóireáil chomhchuibhithe a chur ar fáil do na tíortha sin ar leibhéal an Aontais. Ba cheart go ndíreodh an cur chuige comhchuibhithe sin go príomha ar bhearta díchill chuí fheabhsaithe do chustaiméirí, i gcás nach gceanglaítear na bearta sin a dhéanamh cheana féin faoin dlí náisiúnta. I gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta, ba cheart go ligfí do Bhallstáit a chur de cheangal ar eintitis faoi oibleagáid, i gás inarb infheidhme, bearta maolaithe breise a chur i bhfeidhm, ar bearta iad a chomhlánaíonn bearta díchill chuí fheabhsaithe do chustaiméirí, i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe agus aird á tabhairt ar imthosca sonracha na ngaolmhaireacht ghnó nó na n-idirbheart. Féadfaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta agus lucht leagtha amach caighdeán atá inniúil i ndáil le sciúradh airgid a chosc agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac a iarraidh go ndéanfaí frithbhearta iomchuí a chur i bhfeidhm chun an córas airgeadais idirnáisiúnta a chosaint ó na rioscaí leanúnacha agus substaintiúla a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta a thagann ó thíortha áirithe. De bhreis air sin, ba cheart do Bhallstáit cur de cheangal ar eintitis faoi oibleagáid bearta maolaitheacha breise maidir le tríú tíortha ardriosca atá sainaitheanta ag an gCoimisiún a achtú agus a chur i bhfeidhm trí ghlaonna ar fhrithbhearta agus moltaí, amhail na cinn sin a léirigh FATF, agus trí fhreagrachtaí a eascraíonn as comhaontuithe idirnáisiúnta a chur san áireamh. |
(13) |
Mar gheall ar chineál athraitheach bagairtí agus leochaileachtaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart don Aontas cur chuige comhtháite a ghlacadh maidir leis na ceanglais ar leibhéal an Aontais a bheith á gcomhlíonadh ag córais AML/CFT náisiúnta, trí mheasúnú ar éifeachtacht na gcóras náisiúnta sin a chur san áireamh. Chun faireachán a dhéanamh ar thrasuí ceart cheanglais an Aontais i gcórais AML/CFT náisiúnta, ar chur chun feidhme éifeachtach na gceanglas sin agus ar chumas na gcóras sin creat coisctheach éifeachtach a chur i gcrích, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a bhunú ar na córais AML/CFT náisiúnta ar cheart nár dhochar é do mheasúnuithe arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag lucht leagtha amach caighdeán atá inniúil i ndáil le sciúradh airgid a chosc agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, amhail FATF nó an Coiste Saineolaithe maidir le Meastóireacht ar Bhearta Frithsciúrtha Airgid agus ar Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta. |
(14) |
Tá úsáidí dlisteanacha ag cártaí ilchuspóireacha réamhíoctha agus is ionann iad agus ionstraim a rannchuidíonn le cuimsiú sóisialta agus airgeadais. Is furasta, áfach, cártaí réamhíoctha anaithnide a úsáid i maoiniú ionsaithe sceimhlitheoireachta agus loighistice. Tá sé riachtanach mar sin an modh seo chun a n-oibríochtaí a mhaoiniú a shéanadh ar sceimhlitheoirí, trí na teorainneacha agus na méideanna uasta a laghdú tuilleadh ar fúthu nach gceadaítear d’eintitis bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí dá bhforáiltear le Treoir (AE) 2015/849 a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, agus ag féachaint go cuí do riachtanais na dtomhaltóirí in úsáid ionstraimí réamhíoctha cuspóra ginearálta agus gan úsáid na n-ionstraimí sin a chosc chun cuimsiú sóisialta agus airgeadais a chur chun cinn, tá sé fíor-riachtanach san am céanna tairseacha na gcártaí ilchuspóireacha réamhíoctha anaithnide a ísliú agus an custaiméir a shainaithint sa chás go ndéantar cian-idirbhearta íocaíochta inar mó ná EUR 50 méid an idirbhirt. |
(15) |
Cé go bhfuil úsáid na gcártaí réamhíoctha anaithnide a eisítear san Aontas teoranta go bunúsach do chríoch an Aontais amháin, ní mar sin an cás i gcónaí le cártaí comhchosúla a eisítear i dtríú tíortha. Tá sé tábhachtach mar sin a áirithiú nach féidir cártaí réamhíoctha anaithnide a eisítear lasmuigh den Aontas a úsáid san Aontas ach amháin i gcás go meastar go gcomhlíonann siad ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin a leagtar amach i ndlí an Aontais. Ba cheart an riail a achtú i lán-chomhlíonadh oibleagáidí an Aontais i leith trádáil idirnáisiúnta, lena n-áirítear forálacha an Chomhaontaithe Ghinearálta maidir le Trádáil Seirbhísí. |
(16) |
Tá ról tábhachtach ag FIUnna i sainaithint oibríochtaí airgeadais na líonraí sceimhlitheoireachta, go háirithe thar theorainneacha, agus i mbrath a n-urraitheoirí airgeadais. D’fhéadfadh faisnéis airgeadais a bheith bunriachtanach chun éascú cionta sceimhlitheoireachta mar aon le líonraí agus scéimeanna eagraíochtaí sceimhlitheoireachta a aimsiú. De dheasca easpa caighdeán idirnáisiúnta forordaitheach, cothaíonn FIUnna éagsúlachtaí suntasacha maidir lena bhfeidhmeanna, a n-inniúlachtaí agus a gcumhachtaí. Ba cheart do na Ballstáit dícheall a dhéanamh chun cur chuige níos éifeachtúla agus comhordaithe a áirithiú chun déileáil le himscrúduithe airgeadais a bhaineann le sceimhlitheoireacht, lena n-áirítear imscrúduithe a bhaineann le droch-úsáid airgeadraí fíorúla. Níor cheart go ndéanfadh na héagsúlachtaí reatha difear, áfach, do ghníomhaíocht FIU, go háirithe a chumas chun anailísí coisctheacha a fhorbairt mar thaca le gach údarás atá i gceannas gníomhaíochtaí faisnéise, imscrúdaithe agus breithiúnacha, agus comhoibriú idirnáisiúnta. I bhfeidhmiú a gcuid cúraimí dóibh, ba cheart go mbeadh rochtain ag FIUnna ar fhaisnéis agus go mbeadh siad ábalta í a mhalartú gan chonstaicí, lena n-áirítear trí chomhar cuí le húdaráis forfheidhmithe dlí. I ngach cás coiriúlachta amhrasta agus, go háirithe, i gcásanna ina bhfuil maoiniú sceimhlitheoireachta i gceist, ba cheart go rithfeadh faisnéis go díreach agus go tapa gan mhoill mhíchuí. Tá sé riachtanach mar sin éifeachtacht agus éifeachtúlacht FIU a fheabhsú tuilleadh, trí shoiléiriú cumhachtaí FIUnna agus trí chomhar eatarthu. |
(17) |
Ba cheart go mbeadh FIUnna ábalta an fhaisnéis uile is gá a bhaineann lena bhfeidhmeanna a fháil ó aon eintiteas faoi oibleagáid. Tá a rochtain gan srian ar fhaisnéis riachtanach lena áirithiú gur féidir sreafaí airgid a rianú go cuí agus líonraí aindleathacha agus sreafaí a bhrath go luath. Maidir leis na ngá atá ag FIUnna faisnéis bhreise a fháil ó eintitis faoi oibleagáid bunaithe ar amhras sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, d’fhéadfaí an ghníomhaíocht sin a spreagadh trí thuairisc roimh ré ar idirbheart amhrasach a thuairisciú chuig FIU, ach freisin trí mhodhanna eile amhail anailís FIU féin, faisnéis a sholáthair údaráis inniúla nó faisnéis atá i seilbh FIU eile. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh FIUnna, i gcomhthéacs a gcuid feidhmeanna, ábalta faisnéis a fháil ó aon eintiteas faoi oibleagáid, fiú gan tuairisc roimh ré a bheith déanta. Ní áirítear leis seo iarrataí as éadan ar fhaisnéis a chur chuig eintitis faoi oibleagáid i gcomhthéacs anailís FIUnna, ach is iarrataí ar fhaisnéis bunaithe ar dhálaí atá sainithe go leordhóthanach atá i gceist. Ba cheart go mbeadh FIU ábalta an fhaisnéis sin a fháil ar iarraidh arna déanamh ag FIU eile den Aontas agus an fhaisnéis a mhalartú leis an FIU iarrthach. |
(18) |
Is é is cuspóir don FIU ná faisnéis a fhaigheann sé a bhailiú agus a anailísiú agus é d’aidhm aige naisc a shuí idir idirbhearta a bhfuil amhras ann fúthu agus gníomhaíocht choiriúil is bun dóibh chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, agus torthaí a chuid anailíse chomh maith le faisnéis bhreise a scaipeadh ar na húdaráis inniúla i gcás ina bhfuil forais ann lena bheith amhrasach faoi sciúradh airgid, faoi chionta preideacáide bainteacha nó faoi mhaoiniú sceimhlitheoireachta a bheith ann. Níor cheart do FIU staonadh ó mhalartú faisnéise le FIU eile ná é a dhiúltú, amach glan nó de dhroim iarrata, ar chúiseanna amhail nach ndearnadh cion preideacáide bainteach a shainaithint, gnéithe de na dlíthe coiriúla náisiúnta agus difríochtaí idir sainmhínithe ar chionta preideacáide bainteacha nó easpa tagartha do chionta preideacáide bainteacha áirithe. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do FIU a thoiliú roimh ré a thabhairt do FIU eile i dtaobh an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla gan beann ar an gcineál ciona preideacáide bhaintigh a d’fhéadfadh a bheith ann chun go bhféadfar scaipeadh na faisnéise a dhéanamh go héifeachtach. Thuairisc FIUnna deacrachtaí i dtaca le faisnéis a mhalartú atá bunaithe ar dhifríochtaí idir sainmhínithe náisiúnta ar chionta preideacáide áirithe, amhail cionta cánach, nach bhfuil comhchuibhithe le dlí an Aontais. Níor cheart go gcuirfeadh na difríochtaí seo isteach ar an malartú frithpháirteach, ar an scaipeadh ar údaráis náisiúnta ná ar úsáid na faisnéise sin faoi mar a shainítear leis an Treoir seo. Ba cheart do FIUnna, go tapa, go cuiditheach agus go héifeachtúil, an raon is leithne comhair idirnáisiúnta a thabhairt do FIUnna tríú tíortha i ndáil le sciúradh airgid, le cionta preideacáide bainteacha agus le maoiniú sceimhlitheoireachta i gcomhréir le Moltaí FATF agus le Prionsabail Egmont maidir le Malartú Faisnéise idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais. |
(19) |
Faisnéis de chineál stuamachta a bhaineann le hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais, amhail faisnéis a bhaineann le hoiriúnacht agus cuibhiúlacht stiúrthóirí agus scairshealbhóirí, leis na sásraí rialaithe inmheánacha, le rialachas nó le comhlíonadh agus bainistiú riosca, is minic a bhíonn an fhaisnéis sin fior- riachtanach le haghaidh maoirseacht leormhaith ag AML/CFT ar na hinstitiúidí sin. An gcaoi chéanna, tá faisnéis AML/CFT tábhachtach freisin chun maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar na hinstitiúidí sin. Dá bhrí sin, níor cheart go ndéanfadh neamhdheimhneacht dhlíthiúil a d’fhéadfadh eascairt as easpa forálacha sainráite sa réimse seo cur isteach ar mhalartú faisnéise faoi rún agus ar chomhoibriú idir údaráis inniúla AML/CFT a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais agus na maoirseoirí stuamachta. Is tábhachtaí fós an soiléiriú ar an gcreat dlíthiúil ós rud é go bhfuil maoirseacht stuamachta, i líon áirithe cásanna, curtha ar iontaoibh maoirseoirí neamh-AML/CFT, amhail an Banc Ceannais Eorpach (BCE). |
(20) |
Cuireann rochtain mhoillithe ar fhaisnéis ag FIUnna agus ag údaráis inniúla eile ar chéannacht sealbhóirí cuntas bainc agus íocaíochta agus taisceadán, go háirithe cinn anaithnide, srian ar bhrath aistrithe cistí a bhaineann le sceimhlitheoireacht. Na sonraí náisiúnta lena ligtear do chuntais banc agus íocaíochtaí agus taisceadáin is le duine amháin a shainaithint, tá siad blúirithe agus dá bhrí sin níl rochtain ag FIUnna agus údaráis inniúla eile orthu ar mhodh tráthúil. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, sásraí uathoibrithe láraithe, amhail clár nó córas aisghabhála sonraí a bhunú i ngach Ballstát mar mhodh éifeachtach chun rochtain thráthúil a fháil ar fhaisnéis maidir le céannacht sealbhóirí cuntas banc agus íocaíochta mar aon le taisceadáin, a seachshealbhóirí, agus a n-úinéirí tairbheacha. Nuair a bheidh na forálacha rochtana á gcur i bhfeidhm, is iomchuí na sásraí atá ann cheana a úsáid ar choinníoll gur féidir le FIUnna na sonraí a ndéantar fiosruithe maidir leo a rochtain ar mhodh láithreach agus neamhscagtha. Ba cheart do na Ballstáit smaoineamh ar an sásra sin a fhothú le faisnéis eile a mheastar a bheith riachtanach agus comhréireach ionas go ndéanfar maolú níos éifeachtaí ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta. Maidir le fiosruithe agus le faisnéis ghaolmhar ó FIUnna agus ó údaráis inniúla seachas na húdaráis sin atá freagrach as ionchúiseamh, ba cheart lán-rúnmhaireacht a áirithiú ina leith. |
(21) |
Chun príobháideacht a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, ba cheart go gcoimeádfaí na sonraí íosta is gá chun imscrúduithe AML/CFT a dhéanamh a shealbhú sna sásraí uathoibrithe láraithe do chuntais bainc agus íocaíochta, amhail clárlanna nó córais aisghabhála sonraí. Ba cheart gurbh fhéidir leis na Ballstáit a chinneadh cad iad na sonraí atá úsáideach agus comhréireach le bailiú, á chur san áireamh dóibh na córais agus na traidisiúin dlíthiúla atá ann chun a chumasú sainaithint chiallmhar a dhéanamh ar na húinéirí tairbhiúla. Nuair a bheidh na forálacha a bhaineann leis na sásrai sin á dtrasuí, ba cheart do na Ballstáit tréimhsí coinneála a leagan amach atá coibhéiseach leis an tréimhse choinneála le haghaidh doiciméadacht agus faisnéis a fhaightear laistigh de chur i bhfeidhm na mbeart díchill chuí do chustaiméirí. Ba cheart gurbh fhéidir leis na Ballstáit an tréimhse choinneála a fhadú ar bhonn ginearálta le dlí, ach fós gan gá a bheith le cinntí ar bhonn cás ar chás. Níor cheart go rachadh an tréimhse choinneála bhreise thar 5 bliana breise. Ba cheart nár dhochar an tréimhse sin don dlí náisiúnta lena leagtar amach ceanglais eile do choinneáil sonraí lena gceadaítear cinntí cás ar chás chun imeachtaí coiriúla nó riaracháin a éascú. Ba cheart rochtain ar na sásraí sin a bheith teoranta ar bhonn riachtanais. |
(22) |
Tá sainaithint agus fíorú cruinn sonraí daoine nádúrtha agus dlítheanacha bunriachtanach chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac. Cumasaíonn na forbairtí teicniúla is déanaí i ndigitiú na n-idirbheart agus na n-íocaíochtaí céannú cianda nó leictreonach slán. Ba cheart na modhanna céannaithe sin mar a leagtar amach iad i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chur san áireamh, go háirithe i dtaca le scéimeanna ríomh-shainaitheantais dá dtugtar fógra agus modhanna a áirithíonn aithint dhlíthiúil trasteorann, a thairgeann uirlisí slána ardleibhéil agus a sholáthraíonn tagarmharc trína bhféadfar measúnú na modhanna céannaithe arna gcur ar bun ar an leibhéal náisiúnta a sheiceáil. Sa bhreis air sin, féadfar próisis chéannaithe chianda nó leictreonacha shlána eile, atá rialaithe, aitheanta nó formheasta ag an údarás inniúil náisiúnta nó a bhfuil glactha aige leo ar an leibhéal náisiúnta, a chur san áireamh. I gcás inarb iomchuí, ba cheart sainaithint doiciméad leictreonach agus seirbhísí iontaoibhe mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a chur san áireamh freisin sa phróiseas céannachta. Ba cheart prionsabal neodracht na teicneolaíochta a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm na Treorach seo. |
(23) |
Ionas go sainaithneofar daoine atá faoi riteacht pholaitiúil san Aontas, ba cheart do na Ballstáit liostaí a eisiúint ina léirítear na feidhmeanna sonracha a cháilíonn mar fheidhmeanna poiblí tábhachtacha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a iarraidh ar gach eagraíocht idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar a gcríoch liosta de na feidhmeanna poiblí tábhachtacha ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin a eisiúint agus a choimeád cothrom le dáta. |
(24) |
Braitheann an cur chuige chun custaiméirí atá ann cheana a athbhreithniú sa chreat reatha ar chur chuige rioscabhunaithe. Mar gheall ar an riosca níos airde atá ann do sciúradh airgid, do mhaoiniú sceimhlitheoireachta agus do chionta preideacáide bainteacha atá bainteach le struchtúir idirmheánacha áirithe, áfach, d’fhéadfadh sé nach dtabharfadh an cur chuige sin deis chun rioscaí a bhrath agus a mheasúnú go tráthúil. Tá sé tábhachtach mar sin a áirithiú go ndéanfar faireachán ar bhonn tráthrialta ar chatagóirí custaiméirí láithreacha áirithe atá sonraithe go soiléir. |
(25) |
Ceanglaítear ar na Ballstáit i láthair na huaire a áirithiú go bhfaighidh agus go sealbhóidh eintitis chorparáideacha agus eintitis dhlíthiúla eile arna n-ionchorprú ina gcríoch faisnéis leormhaith, chruinn agus reatha maidir lena n-úinéireacht thairbhiúil. An gá atá le faisnéis chruinn agus chothrom le dáta ar an úinéir tairbhiúil, is príomhthoisc é i rianú coirpeach a d’fhéadfadh a bheith ar shlí eile ábalta a gcéannacht a cheilt laistiar de struchtúr corparáideach. Leis an gcóras airgeadais idirnasctha domhanda, is féidir cistí a cheilt agus a bhogadh timpeall an domhain, agus is minice atá an deis sin á tapú ag lucht sciúrtha airgid agus maoinitheoirí sceimhlitheoireachta chomh maith le coirpigh eile. |
(26) |
Ba cheart go soiléireofaí an toisc shonrach lena gcinntear an Ballstát atá freagrach as faireachán agus clárú faisnéise maidir le húinéireacht thairbhiúil na n-iontaobhas agus na gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla. De dheasca difríochtaí i gcórais dlí na mBallstát, ní dhéantar faireachán ná clárú ar iontaobhais agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla áirithe áit ar bith san Aontas. Ba cheart faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas agus chomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla a chlárú san áit ina bhfuil iontaobhaithe na n-iontaobhas agus daoine ag a bhfuil poist choibhéiseacha acu i gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla bunaithe nó san áit a bhfuil cónaí orthu. Chun a áirithiú go ndéanfar faireachán agus clárú éifeachtach ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, tá comhar idir na Ballstáit riachtanach freisin. Trí idirnascadh chláir na mBallstát d’uinéirí thairbhiúla iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, bheadh an fhaisnéis sin inrochtana, agus d’áiritheofaí leis go ndéanfar ilchlárú ar na hiontaobhais chéanna agus na comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla céanna laistigh den Aontas a sheachaint freisin. |
(27) |
Na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le hiontaobhais agus le comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla i ndáil le rochtain ar fhaisnéis maidir lena n-úinéireacht thairbhiúil, ba cheart go mbeadh siad inchomparáide leis na rialacha comhfhreagracha is infheidhme maidir le heintitis chorparáideacha agus le heintitis dhlíthúla eile. De dheasca raon leathan na gcineálacha iontaobhas atá san Aontas faoi láthair, agus de dheasca freisin a éagsúla fós atá comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, ba cheart gurb iad na Ballstáit a dhéanfadh an cinneadh i dtaobh iontaobhas nó comhshocrú dlíthiúil comhchosúil a bheith comhchosúil ar mhodh comparáideach le heintitis chorparáideacha nó le heintitis dhlíthúla eile nó gan a bheith. Ba cheart gurb é a bheadh mar aidhm leis an dlí náisiúnta trína ndéantar na forálacha seo a thrasuí ná cosc a chur ar iontaobhais nó comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla a úsáid chun críocha sciúrtha airgid, maoinithe sceimhlitheoireachta nó cionta preideacáide bainteacha. |
(28) |
Ag féachaint do na saintréithe difriúla atá ag iontaobhais agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, ba cheart go mbeadh ar chumas na mBallstát, faoin dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí, an leibhéal trédhearcachta i ndáil le hiontaobhais agus le comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla nach bhfuil inchomparáide le heintitis chorparáideacha nó le heintitis dhlíthiúla eile a chinneadh. Is féidir le difríochtaí a bheith sna rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta, bunaithe ar shaintréithe an chineáil iontaobhais nó an chineáil comhshocraithe dhlíthiúil chomhchosúil, agus is féidir leis an tuiscint atá ann i dtaca leis na rioscaí sin éabhlóidiú in imeacht ama, mar shampla mar thoradh ar mheasúnuithe riosca náisiúnta agus fornáisiúnta. Ar an gcúis sin, ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann a fhoráil le dlí go mbeadh rochtain níos leithne ar fhaisnéis i dtaobh úinéireacht thairbhiúil iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, más amhlaidh gur beart riachtanach agus comhréireach é rochtain den sórt sin chun fónamh don aidhm dhlisteanach an córas airgeadais a úsáid chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Nuair a bhíonn leibhéal trédhearcachta na faisnéise maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas nó comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla den sórt sin á chinneadh, ba cheart go mbeadh aird chuí ag na Ballstáit ar chearta bunúsacha na ndaoine aonair a chosaint, go háirithe an ceart chun príobháideachta agus an ceart go gcosnófar sonraí pearsanta. Ba cheart rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas nó comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla a dheonú d’aon duine atá in ann leas dlisteanach a léiriú. Ba cheart rochtain a dheonú freisin d’aon duine a thaisceann iarraidh i scríbhinn i ndáil le hiontaobhas nó le comhshocrú dlíthiúil comhchosúil a shealbhaíonn leas rialaitheach in aon eintiteas corparáideach nó in aon eintiteas dlíthiúil eile atá corpraithe lasmuigh den Aontas, nó a bhfuil úinéireacht aige ar leas rialaitheach den sórt sin, trí bhíthin úinéireacht dhíreach nó indíreach, lena n-áirítear trí scairshealbhaíochtaí iompróra, nó trí rialú ar mhodh eile. Na critéir agus coinníollacha lena ndeonaítear rochtain ar iarrataí ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, ba cheart go mbeadh siad beacht go leor agus ag teacht le haidhmeanna na Treorach seo. Ba cheart go bhféadfadh Ballstáit iarraidh i scríbhinn a dhiúltú más rud é go bhfuil forais réasúnacha ann a fhágfaidh go bhfuil siad in amhras nach bhfuil an iarraidh i scríbhinn ag teacht le cuspóirí na Treorach seo. |
(29) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil agus machaire comhréidh a áirithiú, tá sé fíor-riachtanach a leagan amach go soiléir cé acu de na comhshocruithe dlíthiúla arna mbunú ar fud an Aontais ba cheart a mheas mar chomhshocruithe atá comhchosúil le hiontaobhais trí éifeacht a bhfeidhmeanna nó a struchtúr. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé de cheangal ar gach Ballstát a shainaithint cad iad na hiontaobhais, má tá siad aitheanta leis an dlí náisiúnta, agus na comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla a fhéadfar a chur ar bun de bhun a chreata dhlíthiúil nó a nósmhaireachta náisiúnta agus a bhfuil struchtúr nó feidhmeanna acu atá comhchosúil le hiontaobhais, amhail struchtúir nó feidhmeanna a chumasaíonn deighilt nó dínascadh idir úinéireacht dhlíthiúil agus úinéireacht thairbhiúil na sócmhainní. Dá éis, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh catagóirí, tuairiscí na saintréithe, ainmneacha agus, i gcás inarb infheidhme, bunús dlí na n-iontaobhas agus na gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla sin d’fhonn go bhfoilseofaí iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun a chumasú do na Ballstáit eile iad a shainaithint. Ba cheart a chur san áireamh go bhféadfadh saintréithe dlíthiúla difriúla a bheith ag iontaobhais agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla ar fud an Aontais. Más rud é go bhfuil saintréithe iontaobhais nó comhshocraithe dhlíthiúil chomhchosúil inchomparáide ó thaobh struchtúir nó feidhmeanna de le saintréithe eintiteas corparáideach nó eintiteas dlíthiúil eile, rannchuideodh rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil le mí-úsáid na n-iontaobhas agus na gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla a chomhrac, atá comhchosúil leis an gcaoi ar féidir le rochtain phoiblí rannchuidiú le drochúsáid eintiteas corparáideach agus eintiteas dlíthiúil eile sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. |
(30) |
Lamhálann rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil grinnscrúdú níos mó ar fhaisnéis ag an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear ag an bpreas nó ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus rannchuidíonn sí le hiontaoibh i sláine na n-idirbheart gnó agus an chórais airgeadais a chaomhnú. Is féidir léi rannchuidiú le mí-úsáid eintiteas corparáideach agus eintiteas dlíthiúil agus comhshocruithe dlíthiúla eile chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, trí chuidiú le himscrúduithe agus trí éifeachtaí clú araon, ós rud é go bhfuil aon duine a d’fhéadfadh idirbhearta a dhéanamh leo ar an eolas faoi chéannacht na n-úinéirí tairbhiúla. Éascaíonn sé freisin cur ar fáil tráthúil agus éifeachtúil faisnéise d’institiúidí airgeadais agus do na húdaráis, lena n-áirítear údaráis tríú tíortha, a bhfuil baint acu leis an gcomhrac in aghaidh cionta den sórt sin. Chuideodh rochtain ar an bhfaisnéis sin freisin le himscrúduithe ar sciúradh airgid, ar chionta preideacáide bainteacha agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta. |
(31) |
Braitheann muinín infheisteoirí agus an phobail i gcoitinne as margaí airgeadais cuid mhaith ar chóras nochta cruinn a bheith ann, rud a sholáthraíonn trédhearcacht in úinéireacht thairbhiúil agus i struchtúir rialaithe na gcuideachtaí. Tá sé seo fíor go háirithe i gcás córais rialachais chorparáidigh a bhfuil tréithe dlúthúinéireachta acu, amhail an ceann san Aontas. Ar thaobh amháin, d’fhéadfadh infheisteoirí móra le cearta suntasacha vótála agus sreafa airgid fás fadtéarmach agus feidhmíocht dhaingean a spreagadh. Ar an taobh eile, áfach, féadfaidh úinéirí tairbhiúla rialaithe le bloic mhóra vótála dreasachtaí a bheith acu chun sócmhainní agus deiseanna corparáideacha a atreorú i gcomhair luaíocht phearsanta agus na hinfheisteoirí mionlaigh a bheith thíos leis. Ba cheart breathnú ar an méadú féideartha ar an muinín sna margaí airgeadais mar fho-éifeacht dearfach agus ní mar an cuspóir atá le trédhearcacht a mhéadú, arb ann don chuspóir sin chun timpeallacht a chruthú ar lú an dóchúlacht go mbainfí úsáid aisti chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. |
(32) |
Braitheann muinín infheisteoirí agus an phobail i gcoitinne as margaí airgeadais cuid mhaith ar chóras nochta cruinn a bheith ann, rud a sholáthraíonn trédhearcacht i dtaca le húinéireacht thairbhiúil agus struchtúir rialaithe na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile chomh maith le cineálacha áirithe iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a cheadú ar bhealach atá comhleanúnach agus comhordaithe go leor, trí rialacha soiléire maidir le rochtain ag an bpobal a bhunú ionas go mbeidh tríú páirtithe ábalta a fháil amach, ar fud an Aontais, cé hiad úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile chomh maith le cineálacha áirithe iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla. |
(33) |
Ba cheart go gceadódh na Ballstáit, mar sin, rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil eintiteas corparáideach agus eintiteas dlíthiúil eile ar shlí sách comhtháite agus comhordaithe, trí na cláir lárnacha ina leagtar amach faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, trí riail shoiléir rochtana poiblí a bhunú, ionas go mbeidh tríú páirtithe ábalta a fháil amach, ar fud an Aontas, cé hiad úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile. Tá sé fíor-riachtanach freisin creat dlíthiúil comhleanúnach a bhunú lena n-áirithítear rochtain níos fearr ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, a luaithe a dhéantar iad a chlárú laistigh den Aontas. Na rialacha is infheidhme maidir le hiontaobhais agus le comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla i ndáil le rochtain ar fhaisnéis maidir lena n-úinéireacht thairbhiúil, ba cheart go mbeadh siad inchomparáide leis na rialacha comhfhreagracha is infheidhme maidir le heintitis chorparáideacha agus le heintitis dhlíthiúla eile. |
(34) |
I ngach cás, a mhéid a bhaineann le heintitis chorparáideacha agus le heinitis dhlíthúla eile araon, chomh maith le hiontaobhais agus le comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, ba cheart féachaint le cothromaíocht chóir a aimsiú go háirithe idir leas an phobail i gcoitinne i sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus cearta bunúsacha na n-ábhar sonraí. Ba cheart an tacar sonraí atá le cur ar fáil don phobal a bheith teoranta, sainmhínithe go soiléir agus go hiomlán, agus ba cheart go mbeadh sé de chineál ginearálta, chun go n-íoslaghdófar an dochar ionchasach do na húinéirí tairbhiúla. Ag an am céanna, níor cheart go mbeadh difríocht shuntasach idir an fhaisnéis atá inrochtana don phobal agus na sonraí a bhailítear faoi láthair. Chun an bac ar an gceart ar urraim dá saol príobháideach go ginearálta a theorannú agus ar a sonraí pearsanta a chosaint go háirithe, ba cheart go mbainfeadh an fhaisnéis sin go bunúsach le stádas úinéirí tairbhiúla eintiteas corparáideach agus eintiteas dlíthiúil eile agus iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, agus ba cheart go mbainfeadh sé go docht leis an réimse gníomhaíochta eacnamaíche ina n-oibríonn na húinéirí tairbhiúla. Sna cásanna sin nár sainaithníodh oifigeach sinsearach bainistíochta mar an t-úinéir tairbhiúil ach ex officio agus ní trí leas úinéireachta a shealbhaítear nó trí rialú a fheidhmiú ar shlí eile, ba cheart go mbeadh sé sin le feiceáil go soiléir sna cláir. Maidir le faisnéis faoi úinéirí tairbhiúla, is féidir le Ballstáit foráil do fhaisnéis faoi náisiúntacht a áireamh sa chlár lárnach, go háirithe i gcás úinéirí tairbhiúla neamhdhúchasacha. Chun nósanna imeachta na clárlainne a éascú, agus de bhrí gur náisiúnaigh de chuid an stáit a chothabhálann an clár lárnach a bheidh i bhformhór mór na n-úinéirí tairbhiúla, féadfaidh Ballstáit a thoimhdiú gur duine dá náisiúntacht féin atá in úinéir tairbhiúil sa chás nach ndéantar aon iontráil dá mhalairt. |
(35) |
Rannchuideoidh an grinnscrúdú poiblí feabhsaithe le mí-úsáid na n-eintiteas dlíthiúil agus na gcomhshocruithe dlíthiúla, lena n-áirítear seachaint cánach, a chosc. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh an fhaisnéis sin fós ar fáil trí na cláir náisiúnta agus trí chóras idirnasctha na gclár ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis do na forais le faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil an iontaobhais nó an chomhshocraithe dhlíthiúil chomhchosúil a chlárú scor de bheith ann. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit ábalta, áfach, foráil a dhéanamh le dlí chun próiseáil na faisnéise maidir le húinéireacht thairbhiúil, lena n-áirítear sonraí pearsanta chun críoch eile, má chomhlíonann an phróiseáil sin cuspóir leasa phoiblí agus más beart é atá riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach don aidhm dhlisteanach a shaothraítear. |
(36) |
Anuas air sin, agus é mar aidhm acu cur chuige comhréireach agus cothrom a áirithiú agus na cearta chun saoil phríobháidigh agus chun cosaint sonraí pearsanta a ráthú, ba cheart gurbh fhéidir le Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúintí ó fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a nochtadh trí na cláir faisnéise maidir le húineireacht thairbhiúil, agus ó rochtain ar an bhfaisnéis sin, in imthosca eisceachtúla, i gcás ina nochtfadh an fhaisnéis sin an t-úinéir tairbhiúil do bhaol díréireach calaoise, fuadaigh, dúmhála, sractha, ciaptha, foréigin nó imeaglaithe. Ba cheart gurbh fhéidir le Ballstáit freisin a cheangal go ndéanfaí clárú ar líne chun aon duine a iarrann faisnéis ón gclár a shainaithint, chomh maith le go ndéanfaí táille a íoc ar rochtain ar an bhfaisnéis sa chlár. |
(37) |
Tá gá le comhordú ar chórais náisiúnta ag a bhfuil saintréithe teicniúla éagsúla chun go mbeadh idirnascadh ann idir cláir lárnacha na mBallstát ina bhfuil faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a shealbhaítear tríd an Ardán Lárnach Eorpach arna bhunú le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Chuige sin, caithfear bearta teicniúla agus sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh ar gá dóibh aird a thabhairt ar dhifríochtaí idir cláir. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna teicniúla agus oibríochtúla den sórt sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). In aon chás, ba cheart rannpháirtíocht na mBallstát i bhfeidhmiú an chórais ina iomláine a áirithiú trí bhíthin idirphlé rialta idir an Coimisiún agus ionadaithe na mBallstát faoi na saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú an chórais agus le forbairt an chórais amach anseo. |
(38) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Treoir seo. Dá thoradh sin, ba cheart daoine nádúrtha a bhfuil a sonraí pearsanta á sealbhú i gcláir náisiúnta ina sainaithnítear iad mar úinéirí tairbhiúla a chur ar an eolas dá réir sin. Anuas air sin, níor cheart ach sonraí pearsanta atá cothrom le dáta agus a fhreagraíonn do na húinéirí tairbhiúla iarbhír a chur ar fáil agus ba cheart na tairbhithe a chur ar an eolas faoina gcearta faoi chreat dlíthiúil reatha an Aontais um chosaint sonraí, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 agus i dTreoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus faoi na nósanna imeachta is infheidhme chun na cearta sin a fheidhmiú. Sa bhreis air sin, chun drochúsáid na faisnéise sna cláir a chosc agus chun cóimheá a aimsiú do chearta na n-úinéirí tairbhiúla, d’fhéadfadh sé gurbh iomchuí leis na Ballstáit a mbreithniú a dhéanamh i dtaobh an fhaisnéis faoin duine iarrthach mar aon leis an mbunús dlí dá n-iarraidh a chur ar fáil don úinéir tairbhiúil. |
(39) |
Sa chás go ndéanfadh tuairisciú na FIUnna agus na n-údarás inniúil ar mhíréireachtaí dochar d’imscrúdú atá idir lámha, ba cheart do na FIUnna nó do na húdaráis inniúla moill a chur ar thuairisciú na míréireachta go dtí an tráth nach ann a thuilleadh do na cúiseanna a bhain le gan tuairisciú a dhéanamh. Anuas air sin, níor cheart do FIUnna agus d’údaráis inniúla aon mhíréireacht a thuairisciú nuair a bheadh sé sin contrártha d’aon fhoráil rúndachta sa dlí náisiúnta nó sa chás gurbh ionann é agus cion lena dtabharfaí leid. |
(40) |
Ní dochar an Treoir seo do chosaint sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680. |
(41) |
An rochtain ar fhaisnéis agus an sainmhíniú ar leas dlisteanach, ba cheart iad a rialú le dlí an Bhallstáit ina bhfuil iontaobhaí an iontaobhais nó an duine ag a bhfuil post coibhéiseach i gcomhshocrú dlíthiúil comhchosúil bunaithe nó ina bhfuil cónaí air. Más rud é nach bhfuil iontaobhaí an iontaobhais nó an duine ag a bhfuil post coibhéiseach i gcomhshocrú dlíthiúil comhchosúil bunaithe in aon Bhallstát nó mura bhfuil cónaí air in aon Bhallstát, ba cheart an rochtain ar an bhfaisnéis agus an sainmhíniú ar leas dlisteanach a rialú le dlí an Bhallstáit ina ndéantar an fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil an iontaobhais nó an chomhshocraithe dhlíthiúil chomhchosúil a chlárú i gcomhréir le forálacha na Treorach seo. |
(42) |
Ba cheart do Bhallstáit leas dlisteanach a shainmhíniú ina ndlí náisiúnta, mar choincheap ginearálta agus freisin mar chritéar le haghaidh rochtain ar an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil. Go háirithe, níor cheart go ndéanfadh na sainmhínithe sin coincheap an leasa dhlisteanaigh a shrianadh go dtí cásanna atá ar feitheamh in imeachtaí riaracháin nó dlíthiúla, agus ba cheart a chumasú a chur san áireamh leo aon obair choisctheach a dhéanann eagraíochtaí neamhrialtasacha agus iriseoirí imscrúdaitheacha, i gcás inarb iomchuí, i réimse an fhrithsciúrtha airgid, an fhrithmhaoinithe sceimhlitheoireachta agus cionta preideacáide bainteacha. A luaithe a bheidh idirnascadh chláir úinéireachta tairbhiúla na mBallstát i bhfeidhm, ba cheart rochtain náisiúnta agus trasteorann chuig clár gach Ballstáit a dheonú bunaithe ar an sainmhíniú ar leas dlisteanach a bheidh ag an mBallstát ina bhfuil an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil an iontaobhais nó an chomhshocraithe dhlíthiúil chomhchosúil cláraithe i gcomhréir le forálacha na Treorach seo, de bhua cinneadh arna dhéanamh ag údaráis inniúla an Bhallstáit sin. I ndáil le cláir úinéireachta tairbhiúla na mBallstát, ba cheart freisin gurbh fhéidir le Ballstáit sásraí a bhunú chun achomharc a dhéanamh in aghaidh chinntí lena ndéantar rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a dheonú nó a dhiúltú. D’fhonn a áirithiú go mbeidh clárú agus malartú faisnéise comhleanúnach agus éifeachtach ann, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh comhoibriú ann idir a n-údarás atá i gceannas ar an gclár a chuirtear ar bun don fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil na n-iontaobhas agus na gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla agus a gcomhghleacaithe i mBallstáit eile, trí fhaisnéis a chomhroinnt a bhaineann le hiontaobhais agus le comhshocruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais atá faoi rialú dhlí Ballstáit amháin agus á riaradh i mBallstát eile. |
(43) |
Is é a chineál leanúnach agus athdhéantach atá mar shaintréith ag na ceanglais a bhaineann leis na gaolmhaireachtaí comhfhreagracha thrasteorann le hinstitiúid is freagróir i dtríú tír. Dá réir sin, ba cheart do na Ballstáit, le linn dóibh a cheangal go nglacfaí bearta feabhsaithe díchill chuí sa chomhthéacs áirithe sin, a bhreithniú nach bhfuil idirbhearta aon-uaire nó malartú ar inniúlachtaí teachtaireachta, agus an malartú sin amháin, san áireamh sna gaolmhaireachtaí comhfhreagracha sin. Anuas air sin, agus á aithint nach ngabhann an leibhéal céanna rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta le gach seirbhís baincéireachta chomhfhreagrach trasteorann, is féidir déine na mbeart a leagtar síos sa Treoir seo a chinneadh trí prionsabail an chur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm agus ní thugann sé sin réamhbhreithiúnas ar leibhéal an riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a chothaíonn an institiúid airgeadais is freagróir. |
(44) |
Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfidh eintitis faoi oibleagáid rialacha in aghaidh sciúradh airgid agus rialacha frithmhaoinithe sceimhlitheoireachta i bhfeidhm i gceart. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go láidreodh na Ballstáit ról na n-údarás poiblí a ghníomhaíonn mar údaráis inniúla ag a bhfuil freagrachtaí ainmnithe chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena n-áirítear FIUnna, údaráis ag a bhfuil an fheidhm sciúradh airgid, cionta preideacáide bainteacha agus maoiniú sceimhlitheoireachta a imscrúdú nó a ionchúiseamh, sócmhainní coiriúla a rianú agus a urghabháil nó a chalcadh agus a choigistiú, údaráis a fhaigheann tuairiscí ar iompar trasteorann ionstraimí airgeadra agus ionstraimí soshannta iompróra agus údaráis ag a bhfuil freagrachtaí maoirseachta nó faireacháin arb aidhm dóibh comhlíonadh ag eintitis faoi oibleagáid a áirithiú. Ba cheart go láidreodh na Ballstáit an ról atá ag údaráis ábhartha eile, lena n-áirítear údaráis frithéillithe agus údaráis chánach. |
(45) |
Ba cheart do na Ballstáit maoirseacht éifeachtach agus neamhchlaonta ar na heintitis faoi oibleagáid uile a áirithiú, agus b’fhearr dá mb’údaráis phoiblí a dhéanfadh an méid sin trí bhíthin rialálaí nó maoirseoir náisiúnta ar leith agus atá neamhspleách. |
(46) |
Gluaiseann coirpigh fáltais aindleathacha tríd an iliomad idirmheánaithe airgeadais chun go seachnófar na fáltais sin a bhrath. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach go gceadófaí d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais faisnéis a mhalartú, ní hamháin idir comhaltaí an ghrúpa ach freisin le hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais eile, le haird chuí ar rialacha cosanta sonraí faoi mar a leagtar amach iad sa dlí náisiúnta. |
(47) |
Údaráis inniúla a mhaoirsíonn eintitis faoi oibleagáid ó thaobh chomhlíonadh na Treorach seo de, ba cheart go mbeadh siad ábalta comhoibriú lena chéile agus faisnéis faoi rún a mhalartú, gan beann ar a gcineál nó a stádas faoi seach. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh bunús dlí leormhaith ag na húdaráis inniúla sin chun faisnéis faoi rún a mhalartú, agus níor cheart go ndéanfadh aon neamhdheimhneacht dhlíthiúil a d’fhéadfadh eascairt as easpa forálacha sainráite sa réimse seo cur isteach ar an gcomhoibriú idir údaráis mhaoirseachta inniúla AML/CFT agus maoirseoirí stuamachta. Ba cheart an mhaoirseacht ar chur chun feidhme éifeachtach bheartas grúpa maidir le AML/CFT a dhéanamh i gcomhréir le prionsabail agus modúlachtaí na maoirseachta comhdhlúite mar a leagtar síos i reachtaíocht earnála ábhartha na hEorpa. |
(48) |
Tá an malartú faisnéise agus soláthar cabhrach idir údaráis inniúla na mBallstát fíor-riachtanach chun críocha na Treorach seo. Dá thoradh sin, níor cheart go gcuirfeadh na Ballstáit toirmeasc ar mhalartú faisnéise nó ar chúnamh idir na húdaráis inniúla ná níor cheart go gcuirfeadh siad coinníollacha a bheadh míréasúnach nó sriantach ar bhealach míchuí ar an malartú agus ar an gcúnamh sin. |
(49) |
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (12), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an ghaolmaireacht idir na codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar le doiciméid den chineál sin a tharchur. |
(50) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon cosaint an chórais airgeadais trí sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, a ghnóthú go leordhóthanach, óir d’fhéadfadh bearta aonair arna nglacadh ag na Ballstáit chun a gcórais airgeadais a chosaint a bheith ar neamhréir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus le saintreoracha an smachta reachta agus beartas poiblí an Aontais, agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(51) |
Sa Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail atá aitheanta le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus teaghlaigh a urramú (Airteagal 7 den Chairt), an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt) agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16 den Chairt). |
(52) |
Nuair a bheidh tuarascáil á tarraingt suas ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart go dtabharfadh sé aird chuí ar an urraim do na cearta bunúsacha agus do na prionsabail a aithnítear sa Chairt. |
(53) |
Mar gheall ar an ngá atá le bearta a chur chun feidhme go práinneach, ar bearta iad a ghlactar d’fhonn go neartófaí córas an Aontais a cuireadh ar bhun chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus i bhfianaise na ngealltanas a rinne na Ballstáit leanúint go tapa le trasuí Threoir (AE) 2015/849, ba cheart na leasuithe ar Threoir (AE) 2015/849 a thrasuí faoin 10 Eanáir 2020. Ba cheart do Bhallstáit cláir úinéireachta tairbhiúla le haghaidh eintitis chorparáideacha agus eintitis dhlíthiúla eile a chur ar bun faoin 10 Eanáir 2020 agus le haghaidh iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla faoin 10 Márta 2020. Ba cheart na cláir lárnacha a bheith idirnasctha tríd an Ardán Lárnach Eorpach faoin 10 Márta 2021. Ba cheart do na Ballstáit sásraí uathoibrithe láraithe lenar féidir sealbhóirí cuntas bainc agus íocaíochta agus taisceadán a shainaithint a chur ar bun faoin 10 Meán Fomhair 2020. |
(54) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus thug sé tuairim uaidh an 2 Feabhra 2017 (14). |
(55) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2015/848 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/849
Leasaítear Treoir (AE) 2015/849 mar a leanas:
(1) |
leasaítear pointe 3 d’Airteagal 2(1) mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
(4) |
leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
(5) |
leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(6) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Toirmiscfidh na Ballstáit ar a n-institiúidí creidmheasa agus a n-institiúidí airgeadais cuntais gan ainm nó pasleabhair gan ainm nó taisceadáin gan ainm a choinneáil. Ceanglóidh na Ballstáit, in aon chás, go mbeidh úinéirí agus tairbhithe na gcuntas gan ainm nó na bpasleabhar gan ainm nó na dtaisceadán gan ainm atá ann cheana faoi réir bearta díchill chuí do chustaiméirí tráth nach déanaí ná 10 Eanáir 2019 agus in aon chás sula ndéanfar na cuntais, na pasleabhair nó na taisceadáin sin a úsáid in aon slí.”; |
(7) |
leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
|
(8) |
leasaítear Airteagal 13(1) mar a leanas:
|
(9) |
leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
(10) |
leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
(11) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 18a 1. Maidir le gaolmhaireacht ghnó nó idirbhearta lena mbaineann tríú tíortha ardriosca a shainaithnítear de bhun Airteagal 9(2), ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis faoi oibleagáid na bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí seo a leanas a chur i bhfeidhm:
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar eintitis atá faoi oibleagáid chun a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, go ndéanfar an chéad íocaíocht trí chuntas in ainm an chustaiméara le hinstitiúid chreidmheasa faoi réir chaighdeáin díchill chuí do chustaiméirí nach lú ó thaobh stóinseachta de ná na cinn arna leagan síos sa Treoir seo. 2. I dteannta na mbeart dá bhforáiltear i mír 1 agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis atá faoi oibleagáid, i gcás inarb infheidhme, beart maolaithe breise amháin nó níos mó a chur i bhfeidhm do dhaoine agus d’eintitis dhlíthiúla a dhéanann idirbhearta a bhfuil baint ag tríú tíortha atá sainaitheanta de bhun Airteagal 9(2) leo. Is éard a bheidh sna bearta sin ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
3. I dteannta na mbeart dá bhforáiltear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm i dtaca le tríú tíortha ardriosca a shainaithnítear de bhun Airteagal 9(2) i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais:
4. Le linn do na Ballstáit na bearta a leagtar amach i mír 2 agus mír 3 a achtú nó a chur i bhfeidhm, cuirfidh na Ballstáit san áireamh, de réir mar is iomchuí, meastóireachtaí, measúnuithe nó tuarascálacha ábhartha arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag lucht leagtha amach caighdeán a bhfuil inniúlacht acu maidir le sciúradh airgid a chosc agus le maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha aonair. 5. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún sula ndéanfaidh siad na bearta a leagtar amach i mír 2 agus mír 3 a achtú nó a chur i bhfeidhm.”; |
(12) |
in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití: “Maidir le gaolmhaireacht fhreagróra thrasteorann lena mbaineann forghníomhú íocaíochtaí le hinstitiúid freagróra tríú tír, déanfaidh na Ballstáit, i dteannta na mbeart díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 13, a cheangal ar a n-institiúidí creidmheasa agus a n-institiúidí airgeadais agus iad ag dul i mbun gaolmhaireacht ghnó:”; |
(13) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 20a 1. Déanfaidh gach Ballstát liosta a eisiúint agus a choimeád cothrom le dáta ina gcuirfear in iúl na feidhmeanna beachta a cháilíonn, de réir na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin náisiúnta, mar fheidhmeanna poiblí tábhachtacha chun críocha phointe 9 d’Airteagal 3. Iarrfaidh na Ballstáit ar gach eagraíocht idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar a gcríoch liosta feidhmeanna tábhachtacha ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin a eisiúint agus a choimeád cothrom le dáta chun críocha phointe (9) d’Airteagal 3. Seolfar na liostaí sin chuig an gCoimisiún agus féadfar iad a chur ar fáil go poiblí. 2. Déanfaidh an Coimisiún liosta na bhfeidhmeanna beachta a cháilíonn mar fheidhmeanna poiblí tábhachtacha ar leibhéal institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a thiomsú agus a choimeád cothrom le dáta. Áireofar sa liosta sin freisin aon fheidhm a fhéadfar a thabhairt d’ionadaithe tríú tíortha agus chomhlachtaí idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar leibhéal an Aontais. 3. Déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar na liostaí dá bhforáiltear i mír1 agus mír 2 den Airteagal seo, liosta aonair a chur i dtoll a chéile de gach feidhm phoiblí thábhachtach chun críocha phointe (9) d’Airteagal 3. Cuirfear an liosta aonair sin ar fáil go poiblí. 4. Maidir le feidhmeanna atá san áireamh sa liosta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déileálfar leo i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 41(2).”; |
(14) |
in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis faoi oibleagáid lena mbaineann an custaiméir bearta leormhaithe a ghlacadh chun a áirithiú go soláthróidh an tríú páirtí láithreach, arna iarraidh sin, cóipeanna ábhartha de shonraí sainaitheantais agus fíoraithe, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu, sonraí a gheofar trí mheán sainaitheantas leictreonach, seirbhísí ábhartha iontaobhais mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, nó aon phróiseas eile sainaitheantais slán, cianda nó leictreonach atá rialaithe, aitheanta nó formheasta ag na húdaráis naisiúnta ábhartha nó a bhfuil glactha acu leis.”; |
(15) |
leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
|
(16) |
leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:
|
(17) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 31a Gníomhartha cur chun feidhme I gcás inar gá, sa bhreis ar na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2017/1132 agus i gcomhréir le raon feidhme Airteagal 30 agus Airteagal 31 den Treoir seo, glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le hidirnascadh chláir lárnacha na mBallstát amhail dá dtagraítear in Airteagal 30(10) agus Airteagal (31)9, i dtaca leis:
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 64a(2). Ina chuid ghníomhartha cur chun feidhme, féachfaidh an Coimisiún le teicneolaíocht agus gnáthaimh a bhfuil a bhfiúntas cruthaithe cheana féin a athúsáid. Áiritheoidh an Coimisiún nach dtabhóidh na córais atá le forbairt costais os cionn an mhéid atá sár-riachtanach chun forálacha na Treorach seo a chur chun feidhme. Beidh trédhearcacht agus malartú taithí agus faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit mar shaintréith de ghníomhartha cur chun feidhme an Choimisiúin.”; |
(18) |
in Airteagal 32, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “9. Gan dochar d’Airteagal 34(2), i gcomhthéacs a fheidhmeanna, beidh gach FIU in ann faisnéis, ó aon eintiteas faoi oibleagáid chun na críche a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, fiú amháin mura gcomhdaítear tuarascáil ar bith roimh ré de bhun Airteagal 33(1)(a) nó Airteagal 34(1), a iarraidh, a fháil, agus a úsáid.”; |
(19) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 32a 1. Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm sásraí uathoibrithe láraithe, amhail cláir lárnacha nó córais aisghabhála leictreonacha lárnacha sonraí, lenar féidir a shainaithint, ar bhealach tráthúil, aon daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil cuntais á gcoimeád nó á rialú acu agus cuntais bhainc a shainaithnítear trí IBAN, mar a shainmhínítear le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) agus taisceadáin a shealbhaíonn institiúid chreidmheasa laistigh dá gcríoch. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le tréithe na sásraí náisiúnta sin. 2. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a shealbhaíonn na sásraí lárnacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo inrochtana go díreach ar bhealach láithreach agus neamhscagtha do FIUnna náisiúnta. Beidh údaráis inniúla náisiúnta in ann rochtain a fháil freisin ar an bhfaisnéis chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú gur féidir le haon FIU an fhaisnéis a shealbhaíonn na sásraí lárnacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sholáthar d’aon FIUnna eile ar bhealach tráthúil i gcomhréir le hAirteagal 53. 3. Beidh an fhaisnéis seo a leanas inrochtana agus inchuardaithe trí na sásraí lárnacha dá dtagraítear i mír 1: — don sealbhóir cuntais custaiméara agus aon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann an chustaiméara: an t-ainm, comhlánaithe ag sonraí eile sainaitheantais a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear i bpointe (a) d’Airteagal 13(1) nó ag uimhir shaineathantais uathúil; — d’úinéir tairbhiúil an tsealbhóra cuntais custaiméara: an t-ainm, comhlánaithe ag sonraí eile sainaitheantais a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear i bpointe (b) d’Airteagal 13(1) nó ag uimhir shaineathantais uathúil; — don bhanc nó don chuntas íocaíochta: uimhir IBAN agus dáta oscailte agus dúnta an chuntais. — don taisceadán: ainm an léasaí arna chomhlánú ag na sonraí sainaitheantais eile a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear Airteagal 13(1) nó ag uimhir shaineathantais uathúil agus aga na tréimhse léasaithe. 4. Féadfaidh na Ballstáit breithniú ar a cheangal go mbeidh faisnéis eile, a mheastar a bheith bunriachtanach do FIUnna agus d’údaráis inniúla chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh, inrochtana agus inchuardaithe trí na sásraí lárnacha. 5. Faoin 26 Meitheamh 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle lena ndéanfar meastóireacht ar na coinníollacha agus na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta chun idirnascadh slán agus éifeachtúil na sásraí uathoibrithe láraithe a áirithiú. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí. (*7) Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus ghnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.03.2012, lch. 22).”;" |
(20) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 32b 1. Soláthróidh na Ballstáit rochtain do FIUnna agus d’údaráis inniúla ar fhaisnéis lenar féidir aon daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar leo eastát réadach a shainaithint go tráthúil, lena n-áirítear trí chláir nó córais aisghabhála sonraí leictreonacha i gcás go bhfuil cláir nó córais den sórt sin ar fáil. 2. Faoin 31 Nollaig 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle lena ndéanfar measúnú an gá agus an comhréireach an fhaisnéis a bheidh san áireamh sna cláir a chomhchuibhiú agus lena measúnófar an gá idirnascadh na gclár sin. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí.”; |
(21) |
in Airteagal 33(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
(22) |
in Airteagal 34, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “3. Foilseoidh comhlachtaí féinrialála arna n-ainmniú ag na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ina mbeidh faisnéis faoin méid seo a leanas:
|
(23) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 38: “Airteagal 38 1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar daoine aonair, lena n-áirítear fostaithe agus ionadaithe an eintitis faoi oibleagáid, a thuairiscíonn amhras faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta go hinmheánach nó don FIU, a chosaint ó thaobh an dlí ar bheith neamhchosanta ar bhagairtí nó ar ghníomhaíocht dhíoltach nó naimhdeach, agus go háirithe ar ghníomhaíochtaí fostaíochta díobhálacha nó idirdhealaitheacha. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh daoine aonair atá neamhchosanta ar bhagairtí, gníomhaíochtaí díoltacha nó naimhdeacha, nó gníomhaíochtaí fostaíochta díobhálacha nó idirdhealaitheacha as amhras faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a thuairisciú go hinmheánach nó chuig an FIU i dteideal gearán a thíolacadh ar bhealach sábháilte chuig na húdaráis inniúla faoi seach. Gan dochar do rúndacht na faisnéise arna bailiú ag an FIU, áiritheoidh Ballstáit go mbeidh an ceart ag daoine aonair den sórt sin leigheas éifeachtach a fháil chun a gcearta a choimirciú faoin mhír seo freisin.”; |
(24) |
in Airteagal 39, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Ní dhéanfaidh an toirmeasc a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo cosc a chur le nochtadh idir na hinstitiúidí creidmheasa agus na hinstitiúidí airgeadais ó na Ballstáit ar choinníoll go mbainfidh siad leis an ngrúpa céanna, nó idir na heintitis sin agus a gcraobhacha agus a bhfochuideachtaí ina bhfuil sciar tromlaigh ar seilbh acu arna mbunú i dtríú tíortha, ar choinníoll go ndéanfaidh na craobhacha agus na fochuideachtaí sin na beartais agus na nósanna imeachta uile-ghrúpa a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear nósanna imeachta chun faisnéis a roinnt laistigh den ghrúpa, i gcomhréir le hAirteagal 45 agus go ndéanfaidh na beartais agus na nósanna imeachta uile-ghrúpa na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh.”; |
(25) |
in Airteagal 40, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
(26) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 43: “Airteagal 43 Déanfar próiseáil sonraí pearsanta ar bhonn na Treorach seo chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 1 a chosc a bhreithniú mar ábhar ar díol spéise poiblí é faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle (*8). (*8) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).”;" |
(27) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 44: “Airteagal 44 1. Áiritheoidh na Ballstáit, chun críocha rannchuidiú leis an ullmhúchán a bhaineann le measúnú riosca de bhun Airteagal 7, go bhfuil siad in ann athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht a gcórais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac trí staidreamh cuimsitheach a choimeád ar ábhair is ábhartha d’éifeachtúlacht na gcóras sin. 2. Áireofar ar an staidreamh dá dtagraítear i mír 1:
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar athbhreithniú comhdhlúite ar a gcuid staidreamh a fhoilsiú ar bhonn bliantúil. 4. Cuirfidh na Ballstáit an staidreamh dá dtagraítear i mír 2 ar fáil go bliantúil don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ina mbeidh achoimre agus míniú ar an staidreamh dá dtagraítear i mír 2, ar tuarascáil í a chuirfear ar fáil ar a láithreán gréasáin.”; |
(28) |
in Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Cuirfidh na Ballstáit agus na ÚMEnna a chéile ar an eolas faoi na cásanna nach gceadaíonn dlí tríú tír cur chun feidhme na mbeartas agus na nósanna imeachta a cheanglaítear faoi mhír 1. Sna cásanna sin, féadfar gníomhaíochtaí comhordaithe a ghlacadh chun réiteach a shaothrú. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu ar cé na tríú tíortha nach gceadaíonn cur chun feidhme na mbeartas agus na nósanna imeachta a cheanglaítear faoi mhír 1, cuirfidh na Ballstáit agus na ÚMEnna san áireamh aon srianta dlíthiúla a d’fhéadfadh bac a chur ar chur chun feidhme cuí na mbeartas agus na nósanna imeachta sin, lena n-áirítear rúndacht, cosaint sonraí agus srianta eile a chuireann teorainn leis an malartú faisnéise a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun na críche sin.”; |
(29) |
in Airteagal 47, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh soláthraithe seirbhísí malartaithe idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat, agus soláthraithe caomhnóirí sparán, cláraithe, go mbeidh ceadúnais ag oifigí malairte airgeadra agus briste seiceanna, agus soláthraithe seirbhíse iontaobhais nó cuideachta nó go mbeidh siad cláraithe, agus go mbeidh soláthróirí seirbhísí cearrbhachais rialáilte.”; |
(30) |
leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:
|
(31) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49: “Airteagal 49 Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sásraí éifeachtacha ag lucht déanta beartas, na FIUnna, na maoirseoirí agus údaráis inniúla eile a bhfuil baint acu le AML/CFT, chomh maith le húdaráis chánach agus údaráis forfheidhmithe an dlí nuair a bhíonn siad ag gníomhú laistigh de raon feidhme na Treorach seo, chun a chumasú dóibh obair i gcomhar lena chéile agus comhordú a dhéanamh ar bhonn intíre maidir le forbairt agus cur chun feidhme beartais agus gníomhaíochtaí chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena n-airítear d’fhonn a n-oibleagáid faoi Airteagal 7 a chomhlíonadh.”; |
(32) |
i Roinn 3 de Chaibidil VI, cuirtear isteach foroinn seo a leanas: “
Airteagal 50a Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar mhalartú faisnéise nó ar chúnamh idir na húdaráis inniúla ná ní chuirfidh siad coinníollacha a bheadh sriantach go míchuí ar an malartú sin chun críocha na Treorach seo. Go háirithe déanfaidh na Ballstáit a áirithiú nach ndiúltóidh na húdaráis inniúla iarraidh ar chúnamh ar na forais seo a leanas:
|
(33) |
leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:
|
(34) |
in Airteagal 54, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “1a. Áiritheoidh na Ballstáit go n-ainmneoidh na FIUnna duine teagmhála nó pointe teagmhála amháin ar a laghad le bheith freagrach as iarrataí ar fhaisnéis a fháil ó FIUnna i mBallstáit eile.”; |
(35) |
in Airteagal 55, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar toiliú roimh ré ó FIU iarrtha chun an fhaisnéis a scaipeadh ar na húdaráis inniúla a dheonú go pras agus a mhéid is féidir beag beann ar chineál na gcionta preideacáide bainteacha. Ní dhiúltóidh an FIU iarrtha a thoiliú don scaipeadh sin mura rud é go mbeadh sé sin thar raon feidhme chur i bhfeidhm a fhorálacha AML/CFT nó go bhféadfadh lagú ar imscrúdú coiriúil teacht as, nó go mbeadh sé díréireach ar shlí eile nach mbeadh sé i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Déanfar aon diúltú chun toiliú a dheonú a mhíniú go hiomchuí. Sonrófar na heisceachtaí sin ar bhealach a chuireann cosc ar mhí-úsáid scaipeadh faisnéise chuig údaráis inniúla, agus ar shrianta míchuí ar an scaipeadh sin.”; |
(36) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 57: “Airteagal 57 Ní chuirfidh difríochtaí idir sainmhínithe dlí náisiúnta de chionta preideacáide dá dtagraítear i bpointe (4) d’Airteagal 3 bac ar chumas FIUnna cúnamh a thabhairt do FIU eile ná ní chuirfidh sé teorainn le malartú, scaipeadh agus úsáid faisnéise de bhun Airteagal 53, Airteagal 54 agus Airteagal 55.”; |
(37) |
i Roinn 3 de Chaibidil VI, cuirtear isteach an fhoroinn seo a leanas: “
Airteagal 57a 1. Déanfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh gach duine a oibríonn don nó a d’oibrigh don údaráis inniúil a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais i gcomhréir leis an Treoir seo agus iniúchóirí nó saineolaithe a fheidhmíonn thar ceann údaráis inniúla den sórt sin go mbeidh siad faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil, ní fhéadfar faisnéis faoi rún a fhaigheann na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhmiú a ndualgas faoin Treoir seo dóibh a nochtadh ach amháin mar achoimre nó i bhfoirm chomhiomlánaithe, ar shlí a fhágfaidh nach féidir institiúidí creidmheasa agus airgeadais aonair a shainaithint. 2. Ní chuirfidh mír 1 cosc ar mhalartú faisnéise idir:
Faoin 10 Eanáir 2019, déanfaidh na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais i gcomhréir leis an Treoir seo agus an BCE, ag gníomhú dó de bhun Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus de bhun phointe (g) den chéad fhomhír d’Airteagal 56 de Threoir 2013/36AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10), le tacaíocht na nÚdarás Maoirseachta Eorpacha, comhaontú a chur i gcrích ar na modúlachtaí praiticiúla chun faisnéis a mhalartú. 3. Údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais a fhaigheann faisnéis rúnda amhail dá dtagraítear i mír 1, bainfidh siad feidhm as an bhfaisnéis sin:
4. Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais i gcomhar le chéile chun críocha na Treorach seo a mhéid is féidir, beag beann ar a gcineál nó a stádas atá acu faoi seach. Áirítear leis freisin an cumas comhar den sórt sin a dhéanamh, laistigh de chumhachtaí an údaráis inniúil iarrtha, fiosrúchán a dhéanamh thar ceann údarás inniúil iarrthach, agus i malartú na faisnéise ina dhiaidh sin a fuarthas trí imscrúduithe den sórt sin. 5. Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt dá n-údaráis náisiúnta inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích a dhéanann foráil maidir le comhar agus malartú faisnéise rúnda leis na húdaráis inniúla i dtríú tíortha arb ionann a gcontrapháirteanna agus na húdaráis náisiúnta inniúla sin. Déanfar comhaontuithe comhair den sórt sin a thabhairt i gcrích ar bhonn na cómhalartachta agus ní dhéanfar é sin ach amháin má tá an fhaisnéis a nochtfar faoi réir cheanglais rúndachta gairmiúla atá comhionann ar a laghad leis sin dá dtagraítear i mír 1. Bainfear feidhm as an bhfaisnéis rúnda a malartaíodh de réir na gcomhaontuithe comhair sin chun críche cúram maoirseoireachta na n-údarás sin a chomhlíonadh. I gcás ina dtionscnaíonn an fhaisnéis arna malartú i mBallstát eile, ní dhéanfar í a nochtadh gan toiliú sainráite an údaráis inniúil a chomhroinn í agus, i gcás inarb iomchuí, chun na gcríoch ar thug an t-údarás sin a thoiliú dóibh agus chun na gcríoch sin amháin. Airteagal 57b 1. D’ainneoin Airteagal 57a (1) agus (3) agus gan dochar d’Airteagal 34(2), féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla, sa Bhallstát céanna nó i mBallstáit éagsúla, idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis ar cuireadh ar a n-iontaoibh maoirseacht a dhéanamh ar eintitis na hearnála airgeadais agus ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla amhail dá dtagraítear i bpointe (3) d’Airteagal 2(1) agus na húdaráis atá freagrach le dlí as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí airgeadais i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna maoirseachta faoi seach. Beidh an fhaisnéis a fhaightear, in aon chás, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla a bheidh coibhéiseach ar a laghad leo siúd dá dtagraítear in Airteagal 57a(1). 2. D’ainneoin Airteagal 57a(1) agus (3), féadfaidh na Ballstáit, de bhua fhorálacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta, údarú a thabhairt faisnéis áirithe a nochtadh leis na húdaráis náisiúnta eile atá freagrach le dlí as maoirseacht a dhéanamh ar na margaí airgeadais, nó ag a mbeidh freagrachtaí ainmnithe i réimse sciúradh airgid, na cionta preideacáide bainteacha nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac nó a imscrúdú. Mar sin féin, ní bhainfear feidhm as an bhfaisnéis rúnda a malartaíodh de réir an mhír 2 seo ach amháin chun críche cúraimí dlíthiúla na n-údarás lena mbaineann a chomhlíonadh. Beidh daoine a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis sin faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla a bheidh coibhéiseach ar a laghad leo siúd dá dtagraítear in Airteagal 57a(1). 3. Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt go nochtfar faisnéis áirithe maidir le maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais i gcomhréir leis an Treoir seo do choistí fiosrúcháin Parlaiminteacha, do chúirteanna iniúchóirí agus d’eintitis eile atá i gceannas ar fhiosrúcháin, ina mBallstát, faoi na coinníollacha seo a leanas:
(*9) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63)." (*10) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).”;" |
(38) |
in Airteagal 58(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú freisin i gcás ina sainaithníonn a n-údaráis inniúla sáruithe atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla, go gcuirfidh siad na húdaráis forfheidhmithe dlí ar an eolas ar bhealach tráthúil.”; |
(39) |
leasaítear Airteagal 61 mar a leanas:
|
(40) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 64a 1. Tabharfaidh an Coiste um Chosc ar Sciúradh Airgid agus ar Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta (an “Coiste”) amhail dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (*12). 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*11) Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1)." (*12) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;" |
(41) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65: “Airteagal 65 1. Faoin 11 Eanáir 2022, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í. Áireofar sa tuarascáil sin go háirithe:
Beidh ag gabháil leis an gcéad tuarascáil, atá le foilsiú faoin 11 Eanáir 2022, más gá, tograí iomchuí reachtacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, maidir le hairgeadraí fíorúla, cumhachtuithe chun bunachar sonraí a chur ar bun agus a chothabháil lena gclárófar céannachtaí agus seoltaí tiacóige úsáideoirí a bheidh inrochtana do FIUnna, chomh maith le foirmeacha féindearbhaithe le haghaidh úsáid na n-úsáideoirí airgeadra fíorúla, agus chun feabhas a chur ar an gcomhar idir Oifigí Gnóthaithe Sócmhainní na mBallstát agus cur i bhfeidhm riosca-bhunaithe na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 20. 2. Faoin 1 Meitheamh 2019, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcreat do chomhar na FIUnna le tríú tíortha agus le bacainní agus deiseanna chun an comhar idir FIUnna san Aontas a fheabhsú lena n-áirítear an fhéidearthacht sásra comhordaithe agus tacaíochta a bhunú. 3. Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tuarascáil a eisiúint chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chun measúnú a dhéanamh an gá agus an comhréireach an céatadán a ísliú i ndáil le húinéireacht thairbhiúil eintiteas dlíthiúil a shainaithint i bhfianaise aon mholadh arna eisiúint sa chiall sin ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag lucht leagtha amach caighdeán a bhfuil inniúlacht acu i ndáil le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc mar thoradh ar mheasúnú nua, agus togra reachtach a thíolacadh, más iomchuí.”; |
(42) |
in Airteagal 67, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun go gcomhlíonfaí an Treoir seo a thabhairt i bhfeidhm faoin 26 Meitheamh 2017. Cuirfidh na Ballstáit Airteagal 12(3) i bhfeidhm ón 10 Iúil 2020. Déanfaidh na Ballstáit na cláir dá dtagraítear in Airteagal 30 a chur ar bun faoin 10 Eanáir 2020 agus na cláir dá dtagraítear in Airteagal 31 a chur ar bun faoin 10 Márta 2020 agus na sásraí uathoibrithe láraithe dá dtagraítear in Airteagal 32a a chur ar bun faoin 10 Meán Fómhair 2020. Áiritheoidh an Coimisiún idirnascadh na gclár dá dtagraítear in Airteagal 30 agus Airteagal 31 i gcomhar leis na Ballstáit faoin 10 Márta 2021. Cuirfidh na Ballstáit téacs na mbeart sin dá dtagraítear sa mhír seo in iúl don Choimisiún láithreach. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos na modhanna a ndéanfar tagairtí den sórt sin.”; |
(43) |
in Iarscríbhinn II, pointe (3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:
|
(44) |
leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
Airteagal 2
Leasú ar Threoir 2009/138/CE
In Airteagal 68(1), pointe (b) de Threoir 2009/138/CE, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
“(iv) |
údaráis freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis faoi oibleagáid a liostaítear i bpointí (1) agus (2) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13) i dtaca le comhlíonadh na Treorach sin; |
Airteagal 3
Leasú ar Threoir 2013/36/AE
Sa chéad mhír d’Airteagal 56 de Threoir 2013/36/AE, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
“(g) |
údaráis freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis faoi oibleagáid a liostaítear i bpointí (1) agus (2) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14) i dtaca le comhlíonadh na Treorach sin. |
Airteagal 4
Trasuí
1. Tabharfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh i bhfeidhm faoin 10 Eanáir 2020. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 6
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh in Strasbourg an 30 Bealtaine 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PAVLOVA
(1) IO C 459, 9.12.2016, lch. 3.
(2) IO C 34, 2.2.2017, lch. 121.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Aibreán 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2018.
(4) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(5) Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
(6) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(8) Treoir (AE) Uimh. 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(10) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(11) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(12) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(13) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(14) IO C 85, 18.3.2017, lch. 3.