23.4.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

4


TREOIR (AE) 2018/597 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Aibreán 2018

lena leasaítear Treoir 92/66/CEE ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta Comhphobail maidir le rialú ghalar Newcastle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I dTreoir 92/66/CEE ón gComhairle (3), leagtar síos bearta rialaithe an Aontais atá le déanamh i gcás ina dtarlaíonn ráig de ghalar Newcastle in éanlaith chlóis, i gcolúir rásaíochta agus in éin eile a choinnítear i mbraighdeanas.

(2)

Foráiltear in Airteagal 15 de Threoir 92/66/CEE go mbeidh tagairt do shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin. In Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin déantar tagairt chuí don tsaotharlann sin agus liostaítear a cuid feidhmeanna agus na dualgais atá uirthi.

(3)

In Airteagal 19 de Threoir 92/66/CEE, leagtar síos bearta rialaithe atá le déanamh ag na Ballstáit i gcás ina bhfuil amhras ann go bhfuil colúir theachtaireachta nó éin a choinnítear i mbraighdeanas ionfhabhtaithe le galar Newcastle. Foráiltear ann go ndéanfaidh na Ballstáit, a mhéid is gá chun na bearta rialaithe sin a chur i bhfeidhm mar is cuí, faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir le staid an ghalair agus leis na bearta rialaithe arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir leis an bhfoirm shamplach a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir sin.

(4)

Foráiltear in Airteagal 21 de Threoir 92/66/CEE go bhfuil ar gach Ballstát plean teagmhais a tharraingt suas, ina sonrófar na bearta náisiúnta atá le cur chun feidhme i gcás ráig de ghalar Newcastle. Foráiltear ann go bhfuil na critéir atá le cur i bhfeidhm maidir leis an bplean sin a tharraingt suas leagtha amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir sin.

(5)

Foráiltear in Airteagal 24 de Threoir 92/66/CEE go ndéanfaidh an Chomhairle na hIarscríbhinní a ghabhann léi a leasú, de réir mar is gá agus nuair is gá, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, go háirithe chun forbairtí taighde agus forbairtí i nósanna imeachta diagnóiseacha a chur san áireamh.

(6)

In Iarscríbhinní V, VI agus VII de Threoir 92/66/CEE, leagtar amach faoi seach: (i) ainm agus seoladh shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle mar aon lena cuid feidhmeanna agus na dualgais atá uirthi; (ii) an fhoirm shamplach atá le húsáid ag na Ballstáit chun staid an ghalair, agus na bearta rialaithe arna gcur i bhfeidhm, a thuairisciú; agus (iii) na critéir íosta a bheidh ar na Ballstáit a chur i bhfeidhm maidir le pleananna teagmhais a tharraingt suas ina sonrófar na bearta náisiúnta atá le cur chun feidhme i gcás ráig de ghalar Newcastle.

(7)

Chun na nósanna imeachta maidir le rialú ghalar Newcastle a shimpliú agus a chuíchóiriú, agus, go háirithe, na rialacha nua maidir le hainmniúchán shaotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 93 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) á gcur san áireamh, maille leis an gcóras nua chun gníomhartha a chur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 92/66/CEE a chur chun feidhme, ba cheart Iarscríbhinní V, VI agus VII de Threoir 92/66/CEE a scriosadh agus ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme sna réimsí a chumhdaítear leis na hIarscríbhinní sin a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(8)

Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart feidhmeanna agus dualgais shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle a leagan síos in Airteagal 15 de Threoir 92/66/CEE, agus ba cheart na critéir maidir leis na pleananna teagmhais a leagan síos in Airteagal 21 den Treoir sin.

(9)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar forálacha na Treorach seo a thrasuí go tráthúil.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 92/66/CEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 92/66/CEE

Leasaítear Treoir 92/66/CEE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

“Airteagal 15

1.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle a ainmniú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.

2.   Is iad seo a leanas feidhmeanna agus dualgais shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle:

(a)

na modhanna a úsáidtear sna Ballstáit chun galar Newcastle a dhiagnóisiú a chomhordú i gcomhairle leis an gCoimisiún, tríd an méid seo a leanas go sonrach:

(i)

tréithchineálacha de víreas ghalar Newcastle a thíopáil, a stóráil agus a sholáthar i gcomhair tástálacha séireolaíocha agus chun antaiséirim a ullmhú;

(ii)

séirim chaighdeánacha agus imoibreáin tagartha eile a sholáthar do shaotharlanna tagartha náisiúnta d'fhonn caighdeánú a dhéanamh ar na tástálacha agus ar na himoibreáin a úsáidtear sna Ballstáit;

(iii)

bailiúchán de thréithchineálacha agus d'aonraígh de víreas ghalar Newcastle a thiomsú agus a choinneáil;

(iv)

tástálacha comparáideacha tréimhsiúla ar nósanna imeachta diagnóiseacha a eagrú ar leibhéal an Aontais;

(v)

sonraí agus faisnéis maidir leis na modhanna diagnóise a úsáidtear agus torthaí na dtástálacha a dhéantar san Aontas a bhailiú agus a chomhthiomsú;

(vi)

aonraígh de víris ghalar Newcastle a thréithriú trí bhíthin na modhanna is nua-aimseartha chun go mbeidh tuiscint níos fearr ar eipidéimeolaíocht ghalar Newcastle;

(vii)

coinneáil ar an eolas faoi threochtaí i bhfaireachas, in éipidéimeolaíocht agus i gcosc ghalar Newcastle ar fud an domhain;

(viii)

saineolas maidir le víreas ghalar Newcastle agus víris ábhartha eile a choinneáil chun gur féidir diagnóis dhifreálach mhear a dhéanamh;

(ix)

eolas barainneach a chur ar ullmhú agus ar úsáid táirgí imdhíoneolaíochta tréidliachta a úsáidtear chun galar Newcastle a dhíothú agus a rialú;

(b)

cabhrú go gníomhach le diagnóisiú ráigeanna de ghalar Newcastle sna Ballstáit trí aonraígh víris a fháil i gcomhair deimhniú diagnóise, tréithriú agus staidéir éipidéimeolaíochta;

(c)

oiliúint agus athoiliúint saineolaithe ar dhiagnóisiú saotharlainne a éascú d'fhonn teicníochtaí a chomhchuibhiú ar fud an Aontais.”;

(2)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   A mhéid is gá chun na bearta a leagtar síos san Airteagal seo a chur i bhfeidhm mar is cuí, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de réir chreat an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, faisnéis maidir le staid an ghalair agus na bearta rialaithe arna gcur i bhfeidhm.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit dá bhforáiltear i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

“Airteagal 21

1.   Déanfaidh gach Ballstát plean teagmhais a tharraingt suas, ina sonrófar na bearta náisiúnta a bheidh le cur chun feidhme i gcás ráig de ghalar Newcastle. Tabharfar an plean teagmhais cothrom le dáta, de réir mar is iomchuí, chun athruithe ar staid an ghalair a chur san áireamh.

Ceadófar leis an bplean teagmhais go mbeidh rochtain ar shaoráidí, trealamh, pearsanra agus gach ábhar riachtanach eile is gá chun ráig de ghalar Newcastle a dhíothú go pras agus go héifeachtúil. Tabharfar tásc beacht sa phlean ar na riachtanais a mheasann gach Ballstát is gá le haghaidh vacsaíniú éigeandála.

2.   Cuirfear na pleananna teagmhais agus aon nuashonruithe a dhéanfar orthu faoi bhráid an Choimisiúin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún na pleananna teagmhais agus aon nuashonruithe a dhéanfar orthu a scrúdú chun a chinneadh an bhfágann siad gur féidir an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach agus molfaidh sé aon leasuithe is gá don Bhallstát lena mbaineann go háirithe chun a áirithiú go bhfuil na pleananna sin comhoiriúnach do phleananna na mBallstát eile.

Déanfaidh an Coimisiún na pleananna teagmhais agus aon nuashonruithe a dhéanfar orthu, agus aon leasuithe a dhéanfar más gá, a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, critéir a leagan síos a bheidh ar na Ballstáit a chur i bhfeidhm maidir leis na pleananna teagmhais a tharraingt suas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.”.

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

“Airteagal 25

1.   Déanfaidh an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, a bunaíodh le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(5)

Scriostar Iarscríbhinní V, VI agus VII.

Airteagal 2

Trasuí

Na forálacha is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2018. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2019.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

Airteagal 3

Foráil idirthréimhseach

Maidir le saotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 92/66/CEE, agus a ainmníodh roimh na leasuithe a rinneadh leis an Treoir seo, leanfaidh an t-ainmniúchán sin d'fheidhm a bheith aige go dtí go ndéanfar saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle a ainmniú go cuí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Threoir 92/66/CEE, arna leasú leis an Treoir seo.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 18 Aibreán 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  Tuairim an 14 Feabhra 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus an cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2018.

(3)  Treoir 92/66/CEE ón gComhairle an 14 Iúil 1992 lena dtugtar isteach bearta Comhphobail maidir le rialú ghalar Newcastle (IO L 260, 5.9.1992, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;