12.11.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
31 |
CINNEADH (AE) 2018/1674 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2018
lena leasaítear Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle maidir le coibhéis cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh i bPoblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle ar bharra táirgthe síolta plandaí farae agus ar bharra táirgthe síolta gránach agus maidir le coibhéis síol plandaí farae agus síol gránach arna dtáirgeadh i bPoblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, agus maidir le coibhéis cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh i bPoblacht na Moldóive ar bharra táirgthe síolta gránach, barra táirgthe síolta glasraí, agus barra táirgthe síolta plandaí ola agus plandaí snáithín agus maidir le coibhéis síol gránach, síol glasraí agus síol plandaí ola agus plandaí snáithín arna dtáirgeadh i bPoblacht na Moldóive
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Cinneadh 2003/17/CE (3) ón gComhairle go ndéanfar, faoi imthosca áirithe, cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh ar bharraí áirithe táirgthe síolta sna tríú tíortha a liostaítear a mheas mar chigireachtaí is coibhéiseach leo siúd arna ndéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais agus go ndéanfar, faoi imthosca áirithe, an síol arna tháirgeadh ag speicis áirithe plandaí farae, plandaí gránach, plandaí biatais, maille le síol arna tháirgeadh ag plandaí ola agus plandaí snáithín, arna dtáirgeadh sna tíortha sin, a mheas mar shíol is coibhéiseach le síol arna tháirgeadh i gcomhréir le dlí an Aontais. |
(2) |
Tá iarratas curtha ag Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (“an Bhrasaíl”) faoi bhráid an Choimisiúin go ndeonófaí coibhéis do chóras cigireachta allamuigh na tíre i dtaca le barra táirgthe síolta plandaí farae agus le barra táirgthe síolta gránach, agus coibhéis do shíol plandaí farae agus do shíol gránach arna dtáirgeadh agus arna ndeimhniú sa Bhrasaíl. |
(3) |
Scrúdaigh an Coimisiún an chuid sin de reachtaíocht na Brasaíle lena mbaineann agus, bunaithe ar iniúchadh a rinneadh in 2016 ar chóras na rialuithe oifigiúla agus an deimhnithe is infheidhme do shíol plandaí farae agus do shíol gránach sa Bhrasaíl, agus ar choibhéis na reachtaíochta sin le ceanglais an Aontais, d’fhoilsigh sé na torthaí i dtuarascáil dar teideal “An tuarascáil chríochnaitheach maidir leis an iniúchadh a rinneadh sa Bhrasaíl idir 11 Aibreán 2016 agus 19 Aibreán 2016 d’fhonn córas na rialuithe oifigiúla agus an deimhnithe ar shíolta, mar aon lena choibhéis le ceanglais an Aontais Eorpaigh, a mheasúnú”. |
(4) |
D’aithle an iniúchta sin, cinntear go ndéantar go hiomchuí cigireachtaí allamuigh ar bharra táirgthe síolta, mar aon le sampláil, tástáil agus iar-rialú oifigiúil ar shíol plandaí farae agus ar shíol gránach, agus go sásaíonn an méid sin na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE mar aon leis na ceanglais ábhartha a leagtar amach i dTreoir 66/401/CEE (4) agus Treoir 66/402/CEE (5) ón gComhairle. Thairis sin, táthar tar éis a chinneadh go bhfuil na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an deimhniú síolta a chur chun feidhme sa Bhrasaíl inniúil agus ag cuí-fheidhmiú. |
(5) |
Tá iarratas curtha ag Poblacht na Moldóive faoi bhráid an Choimisiúin go ndeonófaí coibhéis do chóras cigireachta allamuigh na tíre i dtaca le barra táirgthe síolta gránach, le barra táirgthe síolta glasraí agus le barra táirgthe síolta plandaí ola agus plandaí snáithín, agus coibhéis do shíol gránach, do shíol glasraí agus do shíol plandaí ola agus plandaí snáithín arna dtáirgeadh agus arna ndeimhniú i bPoblacht na Moldóive. |
(6) |
Scrúdaigh an Coimisiún an chuid sin de reachtaíocht Phoblacht na Moldóive lena mbaineann agus, bunaithe ar an iniúchadh a rinneadh in 2016 ar chóras na rialuithe oifigiúla agus an deimhnithe is infheidhme do shíol gránach, do shíol glasraí agus do shíol plandaí ola agus plandaí snáithín i bPoblacht na Moldóive, agus ar choibhéis na reachtaíochta sin le ceanglais an Aontais, d’fhoilsigh sé na torthaí i dtuarascáil dar teideal “An tuarascáil chríochnaitheach maidir leis an iniúchadh a rinneadh i bPoblacht na Moldóive idir 14 Meitheamh agus 21 Meitheamh 2016 d’fhonn córas na rialuithe oifigiúla agus an deimhnithe ar shíolta, mar aon lena choibhéis le ceanglais an Aontais Eorpaigh, a mheasúnú”. |
(7) |
D’aithle an iniúchta sin, cinntear go ndéantar go hiomchuí cigireachtaí allamuigh ar bharra táirgthe síolta, mar aon le sampláil, tástáil agus iar-rialú oifigiúil ar shíol gránach, ar shíol glasraí agus ar shíol plandaí ola agus plandaí snáithín, agus go sásaíonn an méid sin na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE mar aon leis na ceanglais ábhartha a leagtar amach i dTreoir 66/402/CEE, Treoir 2002/55/CE (6) agus Treoir 2002/57/CE (7) ón gComhairle. Thairis sin, táthar tar éis a chinneadh go bhfuil na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an deimhniú síolta a chur chun feidhme i bPoblacht na Moldóive inniúil agus ag cuí-fheidhmiú. |
(8) |
Dá bhrí sin, is iomchuí coibhéis a dheonú maidir le cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh i ndáil le barra táirgthe síolta plandaí farae agus le barra táirgthe síolta gránach sa Bhrasaíl, agus maidir le síol plandaí farae agus síol gránach arna tháirgeadh sa Bhrasaíl agus arna dheimhniú go hoifigiúil ag údaráis dá cuid. |
(9) |
Is iomchuí freisin coibhéis a dheonú maidir le cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh i ndáil le barra táirgthe síolta plandaí farae, le barra táirgthe síolta glasraí agus le barra táirgthe síolta plandaí ola agus plandaí snáithín i bPoblacht na Moldóive, agus maidir le síol gránach, síol glasraí agus síol plandaí ola agus plandaí snáithín arna dtáirgeadh i bPoblacht na Moldóive agus arna ndeimhniú go hoifigiúil ag údaráis dá cuid. |
(10) |
Tá éileamh san Aontas ar shíol glasraí a allmhairiú ó thríú tíortha, lena n-áirítear Poblacht na Moldóive. Dá bhrí sin, ba cheart go gcumhdófaí leis an gCinneadh 2003/17/CE síol glasraí arna dheimhniú go hoifigiúil, dá dtagraítear i dTreoir 2002/55/CE ón gComhairle, d’fhonn an t-éileamh atá ar shíol as Poblacht na Moldóive, agus a bheidh ar shíol as tríú tíortha eile amach anseo, a shásamh. |
(11) |
Ag cur san áireamh na rialacha sin de chuid an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Thástáil Síolta (ISTA) is infheidhme, is iomchuí go ndéanfadh an tríú tír a bheidh i gceist ráiteas oifigiúil go ndearnadh síol a shampláil agus a thástáil i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sna Rialacha Idirnáisiúnta um Thástáil Síolta (“Rialacha ISTA”) i dtaca le Deimhnithe Idirnáisiúnta do Luchtóga Síolta (Dath Oráiste), agus go mbeadh deimhniú den chineál sin ag gabháil le gach luchtóg síolta. |
(12) |
I dtaca leis an Derogatory experiment on seed sampling and seed analysis (Turgnamh maolaithe ar shíolsampláil agus ar shíolanailís) a leagtar amach in Iarscríbhinn V(A) a ghabhann leis an gCinneadh a ghlac Comhairle na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) an 28 Meán Fómhair 2000 maidir le Scéimeanna ECFE maidir le Deimhniú Cineáil ar Shíolta a bhíonn ag gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta, ó tharla an turgnamh sin dulta in éag, is ceart gach tagairt di a scriosadh. |
(13) |
Is ceart gach tagairt a dhéantar don Chróit mar thríú tír a scriosadh ó tháinig an tír sin ina Ballstát de chuid an Aontais in 2013. |
(14) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2003/17/CE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Chinneadh 2003/17/CE
Leasaítear Cinneadh 2003/17/CE mar seo a leanas:
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití: “Cigireachtaí allamuigh a dhéanfar ar bharra táirgthe síolta de chuid na speiceas a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, a dhéanfar sna tríú tíortha a liostaítear san Iarscríbhinn sin, measfar iad a bheith coibhéiseach le cigireachtaí arna ndéanamh i gcomhréir le Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE, agus 2002/57/CE agus Treoir 2002/55/CE ón gComhairle (*1) ar choinníoll gur fíor a leanas ina dtaobh:”; (*1) Treoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le margaíocht síolta glasraí (IO L 193, 20.7.2002, lch. 33).”;" |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: “Airteagal 2 I dtaca le síolta na speiceas sin a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, arna dtáirgeadh i dtríú tíortha a liostaítear san Iarscríbhinn sin agus arna ndeimhniú go hoifigiúil ag na húdaráis a liostaítear san Iarscríbhinn chéanna, measfar iad a bheith coibhéiseach le síolta a shásaíonn Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE, 2002/55/CE agus 2002/57/CE, ach na coinníollacha a leagtar síos i bpointe B d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo a shásamh.”; |
(3) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
(4) |
déantar na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Seolaithe
Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 23 Deireadh Fómhair 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. EDTSTADLER
(1) IO C 227, 28.6.2018, lch. 76.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2018.
(3) Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le coibhéis chigireachtaí allamuigh arna ndéanamh i dtríú tíortha ar bharra táirgthe síolta agus maidir le coibhéis síolta arna dtáirgeadh i dtríú tíortha (IO L 8, 14.1.2003, lch. 10).
(4) Treoir 66/401/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol plandaí farae a mhargú (IO 125, 11.7.1966, lch. 2298/66).
(5) Treoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol gránach a mhargú (IO 125, 11.7.1966, lch. 2309/66).
(6) Treoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 33).
(7) Treoir 2002/57/CE an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol plandaí ola agus plandaí snáithín a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 74).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh 2003/17/CE mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|