14.6.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

155


CINNEADH (AE) 2018/853 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2018

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 agus Treoir 94/63/CE agus Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 86/278/CEE agus Treoir 87/217/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta i réimse an tuairiscithe comhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 91/692/CEE ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá Treoir 86/278/CEE (3) agus Treoir 87/217/CEE (4) ón gComhairle bunaithe ar Airteagal 100 agus Airteagal 235 den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, arb iad Airteagal 115 agus Airteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) anois. Baineann leasuithe ar na Treoracha sin sa Chinneadh seo le beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus tá siad ina n-iarmhairt dhíreach ar Threoir 91/692/CEE ón gComhairle (5) a aisghairm ar bhonn Airteagal 192(1) CFAE. Is iomchuí, dá bhrí sin, na leasuithe sin a bhunú ar Airteagal 192(1) CFAE.

(2)

Tá Treoir 94/63/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) bunaithe ar Airteagal 100a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arb é Airteagal 114 CFAE anois. Baineann leasuithe ar an Treoir sin sa Chinneadh seo sin le beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus tá siad ina n-iarmhairt dhíreach ar Threoir 91/692/CEE a aisghairm ar bhonn Airteagal 192(1) CFAE. Is iomchuí, dá bhrí sin, na leasuithe sin ar Threoir 94/63/CE a bhunú ar Airteagal 192(1) CFAE.

(3)

Glacadh Treoir 91/692/CEE chun réasúnaíocht agus feabhas a dhéanamh, ar bhonn earnála, ar na forálacha maidir le faisnéis a tharchur agus tuarascálacha a fhoilsiú i dtaca le treoracha áirithe maidir le cosaint an chomhshaoil. Chun an cuspóir sin a ghnóthú, rinneadh le Treoir 91/692/CEE roinnt treoracha a leasú trí cheanglais tuairiscithe aonfhoirmeacha a thabhairt isteach.

(4)

Tá cur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe a tugadh isteach le Treoir 91/692/CEE tar éis teacht chun bheith anróiteach agus mí-éifeachtach. Anuas air sin, rinneadh mórán de na gníomhartha de chuid an Aontais a leasaíodh le Treoir 91/692/CEE a ionadú agus níl iontu a thuilleadh na ceanglais tuairiscithe mar a tugadh isteach iad leis an Treoir sin. Mar shampla, le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), aisghaireadh seacht ngníomh de chuid an Aontais i réimse an bheartais uisce agus níor tugadh ar aghaidh chuig an Treoir sin an córas tuairiscithe a tugadh isteach le Treoir 91/692/CEE. Ina theannta sin, níl aon tagairt i dTreoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) do Threoir 91/692/CEE agus, ina ionad sin, déantar foráil inti do chóras tuairiscithe ar leithligh.

(5)

Ní dhéantar foráil i dTreoir 91/692/CEE maidir le huirlisí leictreonacha a úsáid. Leis an bhforbairt rathúil ar Reportnet na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil agus na tionscnaimh earnála maidir le tuairisciú a shruthlíniú, amhail an Córas Faisnéise Uisce don Eoraip, tá an gá atá le hionstraim chothrománach maidir leis an tuairisciú agus a héifeachtacht á dtabhairt faoi cheist tuilleadh. Ar deireadh, le glacadh Threoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus le forbairt ghaolmhar an Chórais Chomhroinnte um Fhaisnéis Chomhshaoil, tugadh isteach cur chuige cothrománach níos nua-aimseartha agus níos éifeachtaí maidir le bainistiú faisnéise agus tuairisciú a bhaineann le beartas comhshaoil an Aontais.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 91/692/CE a aisghairm.

(7)

Níl formhór na dTreoracha a leasaíodh le Treoir 91/692/CEE i bhfeidhm a thuilleadh. Tá Treoracha 86/278/CEE agus 87/217/CEE fós i bhfeidhm, áfach.

(8)

Le Treoir 86/278/CEE, ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil a sholáthar maidir le cur chun feidhme na Treorach sin ar bhonn ceistneoir nó achoimre arna ndréachtú ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i dTreoir 91/692/CEE. Chun folús dlíthiúil a sheachaint mar gheall ar Threoir 91/692/CEE a aisghairm, is gá tagairt don nós imeachta dá dtagraítear i dTreoir 86/278/CEE a chur in ionad na tagartha do Threoir 91/692/CEE.

(9)

Ní gá do na Ballstáit tuairisciú faoi Threoir 87/217/CEE a thuilleadh tar éis ghlacadh Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), lena bhforáiltear do dheireadh a chur de réir a chéile le haispeist amh agus le tairgí a bhfuil aispeist iontu a tháirgeadh agus a úsáid san Aontas. Is iomchuí, dá bhrí sin, na ceanglais tuairiscithe sin a leagtar amach sa Treoir sin a scriosadh.

(10)

Tar éis theacht i bhfeidhm Threoir 91/692/CEE, bhí tagairt don Treoir sin sna Rialacháin agus sna Treoracha seo a leanas: Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), Treoir 94/63/CE, Treoir 1999/31/CE ón gComhairle (12), Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(11)

Mar chuid de phlean gníomhaíochta AE don gheilleagar ciorclach, bheartaigh an Coimisiún Treoracha 94/62/CE, 1999/31/CE, 2000/53/CE agus 2008/98/CE a leasú chun an tagairt do Threoir 91/692/CEE a ionadú.

(12)

Chun a áirithiú go bhfuil forálacha áirithe de na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 86/278/CEE cothrom le dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na forálacha sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Ar an dóigh chéanna, chun a áirithiú go bhfuil na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2009/31/CE cothrom le dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Níor cheart é a bheith mar thoradh ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2009/31/CE a oiriúnú go ndéanfaí ísliú ar an leibhéal sábháilteachta ná lagú ar na prionsabail faireacháin, dá bhforáiltear leis na critéir atá sna hIarscríbhinní sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (18). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(13)

Tagraíonn an dara fomhír d’Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 do Threoir 91/692/CEE, atá le haisghairm. De bhun na forála sin, tá an chéad chleachtas tuairiscithe le tosú ar dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. An 19 Nollaig 2016, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 (19), bhunaigh an Coimisiún an chéad leagan den Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long (“an Liosta Eorpach”). I gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, féadfaidh na Ballstáit, roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, athchúrsáil long a údarú i saoráidí athchúrsála long a áirítear sa Liosta Eorpach. Sna dálaí sin, níl feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20). Chun bearna a sheachaint, ar lena linn nach ndéantar faisnéis a bhailiú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ná faoi Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, is iomchuí idirthréimhse tuairiscithe a thabhairt isteach idir an dáta ar a bhfuil súil leis an gcéad údarú faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 i mBallstát ar leith agus dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin do gach Ballstát a chinnfidh úsáid a bhaint as an idirthréimhse dá bhforáiltear san Airteagal sin. Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin gaolmhar do gach Ballstát den sórt sin, ní gá go mbeadh an fhaisnéis arna bailiú san idirthréimhse sin ina bonn do thuarascáil ar leithligh. Ina ionad sin, ba cheart gur leor faisnéis den sórt sin a ionchorprú sa chéad tuarascáil rialta ina gcumhdaítear an tréimhse 3 bliana ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, nó a bheith ina cuid den tuarascáil sin.

(14)

Níl gá a thuilleadh leis an gceanglas tuairiscithe a leagtar amach i dTreoir 94/63/CE chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhoráil ábhartha a scriosadh.

(15)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo, eadhon gníomhartha dlí de chuid an Aontais i réimse an tuairiscithe comhshaoil nach bhfuil feidhm leo ná nach bhfuil ábhartha a thuilleadh a leasú nó a aisghairm, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál an chuspóra, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(16)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 agus Treoracha 94/63/CE, 2009/31/CE, 86/278/CEE agus 87/217/CEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2009/31/CE

Leasaítear Treoir 2009/31/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Gach 3 bliana, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear an clár dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 25(1). Déanfar an chéad tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh 2011. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas ar bhonn ceistneoir nó achoimre a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2). Déanfar an ceistneoir nó an achoimre a chur chuig na Ballstáit sé mhí ar a laghad roimh an spriocdháta chun an tuarascáil a thíolacadh.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:

“Airteagal 29

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29a chun na hIarscríbhinní a leasú d’fhonn iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Ní fhéadfaidh sé gurb é a bheidh mar thoradh ar oiriúnú den sórt sin go ndéanfaí ísliú ar an leibhéal sábháilteachta a chuirtear ar fáil leis na critéir atá in Iarscríbhinn I ná go ndéanfaí lagú ar na prionsabail faireacháin atá in Iarscríbhinn II.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 29a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 29 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 4 Iúil 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Cuirfear an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 29 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*1).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 29 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*1)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

“Airteagal 30

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Athrú Aeráide, a bunaíodh le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13)."

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”."

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 86/278/CEE

Leasaítear Treoir 86/278/CEE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

“Airteagal 13

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a chun na hIarscríbhinní a leasú d’fhonn iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír maidir leis na paraiméadair agus na luachanna a liostaítear in Iarscríbhinní I A, I B agus I C, le haon imthosca ar dócha go mbeadh tionchar acu ar mheastóireacht na luachanna sin, ná leis na paraiméadair le haghaidh anailíse dá dtagraítear in Iarscríbhinní II A agus II B.”;

(2)

scriostar Airteagal 14;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

“Airteagal 15

1.   Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 39 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*4)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3)."

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(4)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 15a

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 4 Iúil 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Cuirfear an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*6).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*6)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(5)

in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Ag eatraimh 3 bliana, déanfaidh na Ballstáit faisnéis a chur chuig an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, i bhfoirm tuarascáil earnála ina gcumhdófar Treoracha ábhartha eile de chuid an Chomhphobail freisin. Déanfar na tuarascálacha earnála a tharraingt suas ar bhonn ceistneoir nó achoimre a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún i bhfoirm gnímh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Déanfar an ceistneoir nó an achoimre a chur chuig na Ballstáit sé mhí roimh thús na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil. Déanfar an tuarascáil a sheoladh chuig an gCoimisiún laistigh de 9 mí ó dheireadh na tréimhse 3 bliana a chumhdófar inti.”.

Airteagal 3

Leasú ar Threoir 87/217/CE

In Airteagal 13 de Threoir 87/217/CEE, scriostar mír 1.

Airteagal 4

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

In Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Cumhdófar tréimhse 3 bliana i ngach tuarascáil agus déanfar í a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis dheireadh na tréimhse 3 bliana a chumhdófar inti.

Cumhdófar sa chéad tuarascáil leictreonach an tréimhse 3 bliana a thosóidh le dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 32(1). I gcás ina n-údaraíonn Ballstát longa a athchúrsáil i saoráidí athchúrsála long a áirítear sa Liosta Eorpach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 26, cumhdófar sa chéad tuarascáil leictreonach ón mBallstát sin freisin an tréimhse ó dháta an údaraithe sin go dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis na tuarascálacha a fháil ó na Ballstáit.”.

Airteagal 5

Leasuithe ar Threoir 94/63/CE

Leasaítear Treoir 94/63/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na críochfoirt lena mbaineann maolú den sórt sin.”;

(2)

in Airteagal 6(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le mionsonraí na limistéar a bhfuil sé de rún acu maolú den sórt sin a dheonú iontu agus, ina dhiaidh sin, maidir le haon athruithe ar limistéir den sórt sin.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Faireachán agus tuairisciú

Iarrtar ar an gCoimisiún tograí le haghaidh an Treoir seo a leasú a thíolacadh lena chuid tuarascálacha, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear, go háirithe, an raon feidhme a leathnú sa chaoi is go n-áireofaí córais rialaithe agus gnóthaithe gaile le haghaidh suiteálacha luchtála agus long.”.

Airteagal 6

Treoir 91/692/CEE a aisghairm

Aisghairtear Treoir 91/692/CEE.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 30 Bealtaine 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO C 173, 31.5.2017, lch. 82.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2018.

(3)  Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, nuair a bhíonn sloda camrais á úsáid sa talmhaíocht (IO L 181, 4.7.1986, lch. 6).

(4)  Treoir 87/217/CEE ón gComhairle an 19 Márta 1987 maidir le truailliú an chomhshaoil ó aispeist a chosc agus a laghdú (IO L 85, 28.3.1987, lch. 40).

(5)  Treoir 91/692/CEE ón gComhairle an 23 Nollaig 1991 lena gcaighdeánaítear agus lena réasúnaítear tuarascálacha maidir le cur chun feidhme Treoracha áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol (IO L 377, 31.12.1991, lch. 48).

(6)  Treoir 94/63/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le rialú astaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha (CSO) a thagann ó stóráil peitril agus óna dháileadh ó chríochfoirt go stáisiúin seirbhíse (IO L 365, 31.12.1994, lch. 24).

(7)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(8)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(9)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún mar aon le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(11)  Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).

(12)  Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).

(13)  Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).

(14)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(15)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(16)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (IO L 330, 10.12.2013, lch. 1).

(18)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(19)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2016 lena mbunaítear an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchúrsáil long (IO L 345, 20.12.2016, lch. 119).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).