|
2.5.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
42 |
CINNEADH (AE) 2018/646 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Aibreán 2018
maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (Europass) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165 agus Airteagal 166 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Agus daoine aonair ag lorg oibre, nó ag déanamh cinntí maidir le foghlaim, staidéar nó obair, tá gá acu le rochtain ar fhaisnéis agus treoir maidir leis na deiseanna atá ar fáil, conas measúnú a dhéanamh ar a scileanna, agus conas an fhaisnéis faoina scileanna agus cáilíochtaí a chur i láthair. |
|
(2) |
Is dúshláin shuntasacha do dhaoine aonair, d'fhostóirí, d'údaráis agus do chomhlachtaí inniúla iad difríochtaí i sainmhínithe, i bhformáidí doiciméad, i dteangacha chomh maith le difríochtaí i modhanna bailíochtaithe measúnuithe. Tagann na dúshláin sin chun cinn go príomha nuair a bhogann daoine aonair ó thír go tír, lena n-áirítear tríú tíortha, ach freisin nuair a bhíonn siad ag lorg post nua nó ag dul i mbun foghlama agus bainistíochta gairme. Tá tábhacht le faisnéis atá soiléir agus a scaiptear go forleathan, le comhthuiscint agus le feabhas ar thrédhearcacht scileanna agus cáilíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. |
|
(3) |
Leis an gClár Oibre Nua Scileanna don Eoraip, a ghlac an Coimisiún an 10 Meitheamh 2016, tugtar cuireadh do Bhallstáit, do na comhpháirtithe sóisialta, don tionscal agus do gheallsealbhóirí eile comhoibriú ar dheich ngníomh chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar ábharthacht i bhfoirmiú scileanna, chun scileanna a dhéanamh níos infheicthe agus níos inchomparáide, agus chun feabhas a chur ar an bhfaisnéis maidir le scileanna, go háirithe faisnéis maidir le roghanna gairme níos fearr. Moladh athbhreithniú a dhéanamh ar chreat Europass mar cheann den deich ngníomh a chuireann príomhbhealach ar fáil chun na spriocanna sin a bhaint amach agus tacaíocht a thabhairt dóibh. |
|
(4) |
Le Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaíodh creat chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cuardach poist, le dul i mbun foghlama, nó le bainistiú gairme. Bhí sé mar aidhm leis an gCinneadh sin trédhearcacht níos fearr maidir le cáilíochtaí agus inniúlachtaí a bhaint amach trí phunann doiciméad ar a dtugtar “Europass”, ar féidir le daoine aonair úsáid a bhaint as ar bhonn deonach. Leis an gCinneadh sin, bunaíodh comhlachtaí náisiúnta freisin, ar a dtugtar Lárionaid Náisiúnta Europass, chun creat Europass a chur chun feidhme. |
|
(5) |
Chun a phríomhchuspóir a bhaint amach, díríonn creat Europass ar uirlisí do dhoiciméadú scileanna agus cáilíochtaí. Tá úsáid fhorleathan á baint as na huirlisí sin trí thairseach idirlín-bhunaithe Europass. |
|
(6) |
Cuireann Lárionaid Náisiúnta Europass tacaíocht ar fáil d'úsáideoirí agus cuirtear chun cinn doiciméadú scileanna agus cáilíochtaí. Líonra Euroguidance, a chuireann an ghné Eorpach i dtreoir chun cinn agus a chuireann faisnéis d'ardchaighdeán ar fáil maidir le treoir ar feadh an tsaoil agus maidir le soghluaisteacht trasnáisiúnta chun críocha foghlama, rannchuidigh sé freisin leis an bhforbairt ar sholáthar faisnéise maidir le huirlisí Aontais do scileanna agus do cháilíochtaí. Tugann Pointí Comhordúcháin Náisiúnta an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí (EQF) tacaíocht d'údaráis náisiúnta chun tagairt a dhéanamh idir creata agus córais náisiúnta cáilíochtaí agus an EQF agus tá siad dírithe ar an EQF a thabhairt níos gaire do dhaoine aonair agus d'eagraíochtaí. Ba cheart tacaíocht do na seirbhísí náisiúnta sin, agus níos mó comhordaithe eatarthu, a áirithiú chun cur lena dtionchar agus urraim á léiriú fós d'éagsúlacht na gcóras náisiúnta. |
|
(7) |
Ina thuarascáil chuig Pharlaimint na hEorpa agus an gComhairle an 19 Nollaig 2013 maidir leis an meastóireacht ar Europass, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh misean na Lárionad Náisiúnta Europass maidir le múscailt feasachta faoi Europass agus maidir leis an bhfaisnéis ba ghá a sholáthar do pháirtithe leasmhara sásúil mar mhúnla do chur chun feidhme Europass. Chinn an Coimisiún fairis sin, áfach, nach ndeachaigh formhór uirlisí Europass chomh fada leis na húsáideoirí féideartha uile agus go raibh aimsiú éagothrom acu i dtéarmaí geografacha agus aoisghrúpa, agus go bhféadfaí díriú ar tuilleadh úsáideoirí féideartha trí chomhordú níos fearr agus trí chomhtháthú ar sheirbhísí a thacaíonn le treoir agus soghluaisteacht laistigh den chreat Europass. |
|
(8) |
Léirítear i bhfianaise gur grúpaí sóisialta a bhfuil litearthacht dhigiteach ard acu a úsáideann Europass, ach a mhéid a bhaineann le grúpaí nach bhfuil na buntáistí céanna acu, amhail daoine le leibhéil níos ísle oideachais, daoine níos sine nó daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, is minic nach mbíonn a fhios acu gur ann do Europass agus do na huirlisí a bhaineann leis agus ní féidir leo tairbhe a bhaint as, dá bhrí sin. |
|
(9) |
Tá punann Europass ar cheann de roinnt uirlisí agus ionstraimí atá curtha ar bun ar leibhéal an Aontais chun trédhearcacht agus tuiscint ar scileanna agus ar cháilíochtaí a fheabhsú. |
|
(10) |
Cuimsíonn punann Europass cúig theimpléad do dhoiciméid. Cuireann teimpléad Curriculum Vitae (CV) Europass ar chumas daoine a CVanna a líonadh isteach i bhformáid chaighdeánaithe. Ó bunaíodh CV Europass den chéad uair in 2004, cruthaíodh os cionn 100 milliún CV Europass ar líne. In dhá theimpléad forlíontacha le haghaidh cáilíochtaí, eadhon an Forlíonadh do Dioplóma Europass agus an Forlíonadh do Theastas Europass, cuirtear faisnéis ar fáil maidir leis an inneachar agus na torthaí foghlama a bhaineann le cáilíocht agus maidir leis an gcóras oideachais sa tír a eisíonn an cháilíocht. Úsáidtear Pas Teanga Europass chun cur síos a dhéanamh ar scileanna teanga. I dteimpléad Soghluaisteachta Europass déantar cur síos ar na scileanna a sealbhaíodh thar lear ar thaithí soghluaisteachta don fhoghlaim nó don obair. |
|
(11) |
Sa Mholadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 (4), déantar foráil do chomhchreat tagartha chun cabhrú le daoine aonair agus le heagraíochtaí comparáid a dhéanamh idir na córais éagsúla cáilíochtaí agus idir leibhéil na gcáilíochtaí ó na córais sin. |
|
(12) |
Sa Mholadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 (5), tugadh cuireadh do Bhallstáit socruithe a chur ar bun, faoi 2018, i gcomhréir le himthosca náisiúnta agus le sainiúlachtaí náisiúnta, agus de réir mar a mheasann siad a bheith iomchuí, maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú, rud a chuireann ar chumas daoine aonair a gcuid eolais, a scileanna agus a n-inniúlachtaí a sealbhaíodh trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú agus a chuireann ar a gcumas cáilíocht iomlán, nó, páirtcháilíocht, i gcás inarb infheidhme, a bhaint amach. |
|
(13) |
Le Rún ón gComhairle an 28 Bealtaine 2004 maidir le beartais, córais agus cleachtais i réimse na treorach i rith an tsaoil a threisiú leagtar amach na príomhchuspóirí do threoirbheartas ar feadh an tsaoil do shaoránaigh uile an Aontais. Le Rún ón gComhairle an 21 Samhain 2008 (6), aibhsítear tábhacht na treorach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil. |
|
(14) |
Sa tairseach do Dheiseanna Foghlama agus do Cháilíochtaí san Eoraip, tugtar rochtain ar fhaisnéis maidir le deiseanna foghlama agus cáilíochtaí arna dtairiscint i gcórais oideachais éagsúla san Eoraip agus maidir le comparáidí a dhéanamh idir na creata náisiúnta cáilíochtaí trí EQF a úsáid. |
|
(15) |
Le Lánléargas Scileanna AE, soláthraítear faisnéis maidir le scileanna do ghairmeacha éagsúla agus do thionscail shonracha, lena n-áirítear éileamh agus soláthar ar an leibhéal náisiúnta. |
|
(16) |
Is bealach cruthaithe í an anailís a dhéantar ar fholúntais poist agus ar threochtaí eile i margadh an tsaothair chun faisnéis scileanna a fhorbairt agus tuiscint a fháil ar shaincheisteanna maidir le bearnaí agus ganntanais i scileanna, chomh maith le heaspa comhoiriúna idir cáilíochtaí. |
|
(17) |
Tá sé mar aidhm ag an aicmiú ilteangach ar Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha Eorpacha (ESCO), a ndearna an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus na geallsealbhóirí forbairt agus nuashonrú air ar bhonn leanúnach, trédhearcacht scileanna agus cáilíochtaí, chun críocha oideachais agus oiliúna, chomh maith le críocha atá bainteach leis an obair, a chur chun cinn. D'fhéadfadh an Coimisiún ESCO a úsáid, laistigh de chreat Europass, tar éis dó tástáil iomchuí a chur i gcrích agus aird chuí a thabhairt ar sheasamh na mBallstát; úsáideann na Ballstáit ESCO ar bhonn deonach, tar éis dóibh tástáil agus meastóireacht a dhéanamh. |
|
(18) |
Is líonra comhair é an Líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES), arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) chun faisnéis a mhalartú agus idirbheartaíocht idir cuardaitheoirí poist agus fostóirí a éascú. Cuireann sé cúnamh saor in aisce ar fáil do chuardaitheoirí poist ar mian leo bogadh chuig tír eile agus d'fhostóirí ar mian leo oibrithe a earcú ó thíortha eile. D'fhéadfadh sineirgí agus comhar idir tairseach Europass agus tairseach EURES tionchar an dá sheirbhís a threisiú. |
|
(19) |
Déantar próisis mhargadh an tsaothair, amhail foilsiú na bhfolúntas poist, iarratais ar phoist, measúnú scileanna agus earcaíocht a bhainistiú níos mó de réir a chéile ar líne trí uirlisí a bhaineann úsáid as na meáin shóisialta, as mórshonraí agus as teicneolaíochtaí eile. Déantar an próiseas chun iarrthóirí á roghnú a bhainistiú le huirlisí agus próisis a lorgaíonn faisnéis maidir le scileanna agus cáilíochtaí a shealbhaítear i suíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla. |
|
(20) |
Tarlaíonn an fhoghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil i bhfoirmeacha agus i suíomhanna nua faoi láthair agus déanann dreamanna éagsúla soláthróirí iad a thairiscint, go háirithe trí úsáid a bhaint as ardáin agus teicneolaíochtaí digiteacha, cianfhoghlaim, ríomhfhoghlaim, foghlaim idir piaraí, ollchúrsaí oscailte ar líne agus acmhainní oscailte oideachais. Ina theannta sin, déantar scileanna, taithí agus gnóthachtálacha foghlama a aithint i bhfoirmeacha difriúla, mar shampla suaitheantais oscailte digiteacha. Baintear úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha freisin do scileanna a fhaightear trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil amhail obair don óige agus obair dheonach. |
|
(21) |
Chun críocha an Chinnidh seo, tuigtear go bhfuil ciall leathan le scileanna, agus go gcumhdaítear iontu a bhfuil ar eolas ag duine, an méid a thuigeann duine agus an méid is féidir leis an duine a dhéanamh. Tagraíonn scileanna do chineálacha éagsúla torthaí foghlama, lena n-áirítear eolas agus inniúlachtaí, chomh maith leis an gcumas an t-eolas a chur i bhfeidhm agus úsáid a bhaint as saineolas chun tascanna a chur i gcrích agus fadhbanna a réiteach. Chomh maith leis an tábhacht aitheanta atá le scileanna gairmiúla, aithnítear go bhfuil scileanna idirdhisciplíneacha nó scileanna boga, amhail smaointeoireacht chriticiúil, obair foirne, réiteach fadhbanna agus cruthaitheacht, scileanna digiteacha nó teanga, ag éirí níos tábhachtaí agus gur réamhriachtanais thábhachtacha iad don lánsástacht phearsanta agus ghairmiúil agus gur féidir iad a chur i bhfeidhm i réimsí éagsúla. D'fhéadfadh daoine aonair tairbhe a bhaint as uirlisí agus treoir maidir le measúnú agus cur síos a dhéanamh ar na scileanna sin agus scileanna eile. |
|
(22) |
Go traidisiúnta chuireadh daoine aonair an fhaisnéis maidir leis na scileanna agus na cáilíochtaí atá sealbhaithe acu i láthair i CV agus i ndoiciméid tacaíochta, amhail teastais nó dioplómaí. Sa lá atá inniu ann, tá uirlisí nua ar fáil a d'fhéadfadh cur i láthair scileanna agus cáilíochtaí a éascú trí úsáid a bhaint as formáidí éagsúla digiteacha agus ar líne. Is féidir leis na huirlisí nua sin tacú le féinmheasúnú a dhéanann daoine aonair ar scileanna a sealbhaíodh i suíomhanna éagsúla. |
|
(23) |
Ba cheart don Chreat Europass freagairt do na riachtanais atá ann anois agus a bheidh ann sa todhchaí. Tá gá ag úsáideoirí le huirlisí chun a scileanna agus a gcáilíochtaí a dhoiciméadú. Sa bhreis air sin, is féidir le huirlisí do mheasúnú scileanna agus féinmheasúnú scileanna, chomh maith le rochtain ar fhaisnéis ábhartha, lena n-áirítear faisnéis maidir le deiseanna bailíochtaithe agus treoir, a bheith tairbheach agus cinneadh á dhéanamh faoi dheiseanna fostaíochta agus foghlama. |
|
(24) |
Ba cheart go ndéanfaí uirlisí Aontais le haghaidh scileanna agus cáilíochtaí a oiriúnú do chleachtais athraitheacha agus do dhul chun cinn sa teicneolaíocht lena áirithiú go bhfanfaidh siad ábhartha agus tairbhiúil d'úsáideoirí. Ba cheart é seo a bhaint amach trí, i measc nithe eile, ghnéithe nuálacha a chruthú, amhail uirlisí, eagarthóireacht agus dearadh doiciméad idirghníomhach, trí fhéachaint lena áirithiú go mbeidh na huirlisí níos cuimsithí, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus trí shimpliú, chomh maith le hinoibritheacht theicniúla mhéadaithe agus sineirgí a bheith ann idir uirlisí gaolmhara, lena n-áirítear iad siúd arna bhforbairt ag tríú tíortha, agus na riachtanais ar leith atá ag daoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh. Sa bhreis air sin, d'fhéadfaí bearta fíordheimhnithe a úsáid chun tacú le fíorú na ndoiciméad digiteach maidir le scileanna agus cáilíochtaí. |
|
(25) |
Ba cheart, dá bhrí sin, creat nua a chur in ionad chreat Europass arna bhunú le Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais athraitheacha. |
|
(26) |
Ba cheart do chreat Europass nua riachtanais agus ionchais gach úsáideora deiridh aonair a chomhlíonadh, amhail foghlaimeoirí, cuardaitheoirí poist, lena n-áirítear daoine dífhostaithe agus oibrithe, chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha eile, amhail fostóirí (go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide), comhlachais tráchtála, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, oibrithe deonacha, cleachtóirí treorach, seirbhísí poiblí fostaíochta, na comhpháirtithe sóisialta, soláthróirí oideachais agus oiliúna, eagraíochtaí óige, soláthróirí oibre don óige, údaráis náisiúnta freagracha agus lucht ceaptha beartas. Ba cheart na riachtanais atá ag náisiúnaithe tríú tír atá ag teacht isteach nó atá ina gcónaí san Aontas a chur san áireamh freisin chun tacú leo imeascadh. |
|
(27) |
Ba cheart go bhfabhródh creat Europass chun go bhféadfar cur síos a dhéanamh ar chineálacha éagsúla foghlama agus scileanna agus, go háirithe, iad sin a shealbhaítear trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil. |
|
(28) |
Ba cheart go ndéanfaí creat Europass a fhorbairt trí chur chuige dírithe ar an úsáideoir atá bunaithe ar aiseolas, agus trí bhailiú riachtanas, lena n-áirítear trí shuirbhéanna agus tástáil, agus aird á tabhairt ar na riachtanais ar leith atá ag spriocghrúpaí Europass agus a bheidh acu sa todhchaí. Ba cheart go dtabharfadh tréithe Europass léiriú go háirithe ar thiomantas na mBallstát agus an Aontais chun a áirithiú go bhfuil rochtain chomhionann ag daoine faoi mhíchumas ar an margadh saothair agus ar theicneolaíochtaí agus córais faisnéise agus cumarsáide. Ba cheart go mbeadh uirlisí Europass insonraithe, inoibrithe, intuigthe agus stóinseach, agus ar an gcaoi sin a bheith níos inrochtana d'úsáideoirí, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas. |
|
(29) |
Ba cheart nuashonruithe agus athruithe ar chreat Europass a dhéanamh i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, amhail seirbhísí fostaíochta, cleachtóirí treorach, soláthróirí oideachais agus oiliúna, na comhpháirtithe sóisialta amhail ceardchumainn agus comhlachais fostóirí, agus lánurraim á tabhairt do chomhar polaitiúil leantach, amhail Próiseas Bologna i Limistéar Eorpach an Ardoideachais. Tá comhar cuiditheach idir an Coimisiún, na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ríthábhachtach d'fhorbairt agus do chur chun feidhme rathúil chreat Europass. |
|
(30) |
Ba cheart feidhm a bheith ag reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta agus bearta cur chun feidhme náisiúnta maidir le próiseáil sonraí pearsanta a stóráiltear agus a phróiseáiltear de bhun an Chinnidh seo. Ba cheart go mbeadh féidearthacht ag úsáideoirí an rochtain ar a sonraí pearsanta a shrianadh. |
|
(31) |
Ba cheart don rannpháirtíocht sa chreat bheith oscailte do thíortha neamh-AE an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, do thíortha aontacha, do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas leis an Aontas, i bhfianaise na spéise fadbhunaithe atá acu san Aontas agus i bhfianaise a gcomhoibrithe fadbhunaithe leis an Aontas sa réimse seo. Ba cheart go mbeadh an rannpháirtíocht i gcomhréir leiforálacha ábhartha sna hionstraimí lena rialaítear an caidreamh idir an tAontas agus na tíortha sin. Ba cheart go dtiocfadh an fhaisnéis faoi scileanna agus cáilíochtaí a chuirtear ar fáil trí chreat Europass ó réimse níos leithne tíortha agus córas oideachais ná díreach na tíortha rannpháirteacha agus ba cheart go mbeadh sí ina léiriú ar an imirce ó agus chuig áiteanna eile ar fud an domhain. |
|
(32) |
Ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme agus faireachán comhleanúnach ar an gCinneadh seo a áirithiú trí ghrúpa comhairleach Europass atá comhdhéanta d'ionadaithe na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí ábhartha. Ba cheart don ghrúpa comhairleach, go háirithe, cur chuige straitéiseach maidir le cur chun feidhme agus forbairt ar Europass amach anseo a fhorbairt, agus comhairle a thabhairt maidir le forbairt uirlisí gréasáin, lena n-áirítear trí thástáil, agus maidir le faisnéis a chuirtear ar fáil trí ardán ar líne Europass, i gcomhar le grúpaí eile, i gcás inarb iomchuí. |
|
(33) |
Cuirtear cómhaoiniú do chur chun feidhme an Chinnidh seo ar fáil, inter alia, trí Chlár an Aontais Erasmus+, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Tá an coiste, arna chruthú faoin Rialachán sin, páirteach sa phlé straitéiseach ar dhul chun cinn chur chun feidhme Europass agus ar fhorbairtí sa todhchaí. |
|
(34) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo, eadhon creat cuimsitheach agus idir-inoibritheach uirlisí agus faisnéise a bhunú, go háirithe chun críocha fostaíochta trasnáisiúnta agus soghluaisteachta foghlama, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
|
(35) |
Mar phrionsabal ginearálta, ba cheart na hoibleagáidí agus na hualaí riaracháin agus airgeadais ar na Ballstáit a chothromú i ndáil le costais agus sochair. |
|
(36) |
Na gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích i gcomhthéacs an Chinnidh seo, ba cheart go dtacófaí leo le saineolas na ngníomhaireachtaí Aontais, go háirithe an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna, laistigh dá réimsí inniúlachta. |
|
(37) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE a aisghairm gan dochar do bhailíocht ná do stádas na ndoiciméad Europass a eisíodh roimhe seo. Ba cheart go gcoinneofaí gach teimpléad doiciméid Europass seanbhunaithe laistigh den chreat nua go dtí an tráth a ndéantar na hathruithe nó na nuashonruithe is gá i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Chun aistriú réidh a áirithiú chuig ardán ar líne Europass, ba cheart go leanfaí d'oibriú an chórais faisnéise idirlíon-bhunaithe arna bhunú le Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE go dtí go gcuirfear ardán ar líne Europass ar bun agus go mbeidh sé oibríochtúil, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Bunaítear leis an gCinneadh seo creat Eorpach chun tacú le trédhearcacht agus tuiscint scileanna agus cáilíochtaí a shealbhaítear i suíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, lena n-áirítear trí thaithí phraiticiúil, trí shoghluaisteacht agus trí obair dheonach (Europass).
2. Is é a bheidh in Europass uirlisí gréasán-bhunaithe agus faisnéis infhaighte ábhartha, lena n-áirítear faisnéis chun tacú le gné Eorpach na treorach a chuirtear ar fáil trí ardán ar líne agus a fhaigheann tacaíocht ó sheirbhísí náisiúnta atá ceaptha cabhrú le húsáideoirí scileanna agus cáilíochtaí a chur in iúl agus a chur i láthair ar bhealach níos fearr agus comparáid a dhéanamh idir cáilíochtaí.
3. Beidh Europass spriocdhírithe:
|
(a) |
ar úsáideoirí deiridh aonair, amhail foghlaimeoirí, cuardaitheoirí poist, oibrithe agus oibrithe deonacha, agus |
|
(b) |
ar gheallsealbhóirí ábhartha, amhail soláthróirí oideachais agus oiliúna, cleachtóirí treorach, fostóirí, seirbhísí fostaíochta poiblí, na comhpháirtithe sóisialta, soláthróirí oibre don óige, eagraíochtaí óige agus lucht ceaptha beartas. |
4. Maidir le húsáid Europass, is ar bhonn deonach a dhéanfar í agus ní fhorchuirfidh sí aon oibleagáid, ná ní thabharfaidh sí aon chearta seachas iad sin a shainítear sa Chinneadh seo.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn “forlíonadh teastais” doiciméad i gceangal le teastas gairmoideachais agus oiliúna nó teastas gairmiúil arna eisiúint ag na húdaráis nó na comhlachtaí inniúla, chun é a dhéanamh níos éasca do thríú daoine — go háirithe i dtír eile — tuiscint a fháil ar na torthaí foghlama a fuair sealbhóir na cáilíochta chomh maith le cineál, leibhéal, comhthéacs, ábhar agus stádas an oideachais agus na hoiliúna a cuireadh i gcrích agus na scileanna a sealbhaíodh; |
|
(b) |
ciallaíonn “forlíonadh dioplóma” doiciméad i gceangal le dioplóma ardoideachais arna eisiúint ag údaráis nó comhlachtaí inniúla, chun é a dhéanamh níos éasca do thríú daoine — go háirithe i dtír eile — tuiscint a fháil ar na torthaí foghlama a fuair sealbhóir na cáilíochta chomh maith le cineál, leibhéal, comhthéacs, ábhar agus stádas an oideachais agus na hoiliúna a cuireadh i gcrích agus na scileanna a sealbhaíodh; |
|
(c) |
ciallaíonn “forlíontaí Europass” tacar doiciméad, amhail forlíontaí dioplóma agus forlíontaí teastais, arna n-eisiúint ag na húdaráis nó na comhlachtaí inniúla; |
|
(d) |
ciallaíonn “treoir” próiseas leantach a chuireann ar chumas dhaoine aonair a gcumais, a scileanna agus a n-ábhair spéise a shainaithint, trí réimse gníomhaíochtaí aonair agus comhghníomhaíochta chun cinntí oideachais, oiliúna agus gairme a dhéanamh agus bainistiú a dhéanamh ar a gconaire foghlama aonair i suíomhanna foghlama, suíomhanna oibre agus suíomhanna eile ina bhfoghlaimítear nó ina n-úsáidtear na cumais agus na scileanna sin; |
|
(e) |
ciallaíonn “gné Eorpach na treorach” comhar agus tacaíocht ar leibhéal an Aontais chun beartais, córais agus cleachtais a threisiú don treoir laistigh den Aontas; |
|
(f) |
ciallaíonn “cáilíocht” toradh foirmiúil ar phróiseas measúnaithe agus bailíochtaithe a fhaightear nuair a chinneann údarás nó comhlacht inniúil go bhfuil torthaí foghlama bainte amach ag duine aonair go caighdeáin ar leith; |
|
(g) |
ciallaíonn “measúnú scileanna” an próiseas nó an modh a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar scileanna daoine aonair a shealbhaítear i suíomhanna foirmiúla, neamhfhoirmiúla nó seachfhoirmiúla, iad a thomhas agus ar deireadh cur síos a dhéanamh orthu, trí fhéinmheasúnú nó trí mheasúnú arna dheimhniú ag tríú páirtí, nó an dá cheann; |
|
(h) |
Ciallaíonn “féinmheasúnú scileanna” próiseas machnaimh chórasaigh ag daoine aonair maidir lena scileanna trí thagairt do chur síos seanbhunaithe scileanna; |
|
(i) |
ciallaíonn “faisnéis scileanna” anailís chainníochtúil nó cháilíochtúil infhaighte ar shonraí comhiomlánaithe maidir le scileanna ó fhoinsí atá ann cheana i ndáil leis an margadh saothair agus le deiseanna foghlama gaolmhara sa chóras oideachais agus oiliúna lena bhféadfar rannchuidiú le treoir agus comhairleoireacht, le próisis earcaíochta chomh maith leis an rogha conairí oideachais, oiliúna agus gairme; |
|
(j) |
ciallaíonn “seirbhísí fíordheimhnithe” próisis theicniúla, amhail sínithe leictreonacha agus fíordheimhniú suíomhanna gréasáin, a chuireann ar chumas úsáideoirí faisnéis, amhail a gcéannacht, a fhíorú trí Europass; |
|
(k) |
ciallaíonn “inoibritheacht theicniúil” an cumas atá ag córais um theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide idirghníomhnú chun comhroinnt faisnéise a chumasú, a bhaintear amach trí chomhaontú idir na páirtithe uile agus úinéirí uile na faisnéise; |
|
(l) |
ciallaíonn “bailíochtú” próiseas dearbhaithe ag údarás nó comhlacht inniúil go bhfuil torthaí foghlama sealbhaithe ag duine aonair, lena n-áirítear iad siúd a shealbhaítear trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil arna thomhas i gcomparáid le caighdeán ábhartha agus a bhfuil ceithre chéim ar leith i gceist leis, eadhon sainaithint, doiciméadú, measúnú agus deimhniú ar thorthaí an mheasúnaithe i bhfoirm láncháilíochta, creidmheasanna nó páirtcháilíochta, de réir mar is iomchuí agus ag teacht le himthosca náisiúnta; |
|
(m) |
ciallaíonn “caighdeáin oscailte” caighdeáin theicniúla a forbraíodh i bpróiseas comhoibritheach, agus atá foilsithe lena n-úsáid saor in aisce ag páirtí leasmhar ar bith; |
|
(n) |
ciallaíonn “ardán ar líne” feidhmchlár gréasán-bhunaithe a sholáthraíonn faisnéis agus uirlisí d'úsáideoirí deiridh agus a chuireann ar a gcumas tascanna sonracha a chur i gcrích ar líne; |
|
(o) |
is é is “sonraí pearsanta” ann aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha atá aitheanta nó inaitheanta. |
Airteagal 3
Ardán ar líne
1. Soláthróidh Europass, trí ardán ar líne, na huirlisí gréasán-bhunaithe chun:
|
(a) |
faisnéis phearsanta a dhoiciméadú agus cur síos a dhéanamh air i réimse leathan formáidí, lena n-áirítear teimpléid curriculum vitae (CV); |
|
(b) |
scileanna agus cáilíochtaí a sealbhaíodh trí thaithí oibre agus foghlama, lena n-áirítear trí shoghluaisteacht agus obair go deonach, a dhoiciméadú agus cur síos a dhéanamh orthu; |
|
(c) |
mheasúnú scileanna agus féinmheasúnú scileanna; |
|
(d) |
na torthaí foghlama cáilíochtaí a dhoiciméadú, lena n-áirítear teimpléid forlíontacha Europass, dá dtagraítear in Airteagal 5. |
Ní bheidh aitheantas foirmiúil nó eisiúint cáilíochtaí mar thoradh díreach ar úsáid uirlisí de chuid Europass i gcomhair measúnaithe agus féinmheasúnaithe ar scileanna dá dtagraítear i bpointe (c).
2. Déanfaidh ardán ar líne Europass faisnéis infhaighte nó naisc chuig faisnéis infhaighte a chur ar fáil maidir leis na topaicí seo a leanas:
|
(a) |
deiseanna foghlama; |
|
(b) |
cáilíochtaí agus creata nó córais cáilíochtaí; |
|
(c) |
deiseanna chun foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú; |
|
(d) |
cleachtais aitheantais agus reachtaíocht ábhartha i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear tríú tíortha; |
|
(e) |
seirbhísí a chuireann treoir ar fáil maidir le soghluaisteacht foghlama trasnáisiúnta agus bainistiú gairme; |
|
(f) |
faisnéis scileanna arna táirgeadh ag gníomhaíochtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais laistigh dá réimsí inniúlachta; |
|
(g) |
faisnéis faoi scileanna agus cáilíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ábhartha maidir leis na riachtanais ar leith atá ag náisiúnaithe tríú tír atá ag teacht isteach nó atá ina gcónaí san Aontas a chur san áireamh freisin chun tacú leo imeascadh. |
Airteagal 4
Príomhphrionsabail agus príomhthréithe
1. Beidh ardán ar líne agus uirlisí gréasán-bhunaithe Europass, lena n-áirítear a n-inneachar agus a bhfeidhmiúlacht, éasca le húsáid agus slán, agus cuirfear ar fáil saor in aisce do gach úsáideoir iad.
2. Beidh ardán ar líne agus uirlisí gréasán-bhunaithe Europass, lena n-áirítear a n-inneachar agus a bhfeidhmiúlacht, inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a bunaíodh i ndlí ábhartha an Aontais.
3. Úsáidfidh uirlisí gréasán-bhunaithe Europass caighdeáin oscailte a chuirfear ar fáil saor in aisce, agus ar féidir le Ballstáit agus geallsealbhóirí eile iad a athúsáid ar bhonn deonach.
4. Déanfaidh uirlisí gréasán-bhunaithe Europass tagairt do EQF i bhfaisnéis maidir le cáilíochtaí, i gcur síos ar chórais oideachais agus oiliúna náisiúnta agus maidir le topaicí ábhartha eile, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir leis na himthosca náisiúnta.
5. Féadfaidh ardán ar líne Europass rogha a áireamh d'úsáideoirí chun sonraí pearsanta, amhail próifíl phearsanta, a stóráil. Beidh feidhm ag dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí i ndáil le sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil. Cuirfear roinnt roghanna ar fáil d'úsáideoirí chun go mbeidh siad in ann rochtain ar a gcuid sonraí nó ar airíonna áirithe a shrianadh.
6. Tacóidh Europass le seirbhísí fíordheimhnithe d'aon doiciméid dhigiteacha nó d'aon léirithe faisnéise maidir le scileanna agus cáilíochtaí.
7. Déanfar uirlisí gréasán-bhunaithe Europass a sheachadadh i dteangacha oifigiúla institiúidí an Aontais.
8. Tabharfaidh uirlisí gréasán-bhunaithe Europass tacaíocht le hinoibritheacht theicniúil agus áireofar iontu sineirgí le hionstraimí agus seirbhísí ábhartha eile arna dtairiscint ar leibhéal an Aontais agus i gcás inarb iomchuí, ar leibhéal náisiúnta.
Airteagal 5
Forlíontaí Europass
1. I gcomhréir le teimpléid, déanfaidh na húdaráis nó na comhlachtaí inniúla na forlíontaí Europass a eisiúint. Go háirithe, cloífear le hord gach ítime sna teimpléid, chun sothuigtheacht agus soláthar faisnéise iomlán a áirithiú.
2. Maidir leis na teimpléid dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún iad a fhorbairt agus, nuair is gá, iad a athbhreithniú, i ndlúthchomhar agus i ndlúthchomhairle leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí eile amhail An Chomhairle Eorpach agus Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe chun ábharthacht agus inúsáidteacht na bhforlíontaí a áirithiú.
3. Déanfar forlíonadh Europass a eisiúint saor in aisce, agus i gcás inar féidir é, i bhfoirm leictreonach. Déanfar forlíontaí Europass a eisiúint sa teanga náisiúnta agus, i gcás inar féidir é, i dteanga Eorpach eile.
4. Ní chuirfear forlíontaí Europass in ionad dioplómaí bunaidh nó teastais bhunaidh ná ní thabharfaidh forlíontaí Europass an ceart go ndéanfadh údaráis nó comhlachtaí inniúla thíortha eile aitheantas foirmiúil a thabhairt don dioplóma nó don teastas bunaidh.
Airteagal 6
Cúraimí an Choimisiúin
1. Déanfaidh an Coimisiún ardán ar líne Europass a bhainistiú. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún:
|
(a) |
infhaighteacht agus ardchaighdeán faisnéise ar leibhéal an Aontais, nó naisc chuig faisnéis den sórt sin, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3(2), a áirithiú; |
|
(b) |
forbairt, tástáil agus, nuair is gá, nuashonrú ar ardán ar líne Europass, lena n-áirítear caighdeáin oscailte, i gcomhréir le riachtanais úsáideora agus dul chun cinn sa teicneolaíocht chomh maith le hathruithe i margaí saothair agus i soláthar oideachais agus oiliúna; |
|
(c) |
a áirithiú go mbeidh sé cothrom le dáta leis na forbairtí teicneolaíochtaí is déanaí atá in ann feabhas a chur ar inrochtaineacht Europass do dhaoine níos sine agus do dhaoine faoi mhíchumas agus, i gcás inarb iomchuí, na forbairtí sin a ionchorprú; |
|
(d) |
a áirithiú go dtacaíonn aon fhorbairt nó nuashonrú ar ardán ar líne Europass, lena n-áirítear caighdeáin oscailte, le comhsheasmhacht faisnéise agus go léiríonn sé breisluach follasach; |
|
(e) |
a áirithiú go ndéantar aon uirlisí gréasán-bhunaithe, go háirithe uirlisí measúnaithe agus féinmheasúnaithe, a thástáil agus a áirithiú go hiomlán go bhfuil a gcáilíocht dearbhaithe; agus |
|
(f) |
cáilíocht ardán ar líne Europass, lena n-áirítear uirlisí gréasán-bhunaithe, a áirithiú agus faireachán a dhéanamh ar a éifeachtacht i gcomhréir le riachtanais na n-úsáideoirí. |
2. Áiritheoidh an Coimisiún cur chun feidhme éifeachtach an Chinnidh seo. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún:
|
(a) |
a áirithiú go mbeidh na Ballstáit páirteach agus rannpháirteach go gníomhach i bpleanáil straitéiseach, lena n-áirítear cuspóirí straitéiseacha a leagan síos agus a threorú, i ndearbhú cáilíochta agus i maoiniú, agus tabharfaidh sé aird chuí ar sheasaimh na mBallstát; |
|
(b) |
a áirithiú go mbeidh na Ballstáit páirteach agus rannpháirteach go gníomhach i bhforbairt, tástáil, nuashonrú agus meastóireacht ardán ar líne Europass, lena n-áirítear caighdeáin oscailte, agus aird chuí a thabhairt ar sheasaimh na mBallstát; |
|
(c) |
a áirithiú, ar leibhéal an Aontais, go bhfuil geallsealbhóirí ábhartha páirteach i gcur chun feidhme an Chinnidh seo agus i meastóireacht a dhéanamh air; |
|
(d) |
gníomhaíochtaí foghlama agus malartuithe dea-chleachtais a chur ar bun idir na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, comhairleoireacht piaraí a éascú arna hiarraidh sin ag na Ballstáit; agus |
|
(e) |
a áirithiú go gcuirfear gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun cinn, le treoir agus le faisnéis atá éifeachtach agus leormhaith ar bun ar leibhéal an Aontais chun dul chomh fada le húsáideoirí agus geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas. |
Airteagal 7
Cúraimí na mBallstát
1. Beidh gach Ballstát freagrach as cur chun feidhme an Chinnidh seo ar an leibhéal náisiúnta trí bhíthin na seirbhísí náisiúnta ábhartha agus gan dochar do shocruithe náisiúnta i dtéarmaí cur chun feidhme agus eagraithe. Chuige sin, déanfaidh na Ballstáit:
|
(a) |
comhordú ar na gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme uirlisí gréasán-bhunaithe Europass; |
|
(b) |
úsáid Europass a chur chun cinn agus an fheasacht agus an fheiceálacht a bhaineann leis a threisiú; |
|
(c) |
faisnéis a chur chun cinn agus a sholáthar maidir le seirbhísí a thairgeann treoir faoi shoghluaisteacht foghlama trasnáisiúnta agus faoi bhainistiú gairme, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, seirbhísí treorach aonair; |
|
(d) |
faisnéis maidir le deiseanna foghlama, le cáilíochtaí agus le cleachtais aitheantais a chur ar fáil ar ardán ar líne Europass lena n-áirítear trí naisc chuig suíomhanna gréasán ábhartha náisiúnta; |
|
(e) |
páirt a thabhairt do gheallsealbhóirí ó gach earnáil ábhartha, agus comhoibriú a chur chun cinn idir geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, sna gníomhaíochtaí a thagann faoina bhfreagracht. |
2. Ní chruthóidh an soláthar faisnéise chuig ardán ar líne Europass faoi Airteagal 3(2) aon oibleagáidí bhreise do na Ballstáit.
Airteagal 8
Próiseáil agus cosaint sonraí
Déanfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).
Airteagal 9
Faireachán agus meastóireacht
1. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le dul chun cinn agus maidir leis na forbairtí a bhfuiltear ag súil leo sa todhchaí tar éis an Cinneadh seo a ghlacadh, de réir mar is iomchuí, i gcomhthéacs na gcreataí beartais oideachais, oiliúna agus fostaíochta ábhartha.
2. Faoin 23 Bealtaine 2023, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Chinnidh seo.
3. Déanfaidh comhlacht neamhspleách an mheastóireacht a chur i gcrích bunaithe ar tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla arna bhforbairt ag an gCoimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit.
Airteagal 10
Tíortha rannpháirteacha
1. Beidh rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Chinneadh seo oscailte do bhaill an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch nach Ballstáit an Aontais iad, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
2. Beidh rannpháirtíocht oscailte freisin do stáit aontacha, do stáit is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas agus do stáit is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas leis an Aontas i gcomhréir lena gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis an Aontas.
Airteagal 11
Forálacha airgeadais
Déanfar cur chun feidhme an Chinnidh seo ar an leibhéal náisiúnta a chómhaoiniú trí chláir Aontais. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla a údarú faoi theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Airteagal 12
Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha
1. Aisghairtear Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE.
2. Leanfar d'oibriú chóras faisnéise Idirlíon-bhunaithe Europass arna bhunú le Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE go dtí go mbeidh ardán ar líne Europass, arna bhunú leis an gCinneadh seo, curtha ar bun agus go mbeidh sé oibríochtúil.
Airteagal 13
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Aibreán 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PAVLOVA
(1) IO C 173, 31.5.2017, lch. 45.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Márta 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus an cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2018.
(3) Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le creat aonair Comhphobail do thrédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass) (IO L 390, 31.12.2004, lch. 6).
(4) Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 maidir leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus lena n-aisghairtear moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le Creat Eorpach um Cháilíochtaí ar feadh an tsaoil a bhunú (IO C 189, 15.6.2017, lch. 15).
(5) Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú, (IO C 398, 22.12.2012, lch. 1).
(6) Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 21 Samhain 2008, maidir le treoir ar feadh an tsaoil a chomhtháthú níos fearr le straitéisí foghlama ar feadh an tsaoil (IO C 319, 13.12.2008, lch. 4).
(7) Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12, lch. 50).
(9) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).