28.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

35


RIALACHÁN (AE) 2017/2402 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Baineann urrúsú le hidirbhearta a chuireann ar chumas iasachtóra nó creidiúnaí — institiúid chreidmheasa nó corparáid de ghnáth — athmhaoiniú a dhéanamh ar thacar iasachtaí, neamhchosaintí nó earraí infhaighte amhail iasachtaí cónaithe, iasachtaí nó léasanna gluaisteán, iasachtaí tomhaltóirí, cártaí creidmheasa nó earraí infhaighte trádála, trí urrúis intrádála a dhéanamh díobh. Déanann an t-iasachtóir comhthiomsú agus athphacáistiú ar phunann dá iasachtaí, agus déanann sé iad a eagrú i gcatagóirí éagsúla riosca le haghaidh infheisteoirí éagsúla, rud a thugann rochtain d’infheisteoirí ar infheistíocht in iasachtaí agus i neamhchosaintí eile nach mbeadh rochtain dhíreach acu orthu de ghnáth. Gintear torthaí d’infheisteoirí ó shreafaí airgid na n-iasachtaí foluiteacha.

(2)

Ina theachtaireacht an 26 Samhain 2014 maidir le Plean Infheistíochta don Eoraip, d’fhógair an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige margaí urrúsúcháin d’ardchaighdeán a atosú, gan na botúin a rinneadh roimh an ngéarchéim airgeadais in 2008 a dhéanamh an athuair. Is cuid d’Aontas na Margaí Caipitil é margadh urrúsúcháin simplí trédhearcach caighdeánaithe a fhorbairt, rud a chuireann le cuspóir tosaíochta an Choimisiúin arb é tacú le poist a chruthú agus filleadh ar an bhfás inbhuanaithe.

(3)

Tá sé mar aidhm ag an Aontas an creat reachtach a cuireadh chun feidhme tar éis na géarchéime airgeadais a neartú chun dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann le hurrúsú casta, teimhneach rioscúil. Tá sé riachtanach a áirithiú go nglacfar rialacha chun idirdhealú níos fearr a dhéanamh idir táirgí simplí trédhearcacha caighdeánaithe agus ionstraimí casta, teimhneacha rioscúla agus creat stuamachta atá níos íogaire ó thaobh riosca de a chur i bhfeidhm.

(4)

Tá an t-urrúsú ina chuid thábhachtach de mhargaí airgeadais dea-fheidhmitheacha. Bealach tábhachtach é an t-urrúsú dea-struchtúrtha chun foinsí cistiúcháin a éagsúlú agus chun riosca a shannadh ar bhealach níos leithne laistigh de chóras airgeadais an Aontais. Fágann sé go mbeidh dáileadh níos leithne ar riosca na hearnála airgeadais agus féadann sé cabhrú le cláir chomhardaithe tionscnóra a ghlanadh ionas gur féidir iasachtú breise a dhéanamh sa gheilleagar. Ar an iomlán, féadann sé éifeachtúlacht sa chóras airgeadais a fheabhsú agus deiseanna infheistíochta breise a chur ar fáil. Féadann an t-urrúsú nasc a chruthú idir institiúidí creidmheasa agus margaí caipitil a théann chun tairbhe indíreach do ghnóthaí agus saoránaigh (trí, mar shampla, iasachtaí agus maoiniú gnó níos saoire, creidmheasanna do mhaoin dhochorraithe agus cártaí creidmheasa). Mar sin féin, aithnítear sa Rialachán seo na rioscaí a bhaineann le hidirnascthacht mhéadaithe agus le luamhánú iomarcach a eascraíonn ón urrúsú agus cuirtear le maoirseacht stuamachta ar an micrileibhéal ag údaráis inniúla ar rannpháirtíocht institiúide airgeadais sa mhargadh urrúsúcháin, chomh maith le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ar an margadh sin ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS)a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus ag na húdaráis náisiúnta inniúla agus ag na húdaráis náisiúnta ainmnithe le haghaidh ionstraimí stuamachta ar an macraileibhéal.

(5)

Chun creat stuamachta maidir le hurrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe (“STS”) atá níos íogaire ó thaobh riosca a bhunú is gá don Aontas urrúsú STS a shainmhíniú go soiléir, mar mura ndéanfaí amhlaidh bheadh an láimhseáil rialála níos íogaire ó thaobh riosca ar fáil d’institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí árachais i gcás urrúsuithe de chineálacha éagsúla i mBallstáit éagsúla. Bheadh deis iomaíochta mhíchothrom agus arbatráiste rialála mar thoradh air sin ach tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfeidhmíonn an tAontas mar mhargadh aonair le haghaidh urrúsuithe STC agus go n-éascaíonn sé idirbhearta trasteorann.

(6)

I gcomhréir leis na sainmhínithe atá ann cheana i reachtaíocht earnála an Aontais, is iomchuí sainmhínithe a sholáthar maidir le príomhchoincheapa an urrúsúcháin. Go háirithe, tá gá le sainmhíniú soiléir, uilechuimsitheach ar an urrúsú chun aon idirbheart nó scéim a chumhdach lena ndéantar tráinsiú ar riosca creidmheasa a bhaineann le neamhchosaint nó le comhthiomsú neamhchosaintí. Maidir le neamhchosaint lena gcruthaítear oibleagáid íocaíochta dírí le haghaidh idirbheart nó scéim a úsáidtear chun sócmhainní fisiciúla a mhaoiniú nó a oibriú, níor cheart go measfaí go bhfuil sí ina neamhchosaint ar urrúsú, fiú má bhaineann oibleagáidí íocaíochta leis an idirbheart nó leis an scéim a bhfuil sinsearachtaí éagsúla acu.

(7)

Ba cheart go mbeadh urraitheoir in ann cúraimí a tharmligean chuig seirbhíseoir, ach ba cheart dó féin a bheith freagrach i gcónaí as an mbainistiú riosca. Go háirithe, níor cheart don urraitheoir an ceanglas maidir le coinneáil riosca a aistriú go dtí a sheirbhíseoir. Ba cheart gurb é a bheadh sa seirbhíseoir bainisteoir sócmhainní rialáilte amhail bainisteoir gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI), bainisteoir cistí infheistíochta malartacha, nó eintiteas dá dtagraítear i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (5) (eintiteas MiFID).

(8)

Leis an Rialachán seo tugtar isteach toirmeasc ar ath-urrúsú, faoi réir maoluithe i gcásanna áirithe ath-urrúsuithe a mbaintear úsáid astu chun críocha dlisteanacha agus faoi réir soiléirithe cibé an meastar cláir páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (ABCP) a bheith ina n-ath-urrúsuithe. Féadann ath-urrúsuithe cur isteach ar leibhéal na trédhearcachta atá mar aidhm don Rialachán seo. Mar sin féin, féadann ath-urrúsuithe a bheith úsáideach, i gcásanna eisceachtúla, ar mhaithe le leasanna infheisteoirí a chaomhnú. Dá bhrí sin, níor cheart athurrúsuithe a cheadú ach amháin i gcásanna sonracha mar a bhunaítear leis an Rialachán seo. Sa bhreis air sin, tá sé tábhachtach ar mhaithe le maoiniú an fhíorgheilleagair go leanann cláir ABCP nach dtugtar aon athtrainsiú sa bhreis ar idirbhearta atá á gcistiú leis an gclár de bheith lasmuigh de raon feidhme an toirmisc ar ath-urrúsú.

(9)

Ní amháin go bhfuil an t-infheisteoir gan chosaint ar rioscaí creidmheasa na n-iasachtaí foluiteacha nó na neamhchosaintí foluiteacha mar thoradh ar infheistíocht a dhéanamh in urrúsuithe nó neamhchosaint orthu, ach d’fhéadfadh rioscaí eile amhail rioscaí gníomhaíochta, riosca de bharr samhaltú, riosca dlíthiúil agus oibríochtúil, riosca contrapháirtí, riosca seirbhísi, riosca leachtachta agus riosca comhchruinnithe a bheith mar thoradh ar phróiseas struchtúraithe urrúsuithe. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach go mbeadh infheisteoirí institiúideacha faoi réir ceanglais chomhréireacha maidir le dícheall cuí lena n-áirithítear go ndéanann siad measúnú mar is ceart ar na rioscaí a bhaineann le gach cineál urrúsúcháin, chun tairbhe na n-infheisteoirí deiridh. Mar sin, má dhéantar dícheall cuí is féidir muinín sa mhargadh a fheabhsú chomh maith le muinín idir tionscnóirí, urraitheoirí agus infheisteoirí aonair a fheabhsú. Is gá go ndéanfaidh infheisteoirí dícheall cuí mar is iomchuí maidir le hurrúsuithe STC. Is féidir leo iad féin a chur ar an eolas leis an bhfaisnéis a nochtann na páirtithe urrúsúcháin, go háirithe an fógra STS agus an fhaisnéis ghaolmhar a nochtar sa chomhthéacs seo, faisnéis lenar cheart an fhaisnéis iomchuí go léir a chur ar fáil d’infheisteoirí maidir le conas a chomhlíontar na critéir STS. Ba cheart d’infheisteoirí institiúideacha a bheith in ann brath go hiomchuí ar an bhfógra STS agus ar an bhfaisnéis atá nochta ag an tionscnóir, ag an urraitheoir agus ag an eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin (SSPE) maidir le cé acu a gcomhlíonann urrúsú ceanglais STS nó nach gcomhlíonann. Mar sin féin, níor cheart dóibh brath go meicníoch ar an bhfógra ná ar an bhfaisnéis sin, ná níor cheart dóibh brath orthu sin amháin.

(10)

Tá sé riachtanach go ndéanfaí ailíniú ar leasanna tionscnóirí, urraitheoirí, iasachtóirí bunaidh atá páirteach in urrúsú agus infheisteoirí. Chuige sin, ba cheart don tionscnóir, don urraitheoir nó don iasachtóir bunaidh leas suntasach a choinneáil i neamhchosaintí foluiteacha an urrúsúcháin. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin go gcoinneodh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh glan-neamhchosaint eacnamaíoch ábhartha ar na rioscaí foluiteacha atá i gceist. I dtéarmaí níos ginearálta, níor cheart idirbhearta urrúsúcháin a struchtúrú sa chaoi go ndéanfaí cur i bhfeidhm an cheanglais choinneála a sheachaint. Ba cheart an ceanglas sin a bheith infheidhme i ngach cás ina bhfuil substaint eacnamaíoch urrúsúcháin infheidhme, is cuma cé na struchtúir dhlíthiúla nó ionstraimí dlí a úsáidtear. Ní gá go ndéanfaí an ceanglas coinneála a chur i bhfeidhm níos mó ná aon uair amháin. I gcás aon urrúsú ar leith, is leor gan ach an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh a bheith faoi réir an cheanglais. Mar an gcéanna, i gcás ina bhfuil suíomhanna urrúsúcháin eile ina neamhchosaintí foluiteacha in idirbhearta urrúsúcháin, níor cheart an ceanglas coinneála a chur i bhfeidhm ach maidir leis an urrúsú atá faoi réir na hinfheistíochta. Léiríonn an fógra STS d’infheisteoirí go bhfuil an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh ag coinneáil glan-neamhchosaint eacnamaíoch ábhartha ar na rioscaí foluiteacha. Ba cheart eisceachtaí áirithe a dhéanamh i gcásanna ina ndéanann údaráis phoiblí go háirithe neamhchosaintí urrúsúcháin a ráthú go hiomlán, go neamhchoinníollach agus go neamh-inchúlghairthe. I gcás gur as foinsí poiblí a chuirtear tacaíocht ar fáil, i bhfoirm ráthaíochtaí nó eile, ní dochar do rialacha Státchabhrach aon fhorálacha atá sa Rialachán seo.

(11)

Níor cheart do thionscnóirí ná urraitheoirí leas a bhaint as an dóigh go bhféadfaí tuilleadh faisnéise a bheith acu ná a bheadh ag infheisteoirí agus infheisteoirí ionchasacha i ndáil leis na sócmhainní a aistrítear chuig SSPE, agus aistriú chuig sócmhainní SSPE i ngan fhios do na hinfheisteoirí nó d’infheisteoirí ionchasacha a bhfuil próifíl riosca creidmheasa níos airde acu ná sócmhainní inchomparáide atá ar chlár comhardaithe na dtionscnóirí. Ba cheart sárú ar an oibleagáid sin a bheith faoi réir smachtbhannaí a bheadh le forchur ag na húdaráis inniúla, ach chaithfeadh go ndéanfaí an sárú d’aon ghnó. Níor cheart go mbeadh faillí faoi réir smachtbhanna faoin bhforáil seo.Níor cheart go ndéanfadh an oibleagáid sin dochar in aon slí do cheart tionscnóirí nó urraitheoirí sócmhainní a roghnú a aistreofar chuig SSPE a bhfuil próifíl riosca creidmheasa níos airde ná an meán acu ex-ante i gcomparáid leis an meánphróifíl riosca creidmheasa de shócmhainní inchomparáide a fhanann ar chlár comhardaithe an tionscnóra, ar choinníoll go gcuirtear an phróifíl riosca creidmheasa níos ísle in iúl go soiléir d’infheisteoirí nó d’infheisteoirí ionchasacha. Ba cheart d’údaráis inniúla maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide seo trí chomparáid a dhéanamh idir na sócmhainní is bunús le hurrúsú agus sócmhainní inchomparáide atá ar chlár comhardaithe an tionscnóra.

Ba cheart an chomparáid ar fheidhmíocht a dhéanamh idir sócmhainní atá ex-ante lena bhfuiltear ar siúl le feidhmíochtaí comhchosúla, mar shampla idir morgáistí cónaithe neamhthuillmheacha a aistríodh chuig SSPE agus morgáistí cónaithe neamhthuillmheacha atá ar chlár comhardaithe an tionscnóra.

Níl toimhde ann gur cheart do na sócmhainní is bunús le hurrús feidhmiú ar an gcaoi chéanna leis na mean-sócmhainní atá ar chlár comhardaithe an tionscnóra.

(12)

Braitheann an cumas a bhíonn ag infheisteoirí agus ag infheisteoirí ionchasacha dícheall cuí a dhéanamh, agus dá bharr sin measúnú feasach a dhéanamh maidir le creidmheasa ionstraim urrúsúcháin ar leith, ar an rochtain atá acu ar fhaisnéis maidir leis na hionstraimí sin. Bunaithe ar an acquis atá ann cheana, tá sé tábhachtach córas cuimsitheach a chruthú a thabharfaidh rochtain d’infheisteoirí agus d’infheisteoirí ionchasacha ar an bhfaisnéis iomchuí go léir thar shaolré iomlán na n-idirbheart, chun cúraimí tuairiscithe tionscnóirí, urraitheoirí agus SPPEnna a laghdú agus chun rochtain leanúnach, furasta agus saor ar fhaisnéis iontaofa maidir le hurrúsuithe a éascú. Chun trédhearcacht an mhargaidh an fheabhsú, ba cheart creat le haghaidh stórtha urrúsúcháin chun tuarascálacha ábhartha a bhailiú, maidir le neamhchosaintí foluiteacha in urrúsuithe go príomhá, a bhunú. Ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (“ÚEUM”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) ÚEUM stórtha urrúsúcháin den sórt sin a údarú agus a mhaoirsiú. Agus sonraí de chúraimí tuairiscithe den sórt sin á sonrú, ba cheart do ÚEUM a áirithiú go léireofaí san fhaisnéis is gá a thuairisciú do stórtha den sórt sin a mhéid agus ab fhéidir na teimpléid atá ann cheana i ndáil le nochtadh faisnéise den sórt sin.

(13)

Is é príomhchuspóir na hoibleagáide ginearálta don tionscnóir, don urraitheoir agus do SSPE faisnéis maidir le hurrúsuithe a chur ar fáil tríd an stór urrúsúcháin foinse aonair mhaoirsithe de na sonraí is gá chun a ndícheall cuí a dhéanamh a thabhairt d’infheisteoirí. Is minic a bhíonn urrúsuithe príobháideacha saincheaptha. Tá siad tábhachtach mar féadfaidh páirtithe dul i mbun idirbhearta urrúsúcháin gan faisnéis tráchtála atá íogair maidir leis an idirbheart (mar shampla ag nochtadh go bhfuil cistiú de dhíth ar chuideachta áirithe chun táirgeadh a mhéadú nó go bhfuil gnólacht infheistíochta ag dul isteach i margadh nua mar chuid dá straitéis) agus/nó a bhaineann leis na sócmhainní foluiteacha (mar shampla maidir leis an gcineál trádála a ghineann gnólacht tionscail) a nochtadh chuig an margadh agus iomaitheoirí. Sna cásanna sin, bíonn infheisteoirí i dteagmháil dhíreach leis an tionscnóir agus/nó leis an urraitheoir agus faigheann siad an fhaisnéis atá riachtanach chun a ndícheall cuí a dhéanamh go díreach uathu. Dá bhrí sin, is cuí urrúsuithe príobháideacha a mhaolú ón gceanglas maidir le fógra a thabhairt faoi fhaisnéis an idirbhirt do stór urrúsúcháin.

(14)

Na critéir fhónta, dhea-shainithe chun creidmheas a dheonú, a úsáidtear i gcás neamhchosaintí neamhurrúsaithe, ba cheart do thionscnóirí, d’urraitheoirí agus d’iasachtóirí bunaidh na critéir chéanna sin a chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí a bheidh le hurrúsú. Mar sin féin, a mhéid nach i bhfoirm iasachta a thionscnaítear earraí infhaighte trádála, ní gá critéir chun creidmheas a dheonú a chomhlíonadh i ndáil le hearraí infhaighte trádála.

(15)

Go ginearálta níl ionstraimí urrúsúcháin iomchuí do chliaint miondíola de réir bhrí Threoir 2014/65/AE.

(16)

Ba cheart do thionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna na sonraí ábhartha go léir a chur ar fáil sa tuarascáil don infheisteoir maidir leis an gcáilíocht chreidmheasa agus feidhmiú neamhchosaintí foluiteacha, lena n-áirítear sonraí a chuirfidh ar chumas infheisteoirí faillí agus mainneachtain féichiúnaithe foluiteacha, athstruchtúrú fiachais, maitheamh fiachais, staonadh, athcheannach, sos íocaíochta, caillteanais, dearbhuithe go bhfuil fiachas neamhthuillmheach, gnóthú agus leigheasanna eile maidir le feidhmiú sócmhainní i gcomhthiomsú neamhchosaintí foluiteacha a aithint. Ba cheart a áireamh sa tuarascáil don infheisteoir, i gcás urrúsúcháin nach idirbheart ABCP é, sonraí maidir leis na sreafaí airgid ó neamhchosaintí foluiteacha agus ó dhliteanais an urrúsúcháin, eadhon nochtadh ar leithligh ioncam agus eisíocaíochtaí an tsuímh urrúsúcháin, .i. príomhshuim sceidealaithe, ús sceidealaithe, príomhshuim réamhíoctha, ús agus táillí agus muirir thar téarma agus sonraí faoi aon teagmhas lena spreagfaí athruithe ar an tosaíocht maidir le híocaíocht nó athsholáthar contrapháirtithe uaidh chomh maith le sonraí maidir le méid agus cineál an fheabhsuithe creidmheasa ar fáil do gach tráinse. Cé gur fheidhmigh urrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe go maith roimhe seo, ní chiallaíonn comhlíonadh aon cheanglais STS go bhfuil an suíomh urrúsúcháin saor ó rioscaí, ná ní léiríonn sé aon rud faoi cháilíocht an chreidmheasa is bun leis an urrúsú. Ina ionad sin, ba cheart go dtuigfí as go léiríonn sé go mbeidh infheisteoir stuama agus dícheallach in ann anailís a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an urrúsú.

D’fhonn go bhféadfadh gnéithe struchtúracha éagsúla d’urrúsuithe fadtéarmacha agus d’urrúsuithe gearrthéarmacha (eadhon cláir ABCP agus idirbhearta ABCP) a bheith ann, ba cheart go mbeadh dhá shórt ceanglas STS ann: ceann amháin a bhaineann le hurrúsuithe fadtéarmacha agus ceann eile a bhaineann le hurrúsuithe gearrthéarmacha atá comhfhreagrach leis an dá dheighleog margaidh a fheidhmíonn go héagsúil. Braitheann cláir ABCP ar roinnt idirbheart ABCP, ar idirbhearta de neamhchosaintí gearrthéarmacha iad is gá a athsholáthar nuair a aibíonn siad. In idirbheart ABCP, d’fhéadfaí urrúsú a bhaint amach, inter alia, trí chomhaontú maidir le lascaine athraitheach ar an bpraghas ceannaigh ar an gcomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha, nó maidir le heisiúint nótaí sóisearacha agus sinsearacha ag SSPE i struchtúr comhchistithe, faoina n-aistreofar na nótaí sinsearacha chuig na heintitis cheannaigh de chlár ABCP amháin nó níos mó. Níor cheart go n-áireofaí ath-urrúsuithe ar idirbhearta ABCP a cháilíonn mar STS, áfach. Ina theannta sin, ba cheart go léireofaí faoi chritéir STS ról sonrach an urraitheora a chuireann tacaíocht leachtachta ar fáil do chlár ABCP, go háirithe do chláir ABCP a dtacaítear leo go hiomlán.

(17)

Tá go leor oibre déanta cheana féin ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon chun urrúsú STS a shainaithint agus, i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 (7) I Rialachán Tarmligthe 2015/61 (8) ón gCoimisiún, leagadh síos critéir cheana féin maidir le hurrúsú STC chun críoch sonraithe, lena dtugtar cóir stuamachta atá níos íogaire ó thaobh riosca de.

(18)

Níor cheart SSPEnna a bhunú ach amháin i dtríú tíortha nach bhfuil liostaithe mar dhlínsí ardriosca agus neamh-chomhoibríocha ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF). Más rud é go nglacfar liosta sonrach an Aontais de dhlínsí tríú tíortha a dhiúltaíonn caighdeáin dea-rialachas cánach a chomhlíonadh faoin tráth go ndéanfar athbhreithníu ar an Rialachán seo, ba cheart liosta an Aontais a chur san áireamh agus d’fhéadfadh a leithéid a bheith mar liosta tagartha le haghaidh tríú tíortha nach gceadófar SSPE a bhunú iontu.

(19)

Tá sé riachtanach sainmhíniú ginearálta ar urrúsú STS a leagan síos a bheidh infheidhme trasna na n-earnálacha atá bunaithe ar na critéir atá ann cheana, mar aon leis na critéir a ghlac Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO) an 23 Iúil 2015 maidir le hurrúsuithe simplí trédhearcacha inchomparáide a shainaithint faoi chuimsiú leordhóthanacht chaipitil le haghaidh urrúsuithe, agus go háirithe ar Thuairim an Údaráis Baincéireachta Eorpach (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán(AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le creat Eorpach maidir le hurrúsú cáilitheach a foilsíodh an 7 Iúil 2015.

(20)

Níor cheart cineálacha éagsúla cur chuige a bheith ann ar fud an Aontais mar thoradh ar na critéir STS a chur chun feidhme. Chruthódh cineálacha éagsúla cur chuige mar sin bacainní féideartha d’infheisteoirí trasteorann trí iallach a chur orthu iad féin a chur ar an eolas maidir le mionsonraí chreata na mBallstát, agus a bhainfeadh an bonn de mhuinín na n-infheisteoirí as na critéir STS ar a ngcaoi sin. Ba cheart don ÚBE treoirlínte a fhorbairt chun comhthuiscint chomhsheasmhach ar na ceanglais STS ar fud an Aontais a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna léirithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Le foinse aonair léirithe den sórt sin éascófar glacadh chritéir STC ag tionscnóirí, urraitheoirí agus infheisteoirí. Ba cheart ról gníomhach a bheith ag an ÚEUM freisin in aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna léirithe a d’fhéadfadh a bheith ann.

(21)

D’fhonn cur chuige éagsúil maidir le cur chun feidhme na critéir STS sin a sheachaint, ba cheart do na trí Údarás Eorpacha Maoirseachta (ESAanna), i gcreat Chomhchoiste na nÚdarás Eorpach Maoirseachta a gcuid oibre agus obair na n-údarás inniúil a chomhordú chun comhsheasmhacht trasearnála a áirithiú agus chun measúnú a dhéanamh ar cheisteanna praiticiúla a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir le hurrúsuithe STC. Agus é sin á dhéanamh, ba cheart tuairimí rannpháirtithe sa mhargadh a iarraidh chomh maith agus iad a chur san áireamh a mhéid is féidir. Ba cheart toradh an phlé sin a chur ar fáil go poiblí ar shuíomhanna gréasáin na nÚdarás Eorpach Maoirseachta d’fhonn cabhrú le tionscnóirí, le hurraitheoirí, le SSPEnna agus le hinfheisteoirí measúnú a dhéanamh ar urrúsuithe STS sula ndéanfar eisiúint nó infheistiú i suíomhanna den chineál sin. Bheadh sásra comhordaithe den chineál sin tábhachtach go háirithe sa tréimhse roimh chur chun feidhme an Rialacháin seo.

(22)

Leis an Rialachán seo ní cheadaítear ach urrúsuithe “fíordhíolacháin” a ainmniú mar STS. I gcás urrúsú fíordhíolacháin, déantar úinéireacht na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú nó a shannadh go héifeachtach chuig eintiteas eisitheora ar eintiteas SSPE é. Níor cheart aistriú nó sannadh na neamhchosaintí foluiteacha chuig an SSPE a bheith faoi réir forálacha aisghlámtha i gcás ina bhfuil an díoltóir dócmhainneach, gan dochar d’fhorálacha na ndlíthe náisiúnta dócmhainneachta faoina bhféadfaí díol neamhchosaintí foluiteacha a thugtar i gcrích laistigh de thréimhse áirithe sula ndearbhaítear go bhfuil an díoltóir dócmhainneach, a neamhbhailíochtú, faoi choinníollacha dochta.

(23)

D’fhéadfaí an fíordhíolachán nó an sannachán nó an t-aistriú lena ngabhann an éifeacht chéanna dhlíthiúil na neamhchosaintí foluiteacha a dhearbhú le tuairim dhlíthiúil ó dhlíodóir cáilithe agus infhorfheidhmitheacht an fhíordhíolacháin, an tsannacháin nó an aistrithe sin a dhearbhú leis an éifeacht chéanna dhlíthiúil faoin dlí is infheidhme.

(24)

I gcás urrúsuithe nach “fíordhíolachán” iad, ní dhéantar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú chuig eintiteas eisitheora ar eintiteas SSPE é, ach ina áit sin déantar an riosca creidmheasa a bhaineann leis na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú trí bhíthin conradh díorthach nó ráthaíochtaí. Leis sin tugtar isteach riosca creidmheasa contrapháirtí breise agus castacht fhéideartha a bhaineann go háirithe le hábhar an chonartha dhíorthaigh. Ar na cúiseanna sin, níor cheart go gceadófaí urrúsuithe sintéiseacha faoi chritéir STS.

Ba cheart go n-aithneofaí an dul chun cinn a rinne ÚBE ina thuarascáil i mí na Nollag 2015, ina sainaithnítear na critéir STC a d’fhéadfadh a bheith ann don urrúsú sintéiseach agus lena sainmhínítear “urrúsú sintéiseach an chláir comhardaithe” agus “urrúsú sintéiseach arbatráiste”. A luaithe a chinnfidh ÚBE tacar critéar STS is infheidhme go sonrach le hurrúsuithe sintéiseacha an chláir comhardaithe, agus d’fhonn maoiniú don fhíorgheilleagar a chur chun cinn, go háirithe do FBManna a bhaineann an leas is mó ó urrúsuithe den sórt sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a dhréachtú agus, más iomchuí, togra reachtach a ghlacadh chun an creat STS a leathnú go n-áireofaí urrúsuithe den sórt sin.Níor cheart go molfadh an Coimisiún leathnú den sórt sin i dtaca le hurrúsuithe sintéiseacha arbatráiste.

(25)

Ba cheart do na neamhchosaintí foluiteacha a aistríodh ón díoltóir chuig an SSPE critéir incháilitheachta a chomhlíonadh atá sainithe go soiléir agus nach gceadaíonn bainistiú gníomhach punainne ar na neamhchosaintí sin ar bhonn roghnach. I bprionsabal, níor cheart ionadú neamhchosaintí a sháraíonn uiríll agus barántaí a mheas mar bhainistiú gníomhach punainne.

(26)

Níor cheart go n-áireofar sna neamhchosaintí foluiteacha neamhchosaintí mainneachtana nó neamhchosaintí d’fhéichiúnaithe nó do ráthóirí atá, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh, i ndálaí sonraithe lagchreidmheasa, (mar shampla féichiúnaithe atá dearbhaithe a bheith dócmhainneach).

Ba cheart an caighdeán “chomh fada is eol” a mheas a bheith comhlíonta ar bhonn na faisnéise a fhaightear ó fhéichiúnaithe ar thionscnamh na neamhchosaintí, na faisnéise ón tionscnóir le linn na neamhchosaintí a sheirbhísiú, nó a nós imeachta bainistithe riosca nó faisnéis a chuir tríú páirtí in iúl don tionscnóir.

Ba cheart leas a bhaint as cur chuige stuama i gcás neamhchosaintí a bhí neamhthuillmheach agus a ndearnadh athstruchtúrú orthu ina dhiaidh sin. Níor cheart a eisiamh, áfach, go n-áireofaí na neamhchosaintí athstruchtúraithe sin ar chomhthiomsú na neamhchosaintí foluiteacha i gcás nach mbeidh riaráistí nua ag gabháil leis na neamhchosaintí sin ón dáta a ndearnadh an t-athstruchtúrú, ar athstruchtúrú é ar cheart a bheith déanta ar a laghad aon bhliain amháin roimh an dáta ar aistríodh na neamhchosaintí foluiteacha chuig SSPE nó ar sannadh iad dóibh. Sa chás sin, ba cheart, le nochtadh leordhóthanach, trédhearcacht iomlán a áirithiú.

(27)

Chun a áirithiú go ndéanfaidh infheisteoirí dícheall cuí stóinsithe agus chun measúnú ar rioscaí foluiteacha a éascú, tá sé tábhachtach go mbeadh idirbhearta urrúsúcháin bunaithe ar chomhthiomsuithe neamhchosaintí atá aonchineálach ó thaobh an chineáil sócmhainne de, amhail comhthiomsuithe iasachtaí cónaithe, nó comhthiomsuithe d’iasachtaí corparáideacha, d’iasachtaí maoine gnó léasanna agus saoráidí creidmheasa do ghnóthais sa chatagóir chéanna, nó comhthiomsuithe d’iasachtaí gluaisteáin agus léasanna gluaisteáin, nó comhthiomsuithe saoráidí creidmheasa chuig daoine aonair chun críocha tomhaltais phearsanta, clainne nó teaghlaigh. Níor cheart go n-áireofar ar na neamhchosaintí foluiteacha, urrúis inaistrithe mar a shainítear iad i bpointe (44) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE. Chun freastal ar na Ballstáit sin inar gnáthchleachtas é go n-úsáideann institiúidí creidmheasa bannaí in ionad comhaontuithe iasachta chun creidmheas a chur ar fáil do chorparáidí neamhairgeadais, ba cheart go bhféadfaí na bannaí sin a chur san áireamh, ar an gcoinníoll nach liostaítear iad ar ionad trádála.

Ba cheart go a chur de chúram ar ÚBE caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na critéir aonchineálachta a shoiléiriú faoi na ceanglais maidir le simplíocht. Á dhéanamh sin, ba cheart dó a áirithiú nach mbeadh tionchar diúltach ar urrúsú iasachtaí do FBManna.

(28)

Tá sé riachtanach cosc a chur ar atarlú samhlacha “táirgí a thionscnamh lena ndáileadh”. I gcásanna mar sin cuireann iasachtóirí beartais frithgheallta atá easnamhach agus lag i bhfeidhm agus creidmheasanna á ndeonú acu mar go bhfuil a fhios acu cheana féin gur le tríú páirtithe a dhíoltar na rioscaí lena mbaineann ar deireadh. Ar an gcaoi sin, ba cheart na neamhchosaintí atá le hurrúsú a thionscnamh i ngnáthchúrsaí gnó an tionscnóra nó an iasachtóra bunaidh de bhun caighdeáin fhrithgheallta atá chomh dian céanna ar a laghad leis na caighdeáin a chuireann an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh i bhfeidhm tráth a dtionscnaítear neamhchosaintí comhchosúla nach ndearnadh urrúsú orthu. Ba cheart athruithe ábhartha i gcaighdeáin frithgheallta a nochtadh ina n-iomláine d’infheisteoirí ionchasacha, nó, i gcás chláir ABCP a dtacaítear leo go hiomlán, don urraitheoir agus do pháirtithe eile a bheidh neamhchosanta ar bhealach díreach ar idirbheart ABCP. Ba cheart a dhóthain taithí a bheith ag an tionscnóir nó ag an iasachtóir bunaidh i neamhchosaintí atá cosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu. I gcás urrúsuithe ar iasachtaí cónaithe na neamhchosaintí foluiteacha, maidir leis an gcomhthiomsú iasachtaí, níor cheart aon iasacht a bheith ina cuid de a cuireadh ar an margadh agus a frithghealladh ar an mbonn gur cuireadh in iúl don iarratasóir ar iasacht, nó d’idirghabhálaithe nuair is infheidhme, go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis a cuireadh ar fáil fíoraithe ag an iasachtóir. Ba cheart an measúnú ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtaí, nuair is infheidhme, na ceanglais a chomhlíonadh atá leagtha amach i dTreoir 2008/48/CE (10) nó Treoir 2014/17/AE (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó ceanglais choibhéiseacha a chomhlíonadh i dtríú tíortha.

(29)

Má bhítear ag brath go mór, maidir le haisíoc suíomhanna urrúsúcháin, ar dhíol na sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú, cruthaítear leochaileachtaí mar a chonacthas le drochfheidhmíocht codanna de mhargadh urrúsuithe tráchtála le taca morgáistí (CMBS) le linn na géarchéime airgeadais. Dá bhrí sin, níor cheart a mheas gur urrúsuithe STS iad CMBS.

(30)

I gcás ina mbeadh sonraí ar fáil maidir le tionchar timpeallachta sócmhainní a fholuíonn urrúsuithe, ba cheart do thionscnóir agus d’urraitheoir na n-urrúsuithe den sórt sin é a fhoilsiú.

Dá bhrí sin, más iasachtaí cónaithe nó iasachtaí gluaisteáin nó léasanna gluaisteáin iad na neamhchosaintí foluiteacha, ba cheart do thionscnóir, d’urraitheoir nó do SSPE urrúsú STS an fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann le feidhmíocht timpeallachta na sócmhainní arna maoiniú trí iasachtaí cónaithe nó iasachtaí gluaisteáin nó léasanna gluaisteáin den sórt sin.

(31)

I gcás ina dteastaíonn ó thionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna an t-ainmniú STS a úsáid ar a gcuid urrúsuithe, ba cheart fógra a thabhairt d’infheisteoirí, d’údaráis inniúla agus do ÚEUM go gcomhlíonann an t-urrúsú na ceanglais STS. Ba cheart míniú a áireamh san fhógra ar an gcaoi ar comhlíonadh gach ceann de na critéir STS. Ba cheart do ÚEUM é a fhoilsiú ina dhiaidh sin ar liosta d’urrúsuithe STS ar tugadh fógra fúthu, ar liosta é a chuirfear ar fáil ar a shuíomh gréasáin chun críocha faisnéise. Ní chiallaíonn eisiúint urrúsúcháin ar liosta ÚEUM d’urrúsuithe STS ar tugadh fógra fúthu go bhfuil sé deimhnithe ag ÚEUM nó ag údaráis inniúla eile go gcomhlíonann an t-urrúsú na ceanglais STS. Is iad na tionscnóirí, na hurraitheoirí agus na SSPEnna amháin atá freagrach as comhlíonadh na gceanglas STS. Áiritheofar leis sin go nglacfaidh tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna freagracht as a rá gur urrúsú STS atá i gceist agus go bhfuil trédhearcacht sa mhargadh.

(32)

I gcás nach gcomhlíonann urrúsú na ceanglais STS a thuilleadh, ba cheart don tionscnóir, don urraitheoir agus don SSPE fógra a thabhairt do ÚEUM agus don údarás inniúil ábhartha láithreach. Ina theannta sin, i gcás inar fhorchuir údarás inniúil smachtbhannaí riaracháin maidir le hurrúsú ar fógraíodh go raibh sé STS, ba cheart don údarás inniúil sin fógra a thabhairt do ÚEUM láithreach ionas go ndéanfaí iad a chur ar liosta na bhfógraí STS a cheadaíonn d’infheisteoirí a bheith ar an eolas faoi smachtbhannaí den chineál sin agus faoi iontaofacht fógraí STS. Mar sin, is le leas tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna fógraí dea-mhachnaithe a dhéanamh d’fhonn iarmhairtí clú a sheachaint.

(33)

Ba cheart d’infheisteoirí a ndícheall cuí féin a dhéanamh ar infheistíochtaí, i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann leo, ach ba cheart iad a bheith in ann brath ar na fógraí STS agus ar an bhfaisnéis a nocht an tionscnóir, an t-urraitheoir agus an SSPE maidir le cibé an gcomhlíonann urrúsúchán ceanglais STS. Mar sin féin, níor cheart dóibh brath go meicníoch ar an bhfógra ná ar an bhfaisnéis sin, ná níor cheart dóibh brath orthu sin amháin.

(34)

D’fhéadfadh go mbeadh páirtíocht tríú páirtithe maidir le comhlíonadh urrúsuithe leis na ceanglais STS a sheiceáil cabhrach d’infheisteoirí, tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna agus d’fheádfadh sé cur le muinín i margadh na n-urrúsuithe STS. D’fhéadfadh go n-úsáidfeadh tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna freisin seirbhísí tríú páirtí arna údarú i gcomhréir leis an Rialachán seo chun a mheasúnú an gcomhlíonann an t-urrúsú na ceanglais STS. Ba cheart do na tríú páirtithe sin a bheith faoi réir a n_údaraithe ag na húdaráis inniúla. Ba cheart go luafaí san fhógra chuig ÚEUM agus san fhoilseachán ina dhiaidh sin ar shuíomh gréasáin ÚEUM cibé ar dheimhnigh tríú páirtí údaraithe comhlíonadh STS. Mar sin féin, tá sé riachtanach go ndéanfadh infheisteoirí a measúnú féin, go nglacfaidís freagracht as a gcinntí infheistíochta féin agus nach mbeidís ag brath go meicníoch ar thríú páirtithe den chineál sin. Níor cheart go mbainfeadh páirtíocht tríú páirtí freagracht dhlíthiúil deiridh de na tionscnoirí, na hurraitheoirí agus na hinfheisteoirí institiúideacha in aon chaoi i ndáil le hidirbheart urrúscháin a chur in iúl agus a láimhseáil mar STS.

(35)

Ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú agus na cumhachtaí smachtbhannaí, imscrúdaitheacha agus maoirseachta riachtanacha a thabhairt dóibh. Ba cheart, i bprionsabal, smachtbhannaí riaracháin a fhoilsiú. Ós rud é go bhféadfadh infheisteoirí, tionscnóirí, urraitheoirí, iasachtóirí bunaidh agus SSPEnna bheith bunaithe i mBallstáit éagsúla agus bheith faoi mhaoirseacht ag údaráis inniúla in earnálacha éagsúla ba cheart dlúthchomhar idir údaráis inniúla iomchuí, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach (BCE) i ndáil le cúraimí sonracha a bhronntar air faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (12), agus leis na hÚEManna a áirithiú trí mhalartú frithpháirteach faisnéise agus trí chúnamh i dtaca le gníomhaíochtaí maoirseachta. Níor cheart d’údaráis inniúla smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás sáruithe a dhéantar d’aon ghnó nó le faillí. Níor cheart go mbraithfeadh cur chun feidhme bearta feabhais ar fhianaise intinne nó faillí. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cineál agus le leibhéal na smachtbhannaí, agus acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh sin a bheidh freagrach, ba cheart do na húdaráis inniúla láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach a chur san áireamh.

(36)

Ba cheart do na húdaráis inniúla a maoirseacht a chomhordú go dlúth le chéile agus cinntí comhsheasmhacha a áirithiú, go háirithe i gcás sáruithe ar an Rialachán seo. I gcás ina mbaineann sárú den chineál sin le fógra mícheart nó míthreorach, ba cheart dom údarás inniúil a shainaithníonn an sárú sin na hÚEManna agus údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a chur ar an eolas faoi sin. I gcás easaontas idir na húdaráis inniúla, ba cheart do ÚEUM agus, más iomchuí, Comhchiste na nÚdarás Eorpach Maoirseachta, a gcumhachtaí eadrána ceangailteacha a fheidhmiú.

(37)

Tá na ceanglais chun an t-ainmniú urrúsú “simplí trédhearcach caighdeánaithe” (STS) a úsáid nua agus sonrófar tuilleadh iad le treoirlínte agus cleachtas maoirseachta ó ÚBE le himeacht ama. D’fhonn rannpháirtithe margaidh a dhíspreagadh ón ainmniú nua sin a úsáid, ba cheart go mbeadh húdaráis inniúla in ann tréimhse chairde de 3 mhí a dheonú don tionscnóir, don urraitheoir agus do SSPE chun úsáid earráideach an ainmnithe a d’úsáid siad de mheon macánta a cheartú. Ba cheart a thoimhdiú de mheon macánta i gcás nárbh fhéidir leis an tionscnóir, an urraitheoir nó SSPE a bheith ar an eolas nár chomhlíon urrúsú na critéir STS le bheith ainmnithe mar STS. Le linn na tréimhse cairde, ba cheart go leanfaí leis an urrús atá i gceist a mheas a bheith comhréireach le STS agus nach scriosfaí ón liosta arna tharraingt suas ag an ÚEUM i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(38)

Leis an Rialachán seo cuirtear chun cinn comhchuibhiú roinnt de na príomheilimintí sa mhargadh urrúsúcháin gan dochar do thuilleadh comhchuibhithe comhlántaigh, faoi chinnireacht an mhargaidh, a dhéanamh ar phróisis agus cleachtais i margaí urrúsúcháin. Ar an gcúis sin, tá sé riachtanach go leanfadh na rannpháirtithe margaidh agus a gcomhlachais ghairmiúla ag obair ar chleachtais mhargaidh a chaighdeánú a thuilleadh, ar chaighdeánú doiciméadachta urrúsuithe go háirithe. Ba cheart don Choimisiún faireachán agus tuairisciú grinn a dhéanamh ar na hiarrachtaí caighdeánaithe a dhéanfaidh rannpháirtithe margaidh.

(39)

Leasaítear Treoracha 2009/65/CE (13), 2009/138/CE (14) agus 2011/61/AE (15) ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 (16) agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (17) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leasaithe dá réir chun comhsheasmhacht chreat dlíthiúil an Aontais leis an Rialachán seo maidir le forálacha a bhaineann le hurrúsú, arb é a phríomhchuspóir bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe trí chothrom iomaíochta sa mhargadh a áirithiú do gach infheisteoir institiúideach.

(40)

Maidir leis na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, níor cheart conarthaí díorthach thar an gcuntar, .i. conarthaí díorthach (“OTC”), a rinne SSPEnna, a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe. Is mar sin atá mar gur creidiúnaithe urraithe faoi na socruithe urrúsúcháin iad na contrapháirtithe i gconarthaí díorthach OTC a rinneadh le SSPEnna agus de ghnáth déantar foráil maidir le cosaint leordhóthanach ar riosca creidmheasa contrapháirtithe. Maidir le díorthaigh nár imréitíodh go lárnach, ba cheart struchtúr sonrach socruithe urrúsúcháin agus an chosaint a chuirtear ar fáil leo siúd cheana féin a chur san áireamh agus an leibhéal comhthaobhachta is gá á shocrú.

(41)

Tá méid áirithe inmhalartaitheachta idir bannaí faoi chumhdach agus urrúsuithe. Dá bhrí sin, d’fhonn cosc a chur ar an bhféidearthacht saobhadh nó arbatráiste a bheith ann idir úsáid urrúsuithe agus bannaí faoi chumhdach mar gheall ar an gcóir éagsúil a chuirtear ar chonarthaí díorthacha OTC a dhéanann eintitis bannaí faoi chumhdach nó SSPEnna, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a leasú chun comhsheasmhacht a bhaint amach maidir leis an gcóir a chuirtear ar dhíorthaigh a bhaineann le bannaí faoi chumhdach agus bannaí a bhaineann le hurrúsuithe, i ndáil leis an oibleagáid imréitigh agus na ceanglais i dtaca le corrlaigh do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach.

(42)

Chun na táillí maoirseachta atá le gearradh ag ÚEUM a chomhchuibhiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le cinéalacha na dtáillí, na nithe as a bhfuil na táillí le híoc, méid na dtáillí agus an bealach ina n-íoctar iad a shonrú tuilleadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (18). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(43)

D’fhonn an ceanglas coinneála riosca a shonrú, chomh maith leis na critéir aonchineálachta agus na neamhchosaintí atá le meas mar neamhchosaintí aonchineálacha faoi na ceanglais maidir le simplíocht a shoiléiriú tuilleadh, agus é á áirithiú ag an am céanna nach mbeadh tionchar diúltach ar urrúsú iasachtaí do FBManna, ba cheart an chumhacht chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh a thabhairt chuig an gCoimisiún i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚBE i dtaca leis na módúlachtaí le haghaidh coinneáil riosca, tomhas an leibhéil coinneála, toirmisc áirithe a bhaineann leis an riosca coinnithe, an choinneáil ar bhonn comhdhlúite agus an díolúine i gcás idirbhearta áirithe agus na critéir aonchineálachta agus cé na neamhchosaintí foluiteacha atá le meas mar neamhchosaintí aonchineálacha a shonrú. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Ba cheart do ÚEUM dul i ndlúthchomhairle leis an dá ÚEM eile.

(44)

D’fhonn rochtain leanúnach, éasca agus saor in aisce infheisteoirí ar fhaisnéis iontaofa maidir le hurrúsuithe a éascú, chomh maith leis na téarmaí a shonrú maidir le hoibleagáid na n-údarás inniúla comhoibriú le chéile agus faisnéis a mhalartú, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh maidir le faisnéis inchomparáide i dtaca le neamhchosaintí foluiteacha agus tuarascálacha tráthrialta don infheisteoir, liosta na gcríoch dlisteanach ar fúthu a cheadaítear athurrúsuithe, na nósanna imeachta lena ndéanann stórtha urrúsúcháin fíorú ar iomláine agus comhsheasmhacht na mionsonraí a thuairiscítear dóibh, an t-iarratas ar chlárú, an nós imeachta simplithe maidir le síneadh a chur le clárú, mionsonraí an urrúsiathe nach mór a sholáthar ar chúiseanna trédhearcachta, na caighdeáin oibríochtúla a cheanglaítear do bhailiú, comhiomlánú agus cur i gcomparáid na sonraí thar na stórtha urrúsúcháin, an fhaisnéis a bhfuil rochtain ag eintitis ainmnithe uirthi agus na téarmaí agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain dhíreach le fáil, an fhaisnéis atá le soláthar i gcás fógra maidir le hurrúsú, an fhaisnéis atá le soláthar chuig na húdaráis inniúla san iarratas ar údarú fhioraitheora triú páirtí agus an fhaisnéis atá le malartú agus inneachar agus raon feidhme na n-oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin threicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Ba cheart do ÚEUM dul i ndlúthchomhairle leis an dá ÚEM eile.

(45)

D’fhonn an próiseas a éascú d’infheisteoirí, tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún freisin caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh i ndáil leis na nithe seo a leanas: na teimpléid atá le húsáid chun faisneis a sholáthar do shealbhóirí suímh uurúsúchain, formáid an iarratais ar stórtha urrúsúcháin a chlárú agus an iarratais ar shíneadh a chur le clárú stór urrúsúcháin, na teimpléid atá le húsáid chun faisnéis a thabhairt don stór urrúsúcháin, agus na réitigh a d’aimsigh bailitheoirí sonraí urrúsúcháin atá ann cheana á gcur san áireamh agus teimpléad na bhfógraí STS lena gcuirfear faisnéis leordhóthanach ar fáil d’infheisteoirí agus údaráis inniúla chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas STS. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin threicniúla cur chun feidhme sin sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Ba cheart do ÚEUM dul i ndlúthchomhairle leis an dá ÚEM eile. Ba cheart do ÚEUM dul i ndlúthchomhairle leis an dá ÚEM eile.

(46)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon creat ginearálta maidir le hurrúsú a leagan síos agus creat sonrach maidir le hurrúsú STS a chruthú i bhfianaise an chaoi a oibríonn margaí urrúsúcháin go domhanda agus an chaoi gur cheart cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach a áirithiú do gach infheisteoir institiúideach agus do gach eintiteas a bhfuil baint aige le hurrúsú, ach gur féidir, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, iad a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(47)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hurrúsuithe a n-eiseofar na hurrúis a bhaineann leo an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin.

(48)

Le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin atá gan íoc an 1 Eanáir 2019, ba cheart go mbeadh tionscnóiri, urraitheoirí agus SSPEnna in ann an t_ainmniú “STC” a úsáid ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an t-urrúsú ceanglais STC do cheanglais áirithe tráth an fhógra a thabhairt agus do cheanglais eile tráth an tionscanta. Mar sin, ba cheart tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna a bheith in ann fógra STS a chur faoi bhráid ÚEUM de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart glacadh le haon mhodhnú ina dhiaidh sin ar choinníoll go leanann an t-urrúsú de cheanglais infheidhme uile STS a chomhlíonadh.

(49)

Na ceanglais maidir le dícheall cuí a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais mar atá cheana féin roimh dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart go leanfadh siad d’fheidhm a bheith acu maidir le hurrúsuithe a eisíodh ar an 1 Eanáir 2011, nó ina dhiaidh sin, agus maidir le hurrúsuithe a eisíodh roimh an 1 Eanáir 2011, i gcás inar cuireadh neamhchosaintí foluiteacha nua leo nó ina n-ionad tar éis an 31 Nollaig 2014. Ba cheart na forálacha ábhartha i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 625/2014 ón gCoimisiún (19) lena sonraítear na ceanglais coinneála riosca d’institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) leanúint de bheith infheidhme go dtí an tráth a mbeidh feidhm leis na caighdeáin theicniúla rialála maidir le coinneáil riosca de bhun an Rialacháin seo. Ar chúiseanna a bhaineann le cinnteacht dhlíthiúil, maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais, gnóthais ath-árachais agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha, ba cheart dóibh, i ndáil le suíomhanna urrúsúcháin atá gan íoc ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, leanúint de bheith faoi réir Airteagal 405 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Chaibidil I, II agus III agus Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 625/2014, Airteagal 254 agus Airteagal 255 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/35 agus Airteagal 51 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 231/2013 (21) faoi seach.

D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna a n-oibleagáidí trédhearcachta, go dtí go mbeidh feidhm leis na caighdeáin theicniúla rialála atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo, ba cheart an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I go dtí Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2015/3/AE ón gCoimisiún (22) a chur ar fáil go poiblí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú. Sainmhínítear leis urrúsú agus bunaítear leis ceanglais díchill chuí, ceanglais coinneála riosca agus ceanglais trédhearcachta do pháirtithe a ghlacann páirt in urrúsuithe, critéir le haghaidh creidmheas a dheonú, ceanglais maidir le hurrúsuithe a dhíol le cliaint miondíola, toirmeasc ar athurrúsú, ceanglas le haghaidh SSPEnna mar aon le coinníollacha agus nósanna imeachta do stórtha urrúsúcháin. Chomh maith leis sin, cruthaítear leis creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe (“STS”).

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hinfheisteoirí institiúideacha agus maidir le tionscnóirí, urraitheoirí, iasachtóirí bunaidh agus eintitis shainchuspóireacha urrúsúcháin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “urrúsú” idirbheart nó scéim ina ndéantar tráinsiú ar an riosca creidmheasa a bhaineann le neamhchosaint nó comhthiomsú neamhchosaintí, lena mbaineann na tréithe seo a leanas ar fad:

(a)

braitheann na híocaíochtaí san idirbheart nó sa scéim ar fheidhmíocht na neamhchosanta nó an chomhthiomsaithe neamhchosaintí;

(b)

is de réir fo-ordú na dtráinsí a shocraítear dáileadh na gcaillteanas ar feadh shaolré leanúnach an idirbhirt nó na scéime;

(c)

ní chruthaíonn an t-idirbheart nó an scéim neamhchosaintí a bhfuil na saintréithe uile acu a liostaítear in Airteagal 147(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(2)

ciallaíonn “eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin” nó “SSPE” corparáid, iontaobhas nó eintiteas eile, seachas tionscnóir nó urraitheoir, arna bhunú chun urrúsú amháin nó níos mó a dhéanamh, a bhfuil a ghníomhaíochtaí teoranta do na gníomhaíochtaí sin is iomchuí chun an cuspóir sin a bhaint amach, a bhfuil a struchtúr ceaptha chun oibleagáidí an SSPE a scaradh ó oibleagáidí an tionscnóra;

(3)

ciallaíonn “tionscnóir” eintiteas a bhfuil an méid seo a leanas fíor ina leith:

(a)

bhí sé páirteach é féin nó trí eintitis ghaolmhara, go díreach nó go hindíreach, sa chomhaontú bunaidh a chruthaigh oibleagáidí nó oibleagáidí ionchasacha an fhéichiúnaí, nó an fhéichiúnaí ionchais, as ar tháinig na neamhchosaintí atá á n-urrúsú; nó

(b)

eintiteas a cheannaíonn neamhchosaintí tríú páirtí ar a chuntas féin agus a dhéanann urrúsú orthu ina dhiaidh sin;

(4)

ciallaíonn “ath-urrúsú” urrúsú ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na neamhchosaintí foluiteacha ina suíomh urrúsúcháin;

(5)

ciallaíonn “urraitheoir” institiúid chreidmheasa, is cuma an bhfuil sé lonnaithe san Aontas nó nach bhfuil, mar a shainmhínítear í i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear í i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE seachas tionscnóir:

(a)

a bhunaíonn agus a bhainistíonn clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe nó urrúsúchán eile a cheannaíonn neamhchosaintí ó eintitis tríú páirtí, nó

(b)

a bhunaíonn clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe nó urrúsú eile lena gceannaítear neamhchosaintí ó eintitis tríú páirtí agus lena ndéantar bainistiú gníomhach ar phunann ó lá go lá a tharmligean chuig eintiteas atá údaraithe le gníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, Treoir 2011/61/AE nó Treoir 2014/65/AE;

(6)

ciallaíonn “tráinse” deighleog, arna bunú de réir conartha, den riosca creidmheasa a bhaineann le neamhchosaint nó comhthiomsú neamhchosaintí, i gcás ina mbaineann riosca caillteanais chreidmheasa le suíomh sa deighleog atá níos mó nó níos lú ná an riosca a bhaineann le suíomh den mhéid céanna i ndeighleog eile, gan aird a thabhairt ar chosaint chreidmheasa arna cur ar fáil go díreach ag tríú páirtithe do shealbhóirí suíomh sa deighleog sin nó i ndeighleoga eile;

(7)

ciallaíonn “clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe” nó “clár ABCP” clár urrúsúcháin ar i bhfoirm páipéir tráchtála shócmhainn-bhunaithe ag a bhfuil aibíocht tosaigh aon bhliana nó níos lú atá na hurrúis arna n-eisiúint aige den chuid is mó;

(8)

ciallaíonn “idirbheart páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe” nó “idirbheart ABCP” urrúsú faoi chlár ABCP;

(9)

ciallaíonn “urrúsú traidisiúnta” urrúsú a bhaineann le haistriú an leasa eacnamaíoch sna neamhchosaintí atá á n-urrúsú trí úinéireacht na neamhchosaintí sin a aistriú ón tionscnóir go SSPE nó trí fho-rannpháirtíocht SSPE i gcás nach ionann na hurrúis a eisíodh agus oibleagáidí íocaíochta an tionscnóra;

(10)

ciallaíonn “urrúsú sintéiseach” urrúsú i gcás ina mbaintear aistriú riosca amach trí dhíorthaigh chreidmheasa nó ráthaíochtaí a úsáid, agus ina bhfágtar na neamhchosaintí atá á n-urrúsú mar neamhchosaintí ag an tionscnóir;

(11)

ciallaíonn “infheisteoir” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil suíomh urrúsúcháin ina sheilbh aige;

(12)

ciallaíonn ’“infheisteoir institiúideach” infheisteoir ar ceann díobh seo a leanas é:

(a)

gnóthas árachais mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;

(b)

gnóthas athárachais mar a shainmhínítear é i bpointe (4) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;

(c)

institiúid le haghaidh soláthar scoir ceirde a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) i gcomhréir le hAirteagal 2 di, ach amháin sa chás gur roghnaigh Ballstát gan iomlán na Treorach sin, nó codanna de, a chur i bhfeidhm ar an institiúid sin i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir sin; nó bainisteoir infheistíochta nó eintiteas údaraithe arna cheapadh ag institiúid le haghaidh soláthar scoir ceirde de bhun Airteagal 32 de Threoir (AE) 2016/2341;

(d)

ciallaíonn bainisteoir ciste infheistíochta malartach (AIFM) mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE a bhainistíonn agus/nó a mhargaíonn cistí infheistíochta malartacha san Aontas;

(e)

gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) mar a shainmhínítear í i bpointe (b) d’Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2009/65/CE;

(f)

UCITS a bhainistítear go hinmheánach, ar cuideachta infheistíochta é a údaráitear i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE agus nár ainmnigh cuideachta bainistithe arna húdarú faoin Treoir sin le haghaidh a bhainistithe;

(g)

institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear í i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun críocha an Rialacháin sin nó gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) den Rialachán sin;

(13)

ciallaíonn “seirbhíseoir” eintiteas a bhainistíonn comhthiomsú d’earraí infhaighte ceannaithe nó na neamhchosaintí creidmheasa foluiteacha ar bhonn laethúil;

(14)

ciallaíonn “saoráid leachtachta” an suíomh urrúsúcháin a thagann as comhaontú conarthach le haghaidh cistiú a chur ar fáil chun tráthúlacht sreafaí airgid chuig infheisteoirí a áirithiú;

(15)

ciallaíonn “neamhchosaint imrothlach” neamhchosaint lena gceadaítear iarmhéideanna “iasachtaithe” atá gan íoc a luainiú, bunaithe ar a gcuid cinntí iasacht a fháil agus a aisíoc, suas go dtí teorainn chomhaontaithe;

(16)

ciallaíonn “urrúsú imrothlach” urrúsú i gcás ina n-imrothlaíonn an struchtúr urrúsúcháin féin trí neamhchosaintí a bheith á gcur leis an gcomhthiomsú neamhchosaintí nó a bheith á mbaint as is cuma cé acu an imrothlaíonn nó nach n-imrothlaíonn na neamhchosaintí;

(17)

ciallaíonn “soláthar um luath-amúchadh” clásal conarthach laistigh d’urrúsú de neamhchosaintí imrothlacha nó d’urrúsú imrothlach lena gceanglaítear, i gcás ina dtarlaíonn teagmhais shainithe, go ndéanfar suíomhanna urrúsúcháin infheisteoirí a fhuascailt roimh aibíocht tosaigh luaite na suíomhanna sin;

(18)

ciallaíonn “tráinse céadchaillteanais” an tráinse is fo-ordaithe atá ann in urrúsú arb é an chéad tráinse é a thabhóidh caillteanas ar na neamhchosaintí urrúsaithe agus trína soláthraítear cosaint don dara caillteanas, agus nuair is iomchuí, do thráinsí ar chéim níos airde;

(19)

ciallaíonn “suíomh urrúsúcháin” neamhchosaint ar urrúsú;

(20)

ciallaíonn “iasachtóir bunaidh” eintiteas a thug é féin nó trí eintitis ghaolmhara, go díreach nó go hindíreach, an comhaontú bunaidh i gcrích lenar cruthaíodh oibleagáidí nó oibleagáidí ionchasacha an fhéichiúnaí, nó an fhéichiúnaí ionchais, as ar tháinig na neamhchosaintí atá á n-urrúsú;

(21)

ciallaíonn “clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht” clár ABCP a dtacaíonn a urraitheoir leis go díreach agus go hiomlán trí shaoráid leachtachta a chur ar fáil do SSPE(nna) lena gcumhdaítear an méid seo a leanas ar fad ar a laghad:

(a)

rioscaí leachtachta agus creidmheasa uile an chláir ABCP;

(b)

aon rioscaí caolúcháin ar na neamhchosaintí urrúsaithe;

(c)

aon chostais eile ar leibhéal an idirbhirt ABCP agus aon chostais eile ar leibhéal an chláir ABCP má tá siad riachtanach chun láníocaíocht aon mhéid faoin ABCP a ráthú don infheisteoir;

(22)

ciallaíonn “idirbheart ABCP dá dtugtar lántacaíocht” idirbheart ABCP, ar leibhéal idirbhirt nó ar leibhéal cláir ABCP, dá dtugtar tacaíocht le saoráid leachtachta, lena gcumhdaítear an méid seo a leanas ar fad ar a laghad:

(a)

gach riosca leachtachta agus creidmheasa an idirbhirt ABCP;

(b)

aon rioscaí caolúcháin ar na neamhchosaintí urrúsaithe san idirbheart ABCP;

(c)

aon chostais eile ar leibhéal an idirbhirt ABCP agus aon chostais eile ar leibhéal an chláir ABCP atá riachtanach chun láníocaíocht aon mhéid faoin ABCP a ráthú don infheisteoir;

(23)

ciallaíonn “stór urrúsúcháin” duine dlítheanach a dhéanann taifid ar urrúsuithe a bhailiú agus a chothabháil go lárnach.

Chun críche Airteagal 10 den Rialachán seo, déanfar tagairtí in Airteagail 61, 64, 65, 66, 73, 78, 79 agus Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 do “stór trádála” a fhorléiriú mar thagairtí do “stór urrúsúcháin”.

Airteagal 3

Urrúsuithe a dhíol le cliaint mhiondíola

1.   Ní dhéanfaidh díoltóir suíomhanna urrúsúcháin suíomh den sórt sin a dhíol le cliant miondíola, mar a shainmhínítear i bpointe 11 d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinne díoltóir an tsuímh urrúsúcháin tástáil oiriúnachta i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Threoir 2014/65/AE;

(b)

tá díoltóir an tsuímh urrúsúcháin sásta, ar bhonn na tástála dá dtagraítear i bpointe (a), go bhfuil an suíomh urrúsúcháin oiriúnach don chliant miondíola sin;

(c)

déanann díoltóir an tsuímh urrúsúcháin toradh na tástála oiriúnachta in a chur in iúl láithreach don chliant miondíola i dtuarascáil.

2.   I gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh agus nach mó ná EUR 500 000 punann ionstraime airgeadais an infheisteora miondíola sin, áiritheoidh an díoltóir, ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh an cliant miondíola i gcomhréir le mír 3, nach ndéanfaidh an cliant miondíola méid comhiomlán níos mó ná 10 % de phunann ionstraime airgeadais an chliaint sin a infheistiú i suíomhanna urrúsúcháin, agus gurb ionann an t-íosmhéid tosaigh a dhéantar a infheistiú i suíomh urrúsúcháin amháin nó níos mó agus EUR 10 000.

3.   Soláthróidh an cliant miondíola faisnéis chruinn don díoltóir maidir le punann ionstraime airgeadais an chliaint, lena n-áirítear aon infheistíocht i suíomhanna urrúsúcháin.

4.   Chun críocha mhír 2 agus mhír 3, áireofar i bpunann ionstraime airgeadais an chliaint miondíola taiscí in airgead tirim agus ionstraimí airgeadais, ach eiseofar aon ionstraim airgeadais a tugadh mar chomhthaobhacht.

Airteagal 4

Ceanglais ar SSPEnna

Ní bhunófar SSPEnna i dtríú tír a bhfuil féidhm ag aon cheann díobh seo a leanas ina leith:

(a)

liostaíonn an FATF an tríú tír mar dhlínse ardriosca neamh-chomhoibríoch;

(b)

Níor shínigh an tríú tír comhaontú le Ballstát le háirithiú go gcomhlíonann an tríú tír sin na caighdeáin dá bhforáiltear in Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le hIoncam agus le Caipiteal nó i Samhail-chomhaontú ECFE um Malartú Faisnéise maidir le Cúrsaí Cánach, agus go n-áirithíonn sí malartú éifeachtach faisnéise maidir le cúrsaí cánach, lena n-áirítear aon chomhaontuithe cánach iltaobhacha.

CAIBIDIL 2

FORÁLACHA ATÁ INFHEIDHME MAIDIR LE GACH URRÚSÚ

Airteagal 5

Ceanglais an díchill chuí i gcomhair infheisteoirí institiúideacha

1.   Sula mbeidh suíomh urrúsúcháin aige, déanfaidh infheisteoir institiúideach, seachas an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh, an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)

i gcás nach institiúid chreidmheasa ná gnólacht infheistíochta é an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh atá bunaithe san Aontas, faoi mar a shainmhínítear institiúid chreidmheasa agus gnólacht infheistíochta i bpointe (1) agus i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go ndeonaíonn an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh na creidmheasanna ar fad as a n-eascraíonn na neamhchosaintí forluiteacha ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus ar bhonn próisis shoiléire maidir le formheas, leasú, athnuachan agus maoiniú na gcreidmheasanna sin agus go bhfuil córais éifeachtacha ann chun na critéir sin agus na próisis sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán seo;

(b)

i gcás ina bhfuil an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh bunaithe i dtríú tír, go ndeonaíonn an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh na creidmheasanna ar fad as a n-eascraíonn na neamhchosaintí forluiteacha ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus ar bhonn próisis shoiléire maidir le formheas, leasú, athnuachan agus maoiniú na gcreidmheasanna sin agus go bhfuil córais éifeachtacha ann chun na critéir agus na próisis sin a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéantar creidmheas a dheonú ar bhonn measúnú críochnúil ar acmhainneacht creidmheasa an fhéichiúnaí;

(c)

i gcás ina bhfuil an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh bunaithe san Aontas, go gcoinníonn sé ar bhonn leanúnach glanleas eacnamaíoch ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 6 agus go gcuirtear an choinneáil riosca in iúl don infheisteoir institiúideach i gcomhréir le hAirteagal 7;

(d)

i gcás ina bhfuil an tionscnóir, an t-urraitheoir, nó an t-iasachtóir bunaidh bunaithe i dtríú tír, go gcoinníonn sé ar bhonn leanúnach glanleas eacnamaíoch ábhartha nach mbeidh, i gcás ar bith, níos lú ná 5 % arna shocrú i gcomhréir le hAirteagal 6 agus go gcuireann sé an choinneáil riosca in iúl d’infheisteoirí institiúideacha;

(e)

go mbeidh an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 7 curtha ar fáil ag an tionscnóir, ag an urraitheoir nó ag an SSPE, nuair is infheidhme, i gcomhréir leis an minicíocht agus leis na módúlachtaí dá bhforáiltear san Airteagal sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i ndáil le hidirbhearta ABCP dá dtugtar lántacaíocht, beidh feidhm ag an gceanglas a shonraítear i bpointe (a) de mhír 1 maidir leis an urraitheoir. Is é an t-urraitheoir a fhíoróidh go ndéanann an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh nach institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta é na creidmheasanna uile a dheonú ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus ar bhonn próisis shoiléire maidir le formheas, leasú, athnuachan agus maoiniú na gcreidmheasanna sin agus go bhfuil córais éifeachtacha ann chun na critéir agus na próisis sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9(1).

3.   Sula mbeidh suíomh urrúsúcháin aige, déanfaidh infheisteoir institiúideach, seachas an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh, dícheall cuí ionas go mbeidh sé in ann na rioscaí a bhaineann leis an suíomh a mheasúnú. Sa mheasúnú sin measfar ar a laghad an méid seo a leanas:

(a)

saintréithe riosca an tsuímh urrúsúcháin aonair agus na neamhchosaintí foluiteacha;

(b)

gnéithe struchtúracha uile an urrúsaithe a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an tsuímh urrúsúcháin, lena n-áirítear na tosaíochtaí conarthacha íocaíochta agus an tosaíocht maidir le truicir atá bainteach le híocaíocht, feabhsuithe creidmheasa, feabhsuithe leachtachta, truicir maidir leis an margadhluach, agus sainmhínithe ar mhainneachtain a bhaineann go sainiúil le hidirbhearta;

(c)

maidir le hurrúsú ar fógraíodh go raibh sé STS i gcomhréir le hAirteagal 27, go gcomhlíonann an t-urrúsú sin na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 19 go dtí Airteagal 22 nó in Airteagal 23 go hAirteagal 26, agus in Airteagal 27. Féadfaidh infheisteoirí institiúideacha iontaoibh iomchuí a chur san fhógra STS de bhun Airteagal 14(1) agus san fhaisnéis arna nochtadh ag an tionscnóir, ag an urraitheoir agus ag an SSPE maidir le comhlíonadh na gceanglas STS, gan bheith ag brath go meicníoch ar an bhfógra sin nó ar an bhfaisnéis sin, agus gan bheith ag brath orthu sin amháin.

D’ainneoin phointe (a) agus do phointe (b) den chéad fhomhír, i gcás clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, breathnóidh infheisteoirí institiúideacha sna páipéir tráchtála a d’eisigh an clár ABCP sin ar ghnéithe an chláir ABCP agus ar an tacaíocht leachtachta iomlán.

4.   Déanfaidh infheisteoir institiúideach, seachas an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh, a bhfuil suíomh urrúsúcháin aige, an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

bunóidh siad nósanna imeachta cuí agus comhréireacha i scríbhinn, atá coibhéiseach i ndáil le próifíl riosca an tsuímh urrúsúcháin, agus, i gcás inarb ábhartha, le leabhar trádála agus le leabhar neamhthrádála an infheisteora institiúidigh, d’fhonn faireachán a dhéanamh, ar bhonn leanúnach, ar chomhlíonadh mhír 1 agus mhír 3 agus ar fheidhmíocht an tsuímh urrúsúcháin agus ar na neamhchosaintí foluiteacha.

Nuair is ábhartha i ndáil leis na hurrúsúcháin agus na neamhchosaintí foluiteacha, áireofar leis na nósanna imeachta i scríbhinn sin faireachán ar an gcineál neamhchosanta, an céatadán de na hiasachtaí atá níos mó ná 30, 60 agus 90 lá thar téarma, rátaí mainneachtana, rátaí réamhíocaíochta, iasachtaí atá á bhforiamh, rátaí téarnaimh, athcheannach, modhnuithe ar iasachtaí, sosanna íocaíochta, cineál comhthaobhachta agus áitíocht na comhthaobhachta, agus dáileadh minicíochta na scór creidmheasa nó modhanna eile chun acmhainneacht creidmheasa a thomhas thar neamhchosaintí foluiteacha, éagsúlú tionscail agus tíreolaíoch, dáileadh minicíochta na gcóimheasa iasachta i gcoinne luacha le bandaleithid a éascaíonn anailís íogaireachta leormhaith. I gcás inar urrúsuithe iontu féin iad na neamhchosaintí foluiteacha, mar a cheadaítear faoi Airteagal 8, déanfaidh infheisteoirí institiúideacha faireachán freisin ar na neamhchosaintí a fholuíonn na suíomhanna sin;

(b)

i gcás urrúsaithe seachas clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, déanfaidh siad tástálacha struis go rialta ar na sreafaí airgid agus ar na luachanna comhthaobhachta a thacaíonn leis na neamhchosaintí foluiteacha, nó, in éagmais sonraí leordhóthanacha maidir le sreafai airgid agus luachanna comhthaobhachta, tástálacha struis ar thoimhdí caillteanais, agus cineál, scála agus castacht riosca an tsuímh urrúsúcháin á gcur san áireamh;

(c)

i gcás clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, déanfaidh siad tástálacha struis go rialta ar shócmhainneacht agus leachtacht an urraitheora;

(d)

áiritheoidh siad go ndéantar tuairisciú inmheánach dá chomhlacht bainistithe sa dóigh is go bhfuil an comhlacht bainistithe ar an eolas faoi na rioscaí ábhartha a eascraíonn as an suíomh urrúsúcháin agus sa dóigh is go ndéantar bainistiú leordhóthanach ar na rioscaí sin;

(e)

arna iarraidh sin, beidh siad in ann a léiriú dá údaráis inniúl,arna iarraidh sin, go bhfuil tuiscint chuimsitheach chruinn aige ar an suíomh urrúsúcháin agus ar neamhchosaintí foluiteacha an tsuímh sin agus go bhfuil beartais agus nósanna imeachta i scríbhinn curtha chun feidhme aige maidir le bainistiú riosca an tsuímh urrúsúcháin agus maidir le taifid a choinneáil i ndáil leis na fíorúcháin agus leis an dícheall cuí i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 agus maidir le haon fhaisnéis ábhartha eile; agus

(f)

i gcás neamhchosaintí ar chlár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, a bheith in ann a thaispeáint dá údaráis inniúla, arna iarraidh sin, go bhfuil tuiscint bheacht chuimsitheach aige ar cháilíocht chreidmheasa an urraitheora agus ar théarmaí na saoráide leachtachta a chuirtear ar fáil.

5.   Gan dochar do mhír 1 go dtí mír 4 den Airteagal seo, i gcás neamhchosaintí ar idirbhearta ABCP dá dtugtar lántacaíocht, a bheith in ann a thaispeáint don údarás inniúil, arna iarraidh sin, go bhfuil tuiscint bheacht chuimsitheach acu ar cháilíocht chreidmheasa an urraitheora agus ar théarmaí na saoráide leachtachta a chuirtear ar fáil, i gcás gach ceann dá suíomhanna urrúsúcháin ABCP. I gcás ina n-ordaítear don infheisteoir institiúideach faoin mhír seo oibleagáidí infheisteoir institiúideach eile a chomhlíonadh agus go mainneoidh sé déanamh amhlaidh, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar smachtbhanna ar bith faoi Airteagal 32 agus Airteagal 33, go bhféadfar é a fhorchur ar an bpáirtí is bainisteoir agus ní ar an infheisteoir institiúideach atá neamhchosanta ar an urrúsú.

Airteagal 6

Rioscaí a choinneáil

1.   Déanfaidh an tionscnóir, an t-urraitheoir, nó an t-iasachtóir bunaidh glanleas eacnamaíoch ábhartha san urrúsú nach lú ná 5 % a choinneáil ar bhonn leanúnach.Déanfar an leas sin a thomhas tráth an tionscanta agus cinnfear é de réir luach barúlach na n-ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe. I gcás nár chomhaontaigh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh eatarthu cé acu a choinneoidh an glanleas eacnamaíoch ábhartha, is é an tionscnóir a choinneoidh an glanleas eacnamaíoch ábhartha sin. Ní dhéanfar na ceanglais choinneála a bhaineann le haon urrúsú faoi leith a chur i bhfeidhm níos mó ná uair amháin. Ní dhéanfar an glanleas eacnamaíoch ábhartha a roinnt idir cineálacha éagsúla coinneálaithe ná ní bheidh sé faoi réir aon mhaolaithe riosca creidmheasa ná fálaithe.

Chun críocha an Airteagail seo, ní mheasfar gur tionscnóir eintiteas má bunaíodh an t-eintiteas nó má tá sé ag feidhmiú chun neamhchosaintí a urrúsú agus chun na críche sin amháin.

2.   Ní roghnóidh tionscnóirí sócmhainní le haistriú chuig an SSPE leis an aidhm go gcuirtear caillteanais ar na sócmhainní atá á n-aistriú chuig an SSPE, a dhéantar a thomhas thar shaolré an idirbhirt, nó thar uastréimhse 4 bliana i gcás idirbhirt le saolré níos faide ná 4 bliana, atá níos airde ná na caillteanais thar an tréimhse chéanna ar shócmhainní inchomparáide ar chlár comhardaithe an tionscnóra. I gcás ina bhfaigheann an t-údarás inniúil fianaise a thugann le tuiscint gur tharla sárú ar an toirmeasc sin, déanfaidh an t-údarás inniúil feidhmíocht na sócmhainní a aistríodh chuig an SSPE agus sócmhainní inchomparáide ar chlár comhardaithe an tionscnóra a fhiosrú. Más rud e go bhfuil feidhmíocht na sócmhainní a aistríodh i bhfad níos ísle ná na sócmhainní inchomparáide ar chlár comhardaithe an tionscnóra mar thoradh ar rún an tionscnóra, déanfaidh an t-údarás inniúil smachtbhanna a fhorchur de bhun Airteagal 32 agus Airteagal 33.

3.   An méid seo a leanas amháin a bheidh cáilithe mar choinneáil nach lú ná 5 % de ghlanleas eacnamaíoch ábhartha de réir bhrí mhír 1:

(a)

coinneáil nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na tráinsí arna ndíol nó arna n-aistriú chuig na hinfheisteoirí;

(b)

i gcás urrúsuithe imrothlacha nó urrúsuithe neamhchosaintí imrothlacha, coinneáil leas an tionscnóra nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na neamhchosaintí urrúsaithe;

(c)

coinneáil neamhchosaintí arna roghnú go randamach, atá coibhéiseach le méid nach lú ná 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe, sa chás ina mbeadh neamhchosaintí neamhurrúsaithe den sórt sin urrúsaithe laistigh den urrúsú in imthosca eile, ar an gcoinníoll nach lú ná 100 líon na neamhchosaintí a d’fhéadfadh a bheith urrúsaithe tráth an tionscanta;

(d)

coinneáil an tráinse céadchaillteanais agus, más gá, i gcás nach 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe í an choinneáil sin, coinneáil tráinsí eile a bhfuil an phróifíl riosca chéanna nó próifíl riosca níos déine acu ná iad sin a aistrítear chuig infheisteoirí nó a dhíoltar leo agus nach dtiocfaidh in aibíocht níos luaithe ná na cinn sin a aistrítear chuig infheisteoirí nó a dhíoltar leo, ionas nach lú an choinneáil ina hiomlán ná 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe; nó nó

(e)

coinneáil neamhchosanta céadchaillteanais nach lú ná 5 % de gach neamhchosaint urrúsaithe san urrúsú.

4.   I gcás ina ndéanann cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe san Aontas de réir Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), máthairinstitiúid nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais atá bunaithe san Aontas, nó ceann dá cuid fochuideachtaí de réir bhrí Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 575/2013, go ndéanann sí, mar thionscnóir nó mar urraitheoir, urrúsú ar neamhchosaintí ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí creidmheasa, de ghnólachtaí infheistíochta nó d’institiúidí airgeadais eile a áirítear faoi raon feidhme na maoirseachta a dhéantar ar bhonn comhdhlúite, féadfar na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh ar bhonn chás comhdhlúite na máthairinstitiúide, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais, nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha lena mbaineann agus atá bunaithe san Aontas.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin i gcás ina gcloíonn na hinstitiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta nó institiúidí airgeadais a chruthaigh na neamhchosaintí urrúsaithe leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 79 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) agus i gcás inagcuireann siad an fhaisnéis is gá chun na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 5 den Rialachán seo a chomhlíonadh ar fáil in am trátha don tionscnóir nó don urraitheoir agus do mháthairinstitiúid chreidmheasa an Aontais, don chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó do chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe san Aontas.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás inar neamhchosaintí maidir leo seo a leanas iad na neamhchosaintí urrúsaithe i gceist nó inar neamhchosaintí iad atá ráthaithe go hiomlán, go neamhchoinníollach agus go neamh-inchúlghairthe:

(a)

ag rialtais láir nó bainc cheannais;

(b)

ag rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla agus eintitis de chuid na hearnála poiblí, sna Ballstáit, de réir bhrí phointe (8) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

ag institiúidí dá sanntar ualú riosca 50 % nó níos lú faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(d)

ag bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha nó institiúidí de réir bhrí phointe (3) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26); nó

(e)

ag na bainc forbartha iltaobhacha atá liostaithe in Airteagal 117 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hidirbhearta atá bunaithe ar innéacs soiléir, trédhearcach, inrochtana, i gcás ina bhfuil na heintitis tagartha fholuiteacha comhionann leo sin atá ar áireamh in innéacs eintiteas a dhéantar a thrádáil go forleathan, nó i gcás inar urrúis intrádála eile iad seachas suíomhanna urrúsúcháin.

7.   Forbróidh an ÚBE, i ndlúthchomhar leis an ÚEUM agus leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an ceanglas maidir le coinneáil riosca a shonrú ar bhealach níos mionsonraithe, go háirithe i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

na módúlachtaí a bhaineann le riosca a choinneáil de bhun mhír 3, lena n-áirítear comhlíontacht trí chineál sintéiseach nó teagmhasach coinneála;

(b)

leibhéal na coinneála dá dtagraítear i mír 1 a thomhas;

(c)

fálú nó díol an leasa atá á choinneáil a thoirmeasc;

(d)

na coinníollacha a bhaineann le coinneáil ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le mír 4;

(e)

na coinníollacha a bhaineann le hidirbhearta a dhíolmhú bunaithe ar innéacs soiléir, trédhearcach, inrochtana dá dtagraítear i mír 6.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin18 Iúil 2018.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 7

Ceanglais trédhearcachta do thionscnóirí, d’urraitheoirí agus do SSPEnna

1.   I gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh tionscnóir, urraitheoir agus SSPE aon urrúsaithe an fhaisnéis seo a leanas ar fáil do shealbhóirí suímh urrúsúcháin, do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 29 den Rialachán seo agus, arna iarraidh sin, d’infheisteoirí ionchasacha:

(a)

faisnéis maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha ar bhonn ráithiúil, nó, i gcás ABCP, faisnéis maidir leis na hearraí infhaighte foluiteacha nó na héilimh chreidmheasa fholuiteacha ar bhonn míosúil;

(b)

an doiciméadacht fholuiteach eile ar fad atá riachtanach chun an t-idirbheart a thuiscint, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do na doiciméid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:

(i)

an doiciméad tairisceana deiridh nó an réamheolaire tairisceana deiridh mar aon le doiciméid a bhaineann le dúnadh an idirbhirt, cé is moite de thuairimí dlíthiúla;

(ii)

i gcás urrúsú traidisiúnta, an comhaontú maidir le sócmhainní a dhíol, an comhaontú maidir le sannadh, nuachan nó aistriú agus aon ráiteas muiníne ábhartha;

(iii)

na comhaontuithe maidir le díorthaigh agus na comhaontuithe maidir le ráthaíochtaí, mar aon le haon doiciméid ábhartha maidir le socruithe i dtaobh soláthair urrúis chomhthaobhaigh i gcás inar neamhchosaintí de chuid an tionscnóra i gcónaí iad na neamhchosaintí atá a n-urrúsú;

(iv)

na comhaontuithe maidir le seirbhísiú, seirbhísiú cúltaca, riarachán agus bainistiú airgid;

(v)

an gníomhas iontaobhais, an gníomhas gealltáin, an comhaontú gníomhaireachta, an comhaontú bainc maidir leis an gcuntas, an conradh maidir le hinfheistíocht ráthaithe, na téarmaí ionchorpraithe, máistirchreat iontaobhais nó máistir-chomhaontú maidir le sainmhínithe, nó doiciméadacht dhlíthiúil eile a bhfuil stádas coibhéiseach dlí aici; agus

(vi)

aon chomhaontuithe ábhartha idir creidiúnaithe, doiciméadacht faoi dhíorthaigh, comhaontuithe maidir le hiasachtaí fo-ordaithe, comhaontuithe maidir le hiasachtaí do ghnólachtaí nuathionscanta agus comhaontuithe maidir le saoráidí leachtachta;

Áireofar cur síos mionsonraithe ar ord tosaíochta íocaíochtaí an urrúsaithe ar an doiciméadacht fholuiteach sin;

(c)

i gcás nár dréachtaíodh réamheolaire i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), achoimre ar na hidirbhearta nó forléargas ar phríomhghnéithe an urrúsaithe, lena n-áirítear, nuair is infheidhme:

(i)

mionsonraithe maidir le struchtúr an idirbhirt, lena n-áirítear na léaráidí struchtúir lena dtugtar forléargas ar an idirbheart, ar na sreafaí airgid agus ar an struchtúr úinéireachta;

(ii)

mionsonraithe maidir le saintréithe na neamhchosanta, na sreafaí airgid, an chascáid chaillteanais, feabhsú creidmheasa agus gnéithe den tacaíocht leachtachta;

(iii)

mionsonraithe maidir le cearta vótála shealbhóirí suíomhanna urrúsúcháin agus an caidreamh atá acu le creidiúnaithe urraithe eile; agus

(iv)

liosta de na truicir agus na teagmhais ar fad dá dtagraítear sna doiciméid a sholáthraítear i gcomhréir le pointe (b), ar truicir agus teagmhais iad a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an tsuímh urrúsúcháin;

(d)

i gcás urrúsuithe STS, an fógra STS dá dtagraítear in Airteagal 27;

(e)

tuarascálacha ráithiúla don infheisteoir, nó, i gcás ABCP, tuarascálacha míosúla don infheisteoir, ina sonraítear an méid seo a leanas:

(i)

na sonraí ábhartha go léir maidir le cáilíocht an chreidmheasa agus feidhmíocht na neamhchosaintí foluiteacha;

(ii)

faisnéis faoi theagmhais a thruicearaíonn athruithe ar ord tosaíochta na n-íocaíochtaí nó athsholáthar contrapháirtithe uaidh; agus, i gcás urrúsú nach idirbheart ABCP é, sonraí maidir leis na sreafaí airgid arna nginiúint trí na neamhchosaintí foluiteacha agus trí dhliteanais an urrúsaithe;

(iii)

faisnéis faoin riosca arna choinneáil, lena n-áirítear faisnéis a léiríonn na modúlachtaí a cuireadh i bhfeidhm as measc na modúlachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6(3), i gcomhréir le hAirteagal 6.

(f)

aon fhaisnéis ón taobh istigh a bhaineann leis an urrúsú a bhfuil oibleagáid ar an tionscnóir, ar an urraitheoir nó ar SSPE í a chur ar fáil don phobal i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh;

(g)

i gcás nach bhfuil feidhm ag pointe (f), aon teagmhas suntasach amhail:

(i)

sárú ábhartha ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear sna doiciméid a chuirtear ar fáil i gcomhréir le pointe (b), lena n-áirítear aon leigheas, tarscaoileadh nó toiliú arna ndéanamh ina dhiaidh sin i ndáil le sárú den sórt sin;

(ii)

athrú ar na gnéithe structúracha a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an urrúsaithe;

(iii)

athrú ar shaintréithe riosca an urrúsaithe nó ar shaintréithe riosca na neamhchosaintí foluiteacha a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an urrúsaithe;

(iv)

i gcás urrúsuithe STS, mura gcomhlíonann an t-urrúsú na ceanglais STS a thuilleadh nó má dhéanann na húdaráis inniúla bearta feabhais nó bearta riaracháin;

(v)

aon leasú ábhartha ar dhoiciméid idirbhirt.

Cuirfear an fhaisnéis a luaitear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír ar fáil roimh an bpraghsáil.

Cuirfear an fhaisnéis a luaitear i bpointe (a) agus i bpointe (e) den chéad fhomhír ar fáil i gcomhthráth gach ráithe, mí ar a dhéanaí tar éis an dáta dlite i gcomhair íocaíocht úis nó, i gcás idirbhearta ABCP, ar a dhéanaí mí tar éis dheireadh na tréimhse a chlúdaítear leis an tuarascáil.

I gcás ABCP, déanfar an fhaisnéis a luaitear i bpointe (a), i bpointe (c)(ii) agus i bpointe (e)(i) den chéad fhomhír a chur ar fáil i bhfoirm chomhiomlán do shealbhóirí suímh urrúsúcháin agus, arna iarraidh sin, d’infheisteoirí ionchasacha. Déanfar sonraí ar leibhéal an iasachta a chur ar fáil don urraitheoir agus, arna iarraidh sin, do na húdaráis inniúla.

Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, cuirfear an fhaisnéis a luaitear i bpointe (f) agus i bpointe (g) den chéad fhomhír ar fáil gan mhoill.

Agus iad ag cloí leis an mír seo, comhlíonfaidh tionscnóir, urraitheoir agus SSPE aon urrúsaithe an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais lena rialaítear an chosaint a thugtar maidir le rúndacht na faisnéise agus maidir leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta ionas nach sárófar aon dlí den sórt sin agus maidir le haon oibleagáid rúndachta a bhaineann leis an gcustaiméir, leis an iasachtóir bunaidh nó le faisnéis don fhéichiúnaí, mura bhfuil faisnéis rúnda den chineál sin gan ainm nó comhiomlánaithe.

Go háirithe, maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh an tionscnóir, an t-urraitheoir agus an SSPE achoimre ar na doiciméid lena mbaineann a chur ar fáil.

Beidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 29 in ann a iarraidh go gcuirfear faisnéis rúnda den chineál sin ar fáil dóibh chun go bhféadfaidh siad a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

2.   Ainmneoidh tionscnóir, urraitheoir agus SSPE aon urrúsaithe, as a measc féin, eintiteas amháin chun na ceanglais maidir le faisnéis a chomhlíonadh de bhun phointe (a),(b), (d), (e), (f), (g) den chéad fhomhír de mhír 1.

Cuirfidh an t-eintiteas a ainmníodh i gcomhréir leis an gcéad hfomhír faisnéis le haghaidh idirbheart urrúsúcháin ar fáil trí bhíthin stór urrúsúcháin.

Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear sa dara fomhír ná sa cheathrú fomhír maidir le hurrúsuithe i gcás nach bhfuil gá le réamheolaire a dhréachtú i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE.

I gcás nach gcláraítear stór urrúsúcháin i gcomhréir le Airteagal 10, cuirfidh an t-eintiteas a ainmníodh chun na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh an fhaisnéis ar fáil ar shuíomh gréasáinarb amhlaidh;

(a)

go n-áireofar ann córas dea-fheidhmiúil um rialú cáilíochta na sonraí;

(b)

go mbeidh sé faoi réir na gcaighdeán iomchuí rialachais agus go mbeidh struchtúr eagraíochtúil cuí i bhfeidhm agus á chothabháil chun leanúnachas agus feidhmiú ordúil an tsuímh gréasáin a áirithiú;

(c)

go mbeidh sé faoi réir córais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí lena sainaithneofar gach foinse ábhartha riosca oibriúcháin;

(d)

go n-áireofar ann córais chun cosaint agus sláine na faisnéise a fhaightear a áirithiú agus chun taifeadadh pras na faisnéise sin a áirithiú; agus

(e)

go bhfágfaidh sé go mbeidh sé indéanta an fhaisnéis a choinneáil ann ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis dháta aibíochta an urrúsaithe.

Sonrófar sa doiciméadacht maidir leis an urrúsú cén t-eintiteas atá freagrach as an bhfaisnéis a thuairisciú agus an stór urrúsúcháin ina gcuirtear an fhaisnéis ar fáil.

3.   Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis a shonrú a chuirfidh an tionscnóir, an t-urraitheoir agus SSPE ar fáil d’fhonn a n-oibleagáidí faoi phointe (a) agus faoi phointe (e) den chéad fhomhír de mhír 1 a chomhlíonadh, agus formáid na faisnéise sin trí theimpléid chaighdeánaithe, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh: úsáideacht na faisnéise do shealbhóir an tsuímh urrúsúcháin, cé acu an de chineál gearrthéarmach é an suíomh urrúsúcháin nó nach ea, agus, i gcás idirbheart ABCP, cé acu an bhfuil urraitheoir ag tacú leis ina iomláine nó nach bhfuil;

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin18 Eanáir 2019.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú don fhaisneis a bheidh le sonrú i gcomhréir le mír 3, forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála cur chun feidhme lean sonraítear an fhormáid dóibh trí bhíthin teimpleid chaighdeánaithe.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 8

Toirmeasc ar ath-urrúsú

1.   Ní cheadaítear suíomhanna urrúsúcháin a bheith i measc na neamhchosaintí foluiteacha a úsáidtear in urrúsú.

De mhaolú, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

aon urrúsú ar eisíodh a chuid urrús roimh an 1 Eanáir 2019; agus

(b)

aon urrúsú, a bheidh le húsáid chun críocha dlisteanacha mar a leagtar amach i mír 3 ar eisíodh a chuid urrús roimh an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm nó ina dhiaidh 1 Eanáir 2019.

2.   Is féidir le húdarás inniúil a ainmníodh de bhun Airteagal 29(2), (3) nó (4), de réir mar is infheidhme, cead a thabhairt d’eintiteas faoina mhaoirseacht suíomhanna urrúsúcháin a bheith aige i measc na neamhchosaintí foluiteacha a úsáidtear in urrúsú i gcás ina measann an t-údarás inniúil gur chun críocha dlisteanacha mar a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo atá úsáid an ath-urrúsaithe.

Maidir leis an eintiteas sin atá faoi mhaoirseacht, i gcás gur institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta é, mar a shainmhínítear i bpointe (1) agus i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, rachaidh an t-údarás inniúil, dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo, i gcomhairle leis an údarás réitigh, agus le haon údarás eile atá ábhartha i gcás an eintitis sin, sula dtabharfar cead dó na suíomhanna urrúsúcháin a bheith aige i measc neamhchosaintí foluiteacha a úsáidtear in urrúsú. Ní mhairfidh an comhairliúchán sin níos faide ná 60 lá ón dáta ar thug an t-údarás inniúil fógra don údarás réitigh, agus d’aon údarás eile atá ábhartha i gcás an eintitis sin, go raibh gá le comhairliúchán.

I gcás gur cinneadh a bhí mar thoradh ar an gcomhairliúchán chun cead a thabhairt suíomhanna urrúsúcháin a bheith i measc na neamhchosaintí foluiteacha a úsáidtear in urrúsú, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoi sin do ÚEUM.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, measfar gur críocha dlisteanacha iad na críocha seo a leanas:

(a)

foirceannadh institiúide creidmheasa, gnólacht infheistíochta nó institiúid airgeadais a éascú;

(b)

a áirithiú go mbeidh institiúid chreidmheasa, gnólacht infheistíochta nó institiúid airgeadais ina gnóthas leantach inmharthana nó ina ghnóthas leantach inmharthana chun a foirceannadh nó a fhoirceannadh a sheachaint; nó

(c)

i gcás na neamhchosaintí foluiteacha iasachtaí a bheith neamhthuillmheacha, leasanna na n-infheisteoirí a bhuanchoimeád.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, níor cheart a mheas gur ath-urrúsú é clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, ar choinníoll nach ath-urrúsú é aon cheann de na hidirbhearta ABCP laistigh den chlár sin agus nach mbunaítear an dara sraith de thráinsiú ar leibhéal an chláir leis an bhfeabhsú creidmheasa.

5.   D’fhonn na forbairtí sa mhargadh a léiriú i leith ath-urrúsuithe eile a ndearnadh chun críocha dlisteanacha, agus na cuspóirí uileghabhálacha maidir leis an gcobhsaíocht airgeadais agus le buanchoimeád leasanna na n-infheisteoirí á gcur san áireamh, is féidir le ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun liosta na gcríocha dlisteanacha atá leagtha amach i mír 3 a fhorlíonadh.

Cuirfidh ÚBE aon dréachtchaighdeáin theicniúla rialála den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 9

Critéir maidir le creidmheas a dheonú

1.   Na critéir fhónta, dhea-shainithe chun creidmheas a dheonú, a úsáidtear i gcás neamhchosaintí neamhurrúsaithe, ba cheart do thionscnóirí, d’urraitheoirí agus d’iasachtóirí bunaidh na critéir chéanna sin a chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí a bheidh le hurrúsú. Chuige sin, cuirfear na próisis shoiléire chéanna i bhfeidhm chun creidmheasanna a cheadú agus, nuair is iomchuí, iad a leasú, a athnuachan agus a athmhaoiniú. Beidh córais éifeachtacha ar bun ag tionscnóirí, ag urraitheoirí agus ag iasachtóirí bunaidh leis na critéir agus na próisis sin a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go mbunaítear an deonú creidmheasa ar mheasúnú críochnúil a dhéantar ar acmhainneacht creidmheasa an oibleagáideora agus an aird chuí á tabhairt ar na tosca ábhartha leis an dóchúlacht atá ann go gcomhlíonfaidh an t-oibleagáideoir a chuid oibleagáidí faoin gcomhaontú creidmheasa a fhíorú.

2.   I gcás gur iasachtaí cónaithe arna ndéanamh tar éis theacht i bhfeidhm Treoir 2014/17/AE iad neamhchosaintí foluiteacha na n-urrúsuithe, ní bheidh aon iasacht sa chomhthiomsú iasachtaí sin ina hiasacht a chuirtear ar an margadh agus a fhrithghealltar ar an mbonn gur cuireadh in iúl don iarratasóir ar an iasacht, nó d’idirghabhálaithe, más infheidhme, go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis, a sholáthraigh an t-iarratasóir ar an iasacht, fíoraithe ag an iasachtóir.

3.   I gcás ina gceannaíonn tionscnóir neamhchosaintí tríú páirtí dá chuntas féin agus ina ndéanann sé urrúsú orthu ina dhiaidh sin, fíoróidh an tionscnóir sin go ndéanann an t-eintiteas a bhí páirteach, go díreach nó go hindíreach, sa chomhaontú bunaidh lenar cruthaíodh na hoibleagáidí nó na hoibleagáidí ionchasacha atá le hurrúsú, na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 3 más rud é:

(a)

go ndearnadh an comhaontú bunaidh, a chruthaigh oibleagáidí nó oibleagáidí ionchasacha an fhéichiúnaí nó an fhéichiúnaí ionchasaigh, roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2014/17/AE; agus

(b)

go gcomhlíonann an tionscnóir a cheannaíonn neamhchosaintí foluiteacha tríú páirtí dá chuntas féin agus a dhéanann urrúsú orthu ina dhiaidh sin na hoibleagáidí a raibh sé de cheangal ar na hinstitúidí tionscnaimh iad a chomhlíonadh faoi Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 625/2014 roimh 1 Eanáir 2019.

CAIBIDIL 3

COINNÍOLLACHA AGUS NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE STÓR URRÚSÚCHÁIN A CHLÁRÚ

Airteagal 10

Stór urrúsúcháin a chlárú

1.   Is de réir na gcoinníollacha agus an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo a chláróidh stór urrúsúcháin le ÚEUM chun críocha Airteagal 5.

2.   Chun a bheith incháilithe le clárú faoin Airteagal seo, is é a bheidh i stór urrúsúcháin duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas, cuirfidh sé nósanna imeachta i bhfeidhm le hiomláine agus le comhsheasmhacht na faisnéise a chuirtear ar fáil dó faoi Airteagal 7(1) den Rialachán seo a fhíorú, agus comhlíonfaidh sé na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 78, Airteagal 79 agus Airteagal 80(1) go (3, (5) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Chun críocha an Airteagail seo, déanfar tagairtí in Airteagal 78 agus Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 d’Airteagal 9 den Rialachán céanna a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 5 den Rialachán seo.

3.   Beidh éifeacht le clárú stóir urrúsúcháin i gcríoch an Aontais ina hiomláine.

4.   Comhlíonfaidh stór urrúsúcháin cláraithe na coinníollacha clárúcháin i gcónaí. Déanfaidh stór urrúsúcháin, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt do ÚEUM i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha clárúcháin.

5.   Cuirfidh stór urrúsúcháin ceann díobh seo a leanas faoi bhráid ÚEUM:

(a)

iarratas ar chlárú;

(b)

iarratas ar chlárú a leathnú chun críocha Airteagal 7 den Rialachán seo i gcás stór trádála atá cláraithe cheana faoi Chaibidil 1 de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó faoi Chaibidil III de Theideal I, de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30).

6.   Laistigh de 20 lá oibre ón tráth a bhfaighfear an t-iarratas, déanfaidh ÚEUM measúnú chun a chinneadh an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine.

I gcás nach mbeidh an t-iarratas iomlán, leagfaidh ÚEUM síos spriocdháta faoina mbeidh ar an stór urrúsúcháin faisnéis bhreise a sholáthar.

Tar éis do ÚEUM a mheasúnú a dhéanamh go bhfuil iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra dá réir don stór urrúsúcháin.

7.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar mionsonraí na nithe uile seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo atá le cur i bhfeidhm ag stórtha urrúsúcháin chun iomláine agus comhsheasmhacht na faisnéise a chuirtear ar fáil dóibh faoi Airteagal 7(1) a fhíorú;

(b)

an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5;

(c)

iarratas simplithe ar shíneadh a chur le clárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar formáid an dá ní seo a leanas:

(a)

an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5;

(b)

an t-iarratas ar shíneadh a chur le clárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5.

Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, forbróidh ÚEUM formáid shimplithe lena seachnófar dúbláil nósanna imeachta.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúinfaoin 18 Eanáir 2019.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 11

Fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla agus dul i gcomhairle leo roimh chlárú nó roimh clárú a leathnú

1.   I gcás ina ndéanann stór urrúsúcháin iarratas ar chlárú nó ar a chlárú mar stór urrúsúcháin a leathnú, agus inar eintiteas é atá údaraithe nó cláraithe ag údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill mhíchuí, fógra a thabhairt don údarás inniúil sin agus rachaidh sé i gcomhairle leis sula gclárófar an stór urrúsúcháin nó sula síneofar clárú an stóir urrúsúcháin.

2.   Malartóidh ÚEUM agus an t-údarás inniúil ábhartha gach faisnéis is gá chun an stór urrúsúcháin a chlárú nó chun síneadh a chur leis an gclárú mar aon leis an bhfaisnéis is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar a mhéad atá an t-eintiteas ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir lena chlárú agus lena údarú sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.

Airteagal 12

An t-iarratas a scrúdú

1.   Déanfaidh ÚEUM, laistigh de 40 lá oibre tar éis an fógra a fháil dá dtagraítear in Airteagal 10(6), scrúdú ar an iarratas ar chlárú, nó ar shíneadh a chur leis an gclárú, ar an mbonn go gcomhlíonann an stór urrúsúcháin an Chaibidil seo agus glacfaidh sé cinneadh lánréasúnaithe lena nglactar le clárú nó le síneadh a chur le clárú nó lena ndiúltaítear do chlárú nó do shíneadh a chur le clárú.

2.   Tiocfaidh an cinneadh arna eisiúint ag ÚEUM de bhun mhír 1 i bhfeidhm ar an gcúigiú lá oibre tar éis lá a ghlactha.

Airteagal 13

Fógra a thabhairt faoi chinntí ÚEUM i ndáil le clárú nó le síneadh a chur le clárú

1.   I gcás ina nglacfaidh ÚEUM cinneadh amhail dá dtagraítear in Airteagal 12 nó ina dtarraingeoidh sé siar an clárú amhail dá dtagraítear in Airteagal 15(1), tabharfaidh sé fógra ina thaobh don stór urrúsúcháin laistigh de 5 lá oibre, ina mbeidh míniú lánréasúnaithe ar a chinneadh.

Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, don údarás inniúil amhail dá dtagraítear in Airteagal 11(1) faoina chinneadh.

2.   Cuirfidh EMSA in iúl don Choimisiún, gan moill mhíchuí, aon chinneadh a ghlacfar i gcomhréir le mír 1.

3.   Foilseoidh ÚEUM liosta ar a shuíomh gréasáin de na stórtha urrúsúcháin a chláraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar an liosta sin a nuashonrú laistigh de chúig lá oibre tar éis cinneadh a ghlacadh faoi mhír 1.

Airteagal 14

Cumhachtaí ÚEUM

1.   Déanfar na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 61 go hAirteagal 68, le hAirteagal 73 agus le hAirteagal 74 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i dteannta Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis, a fheidhmiú i ndáil leis an Rialachán seo chomh maith. Déanfar tagairtí d’Airteagal 81(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 17(1) den Rialachán seo.

2.   Na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM, nó d’aon oifigeach ÚEUM nó d’aon duine eile a údaraíonn ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 61 go hAirteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad a bheidh faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.

Airteagal 15

Clárú a tharraingt siar

1.   Gan dochar d’Airteagal 73 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déanfaidh ÚEUM clárú stóir urrúsúcháin a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas:

(a)

go dtréigeann sé an clárúchán go sainráite nó nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige i rith na 6 mhí roimhe sin;

(b)

gur ghnóthaigh an stór urrúsúcháin an clárú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó trí mhodhanna neamhrialta eile; nó

(c)

nach gcomhlíonann sé na coinníollacha faoinar cláraíodh é a thuilleadh.

2.   Déanfaidh ÚEUM, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt don údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(1) faoi chinneadh clárú stóir urrúsúcháin a tharraingt siar.

3.   Má mheasann an t-údarás inniúil i mBallstát ina soláthraíonn an stór urrúsúcháin a sheirbhísí agus ina bhfuil sé i mbun a chuid gníomhaíochtaí gur comhlíonadh ceann amháin de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh sé iarraidh ar ÚEUM féachaint an bhfuil na coinníollacha maidir le clárú sin an stóir urrúsúcháin a tharraingt siar comhlíonta. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan clárú an stóir urrúsúcháin sin a tharraingt siar, luafaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena chinneadh.

4.   Is é an t-údarás a ainmnítear faoi Airteagal 29 den Rialachán seo an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 16

Táillí maoirseachta

1.   Gearrfaidh ÚEUM táillí ar na stórtha urrúsúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

Beidh na táillí sin i gcomhréir le láimhdeachas an stóir urrúsúcháin lena mbaineann agus clúdóidh siad ina iomláine an caiteachas riachtanach a bheidh ag ÚEUM maidir le stórtha urrúsúcháin a chlárú agus maoirseacht a dhéanamh orthu maille le haisíoc aon chostas a thabhóidh na húdaráis inniúla mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí de bhun Airteagal 14(1) den Rialachán seo. A mhéid a thagraíonn Airteagal 14(1) den Rialachán seo d’Airteagal 74 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déanfar tagairtí d’Airteagal 72(3) den Rialachán sin a fhorléiriú mar thagairtí do mhír 2 den Airteagal seo.

I gcás stór trádála atá cláraithe cheana faoi Chaibidil 1 de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó faoi Chabidil III de Theideal I de Rialachán (AE) 2015/2365, ní dhéanfar na táillí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a choigeartú ach amháin chun an caiteachas breise is gá a léiriú mar aon leis na costais a bhaineann le stórtha urrúsúcháin a chlárú agus maoirseacht a dhéanamh orthu de bhun an Rialacháin seo.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a mbeidh siad le híoc a shonrú tuilleadh.

Airteagal 17

Infhaighteacht na sonraí atá á gcoinneáil i stór urrúsúcháin

1.   Gan dochar d’Airteagal 7(2), baileoidh stór urrúsúcháin na sonraí a bhaineann leis an urrúsú agus coinneoidh sé iad. Tabharfaidh sé rochtain dhíreach agus láithreach saor in aisce do gach ceann de na heintitis seo a leanas chun cur ar a gcumas a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe agus a n-oibleagáidí faoi seach a chomhlíonadh:

(a)

ÚEUM;

(b)

ÚBE;

(c)

ÚEÁPC;

(d)

BERS;

(e)

comhaltaí ábhartha an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC), lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus a chúraimí mar chuid de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 á gcomhlíonadh aige;

(f)

na húdaráis ábhartha a gclúdóidh a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe maoirseachta faoi seach idirbhearta, margaí, rannpháirtithe agus sócmhainní a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(g)

na húdaráis réitigh arna sainiú faoi Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31);

(h)

an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh.806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32);

(i)

na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 29;

(j)

infheisteoirí agus infheisteoirí ionchasacha.

2.   Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, agus aird á tabhairt ar na riachtanais atá ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

sonraí an urrúsaithe dá dtagraítear i mír 1 a chuirfidh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE ar fáil chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 7(1);

(b)

na caighdeáin oibriúcháin is gá, chun go gceadófar an méid seo a leanas a dhéanamh, ar bhealach tráthúil, struchtúraithe agus cuimsitheach:

(i)

bailiú sonraí arna dhéanamh ag stórtha urrúsúcháin; agus

(ii)

sonraí ó stórtha urrúsúcháin éagsúla a chomhiomlánú agus a chur i gcomparáid;

(c)

mionsonraí na faisnéise a bhfuil rochtain le bheith ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 uirthi, agus a sainordú agus a riachtanais shonracha á gcur san áireamh;

(d)

na téarmaí agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain dhíreach agus láithreach le fáil ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 ar shonraí atá á gcoimeád i stórtha urrúsúcháin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme mhír 2, forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála cur chun feidhme lena sonrófarr na teimpléid chaighdeánaithe ar leo a chuiirfidh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an SSPE an fhaisnéis chuig an stór urrúsúcháin, agus na réitigh a d’fhorbair bailitheoirí sonraí urrúsúcháin atá ann cheana á gcur san áireamh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 4

URRÚSÚ SIMPLÍ TRÉDHEARCACH CAIGHDEÁNAITHE

Airteagal 18

Úsáid an ainmnithe “urrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe”

Ní fhéadfadh tionscnóirí, urraitheoirí nó SSPEnna úsáid a bhaint as an ainmniú “STS” nó “simplí trédhearcach caighdeánaithe” nó ainmniú a thagraíonn go díreach nó go hindíreach do na téarmaí sin don urrúsú ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

comhlíonann an t-urrúsú ceanglais uile Roinn 1 nó Roinn 2 den Chaibidil seo, agus tugadh fógra do ÚEUM de bhun Airteagal 27(1); agus

(b)

áirítear an t-urrúsú sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 27(5).

An tionscnóir, an t-urraitheoir agus SSPE a bheidh rannpháirteach in urrúsú a measfar gur urrúsú STS é, is san Aontas a bheidh siad bunaithe.

ROINN 1

Ceanglais le haghaidh urrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe neamh-ABCP

Airteagal 19

Urrúsú simplí, trédhearcach, caighdeánaithe

1.   Cé is moite de chláir ABCP agus d’idirbhearta ABCP, measfar gur urrúsuithe STS urrúsuithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 22.

2.   Faoin 18 Deireadh Fómhair 2018, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, glacfaidh ÚBE, i gcomhréir le Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, treoirlínte agus moltaí maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm comhchuibhithe na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 22.

Airteagal 20

Ceanglais maidir le simplíocht

1.   Gheobhaidh SSPE an teideal ar neamhchosaintí foluiteacha trí fhíordhíolachán nó sannachán nó aistriú a mbeidh an éifeacht chéanna dhlíthiúil aige ar bhealach atá infhorfheidhmithe i gcoinne an díoltóra nó i gcoinne aon tríú páirtí. Ní bheidh aistriú an teidil chuig an SSPE faoi réir dianfhorálacha aisghlámtha i gcás dhócmhainneacht an díoltóra.

2.   Chun críocha mhír 1, dianfhoráil aisghlámtha a bheidh in aon cheann de na forálacha seo a leanas:

(a)

forálacha lena gceadaítear do leachtaitheoir an díoltóra díol na neamhchosaintí foluiteacha a neamhbhailíochtú ar an mbonn amháin gur tugadh i gcrích é laistigh de thréimhse áirithe roimh dearbhú dhócmhainneacht an díoltóra;

(b)

forálacha ina bhfuil sé leagtha síos nach féidir le SSPE an neamhbhailíochtú dá dtagraítear i bpointe (a) a chosc ach amháin más féidir leis a chruthú nach raibh sé ar an eolas faoi dhócmhainneacht an díoltóra tráth an díola.

3.   Chun críocha mhír 1, ní dianfhorálacha aisghlámtha a bheidh sna forálacha aisghlámtha i ndlíthe náisiúnta dócmhainneachta lena gceadaítear don leachtaitheoir nó do chúirt díol na neamhchosaintí foluiteacha a neamhbhailíochtú i gcás aistrithe calaoiseacha, dochar éagothrom do chreidiúnaithe nó aistrithe atá beartaithe chun fabhar míchuí a thabhairt do chreidiúnaithe áirithe.

4.   I gcás nach é an díoltóir an t-iasachtóir bunaidh, déanfar, le fíordhíolachán na neamhchosaintí foluiteacha leis an díoltoir sin, nó le sannachán nó aistriú lena ngabhann an éifeacht chéanna dhlíthiúil, na ceanglais a leagtar amach i mír 1 go mír 3 a chomhlíonadh, cibé an ndéantar an fíordhíolachán, an sannachán nó an t-aistriú sin go díreach nó trí chéim idirghabhálach amháin nó níos mó.

5.   I gcás ina ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú trí shannachán ach nach dtugtar an t-aistriú sin chun foirfeachta go dtí tar éis dhúnadh an idirbhirt, beidh na teagmhais seo ar a laghad sna truicir chun an tabhairt chun foirfeachta sin a bhaint amach:

(a)

mórmheath ar sheasamh an díoltóra maidir le cáilíocht an chreidmheasa;

(b)

dócmhainneacht an díoltóra; agus

(c)

sáruithe déanta ag an díoltóir ar oibleagáidí conarthacha nár leigheasadh, mainneachtain an díoltóra san áireamh.

6.   Soláthróidh an díoltóir uiríll agus barántaí nach bhfuil na neamhchosaintí foluiteacha a áirítear san urrúsú, chomh fada agus is eol dó, nach bhfuil siad faoi eire ná faoi bhac eile ag coinníoll a bhféadfaí a thuar go ndéanfadh sé dochar d’infhorfheidhmitheacht an fhíordhíolacháin nó an tsannacháin nó an aistrithe lena ngabhann an éifeacht chéanna dhlíthiúil.

7.   Comhlíonfaidh na neamhchosaintí foluiteacha arna n-aistriú ón díoltóir, nó arna sannadh ag an díoltóir, chuig SSPE critéir incháilitheachta atá réamhdhearbhaithe, soiléir agus doiciméadaithe agus nach gceadaíonn bainistiú gníomhach punainne na neamhchosaintí sin ar bhonn roghnach. Chun críocha na míre seo, ní dhéanfar, i bprionsabal, ionadú neamhchosaintí a sháraíonn uiríll agus barántaí a mheas mar bhainistiú gníomhach punainne. Comhlíonfar, leis na neamhchosaintí a aistrítear chuig SSPE tar éis dhúnadh an idirbhirt, critéir incháilitheachta a chuirtear i bhfeidhm i gcás na neamhchosaintí foluiteacha tosaigh.

8.   Beidh an t-urrúsú bunaithe ar chomhthiomsú neamhchosaintí foluiteacha atá aonchineálach ó thaobh an chineáil sócmhainne de, agus na saintréithe réamhíocaíochta a bhaineann le sreafaí airgid an chineáil sócmhainne, agus a saintréithe conarthacha, riosca creidmheasa agus réamhíocaíochta á gcur san áireamh. Is cineál amháin sócmhainne a bheidh i gcomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha. Sna neamhchosaintí foluiteacha, beidh oibleagáidí atá ceangailteach agus infhorfheidhmithe de réir conartha, ar féidir leo dul ar iontaoibh féichiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ráthóirí.

Beidh sruthanna íocaíochta tréimhsiúla sainithe ag na neamhchosaintí foluiteacha ar féidir méid inathraitheach a bheith ina dtráthchodanna maidir le híocaíochtaí cíosa, príomhíocaíochtaí nó íocaíochtaí úis, nó maidir le haon cheart eile ioncam a fháil ó shócmhainní a thacaíonn le híocaíochtaí den sórt sin. Féadfaidh na neamhchosaintí foluiteacha fáltais a ghiniúint ó dhíol aon sócmhainní maoinithe nó léasaithe.

Ní áireofar urrúis inaistrithe ar na neamhchosaintí foluiteacha, mar a shainítear iad i bpointe (44) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE cé is moite de bhannaí corparáideacha nach liostaítear ar ionad trádála.

9.   Ní áireofar aon suíomh urrúsúcháin sna neamhchosaintí foluiteacha.

10.   Tionscnófar na neamhchosaintí foluiteacha i ngnáthchúrsaí gnó an tionscnóra nó an iasachtóra bunaidh de bhun caighdeáin frithgheallta atá chomh dian céanna ar a laghad leis na caighdeáin a chuir an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh i bhfeidhm tráth ar tionscnaíodh neamhchosaintí comhchosúla nach ndearnadh urrúsú orthu. Maidir leis na caighdeáin frithgheallta a ngintear na neamhchosaintí foluiteacha dá mbun agus aon athruithe ábhartha a dhéantar orthu ó na caighdeáin frithgheallta a bhí ann roimhe sin, nochtfar go hiomlán do na hinfheisteoirí ionchasacha iad gan moill mhíchuí.

I gcás urrúsú inar iasachtaí cónaithe iad a neamhchosaintí foluiteacha, ní bheidh aon iasacht sa chomhthiomsú iasachtaí ina hiasacht a cuireadh ar an margadh agus a frithghealladh ar an mbonn gur cuireadh in iúl don iarratasóir ar an iasacht, nó, i gcás inarb infheidhme, d’idirghabhálaithe, go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis a soláthraíodh fíoraithe ag an iasachtóir.

Beidh an measúnú ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtaí i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2008/48/CE mír 1 go mír 4, i bpointe (a) de mhír 5 agus i mír 6 d’Airteagal 18 de Threoir 2014/17/AE nó, i gcás inarb infheidhme, beidh sé i gcomhréir le ceanglais choibhéiseacha i dtríú tíortha.

Beidh taithí ag an tionscnóir nó ag an iasachtóir bunaidh ar neamhchosaintí a thionscnamh atá comhchosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu.

11.   Déanfar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú chuig SSPE tar éis an roghnaithe gan mhoill mhíchuí, agus ní áireofar iontu, tráth an roghnaithe, aon neamhchosaintí atá ar mainneachtain de réir bhrí Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná aon neamhchosaintí ar fhéichiúnaí ná ar ráthóir a bhfuil fadhbanna creidmheasa aige agus a bhfuil an méid seo a leanas fíor faoi, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh:

(a)

dearbhaíodh é bheith dócmhainneach nó dheonaigh cúirt ceart críochnaitheach, neamh-inachomhairc forfheidhmithe nó damáistí airgid dá chreidiúnaithe de dheasca íocaíocht a chaill sé sna 3 bliana roimh dháta an tionscanta nó cuireadh faoi phróiseas athstruchtúraithe fiachais é i ndáil lena neamhchosaintí neamhthuillmheacha sna 3 bliana roimh an dáta a ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú nó a shannadh do SSPE, ach amháin más rud é:

(i)

nach mbeidh riaráistí nua ag gabháil le neamhchosaint athstruchtúraithe fholuiteach ón dáta a ndearnadh an t-athstruchtúrú, ar athstruchtúrú é ar gá a bheith déanta ar a laghad 1 bhliain roimh an dáta ar aistríodh na neamhchosaintí foluiteacha chuig SSPE nó ar sannadh iad dóibh; agus

(ii)

go leagtar amach go soiléir san fhaisnéis a sholáthraíonn an tionscnóir, an t-urraitheoir agus SSPE i gcomhréir le pointe (a) agus (e)(i) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1), an cion de neamhchosaintí athstruchtúraithe foluiteacha, am agus sonraí an athstruchtúraithe agus a bhfeidhmíocht ó dháta an athstruchtúraithe;

(b)

go raibh sé, tráth an tionscanta, i gcás inarb infheidhme, ar chlár poiblí creidmheasa de dhaoine a bhfuil stair dhíobhálach creidmheasa acu nó, i gcás nach ann d’aon chlár poiblí creidmheasa mar sin, ar chlár creidmheasa eile atá ar fáil don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh; nó

(c)

tugann an measúnú ar a chreidmheas nó a scór creidmheasa le fios go bhfuil an riosca nach n-íocfaí íocaíochtaí a comhaontaíodh de réir conartha cuid mhaith níos airde ina chás-sa ná mar a bheadh i gcás neamhchosaintí inchomparáide atá i seilbh an tionscnóra nach bhfuil urrúsaithe.

12.   Beidh ar a laghad íocaíocht amháin déanta ag na féichiúnaithe tráth a ndéantar na neamhchosaintí a aistriú, seachas i gcás urrúsuithe imrothlacha atá bunaithe ar neamhchosaintí atá iníoctha le haon tráthchuid amháin nó i gcás gur lú ná 1 bhliain a n-aibíocht, íocaíochtaí míosúla gan teorannú le haghaidh creidmheasanna imrothlacha san áireamh.

13.   Ní mhúnlófar aisíocaíocht le sealbhóirí na suíomhanna urrúsúcháin le go mbeidh siad spleách, den chuid is mó, ar dhíol sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú. Ní chuirfidh sin cosc ar shócmhainní den sórt sin a thar-rolladh nó a athmhaoiniú ina dhiaidh sin.

Maidir le haisíocaíocht le sealbhóirí na suíomhanna urrúsúcháin a ndéantar a neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú le sócmhainní a bhfuil a luach ráthaithe go hiomlán, nó a bhfuil sé maolaithe trí oibleagáid go n-athcheannóidh díoltóir nó tríú páirtí eile na sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú, ní mheasfar iad a bheith ag brath ar dhíol na sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha sin a urrúsú.

14.   Forbróidh an ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú breise a dhéanamh ar cé na neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear i mír 8, a mheastar gur neamhchosaiinti aonchineálacha iad.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin18 Iúil 2018.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 21

Ceanglais maidir le caighdeánú

1.   Comhlíonfaidh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh an ceanglas maidir le coinneáil riosca i gcomhréir le hAirteagal 6.

2.   Maolófar na rioscaí maidir leis an ráta úis agus na rioscaí airgeadra a thagann chun cinn mar gheall ar an urrúsú ar bhealach iomchuí agus nochtfar aon bhearta a dhéantar chuige sin. Ní rachaidh SSPE i ngaol conarthaí díorthacha ach amháin chun riosca maidir leis an ráta úis nó riosca airgeadra a fhálú agus áiritheoidh sé nach n-aireofar díorthaigh i gcomhthiomsú na neamhchosaintí foluiteacha. Déanfar na díorthaigh sin a fhrithghealladh agus a dhoiciméadú de réir caighdeáin choitianta i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

3.   Maidir le haon íocaíochtaí úis dá dtagraítear faoi na sócmhainní agus dliteanais urrúsúcháin, beidh siad bunaithe ar rátaí úis a úsáidtear sna margaí i gcoitinne nó ar rátaí earnála, a úsáidtear go ginearálta, lena léirítear an costas a bhaineann leis na cistí agus ní thagróidh siad d’fhoirmlí ná do dhíorthaigh casta.

4.   I gcás ina ndéanfar fógra maidir le forfheidhmiú nó maidir le luasghéarú a sheachadadh:

(a)

ní dhéanfar aon suim airgid a ghaistiú sa SSPE thar a bhfuil riachtanach le feidhmiú oibríochtúil SSPE a áirithiú nó le haisíocaíocht ordúil na n-infheisteoirí a áirithiú i gcomhréir le téarmaí conarthacha an urrúsaithe, mura n-éilítear le cúinsí eisceachtúla go ndéanfar suim a ghaistiú d’fhonn í a úsáid ar mhaithe le leasanna na n-infheisteoirí, le haghaidh caiteachas chun go seachnófar meath ar cháilíocht creidmheasa na neamhchosaintí foluiteacha;

(b)

cuirfear na príomhfháltais ó na neamhchosaintí foluiteacha ar aghaidh chuig infheisteoirí trí amúchadh seicheamhach na suíomhanna urrúsúcháin, arna chinneadh le sinsearacht an tsuímh urrúsúcháin;

(c)

ní athrófar ord aisíoctha na suíomhanna urrúsúcháin i ndáil lena sinsearacht; agus

(d)

ní cheanglófar leachtú uathoibríoch ar na neamhchosaintí foluiteacha ar luach an mhargaidh le haon fhoráil.

5.   Áireofar, sna hidirbhearta a bhfuil tosaíocht neamhsheicheamhach íocaíochtaí ina gné díobh, truicir a bhaineann le feidhmíocht na neamhchosaintí foluiteacha a bhaineann le tosaíocht íocaíochtaí a théann ar ais chuig íocaíochtaí seicheamhacha de réir ord sinsearachta. Áireofar, ar a laghad, ar na truicir sin a bhaineann le feidhmíocht, meath ar cháilíocht chreidmheas na neamhchosaintí foluiteacha faoi bhun tairseach réamhshocraithe.

6.   I ndoiciméadacht an idirbhirt, áireofar forálacha iomchuí luath-amúchta nó truicir maidir le deireadh a chur leis an tréimhse imrothlach i gcás inar urrúsú imrothlach é an t-urrúsú, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:

(a)

meath ar cháilíocht chreidmheas na neamhchosaintí foluiteacha go tairseach réamhshocraithe nó faoi bhun na tairsí sin;

(b)

má tharlaíonn teagmhas a bhaineann le dócmhainneacht i dtaca leis an tionscnóir nó leis an seirbhíseoir;

(c)

má thiteann luach na neamhchosaintí foluiteacha atá i seilbh an SSPE faoi bhun tairseach réamhshocraithe (teagmhas luath-amúchta); agus

(d)

má mhainnítear neamhchosaintí foluiteacha nua leordhóthanacha a ghiniúint atá i gcomhréir leis an gcáilíocht chreidmheasa réamhshocraithe (truicear chun deireadh a chur leis an tréimhse imrothlach).

7.   Sonrófar go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt:

(a)

oibleagáidí, cúraimí agus freagrachtaí conarthacha an tseirbhíseora agus an iontaobhaí, más ann dó, agus soláthraithe fosheirbhíse eile;

(b)

na próisis agus na freagrachtaí is gá lena áirithiú nach gcuirfear deireadh le seirbhísiú mar gheall ar mhainneachtain a dhéanann seirbhíseoir nó ar dhócmhainneacht an tseirbhíseora, amhail clásal athsholáthair lena bhféadfar an seirbhíseoir a athsholáthar i gcás mar sin; agus

(c)

forálacha lena áirithiú go n-athsholáthraítear contrapháirtithe díorthaigh, soláthraithe leachtachta agus banc an chuntais i gcás a mainneachtana nó a mhainneachtana, a ndócmhainneachta nó a dhócmhainneachta, agus teagmhais shonraithe eile, nuair is infheidhme.

8.   Beidh saineolas ag an seirbhíseoir ar neamhchosaintí a sheirbhísiú atá comhchosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu agus beidh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe bainistithe riosca dea-dhoiciméadaithe leordhóthanacha aige a bhaineann le neamhchosaintí a sheirbhísiú.

9.   Leagfar amach i ndoiciméadacht an idirbhirt, i dtéarmaí atá soiléir agus comhsheasmhach, sainmhínithe, leigheasanna agus bearta maidir le faillí agus mainneachtain féichiúnaithe, athstruchtúrú fiachais, maitheamh fiachais, staonadh, sosanna íocaíochta, caillteanais, dearbhuithe go bhfuil fiachas neamhthuillmheach, aisghabhálacha agus leigheasanna eile maidir le feidhmíocht sócmhainní. Sonrófar go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt na tosaíochtaí íocaíochta, na himeachtaí ar truicear iad maidir le hathruithe a dhéantar ar na tosaíochtaí íocaíochta sin, chomh maith leis an oibleagáid atá ann imeachtaí mar sin a thuairisciú. Déanfar aon athrú ar thosaíochtaí íocaíochtaí a mbeidh éifeacht ábhartha chun dochair aige ar aisíocaíocht an tsuímh urrúsúcháin a thuairisciú chuig na hinfheisteoirí gan mhoill mhíchuí.

10.   Beidh forálacha soiléire i ndoiciméadacht an idirbhirt a éascóidh réiteach tráthúil coinbhleachtaí idir cineálacha éagsúla infheisteoirí, beidh cearta vótála sainithe go soiléir inti agus leithdháilte ar shealbhóirí bannaí agus beidh freagrachtaí an iontaobhaí agus eintiteas eile a bhfuil cúraimí muiníneacha orthu i leith infheisteoirí sainaitheanta inti freisin.

Airteagal 22

Ceanglais maidir le trédhearcacht

1.   Sula ndéanfar praghsáil, cuirfidh an tionscnóir agus an t-urraitheoir sonraí statacha agus dinimiciúla maidir le feidhmíocht stairiúil i dtaobh mainneachtana agus caillteanais ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha, amhail sonraí ar fhaillí agus mainneachtain, a bhaineann le neamhchosaintí atá comhchosúil go mór leo sin atá á n-urrúsú, chomh maith le foinsí na sonraí sin agus an bunús atá leis an dearbhú go bhfuil comhchosúlacht ann. Cumhdóidh na sonraí sin tréimhse 5 bliana ar a laghad.

2.   Beidh sampla de na neamhchosaintí foluiteacha faoi réir fíorú seachtrach á dhéanamh ag páirtí neamhspleách iomchuí sula n-eisítear na hurrúis a eascraíonn as an urrúsú, lena n-áirítear fíorú go bhfuil na sonraí arna dtabhairt i ndáil leis na neamhchosaintí foluiteacha cruinn.

3.   Sula ndéanfar praghsáil an urrúsaithe, cuirfidh an tionscnóir nó an t-urraitheoir samhail i gcomhair sreabhadh airgid dliteanais ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha lena léirítear go cruinn an gaol conarthach idir na neamhchosaintí foluiteacha agus na híocaíochtaí a aistrítear idir an tionscnóir, an t-urraitheoir, infheisteoirí, tríú páirtithe eile agus an SSPE, agus i ndiaidh na praghsála cuirfidh siad an tsamhail sin ar fáil d’infheisteoirí ar bhonn leanúnach agus d’infheisteoirí ionchasacha nuair a iarrtar sin.

4.   I gcás urrúsú ar iasachtaí cónaithe iad a neamhchosaintí foluiteacha nó iasachtaí nó léasanna gluaisteán, foilseoidh an tionscnóir agus an t-urraitheoir an fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil na sócmhainní a mhaoinítear leis na hiasachtaí cónaithe nó na hiasachtaí nó na léasanna gluaisteán sin, mar chuid den fhaisnéis a nochtar de bhun phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1).

5.   Beidh sé de chúram ar an tionscnóir agus ar an urraitheoir a chinntiú go gcomhlíontar Airteagal 7. Cuirfear an fhaisnéis a cheanglaítear le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1) ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha roimh an bpraghsáil nuair a iarrann siad í. Cuirfear an fhaisnéis uile a cheanglaítear le pointí (b) go (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1) den Rialachán seo ar fáil roimh an bpraghsáil i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh ar a laghad. Cuirfear an doiciméadacht deiridh ar fáil do na hinfheisteoirí ar a dhéanaí 15 lá tar éis dhúnadh an idirbhirt.

ROINN 2

Ceanglais le haghaidh urrúsú le haghaidh urrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe ABCP

Airteagal 23

Urrúsú ABCP simplí trédhearcach caighdeánaithe

1.   Maidir leis an idirbheart ABCP measfar gur STS é sa chás ina gcomhlíonann sé na ceanglais ar leibhéal an idirbhirt dá bhforáiltear in Airteagal 24.

2.   Maidir le clár ABCP, measfar gur STS é sa chás go gcomhlíonann sé na ceanglais atá dá bhforáiltear in Airteagal 26 agus sa chás ina gcomhlíonann urraitheoir an chláir ABCP na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 25.

Chun críocha na roinne seo, ciallaíonn “díoltóir”“tionscnóir” nó “iasachtóir bunaidh”.

3.   Faoin 18 Deireadh Fómhair 2018, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, glacfaidh ÚBE, i gcomhréir le Airteagal 16 de Rialachán Uimh. 1093/2010, treoirlínte agus moltaí maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm comhchuibhithe na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 24 agus Airteagal 26 den Rialachán seo.

Airteagal 24

Ceanglais ar leibhéal an idirbhirt

1.   Gheobhaidh SSPE an teideal ar neamhchosaintí foluiteacha trí fhíordhíolachán nó sannachán nó aistriú a mbeidh an éifeacht chéanna dhlíthiúil aige, ar bhealach atá infhorfheidhmithe i gcoinne an díoltóra nó i gcoinne aon tríú páirtí. Ní bheidh aistriú an teidil chuig an SSPE faoi réir dianfhorálacha aisghlámtha i gcás dhócmhainneacht an díoltóra.

2.   Chun críocha mhír 1, dianfhoráil aisghlámtha a bheidh in aon cheann de na forálacha seo a leanas:

(a)

forálacha lena gceadaítear do leachtaitheoir an díoltóra díol na neamhchosaintí foluiteacha a neamhbhailíochtú ar an mbonn amháin gur tugadh i gcrích é laistigh de thréimhse áirithe roimh dhearbhú dhócmhainneacht an díoltóra;

(b)

forálacha ina bhfuil sé leagtha síos nach féidir leis an SSPE an neamhbhailíochtú dá dtagraítear i bpointe (a) a chosc ach amháin más féidir leis a chruthú nach raibh sé ar an eolas faoi dhócmhainneacht an díoltóra tráth an díola.

3.   Chun críocha mhír 1, ní dianfhorálacha aisghlámtha a bheidh sna forálacha aisghlámtha i ndlíthe náisiúnta dócmhainneachta lena gceadaítear don leachtaitheoir nó don chúirt díol na neamhchosaintí foluiteacha a neamhbhailíochtú i gcás aistrithe calaoiseacha, dochar éagothrom do chreidiúnaithe nó aistrithe atá beartaithe chun fabhar míchuí a thabhairt do chreidiúnaithe áirithe.

4.   I gcás nach é an díoltóir an t-iasachtóir bunaidh, le fíordhíolachán na neamhchosaintí foluiteacha, nó lena sannachán nó lena n-aistriú a bhfuil an éifeacht chéanna dhlíthiúil aige, chuig an díoltóir, déanfar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 go mír 3 a chomhlíonadh, bíodh an fíordhíolachán, an sannachán nó an t-aistriú sin díreach nó trí chéim idirghabhálach amháin nó níos mó.

5.   I gcás ina ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú trí shannachán ach nach dtugtar an t-aistriú sin chun foirfeachta go dtí tar éis dhúnadh an idirbhirt, beidh na teagmhais seo ar a laghad sna truicir chun an tabhairt chun forifeachta sin a bhaint amach:

(a)

mórmheath ar sheasamh an díoltóra maidir le cáilíocht an chreidmheasa;

(b)

dócmhainneacht an díoltóra; agus

(c)

sáruithe arna ndéanamh ag an díoltóir ar oibleagáidí conarthacha nár leigheasadh, mainneachtain an díoltóra san áireamh.

6.   Soláthróidh an díoltóir uiríll agus barántaí nach bhfuil na neamhchosaintí foluiteacha a áirítear san urrúsú, chomh fada agus is eol dó, nach bhfuil siad faoi eire ná faoi bhac eile ag coinníoll a bhféadfaí a thuar go ndéanfadh sé dochar d’infhorfheidhmitheacht an fhíordhíolacháin nó an tsannacháin nó an aistrithe lena ngabhann an éifeacht chéanna dhlíthiúil.

7.   Comhlíonfaidh na neamhchosaintí foluiteacha arna n-aistriú ón díoltóir, nó arna sannadh ag an díoltóir, chuig SSPE critéir incháilitheachta a bheidh réamhdhearbhaithe, soiléir agus doiciméadaithe, agus nach gceadaíonn bainistiú gníomhach punainne na neamhchosaintí sin ar bhonn roghnach. Chun críocha na míre seo, ní dhéanfar ionadú neamhchosaintí a sháraíonn uiríll agus barántaí a mheas mar bhainistiú gníomhach punainne. Comhlíonfar, leis na neamhchosaintí a aistrítear chuig SSPE tar éis dhúnadh an idirbhirt, na critéir incháilitheachta a chuirtear i bhfeidhm i gcás na neamhchosaintí foluiteacha tosaigh.

8.   Ní áireofar aon suíomh urrúsúcháin sna neamhchosaintí foluiteacha.

9.   Aistreofar na neamhchosaintí foluiteacha chuig an SSPE tar éis an roghnaithe gan mhoill mhíchuí agus ní áireofar iontu, tráth an roghnaithe, neamhchosaintí atá ar mainneachtain de réir bhrí Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná neamhchosaintí ar fhéichiúnaí ná ar ráthóir a bhfuil fadhbanna creidmheasa aige agus a bhfuil an méid seo a leanas fíor faoi, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh:

(a)

dearbhaíodh é bheith dócmhainneach nó dheonaigh cúirt ceart forfheidhmithe nó damáistí airgid dá chreidiúnaithe de dheasca íocaíocht a chaill sé sna 3 bliana roimh dháta an tionscanta nó cuireadh faoi réir próiseas athstruchtúraithe fiachais é sna 3 bliana roimh an dáta a ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú nó a shannadh do SSPE, seachas i gcás:

(i)

nach mbeidh riaráistí nua ag gabháil le neamhchosaint athstruchtúraithe fholuiteach ón dáta a ndearnadh an t-athstruchtúrú, ar athstruchtúrú é ar gá a bheith déanta ar a laghad aon bhliain amháin roimh an dáta ar aistríodh na neamhchosaintí foluiteacha chuig SSPE nó ar sannadh iad dóibh; agus

(ii)

go leagtar amach go soiléir san fhaisnéis a sholáthraíonn an tionscnóir, an t-urraitheoir agus SSPE i gcomhréir le pointe (a) agus (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 7, an cion de neamhchosaintí athstruchtúraithe foluiteacha, am agus sonraí an athstruchtúraithe agus a bhfeidhmíocht ó dháta an athstruchtúraithe;

(b)

go raibh sé, tráth an tionscanta, i gcás inarb infheidhme, ar chlár poiblí creidmheasa de dhaoine a bhfuil stair dhíobhálach creidmheasa acu nó, i gcás nach bhfuil aon chlár poiblí creidmheasa den sórt sin, ar chlár creidmheasa eile atá ar fáil don tionscnóir nó mar iasachtóir bunaidh; nó

(c)

tugann an measúnú ar a chreidmheas nó a scór creidmheasa le fios go bhfuil an riosca nach n-íocfaí íocaíochtaí a comhaontaíodh de réir conartha cuid mhaith níos airde ina chás-sa ná mar a bheadh i gcás neamhchosaintí inchomparáide atá i seilbh an tionscnóra nach bhfuil urrúsaithe.

10.   Beidh ar a laghad íocaíocht amháin déanta ag na féichiúnaithe tráth a ndéantar na neamhchosaintí a aistriú, seachas i gcás urrúsú imrothlach atá bunaithe ar neamhchosaintí atá iníoctha le haon tráthchuid amháin nó i gcás gur lú ná 1 bhliain a n-aibíocht, íocaíochtaí míosúla gan teorannú le haghaidh creidmheasanna imrothlacha san áireamh.

11.   Ní mhúnlófar aisíocaíocht le sealbhóirí na suíomhanna urrúsúcháin le go mbeidh siad ag brath, den chuid is mó, ar dhíol sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú. Ní chuirfidh sin cosc ar shócmhainní den sórt sin a thar-rolladh nó a athmhaoiniú ina dhiaidh sin.

Maidir le haisíocaíocht le sealbhóirí na suíomhanna urrúsúcháin a ndéantar a neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú le sócmhainní a bhfuil a luach ráthaithe go hiomlán, nó a bhfuil sé maolaithe trí oibleagáid go n-athcheannóidh díoltóir nó tríú páirtí eile na sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú, ní mheasfar go mbeidh sí ag brath ar dhíol na sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha sin a urrúsú.

12.   Maolófar na rioscaí maidir leis an ráta úis agus na rioscaí airgeadra a thagann chun cinn mar gheall ar an urrúsú ar bhealach iomchuí agus nochtfar aon bhearta a dhéantar chuige sin. Ní rachaidh SSPE i ngaol conarthaí díorthacha ach amháin chun riosca maidir leis an ráta úis nó riosca airgeadra a fhálú agus áiritheoidh sé nach mbeidh díorthaigh i gcomhthiomsú na neamhchosaintí foluiteacha. Déanfar na díorthaigh sin a fhrithghealladh agus a dhoiciméadú de réir caighdeáin choitianta i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

13.   Leagfar amach i ndoiciméadacht an idirbhirt, i dtéarmaí atá soiléir agus comhréireach, sainmhínithe, leigheasanna agus bearta maidir le faillí agus mainneachtain féichiúnaithe, athstruchtúrú fiachais, maitheamh fiachais, staonadh, sosanna íocaíochta, caillteanais, dearbhuithe go bhfuil fiachas neamhthuillmheach, aisghabhálacha agus leigheasanna eile maidir le feidhmíocht sócmhainní. Sonrófar go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt na tosaíochtaí íocaíochta, na himeachtaí ar truicear iad maidir le hathruithe a dhéantar ar na tosaíochtaí íocaíochta sin, chomh maith leis an oibleagáid atá ann imeachtaí mar sin a thuairisciú. Déanfar aon athrú ar thosaíochtaí íocaíochta a mbeidh aon éifeacht ábhartha chun dochair aige ar aisíocaíocht an tsuímh urrúsúcháin a thuairisciú chuig na hinfheisteoirí gan mhoill mhíchuí.

14.   Sula ndéanfar praghsáil, cuirfidh an tionscnóir agus an t-urraitheoir sonraí statacha agus dinimiciúla maidir le feidhmíocht stairiúil i dtaobh mainneachtana agus caillteanais ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha, amhail sonraí ar fhaillí agus mainneachtain, a bhaineann le neamhchosaintí atá comhchosúil go mór leo sin atá á n-urrúsú, chomh maith le foinsí na sonraí sin agus an bunús atá leis an dearbhú go bhfuil comhchosúlacht ann. I gcás nach bhfuil rochtain ag urraitheoir ar na sonraí, gheobhaidh sé ón díoltóir rochtain ar shonraí ar bhonn statach nó dinimiciúil, ar an bhfeidhmíocht stairiúil, amhail sonraí ar fhaillí agus mainneachtain, a bhaineann le neamhchosaintí atá comhchosúil go mór leo sin atá á n-urrúsú. Cumhdóidh na sonraí uile den sórt sin tréimhse nach lú ná 5 bliana, seachas sonraí a bhaineann le hearraí infhaighte trádála agus earraí infhaighte gearrthéarma eile nach mbainfidh tréimshe stairiúil níos lú ná 3 bliana leo.

15.   Beidh tacaíocht ag idirbhearta ABCP ó chomhthiomsú neamhchosaintí foluiteacha atá aonchineálach ó thaobh an chineáil sócmhainne de, agus na saintréithe a bhaineann le sreafaí airgid cineálacha éagsúla sócmhainní, agus a saintréithe conarthacha, riosca creidmheasa agus réamhíocaíochta á gcur san áireamh. Is cineál amháin sócmhainne a bheidh i gcomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha.

Beidh meánré ualaithe iarmhair ag an gcomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha nach faide ná 1 bhliain agus ní bheidh aibíocht iarmhair is faide ná 3 bliana ag ceann ar bith de na neamhchosaintí foluiteacha,

De mhaolú ar an dara fomhír seachas i gcás comhthiomsuithe d’iasachtaí gluaisteáin agus léasanna gluaisteáin agus idirbhearta léasa gluaisteáin ag a mbeidh meánré ualaithe iarmhair nach faide ná 3 bliana go leith agus ní bheidh aibíocht iarmhair is mó ná 6 bliana ag ceann ar bith díobh.

Ní áireofar sna neamhchosaintí foluiteacha iasachtaí arna n-urrúsú le morgáistí cónaithe nó tráchtála ná iasachtaí cónaithe atá ráthaithe go hiomlán, amhail dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Beidh oibleagáidí ag baint leis na neamhchosaintí foluiteacha atá ceangailteach de réir conartha agus infhorfheidhmithe, ar féidir leo dul ar iontaoibh féichiúnaithe agus a bhfuil sruthanna íocaíochta sainithe acu maidir le híocaíochtaí cíosa, príomhíocaíochtaí nó íocaíochtaí úis, nó maidir le haon cheart eile ioncam a fháil ó shócmhainní a fhágann go ndéantar íocaíochtaí den sórt sin. Féadfaidh na neamhchosaintí bunúsacha, fáltais a ghiniúint ó dhíol aon sócmhainní maoinithe nó léasaithe. Ní áireofar urrúis inaistrithe ar na neamhchosaintí foluiteacha, mar a shainítear iad i bpointe (44) d’Airteagal 4(1),de Threoir 2014/65/AE cé is moite de bhannaí corparáideacha, nach liostaítear ar ionad trádála iad.

16.   Maidir le haon íocaíochtaí úis dá dtagraítear faoi shócmhainní agus dliteanais an idirbhirt ABCP, beidh siad bunaithe ar rátaí úis a úsáidtear sna margaí i gcoitinne nó ar rátaí earnála a úsáidtear sna margaí i gcoitinne agus lena léirítear an costas a bhaineann le maoiniú agus ní thagróidh siad d’fhoirmlí casta ná do dhíorthaigh chasta. Féadfaidh íocaíochtaí úis dá dtagraítear faoi dhliteanais an idirbhirt ABCP a bheith bunaithe ar rátaí úis lena léirítear an costas maoinithe a bhaineann le clár ABCP.

17.   I gcás mhainneachtain an díoltóra nó teagmhas luathaithe:

(a)

ní dhéanfar aon suim airgid a ghaistiú sa SSPE thar a bhfuil riachtanach le feidhmiú oibríochtúil SSPE a áirithiú nó le haisíocaíocht ordúil na n-infheisteoirí a áirithiú i gcomhréir le téarmaí conarthacha an urrúsaithe mura n-éilítear, le himthosca eisceachtúla, go ndéanfar suim a ghaistiú a bheidh le húsáid, ar mhaithe le leasanna-na n-infheisteoirí, le haghaidh caiteachas, chun meath ar cháílíocht chreidmheasa na neamhchosaintí foluiteacha a sheachaint;

(b)

cuirfear na príomhfháltais ó na neamhchosaintí foluiteacha ar aghaidh chuig infheisteoirí a bhfuil suíomh urrúsúcháin acu trí íocaíocht sheicheamhach na suíomhanna urrúsúcháin, arna chinneadh de réir shinsearacht an tsuímh urrúsúcháin; agus

(c)

ní cheanglófar leachtú uathoibríoch ar na neamhchosaintí foluiteacha ar luach an mhargaidh le haon fhoráil.

18.   Tionscnófar na neamhchosaintí foluiteacha i ngnáthchúrsaí gnó an díoltóra de bhun caighdeáin fhrithgheallta atá chomh dian céanna ar a laghad leis na caighdeáin a chuireann an díoltóir i bhfeidhm tráth an tionscanta ar chosaintí comhchosúla nach ndearnadh urrúsú orthu. Déanfar na caighdeáin frithgheallta, ar tionscnaíodh na neamhchosaintí foluiteacha dá mbun, agus aon athruithe ábhartha a dhéantar ó na caighdeáin frithgheallta a bhí ann roimhe sin, a chur in iúl gan mhoill mhíchuí don urraitheoir agus do pháirtithe eile a bheidh neamhchosanta ar bhealach díreach ar idirbheart ABCP. Beidh taithí ag an díoltóir ar neamhchosaintí a thionscnamh atá comhchosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu.

19.   Nuair is urrúsú imrothlach an t-idirbheart ABCP, áireofar i ndoiciméadacht an idirbhirt truicir chun deireadh a chur leis an tréimhse imrothlach, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:

(a)

meath ar cháilíocht chreidmheas na neamhchosaintí foluiteacha go tairseach réamhshocraithe nó faoi bhun na tairsí sin; agus

(b)

má tharlaíonn teagmhas a bhaineann le dócmhainneacht i dtaca leis an díoltóir nó leis an seirbhíseoir.

20.   Sonrófar go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt:

(a)

oibleagáidí, cúraimí agus freagrachtaí conarthacha an urraitheora, an tseirbhíseora agus an iontaobhaí, más ann dó, agus soláthraithe fosheirbhíse eile;

(b)

na próisis agus na freagrachtaí is gá lena áirithiú nach gcuirfí deireadh le seirbhísiú mar gheall ar mhainneachtain nó ar dhócmhainneacht an tseirbhíseora; agus

(c)

forálacha chun athsholáthar contrapháirtithe díorthaigh agus an chuntais bhainc a áirithiú, nuair is infheidhme, i gcás a mainneachtana, adócmhainneachta agus, i gcás inarb infheidhme, teagmhais shonraithe eile; agus

(d)

an chaoi a gcomhlíonann an t-urraitheoir ceanglais Airteagal 25(3).

21.   Forbróidh an ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú breise a dhéanamh ar cé na neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear i mír 15, a mheastar gur cinn aonchineálacha iad.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin18 Iúil 2018.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 25

Urraitheoir ar chlár ABCP

1.   Institiúid chreidmheasa a ndéanfar maoirseacht uirthi faoi Threoir 2013/36/AE a bheidh ina hurraitheoir ar an gclár ABCP.

2.   Is soláthraí saoráide leachtachta a bheidh san urraitheoir ar chlár ABCP agus tacóidh sé leis na suíomhanna urrúsúcháin go léir ar leibhéal cláir ABCP trí na rioscaí leachtachta agus creidmheasa go léir agus aon rioscaí ábhartha go ndéanfaí caolú ar na neamhchosaintí urrúsaithe a chumhdach, mar aon le haon chostais idirbhirt agus costais ar leibhéal an chláir atá riachtanach chun íocaíocht iomlán aon suim faoin ABCP a ráthú don infheisteoir le tacaíocht den chineál sin. Déanfaidh an t-urraitheoir tuairisc a nochtadh ar an tacaíocht a chuirtear ar fáil ar leibhéal na n-idirbheart do na hinfheisteoirí, lena n-áirítear tuairisc ar na saoráidí leachtachta a chuirtear ar fáil.

3.   Sular féidir léi urraíocht a dhéanamh ar chlár STS ABCP, léireoidh an institiúid chreidmheasa dá húdarás inniúil nach bhfuil a sócmhainneacht agus a leachtacht i mbaol mar gheall ar a ról faoi mhír 2, fiú i gcás fíor-struis sa mhargadh.

Measfar gur comhlíonadh an ceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcás ina mbeidh sé cinnte ag an údarás inniúil ar bhonn an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 97(3) de Threoir 2013/36/AE, go n-áirithítear bainistiú fónta agus cumhdach a chuid rioscaí leis na socruithe, straitéisí, nósanna imeachta agus sásraí a chuir an institiúid chreidmheasa chun feidhme agus leis na cistí dílse maille leis an leachtacht atá ag an institiúid chreidmheasa.

4.   Déanfaidh an t-urraitheoir a dhícheall cuí féin agus fíoróidh sé comhlíonadh na gceanglas sin a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus (3) den Rialachán seo, faoi mar is infheidhme. Fíoróidh sé freisin go bhfuil acmhainneacht seirbhísithe agus próisis bhailiúcháin ag an díoltóir a shásaíonn na ceanglais a shonraítear i bpointe (h) go pointe (p) d’Airteagal 265(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó ceanglais choibhéiseacha i dtríú tíortha.

5.   Comhlíonfaidh an díoltóir, ar leibhéal an idirbhirt, nó an t-urraitheoir, ar leibhéal an chláir ABCP, an ceanglas maidir le coinneáil riosca, dá dtagraítear in Airteagal 6.

6.   Beidh an t-urraitheoir freagrach as comhlíonadh Airteagal 7 ar leibhéal an chláir ABCP agus as an méid seo a leanas a chur ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha sula ndéanfar praghsáil, arna iarraidh sin dóibh:

(a)

an fhaisnéis chomhiomlán a cheanglaítear le hAirteagal 7(1) (a);

(b)

an fhaisnéis sin a cheanglaítear le pointí (b) go (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1), i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh ar a laghad.

7.   I gcás nach ndéanann an t-urraitheoir an gealltanas maoinithe maidir leis an tsaoráid leachtachta a nuashonrú faoin dáta éaga, déanfar an tsaoráid leachtachta a tharraingt anuas agus aisíocfar na hurrúis atá ag teacht in aibíocht.

Airteagal 26

Ceanglais ar leibhéal an chláir

1.   Le gach idirbheart ABCP laistigh de chlár ABCP comhlíonfar ceanglais Airteagal 24 (1) go (8), agus (12) go (20).

De mhéid comhiomlán na neamhchosaintí sin atá mar bhonn leis na hidirbhearta ABCP agus atá maoinithe ag an gclár ABCP, féadfaidh 5 % díobh ar a mhéid gan ceanglais Airteagal 24 (9), (10) agus (11) a chomhlíonadh, go sealadach, gan cur isteach ar stádas STS an chláir ABCP.

Chun críocha an dara fomhír den mhír seo, déanfaidh páirtí neamhspleách iomchuí sampla de na neamhchosaintí foluiteacha a chur go tráthrialta faoi réir fíorú seachtrach maidir le comhlíonadh.

2.   Ní mhairfidh meánré ualaithe iarmhair na neamhchosaintí foluiteacha de chlár ABCP, níos mó ná 2 bhliain.

3.   Gheobhaidh an clár ABCP tacaíocht iomlán ón urraitheoir i gcomhréir le hAirteagal 25 (2).

4.   Ní bheidh aon ath-urrúsú sa chlár ABCP agus ní bhunófar leis an bhfeabhsú creidhmheasa an dara sraith de thráinsiú ar leibhéal an chláir.

5.   Ní bheidh céadroghanna ar cheannach, clásail sínidh ná aon chlásail eile a rachadh i gcion ar aibíocht deiridh na n-urrús arna n-eisiúint ag clár ABCP san áireamh leis na hurrúis sin, i gcás ina bhféadfaí na roghanna nó na clásáil sin a fheidhmiú de rogha an díoltóra, an urraitheora nó SSPE.

6.   Maolófar na rioscaí maidir leis an ráta úis agus na rioscaí airgeadra a thagann chun cinn ar leibhéal an chláir ABCP ar bhealach iomchuí agus nochtfar aon bhearta a dhéantar chuige sin. Ach amháin chun riosca airgeadra nó riosca maidir leis an ráta úis a fhálú, ní rachaidh SSPE i ngaol conarthaí díorthach agus áiritheoidh sé nach mbeidh díorthaigh i gcomhthiomsú na neamhchosaintí foluiteacha. Déanfar na díorthaigh sin a fhrithghealladh agus a dhoiciméadú de réir caighdeáin choitianta i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

7.   Sa doiciméadacht a bhaineann leis an gclár ABCP sonrófar go soiléir na nithe seo a leanas:

(a)

freagrachtaí an iontaobhaí agus eintiteas eile, más ann dóibh, a bhfuil cúraimí muiníneacha orthu i leith infheisteoirí;

(b)

oibleagáidí, cúraimí agus freagrachtaí conarthacha an urraitheora a mbeidh saineolas aige ar chreidmheas a fhrithghealladh agus oibleagáidí, cúraimí agus freagrachtaí conarthacha an iontaobhaí, más ann dó agus soláthraithe fosheirbhísí eile;

(c)

na próisis agus na freagrachtaí is gá lena áirithiú nach gcuirfí deireadh le seirbhísiú mar gheall ar mhainneachtain nó ar dhócmhainneacht an tseirbhíseora;

(d)

na forálacha maidir le hathsholáthar contrapháirtithe díorthaigh agus an chuntais bhainc ar leibhéal an chláir ABCP i gcás mainneachtana, dócmhainneachta nó teagmhais shonraithe eile, i gcás nach gcumhdaíonn an tsaoráid leachtachta teagmhais den sórt sin.

(e)

i gcás teagmhais shonraithe, nó i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an urraitheora, beidh forálacha ann maidir le bearta feabhais a dhéanamh lena áirithiú, de réir mar is iomchuí, go ndéanfar urrúis chomhthaobhaigh a sholáthar don ghealltanas maoinithe nó go ndéanfar soláthraí saoráide leachtachta nua a sholáthar; agus

(f)

i gcás nach ndéanann an t-urraitheoir an gealltanas maoinithe maidir leis an tsaoráid leachtachta a nuashonrú laistigh dá dáta éaga, déanfar an tsaoráid leachtachta a tharraingt anuas agus aisíocfar na hurrúis atá ag teacht in aibíocht.

8.   Beidh saineolas ag an seirbhíseoir ar neamhchosaintí a sheirbhísiú atá comhchosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu agus beidh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe bainistithe riosca dea-dhoiciméadaithe acu a bhaineann le neamhchosaintí a sheirbhísiú.

ROINN 3

Fógra STS

Airteagal 27

Ceanglais fógartha STS

1.   Tabharfaidh an tionscnóir agus an t-urraitheoir i gcomhpháirt fógra do ÚEUM trí bhíthin an teimpléid dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo i gcás ina gcomhlíonann an t-urrúsú ceanglais Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 (“Fógra STS”). I gcás chlár ABCP, is é an t-urraitheoir amháin a bheidh freagrach as fógra a thabhairt faoin gclár sin agus faoi na hidirbhearta ABCP, laistigh den chlár sin, a chomhlíonann Airteagal 24.

San fhógra STS beidh míniú ón tionscnóir agus ón urraitheoir ar an gcaoi ar comhlíonadh gach ceann de na critéir STS a leagtar amach in Airteagal 20 go hAirteagal 22 nó in Airteagal 24 go hAirteagal 26.

Foilseoidh ÚEUM an fógra STC ar a shuíomh gréasáin oifigiúil de bhun mhír 5. Cuirfidh tionscnóirí agus urraitheoirí urrúsaithe a gcuid údarás inniúil ar an eolas faoin bhfógra STS agus ainmneoidh siad eintiteas amháin as a measc féin, eintiteas a bheidh ina chéadphointe teagmhála d’infheisteoirí agus d’údaráis inniúla.

2.   Féadfaidh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE leas a bhaint as seirbhís tríú páirtí atá údaraithe faoi Airteagal 28 le seiceáil go bhfuil Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 á gcomhlíonadh ag urrúsú. Mar sin féin, níl dhéanfar aon difear do dhliteanas an tionscnóra, an urrathóra nó SSPE i dtaca lena n-oibleagáidí dlíthiúla faoin Rialachán seo trí leas a bhaint as seibhís den chineál sin. Ní dhéanfar difear do na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar infheisteoirí institiúideacha, mar a leagtar amach iad in Airteagal 5, trí leas a bhaint as seibhís den chineál sin.

I gcás ina mbaineann an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE leas as seirbhísí tríú páirtí atá údaraithe de bhun Airteagal 28 chun a sheiceáil go bhfuil Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 á gcomhlíonadh ag an urrúsú, beidh ráiteas san fhógra STS gur sheiceáil an tríú páirtí inniúil sin gur comhlíonadh na critéir STS. San fhógra, sonrófar ainm an tríú páirtí, an áit a bhfuil sé bunaithe agus ainm an údaráis inniúil a d’údaraigh é.

3.   I ndáil leis an tionscnóir nó leis an iasachtóir bunaidh, murar institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta é mar a shainmhínítear i bpointe (1) agus i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, atá bunaithe san Aontas, beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an bhfógra de bhun mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

deimhniú ón tionscnóir nó ón iasachtóir bunaidh go ndéanann sé a chuid deonaithe creidmheasa ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus próisis atá bunaithe go soiléir chun creidmheasanna a cheadú, a leasú, a athnuachan agus a mhaoiniú agus go bhfuil córais éifeachtacha i bhfeidhm ag an tionscnóir nó ag an iasachtóir bunaidh chun na próisis sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo; agus

(b)

dearbhú ón tionscnóir nó ón iasachtóir bunaidh an bhfuil an deonú creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a) faoi réir maoirseachta.

4.   Tabharfaidh an tionscnóir agus an t-urraitheoir fógra láithreach do ÚEUM agus cuirfidh siad a n-údarás inniúil ar an eolas i gcás nach gcomhlíonann urrúsú ceanglais Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 a thuilleadh.

5.   Ar a shuíomh gréasáin oifigiúil coimeádfaidh ÚEUM liosta de na hurrúsuithe go léir a bhfuil sé fógartha ag na tionscnóirí agus ag na hurraitheoirí ina leith go gcomhlíonann siad ceanglais Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26. Déanfaidh ÚEUM gach urrúsú arna bhfógairt mar sin a chur leis an liosta láithreach. Tabharfaidh ÚEUM an liosta cothrom le dáta i gcás ina measfar nach urrúsuithe STS na hurrúsuithe a thuilleadh tar éis do na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh chuige sin nó tar éis fógra a fháil ón tionscnóir nó ón urraitheoir. I gcás ina bhfuil smachtbhannaí riaracháin forchurtha ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 32, tabharfaidh sé fógra láithreach do ÚEUM faoin méid sin. Cuirfidh ÚEUM in iúl láithreach ar an liosta go bhfuil údarás inniúil tar éis smachtbhannaí riaracháin a fhorchur i leith an urrúsaithe lena mbaineann.

6.   Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag an tionscnóir, ag an urraitheoir agus ag SSPE d’fhonn na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Iúil 2018.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála cur chun feidhme chun na teimpléid atá le húsáid chun an fhaisneis dá dtagraítear mír 6 a sholathar.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin18 Iúil 2018.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 28

Comhlíonadh STS á fhíorú ag tríú páirtí

1.   Údaróidh an t-údarás inniúil do thríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 27(2) measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil na critéir STS dá bhforáiltear in Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó in Airteagal 23 go hAirteagal 26 á gcomhlíonadh ag na hurrúsuithe. Tabharfaidh an t-údarás inniúil an t-údarú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní ghearrann an tríú páirtí ach muirir neamh-idirdhealaitheacha agus táillí atá bunaithe ar chostais amháin ar na tionscnóirí, na hurraitheoirí nó ar SSPEnna atá bainteach leis na hurrúsuithe a ndéanann an tríú páirtí measúnú orthu gan idirdhealú a dhéanamh idir na táillí, de réir thorthaí a mheasúnaithe nó i gcomhchoibhneas leo;

(b)

ní eintiteas rialáilte é an tríú páirtí mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE ná ní gníomhaireacht rátála creidmheasa é mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, agus ní bhaineann feidhmíocht ghníomhaíochtaí eile an tríú páirtí ó neamhspleáchas ná ó shláine a mheasúnaithe;

(c)

ní chuirfidh an tríú páirtí seirbhís chomhairleach, iniúchóireachta nó seirbhís choibhéiseach de chineál ar bith ar fáil don tionscnóir, don urraitheoir ná do SSPE atá bainteach leis na hurrúsuithe ar a ndéanann an tríú páirtí measúnú;

(d)

tá cáilíochtaí gairmiúla, eolas gairmiúil agus taithí ghairmiúil ag comhaltaí bhord bainistíochta an tríú páirtí atá leordhóthanach do chúram an tríú páirtí agus tá dea-chlú orthu agus tá siad macánta;

(e)

is stiúrthóirí neamhspleácha a bheidh in aon tríú cuid de chomhlacht bainistíochta an tríú páirtí, agus beidh ar a laghad beirt stiúrthóirí neamhspleácha ar an gcomhlacht bainistíochta sin;

(f)

déanann an tríú páirtí gach is gá lena áirithiú nach gcuirfear isteach ar an bhfíorú ar chomhlíonadh STS mar thoradh ar aon choinbhleacht leasa nó aon chaidreamh gnó atá ag baint nó a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an tríú páirtí, a gheallsealbhóirí nó a chomhaltaí, nó bainisteoirí, fostaithe nó aon duine nádúrtha eile a chuireann seirbhísí ar fáil don tríú páirtí nó atá faoina smacht. Chun na críche sin, déanfaidh an tríú páirtí córas éifeachtach rialaithe inmheánaigh a bhunú, a chothabháil, a fhorghníomhú agus a dhoiciméadú lena rialófar cur chun feidhme na mbeartas agus na nósanna imeachta d’fhonn coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a chosc. I gcás go sainaithnítear coinbhleachtaí leasa atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann, déanfar iad a dhíchur nó a mhaolú agus a nochtadh gan mhoill. Déanfaidh an tríú páirtí nósanna imeachta agus próisis leordhóthanacha a bhunú, a chothabháil, a fhorghníomhú agus a dhoiciméadú chun a áirithiú go ndéanfar an measúnú ar chomhlíonadh STS ar bhonn neamhspleách. Déanfaidh an tríú páirtí faireachán agus athbhreithniú go tréimhsiúil ar na bearta agus ar na nósanna imeachta sin d’fhonn a n-éifeachtúlacht a mheas agus féachaint ar cheart iad a nuashonrú; agus

(g)

féadfaidh an tríú páirtí a thaispeáint go bhfuil coimircí oibriúcháin agus próisis inmheánacha iomchuí aige lenar féidir leis measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh STS.

Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-údarú a aistarraingt nuair a mheasann sé nach gcomhlíonann tríú páirtí an chéad fhomhír ó thaobh ábhair de.

2.   Tabharfaidh tríú páirtí a údaraítear i gcomhréir le mír 1 fógra dá údarás inniúil gan mhoill faoi aon athruithe ábhartha ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoin mhír sin, nó faoi aon athruithe eile a bhféadfaí a mheas le réasún go bhféadfadh siad tionchar a imirt ar an measúnú ar a údarás inniúil.

3.   Féadfaidh an t-údarás inniúil táillí costas-bhunaithe a ghearradh ar an tríú páirtí dá dtagraítear i mír 1, d’fhonn an caiteachas riachtanach sin a chumhdach a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar iarratais ar údarú agus le faireachán ina dhiaidh sin ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin a leagtar amach i mír 1.

4.   Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar an fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil do na húdaráis inniúla san iarratas ar an údarú do thríú páirtí i gcomhréir le mír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Iúil 2018.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 5

MAOIRSEACHT

Airteagal 29

Údaráis inniúla a ainmniú

1.   Maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán seo is iad na húdaráis inniúla a leanas a dhéanfaidh é a mhaoirsiú i gcomhréir leis na cumhachtaí a dheonaítear leis na gníomhartha ábhartha dlí:

(a)

maidir le gnóthais árachais agus athárachais, an t-údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le pointe (10) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;

(b)

maidir le bainisteoirí cistí infheistíochtaí malartacha, an t-údarás inniúil freagrach arna ainmniú i gcomhréir le Airteagal 44 de Threoir 2011/61/AE;

(c)

maidir le GCUI agus cuideachtaí bainistíochta GCUI, an t-údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le Airteagal 97 de Threoir 2009/65/CE;

(d)

maidir le hinstitiúidíle haghaidh soláthar scoir ceirde, an t-údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 6 de Threoir 2003/41/cé ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33);

(e)

maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta, an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le Airteagal 4 de Threoir 2013/36/AE, lena n-áirítear BCE i ndáil le cúraimí ar leith a thugtar dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.

2.   Na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar urraitheoirí i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2013/36/AE, lena n-áirítear BCE i dtaca le cúraimí sonracha a bhronntar air le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, déanfaidh siad maoirsiú ar chomhlíonadh na n-urraitheoirí i ndáil leis na hoibleagáidí atá leagtha amach in Airteagail 6, 7, 8 agus 9 den Rialachán seo.

3.   I gcás inar eintitis mhaoirsithe tionscnóirí, iasachtóirí bunaidh nó SSPEnna i gcomhréir le Treoracha 2003/41/CE, 2009/138/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha arna n-ainmniú de réir na ngníomhartha sin, lena n-áirítear BCE i dtaca le cúraimí sonracha a bhronntar air faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, maoirsiú ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí atá leagtha amach in Airteagail 6, 7, 8 agus 9 den Rialachán seo.

4.   Maidir le tionscnóirí, iasachtóirí bunaidh nó SSPEnna atá bunaithe san Aontas, nach gcumhdaítear le gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír-3, ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó chun maoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibligeáidí a leagtar amach in Airteagail 6, 7, 8 agus 9. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus ÚEUM ar an eolas maidir le hainmniú na n-údarás inniúil de bhun na míre seo faoin 1 Eanáir 2019. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis na heintitis sin nach bhfuil ach ag díol neamhchosaintí faoi chlár ABCP nó faoi idirbheart nó scéim eile urrúsúcháin agus nach bhfuil neamhchosaintí á dtionscnamh go gníomhach acu ar bhonn rialta chun iad a urrúsú agus chun na críche sin amháin.

5.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó chun maoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna i ndáil le hAirteagal 18 go hAirteagal 27, agus ar chomhlíonadh tríú páirithe le hAirteagal 28. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus ÚEUM ar an eolas maidir le hainmniú údarás inniúil de bhun na míre seo faoin 18 Eanáir 2019.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 5 den Airteagal seo maidir leis na heintitis sin nach bhfuil ach ag díol neamhchosaintí faoi chlár ABCP nó faoi idirbheart nó scéim eile urrúsúcháin agus nach bhfuil neamhchosaintí á dtionscnamh go gníomhach acu ar bhonn rialta chun iad a urrúsú agus chun na críche sin amháin. Sa chás sin, fíoróidh an tionscnóir nó an t-urraitheoir go gcomhlíonann na heintitis sin na ceanglais ábhartha a leagtar amach in Airteagal 18 go hAirteagal 27.

7.   Áiritheoidh ÚEUM go gcuirfear na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 18 go hAirteagal 27 den Rialachán seo i bhfeidhm agus go ndéanfar iad a fhorfheidhniú i gcomhréir leis na cúraimí agus na cumhachtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar mhargadh urrúsúcháin an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé a chuid cumhachtaí idirghabhála sealadacha i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

8.   Foilseoidh ÚEUM liosta de na húdaráis inniúla dá dtagraítear san Airteagal seo ar a shuíomh gréasáin agus coinneoidh sé an liosta sin cothrom le dáta.

Airteagal 30

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta, imscrúdaitheacha agus smachtbhannaí is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh faoin Rialachán seo ag an údarás inniúil, arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 29(1) go (5).

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú go rialta ar na socruithe, próisis agus sásraí atá curtha chun feidhme ag tionscnóirí, urraitheoirí, SSPEnna agus iasachtóirí bunaidh chun an Rialachán seo a chomhlíonadh.

Áireofar an méid seo a leanas go háirithe leis an athbhreithniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

na próisis agus na sásraí chun an glanleas eacnamaíoch ábhartha a thomhas i gceart agus a chaomhnú ar bhonn leanúnach, bailiú agus nochtadh tráthúil na faisnéise uile a chuirfear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 7 agus na critéir maidir le creidmheas a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 9.

(b)

i gcás urrúsuithe STS nach urrúsuithe laistigh de chlár ABCP iad, na próisis agus na sásraí lena n-áirithítear go gcomhlíonfar Airteagal 20(7) go (12), Airteagal 21(7), agus Airteagal 22; agus

(c)

i gcás urrúsuithe STS ar urrúsuithe laistigh de chlár ABCP iad, na próisis agus na sásraí lena n-áirithítear, maidir le hidirbhearta ABCP, go gcomhlíonfar comhlíonadh ceanglais Airteagal 24 agus, maidir le cláir ABCP, go gcomhlíonfar na ceanglais i gcomhréir le hAirteagal 26(7) agus (8).

3.   Ceanglóidh na húdaráis inniúla go ndéanfar meastóireacht agus go dtabharfar aghaidh ar na rioscaí a eascraíonn as idirbhearta urrúsúcháin, lena n-áirítear rioscaí do chlú, trí bhearta iomchuí agus nósanna imeachta iomchuí de chuid tionscnóirí, urraitheoirí, SSPEnna agus iasachtóirí bunaidh.

4.   Mar chuid dá mhaoirseacht stuamachta i réimse an urrúsúcháin, déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán, de réir mar is infheidhme, ar an tiochar sonrach a imríonn rannpháirtíocht sa mhargadh urrúsúcháin ar chobhsaíocht na hinstitiúide airgeadais sin a fheidhmíonn mar iasachtóir bunaidh nó mar thionscnóir, urraitheoir nó infheisteoir agus cuirfidh sé an méid seo a leanas san áireamh, gan dochar do rialáil earnálach níos déine:

(a)

méid na maolán caipitil;

(b)

méid na maolán leachtachta agus;

(c)

an riosca leachtachta d’infheisteoirí mar gheall ar neamhréir aibíochta idir a gcuid maoinithe agus infheistíochtaí.

I gcásanna ina n-aithneoidh an t-údarás inniúil riosca ábhartha do chobhsaíocht airgeadais institiúid airgeadais nó don chóras airgeadais ina iomlán, beag beann ar a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 36, gníomhóidh sé chun na rioscaí sin a mhaolú, tuairisceoidh sé a thorthaí don údarás ainmnithe atá inniúil maidir le hionstraimí stuamachta ar an macraileibhéal faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus don BERS.

5.   Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar aon dul timpeall a d’fhéadfaí go ndéanfaí ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6(2) agus áiritheoidh sé go gcuirfear smachtbhannaí i bhfeidhm mar gheall ar aon mhí-úsáid i gcomhréír le hAirteagal 32 agus le hAirteagal 33.

Airteagal 31

Formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ar an margadh urrúsúcháin

1.   Faoi theorainneacha a shainordaithe, beidh an BERS freagrach as formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ar mhargadh urrúsúcháin an Aontais.

2.   D’fhonn cabhrú chun na rioscaí sistéamacha don chobhsaíocht airgeadais san Aontas a eascraíonn ó fhorbairtí laistigh den chóras airgeadais a chosc nó a mhaolú, agus forbairtí maicreacnamaíocha á gcur san áireamh, déanfaidh BERS faireachán leanúnach ar fhorbairtí sa mhargadh urrúsúcháin ar mhaithe le tréimhsí a sheachaint ina mbeadh anás airgeadais go forleathan. I gcás ina measann BERS gur gá sin, nó ar a laghad gach 3 bliana, foilseoidh BERS tuarascáil ar na himpleachtaí, i dtaca le cobhsaíocht airgeadais, don mhargadh urrúsúcháin, i ndlúthchomhar le ÚBE, d’fhonn béim a leagan ar na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais. Má fheictear go bhfuil rioscaí ábhartha ann, tabharfaidh BERS rabhaidh agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé moltaí don Choimisiúin, do na ÚEManna agus do na Ballstáit maidir le bearta feabhais mar fhreagairt ar na rioscaí sin de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, lena n-áirítear i dtaca lena iomchuí a bheadh sé na leibhéil coinneála riosca a athrú nó maidir le bearta stuamachta eile ar an macrileibhéal a ghlacadh. I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, cuirfidh an Coimisiún, na ÚEManna agus na Ballstáit na bearta a rinneadh mar fhreagairt ar an moladh in iúl do BERS, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus tabharfaidh siad údar leordhóthanach le haon easpa gníomhaíochta laistigh de 3 mhí ón dáta a rinneadh an moladh a tharchuir chuig na seolaithr.

Airteagal 32

Smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais

1.   Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur de bhun Airteagal 34, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha lena mbunófar smachtbhannaí riaracháin iomchuí, i gcás sárú a dhéantar d’aon ghnó nó le faillí, agus bearta feabhais a bheidh infheidhme ar a laghad i gcásanna:

(a)

inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó iasachtóir bunaidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6 a chomhlíonadh;

(b)

inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó SSPE ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7 a chomhlíonadh;

(c)

inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó iasachtóir bunaidh na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 9 a chomhlíonadh;

(d)

inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó SSPE na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18 a chomhlíonadh;

(e)

inar ainmníodh urrúsú mar STS agus inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó SSPE an urrúsaithe sin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 a chomhlíonadh.

(f)

ina dtugann tionscnóir nó urraitheoir fógra míthreorach de bhun Airteagal 27(1).

(g)

inar mhainnigh tionscnóir nó urraitheoir na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 27(4) a chomhlíonadh; nó

(h)

inar mhainnigh tríú páirtí atá údaraithe de bhun Airteagal 28 fógra a thabhairt faoi athruithe ábhartha ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1), nó ar aon athruithe eile a bhféadfaí a mheas le réasún go ndéanann siad tionchar a imirt ar mheasúnú a údaráis inniúil.

Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirfear smachtbhannaí riaracháin agus/nó bearta feabhais chun feidhme go héifeachtach.

Beidh na smachtbhannaí agus na bearta sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht d’údaráis inniúla na smachtbhannaí agus na bearta seo a leanas ar a laghad a chur i bhfeidhm i gcás na sáruithe dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ráiteas poiblí, ina léireofar céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 37;

(b)

ordú ina n-éilítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;

(c)

toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an tionscnóra, an urraitheora nó SSPE nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnóthais den chineál sin;

(d)

i gcás sáraithe amhail dá dtagraítear i bpointe (e) nó (f) de mhír 1 den chéad fhomhír den Airteagal seo toirmeasc sealadach ar an tionscnóir agus ar an urraitheoir ó chur in iúl faoi Airteagal 27(1), go gcomhlíonann urrúsú na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó in Airteagal 23 go hAirteagal 26;

(e)

i gcás duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de EUR 5 000 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 17 Eanáir 2018;

(f)

i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar luach EUR 5 000 000 ar a laghad, nó sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar an 17 Eanáir 2018, nó suas le 10 % de ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta; i gcás gur máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais an duine dlítheanach nach mór dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35), is éard a bheidh sa ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an glanláimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais bhunaidh;

(g)

smachtbhannaí airgid riaracháin uasta de ar a laghad dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, fiú más rud é gur mó é sin ná na huasmhéideanna i bpointe (e) agus i bpointe (f); agus

(h)

i gcás an tsáraithe amhail dá dtagraítear i bpointe (h) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, aistarraingt shealadach an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 28 don tríú páirtí atá údaraithe chun a sheiceáil an bhfuil Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 den Rialachán seo á gcomhlíonadh ag urrúsú.

3.   I gcás ina bhfuil feidhm ag na forálacha dá dtagraítear sa chéad mhír maidir le daoine dlítheanacha, tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht do na húdaráis inniúla chun na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta feabhais dá bhforáiltear in i mír 2 a chur i bhfeidhm ar chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus ar dhaoine aonair eile atá freagrach as an sárú faoin dlí naisiúnta, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon chinneadh maidir le smachtbhannaí riaracháin nó bearta feabhais a leagtar amach i mír 2 a fhorchur, réasúnaithe mar is ceart agus go mbeidh sé faoi réir cead achomhairc.

Airteagal 33

Feidhmiú na cumhachta chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais a fhorchur

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais a fhorchur, dá dtagraítear in Airteagal 32 a fheidhmiú i gcomhréir lena gcreataí náisiúnta dlí, de réir mar is iomchuí:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile;

(c)

faoina bhfreagracht trí tharmligean d’údaráis eile;

(d)

trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

2.   Agus cineál agus leibhéal an smachtbhanna riaracháin nó an bhirt feabhais a fhorchuirfear faoi Airteagal 32 á gcinneadh acu, cuirfidh údaráis inniúla san áireamh an d’aon ghnó nó de thoradh ar fhaillí a dhéantar an sárú maille leis na cúinsí ábhartha eile go léir, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, iad seo a leanas:

(a)

ábharthacht, tromaíocht agus fad an tsáraithe;

(b)

leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)

acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;

(d)

méid na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(e)

na caillteanais do thríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(f)

leibhéal comhoibrithe an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá faoi aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(g)

sáruithe roimhe sin a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach.

Airteagal 34

Smachtbhannaí coiriúla

1.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh gan rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí riaracháin nó bearta feabhais i gcás sáruithe atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla faoina ndlí náisiúnta.

2.   I gcás inar roghnaigh Ballstáit, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i gcás an tsáraithe dá dtagraítear in Airteagal 32(1), áiritheoidh sé go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí go léir is gá ag na húdaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha, ionchúisimh, nó ceartais choiriúil laistigh dá ndlínse, chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i dtaca leis na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 32(1) agus chun an fhaisnéis chéanna a sholáthar d’údaráis inniúla eile agus do ÚEUM, do ÚBE agus do ÚEÁPC chun a ndualgas maidir le comhoibriú a chomhlíonadh chun críche an Rialacháin seo.

Airteagal 35

Dualgais fógartha

Tabharfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na ndlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin lena gcuirtear an Chaibidil seo chun feidhme, lena n-áirítear aon fhorálacha ábhartha den dlí coiriúil, don Choimisiún, ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC faoin 18 Eanáir 2019. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC gan mhoill mhíchuí faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

Airteagal 36

Comhar idir na hudaráis inniúla agus na hESAnna

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 29 agus ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC go dlúth lena chéile agus malartóidh siad faisnéis eatarthu féin chun a ndualgais de bhun Airteagal 30 go hAirteagal 34 a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla dlúth-chomhordú ar mhaoirseacht d’fhonn sáruithe ar an Rialacháin seo a shainaithint agus a leigheas, dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn, comhar a éascú, comhsheasmhacht maidir le léiriú a chothú agus measúnuithe trasdlínse a chur ar fáil i gcás aon easaontuithe.

3.   Bunófar coiste urrúsúcháin ar leith faoi chuimsiú chomhchoiste na nÚdarás Eorpach Maoirseachta, ina mbeidh dlúthchomhar idir na húdaráis inniúla, d’fhonn a gcuid dualgas a dhéanamh de bhun Airteagal 30 go hAirteagal 34.

4.   I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil amach gur sáraíodh ceann amháin nó níos mó de na ceanglais faoi Airteagal 6 go hAirteagal 27 nó ina bhfuil cúis aige é sin a chreidiúint, cuirfidh sé údarás inniúil an eintitis nó na n-eintiteas atá faoi amhras maidir leis an sárú sin ar an eolas maidir lena thorthaí ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach. Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a maoirseacht a dhlúthchomhordú d’fhonn cinntí comhsheasmhacha a áirithiú.

5.   Ina theannta sin, má bhaineann an sárú dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, go sonrach, le fógra mícheart nó míthreorach de bhun Airteagal 27(1), tabharfaidh an t-údarás inniúil a thagann ar an sárú sin fógra faoina thorthaí d’údarás inniúil an eintitis a ainmníodh mar an chéad phointe teagmhála faoi Airteagal 27(1). Ar a uain, cuirfidh údarás inniúil an eintitis a ainmníodh mar an chéad phointe teagmhála faoi Airteagal 27(1) ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC ar an eolas agus leanfaidh sé an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 6 den Airteagal seo.

6.   Tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil, déanfaidh údarás inniúil an eintitis a bhfuil amhras faoi maidir leis an sárúaon bheart is gá, laistigh de 15 lá oibre, chun aghaidh a thabhairt ar an sárú a sainaithníodh agus tabharfaidh sé fógra do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann, go háirithe údaráis inniúla an tionscnóra, an urraitheora, agus SSPE agus údaráis inniúla sealbhóra suímh urrúsúcháin, nuair is eol cé hiad. I gcás go n-easaíontaíonn údarás inniúil le húdarás inniúil eile i ndáil leis an nós imeachta nó lena ghníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht, cuirfidh sé sin in iúl do na húdaráis inniúla eile ar fad atá bainteach, gan aon mhoill mhíchuí. Mura réiteofar an t-easaontas sin laistigh de thrí mhí ón dáta a dtabharfar fógra do na húdaráis inniúla eile ar fad atá bainteach, cuirfear an cheist ar aghaidh chuig BERS i gcomhréir le hAirteagal 19 agus, i gcás inarb iomchuí, le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Mí amháin a bheidh sa tréimhse idir-réitigh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás nach bhféadfaidh na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh ÚEUM an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 laistigh de 1 mhí. Le linn an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, measfar i gcónaí gur STS de bhun Chaibidil 4 den Rialachán seo urrúsú a bheidh le feiceáil ar an liosta atá á choimeád ag ÚEUM de bhun Airteagal 27 den Rialachán seo agus coimeádfar ar an liosta sin é.

I gcás ina gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann go mbaineann an sárú le neamh-chomhlíonadh Airteagal 18 de mheon macánta, féadfaidh siad a chinneadh tréimhse suas le 3 mhí a thabhairt don tionscnóir, don urraitheoir agus do SSPE leis an sárú a aithníodh a leigheas, agus cuirfear tús leis an tréimhse sin an lá a gcuireann an t-údarás inniúil an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE ar an eolas faoin sárú. Le linn na tréimhse sin, leanfar d’urrúsú atá ar an liosta atá á choimeád ag ÚEUM de bhun Airteagal 27 a mheas mar STS de bhun Chaibidil 4 agus déanfar iad a choimeád ar an liosta sin.

I gcás ina mbeidh ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann den tuairim nach ndearnadh an sárú a leigheas mar ba chuí laistigh den tréimhse a leagtar amach sa tríú fomhír í, beidh feidhm ag an chéad fhomhír.

7.   Trí bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh ÚEUM athbhreithniú piaraí ar chur chun feidhme na gcritéar dá bhforáiltear in Airteagal 19 go hAirteagal 26 den Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.   Déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an oibleagáid ghinearálta maidir le comhoibriú agus an fhaisnéis a bheidh le malartú faoi mhír 1 agus na hoibleagáidí fógraí de bhun mhír 4 agus mhír 5 a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Eanáir 2019.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 37

Foilsiú na smachtbhannaí riaracháin

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla, gan aon mhoill mhíchuí agus ar a laghad, aon chinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin nach bhfuil aon achomharc ina choinne agus a fhorchuirtear i gcás sárú ar Airteagail 6, 7, 9 nó 27(1) tar éis fógra a thabhairt do sheolaí an smachtbhanna faoin gcinneadh sin.

2.   San fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1 beidh faisnéis faoi chineál agus nádúr an tsáraithe agus faoi chéannacht na ndaoine atá freagrach as agus faoi na smachtbhannaí a forchuireadh.

3.   I gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil sé neamhréireach céannacht an duine, i gcás daoine dlíthiúla, nó céannacht agus sonraí pearsanta, i gcás daoine nádúrtha, a fhoilsiú tar éis dó measúnú cás ar chás a dhéanamh, nó i gcás ina measann an t-údarás inniúil go gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdaithe coiriúla leanúnacha i mbaol leis an bhfoilsiú nó más rud é go ndéanfaí, a mhéad a fhéadfar a chinneadh, díobháil neamhréireach don duine lena mbaineann mar thoradh ar an bhfoilsiú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

moill a chur ar fhoilsiú an chinnidh maidir leis an smachtbhanna riaracháin a fhorchur go dtí nach ann a thuilleadh do na cúiseanna atá ann gan é a fhoilsiú;

(b)

an cinneadh lena bhforchuirtear an smachtbhanna riaracháin a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; nó

(c)

gan an cinneadh maidir le smachtbhanna riaracháin a fhorchur a fhoilsiú ar chor ar bith i gcás ina meastar gur neamhleor na roghanna a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) leis an méid seo a leanas a áirithiú:

(i)

nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol; nó

(ii)

comhréireacht i dtaca le cinntí mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad.

4.   I gcás ina ndéanfar cinneadh smachtbhanna a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar. I gcás ina bhfoilseoidh údarás inniúil cinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin a bhfuil achomharc ina choinne os comhair na n-údarás breithiúnach ábhartha, déanfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin agus aon fhaisnéis ina dhiaidh sin maidir le toradh an achomhairc sin a fhoilsiú in áit na mbonn ar a suíomh gréasáin oifigiúil. Foilseofar freisin aon chinneadh breithiúnach lena gcuirtear ar neamhní cinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin.

5.   Áiritheoidh na h údaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1 go mír 4, ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann 5 bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Ní dhéanfar sonraí pearsanta atá san fhoilseachán a choinneáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil ach amháin ar feadh na tréimhse is gá i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

6.   Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEUM ar an eolas faoi na smachtbhannaí riaracháin go léir a forchuireadh, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, aon achomharc lena mbaineann agus toradh an achomhairc sin.

7.   Coimeádfaidh ÚEUM bunachar sonraí lárnach de smachtbhannaí riaracháin a chuirtear in iúl dó. Ní bheidh an bunachar sonraí sin inrochtana ach amháin ag ÚEUM, ÚBE, ÚEÁPC agus na húdaráis inniúla agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil i gcomhréir le mír 6.

CAIBIDIL 6

LEASUITHE

Airteagal 38

Leasú ar Threoir 2009/65/CE

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50a de Threoir 2009/65/CE:

“Airteagal 50a

I gcás go mbeidh neamhchosaint ag cuideachtaí bainistíochta GCUI nó GCUIanna a bhainistítear go hinmheánach ar urrúsú nach gcomhlíonann na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), gníomhóidh siad ar mhaithe le leas na n-infheisteoirí sa GCUI ábhartha agus déanfaidh siad gníomhaíocht ceartaitheach, más iomchuí.

Airteagal 39

Leasú ar Threoir 2009/138/CE

Leasaítear Treoir 2009/138/CE mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 135, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 301a den Treoir seo lena bhforlíontar an Treoir seo trí na sonraíochtaí a leagan síos maidir leis na cúinsí faoina bhféadfar muirear caipitil breise comhréireach a fhorchur i gcás inar sáraíodh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 5 nó Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), gan dochar d’Airteagal 101(3) den Treoir seo.

3.   Chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú i ndáil le mír 2 den Airteagal seo, forbróidh ÚEÁPC, faoi réir Airteagal 301b, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar na modheolaíochtaí maidir le muirear caipitil breise comhréireach dá dtagraítear ann a ríomh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.”

(*2)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017. Ich. 35)”"

(2)

scriostar Airteagal 308b(11).

Airteagal 40

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 mar seo a leanas:

(1)

In aithris 22 agus in aithris 41, in Airteagal 8c agus i bpointe 1 de Chuid II de Roinn D d’Iarscríbhinn I, cuirtear “ionstraim urrúsúcháin” in ionad “ionstraim airgeadais struchtúraithe”.

(2)

In aithris 34 agus aithris 40, in Airteagal 8(4), 8c, Airteagal 10(3) agus Airteagal 39(4) chomh maith leis an cúigiú fomhír de phointe 2 de Roinn A d’Iarscríbhinn I, teideal agus pointe 2 de Chuid II de Roinn D d’Iarscríbhinn I, pointí 8, 24 agus 45 de Chuid I d’Iarscríbhinn III agus pointe 8 de Chuid III d’Iarscríbhinn III cuirtear “ionstraimí urrúsúcháin” in ionad “ionstraimí airgeadais struchtúraithe”.

(3)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír

“Ina theannta sin, leagtar síos leis an Rialachán seo oibleagáidí d’eisitheoirí, agus do thríú páirtithe gaolmhara atá bunaithe san Aontas i leith ionstraimí urrúsúcháin.”

(4)

in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

“(l)

ciallaíonn “ionstraim urrúsúcháin” ionstraim airgeadais nó sócmhainní eile a eascraíonn ó idirbheart nó scéim urrúsúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2017/2402 [Rialachán urrúsúcháin].”

(5)

scriostar Airteagal 8b.

(6)

i bpointe (b) d’Airteagal 4(3), i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 5(6) agus in Airteagal 25a, scriostar an tagairt d’Airteagal 8b.

Airteagal 41

Leasú ar Threoir 2011/61/AE

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17 de Threoir 2011/61/AE:

“Airteagal 17

“I gcás go mbeidh neamhchosaint ag AIFManna ar urrúsú nach gcomhlíonann na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), gníomhóidh siad ar mhaithe le leas na n-infheisteoirí sna AIFManna ábhartha agus déanfaidh siad gníomhaíocht ceartaitheach, más iomchuí.”

Airteagal 42

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh 648/2012 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(30)

ciallaíonn “banna faoi chumhdach” banna a chomhlíonann ceanglais Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”

(31)

ciallaíonn “eintiteas banna faoi chumhdach” eisitheoir an bhanna faoi chumhdach nó comhthiomsú cumhdaigh banna faoi chumhdach.”

(2)

in Airteagal 4, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“5.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar a thabharfar i gcrích ag eintitis bannaí faoi chumhdach i dtaca le banna cumhdaithe, nó a chuirfear i gcrích ag eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i dtaca le hurrúsú, de réir bhrí Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) (*4) ar choinníoll:

(a)

i gcás eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin, nach n-eiseoidh an t-eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin ach urrúsuithe a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 agus Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2017/2402 [An Rialachán Urrúsúcháin];

(b)

nach n-úsáidfear an conradh díorthach thar an gcuntar ach chun neamhréireanna ráta úis nó airgeadra a fhálú faoin mbanna faoi chumhdach nó urrúsú; agus

(c)

go maolóidh na socruithe faoin mbanna faoi chumhdach nó faoin urrúsú riosca creidmheasa contrapháirtí go leordhóthanach i ndáil leis na conarthaí díorthacha thar an gcuntar a thug an t-eintiteas banna faoi chumhdach nó an t-eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i gcrích i dtaca leis an mbanna faoi chumhdach nó an t-urrúsú.

6.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, agus an riachtanas atá ann arbatráiste rialála a chosc á chur san áireamh, forbróidh na ÚEManna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar critéir chun a chinneadh céard iad na socruithe faoi bhannaí faoi chumhdach nó urrúsuithe a mhaolaíonn go riosca creidmheasa contrapháirte go leordhóthanach, de réir bhrí mhír 5.

Cuirfidh na ÚEManna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Iúil 2018.

Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(*4)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, agus Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, Ich. 35)”"

(3)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 15:

“15.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh na ÚEManna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála comhchoiteanna ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear na leibhéil agus an cineál comhthaobhachta, mar aon leis na socruithe um leithscaradh, atá riachtanach chun go gcomhlíonfar mír 3;

(b)

na nósanna imeachta atá le leanúint ag na contrapháirtithe agus ag na húdaráis inniúla ábhartha nuair a chuirfear na díolúintí faoi mhír 6 go mír 10 i bhfeidhm;

(c)

na critéir infheidhme dá dtagraítear i mír 5 go mír 10 lena n-áirítear go háirithe gach ar cheart a mheas mar bhac praiticiúil nó dlíthiúil ar aistriú pras cistí dílse idir contrapháirtithe agus ar dhliteanais a aisíoc eatarthu.

Déanfar an leibhéal agus an cineál comhthaobhachta i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích ag eintitis bannaí faoi chumhdach i dtaca le banna cumhdaithe, nó arna gcur i gcrích ag eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i dtaca le hurrúsú, de réir bhrí an Rialacháin seo, agus a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 4(5) den Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18, agus in Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 agus de Rialachán (AE) 2017/2402 [An Rialachán Urrúsúcháin] a chinneadh agus cuirfear san áireamh aon bhaic ar chomhthaobhacht a mhalartú maidir le socruithe comhthaobhachta a bheidh ann cheana faoin mbanna faoi chumhdach nó faoin urrúsú.

Cuirfidh na ÚEManna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Eanáir 2018.

Ag brath ar nádúr dlíthiúil an chontrapháirtí, tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”

Airteagal 43

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hurrúsuithe a n-eiseofar na hurrúis a bhaineann leo ar 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin, faoi réir mhír 7 agus 8.

2.   I dtaca le hurrúsuithe ar eisíodh a n-urrúis roimh 1 Eanáir 2019, féadfaidh tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEanna an t-ainmniú “STS” nó “simplí trédhearcach caighdeánaithe” a úsáid nó ainmniú a thagraíonn go díreach nó go hindíreach do na téarmaí sin, i gcás go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18 agus na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, agus sa chás sin amháin.

3.   Measfar gur “STS” iad urrúsuithe ar eisíodh a n-urrúis roimh an 1 Eanáir 2019, seachas suíomhanna urrúsúcháin a bhaineann le hidirbheart nó clár ABCP, más fíor an méid seo a leanas:

(a)

gur chomhlíon siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 20(1) go (5), (7) go (9) agus (11) go (13) agus Airteagal 21(1) agus (3), tráth eisiúna na n-urrúsuithe sin; agus

(b)

go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 20(6) agus (10), Airteagal 21(2) agus Airteagal 21(4) go (10) agus Airteagal 22(1) go (5), tráth a dtugtar an fhógra de bhun Airteagal 27(1) agus ó shin i leith.

4.   Chun críocha phointe (b) de mhír 3, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

in Airteagal 22(2), meastar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1) faoi na hurrúis” in ionad “sula n-eisítear na hurrúis”;

(b)

in Airteagal 22(3)’ meastar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1),” in ionad “roimh phraghsáil an urrúsaithe”;

(c)

in Airteagal 22(5):

(i)

sa dara habairt, meastar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1),”in ionad “roimh an bpraghsáil”;

(ii)

meastar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1),” in ionad “roimh an bpraghsáil i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh”;

(iii)

ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach sa cheathrú habairt;

(iv)

forléireofar na tagairtí do chomhlíonadh Airteagal 7 amhail is dá mbeadh feidhm ag Airteagal 7 i gcás na n-urrúsuithe sin, d’ainneoin Airteagal 43(1).

5.   I ndáil le hurrúsuithe ar eisíodh na hurrúis a bhain leo an 1 Eanáir 2011, nó ina dhiaidh sin, ach roimh an 1 Eanáir 2019 agus i ndáil le hurrúsuithe ar eisíodh a n-urrúis roimh an 1 Eanáir 2011 i gcás inar cuireadh neamhchosaintí foluiteacha nua leo nó in ionad cinn eile iontu tar éis an 31 Nollaig 2014, leanfaidh na ceanglais díchill chuí dá bhforáiltear in Airteagal i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/35 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 213/2013 faoi seach sa leagan díobh is infheidhme an 31 Nollaig 2018 d’fheidhm a bheith acu.

6.   I dtaca le hurrúsuithe ar eisíodh a n-urrúis roimh 1 Eanáir 2019 institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) agus (2) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gnóthais árachais mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE, gnóthais athárachais mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (AIFManna) mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE iad, leanfaidh siad orthu d’Airteagal 405 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Caibidil I, Caibidil II agus Caibidil III agus Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 625/2014, Airteagal 254 agus Airteagal 255 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 agus Airteagal 51 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 231/2013 ón gCoimisiún faoi seach a chur i bhfeidhm sa leagan díobh is infheidhme an 31 Nollaig 2018.

7.   Go dtí go mbeidh na caighdeáin theicniúla rialála atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 6(7) den Rialachán seo i bhfeidhm, déanfaidh urraitheoirí nó an t-iasachtóir bunaidh chun críocha na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo, Caibidil I, i gCaibidil II agus i gCaibidil III agus in Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 625/2014 a chur i bhfeidhm ar urrúsuithe a n-eiseofar na hurrúis a bhaineann leo an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin

8.   Go dtí go mbeidh na caighdeáin theicniúla rialála atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7(3) den Rialachán seo i bhfeidhm, déanfaidh tionscnóirí, urraitheoirí, agus SSPEnna, chun críocha na n-oibleagáidí a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (e) dá dtgraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 7(1) den Rialachán seo, an fhaisnéis dá dtgraítear in Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn VIII de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/3 a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 7 (2) den Rialachán seo.

9.   Chun críche an Airteagail seo, i gcás urrúsuithe nach mbaineann le hurrúsuithe a eisiúint, meastar go gciallaíonn “urrúsuithe ar eisíodh a n-urrúis”“urrúsuithe ar cruthaíodh na chéad suíomhanna urrúsúcháin dóibh”, ar an gcoinníol go bhfuil feidhm ag an Rialachán seo i gcás aon urrúsuithe a chruthaíonn suíomhanna nua urrúsúcháin ar 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin.

Airteagal 44

Tuarascálacha

Faoin 1 Eanáir 2021 agus gach 3 bliana uaidh sin ar aghaidh, foilseoidh Comhchoiste na ÚEManna tuarascáíl maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme na gceanglas STS dá bhforáiltear in Airteagal 18 go 27 iad;

(b)

measúnú ar na gníomhartha atá déanta ag údaráis inniúla, ar rioscaí ábhartha agus ar leochaileachtaí nua a d’fhéadfadh a bheith tagtha chun cinn agus ar ghníomhartha rannpháirtithe margaidh chun tuilleadh caighdeánaithe a dhéanamh ar dhoiciméadacht urrúsúcháin;

(c)

feidhmiú na gceanglas díchill chuí dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus na gceanglas trédhearcachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus leibhéal trédhearcachta an mhargaidh urrúsúcháin san Aontas, lena n-áirítear maidir lenar leor na ceanglais trédhearcachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 chun forléargas leordhóthanach a thabhairt do na húdaráis inniúla ar an margadh lena gcuid sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh;

(d)

na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 6, lena n-áirítear go gcomhlíonfadh rannpháirtithe sa mhargadh an tAirteagal sin agus na módúlachtaí coinneála riosca de bhun Airteagal 6(3).

Airteagal 45

Urrúsuithe sintéiseacha

1.   Faoin 2 Iúil 2019, foilseoidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, tuarascáil maidir lena indéanta a bheadh sé creat sonrach a bhunú d’urrúsú sintéiseach a bheadh simplí trédhearcach caighdeánaithe agus a bheadh teoranta d’urrúsú sintéiseach an chláir comhardaithe.

2.   Faoin 2 Iúil 2020, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ar bhonn na tuarascála EBA dá dtagraítear i mír 1, maidir le creat sonrach a chruthú d’urrúsú sintéiseach simplí trédhearcach caighdeánaithe, a bheadh teoranta d’urrúsú sintéiseach an chláir comhardaithe, mar aon le togra reachtach, más iomchuí.

Airteagal 46

Athbhreithniú

Faoin 1 Eanáir 2022 ar a dhéanaí, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach.

Measfar go háirithe, sa tuarascáil sin, torthaí na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 44, agus déanfar an méid seo a leanas a mheas inti:

(a)

tionchar an Rialacháin seo, lena n-áirítear an t-ainmniúchán urrúsúcháin STS a thabhairt isteach, ar fheidhmiú an mhargaidh d’urrúsuithe san Aontas, an méid a chuireann urrúsú leis an bhfíorgheilleagar, go háirithe ar rochtain ar chreidmheas do FBManna agus ar infheistíochtaí, agus idirnascthacht idir institiúidí airgeadais agus cobhsaíocht na hearnála airgeadais;

(b)

na difríochtaí idir úsáid na módúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3), bunaithe ar na sonraí arna dtuaraisciú de bhun phointe (e)(iii) den chéad fhomhír d’Airteagal 7 (1). Má léirítear sna torthaí go bhfuil méadú ar na rioscaí stuamachta de bharr úsáid na módúlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) agus (e) d’Airteagal 6(3), ba cheart féachaint le cúiteamh cuí a chur ar fáil;

(c)

an é go raibh ardú neamhréireach i líon na n-idirbheart dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 7, ó cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm agus an ndearna rannpháirtithe sa mhargadh idirbhearta a struchtúrú ar bhealach ar leith chun dul timpeall ar an oibleagáid faoi Airteagal 7 go gcuirfí faisnéis ar fáil trí stórtha urrúsúcháin;

(d)

an gá na ceanglais maidir le nochtadh faoi Airteagal 7 a leathnú chun na hidirbhearta dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 7(2) agus seasaimh infheisteoirí a chumhdach;

(e)

an bhféadfaí córas coibhéise a thabhairt isteach, i réimse na n-urrúsuithe STS, do thionscnóirí, d’urraitheoirí agus SSPEnna tríú tír, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí idirnáisiúnta i réimse na n-urrúsuithe, go háirithe tionscnaimh maidir le hurrúsuithe simplí, trédhearcacha inchomparáide;

(f)

cur chun feidhme na gceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 22(4) agus an é gur gá iad a leathnú chuig urrúsuithe nach iasachtaí cónaithe nó iasachtaí nó léasanna gluaisteáin iad a neamhchosaintí foluiteacha, d’fhonn nochtadh comhshaoil, sóisialta agus rialachais a phríomhshruthú;

(g)

a iomchuí atá an córas fíorúcháin tríú páirtí dá bhforáiltear in Airteagal 27 agus Airteagal 28, agus cibé a chothaítear go leor iomaíochais i measc tríú páirtithe leis an gcóras údarúcháin do thríú páirtithe dá bhforáiltear in Airteagal 28 agus an meastar an gá athruithe a dhéanamh ar an gcreat maoirseachta d’fhonn cobhsaíocht airgeadais a áirithiú; agus

(h)

an bhfuil gá leis an gcreat maidir le hurrúsuithe a leagtar amach leis an Rialachán seo a chomhlánú trí chóras banc ar cheadúnas teoranta a bhunú, a dhéanfadh feidhmeanna SSPEnna agus a mbeadh an ceart eisiach aige neamhchosaintí a cheannach ó thionscnóirí agus éilimh arna mbunú ar na neamhchosaintí a ceannaíodh a dhíol le hinfheisteoirí.

Airteagal 47

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 17 Eanáir 2018.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 48

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 219, 17.6.2016, lch. 2.

(2)  IO C 82, 3.3.2016, lch. 1.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Samhain 2017.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

(5)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena ndéantar forlíonadh ar Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lch. 1).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(10)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

(11)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannas Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013. lch. 63).

(13)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(14)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin, (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(15)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(18)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(19)  Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 625/2014 an 13 Márta 2014 lena ndéantar forlíonadh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na riachtanais a bhaineann leis an tionscnóir, an urraitheoir, an iasachtóir bunaidh agus institiúidí tionscnóra i dtaca le neamhchosaintí ar riosca creidmheasa aistrithe (IO L 174, 13.6.2014, lch. 16).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(21)  Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 231/2013 an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí, coinníollacha ginearálta oibríochta, taiscí, luamhánú, trédhearcacht agus le maoirseacht (IO L 83, 22.3.2013, lch. 1).

(22)  Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 2015/3 an 30 Meán Fómhair 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le nochtadh i gcás ionstraimí airgeadais struchtúraithe (IO L 2, 6.1.2015, lch. 57).

(23)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí le haghaidh soláthar scoir ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).

(24)  Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE, Treoir 79/267/CEE, Treoir 92/49/CEE, Treoir 92/96/CEE, Treoir 93/6/CEE agus Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoir 98/78/CE agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).

(25)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa agus le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(26)  Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1).

(27)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(28)  Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).

(29)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE, Treoir 2003/125/CE agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

(30)  Rialachán (AE) 2015/2365 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

(31)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 le creat a bhunú um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoir 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus on gComhairle a aisghairm (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(32)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).

(33)  Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um sholáthar scoir cheirde. (IO L 235, 23.9.2003, lch. 10).

(34)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(35)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).