27.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

27


RIALACHÁN (AE) 2017/2395 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na socruithe idirthréimhseacha leis an tionchar a bheidh ag tabhairt isteach IFRS 9 ar chistí dílse a mhaolú agus le haghaidh láimhseáil neamhchosaintí móra i gcás neamhchosaintí áirithe san earnáil phoiblí atá ainmnithe in airgeadra intíre Ballstáit ar bith

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 24 Iúil 2014, d’fhoilsigh an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta Ionstraimí Airgeadais (IFRS 9) Chaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS). Is é is aidhm do IFRS 9 feabhas a chur ar an tuairisciú airgeadais a dhéantar le hionstraimí airgeadais trí aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a tháinig chun cinn sa réimse sin le linn na géarchéime airgeadais. Go háirithe, is freagairt é IFRS 9 don iarraidh ó G20 dul i dtreo samhla a bheidh dírithe níos fearr ar an todhchaí lena sainaithneofar na caillteanais chreidmheasa ionchasacha ar shócmhainní airgeadais. A mhéid a bhaineann leis na caillteanais chreidmheasa ionchasacha ar shócmhainní airgeadais a shainaithint, cuirtear é in ionad Chaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (IAS) 39.

(2)

Ghlac an Coimisiún IFRS 9 trí Rialachán (AE) Uimh. 2016/2067 ón gCoimisiún (4). I gcomhréir leis an Rialachán sin, ceanglaítear ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta (“institiúidí”) a bhaineann úsáid as IFRS chun a ráitis airgeadais a ullmhú IFRS 9 a chur i bhfeidhm ó thús a gcéad bhliain airgeadais a bheidh ag an institiúid dar tús an 1 Eanáir 2018 nó ina dhiaidh.

(3)

Ach a gcuirfear i bhfeidhm IFRS 9, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú tobann suntasach ar sholátháirtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha, rud a d’fhágfadh laghdú tobann ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 na n-institiúidí. Cé go bhfuil plé fós ar bun ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht maidir le cé mar a rialófar soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha san fhadtéarma, ba cheart socruithe idirthréimhseacha a thabhairt isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ionas gur féidir maolú a dhéanamh ar an drochthionchar sin a d’fhéadfadh cuntasaíocht um chaillteanas creidmheasa ionchasach a imirt ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

(4)

Sa rún uaithi dar dáta an 6 Deireadh Fómhair 2016, maidir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais: IFRS 9 (6), d’iarr Parlaimint na hEorpa go gcuirfí ar bun réimeas fhorchéimnitheach chun sin a thabhairt isteach mar mhaolú ar an tionchar a bheidh ag an múnla lagaithe nua a ghabhann le IFRS 9.

(5)

I gcás ina léirítear i gclár comhardaithe tosaigh na hinstitiúide, an lá a gcuireann sí IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, go bhfuil laghdú tagtha, le hais clár comhardaithe deiridh an lae roimhe sin, ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 mar gheall ar sholáthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha méadaithe, lena n-áirítear an lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu, mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann le IFRS 9 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 (7) ón gCoimisiún (“Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9”), ba cheart cead a thabhairt don institiúid sin cuid de na soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha méadaithe a áireamh ina chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ar feadh idirthréimhse. Ba cheart uastréimhse cúig bliana a bheith i gceist leis an idirthréimhse sin agus ba cheart di tosú in 2018. Ionas gur féidir cur chun feidhme iomlán IFRS 9 a áirithiú ar an gcéad lá a leanfaidh deireadh na hidirthréimhse, is ceart an chuid sin de na soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha is féidir a áireamh ar an gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a laghdú de réir a chéile go nialas. Ní ceart neodrú iomlán a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag na soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 le linn na hidirthréimhse.

(6)

Ba cheart do na hinstitiúidí a chinneadh cé acu an gcuirfear nó nach gcuirfear na socruithe idirthréimhseacha sin i bhfeidhm agus an t-údarás inniúil a chur ar an eolas dá réir. Ba cheart deis a bheith ag institiúid le linn na hidirthréimhse a céad chinneadh a chur ar ceal uair amháin, ach cead a bheith faighte aici roimh ré ón údarás inniúil, ar cheart dó a áirithiú nach ndéanfar cinneadh mar sin mar gheall ar bhreithnithe arbatráiste rialála.

(7)

Ós rud é go bhféadfadh méadú teacht gan choinne ar na soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha a tabhaíodh tar éis an lá a gcuirfidh an institiúid IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair mar gheall ar thuar maicreacnamaíoch a dhul in olcas, ba cheart faoiseamh breise a thabhairt d’institiúidí i gcásanna mar sin.

(8)

Ba cheart a cheangal ar institiúidí a chinneann socruithe idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm go ndéanfaidís ríomh na míreanna rialála a bhfuil tionchar díreach ag soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha orthu a choigeartú lena áirithiú nach mbeidh faoiseamh caipitil mhíchuí á fháil acu. Mar shampla, ba cheart na coigeartuithe sonracha maidir le riosca creidmheasa lena laghdaítear luach na neamhchosanta faoin gCur Chuige Caighdeánaithe maidir le riosca creidmheasa a laghdú bunaithe ar fhachtóir a fhágfaidh méadú ar luach na neamhchosanta. D’áiritheofaí leis sin nach mbainfeadh institiúid tairbhe as méadú ar an gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 mar gheall ar shocruithe idirthréimhseacha agus as luach neamhchosanta laghdaithe araon.

(9)

Ba cheart d’institiúidí a chinneann socruithe idirthréimhseacha IFRS 9 a shonraítear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm a gcistí féin, a gcóimheas caipitil, agus a gcóimheas giarála a nochtadh go poiblí, is cuma cé acu a fheidhmítear nó nach bhfeidhmítear na socruithe sin, chun go mbeidh an pobal in ann tionchar na socruithe sin a chinneadh.

(10)

Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh do shocruithe idirthréimhseacha don díolúine ón teorainn ar neamhchosaint mhór a bhíonn ar fáil do neamhchosaintí ar fhiachas áirithe earnála poiblí de chuid Ballstáit atá ainmnithe in airgeadra intíre Ballstáit ar bith. Idirthréimhse 3 bliana is ceart a bheith ann ón 1 Eanáir 2018 amach i gcás neamhchosaintí den chineál sin a tabhaíodh ar an 12 Nollaig 2017 nó tar a éis, agus ba cheart neamhchosaintí den chineál sin a thabhaítear roimh an dáta sin a mharthanú agus ba cheart tairbhe a bheith le fáil i gcónaí acu as an díolúine maidir le neamhchosaintí móra.

(11)

Chun go bhféadfar na socruithe idirthréimhseacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2018, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar seo a leanas:

(1)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 473a

IFRS 9 a thabhairt isteach

1.   De mhaolú ar Airteagal 50 agus go dtí deireadh na hidirthréimhse a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo, féadfaidh siad seo a leanas an tsuim a ríomhtar i gcomhréir leis an mír seo a áireamh ina gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1:

(a)

institiúidí a ullmhóidh a gcuntais i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;

(b)

institiúidí a dhéanann, de bhun Airteagal 24(2) den Rialachán seo, luacháil ar shócmhainní agus ar mhíreanna lasmuigh den chlár comhardaithe agus a chinneann a gcistí dílse i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;

(c)

institiúidí a dhéanann luacháil ar shócmhainní agus ar mhíreanna lasmuigh den chlár comhardaithe i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta faoi Threoir 86/635/CEE agus a bhaineann úsáid as samhail le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha atá ar aon dul leis an gceann a úsáideadh sna caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.

Ríomhfar an tsuim dá dtagraítear sa chéad fhomhír mar shuim na suimeanna seo a leanas:

(a)

i gcás neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, an tsuim (ABSA) a ríomhtar i gcomhréir leis an bhfoirmle a leanas:

Formula

nuair atá:

A2,SA = an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le mír 2;

A4,SA = an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le mír 4, bunaithe ar na suimeanna a ríomhtar i gcomhréir le mír 3;

f= an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6;

t= méaduithe ar an gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr inasbhainteacht chánach na suimeanna seo — A2,SA agus A4,SA;

(b)

i gcás neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, an tsuim (ABIRB) a ríomhtar i gcomhréir leis an bhfoirmle a leanas:

Formula

nuair atá:

A2,IRB = an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 arna coigeartú i gcomhréir le pointe (a) de mhír 5;

A4,IRB = an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le mír 4, bunaithe ar na suimeanna a ríomhtar i gcomhréir le mír 3 arna gcoigeartú i gcomhréir le pointe (b) agus pointe (c) de mhír 5;

f= an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6;

t= méaduithe ar an gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr inasbhainteacht chánach na suimeanna seo — A2,IRB agus A4,IRB.

2.   Ríomhfaidh na hinstitiúidí na suimeanna A2,SA agus A2,IRB dá dtagraítear, faoi seach, i bpointe (a) agus i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 1 mar an tsuim is mó de na suimeanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo ar bhealach ar leithligh maidir lena neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí agus i gcás neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí:

(a)

nialas;

(b)

an tsuim arna ríomh i gcomhréir le pointe (i) lúide an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le pointe (ii):

(i)

suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach do thréimhse 12 mhí a chinntear i gcomhréir le mír 5.5.5 de IFRS 9 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (“Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9”) móide méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a chinntear i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 amhail ón 1 Eanáir 2018 nó ar an dáta a gcuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair;

(ii)

méid iomlán na gcaillteanas lagaithe ar shócmhainní airgeadais a aicmítear mar iasachtaí agus earraí infhaighte, infheistíochtaí arna sealbhú go tráth aibíochta agus sócmhainní airgeadais atá ar fáil lena ndíol, mar a shainmhínítear i mír 9 de IAS 39, agus nach ionstraimí cothromais iad ná aonaid nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta, a chinntear i gcomhréir le míreanna 63, 64, 65, 67, 68 agus 70 de IAS 39 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 amhail ón 31 Nollaig 2017 nó ar an lá roimh an dáta a gcuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair.

3.   I gcás neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí agus i gcás a neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, ríomhfaidh institiúidí an tsuim lena sáraíonn an tsuim dá dtagraítear i bpointe (a) an tsuim dá dtagraítear i bpointe (b) ar bhealach ar leithligh:

(a)

suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach do thréimhse 12 mhí a chinntear i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a chinntear i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 mar a bheidh ar an lá a ndéanfar an tuairisciú;

(b)

suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach do thréimhse 12 mhí arna cinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna cinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear sin in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 amhail ón 1 Eanáir 2018 nó ar an dáta a gcuirfear i bhfeidhm IFRS 9 den chéad uair.

4.   Maidir le neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, i gcás inar mó an tsuim a shonraítear i gcomhréir le pointe (a) de mhír 3 ná an tsuim a shonraítear i bpointe (b) de mhír 3, socróidh na hinstitiúidí A4,SA chun gur comhionann é agus an difríocht idir na suimeanna sin; sin nó socróidh siad A4,SA chun gur cothrom le nialas é.

Maidir le neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, i gcás inar mó an tsuim — arna sonrú i gcomhréir le pointe (a) de mhír 3 agus tar éis pointe (b) de mhír 5 a chur i bhfeidhm ina leith — ná an tsuim a shonraítear i bpointe (b) de mhír 3 tar éis pointe (c) de mhír 5 a chur i bhfeidhm, socróidh na hinstitiúidí A4,IRB chun gur comhionann é agus an difríocht idir na suimeanna sin, sin nó socróidh siad A4,IRB chun gur cothrom le nialas é.

5.   Maidir le neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm mír 2 go mír 4 mar a leanas:

(a)

maidir le ríomh A2,IRB, laghdóidh na hinstitiúidí gach ceann de na méideanna arna ríomh i gcomhréir le pointe (b)(i) agus (ii) de mhír 2 den Airteagal seo trí shuim an chaillteanais ionchasaigh a bhaint as arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) amhail ón 31 Nollaig 2017 nó lá amháin sula gcuirfear i bhfeidhm IFRS 9 den chéad uair. I gcás inar uimhir dhiúltach a bheidh sa tsuim dá dtagraítear i bpointe (b)(i) de mhír 2 den Airteagal seo, socróidh an institiúid luach an mhéid ag nialas. I gcás inar uimhir dhiúltach a bheidh sa tsuim dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) de mhír 2 den Airteagal seo, socróidh an institiúid luach an mhéid sin chun gur cothrom le nialas é;

(b)

maidir leis an tsuim a ríomhfar i gcomhréir le pointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo, cuirfidh na hinstitiúidí ina háit sin suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach do thréimhse 12 mhí arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 mar aon le méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na neamhchosaintí céanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) mar a bheidh ar an lá a ndéanfar an tuairisciú. I gcás inar uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach an mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo chun gur cothrom le nialas é;

(c)

maidir leis an tsuim a ríomhfar i gcomhréir le pointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo, cuirfidh na hinstitiúidí ina háit sin suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach do thréimhse 12 mhí arna cinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 mar aon le suim mhéideanna an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna cinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu, mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, amhail ón 1 Eanáir 2018 nó ar an dáta a gcuirfear i bhfeidhm IFRS 9 den chéad uair, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na neamhchosaintí céanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10). I gcás inar uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach an mhéid dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo chun gur cothrom le nialas é.

6.   Cuirfidh na institiúidí na fachtóirí seo a leanas i bhfeidhm chun na suimeanna ABSA agus ABIRB dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 1 faoi seach a ríomh:

(a)

0,95 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2018;

(b)

0,85 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019;

(c)

0,7 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020;

(d)

0,5 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021;

(e)

0,25 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022.

I gcás institiúidí ar tar éis an 1 Eanáir 2018 ach roimh an 1 Eanáir 2019 a thosóidh an bhliain airgeadais acu, déanfaidh siad na dátaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír a choigeartú chun go mbeidh siad ag comhfhreagairt don bhliain airgeadais acu, cuirfidh siad na dátaí coigeartaithe sin in iúl dá n-údarás inniúil féin, agus déanfaidh siad iad a nochtadh go poiblí.

I gcás institiúidí a thosóidh ag cur na gcaighdeán cuntasaíochta sin dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2019 amach, is i gcomhréir le pointe (b) go pointe (e) den chéad fhomhír a chuirfidh siad i bhfeidhm na fachtóirí ábhartha, ag tosnú dóibh leis an bhfachtóir a fhreagraíonn don bhliain ar cuireadh i bhfeidhm na caighdeáin chuntasaíochta sin den chéad uair.

7.   I gcás ina gcuireann institiúid, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, suim san áireamh ina caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ríomhfaidh sí an athuair na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE a úsáideann aon cheann de na míreanna seo a leanas sa mhéid nach gcuirtear san áireamh leo na héifeachtaí atá ar na míreanna sin ag na soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha a chuir sí san áireamh ina caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1:

(a)

méid na sócmhainní cánach iarchurtha a asbhaintear as caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 36(1) nó a ualaítear ó thaobh riosca de i gcomhréir le hAirteagal 48(4);

(b)

luach na neamhchosanta arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 111(1) trína dtarlóidh an méid seo a leanas:

i dtaca leis na coigeartuithe sonracha maidir le riosca creidmheasa lena laghdófar luach na neamhchosanta, déanfar iad a iolrú faoin bhfachtóir scálúcháin (sf) seo a leanas:

Formula

nuair atá:

ABSA = an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír de mhír 1;

RASA = suim iomlán na gcoigeartuithe sonracha maidir le riosca creidmheasa;

(c)

suim na míreanna Leibhéal 2 a ríomhtar i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 62.

8.   Le linn na tréimhse a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo, chomh maith leis an bhfaisnéis nach mór a nochtadh faoi Chuid a hOcht, nochtfaidh na hinstitiúidí a chinn na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach san Airteagal seo a chur i bhfeidhm suimeanna a gcuid cistí dílse, a gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus a gcaipiteal Leibhéal 1, a gcóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1, a gcóimheas caipitil Leibhéal 1, an cóimheas caipitil iomlán agus an cóimheas giarála a bheadh acu i gcás nach gcuirfidís i bhfeidhm an tAirteagal seo.

9.   Cinnfidh institiúid cé acu an gcuirfidh sí nó nach gcuirfidh sí na socruithe a leagtar amach san Airteagal seo i bhfeidhm i rith na hidirthréimhse agus cuirfidh sí a cinneadh in iúl don údarás inniúil faoin 1 Feabhra 2018. I gcás ina bhfuair institiúid cead roimh ré ón údarás inniúil, féadfaidh sí a céad cinneadh a chur ar ceal uair amháin le linn na hidirthréimhse. Nochtfaidh institiúidí go poiblí aon chinneadh a glacadh i gcomhréir leis an bhfomhír seo.

Institiúid a chinn na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach san Airteagal seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí a chinneadh gan mír 4 a chur i bhfeidhm; sa chás sin, cuirfidh sí an cinneadh sin in iúl don údarás inniúil faoin 1 Feabhra 2018. I gcás den sórt sin, socróidh an institiúid an tsuim A4 dá dtagraítear i mír 1 chun gur cothrom le nialas é. I gcás ina bhfuair institiúid cead roimh ré ón údarás inniúil, féadfaidh sí a céad cinneadh a chur ar ceal uair amháin le linn na hidirthréimhse. Nochtfaidh institiúidí aon chinneadh a glacadh go poiblí i gcomhréir leis an bhfomhír seo.

10.   Eiseoidh ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, treoirlínte faoin 30 Meitheamh 2018 i ndáil leis na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos san Airteagal seo.”;

(2)

in Airteagal 493 cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“4.   De mhaolú ar Airteagal 395(1), féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí aon cheann de na neamhchosaintí dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal seo a thabhú má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo, gan dul thar na teorainneacha seo a leanas:

(a)

100 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide go dtí an 31Nollaig 2018;

(b)

75 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide go dtí an 31 Nollaig 2019;

(c)

50 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh feidhm ag na teorainneacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír maidir le luachanna neamhchosanta ach a gcuirfear san áireamh éifeacht an mhaolaithe riosca chreidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 399 go hAirteagal 403.

5.   Beidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 maidir leis na neamhchosaintí seo a leanas:

(a)

míreanna sócmhainne ar éilimh iad ar rialtais láir, ar bhainc cheannais nó ar eintitis earnála poiblí na mBallstát;

(b)

míreanna sócmhainne ar éilimh iad arna ráthú go sainráite ag rialtais láir, ag bainc ceannais, nó ag eintitis earnála poiblí na mBallstát;

(c)

neamhchosaintí eile ar rialtais láir, ar bhainc ceannais, nó ar eintitis earnála poiblí na mBallstát, nó arna ráthú acu;

(d)

míreanna sócmhainne ar éilimh iad ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla na mBallstát a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar rialtas láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2);

(e)

neamhchosaintí eile ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla na mBallstát, nó arna ráthú acu, a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar rialtas láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2).

Chun críocha phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír, ní bheidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo ach amháin maidir le míreanna sócmhainne agus neamhchosaintí eile ar eintitis earnála poiblí, nó arna ráthú acu, a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil i gcomhréir le Airteagal 116(4). I gcás ina láimhseálfar míreanna sócmhainne agus neamhchosaintí eile ar eintitis earnála poiblí, nó arna ráthú ag eintitis earnála poiblí, mar neamhchosaintí ar rialtas réigiúnach nó ar údarás áitiúil i gcomhréir le hAirteagal 116(4), ní bheidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo ach amháin nuair a láimhseáiltear neamhchosaintí ar an rialtais réigiúnach sin nó ar an údarás áitiúil sin mar neamhchosaintí ar rialtas láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2).

6.   Ní bheidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh neamhchosaint dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)

shannfaí ualach riosca 0 % don neamhchosaint i gcomhréir leis an leagan d’Airteagal 495(2) atá i bhfeidhm an 31 Nollaig 2017;

(b)

an 12 Nollaig 2017 nó tar a éis a tabhaíodh an neamhchosaint.

7.   Neamhchosaint dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a tabhaíodh roimh 12 Nollaig 2017 agus dar sannadh ualú riosca 0 % i gcomhréir le hAirteagal 495(2) ar an 31 Nollaig 2017, díolmhófar í ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1).”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  Tuairim an 8 Samhain 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 209, 30.6.2017, lch. 36.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Samhain 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Nollaig 2017.

(4)  Rialachán (AE) 2016/2067 an 22 Samhain 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 9 (IO L 323, 29.11.2016, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(6)  Nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil.

(7)  Rialachán (CE) Uimh 1126 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch. 1).