29.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

7


RIALACHÁN (AE) 2017/2392 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2017

lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun leanúint de na teorainneacha reatha raon feidhme atá ar ghníomhaíochtaí eitlíochta agus chun ullmhúchán a dhéanamh do bheart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme ó 2021 amach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bhí 21ú Comhdháil Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (UNFCCC) ar siúl i bPáras ón 30 Samhain go dtí an 12 Nollaig 2015. Ag an gComhdháil sin, glacadh comhaontú idirnáisiúnta (“Comhaontú Pháras”) chun an fhreagairt dhomhanda don athrú aeráide a neartú. Leagtar amach i gComhaontú Pháras, inter alia, sprioc fhadtéarmach atá i gcomhréir leis an gcuspóir chun an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, chomh maith le hiarrachtaí a shaothrú chun é a choimeád ag 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Rinneadh Comhaontú Pháras a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh le Cinneadh (AE) 2016/1841 (3) ón gComhairle. Tháinig Comhaontú Pháras i bhfeidhm ar an 4 Samhain 2016. Chun cuspóirí an Chomhaontaithe sin a bhaint amach, beidh ar gach earnáil rannchuidiú a dhéanamh agus déanfaidh na Páirtithe Rannchuidithe comhleanúnacha arna gCinneadh go Náisiúnta (“NDCanna”) a ullmhú, a chur in iúl agus a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhaíocht a dhéanamh tríd an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (“ICAO”) chun astaíochtaí ón eitlíocht idirnáisiúnta a laghdú.

(2)

Tá cosaint an chomhshaoil ar cheann de na dúshláin is mó atá roimh an Aontas. Is iad cuspóirí comhshaoil an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú; sláinte an duine a chosaint; acmhainní nádúrtha a úsáid go stuama réasúnach; agus bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil ar bhonn réigiúnach agus ar bhonn domhanda, agus go háirithe, an t-athrú aeráide a chomhrac.

(3)

I gconclúidí de chuid na Comhairle Eorpaí an 23-24 Deireadh Fómhair 2014, leagadh síos sprioc cheangailteach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa an gheilleagair iomláin a laghdú faoi 40 %, ar a laghad, faoi bhun leibhéil 1990, faoin mbliain 2030. An 6 Márta 2015, thug an Chomhairle formheas foirmiúil don rannchuidiú sin an Aontais is a Bhallstáit ina cháil mar NDC beartaithe faoi chuimsiú Chomhaontú Pháras. Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2014, luaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil an sprioc le baint amach ag an Aontas go comhpháirteach ar an mbealach is costéifeachtaí is féidir, sin le laghduithe suas le 43 % agus 30 % faoi seach in earnálacha Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (“AE ETS”) agus in earnálacha nach mbaineann ETS leo, faoi seach, faoi 2030 i gcomparáid le 2005. Ba cheart gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach. Ba cheart don Choimisiún plé a éascú idir na Ballstáit ar an dea-chleachtas agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh in earnáil shoghluaisteacht na n-astaíochtaí ísle.

(4)

Beidh AE ETS dea-fheidhmiúil athchóirithe lena ngabhfaidh ionstraim atreisithe chun an margadh a chobhsú, ar an bpríomhionstraim Eorpach d'fhonn an sprioc maidir le laghdú 40 % dá dtagraítear sna conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2014 a bhaint amach, a mbeidh fachtóir líneach agus leithdháileadh saor in aisce ag baint leis tar éis 2020. Ba cheart na forálacha sin a bheith i gcomhréir le cuspóirí aeráide an Aontais agus lena ghealltanais faoi Chomhaontú Pháras. Ba cheart an scair a chuirfear ar ceant a shloinneadh mar fhigiúr céatadáin i dTreoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), chun an chinnteacht pleanála i ndáil le cinntí infheistíochta a fheabhsú, chun trédhearcacht a mhéadú, chun sceitheadh carbóin a íoslaghdú, agus chun go mbeidh an córas foriomlán níos simplí agus níos sothuigthe. Mar chuid den tuairisciú rialta uaidh faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar thoradh Idirphlé Éascaitheach 2018. Ba cheart forálacha Threoir 2003/87/CE a choinneáil faoi athbhreithniú i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí arna ndéanamh chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, lena n-áirítear an chéad athbhreithniú domhanda in 2023, agus an t-athbhreithniú a dhéanfar gach 5 bliana ina dhiaidh sin, a bheidh mar bhonn do NDCanna comhleanúnacha.

(5)

Tá an tAontas agus a Bhallstáit tar éis iarraidh dul chun cinn a dhéanamh maidir le teacht ar chomhaontú idirnáisiúnta maidir le tionchair an gháis cheaptha teasa ón eitlíocht a laghdú ó bhí 1997 ann, agus tá reachtaíocht i bhfeidhm acu ó 2008 amach chun tionchair an athraithe aeráide ó ghníomhaíochtaí eitlíochta a theorannú trí AE ETS, córas atá i bhfeidhm ó bhí 2005 ann. Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina breithiúnas an 21 Nollaig 2011 (6) nach sáraítear an dlí idirnáisiúnta trí ghníomhaíochtaí eitlíochta a chuimsiú in AE ETS de bhun Threoir 2008/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Chun dul chun cinn a éascú ag ICAO, tá an tAontas tar éis maoluithe faoi cheangal ama a ghlacadh faoi dhó maidir le AE ETS chun oibleagáidí comhlíonta maidir le hastaíochtaí ó eitiltí idir aeradróim sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”) a theorannú, agus cóir chomhionann maidir le haerbhealaí a thabhairt d'oibreoirí aerárthaí cibé áit a bhfuil siad lonnaithe. Leis an maolú is déanaí maidir le AE ETS, a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 421/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), cuireadh teorainn le hoibleagáidí comhlíonta i dtaobh eitiltí laistigh de LEE idir 2013 agus 2016, agus beartaíodh athruithe ionchasacha do raon feidhme an chórais ó thaobh gníomhaíochta chuig aeradróim taobh amuigh de LEE, agus ó na haeradróim sin chomh maith céanna, ón 1 Eanáir 2017 amach tar éis an athbhreithnithe a leagtar amach sa Rialachán sin.

(6)

Tá obair ICAO ar bheart atá bunaithe ar an margadh le haghaidh astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta ar cheann den “chiseán beart” atá ann chun an sprioc mhianaidhme a bhaint amach, is é sin go mbeidh fás ann atá neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2020 (“CNG 2020”), agus ba cheart an obair sin a chomhlánú le forbairtí sna teicneolaíochtaí a úsáidtear le haghaidh bainistiú aerthráchta agus le haghaidh tiomána. Beidh gá le forbairt leanúnach a dhéanamh ar straitéisí agus cláir taighde chun go mbeidh an nuálaíocht theicniúil agus na feabhsúcháin oibríochtúla atá ag teastáil d'fhonn sprioc CNG 2020 a shárú agus dearbhlaghduithe astaíochtaí a bhaint amach ar fud na hearnála.

(7)

Glacadh roinnt beart ar leibhéal an Aontais a bhfuil sé mar aidhm acu cosc a chur ar ilroinnt an aerspáis Eorpaigh d'fhonn feabhas a chur ar an sreabhadh aerthráchta agus ar rialú úsáid an aerspáis, lena laghdófar astaíochtaí. Tá a dtiomantas léirithe in athuair ag na Ballstáit maidir le coincheap an Aerspáis Eorpaigh Aonair a chur chun feidhme, agus an méadú a bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh ar an méid aerthráchta sna blianta amach romhainn á chur san áireamh acu. Ní mór dlús a chur le cur chun feidhme Chomhghnóthas Taighde BAT an Aerspáis Eorpaigh Aonair (SESAR) chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le bainistíocht aerthráchta. Cuirfidh bearta eile, amhail GNSS a úsáid le haghaidh loingseoireachta satailíte, Comhthiosncnaimh Teicneolaíochta amhail Spéir Ghlan I agus Spéir Ghlan II agus cláir taighde de chuid an Aontais, amhail Fís 2020 agus na cláir a thiocfaidh i gcomharbacht air, leis an éifeachtúlacht agus le laghdú astaíochtaí eitlíochta.

(8)

I bhfianaise an rúin a glacadh ag an 39ú Tionól de chuid ICAO i mí Dheireadh Fómhair 2016 maidir le beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur i bhfeidhm ó 2021 amach chun astaíochtaí ón eitlíocht idirnáisiúnta os cionn leibhéil 2020 a fhritháireamh, tá sé beartaithe ag ICAO Caighdeáin agus Cleachtais Mholta (“SARPs”), lena gcomhlánfar an rún sin, a ghlacadh mar aon leis an gcóras domhanda a chur chun feidhme in 2018. Maidir lena oibríochtú nithiúil, áfach, beidh gá le gníomhaíocht ó Pháirtithe ICAO ar leibhéal intíre. Chomh maith leis sin, is gá d'ICAO socruithe rialaithe a fhorbairt, córas clárlainne san áireamh. Sa chomhthéacs sin, d'fhonn dlús a chur faoi ICAO agus oibríochtú na scéime de chuid ICAO a éascú, ba cheart an maolú atá ann faoi láthair ó oibleagáidí AE ETS i leith eitiltí chuig agus as tríú tíortha a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2023, faoi réir athbhreithnithe, chun go bhféadfar an taithí atá riachtanach a fháil maidir le scéim ICAO a chur chun feidhme. Ó cuireadh síneadh leis an maolú, ba cheart do líon na lamháltas atá le cur ar ceant agus le heisiúint in aisce, na lamháltais ón gcúlchiste speisialta san áireamh, leanúint de bheith i gcomhréir le laghdú na hoibleagáide chun tabhairt suas. Ón 1 Eanáir 2021 amach, ba cheart an líon lamháltas a leithdháiltear ar oibreoirí aerárthaí a laghdú go bliantúil i gcomhréir leis an bhfachtóir líneach laghdaithe is infheidhme maidir le gach earnáil eile in AE ETS, faoi réir an athbhreithnithe i bhfianaise chur chun feidhme scéim ICAO. Ullmhófar an t-athbhreithniú i gcomhréir go hiomlán leis na treoirlínte maidir le rialáil níos fearr agus i ndiaidh comhairliúcháin chuí leis na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear na Ballstáit. I gcás lamháltais nach leithdháiltear ón gcúlchiste speisialta, ba cheart iad a chur ar ceal i gcónaí.

(9)

Ba cheart an t-ioncam a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant, nó a choibhéis i luach airgeadais, a úsáid chun dul i ngleic le hathrú aeráide san Aontas agus i dtríú tíortha, inter alia, chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, chun oiriúnú do thionchair athrú na heráide san Aontas agus i dtríú tíortha, go háirithe tíortha i mbéal forbartha, chun taighde agus forbairt ar mhaolú agus oiriúnú a mhaoiniú, lena n-áirítear i réimsí na haerloingseoireachta, an aeriompair agus na mbreoslaí eitlíochta malartacha inbhuanaithe go háirithe, chun astaíochtaí a laghdú trí iompar astaíochtaí ísle agus chun costas riaracháin AE ETS a chlúdach. Maidir leis na Ballstáit sin a úsáideann an t-ioncam sin chun taighde agus nuálaíocht a chómhaoiniú i gcás cláir nó tionscnaimh faoin Naoú Clár Réime um Thaighde (“FP9”), ba cheart go dtabharfadh siad aird ar leith ar an méid sin. Chun gealltanais an Aontais a chomhlíonadh, tá sé ríthábhachtach go n-áiritheofar trédhearcacht i ndáil le húsáid an ioncaim a ghintear ó na lamháltais a chur ar ceant faoi Threoir 2003/87/CE trí thuarascálacha a thíolacfaidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.

(10)

Ba cheart sláine comhshaoil AE ETS a chosaint i gcoinne an bhaoil go rachadh oibleagáidí oibreoirí aerárthaí agus oibreoirí eile arna rialú ag Ballstát i léig. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh lamháltais arna n-eisiúint ag Ballstát den chineál sin inúsáidte ach amháin mura bhfuil baol ann go bhféadfaí na hoibleagáidí maidir le lamháltais a thabhairt suas le haghaidh astaíochtaí dul i léig ar bhealach a bhainfeadh an bonn de shláine comhshaoil AE ETS. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun sláine comhshaoil AE ETS a chosaint dá réir sin. Ba cheart go mbeadh feidhm ag bearta den chineál sin go dtí nach mbeadh gá leo a thuilleadh i ngeall ar athrú ar imthosca.

(11)

Ós rud é go gcaithfear príomhghnéithe an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda a fhorbairt fós agus go mbraitheann a chur chun feidhme ar reachtaíocht intíre a leagann na Stáit agus na réigiúin atá rannpháirteach síos, ba cheart don Choimisiún tuairisciú go rialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn i gcaibidlíocht ICAO, go háirithe maidir le hionstraimí ábhartha a glacadh trí ICAO, lena n-áirítear SARPanna, maidir leis na gníomhaíochtaí a rinne tríú tíortha chun an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme le go mbeidh feidhm aige maidir le hastaíochtaí don tréimhse 2021-2035, maidir le hiarrachtaí chun bearta uaillmhianacha ceangailteacha a leagan síos d'fhonn sprioc fhadtéarmach earnáil na heitlíochta a bhaint amach, is é sin go ngearrfaí ina leath líon na n-astaíochtaí CO2 faoi 2050 le hais a raibh ann sa bhliain 2005 agus maidir le forbairtí idirnáisiúnta agus ionstraimí infheidhme ábhartha eile, amhail rialacha faoin UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras maidir le margaí carbóin agus cuntasaíocht. A thúisce a bheidh cineál agus inneachar ionstraimí ICAO soiléir agus sula gcuirfear tús leis an mbeart de chuid ICAO atá bunaithe ar an margadh domhanda, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur i láthair ina ndéanfaí breithniú ar an gcaoi a gcuirfí na hionstraimí sin chur feidhme i ndlí an Aontais trí leasú a dhéanamh ar Threoir 2003/87/CE. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar na rialacha is infheidhme ar eitiltí laistigh de LEE de réir mar is cuí. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart go léireodh an Coimisiún sa tuarascáil uaidh an gá atá le comhsheasmhacht a áirithiú le dlí an Aontais, go háirithe chun go seachnófar aon saobhadh iomaíochais agus chun ualach míchuí riaracháin a íoslaghdú i gcás na mBallstát agus na n-oibreoirí eitlíochta. Ba cheart don Choimisiún togra cuí a chur leis an tuarascáil uaidh, i gcás inarb iomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, i gcomhréir le rannchuidiú na hearnála eitlíochta i dtreo gealltanais laghdaithe gáis uile-gheilleagair don bhliain 2030 de chuid an Aontais a áirithiú.

(12)

Chun ullmhúchán a dhéanamh do chur chun feidhme an bhirt de chuid ICAO atá bunaithe ar an margadh domhanda, tá gá le sonraí ábhartha a bheith ar fáil a luaithe is féidir maidir le hastaíochtaí ó ghníomhaíochtaí eitlíochta. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar na hastaíochtaí sin, ba cheart iad a thuairisciú agus a fhíorú i gcomhréir leis na prionsabail chéanna is infheidhme maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí eitlíochta faoi Threoir 2003/87/CE. Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún forálacha maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a ghlacadh chun beart de chuid ICAO atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme ar bhealach ina ndéanfaí aon saobhadh ar iomaíochas a sheachaint. Ba cheart do na forálacha sin bheith i gcomhréir leis na prionsabail atá sa rialachán dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Threoir 2003/87/CE agus ba cheart a áirithiú leo go bhfíorófar na tuarascálacha astaíochtaí a thíolacfar i gcomhréir leis na prionsabail agus na critéir maidir le fíorú dá dtagraítear in Airteagal 15 den Treoir sin. Ba cheart na forálacha sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta is infheidhme maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú faoi Threoir 2003/87/CE.

(13)

Bíonn tionchar ag an eitlíocht ar an aeráid trí ocsaídí nítrigine, gal uisce agus cáithníní sulfáit agus súiche a scaoileadh ag airdí arda, rud a d'fhéadfadh éifeacht shuntasach a a bheith aige ar an aeráid, dar le taighde eolaíoch. Measann an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide go bhfuil tionchar reatha iomlán na heitlíochta ar an aeráid dhá uair go ceithre huaire níos airde ná an éifeacht a bhí ag a cuid astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin uirthi san am a caitheadh. Go dtí go ndéanfar dul chun cinn eolaíoch, ba cheart aghaidh a thabhairt ar thionchair uile na heitlíochta a mhéid is féidir. I dTreoir 2008/101/CE, beartaíodh go mbeadh togra ón gCoimisiún maidir le hocsaídí nítrigine ann in 2008. In ainneoin na ndeacrachtaí teicniúla agus polaitiúla a bhaineann leis sin, ba cheart don Choimisiún dlús a chur lena chuid oibre i dtaca leis sin. Ba cheart taighde a chur chun cinn freisin ar an gcaoi a ndéantar conairí comhdhlúthaithe, ar an gclaochlú a thagann orthu go ndéantar scamaill chiorrais astu, ar na héifeachtaí díreacha is lú a bhíonn ag aerasóil shulfáite, agus ag súiche, agus ar bhearta maolaithe éifeachtacha, lena n-áirítear bearta oibríochtúla agus teicniúla.

(14)

Ar mhaithe le simpliú agus chun tascanna riaracháin a laghdú, ba cheart go mbainfeadh oibreoirí aerárthaí a bhfuil astaíochtaí is lú ná 3 000 tona CO2 in aghaidh na bliana ó eitiltí laistigh de LEE acu leas as an uirlis astaírí beaga a formheasadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 606/2010 ón gCoimisiún (9) chun a n-astaíochtaí a fhíorú. Maidir le hoibreoirí aerárthaí a astaíonn níos lú ná 1 000 tona CO2 in aghaidh na bliana, ba cheart a mheas ina leith go mbeidh ceanglais Threoir 2003/87/CE á gcomhlíonadh acu ar feadh 10 mbliana eile agus, le linn na tréimhse sin, ba cheart bearta a fhorbairt sa todhchaí chun go bhféadfaidh na hoibreoirí uile cur le laghduithe astaíochta.

(15)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon na teorainneacha reatha raon feidhme atá ar ghníomhaíochtaí eitlíochta a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2023 agus ullmhúchán a dhéanamh chun beart atá bunaithe ar an margadh a chur chun feidhme ó 2021, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(16)

Is ríthábhachtach deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh oibreoirí aerárthaí agus údaráis náisiúnta i bhfianaise an spriocdháta chun tabhairt suas — 30 Aibreán 2018 — amhail a thagraítear i dTreoir 2003/87/CE. Dá réir sin, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(17)

Ba cheart Treoir 2003/87/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2003/87/CE mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 3c, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   Maidir le haon leithdháileadh lamháltas le haghaidh gníomhaíochtaí eitlíochta chuig aeradróim atá lonnaithe i dtíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘LEE’), nó as na haeradróim sin, tar éis an 31 Nollaig 2023, beidh siad faoi réir an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 28b.”;

(2)

in Airteagal 3d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ón 1 Eanáir 2013, cuirfear 15 % de na lamháltais ar ceant. Déanfaidh an Coimisiún staidéar ar chumas earnáil na heitlíochta an costas a bhaineann le CO2 a ghearradh ar a custaiméirí, i ndáil le AE ETS agus leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh a d'fhorbair an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (‘ICAO’). Sa staidéar sin, déanfar measúnú ar chumas earnáil na heitlíochta costas na n-aonad riachtanach astaíochtaí a ghearradh, agus comparáid á déanamh le hearnáil na tionsclaíochta agus leis an earnáil cumhachta, agus é beartaithe go molfaí an céatadán a chuirtear ar ceant a mhéadú de bhun an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 28b(2), lena gcuirfear san áireamh anailís ar chostais a ghearradh agus breithniú a dhéanamh ar ailíniú le hearnálacha eile agus ar iomaíochas idir modhanna éagsúla iompair.”;

(3)

in Airteagal 3d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ba cheart an t-ioncam uile a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant a úsáid chun dul i ngleic le hathrú aeráide san Aontas agus i dtríú tíortha, inter alia, chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú, chun oiriúnú do thionchar an athraithe aeráide san Aontas agus i dtríú tíortha, go háirithe tíortha i mbéal forbartha, chun taighde agus forbairt ar mhaolú agus oiriúnú a mhaoiniú, ag cur réimse na haerloingseoireachta agus an aeriompair san áireamh go háirithe, chun astaíochtaí a laghdú trí iompar astaíochtaí ísle agus chun costas riaracháin AE ETS a chlúdach. Ba cheart an t-ioncam ó cheantálaíocht a úsáid chun tionscadail chomhchoiteanna a mhaoiniú freisin, ar tionscadail iad lena laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnáil na heitlíochta, amhail Comhghnóthas Taighde BAT an Aerspáis Eorpaigh Aonair (SESAR) agus Comhthionscnaimh Teicneolaíochta na Spéire Glaine agus aon tiosncnaimh lena gcumasaítear úsáid fhorleathan GNSS le haghaidh na loingseoireachta satailíte agus na gcumas idir-inoibritheach laistigh de na Ballstát uile, go háirithe na tionscnaimh sin a chuireann feabhas ar an mbonneagar aerloingseoireachta, ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta agus ar úsáid an aerspáis. Féadfar na fáltais cheantála a úsáid freisin chun ranníocaíochtaí a mhaoiniú don Chiste Éifeachtúlachta Fuinnimh agus Fuinnimh Inathnuaite ar fud an Domhain, agus bearta chun dífhoraoisiú a sheachaint. Maidir leis na Ballstáit sin a úsáideann an t-ioncam sin chun taighde agus nuálaíocht a chómhaoiniú i gcás cláir nó tionscnaimh faoin Naoú Clár Réime um Thaighde (‘FP9’), tabharfaidh siad aird ar leith ar an méid sin. Tá trédhearcacht i ndáil le húsáid an ioncaim a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant faoin Treoir seo bunriachtanach chun go gcomhlíonfar gealltanais an Aontais.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi bhearta a rinneadh de bhun na chéad fomhíre den mhír seo.”:

(4)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Don tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2020, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh oibreoir gach suiteála líon áirithe lamháltais suas, seachas na lamháltais arna n-eisiúint faoi Chaibidil II, arb ionann iad agus na hastaíochtaí iomlána ón tsuiteáil sin sa bhliain féilire roimhe sin mar atá fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 15, agus go ndéanfar na lamháltais sin a chur ar ceal ina dhiaidh sin, agus déanfar an méid sin faoin 30 Aibreán gach bliain. Don tréimhse a thosóidh ón 1 Eanáir 2021 amach, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh oibreoir gach suiteála líon áirithe lamháltais suas, arb ionann iad agus na hastaíochtaí iomlána ón tsuiteáil sin sa bhliain féilire roimhe sin mar atá fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 agus go ndéanfar na lamháltais sin a chur ar ceal ina dhiaidh sin, agus déanfar an méid sin faoin 30 Aibreán gach bliain, faoi réir an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 28b.”;

(5)

in Airteagal 12, cuirtear an mhír seo a leanas isteach roimh mhír 3a:

“3-a.   Nuair is gá agus don fhad is gá chun sláine comhshaoil an AE ETS a chosaint, beidh toirmeasc ar oibreoirí aerárthaí agus ar oibreoirí eile in AE ETS lamháltais a úsáid atá eisithe ag Ballstát ina bhfuil na hoibleagáidí a bhíonn ar oibreoirí aerárthaí agus ar oibreoirí eile ag dul i léig. Cuimseofar sa ghníomh dlíthúil dá dtagraítear in Airteagal 19 na bearta riachtanacha sna cásanna dá dtagraítear sa mhír seo.”;

(6)

leasaítear Airteagal 28a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Maoluithe is infheidhme roimh chur chun feidhme an bhirt de chuid ICAO atá bunaithe ar an margadh domhanda”;

(b)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

“(a)

na hastaíochtaí go léir ó eitiltí chuig agus ó aeradróim atá suite i dtíortha lasmuigh de LEE i ngach bliain féilire ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2023, faoi réir an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 28b;

(b)

na hastaíochtaí go léir ó eitiltí idir aeradróm atá suite i réigiún forimeallach de réir bhrí Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus aeradróm atá suite i réigiún eile de LEE i ndáil le gach bliain féilire ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2023, faoi réir an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 28b.”;

(ii)

scriostar pointe (c);

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Maidir le hoibreoirí aerárthaí a bhaineann leas as na maoluithe dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfar, de mhaolú ar Airteagal 3e agus ar Airteagal 3f, líon lámháltas saor a eisiúint dóibh, ar líon é a bheidh laghdaithe i gcomhréir leis an laghdú san oibleagáid chun tabhairt suas dá bhforáiltear sna pointí sin.

De mhaolú ar Airteagal 3f(8), cuirfear lamháltais nach leithdháilfear ón gcúlchiste speisialta ar ceal.

Ón 1 Eanáir 2021 amach, beidh líon na lamháltas a leithdháilfear ar oibreoirí aerárthaí faoi réir chur i bhfeidhm an fhachtóra línigh dá dtagraítear in Airteagal 9, faoi réir an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 28b.

Maidir le gníomhaíocht sa tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2023, foilseoidh na Ballstáit, roimh an 1 Meán Fómhair 2018, an líon lamháltas eitlíochta a leithdháiltear chuig gach oibreoir aerárthaí.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   De mhaolú ar Airteagal 3d(3), laghdófar an líon lamháltas a bheidh le cur ar ceant ag gach Ballstát i ndáil leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2023 chun comhfhreagairt dá chion astaíochtaí atá curtha i leith eitiltí nach bhfuil faoi réir an mhaolaithe dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo.”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   De mhaolú ar Airteagail 3g, 12, 15 agus 18a, maidir le hoibreoir aerárthaí a bhfuil astaíochtaí bliantúla iomlána is lú ná 25 000 tonna CO2 aige, nó i gcás ina bhfuil astaíochtaí bliantúla iomlána is lú ná 3 000 tonna CO2 aige ó eitiltí seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, measfar gur astaíochtaí fíoraithe iad a astaíochtaí má chinntear iad trí úsáid a bhaint as an uirlis astaírí beaga a formheasadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 606/2010 ón gCoimisiún (*1) agus na sonraí á gcur isteach ag Eurocontrol le sonraí óna shaoráid tacaíochta ETS. Féadfaidh Ballstáit nósanna imeachta simplithe a chur chun feidhme maidir le hoibreoirí aerárthaí neamhthráchtála a fhad is nach soláthraíonn nósanna den sórt sin níos lú cruinnis ná an uirlis astaírí beaga.

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 606/2010 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2010 maidir le formheas uirlis simplithe arna forbairt ag an eagraíocht Eorpach um shábháilteacht na haerloingseoireachta (Eurocontrol) chun ídiú breosla oibreoirí aerárthach astaírí beaga áirithe a mheas (IO L 175, 10.7.2010, lch. 25).”;"

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le tíortha lena ndéantar comhaontú de bhun Airteagal 25 nó 25a, i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe sin, agus leo siúd amháin.”;

(g)

scriostar mír 8;

(7)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 28b

An tuairisciú agus an t-athbhreithniú ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an bhirt de chuid ICAO atá bunaithe ar an margadh domhanda

1.   Faoin 1 Eanáir 2019, agus go rialta ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn sa chaibidlíocht le ICAO chun an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme, beart atá le cur i bhfeidhm i leith astaíochtaí ó 2021 amach, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas: (i) na hionstraimí ábhartha de chuid ICAO, lena n-áirítear Caighdeáin agus Cleachtais Mholta; (ii) moltaí ICAO arna bhformheas ag an gComhairle agus atá ábhartha maidir leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda; (iii) bunú cláir dhomhanda; (iv) bearta intíre a ghlac tríú tíortha chun an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme nuair a chuirfear i bhfeidhm é i leith astaíochtaí ó 2021 amach; (v) na himpleachtaí a bheadh ag forchoimeádais tríú tíortha; agus (vi) aon fhorbairtí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ionstraimí ábhartha eile is infheidhme.

I gcomhréir le hathbhreithniú domhanda UNFCCC, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil freisin maidir leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an sprioc mhianaidhme fhadtéarmach maidir le hastaíochtaí a laghdú, is é sin go ngearrfaí ina leath líon na n-astaíochtaí CO2 ó earnáil na heitlíochta faoi 2050 le hais a raibh ann sa bhliain 2005.

2.   Faoi cheann 12 mhí ón dáta a nglacfaidh ICAO na hionstraimí ábhartha, agus sula mbeidh an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda oibríochtúil, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbreithneoidh sé bealaí chun na hionstraimí sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí leasú a dhéanamh ar an Treoir seo. Déanfaidh an Coimisiún breithniú sa tuarascáil sin freisin ar na rialacha is infheidhme maidir le heitiltí laistigh den LEE, mar is iomchuí. Breithneoidh sé freisin uaillmhian agus sláine fhoriomlán comhshaoil an bhirt atá bunaithe ar an margadh, lena n-áirítear an uaillmhian ghinearálta a bhaineann leis i ndáil leis na spriocanna faoi Chomhaontú Pháras, i ndáil le leibhéal na rannpháirtíochta, lena infhorghníomhaitheacht, leis an trédhearcacht, leis na pionóis do neamh-chomhlíonadh, leis na próisis chun ionchur a fháil ón bpobal, le cáilíocht na creidmheasanna fritháirimh, leis an bhfaireachán, leis an tuairisciú agus leis an bhfíorú a dhéantar ar astaíochtaí, le cláir, le cuntasacht mar aon le rialacha maidir le bithbhreoslaí a úsáid. Ina theannta sin, measfar sa tuarascáil cibé an gá nó nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha arna nglacadh faoi Airteagal 28c(2).

3.   Cuirfidh an Coimisiún togra leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcás inarb iomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, chun na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 28a a leasú, a scriosadh, a leathnú nó a maoluithe eile a chur ina n-áit, togra atá i gcomhréir le gealltanas uile-gheilleagair laghdaithe ghás ceaptha teasa an Aontais le haghaidh 2030, leis an sprioc go gcaomhnófar sláine comhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht aeráide an Aontais.

Airteagal 28c

Forálacha maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh chun críche an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda

1.   Glacfaidh an Coimisiún forálacha maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú iomchuí a dhéanamh ar astaíochtaí chun an beart de chuid ICAO atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme ar gach aerbhealach a chumhdaíonn sé. Bunófar na forálacha sin ar ionstraimí ábhartha a ghlactar in ICAO, seachnófar leo aon saobhadh ar an iomaíochas, beidh siad comhsheasmhach leis na prionsabail atá sa Rialachán dá dtagraítear in Airteagal 14(1), agus áiritheofar leis go ndéanfar na tuarascálacha astaíochtaí a thíolactar a fhíorú i gcomhréir leis na prionsabail agus na critéir maidir le fíorú dá dtagraítear in Airteagal 15.

2.   Glacfar na forálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15.”;

(8)

in Airteagal 30, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Roimh an 1 Eanáir 2020, cuirfidh an Coimisiún anailís nuashonraithe i láthair ar éifeachtaí na heitlíochta nach éifeachtaí a bhaineann le CO2 iad, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra maidir leis an mbealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin.”;

(9)

i bpointe (k) d'Iarscríbhinn I, cuirtear “2030” in ionad na bliana “2020”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 13 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 288, 31.8.2017, lch. 75.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Nollaig 2017.

(3)  Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).

(4)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).

(6)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 21 Nollaig 2011, Air Transport Association of America and Others v. Secretary of State for Energy and Climate Change, C-366/10, ECLI:EU:C:2011:864.

(7)  Treoir 2008/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE le go gcuirtear gníomhaíochtaí eitlíochta san áireamh sa scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal (IO L 8, 13.1.2009, lch. 3).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 421/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal, i bhfianaise chur chun feidhme faoi 2020 comhaontuithe idirnáisiúnta lena gcuirtear i bhfeidhm beart domhanda aonair bunaithe ar an margadh ar astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta (IO L 129, 30.4.2014, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 606/2010 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2010 maidir le formheas uirlis simplithe arna forbairt ag an eagraíocht Eorpach um shábháilteacht na haerloingseoireachta (Eurocontrol) chun ídiú breosla oibreoirí aerárthach astaírí beaga áirithe a mheas (IO L 175, 10.7.2010, lch. 25).