9.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

20


RIALACHÁN (AE) 2017/2226 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Samhain 2017

lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) agus (d) agus Airteagal 87(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa Teachtaireacht uaidh an 13 Feabhra 2008 dar teideal “Preparing the next steps in border management in the European Union” (Na chéad chéimeanna eile i mbainistiú teorainneacha san Aontas Eorpach a ullmhú), thug an Coimisiún cuntas ar an ngá atá ann Córas Dul Isteach/Imeachta a bhunú mar chuid de straitéis chomhtháite um bainistiú teorainneacha an Aontais, córas lena gclárófaí am agus áit dul isteach agus imeachta na náisiúnach tríú tír dá dtugtar cead isteach ar chríoch na mBallstát le haghaidh gearrfhanachta, agus lena ríomhfaí fad fhanacht údaraithe na ndaoine sin.

(2)

Chuir Comhairle Eorpach an 19 agus an 20 Meitheamh 2008 béim ar a thábhachtaí atá sé leanúint de straitéis chomhtháite an Aontais maidir le bainistiú teorainneacha a fhorbairt, lena n-áirítear úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíochtaí nua-aimseartha chun bainistiú na dteorainneacha seachtracha a fheabhsú.

(3)

Sa Teachtaireacht uaidh an 10 Meitheamh 2009 dar teideal “An area of freedom, security and justice serving the citizens” (Limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fhónann don saoránach), mhol an Coimisiún córas leictreonach a chur ar bun chun aon dul isteach ar chríoch na mBallstát agus aon imeacht aisti ag teorainneacha seachtracha a thaifeadadh lena áirithiú go ndéantar rochtain ar an gcríoch sin a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí.

(4)

D’iarr Comhairle Eorpach an 23 agus an 24 Meitheamh 2011 an obair ar “theorainneacha cliste” a dhéanamh go han-phras. An 25 Deireadh Fómhair 2011, d’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal “Smart borders — options and the way ahead” (Teorainneacha cliste — na roghanna agus an bealach chun cinn).

(5)

Sna treoirlínte straitéiseacha a ghlac sí i mí an Mheithimh 2014, chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go láidir nach mór bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha coiteanna an Aontais mar gheall ar limistéar Schengen, limistéar inar féidir le daoine taisteal gan dul faoi rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha, agus mar gheall ar an méadú atá tagtha ar an líon daoine atá ag taisteal chuig an Aontas. Chuir sí i bhfios go láidir freisin nach mór don Aontas na huirlisí uile atá ar fáil dó a úsáid chun tacú leis na Ballstáit an cúram atá orthu a chomhlíonadh agus, chuige sin, ba cheart bainistiú comhtháite teorainneacha maidir le teorainneacha seachtracha a nuachóiriú ar bhealach costéifeachtúil chun bainistiú na dteorainneacha cliste a áirithiú, inter alia, le córas dul isteach/imeachta agus le tacaíocht ón ngníomhaireacht nua le haghaidh córais mhórscála TF (eu-LISA).

(6)

Sa Teachtaireacht uaidh an 13 Bealtaine 2015 dar teideal “A European agenda on migration” (Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce], thug an Coimisiún dá aire go dtiocfadh céim nua leis an tionscnamh “Teorainneacha Cliste”, céim a mhéadódh éifeachtúlacht na dtrasnuithe teorann, a éascódh trasnuithe i gcás fhormhór mór na dtaistealaithe tríú tír bona fide, agus a neartódh, ag an am céanna, an comhrac i gcoinne na himirce neamhrialta trí thaifead a chruthú ar na gluaiseachtaí trasteorann uile a dhéanann náisiúnaigh tríú tír, agus prionsabal na comhréireachta á urramú go hiomlán ag an am céanna.

(7)

D’fhonn bainistiú na dteorainneacha seachtracha a fheabhsú tuilleadh agus, go háirithe, d’fhonn a fhíorú go gcomhlíontar na forálacha maidir leis an tréimhse údaraithe fanachta ar chríoch na mBallstát, ba cheart EES a bhunú, lena gclárófaí go leictreonach am agus áit dul isteach agus imeachta na náisiúnach tríú tír dá dtugtar cead isteach ar chríoch na mBallstát le haghaidh gearrfhanachta, agus lena ríomhfaí fad fhanacht údaraithe na ndaoine sin. Ba cheart dó deireadh a chur leis an oibleagáid pasanna na náisiúnach tríú tír a stampáil, oibleagáid is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile.

(8)

Is gá cuspóirí EES, na catagóirí sonraí atá le hiontráil in EES, na críocha ar ina leith a bhfuil na sonraí le húsáid, critéir a n-iontrála, na húdaráis a bheidh údaraithe na sonraí a rochtain, agus rialacha breise maidir le próiseáil sonraí agus cosaint sonraí pearsanta a shonrú, chomh maith le hailtireacht theicniúil EES, rialacha maidir lena oibriú agus a úsáid, agus idir-inoibritheacht le córais faisnéise eile. Is gá freagrachtaí do EES a shainiú freisin.

(9)

Ba cheart feidhm a bheith ag EES maidir le náisiúnaigh tríú tír dá dtugtar cead isteach ar chríoch na mBallstát le haghaidh gearrfhanachta. Ba cheart feidhm a bheith aige freisin maidir le náisiúnaigh tríú tír dár diúltaíodh cead isteach le haghaidh gearrfhanachta.

(10)

Ba cheart EES a oibriú ag teorainneacha seachtracha na mBallstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine. Is inmhianta go mbeadh acquis Schengen á chur i bhfeidhm ina iomláine ag na Ballstáit sin nach bhfuil á chur i bhfeidhm ina iomláine fós faoi thús oibríochtaí EES. I gcás, áfach, nach bhfuil sé indéanta deireadh a chur leis na rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha faoi thús oibríochtaí EES, is gá na coinníollacha a shonrú maidir le hoibriú EES ag na Ballstáit sin nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, chomh maith leis na forálacha a leagan síos maidir le EES a oibriú agus a úsáid ag teorainneacha inmheánacha nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe sin fós.

I dtaca leis na coinníollacha maidir le EES a oibriú, ba cheart EES a oibriú ag teorainneacha seachtracha na mBallstát sin nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a bhfuil an fíorú i gcomhréir leis an nós imeachta meastóireachta Schengen is infheidhme curtha i gcrích acu go rathúil, agus a bhfuil rochtain éighníomhach ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS), a bunaíodh le Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle (3), tugtha dóibh chun críche EES a oibriú agus a bhfuil na forálacha sin d’acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Schengen (SIS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), curtha i bhfeidhm acu i gcomhréir leis an Ionstraim ábhartha Aontachais. I dtaca leis na forálacha maidir le EES a bheith á oibriú agus á úsáid ag na Ballstáit a chomhlíonann coinníollacha den sórt sin, ba cheart ESS a oibriú ag teorainneacha inmheánacha na mBallstát sin nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe sin fós. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha sonracha maidir le EES a oibriú agus a úsáid ag teorainneacha den sórt sin, d’fhonn tionchar an nós imeachta maidir le seiceálacha teorann ag teorainneacha den sórt sin a íoslaghdú, agus ag an am céanna, gan difear a dhéanamh do leibhéal slándála EES ná dá fheidhmiú cuí agus gan dochar d’oibleagáidí eile um rialú teorann faoi Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(11)

Chun críche an Rialacháin seo, is mar thoradh ar an gcuid sin de acquis Schengen is infheidhme atá fad fhanacht údaraithe na náisiúnach tríú tír ar chríoch na mBallstát.

(12)

Ba cheart áireamhán uathoibrithe a áireamh in EES. Chun an teorainn fhoriomlán 90 lá in aon tréimhse 180 lá a ríomh, ba cheart don áireamhán uathoibrithe fanachtaí ar chríoch na mBallstát a oibríonn EES a chur san áireamh. Aon síntí a chuirfí le fanacht údaraithe, ba cheart iad a chur san áireamh agus an teorainn fhoriomlán sin á ríomh ar theacht isteach don náisiúnach tríú tír ar chríoch na mBallstát ina dhiaidh sin. Fanachtaí ar chríoch na mBallstát nach n-oibríonn EES go fóill, ba cheart iad a ríomh ar leithligh ar bhonn stampaí a ghreamaítear i ndoiciméid taistil na náisiúnach tríú tír.

(13)

Níor cheart don áireamhán uathoibrithe fanachtaí ar chríoch Ballstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES a chur san áireamh ach amháin chun a fhíorú go gcomhlíontar leis an teorainn fhoriomlán 90 lá in aon tréimhse 180 lá agus chun tréimhse bailíochta víosa ghearrfhanachta Schengen a fhíorú. Níor cheart don áireamhán uathoibrithe fad an fhanachta mar a údaraítear le víosa ghearrfhanachta náisiúnta arna héisiúint ag Ballstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES a ríomh. Agus fad an fhanachta a údaraítear le víosa ghearrfhanachta Schengen á ríomh, níor cheart don áireamhán uathoibrithe tréimhsí fanachta ar chríoch na mBallstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES a chur san áireamh.

(14)

Ba cheart rialacha beachta a leagan síos maidir leis an bhfreagracht i ndáil le forbairt agus oibriú EES agus maidir leis an bhfreagracht atá ar na Ballstáit i ndáil lena gceangal le EES. An ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála faisnéise sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ba cheart di a bheith freagrach as forbairt agus bainistiú oibríochtúil EES lárnaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 a leasú dá réir.

(15)

Ba cheart é a bheith de chuspóir ag EES bainistiú teorainneacha seachtracha a fheabhsú, inimirce neamhrialta a chosc agus bainistiú sreabh imirce a éascú. Ba cheart do EES a bheith ina chuidiú, go háirithe agus nuair is ábhartha, agus aon duine á shainaithint nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha a bhaineann le fad an fhanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát. Ina theannta sin, ba cheart do EES a bheith ina chuidiú le cionta sceimhlitheoireachta agus le cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

(16)

Is éard is ceart a bheith in EES Lárchóras (Lárchóras EES), a fheidhmíonn lárbhunachar sonraí ríomhairithe de shonraí bithmhéadracha agus alfa-uimhriúla, Comhéadan Aonfhoirmeach Náisiúnta i ngach Ballstát, Bealach Cumarsáide Slán idir Lárchóras EES agus an Córas Faisnéise Víosaí lárnach (Lárchóras VIS) atá ag an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS), agus Bonneagar Cumarsáide atá slán agus criptithe idir Lárchóras EES agus na Comhéadain Aonfhoirmeacha Náisiúnta. Ba cheart do gach Ballstát a bhonneagair náisiúnta teorann a cheangal leis an gComhéadan Aonfhoirmeach Náisiúnta ar bhealach slán. Chun gur féidir staitisticí a thiomsú agus a thuairisciú, ba cheart stóras sonraí a bhunú ar an leibhéal lárnach. Chun go mbeidh náisiúnaigh tríú tír in ann an tréimhse údaraithe fanachta atá fágtha a fhíorú tráth ar bith, ba cheart seirbhís gréasáin a fhorbairt. Ba cheart don tseirbhís gréasáin ligean d’iompróirí a fhíorú freisin ar úsáid náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa ghearrfhanachta Schengen acu arna heisiúint chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó líon na mbabhtaí is údaraithe dóibh dul isteach lena víosa. Ba cheart dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha le linn chéim forbartha na seirbhíse gréasáin sin. Agus na sonraíochtaí teicniúla do rochtain iompróirí ar an tseirbhís gréasáin á mbunú, ba cheart an tionchar ar thaisteal na bpaisinéirí agus ar iompróirí a theorannú a mhéid is féidir. Chun na críche sin, ba cheart machnamh a dhéanamh ar an gcomhtháthú iomchuí leis na córais ábhartha.

(17)

Ba cheart idir-inoibritheacht a bhunú idir EES agus VIS trí bhíthin bealach cumarsáide díreach idir Lárchóras VIS agus Lárchóras EES chun go mbeidh ar chumas na n-údarás teorann a úsáideann EES VIS a cheadú d’fhonn sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil chun taifid ar dhul isteach/imeacht nó taifid ar dhiúltú cead isteach a chruthú nó a nuashonrú, chun go mbeidh ar chumas na n-údarás teorann bailíocht na víosa agus céannacht an tsealbhóra víosa a fhíorú trína bhfuil in VIS a chuardach go díreach le méarloirg ag teorainneacha ag a ndéantar EES a oibriú agus chun go mbeidh ar chumas na n-údarás teorann céannacht na náisiúnach tríú tír sin atá díolmhaithe ó cheanglas víosa a fhíorú i gcomparáid lena bhfuil in VIS trí leas a bhaint as méarloirg. Ba cheart go gcuirfeadh an idir-inoibritheacht ar chumas na n-údarás teorann agus na n-údarás víosa a úsáideann VIS EES a cheadú go díreach ó VIS chun críocha iarratais ar víosa a scrúdú agus cinntí a bhaineann leis na hiarratais sin a dhéanamh, agus ba cheart a chur ar chumas na n-údarás víosa na sonraí sin a bhaineann le víosaí a nuashonrú in EES i gcás ina ndéantar víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a leasú dá réir sin. Ba cheart gur próiseas uathoibríoch a bheidh i gceist le sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil ó VIS, iad a iompórtáil in EES agus sonraí ó VIS a nuashonrú in EES a luaithe a chuirfidh an t-údarás lena mbaineann tús leis an oibríocht atá i gceist. Ba cheart prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra a urramú agus an idir-inoibritheacht idir EES agus VIS á bunú.

(18)

Ba cheart a shonrú sa Rialachán seo cé na húdaráis de chuid na mBallstát a údarófar EES a rochtain d’fhonn sonraí a iontráil, a leasú, a léirscriosadh nó a cheadú chun críocha sonracha EES, a mhéid agus is gá dóibh chun a gcúraimí a dhéanamh.

(19)

Ba cheart aon phróiseáil ar shonraí EES a dhéanfar a bheith i gcomhréir leis na cuspóirí atá le baint amach agus a bheith riachtanach chun cúraimí na n-údarás inniúil a dhéanamh. Agus EES á úsáid acu, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go n-urramaítear dínit agus sláine an duine a bhfuil a shonraí á n-iarraidh agus níor cheart dóibh aon idirdhealú a dhéanamh ar dhuine de réir aon fhorais amhail gnéas, cine, dath, bunadh ciníoch nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó eile, duine a bheith ina bhall de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéis.

(20)

Ba cheart sonraí alfa-uimhriúla agus sonraí bithmhéadracha a thaifeadadh agus a phróiseáil in EES, go príomha chun bainistiú na dteorainneacha seachtracha a fheabhsú, inimirce neamhrialta a chosc agus bainistiú sreabh imirce a éascú. Thairis sin, is ar na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, agus orthu sin amháin, ar cheart gur féidir rochtain a fháil freisin ar shonraí pearsanta de chuid EES d’fhonn cuidiú le cionta sceimhlitheoireachta agus le cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. In ainneoin an tionchair a bhíonn aige ar phríobhaideacht na dtaistealaithe, bíonn údar le húsáid a bhaint as sonraí bithmhéadracha, ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, modh iontaofa í an bhithmhéadracht chun náisiúnaigh tríú tír atá i láthair ar chríoch na mBallstát ach nach bhfuil doiciméid taistil ná aon chineál eile doiciméid aitheantais ina seilbh acu a shainaithint, cás nach annamh d’imircigh neamhrialta. Ar an dara dul síos, a bhuí leis an mbithmhéadracht, is féidir sonraí dul isteach agus imeachta taistealaithe bona fide a mheaitseáil ar bhealach níos iontaofa. Le húsáid íomhánna den aghaidh i gcomhar le sonraí méarlorg, is féidir líon iomlán na méarlorg a cheanglaítear a chlárú a laghdú, ach gan aon tionchar a imirt ar chruinneas na sainaitheanta.

(21)

Ba cheart ceithre mhéarlorg in aghaidh an náisiúnaigh tríú tír, atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, a chlárú in EES ach sin a bheith indéanta go fisiciúil d’fhonn fíorú cruinn agus sainaithint chruinn a dhéanamh, á dheimhniú ar an dóigh sin nach bhfuil an náisiúnach tríú tír cláraithe cheana féin faoi ainm bréige nó le doiciméad taistil eile, agus chun a áirithiú gur leor na sonraí atá ann d’fhonn a áirithiú go mbaintear cuspóirí EES amach gan beann ar chúinsí. Ba cheart méarloirg náisiúnach tríú tír ar sealbhóirí víosa iad a sheiceáil sa VIS. Ba cheart íomhá d’aghaidh na náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus na náisiúnach tríú tír ar sealbhóirí víosa iad araon a chlárú in EES. Ba cheart méarloirg nó íomhánna den aghaidh a úsáid mar aitheantóir bithmhéadrach chun céannacht na náisiúnach tríú tír a cláraíodh cheana féin in EES a fhíorú, nó go scriosfar a sainchomhaid. D’fhonn sainiúlachtaí gach pointe trasnaithe teorann agus na cineálacha éagsúla teorainneacha a chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis náisiúnta a shuíomh, i gcás gach pointe trasnaithe teorann, cé acu is iad na méarloirg nó an íomhá den aghaidh atá le húsáid mar phríomhaitheantóir bithmhéadrach chun an fíorú riachtanach a dhéanamh.

(22)

Sa chomhrac i gcoinne cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile, tá sé riachtanach an fhaisnéis is iomláine agus is úire dá bhfuil ann a bheith ag na húdaráis ainmnithe chun go bhféadfaidh siad a gcúraimí a dhéanamh. Is léir cheana féin a úsáidí atá rochtain ar shonraí as VIS chun críocha fhorghníomhú an dlí i dtaobh daoine a maraíodh de bharr an fhoréigin a shainaithint, nó chun cabhrú le himscrúdaitheoirí dul chun cinn mór a dhéanamh i gcásanna a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine, sceimhlitheoireacht nó gáinneáil neamhdhleathach ar dhrugaí. Is gá rochtain a bheith ar shonraí EES chun cionta sceimhlitheoireachta mar a thagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (9) a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Ba cheart gur féidir sonraí EES a chur ag fónamh mar uirlis fíoraithe céannachta i gcás ina bhfuil an náisiúnach tríú tír tar éis a chuid nó a cuid doiciméad a scriosadh, nó i gcás ina bhfuil coir á fiosrú ag na húdaráis ainmnithe de bhíthin méarlorg nó íomhánna den aghaidh agus ar mian leo céannacht duine a fhíorú. Ba cheart freisin go bhféadfaí na sonraí sin a chur chun fónaimh mar uirlis tiomsaithe fianaise trí aistir an duine a bhfuil amhras ann faoi go bhfuil coir déanta aige nó íospartaigh coire a rianadh. Dá bhrí sin, ba cheart sonraí EES a bheith ar fáil d’údaráis ainmnithe na mBallstát agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (“Europol”), faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorannuithe a leagtar amach sa Rialachán seo.

Na coinníollacha rochtana ar EES chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, ba cheart go bhfágfaidís ar chumas na n-údarás ainmnithe sna Ballstáit dul i ngleic leis na cásanna ina mbeadh an iliomad céannachtaí in úsáid ag amhrastaigh. Chun na críche sin, níor cheart rochtain ar EES a chosc i gcás ina bhfaightear amas le linn do bhunachar sonraí ábhartha a bheith á cheadú roimh rochtain a dhéanamh ar EES. Chun críocha fhorghníomhú an dlí agus chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, ba cheart a mheas go bhfuil cuardach an bhunachair sonraí comhréireach más amhlaidh atá údar sáraitheach imní ann maidir leis an tslándáil phoiblí. Ní foláir go mbeadh údar cuí le haon chuardach agus go mbeadh sé i gcomhréir leis an leas a luaitear.

(23)

Na húdaráis ainmnithe atá freagrach as cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, ar cionta iad a bhféadfaidh na Ballstáit a ráthú go mbeidh feidhm ina leith ag forálacha uile an Rialacháin seo mar aon le forálacha Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus a mbeidh na húdaráis inniúla, lena n-áirítear an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680 in ann a fhíorú go bhfeidhmítear mar is cuí iad, is acu siúd amháin is ceart cead a bheith sonraí ESS a cheadú.

(24)

Tá ról lárnach ag Europol i ndáil leis an gcomhar idir údaráis na mBallstát i réimse an imscrúdaithe coireachta trasteorann arae tacaíonn sé le coireanna a chosc, anailísí a dheanamh, agus imscrúduithe a dhéanamh ar fud an Aontais. Dá dhroim sin, ba cheart rochtain a bheith ag Europol ar EES faoi chuimsiú a chúraimí agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794. Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán a dhéanamh ar an bpróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí agus a áirithiú go gcomhlíontar ina n-iomláine na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

(25)

Is ionann EES a rochtain chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, agus cur isteach ar na cearta bunúsacha maidir le saol príobháideach an duine aonair a urramú agus maidir le cosaint a thabhairt dá shonraí pearsanta nuair a dhéantar próiseáil orthu in EES. Aon chur isteach dá leithéid, ní mór é a bheith i gcomhréir leis an dlí, nach mór é a fhoirmliú le bheith sách beacht chun gur féidir le daoine aonair a n-iompraíocht a athrú, chun daoine aonair a chosaint ar aon treallachas, agus chun raon feidhme na lánrogha a bhronntar ar na húdaráis inniúla mar aon leis an modh ina bhfuil siad leis an lánrogha sin a fheidhmiú a léiriú go lánsoiléir. Thairis sin, aon chur isteach ar na cearta bunúsacha sin, ní mór é a theorannú don mhéid a bhfuil gá leis i sochaí dhaonlathach ar mhaithe le leas dlisteanach comhréireach éigin a chosaint, agus ní mór é a bheith comhréireach leis an gcuspóir dlisteanach atá le baint amach.

(26)

Is cuid bhunúsach den chomhar póilíneachta é comparáidí a dhéanamh idir sonraí ar bhonn rian dachtalascópach is féidir a aimsiú ar láthair na coire (“méarlorg neamhfhollas”). Ní mór go mbeadh údaráis ainmnithe na mBallstát in ann méarlorg neamhfhollas a chur i gcomparáid leis na sonraí méarlorg atá stóráilte in EES i gcás ina mbeidh forais réasúnacha ann a chreidiúint go bhféadfadh sé go bhfuil an déantóir nó an t-íosparthach cláraithe in EES, chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, mar shampla i gcás nach mbíonn san fhianaise atá le fáil ar láthair na coire ach méarloirg neamhfhollasa.

(27)

Ní mór údaráis inniúla a ainmniú i ngach Ballstát, mar aon leis na lárphointí rochtana trína bhfuil na hiarrataí ar rochtain ar shonraí EES le cur isteach; agus ní mór liosta a choinneáil de na haonaid oibríochtúla atá laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe an rochtain sin a iarraidh chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

(28)

Maidir le hiarrataí ar rochtain ar shonraí EES, ba cheart do na haonaid oibríochtúla atá laistigh de na húdaráis ainmnithe na hiarrataí sin a chur chuig an lárphointe rochtana agus ba cheart go mbeadh údar cuí leo. Aonaid oibríochtúla atá laistigh de na húdaráis ainmnithe agus atá údaraithe rochtain ar shonraí EES a iarraidh, níor cheart dóibh gníomhú mar údarás fíoraithe. Ba cheart gurbh é a bheadh sa lárphointe rochtana comhlacht nó eintiteas ar a gcuirtear de chúram le dlí náisiúnta an t-údarás poiblí a fheidhmiú agus ba cheart dó a bheith in ann, de bhua cháilíocht agus líon a fhoirne, a fhíorú go héifeachtach an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le rochtain a iarraidh ar EES i ngach cás. Ba cheart do na lárphointí rochtana gníomhú go neamhspleách ar na húdaráis ainmnithe agus ba cheart dóibh a bheith freagrach, ar dhóigh neamhspleách, as deimhin a dhéanamh de go gcomhlíontar ina n-iomláine na coinníollacha rochtana a leagtar amach sa Rialachán seo. I gcás práinne inar gá rochtain luath a thabhairt chun freagairt do bhagairt shonrach iarbhír a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó le cionta cóiriúla tromchúiseacha eile, ba cheart don lárphointe rochtana an iarraidh a phróiseáil láithreach agus an fíorú a dhéanamh ina dhiaidh sin.

(29)

Chun sonraí pearsanta a chosaint agus chun cuardaigh chórasacha a chosc, níor cheart sonraí EES a phróiseáil ach i gcásanna ar leith agus nuair is gá chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Dá bhrí sin, níor cheart do na húdaráis ainmnithe agus do Europol rochtain ar ESS a iarraidh ach amháin nuair atá forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfaighidh siad faisnéis de thoradh na rochtana sin a chuideoidh go mór leo cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

(30)

Ina theannta sin, níor cheart rochtain a cheadú ar EES chun críocha amhrastaigh anaithnide, déantóirí anaithnide nó íospartaigh anaithnide cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a shainaithint, ach ar an gcoinníoll go ndearnadh cuardaigh i mbunachair sonraí náisiúnta na mBallstát agus go ndearnadh an cuardach le córais uathoibrithe na mBallstát eile ar fad um fhíorú méarlorg faoi Chinneadh 2008/615/CGB (12) ón gComhairle ina iomláine, nó ní dhearnadh an cuardach ina iomláine laistigh de 2lá ón uair a cuireadh tús leis.

(31)

Chun comparáid agus malartú éifeachtúil a dhéanamh ar shonraí pearsanta, ba cheart do na Ballstáit na comhaontuithe idirnáisiúnta reatha a chur chun feidhme go hiomlán agus a úsáid mar aon le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a mhalartú atá i bhfeidhm cheana féin, go háirithe Cinneadh 2008/615/CGB.

(32)

Níor cheart na sonraí pearsanta atá stóráilte in EES a choinneáil níos faide ná mar atá fíorghá leis chun na gcríoch a bhfuil na sonraí próiseáilte lena n-aghaidh. Is leor na sonraí a bhaineann leis na náisiúnaigh tríú tír a chloígh le fad an fhanachta údaraithe in EES a choinneáil ar feadh tréimhse 3 bliana chun críocha bainistithe teorann ionas nach gá do náisiúnaigh tríú tír athchlárú in EES roimh dheireadh na tréimhse sin. De dhroim na tréimhse coinneála sonraí 3 3bliana sin, laghdófar an gá le hathchlárúcháin mhinice, rud a rachaidh chun sochair do gach taistealaí mar go dtiocfaidh laghdú ar an meán-am trasnaithe teorann agus ar an tréimhse feithimh ag pointí trasnaithe teorann araon. Fiú an taistealaí nach dtéann isteach ar chríoch na mBallstát ach aon uair amháin, laghdófar an tréimhse feithimh ag an bpointe trasnaithe teorainn toisc nach mbeidh ar thaistealaithe eile atá cláraithe cheana in EES athchlárú roimh dhul in éag na tréimhse coinneála sonraí 3 bliana sin. Tá gá leis an tréimhse coinneála sonraí 3 bliana sin freisin chun trasnuithe teorann a éascú agus a thapú, lena n-áirítear trí chórais uathoibrithe agus féinfhreastail a úsáid. Is iomchuí freisin tréimhse coinneála sonraí 3 bliana a shocrú do náisiúnaigh tríú tír dár diúltaíodh cead dul isteach le haghaidh gearrfhanachta. Maidir le náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais, saoránach a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) maidir leis nó ball de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais agus nach bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE aige, is iomchuí gach taifead cúpláilte ar dhul isteach/imeacht a stóráil ar feadh tréimhse nach faide ná aon bhliain amháin tar éis dháta an imeachta ó chríoch na mBallstát a ghabhann leis an taifead sin. Nuair a rachaidh na tréimhsí coinneála sonraí ábhartha in éag, ba cheart na sonraí a léirscriosadh go huathoibríoch.

(33)

Is gá sonraí a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír nár imigh as críoch na mBallstát faoi dheireadh an fhanachta údaraithe a choinneáil ar feadh tréimhse 5 bliana chun cuidiú leis an bpróiseas maidir le sainaithint agus filleadh. Ba cheart na sonraí sin a léirscriosadh go huathoibríoch tar éis na tréimhse 5 bliana, ach amháin má tá forais ann lena léirscriosadh roimhe sin.

(34)

Is gá sonraí pearsanta náisiúnach tríú tír a chloígh le fad an fhanachta údaraithe agus sonraí pearsanta náisiúnach tríú tír dár diúltaíodh cead dul isteach le haghaidh gearrfhanachta a choinneáil ar feadh tréimhse 3 bliana agus sonraí pearsanta náisiúnach tríú tír nár imigh as críoch na mBallstát faoi dheireadh an fhanachta údaraithe a choinneáil ar feadh tréimhse5 bliana, chun go gcuirfear ar chumas an gharda teorann an anailís riosca is gá a dhéanamh a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2016/399 sula n-údaróidh sé do thaistealaí dul isteach ar chríoch na mBallstát. Agus iarratais ar víosa á bpróiseáil i bpoist chonsalacha, is gá freisin anailís a dhéanamh ar stair taistil an iarratasóra d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an úsáid a baineadh as víosaí roimhe sin agus ar cibé acu a urramaíodh coinníollacha an fhanachta údaraithe. In áit pasanna a stampáil, tá EES le ceadú. Ba cheart mar sin go gcumhdódh an stair taistil atá le fáil in EES tréimhse a bheadh fada a dóthain chun críche eisiúna víosa.

Ba cheart stair taistil na náisiúnach tríú tír a sheiceáil nuair a bheidh anailísí riosca á ndéanamh ag an teorainn agus nuair a bheidh iarratais ar víosa á bpróiseáil lena chinneadh ar sháraigh siad uastréimhse a bhfanachta údaraithe roimhe seo. Mar sin, is gá sonraí pearsanta na náisiúnach tríú tír nár imigh as críoch na mBallstát faoi dheireadh an fhanachta údaraithe a choinneáil ar feadh na tréimhse is faide de chúig bliana le hais na tréimhse a bheidh i gceist le sonraí pearsanta náisiúnach tríú tír a chloígh le fad an fhanachta údaraithe agus na náisiúnach tríú tír dár diúltaíodh cead dul isteach le haghaidh gearrfhanachta.

(35)

Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le dliteanas na mBallstát i ndáil le damáiste a thiocfadh as aon sárú ar an Rialachán seo.

(36)

Gan dochar do rialacha níos sonraí a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann na Ballstáit chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ach amháin más iad údaráis ainmnithe nó lárphointí rochtana na mBallstát a dhéanann an phróiseáil sin chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a imscrúdú nó a bhrath.

(37)

Gan dochar do rialacha níos sonraí a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart go mbeadh feidhm ag na dlíthe náisiúnta, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a glacadh de bhun Threoir (AE) 2016/680 maidir leis an bpróiseáil a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát ar shonraí pearsanta chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a imscrúdú nó a bhrath de bhun an Rialacháin seo.

(38)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) maidir le gníomhaíochtaí institiúidí nó chomhlachtaí de chuid an Aontais agus a gcúraimí á ndéanamh acu i gcás ina bhfuil siad freagrach as bainistiú oibríochtúil EES.

(39)

Níor cheart sonraí pearsanta a fhaigheann Ballstát de bhun an Rialacháin seo a aistriú ná a chur ar fáil d’aon tríú tír, eagraíocht idirnáisiúnta ná eintiteas príobháideach atá bunaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas. Mar eisceacht ón riail sin, áfach, ba cheart go bhféadfaí sonraí den sórt sin a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, sa chás ina bhfuil aistriú den sórt sin faoi réir coinníollacha dochta agus ina bhfuil gá leis i gcásanna aonair d’fhonn cuidiú chun náisiúnach tríú tír a shainaithint i ndáil lena fhilleadh nó lena filleadh. In éagmais cinneadh leordhóthanachta trí bhíthin gníomh cur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) 2016/679 nó in éagmais coimircí iomchuí a mbeidh aistrithe faoin réir de bhun an Rialacháin sin, ba cheart go mbeadh sé indéanta sonraí EES a aistriú ar bhonn eisceachtúil, chun críche fillte, chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, i gcás inar gá sin ar chúiseanna tábhachtacha a bhaineann le leas an phobail dá dtagraítear sa Rialachán sin agus sa chás sin amháin.

(40)

Ba cheart freisin go mbeadh sé indéanta sonraí pearsanta a fhaigheann na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo a aistriú chuig tríú tír i gcás eisceachtúil práinne, ina mbaineann garchontúirt le cion sceimhlitheoireachta nó ina bhfuil beatha duine i ngarchontúirt a bhaineann le cion coiriúil tromchúiseach. Ba cheart garchontúirt do bheatha duine a thuiscint mar chontúirt a eascraíonn as cion coiriúil tromchúiseach a dhéantar in aghaidh an duine sin amhail mórdhíobháil choirp, trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna, fuadach, srianadh neamhdhleathach agus gabháil giall, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí, agus éigniú. Níor cheart sonraí den chineál sin a tharchur chuig tríú tír ach amháin má áirithítear go gcuirfear ar fáil go cómhalartach do na Ballstáit a oibríonn EES aon fhaisnéis maidir le taifid ar dhul isteach/imeacht atá ina seilbh ag an tríú tír iarrthach. Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil rochtain ag a n-údaráis ainmnithe ar EES de bhun an Rialacháin seo bheith in ann sonraí EES a aistriú chuig Ballstáit nach n-oibríonn EES, agus chuig Ballstáit nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ina leith. Ba cheart soláthar faisnéise den chineál sin a bheith faoi réir iarraidh chuí-réasúnaithe, agus ba cheart an soláthar faisnéise a theorannú do chásanna ina mbíonn gá leis chun cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Níor cheart do Ballstát a oibríonn EES bheith in ann faisnéis den chineál sin a sholáthar ach amháin má áirithítear go soláthrófar go cómhalartach do na Ballstáit a oibríonn EES aon fhaisnéis maidir le taifid ar dhul isteach/imeacht atá ina sheilbh ag an mBallstát iarrthach. Tá feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 maidir leis an mbealach a ndéanfar na sonraí uile a fhaightear as EES a láimhseáil ina dhiaidh sin.

(41)

I ngach Ballstát, ba cheart don údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta a dhéanann na Ballstáit, agus ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus do na húdaráis mhaoirseachta comhoibriú le chéile chun faireachán a dhéanamh ar EES.

(42)

I ngach Ballstát, ba cheart don údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680 faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta chun críocha fhorghníomhú an dlí a dhéanann na Ballstáit.

(43)

De bhreis ar na forálacha maidir le faisnéis a chuirfear ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a sonraí le taifeadadh in EES, ba cheart an fhaisnéis iomchuí a thabhairt dóibh i ndáil le taifeadadh na sonraí sin. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a chur ar fáil i scríbhinn trí aon mhodh iomchuí, bileoga, póstaeir nó aon bhealaí iomchuí leictreonacha eile san áireamh.

(44)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh an faireachán a dhéanfar ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo éifeachtach, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo go tráthrialta.

(45)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

(46)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(47)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon EES a bhunú agus oibleagáidí, coinníollacha agus nósanna imeachta coiteanna a cheapadh maidir le húsáid sonraí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus thionchar na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(48)

Tar éis thús oibríochtaí EES, ba cheart an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (17) (“an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme”) chun feidhme a leasú maidir le comhaontuithe déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit agus maidir le fad fanachta údaraithe is faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá do náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa. Sa mheastóireacht fhoriomlán ar EES, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as comhaontuithe déthaobhacha na mBallstát. Ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún roghanna a chur sa chéad tuarascáil meastóireachta darb aidhm deireadh a chur de réir a chéile leis na comhaontuithe déthaobhacha sin agus ionstraim de chuid an Aontais a chur ina n-ionad.

(49)

Is lú costais mheasta EES ná an buiséad atá curtha i leataobh do Theorainneacha Cliste i Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Dá réir sin, tar éis an Rialachán seo a ghlacadh, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomh tarmligthe da bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, an méid atá curtha i leataobh faoi láthair chun córais TF a fhorbairt de thaca le sreabha imirce thar na teorainneacha seachtracha a bhainistiú, ba cheart dó an méid sin a ath-leithdháileadh.

(50)

Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE.

(51)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta féin é.

(52)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (19); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige agus níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(53)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (20); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige agus níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(54)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an 2 thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (21), ar forálacha iad a chuimsítear faoin réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (22).

(55)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (23), ar forálacha iad a chuimsítear faoin réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (24) agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (25).

(56)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis  (26) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a chuimsítear faoin réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE (27) ón gComhairle agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE (28).

(57)

Maidir leis an gCipir, leis an mBulgáir, leis an Rómáin agus leis an gCróit, is éard atá i bhforálacha an Rialacháin seo a bhaineann le SIS agus le VIS forálacha lena gcuirtear le acquis Schengen, nó a bhfuil baint ar shlí eile acu le acquis Schengen, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach, arna léamh i gcomhar le Cinneadh 2010/356/AE ón gComhairle (29), Cinneadh (AE) 2017/733 ón gComhairle (30) agus Cinneadh (AE) 2017/1908ón gComhairle (31) maidir le forálacha áirithe de acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosa a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus na Rómáine. Chomh maith leis sin, éilítear le hoibriú EES go dtabharfaí rochtain éighníomhach ar VIS agus go gcuirfí forálacha uile acquis Schengen a bhaineann le SIS i bhfeidhm i gcomhréir leis na Cinntí ábhartha ón gComhairle. Ní féidir na coinníollacha sin a chomhlíonadh go dtí go ndéanfaí an fíorú go rathúil i gcomhréir leis an nós imeachta meastóireachta Schengen is infheidhme. Dá bhrí sin, níor cheart EES a bheith á oibriú ach ag na Ballstáit sin a mbeidh na coinníollacha sin á gcomhlíonadh acu faoi thús oibríochtaí EES. Maidir le Ballstáit nach n-oibríonn EES ón am a thosnóidh oibríochtaí EES don chéad uair, ba cheart dóibh a bheith ceangailte le EES i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha sin uile.

(58)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh an 21 Meán Fómhair 2016.

(59)

Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha dochta bhaineann le rochtain ar EES, mar aon leis na coimircí riachtanacha don rochtain sin. Lena chois sin, leagtar amach ann cearta an duine aonair i ndáil le rochtain, ceartú, comhlánú, léirscriosadh agus sásamh, go háirithe an ceart leigheas breithiúnach a fháil agus údaráis neamhspleácha phoiblí maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun dínite daonna, an toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe, an ceart chun saoirse agus slándála, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun neamh-idirdhealaithe, cearta an linbh, cearta daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil.

(60)

Tá an Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún na Ginéive a bhaineann le stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo “Córas Dul Isteach/Imeachta” (EES) d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

dáta, am agus áit dul isteach agus imeachta na náisiúnach tríú tír a thrasnaíonn teorainneacha na mBallstát ag a n-oibrítear EES a thaifeadadh agus a stóráil;

(b)

fad fhanacht údaraithe náisiúnach tríú tír den sórt sin a ríomh;

(c)

foláirimh a thabhairt do na Ballstáit nuair atá an fanacht údaraithe istigh; agus

(d)

dáta, am agus áit dhiúltú cead isteach na náisiúnach tríú tír dár diúltaíodh cead isteach le haghaidh gearrfhanachta, chomh maith le húdarás an Bhallstáit a rinne an diúltú agus na cúiseanna a bhaineann leis a thaifeadadh agus a stóráil.

2.   Chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, leagtar síos sa Rialachán seo freisin na coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis ainmnithe na mBallstát rochtain a fháil ar EES d’fhonn é a cheadú.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

náisiúnaigh tríú tír dá dtugtar cead isteach ar chríoch na mBallstát le haghaidh gearrfhanachta atá faoi réir seiceálacha teorann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 agus iad ag trasnú na dteorainneacha ag a n-oibrítear EES; agus

(b)

náisiúnaigh tríú tír, ar dhul isteach dóibh ar chríoch na mBallstát agus ar a n-imeacht astu:

(i)

ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis, nó ar baill iad de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, agus

(ii)

nach bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE nó cead cónaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle (32) ina seilbh acu.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le náisiúnaigh tríú tír dá ndiúltaítear cead isteach le haghaidh gearrfhanachta ar chríoch na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/399.

3.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis agus a bhfuil cárta cónaithe ina seilbh acu de bhun na Treorach sin, bíodh nó ná bíodh go dtagann siad in éineacht leis an saoránach sin den Aontas nó go dtagann siad anall ina dhiaidh nó ina diaidh;

(b)

náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach náisiúnaigh tríú tír, bíodh nó ná bíodh go dtagann siad in éineacht leis an náisiúnach tríú tír sin nó go dtagann siad anall ina dhiaidh nó ina diaidh, sa chás:

(i)

go bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta ag an náisiúnach tríú tír sin atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile; agus

(ii)

go bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE nó cead cónaithe de bhun Rialachán (AE) 1030/2002 i seilbh na náisiúnach tríú tír sin;

(c)

sealbhóirí na gceadanna cónaithe dá dtagraítear i bpointe 16 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399 cé is moite díobh sin atá cumhdaithe ag pointe (a) agus pointe (b) den mhír seo;

(d)

náisiúnaigh tríú tír a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta i gcomhréir le Treoir 2014/66/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) nó le Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34);

(e)

sealbhóirí víosaí fadfhanachta;

(f)

náisiúnaigh Andóra, Mhonacó agus San Mairíne agus sealbhóirí pas arna eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine;

(g)

daoine nó catagóirí daoine atá díolmhaithe ó sheiceálacha teorann nó a bhaineann tairbhe as rialacha sonracha maidir le seiceálacha teorann dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 6a(3) de Rialachán (AE) 2016/399;

(h)

daoine nó catagóirí daoine dá dtagraítear i bpointí (h), (i), (j) agus (k) d’Airteagal 6a(3) de Rialachán (AE) 2016/399.

4.   Na forálacha atá sa Rialachán seo maidir le fad an fhanachta údaraithe a ríomh agus foláirimh a thabhairt do na Ballstáit nuair a bheidh an fanacht údaraithe istigh, níl feidhm acu maidir le náisiúnaigh tríú tír:

(a)

ar baill iad de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis, nó baill de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile; agus

(b)

nach bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE nó cead cónaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ina seilbh acu.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “teorainneacha seachtracha” teorainneacha seachtracha mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(2)

ciallaíonn “teorainneacha inmheánacha” teorainneacha inmheánacha mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(3)

Ciallaíonn “údarás teorann” an garda teorann ar cuireadh de chúram air, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, seiceálacha teorann a dhéanamh mar a shainmhínítear i bpointe 11 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(4)

ciallaíonn “údarás inimirce” an t-údarás inniúil atá freagrach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, as ceann amháin nó níos mó den mhéid seo a leanas:

(a)

seiceáil a dhéanamh laistigh de chríoch na mBallstát ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dul isteach nó le fanacht ar chríoch na mBallstát;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le cónaí na náisiúnach tríú tír ar chríoch na mBallstát agus cinntí a dhéanamh ina leith, a mhéid nach ionann an t-údarás sin agus “údarás cinntitheach” mar a shainmhínítear i bpointe (f) d’Airteagal 2 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35), agus, i gcás inarb ábhartha, comhairle a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle (36);

(c)

náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh ar thríú tír thionscnaimh nó idirthurais;

(5)

ciallaíonn “údarás víosa” an t-údarás mar a shainmhínítear i bpointe 3 d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(6)

ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” aon duine nach saoránach den Aontas é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE, cé is moite de dhaoine ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais faoi chomhaontuithe idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tíortha, ar an taobh eile;

(7)

ciallaíonn “doiciméad taistil” pas nó a chomhionann de dhoiciméad, a thugann teideal don sealbhóir dul trasna teorainneacha seachtracha agus ar féidir víosa a ghreamú de;

(8)

ciallaíonn “gearrfhanacht” fanachtaí ar chríoch na mBallstát nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399;

(9)

ciallaíonn “víosa ghearrfhanachta” víosa mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe 2 d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37);

(10)

ciallaíonn “víosa ghearrfhanachta náisiúnta” údarú arna eisiúint ag Ballstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine le haghaidh an fhanachta atá beartaithe ar chríoch an Bhallstáit sin nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá;

(11)

ciallaíonn “fanacht údaraithe” an líon beacht laethanta ar lena linn a cheadaítear do náisiúnach tríú tír fanacht go dleathach ar chríoch na mBallstát, agus sin ón dáta dul isteach i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme;

(12)

ciallaíonn “an Bállstát atá freagrach” an Ballstát a d’iontráil na sonraí in EES;

(13)

ciallaíonn “fíorú” an próiseas arb é atá ann comparáid a dhéanamh idir tacair sonraí chun bailíocht na céannachta a mhaítear a bheith ag duine a shuíomh (sampla amháin a chur i gcomparáid le sampla eile);

(14)

ciallaíonn “sainaithint” an próiseas arb é atá ann céannacht duine a dheimhniú trí chuardach a dhéanamh ar iliomad tacar sonraí i mbunachar sonraí (sampla amháin a chur i gcomparáid le hiliomad samplaí);

(15)

ciallaíonn “sonraí alfa-uimhriúla” sonraí a léirítear le litreacha, le digití, le saincharachtair, le spásanna agus le comharthaí poncaíochta;

(16)

ciallaíonn “sonraí méarlorg” na sonraí a bhaineann le ceithre mhéarlorg ón deasóg — méarlorg na corrmhéire, na méire láir, mhéar an fháinne agus an lúidín — nuair is ann dóibh, nó ina n-éagmais sin ón gciotóg;

(17)

ciallaíonn “íomhá den aghaidh” íomhánna digiteacha den aghaidh;

(18)

ciallaíonn “sonraí bithmhéadracha” sonraí méarlorg agus íomhá den aghaidh;

(19)

ciallaíonn “rófhantóir” náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha a bhaineann le fad fhanacht údaraithe an duine sin ar chríoch na mBallstát;

(20)

ciallaíonn “eu-LISA” an Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála faisnéise sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011;

(21)

ciallaíonn “údaráis maoirseachta” an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680;

(22)

ciallaíonn “sonraí EES” na sonraí uile a stóráiltear i Lárchóras EES i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 16 go hAirteagal 20;

(23)

ciallaíonn “forghníomhú an dlí” cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(24)

ciallaíonn “cion sceimhlitheoireachta” cion faoin dlí náisiúnta a chomhfhreagraíonn do cheann de na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 nó atá coibhéiseach leo;

(25)

ciallaíonn “cion coiriúil tromchúiseach” cion a chomhfhreagraíonn do cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, nó atá coibhéiseach leo, má tá sé inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith coimeádta nó le hordú coinneála arb é 3 bliana ar a laghad a uastréimhse;

(26)

ciallaíonn “údarás ainmnithe” údarás a ndéanann Ballstát é a ainmniú de bhun Airteagal 29 mar údarás atá freagrach as cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(27)

ciallaíonn “córas féinfhreastail” córas féinfhreastail mar a shainmhínítear i bpointe 23 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(28)

ciallaíonn “ríomhgheata” ríomhgheata mar a shainmhínítear i bpointe 24 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(29)

ciallaíonn “Ráta Mainneachtana i leith Clárú” (FTER) cion na gclárúchán ina bhfuil an clárú bithmhéadrach ar cháilíocht neamhleor;

(30)

ciallaíonn “Ráta Sainaitheanta Bréagdheimhní” (FPIR) cion na meaitseálacha a thagann ar ais le linn cuardach bithmhéadrach agus nach mbaineann leis an taistealaí a ndéantar seiceáil air;

(31)

ciallaíonn “Ráta Sainaitheanta Bréagdhiúltaí” (FNIR) cion na meaitseálacha a chailltear le linn cuardach bithmhéadrach cé gur cláraíodh sonraí bithmhéadracha an taistealaí.

2.   An chiall atá leis na téarmaí a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679, beidh an chiall chéanna leo sa Rialachán seo a mhéid a dhéanann údaráis na mBallstát sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críche atá leagtha síos in Airteagal 6(1) den Rialachán seo.

3.   An chiall atá leis na téarmaí a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2016/680, beidh chiall chéanna leo sa Rialachán seo a mhéid a dhéanann údaráis na mBallstát sonraí pearsanta a phróiseáil chun na gcríoch atá leagtha síos in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.

Airteagal 4

Teorainneacha ag a n-oibrítear EES agus úsáid EES ag na teorainneacha sin

1.   Oibreofar EES ag na teorainneacha seachtracha.

2.   Na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, tabharfaidh siad EES isteach ag na teorainneacha inmheánacha atá acu le Ballstáit nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine acu fós ach a oibríonn EES.

3.   Na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine agus na Ballstáit nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES, tabharfaidh siad EES isteach ag a dteorainneacha inmheánacha leis na Ballstáit nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós agus nach n-oibríonn EES.

4.   Na Ballstáit nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES, tabharfaidh siad EES isteach ag na teorainneacha inmheánacha atá acu a shainmhínítear faoi phointe (b) agus faoi phointe (c) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2016/399.

5.   De mhaolú ar an tríú agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 23(2) agus ar Airteagal 27, Ballstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES, tabharfaidh an Ballstát sin EES isteach gan feidhmiúlachtaí bithmhéadracha ag na teorainneacha inmheánacha atá aige le Ballstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES. I gcás, ag na teorainneacha inmheánacha sin, nár cláraíodh náisiúnach tríú tír in EES go fóill, cruthófar sainchomhad an náisiúnaigh tríú tíre sin gan taifead a dhéanamh ar na sonraí bithmhéadracha. Cuirfear na sonraí bithmhéadracha leis ag an gcéad phointe trasnaithe teorann eile ag a n-oibrítear EES leis na feidhmiúlachtaí bithmhéadracha.

Airteagal 5

Bunú EES

Déanfaidh eu-LISA EES a fhorbairt agus áiritheoidh sé bainistiú oibríochtúil EES, lena n-áirítear na feidhmiúlachtaí le sonraí bithmhéadracha a phróiseáil dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 16(1) agus i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 17(1), agus déanfaidh sé slándáil leordhóthanach EES a áirithiú freisin.

Airteagal 6

Cuspóirí EES

1.   Agus na sonraí in EES á dtaifeadadh agus á stóráil agus á gcur ar fáil do na Ballstáit, is iad seo a leanas na cuspóirí a bheidh ag EES:

(a)

éifeachtúlacht na seiceálacha teorann a fheabhsú trí fhad an fhanachta údaraithe a ríomh agus faireachán a dhéanamh air sin ar dhul isteach agus ar imeacht do náisiúnaigh tríú tír dá dtugtar cead isteach le haghaidh gearrfhanachta;

(b)

cúnamh a chur ar fáil chun náisiúnaigh tríú tír a shainaithint nach gcomhlíonann anois, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha le haghaidh dul isteach ar chríoch na mBallstát nó na coinníollacha le haghaidh gearrfhanachta uirthi;

(c)

rófhantóirí a shainaithint agus a bhrath agus a chur ar chumas údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát bearta iomchuí a dhéanamh;

(d)

a bheith in ann diúltuithe cead isteach a sheiceáil go leictreonach in EES;

(e)

a bheith in ann na seiceálacha teorann a dhéanfar ar náisiúnaigh tríú tír a uathoibriú;

(f)

a chur ar chumas údarás víosa rochtain a fháil ar fhaisnéis i ndáil le húsáid dhleathach víosaí roimhe sin;

(g)

náisiúnaigh tríú tír a chur ar an eolas faoi fhad a bhfanachta údaraithe;

(h)

staitisticí a thiomsú faoi dhul isteach agus faoi imeacht, faoi dhiúltú dul isteach agus faoi rófhanacht na náisiúnach tríú tír d’fhonn measúnú riosca an rófhanachta a fheabhsú agus chun tacú le beartas fianaise-bhunaithe imirce an Aontais a chruthú;

(i)

calaois aitheantais agus míúsáid doiciméad taistil a chomhrac.

2.   Trí rochtain a thabhairt do na húdaráis ainmnithe i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, beidh na cuspóirí seo a leanas ag EES:

(a)

cuidiú le cionta sceimhlitheoireachta agus le cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú;

(b)

a bheith in ann faisnéis a ghiniúint le haghaidh imscrúduithe a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó le cionta coiriúla tromchúiseacha eile, lena n-áirítear déantóirí, amhrastaigh agus íospartaigh na gcionta sin a bhfuil teorainneacha seachtracha trasnuithe acu a shainaithint.

3.   I gcás inarb ábhartha, tacóidh EES leis na Ballstáit a gcláir náisiúnta éascaíochta a fheidhmiú, ar cláir iad a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 8d de Rialachán (AE) 2016/399, d’fhonn trasnú teorann a éascú do náisiúnaigh tríú tír, tríd an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

a chur ar chumas na n-údarás náisiúnta inniúil dá dtagraítear in Airteagal 8d de Rialachán (AE) 2016/399 rochtain a bheith acu ar fhaisnéis maidir le gearrfhanachtaí san am a caitheadh nó ar dhiúltú cead isteach chun iarratais ar rochtain ar chláir éascaithe náisiúnta a scrúdú, agus cinntí dá dtagraítear in Airteagal 25 den Rialachán seo a ghlacadh;

(b)

a chur in iúl do na húdaráis teorann go bhfuil rochtain á tabhairt ar chlár éascaithe náisiúnta.

Airteagal 7

Ailtireacht theicniúil EES

1.   Is é a bheidh in EES:

(a)

Lárchóras (Lárchóras EES);

(b)

Comhéadan Aonfhoirmeach Náisiúnta (NUI) i ngach Ballstát, bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla coiteanna, agus iad ar aon dul lena chéile sna Ballstáit uile le gur féidir ceangal a dhéanamh idir Lárchóras EES agus na bonneagair náisiúnta teorann sna Ballstáit ar bhealach slán;

(c)

Bealach Cumarsáide Slán idir Lárchóras EES agus Lárchóras VIS;

(d)

Bonneagar Cumarsáide, a bheidh slán agus criptithe, idir Lárchóras EES agus na NUInna;

(e)

an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 11;

(f)

an stóras sonraí, bunaithe ar leibhéal lárnach, mar a thagraítear dó in Airteagal 63(2).

2.   Is é eu-LISA a dhéanfaidh Lárchóras EES a óstáil ar a shuímh theicniúla. Cuirfidh sé na feidhmiúlachtaí atá leagtha síos sa Rialachán seo ar fáil i gcomhréir leis na coinníollacha a bhaineann le hinfhaighteacht, cáilíocht agus luas de bhun Airteagal 37(3).

3.   Gan dochar do Chinneadh 2008/602/CE ón gCoimisiún (38), roinnfear comhpháirteanna áirithe de chrua-earraí agus de bhogearraí Bhonneagar Cumarsáide EES le bonneagar cumarsáide VIS dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Chinneadh 2004/512/CE. Áiritheofar go gcoimeádfar sonraí VIS agus sonraí EES scartha ó chéile ar bhonn loighciúil.

Airteagal 8

Idir-inoibritheacht le VIS

1.   Bunóidh eu-LISA Bealach Cumarsáide Slán idir Lárchóras EES agus Lárchóras VIS le go mbeidh idir-inoibritheacht ann idir EES agus VIS. Ní féidir ceadú díreach a dhéanamh idir EES agus VIS ach amháin i gcás ina bhforáiltear dó sa Rialachán seo agus i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Is próiseas uathoibríoch a bheidh i gceist le sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil ó VIS, iad a iompórtáil in EES agus na sonraí ó VIS a nuashonrú in EES a luaithe a chuirfidh an t-údarás lena mbaineann tús leis an oibríocht a bheidh i gceist.

2.   Le hidir-inoibritheacht, cuirfear ar chumas na n-údarás teorann sin a úsáideann EES VIS a cheadú ó EES chun:

(a)

na sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil díreach ó VIS agus iad a iompórtáil isteach in EES chun taifead ar dhul isteach/imeacht nó taifead ar dhiúltú cead isteach sealbhóra víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 14, le hAirteagal 16 agus le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(b)

na sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil go díreach ó VIS agus iad a iompórtáil isteach in EES chun an taifead ar dhul isteach/imeacht a nuashonrú i gcás ina ndéantar víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo agus le hAirteagal 13, Airteagal 14 agus Airteagal 18a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(c)

de bhun Airteagal 23 den Rialachán seo agus Airteagal 18(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, barántúlacht agus bailíocht na víosa ábhartha a fhíorú nó a dheimhniú an bhfuil na coinníollacha le haghaidh dul isteach ar chríoch na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 á gcomhlíonadh;

(d)

a fhíorú ag na teorainneacha ag a n-oibrítear EES ar cláraíodh cheana náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa in VIS i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo agus le hAirteagal 19(a) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; agus

(e)

i gcás ina ndéantar céannacht an tsealbhóra víosa a fhíorú trí bhíthin a mhéarlorg, fíorófar céannacht an tsealbhóra víosa ag na teorainneacha ag a n-oibrítear EES trí mhéarloirg an tsealbhóra víosa a chur i gcomparáid leis na méarloirg arna dtaifeadadh in VIS i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18(6) de Rialachán (CE) Uimh.767/2008.

3.   Le hidir-inoibritheacht, cuirfear ar chumas na n-údarás víosaí a bhaineann úsáid as VIS EES a cheadú ó VIS chun:

(a)

iarratais ar víosa a scrúdú agus cinntí a ghlacadh a bhaineann leis na hiarratais sin i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo agus le hAirteagal 15(4) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(b)

iarratais ar víosaí gearrfhanachta náisiúnta a scrúdú agus cinntí a ghlacadh i dtaca leis na hiarratais sin i gcás na mBallstát sin nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES;

(c)

na sonraí a bhaineann le víosaí a nuashonrú sa taifead ar dhul isteach/imeacht i gcás ina ndéantar víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo agus le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

4.   Maidir le hoibriú sheirbhís gréasáin EES dá dtagraítear in Airteagal 13, déanfar nuashonrú laethúil ar an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 13(5), a bheidh inléite amháin, le VIS, trí aisbhaint-aon-slí a dhéanamh ar an íos-fhothacar sonraí is gá de chuid VIS.

Airteagal 9

Rochtain ar EES chun sonraí a iontráil, a leasú, a léirscriosadh agus a cheadú

1.   Is ag foireann chuí-údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus ag an bhfoireann sin amháin a bheidh rochtain ar EES chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 16 go hAirteagal 20 a iontráil, a leasú, a léirscriosadh agus a cheadú, agus beidh na húdaráis sin inniúil chun na gcríoch sin a leagtar síos in Airteagal 23 go hAirteagal 35. Beidh an rochtain sin teoranta don mheid a bheidh riachtanach chun cúraimí na n-údarás náisiúnta sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis na cuspóirí sin, agus beidh sí comhréireach leis na cuspóirí atá le baint amach.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát na húdaráis inniúla náisiúnta a bheidh ina n-údaráis seiceála teorann, údaráis víosa agus údaráis inimirce chun críocha an Rialacháin seo. Beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás náisiúnta inniúil ar EES chun sonraí a iontráil, a leasú, a léirscriosadh nó a cheadú. Cuirfidh gach Ballstát liosta na n-údarás náisiúnta inniúil sin in iúl do eu-LISA gan mhoill. Sonrófar sa liosta sin an chúis a bhfuil rochtain ar na sonraí atá stóráilte in EES le tabhairt do gach údarás.

3.   Na húdaráis atá i dteideal sonraí EES a cheadú nó rochtain a fháil orthu d’fhonn cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, ainmneofar iad i gcomhréir le Caibidil IV.

Airteagal 10

Prionsabail ghinearálta

1.   Áiritheoidh gach údarás inniúil atá údaraithe EES a rochtain go bhfuil úsáid EES riachtanach, iomchuí agus comhréireach.

2.   Áiritheoidh gach údarás inniúil go bhfuil an úsáid a bhainfear as EES, lena n-áirítear gabháil sonraí bithmhéadracha, i gcomhréir leis na cosaintí a leagtar síos sa Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Go háirithe, i gcás ina ngabhtar sonraí linbh, tabharfar tús áite do leas an linbh.

Airteagal 11

An t-áireamhán uathoibrithe agus an oibleagáid maidir le náisiúnaigh tríú tír a chur ar an eolas faoina bhfuil fágtha dá bhfanacht údaraithe

1.   Áireofar in EES áireamhán uathoibrithe lena léireofar uasfhad an fhanachta údaraithe le haghaidh náisiúnaigh tríú tír atá cláraithe in EES.

Ní bheidh feidhm ag an áireamhán uathoibrithe maidir le náisiúnaigh tríú tír:

(a)

ar baill iad de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis, nó ar baill iad de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile; agus

(b)

nach bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE nó cead cónaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ina seilbh acu.

2.   Leis an áireamhán uathoibrithe, cuirfear na húdaráis inniúla ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

ar dhul isteach, uasfhad an fhanachta údaraithe do náisiúnaigh tríú tír agus ar ídíodh an líon dul isteach údaraithe de réir víosa ghearrfhanachta arna heisiúint chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó;

(b)

le linn seiceálacha nó fíorúcháin a dhéantar laistigh de chríoch na mBallstát, an fhanacht údaraithe atá fágtha ag náisiúnaigh tríú tír nó fad an rófhanachta acu;

(c)

ar imeacht, aon rófhanacht de chuid náisiúnach tríú tír;

(d)

agus iarratais ar víosa ghearrfhanachta á scrúdú agus cinntí á ndéanamh maidir leo, uasfhad an fhanachta údaraithe atá fágtha bunaithe ar na dátaí dul isteach atá beartaithe.

3.   Cuirfidh na húdaráis teorann an náisiúnach tríú tír ar an eolas faoi uasfhad na tréimhse fanachta údaraithe, ina gcuirfear san áireamh an líon na mbabhtaí dul isteach agus fad an fhanachta arna údarú leis an víosa, i gcomhréir le hAirteagal 8(9) de Rialachán (AE) 2016/399. Déanfaidh an garda teorann an fhaisnéis tráth na seiceálacha teorann nó déanfar í a sholáthar trí bhíthin trealamh suiteáilte ag an bpointe trasnaithe teorann lena bhféadfaidh an náisiúnach tríú tír an tseirbhís gréasáin a cheadú dá dtagraítear in Airteagal 13(1) agus (2) den Rialachán seo.

4.   Maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa agus atá ag fanacht ar bhonn víosa ghearrfhanachta nó ar bhonn víosa ghearrfhanachta náisiúnta i mBallstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES, ní shonrófar leis an áireamhán uathoibrithe an fanacht údaraithe bunaithe ar an víosa ghearrfhanachta nó ar an víosa ghearrfhanachta náisiúnta.

Sa chás de dtagraítear sa chéad fhomhír, ní fhíoróidh an t-áireamhán uathoibrithe ach an méid seo a leanas:

(a)

ar comhlíonadh teorainn fhoriomlán 90 lá in aon tréimhse 18 lá; agus

(b)

i gcás víosaí gearrfhanachta, ar comhlíonadh tréimhse bailíochta víosaí den sórt sin.

5.   Chun a fhíorú, i gcás víosa ghearrfhanachta arna heisiúint chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó atá ina sheilbh ag náisiúnach tríú tír, ar úsáid nó nár úsáid an náisiúnach tríú tír sin líon na mbabhtaí is údaraithe dó nó di dul isteach leis an víosa ghearrfhanachta, ní chuirfidh an t-áireamhán uathoibrithe san áireamh ach an líon dul isteach ar chríoch Ballstát a chuireann acquis Schenghen i bhfeidhm ina iomláine. Ní dhéanfar an fíorú sin, áfach, ar dhul isteach ar chríoch Ballstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES.

6.   Beidh feidhm ag an áireamhán uathoibrithe freisin maidir le gearrfhanachtaí ar bhonn víosa ghearrfhanachta a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aici arna heisiúint de bhun phointe (b) d’Airteagal 25(1) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009. Sa chás sin, cuirfidh an t-áireamhán uathoibrithe an fanacht údaraithe san áireamh, mar a shainítear é le víosa den chineál sin, is cuma fanacht carnach an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a bheith níos faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

Airteagal 12

Sásra faisnéise

1.   Áireofar in EES sásra lena sainaithneofar go huathoibríoch cé na taifid ar dhul isteach/imeacht nach bhfuil sonraí imeachta iontu go díreach tar éis an dáta a rachaidh an fanacht údaraithe in éag agus déanfaidh sé na taifid sin inar sáraíodh an uasfhad an fhanachta údaraithe a shainaithint go huathoibríoch.

2.   I dtaca le náisiúnaigh tríú tír a théann thar teorainn ar bhonn Doiciméad Idirthurais Éascaithe bailí arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle (39) (FTD), áireofar in EES sásra lena sainaithneofar go huathoibríoch cé na taifid ar dhul isteach/imeacht nach bhfuil sonraí imeachta iontu díreach tar éis thráth dhul in éag an fhanachta údaraithe agus lena sainaithneofar go huathoibríoch taifid inar sáraíodh uasfhad an fhanachta údaraithe.

3.   Cuirfear ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla liosta arna ghiniúint ag EES ina mbeidh na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16 agus in Airteagal 17 maidir leis na daoine uile a sainaithníodh mar rófhantóirí i gcomhréir le hAirteagal 9(2), chun go bhféadfaidh na húdaráis sin bearta iomchuí a ghlacadh.

Airteagal 13

Seirbhís gréasáin

1.   Chun go mbeidh náisiúnaigh tríú tír in ann a fhíorú tráth ar bith an fanacht údaraithe atá fágtha acu, cuirfear rochtain shlán idirlín ar sheirbhís gréasáin, arna hóstáil ag eu-LISA, ar a shuímh theicniúla ar fáil dóibh agus a bhuí leis an tseirbhís sin beidh náisiúnaigh tríú tír in ann na sonraí a cheanglaítear a chur ar fáil de bhun phointe (b) d’Airteagal 16(1) mar aon leis an dáta atá beartaithe acu le dul isteach nó le himeacht, nó iad araon. Ar an mbonn sin, tabharfaidh an tseirbhís gréasáin freagra “CGL/NÍL SÉ CGL” do náisiúnaigh tríú tír, mar aon leis an bhfaisnéis maidir leis an bhfanacht údaraithe atá fágtha.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás fanacht a bheartaítear i mBallstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós, ach a oibríonn EES, ní chuirfidh an tseirbhís gréasáin aon fhaisnéis ar fáil maidir leis an bhfanacht údaraithe ar bhonn víosa ghearrfhanachta nó ar bhonn víosa ghearrfhanachta náisiúnta.

Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tríd an tseirbhís gréasáin, beidh náisiúnaigh tríú tír in ann a fhíorú go gcomhlíonfar an teorainn fhoriomlán 90 lá in aon tréimhse 180 lá agus faisnéis a fháil i ndáil leis an bhfanacht a bheidh fágtha faoin teorainn sin. Cuirfear an fhaisnéis seo ar fáil le haghaidh fanachtaí sa tréimhse 180 lá roimh an tseirbhís gréasáin a cheadú nó roimh an dáta beartaithe dá ndul isteach nó dá n-imeacht, nó iad araon.

3.   D’fhonn a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi phointe (b) d’Airteagal 26(1) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, bainfidh iompróirí úsáid as an tseirbhís gréasáin chun a fhíorú, i gcás víosa ghearrfhanachta arna heisiúint chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó atá ina seilbh ag náisiúnaigh tríú tír, ar úsáid nó nár úsáid na náisiúnaigh tríú tír sin líon na mbabhtaí is údaraithe dóibh dul isteach leis an víosa atá acu. Cuirfidh iompróirí na sonraí a liostaítear faoi phointe (a), faoi phointe (b) agus faoi phointe (c) d’Airteagal 16(1) den Rialachán seo ar fáil. Ar an mbonn sin, tabharfaidh an tseirbhís gréasáin freagra “CGL/NÍL SÉ CGL” do na hiompróirí. Féadfaidh iompróirí pé faisnéis a sheoltar a stóráil mar aon leis an bhfreagra a gheofar i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Bunóidh iompróirí scéim fíordheimhniúcháin lena áirithiú gur ag an bhfoireann údaraithe amháin a bheidh rochtain ar an tseirbhís gréasáin. Ní bheidh sé indéanta an freagra “CGL/NÍL SÉ CGL” a mheas ina chinneadh cead isteach a údarú nó a dhiúltú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399.

4.   Chun Airteagal 26(2) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme nó chun aon díospóid fhéideartha a d’eascródh as Airteagal 26 den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, coinneoidh eu-LISA logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfaidh iompróirí ar an tseirbhís gréasáin. Taispeánfaidh na logaí sin dáta agus am gach oibríochta, na sonraí a úsáideadh don iniúchadh, na sonraí a tharchuir an tseirbhís gréasáin, agus ainm an iompróra atá i gceist.

Stórálfar logaí go ceann tréimhse 2 bhliain. Úsáidfear bearta iomchuí chun logaí a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe.

5.   Úsáidfidh an tseirbhís gréasáin bunachar sonraí ar leith, a bheidh inléite amháin, a ndéanfar nuashonrú air go laethúil trí aisbhaint-aon-slí a dhéanamh ar an íos-fhothacar sonraí is gá de chuid EES agus VIS. Beidh eu-LISA freagrach as slándáil na seirbhíse gréasáin, as slándáil na sonraí pearsanta atá inti agus as an bpróiseas lena mbainfear sonraí pearsanta agus lena gcuirfear isteach iad sa bhunachar sonraí ar leith, atá inléite amháin.

6.   Ní chuirfidh an tseirbhís gréasáin ar chumas iompróirí a fhíorú, i gcás víosa ghearrfhanachta náisiúnta arna heisiúint chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó atá ina seilbh ag náisiúnaigh tríú tír, ar úsáid nó nár úsáid na náisiúnaigh tríú tír sin líon na mbabhtaí is údaraithe dóibh dul isteach leis an víosa sin.

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i dtaca le rialacha mionsonraithe maidir leis na coinníollacha a bhaineann le feidhmiú na seirbhíse gréasáin agus leis na rialacha cosanta sonraí agus slándála is infheidhme maidir leis an tseirbhís gréasáin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

CAIBIDIL II

IONTRÁIL AGUS ÚSÁID SONRAÍ AG ÚDARÁIS INNIÚLA

Airteagal 14

Nósanna imeachta maidir le sonraí a iontráil in EES

1.   Fíoróidh údaráis teorann, i gcomhréir le hAirteagal 23, ar cruthaíodh sainchomhad roimhe in EES don náisiúnach tríú tír sin agus dá chéannacht nó dá céannacht. I gcás ina n-úsáideann náisiúnach tríú tír córas féinfhreastail chun sonraí a réamhchlárú nó chun seiceálacha teorann a dhéanamh, déanfar an fíorú tríd an gcóras féinfhreastail.

2.   I gcás inar cruthaíodh sainchomhad roimhe sin don náisiúnach tríú tír, déanfaidh an t-údarás teorann, i gcas inar gá:

(a)

sonraí an tsainchomhaid sin dá dtagraítear in Airteagal 16, in Airteagal 17 agus in Airteagal 18, de réir mar is infheidhme, a nuashonrú, agus

(b)

taifead maidir le dul isteach a iontráil i gcás gach dul isteach agus taifead maidir le himeacht a iontráil i gcás gach imeachta i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le hAirteagal 17 nó, más infheidhme, taifead ar dhiúltú dul isteach a iontráil i gcomhréir le hAirteagal 18.

Déanfar na taifid dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo a nascadh le sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann.

I gcás inarb infheidhme, cuirfear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 19(1), (2), (4) agus (5) le taifead ar dhul isteach/imeacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann. Na doiciméid taistil agus na céannachtaí éagsúla a bhíonn in úsáid go dlisteanach ag náisiúnach tríú tír, cuirfear le sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin iad.

I gcás ina bhfuil sainchomhad a bhí ann roimhe sin ar an taifead agus ina bhfuil doiciméad taistil bailí ag an náisiúnach tríú tír nach ionann é agus an doiciméad a taifeadadh roimhe sin, déanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (d) Airteagal 16(1) agus i bpointe (b) d’Airteagal 17(1) a nuashonrú freisin i gcomhréir le hAirteagal 15.

3.   I gcás inar gá sonraí maidir le taifead ar dhul isteach/imeacht sealbhóra víosa a iontráil nó a nuashonrú, féadfaidh na húdaráis teorann na sonraí dá bhforáiltear i bpointe (c) go pointe (f) d’Airteagal 16(2) den Rialachán seo a aisghabháil ó VIS agus a iompórtáil isteach in EES i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

4.   Más rud é nár cláraíodh náisiúnach tríú tír roimhe sin in EES, cruthóidh an t-údarás teorann sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin, trí na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16(1) agus (6), in Airteagal 17(1) agus in Airteagal 18(1) a iontráil de réir mar is infheidhme.

5.   I gcás ina n-úsáideann náisiúnach tríú tír córas féinfhreastail chun sonraí a réamhchlárú, beidh feidhm ag Airteagal 8(a) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 maidir leis. Sa chás sin, féadfaidh an náisiúnach tríú tír sonraí an tsainchomhaid a réamhchlárú nó, más infheidhme, na sonraí sa taifead ar dhul isteach/imeacht is gá a nuashonrú. Is iad na húdaráis teorann a dhéanfaidh na sonraí a dheimhniú, tráth a mbeidh an cinneadh déanta maidir le cead isteach a údarú nó a dhiúltú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/399. Na sonraí a liostaítear i bpointe (c) go pointe (f) d’Airteagal 16(2) den Rialachán seo, féadfar iad a aisghabháil ó VIS agus a iompórtáil isteach in EES freisin.

6.   I gcás ina n-úsáideann náisiúnach tríú tír córas féinfhreastail chun seiceálacha teorann a dhéanamh, beidh feidhm ag Airteagal 8b de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 maidir leis. Sa chás sin, an fíorú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfear i gcrích é tríd an gcóras féinfhreastail.

7.   I gcás ina n-úsáideann náisiúnach tríú tír ríomhgheata chun na teoireannacha seachtracha nó na teorainneacha inmheánacha nach bhfuil deireadh curtha le rialuithe fós a thrasnú, beidh feidhm ag Airteagal 8b de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 maidir leis. Sa chás sin, is tríd an ríomhgheata a dhéanfar clárú comhfhreagrach an taifid ar an dul isteach/imeacht agus a dhéanfar an taifead sin a nascadh leis an sainchomhad lena mbaineann.

8.   Gan dochar d’Airteagal 20 den Rialachán seo ná d’Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2016/399, maidir le gearrfhanacht náisiúnaigh tríú tír atá i láthair ar chríoch Ballstáit, i gcás ina gcuirtear tús leis díreach tar éis fanachta bunaithe ar chead cónaithe nó ar víosa fhadfhanachta agus nár cruthaíodh aon sainchomhad roimhe sin, féadfaidh an náisiúnach tríú tír sin iarradh ar na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Rialachán seo, sainchomhad agus taifead ar dhul isteach/imeacht a chruthú trí na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16(1), (2) agus (6) agus in Airteagal 17(1) den Rialachán seo a iontráil. In ionad na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 16(2) den Rialachán seo, cuirfidh na húdaráis inniúla sin isteach dáta tosaithe an ghearrfhanachta agus, in ionad na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 16(2) den Rialachán seo, cuirfidh siad isteach ainm an údaráis a chuir na sonraí sin isteach.

Airteagal 15

Íomhá d’aghaidh na náisiúnach tríú tír

1.   I gcás inar gá sainchomhad a chruthú nó íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 16(1) agus i bpointe (b) d’Airteagal 17(1) a nuashonrú, tógfar an íomhá den aghaidh beo.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcásanna eisceachtúla, nach féidir na sonraíochtaí i dtaca le cáilíocht agus le taifeach a leagtar amach maidir le clárú na híomhá beo den aghaidh in EES a chomhlíonadh, is féidir an íomhá den aghaidh a bhaint go leictreonach ó shlis an Doiciméid leictreonaigh Taistil Meaisín-Inléite (eMRTD). I gcásanna den sórt sin, cuirfear an íomhá den aghaidh isteach sa sainchomhad tar éis fíorú leictreonach a dhéanamh go bhfuil an íomhá den aghaidh atá cláraithe i slis eMRTD ag teacht leis an íomhá bheo d’aghaidh an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann.

3.   Tarchuirfidh gach Ballstát tuarascáil ar chur i bhfeidhm mhír 2 chuig an gCoimisiún uair sa bhliain. Beidh cur síos sa tuarascáil sin ar líon na náisiúnach tríú tír lena mbaineann, mar aon le míniú ar na cásanna eisceachtúla a ndeachthas i ngleic leo.

4.   Beidh taifeach agus cáilíocht leordhóthanach ag íomhá d’aghaidh na náisiúnach tríú tír chun go bhféadfar iad a úsáid le haghaidh meaitseáil bhithmhéadrach uathoibrithe.

5.   Laistigh de thréimhse 2 bhliain tar éis thús oibríochtaí EES, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil maidir le caighdeáin cháilíochta a bhaineann le híomhánna den aghaidh a stóráiltear in VIS agus cibé acu is féidir nó nach féidir meaitseáil bhithmhéadrach a dhéanamh leo chun íomhánna den aghaidh a stóráiltear in VIS a úsáid ag teorainneacha agus laistigh de chríoch na mBallstát chun céannacht na náisiúnach tríú tír atá faoi réir ceanglais víosa a fhíorú, gan na híomhánna sin a stóráil in EES. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin ar an meastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Beidh tograí reachtacha, i gcás ina measann an Coimisiún gurb iomchuí sin, ag gabháil leis an tuarascáil sin, lena n-áirítear tograí chun leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo, ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, nó orthu araon, maidir le híomháanna d’aghaidh na náisiúnach tríú tír a stóráiltear in VIS a úsáid chun na gcríoch dá dtagraítear sa mhír seo.

Airteagal 16

Sonraí pearsanta náisiúnach tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa

1.   Ag na teorainneacha ag a n-oibrítear EES, cruthóidh an t-údarás teorann sainchomhad náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa trí na sonraí seo a leanas a iontráil:

(a)

sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne;

(b)

cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil agus cód trí litir na tíre eisiúna an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil;

(c)

an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil in éag;

(d)

íomhá den aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 15;

2.   Tráth gach dul isteach do náisiúnach tríú tír faoi réir ceanglas víosa, ag teorainn ag a n-oibrítear EES, cuirfear na sonraí seo a leanas isteach i dtaifead ar dhul isteach/imeacht.

(a)

dáta agus am an dul isteach;

(b)

an pointe trasnaithe teorann ag ar tharla an dul isteach agus an t-údarás a d’údaraigh an dul isteach;

(c)

i gcás inarb infheidhme, stádas an náisiúnaigh tríú tír lena dtugtar le fios gurb é nó gurb í atá ann náisiúnach tríú tír:

(i)

ar ball é nó í de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis nó léi, nó ar ball é nó í de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile; agus

(ii)

nach bhfuil an cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE nó cead cónaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ina seilbh aige nó ina seilbh aici;

(d)

uimhir greamáin na víosa gearrfhanachta, lena n-áirítear cód trí litir an Bhallstáit eisiúna, an cineál víosa gearrfhanachta, an dáta a rachaidh uasfhad an fhanachta in éag arna údarú leis an víosa ghearrfhanachta, a nuashonrófar tráth gach dul isteach, agus an dáta a rachaidh bailíocht na víosa gearrfhanachta in éag, i gcás inarb infheidhme;

(e)

ar dhul isteach an chéad uair ar bhonn víosa ghearrfhanachta, líon na mbabhtaí dul isteach agus fad an fhanachta arna údarú leis an víosa ghearrfhanachta a thugtar le fios ar ghreamán na víosa gearrfhanachta;

(f)

i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis lena dtugtar le fios gur le bailíocht chríochach theoranta a eisíodh an víosa ghearrfhanachta de bhun phointe (b) d’Airteagal 25(1) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

(g)

i gcás na mBallstát sin nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES, fógra, i gcás inarb infheidhme, lena léirítear gur bhain an náisiúnach tríú tír úsáid as víosa ghearrfhanachta náisiúnta don dul isteach.

Déanfar an taifead ar dhul isteach/imeacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a nascadh le sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin tríd an uimhir thagartha aonair a úsáid a cruthaíodh trí EES tráth ar cruthaíodh an sainchomhad sin:

3.   Tráth gach imeachta de náisiúnach tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa ag teorainn ag a n-oibrítear EES, déanfar na sonraí seo a leanas a iontráil sa taifead ar dhul isteach/imeacht:

(a)

dáta agus am an imeachta;

(b)

pointe trasnaithe teorann an imeachta;

(c) Maidir le náisiúnach tríú tír, i gcás ina n-úsáideann sé víosa atá éagsúil leis an víosa a taifeadadh sa taifead is déanaí ar dhul isteach, déanfar na sonraí maidir leis an taifead ar dhul isteach/imeacht a liostaítear i bpointe (d) go pointe (g) de mhír 2 a nuashonrú dá réir.

Déanfar an taifead ar dhul isteach/imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a nascadh le sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin.

4.   I gcás nach ann do shonraí maidir le himeacht go díreach tar éis an dáta a rachaidh an fanacht údaraithe in éag, cuirfear bratach leis an taifead ar dhul isteach/imeacht le EES agus déanfar sonraí an náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa, agus a aithníodh mar rófhantóir, a iontráil sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 12.

5.   D’fhonn an taifead ar dhul isteach/imeacht náisiúnaigh tríú tír a iontráil nó a nuashonrú faoi réir ceanglas víosa, féadfaidh an t-údarás seiceála teorann na sonraí dá bhforáiltear i bpointe (c) go pointe (f) de mhír 2 den Airteagal seo a aisghabháil ó VIS agus a iompórtáil isteach in EES i gcomhréir le hAirteagal 18a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

6.   I gcás ina mbaineann náisiúnach tríú tír tairbhe as clár éascaithe náisiúnta Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 8d de Rialachán (AE) 2016/399, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann fógra i sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin lena sonrófar clár éascaithe náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

7.   Beidh feidhm ag na forálacha sonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II maidir le náisiúnaigh tríú tír a théann thar teorainn ar bhonn FTD bailí.

Airteagal 17

Sonraí pearsanta do náisiúnaigh tríú tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa

1.   Cruthóidh an t-údarás teorann sainchomhad do náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa trí na sonraí seo a leanas a iontráil:

(a)

na sonraí dá bhforáiltear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 16(1);

(b)

an íomhá den aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 15;

(c)

sonraí méarlorg ón lámh dheas, nuair is ann dóibh, nó ina n-éagmais sin, na sonraí méarloirg comhfhreagracha ón lámh chlé; beidh taifeach agus cáilíocht leordhóthanach ag na sonraí méarlorg lena n-úsáid le haghaidh meaitseáil bhithmhéadrach uathoibrithe;

(d)

i gcás inarb ábhartha, na sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 16(6).

2.   Maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, beidh feidhm mutatis mutandis ag pointe (a), ag pointe (b) agus ag pointe (c) d’Airteagal 16(2), ag pointe (a) agus ag pointe (b) d’Airteagal 16(3) agus ag Airteagal 16(4) maidir leo.

3.   Beidh leanaí faoi 12 bhliain d’aois díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt.

4.   Na daoine sin nach féidir leo méarloirg a thabhairt ar chúis fhisiciúil, beidh siad díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt.

Mar sin féin, i gcás inar cúis shealadach í an neamhfhéidearthacht fhisiciúil, déanfar an méid sin a thaifeadadh in EES agus ceanglófar ar an duine na méarloirg a thabhairt ar imeacht don duine sin nó an chéad uair eile a thiocfaidh an duine sin isteach. Scriosfar an fhaisnéis sin ó EES a luaithe a thabharfar na méarloirg. Beidh na húdaráis teorann i dteideal tuilleadh soiléirithe a iarraidh maidir leis na forais i dtaca leis an dodhéantacht shealadach méarloirg a thabhairt. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta iomchuí ann chun dínit an duine a ráthú i gcás deacrachtaí a bheith acu méarloirg a ghabháil.

5.   I gcás ina bhfuil an duine lena mbaineann díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt de bhun mhír 3 nó mhír 4, cuirfear ‘neamhbhainteach’ sa réimse sonrach sonraí sin.

Airteagal 18

Sonraí pearsanta na náisiúnach tríú tír dár diúltaíodh cead isteach

1.   I gcás inar chinn an t-údarás teorann, i gcomhréir le hAirteagal 14 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2016/399, cead isteach ar chríoch na mBallstát a dhiúltú do náisiúnach tríú tír le haghaidh gearrfhanachta, agus i gcás nach bhfuil aon chomhad roimhe sin ar taifead in EES maidir leis an náisiúnach tríú tír sin, cruthóidh an t-údarás teorann sainchomhad ina n-iontrálfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa a bheith acu: na sonraí alfa-uimhriúla a cheanglaítear de bhun Airteagal 16(1) den Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16(6) den Rialachán seo;

(b)

maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, na sonraí alfa-uimhriúl a cheanglaítear de bhun Airteagal 17(1) den Rialachán seo.

2.   I gcás ina ndiúltaítear cead isteach don náisiúnach tríú tír ar chúis a luaitear faoi phointe B, faoi phointe D nó faoi phointe H de Chuid B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/399 agus i gcás nach bhfuil comhad ina bhfuil sonraí bithmhéadracha ar taifead in EES roimhe sin don náisiúnach tríú tír sin, cruthóidh an t-údarás teorann sainchomhad ina n-iontrálfaidh sé na sonraí alfa-uimhriúla a cheanglaítear de bhun Airteagal 16(1) nó Airteagal 17(1) den Rialachán seo, mar is iomchuí, mar aon leis na sonraí a leanas:

(a)

i dtaca le náisiúnaigh tríú tír atá faoi reir ceanglas víosa a bheith acu, an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 16(1) den Rialachán seo;

(b)

i dtaca leis na náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, na sonraí bithmhéadracha a cheanglaítear de bhun phointe (b) agus phointe (c) d’Airteagal 17(1) den Rialachán seo;

(c)

i dtaca leis na náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa nach bhfuil cláraithe in VIS, an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 16(1) den Rialachán seo agus na sonraí méarlorg dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 17(1) den Rialachán seo.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina mbeidh feidhm ag cúis a luaitear faoi phointe H de Chuid B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/399 agus ina ndéanfar taifeadadh ar shonraí bithmhéadracha an náisiúnaigh tríú tír i bhfoláireamh SIS, arb é a leanfaidh as go ndiúltófar cead isteach, ní dhéanfar sonraí bithmhéadracha an náisiúnaigh tríú tír a iontráil in EES.

4.   I gcás ina ndiúltaítear cead isteach don náisiúnach tríú tír ar chúis a luaitear faoi phointe I de Chuid B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/399 agus i gcás nach bhfuil comhad ina bhfuil sonraí bithmhéadracha ar taifead in EES roimhe sin don náisiúnach tríú tír sin, ní dhéanfar na sonraí bithmhéadracha a iontráil in EES ach sa chás ina ndiúltaítear cead isteach siocair go meastar gur baol é an náisiúnach tríú tír don tslándáil inmheánach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, gnéithe den bheartas poiblí.

5.   I gcás ina ndiúltaítear cead isteach do náisiúnach tríú tír ar chúis a luaitear faoi phointe J de Chuid B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/399, cruthóidh an t-údarás teorann sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin gan aon sonraí bithmhéadracha a chur leis. Má tá eMRTD ag an náisiúnach tríú tír, bainfear an íomhá den aghaidh ón eMRTD sin.

6.   I gcás inar chinn údarás teorann, i gcomhréir le hAirteagal 14 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/399, cead isteach ar chríoch na mBallstát a dhiúltú do náisiúnach tríú tír le haghaidh gearrfhanachta, iontrálfar na sonraí seo a leanas i dtaifead ar leith ar dhiúltú cead isteach:

(a)

dáta agus am an diúltaithe cead isteach;

(b)

an pointe trasnaithe teorann;

(c)

an t-údarás a dhiúltaigh an cead isteach;

(d)

an pointe nó na pointí ina dtugtar na cúiseanna leis an gcead isteach a dhiúltú, i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/399.

Ina theannta sin, i dtaca leis na náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa, iontrálfar na sonraí dá bhforáiltear i bpointe (d) go pointe (g) d’Airteagal 16(2) den Rialachán seo sa taifead ar dhiúltú cead isteach.

D’fhonn taifead ar dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa a chruthú nó a nuashonrú, féadfaidh na húdaráis inniúla teorann na sonraí dá bhforáiltear i bpointe (d), i bpointe (e) agus i bpointe (f) d’Airteagal 16(2) den Rialachán seo a aisghabháil ó VIS agus a iompórtáil isteach in EES i gcomhréir le hAirteagal 18a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

7.   Déanfar an taifead ar dhiúltú cead isteach dá bhforáiltear i mír 6 a nascadh le sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann.

Airteagal 19

Sonraí a bheidh le cur leis an taifead i gcás ina ndéantar údarú gearrfhanachta a chúlghairm, a neamhniú nó síneadh a chur leis

1.   I gcás ina ndéantar cinneadh údarú gearrfhanachta nó víosa a chúlghairm nó a neamhniú nó síneadh a chur le fad fanachta údaraithe nó leis an víosa, cuirfidh an t-údarás inniúil a rinne an cinneadh sin na sonraí seo a leanas leis an taifead ábhartha is déanaí ar dhul isteach/imeacht:

(a)

faisnéis faoin stádas lena léirítear go ndearnadh an t-údarú gearrfhanachta nó an víosa a chúlghairm nó a neamhniú nó gur cuireadh síneadh le fad an fhanachta údaraithe nó leis an víosa;

(b)

céannacht an údaráis a rinne an t-údarú gearrfhanachta nó an víosa a chúlghairm nó a neamhniú nó a chuir síneadh le fad an fhanachta údaraithe nó leis an víosa;

(c)

an áit agus an dáta a cinneadh an t-údarú gearrfhanachta nó an víosa a chúlghairm nó a neamhniú nó síneadh a chur le fad an fhanachta údaraithe nó leis an víosa;

(d)

i gcás inarb infheidhme, uimhir greamáin nua na víosa, lena n-áirítear cód trí litir na tíre eisiúna;

(e)

i gcás inarb infheidhme, tréimhse an tsínidh ar fhad an fhanachta údaraithe;

(f)

i gcás inarb infheidhme, an dáta nua a rachaidh an fanacht údaraithe nó an víosa in éag.

2.   I gcás ina mbeidh síneadh curtha le fad an fhanachta údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 20(2) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, cuirfidh an t-údarás inniúil a chuir síneadh leis an bhfanacht údaraithe na sonraí maidir le tréimhse an tsínidh ar an bhfhanacht údaraithe leis an taifead ábhartha is déanaí ar dhul isteach/imeacht agus, i gcás inarb infheidhme, léiriú gur cuireadh síneadh leis an bhfanacht údaraithe i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 20(2) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme.

3.   I gcás ina ndéantar cinneadh víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi, déanfaidh an t-údarás víosaí a rinne an cinneadh na sonraí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a aisghabháil láithreach ó VIS agus iad a iompórtáil go díreach isteach in EES i gcomhréir le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

4.   Cuirfear in iúl sa taifead ar dhul isteach/imeacht na forais leis an ngearrfhanacht údaraithe a chúlghairm nó a neamhniú, mar a leanas:

(a)

cinneadh maidir le filleadh a glacadh de bhun Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40);

(b)

aon chinneadh eile arna dhéanamh ag údaráis inniúla an Bhallstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a fhágann go bhfillfear nó go ndíbreofar an náisiúnach tríú tír nó go bhfágfaidh sé dá dheoin féin, nuair is náisiúnach tríú tír é nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh dul isteach ar chríoch na mBallstát nó le haghaidh fanacht inti nó nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh aige a thuilleadh.

5.   Cuirfear in iúl sa taifead ar dhul isteach/imeacht na forais le síneadh a chur le fanacht údaraithe.

6.   Nuair a fhágann duine nó nuair a dhíbrítear é ó chríoch na mBallstát de bhun cinneadh dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, iontrálfaidh an t-údarás inniúil na sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 14(2), sa taifead ar dhul isteach/imeacht a bhaineann leis an dul isteach sonrach sin.

Airteagal 20

Sonraí atá le cur isteach i gcás fhrisnéis na toimhde nach gcomhlíonann náisiúnach tríú tír na coinníollacha maidir le fad fanachta údaraithe

Gan dochar d’Airteagal 22, i gcás nár cruthaíodh aon sainchomhad in EES le haghaidh náisiúnach tríú tír atá i láthair ar chríoch Ballstáit nó i gcás nach bhfuil aon taifead deireanach ábhartha ar an dul isteach/imeacht don náisiúnach tríú tír sin, féadfaidh na húdaráis inniúla a thoimhdiú nach gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír na coinníollacha a bhaineann le fad an fhanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát, nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh iad.

Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 agus má bhréagnaítear an toimhde sin i gcomhréir le hAirteagal 12(3) den Rialachán sin, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

cruthóidh siad sainchomhad don náisiúnach tríú tír sin in EES, más gá;

(b)

déanfaidh siad an taifead is déanaí ar dhul isteach/imeacht a nuashonrú trí na sonraí atá ar lár a iontráil i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le hAirteagal 17 den Rialachán seo; nó

(c)

déanfaidh siad comhad atá ann cheana a léirscriosadh i gcás ina bhforáiltear le hAirteagal 35 den Rialachán seo go ndéanfar léirscriosadh den sórt sin.

Airteagal 21

Nósanna imeachta cúltaca i gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil sonraí a iontráil nó i gcás chliseadh EES

1.   I gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil sonraí a iontráil i Lárchóras EES nó i gcás chliseadh Lárchóras EES, déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16 go hAirteagal 20 a stóráil go sealadach in NUI. Murar féidir sin, stórálfar na sonraí go háitiúil ar bhonn sealadach i bhformáid leictreonach. Sa dá chás sin, déanfar na sonraí a iontráil i Lárchóras EES a luaithe a leigheasfar an deacracht theicniúil nó an cliseadh. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is iomchuí agus cuirfidh siad an bonneagar, an trealamh agus na hacmhainní is gá ar obair chun a áirithiú go bhféadfaidh stóráil áitiúil den sórt sin a dhéanamh tráth ar bith agus sin ag aon cheann dá gcuid pointí trasnaithe teorann.

2.   Gan dochar don oibleagáid seiceálacha teorann a dhéanamh faoi Rialachán (AE) 2016/399, sa chás eisceachtúil nach mbeadh sé indéanta go teicniúil sonraí a chur sa Lárchóras EES agus in NUI araon agus nach mbeidh sé indéanta go teicniúil sonraí a stóráil go háitiúil i bhformáid leictreonach, déanfaidh an t-údarás teorann na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16 go hAirteagal 20 den Rialachán seo a stóráil de láimh i gcomhréir le, cé is moite de shonraí bithmhéadracha, agus greamóidh an t-údarás stampa iontrála nó imeachta de dhoiciméad taistil an náisiúnaigh tríú tír. Déanfar na sonraí sin a iontráil i Lárchóras EES a luaithe is féidir sin go teicniúil.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi dhoiciméid taistil a stampáil sna cásanna eisceachtúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na rialacha mionsonraithe i leith na faisnéise atá le tabhairt don Choimisiún. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2) iad.

3.   Maidir leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16 go hAirteagal 20, cuirfidh EES in iúl gur iontráladh na sonraí sin mar thoradh ar nós imeachta cúltaca agus go bhfuil sonraí bithmhéadracha ar iarraidh ón sainchomhad a cruthaíodh de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Déanfar na sonraí bithmhéadracha a iontráil in EES ag an gcéad trasnú teorann eile.

Airteagal 22

Idirthréimhse agus bearta idirthréimhseacha

1.   Go ceann tréimhse 180 lá tar éis do EES tús a chur le hoibríochtaí, chun a fhíorú, ar dhul isteach dóibh agus ar imeacht dóibh, nár sháraigh náisiúnaigh tríú tír dár tugadh cead isteach le haghaidh gearrfhanachta uasfhad an fhanachta údaraithe agus, i gcás inarb ábhartha, chun a fhíorú ar dhul isteach dóibh nár sháraigh na náisiúnaigh tríú tír líon na mbabhtaí is údaraithe dóibh dul isteach leis an víosa ghearrfhanachta arna heisiúint chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó, cuirfidh na húdaráis inniúla teorann san áireamh na tréimhsí fanachta ar chríoch na mBallstát le linn an 180 lá roimh an dul isteach nó roimh an imeacht ní hamháin trí na sonraí dul isteach/imeachta atá ar taifead in EES a sheiceáil ach trí na stampaí a sheiceáil sna doiciméid taistil freisin.

2.   I gcás inar tháinig náisiúnach tríú tír isteach ar chríoch na mBallstát sular cuireadh tús le hoibríochtaí EES agus inar imigh sé as tar éis do EES tús a chur le hoibríochtaí, cruthófar sainchomhad nuair a imeoidh sé agus iontrálfar dáta an dul isteach, mar atá stampáilte ar an bpas, sa taifead ar dhul isteach/imeacht i gcomhréir le hAirteagal 16(2). Ní bheidh an riail sin teoranta do na 180 lá tar éis do EES tús a chur le hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. I gcás ina bhfuil neamhréir idir an stampa dul isteach agus sonraí EES, is ag an stampa a bheidh tosaíocht.

Airteagal 23

Sonraí a úsáid chun fíorú a dhéanamh ag na teorainneacha ag a n-oibrítear EES

1.   Beidh rochtain ag údaráis teorann ar EES chun céannacht an náisiúnaigh tríú tír agus aon chlárú a rinneadh ar an náisiúnach sin roimhe sin a fhíorú, chun sonraí EES a nuashonrú más gá agus chun na sonraí a cheadú sa mhéid is gá chun cúraimí seiceála teorann a dhéanamh.

2.   Agus na tascanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á ndéanamh, beidh rochtain ag na húdaráis teorann chun cuardach a dhéanamh leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 16(1) agus i bpointe (a) d’Airteagal 17(1).

Ina theannta sin, chun VIS a cheadú chun fíorú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, i dtaca leis na náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa, déanfaidh na húdaráis teorann cuardach a sheoladh in VIS go díreach as EES agus na sonraí alfa-uimhriúla céanna á n-úsáid acu, nó, i gcás inar gá, ceadóidh siad VIS i gcomhréir le hAirteagal 18(2a) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

Más amhlaidh go léiríonn an cuardach in EES leis na sonraí a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo sin go bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, déanfaidh na húdaráis teorann íomhá bheo d’aghaidh an náisiúnaigh tríú tír a chur i gcomparáid leis an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 16(1) agus i bpointe (b) d’Airteagal 17(1) den Rialachán seo nó déanfaidh na húdaráis teorann, i dtaca le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó víosaí a bheith acu, méarloirg a fhíorú trína seiceáil in EES agus i dtaca le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa, déanfaidh siad na méarloirg a fhíorú trína seiceáil go díreach in VIS i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Chun méarloirg sealbhóirí víosa a fhíorú in VIS, féadfaidh na húdaráis teorann an cuardach a sheoladh in VIS go díreach ó EES mar a fhoráiltear in Airteagal 18(6) den Rialachán sin..

Murar féidir íomhá den aghaidh a fhíorú, déanfar an fíorú trí mhéarloirg a úsáid agus vice versa.

3.   Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí a leagtar amach i mír 2 go bhfuil sonraí maidir leis an náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, tabharfar rochtain don údarás teorann chun na sonraí i sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin a cheadú mar aon leis an taifead nó na taifid ar dhul isteach/imeacht nó an taifead nó na taifid ar dhiúltú cead isteach atá nasctha leis an gcomhad sin.

4.   Má léiríonn an cuardach leis na sonraí alfa-uimhriúla a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo nach bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, i gcás nach féidir sonraí an náisiúnaigh tríú tír a fhíorú de bhun mhír 2 den Airteagal seo nó i gcás ina bhfuil amhras ann faoi chéannacht an náisiúnaigh tríú tír, beidh rochtain ag na húdaráis teorann ar shonraí chun sainaithint a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán seo.

I dteannta na sainaitheanta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)

maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa, má léiríonn an cuardach in VIS a dhéantar leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, go bhfuil sonraí maidir leis an náisiúnach tríú tír ar taifead in VIS, déanfar fíorú méarlorg in VIS i gcomhréir le hAirteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Chun na críche sin, féadfaidh an t-údarás teorann cuardach a sheoladh ó EES go VIS mar a fhoráiltear dó in Airteagal 18(6) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2088. I gcás nach bhfuil aon toradh ar fhíorú an náisiúnaigh tríú tír de bhun mhír 2 den Airteagal seo, gheobhaidh na húdaráis teorann rochtain ar na sonraí atá in VIS chun sainaithint a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

(b)

maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir ceanglas víosa agus nach bhfuil teacht ar aon sonraí ina leith in EES de thoradh an chuardaigh aitheantais arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán seo, ceadófar VIS i gcomhréir le hAirteagal 19a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Féadfaidh an t-údarás teorann cuardach a sheoladh ó EES go VIS mar a fhoráiltear in Airteagal 19a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

5.   Maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a gcuid sonraí ar taifead cheana in EES ach arb é Ballstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES a chruthaigh a sainchomhad in EES agus a iontráladh a sonraí in EES ar bhonn víosa ghearrfhanachta náisiúnta, déanfaidh na húdaráis teorann VIS a cheadú i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír de mhír 4 nuair atá rún ag an náisiúnach tríú tír, den chéad uair tar éis chruthú an tsainchomhaid, teorainn Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine agus a oibríonn EES a thrasnú.

CAIBIDIL III

ÚSÁID EES AG ÚDARÁIS EILE

Airteagal 24

EES a úsáid chun víosaí a scrúdú agus chun cinntí a dhéanamh ina leith

1.   Ceadóidh údaráis víosaí EES chun iarratais ar víosa a scrúdú agus chun cinntí a bhaineann leis na hiarratais sin a ghlacadh, lena n-áirítear cinntí maidir le tréimhse bailíochta víosa eisithe a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 810/2009

Ina theannta sin, i gcás údaráis víosaí de chuid Ballstáit nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós, ach a oibríonn EES, ceadóidh siad EES nuair a bheidh iarratais ar víosaí gearrfhanachta náisiúnta á scrúdú acu agus nuair a bheidh cinntí á nglacadh acu maidir leis na hiarratais sin, lena n-áirítear cinntí maidir le tréimhse bailíochta víosa gearrfhanachta náisiúnta a eisíodh a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi.

2.   Tabharfar cead d’údaráis víosaí cuardach a dhéanamh in EES go díreach ó VIS le rogha amháin nó níos mó de na sonraí seo a leanas:

(a)

na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 16(1);

(b)

uimhir greamáin na víosa gearrfhanachta, lena n-áirítear cód trí litir an Bhallstáit eisiúna dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 16(2);

(c)

na sonraí méarlorg nó na sonraí méarlorg i dteannta na híomhá den aghaidh.

3.   Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí a leagtar amach i mír 2 go bhfuil sonraí maidir leis an náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, tabharfar rochtain do na húdaráis víosaí chun na sonraí i sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin agus na taifid ar dhul isteach/imeacht a cheadú, chomh maith le haon taifid ar dhiúltú cead isteach atá nasctha leis an sainchomhad sin. Tabharfar rochtain do na húdaráis víosaí chun an t-áireamhán uathoibrithe a cheadú d’fhonn uasfhad an fhanachta údaraithe atá fágtha a sheiceáil. Tabharfar rochtain do na húdaráis víosaí ar EES agus ar an áireamhán uathoibrithe lena gceadú freisin nuair a bheidh iarratais nua ar víosaí á scrúdú acu agus cinntí á ndéanamh acu ina leith, d’fhonn uasfhad fanachta údaraithe a chinntiú go huathoibríoch.

4.   Tabharfar cead d’údaráis víosaí Ballstáit nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES cuardach a dhéanamh in EES le ceann amháin nó níos mó de na sonraí a leagtar amach i mír 2. Má léiríonn an cuardach go bhfuil sonraí maidir leis an náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, tabharfar rochtain do na húdaráis víosaí chun na sonraí i sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin agus na taifid ar dhul isteach/imeacht a cheadú, chomh maith le haon taifid ar dhiúltú cead isteach atá nasctha leis an sainchomhad sin. Tabharfar rochtain d’údaráis víosaí Ballstáit nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES chun an t-áireamhán uathoibrithe a cheadú d’fhonn uasfhad an fhanachta údaraithe atá fágtha a sheiceáil. Tabharfar rochtain do na húdaráis víosaí freisin ionas go mbeidh siad in ann EES agus an t-áireamhán uathoibrithe a cheadú nuair a bheidh iarratais nua ar víosa á scrúdú acu agus cinntí á ndéanamh acu ina leith, d’fhonn uasfhad fanachta údaraithe a shuíomh.

Airteagal 25

EES a úsáid chun iarratais ar rochtain ar chláir éascaithe náisiúnta a scrúdú

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 8d de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 EES a cheadú chun críche iarratais ar rochtain ar chláir éascaithe náisiúnta a scrúdú dá dtagraítear san Airteagal sin agus maidir le cinntí a ghlacadh a bhaineann leis na hiarratais sin, lena n-áirítear cinntí chun tréimhse bailíochta na rochtana ar chláir éascaithe náisiúnta a dhiúltú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi i gcomhréir leis an Airteagal sin.

2.   Tabharfar cead don údarás inniúil cuardach a dhéanamh le rogha amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 16(1) nó na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 17(1);

(b)

sonraí méarlorg nó sonraí méarlorg in éineacht leis an íomhá den aghaidh.

3.   Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí a leagtar amach i mír 2 go bhfuil sonraí maidir leis an náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, tabharfar rochtain don údarás inniúil na sonraí i sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin agus na taifid ar dhul isteach/imeacht a cheadú, chomh maith le haon taifid ar dhiúltú cead isteach atá nasctha leis an sainchomhad sin.

Airteagal 26

Rochtain ar shonraí chun fíorú a dhéanamh laistigh de chríoch na mBallstát

1.   Chun céannacht an náisiúnaigh tríú tír a fhíorú, nó chun a sheiceáil nó a fhíorú cibé an bhfuil na coinníollacha a bhaineann le dul isteach ar chríoch na mBallstát nó fanacht inti á gcomhlíonadh, nó chun an dá rud a dhéanamh, beidh rochtain ag údaráis inimirce na mBallstát chun cuardach a dhéanamh leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 16(1) agus i bpointe (a) d’Airteagal 17(1).

Más amhlaidh go léiríonn an cuardach go bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, féadfaidh na húdaráis inimirce:

(a)

íomhá bheo d’aghaidh an náisiúnaigh tríú tír a chur i gcomparáid leis an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 16(1) agus i bpointe (b) d’Airteagal 17(1) den Rialachán seo;

(b)

i dtaca leis na náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó víosaí a bheith acu, na méarloirg a fhíorú in EES agus i dtaca le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa in VIS i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

2.   Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí a leagtar amach i mír 1 go bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, tabharfar rochtain do na húdaráis inimirce chun an t-áireamhán uathoibrithe a cheadú, chomh maith leis na sonraí i sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír, an taifead nó na taifid ar dhul isteach/imeacht agus aon taifead ar dhiúltú cead isteach atá nasctha leis an sainchomhad sin.

3.   Má léiríonn an cuardach leis na sonraí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo nach bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, i gcás nach féidir sonraí an náisiúnaigh tríú tír a fhíorú nó i gcás ina bhfuil amhras ann faoi chéannacht an náisiúnaigh tríú tír, beidh rochtain ag na húdaráis inimirce ar shonraí chun sainaithint a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 27.

Airteagal 27

Rochtain ar shonraí chun sainaithint a dhéanamh

1.   Beidh rochtain ag údaráis teorann nó údaráis inimirce chun cuardach a dhéanamh le sonraí méarlorg nó le sonraí méarlorg in éineacht leis an íomhá den aghaidh, chun aon náisiúnach tríú tír a d’fhéadfadh a bheith cláraithe faoi chéannacht eile roimhe sin in EES, nó náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha a bhaineann le dul isteach nó le fanacht ar chríoch na mBallstát, a shainaithint, agus chun na críche sin amháin.

I gcás ina léiríonn an cuardach le sonraí méarlorg nó le sonraí méarlorg in éineacht leis an íomhá den aghaidh nach bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír sin ar taifead in EES, tabharfar rochtain ar shonraí VIS chun sainaithint a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES, sula ndéantar aon sonraí a fhíorú in VIS, déanfaidh na húdaráis inniúla VIS a rochtain ar dtús i gcomhréir le hAirteagal 18 nó le hAirteagal 19a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

I gcás nach féidir méarloirg an náisiúnaigh tríú tír sin a úsáid nó i gcás inar theip ar an gcuardach le sonraí méarlorg nó le sonraí méarlorg i dteannta na híomhá den aghaidh, déanfar an cuardach leis na sonraí uile dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 16(1), agus i bpointe (a) d’Airteagal 17(1), nó le cuid de na sonraí sin.

2.   Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí a leagtar amach i mír 1 go bhfuil sonraí maidir leis an náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, tabharfar rochtain don údarás inniúil chun na sonraí atá sa sainchomhad agus sna taifid ar dhul isteach/imeacht agus sna taifid ar dhiúltú cead isteach atá nasctha leis a cheadú.

Airteagal 28

Sonraí arna n-aisghabháil ó EES a choinneáil

Ní fhéadfar sonraí a aisghabhtar as EES de bhun na Caibidle seo a choinneáil i gcomhaid náisiúnta ach amháin nuair is gá sin i gcás aonair, i gcomhréir leis an gcuspóir dár aisghabhadh iad agus i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, go háirithe an dlí maidir le cosaint sonraí, agus ní fhéadfar iad a choinneáil níos faide ná mar is gá sa chás aonair sin.

CAIBIDIL IV

NÓS IMEACHTA AGUS COINNÍOLLACHA ROCHTANA AR EES CHUN CRÍOCHA FHORGHNÍOMHÚ AN DLÍ

Airteagal 29

Údaráis ainmnithe na mBallstát

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis atá i dteideal sonraí EES a cheadú chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

2.   Coinneoidh gach Ballstát liosta de na húdaráis ainmnithe sin. Tabharfaidh gach Ballstát fógra do eu-LISA agus don Choimisiún maidir lena chuid údarás ainmnithe agus féadfaidh siad fógra eile a chur in ionad an fhógra nó é a leasú tráth ar bith.

3.   Ainmneoidh gach Ballstát lárphointe rochtana a mbeidh rochtain aige ar EES. Fíoróidh an lárphointe rochtana go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32 maidir le rochtain a iarraidh ar EES.

Féadfaidh an t-údarás ainmnithe agus an lárphointe rochtana a bheith san eagraíocht chéanna, ach sin a bheith faoin dlí náisiúnta, ach gníomhóidh an lárphointe rochtana go hiomlán neamhspleách ar na húdaráis ainmnithe agus a chúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige. Beidh an lárphointe rochtana ar leithligh ó na húdaráis ainmnithe agus ní bhfaighidh sé treoracha uathu maidir le toradh an fhíoraithe a dhéanfaidh sé go neamhspleách.

Ag brath ar a struchtúr eagraíochtúil agus riaracháin, féadfaidh na Ballstáit níos mó ná lárphointe rochtana amháin a ainmniú chun a gceanglais bhunreachtúla nó dhlíthiúla a chomhlíonadh.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra do eu-LISA agus don Choimisiún maidir lena lárphointe rochtana agus féadfaidh siad fógra eile a chur in ionad a bhfógra nó é a leasú tráth ar bith.

5.   Ar an leibhéal náisiúnta, coinneoidh gach Ballstát liosta de na haonaid oibríochtúla atá laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe rochtain ar shonraí EES a iarraidh trí na lárphointí rochtana.

6.   Is í foireann chuí-chumhachtaithe na lárphointí rochtana agus í sin amháin a bheidh údaraithe rochtain a fháil ar EES i gcomhréir le hAirteagal 31 agus le hAirteagal 32.

Airteagal 30

Europol

1.   Ainmneoidh Europol ceann amháin dá aonaid oibríochtúla mar “údarás ainmnithe Europol” agus tabharfaidh sé údarás dó rochtain a iarraidh ar EES trí lárphointe rochtana Europol dá dtagraítear i mír 2 chun tacú le bearta na mBallstát agus chun iad a neartú i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

2.   Ainmneoidh Europol aonad speisialaithe, ina mbeidh oifigigh chuí-chumhachtaithe Europol, mar lárphointe rochtana Europol. Fíoróidh lárphointe rochtana Europol go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 33 maidir le rochtain a iarraidh ar EES.

I dtaca lena chúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, gníomhóidh lárphointe rochtana Europol go neamhspleách agus ní bhfaighidh sé treoracha ó údarás ainmnithe sin Europol, i dtaobh thoradh an fhíoraithe.

Airteagal 31

Nós imeachta le haghaidh rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí

1.   Cuirfidh aonad oibríochtúil mar a thagraítear dó in Airteagal 29(5) iarraidh réasúnaithe go leictreonach nó i scríbhinn faoi bhráid lárphointe rochtana mar a thagraítear dó in Airteagal 29(3) chun rochtain a iarraidh ar shonraí EES. Ar iarraidh ar rochtain a fháil, fíoróidh an lárphointe rochtana sin cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 32 á gcomhlíonadh. Más amhlaidh atá na coinníollacha rochtana á gcomhlíonadh, déanfaidh an lárphointe rochtana sin na hiarrataí a phróiseáil. Cuirfear sonraí EES a bhfuarthas rochtain orthu ar aghaidh chuig aonad oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 29(5) ar bhealach nach sáróidh slándáil na sonraí sin.

2.   I gcás práinne nuair is gá garchontúirt do bheatha duine a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta nó le cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, déanfaidh lárphointe rochtana mar a thagraítear dó in Airteagal 29(3) an iarraidh a phróiseáil láithreach agus fíoróidh siad ex post ar comhlíonadh na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 32, lena n-áirítear an raibh cás práinne ann i ndáiríre. Déanfar an fíorú ex post gan moill mhíchuí agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná seacht lá oibre i ndiaidh an iarraidh a phróiseáil.

3.   I gcás ina gcinneann fíorú ex post nach raibh údar leis an rochtain ar shonraí EES, déanfaidh na húdaráis uile a fuair rochtain ar na sonraí sin an fhaisnéis a raibh rochtain acu uirthi in EES a léirscriosadh agus cuirfidh siad lárphointe rochtana ábhartha an Bhallstáit ina ndearnadh an t-iarratas ar an eolas faoin léirscriosadh sin.

Airteagal 32

Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí EES ag údaráis ainmnithe

1.   Féadfaidh údaráis ainmnithe EES a rochtain chun é a cheadú ach gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

(a)

is gá rochtain a thabhairt chun EES a cheadú chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(b)

is gá rochtain a thabhairt chun EES a cheadú agus tá an rochtain comhréireach i gcás ar leith;

(c)

tá fianaise nó forais réasúnacha ann chun a mheas go mbeidh ceadú shonraí EES ina chuidiú chun aon cheann de na cionta coiriúla atá i gceist a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras ann, agus bunús tugtha leis, go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir atá cumhdaithe sa Rialachán seo.

2.   Ceadófar rochtain ar EES mar uirlis chun amhrastach anaithnid, déantóir anaithnid nó íospartach amhrasta anaithnid ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile a shainaithint, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas de bhreis ar na coinníollacha a liostaítear i mír 1:

(a)

rinneadh cuardach roimhe sin i mbunachair sonraí náisiúnta; agus

(b)

i dtaca le cuardaigh le méarloirg, seoladh cuardach roimhe sin i gcóras uathoibrithe um shainaithint méarlorg na mBallstát eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil méarloirg a chur i gcomparáid, agus rinneadh an cuardach sin ina iomláine nó ní dhearnadh an cuardach sin ina iomláine laistigh de 2 lá ón uair a cuireadh tús leis.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag na coinníollacha breise dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint nach ndéanfaí céannacht an duine is ábhar do na sonraí a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh le córais na mBallstát eile nó i gcás práinne inar gá garchontúirt do bheatha duine a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta nó le cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc. Cuirfear na forais réasúnacha sin san áireamh san iarraidh leictreonach nó i scríbhinn ar chomparáid a dhéanamh le sonraí EES a chuirfidh aonad oibríochtúil an údaráis ainmnithe chuig an lárphointe rochtana nó chuig an lárphointe rochtana.

Féadfar iarraidh a thíolacadh le VIS a cheadú maidir leis an duine céanna is ábhar do na sonraí go comhuaineach le hiarraidh chun EES a cheadú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle (41).

3.   Ceadófar rochtain ar EES mar uirlis chun stair taistil nó tréimhsí fanachta ar chríoch na mBallstát a cheadú maidir le hamhrastach aithnid, déantóir aithnid nó íospartach amhrasta aithnid ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile, nuair a chomhlíontar na coinníollacha a liostaítear i mír 1.

4.   Agus EES á cheadú chun críche duine a shainaithint dá dtagraítear i mír 2, is leis na sonraí seo a leanas, agus leo siúd amháin, a dhéanfar an cuardach sin sa sainchomhad:

(a)

méarloirg na náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa nó sealbhóirí FTD. Chun an ceadú sin ar EES a sheoladh, féadfar méarloirg neamhfhollasa a úsáid agus dá bhrí sin féadfar iad a chur i gcomparáid leis na méarloirg atá stóráilte in EES;

(b)

íomhanna den aghaidh.

I gcás amais, nuair a dhéantar EES a cheadú, tabharfar rochtain ar aon sonraí eile a bhaintear as an sainchomhad mar a liostaítear in Airteagal 16(1) agus (6), in Airteagal 17(1) agus in Airteagal 18(1).

5.   I gcás ina ndéantar EES a cheadú maidir le stair taistil an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, déanfar é a theorannú do chuardach le rogha amháin nó roinnt roghanna de na sonraí EES seo a leanas sa sainchomhad, sna taifid ar dhul isteach/imeacht nó sna taifid ar dhiúltú cead isteach:

(a)

sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne;

(b)

cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil, cód trí litir na tíre eisiúna agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;

(c)

uimhir an ghreamáin víosa agus an dáta a rachaidh bailíocht na víosa in éag;

(d)

méarloirg, lena n-áirítear méarloirg neamhfhollasa;

(e)

íomhá den aghaidh;

(f)

dáta agus am dul isteach, an t-údarás a d’údaraigh an dul isteach agus an pointe trasnaithe teorann le haghaidh dul isteach;

(g)

dáta agus am imeachta agus an pointe trasnaithe teorann le haghaidh imeachta.

I gcás amais nuair a dhéantar EES a cheadú, tabharfar rochtain ar na sonraí a liostaítear sa chéad fhomhír agus ar aon sonraí eile ón sainchomhad, ar na taifid ar dhul isteach/imeacht agus ar na taifid ar dhiúltú cead isteach, lena n-áirítear sonraí a bhaineann leis an údarú gearrfhanachta a chúlghairm nó síneadh a chur leis i gcomhréir le hAirteagal 19.

Airteagal 33

Nós imeachta agus coinníollacha le go mbeidh rochtain ag Europol ar shonraí EES

1.   Beidh rochtain ag Europol chun EES a cheadú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá an ceadú de dhíth chun tacú le bearta na mBallstát agus chun iad a neartú i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a thagann faoi réim shainordú Europol a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(b)

tá an ceadú de dhíth agus comhréireach i gcás ar leith;

(c)

tá fianaise nó forais réasúnacha ann chun a mheas go mbeidh ceadú shonraí EES ina chuidiú chun aon cheann de na cionta coiriúla atá i gceist a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras ann, agus bunús tugtha leis, go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir atá cumhdaithe sa Rialachán seo.

2.   Ceadófar rochtain ar EES mar uirlis chun amhrastach anaithnid, déantóir anaithnid, nó íospartach amhrasta anaithnid ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile a shainaithint, nuair a chomhlíontar na coinníollacha a liostaítear i mír 1 agus más rud é nár féadadh, le teann tosaíochta, de bhíthin cheadú na sonraí atá stóráilte sna bunachair sonraí sin a bhfuil rochtain theicniúil agus dhleathach ag Europol orthu céannacht an té atá i gceist a shuíomh.

Féadfar iarraidh a thíolacadh chun VIS a cheadú maidir leis an duine céanna is ábhar do na sonraí go comhuaineach le hiarraidh chun EES a cheadú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh 2008/633/CGB.

3.   Beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(3), (4) agus (5) dá réir sin.

4.   Féadfaidh údarás ainmnithe Europol iarraidh leictreonach réasúnaithe a chur faoi bhráid lárphointe rochtana Europol dá dtagraítear in Airteagal 30(2)chun sonraí uile EES nó tacar sonraí EES ar leith a cheadú. Ar iarraidh ar rochtain a fháil, déanfaidh lárphointe rochtana Europol a fhíorú an bhfuil na coinníollacha rochtana atá leagtha amach i mír 1 agus 2 den Airteagal seo á gcomhlíonadh. Más amhlaidh go bhfuil na coinníollacha rochtana uile á gcomhlíonadh, déanfaidh foireann chuí-údaraithe lárphointe rochtana Europol na hiarrataí a phróiseáil. Cuirfear na sonraí EES a bhfuarthas rochtain orthu ar aghaidh chuig údarás ainmnithe Europol ar bhealach nach sáróidh slándáil na sonraí sin.

5.   Ní dhéanfaidh Europol an fhaisnéis a phróiseáil a fuarthas trí shonraí EES a cheadú ach faoi réir údarú ón mBallstát tionscnaimh. Gheofar an t-údarú sin trí aonad náisiúnta Europol sa Bhallstát sin.

CAIBIDIL V

SONRAÍ A CHOINNEÁIL AGUS A LEASÚ

Airteagal 34

Tréimhse choinneála sonraí

1.   Déanfar gach taifead ar dhul isteach/imeacht nó gach diúltú cead isteach atá nasctha le sainchomhad a stóráil i Lárchóras EES go ceann 3 bliana tar éis dháta an taifid ar imeacht nó an taifid ar dhiúltú cead isteach, de réir mar is infheidhme.

2.   Déanfar gach sainchomhad mar aon leis an taifead nó na taifid ar dhul isteach/imeacht nó taifid ar dhiúltú cead isteach a stóráil i Lárchóras EES go ceann 3 bliana agus lá amháin tar éis dháta an taifid dheireanaigh ar imeacht nó tar éis an taifid ar dhiúltú cead isteach, murab ann d’aon taifead ar dhul isteach laistigh de thrí bliana ó dháta an taifid dheireanaigh ar imeacht nó ó dháta an taifid dheireanaigh ar dhiúltú cead isteach.

3.   Murab ann d’aon taifead ar imeacht tar éis do thréimhse an fhanachta údaraithe dul in éag, déanfar na sonraí a stóráil ar feadh 5 bliana tar éis dháta éaga na tréimhse fanachta údaraithe. Cuirfidh EES na Ballstáit ar an eolas go huathoibríoch faoi rófhantóirí 3 mhí roimh an léirscriosadh sceidealaithe sonraí le go mbeidh ar a gcumas na bearta iomchuí a ghlacadh.

4.   De mhaolú ar mhír 1, gach taifead ar dhul isteach/imeacht a chláraítear do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil an stádas dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) acu, déanfar iad a stóráil in EES ar feadh bliain amháin ar a mhéad tar éis imeacht na náisiúnach tríú tír sin. Murab ann do thaifead ar imeacht, déanfar na sonraí a stóráil go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta an taifid dheireanaigh ar dhul isteach.

5.   Ar dhul in éag don tréimhse choinneála dá dtagraítear i mír 1 go mír 4, léirscriosfar na sonraí atá i gceist go huathoibríoch ó Lárchóras EES.

Airteagal 35

Sonraí a leasú agus luath-léirscriosadh sonraí

1.   Beidh sé de cheart ag an mBallstát atá freagrach sonraí atá iontráilte in EES aige a leasú, trí na sonraí a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh.

2.   Má tá fianaise ag an mBallstát atá freagrach a thugann le tuiscint go bhfuil na sonraí atá ar taifead in EES míchruinn ó thaobh fíoras de nó neamhiomlán nó gur próiseáladh na sonraí in EES de shárú ar an Rialachán seo, déanfaidh sé na sonraí sin a sheiceáil agus, más gá, déanfaidh sé iad a cheartú nó a chomhlánú in EES nó iad a léirscriosadh ó EES gan mhoill agus, i gcás inarb infheidhme, ó liosta sin na ndaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 12(3). Féadfar na sonraí a sheiceáil agus a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh freisin arna iarraidh sin don duine lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 52.

3.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil fianaise ag Ballstát seachas an Ballstát atá freagrach a thugann le tuiscint go bhfuil na sonraí atá ar taifead in EES míchruinn ó thaobh fíoras de nó neamhiomlán nó gur próiseáladh in EES iad de shárú ar an Rialachán seo, déanfaidh sé na sonraí sin a sheiceáil ar choinníoll gur féidir sin a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis an mBallstát atá freagrach agus, más gá, déanfaidh sé iad a cheartú nó a chomhlánú in EES nó a léirscriosadh ó EES gan mhoill agus, i gcás inarb infheidhme, ó liosta na ndaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 12(3). I gcás nach féidir na sonraí a sheiceáil gan dul i gcomhairle leis an mBallstát atá freagrach, rachaidh an Ballstát i dteagmháil le húdaráis an Bhallstáit atá freagrach laistigh de 7 lá, agus ina dhiaidh sin seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht na próiseála laistigh de mhí amháin. Féadfar na sonraí a sheiceáil agus a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh freisin arna iarraidh sin don náisiúnach tríú tír lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 52.

4.   I gcás ina bhfuil ag Ballstát fianaise a thugann le tuiscint go bhfuil sonraí a bhaineann le víosaí agus atá ar taifead in EES míchruinn ó thaobh fíoras de nó neamhiomlán nó gur próiseáladh na sonraí sin in EES de shárú ar an Rialachán seo, déanfaidh sé cruinneas na sonraí sin a sheiceáil i dtosach báire in VIS agus, más gá, déanfaidh sé iad a cheartú nó a chomhlánú in EES nó a léirscriosadh ó EES. I gcás gurb ionann na sonraí atá ar taifead in VIS agus na sonraí atá ar taifead in EES, cuirfidh sé an Ballstát atá freagrach as na sonraí sin a iontráil in VIS ar an eolas láithreach trí bhonneagar VIS i gcomhréir le hAirteagal 24(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Déanfaidh an Ballstát atá freagrach as sonraí a iontráil in VIS na sonraí sin a sheiceáil agus más gá déanfaidh sé iad a cheartú nó a chomhlánú in VIS nó a léirscriosadh láithreach ó VIS agus cuirfidh sé an Ballstát lena mbaineann ar an eolas agus déanfaidh an Ballstát sin, más gá, na sonraí sin a cheartú nó a chomhlánú in EES nó a léirscriosadh ó EES gan mhoill agus, i gcás inarb infheidhme, ó liosta na ndaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

5.   Déanfar sonraí na ndaoine sainaitheanta sin dá dtagraítear in Airteagal 12 a léirscriosadh gan mhoill ón liosta dá dtagraítear san Airteagal sin agus ceartófar nó comhlánófar in EES iad i gcás ina soláthraíonn an náisiúnach tríú tír lena mbaineann fianaise, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit atá freagrach nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ar chuige a cuireadh an iarraidh, nach raibh de rogha aige nó aici ach fad an fhanachta údaraithe a shárú de dheasca teagmhais thromchúiseacha nárbh fhéidir a thuar, agus go bhfuil ceart dlíthiúil faighte aige nó aici ar ghearrfhanacht — déanfar an rud céanna i gcás ina ndéantar earráid. Gan dochar do leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh fáil ag an náisiúnach tríú tír sin ar leigheas breithiúnach éifeachtach d’fhonn a áirithiú go ndéantar na sonraí a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh.

6.   I gcás ina bhfuil náisiúntacht Ballstáit faighte ag náisiúnach tríú tír nó gur tháinig sé faoi raon feidhme Airteagal 2(3) sula ndeachaigh in éag an tréimhse is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 34, gan mhoill, agus ar aon chaoi tráth nach déanaí ná 5 lá oibre ón dáta ar fuair an náisiúnach tríú tír sin náisiúntacht Ballstáit nó ó tháinig an duine sin faoi raon feidhme Airteagal 2(3) sula ndeachaigh in éag an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 34, déanfaidh ceann de na Ballstáit seo a leanas an sainchomhad agus na taifid ar dhul isteach/imeacht atá nasctha leis an sainchomhad sin i gcomhréir le hAirteagal 16 agus agus le hAirteagal 17 agus na taifid ar dhiúltú cead isteach ata nasctha leis an sainchomhad sin i gcomhréir le hAirteagal 18 a léirscriosadh in EES, agus, i gcás inarb infheidhme, ó liosta na ndaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 12(3):

(a)

an Ballstát a bhfuil a náisiúntacht faighte ag an náisiúnach tríú tír; nó

(b)

an Ballstát a d’eisigh an ceadúnas nó cárta cónaithe nó an víosa fhadfhanachta.

I gcás ina bhfuil náisiúntacht ó Andóra, ó Mhonacó, nó ó Shan Mairíne faighte ag náisiúnach tríú tír nó i gcás ina bhfuil ag an náisiúnach tríú tír sin pas arna eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine, cuirfidh an náisiúnach an t-athrú sin in iúl d’údaráis inniúla an chéad Bhallstát eile ina leagfaidh sé nó sí cos. Léirscriosfaidh an Ballstát sin a chuid sonraí nó a cuid sonraí gan mhoill in EES. Beidh fáil ag an náisiúnach tríú tír atá i gceist ar leigheas breithiúnach éifeachtach chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí a léirscriosadh.

7.   Cuirfidh Lárchóras EES na Ballstáit uile ar an eolas láithreach faoi léirscriosadh shonraí EES agus, i gcás inarb infheidhme, ó liosta na ndaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

8.   I gcás gur cheartaigh, gur chríochnaigh nó gur léirscrios Ballstát seachas an Ballstát atá freagrach sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo, is é an Ballstát sin a bheidh mar an Ballstát atá freagrach as an gceartú, as an gcomhlánú nó as an léirscriosadh. Coinneoidh EES taifead ar gach ceartú, comhlánú agus léirscriosadh a dhéantar ar shonraí.

CAIBIDIL VI

FORBAIRT, OIBRIÚ AGUS FREAGRACHTAÍ

Airteagal 36

Gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún roimh fhorbairt

Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme is gá le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme teicniúil Lárchóras EES, na NUInna, an Bhonneagair Cumarsáide, na seirbhísí gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13 agus an stórais sonraí dá dtagraítear in Airteagal 63(2), go háirithe bearta le haghaidh na nithe seo leanas:

(a)

sonraíochtaí i dtaca le cáilíocht, le taifeach agus le húsáid méarlorg chun críche fíorú bithmhéadrach agus sainaithint bhithmhéadrach a dhéanamh in EES;

(b)

na sonraíochtaí i dtaca le cáilíocht, le taifeach agus le húsáid íomhá den aghaidh chun fíorú bithmhéadrach agus sainaithint bhithmhéadrach a dhéanamh in EES lena n-áirítear nuair a dhéantar sin beo ar an láthair nó nuair a bhaintear go leictreonach as eMRTD é;

(c)

na sonraí a iontráil i gcomhréir le hAirteagal 16 go hAirteagal 20;

(d)

na sonraí a rochtain i gcomhréir le hAirteagal 23 go hAirteagal 33;

(e)

na sonraí a leasú, a léirscriosadh agus a luath-léirscriosadh i gcomhréir le hAirteagal 35;

(f)

na logaí a choinneáil agus a rochtain i gcomhréir le hAirteagal 46;

(g)

ceanglais feidhmíochta, lena n-áirítear íos-sonraíochtaí maidir le trealamh teicniúil agus ceanglais maidir le feidhmíocht bhithmhéadrach EES, go háirithe maidir le Ráta Sainaitheanta Bréagdheimhní, Ráta Sainaitheanta Bréagdhiúltaí agus Ráta Mainneachtana i leith Clárú;

(h)

na sonraíochtaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13, lena n-áirítear forálacha sonracha i dtaca le cosaint sonraí arna soláthar ag iompróirí nó arna dtabhairt d’iompróirí;

(i)

an idir-inoibritheacht dá dtagraítear in Airteagal 8 a bhunú agus a cheapadh ar ardleibhéal;

(j)

na sonraíochtaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an stóras sonraí dá dtagraítear in Airteagal 63(2);

(k)

liosta na ndaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 12(3) a bhunú agus an nós imeachta maidir le dáileadh an liosta sin ar na Ballstáit;

(l)

na sonraíochtaí i ndáil le réitigh theicniúla chun lárphointí rochtana a cheangal i gcomhréir le hAirteagal 31, le hAirteagal 32 agus le hAirteagal 33 agus i ndáil le réiteach teicniúil chun na sonraí staidrimh is gá a bhailiú de bhun Airteagal 72(8).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Chun na gníomhartha cur chun feidhme atá leagtha amach i bpointe (i) den chéad fhomhír den Airteagal seo a ghlacadh, rachaidh an coiste arna bhunú le hAirteagal 68 den Rialachán seo i gcomhairle le Coiste VIS arna bhunú le hAirteagal 49 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

Airteagal 37

Forbairt agus bainistiú oibríochtúil

1.   Is faoi eu-LISA a bheidh sé Lárchóras EES, na NUInna, an Bonneagar Cumarsáide agus an Bealach Cumarsáide Slán idir Lárchóras EES agus Lárchóras VIS a fhorbairt. Is faoi eu-LISA a bheidh sé freisin an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13 a fhorbairt mar aon leis an stóras sonraí dá dtagraítear in Airteagal 63(2) i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 13(7) agus in Airteagal 63(2) agus leis na sonraíochtaí agus na coinníollacha arna nglacadh de bhun phointe (h) agus phointe (j) den chéad mhír d’Airteagal 36.

Is é eu-LISA a shaineoidh dearadh ailtireacht fhisiceach EES lena n-áirítear a Bhonneagar Cumarsáide, mar aon leis na sonraíochtaí teicniúla agus an éabhlóid a thiocfaidh orthu i dtaca le Lárchóras EES, na NUInna, an Bonneagar Cumarsáide, an Bealach Cumarsáide Slán idir Lárchóras EES agus Lárchóras VIS, an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo agus an stóras sonraí dá dtagraítear in Airteagal 63(2) den Rialachán seo. Glacfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA na sonraíochtaí teicniúla sin, faoi réir tuairim dhearfach ón gCoimisiún. Is é eu-LISA freisin a chuirfidh chun feidhme aon oiriúnuithe is gá ar VIS a éiríonn as idir-inoibritheacht a bhunú le EES agus as cur chun feidhme na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a leagtar amach in Airteagal 61 den Rialachán seo.

Déanfaidh eu-LISA Lárchóras EES, na NUInna, an Bonneagar Cumarsáide, an Bealach Cumarsáide Slán idir Lárchóras EES agus Lárchóras VIS, an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13 agus an stóras sonraí dá dtagraítear in Airteagal 63(2) a fhorbairt agus a chur chun feidhme a luaithe is féidir tar éis don Choimisiún na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 36 a ghlacadh.

Is éard a bheidh san fhorbairt mionsaothrú agus cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla, tástáil agus comhordú foriomlán an tionscadail.

Agus Lárchóras EES, na NUInna, an Bonneagar Cumarsáide, an Bealach Cumarsáide Slán idir Lárchóras EES agus Lárchóras VIS, an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13 agus an stóras sonraí dá dtagraítear in Airteagal 63(2) á bhforbairt agus á gcur chun feidhme aige, beidh na tascanna seo a leanas ag eu-LISA freisin:

(a)

measúnú a dhéanamh ar an riosca slándála;

(b)

cloí le prionsabail na príobháideachta de réir dearaidh agus na príobháideachta de réir réamhshocrú le linn shaolré iomlán na forbartha a dhéanfar ar EES;

(c)

measúnú a dhéanamh ar an riosca slándála a dhéanamh i dtaca le hidir-inoibritheacht le VIS dá dtagraítear in Airteagal 8, agus measúnú a dhéanamh ar na bearta slándála a theastóidh chun idir-inoibritheacht le VIS a chur chun feidhme.

2.   Le linn chéim an deartha agus na forbartha, bunófar Bord Bainistíochta an Chláir agus deichniúr comhaltaí air, ar a mhéad. Ar an mbord sin, beidh seachtar comhalta a cheapfaidh Bord Bainistiochta eu-LISA as measc a chuid comhaltaí féin nó a gcomhaltaí malartacha, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach EES dá dtagraítear in Airteagal 69, comhalta a dhéanfaidh ionadaíocht ar eu-LISA arna cheapadh ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin eu-LISA agus comhalta amháin a cheapfaidh an Coimisiún. Na comhaltaí a cheapfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA, toghfar iad as na Ballstáit sin atá faoi cheangal go hiomlán faoi dhlí an Aontais ag na hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF uile atá á mbainistiú ag eu-LISA agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 66(2), agus as a measc sin amháin.

Beidh cruinnithe rialta ag Bord Bainistíochta an Chláir — 3 huaire in aghaidh na ráithe, ar a laghad. Áiritheoidh sé go ndéanfar bainistiú iomchuí ar chéim deartha agus forbartha EES agus go mbeidh comhsheasmhacht ann idir tionscadail lárnacha agus náisiúnta EES.

Cuirfidh Bord Bainistíochta an Chláir tuarascáil i scríbhinn faoi bhráid Bhord Bainistíochta eu-LISA uair sa mhí maidir le dul chun cinn an tionscadail. Ní bheidh aon chumhacht cinnteoireachta ná aon sainordú ag Bord Bainistíochta an Chláir chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann chomhaltaí Bhord Bainistíochta eu-LISA.

Déanfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA rialacha nós imeachta Bhord Bainistíochta an Chláir a bhunú lena n-áireofar go háirithe rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

a chathaoirleacht;

(b)

ionaid le haghaidh cruinnithe;

(c)

cruinnithe a ullmhú;

(d)

saineolaithe a ligean isteach ar chruinnithe;

(e)

pleananna cumarsáide a áiritheoidh go mbeidh an fhaisnéis iomlán ag comhaltaí Bhord Bainistíochta EES nach mbeidh rannpháirteach.

Beidh cathaoirleacht Bhord Bainistíochta an Chláir ag Ballstát atá faoi cheangal go hiomlán faoi dhlí an Aontais ag na hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF uile atá á mbainistiú ag eu-LISA.

Is é eu-LISA a íocfaidh as gach costas taistil agus cothabhála a thabhóidh comhaltaí Bhord Bainistíochta an Chláir agus beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 10 de Rialacha Nós Imeachta eu-LISA maidir leo. Soláthróidh eu-LISA rúnaíocht do Bhord Bainistíochta an Chláir.

Le linn na céime deartha agus forbartha, is iad bainisteoirí náisiúnta tionscadail EES a bheidh sa Ghrúpa Comhairleach EES dá dtagraítear in Airteagal 69 agus é faoi chathaoirleacht eu-LISA. Tiocfaidh sé le chéile go rialta agus ar a laghad 3 huaire sa ráithe nó go dtí go gcuirfear tús le hoibríochtaí EES. Tuairisceoidh sé do Bhord Bainistíochta an Chláir tar éis gach cruinnithe. Cuirfidh sé saineolas teicniúil ar fáil de thaca le cúraimí Bhord Bainistíochta an Chláir agus déanfaidh sé an iarobair a bhaineann le hullmhacht na mBallstát.

3.   Is é eu-LISA a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil Lárchóras EES, na NUInna agus an Bhealaigh Cumarsáide Sláin idir Lárchóras EES agus Lárchóras VIS. Áiritheoidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit, go ndéanfar an teicneolaíocht is fearr dá mbeidh ar fáil, faoi réir anailís costais/sochair, a úsáid i dtólamh do Lárchóras EES, do na NUInna, don Bhonneagar Cumarsáide, don Bhealach Cumarsáide Slán idir Lárchóras EES agus Lárchóras VIS, don tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13 agus don stóras sonraí dá dtagraítear in Airteagal 63(2). Is é eu-LISA a bheidh freagrach freisin as bainistiú oibríochtúil an Bhonneagair Cumarsáide idir Lárchóras EES agus na NUInna, as an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13 agus as an stóras sonraí dá dtagraítear in Airteagal 63(2).

Is éard a bheidh i mbainistiú oibríochtúil EES na cúraimí go léir a theastaíonn chun EES a choinneáil ar bun 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá in aghaidh na seachtaine i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá lena áirithiú go bhfeidhmeoidh EES ar leibhéal atá sásúil ó thaobh na cáilíochta oibríochtúla de, go háirithe maidir leis an aga freagartha a bheidh ag údaráis teorann i dtaobh Lárchóras EES a iniúchadh, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla.

4.   Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (42) áiritheoidh eu-LISA go ndéanfaidh na baill foirne sin dá chuid a bhfuil ceangal orthu oibriú le sonraí EES nó le sonraí a stóráiltear in EES rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí comhionanna rúndachta eile a chur i bhfeidhm. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do na baill foirne sin an oifig nó an fhostaíocht a fhágáil nó tar éis dóibh a gcuid gníomhaíochtaí a fhoirceannadh.

Airteagal 38

Freagrachtaí na mBallstát agus Europol

1.   Beidh gach Ballstát freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

an bonneagar náisiúnta teorann atá ann cheana a lánpháirtiú agus a cheangal leis an NUI;

(b)

a bhonneagar náisiúnta teorann atá ann cheana a eagrú, a bhainistiú, a oibriú agus a chothabháil agus é a cheangal le EES chun críche Airteagal 6 cé is moite d’Airteagal 6(2);

(c)

lárphointí rochtana a eagrú agus iad a cheangal leis an NUI chun críche fhorghníomhú an dlí;

(d)

bainistiú a dhéanamh ar an rochtain atá ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta agus ag foireann chuí-chumhachtaithe na n-údarás inniúil náisiúnta ar EES agus socruithe a dhéanamh maidir leis an rochtain sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta den fhoireann sin, maille lena bpróifíl, a chruthú agus a nuashonrú go rialta.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás náisiúnta a thabharfaidh rochtain ar EES do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 9(2). Ceanglóidh gach Ballstát an t-údarás náisiúnta sin leis an NUI. Ceanglóidh gach Ballstát na lárphointí rochtana acu, dá dtagraítear in Airteagal 29, leis an NUI.

3.   Úsáidfidh gach Ballstát nósanna imeachta uathoibrithe agus sonraí EES á bpróiseáil acu.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar dlúthfhaireachán ar fheidhmíocht theicniúil an bhonneagair rialaithe teorann, ar infhaighteacht an bhonneagair sin, ar fhad na seiceálacha teorann agus ar cháilíocht na sonraí chun a áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais fhoriomlána maidir le feidhmiú cuí EES agus maidir le nós imeachta seiceála teorann éifeachtúil.

5.   Sula dtabharfar údarás dóibh na sonraí atá stóráilte in EES a phróiseáil, cuirfear oiliúint iomchuí faoi shlándáil sonraí, faoi rialacha cosanta sonraí go háirithe, agus faoi chearta bunúsacha ábhartha, ar fhoireann na n-údarás a mbeidh sé de cheart acu rochtain a fháil ar EES.

6.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit próiseáil ar na sonraí atá in EES nó a bhainfear as EES, ach chun na gcríoch a leagtar síos sa Rialachán seo.

7.   Glacfaidh Europol na cúraimí dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1 agus i mír 3, i mír 5, agus i mír 6. Déanfaidh sé lárphointe rochtana Europol a nascadh le EES agus beidh sé freagrach as an nascadh sin.

Airteagal 39

Freagracht as sonraí a phróiseáil

1.   Maidir le próiseáil sonraí pearsanta in EES, ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás a mheasfar a bheith ina rialaitheoir i gcomhréir le pointe (7) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 agus arb é an t-údarás é a mbeidh freagracht láir air as pé próiseáil sonraí a dhéanfaidh an Ballstát sin. Cuirfidh gach Ballstát sonraí an údaráis sin in iúl don Choimisiún.

Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar na sonraí a bhaileofar agus a thaifeadfar in EES a phróiseáil go dleathach, agus, go háirithe, gur ag an bhfoireann chuí-údaraithe amháin a bheidh rochtain ar na sonraí sin le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh. Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach, go háirithe:

(a)

gur go dleathach agus le lán-urraim do dhínit an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a bhaileofar na sonraí;

(b)

gur go dleathach a chlárófar na sonraí in EES;

(c)

go mbeidh na sonraí cruinn agus nuashonraithe nuair a tharchuirfear chuig EES iad.

2.   Áiritheoidh eu-LISA go n-oibreofar EES i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 36. Go háirithe, déanfaidh eu-LISA an méid seo a leanas:

(a)

pé beart is gá a ghlacadh chun slándáil Lárchóras EES agus an Bhonneagair Cumarsáide atá idir Lárchóras EES agus NUI a áirithiú, gan dochar do fhreagrachtaí na mBallstát;

(b)

a áirithiú gur ag an bhfoireann chuí-údaraithe amháin a bheidh rochtain ar shonraí a dhéanfar a phróiseáil in EES.

3.   Cuirfidh eu-LISA Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, mar aon leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ar an eolas faoi na bearta a dhéanfaidh sé de bhun mhír 2 ag féachaint do thús oibríochtaí EES.

Airteagal 40

Sonraí a choinneáil i gcomhaid náisiúnta agus sna córais náisiúnta dul isteach/imeachta

1.   Féadfaidh Ballstát na sonraí alfa-uimhriúla a d’iontráil an Ballstát sin in EES a choinneáil ina chóras náisiúnta dul isteach/imeachta féin nó ina chomhaid náisiúnta choibhéiseacha i gcomhréir le cuspóirí EES, agus dlí an Aontais á urramú ina iomláine.

2.   Ní dhéanfar na sonraí a choinneáil sna córais náisiúnta dul isteach/imeachta nó ina leithéidí céanna de chomhaid náisiúnta níos faide ná mar a choinnítear in EES iad.

3.   Aon úsáid sonraí nach gcomhlíonfaidh mír 1, measfar gur mí-úsáid sin faoi dhlí náisiúnta gach Ballstáit agus faoi dhlí an Aontais féin.

4.   Ní fhorléireofar an tAirteagal seo mar Airteagal lena gceanglaítear aon leasú teicniúil ar EES. Is ar a gcostas agus ar a bpriacal féin, agus leas á bhaint acu as a gcuid acmhainní teicniúla féin amháin, a fhéadfaidh na Ballstáit sonraí a choinneáil i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 41

Sonraí a chur in iúl do thríú tíortha, d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus d’eintitis phríobháideacha

1.   Ní dhéanfar sonraí a stórálfar in EES a aistriú chuig aon tríú tír, chuig aon eagraíocht idirnáisiúnta, ná chuig aon eintiteas príobháideach ná ní chuirfear na sonraí sin ar fáil dóibh.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh údaráis teorann nó údaráis imirce na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16(1) agus i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 17(1) den Rialachán seo a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i gcásanna aonair, más gá sin chun céannacht náisiúnach tríú tír a chruthú chun críche a bhfillte agus chun na críche sin amháin, ach ceann de na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

(a)

tá an Coimisiún tar éis cinneadh a ghlacadh maidir le cosaint leordhóthanach a thabhairt do shonraí pearsanta sa tríú tír sin i gcomhréir le hAirteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679;

(b)

tá coimircí iomchuí soláthairthe de réir mar a thagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679, amhail comhaontú um athligean isteach is infheidhme idir an tAontas nó Ballstát agus an tríú tír atá i gceist; nó

(c)

tá feidhm ag pointe (d) d’Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) 2016/679.

3.   Ní fhéadfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16(1) agus i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 17(1) den Rialachán seo a aistriú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ach amháin sa chás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

déantar na sonraí a aistriú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sin de chuid dhlí an Aontais, go háirithe le forálacha maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, agus comhaontuithe um athligean isteach, agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil na sonraí á n-aistriú aige;

(b)

tá an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta sásta gan na sonraí sin a phróiseáil ach chun na gcríoch ar chucu a cuireadh ar fáil dóibh iad; agus

(c)

táthar tar éis cinneadh maidir le filleadh, a glacadh de bhun Threoir 2008/115 CE, a eisiúint i dtaca leis an náisiúnach tríú tír atá i gceist, ar choinníoll nach bhfionrófaí feidhmiú an chinnidh sin maidir le filleadh agus nár tíolacadh aon achomharc ba shiocair leis an bhfeidhmiú a fhionraí.

4.   Ní dhéanfaidh aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta de bhun mhír 2 dochar, go háirithe maidir le non-refoulement, dá gcearta siúd a iarrfaidh nó a dtabharfar dóibh cosaint idirnáisiúnta.

5.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhainfidh Ballstát nó Europol as Lárchóras EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, ní dhéanfar iad a aistriú chuig aon tríú tír, eagraíocht idirnáisiúnta ná eintiteas príobháideach arna bhunú laistigh ná lasmuigh den Aontas ná ní chuirfear ar fáil dóibh iad. Beidh feidhm ag an toirmeasc seo freisin i gcás ina ndéantar tuilleadh próiseála ar na sonraí sin ar an leibhéal náisiúnta nó idir Ballstáit de bhun Chinneadh (AE) 2016/680.

6.   De mhaolú ar mhír 5 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás ainmnithe na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 16(1), i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 16(2), i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 16(3) agus i bpointe (a) d’Airteagal 17(1) a aistriú chuig tríú tír i gcásanna aonair, ach na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

(a)

baineann práinn eisceachtúil leis an gcás, i gcás ina bhfuil:

(i)

garchontúirt ann a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta; nó

(ii)

beatha duine i ngarchontúirt agus baint ag an gcontúirt sin le cion coiriúil tromchúiseach;

(b)

is gá sonraí a aistriú chun an cion sceimhlitheoireachta nó na cionta coiriúla tromchúiseacha sin a chosc, a bhrath nó a imscrúdú ar chríoch na mBallstát nó na tríú tíre atá i gceist;

(c)

tá fáil ag an údarás ainmnithe ar na sonraí sin i gcomhréir leis an nós imeachta agus leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 31 agus in Airteagal 32;

(d)

déantar an t-aistriú i gcomhréir leis na coinníollacha is infheidhme arna leagan amach i dTreoir (AE) 2016/680, go háirithe i gCaibidil V de;

(e)

rinne an tríú tír iarraidh chuí-réasúnaithe scríofa nó leictreonach a thíolacadh; agus

(f)

áirithítear go gcuirfear ar fáil go cómhalartach do na Ballstáit a oibríonn EES aon fhaisnéis maidir le taifid ar dhul isteach/imeacht atá ina seilbh ag an tríú tír a dhéanann an iarraidh.

I gcás ina ndéantar aistriú de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, déanfar aistriú den sórt sin a dhoiciméadú agus cuirfear an doiciméadacht ar fáil, arna iarraidh sin, don údarás maoirseachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680, lena n-áirítear dáta agus am an aistrithe, faisnéis faoin údarás inniúil a ghlac an t-aistriú, an bonn cirt a bhí leis an aistriú agus na sonraí pearsanta a aistríodh.

Airteagal 42

Coinníollacha maidir le sonraí a chur in iúl do Bhallstát nach n-oibríonn EES fós agus do Bhallstát nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis

1.   Ní fhéadfaidh údarás ainmnithe na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 16(1), i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 16(2), i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 16(3) agus i bpointe (a) d’Airteagal 17(1) a aistriú chuig Ballstát nach n-oibríonn EES fós agus chuig Ballstát nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis ach amháin, i gcásanna aonair, má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

baineann práinn eisceachtúil leis an gcás, i gcás ina bhfuil:

(i)

garchontúirt ann a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta; nó

(ii)

cion coiriúil tromchúiseach i gceist;

(b)

is gá sonraí a aistriú chun cion sceimhlitheoireachta den sórt sin nó cion coiriúil tromchúiseach den sórt sin a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(c)

tá fáil ag an údarás ainmnithe ar na sonraí sin i gcomhréir leis an nós imeachta agus leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 31 agus in Airteagal 32;

(d)

tá feidhm ag Treoir (AE) 2016/680;

(e)

táthar tar éis iarraidh chuí-réasúnaithe scríofa nó leictreonach a thíolacadh; agus

(f)

áirithítear go gcuirfear ar fáil go cómhalartach do na Ballstáit a oibríonn EES aon fhaisnéis maidir le taifid ar dhul isteach/imeacht atá ina seilbh ag an mBallstát iarrthach.

I gcás ina mbunaítear aistriú de bhun na chéad fomhíre den mhír seo, déanfar an t-aistriú sin a dhoiciméadú agus cuirfear an doiciméadacht ar fáil, arna iarraidh sin, don údarás maoirseachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680, lena n-áirítear dáta agus am an aistrithe, faisnéis faoin údarás inniúil a ghlac an t-aistriú, an bonn cirt a bhí leis an aistriú agus na sonraí pearsanta a aistríodh.

2.   I gcás ina gcuirtear sonraí ar fáil de bhun an Airteagail seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag na coinníollacha céanna dá bhforáiltear in Airteagal 43(1), Airteagal 45(1) agus (3), Airteagal 48 agus Airteagal 58(4).

Airteagal 43

Slándáil sonraí

1.   Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach slándáil na sonraí roimh an tarchur chuig an NUI agus lena linn. Áiritheoidh gach Ballstát slándáil na sonraí a bhainfidh sé as EES.

2.   I ndáil lena bhonneagar náisiúnta teorann féin, glacfaidh gach Ballstát pé bearta is gá, lena n-áirítear plean slándála agus plean leanúnachais gnó agus athshlánaithe i gcás tubaiste, d’fhonn:

(a)

sonraí a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun bonneagar criticiúil a chosaint;

(b)

rochtain a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe ar threalamh próiseála sonraí agus ar shuiteálacha náisiúnta ina ndéanann an Ballstát oibríochtaí i gcomhréir le cuspóirí EES;

(c)

léamh, cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe ar mheáin ar a mbeidh sonraí stóráilte a chosc;

(d)

iontráil neamhúdaraithe sonraí maille le hiniúchadh, modhnú nó léirscriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta stóráilte a chosc;

(e)

cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu córais uathphróiseála sonraí a úsáid;

(f)

próiseáil neamhúdaraithe sonraí in EES agus aon mhodhnú nó aon léirscriosadh neamhúdaraithe sonraí a próiseáladh in EES a chosc;

(g)

a áirithiú nach mbeidh rochtain ag na daoine a bhfuil údarú rochtana acu ar EES ach ar na sonraí sin a chumhdaítear faoin údarú rochtana sin, trí aitheantas indibhidiúil, uathúil úsáideora agus modhanna rochtana rúnda a úsáid;

(h)

a áirithiú go gcruthóidh na húdaráis uile a mbeidh ceart rochtana ar EES acu próifíl lena dtabharfar tuairisc ar fheidhmeanna agus ar fhreagrachtaí na ndaoine a bheidh údaraithe i dtaobh sonraí a iontráil, a leasú, a léirscriosadh, a cheadú agus a chuardach, agus go gcuirfear na próifílí sin ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta;

(i)

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu agus trealamh cumarsáide sonraí á úsáid;

(j)

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé na sonraí a próiseáladh in EES, mar aon le cá huair a próiseáladh iad, cé a rinne an phróiseáil sin agus cad chuige a ndearnadh an phróiseáil orthu;

(k)

cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar léirscriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta, go háirithe le teicnící criptithe iomchuí, agus sonraí pearsanta á dtarchur chuig EES nó uaidh, nó meáin ar a mbeidh sonraí á stóráil á iompar;

(l)

a áirithiú gur féidir, i gcás ina dtarlódh briseadh sa chóras, na córais a suiteáladh a chur ag obair arís mar is ceart;

(m)

an iontaofacht a áirithiú trína chinntiú go ndéantar aon fhabht dá n-éireoidh d’fheidhmiú EES a thuairisciú i gceart;

(n)

faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin um fhaireachán inmheánach is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   I dtaca le hoibriú EES, glacfaidh eu-LISA pé bearta is gá chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, lena n-áirítear plean slándála agus plean leanúnachais gnó agus athshlánaithe ó thubaiste a ghlacadh. Áiritheoidh eu-LISA an iontaofacht freisin trína chinntiú go gcuirtear i bhfeidhm pé bearta teicniúla is gá chun a áirithiú gur féidir sonraí pearsanta a stóráil i gcás ina dtarlódh truailliú sonraí mar gur mhífheidhmigh EES.

4.   Déanfaidh eu-LISA agus na Ballstáit comhar le chéile d’fhonn a áirithiú go mbeidh ann cur chuige comhchuibhithe maidir le slándáil sonraí arna bhunú ar phróiseas bainistithe riosca slándála a chuimseoidh EES ina iomláine.

Airteagal 44

Teagmhais slándála

1.   Maidir le haon imeacht a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar shlándáil EES, agus a d’fhéadfadh bheith ina chúis le damáiste a dhéanamh do shonraí a stóráiltear in EES, nó le cailleadh na sonraí sin, measfar gur teagmhas slándála é, go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé go bhfuarthas rochtain neamhúdaraithe ar shonraí nó i gcás ina ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol nó ina bhféadfadh sé go ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol.

2.   Déanfar teagmhais slándála a bhainistiú chun a áirithiú go dtabharfar freagairt thapa, éifeachtach agus iomchuí.

3.   Gan dochar d’fhógra a thabhairt faoi shárú sonraí pearsanta agus cur in iúl an tsáraithe sin de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 30 de Threoir (AE) 2016/680, nó iad araon, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, eu-LISA agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas faoi theagmhais slándála. I gcás ina dtarlaíonn teagmhas slándála maidir le Lárchóras EES, cuirfidh eu-LISA an Coimisiún agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas ina thaobh.

4.   Déanfar faisnéis maidir le teagmhas slándála a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar oibriú EES nó ar infhaighteacht, sláine agus rúndacht na sonraí, a sholáthar do na Ballstáit agus a thuairisciú de réir an phlean bhainistithe theagmhais a sholáthróidh eu-LISA.

5.   Comhoibreoidh na Ballstáit lena mbaineann agus eu-LISA lena chéile má tharlaíonn teagmhas slándála.

Airteagal 45

Dliteanas

1.   Aon duine nó aon Bhallstát ar bhain damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó de bharr oibríocht phróiseála neamhdhleathach nó de bharr aon bheart nach gcomhlíonann an Rialachán seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát atá freagrach as an damáiste a bhain dó. Beidh an Ballstát sin díolmhaithe ó aon dliteanas, go hiomlán nó i bpáirt, má éiríonn leis a chruthú nárbh é a bhí freagrach ar shlí ar bith as an eachtra ba shiocair leis an damáiste.

2.   Má theipeann ar Bhallstát a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus sin a bheith ina chúis damáiste do EES, is é an Ballstát sin a bheidh faoi dhliteanas i leith an damáiste sin más rud é agus a mhéid nach ndearna eu-LISA nó Ballstát eile atá rannpháirteach in EES bearta réasúnta chun an damáiste sin a sheachaint nó chun a thionchar a íoslaghdú.

3.   Ag forálacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit arb é an cosantóir é a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar in éadan Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Airteagal 46

eu-LISA agus na Ballstáit do choinneáil logaí

1.   Coinneoidh eu-LISA logaí in EES ar gach oibríocht phróiseála sonraí. Léireofar an méid seo a leanas sna logaí sin:

(a)

cuspóir na rochtana dá dtagraítear in Airteagal 9(2);

(b)

an dáta agus an t-am;

(c)

na sonraí a tharchuirtear dá dtagraítear in Airteagal 16 go hAirteagal 19;

(d)

na sonraí a úsáidtear i gcomhair iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 23 go hAirteagal 27; agus

(e)

ainm an údaráis a iontrálann nó a aisghabhann na sonraí.

2.   I dtaca leis na ceaduithe a liostaítear in Airteagal 8, coinneofar loga ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in EES agus in VIS i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Áiritheoidh eu-LISA go gcoinneofar go háirithe, an loga ábhartha ar na hoibríochtaí próiseála sonraí lena mbaineann nuair a sheolann na húdaráis inniúla oibríocht próiseála sonraí go díreach ó chóras amháin go córas eile.

3.   De bhreis ar mhír 1 agus ar mhír 2, coinneoidh gach Ballstát logaí den fhoireann atá cuí-údaraithe chun sonraí EES a phróiseáil.

4.   Ní fhéadfar logaí den sórt sin a úsáid ach chun faireachán cosanta sonraí a dhéanamh, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht iarrata agus ar dhleathacht próiseála sonraí, agus chun slándáil sonraí a áirithiú de bhun Airteagal 43. Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad 1 bhliain tar éis don tréimhse choinneála dá dtagraítear in Airteagal 34 a dhul in éag, murab é go mbeidh siad de dhíth ar nósanna imeachta faireacháin atá tosnaithe cheana féin.

Airteagal 47

Féinfhaireachán

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach údarás a bheidh i dteideal rochtain a fháil ar shonraí EES pé bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh an t-údarás sin, i gcás inar gá sin, leis na húdaráis maoirseachta.

Airteagal 48

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit pé beart is gá lena áirithiú go bhféadfar pionóis, a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, a ghearradh as aon úsáid a bhainfear, ar bhealach a sháraíonn an Rialachán seo, as sonraí a iontráiltear in EES i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, Airteagal 84 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 57 de Threoir (AE) 2016/680.

Airteagal 49

Slándáil sonraí

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag eu-LISA ar bhonn an Rialacháin seo.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag na húdaráis náisiúnta ar bhonn an Rialacháin seo, cé is moite de phróiseáil a dhéanfar chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo.

3.   Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis ainmnithe na mBallstát ar bhonn an Rialacháin seo chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo.

4.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/794 i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol ar bhonn an Rialacháin seo.

CAIBIDIL VII

CEARTA AGUS MAOIRSEACHT MAIDIR LE COSAINT SONRAÍ

Airteagal 50

Ceart chun faisnéise

1.   Gan dochar don cheart chun faisnéise de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679, i gcás aon náisiúnach tríú tír a bhfuiltear lena chuid sonraí a chur ar taifead in EES, cuirfidh an Ballstát atá freagrach an méid seo a leanas in iúl don duine sin:

(a)

an fíoras go bhféadfaidh na Ballstáit agus Europol EES a rochtain chun críocha fhorghníomhú an dlí;

(b)

an oibleagáid atá ar náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus ar shealbhóirí FTD go nglacfaí a méarloirg;

(c)

an oibleagáid atá ar gach náisiúnach tríú tír a bheidh faoi réir clárú le EES íomhá dá aghaidh a bheith ar taifead;

(d)

gur gá na sonraí a bhailiú chun scrúdú a dhéanamh ar na coinníollacha iontrála;

(e)

an fíoras go ndiúltófar cead isteach má dhiúltaíonn náisiúnach tríú tír na sonraí bithmhéadracha sin a chur ar fáil a iarrtar le haghaidh cláraithe, fíoraithe nó sainaitheanta in EES;

(f)

an ceart chun faisnéis a fháil maidir le huasfhad a bhfanachta údaraithe atá fágtha i gcomhréir le hAirteagal 11(3);

(g)

an fíoras go bhféadfadh sé go n-aistreofaí sonraí pearsanta a stóráladh in EES chuig an tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn I chun críocha fillte, chuig an tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 41(6) agus chuig na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 42;

(h)

go bhfuil de cheart ag duine a iarraidh ar an rialaitheoir rochtain a thabhairt ar shonraí a bhaineann leis an duine atá i gceist, agus a iarraidh go ndéanfaí sonraí míchruinne a bhaineann leis an duine a cheartú, sonraí neamhiomlána a chomhlánú, go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a bhaineann leis an té atá i gceist a léirscriosadh nó go ndéanfaí próiseáil na sonraí sin a shrianadh, agus go bhfuil de cheart ag duine freisin faisnéis a fháil maidir leis na nósanna imeachta lena bhfeidhmítear na cearta seo, lena n-áirítear sonraí teagmhála an rialaitheora agus na n-údarás maoirseachta, nó an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, más infheidhme, a éistfidh gearáin maidir le cosaint sonraí pearsanta;

(i)

an fíoras go ndéanfar sonraí atá in EES a rochtain chun críocha bainistithe teorann agus chun críocha éascú a dhéanamh agus go mbeidh sé de thoradh ar ró-fhanachtaí go gcuirfear a gcuid sonraí go huathoibríoch ar liosta na ndaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 12(3), agus míniú ar pé iarmhairt a thiocfadh den ró-fhanacht sin;

(j)

an tréimhse coinneála sonraí a bhaineann le taifid ar dhul isteach agus imeacht, le taifid ar dhiúltú cead isteach, agus le comhaid aonair de bhun Airteagal 34;

(k)

an ceart atá ag rófhantóirí a gcuid sonraí a léirscriosadh ó liosta na ndaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 12(3) agus a cheartú in EES, i gcás ina gcuireann siad ar fáil fianaise a léireodh gur i ngeall ar imeachtaí neamh-intuartha tromchúiseacha a d’fhan siad thar an bhfad fanachta údaraithe;

(l)

an ceart gearán a dhéanamh leis na húdaráis mhaoirseachta.

2.   An fhaisnéis sin a chuirfear ar fáil i mír 1 den Airteagal seo, cuirfear ar fáil í i scríbhinn, ar aon mhodh is iomchuí, i riocht a bheidh achomair, trédhearcach, sothuigthe, agus so-rochtana, agus cuirfear ar fáil í, trí úsáid a bhaint as teanga shoiléir shimplí, i dteanga a thuigfidh an duine lena mbaineann nó i dteanga ar den réasúntacht go dtuigfeadh an duine sin í, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear ar an eolas na náisiúnaigh tríú tír maidir lena gcearta, tráth a mbeidh comhad aonair an duine sin á chruthú i gcomhréir le hAirteagal 16, le hAirteagal 17 nó le hAirteagal 18.

3.   Cuirfidh an Coimisiún suíomh gréasáin ar bun freisin ar a mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhréachtú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

5.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil mar theimpléad. Déanfar an teimpléad a dhréachtú ar bhealach a chuirfidh ar chumas na mBallstát é a chomhlánú le faisnéis bhreise is sonrach don Bhallstát. Áireofar ar a laghad san fhaisnéis sin is sonrach don Bhallstát cearta an duine is ábhar do na sonraí, faisnéis faoin gcabhair a d’fhéadfaí a fháil ó na húdaráis mhaoirseachta, mar aon le sonraí teagmhála oifig an rialaitheora agus an oifigigh cosanta sonraí agus na n-údarás maoirseachta. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na sonraíochtaí agus na dálaí a bhainfidh leis an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh roimh thús oibríochtaí EES i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Airteagal 51

Feachtas faisnéise

In éineacht le tús oibríochtaí EES, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, feachtas faisnéise a chur ar siúl chun an pobal agus, go háirithe, náisiúnaigh tríú tír, a chur ar an eolas faoi chuspóirí EES, faoi na sonraí a stóráiltear in EES, faoi na húdaráis a bhfuil rochtain acu ar na sonraí sin, agus faoi chearta na ndaoine lena mbaineann. Seolfar feachtais faisnéise den sórt sin ar bhonn rialta.

Airteagal 52

Ceart rochtana ar shonraí pearsanta, an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú, a chomhlánú agus a léirscriosadh, agus an ceart go gcuirfí srian le próiseáil sonraí pearsanta

1.   Féadfar na hiarrataí ó náisiúnaigh tríú tír maidir leis na cearta sin a leagtar amach in Airteagal 15 go hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/679 a chur chuig an údarás inniúil in aon Bhallstát.

Pé Ballstát a bheidh freagrach nó pé Ballstát ar faoina bhráid a cuireadh an iarraidh, tabharfaidh sé freagra ar na hiarrataí sin tráth nach déanaí ná 45 lá ó fuarthas an iarraidh.

2.   Má chuirtear iarraidh maidir le ceartú, comhlánú, nó scriosadh sonraí pearsanta nó maidir le srianadh ar a bpróiseáil faoi bhráid Ballstáit seachas an Ballstát atá freagrach, seiceálfaidh údaráis an Bhallstáit ar chuige a cuireadh an iarraidh cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht na próiseála a rinneadh ar na sonraí sin in EES laistigh de 30 lá ó fuarthas an iarraidh i gcás inar féidir an tseiceáil sin a dhéanamh gan dul i dteagmháil leis an mBallstát atá freagrach. Sin nó rachaidh an Ballstát ar faoina bhráid a cuireadh an iarraidh i dteagmháil le húdaráis an Bhallstáit atá freagrach laistigh de 7 lá agus seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht na próiseála laistigh de 30 lá ón teagmháil sin.

3.   I gcás ina bhfuil sonraí atá ar taifead in EES míchruinn ó thaobh fíoras de, neamhiomlán nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, déanfaidh an Ballstát atá freagrach, nó i gcás inarb infheidhme, an Ballstát chuig ar seoladh an iarraidh na sonraí pearsanta sin a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh nó próiseáil na sonraí pearsanta a shrianadh i gcomhréir le hAirteagal 35. Dearbhóidh an Ballstát atá freagrach, nó i gcás inarb iomchuí, an Ballstát chuig ar seoladh an iarraidh, i scríbhinn agus gan mhoill, don duine lena mbaineann go bhfuiltear tar éis beart a dhéanamh chun na sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine sin a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, nó próiseáil shonraí pearsanta an duine sin a shrianadh.

I gcás ina bhfuil sonraí a bhaineann le víosa atá ar taifead in EES mícheart ó thaobh fíoras de, neamhiomlán nó gur taifeadadh iad go neamhdhleathach, seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach, nó i gcás inarb infheidhme, an Ballstát chuig ar seoladh an iarraidh, cruinneas na sonraí sin in VIS agus, más gá, leasóidh sé in EES iad. Más ionann na sonraí atá ar taifead in VIS agus in EES, rachaidh an Ballstát atá freagrach nó, más infheidhme, an Ballstát ar chuige a seoladh an iarraidh i dteagmháil leis na húdaráis sa Bhallstát atá freagrach as na sonraí sin a iontráil in VIS, laistigh de 7 lá. Seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach as na sonraí a iontráil in VIS cruinneas na sonraí a bhaineann leis an víosa agus dlíthiúlacht a bpróiseála in EES, laistigh de 30 lá ón teagmháil sin, agus cuirfidh sé ar an eolas an Ballstát atá freagrach nó an Ballstát ar chuige a seoladh an iarraidh agus déanfaidh an Ballstát sin, más gá, na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a cheartú nó a chomhlánú nó próiseáil sonraí den sórt sin in EES a shrianadh nó sonraí den sórt sin a léirscriosadh ó EES gan mhoill agus, i gcás inarb infheidhme, ó liosta na ndaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

4.   Mura n-aontaíonn an Ballstát atá freagrach nó, i gcás inarb infheidhme, an Ballstát ar chuige a seoladh an iarraidh, go bhfuil sonraí atá ar taifead in EES míchruinn ó thaobh fíoras de, neamhiomlán nó gur go neamhdhleathach a taifeadadh iad, glacfaidh an Ballstát cinneadh riaracháin agus míneoidh sé i scríbhinn gan mhoill don náisiúnach tríú tír lena mbaineann cad chuige nach bhfuil sé sásta na sonraí a bhaineann leis nó léi a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh nó a bpróiseáil a shrianadh.

5.   Cuirfidh an Ballstát atá tar éis an cinneadh riaracháin a ghlacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo faisnéis ar fáil don náisiúnach tríú tír lena mbaineann lena míneofar na bearta is féidir leis nó léi a ghlacadh mura nglacann sé no sí leis an míniú. Áireofar san fhaisnéis sin an tslí le caingean a thabhairt nó le gearán a dhéanamh os comhair údaráis inniúla nó chúirteanna an Bhallstáit sin, agus aon chúnamh, lena n-áirítear cúnamh ón údarás maoirseachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679, atá ar fáil i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta an Bhallstáit sin.

6.   I gcás aon iarraidh a dhéanfar de bhun mhír 1 agus mhír 2, beidh inti an íosmhéid faisnéise is gá chun gur féidir an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a shainaithint. I gcásanna cuí-réasúnaithe amháin agus nuair atá amhras le dealramh maidir le céannacht an iarratasóra, is ceadmhach méarloirg a iarraidh chun na críche sin. Is chun feidhmiú na gceart dá dtagraítear i mír 1 ag an náisiúnach tríú tír sin a éascú a úsáidfear an fhaisnéis sin, agus chuige sin amháin, agus déanfar í a léirscriosadh go díreach ina dhiaidh sin.

7.   Aon uair a dhéanfaidh duine iarraidh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, coinneoidh údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach nó an Bhallstáit ar chuige a seoladh an iarraidh taifead mar dhoiciméad scríofa go ndearnadh iarraidh den sórt sin. Beidh faisnéis sa doiciméad sin ar an mbealach ar déileáladh leis an iarraidh agus an t-údarás a rinne sin. Cuirfidh an t-údarás inniúil an doiciméad sin ar fáil gan mhoill don údarás maoirseachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679, laistigh de 7 lá.

Airteagal 53

Comhar chun cearta cosanta sonraí a fhorfheidhmiú

1.   Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go gníomhach chun na cearta a leagtar síos in Airteagal 52 a fhorghníomhú.

2.   I ngach Ballstát, cabhróidh an t-údarás maoirseachta, a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679, arna iarraidh sin air, leis an duine is ábhar do na sonraí agus cuirfidh sé comhairle air maidir le feidhmiú a chirt nó a cirt go gceartófaí, go gcomhlánófaí nó go léirscriosfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi nó go ndéanfaí próiseáil na sonraí sin a shrianadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

D’fhonn na haidhmeanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhaint amach, comhoibreoidh údarás maoirseachta an Bhallstáit sin atá freagrach agus a tharchuir na sonraí le húdarás maoirseachta an Bhallstáit ar chuige a seoladh an iarraidh.

Airteagal 54

Leigheasanna

1.   Gan dochar d’Airteagal 77 ná d’Airteagal 79 de Rialachán (AE) 2016/679, beidh sé de cheart i ngach Ballstát ag aon duine caingean a thabhairt nó gearán a dhéanamh os comhair údaráis inniúla nó chúirteanna an Bhallstáit sin a dhiúltaigh an ceart rochtana ar na sonraí a bhaineann leis nó léi, nó a dhiúltaigh an ceart na sonraí sin a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, mar a fhoráiltear in Airteagal 52 agus in Airteagal 53(2) den Rialachán seo. Beidh sé de cheart caingean a thabhairt nó gearán a dhéanamh freisin i gcás nach bhfuarthas aon fhreagra, laistigh de na sprioc-amanna dá bhforáiltear in Airteagal 52, ar iarrataí ar rochtain a fháil, go ndéanfaí ceartúcháin, comhlánú nó léirscriosadh, nó i gcás nár dhéileáil an rialaitheoir sonraí leis an iarraidh ar chor ar bith.

2.   Beidh cúnamh le fáil ón údarás maoirseachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó thús deireadh na n-imeachtaí.

Airteagal 55

Maoirseacht ag an údarás maoirseachta

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 faireachán neamhspleách ar dhlíthiúlacht na próiseála ar shonraí pearsanta dá dtagraítear i gCaibidil II, III, V agus VI den Rialachán seo arna déanamh ag an mBallstát lena mbaineann, lena n-áirítear tarchur na sonraí sin chuig EES agus as.

2.   Áiritheoidh an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 go ndéanfar iniúchóireacht ar na hoibríochtaí próiseála sonraí sa bhonneagar náisiúnta teorann i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha gach 3 bliana ar a laghad ó thús oibríochtaí EES. Féadfar torthaí na hiniúchóireachta sin a chur san áireamh sna measúnuithe a dhéanfar faoi chuimsiú an tsásra a bunaíodh le Rialachán 1053/2013 ón gComhairle (43). Gach bliain, foilseoidh an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 líon na n-iarrataí a fuarthas go ndéanfaí sonraí a cheartú, a chomlánú nó a léirscriosadh, nó go ndéanfaí próiseáil sonraí a shrianadh, an beart a glacadh ina dhiaidh sin, agus líon na gceartúchán, na gcomhlánuithe, an léirscriosta agus na sriantaí próiseála a rinneadh de fhreagairt ar iarrataí ag na daoine lena mbaineann.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag a n-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 a dhóthain acmhainní chun na cúraimí a leagtar air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus go mbeidh fáil aige ar chomhairle uatha siúd atá leoreolach ar shonraí bithmhéadracha.

4.   Soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis a iarrfaidh an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus, go háirithe, soláthróidh sé dó aon fhaisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 38, hAirteagal 39(1) agus hAirteagal 43. Tabharfaidh na Ballstáit rochtain don údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ar a gcuid logaí de bhun Airteagal 46 agus ceadóidh siad dó rochtain a bheith aige tráth ar bith ar gach áitreabh de chuid an Bhallstáit dá mbaineann le EES.

Airteagal 56

Maoirsiú arna dhéanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.   Is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar pé gníomhaíochtaí próiseála sonraí a dhéanfaidh eu-LISA i dtaca le EES agus as a áirithiú gur i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 agus leis an Rialachán seo a dhéanfar na gníomhaíochtaí sin.

2.   Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gur i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha a dhéanfar iniúchóireacht ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta a dhéanfaidh eu-LISA gach 3 bliana ar a laghad. Seolfar tuarascáil ar an iniúchóireacht sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig eu-LISA agus chuig na húdaráis mhaoirseachta. Tabharfar deis do eu-LISA barúlacha a nochtadh sula nglacfar an tuarascáil.

3.   Soláthróidh eu-LISA pé faisnéis a iarrfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí air, tabharfaidh sé rochtain dó nó di ar gach doiciméad agus ar na logaí dá dtagraítear in Airteagal 46 agus ceadóidh sé rochtain dó no di tráth ar bith ar gach áitreabh dá chuid nó dá cuid.

Airteagal 57

Comhar idir na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.   Na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag gníomhú dóibh araon laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí féin faoi seach, déanfaidh siad comhar gníomhach le chéile faoi chuimsiú na bhfreagrachtaí acu, agus áiritheoidh siad go ndéanfar maoirseacht chomhordaithe ar EES agus ar na bonneagair náisiúnta teorann.

2.   Na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, déanfaidh siad faisnéis ábhartha a mhalartú, cabhróidh siad le chéile chun iniúchóireachtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, scrúdóidh siad deacrachtaí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh siad measúnú ar aon fhadhbanna a bhaineann le feidhmiú maoirseachta neamhspleáiche nó le feidhmiú chearta an duine is ábhar do na sonraí, ullmhóidh siad tograí comhchuibhithe i gcomhair réitigh chomhpháirteacha ar aon fhadhbanna, agus cuirfidh siad feasacht faoi chearta cosanta sonraí chun cinn, de réir mar is gá.

3.   Chun críche mhír 2, tiocfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile faoi dhó sa bhliain ar a laghad faoi chuimsiú an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/679 (“an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí”). Is é an Bord sin a íocfaidh as costais na gcruinnithe sin agus glacfaidh an Bord eagrú na gcruinnithe sin mar chúram air. Glacfar rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú. Déanfar modhanna oibre eile a fhorbairt i gcomhpháirt a chéile, de réir mar is gá.

4.   Déanfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, comhthuarascáil ar ghníomhaíochtaí a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig eu-LISA gach dara bliain. Sa tuarascáil sin, beidh caibidil ar gach Ballstát arna hullmhú ag údaráis mhaoirseachta an Bhallstáit sin.

Airteagal 58

Cosaint sonraí pearsanta arna rochtain i gcomhréir le Caibidil IV

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na dlíthe náisiúnta, na rialacháin náisiúnta agus na forálacha riaracháin náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir (AE) 2016/680, go mbeidh siad infheidhme freisin i dtaca le rochtain a thabhairt ar EES do na húdaráis náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 1(2) den Rialachán seo, lena n-airítear i dtaca lena gcearta siúd a ndéantar a gcuid sonraí a rochtain ar an gcuma sin.

2.   Is é an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680 a dhéanfaidh faireachán ar dhlíthiúlacht na rochtana a thabharfar do na Ballstáit ar shonraí pearsanta i gcomhréir le Caibidil IV den Rialachán seo, lena n-áirítear tarchur na sonraí sin chuig EES agus as. Beidh feidhm dá réir ag Airteagal 55(3) agus (4) den Rialachán seo.

3.   Beidh an phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanfaidh Europol de bhun an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 agus faoi mhaoirseacht ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

4.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhainfear as EES i gcomhréir le Caibidil IV a phróiseáil ach amháin d’fhonn an cás sonrach ar iarr Ballstát nó Europol na sonraí ina leith a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

5.   Coinneoidh Lárchóras EES, na húdaráis ainmnithe, na lárphointí rochtana agus Europol taifead ar na cuardaigh chun gur féidir leis an údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680 agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na próiseála sonraí le rialacha cosanta sonraí an Aontais agus rialacha cosanta sonraí náisiúnta. Cé is móite den chríoch sin, déanfar, tar éis 30 lá, sonraí pearsanta chomh maith leis na taifid ar chuardaigh a rinneadh, a léirscriosadh ó na comhaid náisiúnta uile agus ó chomhaid Europol uile, ach amháin má tá na sonraí agus na taifid sin de dhíth chun críocha an imscrúdaithe choiriúil shonraigh atá fós ar siúl agus ar iarr an Ballstát nó Europol na sonraí ina leith.

Airteagal 59

Logáil agus doiciméadacht

1.   Áiritheoidh gach Ballstát agus Europol go ndéanfar gach oibríocht próiseála sonraí a thagann as iarrataí ar rochtain ar shonraí EES i gcomhréir le Caibidil IV a logáil nó a dhoiciméadú chun críocha inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil, faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus ar shláine agus ar shlándáil sonraí agus chun críocha féinfhaireacháin.

2.   Léireoidh an loga nó an doiciméadacht an méid seo a leanas, i ngach cás:

(a)

cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar rochtain ar shonraí EES, lena n-áirítear an cion sceimhlitheoireachta nó an cion coiriúil tromchúiseach eile lena mbaineann agus, i gcás Europol, cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar rochtain;

(b)

na forais réasúnacha a luaitear chun nach ndéanfar comparáid le Ballstáit eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB, i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 32(2) den Rialachán seo;

(c)

tagairt an chomhaid náisiúnta;

(d)

an dáta agus an t-am baileach ar iarr an lárphointe rochtana rochtain ar an Lárchóras EES;

(e)

ainm an údaráis a d’iarr rochtain le haghaidh ceadaithe;

(f)

i gcás inarb infheidhme, úsáid an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 31(2) den Rialachán seo agus an cinneadh arna ghlacadh maidir leis an bhfíorú ex-post;

(g)

na sonraí a úsáideadh le haghaidh ceadaithe;

(h)

i gcomhréir le rialacha náisiúnta nó le Rialachán (AE) 2016/794, aitheantas uathúil úsáideora an oifigigh a rinne an cuardach agus an oifigigh a d’ordaigh an cuardach.

3.   Ní úsáidfear logaí ná doiciméadacht ach amháin chun faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus chun sláine agus slándáil sonraí a áirithiú. Ní fhéadfaidh ach logaí nach gcuimsíonn sonraí pearsanta a úsáid i gcomhair an fhaireacháin agus na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 72 den Rialachán seo. An t-údarás maoirseachta, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680, atá freagrach as inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil, as faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus as sláine agus slándáil na sonraí, beidh rochtain aige ar na logaí seo arna iarraidh sin dó chun críche a dhualgais a chomhlíonadh.

CAIBIDIL VIII

LEASUITHE AR IONSTRAIMÍ EILE DE CHUID AN AONTAIS

Airteagal 60

Leasuithe ar an gCoinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme

Leasaítear Airteagal 20 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní dhéanfaidh mír 1 difear don cheart atá ag gach Páirtí Conarthach fanacht eachtrannaigh ina chríoch a shíneadh thar 90 lá le linn tréimhse dar fad 180 lá:

(a)

i gcásanna eisceachtúla; nó

(b)

i gcomhréir le comhaontú déthaobhach arna thabhairt i gcrích roimh theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo agus arna chur in iúl don Choimisiún i gcomhréir le mír 2d.”;

(2)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“2a.   Féadfar síneadh a chur le fanacht eachtrannaigh ar chríoch Páirtí Chonarthaigh i gcomhréir le comhaontú déthaobhach de bhun phointe (b) de mhír 2, arna iarraidh sin ag an eachtrannach agus arna thaisceadh le húdaráis inniúla an Pháirtí Chonarthaigh sin ar theacht isteach don eachtrannach nó le linn na tréimhse fanachta aige/aici agus ar a dheireanaí ar an lá deireanach oibre aige/aici dá fhanacht nó dá fanacht 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

Sa chás nach ndéanann an t-eachtrannach iarraidh a thaisceadh le linn na tréimhse fanachta 90 lá in aon tréimhse 180 lá, féadfar síneadh a chur lena fhanacht nó lena fanacht de bhun chomhaontú déthaobhach arna thabhairt i gcrích ag Páirtí Conarthach agus féadfaidh údaráis inniúla an Pháirtí Chonarthaigh sin a thoimhdiú go raibh fanacht an duine sin thar an bhfanacht 90 lá in aon tréimhse 180 lá, sular tugadh an síneadh sin, go raibh sé dleathach ar an gcoinníoll go gcuirfidh an t-eachtrannach fianaise inchreidte ar fáil lena gcruthaítear nár fhan sé nó sí ach ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh sin le linn na tréimhse sin.

2b.   I gcás ina gcuirfear síneadh leis an bhfanacht de bhun mhír 2 den Airteagal seo, iontrálfaidh údaráis inniúla an Pháirtí Chonarthaigh sin na sonraí a bhaineann leis an síneadh sa taifead ábhartha ar dhul isteach/imeacht is déanaí a ghabhann le sainchomhad an eachtrannaigh ata sa Chóras Dul Isteach/Imeachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). Déanfar na sonraí sin a iontráil i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán sin.

2c.   I gcás ina gcuirfear síneadh leis an bhfanacht de bhun mhír 2, beidh an t-eachtrannach lena mbaineann údaraithe chun fanacht ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh sin agus ansin amháin agus chun imeacht ó theorainneacha seachtracha an Pháirtí Chonarthaigh sin.

An t-údarás inniúil a chuir síneadh leis an tréimhse fanachta, cuirfidh sé in iúl don eachtrannach lena mbaineann nár údaraíodh an t-eachtrannach lena mbaineann chun fanacht leis an síneadh ar an tréimhse fanachta ach amháin ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh agus go n-imeoidh sé nó sí ó theorainneacha seachtracha an Pháirtí Chonarthaigh sin.

2d.   Faoin 30 Márta 2018, tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra don Choimisiún maidir le téacs a gcomhaontuithe ábhartha déthaobhacha is infheidhme dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2. Má scoireann Páirtí Conarthach d’aon cheann de na comhaontuithe déthaobhacha sin a chur i bhfeidhm, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith sin. Foilseoidh an Coimisiún, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, faisnéis faoi na comhaontuithe déthaobhacha sin, lena n-áirítear — den chuid is lú — na Ballstáit agus na tríú tíortha atá i gceist, na cearta a bhronntar ar eachtrannaigh de bhun na gcomhaontuithe sin, maille le haon athruithe a cuireadh orthu.

(*1)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, Ich. 20).”."

Airteagal 61

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 10(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(da)

i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis lena dtugtar le fios gur le bailíocht chríochach theoranta a eisíodh an víosa de bhun Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(l)

i gcás inarb infheidhme, stádas an duine lena dtugtar le fios gur ball de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) maidir leis nó náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile.

(*2)  Treoir 2004/38/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).”;"

(2)

in Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   I gcás ina ndéantar cinneadh víosa a neamhniú nó a chúlghairm, déanfaidh an t-údarás víosaí a rinne an cinneadh na sonraí a liostaítear faoi Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) a aisghabháil agus a easpórtáil láithreach ó VIS isteach sa Chóras Dul Isteach/Imeachta a bunaíodh leis an Rialachán sin (EES).

(*3)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnaigh tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, Ich. 20)”;"

(3)

in Airteagal 14, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   I gcás ina gcinntear síneadh a chur le tréimhse bhailíochta, le fad fanachta na víosa arna heisiúint, nó iad araon, déanfaidh an t-údarás víosaí a ghlac an cinneadh na sonraí a liostaítear faoi Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 a aisghabháil agus a easpórtáil láithreach ó VIS isteach in EES.”;

(4)

leasaítear Airteagal 15 mar seo a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) agus phointe (c):

“(b)

sloinne (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne;

(c)

cineál agus uimhir an doiciméid taistil; cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil; agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;”;

(b)

cuirtear leis na míreanna seo a leanas:

“4.   Chun críocha EES a cheadú d’fhonn iarratais ar víosa a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ina dtaobh i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/2226, tabharfar don údarás inniúil víosaí rochtain ar EES díreach as VIS d’fhonn EES a chuardach le rogha amháin nó níos mó de na sonraí sin dá dtagraítear san Airteagal sin.

5.   I gcás ina léiríonn an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nach bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in VIS nó i gcás ina bhfuiltear in amhras faoi chéannacht an náisiúnaigh tríú tír, beidh rochtain ag an údarás inniúil víosaí ar shonraí chun sainaithint a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 20.”;

(5)

i gCaibidil III, cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 17a

Idir-inoibritheacht le EES

1.   Ó thús oibríochtaí EES, dá bhforáiltear in Airteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226, beidh idir-inoibritheacht ann idir EES agus VIS d’fhonn éifeachtúlacht seiceálacha teorann a áirithiú agus luas a chur leo. Chuige sin, bunóidh eu-LISA Bealach Cumarsáide Slán idir lárchóras EES agus lárchóras VIS. Ní féidir ceadú díreach a dhéanamh idir na EES agus VIS ach amháin má dhéantar foráil sa Rialachán seo agus i Rialachán 2017/2226 maidir leis. Is próiseas uathoibrithe a bheidh i gceist le sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil ó VIS, iad a easpórtáil isteach in EES, agus na sonraí ó VIS a nuashonrú in EES a luaithe a chuirfidh an t-údarás lena mbaineann tús leis an oibríocht atá i gceist.

2.   Cuirfidh idir-inoibritheacht ar chumas na n-údarás víosa EES a cheadú as VIS tráth a mbeidh VIS á úsáid acu chun na nithe seo a dhéanamh:

(a)

agus iarratais ar víosa á scrúdú agus cinneadh á dhéanamh maidir leo mar a thagraítear dó in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/2226, agus in Airteagal 15(4) den Rialachán seo;

(b)

d’fhonn na sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil agus a easpórtáil go díreach ó VIS isteach in EES i gcás ina ndéantar víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2017/2226, agus le hAirteagal 13 agus Airteagal 14 den Rialachán seo;

3.   Trí idir-inoibritheacht, cuirfear ar chumas na n-údarás teorann sin a úsáideann EES VIS a cheadú as EES chun:

(a)

na sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil go díreach ó VIS agus iad a iompórtáil isteach in EES ionas gur féidir taifead ar dhul isteach/imeacht nó taifead ar dhiúltú cead isteach de chuid sealbhóra víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 14, le hAirteagal 16 agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226 agus le hAirteagal 18a den Rialachán seo;

(b)

na sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil go díreach ó VIS agus iad a iompórtáil isteach in EES i gcás ina ndéantar víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2017/2226, agus le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14 den Rialachán seo;

(c)

barántúlacht agus bailíocht na víosa a fhíorú agus a fhíorú cé acu a bhfuil nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach ar chríoch na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), nó iad araon, á gcomhlíonadh, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 18(2) den Rialachán seo;

(d)

seiceáil a dhéanamh ar cláraíodh cheana náisiúnaigh tríú tír, ar náisiúnaigh iad atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus nach bhfuil sainchomhad ar taifead in EES ina leith in VIS i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2017/2226 agus le hAirteagal 19a den Rialachán seo;

(e)

a fhíorú, i gcás gur le méarloirg atá céannacht an tsealbhóra víosa le fíorú, céannacht an tsealbhóra víosa le méarloirg in VIS i gcomhréir le hAirteagal 23(2) agus Airteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus le hAirteagal 18(6) den Rialachán seo.

4.   Maidir le feidhmiú sheirbhís gréasáin EES dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/2226, déanfaidh VIS nuashonrú laethúil ar an mbunachar sonraí ar leith sin – ar bunachar sonraí inléite amháin é — dá dtagraítear in Airteagal 13(5) den Rialachán sin trí aisbhaint-aon-slí a dhéanamh ar an íos-fhothacar sonraí is gá de chuid VIS.

5.   I gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) 2017/2226, glacfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun an idir-inoibritheacht ar ardchaighdeán a bhunú agus a mhúnlú. D’fhonn an idir-inoibritheacht le EES a bhunú, déanfaidh an tÚdarás Bainistíochta pé forbairtí agus oiriúnaithe is gá ar VIS lárnach, ar an gcomhéadan náisiúnta i ngach Ballstát, agus ar an mBonneagar Cumarsáide idir VIS lárnach agus na comhéadain náisiúnta. Déanfaidh na Ballstáit na bonneagair náisiúnta a oiriúnú agus a fhorbairt.

(*4)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).”."

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

“Airteagal 18

Rochtain ar shonraí chun críocha fíoraithe ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES

1.   Chun céannacht sealbhóirí víosa a fhíorú, chun barántúlacht, bailíocht ama, bailíocht chríochach, agus stádas na víosa a fhíorú, agus chuige sin amháin, nó chun a chinneadh ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le dul isteach ar chríoch na mBallstát i gcomhréir le Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399, agus chuige sin amháin, nó iad araon, beidh rochtain ag na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES ar VIS chun cuardach a dhéanamh leis na sonraí seo a leanas:

(a)

sloinne (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne; cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil; cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil nó na doiciméid taistil; agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil in éag; nó

(b)

an uimhir atá ar an ngreamán víosa.

2.   Chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus chucu siúd amháin, i gcás ina seoltar cuardach in EES de bhun Airteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, féadfaidh an t-údarás inniúil teorann cuardach a sheoladh in VIS go díreach as EES leis na sonraí sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina seoltar cuardach in EES de bhun Airteagal 23(2) nó (4) de Rialachán (AE) 2017/2226, féadfaidh an t-údarás inniúil teorann cuardach a dhéanamh in VIS ach gan idir-oibritheacht le EES a úsáid, i gcás ina bhfágann cúinsí ar leith gur mar sin is gá, go háirithe, nuair a fhágann cúinsí sonracha náisiúnaigh tríú tír gur iomchuí cuardach a dhéanamh agus leas á bhaint as na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, nó i gcás nach indéanta go teicniúil sonraí EES a cheadú, ar bhonn seladach, nó i gcás ina dteipeann ar EES.

4.   Má léiríonn an cuardach sin leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil sonraí á stórail in VIS faoi víosa amháin nó níos mó a eisíodh nó ar cuireadh síneadh léi nó leo, agus atá fós bailí ó thaobh na tréimhse bailíochta agus na bailíochta críochaí don trasnú teorann, tabharfar rochtain don údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES d’fhonn na sonraí seo a leanas atá sa chomhad iarratais lena mbaineann, agus atá i gcomhad iarratais nó i gcomhaid iarratais arna nascadh de bhun Airteagal 8(4) a cheadú, chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun na gcríoch sin amháin:

(a)

faisnéis faoin stádas agus na sonraí a baineadh as an bhfoirm iarratais, dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus (4);

(b)

grianghraif;

(c)

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 13 agus Airteagal 14 agus a iontráladh i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní nó a cúlghaireadh nó i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí ar cuireadh síneadh lena tréimhse nó lena dtréimhse bailíochta.

Ina theannta sin, i gcás sealbhóirí víosa nach gá sonraí áirithe a thabhairt ina leith ar chúiseanna dlí nó nach féidir a thabhairt, ar chúiseanna fíorasacha, tabharfar fógra don údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES i dtaobh an réimse shonraigh sonraí nó na réimsí sonracha sonraí lena mbaineann agus cuirfear “neamhbhainteach” sa réimse nó sna réimsí sin.

5.   Má léiríonn an cuardach sin leis na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo go bhfuil sonraí maidir leis an duine ar taifead in VIS ach nach bhfuil aon víosa bailí ar taifead, tabharfar rochtain don údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES d’fhonn na sonraí seo a leanas a cheadú, ar sonraí iad atá sa chomhad iarratais nó sna comhaid iarratais, agus atá i gcomhad iarratais nó i gcomhaid iarratais arna nascadh de bhun Airteagal 8(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun na gcríoch sin amháin:

(a)

faisnéis faoin stádas agus na sonraí a baineadh as an bhfoirm iarratais, dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus (4);

(b)

grianghraif;

(c)

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 agus a iontráladh i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní nó a cúlghaireadh nó i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí ar cuireadh síneadh lena thréimhse nó lena dtréimhse bailíochta.

6.   De bhreis ar an gceadú a dhéanfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES céannacht an duine a fhíorú in VIS i gcás ina léiríonn an cuardach a rinneadh leis na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo go bhfuil sonraí faoin duine sin ar taifead in VIS agus go gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní féidir céannacht an duine a dheimhniú in EES i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, toisc:

(i)

nach bhfuil an sealbhóir víosa cláraithe fós in EES;

(ii)

go ndéantar an chéannacht a fhíorú, ag an bpointe trasnaithe teorann lena mbaineann, le méarloirg i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226;

(iii)

go bhfuil amhras ann i dtaobh chéannacht an tsealbhóra víosa;

(iv)

cúis éigin eile;

(b)

is féidir céannacht an duine a fhíorú in EES ach tá feidhm ag Airteagal 23(5) de Rialachán (AE) 2017/2226.

Na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES, fíoróidh siad méarloirg an tsealbhóra víosa leis na méarloirg atá ar taifead in VIS. I gcás sealbhóirí víosa nach féidir leas a bhaint as a gcuid méarlorg, is leis na sonraí alfa-uimhriúla amháin, dá bhforáiltear i mír 1, a dhéanfar an cuardach dá dtagraítear i mír 1.

7.   Chun na méarloirg a fhíorú in VIS, dá bhforáiltear i mír 6, féadfaidh an t-údarás inniúil cuardach in EES a sheoladh as EES go VIS.

8.   I gcás nach féidir sealbhóir na víosa nó an víosa féin a fhíorú nó i gcás ina mbeidh amhras maidir le céannacht an tsealbhóra víosa nó maidir le barántúlacht na víosa nó an doiciméid taistil, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES ar shonraí i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (2).”;

(7)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 18a

Sonraí VIS a aisghabháil chun taifead ar dhul isteach/imeacht nó taifead ar dhiúltú cead isteach an tsealbhóra víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES

Chun taifead ar dhul isteach/imeacht nó taifead ar dhiúltú cead isteach do shealbhóir víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus Airteagal 16 agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226, agus chun na críche sin amháin, tabharfar rochtain don údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES na sonraí atá stóráilte in VIS agus a liostaítear i bpointe (c) go pointe (f) d’Airteagal 16(2) den Rialachán sin a aisghabháil ó VIS agus a iompórtáil isteach in EES.”;

(8)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 19a

VIS a úsáid sula gcruthaítear in EES sainchomhaid do náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa

1.   Chun críche fáil amach ar cláraíodh duine in VIS cheana, na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag pointí trasnaithe teorann seachtraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, ceadóidh siad VIS sula gcruthóidh siad in EES an sainchomhad aonair don náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa mar atá leagtha síos in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2017/2226.

2.   Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 23(4) de Rialachán 2017/2226 agus ina léiríonn an cuardach dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán sin nach bhfuil ar taifead in EES sonraí faoi náisiúnach tríú tír, beidh rochtain ag an údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES chun cuardach a dhéanamh in VIS leis na sonraí seo a leanas: sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne; cineál agus uimhir an doiciméid taistil; cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil; agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag.

3.   Chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus chun na gcríoch sin amháin, tar éis cuardach a dhéanamh in EES de bhun Airteagal 23(4) de Rialachán 2017/2226, féadfaidh an t-údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES cuardach a sheoladh in VIS go díreach as EES leis na sonraí alfa-uimhriúla dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo.

4.   Ina theannta sin, má léiríonn an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear i mír 2 go bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in VIS, fíoróidh an t-údarás atá inniúil as seiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES méarloirg an náisiúnaigh tríú tír leis na méarloirg atá ar taifead in VIS. Féadfaidh an t-údarás sin an fíorú a sheoladh as EES. I gcás náisiúnaigh tríú tír nach féidir leas a bhaint as a gcuid méarlorg, is leis na sonraí alfa-uimhriúla dá bhforáiltear i mír 2 amháin a dhéanfar an cuardach.

5.   Má léiríonn an cuardach leis na sonraí atá liostaithe i mír 2 den Airteagal seo agus an fíorú a rinneadh faoi mhír 4 den Airteagal seo go bhfuil ar taifead in VIS sonraí faoin duine, beidh rochtain ag an údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES d’fhonn na sonraí seo a leanas a cheadú atá sa chomhad nó sna comhaid iarratais lena mbaineann agus i gcomhad iarratais nó i gcomhaid iarratais arna nascadh de bhun Airteagal 8(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun na gcríoch sin amháin:

(a)

faisnéis faoin stádas agus na sonraí a baineadh as an bhfoirm iarratais, dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus (4);

(b)

grianghraif;

(c)

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 a iontráladh i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí ar cuireadh síneadh lena thréimhse nó lena dtréimhse bailíochta.

6.   I gcás ina dteipfidh ar an bhfíorú dá bhforáiltear faoi mhír 4 nó faoi mhír 5 den Airteagal seo nó i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le céannacht an duine nó maidir le barántúlacht an doiciméid taistil, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES ar shonraí i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (2). Féadfaidh an t-údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES an próiseas sainaithniúcháin sin dá dtagraítear in Airteagal 20 a sheoladh as EES.”;

(9)

in Airteagal 20(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Chun críocha aon duine a shainaithint a d’fhéadfadh gur cláraíodh é nó í cheana in VIS nó nach gcomhlíonann sé nó sí, nó nach gcomhlíonann sé nó sí a thuilleadh, na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, le fanacht nó le cónaí a dhéanamh ar chríoch na mBallstát, agus chucu siúd amháin, beidh ag na húdaráis inniúla d’fhonn seiceálacha a dhéanamh ag ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES nó laistigh de chríoch na mBallstát an bhfuil na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, nó fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh nó nach bhfuil, beidh ag na húdaráis sin rochtain d’fhonn cuardach a dhéanamh in VIS le méarloirg an duine sin.”;

(10)

in Airteagal 26, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   Ó 30 Meitheamh 2018, is é an tÚdarás Bainistíochta a bheidh freagrach as na cúraimí dá dtagraítear i mír 3.”;

(11)

leasaítear Airteagal 34 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 1:

“1.   Coinneoidh gach Ballstát agus an tÚdarás Bainistíochta taifid ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in VIS. Léireofar sna taifid sin:

(a)

cuspóir na rochtana dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus in Airteagal 15 go hAirteagal 22;

(b)

an dáta agus an t-am;

(c)

cineál na sonraí a tharchuirtear dá dtagraítear in Airteagal 9 go hAirteagal 14;

(d)

cineál na sonraí a úsáidtear i gcomhair iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2), Airteagal 17 agus Airteagail 18(1) agus (6), 19(1), 19a(2) agus (4), 20(1), 21(1) agus 22(1); agus

(e)

ainm an údaráis a iontrálann nó a aisghabhann na sonraí.

Chomh maith leis sin, coinneoidh gach Ballstát taifid den fhoireann atá cuí-údaraithe chun na sonraí a iontráil nó a aisghabháil.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   I dtaca leis na hoibríochtaí a liostaítear in Airteagal 17a, coinneofar taifead ar gach oibríocht próiseála sonraí a rinneadh in VIS agus in EES i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2017/2226.”.

Airteagal 62

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II), ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS), ar Eurodac, agus ar an gCóras Dul Isteach/Imeachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) (EES).

(*5)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, Ich 20).”;"

(2)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 5a

Cúraimí a bhaineann le EES

I ndáil le EES, comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí seo a leanas:

(a)

na cúraimí arna dtabhairt di le Rialachán (AE) 2017/2226,

(b)

cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil EES.”;

(3)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mhír 6:

“5.   Féadfar cúraimí a bhaineann le bainistiú oibríochtúil an bhonneagair cumarsáide a chur ar eintitis sheachtracha nó comhlachtaí seachtracha de chuid na hearnála príobháidí i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6). Ina leithéid de chás, beidh na bearta slándála dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo ina gceangal ar an soláthraí líonra agus ní bheidh rochtain aige, ar shlí ar bith, ar shonraí oibríochtúla SIS II, VIS, Eurodac nó EES, ná ar an malartú SIRENE a bhaineann le SIS II.

6.   Gan dochar do na conarthaí ar ann dóibh cheana maidir le líonra SIS II, VIS, Eurodac agus EES, fanfaidh bainistiú na n-eochracha criptiúcháin faoi inniúlacht na Gníomhaireachta agus ní dhéanfar sin a chur amach chuig aon eintiteas seachtrach de chuid na hearnála príobháidí.

(*6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).”;"

(4)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar na forbairtí i dtaighde is ábhartha do bhainistiú oibríochtúil SIS II, VIS, Eurodac, EES agus córas mórscála TF eile.”;

(5)

in Airteagal 12, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(sa)

na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt EES de bhun Airteagal 72(2) de Rialachán (AE) 2017/2226;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (t):

“(t)

na tuarascálacha a ghlacadh maidir le feidhmiú teicniúil SIS II de bhun Airteagal 50(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 66(4) de Chinneadh 2007/533/CGB faoi seach, maidir le feidhmiú teicniúil VIS de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 17(3) de Chinneadh 2008/633/CGB, agus maidir le feidhmiú teicniúil EES de bhun Airteagal 72(4) de Rialachán (AE) 2017/2226;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (v):

“(v)

tráchtanna a dhéanamh ar thuarascálacha an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis na hiniúchtaí a rinneadh de bhun Airteagal 45(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 42(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 agus Airteagal 56(2) de Rialachán (CE) 2017/2226 agus obair leantach iomchuí ar na hiniúchtaí sin a áirithiú;”;

(d)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(xa)

na staitisticí a bhaineann le EES a fhoilsiú de bhun Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2017/2226;”;

(e)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(za)

a áirithiú go bhfoilseofar, gach bliain, liosta d’údaráis inniúla de bhun Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) 2017/2226;”;

(6)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Féadfaidh Europol agus Eurojust freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta, mar bhreathnóirí, ach ceist a bhaineann le SIS II, i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2007/533/CGB, a bheith ar an gclár oibre. Féadfaidh Europol freastal mar bhreathnóir ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin ach ceist a bhaineann le VIS, i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2008/633/CGB, nó ceist a bhaineann le Eurodac, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, nó ceist a bhaineann le EES, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/2226, a bheith ar an gclár oibre.”;

(7)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

gan dochar d’Airteagal 17 de na Rialacháin Foirne, ceanglais rúndachta a bhunú chun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 17 de Chinneadh 2007/533/CGB agus Airteagal 26(9) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 agus Airteagal 37(4) de Rialachán (AE) 2017/2226 a chomhlíonadh;”;

(b)

i mír 6, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(k)

tuarascálacha ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt EES dá dtagraítear in Airteagal 72(2) de Rialachán (AE) 2017/2226.”;

(8)

leasaítear Airteagal 19 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(da)

Grúpa Comhairleach EES;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“Féadfaidh Europol agus Eurojust araon ionadaí a cheapadh ar Ghrúpa Comhairleach SIS II. Féadfaidh Europol ionadaí a cheapadh do Ghrúpa Comhairleach VIS, do Ghrúpa Comhairleach Eurodac agus do Ghrúpa Comhairleach EES freisin.”.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 63

Úsáid sonraí chun críocha tuairiscithe agus staitisticí

1.   Chun críocha tuairiscithe agus staitisticí agus chun na gcríoch sin amháin, agus gan cead iarratasóirí aonair a aithint, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, an Choimisiúin, agus eu-LISA, ar na sonraí seo a leanas, d’fhonn iad a cheadú agus i gcomhréir leis na coimircí a bhaineann le neamh-idirdhealú dá dtagraítear in Airteagal 10(2):

(a)

faisnéis faoin stádas;

(b)

náisiúntacht, gnéas agus an bhliain ar rugadh an náisiúnach tríú tír;

(c)

dáta agus pointe trasnaithe teorann an dul isteach sa Bhallstát agus dáta agus pointe trasnaithe teorann an imeachta as an mBallstát;

(d)

cineál an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre eisiúna;

(e)

an líon daoine a sainaithníodh mar rófhantóirí a dtagraítear dóibh in Airteagal 12, náisiúntacht na ndaoine a sainaithníodh mar rófhantóirí, agus an áit ar thrasnaigh siad an teorainn ar dhul isteach dóibh;

(f)

na sonraí a iontráladh i ndáil le haon fhanacht a cúlghairmeadh nó ar cuireadh síneadh leis;

(g)

cód trí litir an Bhallstáit a d’eisigh an víosa, más infheidhme;

(h)

an líon daoine atá díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt de bhun Airteagal 17(3) agus (4);

(i)

líon agus náisiúntachtaí na náisiúnach tríú tír dár diúltaíodh cead isteach, cineál teorann (teorainn talún, aeir nó mara) an phointe thrasnaithe teorann ag ar diúltaíodh an cead isteach agus na cúiseanna ar ar diúltaíodh cead isteach dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 18(6).

Beidh ag foireann chuí-údaraithe na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44) rochtain d’fhonn na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a cheadú chun na hanailísí riosca agus na measúnuithe leochaileachta dá dtagraítear in Airteagal 11 agus in Airteagal 13 den Rialachán sin a dhéanamh.

2.   Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh eu-LISA lárstóras sonraí ar leibhéal lárnach a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil ar a chuid suíomhanna teicniúla ina mbeidh na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Ní fhéadfar sonraí duine a shainaithint trí bhíthin an lárstórais sonraí, ach féadfaidh na húdaráis atá liostaithe i mír 1 den Airteagal seo é a úsáid chun tuarascálacha agus staitisticí inoiriúnaithe a fháil faoi gach dul isteach agus imeacht, faoi gach diúltú cead isteach, agus faoi gach rófhanacht ag náisiúnaigh tríú tír chun éifeachtúlacht na seiceálacha teorann a fheabhsú, chun cuidiú le consalachtaí agus iad ag próiseáil iarratais ar víosa agus chun tacú le déanamh beartas imirce an Aontais ar bhonn fianaise. Beidh sa lárstóras sonraí sin freisin staitisticí laethúla faoi na sonraí dá dtagraítear i mír 4. Is le slánrochtain trí TESTA a thabharfar rochtain ar an lárstóras sonraí sin chun críocha tuairiscithe agus staitisticí, agus chucu sin amháin; rialálfar an rochtain sin agus próifílí na n-úsáideoirí. Glacfar rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú an lárstórais sonraí sin agus leis na rialacha cosanta sonraí agus slándála is infheidhme maidir leis i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

3.   Áireofar leis na nósanna imeachta a chuirfidh eu-LISA ar bun chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fheidhmíocht EES dá dtagraítear in Airteagal 72(1) go bhféadfar staitisticí a sholáthar ar bhonn rialta d’fhonn an faireachán sin a áirithiú.

4.   Foilseoidh eu-LISA staitisticí maidir le EES gach ráithe, go háirithe staitisticí faoi líon, náisiúntacht, aois, gnéas, fad fanachta agus faoi phointe trasnaithe teorann na ndaoine seo: rófhantóirí, náisiúnaigh tríú tír dár diúltaíodh cead isteach, lena n-áirítear na cúiseanna a bhí leis an diúltú sin, náisiúnaigh tríú tír a ndearnadh a údarú ar fhanacht a chúlghairm nó síneadh a chur leis, agus náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt.

5.   Ag ceann gach bliana, déanfar sonraí staidrimh a thiomsú i dtuarascáil bhliantúil don bhliain sin. Beidh miondealú ar shonraí gach Ballstáit sa staidreamh. Foilseofar an tuarascáil agus seolfar í chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus chuig na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta.

6.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh eu-LISA ar fáil dó staitisticí maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo maille le staitisticí de bhun mhír 3.

Airteagal 64

Costais

1.   Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh na costais a thabhófar i dtaca le Lárchóras EES, leis an mBonneagar Cumarsáide, leis an NUI, leis an tseirbhís gréasáin agus leis an stóras sonraí dá dtagraítear in Airteagal 63(2) a bhunú agus a oibriú.

2.   Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a thitfidh na costais a thabhófar i dtaca leis an NUI a óstáil, agus i dtaca leis an mbonneagar náisiúnta teorann atá ann cheana a lánpháirtiú agus a cheangal leis an NUI sin.

Ní chuirfear san áireamh na costais seo a leanas:

(a)

oifig bainistíochta tionscadal na mBallstát (cruinnithe, misin, oifigí);

(b)

óstáil ar chórais naisiúnta TF (spás, forghníomhú, leictreachas, fuarú);

(c)

córais náisiúnta TF a oibriú (oibreoirí agus conarthaí tacaíochta);

(d)

na córais seiceála teorann reatha a oiriúnú maille le córais phóilíneachta do na córais náisiúnta dul isteach/imeachta;

(e)

bainistíocht tionscadail do na córais náisiúnta dul isteach/imeachta;

(f)

líonraí cumarsáide náisiúnta a dhearadh, a fhorbairt, a chur chun feidhme, a oibriú agus a chothabháil;

(g)

córais um rialú uathoibrithe teorann, córais féinfhreastail agus ríomhgheataí.

3.   Is ar gach Ballstát agus ar Europol, faoi seach, a thitfidh na costais a thabhóidh na lárphointí rochtana dá dtagraítear in Airteagal 29 agus in Airteagal 30. I dtaca leis na costais a bhaineann le nascadh na lárphointí rochtana seo leis an NUI agus le EES, is ar gach Ballstát agus ar Europol, faoi seach, a thitfidh siad.

4.   Déanfaidh gach Ballstát agus Europol, ar a gcostas féin, an bonneagar teicniúil a bhunú agus a chothabháil is gá chun Caibidil IV a chur chun feidhme, agus is iad a bheidh freagrach as pé costais a eascróidh as rochtain ar EES chun na críche sin a íoc.

Airteagal 65

Fógra a thabhairt

1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i dtaobh an údaráis a mheasfar a bheith ina rialaitheoir dá dtagraítear in Airteagal 39.

2.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún agus do eu-LISA i dtaobh na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a mbeidh rochtain acu ar EES d’fhonn sonraí a iontráil, a cheartú, a chomhlánú, a léirscriosadh, a cheadú nó a chuardach. Trí mhí ó chuirfear tús le hoibríochtaí EES i gcomhréir le hAirteagal 66, foilseoidh eu-LISA liosta comhdhlúite de na húdaráis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill freisin maidir le haon athruithe dá ndéanfar ar an liosta sin. I gcás ina ndéanfar athruithe den sórt sin air, foilseoidh eu-LISA leagan comhdhlúite nuashonraithe den fhaisnéis sin uair sa bhliain.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do eu-LISA maidir leis na húdaráis atá ainmnithe acu agus maidir lena lárphointí rochtana dá dtagraítear in Airteagal 29 agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill maidir le haon leasú orthu sin.

4.   Tabharfaidh Europol fógra don Choimisiún agus do eu-LISA maidir leis an údarás atá ainmnithe aige agus maidir lena lárphointe rochtana dá dtagraítear in Airteagal 30 agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill maidir le haon leasú orthu sin.

5.   Tabharfaidh eu-LISA fógra don Choimisiún maidir le cur i gcríoch rathúil na tástála dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 66(1).

6.   Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 4 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndéanfar athruithe air, foilseoidh an Coimisiún leagan comhdhlúite nuashonraithe den fhaisnéis sin uair sa bhliain. Coinneoidh an Coimisiún ar bun suíomh poiblí gréasáin, a nuashonófar go leanúnach, ar a mbeidh an fhaisnéis sin.

Airteagal 66

Oibríochtaí a thosú

1.   Cinnfidh an Coimisiún an dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí EES ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 36 agus in Airteagal 50(4) agus (5) glactha;

(b)

beidh sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil tástáil chuimsitheach ar EES le tabhairt chun críche go rathúil aige féin i gcomhar leis na Ballstáit;

(c)

beidh na socruithe teicniúla agus dlíthiúla maidir le bailiú agus tarchur na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16 go hAirteagal 20 bailíochtaithe ag na Ballstáit agus fógra tugtha don Choimisiún ina leith;

(d)

beidh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 65(1), (2) agus (3) tugtha ag na Ballstáit don Choimisiún.

2.   Beidh EES á oibriú ag:

(a)

na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine; agus

(b)

na Ballstáit nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós, ach a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:

(i)

tugadh i gcrích go rathúil cheana féin an fíorú i gcomhréir le nósanna imeachta meastóireachta Schengen is infheidhme;

(ii)

cuireadh i bhfeidhm na forálacha sin deacquis Schengen a bhaineann le SIS i gcomhréir leis an Ionstraim ábhartha Aontachais; agus

(iii)

cuireadh i bhfeidhm na forálacha sin deacquis Schengen a bhaineann le VIS is gá chun EES a oibriú mar a shainítear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an Ionstraim ábhartha Aontachais.

3.   Ballstát nach gcumhdaítear le mír 2, nascfar le EES é a luaithe agus a chomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2. Cinnfidh an Coimisiún an dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí EES sna Ballstáit sin.

4.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na tástála arna déanamh de bhun phointe (b) de mhír 1 in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Foilseofar an cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

6.   Tosóidh na Ballstáit agus Europol ag úsáid EES ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le mír 1 nó, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le mír 3.

Airteagal 67

Ceuta agus Melilla

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na rialacha speisialta a bhfuil feidhm acu maidir le cathracha Ceuta agus Melilla, mar atá sainithe i nDearbhú Ríocht na Spáinne maidir le cathracha Ceuta agus Melille in Ionstraim Chríochnaitheach an Chomhaontaithe maidir le hAontachas Ríocht na Spáinne leis an gComhaontú lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985.

Airteagal 68

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 69

Grúpa Comhairleach

Bunóidh eu-LISA grúpa comhairleach d’fhonn an saineolas a bhaineann le EES, go háirithe agus a chlár oibre bliantúil agus a thuarascáil bhliantúil ghníomhaíochta á n-ullmhú aige, a sholáthar don ghrúpa sin. Le linn chéim deartha agus forbartha EES, beidh feidhm ag Airteagal 37(2).

Airteagal 70

Oiliúint

Is é eu-LISA a dhéanfaidh cúraimí maidir le hoiliúint ar úsáid theicniúil EES a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011.

Airteagal 71

Lámhleabhar praiticiúil

Cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le eu-LISA agus le gníomhaireachtaí ábhartha eile, lámhleabhar praiticiúil ar fáil do chur chun feidhme agus do bhainistiú EES. Soláthrófar treoirlínte teicniúla agus oibríochtúla, moltaí agus dea-chleachtas sa lámhleabhar praiticiúil. Glacfaidh an Coimisiún an lámhleabhar praiticiúil i bhfoirm molta.

Airteagal 72

Faireachán agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta ann chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt EES de réir cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú EES de réir cuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, cost-éifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

2.   Faoin 30 Meitheamh 2018, agus gach 6 mhí dá éis le linn chéim forbartha EES, cuirfidh eu-LISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt Lárchóras EES, na gComhéadan Aonfhoirmeach agus an Bhonneagair Chumarsáide idir Lárchóras EES agus na Comhéadain Aonfhoirmeacha. Beidh faisnéis mhionsonraithe sa tuarascáil sin faoi na costais a tabhaíodh, mar aon le faisnéis faoi rioscaí ar bith a d’imreodh tionchar ar chostais foriomlána EES, costais a fhágfar ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 64(1) agus leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 64(2). Tar éis do chríoch a bheith curtha le forbairt EES, cuirfidh eu-LISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar a mhíniú go mionsonrach cé mar a baineadh amach na cuspóirí, go háirithe i dtaca le pleanáil agus costais, agus ina dtabharfar údar maith i gcás inar imíodh óna raibh socraithe.

3.   Chun críocha na cothabhála teicniúla, beidh rochtain ag eu-LISA ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh in EES.

4.   Dhá bhliain tar éis thús oibríochtaí EES agus gach dara bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil EES, lena n-áirítear slándáil EES, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiúin.

5.   Trí bliana tar éis thús oibríochtaí EES, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar EES. Áireofar sa mheastóireacht fhoriomlán sin:

(a)

measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

scrúdú ar na torthaí a baineadh amach de réir na gcuspóirí a bhí ann, agus ar an tionchar ar chearta bunúsacha;

(c)

measúnú ar bhailíocht leanúnach bhunréasúnaíochta EES;

(d)

measúnú ar leordhóthanacht na sonraí bithmhéadracha a úsáidtear chun EES a fheidhmiú mar is ceart;

(e)

measúnú ar an úsáid a bhaintear as stampaí sna cúinsí eisceachtúla sin dá dtagraítear in Airteagal 21(2);

(f)

measúnú ar shlándáil EES;

(g)

measúnú ar pé impleachtaí a thiocfadh i gceist, lena n-áirítear aon tionchar díréireach a d’imreofaí ar shreabhadh an tráchta ag pointí trasnaithe teorann agus aon impleachtaí a d’imreodh tionchar buiséadach ar bhuiséad an Aontais.

Áireofar sa mheastóireacht sin pé moltaí is gá. Seolfaidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle (45).

Déanfar measúnú sna meastóireachtaí sin freisin ar an úsáid a baineadh as na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 60 ó thaobh minicíocht na húsáide — líon na náisiúnach tríú tír i ngach Ballstát a bhain úsáid as na forálacha sin, náisiúntacht na náisiúnach sin agus meánfhad an fhanachta acu — agus ó thaobh a n-impleachtaí praiticiúla, agus cuirfear san áireamh sna meastóireachtaí aon fhorbairtí gaolmhara a bhaineann le beartas víosa an Aontais. Féadfar roghanna a chur sa chéad tuarascáil meastóireachta sin darb aidhm deireadh a chur de réir a chéile leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 60 agus ionstraim Eorpach a chur ina n-ionad. Ag gabháil leis, nuair is iomchuí, beidh togra reachtach lena leasófar na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 60.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit agus Europol do eu-LISA agus don Choimisiún pé faisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 a dhréachtú de réir na dtáscairí cainníochtúla a réamhshaineoidh an Coimisiún, eu-LISA, nó iad araon. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin modhanna oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh ann a nochtfaidh foinsí, baill foirne ná imscrúduithe na n-údarás ainmnithe.

7.   Soláthróidh eu-LISA don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí foriomlána dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh.

8.   Agus urraim á tabhairt d’fhorálacha an dlí náisiúnta maidir le faisnéis íogair a fhoilsiú, ullmhóidh gach Ballstát agus Europol tuarascálacha bliantúla maidir le héifeachtacht na rochtana ar shonraí EES ina mbeidh faisnéis agus staitisticí, chun críocha fhorghníomhú an dlí, faoi na nithe seo a leanas:

(a)

cibé an ndearnadh an comhairliúchán chun críocha sainaithint a dhéanamh nó i dtaca le taifid ar dhul isteach/imeacht, agus cineál an chiona sceimhlitheoireachta nó cineál an chiona thromchúisigh choiriúil a raibh an ceadú mar thoradh air;

(b)

na forais a luaitear de bhunús leis an amhras gur cumhdaíodh an té atá i gceist leis an Rialachán seo;

(c)

na forais a luaitear gan comhairliúchán a sheoladh maidir le córais uathoibrithe na mBallstát eile um fhíorú méarlorg faoi Chinneadh 2008/615/CGB i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 32(2) den Rialachán seo;

(d)

an líon iarrataí ar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí;

(e)

líon agus cineálacha na gcásanna inar éirigh leis na húdaráis duine a shainaithint de bharr rochtain a bheith acu ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí;

(f)

líon agus cineál na gcásanna inar úsáideadh na nósanna imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 31(2) agus sa dara fomhír d’Airteagal 32(2), lena n-áirítear na cásanna sin nuair nár glacadh leis an bpráinn sin iontu san fhíorú ex-post a rinne an lárphointe rochtana.

Cuirfear réiteach teicniúil ar fáil do na Ballstáit d’fhonn bailiú na sonraí a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo a éascú chun críche na staitisticí sin dá dtagraítear sa mhír seo a ghiniúint. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir le sonraíochtaí an réitigh theicniúil sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Tarchuirfear tuarascálacha bliantúla na mBallstát agus Europol chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh na bliana dár gcionn.

Airteagal 73

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de, cé is moite de na forálacha seo a leanas, a mbeidh feidhm acu ón 29 Nollaig 2017: Airteagail 5, 36, 37, 38, 43, 51 den Rialachán seo; pointe (5) d’Airteagal 61 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagal 17a(5) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; pointe (10) d’Airteagal 61 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagal 26(3a) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; agus Airteagail 62, 64, 65, 66, 68, 69 agus 70 agus Airteagal 72(2) den Rialachán seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Samhain 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 487, 28.12.2016, lch. 66.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Samhain 2017.

(3)  Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lch. 5)

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 381, 28.12.2006, lch. 4).

(5)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286, 1.11.2011, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(8)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(9)  Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(11)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(12)  Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).

(13)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(14)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(17)  IO L 239, 22.9.2000, lch. 19.

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den chiste slándála inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 574/2007/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).

(19)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(20)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(21)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(22)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an 2 thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(23)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(24)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontuithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(25)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

(26)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(27)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(28)  Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).

(29)  Cinneadh 2010/365/AE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2010 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 166, 1.7.2010, lch. 17).

(30)  Cinneadh (AE) 2017/733 ón gComhairle an 25 Aibreán 2017 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cróite (IO L 108, 26.4.2017, lch. 31).

(31)  Cinneadh(AE) 2017/1908 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le forálacha áirithe d’acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin a chur i bhfeidhm (IO L 269, 19.10.2017, Ich. 39).

(32)  Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 ag leagan síos formáid chomhionann le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh thríú tíortha (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1)

(33)  Treoir 2014/66/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe náisiúnach tríú tír mar chuid den aistriú ionchorparáide. (IO L 157, 27.5.2014, lch. 1).

(34)  Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coinníollacha ligean isteach agus cónaí náisiúnaigh neamh-AE chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí, tionscadal oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).

(35)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le gnáthnósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a aistarraingt (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

(36)  Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 64, 2.3.2004, lch. 1).

(37)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(38)  Cinneadh 2008/602/CE ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2008 lena leagtar síos an ailtireacht fhisiciúil agus ceanglais na gcomhéadan náisiúnta agus an bhonneagair chumarsáide idir VIS láir agus na comhéadain náisiúnta don chéim forbartha (IO L 194, 23.7.2008, lch. 3).

(39)  Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena mbunaítear Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) sonrach, Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) agus lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus an Lámhleabhar Coiteann (IO L 99, 17.4.2003, lch. 8).

(40)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(41)  Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chomhairliúcháin ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha coisc, braite agus imscrúdaithe i ndáil le cionta sceimhlitheora agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile (IO L 218, 13.8.2008, lch. 129).

(42)  IO L56, 4.3.1968, lch. 1.

(43)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013, lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(44)  1. Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).

(45)  1. Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA DE NA HEAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 41(2)

1.

Eagraíochtaí de chuid NA (amhail UNHCR);

2.

An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (EII);

3.

Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge.


IARSCRÍBHINN II

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE NÁISIÚNAIGH TRÍÚ TÍR A THRASNAÍONN AN TEORAINN AR BHONN FTD BAILÍ

(1)

De mhaolú ar Airteagal 16(1) go hAirteagal (3) den Rialachán seo, maidir le náisiúnaigh tríú tír a thrasnaíonn teorainn ar bhonn FTD bailí, déanfaidh na húdaráis teorann an méid a leanas:

(a)

a sainchomhad a chruthú nó a nuashonrú dóibh ina mbeidh na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 17(1) den Rialachán seo. Ina theannta sin, cuirfear in iúl ina sainchomhad go bhfuil FTD ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann. Mar thoradh uathoibríoch ar an méid sin a chur in iúl cuirfear saintréith dhul isteach iolrach FTD isteach sa taifead ar dhul isteach/imeacht,

(b)

déanfar na sonraí a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 16(2) den Rialachán seo a iontráil i dtaifead ar dhul isteach/imeacht maidir le gach uair a rachaidh siad isteach ar bhonn FTD bailí, mar aon leis an tásc go ndearnadh an dul isteach ar bhonn FTD.

D’fhonn tréimhse uasta an idirthurais a ríomh, measfar gurbh iad dáta agus am dul isteach túsphointe na tréimhse sin. Ríomhfar dáta agus am dul in éag an idirthurais údaraithe go huathoibríoch faoi EES i gcomhréir le Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 693/2003.

(2)

Ina theannta sin, ar dhul isteach an chéad uair ar bhonn FTD, cuirfear isteach sa taifead ar dhul isteach/imeacht an dáta a rachaidh bailíocht FTD in éag.

(3)

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 16(3) agus (4) maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil FTD ar seilbh acu.

(4)

Maidir le fíorú ag teorainn ag a n-oibrítear EES agus laistigh de chríoch na mBallstát, náisiúnaigh tríú tír a thrasnaíonn an teorainn ar bhonn FTD bailí, beidh siad mutatis mutandis faoi réir na bhfíorúchán agus na sainaitheanta sin dá bhforáiltear faoi Airteagal 23 agus faoi Airteagal 26 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 19a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 atá infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa.

(5)

Ní bheidh feidhm ag pointe (1) go pointe (4) maidir le náisiúnaigh tríú tír a thrasnaíonn an teorainn ar bhonn FTD bailí, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

déanann siad a n-idirthuras d’iarnród; agus

(b)

ní thuirlingíonn siad laistigh de chríoch Ballstáit.