28.7.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

24


RIALACHÁN (AE) 2017/1370 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2017

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do víosaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle (2), leagadh síos formáid aonfhoirmeach do víosaí.

(2)

I bhfianaise teagmhais thromchúiseacha góchumtha agus calaoise, meastar go bhfuil amhras tarraingthe ar an dearadh coiteann don ghreamán víosa atá i gcúrsaíocht le 20 bliain.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart dearadh coiteann nua a bhunú ina mbeadh gnéithe slándála níos nua-aimseartha chun go mbeidh an greamán víosa níos sláine agus chun brionnú a chosc.

(4)

Arna iarraidh sin d'Éirinn nó don Ríocht Aontaithe, ba cheart don Choimisiún socruithe iomchuí a dhéanamh leis an mBallstát iarrthach chun faisnéis theicniúil a mhalartú leis an mBallstát sin chun go n-eiseoidh an Ballstát sin víosaí náisiúnta.

(5)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(6)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (3); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(7)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (4); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(8)

Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d'Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2011, faoi seach.

(9)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis  (5) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6).

(10)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8).

(11)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (9), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10).

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle mar a leanas:

(1)

in Airteagal 7, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Arna iarraidh sin d'Éirinn nó don Ríocht Aontaithe, déanfaidh an Coimisiún socruithe iomchuí leis an mBallstát iarrthach chun faisnéis theicniúil, dá dtagraítear in Airteagal 2, a mhalartú leis an mBallstát sin chun go n-eiseoidh an Ballstát iarrthach na víosaí náisiúnta.

Maidir leis na costais nach ndéanann Éire ná an Ríocht Aontaithe ranníocaíocht ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is í Éire nó an Ríocht Aontaithe faoi seach a iompróidh iad má dhéanann siad iarraidh den sórt sin.”;

(2)

cuirtear an t íomhá agus an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

Na greamáin víosa lena gcomhlíontar na sonraíochtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95, agus ar sonraíochtaí iad is infheidhme go dtí an dáta dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 3 den Rialachán seo, féadfar iad a úsáid le haghaidh víosaí a eisítear le linn tréimhse sé mhí tar éis an dáta sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Déanfaidh na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm 15 mhí ar a dhéanaí tar éis na sonraíochtaí teicniúla breise dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 a ghlacadh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 4 Iúil 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Meitheamh 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Meitheamh 2017.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(4)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(5)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(6)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(7)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(8)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(9)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(10)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95:

IARSCRÍBHINN

Image

Gnéithe slándála

1.

Déanfar portráid dhaite lánpháirthithe den sealbhóir a tháirgeadh ar ardchaighdeáin slándála.

2.

Gné is athraitheach don tsúil (‘Kinegram’ nó a choibhéis) a bheidh sa spás seo. Ag brath ar an gcaoi a mbreathnaíonn tú air, beidh na litreacha ‘EU’, ‘EUE’ agus línte guilloche cinéimiteacha le feiceáil ar mhéideanna éagsúla agus ar dhathanna éagsúla.

3.

An cód tíre trí litir mar a leagtar amach i nDoiciméad ICAO 9303 maidir le doiciméid taistil mheaisín-inléite an Bhallstáit eisiúna, nó an t-acrainm ‘BNL’ más an Bheilg, Lucsamburg nó an Ísiltír a eisíonn iad, a bheidh sa bhosca seo, agus is i bprionta dath-athraitheach a bheidh sé. Ag brath ar an gcaoi a mbreathnaíonn tú air, beidh dathanna éagsúla air.

4.

Is iad seo a leanas agus iad i litreacha cás-uachtair a bheidh sa spás seo:

(a)

an focal ‘VISA’. Féadfaidh an Ballstát eisiúna an téarma coibhéiseach a áireamh i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais;

(b)

ainm an Bhallstáit eisiúna, as Béarla, as Fraincis agus as teanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais;

(c)

cód tíre trí litir an Bhallstáit eisiúna, mar a leagtar amach é i nDoiciméad ICAO 9303.

5.

Uimhir náisiúnta naoi ndigit an ghreamáin agus í scríofa go cothrománach a bheidh sa bhosca seo, agus beidh sé réamhphriontáilte i ndath dubh. Úsáidfear cineál speisialta clófhoirne.

6.

Uimhir náisiúnta naoi ndigit an ghreamáin scríofa go ceartingearach a bheidh sa bhosca seo, agus beidh sé réamhphriontáilte i ndath dearg. Úsáidfear cineál speisialta clófhoirne, atá éagsúil leis an gcineál a úsáidtear i mbosca 5. Is ionann ‘uimhir an ghreamáin víosa’ agus an cód tíre trí litir mar a leagtar amach é i nDoiciméad ICAO 9303 agus an uimhir náisiúnta dá dtagraítear i mbosca 5 agus i mbosca 6.

7.

Na litreacha ‘EU’ agus éifeacht íomha folaigh acu a bheidh sa bhosca seo. Beidh dath dorcha ar na litreacha sin nuair a chlaonfar iad siar ón mbreathnóir, agus beidh dath geal orthu ansin nuair a iompófar 90° iad.

8.

An cód dá dtagraítear i mbosca 3 agus éifeacht íomha folaigh aige a bheidh sa bhosca seo. Beidh dath dorcha ar an gcód sin nuair a chlaonfar é siar ón mbreathnóir, agus dath dorcha air ansin nuair a chlaonfar 90°é.

Píosaí atá le líonadh isteach

Is i mBéarla agus i bhFraincis a bheidh na teidil atá ar na boscaí. Féadfaidh an Ballstát eisiúna aistriúchán a chur isteach i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais.

9.

Beidh na focail ‘bailí do’ ag tús na líne sa bhosca seo. Luafaidh an t údarás eisiúna an chríoch ina bhfuil an sealbhóir víosa i dteideal taisteal ann.

10.

Beidh an focal ‘ón’ ag tús na líne sa bhosca seo agus na focail ‘go dtí an’ níos faide ar aghaidh ar an líne. Luafaidh an t údarás eisiúna an tréimhse fanachta atá údaraithe don sealbhóir víosa leis an víosa. Níos faide ar aghaidh ar an líne beidh na focail ‘fad na tréimhse fanachta’ (i.e. fad na tréimhse fanachta atá beartaithe ag an iarratasóir) agus an focal ‘lá’ arís.

11.

Beidh na focail ‘an cineál víosa’ ag tús na líne sa bhosca seo. Déanfaidh an t-údarás eisiúna catagóir an víosa a léiriú. Níos faide ar aghaidh ar an líne beidh na focail ‘Uimh. an Phas’ agus ‘líon na n-iontrálacha’.

12.

Beidh na focail ‘arna eisiúint in’ ag tús na líne sa bhosca seo agus úsáidfear é chun ionad an údaráis eisiúna a lua. Níos faide ar aghaidh ar an líne beidh an focal ‘an’ (agus líonfaidh an t údarás eisiúna an dáta eisiúna isteach ina dhiaidh sin).

13.

Na focail ‘Sloinne, Ainm’ a bheidh ag tús na líne sa bhosca seo.

14.

An focal ‘nótaí’ a bheidh ag tús na líne sa bhosca seo. Úsáidfidh an t údarás eisiúna an spás thíos faoi bhun ‘nótaí’ chun aon fhaisnéis eile a lua.

15.

An fhaisnéis ábhartha mheaisín-inléite chun rialuithe seachtracha teorann a éascú a bheidh sa bhosca seo. Sa chrios meaisín-inléite beidh téacs priontáilte sa phriontáil chúlra infheicthe, i dteannta na bhfocal ‘an tAontas Eorpach’ i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais. Ní bheidh éifeacht ag an téacs seo ar ghnéithe teicniúla an chreasa meaisín-inléite ná ar inléiteacht an chreasa sin.

16.

Fágfar an bosca seo bán ionas gur féidir barrachód coiteann 2D a chur ann amach anseo.