24.5.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/852 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Bealtaine 2017

maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Substaint an-tocsaineach é an mearcair ar bagairt mhór dhomhanda é ar shláinte an duine, lena n-áirítear agus é i bhfoirm meitilmearcair in acmhainní éisc agus bia mara, sna héiceachórais agus san fhiadhúlra. Mar gheall ar nádúr trasteorann an truaillithe mearcair, tagann idir 40 % agus 80 % d'iomlán dheascadh an mhearcair san Aontas isteach san Aontas ón taobh amuigh. Mar sin, is gá gníomhú ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal idirnáisiúnta.

(2)

Tagann an chuid is mó d'astaíochtaí mearcair agus de na rioscaí a ghabhann leo a mbeadh risíocht leo chun cinn mar thoradh ar ghníomhaíochtaí antrapaigineacha, amhail mianadóireacht phríomha agus próiseáil mearcair, úsáid mearcair i dtáirgí agus i bpróisis thionsclaíocha, i mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála agus i bpróiseáil dhó guail agus láimhseáil dramhaíola mearcair.

(3)

Leis an Seachtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol a glacadh le Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaítear an cuspóir fadtéarmach mar atá an comhshaol a bheith neamhthocsaineach agus, chuige sin, sonraítear ann go dteastaíonn gníomh chun a áirithiú go maolófar drochéifeachtaí móra ceimiceán ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol faoi 2020.

(4)

Tá sé mar aidhm ag an Teachtaireacht an 28 Eanáir 2005 ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal “Straitéis an Chomhphobail Maidir Le Mearcair”, mar a athbhreithníodh an 7 Nollaig 2010 (“an Straitéis”), scaoileadh antrapaigineach mearcair dhomhanda chun an aeir, an uisce agus na talún a íoslaghdú agus, nuair is féidir, a chealú ar deireadh.

(5)

Le deich mbliana anuas rinneadh dul chun cinn mór san Aontas i réimse an bhainistithe mearcair tar éis ghlacadh na Straitéise agus réimse leathan beart a bhaineann le hastaíochtaí mearcair, soláthar, éileamh agus úsáid, agus bainistiú barrachas agus stoic mearcair.

(6)

Moltar sa Straitéis gur cheart caibidlíocht faoi ionstraim idirnáisiúnta maidir le mearcair a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí de agus cur i gcrích na hionstraime sin a bheith mar thosaíocht toisc nach bhféadann gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais amháin cosaint éifeachtach shaoránaigh an Aontais ar dhrochéifeachtaí mearcair don tsláinte a ráthú.

(7)

Shínigh an tAontas agus 26 Bhallstát an Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair 2013 (“an Coinbhinsiún”). Chuir an Eastóin agus an Phortaingéil, an dá bhallstát nár shínigh an Coinbhinsiún, a ngealltanas in iúl chun é a dhaingniú. Mar sin, tá sé geallta ag an Aontas agus ag a chuid Ballstát uile é a chur i gcrích, a thrasuí agus a chur chun feidhme.

(8)

Má faightear formheas an tAontas and má dhaingníonn na Ballstáit an Coinbhinsiúin go tapa, spreagfar mórúsáideoirí agus mór-astairí mearcair domhanda, a shínigh an Coinbhinsiún, é a dhaingniú agus a chur chun feidhme.

(9)

Ba cheart don Rialachán seo acquis an Aontais a chomhlanú agus na forálacha a theastaíonn a leagan síos chun a áirithiú go bhfuil sé go hiomlán ar aon dul leis an gCoinbhinsiún ionas gur féidir leis an Aontas agus lena chuid Ballstát é a fhormheas nó é a chur chun feidhme faoi seach.

(10)

Maidir le gníomhaíocht bhreise, arna gabháil de láimh ag an Aontas, a théann thar cheanglais an Choinbhinsiúin, amhail i gcás Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), bheidís ina ngníomhaíochtaí ceannródaíocha le haghaidh táirgí agus próisis atá saor ó mhearcair.

(11)

I gcomhréir le hAirteagal 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo cosc ar na Ballstáit bearta cosanta níos déine a thabhairt isteach ná a choinneáil, ar choinníoll go bhfuil na bearta sin i gcomhréir leis na Conarthaí agus go mbeidh fógra tugtha don Choimisiún ina leith.

(12)

Ba cheart an cosc ar onnmhairiú mearcair a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 a chomhlánú le srianta ar allmhairiú mearcair atá éagsúil ag brath ar an bhfoinse, ar úsáid bheartaithe agus ar ionad tionscnaimh an mhearcair. Ba cheart go mbeadh feidhm i gcónaí ag Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (5) maidir le hallmhairí dramhaíola mearcair, go háirithe a mhéid a bhaineann le cumhachtaí na n-údarás inniúil faoin Rialachán sin.

(13)

Tá sé d'aidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le mearcair agus meascáin mearcair a allmhairiú a áirithiú go gcomhlíonann an tAontas agus na Ballstáit oibleagáidí an Choinbhinsiúin maidir le trádáil mearcair.

(14)

Ba cheart toirmeasc a chur ar onnmhairiú, allmhairiú agus monarú réimse táirgí ar cuireadh mearcair leo agus atá freagrach as cion mór d'úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair laistigh den Aontas agus ar fud an domhain.

(15)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d'fhorálacha acquis infheidhme an Aontais lena socraítear ceanglais níos déine maidir leis na táirgí ar cuireadh mearcair leo, lena n-áirítear maidir le huasmhéid mearcair.

(16)

Ba cheart úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair sna próisis táirgthe a chéimniú amach, agus chuige sin ba cheart dreasachtaí a sholáthar le haghaidh substaintí malartacha do mhearcair, ar substaintí iad ag a bhfuil saintréithe atá neamhurchóideach, nó i gcás ar bith, níos lú contúirte acu don chomhshaol agus do shláinte an duine.

(17)

Déantar le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), amhail ón 10 Deireadh Fómhair 2017, monarú, cur ar an margadh agus úsáid cúig dhúil feinilmearcair arb eol go n-úsáidtear iad, go háirithe mar chatalaígh, i dtáirgeadh pólúireatáin, a thoirmeasc. Ba cheart úsáid catalaígh eile a bhfuil mearcair iontu i dtáirgeadh pólúireatáin a thoirmeasc amhail ón 1 Eanáir 2018.

(18)

Ba cheart táirgeadh alcóláití lena mbaineann úsáid mearcair mar leictreoid a chéimniú amach agus próisis táirgthe indéanta saor ó mhearcair a chur in ionad próisis táirgthe mar sin chomh luath agus is féidir. In éagmais na bpróiseas táirgthe ábhartha saor ó mhearcair a bheith ar fáil, ba cheart coinníollacha oibriúcháin a leagan síos do tháirgeadh meitioláite nó eitioláite sóidiam nó potaisiam lena mbaineann úsáid mearcair. Ba cheart bearta a ghlacadh chun laghdú a dhéanamh ar úsáid mearcair, ar bearta iad arb aidhm dóibh an úsáid a chéimniú amach sa tairgeadh sin chomh luath agus is féidir agus in aon chás roimh 1 Eanáir 2028.

(19)

Dá ndéanfaí táirgí nua a mbeadh mearcair curtha leo a mhonarú agus a chur ar an margadh agus dá n-úsáideofaí próisis mhonaraithe nua a bheadh bunaithe ar mhearcair mhéadófaí úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair mar aon le hastaíochtaí mearcair san Aontas. Ba cheart na gníomhaíochtaí nua sin a thoirmeasc mar sin ach amháin má thaispeánann measúnú go mbeadh tairbhí móra don chomhshaol nó don tsláinte ag baint leis an táirge nua a mbeadh mearcair curtha leis nó le próiseas táirgthe nua agus nach mbeadh rioscaí suntasacha acu don chomhshaol ná do shláinte an duine agus nach mbeadh aon roghanna eile saor ó mhearcair ar fáil a bheadh indéanta go teicniúil a mbeadh na tairbhí sin ag baint leo.

(20)

Is í úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair i mianadóireacht cheardaíochta agus mhionscála agus i bpróiseáil óir is cúis le cion mór d'úsáid agus d'astaíochtaí mearcair ar fud an domhain, arb úsáid í lena ngabhann éifeachtaí diúltacha do phobail áitiúla agus ar leibhéal domhanda. Ba cheart d'úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair mar sin, dá bhrí sin an úsáid sin a thoirmeasc faoin Rialachán seo agus í a rialú ar an leibhéal idirnáisiúnta. Gan dochar do thoirmeasc na húsáide sin agus sa bhreis ar phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a bheith á gcur chun feidhme ag na Ballstáit i leith sáruithe ar an Rialachán seo, is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le plean náisiúnta i gcás níos mó ná cásanna ar leith de neamhchomhlíonadh leis an toirmisc sin, chun dul i ngleic le fadhb na mianadóireachta agus na próiseála óir ceardaíochta agus mionscála inar úsáideadh malgamú mearcair chun mearcair a eastóscadh ó mhian.

(21)

Is é úsáid mearcair i malgam fiaclóireachta an úsáid mearcair is mó san Aontas agus is foinse truaillithe suntasach é. Ba cheart úsáid malgaim fiaclóireachta a chéimniú amach dá bhrí sin i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún agus leis na pleananna náisiúnta atá bunaithe go háirithe ar na bearta a liostaítear i gCuid II d'Iarscríbhinn A, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ba cheart don Choimisiún measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar an indéantacht malgam fiaclóireachta a chéimniú amach san fhadtéarma, b'fhearr dá ndéanfaí é sin faoi 2030, agus na pleananna náisiúnta a cheanglaítear leis an Rialachán seo á gcur san áireamh agus lánurramú á dhéanamh ar inniúlachtaí na mBallstát chun seirbhísí sláinte agus cúram sláinte a sheachadadh. Thairis sin, ba cheart bearta sonracha de chosaint choisctheach sláinte a ghlacadh le haghaidh daoine den phobal atá soghonta, amhail leanaí agus mná atá torrach nó mná atá ag cothú an linbh ar an gcíoch.

(22)

Ba cheart úsáid an mhalgaim fiaclóireachta i bhfoirm capsúil a dháileadh cheanna agus deighilteoirí malgaim a bheith á n-úsáid i saoráidí fiaclóireachta ina n-úsáidtear malgam fiaclóireachta nó ina mbaintear líontaí fiaclóireachta malgaim nó fiacla ina bhfuil na líontaí sin a dhéanamh éigeantach chun cleachtóirí fiaclóireachta agus othair a chosaint ar a bheith ó risíocht do mhearcair agus chun a áirithiú go mbaileofar agus go ndúiscraífear é i gcomhréir le bainistiú sábháilte dramhaíola, agus nach scaoilfear in imthosca ar bith, isteach sa chomhshaol é. I ndáil leis seo, ba cheart mearcair a bheith á úsáid i mbulc ag cleachtóirí fiaclóireachta a thoirmeasc. Capsúil malgaim amhail iad sin a thuairiscítear sna caighdeáin Eorpacha [EN ISO 13897:2004 agus EN ISO 24234:2015], tá siad oiriúnach lena n-úsáid ag fiaclóirí. Thairis sin, ba cheart leibhéal íoséifeachtacht choinneála deighlteoirí do mhalgaim a shocrú. Ba cheart comhlíonadh deighilteoirí malgaim a bheith bunaithe ar chaighdeáin ábhartha, amhail caighdeán Eorpach EN ISO 11143:2008. Mar gheall ar líon oibreoirí eacnamaíocha san earnáil fiaclóireachta a mbeadh tionchar ag an athrú sin orthu trí chur i bhfeidhm na gceanglas sin, is iomchuí dóthain ama a thabhairt chun go mbeifear in ann dul in oiriúint do na ceanglais nua.

(23)

Maidir le hoiliúint mac léinn fiaclóireachta agus cleachtóirí fiaclóireachta i dtaobh úsáid malairtí saor ó mhearcair, go háirithe do ghrúpaí soghonta amhail leanaí agus mná atá torrach nó mná atá ag cothú an linbh ar an gcíoch, chomh maith le taighde ar shláinte béil agus nuálaíocht chun eolas a fheabhsú ar ábhair atá ann cheana agus ar theicnící athshlánaithe agus chun ábhair nua a fhorbairt, is féidir leo cabhrú le húsáid mearcair a laghdú.

(24)

Ginfear breis agus 6 000 tona méadrach de dhramhaíl mhearcair leachtach san Aontas faoi dheireadh 2017, go háirithe mar thoradh ar dhíchoimisiúnú éigeantach cealla mearcair sa tionscal clór-alcaile i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/732/AE ón gCoimisiún (7). Ós rud é go bhfuil acmhainneacht theoranta ann chun dramhaíl leachtach mhearcair a chomhshó, ba cheart an stóráil shealadach ar mhearcair leachtach a cheadú i gcónaí faoin Rialachán seo ar feadh tréimhse ama a bheadh leordhóthanach chun an comhshó a áirithiú agus, más infheidhme, soladú ar an dramhaíl sin go léir a tháirgtear. Ba cheart go ndéanfaí stóráil mar sin i gcomhréir leis na ceanglais don stóráil sin a leagtar amach i dTreoir 1999/31/CE ón gComhairle (8).

(25)

Ós rud é gur substaint an-ghuaiseach ina fhoirm leachtach é mearcair ba cheart an stóráil bhuan gan réamhchóireáil ar mhearcair a meastar a bheith ina dhramhaíl a thoirmisc mar gheall ar na rioscaí atá ag an diúscairt sin. Dá bhrí sin ba cheart an dramhaíl mhearcair dul faoi comhshó iomchuí, agus más ábhartha, oibríochtaí soladaithe sula ndéanfar an dramhaíl mhearcair a stóráil go buan. Chun na críche sin, agus chun rioscaí gaolmhara a laghdú, ba cheart do na Ballstáit treoirlínte teicniúla maidir le mearcair Choinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt a chur san áireamh.

(26)

Chun a áirithiú go gcuirfear na forálacha maidir le dramhaíl sa Rialacháin seo i bhfeidhm i gceart, ba cheart bearta a ghlacadh chun córas éifeachtach inrianaitheachta ar fud shlabhra na bainistíochta dramhaíola mearcair go léir a áirithiú, lenar cheart go mbeadh sé de dhíth ar na táirgeoirí dramhaíola mearcair agus ar na hoibreoirí saoráidí bainistíochta dramhaíola a dhéanann an dramhaíl sin a stóráil agus a chóireáil rolla faisnéise a choimeád, mar chuid den choimeád taifead a éilítear faoi Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(27)

Leis an gCoinbhinsiún, éilítear ar Pháirtithe féachaint le straitéisí cuí a fhorbairt chun láithreacha atá éillithe ag mearcair agus ag comhdhúile mearcair a shainaithint agus a mheasúnú. Le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), ceanglaítear ar oibreoirí suiteálacha tionsclaíocha dul i ngleic le héilliú ithreach. Thairis sin, éilítear le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) ar na Ballstáit dul i ngleic le héilliú ithreach i gcás ina ndéanann sé dochar do stádas dobharlaigh. Dá bhrí sin, ba cheart malartú faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit tarlú chun taithí maidir leis na tionscnaimh agus na bearta arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta a roinnt.

(28)

Chun an tuiscint eolaíoch reatha ar rioscaí ó mheitilmearcair a léiriú, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar na hiontógálacha reatha ar bhonn sláinte agus ba cheart dó tagarmharcanna sláinte mearcair nua a bhunú agus an t-athbhreithniú ar an Rialacháin seo á dhéanamh aige.

(29)

Chun reachtaíocht an Aontais a chur ar aon dul le cinntí Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún a bhfuil tacaíocht acu ón Aontas trí bhíthin cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 218(9) CFAE, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú agus i dtaca le fadú ar an tréimhse a cheadaítear do stóráil shealadach dramhaíola mearcair. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe grúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(30)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialacháin seo a chur chun feidhme, a mhéid a bhaineann le foirmeacha allmhairithe agus onnmhairithe a shonrú, le ceanglais theicniúla a leagan amach chun an stóráil eatramhach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de a dhéanamh ar mhearcair, ar chomhdhúile mearcair agus ar mheascáin mearcair, le táirgí nua a bhfuil mearcair curtha leo agus próisis mhonaraithe nua ina n-úsáidtear mearcair agus comhdhúile mearcair a thoirmeasc agus le hoibleagáidí tuairiscithe a shonrú, a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(31)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos ar phionóis a bheadh infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(32)

Mar gheall ar nádúr agus fairsinge na leasuithe nach mór a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 agus chun deimhneacht dhlíthiúil, soiléire, trédhearcacht agus simpliú na reachtaíochta a fheabhsú, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm.

(33)

Chun dóthain ama a thabhairt d'údaráis inniúla na mBallstát agus do na hoibreoirí eacnamaíocha a ndéanann an Rialachán seo difear dóibh chun oiriúnú don chóras nua arna leagan síos ag an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2018.

(34)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon a áirithiú go ndéanfar sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ó astaíochtaí antrapagaineacha agus scaoileadh mearcair agus comhdhúile mearcair ar ardleibhéal, trí bhíthin inter alia toirmeasc ar tháirgí mearcair agus táirgí ar cuireadh mearcair leo, srianta ar úsáid mearcair i bpróisis mhonaraithe, i dtáirgí, i mianadóireacht agus próiseáil óir ceardaíochta agus mionscála agus sa mhalgam fiaclóireachta agus trí bhíthin oibleagáidí a bhaineann le dramhaíl mhearcair, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr nádúr trasteorann an truaillithe mearcair agus nádúr na mbeart atá le glacadh, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

Leis an Rialachán seo bunaítear bearta agus coinníollacha a bhaineann le úsáid agus stóráil agus trádáil mearcair, comhdhúl mearcair agus meascán mearcair, agus monarú, úsáid agus trádáil táirgí ar cuireadh mearcair leo agus bainistiú dramhaíola mearcair chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol ó astaíochtaí antrapagaineacha agus scaoileadh mearcair agus comhdhúile mearcair.

Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, ceanglais níos déine ná iad siúd a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le CFAE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “mearcair” mearcair miotalach (Hg, CAS RN 7439-97-6);

(2)

ciallaíonn “comhdhúil mhearcair” aon substaint atá comhdhéanta d'adaimh mearcair agus adamh amháin nó níos mó de dhúile ceimiceacha eile is féidir a dheighilt i gcomhdhúile éagsúla trí imoibrithe ceimiceacha, agus tríothu sin amháin;

(3)

ciallaíonn “meascán” meascán nó tuaslagán atá comhdhéanta de dhá shubstaint nó níos mó;

(4)

ciallaíonn “táirge ar cuireadh mearcair leis” táirge nó comhchuid de tháirge a bhfuil mearcair agus/nó comhdhúl mearcair ann a cuireadh leis d'aon ghnó;

(5)

ciallaíonn “dramhaíl mhearcair” mearcair miotalach atá cáilithe mar dhramhaíl, arna sainmhíniú i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(6)

ciallaíonn “onnmhairiú” aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

onnmhairiú buan nó sealadach mearcair, comhdhúl mearcair, meascán mearcair agus táirgí ar cuireadh mearcair leo a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 28(2) CFAE;

(b)

ath-onnmhairiú mearcair, comhdhúl mearcair, meascán mearcair agus táirgí ar cuireach mearcair leo nach gcomhlíonann coinníollacha Airteagal 28(2) CFAE agus atá curtha faoi nós imeachta custaim seachas nós imeachta idirthurais seachtrach an Aontais maidir le gluaiseacht earraí trí chríoch chustaim an Aontais;

(7)

ciallaíonn “allmhairiú” mearcair, comhdhúile mearcair, meascáin mearcair agus táirgí ar cuireadh mearcair leo a thabhairt isteach go fisiciúil chuig críoch chustaim an Aontais agus a chuirtear faoi nós imeachta custaim seachas nós imeachta idirthurais seachtrach an Aontais maidir le gluaiseacht earraí trí chríoch chustaim an Aontais;

(8)

ciallaíonn “diúscairt” diúscairt mar a shainmhínítear i bpointe (19) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(9)

ciallaíonn “mianadóireacht phríomha mearcair” mianadóireacht inarb é an mearcair an príomhábhar atá á lorg;

(10)

ciallaíonn “comhshó” claochlú ceimiceach ar staid fhisiceach mearcair ó staid leachtach chuig suilfíd mhearcair nó ceimiceán atá inchomparáide atá chomh cobhsaí céanna nó níos cobhsaí agus chomh hintuaslagtha céanna nó nach bhfuil chomh intuaslagtha céanna in uisce agus nach mó an ghuais don chomhshaol nó don tsláinte ná suilfíd mhearcair.

(11)

ciallaíonn “cur ar an margadh” soláthar nó cur ar fáil, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce, do thríú páirtí. Measfar gur cur ar an margadh is ea allmhairiú;

CAIBIDIL II

SRIANTA TRÁDÁLA AGUS MONARAITHE A BHAINEANN LE MEARCAIR, COMHDHÚILE MEARCAIR, MEASCÁIN MEARCAIR AGUS TÁIRGÍ AR CUIREADH MEARCAIR LEO

Airteagal 3

Srianta ar onnmhairiú

1.   Toirmiscfear onnmhairiú mearcair.

2.   Déanfar onnmhairiú comhdhúl mearcair agus na meascán mearcair a liostaítear in Iarscríbhinn I a thoirmeasc amhail ó na dátaí a leagtar amach san iarscríbhinn sin.

3.   De mhaolú ar mhír 2, ceadófar onnmhairiú na gcomhdhúl mearcair a liostaítear in Iarscríbhinn I chun críocha taighde ar scála saotharlainne nó anailís saotharlainne.

4.   Toirmiscfear onnmhairiú comhdhúl mearcair chun críche mearcair a aisghabháil agus meascán mearcair nach bhfuil faoi réir an toirmisc a leagtar síos i mír 2 chun críche mearcair a aisghabháil.

Airteagal 4

Srianta ar allmhairiú

1.   Toirmiscfear allmhairiú mearcair agus allmhairiú meascán mearcair a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear dramhaíl mhearcair ó fhoinsí móra dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d'Airteagal 11, le haghaidh úsáidí eile seachas diúscairt mar dhramhaíl. Ní cheadófar allmhairiú do dhiúscairt den sórt sin mar dhramhaíl ach amháin i gcás nach bhfuil aon rochtain ag an tír onnmhairithe ar an acmhainn comhshó atá laistigh dá chríoch féin.

Gan dochar d'Airteagal 11 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den Airteagal seo, déanfar allmhairiú mearcair agus allmhairiú meascain mhearcair a liostaítear in Iarscríbhinn I le haghaidh úsáid a cheadaítear i mBallstát a cheadú i gcás ina mbeidh a thoiliú i scríbhinn tugtha ag an mBallstát lena mbaineann don allmhairiú i gceachtar de na himthosca seo a leanas:

(a)

tá an tír onnmhairithe ina Pháirtí sa Choinbhinsiún agus ní eascraíonn mearcair onnmhairithe ó mhianadóireacht phríomha mearcair mar a thoirmisctear faoi Airteagal 3(3) agus (4), den Choinbhinsiún sin; nó

(b)

thug an tír onnmhairithe nach bhfuil ina Páirtí don Choinbhinsiún deimhniú nach n-eascraíonn mearcair ó mhianadóireacht phríomha mearcair.

Gan dochar d'aon bearta náisiúnta a ghlactar i gcomhréir le CFAE, measfar úsáid a cheadaítear de bhun reachtaíocht an Aontais a bheith ina húsáid a cheadaítear i mBallstát chun críocha na míre seo.

2.   Toirmiscfear allmhairiú meascán mearcair nach dtagann faoi mhír 1 agus allmhairiú comhdhúl mearcair chun críche mearcair a aisghabháil.

3.   Toirmiscfear allmhairiú mearcair lena úsáid i mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála.

4.   I gcás ina gceadófar dramhaíl mhearcair i gcomhréir leis an Airteagal seo, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 d'fheidhm a bheith aige de bhreis ar cheanglais an Rialacháin seo.

Airteagal 5

Onnmhairiú, allmhairiú agus monarú táirgí ar cuireadh mearcair leo

1.   Gan dochar do shrianta níos déine a leagtar amach i reachtaíocht infheidhme eile de chuid an Aontais, toirmiscfear onnmhairiú, allmhairiú agus monarú san Aontas a dhéanamh ar tháirgí ar cuireadh mearcair leo a leagtar amach in Iarscríbhinn II amhail ó na dátaí a leagtar amachsan iarscríbhinn sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos in i mír 1 maidir le haon cheann de na táirgí seo a leanas ar cuireadh mearcair leo:

(a)

táirgí atá bunriachtanach le haghaidh úsáidí cosanta shibhialta agus úsáidí míleata;

(b)

táirgí le haghaidh taighde, le haghaidh calabrú ionstraimíochta, nó atá ceaptha lena n-úsáid mar chaighdeán tagartha.

Airteagal 6

Foirmeacha le haghaidh allmhairiú agus onnmhairiú

Déanfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun na foirmeacha a shonrú a bheidh le húsáid chun críche Airteagal 3 agus Airteagal 4 a chur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

CAIBIDIL III

SRIANTA AR ÚSÁID AGUS STÓRÁIL MEARCAIR, COMHDHÚL MEARCAIR AGUS MEASCÁIN MEARCAIR

Airteagal 7

Gníomhartha tionsclaíocha

1.   Toirmiscfear mearcair agus comhdhúile mearcair a úsáid sna próisis monaraithe a liostaítear i gCuid I d'Iarscríbhinn III ó na dátaí a leagtar amach inti.

2.   Ní cheadófar mearcair agus comhdhúile mearcair a úsáid sna próisis monaraithe a liostaítear i gCuid II d'Iarscríbhinn III ach faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach inti.

3.   Déanfar stóráil eatramhach mearcair agus na gcomdhúl mearcair agus na meascán mearcair a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, i gcomhréir leis na tairseacha agus na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus i dTreoir 2010/75/AE.

Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na hoibleagáide a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach ceanglais theicniúla a leagan amach le haghaidh stóráil eatramhach mearcair, comhdhúl mearcair agus meascán mearcair, ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, i gcomhréir leis na cinntí arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún i gcomhréir le hAirteagal 10(3) agus Airteagal 27 den Choinbhinsiún, ar choinníol gur thacaigh an tAontas leis an gCinneadh lena mbaineann trí bhíthin chinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 218(9) CFAE. Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin arna dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialacháin seo.

Airteagal 8

Táirgí nua ar cuireadh mearcair leo agus próisis monaraithe nua

1.   Ní dhéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha táirgí ar cuireadh mearcair leo nach raibh á monarú roimh an 1 Eanáir 2018 (“táirgí nua ar cuireadh mearcair leo”) a mhonarú ná a chur ar an margadh, mura n-údaraítear dóibh déanamh amhlaidh trí chinneadh arna ghlacadh de bhun mhír 6 den Airteagal seo nó mura gceadaítear dóibh déanamh amhlaidh faoi Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír seo maidir le haon cheann díobh seo a leanas:

(a)

trealamh is gá chun leasanna bunriachtanacha shlándáil na mBallstát a chosaint, lena n-airítear airm, muinsin agus ábhair chogaidh atá ceaptha chun críocha míleata go sonrach;

(b)

trealamh atá ceaptha lena chur sa spás;

(c)

feabhsuithe teicniúla nó athdhearadh ar tháirgí ar cuireadh mearcair leo a bhí á monarú roimh 1 Eanáir 2018, agus, ar choinníoll go dtiocfaidh de na feabhsuithe nó den athdhearadh sin níos lú mearcair a bheith in úsáid sna táirgí sin.

2.   Ní úsáidfidh oibreoirí eacnamaíocha próisis mhonaraíochta ina n-úsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair nár úsáideadh roimh an 1 Eanáir 2018 (próisis mhonaratihe nua) mura mbeidh sin údaraithe dóibh déanamh amhlaidh trí bhíthin cinneadh arna rinneadh de bhun mír 6.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír seo maidir le próisis lena monaraítear nó ina n-úsáidtear táirgí ar cuireadh mearcair leo faoi réir an toirmisc a leagtar síos i mír 1.

3.   I gcás ina mbeidh sé de rún ag oibreoir eacnamaíoch cur isteach ar chinneadh de bhun mír 6 chun monarú nó táirge nua ar cuireadh mearcair leis a chur ar an margadh nó próiseas monaraithe nua a sholáthródh tairbhí suntasacha comhshaoil nó sláinte, nach mbainfeadh aon rioscaí suntasach leo don chomhshaol nó do shláinte an duine, agus i gcás nach mbeadh aon roghanna eile saor ó mhearcair ar fáil a bheadh indéanta go teicniúil a mbeadh na tairbhí sin ag baint leo, tabharfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch fógra d'údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann. Áireofar san fhógra sin an fhaisnéis seo a leanas dóibh:

(a)

tuairisc theicniúil ar an táirge nó ar an bpróiseas lena mbaineann;

(b)

measúnú ar na tairbhí agus ar na rioscaí don chomhshaol agus don tsláinte a bhaineann leis an táirge;

(c)

fianaise lena léirítear roghanna eile saor ó mhearcair a bheadh praiticiúil go teicniúil lena soláthraítear tairbhí suntasacha don chomhshaol agus don tsláinte a bheith in easnamh;

(d)

míniú mionsonraithe ar an mbealach atá an próiseas le hoibriú nó an táirge le monarú, le húsáid agus a dhiúscairt tar éis a úsáide mar dhramhaíl, chun a áirithiú go ndéantar sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar ardleibhéal.

4.   Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an fógra a fhaightear ón oibreoir eacnamaíoch a chur chuig an gCoimisiún, má mheasann sé ar bhonn a mheasúnaithe féin ar an bhfaisnéis a sholáthraítear ann go bhfuil na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 6 á gcomhlíonadh.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi chásanna ina measann siad nár comhlíonadh na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 6.

5.   I gcás ina gcuirfidh an Ballstát ar aghaidh an fógra de bhun an chéad fhomhír de mhír 4 an Airteagail seo, cuirfidh an Coimisiún an fógra ar fáil láithreach don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 22(1).

6.   Scrúdóidh an Coimisiún an fógra a gheofar agus déanfaidh sé a mheasúnú an mbeidh sé taispeánta go mbeadh tairbhí suntasacha don chomhshaol nó don tsláinte ag baint leis an táirge nua ar cuireadh mearcair leis nó leis an bpróiseas monaraithe nua, agus nach mbeadh aon rioscaí suntasacha acu don chomhshaol ná do shláinte an duine, agus nach mbeadh aon roghanna eile saor ón mearcair ar fáil a bheadh indéanta go teicniúil a mbeadh na tairbhí sin ag baint leo.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe.

Déanfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a shonrú an bhfuil an táirge ábhartha nua ar cuireadh mearcair leis nó an próiseas monaraithe nua údaraithe.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

7.   Faoin 30 Meitheamh 2018, cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí ar an idirlíon fardal de phróisis monaraithe ina n-úsáidtear mearcair agus comhdhúile mearcair a bhí á n-úsáid agus táirgí ar cuireadh mearcair leo a bhí á monarú roimh 1 Eanáir 2018 agus aon cheann de na srianta margaíochta is infheidhme.

Airteagal 9

Mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála agus próiseáil

1.   Toirmiscfear mianadóireacht agus próiseáil óir ceardaíochta agus mionscála ina n-úsáidtear malgamú mearcair chun mearcair a eastóscadh ó mhian.

2.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo agus d'Airteagal 16, i gcás ina bhfuil fianaise go bhfuil níos mó ná cásanna ar leith de neamhchomhlíonadh an toirmisc a leagtar síos I mír 1 den Airteagal sin a bheith ann, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann plean náisiúnta a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.

Airteagal 10

Malgam fiaclóireachta

1.   Ón 1 Eanáir 2019,ní úsáidfear malgam fiaclóireachta ach i bhfoirm réamhdháileoige capsúil. Toirmiscfear mearcair a bheith á úsáid i mbulc ag na cleachtóirí fiaclóireachta.

2.   Ón 1 Iúil 2018, ní bheidh malgam fiaclóireachta á úsáid le haghaidh cóireáil fiaclóireachta ar dhiúlfhiacla, do leanaí faoi 15 bliana agus do mná atá torrach nó do mhná atá ag cothú an linbh ar an gcíoch ach amháin ná mheasann an cleachtóir fiaclóireachta go bhfuil géarghá leis ar bhonn riachtanais shonracha leighis an othair.

3.   Faoin 1 Iúil 2019, leagfaidh gach Ballstát plean naisiúnta amach maidir leis na bearta atá beartaithe aige a chur chun feidhme chun úsáid malgaim fiaclóireachta a chéimniú amach.

Cuirfidh na Ballstáit a gcuid pleananna náisiúnta ar fáil ar an idirlíon don phobal agus déanfaidh siad iad a tharchur chuig an gCoimisiún laistigh de mhí amháin ó dháta a nglactha.

4.   Ón 1 Eanáir 2019, déanfaidh oibreoirí saoráidí fiaclóireachta ina n-úsáidtear malgam fiaclóireachta nó ina mbaintear líontaí malgaim fiaclóireachta nó fiacla ina bhfuil na líontaí sin a áirithiú go mbeidh deighilteoirí malgaim curtha ar fáil chun cáithní malgaim a choimeád agus a bhailiú, lena n-áirítear iad siúd atá in uisce úsáidte.

Áiritheoidh na hoibreoirí go ndéanfaidh:

(a)

deighilteoirí malgam a chuirfear i seirbhís ón 1 Eanáir 2018 leibhéal coinneála de 95 % ar a laghad de na cáithní malgaim;

(b)

gach deighilteoir a bheidh in úsáid an leibhéal coinneála a shonraítear i bpointe (a) a áirithiú, ón 1 Eanáir 2021.

Déanfar deighilteoirí malgam a chothabháil i gcomhréir le treoracha an mhonaróra chun an leibhéal coinneála is fearr is féidir a áirithiú.

5.   Maidir le capsúil agus deighilteoirí malgaim a chomhlíonann caighdeáin Eorpacha, nó caighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta eile a dhéanann leibhéal coibhéiseach cáilíochta agus coinneála a sholáthar, glacfar leis go gcomhlíonann siad an ceanglas a leagtar amach i mír 1 agus mír 4.

6.   Déanfaidh cleachtóirí fiaclóireachta a áirithiú go ndéanfaidh bunaíocht nó gnóthas údaraithe um bainistiú dramhaíola a ndramhaíl mhalgaim, lena n-áirítear iarmhair, cáithní agus líontaí malgaim mar aon le fiacla, nó codanna d'fhiacla, atá éillithe ag malgam fiaclóireachta, a láimhseáil agus a bhailiú.

Ní dhéanfaidh cleachtóirí fiaclóireachta an dramhaíl mhalgaim sin a scaoileadh isteach go díreach nó go hindíreach sa chomhshaol in imthosca ar bith.

CAIBIDIL IV

DRAMHAÍL AGUS DRAMHAIL MHEARCAIR A DHIÚSCAIRT

Airteagal 11

Dramhaíl

Gan dochar do phointe (5) d'Airteagal 2 den Rialachán seo, measfar go bhfuil mearcair agus comhdhúile mearcair, bídís i bhfoirm íon nó ina meascáin, ó aon cheann de na foinsí móra seo a leanas ina ndramhaíl de réir bhrí Treoir 2008/98/CE agus déanfar iad a dhiúscairt gan sláinte an duine a chur i mbaol ná dochar a dhéanamh don chomhshaol i gcomhréir leis an Treoir sin:

(a)

an tionscal clór-alcaileach;

(b)

glanadh gáis nádúrtha;

(c)

oibríochtaí mianadóireachta agus bruithnithe miotail neamhfheiriúla;

(d)

asbhaint as ór cionnabair san Aontas.

Ní bheidh aon fhoirm d'aisghabháil mhearcair mar thoradh ar an diúscairt sin.

Airteagal 12

Tuairisciú ar fhoinsí móra

1.   Maidir le hoibreoirí eacnamaíocha sna hearnálacha tionscail dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 11, cuirfidh siad an méid seo a leanas, faoin 31 Bealtaine gach bliain, chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann:

(a)

sonraí maidir le méid iomlán na dramhaíola mearcair atá stóráilte i ngach ceann dá gcuid suiteáil;

(b)

sonraí maidir le méid iomlán na dramhaíola mearcair a cuireadh chuig saoráidí aonair a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, a chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú nó dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó a stóráil go buan agus, más infheidhme, a sholadú;

(c)

suíomh agus sonraí teagmhála gach saoráid dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 14(1);

(e)

cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann dramhaíl mhearcair a chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú, i gcomhréir le hAirteagal 14(2);

(f)

cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó a stóráil go buan agus, más infheidhme, a sholadú, i gcomhréir le hAirteagal 14(3).

2.   Sloinnfear na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 agus úsáid á baint as na cóid a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

3.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 agus mír 2 a thuilleadh maidir le hoibreoir eacnamaíoch suiteálacha clór-alcaile ó bhliain amháin ina dhiadh an dáta a bheidh gach cill mearcair arna hoibriú ag an oibreoir eacnamaíoch díchoimisiúnaithe i gcomhréir le Cinneadh Chur Chun Feidhme 2013/732/AE agus nuair a bheidh an mearcair uile tugtha ar láimh do shaoráidí bainistithe dramhaíola.

Airteagal 13

Dramhaíl mhearcair a stóráil

1.   De mhaolú ar phointe (a) d'Airteagal 5(3) de Threoir 1999/31/CE, féadfar dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach i bhfoirm leachtach ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais shonracha maidir le dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach mar a leagtar síos iad in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin agus go ndéantar an stóráil sin i saoráidí os cionn talún atá tiomnaithe do stóráil shealadach dramhaíola mearcair agus atá feistithe lena haghaidh.

Scoirfidh an maolú a leagtar amach sa chéad fhomhír d'fheidhm a bheith aige amhail ón 1 Eanáir 2023.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun an tréimhse a cheadaítear do stóráil shealadach dramhaíola mearcair dá dtagraítear i mír 1 a fhadú suas le trí bliana.

3.   Sula ndéanfar dramhaíl mhearcair a dhiúscairt go buan, beidh sí dulta faoi chomhshó agus, i gcás ina bhfuil sé beartaithe dramhaíl mhearcaira a dhiúscairt i saoráidí os cionn talún, a comhshó agus a sholadú.

Ní dhéanfar dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú, a dhiúscairt go buan ach amháin sna saoráidí stórála buaine seo a leanas atá ceadúnaithe le haghaidh diúscairt dramhaíola mearcair:

(a)

mianaigh salainn atá oiriúnaithe do stóráil bhuan dramhaíola mearcair a chuaigh faoi chomhshó, nó foirmíochtaí carraige crua atá go domhain faoi thalamh ina bhfuil leibhéal sábháilteachta agus insrianaithe atá coibhéiseach leis an leibhéal atá sna mianaigh salainn sin nó atá níos airde ná an leibhéal sin; or

(b)

saoráidí os cionn talún atá tiomnaithe do stóráil bhuan dramhaíola mearcair a chuaigh faoi chomhshó agus faoi sholadú agus atá feistithe lena haghaidh agus ina bhfuil leibhéal sábháilteachta agus insrianaithe atá coibhéiseach leis an leibhéal atá sna saoráidí dá dtagraítear i bpointe (a) nó atá níos airde ná an leibhéal sin.

Áiritheoidh oibreoirí saoráidí stórála buaine go gcuirtear an dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, faoi sholadú aisti féin ó dhramhaíl eile agus i mbaisceanna diúscartha i seomra stórála atá séalaithe. Maidir le saoráidí stórála buaine áiritheoidh na hoibreoirí sin go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 1999/31/CE, lena n-áirítear na ceanglais shonracha maidir le stóráil shealadach dramhaíola mearcair a bhunaítear sa tríú agus sa chúigiú fleasc de Roinn 8 d'Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i ndáil lena saoráidí stórála buaine.

Airteagal 14

Inrianaitheacht

1.   Aon oibreoirí saoráidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, bunóidh siad clár ina n-áireofar na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás gach lastais dramhaíola mearcair atá faighte:

(i)

tionscnamh agus méid na dramhaíolasin;

(ii)

ainm agus sonraí teagmhála sholáthróir agus úinéir na dramhaíola sin;

(b)

i gcás gach lastais mearcair a fhágann an tsaoráid:

(i)

an méid dramhaíola sin agus a cion mearcair;

(ii)

ceann scríbe agus oibríocht diúscartha bheartaithe na dramhaíola sin;

(iii)

cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann an dramhaíl a chomhshó agus, más infheidhme, soladú na dramhaíola sin, dá dtagraítear i mír 2;

(iv)

cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann an dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, faoi sholadú a stóráil go buan dá dtagraítear i mír 3;

(c)

an méid dramhaíola mearcair arna stóráil sa tsaoráide ag deireadh gach míosa.

Aon oibreoirí saoráidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, eiseoidh siad, a luaithe a thógfar an dramhaíl mhearcair amach as stóráil shealadach, deimhniú lena ndeimhnítear gur seoladh an dramhaíl mhearcair chuig saoráid ina ndéantar oibríochtaí diúscartha a chumhdaítear faoin Airteagal seo.

A luaithe a eiseofar deimhniú dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, déanfar cóip de a tharchur gan mhoill chuig na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 12.

2.   Aon oibreoirí saoraidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú, bunóidh siad clár ina n-áireofar na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás gach lastais dramhaíola mearcair atá faighte:

(i)

tionscnamh agus méid na dramhaíolasin;

(ii)

ainm agus sonraí teagmhála sholáthróir agus úinéir na dramhaíola sin;

(b)

i gcás gach lastais dramhaíola mearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, faoi sholadú agus í ag fágáil na suiteála:

(i)

an méid dramhaíola sin agus a cion mearcair;

(ii)

ceann scríbe agus oibríocht diúscartha bheartaithe na dramhaíola sin;

(iii)

cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann an dramhaíl sin dá dtagraítear i mír 3;

(c)

an méid dramhaíola mearcair arna stóráil sa tsaoráid ag deireadh gach míosa.

Aon oibreoirí saoráidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú, eiseoidh siad, a luaithe a bheidh oibríocht chomhshó agus, más infheidhme, soladaithe an lastais iomláin tugtha i gcrích, deimhniú lena ndeimhnítear go bhfuil lastas iomlán na dramhaíola mearcair comhshóite agus, más infheidhme, soladaithe.

A luaithe a eiseofar deimhniú dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, déanfar cóip de a tharchur gan mhoill chuig oibreoirí na saoráidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chuig na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 12.

3.   Aon oibreoirí saoráidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, faoi sholadú a stóráil go buan, eiseoidh siad, a luaithe a bheidh oibríocht diúscartha an lastais iomláin tugtha i gcrích, deimhniú lena ndeimhnítear go bhfuil lastas iomlán na dramhaíola mearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, faoi sholadú curtha i stóráil bhuan i gcomhréir le Treoir 1999/31/CE, lena n-áirítear faisnéis faoi shuíomh na stórála.

A luaithe a eiseofar deimhniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar cóip de a tharchur gan mhoill chuig oibreoirí na saoráidí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo agus chuig na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 12.

4.   Gach bliain faoin 31 Eanáir déanfaidh oibreoirí na saoráidí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 an clár don bhliain féilire roimhe sin a tharchur chuig an údarás inniúl na mBallstát lena mbaineann. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an t-údarás náisiúnta gach clár a tharchuirtear in iúl don Choimisiún go bliantúil.

Airteagal 15

Láithreacha éillithe

1.   Eagróidh an Coimisiún malartú faisnéise leis na Ballstáit maidir leis na bearta arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta chun láithreacha atá éillithe ag mearcair agus comhdhúile mearcair a shainaithint agus a mheas agus chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí móra a d'fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an éilliú sin do shláinte an duine agus don chomhshaol.

2.   Faoin 1 Eanáir 2021, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis de bhun faoi mhír 1, lena n-áirítear fardal de na láithreacha atá éillithe ag mearcair agus comhdhúile mearcair, ar fáil don phobal ar an idirlíon.

CAIBIDIL V

PIONÓIS, ÚDARÁIS INNIÚLA AGUS TUAIRISCIÚ

Airteagal 16

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus faoi na bearta sin faoi na dátaí faoi seach maidir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 17

Údaráis inniúla

Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla atá freagrach as oibleagáidí a eascróidh as an Rialachán seo a chur i gcrích.

Airteagal 18

Tuarascáil

1.   Faoin 1 Eanáir 2020 agus ag eatraimh iomchuí ina dhiaidh sin, ullmhóidh agus foilseoidh na Ballstáit tuarascáil ar líne, agus cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún agus don phobal í, ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

(b)

faisnéis a bhfuil gá léi chun gur féidir leis an Aontas an oibleagáid tuairiscithe arna faoi Airteagal 21 den Choinbhinsiún a chomhlíonadh;

(c)

achoimre ar an bhfaisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo;

(d)

faisnéis maidir le mearcair atá suite ina gcríocha:

(i)

liosta de na láithreacha ina bhfuil stoic mearcair, seachas dramhaíl mhearcair, atá níos mó ná 50 tona méadrach suite chomh maith leis an méid mearcair i ngach láthair;

(ii)

liosta de na láithreacha ina bhfuil níos mó ná 50 tona méadrach dramhaíola mearcair carntha chomh maith leis an méid dramhaíola mearcair i ngach láthair; agus

(e)

liosta d'fhoinsí a sholáthraíonn níos mó ná 10 dtona mhéadracha mearcair sa bhliain, i gcás inar cuireadh na Ballstáit ar an eolas fúthu.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan aon chuid den fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur ar fáil go poiblí ar aon cheann de na forais a luaitear in Airteagal 4 (1) agus (2) de Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), faoi réir an dara fomhír d'Airteagal 4(2) den Treoir sin.

2.   Chun críocha an tuairisc dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún uirlis tuairiscithe leictreonach ar fáil do na Ballstáit.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun ceistneoirí iomchuí a bhunú chun an t-inneachar, an fhaisnéis agus na táscairí feidhmíochta lárnacha a shonrú ionas go gcomhlíonfar na ceanglais faoimír 1 chomh maith le formáid agus minicíocht na tuarascála dá dtagraítear i mír 1. Ní dhéanfaidh na ceistneoirí sin dúbláil ar oibleagáidí tuairiscithe na bPáirtithe sa Choinbhinsiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

3.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún, gan mhoill, na tuarascálacha atá curtha ar fáil acu do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin.

Airteagal 19

Athbhreithniú

1.   Faoin 30 Meitheamh 2020 tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar thoradh a mheasúnaithe maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an gá go rialálfadh an tAontas astaíochtaí mearcair agus comhdhúl mearcair ó chréamatóiriamaí;

(b)

a indéanta a bheadh sé deireadh a chur le húsáid malgaim fiaclóireachta de réir a chéile san fhadtéarma, agus faoi 2030 más féidir, agus na pleananna náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 10(3) á gcur i gcuntas agus lánurraim á léiriú d'inniúlachtaí na mBallstát seirbhísí sláinte agus cúram sláinte a eagrú agus a sheachadadh; agus

(c)

an tairbhe a dhéanfaí don chomhshaol agus a indéanta a bheadh sé Iarscríbhinn II a ailíniú tuilleadh le reachtaíocht ábhartha an Aontais lena rialáiltear táirgí ar cuireadh mearcair leo a chur ar an margadh.

2.   Faoin 31 Nollaig 2024 tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur chun feidhme agus ar athbhreithniú an Rialacháin seo, inter alia, i bhfianaise na meastóireachta éifeachtachta arna déanamh ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún agus na dtuarascálacha a chuirtear ar fáil ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus Airteagal 21 den Choinbhinsiún.

3.   Tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach i dteannta lena thuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

CAIBIDIL VI

CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 20

Na hIarscríbhinní a leasú

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní I, II, III agus IV chun iad a ailíniú le cinntí arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún i gcomhréir le hAirteagal 27 den Choinbhinsiún, ar choinníol gur thacaigh an tAontas leis an gcinneadh lena mbaineann trí bhíthin cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 218(9) CFAE.

Airteagal 21

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(2) agus Airteagal 20 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 13 Meitheamh 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) agus Airteagal 20 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 13(2) agus Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 22

Nós imeachta coiste

1.   Chun foirmeacha allmhairithe agus onnmhairithe a ghlacadh faoi Airteagal 6, chun ceanglais theicniúla maidir le mearcair, comhdhúile mearcair nó meascáin mhearcair a stóráil go heatramhach ar bhealach fónta ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 7(3), chun cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 8(6), agus chun ceistneoirí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18(2), tabharfaidh coiste cúnamh don choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA DEIREANACHA

Airteagal 23

Aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2018.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn V.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018.

Beidh feidhm ag Cuid I, pointe (d) d'Iarscríbhinn III ón 11 Nollaig 2017, áfach.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Bealtaine 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. ABELA


(1)  IO C 303, 19.8.2016, lch. 122.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Aibreán 2017.

(3)  Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 ar Chlár Ginearálta Gníomhaíochta don Chomhshaol de chuid an Aontais go dtí 2020 “Living well, within the limits of our planet” (IO L 354, 28.12.2013, lch. 171).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le honnmhairithe mearcair mhiotalaigh agus comhdhúile agus meascáin áirithe de mhearcair a thoirmeasc agus maidir le mearcair miotalach a stóráil go sábháilte (IO L 304, 14.11.2008, lch. 75).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/732/AE ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2013 lena mbunaítear na conclúidí faoi na teicnící is fearr atá ar fáil (TFAF) faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar astaíochtaí tionsclaíochta, le haghaidh táirgeadh clór-alcaile (IO L 332, 11.12.2013, lch. 34)

(8)  Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).

(9)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(10)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(11)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(12)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(14)  Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).

(15)  Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88)

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2002 maidir le staidreamh dramhaíola (IO L 332, 9.12.2002, lch. 1).

(17)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena leasaítear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).


IARSCRÍBHINN I

Comhdhúile mearcair faoi réir Airteagal 3(2) agus (3) agus Airteagal 7(3) agus meascáin mhearcair atá faoi réir Airteagal 3(2), Airteagal 4(1) agus Airteagal 7(3)

Comhdhúile mearcair a bhfuil toirmeasc ar a n-onnmhairiú ón 1 Eanáir 2018:

Clóiríd mhearcair (I) (Hg2Cl2, CAS RN 10112-91-1)

Ocsaíd mhearcair (II) (HgO, CAS RN 21908-53-2)

Mian chionnabair

Suilfíd mhearcair (HgS, CAS RN 1344-48-5)

Comhdhúile mearcair a bhfuil toirmeasc ar a n-onnmhairiú ón 1 Eanáir 2020:

Sulfáit mhearcair (II) (HgSO4, CAS RN 7783-35-9)

Níotráit mhearcair (II) (Hg(NO3)2, CAS RN 10045-94-0)

Meascáin mearcair a bhfuil toirmeasc ar a n-onnmhairiú agus a n-allmhairiú ón 1 Eanáir 2018:

Meascáin mhearcair le substaintí eile, lena n-áirítear cómhiotail mhearcair, ag a bhfuil tiúchan mearcair 95 % mais ar a laghad.


IARSCRÍBHINN II

Táirgí ar cuireadh mearcair leo dá dtagraítear in Airteagal 5

Cuid A — Táirgí ar cuireadh mearcair leo

Táirgí ar cuireadh mearcair leo

An dáta óna mbeidh toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo

1.

Ceallraí nó taisc-cheallraí ina bhfuil níos mó ná 0,0005 % mearcair de réir meáchain.

31.12.2020

2.

Lasca agus athsheachadáin, seachas droichid tomhais toillis agus caillteanais ardchruinnis agus lasca agus athsheachadáin radaimhinicíochta ardmhinicíochta in uirlisí monatóireachta agus rialaithe ina bhfuil uaschion mearcair 20 mg in aghaidh an droichid, na laisce nó an athsheachadáin.

31.12.2020

3.

Dlúthlampaí fluaraiseacha (CFLanna) chun críocha gnáthshoilsiú:

(a)

CFL.i ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 2,5 mg in aghaidh an dóire lampa;

(b)

CFL.ni ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 3,5 mg in aghaidh an dóire lampa.

31.12.2018

4.

Na lampaí fluaraiseacha líneacha (LFLs) seo a leanas chun críocha gnáthshoilsiú:

(a)

Fosfar Triband < 60 vata ina bhfuil cionn mearcair níos mó ná 5 mg in aghaidh an lampa;

(b)

Fosfar Halafosfáite ≤ 40 vata ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 10 mg in aghaidh an lampa.

31.12.2018

5.

Lampaí gaile ardbhrú mearcair (HPMVanna), chun críocha gnáthshoilsiú.

31.12.2018

6.

Na lampaí fluaraiseacha catóide fuaire (CCFLanna) agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí (EEFLanna) ar cuireadh mearcair leo, le haghaidh taispeántais leictreonacha seo a leanas:

(a)

gearrfhad (≤ 500 mm) ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 3,5 mg in aghaidh an lampa;

(b)

meánfhad (> 500 mm agus ≤ 1 500 mm) ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 5 mg in aghaidh an lampa;

(c)

mórfhad (> 1 500 mm) ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 13 mg in aghaidh an lampa.

31.12.2018

7.

Cosmaidí ina bhfuil mearcair agus comhdhúile mearcair, seachas na cásanna speisialta úd a áirítear in iontráil 16 agus iontráil 17 d'Iarscríbhinn V de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

31.12.2020

8.

Lotnaidicídí, bithicídí agus antaiseipteáin logánta.

31.12.2020

9.

Na feistí tomhais neamhleictreonacha seo a leanas:

(a)

baraiméadair;

(b)

taismhéadair;

(c)

manaiméadair;

(d)

teirmiméadair agus feidhmchláir theirmiméadracha neamhleictreonacha eile;

(e)

sfigmeamanaiméadair;

(f)

straidhntomhsairí atá le húsáid le pleitismeagraif;

(g)

picniméadair mearcair;

(h)

feistí méadraithe mearcair chun an bogphointe a chinneadh.

Ní chumhdaíonn an iontráil seo na feistí tomhais seo a leanas:

feistí tomhais neamhleictreonacha atá suiteáilte i dtrealamh mórscála nó iad siúd a úsáidtear le haghaidh tomhas ardchruinnis i gcás nach bhfuil gléas oiriúnach atá saor ó mhearcair le fáil;

feistí tomhais a bhí níos sine ná 50 bliain ar an 3 Deireadh Fómhair 2007;

feistí tomhais a thaispeánfar i dtaispeántais phoiblí ar chúiseanna cultúrtha agus staire.

31.12.2020

Cuid B — Táirgí eile nach n-áirítear sa liosta i gCuid A den Iarscríbhinn seo

Lasca agus athsheachadáin, lampaí fluaraiseacha catóide fuaire agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí (CCFLanna agus EEFLanna) le haghaidh taispeántais leictreonacha agus feistí tomhais, nuair a úsáidtear iad chun comhpháirt de threalamh atá níos mó a ionadú agus ar choinníoll nach bhfuil aon mhalairt fhéideartha atá saor ó mhearcair ar fáil don chomhpháirt sin, i gcomhréir le Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus le Treoir 2011/65/AE.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59).

(2)  Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).


IARSCRÍBHINN III

Ceanglais a bhaineann le mearcair is infheidhme maidir le próisis mhonaraithe dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (2)

Cuid I:   Úsáid thoirmiscthe mearcair nó comhdhúl mearcair, bídís i bhfoirm íon nó ina meascáin, i bpróisis mhonaraithe

(a)

ón 1 Eanáir 2018: próisis táirgthe ina n-úsáidfear mearcair nó comhdhúl mearcair mar chatalaíoch;

(b)

de mhaolú ar phointe (a), toirmiscfear monaiméir de chlóiríd vinile a tháirgeadh ón 1 Eanáir 2022.

(c)

ón 1 Eanáir 2022: próisis mhonaraithe ina n-úsáidfear mearcair mar leictreoid;

(d)

de mhaolú ar phointe (c), ón 11 Nollaig 2017: le haghaidh táirgeadh clór-alcaileach i gcás ina n-úsáidfear mearcair mar leictreoid;

(e)

De mhaolú ar phointe (c), toirmiscfear meitioláit nó eitioláit photaisiam nó sóidiam a tháirgeadh ón 1 Eanáir 2028.

(f)

ón 1 Eanáir 2018: táirgeadh polúireatáin, a mhéid nach bhfuil srianta nó toirmiscthe cheana féin i gcomhréir le hiontráil 62 d'Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

Cuid II:   Próisis mhonaraithe faoi réir srianta ar úsáid agus scaoileadh mearcair agus comhdhúl mearcair

Meitioláit nó eitioláit sóidiam nó photaisiam a tháirgeadh

Déanfar meitioláit nó eitioláit sóidiam nó photaisiam a tháirgeadh i gcomhréir le pointe (e) de Chuid I agus faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

ní úsáidfear mearcair as mianadóireacht phríomha mearcair;

(b)

déanfar laghdú 50 % ar scaoileadh díreach agus indíreach mearcair agus comhdhúl mearcair san aer, san uisce agus sa talamh in aghaidh an aonaid táirgthe, faoin mbliain 2020 i gcomparáid le 2010;

(c)

tacófar le taighde agus forbairt i ndáil le próisis monaraithe atá saor ó mhearcair; agus

(d)

ón 13 Meitheamh 2017, ní mhéadófar toilleadh na suiteálacha a úsáideann mearcair agus comhdhúile mearcair chun meitioláit nó eitioláit sóidiam nó photaisiam a tháirgeadh agus a bhí ag oibriú roimh an dáta sin agus ní cheadófar aon suiteálacha nua.


IARSCRÍBHINN IV

Ábhar an phlean náisiúnta maidir le mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála agus próiseáil dá dtagraítear in Airteagal 9

Áireofar sa phlean náisiúnta an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

cuspóirí náisiúnta agus spriocanna maidir le laghdú chun úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair a dhíchur;

(b)

bearta chun na nithe seo a leanas a dhíchur:

(i)

malgamú méine iomláine;

(ii)

dó oscailte malgaim nó malgaim phróiseáilte;

(iii)

dó malgaim i limistéir chónaithe; agus

(iv)

láisteadh ciainíde i moirt, i mian nó i bhfuíoll ar cuireadh mearcair leis gan an mearcair a bhaint ar dtús;

(c)

céimeanna chun cur ar bhonn foirmiúil nó rialáil earnáil na mianadóireachta óir ceardaíochta agus mionscála agus na próiseála a éascú;

(d)

meastacháin bhonnlíne ar na cainníochtaí mearcair a úsáidtear agus na cleachtais a úsáidtear i mianadóireacht agus i bpróiseáil óir cheardaíochta agus mhionscála laistigh dá chríoch;

(e)

straitéisí chun gur féidir laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí agus ar scaoileadh mearcair, agus risíocht do mhearcair, i mianadóireacht agus i bpróiseáil óir cheardaíochta agus mhionscála, lena n-áirítear modhanna saor ó mhearcair;

(f)

straitéisí chun trádáil a bhainistiú agus cosc a chur ar atreorú mearcair agus comhdhúl mearcair ó fhoinsí eachtracha agus ó fhoinsí intíre araon, lena n-úsáid i mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála agus i bpróiseáil óir cheardaíochta agus mhionscála;

(g)

straitéisí chun go mbeidh geallsealbhóirí rannpháirteach i gcur chun feidhme agus i bhforbairt leanúnach an phlean náisiúnta;

(h)

straitéis sláinte poiblí maidir le risíocht mianadóirí óir ceardaíochta agus mionscála agus a bpobail do mhearcair, agus ina n-áireofar, inter alia, sonraí sláinte a thiomsú, oiliúint a chur ar oibrithe cúraim sláinte agus ardú feasachta trí shaoráidí sláinte;

(i)

straitéisí chun risíocht pobal soghonta, go háirithe leanaí agus mná atá in aois toirchis, go mór mór mná atá torrach, do mhearcair a úsáidtear i mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála agus próiseála;

(j)

straitéisí chun faisnéis a chur ar fáil do mhianadóirí óir ceardaíochta agus mionscála agus do na pobail dá ndéantar difear;

(k)

sceideal chun an plean náisiúnta a chur chun feidhme.


IARSCRÍBHINN V

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 3(1) agus (2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 2

Airteagal 11

Airteagal 3(1)(a)

Airteagal 13(3)(a)

Airteagal 3(1), an dara fomhír

Airteagal 13(1), an chéad fhomhír agus Airteagal 13(3), an tríú fomhír

Airteagal 3(2)

Airteagal 4(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 13(1)

Airteagal 4(3)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 6(1)(a)

Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008

An Rialachán seo

Airteagal 6(1)(b)

Airteagal 12(1)(a)

Airteagal 6(1)(c)

Airteagal 12(1)(b) agus (c)

Airteagal 6(2)(a)

Airteagal 12(1)(a)

Airteagal 6(2)(b)

Airteagal 12(1)(b) agus (c)

Airteagal 6(3)

Airteagal 12(1)

Airteagal 6(4)

Airteagal 7

Airteagal 16

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(4)

Airteagal 8(5)

Airteagal 9