19.5.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/825 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Bealtaine 2017

maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal 175 agus d'Airteagal 197(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, is gá don Aontas na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn a chur i gcuntas, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac, agus le hardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine. Ina theannta sin, agus mar a leagtar amach in Airteagal 11 CFAE, is gá ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais agus gníomhaíochtaí an Aontais, go háirithe d'fhonn forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.

(2)

Déantar foráil le hAirteagal 120 agus le hAirteagal 121 CFAE go bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha a sheoladh d'fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaint amach, agus i gcomhthéacs na mór-threoirlínte a fhoirmeoidh an Chomhairle. Mar sin, is ábhar leasa choitinn é beartais eacnamaíocha na mBallstát a chomhordú.

(3)

Tá roinnt Ballstát ann agus ghabh siad trí phróiseas coigeartaithe, nó tá siad fós ag gabháil trí phróiseas den saghas sin, chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a tháinig chun cinn san am atá caite a cheartú, agus tá go leor Ballstát ann a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le hacmhainneacht fáis íseal. Tá cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha aitheanta ag an Aontas mar cheann dá thosaíochtaí beartais lena bhféadfar an téarnamh a sheoladh ar bhealach na hinbhuanaitheachta, an acmhainneacht fáis a réadú, an cumas coigeartaithe a neartú, agus tacú le próiseas an chóineasaithe.

(4)

Próiseas casta is ea é athchóirithe a dhéanamh agus teastaíonn tacar iomlán d'eolas ríspeisialaithe agus de scileanna, chomh maith le fís fhadtéarmach chuige. Ní gan dua a thugtar faoi athchóirithe struchtúracha a dhéanamh ar mhórán réimsí beartais phoiblí, de bhrí go mbíonn tamall ann sula dtagann ann do thionchar na n-athchóirithe céanna. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach iad a cheapadh agus a chur i bhfeidhm go tráthúil agus ar dhóigh éifeachtúil, bíodh sé do gheilleagar atá ag dul trí ghéarchéim nó do gheilleagar atá lag ó thaobh struchtúir de atá siad. Sa chomhthéacs sin, tá an tacaíocht atá tugtha ag an Aontas i bhfoirm cúnamh teicniúil tábhachtach le blianta beaga anuas ó thaobh tacú le coigeartú eacnamaíoch a dhéanamh sa Ghréig agus sa Chipir. Tá úinéireacht ar athchóirithe struchtúracha ar an talamh ríthábhachtach chun go gcuirfear chun feidhme go rathúil iad.

(5)

Féadfaidh na Ballstáit tairbhiú de thacaíocht chun díriú ar dhúshláin maidir le ceapadh agus cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha fáschothaitheacha i gcomhréir le cuspóirí eacnamaíocha agus sóisialta an Aontais. D'fhéadfadh na dúshláin sin brath ar imthosca éagsúla, amhail cumas teoranta riaracháin agus institiúideach chomh maith leis an tslí a ndéantar dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme a bheith neamhleor.

(6)

Tá taithí leathan ag an Aontas ar thacaíocht shonrach a thabhairt do riaracháin náisiúnta agus d'údaráis eile de chuid na mBallstát maidir le méadú cumais agus gníomhaíochtaí dá samhail in earnálacha áirithe (e.g. cánachas, custaim agus tacaíocht d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide) agus i ndáil leis an mbeartas comhtháthaithe a chur chun feidhme. Maidir leis an taithí atá ag an Aontas ar chúnamh a thabhairt d'údaráis náisiúnta athchóirithe a dhéanamh, ba cheart í a úsáid chun feabhas a chur ar chumas an Aontais tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit. Teastaíonn gníomhaíocht chuimsitheach chomhtháite le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit sin a bhfuil athchóirithe spreagtha fáis á ngabháil de láimh acu agus a iarrann cúnamh ar an Aontas ina leith sin.

(7)

Sa Tuarascáil Speisialta ó Chúirt na nIniúchóirí (19/2015) dar teideal 'Aird níos mó ar thorthaí ag teastáil chun soláthar cúnaimh theicniúil don Ghréig a fheabhsú', áirítear moltaí úsáideacha maidir le cúnamh teicniúil a bheith á sholáthar ag an gCoimisiún do na Ballstáit. Tá na moltaí sin le cur i gcuntas i gcur chun feidhme na tacaíochta faoin Rialachán seo.

(8)

I bhfiainise an méid sin, tá sé riachtanach Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (“an Clár”) a bhunú arb é is cuspóir dó cumas na mBallstát athchóirithe spreagtha fáis de chineál riaracháin agus struchtúrach a ullmhú agus a chur chun feidhme, agus an cumas sin a neartú, ar dhóigheanna éagsúla, lena n-áirítear trí chúnamh a thabhairt chun cistí de chuid an Aontais a úsáid ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach. Tá an Clár beartaithe chun rannchuidiú le spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach maidir le tacú le téarnamh eacnamaíoch, comhtháthú agus poist a chruthú, iomaíochas agus táirgiúlacht na hEorpa a neartú, agus infheistíocht san fhíorgheilleagar a spreagadh. Fágfaidh sé sin go mbeidh freagairt níos fearr ann ar na dúshláin eacnamaíocha agus sóisialta ardleibhéal leasa shóisialta chomh maith le hardleibhéal seirbhísí sláinte a bhaint amach agus ar bhochtaineacht agus eisiamh sóisialta a chomhrac.

(9)

Is é an Coimisiún ba cheart tacaíocht a thabhairt faoin gClár, arna iarraidh sin ag Ballstát, i réimsí a bhaineann le comhtháthú, iomaíochas, táirgiúlacht, nuálaíocht, fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, poist agus infheistíocht, amhail buiséad agus cánachas, an tseirbhís phoiblí, athchóirithe institiúideacha agus riaracháin, córais cheartais, an comhrac in aghaidh calaoise, éilliú sciúradh airgid agus imghabháil chánach, an timpeallacht ghnó, forbairt na hearnála príobháidí, infheistíocht, iomaíocht, soláthar poiblí, rannpháirtíocht phoiblí i bhfiontair, próisis príobháidithe, rochtain ar mhaoiniú, beartais i leith na hearnála airgeadais, trádáil, forbairt inbhuanaithe, oideachas agus oiliúint, beartais maidir le margadh an tsaothair, sláinte phoiblí, tearmann, beartais inimirce, talmhaíocht, forbairt tuaithe agus iascach.

(10)

Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann tacaíocht a iarraidh ar an gCoimisiún faoin gClár i ndáil le hathchóirithe a chur chun feidhme i gcomhthéacs na bpróiseas rialachais eacnamaíoch, go háirithe moltaí tír-shonracha i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann le dlí an Aontais a chur chun feidhme, agus i ndáil le cláir coigeartaithe eacnamaíocha a chur chun feidhme. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann freisin tacaíocht a iarraidh i ndáil le hathchóirithe atá á ngabháil de láimh acu ar a dtionscnaimh féin chun comhtháthú, infheistíocht, fás inbhuanaithe, cruthú post agus iomaíochas a bhaint amach. D'fhéadfadh an Coimisiún treoir a sholáthar maidir le príomhghnéithe na hiarratais ar thacaíocht.

(11)

I ndiaidh dó idirphlé a dhéanamh leis an mBallstát iarrthach, lena n-airítear i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar an iarraidh, agus prionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an bhainistithe fhónta airgeadais á gcur i gcuntas, agus an tacaíocht atá le tabhairt bunaithe ar phráinn, ar leithead agus ar dhoimhneacht na bhfadhbanna arna sainaithint a chinneadh, agus bunaithe ar na riachtanas tacaíochta i leith na réimsí beartais a bheidh beartaithe, bunaithe ar anailís ar tháscairí socheacnamaíocha agus ar chumas ginearálta riaracháin an Bhallstáit. Bunaithe ar an anailís sin, agus na gníomhaíochtaí agus na bearta atá ann cheana agus atá á maoiniú le cistí de chuid an Aontais nó le cláir de chuid an Aontais á gcur i gcuntas, ba cheart don Choimisiún teacht ar chomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann maidir leis na réimsí tosaíochta, na cuspóirí, amlíne tháscach, raon feidhme na mbeart tacaíochta a bheidh le soláthar agus iomlán measta na ranníocaíochta airgeadais do thacaíocht den sórt sin, a bheidh le leagan amach i bplean comhair agus tacaíochta.

(12)

Chun críocha trédhearcachta, inter alia, ba cheart don Choimisiún, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, na pleananna comhair agus tacaíochta a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(13)

Ba cheart don Choimisiún, le toiliú na mBallstát ar mian leo tacaíocht a fháil, a bheith in ann soláthar tacaíochta a eagrú i gcomhar le heagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta nó le Ballstáit eile a d'aontaigh gníomhú mar chomhpháirtithe um athchóiriú. Ba cheart don Bhallstát ar mian leis tacaíocht a fháil a bheith in ann, le haghaidh limistéar nó limistéir tacaíochta ar leith, dul i gcomhpháirtíocht le Ballstát amháin nó níos mó mar Chomhpháirtithe um Athchóiriú chun cabhrú le straitéisí a cheapadh, treochláir a athchóiriú, cúnamh ardchaighdeáin a cheapadh nó maoirseacht a dhéanamh ar straitéisí agus ar thionscadail a chur chun feidhme. Cé go bhfuil an fhreagracht as an athchóiriú ar an mBallstát ar mian leis tacaíocht a fháil, ba cheart go mbeadh na comhpháirtithe um athchóiriú nó Ballstáit eile, nó iad araon, a bhfuil tacaíocht á soláthar acu, a bheith in ann rannchuidiú le cur chun feidhme rathúil an Chláir.

(14)

Sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal “Athbhreithniú ar Bhuiséad an Aontais Eorpaigh” agus an 29 Meitheamh 2011 dar teideal “Buiséad don Straitéis Eoraip 2020”, tá béim ar an tábhacht a bhaineann le cistiú a dhíriú ar ghníomhaíochtaí agus ar bhearta a bhfuil sé soiléir go bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo, i.e. cásanna inar mó an breisluach a thiocfadh as an Aontas a bheith ag gníomhú ná a thiocfadh as na Ballstáit a bheith ag gníomhú leo féin. I bhfiainise an méid sin, ba cheart a áirithiú leis na bearta agus leis na gníomhaíochtaí tacaíochta a dhéanfar faoin gClár comhlántacht agus sineirgíocht le cláir agus le beartais eile ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, mar is iomchuí. Ba cheart go bhfágfadh na bearta agus na gníomhaíochtaí faoin gClár gur féidir réitigh a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ar réitigh iad a dhíreoidh, ar an leibhéal iomchuí, ar dhúshláin náisiúnta, agus a bhfuil tionchar acu ar dhúshláin a bhaineann leis an Aontas ar fad, agus a d'fhéadfadh a bheith in ann rannchuidiú le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach. Lena chois sin, ba cheart go rannchuideodh na bearta agus na gníomhaíochtaí faoin gClár le cur chun feidhme comhsheasmhach agus comhleanúnach ar dhlí an Aontais a bhaint amach. Thairis sin, ba cheart go rannchuideoidís freisin le muinín a fhorbairt tuilleadh agus comhar leis an gCoimisiún agus idir na Ballstáit a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, is fusa ag an Aontas ná ag na Ballstáit ardán a chur ar fáil chun dea-chleachtas a chur ar fáil agus a chomhroinnt idir piaraí, agus is fusa dó freisin saineolas a chruinniú.

(15)

Tá sé riachtanach clúdach airgeadais a bhunú don Chlár, clúdach a mhairfeadh tréimhse a dhéanfadh fad an Chláir a chur ar aon dul le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (4).

(16)

Is é ba cheart a bheith i gclúdach airgeadais an Chláir acmhainní airgeadais arna n-asbhaint de leithdháiltí do chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 (5) agus (AE) Uimh. 1305/2013 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun asbhaint den sórt sin a lamháil don chlár sonrach seo agus gan dochar d'aon tograí amach anseo, is gá na Rialacháin sin a leasú.

(17)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do thréimhse iomlán an Chláir, arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí Phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (7), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Níor cheart breathnú ar mhaoiniú an Chláir trí liúntais a aistriú ó chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus 1305/2013 ach amháin mar réiteach aonuaire agus nár cheart a bheith ina fhasach maidir le tionscnaimh a mhaoiniú amach anseo.

(18)

Ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag Ballstáit a iarrann tacaíocht ranníocaíocht a dhéanamh, ar bhonn saorálach, le clúdach airgeadais an Chláir le cistí breise. I láthair na huaire, cuirtear srian le Rialachán 1303/2013 ar an bhféidearthacht acmhainní atá curtha ar leataobh do chúnamh teicniúil a aistriú ar thionscnamh Ballstáit chuig na Ballstáit sin a bhfuil deacrachtaí sealadacha buiséadacha rompu. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú chun go bhféadfaidh gach Ballstát páirt a ghlacadh sa Chlár ó thaobh airgeadais de. Ba cheart na hacmhainní a aistreofar chuig buiséad an Aontais a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí a chuireann le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach sna Ballstáit lena mbaineann.

(19)

Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (“an Rialachán Airgeadais”). Chuige sin, ba cheart don Choimisiún cláir oibre bhliantúla a ghlacadh agus Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi. Ba cheart go leagfaí amach sa chláir oibre bhliantúila na bearta is gá dá gcur chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir, leis na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana le haghaidh deontas, chomh maith leis na gnéithe eile go léir a éilítear.

(20)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sé tacú le hiarrachtaí na mBallstát athchóirithe struchtúracha, institiúideacha agus riaracháin a dhéanamh, tá sé riachtanach ráta cómhaoinithe le haghaidh deontas suas go dtí 100 % de na costais incháilithe a lamháil chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach, agus san am céanna, chun a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail an chómhaoinithe agus an neamhbhrabúis.

(21)

I gcás forais phráinne gan choinne a bhfuil údar cuí leo agus a dteastaíonn freagairt orthu láithreach, amhail suaitheadh tromchúiseach sa gheilleagar nó dálaí mórthábhachtacha a dhéanann difear tromchúiseach do dhálaí eacnamaíocha nó sóisialta i mBallstát agus gan neart ag an mBallstát orthu, sa chás sin ba cheart don Choimisiún, arna iarraidh sin ag Ballstát ar mian leis tacaíocht a fháil a bheith in ann bearta speisialta a ghlacadh, ar feadh tréimhse theoranta den chlár oibre bliantúil agus ar feadh tréimhse theoranta suas go dtí sé mhí, i gcomhréir le cuspóirí agus gníomhaíochtaí atá incháilithe faoin gClár, chun tacú leis na húdaráis náisiúnta aghaidh a thabhairt ar na riachtanais phráinneacha sin.

(22)

Chun leithdháileadh éifeachtúil agus comhleanúnach cistí ó bhuiséad an Aontais agus meas ar phrionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais a áirithiú, ba cheart gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gClár a bheith ina gcomhlánú ar chláir de chuid an Aontais atá ann cheana agus ba cheart iad a bheith sa bhreis ar na cláir sin, agus san am céanna, ba cheart maoiniú dúbailte don chaiteachas céanna a sheachaint. Go háirithe, ba cheart don Coimisiún agus don Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an Bhallstáit, ag gach céim den phróiseas, go bhfuil comhordú éifeachtach á dhéanamh chun comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgíocht a áirithiú i measc foinsí cistiúcháin lena dtacaítear le gníomhaíochtaí sna Ballstáit a bhfuil dlúthbhaint acu leis an gClár seo, go háirithe i gcás bearta a mhaoinítear sna Ballstáit le cistí an Aontais agus le cláir an Aontais. Ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh chun comhlántacht agus sineirgíocht a áirithiú leis an tacaíocht a sholáthraíonn na heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha.

(23)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh.

(24)

Chun an measúnú ar an gClár a éascú, ba cheart go mbunófaí ón bhfíorthosach creat cuí trédhearcach chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhachtaí agus na dtorthaí a baineadh amach faoin gClár ón tús. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil faireacháin a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi chur chun feidhme an Chláir, lena n-áirítear faisnéis faoi iarrataí ar thacaíocht a fháil arna dtíolacadh ag na Ballstáit, faoi na hanailísí ar chur i bhfeidhm na gcritéar chun measúnú a dhéanamh ar na hiarrataí ar thacaíocht, faoi rannpháirtíocht comhpháirtithe um athchóiriú, agus faoi bhearta speisialta a ghlacadh. Ba cheart meastóireacht neamhspleách mheántéarmach a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí an Chláir, ar éifeachtúlacht úsáid acmhainní an Chláir agus ar a bhreisluach ar an leibhéal Eorpach. Sa bhreis air sin, ba cheart meastóireacht neamhspleách ex post láimhseáil a dhéanamh ar thionchar fadtéarmach agus ar éifeachtaí inbhuanaitheachta an Chláir. Ba cheart na meastóireachtaí sin a bheith bunaithe ar na táscairí a dhéanann éifeachtaí an Chláir a thomhas.

(25)

Chun an liosta táscairí lena dtomhaistear baint amach chuspóirí an Chláir a oiriúnú, ba cheart, i bhfianaise na taithí a gheofar le linn an Clár a chur chun feidhme, an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasú an liosta sin. Tá tábhacht ar leith go rachaidh an Coimisiún i mbun comhchomhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go seolfar na comhchomhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(26)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme maidir leis na cláir oibre bhliantúla a ghlacadh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(27)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin rannchuidiú le hathchóirithe institiúideacha, riaracháin agus struchtúracha sna Ballstáit trí thacaíocht a thabhairt d'údaráis náisiúnta, mar a shainítear sa Rialachán seo, le haghaidh bearta arb é is aidhm leo institiúidí a athchóiriú, struchtúir rialachais nó earnálacha riaracháin agus eacnamaíocha agus sóisialta poiblí, lena n-áirítear trí chúnamh a thabhairt, cistí de chuid an Aontais a úsáid ar dhóigh éifeachtúil, trédhearcach agus éifeachtach, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit sin a bhaint amach go leordhóthanach leo féin agus gur fearr, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ós rud é go dtiocfaí ar chomhaontú faoi raon feidhme na tacaíochta leis an mBallstát lena mbaineann.

(28)

Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú agus fad an Chláir

Bunaítear leis an Rialachán seo an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (an “Clár”) don tréimhse ón 20 Bealtaine 2017 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “Ballstát is tairbhí” Ballstát a fhaigheann tacaíocht ón Aontas faoin gClár;

(2)

ciallaíonn “Cistí de chuid an Aontais” Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht ghéarchéime arna bhunú, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí, arna bunú, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13);

(3)

ciallaíonn “údarás náisiúnta” údarás inniúil amháin náisiúnta nó níos mó, lena n-áirítear údaráis ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, atá ag comhoibriú de mheon na comhpháirtíochta i gcomhréir le creat institiúideach agus dlíthiúil na mBallstát;

(4)

ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht san earnáil phoiblí a chuirtear ar bun le comhaontú idirnáisiúnta, chomh maith le sainghníomhaireachtaí arna gcur ar bun ag eagraíocht den sórt sin, de réir bhrí phointe (c)(ii) d'Airteagal 58(1) den Rialachán Airgeadais; meastar gur eagraíochtaí idirnáisiúnta iad eagraíochtaí atá comhshamhlaithe le heagraíocht idirnáisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais;

(5)

ciallaíonn “eagraíochtaí Eorpacha” an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Infheistíochta Eorpach, amhail dá dtagraítear i bpointe (c)(iii) d'Airteagal 58(1) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 3

Breisluach Eorpach

1.   Tabharfar maoiniú ón gClár do bhearta agus gníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo. Chuige sin, áiritheoidh an Coimisiún gur bearta agus gníomhaíochtaí iad na bearta agus na gníomhaíochtaí a roghnófar don chistiú ar dócha, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta go mbeidh breisluach Eorpach ag roinnt lena dtorthaí agus déanfaidh an Coimisiún faireachán i dtaobh ar baineadh breisluach Eorpach amach iarbhír.

2.   Le bearta agus gníomhaíochtaí an Chláir áiritheofar breisluach Eorpach, go háirithe mar a leanas:

(a)

trí réitigh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a dhíríonn ar dhúshláin áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta a bhfuil tionchar acu ar dhúshláin trasteorann nó ar dhúshláin a bhaineann leis an Aontas ar fad, ar dúshláin iad agus a d'fhéadfadh rannchuidiú le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch nó críochach;

(b)

trína gcomhlántacht agus trína sineirgíocht le cláir agus le beartais eile ar an leibhéal réigiúnach, leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí;

(c)

trína rannchuidiú le dlí agus beartais an Aontais a chur chun feidhme go comhsheasmhach comhleanúnach, chomh maith le luachanna Eorpacha a chur chun cinn, lena n-áirítear an dlúthpháirtíocht;

(d)

trína rannchuidiú le dea-chleachtais a roinnt, agus freisin d'fhonn infheictheacht na gclár um athchóiriú a mhéadú, agus le hardán agus líonra saineolais uile-Aontais a thógáil;

(e)

trí mhuinín idir na Ballstáit is tairbhithe agus an Coimisiún a chur chun cinn agus comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn.

Airteagal 4

Cuspóir ginearálta

Is é aidhm ghinearálta a bheidh ag an gClár rannchuidiú le hathchóirithe institiúideacha, riaracháin agus struchtúracha fáschothaitheacha sna Ballstáit trí thacaíocht a thabhairt d'údaráis náisiúnta bearta a dhéanamh arb é is aidhm dóibh athchóiriú a dhéanamh ar institiúidí agus iad a neartú, rialachas, riarachán poiblí agus earnálacha den gheilleagar agus den tsochaí chun dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha agus sóisialta d'fhonn comhtháthú, iomaíocht, táirgiúlacht, fás inbhuanaithe, cruthú post agus infheistíocht a spreagadh, go háirithe mar chuid de phróisis rialachais eacnamaíoch, lena n-áirítear trí chúnamh a thabhairt cistí de chuid an Aontais a úsáid ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach agus trédhearcach.

Airteagal 5

Cuspóirí sonracha an Chláir agus raon feidhme an Chláir

1.   Chun an cuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach, beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár ar cuspóirí iad a shaothrófar i ndlúthchomhar leis na Ballstáit is tairbhithe:

(a)

tacú le tionscnaimh na n-údarás náisiúnta a gcuid athchóirithe a cheapadh de réir a dtosaíochtaí, agus dálaí tosaigh agus an tionchar socheacnamaíoch a mheastar a bheidh ann á gcur i gcuntas;

(b)

tacú leis na húdaráis náisiúnta feabhas a chur ar a gcumas beartais agus straitéisí a fhoirmliú, a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus cur chuige comhtháite a shaothrú lena n-áirithítear comhsheasmhacht idir cuspóirí agus acmhainn ó earnáil go chéile;

(c)

tacú le hiarrachtaí na n-údarás náisiúnta próisis agus modheolaíochtaí iomchuí a shainiú agus a chur chun feidhme trí dhea-chleachtais tíortha eile agus na ceachtanna atá foghlamtha acu le linn díriú ar chásanna dá samhail a chur i gcuntas;

(d)

cúnamh a thabhairt do na húdaráis náisiúnta feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht modhanna bainistithe acmhainní daonna, inter alia, trí eolas gairmiúil agus scileanna gairmiúla a neartú agus trí fhreagrachtaí soiléire a leagan amach.

2.   Na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 1, tagróidh siad do réimsí beartais a bhaineann le comhtháthú, iomaíochas, táirgiúlacht, nuálaíocht, fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, poist agus infheistíocht, go háirithe i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

Bainistiú ar airgeadas agus ar shócmhainní poiblí, próiseas an bhuiséid, bainistiú fiachais, agus riar ioncaim;

(b)

athchóiriú institiúideach agus feidhmiú an riaracháin phoiblí a dhéanamh níos éifeachtúla agus í a dhíriú níos mó ar fhreastal a dhéanamh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí rialacha a shimpliú, trí smacht reachta éifeachtach, trí athchóiriú an chórais ceartais, agus trí athneartú an chomhraic i gcoinne na caolaoise, na héillithe agus an sciúradh airgid;

(c)

an timpeallacht ghnó (lena n-áirítear do FBManna), ationsclú, forbairt na hearnála príobháidí, infheistíocht, rannpháirtíocht phoiblí i bhfiontair, próisis phríobháidithe, trádáil agus infheistíocht dhíreach choigríche, iomaíocht agus soláthar poiblí, forbairt earnálach inbhuanaithe agus tacaíocht don nuálaíocht agus don digitiú;

(d)

oideachas agus oiliúint; beartais maidir leis an margadh saothair, lena n-áirítear idirphlé sóisialta, le haghaidh cruthú post; comhrac in aghaidh na bochtaineachta; an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn; an córas slándála sóisialta agus an córas leasa shóisialta; an córas sláinte poiblí agus an córas cúraim sláinte; chomh maith le beartais maidir le comhtháthú, tearmann, imirce agus teorann;

(e)

beartais chun gníomhaíocht aeráide a chur chun feidhme, éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, agus éagsúlacht fuinnimh a bhaint amach, chomh maith leis an earnál talmhaíochta, le hearnál an iascaigh agus chun limistéir tuaithe a fhorbairt go hinbhuanaithe;

(f)

beartais i leith na hearnála airgeadais, lena n-áirítear litearthacht airgeadais, cobhsaíocht airgeadais, rochtain ar airgeadas agus iasachtú don fhíorgheilleagar a chur chun cinn; táirgeadh, soláthar agus faireachán cáilíochta ar na sonraí agus ar an staidreamh; agus beartais a bhfuil sé mar aidhm acu imghabháil chánach a chomhrac.

Airteagal 6

Gníomhaíochtaí incháilithe

D'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a shaothrú, déanfar gníomhaíochtaí den saghas seo a leanas go háirithe a mhaoiniú leis an gClár:

(a)

saineolas a bhaineann le comhairle bheartais, athrú beartais, straitéisí agus treochláir athchóirithe a fhoirmliú, agus le hathchóirithe reachtacha, institiúideacha, struchtúracha agus riaracháin;

(b)

saineolaithe a chur ar fáil, lena n-áirítear saineolaithe cónaitheacha, ar feadh tréimhse fhada nó tréimhse ghearr, chun cúraimí i réimsí sonracha nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh, agus, i gcás inar gá, tacaíocht ateangaireachta, aistriúcháin agus comhair, mar aon le cúnamh riaracháin agus bonneagair agus áiseanna trealaimh a thabhairt;

(c)

gníomhaíochtaí forbartha acmhainne institiúide, riaracháin nó earnála agus tacaíochta gaolmhara ar gach leibhéal rialachais, a rannchuideoidh le cumasú na sochaí sibhialta, de réir mar is iomchuí, go háirithe:

(i)

seimineáir, comhdhálacha agus ceardlanna;

(ii)

cuairteanna oibre ar Bhallstáit ábhartha nó ar thríú tíotha chun a chumasú d'oifigigh saineolas nó eolas ar cheisteanna ábhartha a fháil nó a mhéadú; agus

(iii)

gníomhaíochtaí oiliúna agus forbairt modúl oiliúna ar líne nó de chineál eile chun tacú leis na scileanna agus leis an eolas gairmiúil is gá a bhaineann leis an hathchóirithe ábhartha;

(d)

sonraí agus staitisticí a bhailiú; modheolaíochtaí coiteanna agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí agus tagarmharcanna coiteanna a fhorbairt;

(e)

tacú oibríochtúil áitiúil a eagrú i réimsí amhail tearmann, imirce agus rialú teorann;

(f)

acmhainn TF a fhorbairt: saineolas a bhaineann le forbairt, cothabháil, oibriú agus rialú cáilíochta an bhonneagair TF agus na bhfeidhmchlár is gá chun na hathchóirithe ábhartha a chur chun feidhme chomh maith le saineolas a bhaineann le cláir atá dírithe ar dhigitiú na seirbhísí poiblí;

(g)

staidéir, taighde, anailísí agus suirbhéanna; meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair, agus forbairt agus foilsiú treoirleabhar, tuarascálacha agus ábhair oideachais;

(h)

tionscadail chumarsáide le haghaidh foghlama, gníomhaíochtaí comhair, múscailte feasachta, scaipthe eolais, agus an malartú dea-chleachtas; feachtais múscailte feasachta agus faisnéise a eagrú, agus feachtais agus ócáidí dírithe ar na meáin chumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach agus cumarsáid, i gcás inarb iomchuí, trí na gréasáin shóisialta;

(i)

tiomsú agus foilsiú ábhar chun faisnéis agus torthaí an Chláir a scaipeadh, lena n-áirítear trí fhorbairt, oibriú agus cothabháil córas agus uirlisí a úsáideann teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;

(j)

aon ghníomhaíocht ábhartha eile a thacaíonn leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5.

Airteagal 7

Iarraidh ar thacaíocht

1.   Aon Bhallstát ar mian leis tacaíocht a fháil faoin gClár, cuirfidh sé iarraidh ar thacaíocht faoi bhráid an Choimisiúin ina sainaithneofar cad iad na réimsí beartais agus na tosaíochtaí a bhfuil tacaíocht á lorg ina leith laistigh de raon feidhme an Chláir faoi mar a leagtar amach iad in Airteagal 5(2). Cuirfear an iarraidh sin isteach faoin 31 Deireadh Fómhair de bhliain féilire. Féadfaidh an Coimisiún treoir a sholáthar maidir leis na príomhghnéithe atá le cur san áireamh san iarraidh ar thacaíocht.

2.   Agus prionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an bhainistithe fhónta airgeadais á gcur i gcuntas, i ndiaidh dó plé a dhéanamh leis an mBallstát, lena n-áirítear i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an iarraidh ar thacaíocht dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar phráinn, ar leithead agus ar dhoimhneacht na bhfadhbanna arna sainaithint, bunaithe ar na riachtanas tacaíochta atá ann sna réimsí beartais lena mbaineann, bunaithe ar anailís ar tháscairí socheacnamaíocha agus bunaithe ar chumas ginearálta riaracháin an Bhallstáit.

Bunaithe ar an anailís sin agus na gníomhaíochtaí agus ar na bearta atá ann cheana agus atá á maoiniú le cistí de chuid an Aontais nó le cláir eile de chuid an Aontais á gcur i gcuntas, tiocfaidh an Coimisiún ar chomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann maidir le réimsí tosaíochta na tacaíochta, na cuspóirí, amlíne tháscach, raon feidhme na mbeart tacaíochta a bheidh le soláthar agus iomlán measta na ranníocaíochta airgeadais don tacaíocht den sórt sin, atá le leagan amach i bplean tacaíochta agus comhair.

3.   Is féidir iarraidh a dhéanamh ar thacaíocht maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

athchóirithe a bheith á ndéanamh ag na Ballstáit agus iad arna ngabháil de láimh ar a dtionscnamh féin, go háirithe chun fás eacnamaíoch agus cruthú post atá inbhuanaithe a bhaint amach;

(b)

cur chun feidhme clár coigeartaithe eacnamaíoch i gcás Ballstát a fhaigheann cúnamh airgeadais ón Aontas faoi ionstraimí atá ann cheana, go háirithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) i gcás Ballstáit atá sa limistéar euro, agus Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 (15) i gcás Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro;

(c)

cur chun feidhme athchóirithe fáschothaitheacha i gcomhthéacs próisis rialachais eacnamaíoch, go háirithe i moltaí tír-shonracha arna n-eisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh ábhartha nó i ngníomhaíochtaí a bhaineann le dlí an Aontais a chur chun feidhme.

Airteagal 8

Faisnéis chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis na pleananna comhair agus tacaíochta

1.   Déanfaidh an Coimisiún, faoi réir thoiliú an Bhallstáit is tairbhí, an plean comhair agus tacaíochta a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa gan mhoill mhíchuí. Féadfaidh an Ballstát is tairbhí diúltú toiliú den sórt sin a thabhairt i gcás faisnéis íogair nó rúnda a ndéanfadh a nochtadh leasanna poiblí an Bhallstáit is tairbhí a chur i mbaol.

2.   Mar sin féin, soláthróidh an Coimisiún an plean comhair agus tacaíochta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle sna himthosca seo a leanas:

(a)

a luaithe a bheidh an fhaisnéis íogair nó rúnda curtha in eagar ag an mBallstát is tairbhí, a ndéanfadh a nochtadh leasanna poiblí an Bhallstáit is tairbhí a chur i mbaol;

(b)

tar éis tréimhse réasúnach ama, nuair nach ndéanfadh nochtadh faisnéise ábhartha difear díobhálach do chur chun feidhme na mbeart tacaíochta faoin gClár, agus in aon chás tráth nach deanaí ná dhá mhí tar éis bearta den sórt sin a thabhairt i gcrích faoin bplean comhair agus tacaíochta.

Airteagal 9

Eagrú tacaíochta agus comhpháirtithe um athchóiriú

1.   Féadfaidh an Coimisiún, le toiliú an Bhallstáit is tairbhí, an tacaíocht faoin gClár a eagrú i gcomhar le Ballstáit eile nó le heagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta.

2.   Féadfaidh an Ballstát is tairbhí, i gcomhar leis an gCoimisiún, dul i gcomhpháirtíocht le Ballstát amháin eile nó níos mó, agus iad a bheith ina gcomhpháirtithe um athchóiriú i leith réimsí sonracha athchóirithe. Déanfaidh comhpháirtí um athchóiriú, i gcomhar leis an gCoimisiún agus ar bhonn comhthuiscint leis an mBallstát is tairbhí agus leis an gCoimisiún cabhair a thabhairt straitéisí a fhoirmliú, treochláir a athchóiriú, cúnamh ardchaighdeáin a dhearadh nó maoirseacht a dhéanamh ar chun chun feidhme straitéisí agus ar thionscadail.

Airteagal 10

Imchlúdach airgeadais

1.   Tá an clúdach airgeadais chun an Clár a chur chun feidhme socraithe ag EUR 142 800 000 i bpraghsanna reatha.

2.   Ina theanta sin, féadfaidh leithdháileadh airgeadais an Chláir speansais a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta arna gceangal chun an Clár a bhainistiú agus a chuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, speansais a bhaineann le líonraí TF a bhfuil béim acu ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, agus gach speansas eile maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna thabhú ag an gCoimisiún chun an Clár a bhainistiú.

3.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla a údarú faoi theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 11

Ranníocaíochtaí airgeadais eile le buiséad an Chláir

1.   I dteannta an chlúdaigh airgeadais a leagtar amach in Airteagal 10, féadfar an Clár a mhaoiniú trí ranníocaíochtaí saorálacha breise ó na Ballstáit.

2.   Na ranníocaíochtaí breise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh siad a bheith ina ranníocaíochtaí ó acmhainní arna soláthar le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát faoi Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus arna n-aistriú de bhun Airteagal 25 den Rialachán sin.

3.   Úsáidfear na ranníocaíochtaí breise dá dtagraítear i mír 1 chun tacú le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Aon ranníocaíocht a dhéanfaidh Ballstát is tairbhí i gcomhréir le mír 2, úsáidfear é go heisiach sa Bhallstát sin.

Airteagal 12

Cosc ar chistiú dúbailte

Féadfaidh gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin gClár seo tacaíocht a fháil ó chláir, ionstraimí nó ó chistí eile de chuid an Aontais faoi bhuiséad an Aontais ar choinníoll nach gcumhdóidh tacaíocht den sórt sin na hítimí costais céanna.

Airteagal 13

Cur chun feidhme an Chláir

1.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Féadfaidh an Coimisiún bearta an Chláir a chur chun feidhme go díreach, nó féadfaidh eintitis agus daoine seachas na Ballstáit iad a chur chun feidhme go hindíreach i gcomhréir le hAirteagal 60 den Rialachán Airgeadais. Go háirithe, is i bhfoirm na nithe seo a leanas a bheidh tacaíocht airgeadais an Aontais le gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Rialachán seo:

(a)

deontais, lena n-áirítear deontais d'údaráis náisiúnta na mBallstát;

(b)

conarthaí soláthair phoiblí;

(c)

aisíocaíocht costas arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha, lena n-áirítear saineolaithe ó údaráis náisiúnta réigiúnacha nó áitiúla na mBallstát a mbeidh tacaíocht á soláthar nó á fáil acu;

(d)

ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais arna gcur ar bun ag eagraíochtaí idirnáisiúnta; agus

(e)

gníomhaíochtaí bainistíochta indírí.

3.   Féadfar deontais a dhámhachtain ar údaráis náisiúnta na mBallstát, ar an mBanc Infheistíochta Eorpach, ar eagraíochtaí idirnáisiúnta, ar chomhlachtaí poiblí nó príobháideacha agus ar eintitis atá bunaithe go dlíthiúil in aon cheann acu seo a leanas:

(a)

na Ballstáit; agus

(b)

tíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar páirtithe iad sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú sin.

Suas le 100 % de na costais incháilithe, sin é an ráta cómhaoinithe a bheidh ann do dheontais, gan dochar do phrionsabail an chómhaoinithe agus an neamhbhrabúis.

4.   Ina theannta sin, féadfaidh saineolaithe aonair tacaíocht a sholáthar, saineolaithe a bhféadfar iarraidh orthu rannchuidiú le gníomhaíochtaí áirithe arna n-eagrú faoin gClár i gcás inar gá sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 5 a bhaint amach.

5.   Chun an Clár a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, cláir oibre bliantúla agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi. Leagfar amach sa chlár oibre bliantúil na bearta is gá dá gcur chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 den Rialachán, na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana le haghaidh deontas, chomh maith leis na gnéithe eile go léir a éilítear leis an Rialachán Airgeadais.

6.   Chun a áirithiú go gcuirfear acmhainní ar fáil go tráthúil, beartófar cuid theoranta den chlár oibre bliantúil le haghaidh bearta speisialta i gcás forais phráinne gan choinne agus a bhfuil údar cuí leo agus a dteastaíonn freagairt ina leith láithreach, lena n-áirítear suaitheadh tromchúiseach sa gheilleagar nó imthosca mórthábhachtacha a dhéanann difear tromchúiseach do dhálaí eacnamaíocha nó sóisialta i mBallstát agus gan neart ag an mBallstát orthu. Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ó Bhallstát ar mian leis tacaíocht a fháil, bearta speisialta a ghlacadh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a shainítear sa Rialachán seo chun tacú leis na húdaráis náisiúnta aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha. Bearta eatramhacha atá i mbearta den sórt sin ó thaobh nádúir de agus ní bheidh siad faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7(1) agus in Airteagal 7(2). Tiocfaidh deireadh leis na bearta speisialta laistigh de shé mhí agus féadfar tacaíocht a chur ina n-ionad i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7.

Airteagal 14

Comhordú agus comhlántacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit is tairbhithe, gach ceann acu laistigh dá fhreagrachtaí féin, sineirgíochtaí a chothú agus comhordú éifeachtach idir an Clár seo agus cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú, go háirithe maidir le bearta atá á maoiniú le cistí de chuid an Aontais. Chuige sin, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go bhfuil comhlántacht agus sineirgíocht idir ionstraimí éagsúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach, go háirithe i ndáil le bearta arna maoiniú le cistí de chuid an Aontais, le linn chéim na pleanála agus le linn chéim an chur chun feidhme;

(b)

sásraí comhordúcháin a bharrfheabhsú chun athobair a sheachaint; agus

(c)

dlúthchomhar a áirithiú idir iad sin atá freagrach as cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal naisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach chun gníomhaíochtaí tacaíochta comhleanúnacha agus cuíchóirithe a bhaint amach.

2.   Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall chun comhlántacht agus sineirgíocht a áirithiú leis an tacaíocht a sholáthraíonn na heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha.

3.   Féadfaidh na cláir oibre bhliantúla ábhartha fónamh mar chreat comhordúcháin, i gcás ina mbeartófar tacaíocht a thabhairt in aon cheann de na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

Airteagal 15

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha riaracháin agus airgeadais.

2.   Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistiú de chuid an Aontais faoin gClár.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann cistiú den sórt sin go díreach nó go hindíreach leo i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (16) d'fhonn a shuíomh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le comhaontú deontais nó Cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú de chuid an Aontais.

Gan dochar don chéad fhomhír agus don dara fomhír, trí chomhaontuithe comhair le heagraíochtaí idirnáisiúnta, trí chomhaontuithe deontais, trí chinntí deontais agus trí chonarthaí de thoradh an Rialachán seo a chur chun feidhme, cumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 16

Faireachán agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí arna maoiniú leis an gClár agus tomhaiseann sé baint amach na gcuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 4 agus baint amach an chuspóra ginearálta agus na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) i gcomhréir leis na táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17, maidir le leasuithe ar an liosta táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn.

2.   Soláthróidh an Coimisiún tuarascáil faireacháin bhliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chláir. Áireofar faisnéis sa tuarascáil sin maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

iarrachtaí ar thacaíocht arna gcur isteach ag na Ballstáit, dá dtagraítear in Airteagal 7(1);

(b)

anailísí ar chur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 7(2), a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar iarrataí ar thacaíocht arna gcur isteach ag na Ballstáit;

(c)

pleananna comhair agus tacaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 7(2);

(d)

rannpháirtíocht comhpháirtithe um athchóiriú dá dtagraítear in Airteagal 9; agus

(e)

bearta speisialta arna nglacadh, dá dtagraítear ina Airteagal 13(6).

Soláthróidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta meántéarma neamhspleách freisin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi lár 2019 ar a dhéanaí, agus soláthróidh sé tuarascáil mheastóireachta ex post neamhspleách faoin 31 Nollaig 2021.

3.   Sa tuarascáil mheastóireachta meántéarma, beidh faisnéis faoi bhaint amach chuspóirí an Chláir, faoi éifeachtúlacht úsáid acmhainní agus faoi bhreisluach Eorpach an Chláir. Tabharfar aghaidh inti freisin ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile. Déanfar measúnú sa tuarascáil mheastóireachta ex post ar an gClár ina iomláine agus déanfar faisnéis a áireamh inti maidir lena tionchar fadtéarmach.

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 16(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ón 20 Bealtaine 2017 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 16(1) a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonraítear sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Sula ndéanfaidh sé gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Cúnamh teicniúil do na Ballstáit a bhainistiú”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ar iarraidh ó Bhallstát de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), féadfar cuid de na hacmhainní dá bhforáiltear faoi Airteagal 59 agus a dhéantar a chlársceidealú i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, le comhaontú ón gCoimisiún, a aistriú go cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin chun bearta maidir leis an mBallstát lena mbaineann a chur chun feidhme i gcomhréir le pointe (k) den tríú fomhír d'Airteagal 58(1) den Rialachán seo trí bhainistiú díreach nó neamhdhíreach.

(*1)  Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (IO L 129, 19.5.2017, lch. 1)”;"

(c)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Iarrfaidh Ballstát an t-aistriú dá dtagraítear i mír 1 do bhliain féilire faoin 31 Eanáir den bhliain ina ndéanfar an t-aistriú. Beidh togra maidir le leasú a dhéanamh ar an gclár nó ar na cláir óna ndéanfar an t-aistriú ag gabháil leis an iarraidh. Déanfar leasuithe comhfhreagracha ar an gComhaontú Comhpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 30(2) lena leagfar amach an méid iomlán a aistreofar gach bliain chuig an gCoimisiún.”;

(d)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“4.   Acmhainní arna n-aistriú ag Ballstát i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, beidh siad faoi réir riail an tsaortha a leagtar amach in Airteagal 136 den Rialachán seo agus Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.”;

(2)

sa tríú fomhír d'Airteagal 58(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

“(l)

gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi Rialachán (AE) 2017/825 chun rannchuidiú le straitéis an Aontais chun fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach.”;

(3)

in Airteagal 91, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfar 0,35 % de na hacmhainní iomlánaíocha, tar éis an tacaíocht chuig SCE dá dtagraítear in Airteagal 92(6), agus chuig an gcabhair do na daoine is díothaí dá dtagraítear in Airteagal 92(7) a asbhaint, a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin, agus den mhéid sin leithdháilfear suas le EUR 112 233 000 i bpraghsanna reatha ar an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/825 lena úsáid laistigh de raon feidhme an Chláir sin agus de réir chuspóir an Chláir sin.”.

Airteagal 19

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

In Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

“I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 féadfaidh CETFT suas le 0,25 % dá leithdháileadh bliantúil a úsáid chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhaoiniú, lena n-áirítear na costais chun an gréasán Eorpach um fhorbairt tuaithe a bhunú agus a oibriú dá dtagraítear in Airteagal 52 den Rialachán seo agus gréasán CEN dá dtagraítear in Airteagal 53 den Rialachán seo, ar thionscnamh an Choimisiúin agus/nó thar a cheann, agus den mhéid sin leithdháilfear suas le EUR 30 567 000 i bpraghsanna reatha ar an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) lena úsáid laistigh de raon feidhme an Chláir sin agus de réir chuspóir an chláir sin.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Bealtaine 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. ABELA


(1)  IO C 177, 18.5.2016, lch. 47.

(2)  IO C 240, 1.7.2016, lch. 49.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017.

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014–2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(7)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíochta, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 168).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht ghéarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 93).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 574/2007/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).

(14)  Rialachán (AE) Uimh 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid lena gcuirtear cúnamh airgeadais meántéarma ar fáil do chomhardú íocaíochta na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002, lch. 1).

(16)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar an gcalaois agus ar neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

Táscairí

Maidir le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5(1), déanfar sin a thomhas ar bhonn na dtáscairí seo a leanas:

(a)

líon agus cineál na n-údarás náisiúnta, na seirbhísí riaracháin agus na n-eintiteas poiblí eile amhail aireachtaí náisiúnta nó údaráis rialála, ar tugadh tacaíocht faoin gClár dó, de réir Ballstát is tairbhí ar tugadh tacaíocht faoin gClár dó;

(b)

líon agus cineál na soláthraithe tacaíochta amhail comhlachtaí rialtais, comhlachtaí dlí phoiblí agus comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, de réir cuspóir sonrach, réimse beartais agus Ballstát is tairbhí;

(c)

líon agus cineál na ngníomhaíochtaí incháilithe faoi Airteagal 6 a rinneadh amhail saineolaithe a sholáthar, gníomhaíochtaí oiliúna nó seimineáir, etc., agus iad roinnte de réir:

(i)

moltaí tír-shonracha nó gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme dhlí an Aontais, cláir coigeartaithe eacnamaíocha agus athchóirithe arna ndéanamh ag Ballstát ar a thionscnamh féin;

(ii)

cuspóir sonrach, réimse beartais agus Ballstát is tairbhí;

(iii)

soláthraithe tacaíochta amhail comhlachtaí rialtais, comhlachtaí dlí phoiblí agus comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(iv)

faighteoirí tacaíochta ón mBallstát is tairbhí amhail údaráis náisiúnta;

(d)

líon agus cineál na socruithe beartais agus dlí amhail meabhráin tuisceana pholaitiúla nó litreacha intinne, comhaontuithe agus conarthaí, arna ndéanamh idir an Coimisiún, comhpháirtithe um athchóiriú (de réir mar a bheidh), agus soláthraithe tacaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí faoin gClár de réir cuspóir sonrach, réimse beartais agus Ballstát is tairbhí;

(e)

líon na dtionscnamh beartais, (e.g. pleananna gníomhaíochta, treochláir, treoirlínte, moltaí, agus reachtaíocht a moladh) arna nglacadh de réir cuspóir sonrach, réimse beartais nó Ballstát is tairbhí agus a eascraíonn as gníomhaíochtaí ábhartha a gcuirtear tacaíocht ar fáil dóibh faoin gClár;

(f)

líon na mbeart arna gcur chun feidhme, de réir réimse beartais agus Ballstát is tairbhí, mar thoradh ar ghníomhaíochtaí dá bhforáiltear faoin gClár agus atá roinnte de réir moltaí tír-shonracha nó gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme dhlí an Aontais, le cláir coigeartaithe eacnamaíocha agus le hathchóirithe arna ndéanamh ag Ballstát ar a thionscnamh féin;

(g)

an t-aiseolas ó údaráis náisiúnta, ó sheirbhísí riaracháin agus ó eintitis phoiblí eile a bhfuil tacaíocht faighte cheana acu faoin gClár, chomh maith le haiseolas ó gheallsealbhóirí nó rannpháirtithe (má tá fáil orthu) maidir le torthaí nó tionchar na ngníomhaíochtaí faoin gClár, de réir cuspóir sonrach, réimse beartais agus Ballstát is tairbhí, agus sonraí cainníochtúla nó eimpíreacha mar thaca leis, más ann dóibh;

(h)

an t-aiseolas ó sholáthraithe tacaíochta maidir le torthaí nó tionchar na tacaíochta a chuir siad ar fáil faoin gClár sa réimse cuspóra agusbeartais shonraigh ina raibh siad gníomhach, de réir Ballstát is tairbhí, agus sonraí cainníochtúla nó eimpíreacha mar thaca leis, i gcás ina mbeidh fáil orthu;

(i)

teacht chun cinn na dtuairimí atá ag geallsealbhóirí ábhartha maidir leis an tslí a gcuideoidh an Clár le baint amach na n-athchóirithe de réir cuspóir sonrach, réimse beartais agus Ballstát is tairbhí, agus sonraí iomchuí cainníochtúla nó eimpíreacha mar thaca leis, i gcás ina mbeidh fáil orthu; agus

(j)

líon na gcuspóirí sa phlean comhair agus tacaíochta a bheidh sroichte ag Ballstát is tairbhí, mar gheall, inter alia, ar an tacaíocht arna fháil ón gClár.

Bainfear úsáid as na táscairí sin i gcomhréir leis na sonraí agus an bhfaisnéis atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí iomchuí cainníochtúla nó eimpíreacha.

Thairis sin, déanfar anailís cháilíochtúil ag an gCoimisiún chun na naisc a shuíomh idir an tacaíocht ón gClár, arna thomhas tríd an bhfaisnéis ó na táscairí sin, agus ó na hathchóirithe institiúideacha, riaracháin agus struchtúracha an Bhallstáit is tairbhí d'fhonn iomaíochas, táirgiúlacht, fás, poist, comhtháthú agus infheistíocht a fheabhsú.