27.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

96


TREOIR (AE) 2017/2399 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hionstraimí fiachais neamhurraithe a rangú in ordlathas dócmhainneachta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 9 Samhain 2015, d’fhoilsigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB) Bileog Téarmaí (“caighdeán TLAC”) an Chumais Iomláin Ionsúcháin Caillteanais (TLAC), agus d’fhormhuinigh G20 é i Samhain 2015. Is é cuspóir chaighdeán TLAC a áirithiú i gcás bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SIBanna), dá ngairtear i gcreat an Aontais institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SIInna), go bhfuil an cumas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin is gá acu chun a áirithiú, nuair a bheidh réiteach á dhéanamh agus díreach ina dhiaidh sin, gur féidir leanúint le feidhmeanna criticiúla gan cistí na gcáiníocóirí (cistí poiblí) ná cobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol. Sa teachtaireacht uaidh an 24 Samhain 2015 dar teideal “Towards the completion of the Banking Union” (I dtreo an tAontas Baincéireachta a thabhairt chun críche), gheall an Coimisiún go gcuirfeadh sé togra reachtach chun cinn faoi dheireadh 2016, lena bhféadfaí caighdeán TLAC a chur chun feidhme i ndlí an Aontais faoin sprioc-am a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, mar atá 2019.

(2)

Nuair a bheifear ag cur chaighdeán TLAC chun feidhme i ndlí an Aontais, ní mór an t-íoscheanglas institiúid-sonrach atá ann cheana maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) a chur san áireamh, íoscheanglas is infheidhme maidir le hinstitiúidí uile an Aontais mar a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ós rud é go bhfuil an cuspóir céanna ag TLAC agus ag ICDI, mar atá a áirithiú go mbeidh cumas leordhóthanach ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin ag institiúidí an Aontais, ba cheart an dá cheanglas a bheith ina ngnéithe comhlántacha de chomhchreat. Go nithiúil, mhol an Coimisiún gur cheart íosleibhéal comhchuibhithe i dtaca le caighdeán TLAC do G-SIInna (“íoscheanglas TLAC”), agus na critéir incháilitheachta do dhliteanais a úsáidtear chun an caighdeán sin a chomhlíonadh, a thabhairt isteach i ndlí an Aontais trí leasuithe a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus gur cheart aghaidh a thabhairt ar an bhforlíontán institiúid-sonrach do G-SIInna agus ar an gceanglas institiúid-sonrach d’eintitis nach G-SIInna iad chomh maith le critéir ábhartha incháilitheachta, trí bhíthin leasuithe spriocdhírithe ar Threoir 2014/59/AE agus ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

Tá an Treoir seo, a bhaineann le hionstraimí fiachais neamhurraithe a rangú in ordlathas dócmhainneachta, ina comhlánú ar na gníomhartha reachtacha thuasluaite, mar a mholtar iad a leasú, agus ar Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(3)

I bhfianaise na dtograí sin agus d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do mhargaí agus d’eintitis atá faoi réir ICDI agus TLAC, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar soiléiriú go pras ar chritéir incháilitheachta na ndliteanas a úsáidtear don chomhlíonadh le ICDI agus leis an gcuid sin de dhlí an Aontais lena gcuirtear TLAC chun feidhme, agus go dtabharfar forálacha iomchuí marthanachta isteach maidir le hincháilitheacht na ndliteanas a eisítear roimh theacht i bhfeidhm na gcritéar athbhreithnithe incháilitheachta.

(4)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cumas leordhóthanach ionsúcháin caillteanais agus cumas leordhóthanach athchaipitliúcháin ag institiúidí chun a áirithiú go n-ionsúfaí na caillteanais agus go ndéanfaí athchaipitliú go mín agus go tapúil ionas go mbeadh an tionchar is lú is féidir ar chobhsaíocht airgeadais agus, ag an am céanna, é mar aidhm acu nach n-imreofaí aon tionchar ar cháiníocóirí. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart d’institiúidí íoscheanglas TLAC a chomhlíonadh go seasta, ar íoscheanglas é atá le cur chun feidhme i ndlí an Aontais trí leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus trí cheangaltas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá bhforáiltear i dTreoir 2014/59/AE a chomhlíonadh.

(5)

Le caighdeán TLAC, cuirfear de cheangal ar G-SIInna íoscheanglas TLAC a chomhlíonadh, ach amháin i gcás eisceachtaí áirithe, trí bhíthin dliteanais fho-ordaithe ag a bhfuil rang níos ísle i dtaca le dócmhainneacht ná mar atá ag dliteanais atá eisiata ó TLAC (“ceanglas fo-ordúcháin”). Faoi chaighdeán TLAC, tá fo-ordú le cur i gcrích trí éifeachtaí dlíthiúla conartha (dá ngairtear fo-ordú conarthach), trí dhlíthe dlínse ar leith (dá ngairtear fo-ordú reachtúil) nó trí struchtúr corparáideach ar leith (dá ngairtear fo-ordú struchtúrach). I gcás ina gceanglaítear a leithéid le Treoir 2014/59/AE, ba cheart d’institiúidí a thagann faoin raon feidhme na Treorach sin a gceanglas gnólacht-sonrach a chomhlíonadh trí bhíthin dliteanais fho-ordaithe chun go laghdófaí an riosca go ndéanfadh creidiúnaithe agóid dhlíthiúil ar an mbonn go bhfuil caillteanais na gcreidiúnaithe i gcás réitigh níos mó ná na caillteanais a mbeidís tar éis a thabhú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta (an prionsabal nach mbeidh creidiúnaí ar bith níos measa as).

(6)

Tá roinnt Ballstát tar éis na rialacha maidir leis an rangú dócmhainneachta maidir le fiachas sinsearach neamhurraithe faoina ndlí dócmhainneachta náisiúnta a leasú, sin nó tá siad i mbun a leasaithe chun go bhféadfaidh institiúidí dá gcuid ceanglas fo-ordúcháin a chomhlíonadh ar bhealach níos éifeachtúla agus, ar an gcaoi sin, imeachtaí réitigh a éascú.

(7)

Tá na rialacha náisiúnta a glacadh go dtí seo an-éagsúil óna chéile. In éagmais rialacha comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, tá neamhchinnteacht ann d’institiúidí eisiúna, agus d’infheisteoirí araon agus is dóigh gur deacra a bheidh sé an uirlis fortharrthála le haghaidh institiúidí trasteorann a chur i bhfeidhm. In éagmais na rialacha Aontais comhchuibhithe sin, is dóigh go dtiocfaidh saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach chun cinn, freisin, ar an ábhar go bhféadfadh éagsúlacht mhór a bheith ann idir na costais a chuirfí ar na hinstitúidí i dtaca leis an gceanglas fo-ordúcháin a chomhlíonadh agus na costais a bheadh ar infheisteoirí agus iad ag ceannach ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais.

(8)

Sa rún uaithi an 10 Márta 2016 maidir leis an Aontas Baincéireachta (8), d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh chun rioscaí dlíthiúla na n-éileamh a laghdú a thuilleadh faoin bprionsabal nach mbeadh creidiúnaí ar bith níos measa as, agus, sna conclúidí uaithi an 17 Meitheamh 2016, thug an Chomhairle cuireadh don Choimisiún togra a chur ar aghaidh maidir le cur chuige coiteann i dtaca le hordlathas creidiúnaithe bainc chun deimhneacht dhlithiúil a fheabhsú i gcás réitigh.

(9)

Is den riachtanas, dá bhrí sin, deireadh a chur leis na bacainní suntasacha atá ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus an saobhadh iomaíochta sin a sheachaint a thiocfadh chun cinn in éagmais rialacha comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais maidir le hordlathas creidiúnaithe bainc, agus cosc a chur ar bhacainní agus ar shaobhadh den chineál sin amach anseo. Dá réir sin, is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is bunús dlí iomchuí don Treoir seo.

(10)

D’fhonn na costais maidir le comhlíonadh an cheanglais fho-ordúcháin agus aon tionchar diúltach ar chostais chistiúcháin a laghdú a oiread is féidir, ba cheart, leis an Treoir seo, a cheadú do na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, aicme reatha na ngnáthfhiachas sinsearach neamhurraithe a choinneáil, dliteanas is lú costas d’institiúidí a eisiúint ná aon dliteanais fho-ordaithe eile. D’fhonn feabhas a chur ar inréiteacht na n-institiúidí, ba cheart, mar sin féin, leis an Treoir seo, ceangal a chur ar na Ballstáit aicme nua d’fhiachas sinsearach neamhthosaíochta a chruthú ar ceart í a rangú, i gcás dócmhainneachta, os cionn ionstraimí cistí dílse agus os cionn dliteanais fho-ordaithe nach mbeidh incháilithe mar ionstraimí cistí dílse, ach faoi bhun dliteanais shinsearacha eile. Ba cheart é a bheith de shaoirse ag institiúidí, i gcónaí, fiachas a eisiúint san aicme shinsearach agus san aicme shinsearach neamhthosaíochta araon. Maidir leis an dá aicme sin, agus gan dochar do roghanna agus do dhíolúintí eile dá bhforáiltear i gcaighdeán TLAC chun an ceanglas fo-ordúcháin a chomhlíonadh, níor cheart ach an aicme shinsearach neamhthosaíochta a bheith incháilithe chun an ceanglas fo-ordúcháin a chomhlíonadh. Tá sé i gceist go leomhfadh sin do na hinstitúidí úsáid a bhaint as an ngnáthfhiachas sinsearach is lú costas maidir lena gcistiú féin nó ar chúiseanna oibríochtúla eile agus fiachas a eisiúint san aicme nua shinsearach neamhthosaíochta chun cistiú a fháil agus an ceanglas fo-ordúcháin á chomhlíonadh. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit roinnt aicmí a chruthú i gcomhair gnáthdhliteanais neamhurraithe eile, ar choinníoll go n-áiritheoidh siad, gan dochar do thuairimí agus do dhíolúintí eile dá bhforáiltear i gcaighdeán TLAC, nach bhfuil incháilithe chun an ceanglas fo-ordúcháin a chomhlíonadh ach an aicme shinsearach d’ionstraimí fiachais neamhthosaíochta.

(11)

Chun a áirithiú go gcomhlíonann an aicme nua shinsearach d’ionstraimí fiachais neamhthosaíochta na critéir incháilitheachta mar a thuairiscítear i gcaighdeán TLAC agus a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE, agus ar an gcaoi sin, go ndéanfar an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbíonn bliain amháin ar a laghad d’aibíocht chonarthach bhunaidh ag na hionstraimí fiachais sin, nach mbíonn díorthaigh leabaithe acu agus nach díorthaigh iontu féin iad agus, sa doiciméadacht chonarthach ábhartha a bhaineann lena n-eisiúint agus, i gcás inarb infheidhme, sa réamheolaire, go dtagraítear go sonrach dá rangú níos ísle de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Ionstraimí fiachais a bhfuil ús athraitheach acu, a dhíorthaítear ó ráta tagartha a úsáidtear go forleathan, amhail EurioborLibor, agus ionstraimí fiachais nach bhfuil ainmnithe in airgeadra intíre an eisitheora, níor cheart a mheas, díreach mar gheall ar na gnéithe sin amháin, gur ionstraimí fiachais iad a bhfuil díorthaigh leabaithe acu, ar choinníoll go ndéantar an bunairgead, an aisíocaíocht agus an t-ús a ainmniú san airgeadra céanna. Níor cheart gur dhochar an Treoir seo d’aon cheanglas sa dlí náisiúnta chun ionstraimí fiachais a chlárú i gclárlann dliteanas chuideachta an eisitheora chun na coinníollacha le haghaidh aicme shinsearach d’ionstraimí fiachais neamhthosaíochta a chomhlíonadh, dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(12)

D’fhonn an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú d’infheisteoirí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gurb airde an rangú tosaíochta a bheidh ag gnáthionstraimí fiachais neamhurraithe agus ag gnáthdhliteanais neamhurraithe eile nach ionstraimí fiachais iad sna dlíthe dócmhainneachta náisiúnta atá acu ná mar a bheidh ag an aicme nua shinsearach d’ionstraimí fiachais neamhthosaíochta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin gurb airde an rangú tosaíochta a bheidh ag an aicme nua shinsearach d’ionstraimí fiachais neamhthosaíochta ná mar a bheidh ag ionstraimí cistí dílse agus ná an rangú tosaíochta a bheadh ag aon dliteanais fho-ordaithe nach incháilithe mar chistí dílse.

(13)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon rialacha comhchuibhithe a leagan síos i ndáil le rangú dócmhainneachta a dhéanamh ar ionstraimí fiachais neamhurraithe chun críocha chreat téarnaimh agus réitigh an Aontais agus go háirithe chun a éifeachtaí atá an córas fortharrthála a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Go háirithe, níor cheart gur dhochar an Treoir seo do roghanna eile ná do dhíolúintí eile dá bhforáiltear i gcaighdeán TLAC chun an ceanglas fo-ordúcháin a chomhlíonadh.

(14)

Is iomchuí go mbeadh feidhm ag na leasuithe ar Threoir 2014/59/AE dá bhforáiltear sa Treoir seo maidir le héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ar dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo agus tar a éis sin. Mar sin féin, chun críocha na cinnteachta dlíthiúla agus chun na costais aistrithe a mhaolú a mhéid is féidir, is gá coimircí iomchuí a thabhairt isteach maidir le rangú dócmhainneachta na n-éileamh sin a dhéantar de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint roimh an dáta sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, go ndéanfar rangú dócmhainneachta gach éilimh neamhurraithe gan íoc de thairbhe ionstraimí fiachais a d’eisigh institiúidí roimh an dáta sin, go ndéanfar an rangú sin a rialú le dlíthe na mBallstát mar a glacadh ar an 31 Nollaig 2016 iad. A mhéid a bhféadfadh dlíthe áirithe náisiúnta, mar a glacadh ar an 31 Nollaig 2016 iad, aghaidh a bheith tugtha acu cheana ar an gcuspóir atá ann a chur ar chumas institiúidí dliteanais fho-ordaithe a eisiúint, ba cheart go mbeadh an deis ann an rangú céanna dócmhainneachta a bheith ag cuid de na héilimh neamhurraithe gan íoc de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint roimh dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo nó acu sin ar fad, agus atá ag na hionstraimí fiachais shinsearaigh neamhthosaíochta a eisítear faoi choinníollacha na Treorach seo. Sa bhreis air sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann, tar éis an 31 Nollaig 2016 agus roimh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, a ndlíthe náisiúnta a oiriúnú lena rialaítear an rangú i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir le héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais a eisíodh tar éis dháta chur i bhfeidhm na ndlíthe sin chun na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh. Sa chás sin, níor cheart ach do na héilimh neamhurraithe de thairbhe na n-ionstraimí fiachais a eisíodh roimh chur i bhfeidhm an dlí nua náisiúnta sin leanúint de bheith faoi rialú dhlíthe na mBallstát mar a glacadh ar an 31 Nollaig 2016 iad.

(15)

Níor cheart an Treoir seo bac a chur ar na Ballstáit foráil a dhéanamh go leanfadh an Treoir seo d’fheidhm a bheith aici nuair nach bhfuil eintitis eisiúna faoi réir chreat téarnaimh agus réitigh an Aontais a thuilleadh de bharr, go háirithe, dhífheistiú a gcreidmheasa nó gníomhaíochtaí infheistíochta le tríú páirtí.

(16)

Leis an Treoir seo, comhchuibhítear an rangú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir le héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais agus ní chumhdaítear an rangú dócmhainneachta i dtaca le taiscí thar na forálacha is infheidhme atá ann cheana de Threoir 2014/59/AE. Dá bhrí sin, ní dochar an Treoir seo do dhlíthe náisiúnta na mBallstát atá ann cheana nó a bheidh ann sa todhchaí lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta lena gcumhdaítear an rangú dócmhainneachta i dtaca le taiscí, a mhéid nach gcomhchuibhítear rangú den chineál sin le Treoir 2014/59/AE, beag beann ar an dáta a ndearnadh na taiscí. Faoin 29 Nollaig 2020, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Threoir 2014/59/AE maidir le rangú na dtaiscí i gcás dócmhainneachta agus measúnú a dhéanamh go háirithe ar an ngá a bheidh le tuilleadh leasuithe a dhéanamh orthu.

(17)

D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do mhargaí agus d’institiúidí aonair agus chun cur i bhfeidhm éifeachtach na huirlise tarrthála inmheánaí a éascú, is ceart go dtiocfadh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE

Leasaítear Treoir 2014/59/AE mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (48):

“(48)

‘ionstraimí fiachais’:

(i)

chun críche phointe (g) agus phointe (j) d’Airteagal 63(1), ciallaíonn ‘ionstraimí fiachais’ bannaí agus cineálacha eile fiachais inaistrithe, ionstraimí lena gcruthaítear nó lena n-aithnítear fiachas, agus ionstraimí lena dtugtar cearta chun ionstraimí fiachais a fháil; agus

(ii)

chun críche Airteagal 108, ciallaíonn ‘ionstraimí fiachais’ bannaí agus cineálacha eile fiachais inaistrithe agus ionstraimí lena gcruthaítear nó lena n-aithnítear fiachas;”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 108:

“Airteagal 108

Rangú in ordlathas dócmhainneachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, ina ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta:

(a)

go mbeidh an rangú tosaíochta céanna, arb airde é ná an rangú a sholáthraítear do na héilimh ghnáthchreidiúnaithe neamhurraithe, ag an méid seo a leanas:

(i)

an chuid sin de thaiscí incháilithe ó dhaoine nadúrtha agus ó mhicreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide a sháraíonn an leibhéal cumhdaigh dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Threoir 2014/49/AE;

(ii)

taiscí a bheadh ina dtaiscí incháilithe ó dhaoine nadúrtha agus ó mhicreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide murach gur taisceadh iad trí bhrainsí a bhí suite lasmuigh den Aontas d’institiúidí atá suite laistigh den Aontas.

(b)

tá an rangú tosaíochtaí céanna, arb airde é ná an rangú dá bhforáiltear faoi phointe (a) ag an méid seo a leanas:

(i)

taiscí cumhdaithe;

(ii)

scéimeanna ráthaithe taiscí a dhéanann seachaíocht ar chearta agus oibleagáidí taisceoirí cumhdaithe i gcás dócmhainneachta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 1(1), gurb airde an rangú tosaíochta atá ag gnáthéilimh neamhurraithe, ina ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ná mar atá ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

1 bhliain ar a laghad atá in aibíocht chonarthach bhunaidh na n-ionstraimí fiachais;

(b)

níl díorthaigh leabaithe ag na hionstraimí fiachais agus ní díorthaigh iontu féin iad;

(c)

tagraítear go sonrach sa doiciméadacht chonarthach ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, sa réamheolaire a bhaineann le heisiúint don rangú níos ísle faoin mír seo.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit gurb airde an rangú tosaíochta atá ina dlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, ná mar atá ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 48(1).

4.   Gan dochar do mhír 5 ná do mhír 7, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag a ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, mar a glacadh ar an 31 Nollaig 2016 iad, maidir leis an rangú i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta i dtaca le héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag eintitis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 1(1) den Treoir seo, roimh an dáta a dtiocfaidh bearta faoin dlí náisiúnta i bhfeidhm lena dtrasuítear Treoir (AE) 2017/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) .

5.   I gcás inar ghlac Ballstát, tar éis an 31 Nollaig 2016 agus roimh 28 Nollaig 2018,dlí náisiúnta lena rialaítear an rangú i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta i dtaca le héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint tar éis dháta theacht i bhfeidhm dlí náisiúnta den sórt sin, ní bheidh feidhm ag mír 4 den Airteagal seo maidir le héilimh de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint tar éis dháta theacht i bhfeidhm an dlí náisiúnta sin, ar choinníoll go gcomhlíontar an méid seo a leanas:

(a)

faoin dlí náisiúnta sin, agus i gcás eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 1(1), gurb airde an rangú tosaíochta a bhíonn ag gnáthéilimh neamhurraithe, i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, ná mar a bhíonn ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(i)

1 bhliain ar a laghad atá in aibíocht chonarthach bhunaidh na n-ionstraimí fiachais;

(ii)

níl díorthaigh leabaithe ag na hionstraimí fiachais agus ní díorthaigh iontu féin iad; agus

(iii)

tagraítear go sonrach sa doiciméadacht chonarthach ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, sa réamheolaire a bhaineann le heisiúint, don rangú níos ísle faoin dlí náisiúnta;

(b)

faoin dlí náisiúnta sin, is airde an rangú tosaíochta a bhíonn ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) den fhomhír seo, i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, ná mar a bhíonn ag éilimh de thairbhe ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 48(1).

Ar an dáta a dtiocfaidh bearta faoin dlí náisiúnta i bhfeidhm lena trasuítear Treoir (AE) 2017/2399 , beidh an rangú tosaíochta céanna ag na héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, agus atá ag an gceann dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo.

6.   Chun críocha phointe (b) de mhír 2 agus phointe (a)(ii) den chéad fhomhír de mhír 5, ionstraimí fiachais a bhfuil ús athraitheach acu, a dhíorthaítear ó ráta tagartha a úsáidtear go forleathan agus ionstraimí fiachais nach bhfuil ainmnithe in airgeadra intíre an eisitheora, ní mheasfar, díreach mar gheall ar na gnéithe sin amháin, gur ionstraimí fiachais iad a bhfuil díorthaigh leabaithe acu, ar choinníoll go ndéantar an bunairgead, an aisíocaíocht agus an t-ús a ainmniú san airgeadra céanna.

7.   I gcás na mBallstát inar glacadh roimh an 31 Nollaig 2016 dlí náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ina ndéantar gnáthéilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 1(1) a roinnt ina dhá rangú tosaíochta éagsúla nó níos mó, nó i gcás ina n-athraítear an rangú tosaíochta maidir le gnáthéilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais den chineál sin i dtaca le gach gnáthéileamh neamhurraithe eile den rangú céanna, féadfaidh siad foráil a dhéanamh go bhfuil an rangú céanna ag ionstraimí fiachais ag a bhfuil an rangú tosaíochta is ísle i measc na n-éileamh neamhurraithe agus atá ag na héilimh a chomhlíonann coinníollacha phointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo.’

(*1)  Treoir (AE) 2017/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hionstraimí fiachais neamhurraithe a rangú in ordlathas dócmhainneachta (IO L 345, 27.12.2017, lch. 96).”."

Airteagal 2

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 29 Nollaig 2018. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta sin a chur i bhfeidhm an dáta a dtiocfaidh siad i bhfeidhm sa dlí náisiúnta.

2.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den chineál sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 i gcás ina gcomhlíonann bearta náisiúnta na mBallstát atá i bhfeidhm roimh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo an Treoir seo. Sa chás sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún dá réir sin.

4.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún agus don Údarás Baincéireachta Eorpach.

Airteagal 3

Athbhreithniú

Faoin 29 Nollaig 2020, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm Airteagal 108(1) de Threoir 2014/59/AE. Déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar an ngá a bheidh le tuilleadh leasuithe maidir le taiscí i gcás dócmhainneachta a rangú. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 132, 26.4.2017, lch. 1.

(2)  IO C 173, 31.5.2017, lch. 41.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Samhain 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Nollaig 2017.

(4)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).

(7)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(8)  Nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil.