24.5.2017 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
22 |
TREOIR (AE) 2017/853 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Bealtaine 2017
lena leasaítear Treoir 91/477/CEE ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 91/477/CEE ón gComhairle (3), bunaíodh beart tionlacain don mhargadh inmheánach. Chruthaigh sé cothromaíocht, ar lámh amháin, idir an gealltanas saorghluaiseacht áirithe a áirithiú i gcás roinnt arm tine agus comhpháirteanna bunriachtanacha díobh laistigh den Aontas, agus, ar an lámh eile, idir an gá leis an tsaorghluaiseacht sin a rialú trí ráthaíochtaí slándála atá oiriúnach do na táirgí sin a úsáid. |
(2) |
Is gá feabhsú breise a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de Threoir 91/477/CEE ar shlí chomhréireach d'fhonn dul i ngleic le mí-úsáid arm tine chun críoch coiriúil, agus gníomhartha sceimhlitheoireachta a tharla le déanaí á gcur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, ina theachtaireacht an 28 Aibreán 2015 i ndáil leis an gClár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil, d'iarr an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar an Treoir sin agus go mbeadh cur chuige comhchoiteann ann maidir le hairm a dhíghníomhachtú chun a n-athghníomhachtú ag coirpigh a chosc agus gan iad a bheith á n-úsáid ag coirpigh. |
(3) |
A fhad agus a fhaightear airm tine go dleathach agus a shealbhaítear i gcomhréir le Treoir 91/477/CEE iad, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha naisiúnta maidir le hiompar arm, fiach nó lámhach targaidí. |
(4) |
Chun críocha Threoir 91/477/CEE, ba cheart a chumhdach leis an sainmhíniú ar bhróicéir aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí, agus ba cheart a mheas go n-áirítear iasachtú agus léasú leis an téarma “soláthar”. Ós rud é go gcuireann bróicéirí seirbhísí ar fáil atá comhchosúil leis na seirbhísí a sholáthraíonn déileálaithe, ba cheart iad a chumhdach freisin le Treoir 91/477/CEE i leith oibleagáidí sin na ndéileáilithe atá ábhartha do ghníomhaíochtaí na mbróicéirí, a mhéid atá siad in ann na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus a mhéid nach gcomhlíonann déileálaí iad maidir leis an idirbheart foluiteach céanna. |
(5) |
Ní hamháin go n-áirítear le gníomhaíochtaí déileálaí an mhonaraíocht ach freisin modhnú nó tiontú arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin, amhail giorrú airm tine iomláin, as a dtiocfaidh athrú ar a gcatagóir nó ar a bhfochatagóir. Maidir le gníomhaíochtaí neamhthráchtála, ar gníomhaíochtaí príobháideacha amháin iad, amhail lámhlódáil agus athlódáil armlóin ó chomhpháirteanna armlóin dá n-úsáid féin nó modhnú arm tine nó comhpháirteanna bunriachtanacha atá faoi úinéireacht an duine lena mbaineann, amhail athruithe ar an stoc nó ar an treoir nó cothabháil chun dul i ngleic le caitheamh agus cuimilt comhpháirteanna bunriachtanacha, níor cheart a mheas gur gníomhaíochtaí iad nach gceadófaí ach do dhéilealaí iad a ghabháil de láimh. |
(6) |
Chun inrianaitheacht na n-arm tine agus na gcomhpháirteannna bunriachtanacha go léir a mhéadú agus chun a saorghluaiseacht a éascú, ba cheart na hairm tine uile nó a gcomhpháirteanna bunriachtanacha uile a mharcáil le marcáil shoiléir, bhuan agus uathúil agus a chlárú i gcórais chomhdúcháin sonraí na mBallstát. |
(7) |
Maidir leis na taifid a bheidh á gcoimeád sna córais chomhdúcháin sonraí, is é ba cheart a bheith iontu an fhaisnéis go léir lena lamhálfar nasc a bheith idir arm tine agus a úinéir agus ba cheart dóibh ainm an mhonaróra nó an bhranda, tír nó ionad an mhonaraithe, cineál, déanamh, samhail, cailibre agus sraithuimhir an airm tine nó aon mharcáil uathúil a bheith curtha ar fhráma nó ar ghlacadóir an airm tine a thaifeadadh. Ba cheart comhpháirteanna bunriachtanacha seachas an fráma nó an glacadóir a thaifeadadh sna córais chomhdúcháin sonraí faoi thaifead a bhaineann leis an arm tine ar faoi a bheidh siad feistithe. |
(8) |
Chun cosc a chur ar mharcálacha a bheith á scriosadh go héasca agus chun soiléiriú a dhéanamh ar na comhpháirteanna bunriachtanacha ar cheart na marcálacha a ghreamú díobh, ba cheart rialacha comhchoiteanna Aontais maidir leis an marcáil a thabhairt isteach. Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin ach amháin maidir le hairm tine nó le comhpháirteanna bunriachtanacha a dhéanfar a mhonarú nó a allmhairiú isteach san Aontas an 14 Meán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin, nuair a chuirfear ar an margadh iad, agus, san am céanna, ba cheart airm tine agus páirteanna díobh a bheidh monaraithe nó allmhairithe isteach san Aontas roimh an dáta sin leanúint de bheith cumhdaithe ag na ceanglais mharcála agus chlárúcháin faoi Threoir 91/477/CEE a bheidh infheidhme go dtí an dáta sin. |
(9) |
I bhfianaise nádúr contúirteach agus bhuanfas na n-arm tine agus a gcomhpháirteanna bunriachtanacha, chun a áirithiú go bhfuil na húdaráis inniúla in ann airm tine agus comhpháirteanna bunriachtanacha a rianú chun críche imeachtaí riaracháin agus coiriúla, agus aird á tabhairt ar na dlíthe nós imeachta náisiúnta, tá sé riachtanach go ndéanfar na taifid sna córais chomhdúcháin sonraí a choimeád ar feadh tréimhse 30 bliain i ndiaidh scriosadh na n-arm tine nó na gcomhpháirteanna riachtanacha lena mbaineann. Ba cheart gur ag na húdaráis inniúla amháin a bheadh rochtain ar na taifid sin agus ar na sonraí pearsanta gaolmhara uile agus níor cheart an rochtain sin a cheadú ach amháin go dtí 10 mbliana i ndiaidh scriosadh an airm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha lena mbaineann chun údaruithe a dheonú nó a tharraingt siar nó le haghaidh imeachtaí custaim, lena n-áirítear forchur féideartha pionós riaracháin, agus go dtí 30 bliain i ndiaidh scriosadh an airm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha lena mbaineann i gcás inar gá an rochtain sin chun an dlí coiriúil a fhorfheidhmiú. |
(10) |
Tá sé tábhachtach faisnéis a chomhroinnt go héifeachtúil idir déileálaithe agus bróicéirí, ar lámh amháin, agus na húdaráis inniúla náisiúnta, ar an lámh eile, chun go n-oibreodh na córais chomhdúcháin sonraí go héifeachtach. Ba cheart do dhéileálaithe agus do bhróicéirí, dá bhrí sin, faisnéis a sholáthar gan mhoill mhíchuí do na húdaráis inniúla náisiúnta. Chun an méid sin a éascú, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta meán nasc leictreonach a bhunú a bheidh inrochtana ag déileálaithe agus ag bróicéirí, inar féidir an fhaisnéis a chur isteach trí ríomhphost nó é a dhéanamh go díreach trí bhunachar sonraí nó trí chlárlann eile a áireamh. |
(11) |
Maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit córas faireacháin a bheith i bhfeidhm acu chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha d'údarú arm tine á gcomhlíonadh le linn a ré, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh an bhfuil tástáil mhíochaine nó shíceolaíoch roimh ré le baint a bheith aige leis an measúnú. |
(12) |
Gan dochar do dhlíthe náisiúnta lena dtugtar aghaidh ar an ndliteanas gairmiúil, níor cheart a thoimhdiú leis an measúnú sin ar an bhfaisnéis mhíochaine nó shícheolaíoch ábhartha go sanntar aon dliteanas don ghairmí leighis nó do dhaoine eile a sholáthraíonn faisnéis den sórt sin i gcás ina mbaintear mí-úsáid as airm tine a shealbhaítear i gcomhréir le Treoir 91/477/CEE. |
(13) |
Ba cheart airm tine agus armlón a stóráil ar bhealach sábháilte nuair nach ndéantar iad a mhaoirsiú láithreach. Má stóráiltear ar bhealach eile seachas i dtaisceadán iad, ba cheart airm tine agus armlón a stóráil ar leithligh óna chéile. Nuair atá an t-arm tine agus an t-armlón le tabhairt ar láimh d'iompróir lena n-iompar, ba cheart an t-iompróir sin a bheith freagrach as an maoirsiú cuí agus as an stóráil chuí. Ba cheart na critéir maidir le stóráil chuí agus maidir le hiompar sábháilte a shainmhíniú sa dlí náisiúnta, agus líon agus catagóir na n-arm tine agus an armlóin lena mbaineann á gcur i gcuntas. |
(14) |
Níor cheart do Threoir 91/477/CEE difear a dhéanamh do rialacha na mBallstát a lamhálann idirbhearta dlíthiúla a bhfuil airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón mar chuid díobh atá le socrú trí ordú poist, tríd an idirlíon nó trí chianchonarthaí de réir mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), mar shampla trí bhíthin catalóga ceant ar líne nó mionfhógraí, teileafóin nó ríomhphoist. Mar sin féin, tá sé bunriachtanach go bhféadfaí céannachtaí na bpáirtithe in idirbhearta den sórt sin agus a gcumas dlíthiúil idirbhearta den sórt sin a dhéanamh a sheiceáil agus go seiceálfar iarbhír céannachtaí na bpáirtithe in idirbhearta den sórt sin agus a gcumas dlíthiúil idirbhearta den sórt sin a dhéanamh. Maidir le ceannaitheoirí, is iomchuí dá bhrí sin a áirithiú go ndéanfaidh déileálaí nó bróicéir ceadúnaithe nó údaraithe, nó údarás poiblí nó ionadaí údaráis den sórt sin, a gcéannacht a sheiceáil agus, i gcás inarb ábhartha, an fíoras go bhfuil siad údaraithe arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha nó armlón a fháil a fhíorú, sula seachadfar é, nó ar a dhéanaí ar é a sheachadadh. |
(15) |
Ba cheart rialacha níos déine a thabhairt isteach le Treoir 91/477/CEE do na hairm tine is contúirtí chun a áirithiú nach lamhálfar, seachas i roinnt eisceachtaí teoranta cuí-réasúnaithe, úinéireacht a bheith ar na hairm sin ná iad a shealbhú nó a thrádáil. I gcás nach n-urramaítear na rialacha sin, ba cheart do na Ballstáit na bearta iomchuí uile a dhéanamh a bhféadfadh gaibhniú na n-arm tine sin a bheith ar áireamh iontu. |
(16) |
Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit, áfach, fáil agus seilbh arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a údarú nuair is gá chun críocha oideachais, cultúrtha, lena n-áirítear scannáin agus an amharclann, taighde nó stairiúla. D'fhéadfaí, inter alia, armadóirí, promhthithe, monaróirí, saineolaithe creidiúnaithe, fóiréinseolaithe agus, i gcásanna áirithe, iad siúd atá rannpháirteach i dtaifeadtaí scannáin nó teilifíse a áireamh ar na daoine údaraithe sin. Chomh maith leis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann daoine aonair a údarú chun airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil agus a shealbhú don chosaint naisiúnta, amhail i gcomhthéacs oiliúint mhíleata shaorálach dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta. |
(17) |
Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a roghnú údaruithe a thabhairt do mhúsaeim agus do bhailitheoirí aitheanta chun airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil agus a shealbhú nuair is gá chun críocha stairiúla, cultúrtha, eolaíocha, teicniúla, oideachais nó oidhreachta, ar choinníoll go dtaispeánann músaeim agus bailitheoirí den sórt sin fianaise, sula dtabharfar údarú den sórt sin, go mbeidh na bearta riachtanacha déanta acu chun dul i ngleic le haon rioscaí don tslándáil phoiblí nó don ord phoiblí, lena n-áirítear trí stóráil chuí. Le haon údarú den sórt sin, ba cheart an staid shonrach a chur i gcuntas agus a léiriú, lena n-airítear cineál agus cuspóirí an bhailiúcháin, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh córas i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar bhailitheoirí agus ar bhailiúcháin. |
(18) |
Níor cheart cosc a chur ar dhéileálaithe agus ar bhróicéirí airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a láimhseáil i gcásanna ina mbeidh fáil agus seilbh arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin den sórt sin lamháilte go heisceachtúil, i gcás go mbeidh a láimhseáil riachtanach chun críocha díghníomhachtú nó tiontú, nó aon uair a cheadaítear sin ar shlí eile faoi Threoir 91/477/CEE, arna leasú leis an Treoir seo. Níor cheart, ach an oiread, cosc a chur ar dhéileálaithe ná ar bhróicéirí airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón den sórt sin a láimhseáil i gcásanna nach gcumhdaítear le Treoir 91/477/CEE, arna leasú leis an Treoir seo, amhail airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a bheidh le honnmhairiú lasmuigh den Aontas nó airm a bheidh le fáil ag na fórsaí armtha, na póilíní nó na húdaráis phoiblí. |
(19) |
Ba cheart do dhéileálaithe agus do bhróicéirí a bheith in ann diúltú aon idirbheart amhrasach a chur i gcrích chun urchair iomlána armlóin nó comhpháirteanna beophríméir armlóin a fháil. Féadfar a mheas go bhfuil idirbheart amhrasach más rud é, mar shampla, go mbaineann cainníochtaí leis atá neamhchoitianta le haghaidh na húsáide príobháidí a shamhlaítear, má dhealraíonn sé nach bhfuil cur amach ag an gceannaitheoir ar úsáid an armlóin nó má áitíonn an ceannaitheoir íoc in airgead tirim agus gan an té sin a bheith toilteanach cruthú ar a chéannacht nó a céannacht a sholáthar. Ba cheart do dhéileálaithe agus do bhróicéirí a bheith in ann freisin idirbhearta amhrasacha den sórt sin a thuairisciú do na húdaráis inniúla. |
(20) |
Is ard an riosca é go ndéanfar airm acústacha agus cineálacha eile arm lámhaigh caocha a thiontú ina bhfíorairm tine. Tá sé bunriachtanach, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar fhadhb na n-arm tine tiontaithe sin a bheith á n-úsáid i ndéanamh cionta coiriúla, go háirithe trína n-áireamh laistigh de raon feidhme Threoir 91/477/CEE. Anuas air sin, chun go seachnófar an riosca go mbeidh airm rabhaidh agus chomhartha á monarú ar shlí a chumasaíonn iad a thiontú chun go bhféadfar urchar, piléar nó diúracán a dhíchur leo trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite, ba cheart don Choimisiún sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh chun a áirithiú nach féidir iad a thiontú amhlaidh. |
(21) |
Agus an t-ardriosca atá ann airm tine nach bhfuil díghníomhachtaithe i gceart a athghníomhachtú á chur san áireamh agus chun an tslándáil ar fud an Aontais a fheabhsú, ba cheart airm tine den sórt sin a chuimsiú le Treoir 91/477/CEE. Ba cheart sainmhíniú a thabhairt ar airm tine dhíghníomhachtaithe a chuimseoidh na prionsabail ghinearálta a bhaineann le hairm tine a dhíghníomhachtú dá bhforáiltear leis an bPrótacal i gcoinne Monarú agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine, a bPáirteanna agus a gComhpháirteanna agus Armlón, a ghabhann le Cinneadh 2014/164/AE ón gComhairle (5), a dhéanann an Prótacal sin a thrasuí i gcreat dlíthiúil an Aontais. |
(22) |
Maidir leis na hairm tine atá deartha le haghaidh úsáid mhíleata, amhail AK47 agus M16, agus atá feistithe chun oibriú ar bhonn lámhach roghnach, i gcás ina bhféadfar iad a bheith coigeartuithe de láimh idir modhanna lámhaigh uathoibríocha agus leath-uathoibríocha, ba cheart iad a aicmiú mar airm tine de chuid chatagóir A agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a thoirmeasc lena n-úsáid ag sibhialtaigh. Má dhéantar iad a thiontú ina n-airm tine leath-uathoibríocha, ba cheart iad a aicmiú i bpointe 6 de chatagóir A. |
(23) |
Is féidir airm tine leath-uathoibríocha áirithe a thiontú go héasca ina n-airm tine uathoibríocha, rud atá ina bhagairt don tslándáil. Fiú amháin in éagmais an tiontaithe sin, d'fhéadfadh airm tine leath-uathoibríocha áirithe a bheith an-chontúirteach nuair a bheidh acmhainneacht ard acu ó thaobh líon na n-urchar ar féidir a choimeád iontu. Dá bhrí sin, airm tine leath-uathoibríocha ag a bhfuil gléas lódála seasta lena lamháltar líon mór urchar a scaoileadh, chomh maith le hairm tine leath-uathoibríocha in éineacht le gléas lódála inbhainte a bhfuil ardacmhainneacht aige, ba cheart iad a thoirmeasc lena n-úsáid ag sibhialtaigh. Ní dhéanann an fhéidearthacht gléas lódála a fheistiú le hacmhainneacht níos mó ná 10 n-urchar le haghaidh airm tine fhada agus 20 urchar le haghaidh airm tine ghearra aicmiú an airm tine i gcatagóir shonrach a chinneadh. |
(24) |
Gan dochar d'athnuachan na n-údaruithe i gcomhréir le Treoir 91/477/CEE, níor cheart airm tine leath-uathoibríocha a úsáideann forbhualadh imeall-lámhaigh, lena n-airítear iad siúd ag a bhfuil cailibre 22 nó níos lú, a aicmiú i gcatagóir A mura mbeidh siad tiontaithe ó airm tine uathoibríocha. |
(25) |
Ba cheart feabhas a chur ar fhorálacha Threoir 91/477/CEE a bhaineann le pas arm tine Eorpach mar an príomhdhoiciméad is gá dá ngníomhaíochtaí faoi seach ag na lámhachóirí targaidí agus ag daoine eile a bheidh údaraithe i gcomhréir leis an Treoir sin trí thagairt d'airm tine a aicmítear i gcatagóir A a chur san áireamh sna forálacha ábhartha de, gan dochar do cheart na mBallstát rogha a dhéanamh rialacha níos déine a chur i bhfeidhm. |
(26) |
Réada ag a bhfuil cuma fhisiceach airm tine (“macasamhail”) ach a mhonaraítear ar shlí nach féidir iad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite, níor cheart iad a chumhdach le Treoir 91/477/CEE. |
(27) |
I gcás ina mbeidh dlíthe náisiúnta i mBallstát lena rialaítear airm sheanda, níl airm den sórt sin faoi réir Threoir 91/477/CEE. Mar sin féin, níl an tábhacht stairiúil chéanna le macasamhlacha d'airm sheanda ná níl an spéis chéanna ag gabháil leo agus féadfar iad a dhéanamh trí úsáid a bhaint as teicnící nua-aimseartha, rud is féidir feabhas a chur ar a mbuanfas agus ar a gcruinneas. Dá bhrí sin, ba cheart macasamhlacha den sórt sin a thabhairt faoi raon feidhme Threoir 91/477/CEE. Níl feidhm ag Treoir 91/477/CEE maidir le nithe eile, amhail gairis bhog-aeir, nach gcomhfhreagraíonn don sainmhíniú ar arm tine agus nach rialaítear dá bhrí sin leis an Treoir sin. |
(28) |
Chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhalartaithe faisnéise idir na Ballstáit, bheadh sé ina chúnamh dá bhféadfadh an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar eilimintí bunriachtanacha córais chun tacú leis an malartú faisnéise sin atá sna ríomhchórais chomhdúcháin sonraí atá i bhfeidhm sna Ballstáit, lena n-áirítear a indéanta atá sé a chumasú do gach Ballstát córas den sórt sin a rochtain. Féadfaidh an córas sin leas a bhaint as modúl de Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ar modúl é a rinneadh a shaincheapadh go sonrach d'airm tine. Ba cheart don mhalartú faisnéise sin idir na Ballstáit tarlú i gcomhlíonadh na rialacha maidir le cosaint sonraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). I gcás gur gá d'údarás inniúil rochtain a bheith aige ar thaifid choiriúla duine atá ag cur isteach ar údarú chun arm tine a fháil nó a shealbhú, ba cheart don údarás sin a bheith in ann an fhaisnéis sin a fháil faoi Chinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle (8). D'fhéadfadh, más iomchuí, togra reachtach a bheith ag gabháil leis an measúnú ón gCoimisiún, agus ionstraimí atá ann cheana maidir le malartú faisnéise á gcur i gcuntas. |
(29) |
Chun malartú iomchuí faisnéise a áirithiú trí mheán leictreonach idir na Ballstáit maidir le húdaruithe a dheonaítear chun airm tine a aistriú chuig Ballstát eile agus maidir le diúltuithe údaruithe a dheonú arm tine a fháil nó a shealbhú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le forálacha a bhunú lena gcuirtear ar chumas na mBallstát córas malartaithe faisnéise den sórt sin a chruthú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(30) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
(31) |
Sa Treoir seo urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
(32) |
Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh faoi chuimsiú Threoir 91/477/CEE. I gcás ina ndéanfar sonraí pearsanta a bhailítear faoi Threoir 91/477/CE a phróiseáil chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, ba cheart do na húdaráis a phróiseálann na sonraí sin na rialacha a ghlactar de bhun Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a chomhlíonadh. |
(33) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(34) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 91/477/CEE a leasú dá réir sin. |
(35) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Treoir seo agus i dTreoir 91/477/CEE forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (12), ar forálacha iad a thagann faoi réim na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (13). |
(36) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Treoir seo agus i dTreoir 91/477/CEE forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (14), ar forálacha iad a thagann faoi réim na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (15). |
(37) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Treoir seo agus i dTreoir 91/477/CEE forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (16), ar forálacha iad a thagann faoi réim na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (17), |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir 91/477/CEE mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal 1 1. Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
2. Chun críocha na Treorach seo, measfar go bhfuil gnáthchónaí ar dhuine sa tír a luaitear sa seoladh atá ar dhoiciméad oifigiúil lena léirítear a áit nó a háit chónaithe, amhail pas nó cárta aitheantais náisiúnta, a chuirtear, ar sheiceáil ar fháil nó ar sheilbh, faoi bhráid údaráis inniúla Ballstáit nó déileálaí nó bróicéara. Mura mbeidh seoladh duine ar a phas nó ar a chárta aitheantais náisiúnta, nó ar a pas nó ar a cárta aitheantais náisiúnta, cinnfear a thír nó a tír chónaithe ar bhonn aon chruthúnas oifigiúil eile ar chónaí a aithníonn an Ballstát lena mbaineann. 3. Arna iarraidh sin d'údaráis inniúla Ballstáit, eiseofar ‘pas arm tine Eorpach’ do dhuine a mbeidh arm tine ag teacht ina sheilbh nó ina seilbh ag an duine sin go dleathach nó a bheidh á úsáid ag an duine sin go dleathach. Beidh sé bailí ar feadh uastréimhse cúig bliana, tréimse ar féidir a fhadú, agus beidh an t-eolas a leagtar amach in Iarscríbhinn II ann. Beidh sé neamh-inaistrithe agus déanfar taifead ann ar an arm tine nó ar na hairm tine atá ina sheilbh nó ina seilbh ag sealbhóir an phas agus a úsáideann an sealbhóir. Ní mór an pas sin a bheith i seilbh an duine a úsáideann an t-arm tine i gcónaí agus cuirfear in iúl ar an bpas aon athrú maidir le seilbh nó gnéithe an airm tine, agus má chailltear nó má ghoidtear é.”; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: “Airteagal 2 1. Ní dochar an Treoir seo do chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta maidir le hiompar arm, fiach nó lámhach targaidí, úsáid arm a fhaightear agus a shealbhaítear go dleathach i gcomhréir leis an Treoir seo. 2. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le fáil nó seilbh arm tine agus armlóin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ag na fórsaí armtha, na póilíní nó ag na húdaráis phoiblí. Ní bheidh feidhm aici ach an oiread maidir le haistrithe arna rialáil le Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). (*1) Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009, lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.6.2009, lch. 1).”;" |
(3) |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4a “Airteagal 4a Gan dochar d'Airteagal 3, ní lamhálfaidh na Ballstáit fáil agus seilbh arm tine ach amháin do dhaoine a mbeidh ceadúnas deonaithe dóibh nó, maidir le hairm tine a aicmítear i gcatagóir C, a cheadaítear dóibh go sonrach airm tine den sórt sin a fháil agus a shealbhú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”; |
(5) |
scriostar Airteagal 4b; |
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 agus Airteagal 6: “Airteagal 5 1. Gan dochar d'Airteagal 3, ní cheadóidh na Ballstáit fáil agus seilbh arm tine ach amháin do dhaoine a bhfuil cúis mhaith acu lena n-aghaidh agus:
2. Beidh córas faireacháin i bhfeidhm ag na Ballstáit, a fhéadfaidh siad a fheidhmiú ar bhonn leanúnach nó neamhleanúnach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha údaraithe a leagtar síos sa dlí náisiúnta le linn thréimhse an údaraithe agus, inter alia, go ndéanfar measúnú ar fhaisnéis ábhartha leighis agus síceolaíochta. Cinnfear na socruithe sonracha don fhaireachán sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás nach gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha údaraithe a thuilleadh, tarraingeoidh na Ballstáit an t-údarú faoi seach siar. Ní fhéadfaidh na Ballstáit daoine atá ina gcónaí laistigh dá gcríoch a thoirmeasc ó sheilbh a bheith acu ar arm tine a bheidh faighte acu i mBallstát eile mura rud é go dtoirmisceann siad an cineál céanna airm tine a bheith á fháil ina gcríoch féin. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go dtarraingeofar siar údarú chun arm tine a fháil agus údarú chun arm tine a aicmítear i gcatagóir B a shealbhú má fhionntar go bhfuil gléas lódála i seilbh an duine a fuair an t-údarú sin, gléas atá oiriúnach lena fheistiú ar airm tine leath-uathoibríocha lárlámhaigh nó ar airm tine athchaite a bhfuil ceann de na tréithe seo a leanas aige:
mura bhfuil údarú deonaithe don duine sin faoi Airteagal 6 nó mura bhfuil údarú a daingníodh, a athnuadh nó a síneadh faoi Airteagal 7(4a) deonaithe don duine sin. Airteagal 5a Chun an riosca a íoslaghdú go bhfaigheadh daoine neamhúdaraithe rochtain ar airm tine agus ar armlón, déanfaidh na Ballstáit rialacha a bhunú maidir leis an maoirseacht chuí ar airm tine agus ar armlón agus rialacha maidir lena stóráil chuí ar bhealach atá slán. Ní bheidh rochtain go réidh ar airm tine agus ar armlón le chéile. Ciallóidh maoirseacht chuí go bhfuil smacht ag an duine a bhfuil an t-arm tine nó an t-armlón lena mbaineann ina seilbh aige nó aici go dleathach air le linn a iompair agus a úsáide. Ní bheidh rochtain go réidh ar airm tine agus ar armlón do na hairm tine sin le chéile. Léireoidh an leibhéal grinnscrúdaithe do shocruithe stórála cuí den sórt sin líon agus catagóir na n-arm tine lena mbaineann agus an armlóin lena mbaineann. Airteagal 5b Áiritheoidh na Ballstáit, i gcásanna a bhaineann le fáil agus le díol arm tine nó comhpháirteanna bunriachtanacha nó armlóin a aicmítear i gcatagóir A, i gcatagóir B nó i gcatagóir C trí bhithín cianchonarthaí de réir mar a shainmhínítear iad i bpointe (7) d'Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), go seiceálfar céannacht, agus i gcás ina gceanglaítear sin, údarú cheannaitheoir an airm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha nó armlóin, sula seachadfaidh, nó ar a dhéanaí nuair a sheachadfaidh, duine díobh seo a leanas é ar an duine sin:
Airteagal 6 1. Gan dochar d'Airteagal 2(2), déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun fáil agus seilbh na n-arm tine, na gcomhpháirteanna bunriachtanacha agus an armlóin a aicmítear i gcatagóir A a thoirmeasc. Áiritheoidh siad go ngaibhneofar na hairm tine, na comhpháirteanna bunriachtanacha agus an t-armlón sin a shealbhaítear go mídhleathach de shárú ar an toirmeasc sin. 2. D'fhonn slándáil an bhonneagair chriticiúil, loingseoireacht thráchtála, conbhuanna ardluacha agus áitribh íogaire a chosaint, mar aon le críocha cosanta náisiúnta, oideachais, cultúrtha, taighde agus stairiúla agus gan dochar do mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta údaruithe a dheonú d'airm tine, do chomhpháirteanna bunriachtanacha agus d'armlón a aicmítear i gcatagóir A, i gcásanna aonair, go heisceachtúil agus ar bhealach atá cuí-réasúnaithe, i gcás nach mbeidh sé sin contrártha don tslándáil phoiblí ná don ord poiblí. 3. I gcásanna aonair speisialta, go heisceachtúil agus ar bhealach atá cuí-réasúnaithe, féadfaidh na Ballstáit roghnú údaruithe a dheonú do bhailitheoirí chun airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil agus a shealbhú, faoi réir dianchoinníollacha maidir le slándáil chuí, lena n-áirítear taispeáint do na húdaráis inniúla náisiúnta go bhfuil bearta ann chun díriú ar aon rioscaí don tslándáil phoiblí nó don ord poiblí agus go stóráiltear na hairm tine, na comhpháirteanna bunriachtanacha nó an t-armlón le leibhéal slándála atá coibhéiseach leis na rioscaí a bhaineann le rochtain neamhúdaraithe ar na nithe sin. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na bailitheoirí a údaraítear faoin gcéad fhomhír den mhír seo a shainaithint laistigh de na córais chomhdúcháin sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4. Beidh sé d'oibleagáid ar na bailitheoirí údaraithe sin clár a choinneáil de na hairm tine uile atá ina seilbh acu a aicmítear i gcatagóir A, a bheidh inrochtana ag na húdaráis inniúla náisiúnta. Cuirfidh na Ballstáit córas faireacháin iomchuí ar bun maidir leis na bailitheoirí údaraithe sin, agus na fachtóirí ábhartha uile á gcur i gcuntas. 4. Féadfaidh na Ballstáit a údarú do dhéileálaithe nó do bhróicéirí, ina gcáileanna gairmiúla faoi seach, airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil, a mhonarú, a dhíghníomhachtú, a dheisiú, a sholáthar, a aistriú agus a shealbhú, faoi réir dianchoinníollacha maidir le slándáil chuí. 5. Féadfaidh na Ballstáit a údarú do mhúsaeim airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil agus a shealbhú, faoi réir dianchoinníollacha maidir le slándáil chuí. 6. Féadfaidh na Ballstáit a údarú do lámhachtóirí targaidí airm tine leath-uathoibríocha a aicmítear i bpointe 6 nó i bpointe 7 de chatagóir A a fháil agus a shealbhú, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
Maidir le hairm tine a aicmítear i bpointe 6 de chatagóir A, féadfaidh Ballstáit a chuireann córas míleata i bhfeidhm bunaithe ar choinscríobh ginearálta agus a bhfuil córas i bhfeidhm acu le 50 bliain anuas maidir le haistriú arm tine míleata chuig daoine a fhágann an t-arm tar éis dóibh a ndualgais mhíleata a chomhlíonadh, údarú a dheonú do na daoine sin ina gcáil mar lámhachóir targaidí, chun arm tine amháin a choimeád a d'úsáid siad le linn a dtréimhse míleata éigeantaí. Claochlóidh an t-údarás poiblí ábhartha na hairm tine sin ina n-airm tine leath-uathoibríocha agus déanfaidh siad seiceáil go tréimhsiúil nach ionann na daoine a úsáideann na hairm tine sin agus riosca don tslándáil phoiblí. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír. 7. Déanfar athbhreithniú ar údaruithe a dheonaítear faoin Airteagal seo go tréimhsiúil, ag eatraimh nach faide ná cúig bliana.”; (*2) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64)." |
(7) |
leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
(8) |
in Airteagal 8, cuirtear an méid seo in ionad mhír 3: “3. Má dhéanann Ballstáit fáil agus seilbh arm tine a aicmítear i gcatagóir B nó i gcatagóir C laistigh dá chríoch a thoirmeasc nó a chur faoi réir údaraithe, cuirfidh sé na Ballstáit eile ar an eolas, agus áireoidh siad go sainráite ráiteas chuige sin ar aon phas arm tine Eorpach a eisíonn siad i leith arm tine den sórt sin, de bhun Airteagal 12(2).” |
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10: “Airteagal 10 1. Is ionann na socruithe chun armlón a fháil agus a shealbhú agus na cinn sin chun na hairm tine dá bhfuil an t-armlón beartaithe a fháil agus a shealbhú. Ní cheadófar fáil gléasanna lódála d'airm tine leath-uathoibríocha lárlámhaigh nó d'airm tine athchaite, ar féidir leo níos mó ná 20 urchar a choinneáil nó níos mó ná 10 n-urchar a choinneáil i gcás airm tine fhada, ach do dhaoine a mbeidh údarú deonaithe dóibh faoi Airteagal 6 nó a mbeidh údarú a daingníodh, a athnuadh nó a síneadh faoi Airteagal 7(4a) deonaithe dóibh. 2. Féadfaidh déileálaithe agus bróicéirí diúltú d'aon idirbheart a chríochnú chun urchair iomlána armlóin nó comhpháirteanna armlóin a fháil, a mheasfaidh siad le réasún a bheith amhrasach mar gheall ar a chineál nó ar a scála, agus déanfaidh siad aon iarracht den sórt sin ar idirbheart a thuairisciú do na húdaráis inniúla.”; |
(10) |
cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 10a 1. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú maidir le gléasanna le coinneálaí cartús nach ndeartar ach chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair chomharthaíochta phiriteicniúla a scaoileadh, nach féidir iad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite. 2. Déanfaidh na Ballstáit gléasanna le coinneálaí cartús nach ndeartar ach chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair chomharthaoíochta phiriteicniúla a scaoileadh, agus ar féidir iad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite, a aicmiú mar airm tine. 3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm rabhaidh agus chomhartha arna monarú nó arna n-allmhairiú isteach san Aontas an 14 Meán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin, chun a áirithiú nach féidir iad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13b(2). Glacfaidh an Coimisiún an chéad ghníomh cur chun feidhme den sórt sin faoin 14 Meán Fómhair 2018. Airteagal 10b 1. Déanfaidh na Ballstáit socruithe chun go ndéanfaidh údarás inniúil díghníomhachtú arm tine a fhíorú chun a áirithiú go bhfágfaidh na modhnuithe a dhéantar ar arm tine a chomhpháirteanna bunriachtanacha ar fad do-oibrithe go buan agus nach bhféadfar iad a bhaint, a athsholáthar ná a mhodhnú ar mhodh a cheadódh go ndéanfaí an t-arm tine a athghníomhachtú ar bhealach ar bith. Déanfaidh na Ballstáit foráil, i gcomhthéacs an fhíoraithe sin, chun teastais agus taifid a eisiúint lena bhfianófar gur díghníomhachtaíodh an t-arm tine agus gur cuireadh marc, atá infheicthe go soiléir chuige sin, ar an arm tine. 2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos caighdeáin agus teicnící díghníomhachtaithe chun a áirithiú go mbeidh na comhpháirteanna bunriachtanacha ar fad in arm tine do-oibrithe go buan agus nach bhféadfar iad a bhaint, a athsholáthar ná a mhodhnú ar mhodh a cheadódh go ndéanfaí an t-arm tine a athghníomhachtú ar bhealach ar bith. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13b(2). 3. Ní bheidh feidhm ag na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 maidir le hairm tine arna ndíghníomhachtú roimh dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme sin mura n-aistreofar na hairm tine sin chuig Ballstát eile nó mura gcuirfear iad ar an margadh d'éis an dáta sin. 4. Féadfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún laistigh de dhá mhí tar éis an 13 Meitheamh 2017 maidir lena gcaighdeáin díghníomhachtaithe náisiúnta agus lena dteicnící díghníomhachtaithe náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm roimh an 8 Aibreán 2016 agus bonn cirt a thabhairt leis na cúiseanna a bhfuil an leibhéal slándála a áirithítear leis na caighdeáin díghníomhachtaithe náisiúnta sin agus leis na teicnící díghníomhachtaithe náisiúnta sin coibhéiseach leis an leibhéal sin a áirithítear leis na sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm tine a dhíghníomhachtú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 ón gCoimisiún (*4) de réir mar is infheidhme an 8 Aibreán 2016. 5. Nuair a thabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún, 12 mhí tar éis an fógra a fháil ar a dhéanaí, gníomhartha cur chun feidhme ina gcinnfear ar áirithíodh leis na caighdeáin díghníomhachtaithe náisiúnta agus leis na teicnící díghníomhachtaithe náisiúnta ar tugadh fógra ina leith ar an mbealach sin go raibh airm tine díghníomhachtaithe ar leibhéal slándála atá coibhéiseach leis an leibhéal a áirithítear leis na sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm tine a dhíghníomhachtú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 de réir mar is infheidhme an 8 Aibreán 2016. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13b(2). 6. Go dtí an dáta a chuirfear i bhfeidhm na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5, aon arm tine a dhíghníomhachtaítear i gcomhréir leis na caighdeáin díghníomhachtaithe náisiúnta agus leis na teicnící díghníomhachtaithe náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm roimh an 8 Aibreán 2016, comhlíonfaidh sé na sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm tine a dhíghníomhachtú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403, nuair a aistreofar chuig Ballstát eile é nó nuair a chuirfear ar an margadh é. 7. Airm tine a dhíghníomhachtaítear roimh an 8 Aibreán 2016 i gcomhréir leis na caighdeáin díghníomhachtaithe náisiúnta agus le teicnící díghníomhachtaithe náisiúnta a fhionntar go n-áirithíonn siad leibhéal slándála atá coibhéiseach leis an leibhéal a áirithítear leis na sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm tine a dhíghníomhachtú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 de réir mar is infheidhme an 8 Aibreán 2016, measfar gur airm tine dhíghníomhachtaithe iad, lena n-áirítear i gcás ina n-aistrítear iad chuig Ballstáit eile nó ina gcuirtear ar an margadh iad i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5. (*4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 lena mbunaítear treoirlínte comhchoiteanna i ndáil le caighdeáin agus teicnící díghníomhachtaithe chun a áirithiú go mbeidh airm tine dhíghníomhachtaithe do-oibrithe ar bhealach do-athraithe (IO L 333, 19.12.2015, lch. 62).”;" |
(11) |
i dteidil Chaibidil 3, cuirtear an focal “Aontas” in ionad an fhocail “Chomhphobal”; |
(12) |
in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Ní fhéadfar airm tine, gan dochar d'Airteagal 12, a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile ach amháin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo. Beidh feidhm freisin ag an nós imeachta sin maidir le haistrithe arm tine i ndiaidh díolacháin trí bhíthin cianchonaradh de réir mar a shainmhínítear é i bpointe (7) d'Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE.”; |
(13) |
leasaítear Airteagal 12, mír 2, mar a leanas:
|
(14) |
in Airteagal 13, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas: “4. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a mhalartú go leictreonach maidir leis na húdaruithe a dheonaítear chun airm tine a aistriú chuig Ballstát eile agus faisnéis maidir le diúltuithe údaruithe a dheonú dá bhforáiltear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 ar fhorais slándála nó ar fhorais a bhaineann le hiontaofacht an duine lena mbaineann. 5. Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le córas chun faisnéis a luaitear san Airteagal seo a mhalartú. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13a d'fhonn an Treoir seo a fhorlíonadh trí na socruithe mionsonraithe a leagan síos chun faisnéis a mhalartú go córasach trí mheán leictreonach. Déanfaidh an Coimisiún an chéad ghníomh tarmligthe den sórt sin a ghlacadh faoin 14 Meán Fómhair 2018.”; |
(15) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13a: “Airteagal 13a 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 13 Meitheamh 2017. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonraítear sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. Sula nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”; |
(16) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 13b 1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) a bheidh sa choiste sin. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*5) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;" |
(17) |
in Airteagal 15, mír 1, cuirtear an focal “Aontais” ina ionad an fhocail “Chomhphobail”; |
(18) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17: “Airteagal 17 Faoin 14 Meán Fómhair 2020, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, lena n-áirítear seiceáil oiriúnachta ar a forálacha, a mbeidh, más iomchuí, tograí reachtacha ag gabháil léi, go háirithe, maidir le catagóirí na n-arm tine in Iarscríbhinn I agus saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an chórais um an bpas arm tine Eorpach, le marcáil agus le tionchair teicneolaíochtaí nua amhail priontáil 3D, le húsáid chód QR agus le húsáid Sainaithint Radaimhinicíochta (RFID).”; |
(19) |
leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(20) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
|
Airteagal 2
1. Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 14 Meán Fómhair 2018. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 4(3) agus Airteagal 4(4) de Threoir 91/477/CEE, arna leasú leis an Treoir seo, a chomhlíonadh faoin 14 Nollaig 2019. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
3. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha faoi mhír 1 agus faoi mhír 2, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
4. D'ainneoin mhír 1, féadfaidh na Ballstáit, maidir le hairm tine arna bhfáil roimh an 14 Meán Fómhair 2018 an ceanglas chun airm tine a dhearbhú a aicmítear i bpointe 5, i bpointe 6 nó i bpointe 7 de chatagóir C a chur ar fionraí go dtí an 14 Márta 2021.
5. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Bealtaine 2017.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. ABELA
(1) IO C 264, 20.7.2016, lch. 77.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Aibreán 2017.
(3) Treoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (IO L 256, 13.9.1991, lch. 51).
(4) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le ceart tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(5) Cinneadh 2014/164/AE ón gComhairle an 11 Feabhra 2014 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, i gcoinne Monarú agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine, a bPáirteanna agus a gComhpháirteanna agus Armlón, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (IO L 89, 25.3.2014, lch. 7).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(8) Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit (IO L 93, 7.4.2009, lch. 23).
(9) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(10) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(11) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(12) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(13) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(14) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(15) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(16) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(17) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).