29.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 171/66


RIALACHÁN (AE) 2016/1012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2016

maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle agus Treoir 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (“An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe”)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá ionad straitéiseach ag pórú ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí, i dtéarmaí eacnamaíocha agus sóisialta, in earnáil talmhaíochta an Aontais agus rannchuidíonn an pórú sin le hoidhreacht chultúrtha an Aontais. An ghníomhaíocht talmhaíochta sin, a rannchuidíonn le slándáil bia san Aontas, is foinse ioncaim í don phobal talmhaíochta. Is fearr a chuirtear chun cinn pórú ainmhithe de na speicis sin trí úsáid ainmhithe pórúcháin folaíochta nó muca pórúcháin hibrideacha a bhfuil ardcháilíocht ghéiniteach taifeadta ina leith a mholadh.

(2)

Mar thoradh air sin, mar chuid dá mbeartas talmhaíochta, tá a ndícheall déanta go leanúnach ag Ballstáit táirgeadh beostoic ag a bhfuil saintréithe géiniteacha ar leith a chur chun cinn trí chaighdeáin shainithe a leagan amach, agus sin á dhéanamh in amanna trí infheistíocht phoiblí. D'fhéadfadh éagothromaíocht idir na caighdeáin sin a bheith mar bhonn le bacainní teicniúla ar thrádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh, agus ar a dtabhairt isteach san Aontas.

(3)

Soláthraítear an creat dlíthiúil do dhlí Aontais maidir le pórú ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí agus le pórú muc pórúcháin hibrideach le Treoracha 88/661/CEE (3), 89/361/CEE (4), 90/427/CEE (5), 91/174/CEE (6), 94/28/CE (7) agus 2009/157/CE (8) ón gComhairle. Bhí sé mar aidhm ag na Treoracha sin pórú beostoic a fhorbairt san Aontas, agus ag an am céanna trádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh agus a dtabhairt isteach san Aontas a rialú agus, dá réir sin, iomaíochas in earnáil ainmhithe pórúcháin an Aontais a chothú.

(4)

Treoracha 87/328/CEE (9), 90/118/CEE (10) agus 90/119/CEE (11) ón gComhairle, glacadh iad chun Ballstáit a chosc ó rialacha náisiúnta a choinneáil nó a ghlacadh a bhaineann le glacadh le hainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach agus mucúil chun críocha pórúcháin agus le táirgeadh agus úsáid a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna a d'fhéadfadh a bheith ina gcosc nó srian ar thrádáil, nó ina mbacainn uirthi, cibé acu i gcás seirbhís nádúrtha, inseamhnú saorga nó bailiú seamhain, úicítí nó suthanna a bheith i gceist.

(5)

Ar bhonn Threoracha 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/427/CEE, 91/174/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE, ghlac an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le Ballstáit tríd an mBuanchoiste um an Zóiteicnic a bunaíodh i gcomhréir le Cinneadh 77/505/CEE ón gComhairle (12), roinnt Cinntí lena leagtar síos critéir speicis-oiriúnaithe maidir le formheas nó aithint eagraíochtaí pórúcháin agus comhlachas póraitheoirí, le haghaidh ainmhithe pórúcháin a iontráil i dtréadleabhair bó, tréadleabhair caorach agus gabhair agus tréadleabhair eachaí, le haghaidh glacadh le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas caorach agus den speiceas gabhair chun críocha pórúcháin agus inseamhnú saorga, le haghaidh tástáil feidhmíochta agus measúnú géiniteach ar ainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair, agus le haghaidh deimhnithe ginealaigh nó zóiteicniúla a bhunú do thrádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh.

(6)

Bhunaigh an Coimisiún freisin liosta de chomhlachtaí pórúcháin i dtríú tíortha agus na samhail-deimhnithe ginealaigh nó zóiteicniúla maidir le hainmhithe pórúcháin, agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna, a thabhairt isteach san Aontas.

(7)

Tá struchtúr agus inneachar Threoracha 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/427/CEE, 91/174/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE mórán mar a chéile. Rinneadh roinnt de na Treoracha sin a leasú thar am. Ar mhaithe le simplíocht agus comhsheasmhacht dhlí an Aontais, is iomchuí rialacha an Aontais mar a leagtar síos sna Treoracha sin a shruthlíniú.

(8)

Le fiche bliain anuas, b'éigean don Choimisiún freagairt do líon suntasach gearán, arna ndéanamh ag póraitheoirí agus ag oibreoirí a bhí i mbun cláir phóraithe, i ndáil le trasuí náisiúnta agus léirmhíniú ghníomhartha dlí an Aontais maidir le pórú ainmhithe i mBallstáit éagsúla. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha an Aontais maidir le hainmhithe pórúcháin a áirithiú agus chun bacainní ar thrádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a eascraíonn ó dhifríochtaí i dtrasuí náisiúnta na dTreoracha sin a áirithiú, ba cheart na coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha do thrádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh mar aon lena dtabhairt isteach san Aontas a leagan síos i Rialachán.

(9)

Sa bhreis air sin, is léir ón taithí a fuarthas go bhfuil gá le foclaíocht níos cruinne chomh maith le téarmaíocht níos comhsheasmhaí atá in úsáid go caighdeánach sna Ballstáit uile i roinnt dá bhforálacha chun cur i bhfeidhm na rialacha dá bhforáiltear sna Treoracha sin a éascú. Ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht dhlí an Aontais, is iomchuí foráil a dhéanamh freisin maidir le tuilleadh sainmhínithe, lena n-áirítear sainmhíniú ar “pór”.

(10)

Maidir le hiarrachtaí chun iomaíochas a ghnóthú san earnáil pórúcháin ainmhithe, níor cheart gurb é a bheadh mar thoradh orthu go dtiocfadh deireadh le póir ag a bhfuil saintréithe atá sainoiriúnaithe do chomhthéacsanna bithfhisiceacha sainiúla. Má bhíonn méid a bpobail róbheag, d'fhéadfadh pórtha áitiúla a bheith i mbaol go gcaillfí éagsúlacht ghéiniteach. Mar chuid thábhachtach den bhithéagsúlacht talmhaíochta, tá acmhainní géiniteacha ainmhithe ina mbunús bunriachtanach d'fhorbairt inbhuanaithe na hearnála beostoic agus leis na hacmhainní sin cruthaítear deiseanna chun ainmhithe a shainoiriúnú do thimpeallachtaí athraitheacha, do dhálaí táirgthe agus d'éilimh an mhargaidh agus na dtomhaltóirí. Ba cheart, dá bhrí sin, go rannchuideodh gníomhartha dlí an Aontais maidir le pórú ainmhithe le hacmhainní géiniteacha ainmhithe a chaomhnú, le bithéagsúlacht a chosaint agus le táirgí réigiúnacha de cháilíocht thipiciúil a tháirgeadh a bhraitheann ar shaintréithe oidhreachtúla na bpórtha áitiúla ainmhithe clóis. Ba cheart freisin go gcuirfeadh gníomhartha dlí an Aontais cláir phóraithe inmharthana chun cinn le haghaidh feabhsú na bpórtha, agus, go háirithe i gcás inar pórtha i mbaol nó pórtha bundúchasacha nach bhfuil fáil go coitianta orthu san Aontas, chun na pórtha agus an éagsúlacht ghéiniteach laistigh de phórtha agus idir pórtha a chaomhnú.

(11)

Trí roghnú agus pórú, tá dul chun cinn suntasach bainte amach ó thaobh forbairt tréithe a bhaineann le táirgeacht ainmhithe feirme, as a leanann laghdú ar chostais táirgthe ar leibhéal na feirme. Is é an toradh atá air sin, i roinnt cásanna, áfach, gur ann d'fho-iarmhairtí neamh-inmhianaithe is cúis buartha sa tsochaí i dtaobh leas ainmhithe agus saincheisteanna a bhaineann leis an gcomhshaol. Trí ghéanómaíocht a chur i bhfeidhm agus trí leas a bhaint as ardteicneolaíochtaí faisnéise amhail “Beachtfheirmeoireacht bheostoic” — lenar féidir tacair shonraí mhóra maidir le tréithe malartacha a bhaineann go díreach nó go hindíreach le leas ainmhithe agus le saincheisteanna inbhuanaitheachta a thaifeadadh — tá féidearthacht mhór ann aghaidh a thabhairt ar na buarthaí sa tsochaí agus cuspóirí an phórúcháin inbhuanaithe ainmhithe a bhaint amach a mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht fheabhsaithe acmhainní agus le hathléimneacht agus stóinseacht fheabhsaithe ainmhithe. Ba cheart go dtiocfadh tuilleadh tábhachta le bailiú sonraí ar na tréithe malartacha sin faoi chuimsiú na gclár póraithe agus ba cheart tosaíocht níos mó a thabhairt dó sa sainmhíniú ar chuspóirí roghnúcháin. Sa chomhthéacs seo, ba cheart acmhainní géiniteacha pórtha i mbaol a mheas mar thaiscumar géinte a d'fhéadfadh rannchuidiú leis na spriocanna maidir le leas ainmhithe agus inbhuanaitheacht a bhaint amach.

(12)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí agus maidir le táirgí geirmeacha díobh sa chás ina bhfuil sé beartaithe na hainmhithe sin nó na hóga a thagann ó na táirgí geirmeacha sin a iontráil i bpórleabhar mar ainmhithe pórúcháin folaíochta i bpórleabhar nó a chlárú mar mhuca pórúcháin hibrideacha i rolla pórúcháin, go háirithe d'fhonn iad a thrádáil laistigh den Aontas, lena n-áirítear laistigh de Bhallstát, nó go bhfuil tabhairt isteach na n-ainmhithe pórúcháin sin, agus táirgí geirmeacha díobh, san Aontas beartaithe.

(13)

Níor cheart go dtuigfí leis an téarma “ainmhí pórúcháin” nó “ainmhí pórúcháin folaíochta” nach gcuimsítear leis ach ainmhithe a bhfuil a bhfeidhm atáirgthe fós acu. Go deimhin, d'fhéadfadh ainmhithe coillte, lena dtaifid ghineolaíocha agus zóiteiciúla, rannchuidiú leis an measúnú ar cháilíocht ghéiniteach an daonra phórúcháin agus ar an gcaoi sin le hiomláine ranguithe na n-ainmhithe pórúcháin bunaithe ar na torthaí sin. Ag brath ar chuspóirí an chláir phóraithe, is é is dóichí gurb é an toradh a bheidh ar easpa nó caillteanas sonraí mar gheall ar ainmhithe coillte a eisiamh go sainráite óna n-iontráil i bpórleabhar nó i rolla pórúcháin ná go mbeadh laofacht i dtorthaí an mheasúnaithe maidir le cáilíocht ghéiniteach ainmhithe pórúcháin atá gaolmhar go géiniteach leis na hainmhithe coillte sin.

(14)

Ba cheart gurb é aidhm na rialacha maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta arna leagan síos sa Rialachán seo ná rochtain a thabhairt ar thrádáil de réir prionsabail chomhaontaithe a bheadh infheidhme maidir le haithint cumann póir a bhfuil pórtha á mbainistiú acu agus formheas a gclár póraithe faoi seach. Ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo freisin rialacha lena rialaítear ainmhithe pórúcháin folaíochta a iontráil sa phríomhchuid de phórleabhair agus, i gcás inarb ann dóibh, sna haicmí difriúla fiúntais den phríomhchuid. Ba cheart go leagfaí síos leis freisin rialacha maidir le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach agus rialacha maidir le glacadh le hainmhithe pórúcháin chun críocha pórúcháin agus maidir le gach a ndéantar a áireamh i ndeimhnithe zóiteicniúla.

(15)

Ar an gcuma chéanna, ba cheart gurb é aidhm na rialacha maidir le muca pórúcháin hibrideacha arna leagan síos sa Rialachán seo rochtain a thabhairt ar thrádáil de réir prionsabail chomhaontaithe a bheadh infheidhme maidir le haithint oibríochtaí pórúcháin a bhfuil pórtha, línte nó crosphórtha éagsúla den speiceas mucúil á mbainistiú acu agus formheas a gclár póraithe. Ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán freisin rialacha lena rialaítear clárú muc pórúcháin hibrideach i rollaí pórúcháin. Ba cheart go leagfaí síos leis freisin rialacha maidir le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach agus rialacha maidir le glacadh le muca pórúcháin hibrideacha chun críocha pórúcháin agus maidir le gach a ndéantar a áireamh i ndeimhnithe zóiteicniúla.

(16)

Ní iomchuí aghaidh a thabhairt sa Rialachán seo ar shaincheisteanna a bhaineann le clónáil.

(17)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh agus lena dtabhairt isteach san Aontas chomh maith leis na rialuithe oifigiúla is gá a chur i bhfeidhm ar chláir phóraithe arna gcur i gcrích ag cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin, a ghnóthú go leordhóthanach ar an leibhéal náisiúnta, ach gur féidir, de bharr a éifeachta, a chastachta agus a nádúr trasteorann agus idirnáisiúnta, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(18)

Tá tionchar ag cáilíocht na seirbhísí atá á soláthar ag cumainn phóir agus ag oibríochtaí pórúcháin agus ag an tslí a ndéanann siad ainmhithe pórúcháin a mheasúnú agus a aicmiú ar cháilíocht agus beachtas na faisnéise zóiteicniúla agus ginealaigh a bhailítear nó a chinntear i dtaca leis na hainmhithe sin agus a luach an margadh. Dá réir sin, ba cheart rialacha a leagan síos maidir le haitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus d'oibríochtaí pórúcháin, agus maidir le formheas a gclár póraithe, bunaithe ar chritéir chomhchuibhithe Aontais. Ba cheart go gcumhdófaí leis na rialacha sin maoirseacht a dhéanamh ar na cumainn agus na hoibríochtaí sin ag údaráis inniúla na mBallstát chun a áirithiú nach n-eascródh éagothromaíocht idir cláir phóraithe as na rialacha arna mbunú ag cumainn phóir agus ag oibríochtaí pórúcháin agus nach gcruthófaí bacainní teicniúla ar thrádáil san Aontas ar an gcaoi sin.

(19)

Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do nósanna imeachta atá cosúil leo siúd a leagtar síos i dTreoracha 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/427/CEE, 91/174/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE maidir le cumanin phóir agus oibríochtaí pórúcháin aitheanta a liostú, lena n-áirítear tabhairt cothrom le dáta, tarchur agus foilsiú na liostaí sin.

(20)

Déantar cláir phóraithe ar ainmhithe pórúcháin folaíochta a chur i gcrích agus é mar aidhm fhoriomlán leo feabhas a chur ar bhealach inbhuanaithe ar thréithe táirgthe agus neamhtháirgthe ainmhithe de phór ar leith nó pór a chaomhnú. Ba cheart go gcuimseodh na cláir phóraithe sin líon mór go leor ainmhithe pórúcháin folaíochta atá á gcoinneáil ag póraitheoirí lena ndéantar, trí phórú agus trí roghnú, tréithe inmhianaithe sna hainmhithe sin a chur chun cinn agus a fhorbairt nó caomhnú an phóir sin a ráthú, i gcomhréir leis na cuspóirí a bhfuil glacadh go coitianta leo ag na póraitheoirí rannpháirteacha. Ar an gcuma chéanna, déantar cláir phóraithe maidir le muca pórúcháin hibrideacha a chur i gcrích arb é is cuspóir dóibh tréithe inmhianaithe a fhorbairt trí chrosphórú d'aon ghnó a dhéanamh ar phórtha, línte nó crosphórtha muc éagsúla. Ainmhithe pórúcháin (ainmhithe folaíochta nó ainmhithe hibrideacha) atá mar chuid de chlár póraithe, déantar iad a iontráil i bpórleabhar nó i rolla pórúcháin, lena n-áirítear faisnéis faoina sinsear agus, ag brath ar na cuspóirí pórúcháin a leagtar amach sa chlár póraithe, déantar tástáil feidhmíochta nó aon mheasúnú eile orthu a bhfuil taifead ar shonraí maidir le tréithe a bhaineann le cuspóirí an chláir phóraithe sin mar thoradh air. I gcás ina sonraítear é sa chlár póraithe, déantar meastóireacht ghéiniteach chun luach pórúcháin na n-ainmhithe a mheas agus féadfar iad a rangú dá réir. Is iad na luachanna pórúcháin agus torthaí na tástála feidhmíochta, chomh maith leis an bhfaisnéis ghinealaigh, an bunús don phórú agus don roghnú.

(21)

Ba cheart gur prionsabal bunúsach de dhlí an Aontais maidir le pórú ainmhithe agus leis an margadh inmheánach a bheadh i gceart a bheith ag cumann póir nó ag oibríocht phórúcháin a bhfuil na critéir bhunaithe á gcomhlíonadh acu aitheantas a fháil. Níor cheart go mbeadh cosaint gníomhaíochta eacnamaíche de chuid cumainn póir aitheanta atá cheana ann ina údar ag údarás inniúil le haitheantas do chumann póir eile don phór céanna a dhiúltú ná le sárú ar na prionsabail lena rialaítear an margadh inmheánach. Tá feidhm aige sin freisin le formheas aon chláir eile nó le formheas aon leathnú geografach ar chlár póraithe atá ann cheana a chuirtear i gcrích ar an bpór céanna nó ar ainmhithe pórúcháin den phór céanna is féidir a fháil ó dhaonra pórúcháin an chumainn phóir atá i mbun clár póraithe cheana féin don phór céanna sin. I gcás ina bhfuil cumann póir aitheanta amháin nó níos mó i mBallstát agus iad i mbun clár póraithe formheasta do phór ar leith cheana féin, áfach, ba cheart go mbeadh cead ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, i gcásanna sonracha áirithe, diúltú formheas a thabhairt do chlár póraithe eile don phór céanna sin, fiú má chomhlíonann an clár póraithe sin na ceanglais uile atá riachtanach don fhormheas. Cúis amháin a d'fhéadfadh a bheith le diúltú ná dá ndéanfaí clár póraithe eile don phór céanna a fhormheas go ndéanfadh sé dochar do chaomhnú an phóir sin nó don éagsúlacht ghéiniteach laistigh den phór sin sa Bhallstát sin. D'fhéadfaí dochar go háirithe a dhéanamh do chaomhnú an phóir sin mar thoradh ar ilroinnt an daonra phórúcháin agus d'fhéadfadh a bheith mar thoradh air sin go mbeadh ann inphórú níos airde, méadú ar an líon máchailí géiniteacha a bhreathnaítear, caillteanas san acmhainneacht roghnúcháin nó rochtain laghdaithe ag póraitheoirí ar ainmhithe pórúcháin folaíochta nó ar tháirgí geirmeacha díobh. Cúis eile a d'fhéadfadh a bheith leis an diúltú ná neamhréireachtaí sna saintréithe pórúcháin sainithe nó i bpríomhchuspóirí na gclár póraithe sin. Go deimhin, go neamhspleách ar aidhm an chláir phóraithe, eadhon caomhnú an phóir agus feabhsú an phóir, ba cheart go mbeadh cead ag an údarás inniúil formheas clár póraithe eile don phór céanna a dhiúltú i gcás inarb é an toradh a bheadh ag difríochtaí sna príomhchuspóirí atá ag an dá chlár póraithe nó ag difríochtaí i dtréithe bunriachtanacha na saintréithe póir sainithe sna cláir phóraithe sin, go gcaillfí éifeachtúlacht ó thaobh an dul chun cinn géiniteach de le haghaidh na gcuspóirí sin nó sna tréithe nó in aon tréithe comhghaolacha, nó i gcás ina mbeadh malartú ainmhithe idir an dá dhaonra pórúcháin ina bhaol do dhíthroghnú nó do dhíthphórú na dtréithe bunriachtanacha sin sa daonra pórúcháin tosaigh. Ar deireadh, i gcás pór atá i mbaol nó pór bundúchasach nach bhfaightear go coitianta i gceann amháin nó níos mó de chríocha an Aontais, ba cheart go mbeadh cead ag údarás inniúil freisin diúltú d'fhormheas cláir phóraithe eile don phór céanna ar na forais go gcuirfeadh an clár póraithe eile sin isteach ar chur chun feidhme éifeachtúil an chláir phóraithe atá cheana ann, go háirithe mar gheall ar easpa i gcomhordú nó malartú faisnéise ginealaí agus zóiteicniúla as a eascródh teip tairbhe a bhaint as an measúnú coiteann ar shonraí arna bhailiú maidir leis an bpór sin. I gcás ina ndéantar formheas cláir phóraithe a dhiúltú, ba cheart don údarás inniúil i gcónaí míniú réasúnaithe a thabhairt do na hiarratasóirí agus an ceart a thabhairt dóibh achomharc a dhéanamh in aghaidh an diúltaithe sin.

(22)

Ba cheart go mbeadh an ceart ag póraitheoirí clár póraithe dá n-úsáid féin a cheapadh agus a chur chun feidhme, gan an clár póraithe sin a bheith formheasta ag na húdaráis inniúla. Ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ar forchoimeád ag gach Ballstát nó ag a chuid údarás inniúil, áfach, na gníomhaíochtaí sin a rialáil, go háirithe i gcás ina leanfadh idirbhearta gnó i dtaca le hainmhithe pórúcháin nó le táirgí geirmeacha díobh as clár póraithe den sórt sin nó go gcuirfeadh clár póraithe den sórt sin clár póraithe formheasta don phór céanna sin, agus atá ann cheana, i mbaol.

(23)

Má tá sé mar aidhm leis an gclár póraithe caomhnú a dhéanamh ar phór, d'fhéadfaí ceanglais an chláir phóraithe a chomhlánú trí bhearta caomhantais ex situ agus in situ nó trí aon uirlisí eile chun faireachán a dhéanamh ar stádas an phóir, rud a dhéanfadh caomhnú fadtéarmach agus inbhuanaithe an phóir sin a áirithiú. Ba cheart go bhféadfaí na bearta sin a leagan síos sa chlár póraithe.

(24)

Comhlachais póraitheoirí, eagraíochtaí pórúcháin, lena n-áirítear eagraíochtaí pórúcháin ar gnóthais phríobháideacha iad, nó comhlachtaí poiblí, níor cheart iad a aithint mar chumainn phóir ach amháin nuair atá acu póraitheoirí atá rannpháirteach ina gcláir phóraithe agus nuair a áirithíonn siad go bhfuil saor-rogha ag na póraitheoirí sin maidir le roghnú agus pórú a gcuid ainmhithe pórúcháin folaíochta, go bhfuil acu an ceart na hóga a thagann ó na hainmhithe sin a iontráil ina bpórleabhair agus gur féidir leo úinéireacht ar na hainmhithe sin a bheith acu.

(25)

Sula ndéantar athruithe ar an gclár póraithe formheasta a chur chun feidhme, ba cheart do chumann póir nó d'oibríocht phórúcháin na hathruithe sin a thíolacadh don údaráis inniúil a thug aitheantas don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin sin. Chun ualach riaracháin gan ghá ar an údarás inniúil agus ar an gcumann póir nó ar an oibríocht phórúcháin a sheachaint, is iad na hathruithe ar dóigh dóibh difear substainteach a dhéanamh don chlár póraithe, agus na hathruithe sin amháin, ba cheart don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin a chur in iúl don údarás inniúil. Maidir leis na hathruithe sin, ba cheart go gclúdódh siad go háirithe leathnú ar an gcríoch gheografach, athruithe in aidhm nó cuspóirí roghnaithe agus póraithe an chláir phóraithe, athruithe sa tuairisc ar shaintréithe an phóir nó i dtarmligean cúraimí chuig tríú páirtithe, chomh maith le mórathruithe ar an gcóras chun ginealaigh a thaifeadadh nó sna modhanna a úsáidtear do thástáil feidhmíochta agus do mheastóireacht ghéiniteach agus aon athruithe eile a mheasfadh an t-údarás inniúil a bheith ina modhnú substaintiúil ar an gclár póraithe. Ar neamhchead do thíolacadh éigeantach na n-athruithe suntasacha chuig an údarás inniúil, ba cheart don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin, arna iarraidh sin don údarás inniúil, leagan nuashonraithe den chlár póraithe a sholáthar dó.

(26)

Más rud é gur ann do riachtanas aitheanta forbairt phóir a choinneáil ar siúl nó a chur chun cinn i gcríoch ar leith nó i gcás pór atá i mbaol, ba cheart go mbeadh sé indéanta ag an údarás inniúil é féin, ar bhonn sealadach, gabháil do chlár póraithe don phór sin ar choinníoll nach bhfuil aon chlár póraithe ann cheana go hiarbhír don phór sin. Maidir le húdarás inniúil a bhíonn ag gabháil do chlár póraithe den sórt sin, níor cheart, áfach, go mbeadh sé indéanta aige a thuilleadh é sin a dhéanamh más féidir an clár póraithe a thabhairt ar láimh d'oibreoir a dhéanann na ceanglais atá riachtanach do chuíchur chun feidhme an chláir phóraithe sin a chomhall.

(27)

De bhrí go n-éilíonn caomhnú pór atá i mbaol go gcuirtear ar bun agus go n-aithnítear cumainn phóir ag a bhfuil líon teoranta ainmhithe pórúcháin rannpháirteach ina gcláir phóraithe, níor cheart, i gcoitinne, a mheas gur ceangal bunriachtanach a bheadh i méid an daonra phórúcháin d'aithint cumann póir a dhéanann bainistiú ar phórtha atá i mbaol ná d'fhormheas a gclár póraithe, go háirithe ós rud é gur ar bhonn náisiúnta a dhéantar aitheantas a thabhairt.

(28)

Ba cheart rialacha sonracha, go háirithe iad siúd maidir le huasghrádú ón gcuid fhorlíontach go dtí an phríomhchuid agus maidir le maoluithe ón tástáil feidhmíochta agus ón meastóireacht ghéiniteach, a leagan síos sa Rialachán seo chun stádas sonrach na bpórtha atá i mbaol a chur san áireamh.

(29)

Tá an tAontas ina pháirtí conarthach don Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, arna fhormheas le Cinneadh 93/626/CEE (13), arb iad a chuspóirí, go háirithe, caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche, úsáid inbhuanaithe a chomhchodanna agus comhroinnt chothrom agus chothromasach na dtairbhí a eascraíonn as úsáid acmhainní géiniteacha. Sonraítear sa Choinbhinsiún sin go bhfuil cearta ceannasacha ag na páirtithe conarthacha chun a n-acmhainní bitheolaíocha agus go bhfuil siad freagrach as caomhnú a n-éagsúlachta bitheolaíche agus as úsáid inbhuanaithe a n-acmhainní bitheolaíocha. Is páirtí an tAontas freisin do Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, arna fhormheas le Cinneadh 2014/293/AE ón gComhairle (14). Ba cheart don Rialachán seo dá bhrí sin, i gcás inarb infheidhme, an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, chomh maith le Prótacal Nagoya, a chur san áireamh agus ba cheart go mbeadh feidhm aige gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(30)

Ba cheart caoi a bheith ag cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin atá aitheanta i mBallstát amháin a gclár póraithe formheasta a chur chun feidhme i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit eile chun an úsáid is fearr agus is féidir, laistigh den Aontas, a bhaint as ainmhithe pórúcháin d'ardluach géiniteach. Chuige sin, ba cheart go n-áiritheodh nós imeachta fógartha simplithe go bhfuil an t-údarás inniúil sa Bhallstát eile ar an eolas go bhfuil sé beartaithe gníomhaíochtaí trasteorann a dhéanamh. Mar sin féin, maidir le gluaiseachtaí séasúracha ainmhithe pórúcháin a tharlaíonn laistigh de theorainneacha Ballstáit nó a tharlaíonn thar Bhallstáit éagsúla, ní gá go mbeadh i gceist leis sin go gcaithfí an chríoch gheografach a leathnú go sainordaitheach.

(31)

Ba cheart comhar trasteorann a éascú idir cumainn phóir agus idir oibríochtaí pórúcháin ar mian leo an comhar sin a bheith eatarthu, ach fós a áirithiú gur ann do shaorfhiontraíocht agus go ndéantar bacainní ar shaorghluaiseacht ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a dhíchur.

(32)

Ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh ar údarás inniúil formheas a thabhairt do roinnt clár póraithe a dhéanann cumann póir nó oibríocht phórúcháin atá aitheanta aige agus ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh ar údarás inniúil formheas a thabhairt do leathnú ina chríocha ar chláir phóraithe a dhéanann cumann póir nó oibríocht phórúcháin atá aitheanta i mBallstát eile, ba cheart go mbeadh aithint an chumainn phóir nó na hoibríochta pórúcháin ina bheart ar leithligh ó fhormheas a chláir phóraithe. Nuair a bhíonn iarratas ar aithint mar chumann póir nó mar oibríocht phórúcháin á mheas ag údarás inniúil, áfach, ba cheart go ndéanfaí iarratas ar fhormheas cheann amháin ar a laghad de chláir phóraithe a chur isteach chuige.

(33)

Ag éirí as gearáin éagsúla a raibh ar an gCoimisiún déileáil leo le blianta roimhe seo, dealraíonn sé gur cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le rialacha soiléire lena rialaítear an ghaolmhaireacht idir an cumann póir a bhunaíonn pórleabhar macúil do phór áirithe ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí agus an cumann póir a mhaíonn gurb é a bhunaigh an pórleabhar do bhunús an phóir sin.

(34)

Tá sé riachtanach an ghaolmhaireacht idir póraitheoirí agus cumainn phóir a shoiléiriú, go háirithe chun a gceart a bheith rannpháirteach sa chlár póraithe laistigh den chríoch gheografach dá bhfuil sé formheasta a áirithiú agus, i gcás ina bhforáiltear do bhallraíocht, chun a áirithiú go bhfuil an ceart ag na póraitheoirí sin bheith ina mbaill. Ba cheart rialacha a bheith i bhfeidhm ag cumainn phóir chun díospóidí le póraitheoirí atá rannpháirteach ina gcláir phóraithe a réiteach agus chun a áirithiú go gcaitear go cothrom leis na póraitheoirí sin. Ba cheart dóibh freisin na cearta atá acu féin agus na hoibleagáidí atá orthu féin a leagan amach chomh maith le cearta agus oibleagáidí na bpóraitheoirí atá rannpháirteach ina gcláir phóraithe.

(35)

Póraitheoirí a bhíonn ag pórú ainmhithe a ghluaistear go séasúrach laistigh de theorainn Ballstáit nó i limistéar atá ar gach aon taobh de theorainneacha náisiúnta, ba cheart go mbeadh acu an ceart leanúint de bheith rannpháirteach sa chlár póraithe a fhad is atá ceanncheathrú a ngabháltais lonnaithe laistigh de chríoch gheografach an chláir phóraithe sin.

(36)

Ba cheart an cás ar leith atá i réim in earnáil na muc pórúcháin hibrideach a chur san áireamh sa Rialachán seo. Is córais táirgeachta iata atá ag an gcuid is mó de ghnóthais phríobháideacha in earnáil na muc pórúcháin hibrideach agus déanann siad bainistiú ar a stoc pórúcháin féin. Ba cheart mar sin foráil a dhéanamh do líon áirithe maoluithe le haghaidh na ngnóthas sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht na bpóraitheoirí sa chlár póraithe agus leis an gceart muca pórúcháin hibrideacha a chlárú sna rollaí póraithe.

(37)

Leis an sainmhíniú atá ar “muca pórúcháin hibrideacha”, cuimsítear ainmhithe ó na leibhéil uile sa phirimid phórúcháin agus roghnúcháin, a úsáidtear chun an leas is fearr a bhaint as pleananna crosphórúcháin trí dhea-thréithe sonracha dá ngéinitíopaí éagsúla a nascadh agus éifeachtaí heatróise a úsáid. Ag brath ar an leibhéal sa phirimid phórúcháin agus roghnúcháin, cuimsítear pórtha, línte nó crosphórtha le “muca pórúcháin hibrideacha”. Ar an gcaoi sin, ní gá gur “hibrid” sa chiall thraidisiúnta atá sna hainmhithe go léir.

(38)

An taithí a fuarthas, go háirithe i ndáil le cur i bhfeidhm Threoir 90/427/CEE, agus ar bhonn níos lú Treoracha 89/361/CEE agus 2009/157/CE, tugtar le tuiscint go bhfuil gá le rialacha níos mionsonraithe chun díospóidí idir póraitheoirí, ar thaobh amháin, agus cumainn phóir, ar an taobh eile, a réiteach go héifeachtach, agus gur gá sé sin a dhéanamh bunaithe ar rialacha nós imeachta atá leagtha síos go soiléir agus cearta agus dualgais póraitheoirí a bhfuil tuairisc shoiléir orthu. Is fearr a bhainfear an méid sin amach má bhíonn díospóidí á réiteach laistigh de chóras dlí an Bhallstáit ina dtagann na díospóidí sin chun cinn.

(39)

Cumainn phóir a bhunaíonn agus a choinníonn pórleabhair dá n-ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí, chomh maith le hoibríochtaí pórúcháin seachas gnóthais phríobháideacha a oibríonn i gcórais táirgeachta iata, a bhunaíonn agus a choinníonn rollaí pórúcháin do mhuca pórúcháin hibrideacha, ba cheart dóibh ainmhithe pórúcháin a iontráil ina bpórleabhair nó iad a chlárú ina rollaí pórúcháin gan idirdhealú maidir le Ballstát tionscnaimh na n-ainmhithe nó a n-úinéirí agus, i gcásanna dá bhforáiltear sa chlár póraithe, ba cheart na hainmhithe sin a aicmiú de réir a bhfiúntas.

(40)

Ba cheart go mbeadh cead freisin ag cumainn phóir codanna forlíontacha a bhunú chun taifead a dhéanamh ar ainmhithe nach gcomhlíonann na critéir thuismíochta ach a mheasann na cumainn phóir go gcomhlíonann siad na saintréithe póir a leagtar síos i gclár póraithe an phóir atá i gceist, agus é mar aidhm leis sin go ndéanfaí na hainmhithe sin a phórú ina dhiaidh sin le hainmhithe pórúcháin folaíochta a bhaineann leis an bpór a chumhdaítear leis an gclár póraithe chun go bhféadfar an sliocht a uasghrádú isteach sa phríomhchuid den phórleabhar. Ba cheart na rialacha sonracha maidir le sliocht na n-ainmhithe sin a uasghrádú isteach sa phríomhchuid de phórleabhar a leagan síos ar leibhéal an Aontais.

(41)

Níor cheart go ndéanfaí óga a uasghrádú isteach i bpríomhchuid na bpórleabhar a cheadú ach amháin tríd an líne bhaineann, ach amháin i gcás na speiceas eachaí. I gcás pór den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair atá i mbaol agus i gcás pórtha “crua” caorach nach bhfuil dóthain ainmhithe atáirgeacha folaíochta fireanna ann díobh, áfach, ba cheart an fhéidearthacht bheith ag Ballstáit a údarú do chumainn phóir rialacha nach bhfuil chomh dian a chur i bhfeidhm maidir le sliocht na n-ainmhithe sin atá taifeadta sna codanna forlíontacha a ghabhann le príomhchuid an phórleabhair a uasghrádú chun go seachnófaí aon mheathlú eile ar éagsúlacht ghéiniteach na bpórtha sin. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart foráil a dhéanamh do rialacha speisialta chun go gceadófaí pórtha atá imithe in éag nó ata ar a bhfuil baol suntasach ann go rachaidh siad i léig a athchruthú. Ballstáit a bhaineann úsáid as na maoluithe sin, ba cheart dóibh meastóireacht chúramach a dhéanamh ar stádas riosca na ndaonraí pórúcháin agus bainistiú slán ar na hacmhainní géiniteacha a áirithiú.

(42)

I gcás ina bhfuil gá le pór nua a chruthú trí shaintréithe ó ainmhithe pórúcháin folaíochta a chomhthiomsú ó phórtha éagsúla nó trí ainmhithe a chomhthiomsú atá cosúil a ndóthain lena chéile go fisiciúil agus atá ag atáirgeadh cheana féin le cobhsaíocht ghéiniteach leordhóthanach chun go measfaí iad mar ainmhithe atá éabhlaithe isteach ina bpór nua, ba cheart an deis a thabhairt do chumainn phóir pórleabhair a bhunú do na pórtha nua sin agus cláir phóraithe a dhéanamh ina leith.

(43)

Níor cheart do rud ar bith sa Rialachán seo cosc a chur ar a mheas go dtagann ainmhithe de phór áirithe atá taifeadta i gcuid fhorlíontach de phórleabhar faoi raon feidhme thiomantais an bhirt agra-comhshaoil-aeráide dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus dá réir sin go bhfuil siad incháilithe le haghaidh tacaíocht a fháil ó na húdaráis náisiúnta nó réigiúnacha faoina gcláir forbartha tuaithe.

(44)

I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, ba cheart go mbeadh cumainn phóir in ann rialacha a leagan síos ina gcláir phóraithe a chuireann toirmeasc ar úsáid a bhaint as teicnící atáirgthe áirithe agus as ainmhithe pórúcháin folaíochta áirithe, nó a chuireann srian leis an úsáid sin, lena n-áirítear úsáid táirgí geirmeacha díobh. Ba cheart go bhféadfadh na cumainn phóir, mar shampla, a iarraidh gur cheart gur ó chúpláil nádúrtha amháin a thiocfadh na hóga. Cumainn phóir a bhaineann úsáid as an toirmeasc nó an srian sin, ba cheart dóibh na rialacha sin a leagan síos ina gclár póraithe i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach ag an gcumann póir a bhfuil pórleabhar an bhunúis á choimeád aige.

(45)

Ainmhithe pórúcháin folaíochta a iontráiltear i bpórleabhair, ba cheart iad a shainaithint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(46)

I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 go ndéanfaidh na húdaráis inniúla i réimse na sláinte ainmhithe, le haghaidh ainmhithe den speiceas eachaí, doiciméad aitheantais saolré aonair a shonróidh an Coimisiún tuilleadh trí ghníomhartha tarmligthe, a eisiúint. Chun deimhniú zóiteicniúil a shruthlíniú a mhéid agus is féidir leis an doiciméad aitheantais saolré aonair sin a mhéid a bhaineann le hinneachar agus leis an nós imeachta riaracháin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le formáid agus inneachar an doiciméid aitheantais saolré aonair le haghaidh ainmhithe den speiceas eachaí.

(47)

Incháilitheacht ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí chun bheith in iomaíocht go hidirnáisiúnta, déantar é a rialáil le comhaontuithe príobháideacha idirnáisiúnta. Ag féachaint ar ghné idirnáisiúnta na hearnála eachaí, ba cheart don Choimisiún, le linn dó na gníomhartha ábhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ullmhú agus a tharaingt suas, na comhaontuithe sin a chur san áireamh, chun go gcoimeádfar incháilitheacht na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta sin den speiceas eachaí le bheith san iomaíocht ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(48)

Maidir le glacadh le hainmhithe pórúcháin chun críocha pórúcháin, agus go háirithe le haghaidh clúdach nádúrtha nó atáirgeadh cuidithe, ba cheart é sin a rialáil ar leibhéal an Aontais chun bacainní ar thrádáil a chosc, go háirithe i gcás ina bhfuil tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach déanta ar na hainmhithe pórúcháin sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus go háirithe in Iarscríbhinn III den Rialachán.

(49)

Tuigtear nár cheart do Bhallstáit ná a n-údaráis inniúla leas a bhaint as an Rialachán seo chun toirmeasc, srian nó bac a chur ar úsáid ainmhithe pórúcháin folaíochta nó táirgí geirmeacha díobh le haghaidh táirgeadh ainmhithe nach bhfuil beartaithe a iontráil nó a chlárú mar ainmhithe pórúcháin i bpórleabhar nó i rolla pórúcháin.

(50)

Cé go bhfuil na rialacha maidir le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach i leith ainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair, speicis a ndéantar tástáil orthu i dtaca le líon áirithe tréithe, bunaithe ar leibhéal an Aontais, is ann do líon mór ceanglas maidir le pórtha, úsáidí agus roghnúcháin éagsúla ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí agus d'fhág sé sin, go dtí seo, nárbh fhéidir iad a chomhchuibhiú. Ina ionad sin, is de réir an tréadleabhair eachaí do bhunús an phóir a bhunaítear, faoi láthair, na rialacha pór-shonracha maidir le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach.

(51)

Chun forbairtí teicniúla, dul chun cinn eolaíoch nó an gá atá le caomhnú acmhainní géiniteacha luachmhara a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirtegal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinn III den Rialachán seo a leasú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún freisin lena gcuirtear ar a chumas rialacha aonfhoirmeacha agus níos mionsonraithe a leagan síos maidir le tástáil feidhmíochta agus maidir le meastóireacht ghéiniteach ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair.

(52)

Ba cheart go bhféadfadh tríú páirtí atá ainmnithe ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin nó comhlacht poiblí, lena n-áirítear údarás a fheidhmíonn an misean sin mar chúram ceannasach, tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach a dhéanamh. D'fhéadfadh sé go mbeadh an tríú páirtí sin údaraithe ag údarás inniúil, nó go ndéanfadh an t-údarás sin meastóireacht air, i gcomhthéacs fhormheas an chláir phóraithe. Cumann póir nó oibríocht phórúcháin a sheachfhoinsíonn an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach, ba cheart dó nó di, mura rud é go go gcinneann an Ballstát ábhartha nó a údaráis inniúla a mhalairt, a bheith fós freagrach as a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme leis na gníomhaíochtaí sin agus ba cheart dó nó di an tríú páirtí ainmnithe ina chlár nó a clár póraithe a shonrú.

(53)

Ag brath, inter alia, ar an speiceas nó ar an bpór, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le comhchuibhiú nó feabhsú a dhéanamh ar mhodhanna thástáil feidhmíochta nó mheastóireacht ghéiniteach na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta a bhíonn in úsáid ag cumainn phóir nó ag na tríú páirtithe atá ainmnithe acu. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún lena gcuirtear ar a chumas ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh a ainmniú. Chun cúram na n-ionad sin a mhodhnú, nuair is gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Ba cheart go mbeadh na hionaid tagartha sin de chuid an Aontais Eorpaigh i dteideal tacaíocht airgeadais ón Aontas a fháil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, tá na cúraimí sin á ndéanamh ag Ionad Interbull, buan-fhochoiste den Choiste Idirnáisiúnta um Thaifeadadh Ainmhithe (ICAR), ar ionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh é arna ainmniú le Cinneadh 96/463/CE ón gComhairle (19).

(54)

Sa bhreis air sin, chun tacaíocht a sholáthar do chumainn phóir a dhéanann bainistiú ar phórtha atá i mbaol, i gcás ina bhfuil gá aitheanta lena aghaidh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, lena gcuirtear ar a chumas ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh a ainmniú arna gcur an tasc sonrach de chúram orthu bunú nó comhchuibhiú na modhanna atá in úsáid ag na cumainn phóir sin a chur chun cinn. Chun cúram na n-ionad tagartha sin a mhodhnú, nuair is gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún freisin. Nuair a bheidh na hionaid sin á n-ainmniú agus tuairisc á tabhairt ar a gcúraimí, ba cheart go dtabharfadh an Coimisiún aird chuí ar ghníomhaíochtaí an Phointe Chomhtheagmhála Réigiúnaigh Eorpaigh um Acmhainní Géiniteacha Ainmhithe (PCRE) a bunaíodh faoi chuimsiú an Phlean Ghníomhaíochta Uilechuimsithigh um Acmhainní Géiniteacha Ainmhithe san Eoraip de chuid na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (EBT). Níor cheart go mbeadh na modhanna a bhunaíonn na hionaid sin ceangailteach.

(55)

Póraitheoirí a bhíonn rannpháirteach i gclár póraithe, ba cheart go mbeadh acu an ceart deimhnithe zóiteicniúla a fháil dá gcuid ainmhithe pórúcháin atá cuimsithe ag an gclár póraithe sin agus do tháirgí geirmeacha na n-ainmhithe sin. Ba cheart go mbeadh deimhnithe zóiteicniúla ag gabháil le hainmhithe pórúcháin nó le táirgí geirmeacha díobh nuair a dhéantar iad a thrádáil nó a thabhairt isteach san Aontas ag féachaint do na hainmhithe sin nó an sliocht a tháirgtear ó na táirgí geirmeacha sin a iontráil nó a chlárú i bpórleabhair eile nó i rollaí pórúcháin eile. Leis na deimhnithe zóiteicniúla, ba cheart go gcuirfí an cháilíocht ghéiniteach agus ginealach an ainmhí atá faighte in iúl don phóraitheoir. Ba cheart, mar shampla, deimhnithe den sórt sin a eisiúint nuair a chaithfidh siad a bheith ag gabháil le hainmhithe pórúcháin chun críocha taispeántais nó nuair a chuirtear na hainmhithe pórúcháin i stáisiúin tástála nó in ionaid inseamhnaithe shaorga.

(56)

Ba cheart a thuiscint nach dtoirmsictear leis an Rialachán seo Ballstáit ná údaráis inniúla óna éileamh go mbeadh faisnéis maidir le cáilíocht agus ginealach ainmhí ag gabháil le seamhan ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí atá beartaithe le haghaidh inseamhnú saorga d'fhonn ainmhithe a tháirgeadh nach bhfuil ceaptha a bheith ina n-ainmhithe pórúcháin folaíochta nuair a dhéantar an seamhan sin a thrádáil. Tríd is tríd, trí tháirgí geirmeacha ainmhithe pórúcháin, agus go háirithe a seamhan, agus an fhaisnéis ghaolmhar atá ar dheimhnithe zóiteicniúla a chur ar fáil freisin d'oibreoirí a atáirgeann ainmhithe agus gan é beartaithe go mbeadh a sliocht iontráilte i bpórleabhar, táthar ag súil go bhféadfaí iomaíochas earnáil phóraithe ainmhithe Aontais a fheabhsú.

(57)

Ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a thabhairt isteach san Aontas, agus a n-onnmhairiú go tríú tíortha, tá siad tábhachtach do thalmhaíocht na hEorpa. Ba cheart, dá bhrí sin, tabhairt isteach san Aontas ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a dhéanamh faoi choinníollacha atá inchomparáide go dlúth leis na rialacha is infheidhme maidir le trádáil san Aontas. Mar sin féin, níor cheart go bhféadfaí ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a iontráil sa phríomhchuid de phórleabhar nó de rolla pórúcháin san Aontas ach amháin má thugann leibhéal na rialuithe a dhéantar sa tríú tír onnmhairithe an deimhneacht chéanna i dtaca le mionsonraí ginealaigh agus torthaí tástálacha feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach agus a thugtar san Aontas agus má tá na comhlachtaí pórúcháin a sholáthraíonn na mionsonraí agus na torthaí sin ar áireamh i liosta atá á choimeád ag an gCoimisiún. Sa bhreis air sin, ba cheart do chomhlachtaí pórúcháin i dtríú tíortha glacadh, ar bhonn cómhalartachta, le hainmhithe pórúcháin comhfhreagrach agus táirgí geirmeacha díobh ón gcomhlacht pórúcháin nó ón oibríocht phórúcháin aitheanta chomhfhreagrach san Aontas.

(58)

I Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (20), foráiltear go bhfuil ainmníocht earraí le bunú ag an gCoimisiún, eadhon “Ainmníocht Chomhcheangailte”, nó an leagan giorraithe “AC”, a chomhlíonfaidh ag an am céanna ceanglais na Comhtharaife Custaim, staidreamh seachtrach an Chomhphobail maidir le trádáil agus beartais eile Aontais a bhaineann le hallmhairiú nó onnmhairiú earraí. Tá liosta le fáil in Iarscríbhinn I den Rialachán sin de chóid AC d'ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí agus do sheamhan buaibheach agus cuirtear in iúl go bhfuil siad díolmhaithe ón ngnáthráta dleachtanna. Sa chás sin, ba cheart go mbeadh an deimhniú zóiteicniúil iomchuí ag gabháil leis na hainmhithe sin agus táirgí geirmeacha díobh chun tacú lena n-aicmiú mar ainmhithe pórúcháin folaíochta nó táirgí geirmeacha díobh. I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta, ba cheart, freisin, go mbeadh ag gabháil leo doiciméad a thugann le fios go ndéanfar iad a iontráil i bpórleabhar arna chothabháil ag cumann póir nó iad a chlárú i gclár póraithe arna chothabháil ag oibríocht phórúcháin.

(59)

Ar a dtabhairt isteach san Aontas, déantar seiceálacha tréidliachta ar ainmhithe pórúcháin agus ar tháirgí geirmeacha díobh i gcomhréir le Treoir 91/496/CEE ón gComhairle (21) agus le Treoir 97/78/CE ón gComhairle (22). I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta, ba cheart go ndéanfaí na seiceálacha is gá orthu le haghaidh chur i bhfeidhm na díolúine ón ngnáthráta dleachtanna d'ainmhithe pórúcháin folaíochta.

(60)

Is gá rialacha a leagan síosmaidir le rialuithe oifigiúla a dhéantar chun a fhíorú go gcomhlíontar na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus maidir le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a bhíonn á ndéanamh ag údaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus na rialacha sin a bheith oiriúnaithe don earnáil pórúcháin ainmhithe. Ba cheart go mbeadh an deis ag údaráis inniúla rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar na hoibreoirí uile atá faoi réir rialacha an Rialacháin seo, agus go háirithe ar chumainn phóir, ar oibríochtaí pórúcháin, ar thríú páirtithe a dhéanann tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach, agus ar phóraitheoirí, agus, más rud é go n-eisíonn siad deimhnithe zóiteicniúla, ar ionaid bhailithe agus stórála seamhain, ar ionaid stórála suthanna, agus ar fhoirne bailithe agus táirgthe suthanna.

(61)

Ba cheart do na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun a fhíorú go gcomhlíontar na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa chlár póraithe formheasta. D'fhéadfadh sé go n-áireofaí sna rialuithe sin cigireacht ar an trealamh a úsáidtear don tástáil feidhmíochta nó fíorú na nósanna imeachta atá ann le haghaidh thaifeadadh na sonraí zóiteicniúla agus gineolaíocha, nó le haghaidh scrúdú na ndoiciméad nó na gcóras a úsáidtear le haghaidh stóráil agus próiseáil na sonraí sin a bhailítear i dtaca le hainmhithe pórúcháin. Ba cheart go gcuirfí san áireamh leis an scrúdú sin seiceálacha cáilíochta nó córais rialaithe lena n-áirithítear beachtas na sonraí a taifeadadh amhail rialuithe tuismíochta a dhéantar chun ginealach an ainmhí a fhíorú. D'fhéadfadh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar áitribh agus ar oifigí agus ar threalamh póraitheoirí, cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin chomh maith leis ar na hainmhithe pórúcháin, nó na táirgí geirmeacha a bhailítear ó na hainmhithe pórúcháin sin agus a chuimsítear leis an gclár póraithe.

(62)

I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialacháin seo do “ghníomhaíochtaí oifigiúla eile”, ba cheart go bhforléireofaí leis sin go gcuimsítear gníomhaíochtaí amhail cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin a aithint, cláir phóraithe a fhormheas nó cúnamh a thabhairt do Bhallstáit eile agus do thríú tíortha.

(63)

Le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha Aontais maidir le hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a leagtar síos sa Rialachán seo, is gá go gcomhoibríonn údaráis inniúla na mBallstát lena chéile agus go soláthraíonn siad cúnamh riaracháin aon uair is gá. Dá réir sin, ba cheart rialacha ginearálta maidir le cúnamh riaracháin agus comhoibriú, atá comhchosúil leo siúd atá leagtha amach faoi láthair i dTeideal IV de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), a leagan síos sa Rialachán seo, i dteannta na n-oiriúnuithe is gá.

(64)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiun chun, i gcás ina bhfuil fianaise ann nach bhfuil reachtaíocht an Aontais maidir le pórú ainmhithe á chomhlíonadh i dtríú tír, agus gur neamhchomhlíonadh tromchúiseach forleathan atá i gceist, bearta speisialta a ghlacadh chun teorainn a chur le tionchar an neamhchomhlíonta sin.

(65)

Ba cheart freisin go mbeadh na cumhachtaí is gá ag údaráis inniúla na mBallstát chun na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha maidir le hainmhithe pórúcháin mar a leagtar síos sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear formheas cláir phóraithe a fhionraí nó aitheantas cumann póir nó oibríocht phórúcháin a tharraingt siar i gcás nach gcomhlíontar na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(66)

Ba cheart don Choimisiún rialuithe a dhéanamh sna Ballstáit de réir mar is iomchuí, inter alia, i bhfianaise thorthaí na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag Ballstáit lena áirithiú go bhfuil na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo á gcur i bhfeidhm sna Ballstáit uile.

(67)

Ba cheart don Coimisiún rialuithe a dhéanamh i dtríú tíortha, de réir mar is ionchuí, d'fhonn liosta de chomhlachtaí pórúcháin ó thríú tíortha a bhunú ónar cheart tabhairt isteach ainmhithe pórúcháin agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna san Aontas a cheadú, d'fhonn coinníollacha dá dtabhairt isteach san Aontas a tharraingt suas agus d'fhonn an fhaisnéis zóiteicniúil agus ghineolaíoch a bhaineann le feidhmiú comhaontuithe coibhéiseachta a fháil. Ba cheart don Choimisiún rialuithe a dhéanamh i dtríú tíortha freisin i gcás ina n-éilíonn aon fhadhb athdhéantach nó atá ag teacht chun cinn i ndáil le hainmhithe pórúcháin nó táirgí geirmeacha díobh amhlaidh.

(68)

Maidir leis an bhfíorú trí rialuithe oifigiúla go gcomhlíontar na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá tábhacht bhunúsach leis chun a áirithiú go ndéantar cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go héifeachtach ar fud an Aontais. Is féidir le mainneachtainí i gcóras rialaithe Ballstáit, i gcásanna áirithe, bac substainteach a chur ar ghnóthú na gcuspóirí sin agus d'fhéadfadh cásanna de neamhchomhlíonadh tromchúiseach forleathan de na rialacha a bheith mar thoradh air. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh ar chumas an Choimisiúin freagairt do mhainneachtainí tromchúiseacha a tharlaíonn i gcóras rialaithe Ballstáit trí bhearta a ghlacadh go dtí go mbeidh an ghníomhaíocht is gá déanta ag an mBallstát lena mbaineann chun an briseadh sin a leigheas. D'fhéadfadh a bheith ar áireamh sna bearta sin coinníollacha speisialta maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin nó táirgí geirmeacha díobh a thoirmeasc nó a fhorfheidhmiú nó aon bhearta eile a mheasfadh an Coimisiún a bheith iomchuí chun dul i ngleic leis an sárú forleathan sin.

(69)

De bhrí go bhfuil Treoracha 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/427/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE le haisghairm agus an Rialachán seo le cur ina n-ionad, is gá freisin gníomhartha an Choimisiúin arna nglacadh de bhun na dTreoracha sin a aisghairm agus, i gcás inar gá sin, gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun cumhachtaí faoi seach arna dtabhairt sa Rialachán seo a chur ina n-ionad. Dá réir sin, ba cheart na gníomhartha sin de chuid an Choimisiúin a aisghairm agus, nuais is gá, gníomhartha nua a chur ina n-ionad.

(70)

Chun cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo a áirithiú agus chun é a fhorlíonadh, nó chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na ceanglais do thástáil feidhmíochta agus do mheastóireacht ghéiniteach, le cúraimí agus ceanglais ionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh agus le hinneachar agus formáid deimhnithe zóiteicniúla a leagan síos.

(71)

Agus gníomhartha tarmlighte á n-ullmhú agus á dtarraingt suas, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (24). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chothrom a áirithiú in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe, ba cheart go bhfaigheadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe ó na Ballstáit, agus ba cheart go mbeadh rochtain go sistéamach ag a saineolaithe ar chruinnithe shainghrúpaí an Choimisiúin atá ag plé le hullmhú na ngníomhartha tarmlighe.

(72)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme maidir le samhail-fhoirmeacha don fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit don phobal maidir leis an liosta de chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin atá aitheanta, leis na modhanna chun sainaitheantas na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta a fhíordheimhniú, le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach, le hainmniú ionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh, le samhail-fhoirmeacha den doiciméad aitheantais saolré aonair le haghaidh equidae, leis na samhlacha do dheimhnithe zóiteicniúla a ghabhann le hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh, le haithint choibhéiseachta na mbeart a chuirtear i bhfeidhm i dtríú tíortha, le cur isteach tromchúiseach ar an gcóras rialaithe i mBallstát agus le bearta speisialta a bhunú maidir le hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a thabhairt isteach san Aontas, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25). I gcás nach dtugann an Buanchoiste um an Zóiteicnic tuairim, níor cheart don Choimisiún an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh.

(73)

Tá na rialacha arna leagan síos sa Rialachán seo agus i ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme an Choimisiúin arna nglacadh de bhun na gcumhachtaí arna dtabhairt sa Rialachán seo le teacht in ionad na rialacha a leagtar síos i dTreoracha 87/328/CEE, 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/118/CEE, 90/119/CEE, 90/427/CEE, 91/174/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE agus i gCinneadh 96/463/CE. Dá réir sin, ba cheart na gníomhartha dlí sin a aisghairm.

(74)

Na Cinntí seo a leanas de chuid an Choimisiún maidir le, inter alia, critéir speicis-oiriúnaithe maidir le formheas nó aithint cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin, iontráil ainmhithe pórúcháin i bpórleabhair, glacadh le hainmhithe le haghaidh pórúcháin agus inseamhnú saorga, le haghaidh tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach, glacadh iad de bhun Threoracha 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/427/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE: Cinntí 84/247/CEE (26), 84/419/CEE (27), 89/501/CEE (28), 89/502/CEE (29), 89/504/CEE (30), 89/505/CEE (31), 89/507/CEE (32), 90/254/CEE (33), 90/255/CEE (34), 90/256/CEE (35), 90/257/CEE (36), 92/353/CEE (37), 96/78/CE (38) agus 2006/427/CE (39) ón gCoimisiún. Ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo do rialacha a thagann in ionad na rialacha sin atá leagtha síos sna cinntí sin de chuid an Choimisiúin.

(75)

Ba cheart rialacha a leagan síos sa Rialachán seo atá comhchosúil leis na rialacha sin a leagadh síos i gCinneadh 92/354/CEE ón gCoimisiún (40).

(76)

Glacadh na gníomhartha dlí seo a leanas de chuid an Choimisiúin de bhun Threoracha 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/427/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE: Cinntí 89/503/CEE (41), 89/506/CEE (42), 90/258/CEE (43), 96/79/CE (44), 96/509/CE (45), 96/510/CE (46) agus 2005/379/CE (47) ón gCoimisiún, agus Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/262 ón gCoimisiún (48). Ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo do rialacha a thagann in ionad na rialacha sin atá leagtha síos sna gníomhartha dlí sin de chuid an Choimisiúin.

(77)

Chun soiléireacht dlí a áirithiú agus chun dúbailt a sheachaint, ba cheart na gníomhartha dlí de chuid an Chomisiúin dá dtagraítear in Aithris 74, Aithris 75 agus Aithris 76 a aisghairm ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. De bhreis air sin, ba cheart don Choimisiún, 18 mí ar a laghad roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na samhail-fhoirmeacha do chur i láthair na faisnéise atá le háireamh ar an liosta de chumainn phóir agus eagraíochtaí pórúcháin aitheanta atá le cur ar fáil go poiblí ag na Ballstáit, chomh maith leis na samhail-fhoirmeacha do na deimhnithe zóiteicniúla le haghaidh ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh. Ba cheart go mbeadh na gníomhartha cur chun feidhme sin infheidhme amhail faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(78)

Chun trasdul réidh a áirithiú d'eagraíochtaí póraitheoirí, d'eagraíochtaí pórúcháin, do chomhlachais póraitheoirí, do ghnóthais phríobháideacha nó d'eagraíochtaí nó comhlachais eile atá formheasta nó aitheanta faoi na gníomhartha arna n-aisghairm leis an Rialachán seo, bíodh teorainn ama i gceist leis sin nó ná bíodh, agus do chláir phóraithe atá á ndéanamh ag na hoibreoirí sin, ba cheart na hoibreoirí sin agus a gcláir phóraithe a mheas mar a bheith aitheanta nó formheasta i gcomhréir leis an Rialachán seo. Mar thoradh air sin, níor cheart na hoibreoirí sin bheith faoi réir na nósanna imeachta d'aitheantas, d'fhormheas agus d'fhógra maidir leis an gcríoch gheografacach a leagtar amach sa Rialachan seo a leathnú chuig Ballstáit eile, cé gur cheart go mbeadh forálacha eile an Rialacháin seo infheidhme ina leith. Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go bhfuil na rialacha uile dá bhforáiltear sa Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag na hoibreoirí sin, go háirithe trí rialuithe oifigiúla riosca-bhunaithe a dhéanamh ina leith. I gcás neamhchomhlíonadh na rialacha sin, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go ndéanann na hoibreoirí sin na bearta is gá chun an neamhchomhlíonadh sin a leigheas agus, i gcás inar gá sin, aitheantas na n-oibreoirí sin nó formheas a gclár póraithe a fhionraí nó a tharraingt siar.

(79)

Rinne an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán nua maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a ghlacadh le déanaí. Tá sé beartaithe leis an Rialachán nua sin go ndéanfar Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle (49), Treoir 90/425/CEE ón gComhairle (50), agus Treoracha 91/496/CEE agus 97/78/CE a aisghairm. Tá sé beartaithe freisin cuid áirithe de na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus sna Treoracha sin a chorprú sa Rialachán nua, leis na hoiriúnuithe is gá déanta orthu. Níl sé beartaithe, áfach, go dtiocfadh pórú ainmhithe faoin raon feidhme an Rialacháín nua sin. Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, agus go dtí go ndéanfar Treoracha 89/608/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE agus 97/78/CE a aisghairm trí bhíthin an Rialacháin nua sin, is gá na tagairtí do “zóiteicniúil” a scriosadh as Treoracha 89/608/CEE agus 90/425/CEE, cé nach bhfuil an leasú sin riachtanach i dTreoir 91/496/CEE ná 97/78/CE. Ba cheart Treoir 89/608/CEE agus Treoir 90/425/CE a leasú dá réir.

(80)

Go dtí dáta chur i bhfeidhm Airteagal 110 Rialachán (AE) 2016/429, ba cheart go mbeadh cumainn phóir a ghabhann do chláir phóraithe formheasta i dtaca le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí in ann leanúint de bheith ag eisiúint doiciméad céannachta do na hainmhithe pórúcháin folaíochta sin i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Threoir 90/427/CEE.

(81)

Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo infheidhme ón gcéad lá den octú mí is fiche i ndiaidh an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo:

(a)

rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh agus maidir lena dtabhairt isteach san Aontas;

(b)

rialacha maidir le haitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus d'oibríochtaí pórúcháin agus maidir le formheas a gclár póraithe;

(c)

cearta agus oibleagáidí na bpóraitheoirí, na gcumann póir agus na n-oibríochtaí pórúcháin;

(d)

rialacha maidir le hiontráil ainmhithe pórúcháin i bpórleabhair agus i rollaí pórúcháin agus glacadh le hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh le haghaidh pórúcháin;

(e)

rialacha maidir le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach d'ainmhithe pórúcháin;

(f)

rialacha maidir le deimhnithe zóiteicniúla a eisiúint le haghaidh ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh;

(g)

rialacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh, agus go háirithe iad siúd maidir le cumainn phóir agus le hoibríochtaí pórúcháin, agus rialacha maidir le feidhmiú gníomhaíochtaí oifigiúla eile;

(h)

rialacha maidir le cúnamh riaracháin agus comhar agus maidir le forfheidhmiú ag Ballstáit;

(i)

rialacha maidir le feidhmiú rialuithe ag an gCoimisiún i mBallstáit agus i dtríú tíortha.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hainmhithe pórúcháin agus le táirgí geirmeacha díobh i gcás ina bhfuil sé beartaithe na hainmhithe sin nó na hóga a thagann ó na táirgí geirmeacha sin a iontráil mar ainmhithe pórúcháin folaíochta i bpórleabhar nó a chlárú mar mhuca pórúcháin hibrideacha i rolla pórúcháin.

3.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh i gcás ina bhfuil na hainmhithe agus na táirgí geirmeacha sin beartaithe chun iad a úsáid i gcomhair turgnaimh theicniúla nó eolaíochta a dhéantar faoi rialú na n-údarás inniúil.

4.   Níl feidhm ag Airteagal 9(4), Airteagal 13, Airteagal 14(3) agus (4), Airteagal 23 agus 24, Airteagal 28(2) agus Airteagal 36(1) maidir le gnóthais phríobháideacha, atá aitheanta mar oibríochtaí pórúcháin, atá ag obair i gcórais táirgeachta iata.

5.   Tá an Rialachán seo gan dochar do na cearta atá ag Ballstáit bearta náisiúnta a dhéanamh chun an chaoi a ndéantar cláir phóraithe nach bhfuil formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 12, a rialáil.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ainmhí” ainmhí clóis de na speicis seo:

(a)

an speiceas buaibheach (Bos taurus, Bos indicus agus Bubalus bubalis);

(b)

an speiceas mucúil (Sus scrofa);

(c)

an speiceas caorach (Ovis aries);

(d)

an speiceas gabhair (Capra hircus); nó

(e)

an speiceas eachaí (Equus caballus agus Equus asinus);

(2)

ciallaíonn “pór” pobal ainmhithe atá aonfhoirmeach go leordhóthanach chun go ndéanfadh ceann amháin nó níos mó de ghrúpaí póraitheoirí, a bhfuil sé comhaontaithe acu na hainmhithe sin in éineacht le sonraí a sinsear aitheanta a iontráil ina bpórleabhair chun críche a saintréithe dúchais a atáirgeadh trí atáirgeadh, malartú agus roghnú faoi chuimsiú cláir phóraithe, a mheas gur ainmhithe iad atá éagsúil ó ainmhithe eile den speiceas céanna;

(3)

ciallaíonn “ainmhí pórúcháin” ainmhí pórúcháin folaíochta nó muc phórúcháin hibrideach;

(4)

ciallaíonn “táirgí geirmeacha” seamhan, úicítí agus suthanna arna mbailiú nó arna dtáirgeadh ó ainmhithe pórúcháin ar mhaithe le hatáirgeadh cuidithe;

(5)

ciallaíonn “cumann póir” aon chomhlachas póraitheoirí, eagraíocht phórúcháin nó comhlacht poiblí, seachas údaráis inniúla, atá aitheanta ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4(3) chun clár póraithe a chur i gcrích ar ainmhithe pórúcháin folaíochta atá iontráilte sa phórleabhar nó sna pórleabhair a dhéanann sé nó sí a chothabháil nó a bhunú;

(6)

ciallaíonn “oibríocht phórúcháin” aon chomhlachas pórúcháin, eagraíocht phórúcháin, nó gnóthas príobháideach a oibríonn i gcóras táirgeachta iata nó aon chomhlacht poiblí, seachas údaráis inniúla, atá aitheanta ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4(3) chun clár póraithe a chur i gcrích ar mhuca pórúcháin hibrideacha atá cláraithe sa rolla pórúcháin nó sna rollaí pórúcháin a dhéanann sé nó sí a chothabháil nó a bhunú;

(7)

ciallaíonn “comhlacht pórúcháin” aon chomhlachas póraitheoirí, eagraíocht phórúcháin, gnóthas príobháideach, eagraíocht tógála stoic nó seirbhís oifigiúil i dtríú tír ar ghlac an tríú tír sin leis, a mhéid a bhaineann le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair nó den speiceas eachaí nó le muca pórúcháin hibrideacha, maidir le hainmhithe pórúcháin a thabhairt isteach san Aontas le haghaidh pórúcháin;

(8)

ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis Ballstáit atá freagrach, de bhun an Rialacháin seo, as an méid seo a leanas:

(a)

aitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin agus na cláir phóraithe a chuireann siad i gcrích ar ainmhithe pórúcháin a fhormheas;

(b)

rialuithe oifigiúla maidir le hoibreoirí;

(c)

cúnamh a sholáthar do Bhallstáit eile agus do thríú tíortha i gcás ina mbraitear neamhchomhlíontacht;

(d)

gníomhaíochtaí oifigiúla seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) agus (c);

(9)

ciallaíonn “ainmhí pórúcháin folaíochta” ainmhí atá iontráilte nó atá cláraithe agus incháilithe lena n-iontráil sa phríomhchuid de phórleabhar;

(10)

ciallaíonn “muc phórúcháin hibrideach” ainmhí den speiceas mucúil atá cláraithe i rolla pórúcháin agus a tháirgtear trí chrosphórú toiliúil nó a úsáidtear le haghaidh crosphórú toiliúil idir:

(a)

muca pórúcháin folaíochta de phórtha nó línte difriúla;

(b)

muca pórúcháin atá mar thoradh iad féin ar chrosphórú (hibrid) idir pórtha nó línte difriúla;

(c)

muca pórúcháin de chuid ceann amháin nó eile de na catagóirí dá dtagraítear in (a) nó (b);

(11)

ciallaíonn “líne” fophobal d'ainmhithe pórúcháin folaíochta de phór ar leith agus ar fophobal é atá cobhsaí agus aonfhoirmeach go géiniteach;

(12)

ciallaíonn “pórleabhar”:

(a)

aon tréadleabhar bó, tréadleabhar caorach nó gabhair, tréadleabhar eachaí, comhad nó meán sonraí a choinníonn cumann póir agus go bhfuil sa tréadleabhar, comhad nó meán sonraí sin príomhchuid agus, i gcás ina gcinneann an cumann póir déanamh amhlaidh, ceann amháin nó níos mó de chodanna forlíontacha le haghaidh ainmhithe den speiceas céanna nach bhfuil incháilithe chun a n-iontrála sa phríomhchuid;

(b)

i gcás inarb iomchuí, aon leabhar comhfhreagrach a choinníonn comhlacht pórúcháin;

(13)

ciallaíonn “príomhchuid” an chuid de phórleabhar ina n-iontráiltear nó ina gcláraítear ainmhithe pórúcháin folaíochta, agus ina bhfuil siad incháilithe lena n-iontráil, in éineacht le mionsonraí i dtaobh a sinsear agus, i gcás inarb infheidhme, i dtaobh a bhfiúntas;

(14)

ciallaíonn “aicme” rannán den phríomhchuid ina n-iontráiltear ainmhithe pórúcháin folaíochta de réir a bhfiúntas;

(15)

ciallaíonn “fiúntas” saintréith inoidhreachta inchainníochtaithe nó airí géiniteach ar leith d'ainmhí pórúcháin;

(16)

ciallaíonn “luach pórúcháin” meastóireacht ar an éifeacht ionchasach a bheadh ag géinitíopa ainmhí phórúcháin ar shaintréithe ar leith ina shliocht;

(17)

ciallaíonn “rolla pórúcháin”:

(a)

aon chomhad nó meán sonraí arna chothabháil ag oibríocht phórúcháin ina ndéantar muca pórúcháin hibrideacha a chlárú maille le mionsonraí ar a sinsear;

(b)

i gcás inarb iomchuí, aon chlár comhfhreagrach a choinníonn comhlacht pórúcháin;

(18)

ciallaíonn “rialú oifigiúil” aon chineál rialaithe a dhéanann na húdaráis inniúla chun comhlíonadh na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a fhíorú;

(19)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí oifigiúla eile” aon ghníomhaíocht seachas rialú oifigiúil a dhéanann údaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo chun a áirithiú go gcuirtear na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo i bhfeidhm;

(20)

ciallaíonn “deimhniú zóiteicniúil” deimhnithe póraithe, fianuithe nó doiciméadúchán tráchtála arna n-eisiúint ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach le haghaidh ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh agus ina dtugtar faisnéis maidir le ginealach, aitheantas agus, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, torthaí na tástála feidhmíochta nó na meastóireachta géinití;

(21)

ciallaíonn “a thabhairt isteach san Aontas” nó “tabhairt isteach san Aontas” an ghníomhaíocht lena dtugtar ainmhithe agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna isteach i gceann de na críocha a liostaítear in Iarscríbhinn VI ó lasmuigh de na críocha sin, ach gan an t-idirthuras san áireamh;

(22)

ciallaíonn “trádáil” an ghníomhaíocht trína ndéantar ainmhithe nó táirgí geirmeacha díobh a cheannach, a dhíol, a mhalartú nó a fháil nó a scaoileadh ó sheilbh ar shlí eile laistigh den Aontas, lena n-áirítear laistigh de Bhallstát;

(23)

ciallaíonn “oibreoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi réir na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, amhail cumainn phóir, oibríochtaí pórúcháin, tríú páirtithe atá ainmnithe ag cumainn phóir nó ag oibríochtaí pórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), ionaid bhailithe agus stórála seamhain, ionaid stórála suthanna, foirne bailithe agus táirgthe suthanna, agus póraitheoirí;

(24)

ciallaíonn “pór atá i mbaol” pór áitiúil, atá aitheanta ag Ballstát mar phór atá i mbaol, agus atá oiriúnaithe go géiniteach do cheann amháin nó níos mó de chórais táirgeachta traidisiúnta nó do thimpeallachtaí sa Bhallstát sin agus sa chás go bhfuil an stádas de bheith i mbaol suite go heolaíochtúil ag comhlacht ag a bhfuil na scileanna agus an t-eolas is gá i réimse na bpórtha atá i mbaol;

(25)

ciallaíonn “gnóthas príobháideach atá ag feidhmiú i gcóras táirgeachta iata” gnóthas príobháideach ag a bhfuil clár póraithe agus nach bhfuil póraitheoirí ar bith rannpháirteach sa chlár sin nó gur líon teoranta póraitheoirí atá rannpháirteach sa chlár sin agus go bhfuil siad faoi cheangal ag an ngnóthas príobháideach sin chun soláthar na muca pórúcháin hibrideacha a ghlacadh uaidh nó chun muca pórúcháin hibrideacha a sholáthar dó;

(26)

ciallaíonn “clár póraithe” sraith de ghníomhaíochtaí córasacha, lena n-áirítear taifeadadh, roghnú, pórú agus malartú ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh, agus gur gníomhaíochtaí iad atá ceaptha agus curtha chun feidhme ar mhaithe le saintréithe feinitíopacha agus/nó géinitíopacha sa spriocdaonra pórúcháin a chaomhnú nó a fheabhsú.

Airteagal 3

Rialacha ginearálta zóiteicniúla agus gineolaíocha maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh, agus maidir lena dtabhairt isteach san Aontas

1.   Ní dhéanfar trádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh ná tabhairt isteach ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas a thoirmeasc, a shrianadh nó a bhacadh ar fhorais zóiteicniúla ná ghineolaíocha seachas ar na forais sin a eascraíonn as na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

2.   Póraitheoirí ainmhithe pórúcháin, cumainn phóir, oibríochtaí pórúcháin nó comhlachtaí pórúcháin, ní dhéanfar idirdhealú ina n-aghaidh ar bhonn a dtíre tionscnaimh ná thír tionscnaimh a n-ainmhithe pórúcháin nó na dtáirgí geirmeacha a thagann ó na hainmhithe sin.

CAIBIDIL II

Aitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin i mBallstáit agus formheas na gclár póraithe

Roinn 1

Aitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin

Airteagal 4

Aitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin

1.   I dtaca le hainmhithe pórúcháin folaíochta, féadfaidh comhlachais phóraitheoirí, eagraíochtaí pórúcháin nó comhlachtaí poiblí iarratais a chur chuig na húdaráis inniúla ar aitheantas mar chumann póir:

I dtaca le muca pórúcháin hibrideacha, féadfaidh comhlachais phóraitheoirí, eagraíochtaí pórúcháin, gnóthais phríobháideacha atá ag feidhmiú i gcóras táirgeachta iata nó comhlachtaí poiblí iarratas a chur chuig na húdaráis inniúla ar aitheantas mar chumann póir;

2.   Is i scríbhinn, bíodh sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, a bheidh na hiarratais dá dtagraítear i mír 1.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar na hiarratais dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad aitheantas mar chumann póir d'aon iarratasóir dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus mar oibríocht phórúcháin d'aon iarratasóir dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a)

go bhfuil a cheannoifig aige ar chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás inniúil lonnaithe;

(b)

go léiríonn sé ina iarratas go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach i gCuid 1 d'Iarscríbhinn I dá chláir phóraithe a bhfuil sé ar intinn aige iarratas ar fhormheas a dhéanamh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 12;

(c)

go bhfuil ina iarratas, i gcás gach ceann de na cláir phóraithe sin atá beartaithe, dréachtleagan den chlár póraithe a bhfuil le bheith ar áireamh ann an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid 2 d'Iarscríbhinn I, agus, sa bhreis air sin i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, i gCuid 3 d'Iarscríbhinn I;

(d)

go ndéanann sé, agus a iarratas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á thíolacadh aige, iarratas ar fhormheas a chur isteach le haghaidh ceann amháin ar a laghad de na cláir phóraithe bheartaithe sin, i gcomhréir le hAirteagal 8(2).

Airteagal 5

Aitheantas do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin a dhiúltú

1.   Chun críocha Airteagal 4(1), i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil diúltú aitheantas a thabhairt d'iarratasóir mar chumann póir nó mar oibríocht phórúcháin, cuirfidh sé míniú réasúnaithe ar fáil don iarratasóir sin maidir leis an diúltú atá beartaithe aige. Beidh an ceart ag an iarratasóir sin a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar an diúltú beartaithe sin laistigh de 60 lá ón dáta a mbeidh an míniú réasúnaithe faighte, nó níos luaithe nuair a fhorálann rialacha náisiúnta do theorainneacha ama níos giorra.

2.   Más rud é, i bhfianaise an athmhachnaimh dá dtagraítear i mír 1, go gcineann an t-údarás inniúil a dhiúltú a dhearbhú, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe don iarratasóir maidir lena chinneadh aitheantas a dhiúltú laistigh de 90 lá ón dáta a mbeidh aon iarraidh ar athmhachnamh faighte aige ón iarratasóir, nó níos luaithe nuair a fhorálann rialacha náisiúnta do theorainneacha ama níos giorra. Ag an am céanna, cuirfidh an t-údarás inniúil a chinneadh maidir le haitheantas a dhiúltú maille leis na cúiseanna atá aige é sin a dhéanamh in iúl don Choimisiún.

Airteagal 6

Cláir phóraithe mhodhnaithe a thíolacadh i gcás ina ndéantar aitheantas cumann póir nó oibríochtaí pórúcháin a dhiúltú agus a tharraingt siar in éagmais cláir phóraithe formheasta

1.   I gcás ina ndiúltaíonn an t-údarás inniúil a bhfuil aitheantas tugtha aige do chumann póir nó d'oibríocht phórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(3) formheas a thabhairt do chlár póraithe arna thíolacadh ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin sin i gcomhréir le hAirteagal 8, beidh an deis ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin sin leagan modhnaithe den chlár póraithe a thíolacadh laistigh de shé mhí i ndiaidh an diúltaithe sin.

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-aitheantas don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin sin a tharraingt siar más rud é, faoi dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nach bhfuil leagan modhnaithe den chlár póraithe tíolactha agus i gcás nach bhfuil aon chlár póraithe eile ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12.

Airteagal 7

Liostaí de chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin aitheanta

1.   Tarraingeoidh Ballstáit suas liosta de chumainn phóir agus d'oibríochtaí pórúcháin atá aitheanta ag a n-údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 4(3) agus a bhfuil clár póraithe amháin ar a laghad acu atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus coinneoidh siad an liosta sin cothrom le dáta. Déanfaidh na Ballstáit an liosta sin a chur ar fáil don phobal.

2.   Beidh ar áireamh sa liosta dá bhforáiltear i mír 1 an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

ainm, sonraí teagmhála agus, i gcás inarb infheidhme, suíomh gréasáin an chumainn phóir nó na hoibríochta pórúcháin;

(b)

le haghaidh gach cumann póir nó oibríocht phórúcháin atá ar an liosta sin:

(i)

i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta, ainm an phóir, nó, i gcás muca pórúcháin hibrideacha, ainm an phóir, na líne nó an chrosphóir, a chuimsítear i ngach ceann dá chuid clár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás ina mbaineann an cumann póir leas as na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 19 nó i bpointe 2 de Chaibidil III de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II, tagairt do na maoluithe sin;

(ii)

an chríoch gheografach ina ndéantar gach ceann dá chuid clár póraithe;

(iii)

i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála an chumainn phóir a choinníonn an pórleabhar maidir le bunús an phóir;

(iv)

le haghaidh gach ceann dá chláir phóraithe, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, tagairt do shuíomh gréasáin inar féidir rochatain a fháil ar fhaisnéis maidir leis na cláir phóraithe sin.

3.   Áireoidh na Ballstáit freisin ar an liosta dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo aon údarás inniúil a bhíonn ag gabháil do chlár póraithe i gcomhréir le hAirteagal 38.

4.   I gcás ina ndéantar an t-aitheantas do chumann póir nó d'oibríocht phórúcháin a tharraingt siar i gcomhréir le pointe (e) den tríú fomhír d'Airteagal 47(1) nó go ndéantar formheas cláir phóraithe a fhionraí nó a tharraingt siar i gcomhréir le pointe (d) den dara fomhír d'Airteagal 47(1), déanfaidh Ballstáit, gan aon mhoill mhíchuí, an fionraí nó an tarraingt siar sin a thabhairt le fios sa liosta dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Más rud é, ar feadh thréimhse 24 mhí, go leanann an t-aitheantas sin de bheith tarraingthe siar nó go leanann an formheas sin de bheith fionraithe nó tarraingthe siar, déanfaidh na Ballstáit an cumann póir, an oibríocht phórúcháin nó an clár póraithe sin a bhaint go cinntitheach ón liosta dá bhforáiltear i mír 1.

5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos samhail-fhoirmeacha maidir le cur i láthair na faisnéise atá le háireamh sa liosta de chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin aitheanta dá bhforáiltear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Roinn 2

Formheas clár póraithe

Airteagal 8

Formheas clár póraithe arna gcur i gcrích ag cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin

1.   Déanfaidh cumann póir nó oibríocht phórúcháin iarratais ar fhormheas dá chláir phóraithe a thíolacadh don údarás inniúil a thug aitheantas don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin sin i gcomhréir le hAirteagal 4(3).

2.   Is i scríbhinn, bíodh sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, a bheidh na hiarratais dá dtagraítear i mír 1.

3.   An t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh sé meastóireacht ar na cláir phóraithe sin agus déanfaidh sé iad a mheas ar choinníoll:

(a)

go bhfuil ceann de na haidhmeanna seo a leanas acu:

(i)

i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta:

feabhsú an phóir;

caomhnú an phóir;

pór nua a chruthú;

pór a athchruthú;

(ii)

i gcás muca pórúcháin hibrideacha:

feabhsú an phóir, na líne nó an chrosphóir;

pór, líne nó crosphór nua a chruthú;

(b)

go dtugann siad tuairisc go mion ar na cuspóirí roghnúcháin agus póraithe;

(c)

go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach i gCuid 2 d'Iarscríbhinn I agus, sa bhreis air sin, i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, na ceanglais a leagtar amach i gCuid 3 d'Iarscríbhinn I.

4.   Féadfaidh cumainn phóir nó oibríochtaí pórúcháin gníomhaíochtaí teicniúla sonracha a bhaineann le bainistiú a gclár póraithe, lena n-áirítear tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach, a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí ar choinníoll:

(a)

go mbeidh na cumainn phóir agus na hoibríochtaí pórúcháin fós freagrachdon údarás inniúil as comhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear i gCuid 2 agus i gCuid 3 d'Iarscríbhinn I;

(b)

nach bhfuil aon choinbhleacht leasa idir an tríú páirtí sin agus gníomhaíochtaí geilleagracha póraitheoirí atá rannpháirteach sa chlár póraithe;

(c)

go gcomhlíonann an tríú páirtí na ceanglais uile atá riachtanach chun na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích;

(d)

go bhfuil na gníomhaíochtaí atá beartaithe acu a sheachfhoinsiú, mar aon le hainm agus sonraí teagmhála na dtríú páirtithe sin, sonraithe ag na cumainn phóir agus ag na hoibríochtaí pórúcháin ina n-iarratais dá dtagraítear i mír 2 a dhéanann siad.

5.   Más rud é, ar feadh tréimhse de 24 mhí ar a laghad, nach ann d'aon phóraitheoirí a bhfuil a ngabháltas, ina gcoinníonn siad a n-ainmhithe pórúcháin, lonnaithe i gcuid áirithe de chríoch gheografach, atá rannpháirteach i gclár póraithe formheasta i gcomhréir le mír 3, féadfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi deara don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin lena mbaineann críoch gheografach a chláir phóraithe a choigeartú ionas nach mbeidh ar áireamh inti an chuid sin den chríoch gheografach.

Airteagal 9

Athruithe ar chlár póraithe formheasta

1.   Sula ndéanann cumann póir nó oibríocht phórúcháin aon athruithe suntasacha a bhaineann leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 8(3) ar a chlár póraithe atá formheasta i gcomhréir leis an bhforáil sin, tabharfaidh sé nó sí fógra i dtaobh na n-athruithe sin don údarás inniúil a bhfuil aitheantas tugtha dó don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin sin i gcomhréir le hAirteagal 8(3).

2.   Is i scríbhinn, bíodh sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, a bheidh an fógra.

3.   Mura rud é go mbeidh a mhalairt tugtha le fios ag an údarás inniúil sin laistigh de thréimhse 90 lá ó dháta an fhógra, measfar na hathruithe sin a bheith formheasta ag an údarás inniúil sin.

4.   Déanfaidh cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin, ar shlí thrédhearcach agus thráthúil, na póraitheoirí atá rannpháirteach ina gcláir phóraithe a chur ar an eolas i dtaobh na n-athruithe ar a gcláir phóraithe atá formheasta i gcomhréir i mír 3.

Airteagal 10

Maoluithe ar Airteagal 8(3) i dtaca le cláir phóraithe a fhormheas

1.   De mhaolú ar Airteagal 8(3), féadfaidh an t-údarás inniúil a bhfuil aitheantas tugtha aige do chumann póir i gcomhréir le hAirteagal 4(3) formheas a dhiúltú do chlár póraithe an chumainn phóir sin a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i gCuid 2 d'Iarscríbhinn I agus sa bhreis air sin i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí i gCuid 3 d'Iarscríbhinn I, ar na forais go mbainfeadh an clár póraithe sin an bonn de chlár póraithe atá á dhéanamh ag cumann póir eile don phór céanna agus go bhfuil an clár póraithe eile sin formheasta cheana sa Bhallstát sin a mhéid a bhaineann le maidir le ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:

(a)

tréithe bunriachtanacha na saintréithe póir nó príomhchuspóirí an chláir phóraithe sin;

(b)

caomhnú an phóir sin nó caomhnú éagsúlacht ghéiniteach laistigh den phór sin; nó

(c)

i gcás ina bhfuil sé mar aidhm ag an gclár póraithe an pór sin a chaomhnú, cur chun feidhme éifeachtach an chláir phóraithe:

(i)

i gcás pórtha atá i mbaol; nó

(ii)

i gcás pór bundúchasach nach bhfuil ar fáil go coitianta i gceann amháin nó níos mó de chríocha an Aontais.

2.   Chun críche mhír 1, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)

líon na gclár póraithe atá formheasta cheana don phór sin sa Bhallstát;

(b)

méid na ndaonraí pórúcháin atá clúdaithe ag na cláir phóraithe sin;

(c)

an t-ionchur géiniteach féideartha ó chláir phóraithe atá á gcur i gcrích ag cumainn phóir eile don phór céanna i mBallstáit eile nó ag comhlachtaí pórúcháin i dtríú tíortha.

Airteagal 11

Diúltú cláir phóraithe a fhormheas

I gcás ina ndiúltaíonn an t-údarás inniúil a bhfuil aitheantas tugtha aige do chumann póir nó d'oibríocht phórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(3) formheas a thabhairt do chlár póraithe arna thíolacadh ag cumann póir nó oibríocht phórúcháin den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó go ndiúltaíonn sé athruithe ar chlár póraithe ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 9(1) a fhormheas, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe ar an diúltú sin don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin sin.

Airteagal 12

Fógairt agus formheas clár póraithe arna gcur i gcrích i mBallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil aitheantas faighte ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin

1.   I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag cumann póir nó ag oibríocht phórúcháin clár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3) a chur i gcrích freisin ar ainmhithe pórúcháin a choinnítear i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin sin aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 4(3) (“an Ballstát eile sin”, chun críche an Airteagail seo), déanfaidh an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin sin fógra a thabhairt don údarás inniúil a d'aithin an cumann póir sin nó an oibríocht phórúcháin sin i gcomhréir le hAirteagal 4(3) go bhfuil sé beartaithe aige a chríoch gheografach a leathnú.

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil a bhfuil aitheantas tugtha aige do chumann póir nó d'oibríocht phórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(3) an méid seo a leanas:

(a)

tabharfaidh sé fógra ina leith d'údarás inniúil an Bhallstáit eile sin ar a laghad 90 lá roimh an dáta ar a bhfuil sé beartaithe an clár póraithe a thosú sa Bhallstát eile sin, agus, arna iarraidh sin ag an údarás dár tugadh fógra, soláthróidh sé aistriúchán den fhógra sin i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit sin;

(b)

arna iarraidh sin ag an údarás dár tugadh fógra, déanfaidh sé, ar a laghad 60 lá roimh an dáta ar a bhfuil sé beartaithe an clár póraithe a thosú sa Bhallstát eile sin, cóip den chlár póraithe amhail a bheidh formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3) a sholáthar agus beidh i dteannta na cóipe sin, má iarrann an t-údarás sin amhlaidh, aistriúchán i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit eile sin arna sholáthar ag an gcumann póir nó an oibríocht phórúcháin a bheidh ag déanamh an iarratais.

3.   Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit eile sin, laistigh de 90 lá ón dáta a bhfaigheann sé an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, diúltú formheas a thabhairt do chur i gcrích an chláir phóraithe, más rud é:

(a)

go bhfuil clár póraithe formheasta á chur i gcrích cheana féin sa Bhallstát eile sin ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den phór céanna; agus

(b)

go mbainfeadh formheas cláir phóraithe eile an bonn de chlár póraithe atá á chur i gcrích ag cumann póir eile don phór céanna a bhfuil formheas faighte cheana ina leith sa Bhallstát eile sin a mhéid a bhaineann le ceann amháin de na nithe seo a lenas ar a laghad:

(i)

tréithe bunriachtanacha na saintréithe póir nó príomhchuspóirí an chláir phóraithe sin;

(ii)

caomhnú an phóir sin nó caomhnú éagsúlacht ghéiniteach laistigh den phór sin; nó

(iii)

i gcás inarb é is aidhm leis an gclár póraithe an pór sin a chaomhnú, cur chun feidhme éifeachtach an chláir phóraithe:

i gcás pór atá i mbaol; nó

i gcás pór bundúchasach nach bhfuil ar fáil go coitianta i gceann amháin nó níos mó de chríocha an Aontais.

4.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit eile sin in iúl d'údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil aitheantas tugtha aige don chumann póir nó don oibríocht phórúcháín i gcomhréir le hAirteagal 4(3) cén toradh a bhí ar an bhfógra dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo agus, i gcás ina ndiúltaíonn sé formheas a thabhairt don chlár póraithe a bheith á chur i gcrích ina chríoch, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe dá dhiúltú.

5.   I gcás nach bhfreagraíonn údarás inniúil an Bhallstáit eile sin an fógra sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 laistigh de 90 lá tar éis an fógra sin a fháil, beidh sé sin ionann le formheas a thabhairt.

6.   Údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil aitheantas tugtha aige don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(3), cuirfidh sé an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin ar an eolas maidir le toradh an fhógra dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo gan aon mhoill mhíchuí agus, i gcás diúltaithe, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe ar an diúltú sin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo don chumann póir nódon oibríocht phórúcháin sin.

7.   I gcás ina ndiúltaíonn údarás inniúil an Bhallstáit eile sin formheas a thabhairt i gcomhréir le mír 3, cuirfidh sé an diúltú sin, in éineacht le ráiteas maidir leis na cúiseanna atá leis an diúltiú sin, in iúl don Choimisiún.

8.   I gcás ina ndiúltaíonn údarás inniúil an Bhallstáit eile sin an formheas a thabhairt i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo agus i gcás ina n-iarrann an cumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin ag a bhfuil sé beartaithe an clár póraithe sin a chur i gcrích sa Bhallstát eile sin go ndéanfaí athmhachnamh ar an diúltú sin, comhoibreoidh údarás inniúil an Bhallstáit eile sin agus údarás inniúil an Bhallstát a bhfuil aitheantas tugtha aige don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(3)le chéile a mhéid a bhaineann leis an iarraidh sin ar athmhachnamh.

9.   Déanfaidh an t-údarás inniúil a bhfuil aitheantas tugtha aige don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(3) údarás inniúil an Bhallstáit eile sin a chur ar an eolas i dtaobh athruithe i gcláir phóraithe formheasta i gcomhréir le hAirteagal 9(3).

10.   Arna iarraidh sin ag údarás inniúil an Bhallstáit eile sin, déanfaidh an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin atá ag feidhmiú i gcomhréir leis an Airteagal seo ar chríoch an Bhallstáit eile sin faisnéis cothrom le dáta a thabhairt don údarás inniúil sin, go háirithe maidir le líon na bpóraitheoirí agus na n-ainmhithe pórúcháin ar a bhfuil an clár póraithe á dhéanamh sa chríoch sin. Déanfar aon iarraidh den sórt sin ar an gcaoi chéanna le hiarrataí chuig cumainn phóir nó chuig oibríochtaí pórúcháin atá aitheanta sa Bhallstát arb ina chríoch a oibríonn an t-údarás inniúil sin.

11.   Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit eile sin an formheas do chlár póraithe dá bhforáiltear san Airteagal seo a tharraingt siar más rud é, ar feadh 12 mhí ar a laghad, nach bhfuil aon phóraitheoir ar chríoch an Bhallstáit eile sin rannpháirteach sa chlár póraithe sin.

CAIBIDIL III

Cearta agus oibleagáidí póraitheoirí, cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin

Airteagal 13

Cearta póraitheoirí atá rannpháirteach i gcláir phóraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 12

1.   Beidh ag póraitheoirí an ceart a bheith rannpháirteach i gclár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3,) agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 12 ar choinníoll:

(a)

go bhfuil a gcuid ainmhithe pórúcháin coinnithe ar ghabháltais atá suite laistigh de chríoch gheografach an chláir phóraithe sin;

(b)

go mbaineann a gcuid ainmhithe pórúcháin, i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta, leis an bpór, nó, i gcás muca pórúcháin hibrideacha, leis an bpór, líne nó crosphór atá cuimsithe leis an gclár póraithe sin.

2.   Póraitheoirí a bheidh rannpháirteach i gclár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 12, beidh acu an ceart:

(a)

go n-iontrálfar a gcuid ainmhithe pórúcháin folaíochta sa phríomhchuid den phórleabhar a bhunaigh an cumann póir don phór i gcomhréir le hAirteagal 18 agus Airteagal 20;

(b)

go ndéanfar a gcuid ainmhithe a thaifeadadh i gcuid fhorlíontach den phórleabhar a bhunaigh an cumann póir don phór i gcomhréir le hAirteagal 20;

(c)

go ndéanfar a gcuid muc pórúcháin hibrideach a chlárú i rolla pórúcháin a bhunaigh oibríocht phórúcháin don phór, líne nó crosphór i gcomhréir le hAirteagal 23;

(d)

a bheith rannpháirteach i dtástáil feidhmíochta agus i meastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25;

(e)

go dtabharfar deimhniú zóiteicniúil dóibh i gcomhréir le hAirteagal 30(1) agus (4).

(f)

go dtabharfar dóibh, arna iarraidh sin, torthaí cothrom le dáta den tástáil feidhmíochta agus den mheastóireacht ghéiniteach ar a gcuid ainmhithe pórúcháin, a luaithe a bhíonn na torthaí sin ar fáil;

(g)

rochtain a bheith acu ar na seirbhísí uile go léir i ndáil leis an gclár póraithe sin a ndéanann an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin a chuireann an clár póraithe i gcrích a sholáthar do na póraitheoirí rannpháirteacha.

3.   Sa bhreis ar na cearta a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2, i gcás ina bhforáiltear i rialacha cumainn phóir nó oibríochta pórúcháin do bhallraíocht, beidh freisin ag na póraitheoirí dá dtagraítear i mír 1 an ceart:

(a)

a bheith ina mball den chumann póir sin nó den oibríocht phórúcháin sin;

(b)

a bheith rannpháirteach i sainiú agus i bhforbairt an chláir phóraithe i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear i bpointe B(1)(b) de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I.

Airteagal 14

Cearta agus oibleagáidí cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin

1.   Maidir le cláir phóraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, beidh ag cumainn phóir agus ag oibríochtaí pórúcháin an ceart cláir phóraithe den sór sin a shainmhíniú agus a chur i gcrích go huathrialach, ar choiníoll go gcomhlíonann siad an Rialachán seo agus aon choinníollacha a ghabhann lena bhformheas.

2.   Beidh ag cumainn phóir nó ag oibríochtaí pórúcháin an ceart póraitheoirí a eisiamh óna bheith rannpháirteach i gclár póraithe i gcás ina mainníonn na póraitheoirí sin rialacha an chláir phóraithe nó na hoibleagáidí mar a leagtar amach iad sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear i bpointe B(1)(b) de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.

3.   Sa bhreis ar an gceart dá dtagraítear i mír 2, beidh ag cumainn phóir agus ag oibríochtaí pórúcháin a dhéanann foráil maidir le ballraíocht an ceart póraitheoirí a eisiamh ó bhallraíocht i gcás ina mainníonn na póraitheoirí sin a n-oibleagáidí mar a leagtar amach sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear i bpointe B(1)(b) de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.

4.   Gan dochar do ról na gcúirteanna, beidh freagracht ar chumainn phóir agus ar oibríochtaí pórúcháin díospóidí a réiteach a d'fhéadfadh teacht chun cinn idir póraitheoirí, agus idir póraitheoirí agus an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin, le linn cláir phóraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 12 a bheith á gcur i gcrích, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear i bpointe (B)(1)(b) de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I.

CAIBIDIL IV

Iontráil ainmhithe pórúcháin i bpórleabhair agus i rollaí pórúcháin agus glacadh leo le haghaidh pórúcháin

Roinn 1

Iontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta i bpórleabhair agus glacadh leo le haghaidh pórúcháin

Airteagal 15

Struchtúr na bpórleabhar

I bpórleabhair beidh príomhchuid agus, i gcás ina sonraítear amhlaidh sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, beidh iontu ceann amháin nó níos mó de chodanna forlíontacha.

Airteagal 16

Príomhchuid na bpórleabhar

1.   I gcás ina mbunaíonn cumainn phóir critéir nó nósanna imeachta éagsúla d'iontráil na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta in aicmí éagsúla, féadfaidh na cumainn phóir sin phríomhchuid na bpórleabhar a roinnt ina haicmí:

(a)

de réir fhiúntas na n-ainmhithe sin agus na haicmí sin a fhoroinnt arís de réir aoise nó inscne; nó

(b)

de réir aois nó inscne na n-ainmhithe sin, ar choinníoll go ndéantar na haicmí sin a fhoroinnt freisin de réir a bhfiúntas.

Féadfar a éileamh sna critéir agus nósanna imeachta sin go ndéanfaí tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach dá bhforáiltear in Airteagal 25 ar an ainmhí pórúcháin folaíochta sin nó go ndéanfaí aon mheasúnú eile a bhfuil tuairisc air sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 12 sula ndéantar an iontráil in aicme ar leith den phríomhchuid.

2.   Más rud é go mbunaíonn clár póraithe coinníollacha maidir le hiontráil i bpríomhchuid an phórleabhair de bhreis ar na coinníollacha sin a leagtar amach i gCaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II, déanfaidh an cumann póir atá ag gabháil don chlár póraithe sin aicme amháin ar a laghad a bhunú sa phríomhchuid sin ina ndéanfar ainmhithe pórúcháin folaíochta a chomhlíonann coinníollacha Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II agus Airteagal 21, agus na coinníollacha sin amháin, a iontráil ar iarratas chuige sin ón bpóraitheoir.

Airteagal 17

Codanna forlíontacha na bpórleabhar

Féadfaidh cumainn phóir cuid fhorlíontach amháin nó níos mó a bhunú sa phórleabhar le haghaidh ainmhithe den speiceas céanna nach bhfuil incháilithe le haghaidh iontrála sa phríomhchuid, ar choinníoll go gceadaíonn na rialacha a leagtar amach sa chlár póraithe sliocht na n-ainmhithe sin a iontráil sa phríomhchuid i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach:

(a)

i gcás ainmhithe baineanna den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair, i bpointe 1(a) de Chaibidil III de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II;

(b)

i gcás ainmhithe de phórtha atá i mbaol den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair nó pórtha “crua” caorach, i bpointe 2 de Chaibidil III de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II; nó

(c)

i gcás ainmhithe fireanna agus baineanna den speiceas eachaí, i bpointe 1(b) de Chaibidil III de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II.

Airteagal 18

Iontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta sa phríomhchuid den leabhar pórúcháin

1.   Déanfaidh cumainn phóir, arna iarraidh sin do phóraitheoirí, aon ainmhithe pórúcháin folaíochta den phór atá clúdaithe ag a gclár póraithe a iontráil nó a chlárú le haghaidh iontrála sa phríomhchuid dá bpórleabhar, ar choinníoll go gcomhlíonann na hainmhithe sin na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II agus, i gcás inarb infheidhme, go raibh na hainmhithe sin ina n-óga a d'eascair as ainmhithe pórúcháin nó táirgí geirmeacha dóibh, i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 21.

2.   Ní dhiúltóidh cumainn phóir ainmhí pórúcháin folaíochta a iontráil sa phríomhchuid dá phórleabhar ar an mbonn go bhfuil an t-ainmhí sin iontráilte cheana féin sa phríomhchuid de phórleabhar an phóir chéanna nó, i gcás clár crosphóraithe a dhéantar ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, do phór eile, ar pórleabhar é arna bhunú ag cumann póir eile atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 4(3) nó ag comhlacht pórúcháin i dtríú tír atá ar áireamh sa liosta dá bhforáiltear in Airteagal 34.

3.   I gcás ina bhfuil phríomhchuid an phórleabhair roinnte in aicmí, déanfaidh an cumann póir ainmhithe pórúcháin folaíochta a chomhlíonann na critéir le haghaidh iontrála sa phríomhchuid a iontráil san aicme a fhreagraíonn d'ábhair fiúntais na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta sin.

Airteagal 19

Maoluithe ó na ceanglais maidir le hainmhithe a iontráil i bpríomhchuid pórleabhar sa chás go gcruthaítear pór nua nó go ndéantar pór a athchruthú

1.   De mhaolú ar Airteagal 18(1), i gcás ina mbíonn cumann póir ag gabháil do chlár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3,) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12 le haghaidh póir nach bhfuil aon phórleabhar ann dó i mBallstát ar bith ná i dtríú tír atá ar áireamh sa liosta dá bhforáiltear in Airteagal 34, féadfaidh an cumann póir sin ainmhithe pórúcháin folaíochta nó sliocht ainmhithe pórúcháin folaíochta de phórtha éagsúla nó aon ainmhí a ndéanann an cumann póir a bhreithniú go dtagann sé leis na saintréithe don phór nua sin agus, i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíonann sé na ceanglais feidhmíochta íosta a leagtar síos sa chlár póraithe a iontráil i bpríomhchuid an phórleabhair atá nuabhunaithe.

Cumainn phóir a bhaineann leas as an maolú sin, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

socróidh siad ina gclár póraithe tréimhse chun pórleabhar nua a bhunú a bheidh iomchuí d'eatramh idir glúine an speicis nó an phóir atá i gceist;

(b)

déanfaidh siad tagairt d'aon phórleabhar reatha inar iontráladh na hainmhithe pórúcháin folaíochta nó a dtuismitheoirí den chéad uair i ndiaidh breithe, in éineacht le huimhir chlárúcháin bhunaidh an phórleabhair sin;

(c)

sainaithneoidh siad ina gcóras chun ginealach a thaifeadadh cad iad na hainmhithe a mheasann siad a bheith ina mbunstoc don phór.

2.   I gcás ina mbíonn sé beartaithe ag cumann póir pór atá imithe in éag nó atá go mór i mbaol imeacht in éag a athchruthú, féadfaidh Ballstát nó, má chinneann sé amhlaidh, údarás inniúil a údarú go ndéanann an cumann póir sin sliocht na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta den phór sin atá le hathchruthú nó ainmhithe pórúcháin folaíochta nó sliocht ainmhithe pórúcháin folaíochta de phórtha eile atá mar chuid d'athchruthú an phóir sin nó aon ainmhí a ndéanann an cumann póir a bhreithniú go dtagann sé leis na saintréithe don phór atá le hathchruthú agus, i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíonann sé na ceanglais feidhmíochta íosta a leagtar síos sa chlár póraithe a iontráil i bpríomhchuid an phórleabhair ar choinníoll:

(a)

go ndéantar tréimhse maidir le bunú nó le hathbhunú an phórleabhair sin, atá iomchuí don phór lena mbaineann, a shocrú sa chlár póraithe;

(b)

i gcás inarb infheidhme, go dtagraítear d'aon phórleabhar inar iontráladh na hainmhithe pórúcháin folaíochta nó a sinsear den chéad uair, in éineacht le huimhir chlárúcháin bhunaidh an phórleabhair sin;

(c)

go ndéantar na hainmhithe a measann an cumann póir gurb iad stoc athchruthaithe an phóir iad a shainaithint sa chóras le haghaidh ginealach a thaifeadadh.

3.   Cumann póir atá ag iarraidh leas a bhaint as an maolú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó as an maolú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, leagfaidh sé síos plean mionsonraithe maidir le cruthú nó athchruthú an phóir ina phórleabhar dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

4.   Faoi dheireadh na dtréimhsí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo agus i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás inniúil na rialuithe oifigiúla amhail dá bhforáiltear in Airteagal 43 a chur i gcrích.

5.   Agus pór á chruthú nó á athchruthú i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí trí thásc chun na héifeachta sin a chur san áireamh sa liosta dá bhforáiltear in Airteagal 7.

Airteagal 20

Ainmhithe a thaifeadadh sna codanna forlíontacha agus óga na n-ainmhithe sin a uasghrádú go dtí an phríomhchuid

1.   I gcás ina mbeidh codanna forlíontacha bunaithe ag cumann póir i gcomhréir le hAirteagal 17, déanfaidh an cumann póir sin, ar iarratas ó phóraitheoirí, ainmhithe den speiceas atá clúdaithe ag a gclár póraithe agus nach bhfuil incháilithe le haghaidh iontrála sa phríomhchuid a thaifeadadh sna codanna forlíontacha dá bhforáiltear in Airteagal 17, ar choinníoll go gcomhlíonann na hainmhithe sin na coinníollacha a leagtar amach i gCaibidil II de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II.

2.   Déanfaidh cumainn phóir, ar iarratas ó phóraitheóirí, síolrach na n-ainmhithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a iontráil sa phríomhchuid dá bhforáiltear in Airteagal 16 agus breathnóidh siad ar an síolrach sin mar ainmhithe pórúcháin folaíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann an síolrach na coinníollacha a leagtar amach i gCaibidil III de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II.

Airteagal 21

Glacadh le hainmhithe pórúcháin folaíochta agus táirgí geirmeacha díobh le haghaidh pórúcháin

1.   Cumann póir a bhíonn ag gabháil do chlár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, le haghaidh póir, glacfaidh sé leo seo a leanas:

(a)

le haghaidh cúpláil nádúrtha, aon ainmhí pórúcháin folaíochta den phór sin;

(b)

le haghaidh inseamhnú saorga, seamhan a bhailítear ó ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach a cuireadh faoi mheastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25;

(c)

le haghaidh inseamhnú saorga, seamhan a bhailítear ó ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas mucúil, den speiceas caorach nó den speiceas gabhair a cuireadh faoi thástáil feidhmíochta nó faoi mheastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25;

(d)

le haghaidh inseamhnú saorga, seamhan a bhailítear ó ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí a cuireadh, i gcás ina n-éilítear é sin leis an gclár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, faoi thástáil feidhmíochta nó faoi mheastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25;

(e)

le haghaidh aistriú suthanna, úicítí a bhailítear agus a úsáidtear le haghaidh táirgeadh in vitro suthanna agus suthanna atá díorthaithe ó tháirgeadh in vivo arna ngineadh trí úsáid a bhaint as seamhan dá dtagraítear i bpointe (b) nó i bpointe (c) den mhír seo, ar choinníoll go ndéantar na húicítí agus na suthanna sin a bhailiú ó ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach nó den speiceas gabhair a cuireadh faoi thástáil feidhmíochta nó faoi mheastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25;

(f)

le haghaidh aistriú suthanna, úicítí a bhailítear agus a úsáidtear le haghaidh táirgeadh in vitro suthanna agus suthanna atá díorthaithe ó tháirgeadh in vivo arna ngineadh trí úsáid a bhaint as seamhan dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo, ar choinníoll go ndearnadh na húicítí agus na suthanna sin a bhailiú ó ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí a cuireadh, i gcás ina n-éilítear é sin i gclár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, faoi thástáil feidhmíochta nó faoi mheastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25;

(g)

le haghaidh tástáil ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair, seamhan a bhailítear ó ainmhithe pórúcháin folaíochta nár cuireadh faoi thástáil feidhmíochta ná faoi mheastóireacht ghéiniteach, ar choinníoll nach n-úsáidtear an seamhan sin ach amháin ar mhaithe le tástáil na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna sin atá laistigh de theorainneacha na gcainníochtaí is gá chun a chur ar chumas an chumainn phóir sin tástálacha den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25.

2.   I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, agus de mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh cumann póir toirmeasc nó teorainn a chur ar cheann amháin nó níos mó de na teicnící atáirgthe dá dtagraítear sa mhír sin a úsáid nó ar ainmhithe pórúcháin folaíochta a úsáid le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na teicnící atáirgthe sin, lena n-áirítear ar úsáid táirgí geirmeacha díobh, ar choinníoll go bhfuil an toirmeasc nó an teorainn sin sonraithe ina chlár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12.

Aon toirmeasc nó teorainn den sórt sin a bheidh sonraithe i gclár póraithe an chumainn phóir a bhfuil pórleabhar ar bhunús an phóir bunaithe aige i gcomhréir le pointe 3(a) de Chuid 3 d'Iarscríbhinn I, beidh sé nó sí ceangailteach ar chláir phóraithe na gcumann póir a bhunaíonn pórleabhair mhacúla don phór céanna i gcomhréir le pointe 3(b) de Chuid 3 d'Iarscríbhinn I.

3.   I gcás pór atá i mbaol, féadfaidh cumann póir toirmeasc nó srian a chur ar úsáid ainmhí pórúcháin folaíochta den phór sin, lena n-áirítear ar úsáid táirgí geirmeacha de, i gcás ina mbainfeadh an úsáid sin an bonn de chaomhnú éagsúlacht ghéiniteach an phóir sin.

4.   Seamhan dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 1 a bhailítear ó ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna agus atá iontráilte i bpríomhchuid pórleabhair atá bunaithe ag cumann póir atá ag gabháil do chlár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, glacfaidh cumann póir eile atá ag gabháil do chlár póraithe formheasta ar an bpór céanna sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile leis faoi na coinníollacha céanna agus faoi na teorainneacha cainníochtúla céanna a mhéid a bhaineann le tástáil feidhmíochta agus, i gcás inarb infheidhme, faoin meastóireacht ghéiniteach chéanna agus atá i bhfeidhm ar a chuid ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna féin.

5.   Chun críocha mhír 1 agus mhír 4, déanfaidh ionad bailithe nó stórála seamhain, nó foireann bailithe agus táirgthe suthanna, a bhfuil formheas faighte acu chun na tráchtearraí sin a thrádáil laistigh den Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe, táirgí geirmeacha na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta dá dtagraítear sna míreanna sin a bhailiú, a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil.

6.   De mhaolú ar mhír 5, féadfaidh Ballstát a údarú go ndéanfaí bailiú, táirgeadh, próiseáil agus stóráil le haghaidh táirgí geirmeacha ainmhithe pórúcháin folaíochta a úsáid laistigh de chríoch an Bhallstáit sin ag ionad bailithe nó stórála seamhain nó ag ionad stórála suthanna atá formheasta go sonrach i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin nó go ndéanfadh foireann bailithe nó táirgthe suthanna nó foireann cháilithe atá formheasta go sonrach i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin an bailiú, táirgeadh, próiseáil agus stóráil sin.

7.   De mhaolú ar phointe 1(b), ar phointe (c) agus ar phointe (e) de mhír 1, i gcás inarb é an aidhm atá ag clár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, ná pór a chaomhnú nó an éagsúlacht ghéiniteach atá laistigh de phór a chaomhnú, ní dhéanfar tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach ach amháin sa chás go n-éilítear an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach sin leis an gclár póraithe sin.

Airteagal 22

Modhanna um fhíorú sainaitheantais

1.   I gcás ina ndéantar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí a úsáid le haghaidh bailiú seamhain le haghaidh inseamhnú saorga, ceanglóidh cumainn phóir go mbeidh na hainmhithe pórúcháin folaíochta sin sainaitheanta trína bhfuilghrúpa a anailísiú nó trí mhodh iomchuí ar bith eile lena dtugtar ar a laghad an méid céanna deimhneachta, amhail anailís ADN.

2.   I gcás ina n-úsáidtear ainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí i mbailiú úicítí agus suthanna, agus i gcás ina n-úsáidtear ainmhithe pórúcháin den speiceas mucúil a bhíonn in úsáid i mbailiú seamhain le haghaidh inseamhnú saorga, féadfaidh cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin a éileamh go ndéanfaí na hainmhithe pórúcháin sin a shainaithint trí cheann de na modhanna dá dtagraítear i mír 1.

3.   Arna iarraidh sin ag Ballstát nó ag comhlachas Eorpach le haghaidh ainmhithe pórúcháin folaíochta de na speicis lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena ndéanta modhanna a fhormheas chun fíorú a dhéanamh ar shainaitheantas ainmhithe pórúcháin, ar choinníoll go dtugann na modhanna sin ar a laghad an méid céanna deimhneachta le hanailísiú ar fhuilghrúpa na n-ainmhithe pórúcháin sin, ag tabhairt aird ar dhul chun cinn teicniúil agus ar mholtaí ó ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 29, ICAR nó ón gCumann Idirnáisiúnta um Ghéinitic Ainmhithe (ISAG). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Roinn 2

Muca pórúcháin hibrideacha a chlárú i rollaí pórúcháin agus glacadh leo le haghaidh pórúcháin

Airteagal 23

Muca pórúcháin hibrideacha a chlárú i rollaí pórúcháin

1.   Déanfaidh oibríochtaí pórúcháin, arna iarraidh sin ag a gcuid póraitheoirí, aon mhuc phórúcháin hibrideach den phór, líne nó crosphór céanna a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i gCuid 2 d'Iarscríbhinn II a chlárú ina rolla pórúcháin.

2.   Aon mhuca pórúcháin hibrideacha atá cláraithe i gcomhréir le Cuid 2 d'Iarscríbhinn II i rolla pórúcháin arna bhunú don phór, líne nó crosphór céanna ag oibríocht phórúcháin ar tugadh aitheantas di i gcomhréir le hAirteagal 4(3) sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile, ní dhiúltóidh oibríochtaí pórúcháin iad a chlárú ina rollaí póir.

Airteagal 24

Glacadh le muca pórúcháin hibrideacha agus táirgí geirmeacha díobh le haghaidh pórúcháin

1.   Oibríocht phórúcháin a bhíonn ag gabháil do chlár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, le haghaidh muca pórúcháin hibrideacha de phór, líne nó crosphór, glacfaidh sí leo seo a leanas:

(a)

le haghaidh cúpláil nádúrtha, aon mhuc phórúcháin hibrideach den phór, líne nó crosphór céanna amhail a shainítear sa chlár póraithe sin;

(b)

le haghaidh inseamhnú saorga, seamhain a bhailítear ó mhuca phórúcháin hibrideacha a cuireadh, i gcás ina n-éilítear sin leis an gclár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, faoi thástáil feidhmíochta nó faoi mheastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25;

(c)

le haghaidh aistriú suthanna, úicítí a bhailítear agus a úsáidtear le haghaidh táirgeadh in vitro suthanna agus suthanna atá díorthaithe ó tháirgeadh in vivo arna ngineadh trí úsáid a bhaint as seamhan dá dtagraítear i bpointe (b), ar choinníoll go raibh na húicítí agus na suthanna sin bailithe ó mhuca pórúcháin hibrideacha a cuireadh, i gcás ina n-éilítear é sin leis an gclár póraithe, atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, faoi thástáil feidhmíochta nó faoi mheastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25;

(d)

le haghaidh tástáil muc pórúcháin hibrideach fireann, seamhan a bhailítear ó na muca pórúcháin hibrideacha sin nár cuireadh faoi thástáil feidhmíochta ná faoi mheastóireacht ghéiniteach, ar choinníoll nach n-úsáidtear an seamhan sin ach amháin ar mhaithe le tástáil na muc pórúcháin hibrideach sin atá laistigh de theorainneacha na gcainníochtaí is gá chun go bhféadfaidh an eagraíocht phórúcháin sin tástálacha den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25.

2.   Muca pórúcháin hibrideacha fireanna atá cláraithe i rolla pórúcháin arna bhunú ag oibríocht phórúcháin atá ag gabháil do chlár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, agus na táirgí geirmeacha díobh, glacfaidh oibríocht phórúcháin eile atá ag gabháil do chlár póraithe ar an bpór, líne nó crosphór céanna sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile leo faoi na coinníollacha céanna agus faoi na teorainneacha cainníochta céanna a mhéid a bhaineann le tástáil feidhmíochta agus, i gcás inarb infheidhme, faoin meastóireacht ghéiniteach chéanna agus atá i bhfeidhm ar a chuid muc pórúcháin hibrideach féin.

3.   Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh ionad bailithe nó stórála seamhain, nó foireann bailithe agus táirgthe suthanna, a bhfuil formheas faighte acu chun na tráchtearraí sin a thrádáil laistigh den Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe, táirgí geirmeacha na muc pórúcháin hibrideach dá dtagraítear sna míreanna sin a bhailiú, a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil.

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh Ballstát a údarú go ndéanfaidh foireann bailithe nó táirgthe suthanna nó foireann cháilithe, atá formheasta go sonrach i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin bailiú, táirgeadh, próiseáil agus stóráil ar tháirgí geirmeacha muc pórúcháin hibrideach atá le húsáid laistigh de chríoch an Bhallstáit sin ag ionad bailithe nó stórála seamhain, ag ionad stórála suthanna.

CAIBIDIL V

Tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach

Airteagal 25

Modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití

I gcás ina n-éilíonn cumann póir nó oibríocht phórúcháin, nó tríú páirtí arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b) go ndéantar tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin, áiritheoidh an cumann póir, an oibríocht phórúcháin nó an tríú páirtí sin go ndéantar an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach iontu seo a leanas:

(a)

i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair agus i gcás muca pórúcháin hibrideacha, in Iarscríbhinn III;

(b)

i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, sa chlár póraithe atá á chur i gcrích ag an gcumann póir amhail a fhormheastar é i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12.

Airteagal 26

Cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil leis na ceanglais a bhaineann le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 a bhaineann leis na leasuithe is gá ar Iarscríbhinn III a mhéid a bhaineann le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair, le haird a thabhairt ar an méid seo a leanas:

(a)

dul chun cinn eolaíoch;

(b)

forbairtí teicniúla; nó

(c)

an gá le hacmhainní géiniteacha luachmhara a chaomhnú.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha i ndáil le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair dá dtagraítear san Airteagal seo, lena n-áirítear léirmhíniú ar thorthaí na dtástálacha agus na meastóireachtaí sin. Agus sin á dhéanamh aige, cuirfidh sé san áireamh an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó moltaí na n-ionad tagartha ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 29(1) nó, ina n-éagmais sin, prionsabail den sórt sin a bheidh comhaontaithe ag ICAR. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Airteagal 27

Déanamh na tástála feidhmíochta agus na meastóireachta géinití

1.   I gcás ina bhfuil tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach le déanamh i gcomhréir leis an gclár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12 déanfaidh cumainn phóir agus oibríochtaí phórúcháin an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh siad féin an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach; nó

(b)

ainmneoidh siad tríú páirtithe chuig a mbeidh an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach sin le seachfhoinsiú.

2.   Féadfaidh Ballstát nó, má chinneann an Ballstát sin amhlaidh, a chuid údarás inniúil, a cheangal chun go ndéanfar na tríú páirtithe sin a ainmniú i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1, ní mór do na tríú páirtithe sin bheith údaraithe ag an mBallstát sin, nó a údaráis inniúla, chun tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach a dhéanamh ar ainmhithe pórúcháin, ach amháin sa chás inar comhlacht poiblí é an tríú páirtí arna ainmniú atá faoi réir rialála ag an mBallstát sin, nó ag a údaráis inniúla.

3.   Maidir le Ballstát, nó, má chinneann an Ballstát sin amhlaidh, a chuid údarás inniúil, a bhaineann leas as an bhforáil dá dtagraítear i mír 2, áiritheoidh sé nó siad go ndeonófar údarú do na tríú páirtithe dá dtagraítear sa mhír sin a bhfuil an méid seo a leanas acu:

(a)

na saoráidí agus an trealamh is gá chun an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach sin a dhéanamh;

(b)

foireann chuícháilithe; agus

(c)

an acmhainneacht an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25.

4.   De mhaolú ar Airteagal 8(4)(a), féadfaidh Ballstát nó a chuid údarás inniúil a chinneadh go mbeidh tríú páirtí atá údaraithe i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, nó comhlacht poiblí atá ainmnithe go sonrach agus atá faoi réir rialú ag an mBallstát nó ag a údaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, bheith freagrach don údarás inniúil sin maidir lena áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus is infheidhme i leith tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach atá seachfhoinsithe.

5.   Cumainn phóir nó oibríochtaí pórúcháin a bhíonn iad féin ag gabháil do thástáil feidhmíochta nó do mheastóireacht ghéiniteach nó tríú páirtithe atá ainmnithe ag cumann póir nó ag oibríocht phórúcháin i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo nó atá údaraithe ag Ballstát nó ag a údaráis inniúla amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh siad iad féin a thiomnú do rialacha agus caighdeáin a bheidh bunaithe ag a ICAR nó a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl ag na hionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 29.

Féadfaidh na húdaráis inniúla torthaí na dtiomantas sin nó na rannpháirtíochta sna gníomhaíochtaí sin a chur san áireamh nuair a bhíonn aitheantas á thabhairt acu do chumainn phóir nó d'oibríochtaí pórúcháin, nuair a bhíonn a gcláir phóraithe á bhformheas acu, nuair a bhíonn na tríú páirtithe sin á n-údarú acu nó nuair a dhéanann siad rialuithe oifigiúla ar na hoibritheoirí sin.

6.   Déanfaidh cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin an fhaisnéis mhionsonraithe maidir leo siúd a dhéanann an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach a chur ar fáil don phobal.

Airteagal 28

Oibleagáidí na gcumann póir, na n-oibríochtaí pórúcháin agus na dtríú páirtithe a dhéanann tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach

1.   I gcás ina ndéanann cumann póir nó oibríocht phórúcháin tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe phórúcháin nó na gníomhaíochtaí sin a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), déanfaidh an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin sin an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar arna iarraidh sin ag an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 8(3), nó, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 12(5):

(a)

taifid de na sonraí uile atá mar thoradh ar thástáil feidhmíochta agus ó mheastóireacht ghéiniteach i ndáil le hainmhithe pórúcháin ó ghabháltais atá lonnaithe i gcríoch ina bhfeidhmíonn an t-údarás inniúil sin;

(b)

mionsonraí na modhanna a úsáideadh chun tréithe a thaifeadadh;

(c)

mionsonraí na samhla don tuairisc feidhmíochta a úsáideadh chun anailís a dhéanamh ar thorthaí na tástála feidhmíochta;

(d)

mionsonraí na modhanna staidrimh a úsáideadh chun anailís a dhéanamh ar thorthaí na tástála feidhmíochta i gcás gach tréith a ndearnadh meastóireacht uirthi;

(e)

mionsonraí na bparaiméadar géiniteach a úsáideadh i gcás gach tréith a ndearnadh meastóireacht uirthi, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, mionsonraí na meastóireachta géanómaíche.

2.   An cumann póir nó an oibríocht phórúcháin nó, arna iarraidh sin ag cumann póir nó ag oibríocht phórúcháin, an tríú páirtí atá ainmnithe ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin sin i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), déanfaidh sé nó sí torthaí na meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin a n-úsáidtear a gcuid seamhain le haghaidh inseamhnú saorga i gcomhréir le hAirteagal 21(1)(b), (c) agus (d) agus le hAirteagal 24(1)(b) a chur ar fáil go poiblí agus a choinneáil cothrom le dáta.

CAIBIDIL VI

Ionaid Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh

Airteagal 29

Ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh

1.   I gcás inarb ann do riachtanas aitheanta cur chun cinn a dhéanamh ar chomhchuibhiú nó feabhsú mhodhanna na tástála feidhmíochta nó na meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta a bhíonn in úsáid ag cumainn phóir nó ag tríú páirtithe atá ainmnithe ag cumainn phóir i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-ainmnítear ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá freagrach as rannchuidiú ar bhonn eolaíoch agus teicniúil le comhchuibhiú nó feabhsú na modhanna sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

2.   I gcás inarb ann do riachtanas aitheanta cur chun cinn a dhéanamh ar bhunú nó comhchuibhiú na modhanna a bhíonn in úsáid ag cumainn phóir, ag tríú páirtithe atá ainmnithe ag cumainn phóir i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), ag údaráis inniúla nó ag údaráis eile an Bhallstáit ar mhaithe le pórtha atá i mbaol a chaomhnú nó ar mhaithe le héagsúlacht ghéiniteach atá cheana laistigh de na pórtha sin a chaomhnú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, d'fhonn ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh a ainmniú le bheith freagrach as rannchuidiú ar bhonn eolaíoch agus teicniúil le bunú nó comhchuibhiú na modhanna sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

3.   Maidir leis na hainmnithe dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2, leanfaidh siad próiseas roghnúcháin poiblí agus beidh siad teoranta in am nó déanfar athbhreithniú orthu go tráthrialta.

4.   Ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 nó mír 2 den Airteagal seo:

(a)

comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1 d'Iarscríbhinn IV; agus

(b)

beidh siad freagrach as na cúraimí a leagtar amach iontu seo a leanas:

(i)

i gcás ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá ainmnithe i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, pointe 2 d'Iarscríbhinn IV;

(ii)

i gcás ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá ainmnithe i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, a leagtar amach i bpointe 3 d'Iarscríbhinn IV;

má tá na cúraimí sin ar áireamh i gcláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla na n-ionad tagartha arna mbunú i gcomhréir leis na cuspóirí agus na tosaíochtaí atá sna cláir oibre ábhartha a bheidh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 652/2014.

5.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 a thabhairt don Choimisiún lena leasaítear:

(a)

na ceanglais ar ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach i bpointe 1 d'Iarscríbhinn IV;

(b)

cúraimí na n-ionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach i bpointe 2 agus i bpointe 3 d'Iarscríbhinn IV.

Na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sa mhír seo, beidh aird chuí iontu ar:

(a)

na speicis d'ainmhithe pórúcháin folaíochta a bhfuil modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití maidir leo le comhchuibhiú nó le feabhsú agus ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil i réimse na tástála feidhmíochta nó na meastóireachta géinití; nó

(b)

na pórtha atá i mbaol a bhfuil modhanna le haghaidh caomhnú na bpórtha sin nó le haghaidh chaomhnú na héagsúlachta géinití laistigh de na pórtha sin le bunú nó le comhchuibhiú agus ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil sna réimsí sin.

6.   Beidh ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá ainmnithe i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2 faoi réir rialuithe ón gCoimisiún chun a fhíorú:

(a)

go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1 d'Iarscríbhinn IV;

(b)

go gcomhlíonann siad na cúraimí a leagtar amach iontu seo a leanas:

(i)

i gcás ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá ainmnithe i gcomhréir le mír 1, pointe 2 d'Iarscríbhinn IV;

(ii)

i gcás ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá ainmnithe i gcomhréir le mír 2, pointe 3 d'Iarscríbhinn IV;

Má thagann sé chun solais ar scór na dtorthaí a bheidh ar rialú den sórt sin nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1 d'Iarscríbhinn IV á gcomhlíonadh ag ionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh, nó nach bhfuil na cúraimí a leagtar amach i bpointe 2 nó i bpointe 3 d'Iarscríbhinn IV á gcomhall aige, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena laghdaítear rannchuidiú airgeadais de chuid an Aontais arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 nó lena ndéantar sé an t-ainmniú mar ionad tagartha de chuid an Aontais Eurpaigh a tharraingt siar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

CAIBIDIL VII

Deimhnithe zóiteicniúla

Airteagal 30

Eisiúint, inneachar agus formáid na ndeimhnithe zóiteicniúla a ghabhann le hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh

1.   I gcás ina n-iarrann póraitheoirí atá rannpháirteach i gclár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8 agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12 deimhnithe zóiteicniúla dá gcuid ainmhithe pórúcháin nó do tháirgí geirmeacha díobh, déanfaidh an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin a bhíonn ag gabháil don chlár póraithe sin na deimhnithe sin a eisiúint.

2.   Deimhnithe zóiteicniúla a bhíonn ag gabháil le hainmhithe pórúcháin nó le táirgí geirmeacha díobh, is iad na heintitis seo a leanas, agus iadsan amháin, a eiseoidh iad:

(a)

cumainn phóir nó oibríochtaí pórúcháin a bhíonn ag gabháil do chláir phóraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8, agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, maidir leis na hainmhithe pórúcháin sin;

(b)

na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 8(3) nó, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 12(2)(a), má chinneann na húdaráis sin amhlaidh; nó

(c)

comhlachtaí pórúcháin atá ar áireamh sa liosta dá bhforáiltear in Airteagal 34 agus a bhíonn ag gabháil do chláir phóraithe ar na hainmhithe pórúcháin sin.

3.   Áiritheoidh cumainn phóir nó eagraíochtaí pórúcháin go ndéanfar deimhnithe zóiteicniúla a tharchur go tráthúil.

4.   I gcás ina dtrádáiltear ainmhithe pórúcháin atá iontráilte i bpórleabhar atá á chothabháil ag cumann póir nó atá cláraithe i rolla pórúcháin atá á chothabháil ag oibríocht phórúcháin, nó a dtáirgí geirmeacha, agus sa chás go bhfuil sé beartaithe na hainmhithe pórúcháin sin, nó na hóga a thagann ó na táirgí geirmeacha sin, a iontráil nó a chlárú i bpórleabhar eile nó i rolla pórúcháin eile, beidh deimhniú zóiteicniúil ag gabháil leis na hainmhithe pórúcháin nó na táirgí geirmeacha sin.

An cumann póir nó an oibríocht phórúcháin as a dtagann na hainmhithe pórúcháin nó na táirgí geirmeacha díobh, agus a chothabhálann an pórleabhar nó an rolla pórúcháin ina bhfuil na hainmhithe pórúcháin sin le hiontráil nó le clárú, is é nó í a eiseoidh an deimhniú zóiteicniúil sin.

5.   I gcás ina dtugtar isteach san Aontas ainmhithe pórúcháin atá iontráilte i bpórleabhar nó atá cláraithe i rolla pórúcháin atá á chothabháil ag comhlacht pórúcháin atá ar áireamh sa liosta dá bhforáiltear in Airteagal 34, nó táirgí geirmeacha díobh, agus sa chás go bhfuil sé beartaithe na hainmhithe pórúcháin sin nó na hóga a thagann ó na táirgí geirmeacha sin a iontráil i bpórleabhar atá á chothabháil ag cumann póir nó a chlárú i rolla pórúcháin atá á chothabháil ag oibríocht phórúcháin, beidh deimhniú zóiteicniúil ag gabháil leis na hainmhithe pórúcháin sin nó leis na táirgí geirmeacha díobh.

An comhlacht pórúcháin atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 34 agus a chothabhálann an pórleabhar nó an rolla pórúcháin ina bhfuil na hainmhithe pórúcháin sin le hiontráil nó le clárú, nó seirbhís oifigiúil na tríú tíre as ar tháinig siad, is é nó í a eiseoidh an deimhniú zóiteicniúil.

6.   Maidir leis na deimhnithe zóiteicniúla dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5:

(a)

beidh iontu an fhaisnéis a leagtar amach sna Codanna agus Caibidlí ábhartha d'Iarscríbhinn V;

(b)

beidh siad i gcomhréir leis na samhail-fhoirmeacha do na deimhnithe zóiteicniúla dá bhforáiltear sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 10.

7.   Cumann póir nó comhlacht pórúcháin a dhéanann tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach, nó an dá cheann díobh, i gcomhréir lena chlár póraithe nó a sheachfhoinsíonn na gníomhaíochtaí sin chuig tríú páirtithe, i gcás cumann pórúchain i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), tabharfaidh sé an méid seo a leanas le fios sa deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint d'ainmhí pórúcháin folaíochta nó do tháirgí geirmeacha díobh:

(a)

torthaí na tástála feidhmíochta sin;

(b)

torthaí cothrom le dáta na meastóireachta géinití sin; agus

(c)

máchailí géiniteacha agus sainchomharthaí géiniteacha i dtaca leis an gclár póraithe sin a dhéanann difear don ainmhí pórúcháin sin nó do dheonóirí na dtáirgí geirmeacha sin.

8.   Oibríocht phórúcháin nó comhlacht pórúcháin a dhéanann tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach, nó an dá cheann díobh, i gcomhréir lena chlár póraithe nó lena clár póraithe nó a sheachfhoinsíonn na gníomhaíochtaí sin chuig tríú páirtithe, i gcás oibríocht phórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), tabharfaidh sí an méid seo a leanas le fios sa deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint do mhuc phórúcháin hibrideach nó do tháirgí geirmeacha de, más rud é go n-éilítear amhlaidh leis an gclár póraithe:

(a)

torthaí na tástála feidhmíochta sin;

(b)

torthaí cothrom le dáta na meastóireachta géinití sin; agus

(c)

máchailí géiniteacha agus sainchomharthaí géiniteacha i dtaca leis an gclár póraithe sin a dhéanann difear don ainmhí pórúcháin sin nó do dheonóirí na dtáirgí geirmeacha sin.

9.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 lena leasaítear inneachar na ndeimhnithe zóiteicniúla atá leagtha amach in Iarscríbhinn V, chun iad a thabhairt cothrom le dáta d'fhonn aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas:

(a)

dul chun cinn eolaíoch;

(b)

forbairtí teicniúla;

(c)

feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh; nó

(d)

an gá le hacmhainní géiniteacha luachmhara a chaomhnú.

10.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos samhailfhoirmeacha do na deimhnithe zóiteicniúla d'ainmhithe pórúcháin agus do tháirgí geirmeacha díobh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Airteagal 31

Maoluithe ó cheanglais maidir le heisiúint, inneachar agus formáid na ndeimhnithe zóiteicniúla do thrádáil ainmhithe pórúcháin agus a gcuid táirgí geirmeacha

1.   De mhaolú ar Airteagal 30(2)(a), féadfaidh an t-údarás inniúil a údarú go bhfuil le bheith ag gabháil le táirgí geirmeacha deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint, ar bhonn na faisnéise a bheidh faighte ón gcumann póir nó ón oibríocht phórúcháin ag ionad bailithe nó stórála seamhain, nó ag foireann bailithe nó táirgthe suthanna a formheasadh le haghaidh trádála laistigh den Aontas sna táirgí geirmeacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe.

2.   De mhaolú ar Airteagal 30(6)(b), féadfaidh an t-údarás inniúil neamhúsáid na samhail-fhoirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 30(6) a údarú nach n-úsáidtear ar choinníoll:

(a)

i gcás ainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair, tá an fhaisnéis a leagtar amach i gCaibidil I de Chuid 2 d'Iarscríbhinn V nó i gCaibidil I de Chuid 3 d'Iarscríbhinn V i ndoiciméid eile a ghabhann leis na hainmhithe pórúcháin sin, arna n-eisiúint ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin;

(b)

i gcás táirgí geirmeacha den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí:

(i)

tá an fhaisnéis a bhaineann le deontóirí na dtáirgí geirmeacha sin i ndoiciméid eile nó i gcóipeanna den deimhniú zóiteicniúil bunaidh a ghabhann leis na táirgí geirmeacha sin nó, roimh sheoladh na dtáirgí geirmeacha sin nó ina ndiaidh, déanann an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin nó na hoibreoirí eile dá dtagraítear i mír 1, arna iarraidh sin, í a chur ar fáil.

(ii)

tá an fhaisnéis a bhaineann leis an seamhan, leis na húicítí agus leis na suthanna i ndoiciméid eile a ghabhann leis an seamhan sin, leis na húicítí sin agus leis na suthanna sin, arna n-eisiúint ag an gcumann póir nó ag oibríocht phórúcháin nó ag na hoibreoirí eile dá dtagraítear i mír 1.

3.   De mhaolú ar Airteagal 30(7)(a) agus (b) agus Airteagal 30(8)(a) agus (b), i gcás ina bhfuil torthaí na tástála feidhmíochta nó na meastóireachta géinití ar fáil go poiblí ar shúíomh gréasáin, féadfaidh na cumainn phóir, na hoibríochtaí pórúcháin nó na hoibreoirí eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tagairt a dhéanamh sa deimhniú zóiteicniúil nó sna doiciméid dá dtagraítear i mír 2(a) den Airteagal seo don suíomh gréasáin inar féidir rochtain a fháil ar na torthaí sin.

Airteagal 32

Maoluithe ar cheanglais maidir le formáid na ndeimhnithe zóiteicniúla a eisítear d'ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí

1.   De mhaolú ar Airteagal 30(6), i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, beidh an fhaisnéis a leagtar amach i gCaibidil I de Chuid 2 d'Iarscríbhinn V i ndoiciméad sainaitheantais saolré aonair le haghaidh equidae. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 maidir le hinneachar agus formáid na ndoiciméad sainaitheantais sin.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos samhailfhoirmeacha den doiciméad sainaitheantais saolré aonair le haghaidh equidae. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

3.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil torthaí cothrom le dáta na tástála feidhmíochta nó na meastóireachta géinití ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin, féadfaidh na húdaráis inniúla neamháireamh na faisnéise a leagtar amach i bpointe (l)(m) de Chaibidil I de Chuid 2 d'Iarscríbhinn V sa doiciméad dá dtagraítear i mír 1 a údarú, ar choinníoll go dtagraíonn an cumann póir don suíomh gréasáin sin sa doiciméad sin.

4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú go mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (l)(m) agus i bpointe (n) de Chaibidil I de Chuid 2 d'Iarscríbhinn V i ndoiciméid eile a bheidh eisithe ag an gcumann póir le haghaidh ainmhithe pórúcháin folaíochta a iontráiltear i bpórleabhar ainmhithe a bhíonn á chothabháil ag an gcumann póir sin.

Airteagal 33

Maoluithe ó cheanglais maidir le heisiúint, inneachar agus formáid deimhnithe zóiteicniúla do thabhairt isteach ainmhithe pórúcháin agus a gcuid táirgí geirmeach san Aontas.

1.   De mhaolú ar Airteagal 30(2)(c) agus (5), féadfaidh a bheith ag gabháil le táirgí geirmeacha deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint thar ceann an chomhlachta pórúcháin ar bhonn na faisnéise a bheidh faighte ón gcomhlacht pórúcháin sin, ag ionaid bailithe nó stórála seamhain, nó ag foireann bailithe nó táirgthe suthanna a formheasadh chun tabhairt isteach na dtáirgí geirmeacha san Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe.

2.   De mhaolú ar Airteagal 30(6)(b), ní gá na samhail-fhoirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 30(6)(b) a úsáid más rud é:

(a)

go bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach i gCodanna agus i gCaibidlí ábhartha d'Iarscríbhinn V i ndoiciméid eile a ghabhann leis an ainmhí pórúcháin nó lena dtáirgí geirmeacha;

(b)

go soláthraíonn an comhlacht pórúcháin a bhfuil an clár póraithe á chur i gcrích acu, nó oibreoir eile dá dtagraítear i mír 1, liosta uileghabhálach de na doiciméid sin, go ndearbhaíonn siad go bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach sna Codanna agus sna Caibidlí ábhartha d'Iarscríbhinn V sna doiciméid sin agus go ndeimhníonn siad inneachar na ndoiciméad sin.

3.   De mhaolú ar Airteagal 30(7) agus (b) agus Airteagal 30(8)(a) agus (b), i gcás ina bhfuil torthaí na tástála feidhmíochta nó na meastóireachta géinití ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin, féadfaidh na hoibríochtaí pórúcháin, nó na hoibreoirí eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tagairt a dhéanamh sa deimhniú zóiteicniúil nó sna doiciméid eile dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo, don suíomh gréasáin inar féidir na torthaí sin a rochtain.

CAIBIDIL VIII

Ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a thabhairt isteach san Aontas

Airteagal 34

Comhlachtaí pórúcháin a liostú

1.   Déanfaidh an Coimisiún liosta de chomhlachtaí pórúcháin a chothabháil, a thabhairt cothrom le dáta agus a fhoilsiú.

2.   Ní chuirfidh an Coimisiún sa liosta dá bhforáiltear i mír 1a ach comhlacht pórúcháin a bhfuil doiciméadacht faighte ag an gCoimisiún ina leith ó sheirbhís oifigiúil de chuid an tríú tír a léiríonn go gcomhlíonann an comhlacht pórúcháin na ceanglais seo a leanas:

(a)

go gcuireann sé i gcrích clár póraithe atá coibhéiseach leis na cláir phóraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) a chuireann na cumainn phóir i gcrích ar an bpór céanna, nó a chuireann na hoibríochtaí pórúcháin i gcrích ar an bpór, líne nó crosphórú céanna maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

iontráil ainmhithe pórúcháin i leabhair phórúcháin nó a gclárú i rollaí pórúcháin;

(ii)

glacadh le hainmhithe pórúcháin le haghaidh pórúcháin;

(iii)

úsáid táirgí geirmeacha ainmhithe pórúcháin le haghaidh tástála agus pórúcháin;

(iv)

na modhanna a úsáidtear chun tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach a dhéanamh;

(b)

go bhfuil sé á mhaoirsiú nó á rialú ag seirbhís oifigiúil sa tríú tír sin;

(c)

gur ghlac sé rialacha nós imeachta chun a áirithiú maidir leis na hainmhithe pórúcháin a iontrálann na cumainn phóir i bpórleabhair nó a ndéanann oibríochtaí pórúcháin iad a chlárú i rollaí pórúcháin, agus na hóga a tháirgtear ó tháirgí geirmeacha de hainmhithe pórúcháin den sórt sin, go n-iontráiltear iad nó go bhfuil siad incháilithe chun iontrála gan idirdhealú ar bhonn na tíre tionscnaimh, i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta, sa phórleabhar den phór céanna nó, i gcás muca pórúcháin hibrideacha, sa chlár póraithe den phór, líne nó chrosphór céanna, a bhíonn á gcothabháil ag an gcomhlacht pórúcháin sin.

3.   Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin sa liosta dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo an tagairt do na tríú tíortha sin a bhfuil na bearta iontu a meastar ina leith go bhfuil siad coibhéiseach i gcomhréir le hAirteagal 35, lena n-áirítear tagairt do na comhlachtaí pórúcháin go léir sna tríú tíortha sin.

4.   Bainfidh an Coimisiún den liosta, gan moill mhíchuí, aon cheann de na comhlachtaí pórúcháin nach gcomhlíonann ceann amháin de na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 ar a laghad a thuilleadh.

Airteagal 35

Coibhéis na mbeart a chuirtear i bhfeidhm maidir le pórú ainmhithe i dtríú tíortha

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena aithnítear go bhfuil bearta atá á gcur i bhfeidhm i dtríú tír coibhéiseach leo sin a cheanglaítear leis an Rialachán seo i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

aitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 4;

(b)

formheas na gclár póraithe atá ag cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 8;

(c)

iontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta i bpórleabhair agus muca pórúcháin hibrideacha a chlárú i rollaí pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 18, in Airteagal 20 agus in Airteagal 23;

(d)

glacadh le hainmhithe pórúcháin le haghaidh pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 21, in Airteagal 22 agus in Airteagal 24;

(e)

úsáid táirgí geirmeacha ainmhithe pórúcháin le haghaidh tástála agus pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 21 agus in Airteagal 24;

(f)

an tástáil feidhmíochta agus an mheastóireacht ghéiniteach dá bhforáiltear in Airteagal 25;

(g)

na rialuithe oifigiúla maidir le hoibreoirí dá bhforáiltear in Airteagal 43.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

2.   Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

scrúdú críochnúil ar an bhfaisnéis agus na sonraí arna soláthar ag an tríú tír atá ag iarraidh go n-aithneofar a bhearta mar bhearta coibhéiseacha dóibh siúd a éilítear leis an Rialachán seo;

(b)

i gcás inarb iomchuí, toradh sásúil rialaithe arna dhéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 57.

3.   Féadfar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 na rialacha mionsonraithe lena rialaítear ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh ón tríú tír lena mbaineann a thabhairt isteach san Aontas a leagan amach, agus féadfar na nithe seo a leanas a bheith san áireamh iontu:

(a)

formáid agus inneachar na ndeimhnithe zóiteicniúla a ghabhann leis na hainmhithe pórúcháin nó na táirgí geirmeacha díobh;

(b)

ceanglais shainiúla is infheidhme maidir leis na hainmhithe pórúcháin sin nó a dtáirgí geirmeacha a thabhairt isteach san Aontas agus na rialuithe oifigiúla atá le déanamh maidir leis na hainmhithe pórúcháin sin nó na táirgí geirmeacha díobh agus iad á dtabhairt isteach san Aontas;

(c)

i gcás inar gá, nósanna imeachta maidir le tarraingt suas agus leasú liostaí de chomhlachtaí pórúcháin, atá lonnaithe sa tríú tír lena mbaineann, óna bhfuil sé ceadaithe ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a thabhairt isteach san Aontas.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-aisghairtear na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 i gcás nach gcomhlíontar a thuilleadh aon cheann de na coinníollacha maidir le coibhéiseacht beart arna mbunú tráth ar glacadh iad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Airteagal 36

Ainmhithe pórúcháin agus a n-óga arna dtáirgeadh ó tháirgí geirmeacha, tar éis dóibh a bheith tugtha isteach san Aontas, a iontráil i bpórleabhair nó a chlárú i rollaí pórúcháín

1.   Ar iarratas ó phóraitheoir, déanfaidh cumann póir nó oibríocht phórúcháin aon ainmhithe pórúcháin a tugadh isteach san Aontas agus na hóga arna dtáirgeadh ó tháirgí geirmeacha a tugadh isteach san Aontas a iontráil sa phríomhchuid dá phórleabhar nó a chlárú ina rolla pórúcháin sa chás:

(a)

go ndéantar na hainmhithe pórúcháin sin nó deontóirí na dtáirgí geirmeacha sin a iontráil i bpórleabhar nó a chlárú i rolla pórúcháin arna chothabháil ag an gcomhlacht pórúcháin sa tríú tír as ar tháinig siad;

(b)

go gcomhlíonann na táirgí geirmeacha sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 21(1) nó (2), i gcás ina n-éilítear é sin leis an gclár póraithe arna chur i gcrích ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin sin;

(c)

go gcomhlíonann an t-ainmhí pórúcháin saintréithe an phóir nó i gcás muc pórúcháin hibrideach, saintréithe an phóir, na líne nó an chrosphóir a leagtar amach sa chlár póraithe arna chur i gcrích ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin;

(d)

go n-áirítear an comhlacht pórúcháin dá dtagraítear i bpointe (a) i liosta na gcomhlachtaí pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 34.

2.   Ní chuirfidh na Ballstáit ná údaráis inniúla toirmeasc, srian nó bac, ar fhorais zóiteicniúla nó gineolaíocha, ar ainmhithe pórúcháin nó táirgí geirmeach díobh a thabhairt isteach sa Aontas, agus úsáid na n-ainmhithe sin nó táirgí geirmeacha díobh, i gcás ina mbeidh na hainmhithe pórúcháin sin nó deontóirí na dtáirgí geirmeacha sin iontráilte i bpórleabhar nó i rolla pórúcháin atá á chothabháil ag comhlacht pórúcháin atá san áireamh i liosta na gcomhlachtaí pórúcháin arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 34.

Airteagal 37

Seiceálacha ar theidlíocht go ndéanfar an gnáthráta dleachtanna d'ainmhithe pórúcháin folaíochta a thugtar isteach san Aontas a chur i bhfeidhm

1.   I gcás ina n-iarrann an t-oibreoir atá freagrach as coinsíneacht ainmhithe pórúcháin folaíochta go gcuirfear i bhfeidhm an gnáthráta dleachtanna d'ainmhithe porúcháin folaíochta dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir le hainmhithe na coinsíneachta sin:

(a)

beidh ag gabháil leis na hainmhithe sin:

(i)

an deimhniú zóiteicniúil amhail dá dtagraítear in Airteagal 30(5) nó Airteagal 32;

(ii)

doiciméad lena léirítear go bhfuil siad le hiontráil i bpórleabhar arna chothabháil ag cumann póir nó arna chlárú i rolla pórúcháin arna chothabháil ag oibríocht phórúcháin;

(b)

déanfar seiceálacha ar an gcoinsíneacht sin ag an bpost cigireachta teorann ina ndéantar na seiceálacha doiciméadacha, céannachta agus fisiceacha dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 91/496/CEE.

2.   Beidh sé mar chuspóir ag na seiceálacha dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1 an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)

go bhfuil ag gabháil leis an gcoinsíneacht na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

(b)

go gcomhfhreagraíonn inneachar agus lipéadú na coinsíneachta leis an bhfaisnéis a sholáthraítear sna doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1.

CAIBIDIL IX

Údaráis inniúla atá i mbun clár póraithe maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta

Airteagal 38

Údaráis inniúla atá i mbun clár póraithe maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta

1.   Más rud é, maidir leis an mBallstát agus leis an gcríoch ina n-oibríonn údarás inniúil, nach bhfuil eagraíocht phórúcháin, cumann póraitheoirí ná comhlacht poiblí i mbun clár póraithe maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta ar cuid de phór den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair nó den speiceas eachaí iad, agus chomh fada agus a bheidh sé sin amhlaidh, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh clár póraithe a chur i gcrích don phór sin ar choinníoll:

(a)

go bhfuil gá an pór sin a chothabháil nó a bhunú sa Bhallstát nó sa chríoch ina n-oibríonn an t-údarás inniúil sin; nó

(b)

gur pór i mbaol é an pór sin.

2.   Glacfaidh údarás inniúil a chuireann clár póraithe i gcrích gcomhréir leis an Airteagal seo na bearta is gá chun a áirithiú nach mbeidh éifeacht dhiúltach aige sin ar an bhféidearthacht:

(a)

go mbeidh eagraíochtaí pórúcháin, comhlachais phóraitheoirí nó comhlachtaí poiblí aitheanta mar chumainn phóir i gcomhréir le hAirteagal 4(3);

(b)

go mbeidh a gcláir phóraithe formheasta ag cumainn phóir i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12.

3.   I gcás ina gcuireann údarás inniúil clár póraithe i gcrích maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a)

foireann leordhóthanach agus cáilithe agus saoráidí agus trealamh leormhaithe a bheith aige chun an clár póraithe sin a chur i gcrích go héifeachtach;

(b)

a bheith in ann na seiceálacha is gá a chur i gcrích chun ginealaigh na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta a chumhdaítear leis an gclár póraithe sin a thaifeadadh;

(c)

pobal mór go leor d'ainmhithe pórúcháin folaíochta a bheith aige agus líon leordhóthanach póraitheoirí laistigh den chríoch gheografach a chumhdaítear leis an gclár póraithe sin;

(d)

a bheith in ann na sonraí a bhailítear maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta is gá chun an clár póraithe sin a chur i gcrích a ghiniúint nó a chur faoi deara iad a ghiniúint, agus bheith in ann iad a úsáid;

(e)

go mbeidh rialacha nós imeachta glactha aige:

(i)

lena rialáiltear réiteach díospóidí le póraitheoirí a bhíonn rannpháirteach sa chlár póraithe sin;

(ii)

lena náirithítear go gcuirfear an chóir chomhionann ar phóraitheoirí a bheidh rannpháirteach sa chlár póraithe sin;

(iii)

cearta agus oibleagáidí na bpóraitheoirí a bheidh rannpháirteach sa chlár póraithe sin a leagan amach;

4.   Beidh an méid seo a leanas sa chlár póraithe dá dtagraítear i mír 1:

(a)

faisnéis faoina aidhm arb é atá le bheith ann caomhnú an phóir, feabhsú an phóir, pór nua a chruthú nó athchruthú póir, nó aon chumasc de na haidhmeanna sin;

(b)

ainm an phóir a chumhdaítear leis an gclár póraithe sin chun iomrall aithne a sheachaint le hainmhithe pórúcháin folaíochta comhchosúla de phóir eile a iontráiltear i bpórleabhair eile a bheidh ann cheana;

(c)

na saintréithe mionsonraithe ar an bpór, lena n-áirítear léiriú ar na tréithe bunriachtanacha, a chumhdaítear leis an gclár póraithe;

(d)

faisnéis maidir leis an gcríoch gheografach ina gcuirtear i gcrích é;

(e)

faisnéis faoin gcóras chun ainmhithe pórúcháin folaíochta a shainaithint atá lena áirithiú nach bhfuil ainmhithe pórúcháin folaíochta á n-iontráil i bpórleabhar ach amháin nuair a bheidh siad sainaitheanta go haonarach agus i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe a bhaineann le sainaithint agus le clárú ainmhithe den speiceas lena mbaineann;

(f)

faisnéis maidir leis an gcóras chun taifeadh a dhéanamh ar ghinealaigh ainmhithe pórúcháin folaíochta atá iontráilte nó cláraithe i bpórleabhair agus incháilithe chun a n-iontrála i bpórleabhair;

(g)

cuspóirí roghnúcháin agus pórúcháin an chláir phóraithe, lena n-áirítear léiriú ar phríomhchuspóirí an chláir phóraithe sin, agus, i gcás inarb infheidhme, na critéir mheastóireachta mhionsonraithe a bhaineann leis na cuspóirí sin i ndáil le hainmhithe pórúcháin folaíochta a roghnú;

(h)

i gcás ina n-éilítear tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach leis an gclár póraithe:

(i)

an fhaisnéis maidir leis na córais a úsáidtear chun torthaí na tástála feidhmíochta a ghiniúint, a thaifeadadh, a chur in iúl agus a úsáid;

(ii)

an fhaisnéis faoi na córais maidir le meastóireacht ghéiniteach agus, i gcás inarb infheidhme, le meastóireacht ghéanómaíoch ar ainmhithe pórúcháin folaíochta;

(i)

i gcás ina bhfuil codanna forlíontacha bunaithe, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 17, nó ina bhforoinnfear an phríomhchuid in aicmí, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 16, na rialacha chun an pórleabhar a roinnt agus na critéir nó na nósanna a chuirtear i bhfeidhm chun ainmhithe a thaifeadadh sna codanna sin nó iad a aicmiú sna haicmí sin;

(j)

más rud é i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí go gcuirfidh an clár póraithe cosc nó teorainn le húsáid ceann amháin nó níos mó de na teicnící atáirgthe nó le húsáid ainmhithe pórúcháin folaíochta le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na teicnící atáirgthe amhail dá dtagraítear in Airteagal 21(2), faisnéis faoi thoirmisc nó teorannú den sórt sin;

(k)

i gcás ina ndéanann an t-údarás inniúil gníomhaíochtaí teicniúla sonracha maidir le bainistiú a chláir phóraithe a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtithe, faisnéis faoi na gníomhaíochtaí sin agus ainm agus sonraí teagmhála na dtríú páirtithe ainmnithe.

5.   I gcás ina gcuirfidh údarás inniúil clár póraithe i gcrích maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 1, 2, 3, 4(a), 4(c) de Chuid 3 d'Iarscríbhinn I agus beidh feidhm acu sa bhreis orthu siúd a leagtar amach i mír 3 agus i mír 4.

6.   I gcás ina gcuirfidh údarás inniúil clár póraithe i gcrích maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta, cuirfidh an t-údarás inniúil aon athruithe ann in iúl ar mhodh trédhearcach agus tráthúil do na póraitheoirí a bheidh rannpháirteach sa chlár póraithe sin.

7.   I gcás ina gcuirfidh údarás inniúil clár póraithe i gcrích maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 3, 13 go 22, 25, 27, Airteagal 28(2), Airteagal 30, 31, 32 agus Airteagal 36(1).

CAIBIDIL X

Rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile, cúnamh riaracháin, comhar agus forfheidhmiú ag Ballstáit

Airteagal 39

Ainmniú údarás inniúil

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla dá dtabharfaidh siad an fhreagracht chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun a fhíorú go gcomhlíonann na hoibreoirí na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na rialacha sin.

2.   Déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé liosta de na húdaráis inniúla a bheidh ainmnithe aige a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear a gcuid sonraí teagmhála;

(b)

sonróidh sé sa liosta dá bhforáiltear i bpointe (a) an seoladh chuig a bhfuil na nithe seo a leanas le seoladh:

(i)

na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 12; nó

(ii)

an fhaisnéis, na hiarrataí nó na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 48 agus in Airteagal 49;

(c)

an liosta dá dtagraítear i bpointe (a) a chur ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin agus fógra a thabhairt don Choimisiún faoin suíomh gréasáin sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún liosta de na suímh ghréasáin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta agus an liosta sin a chur ar fáil don phobal.

Airteagal 40

Comhlíonadh a bheith ar siúl ag na húdaráis a bhfuil cláir phóraithe á gcur i gcrích acu

De mhaolú ar an gCaibidil seo, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a fhíorú go gcomhlíonann na húdaráis inniúla a bhfuil cláir phóraithe i gcomhréir le hAirteagal 38 á gcur i gcrích acu na rialacha a leagtar síos san Airteagal sin.

Airteagal 41

Oibleagáidí ginearálta údarás inniúil

Déanfaidh údaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta nó socruithe, nó an dá rud, a bheith i bhfeidhm acu chun éifeachtacht, oiriúnacht, neamhchlaontacht, cáilíocht agus comhsheasmhacht na rialuithe oifigiúla agus na ngníomhaíochtaí oifigiúla eile a bhíonn ar siúl acu a áirithiú agus a fhíorú;

(b)

nósanna imeachta nó socruithe, nó an dá rud, a bheith i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil an fhoireann atá i mbun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile saor ó aon choinbhleacht leasa maidir leis na hoibreoirí ar a ndéanann siad na rialuithe oifigiúla agus na gníomhaíochtaí eile sin;

(c)

líon leordhóthanach d'fhoireann chuícháilithe, oilte agus ag a bhfuil taithí a bheith acu, nó rochtain a bheith acu orthu, ionas gur féidir rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh go héifeachtúil agus go héifeachtach;

(d)

saoráidí agus trealamh cuí a bheith acu a bhfuil cothabháil cheart déanta orthu chun a áirithiú gur féidir lena bhfoireann na rialuithe oifigiúla agus na gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh go héifeachtúil agus go héifeachtach;

(e)

na cumhachtaí dlíthiúla a bheith acu chun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh agus chun an ghníomhaíocht dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh;

(f)

nósanna imeachta dlíthiúla a bheith i bhfeidhm acu chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an bhfoireann ar áitreabh na n-oibreoirí agus ar na doiciméid agus na córais bhainistithe faisnéise ríomhairithe atá á gcoimeád ag oibreoirí chun bheith in ann a gcúraimí a chur i gcrích go cuí.

Airteagal 42

Oibleagáidí rúndachta na n-údarás inniúil

1.   Gan dochar do staideanna ina n-éilítear a nochtadh le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta, cuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar a mbaill foirne a ghealladh gan faisnéis a nochtadh do thríú páirtithe, ar faisnéis í a fuarthas agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile agus, de thoradh a cineáil, a chumhdaítear le rúndacht ghairmiúil, ach amháin i gcás ina bhfuil leas sáraitheach poiblí ann maidir lena nochtadh.

2.   Maidir le faisnéis a chumhdaítear le rúndacht ghairmiúil, áireofar inti faisnéis a bhainfeadh ón méid seo a leanas dá nochtfaí í:

(a)

cuspóir na rialuithe nó na n-imscrúduithe oifigiúla;

(b)

cosaint leasanna tráchtála oibreora nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile;

(c)

cosaint imeachtaí cúirte agus comhairle dlí.

Airteagal 43

Rialacha maidir le rialuithe oifigiúla

1.   Déanfaidh údaráis inniúla rialuithe oifigiúla ar oibreoirí a mhinice is iomchuí, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

riosca neamhchomhlíonadh na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b)

seantaifid oibreoirí maidir le torthaí na rialuithe oifigiúla a rinneadh orthu agus comhlíonadh na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(c)

iontaofacht agus torthaí féinseiceálacha a rinne na hoibreoirí, nó a rinne tríú páirtithe ar iarraidh uathu, chun críche comhlíonadh na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dheimhniú;

(d)

aon fhaisnéis a d'fhéadfadh neamhchomhlíonadh na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a léiriú;

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil rialuithe oifigiúla i gcomhréir le nósanna imeachta doiciméadaithe, ina mbeidh treoracha don fhoireann a bheidh i mbun rialuithe oifigiúla.

3.   Déanfar rialuithe oifigiúla eile tar éis réamhfhógra a thabhairt don oibreoir ach amháin má tá cúiseanna ann na rialuithe oifigiúla a dhéanamh gan fógra roimh ré.

4.   Déanfar rialuithe oifigiúla, a mhéid agus is féidir, ar shlí a íoslaghdaíonn an t-ualach ar na hoibreoirí agus gan tionchar diúltach a bheith aige sin ar cháilíocht na rialuithe oifigiúla sin.

5.   Déanfaidh na húdaráis inniúla na rialuithe oifigiúla ar an tslí chéanna is cuma an bhfuil nó nach bhfuil na hainmhithe pórúcháin nó a dtáirgí geirmeacha:

(a)

de thionscnamh an Bhallstáit ina ndéantar na rialuithe oifigiúla nó de thionscnamh Ballstáit eile; nó

(b)

á dtabhairt isteach san Aontas.

Airteagal 44

Trédhearcacht na rialuithe oifigiúla

Déanfaidh an t-údarás inniúil rialuithe oifigiúla ar bhealach a léiríonn ardleibhéal trédhearcachta agus a chuireann faisnéis ábhartha a bhaineann le heagrú agus le feidhmiú rialuithe oifigiúla ar fáil don phobal.

Airteagal 45

Taifid i scríbhinn ar na rialuithe oifigiúla

1.   Tarraingeoidh na húdaráis inniúla suas taifid i scríbhinn de gach rialú a dhéanann siad.

Beidh sna taifid i scríbhinn sin:

(a)

tuairisc ar chuspóir an rialaithe oifigiúil;

(b)

na modhanna rialaithe a úsáideadh;

(c)

torthaí an rialaithe oifigiúil;

(d)

i gcás inarb iomchuí, aon ghníomhaíocht a chuireann na húdaráis inniúla de cheangal ar na hoibreoirí a dhéanamh mar thoradh ar an rialú oifigiúil.

2.   Mura n-éilítear a mhalairt, chun críocha imscrúduithe breithiúnacha nó chun imeachtaí cúirte a chosaint, déanfaidh na húdaráis inniúla cóip de na taifid i scríbhinn dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil do na hoibreoirí faoi réir rialú oifigiúil.

Airteagal 46

Oibleagáidí oibreoirí atá faoi réir rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile

1.   A mhéid is gá chun na rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh, tabharfaidh na hoibreoirí, i gcás ina gceanglaíonn na húdaráis inniúla é sin orthu, an rochtain is gá a thabhairt d'fhoireann na n-údarás inniúil sin:

(a)

ar a dtrealamh, áitreabh agus áiteanna eile faoina rialú;

(b)

ar a gcórais bhainistithe faisnéise ríomhairithe;

(c)

ar a n-ainmhithe pórúcháin agus na táirgí geirmeacha díobh atá faoina rialú;

(d)

ar a ndoiciméid agus aon fhaisnéis ábhartha eile.

2.   Le linn rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile, cabhróidh oibreoirí agus comhoibreoidh siad le foireann na n-údarás inniúil lena gcúraimí a chur i gcrích.

Airteagal 47

Gníomhaíochtaí i gcás ina suitear neamhchomhlíonadh

1.   I gcás ina suitear go bhfuil neamhchomhlíonadh ann, déanfaidh na húdaráis inniúla na nithe seo a leanas:

(a)

aon ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun bunús agus méid an neamhchomhlíonta sin a chinneadh agus freagrachtaí na n-oibreoirí lena mbaineann a shuíomh;

(b)

bearta iomchuí a dhéanamh chun a chinntiú go réitíonn na hoibreoirí lena mbaineann an neamhchomhlíonadh agus go gcuireann siad cosc ar an bhféidearthacht go dtarlódh sé arís.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na bearta ba cheart a dhéanamh, tabharfaidh na húdaráis inniúla aird ar chineál an neamhchomhlíonta agus teist na n-oibreoirí lena mbaineann go dtí sin i ndáil le comhlíonadh.

Go háirithe, tabharfaidh údaráis inniúla, de réir mar is iomchuí, faoin méid seo a leanas:

(a)

a ordú go ndéanfaidh an cumann póir iontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta i bpórleabhair a chur ar atráth nó go ndéanfaidh an oibríocht phórúcháin clárú muc pórúcháin hibrideach i rollaí pórúcháin a chur ar atráth;

(b)

a ordú nach ndéanfar na hainmhithe pórúcháin ná na táirgí geirmeacha díobh a úsáid le haghaidh pórúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c)

deimhnithe zóiteicniúla a bheith á n-eisiúint ag an gcumann póir nó ag a oibríocht phórúcháin a fhionraí;

(d)

formheas cláir phóraithe arna chur i gcrích ag cumann póir nó ag oibríocht phórúcháin a fhionraí nó a tharraingt siar, i gcás ina mainníonn gníomhaíochtaí an chumainn póir sin arís agus arís eile, go leanúnach nó tríd is tríd ceanglais an chláir phóraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, a chomhlíonadh;

(e)

aitheantas an chumainn póir nó na hoibríochta pórúcháin arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 4(3) a tharraingt siar i gcás ina mainníonn an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin arís agus arís eile, go leanúnach nó tríd is tríd na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh;

(f)

aon bhearta eile a dhéanamh a mheasann siad a bheith ábhartha chun comhlíonadh na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú.

2.   Soláthróidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas do na hoibreoirí lena mbaineann, nó dá n-ionadaithe:

(a)

fógra i scríbhinn dá gcinneadh maidir leis an ngníomhaíocht nó beart atá le déanamh i gcomhréir le mír 1, i dteannta na gcúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin;

(b)

faisnéis ar chearta achomhairc i gcoinne cinntí den sórt sin agus ar an nós imeachta agus na teorainneacha ama is infheidhme.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán ar an staid agus maidir leis na bearta a ghlac siad i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh siad iad a mhodhnú, a fhionraí nó a tharraingt siar, ag brath ar dhéine an neamhchomhlíonta agus ar fhianaise shoiléir a bheith ann go bhfuil comhlíonadh ar siúl athuair.

4.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gurb iad na hoibreoirí lena mbaineann a atá le cuid den chaiteachais a thabhaigh na húdaráis inniúla lena mbaineann de bhun an Airteagail seo, nó an caiteachas ar fad, a sheasamh.

Airteagal 48

Comhar agus cúnamh riaracháin

1.   Más rud é go bhfuil bunús, leathnú nó éifeachtaí ag cásanna den neamhchomhlíonadh i níos mó ná Ballstát amháin, comhoibreoidh na húdaráis sna Ballstáit sin lena chéile agus soláthróidh siad cúnamh riaracháin dá chéile chun úsáid cheart na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú.

2.   Féadfar a áireamh leis an gcomhar agus leis an gcúnamh riaracháin dá bhforáiltear i mír 2 na nithe seo a leanas:

(a)

an iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil Ballstáit (“an t-údarás inniúil iarrthach”) le haghaidh faisnéise ó údarás inniúil ó Bhallstát eile (“an t-údarás inniúil iarrtha”) atá ag teastáil le haghaidh feidhmíocht rialuithe oifigiúla nó obair leantach orthu;

(b)

i gcás neamhchomhlíonadh a bhféadfadh impleachtaí a bheith aige i mBallstáit eile, fógra a bheith á thabhairt d'údaráis inniúla na mBallstát sin ag an údarás inniúil atá ar an eolas faoin neamhchomhlíonadh sin;

(c)

an fhaisnéis agus na doiciméid is gá a bheith soláthraithe ag an údarás inniúil iarrtha don údarás inniúil iarrthach gan moill mhíchuí nuair a bheidh an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha ar fáil;

(d)

feidhmiú na n-imscrúduithe nó na rialuithe oifigiúla ag an údarás inniúil iarrtha a bhfuil gá leo chun:

(i)

an fhaisnéis agus na doiciméid go léir is gá a sholáthar don údarás inniúil iarrthach, lena n-áirítear faisnéis maidir le torthaí na n-imscrúduithe nó na rialuithe oifigiúla sin agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta a glacadh;

(ii)

comhlíonadh na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fhíorú, “ar an láthair”, más gá, laistigh dá ndlínse;

(e)

trí thoiliú idir na húdaráis inniúla lena mbaineann rannpháirtíocht údaráis inniúil Ballstáit i rialuithe oifigiúla ar an láthair arna ndéanamh ag údaráis inniúla Ballstáit eile.

3.   I gcás ina léiríonn rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh de thionscnamh Ballstáit eile nach bhfuil na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo á gcomhlíonadh arís agus arís eile, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit a mbeidh na rialuithe oifigiúla sin comhlíonta aige é sin in iúl don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát eile gan moill mhíchuí.

4.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do rialacha náisiúnta:

(a)

is infheidhme maidir le scaoileadh doiciméad atá ina ndíol imeachtaí breithiúnacha, nó atá bainteach leo;

(b)

atá dírithe ar leasanna tráchtála daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chosaint.

5.   Is i scríbhinn, ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, a bheidh gach cumarsáid idir na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 49

Fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit ar bhonn na faisnéise a bheidh soláthraithe ag na tríú tíortha

1.   I gcás ina bhfaigheann údaráis inniúla faisnéis ó thríú tír ina léirítear nach bhfuil na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo á gcomhlíonadh, déanfaidh siad, gan moill mhíchuí:

(a)

fógra faoin bhfaisnéis sin a thabhairt d'údaráis inniúla na mBallstát eile a bhfuiltear ar an eolas fúthu go mbaineann an neamhchomhlíonadh sin leo;

(b)

nuair atá faisnéis den sórt sin ábhartha nó nuair a d'fhéadfadh sí bheith ábhartha ar leibhéal an Aontais, an fhaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún.

2.   Féadfar faisnéis arna fáil trí rialuithe oifigiúla nó imscrúduithe arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán sin a chur in iúl don tríú tír dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll:

(a)

go dtoilíonn na húdaráis inniúla a sholáthair an fhaisnéis é sin a dhéanamh;

(b)

go bhfuil rialacha ábhartha Aontais agus náisiúnta infheidhme maidir le scaipeadh sonraí pearsanta chuig tríú tíortha á gcomhlíonadh.

Airteagal 50

Cúnamh agus bearta leantacha comhordaithe ón gCoimisiún

1.   Comhordóidh an Coimisiún, gan mhoill, na bearta agus na gníomhaíochtaí atá geallta ag na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an gCaibidil seo i gcás:

(a)

ina léiríonn an fhaisnéis atá ar fáil don Choimisiún go mbaineann gníomhaíochaí nach gcomhlaíonann na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó go bhfuil an chosúlacht orthu nach gcomhlíonann siad na rialacha, agus a bhaineann le níos mó ná Ballstát amháin;

(b)

nach bhfuil na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann in ann teacht ar chomhaontú faoi ghníomhaíochtaí iomchuí chun dul i ngleic le neamhchomhlíonadh na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún:

(a)

a iarraidh go ndéanfadh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann na gníomhaíochtaí nach gcomhlíonann na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó go bhfuil an chosúlacht orthu nach gcomhlíonann siad na rialacha sin, tuarascáil a sholáthar dó maidir leis na bearta atá déanta acu;

(b)

i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann na gníomhaíochtaí nach gcomhlíonann na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó go bhfuil an chosúlacht orthu nach gcomhlíonann siad na rialacha sin, foireann iniúchta a chur chun rialú ar an láthair de chuid an Choimisiúin a dhéanamh;

(c)

a iarraidh go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis inniúla aon Bhallstáit eile lena mbaineann, a rialuithe oifigiúla a threisiú go hiomchuí agus tuarascáil a sholáthar dó maidir leis na bearta atá déanta acu;

(d)

faisnéis a bhaineann le cásanna den sórt sin a chur faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 62(1), mar aon le togra le haghaidh beart chun na cásanna neamhchomhlíonta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo a réiteach;

(e)

aon bhearta iomchuí eile a dhéanamh.

Airteagal 51

Prionsabal ginearálta do mhaoiniú rialuithe oifigiúla

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní leordhóthanacha airgeadais ar fáil chun go bhfuil an fhoireann agus na hacmhainní eile is gá ag na húdaráis inniúla chun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh.

Airteagal 52

Pionóis

Déanfaidh Ballstáit na pionóis atá infheidhme ar sháruithe maidir leis an Rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad cibé beart is gá lena áirithiú go ndéantar iad a chur i bhfeidhm. Ní mór na pionóis sin bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha don Choimisiún faoin 1 Samhain 2018 agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

CAIBIDIL XI

Rialuithe ag an gCoimisiún

Roinn 1

Rialuithe an Choimisiúin i mBallstáit

Airteagal 53

Rialuithe an Choimisiúin i mBallstáit

1.   Féadfaidh saineolaithe ón gCoimisiún, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, rialuithe a dhéanamh sna Ballstáit chun na nithe seo a leanas a dhéanamh, mar is iomchuí:

(a)

fíorú chur i bhfeidhm na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b)

fíorú na gcleachtas forfheidhmithe agus feidhmiú na gcóras rialaithe oifigiúla agus na n-údarás inniúil a oibríonn iad;

(c)

faisnéis a imscrúdú agus a bhailiú:

(i)

maidir le fadhbanna tábhachtacha nó athfhillteacha a bhaineann le cur i bhfeidhm nó forfheidhmiú na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(ii)

maidir le fadhbanna atá ag teacht chun cinn nó forbairtí nua i ndáil le cleachtais áirithe na n-oibreoirí.

2.   Déanfar na rialuithe dá bhforáiltear i mír 1 a eagrú i gcomhréir le húdaráis inniúla na mBallstát.

3.   Leis na rialuithe dá bhforáiltear i mír 1, d'fhéadfadh sé go mbeadh fíoruithe ar an láthair arna ndéanamh i gcomhar leis na húdaráis inniúla a bhfuil na rialuithe oifigiúla á ndéanamh acu i gceist freisin.

4.   Féadfaidh saineolaithe na mBallstát cúnamh a thabhairt do na saineolaithe ón gCoimisiún. Beidh na cearta céanna rochtana ag saineolaithe na mBallstát atá i dteannta saineolaithe an Choimisiúin agus a bheidh ag saineolaithe sin an Choimisiúin.

Airteagal 54

Tuarascálacha ón gCoimisiún maidir leis na rialuithe arna ndéanamh ag a shaineolaithe sna Ballstáit

1.   Déanfaidh an Coimisiún:

(a)

dréacht-tuarascáil a ullmhú maidir leis na torthaí agus na moltaí lena dtabharfar aghaidh ar na heasnaimh a bheidh sainaitheanta ag a shaineolaithe le linn na rialuithe dá bhforáiltear in Airteagal 53(1);

(b)

cóip den dréacht-tuarascáil a sheoladh chuig an mBallstát ina ndearnadh na rialuithe sin, ar dréacht-tuarascáil í dá dtagraítear i bpointe (a) dá bharúlacha;

(c)

barúlacha an Bhallstáit dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a chur san áireamh agus tuarascáil deiridh maidir le torthaí na rialuithe dá bhforáiltear in Airteagal 53(1) arna ndéanamh ag a saineolaithe sa Bhallstát sin á hullmhú;

(d)

an tuarascáil deiridh dá dtagraítear i bpointe (c) a chur ar fáil don phobal mar aon le barúlacha an Bhallstáit dá dtagraítear i bpointe (b).

2.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún a mholadh ina thuarascáil deiridh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 gníomh ceartaitheach nó coisctheach atá le déanamh ag na Ballstáit chun déileáil leis na heasnaimh shainiúla nó chórasacha arna n-aithint agus rialuithe an Choimisiúin á ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 53(1).

Airteagal 55

Oibleagáidí na mBallstát maidir le rialuithe an Choimisiúin

1.   Déanfaidh na Ballstáit:

(a)

arna iarraidh sin ag saineolaithe an Chomisiúin, an cúnamh teicniúil is gá agus an doiciméadacht agus tacaíocht theicniúil eile atá ar fáil a sholáthar chun cur ar chumas na saineolaithe sin na rialuithe dá bhforáiltear in Airteagal 53(1) a dhéanamh go héifeachtach agus go héifeachtúil;

(b)

an cúnamh is gá a sholáthar chun a áirithiú go bhfuil rochtain ag saineolaithe an Choimisiúin ar gach áitreabh, lena n-áirítear codanna daoibh, agus ar ionaid eile, ar threalamh agus ar fhaisnéis, lena n-áirítear córais bhainistíochta faisnéise ríomhairithe, chomh maith le rochtain, i gcás inarb iomchuí, ar ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh, is gá chun na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 53(1) a dhéanamh.

2.   Déanfaidh Ballstáit bearta leantacha iomchuí i bhfianaise na moltaí a leagtar amach sa tuarascáil deiridh dá dtagraítear in Airteagal 54(1)(c) chun comhlíonadh na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú.

Airteagal 56

Briseadh tromchúiseach i gcóras rialaithe Ballstáit

1.   I gcás ina bhfuil fianaise ag an gCoimisiún ar bhriseadh tromchúiseach i gcóras rialaithe Ballstáit agus ina bhféadfadh leis an mbriseadh sin sárú forleathan ar na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith mar thoradh air sin, déanfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:

(a)

coinníollacha speisialta a fhorchur ar thrádáil ainmhithe pórúcháin nó táirgí geirmeacha díobh a bhfuil tionchar ag an mbriseadh sa chóras rialaithe oifigiúil orthu, nó an trádáil sin a thoirmeasc;

(b)

aon bhearta sealadacha iomchuí eile.

Stopfaidh na bearta cur chun feidhme sin d'fheidhm bheith acu a luaithe agus a ndéantar an briseadh sin a dhíothú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

2.   Ní ghlacfar na bearta dá bhforáiltear i mír 1 ach amháin sa chás inar iarr an Coimisiún ar an mBallstát lena mbaineann an staid a cheartú laistigh de theorainn ama iomchuí agus inar theip ar an mBallstát sin a dhéanamh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an staid dá dtagraítear i mír 1 agus déanfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leasaítear nó lena n-aisghairtear na bearta arna nglacadh, ag brath ar fhorbairt na staide. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Roinn 2

Rialuithe an Choimisiúin i dtríú tíortha

Airteagal 57

Rialuithe an Choimisiúin i dtríú tíortha

1.   Féadfaidh saineolaithe ón gCoimisiúin rialuithe a dhéanamh i dtríú tír chun go ndéanfaí, mar is iomchuí:

(a)

a fhíorú go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag reachtaíocht an tríú tír nó an reachtaíocht sin a bheith coibhéiseach leo;

(b)

a fhíorú gur féidir le cumas an chórais rialaithe i bhfeidhm sa tríú tír a áirithiú go bhfuil ceanglais ábhartha i gCaibidil VIII den Rialachán seo á gcomhlíonadh ag coinsíneachtaí ainmhithe pórúcháin agus na táirgí geirmeacha díobh atá á dtabhairt isteach san Aontas;

(c)

faisnéis agus sonraí a bhailiú chun léiriú a fháil ar chúiseanna fadhbanna aisfhillteacha nó ar fhadhbanna atá ag teacht chun cinn i ndáil leis na hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh atá á dtabhairt isteach san Aontas ón tríú tír.

2.   Leis na rialuithe de chuid an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aird chuí air seo a leanas:

(a)

reachtaíocht zóiteicniúil agus ghineolaíoch an tríú tír maidir le hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha sa tríú tír;

(b)

eagrú údaráis inniúla an tríú tír, a gcumhachtaí agus neamhspleáchas, an mhaoirseacht a bhfuil siad faoina réir agus an t-údarás atá acu an reachtaíocht is infheidhme a fhorfheidhmiú go héifeachtach;

(c)

oiliúint na foirne sa tríú tír atá freagrach as na rialuithe a dhéanamh ar na comhlachtaí pórúcháin nó as maoirseacht a dhéanamh orthu;

(d)

na hacmhainní atá ar fáil d'údaráis inniúla an tríú tír;

(e)

gur ann do nósanna imeachta rialaithe doiciméadaithe agus córais rialaithe bunaithe ar thosaíochtaí agus go bhfuil siad á n-oibriú;

(f)

fairsinge agus oibriú rialuithe arna ndéanamh ag údaráis inniúla tríú tíortha ar ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh atá ag teacht ó thríú tíortha eile;

(g)

na dearbhuithe is féidir leis an tríú tír a thabhairt maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo nó maidir le ceanglais choibhéiseacha a bheith i bhfeidhm aici.

Airteagal 58

Minicíocht agus eagrú rialuithe an Choimisiúin i dtríú tíortha

1.   Déanfar minicíocht na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 57(1) i dtríú tír a chinneadh ar bhonn ar na nithe seo a leanas:

(a)

prionsabail agus cuspóirí na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b)

méid agus cineál na n-ainmhithe pórúcháin agus na táirgí geirmeacha díobh atá á dtabhairt isteach san Aontas ón tríú tír sin;

(c)

torthaí na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 57(1) atá déanta cheana;

(d)

torthaí na rialuithe oifigiúla ar ainmhithe pórúcháin agus na táirgí geirmeacha díobh atá ag teacht isteach san Aontas ón tríú tír agus aon rialuithe oifigiúla eile arna ndéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát;

(e)

aon fhaisnéis eile a mheasann an Coimisiún a bheith iomchuí.

2.   Chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht na rialuithe dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) a éascú, féadfaidh an Coimisiún, sula ndéanann sé na rialuithe sin, a iarraidh go soláthraíonn an tríú tír lena mbaineann:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 34(2) nó in Airteagal 35(2)(a);

(b)

i gcás inarb iomchuí agus inar gá, taifid i scríbhinn maidir leis na rialuithe arna ndéanamh ag údaráis inniúla an tríú tír sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún saineolaithe ó na Ballstáit a cheapadh chun cabhrú lena shaineolaithe féin i rith na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 57(1).

Airteagal 59

Tuarascálacha ón gCoimisiún maidir leis na rialuithe arna ndéanamh ag a shaineolaithe i dtríú tíortha

Déanfaidh an Coimisiún gach rialú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 57 agus le hAirteagal 58 a thuairisciú.

Beidh moltaí sna tuarascálacha sin i gcás inarb iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 60

Bearta speisialta a bhunú maidir le tabhairt isteach ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas

1.   I gcás ina bhfuil fianaise ann ar neamhchomhlíonadh forleathan tromchúiseach na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith ar siúl i dtríú tír, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

tabhairt isteach san Aontas ainmhithe, nó a seamhan, a n-úicítí nó a suthanna, mar ainmhithe pórúcháin nó táirgí geirmeacha díobh, de thionscnamh an tríú tír sin, a thoirmeasc;

(b)

iontráil ainmhithe pórúcháin, agus na hóga a tháirgtear ó tháirgí geirmeacha díobh, de thionscnamh an tríú tír sin, i bpórleabhair arna gcothabháil ag cumainn phóir nó a gclárú i rollaí pórúcháin arna gcothabháil ag oibríochtaí pórúcháin ainmhithe pórúchán a thoirmeasc;

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

De bhreis air, nó in ionad na ngníomhartha cur chun feidhme sin, féadfaidh an Coimisiún ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an tríú tír nó comhlachtaí pórúcháin an tríú tír sin a scriosadh ón liosta dá bhforáiltear in Airteagal 34(1);

(b)

aon bearta iomchuí eile a dhéanamh.

2.   Déanfar leis na gníomhartha cur chun feidhme agus bearta eile dá dtagraítear i mír 1 ainmhithe pórúcháin agus a gcuid táirgí geirmeacha a shainaithint trí thagairt dá gcóid ón Ainmníocht Chomhcheangailte.

3.   Agus na gníomhartha cur chun feidhme agus bearta eie dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagal 58(2);

(b)

aon fhaisnéis eile arna soláthar ag an tríú tír i gceist a bhfuil tionchar ag an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 orthu;

(c)

i gcás inarb iomchuí, torthaí na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 57(1).

4.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 agus déanfaidh sé, i gcomhréir leis an nós imeachta céanna lenar glacadh iad na bearta a leasú nó a aisghairm, ag brath ar fhorbairt na staide.

CAIBIDIL XII

Tarmligean agus forfheidhmiú

Airteagal 61

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 26(1), 29(5), 30(9) agus 32(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 19 Iúil 2016. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 26(1), 29(5), 30(9) agus 32(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirindtitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 26(1), 29(5), 30(9) agus 32(1), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 62

Nós Imeachta Coiste

1.   Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um an Zóiteicnic arna bhunú le Cinneadh 77/505/CEE. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i dteannta Airteagal 5 de.

Airteagal 63

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann leis an dáta a nglacfar gníomhartha cur chun feidhme áirithe

Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7(5) agus in Airteagal 30(10) faoin 1 Bealtaine 2017. I gcomhréir le hAirteagal 69, beidh feidhm ag na gníomhartha cur chun feidhme sin ón 1 Samhain 2018.

CAIBIDIL XIII

Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 64

Aisghairmeacha agus bearta idirthréimhseacha

1.   Aisghairtear Treoracha 87/328/CEE, 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/118/CEE, 90/119/CEE, 90/427/CEE, 91/174/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE agus Cinneadh 96/463/CE.

2.   Déanfar tagairtí do na Treoracha airghairthe agus don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VII den Rialachán seo.

3.   Leanfaidh Airteagal 8(1) de Threoir 90/427/CEE d'fheidhm a bheith aige go dtí an 21 Aibreán 2021.

4.   Maidir le heagraíochtaí póraitheoirí, eagraíochtaí pórúcháin, comhlachais póraitheoirí, gnóthais phríobháideacha, nó eagraíochtaí nó comhlachais eile a bheidh formheasta nó aitheanta i gcomhréir leis na gníomhartha aisghairthe dá dtagraítear i mír 1, measfar iad a bheith aitheanta i gcomhréir leis an Rialachán seo; i ngach gné eile, beidh siad faoi réir na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

5.   Maidir leis na cláir phóraithe a bheidh á gcur i gcrích ag na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 4, measfar iad a bheith formheasta i gcomhréir leis an Rialachán; i ngach gné eile, beidh sé ar shlí eile faoi réir na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

6.   I gcás ina bhfuil na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 4 ag gabháil cheana féin do chláir phóraithe i mBallstát eile seachas an Ballstát inar deonaíodh a bhformheas nó a n-aitheantas faoi na gníomhartha aisghairthe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na hoibreoirí sin an t-údarás inniúil a dheonaigh an formheas nó an t-aitheantas a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin.

Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír údarás inniúil ábhartha an Bhallstáit eile sin a chur ar an eolas faoi chur i gcrích na ngníomhaíochtaí sin.

7.   Más rud é, roimh an 19 Iúil 2016, go mbíonn oibreoir dá dtagraítear i mír 4 ag cothabháil, i gcomhréir leis na gníomhartha aisghairthe dá dtagraítear i mír 1, leabhar pórúchán ina bhfuil cuid ar leith ina n-iontráiltear ainmhithe pórúcháin folaíochta de phór den speiceas mucúil ó Bhallstát eile nó ó thríú tír ag a bhfuil saintréithe sonracha a dhéanann idirdhealú idir na hainmhithe sin agus pobal an phóir sin a chumhdaítear leis an gclár póraithe atá á chur i gcrích ag an oibreoir sin, féadfaidh an t-oibreoir sin leanúint de chothabháil na coda ar leith sin.

Airteagal 65

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 652/2014

Leasaítear Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh 652/2014 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“Saotharlanna agus ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Féadfar deontais a dhámhadh ar shaotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus ar ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) le haghaidh na gcostas a thabhaíonn siad i gcur i gcrích na gclár oibre arna bhformheas ag an gCoimisiún.

(*)  Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle agus Treoir 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (‘An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe’) (IO L 171, 29.6.2016, lch. 66).”;"

(3)

I mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

costais an phearsanra, beag beann ar a stádas, ar costais iad a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí na saotharlann nó na n-ionad agus a dhéantar ina gcáil mar shaotharlanna nó ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh;”.

Airteagal 66

Leasuithe ar Threoir (AE) 89/608/CEE

Leasaítear Treoir 89/608/AE mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Treoir 89/608/CEE ón gComhairle an 21 Samhain 1989 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun cur i bhfeidhm ceart na reachtaíochta a bhaineann le hábhair thréidliachta agus le hábhair zóiteicniúla a áirithiú”;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Leagtar síos leis an Treoir seo na bealaí a gcomhoibreoidh na húdaráis inniúla atá freagrach sna Ballstáit as faireachán a dhéanamh ar reachtaíocht maidir le hábhair tréidliachta leo siúd i mBallstáit eile agus le ranna ábhartha an Choimisiúin d'fhonn comhlíonadh reachtaíocht den sórt sin a áirthiú”;

(3)

In Airteagal 2(1), scriostar an dara fleasc;

(4)

In Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fleisce:

“—

an fhaisnéis, na fianuithe agus na doiciméid uile nó cóipeanna deimhnithe díobh atá ina sheilbh nó is féidir leis a fháil mar a fhorordaítear i mír 2 agus ar de chineál iad a chumasóidh dó a sheiceáil gur comhlíonadh na forálacha a leagtar síos i reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta, a chur in iúl don údarás is iarratasóir”;

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1):

“1.   Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, déanfaidh an t-údarás iarrtha, agus na rialacha atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina bhfuil sé lonnaithe á n-urramú aige, fógra a thabhairt don údarás is iarratasóir nó cuirfidh sé faoi deara go dtabharfar fógra dó, i dtaca leis na hionstraimí nó na cinntí uile a thagann ó na húdaráis inniúla agus a bhaineann le cur i bhfeidhm na reachtaíochta ar ábhair tréidliachta”;

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, déanfaidh an t-údarás iarrtha, aon fhaisnéis ábhartha atá ina sheilbh aige nó a fhaigheann sé i gcomhréir le hAirteagal 4(2), go háirithe i bhfoirm tuarascálacha agus doiciméid eile nó cóipeanna deimhnithe de thuarascálacha nó doiciméid den sórt sin, a bhaineann le hoibríochta a braitheadh iarbhír agus a ndealraíonn sé don údarás is iarratasóir go bhfuil siad contrártha don reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta.”;

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2):

“2.   I gcás ina measann siad go bhfuil sé úsáideach i ndáil leis an reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta a chomhlíonadh, déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit na nithe seo a leanas:

(a)

a mhéid agus is féidir an faireachas dá dtagraítear in Airteagal 6 a dhéanamh nó socrú a dhéanamh le faireachas den sórt sin a dhéanamh;

(b)

an fhaisnéis uile atá ar fáil, go háirithe i bhfoirm tuarascálacha agus doiciméid eile nó cóipeanna de thuarascálacha nó de dhoiciméid den sórt sin nó sleachta astu, maidir le hoibríochtaí atá contrártha leis an reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidlíochta, nó a ndealraíonn sé go bhfuil siad contrártha leis an reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidlíochta, agus go háirithe na bealaí nó na modhanna le hoibríochtaí den sórt sin a chur i gcríoch, a chur in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát eile i dtrácht a luaithe agus is féidir.”;

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

1.   Cuirfidh údarás inniúil gach Ballstáit na nithe seo a leanas in iúl don Choimisiún a luaithe agus atá siad ar fáil dóibh:

(a)

aon fhaisnéis a mheasann siad atá úsáideach maidir leis na nithe seo a leanas:

earraí a bhí nó a bhfuil amhras fúthu go raibh siad ina n-ábhair d'idirbhearta contrártha do reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta,

na modhanna nó na próisis a úsáideadh nó a bhfuil amhras fúthu gur úsáideadh iad le reachtaíocht den sórt sin a shárú;

(b)

aon fhaisnéis maidir le heasnaimh nó bearnaí sa reachtaíocht sin a nochtadh nó a tugadh le fios le cur i bhfeidhm na reachtaíochta sin.

2.   Cuirfidh an Coimisiún in iúl d'údarás inniúil gach Ballstáit, a luaithe is atá sí ar fáil dó, aon fhaisnéis den chineál a chumasóidh gur féidir cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le cúrsaí tréidliachta a fhorghníomhú.”;

(9)

Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása thosaigh:

“1.   I gcás go dtagann údaráis inniúla Ballstáit ar an eolas faoi oibríochtaí atá contrártha leis na rialacha maidir le cúrsaí tréidliachta, nó a ndealraíonn sé go bhfuil siad contrártha leis na rialacha maidir le cúrsaí tréidliachta, agus a bhfuil spéis faoi leith ag baint leo ar leibhéal Aontais, agus go háirithe:”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Cuirfear faisnéis maidir le daoine nádúrtha nó dlisteanacha in iúl mar a fhoráiltear dó i mír 1 sa mhéid is fíorghá sin le hoibríochtaí atá contrártha do reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta a nótáil agus sa mhéid sin amháin.”;

(10)

In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása thosaigh:

“Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a thiocfaidh le chéile laistigh den Bhuanchoiste Tréidliachta:”;

(11)

In Airteagal 15(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre:

“2.   Ní chuirfear bac le mír 1 ar úsáid faisnéise arna fáil de bhun na Treorach seo in aon chaingne nó aon imeachtaí dlí a tionscnaíodh ina dhiaidh sin maidir le mainneachtain reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta a chomhlíonadh nó maidir le neamhrialtachtaí a dhéanann dochar do chistí Aontais a chosc agus a fhionnadh.”.

Airteagal 67

Leasuithe ar Threoir 90/425/CEE

Leasaítear Treoir 90/425/AE mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Treoir 90/425/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir le seiceálacha tréidliachta agus zóiteicniúla atá infheidhme maidir le roinnt ainmhithe beo agus táirgí a thrádáil laistigh den Chomhphobal d'fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú”;

(2)

In Airteagal 1, scriostar an dara fomhír;

(3)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

scriostar pointe 2;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

“6.

ciallóidh „údarás inniúil“ údarás lárnach Ballstáit is inniúil le seiceálacha tréidliachta a chur i gcríoch nó aon údarás ar tharmlig sé an inniúlacht sin dó;”;

(4)

In Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír phointe (d):

“Maidir leis na deimhnithe nó na doiciméid, arna n-eisiúint ag an tréidlia oifigiúil atá freagrach as an ngabháltas, as an ionad nó as an eagraíocht tionscnaimh, ní mór dóibh a bheith ag gabháil leis na hainmhithe agus leis na táirgí chuig a gceann scríbe.”;

(5)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

comhlíonann sealbhóirí beostoic agus táirgí dá dtagraítear in Airteagal 1 na ceanglais sláinte náisiúnta nó Aontais dá dtagraítear sa Treoir seo ag gach céim de tháirgeadh agus de mhargaíocht;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Glacfaidh Ballstáit tionscnaimh na bearta iomchuí le haon sárú reachtaíochta tréidliachta ag daoine nádúrtha nó dlisteanacha a phionósú i gcás ina bhfionntar nach ionann teastais, doiciméid nó marcanna aitheantais agus stádas na n-ainmhithe nó a ngabháltais nó tréithe iarbhír na dtáirgí.”;

(6)

Scriostar Airteagal 19;

(7)

In Iarscríbhinn A, scriostar Caibidil II.

Airteagal 68

Trasuí

Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 66 agus Airteagal 67 a chomhlíonadh faoin 1 Samhain 2018. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Rialachán seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a fhoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu ráiteas go ndéanfar tagairtí do Threoracha a aisghairtear leis an Rialachán seo i ndlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí leis an tagairt sin a dhéanamh agus an tslí a ndéanfar an ráiteas sin a fhoirmliú.

Airteagal 69

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2018.

Beidh feidhm ag Airteagal 65 ón 19 Iúil 2016.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Meitheamh 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.G. KOENDERS


(1)  IO C 226, 16.7.2014, lch. 70.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Aibreán 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Bealtaine 2016.

(3)  Treoir 88/661/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1988 maidir leis na caighdeáin zóiteicniúla is infheidhme maidir le hainmhithe pórúcháin den speiceas mucúil (IO L 382, 31.12.1988, lch. 36).

(4)  Treoir 89/361/CEE ón gComhairle an 30 Bealtaine 1989 maidir le caoirigh agus gabhair phórúcháin folaíochta (IO L 153, 6.6.1989, lch. 30).

(5)  Treoir 90/427/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir leis na coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha lena rialaítear trádáil equidae laistigh den Aontas (IO L 224, 18.8.1990, lch. 55).

(6)  Treoir 91/174/CEE ón gComhairle an 25 Márta 1991 lena leagtar síos ceanglais zóiteicniúla agus ghinealaigh i ndáil le hainmhithe folaíochta a chur ar an margadh agus lena leasaítear Treoir 77/504/CEE agus Treoir 90/425/CEE (IO L 85, 5.4.1991, lch. 37).

(7)  Treoir 94/28/CE ón gComhairle an 23 Meitheamh 1994 lena leagtar síos na prionsabail a bhaineann leis na coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha is infheidhme maidir le hallmhairí ainmhithe, a gcuid seamhain, ubhán agus suthanna ó thríú tíortha agus lena leasaítear Treoir 77/504/CEE maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach (IO L 178, 12.7.1994, lch. 66).

(8)  Treoir 2009/157/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach (IO L 323, 10.12.2009, lch. 1).

(9)  Treoir 87/328/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1987 maidir le glacadh le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach chun críocha pórúcháin (IO L 167, 26.6.1987, lch. 54).

(10)  Treoir 90/118/CEE ón gComhairle an 5 Márta 1990 maidir le glacadh le muca pórúcháin folaíochta chun críocha pórúcháin (IO L 71, 17.3.1990, lch. 34).

(11)  Treoir 90/119/CEE ón gComhairle an 5 Márta 1990 maidir le muca pórúcháin hibrideacha chun críocha pórúcháin (IO L 71, 17.3.1990, lch. 36).

(12)  Cinneadh 77/505/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1977 lena gcuirtear Buanchoiste um Zóiteicnic ar bun (IO L 206, 12.8.1977, lch. 11).

(13)  Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 309, 13.12.1993, lch. 1).

(14)  Cinneadh 2014/293/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid san Aontas a ghabhann leis an gCoinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 150, 20.5.2014, lch. 231).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 i ndáil le bearta comhlíonta d'úsáideoirí ó Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid san Aontas (IO L 150, 20.5.2014, lch. 59).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005. (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(17)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle (IO L 189, 27.6.2014, lch. 1).

(19)  Cinneadh 96/463/CE ón gComhairle an 23 Iúil 1996 lena n-ainmnítear an comhlacht tagartha freagrach as comhoibriú le cumainn phóir lena áirithiú go bhfuil na modhanna tástála feidhmíochta agus an measúnú ar na torthaí d'ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach aonfhoirmeach (IO L 192, 2.8.1996, lch. 19).

(20)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(21)  Treoir 91/496/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 lena leagtar síos na prionsabail lena n-eagraítear seiceálacha tréidliachta ar ainmhithe atá ag teacht isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha agus lena leasaítear Treoracha 89/662/CEE, 90/425/CEE agus 90/675/CEE (IO L 268, 24.9.1991, lch. 56).

(22)  Treoir 97/78/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 1997 lena leagtar síos na prionsabail lena rialaítear eagrú seiceálacha tréidliachta ar tháirgí a thagann isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha (IO L 24, 30.1.1998, lch. 9).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).

(24)  IO L 123. 12.5.2016, lch. 1.

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(26)  Cinneadh 84/247/CEE ón gCoimisiún an 27 Aibreán 1984 lena leagtar síos na critéir d'aithint eagraíochtaí agus comhlachas póraitheoirí a choinníonn nó a bhunaíonn tréadleabhair d'ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach (IO L 125, 12.5.1984, lch. 58).

(27)  Cinneadh 84/419/CEE ón gCoimisiún an 19 Iúil 1984 lena leagtar síos na critéir d'iontráil eallaigh i dtréadleabhair (IO L 237, 5.9.1984, lch. 11).

(28)  Cinneadh 89/501/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos na critéir d'fhormheas agus do mhaoirseacht comhlachas póraitheoirí a bhunaíonn nó a choinníonn tréadleabhair do mhuca pórúcháin folaíochta (IO L 247, 23.8.1989, lch. 19).

(29)  Cinneadh 89/502/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos na critéir a rialaíonn iontráil muc pórúcháin folaíochta i dtréadleabhair (IO L 247, 23.8.1989, lch. 21).

(30)  Cinneadh 89/504/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos na critéir d'fhormheas agus maoirseacht comhlachas póraitheoirí, eagraíochtaí pórúcháin agus gnóthas príobháideach a bhunaíonn nó a choinníonn rollaí do mhuca pórúcháin hibrideacha (IO L 247, 23.8.1989, lch. 31).

(31)  Cinneadh 89/505/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos na critéir a rialaíonn iontráil i rolla do mhuca pórúcháin hibrideacha (IO L 247, 23.8.1989, lch. 33).

(32)  Cinneadh 89/507/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos modhanna do mhonatóireacht feidhmíochta agus measúnú luach géiniteach na muc pórúcháin folaíochta agus hibrideach (IO L 247, 23.8.1989, lch. 43).

(33)  Cinneadh 90/254/CEE ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 1990 lena leagtar síos na critéir d'fhormheas eagraíochtaí agus comhlachas póraitheoirí a bhunaíonn nó a choinníonn tréadleabhair do chaoirigh agus gabhair phórúcháin folaíochta (IO L 145, 8.6.1990, lch. 30).

(34)  Cinneadh 90/255/CEE ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 1990 lena leagtar síos na critéir a rialaíonn iontráil i dtréadleabhair do chaoirigh agus gabhair phórúcháin folaíochta (IO L 145, 8.6.1990, lch. 32).

(35)  Cinneadh 90/256/CEE ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 1990 lena leagtar síos modhanna chun monatóireacht feidhmíochta a dhéanamh agus luach géiniteach caorach agus gabhair pórúcháin folaíochta a mheasúnú (IO L 145, 8.6.1990, lch. 35).

(36)  Cinneadh 90/257/CEE ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 1990 lena leagtar síos na critéir i ndáil le glacadh chun críocha pórúcháin le caoraigh agus gabhair phórúcháin folaíochta agus úsáid a gcuid seamhain, ubhán nó suthanna (IO L 145, 8.6.1990, lch. 38).

(37)  Cinneadh 92/353/CEE ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 1992 lena leagtar síos na critéir i ndáil le formheas nó aithint eagraíochtaí agus comhlachas a choinníonn nó a bhunaíonn tréadleabhair d'equidae cláraithe (IO L 192, 11.7.1992, lch. 63).

(38)  Cinneadh 96/78/CE ón gCoimisiún an 10 Eanáir 1996 lena leagtar síos na critéir maidir le hiontráil agus clárú equidae i dtréadleabhair chun críocha pórúcháin (IO L 19, 25.1.1996, lch. 39).

(39)  Cinneadh 2006/427/CE ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2006 lena leagtar síos modhanna monatóireachta agus modhanna chun luach géiniteach eallaí a mheas d'ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach (IO L 169, 22.6.2006, lch. 56).

(40)  Cinneadh 92/354/CEE ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 1992 lena leagtar síos rialacha áirithe chun comhordú idir eagraíochtaí agus comhlachas a choinníonn nó a bhunaíonn tréadleabhair d'equidae cláraithe (IO L 192, 11.7.1992, lch. 66).

(41)  Cinneadh 89/503/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos an deimhniú do mhuca pórúcháin folaíochta, a gcuid seamhain, ubhán agus suthanna (IO L 247, 23.8.1989, lch. 22).

(42)  Cinneadh 89/506/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos an deimhniú do mhuca pórúcháin hibrideacha, a gcuid seamhain, ubhán agus suthanna (IO L 247, 23.8.1989, lch. 34).

(43)  Cinneadh 90/258/CEE ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 1990 lena leagtar síos na deimhnithe zóiteicniúla do chaoirigh agus gabhair phórúcháin folaíochta, a gcuid seamhain, ubhán agus suthanna (IO L 145, 8.6.1990, lch. 39).

(44)  Cinneadh 96/79/CE ón gCoimisiún an 12 Eanáir 1996 lena leagtar síos na deimhnithe zóiteicniúla do sheamhan, ubháin agus suthanna ó equidae cláraithe (IO L 19, 25.1.1996, lch. 41).

(45)  Cinneadh 96/509/CE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1996 lena leagtar síos ceanglais ghinealaigh agus zóiteicniúla d'allmhairiú seamhain ainmhithe áirithe (IO L 210, 20.8.1996, lch. 47).

(46)  Cinneadh 96/510/CE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1996 lena leagtar síos na deimhnithe ginealaigh agus zóiteicniúla le haghaidh onmhairiú ainmhithe pórúcháin, a seamhan, úbháin agus suthanna (IO L 210, 20.8.1996, lch. 53).

(47)  Cinneadh 2005/379/CE ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2005 maidir le deimhnithe agus sonraí ginealaigh d'ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, agus dá gcuid seamhain, ubhán agus suthanna (IO L 125, 18.5.2005, lch. 15).

(48)  Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/262 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2015 lena leagtar síos na rialacha de bhun na Treorach 90/427/CEE agus na Treorach 2009/156/CE i dtaca leis na modhanna chun eachainmhithe a aithint (Rialachán Pas Eachaithe) (IO L 59, 3.3.2015, lch. 1).

(49)  Treoir 89/608/CEE ón gComhairle an 21 Samhain 1989 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun cur i bhfeidhm ceart na reachtaíochta a bhaineann le hábhair thréidliachta agus le hábhair zóiteicniúla a áirithiú (IO L 351, 2.12.1989, lch. 34).

(50)  Treoir 90/425/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir le seiceálacha tréidliachta agus zóiteicniúla atá infheidhme maidir le roinnt ainmhithe beo agus táirgí a thrádáil laistigh den Chomhphobal d'fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú (IO L 224, 18.8.1990, lch. 29).


IARSCRÍBHINN I

AITHEANTAS NA gCUMANN PÓIR AGUS NA nOIBRÍOCHTAÍ PÓRÚCHÁIN AGUS FORMHEAS NA gCLÁR PÓRAITHE AMHAIL DÁ DTAGRAÍTEAR I gCAIBIDIL II

CUID 1

Ceanglais maidir le haitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(3)(b)

A.

Déanfaidh comhlachais póraitheoirí, eagraíochtaí pórúcháin, gnóthais phríobháideacha a oibríonn i gcórais táirgeachta iata agus comhlachtaí poiblí an méid seo a leanas:

1.

pearsantacht dhlítheanach a bheith acu i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina ndéantar an t-iarratas ar aitheantas;

2.

foireann leordhóthanach agus cháilithe agus saoráidí agus trealamh leormhaithe a bheith acu chun na cláir phóraithe, a bhfuil sé beartaithe acu iarratas a chur isteach ina leith lena bhformheas, a chur chun feidhme go héifeachtach i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12;

3.

a bheith in ann na seiceálacha is gá a chur i gcrích chun ginealaigh na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta atá le cumhdach leis na cláir phóraithe sin a thaifeadadh;

4.

do gach clár póraithe, pobal mór go leor d'ainmhithe pórúcháin a bheith acu laistigh de na críocha geografacha atá le cumhdach ag na cláir phóraithe sin;

5.

a bheith in ann na sonraí a bhailítear maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta is gá chun na cláir phóraithe sin a chur i gcrích a ghiniúint, nó a chur faoi deara iad a ghiniúint, agus a úsáid.

B.

Sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear i bpointe A,

1.

déanfaidh na comhlachais póraitheoirí, na heagraíochtaí pórúcháin agus na comhlachtaí poiblí na nithe seo a leanas

(a)

líon leordhóthanach póraitheoirí a bheidh rannpháirteach i ngach ceann dá gcláir phóraithe a bheith acu;

(b)

beidh rialacha nós imeachta glactha acu:

(i)

lena rialaítear réiteach díospóidí le póraitheoirí atá rannpháirteach ina gcláir phóraithe;

(ii)

lena ndéantar cóir chomhionann a áirithiú maidir le póraitheoirí atá rannpháirteach ina gcláir phóraithe;

(iii)

lena leagtar amach cearta agus oibleagáidí na bpóraitheoirí a bheidh rannpháirteach ina gcláir phóraithe agus i gcláir phóraithe an chumainn póir nó na hoibríochta pórúcháin;

(iv)

lena leagtar amach cearta agus oibleagáidí ball-phóraitheoirí i gcás ina bhforáiltear do bhallraíocht póraitheoirí;

2.

ní chuirfidh aon ní sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear i bpointe 1(b) cosc ar phóraitheoirí atá rannpháirteach sna cláir phóraithe na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

saor-rogha a fheidhmiú maidir le roghnú agus pórú a gcuid ainmhithe pórúcháin;

(b)

an ceart a bheith acu na hóga a thagann ó na hainmhithe pórúcháin sin a iontráil sa phórleabhair nó a chlárú sna rollaí pórúcháin i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear i gCaibidil IV den Rialachán seo;

(c)

úinéireacht a n-ainmhithe pórúcháin a bheith acu.

CUID 2

Ceanglais maidir le formheas clár póraithe arna gcur i gcrích ag cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 12;

1.

Beidh an méid seo a leanas sa chlár póraithe dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 12:

(a)

faisnéis faoina aidhm, arb é a bheidh ann caomhnú an phóir, feabhsú an phóir, na pórlíne nó an chrosphóir, pór, pórlíne nó crosphór nua a chruthú, athchruthú póir, nó cumasc díobh;

(b)

ainm an phóir i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta nó an phóir, na líne nó an chrosphóir i gcás muca pórúcháin hibrideacha a chumhdaítear leis an gclár póraithe chun iomrall aithne le hainmhithe pórúcháin comhchosúla de phórtha, de línte nó de chrosphóir eile atá iontráilte i bpórleabhair nó i rollaí pórúcháin eile atá ann cheana, nó cláraithe iontu, a chosc;

(c)

i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta, saintréithe mionsonraithe an phóir arna chumhdach leis an gclár póraithe, lena n-áirítear léiriú ar a thréithe bunriachtanacha;

(d)

i gcás muca pórúcháin hibrideacha, saintréithe an phóir, na pórlíne nó an chrosphóir atá cuimsithe leis an gclár póraithe;

(e)

faisnéis maidir leis an gcríoch gheografach ina gcuirtear i gcrích é nó ina mbeartaítear é a chur i gcrích;

(f)

an fhaisnéis faoin gcóras chun ainmhithe pórúcháin a shainaithint lena bhfuiltear le háirithiú nach bhfuil na hainmhithe sin á n-iontráil i bpórleabhar nó á gclárú i rollaí pórúcháin ach amháin nuair a bheidh siad sainaitheanta go haonarach agus i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe a bhaineann le sainaithint agus le clárú ainmhithe den speiceas lena mbaineann;

(g)

an fhaisnéis maidir leis an gcóras chun ginealaigh ainmhithe pórúcháin folaíochta atá iontráilte nó cláraithe agus incháilithe chun a n-iontrála i bpórleabhair nó i gcás muc pórúcháin hibrideach atá cláraithe i rollaí pórúcháin, a thaifeadadh;

(h)

cuspóirí roghnúcháin agus pórúcháin an chláir phóraithe, lena n-áirítear léiriú ar phríomhchuspóirí an chláir phóraithe sin, agus i gcás inarb infheidhme, na critéir mheastóireachta mhionsonraithe i ndáil leis na cuspóirí sin a mhéid a bhaineann le hainmhithe pórúcháin a roghnú;

(i)

i gcás pór nua a bhunú nó i gcás athchruthú póir, amhail dá dtagraítear in Airteagal 19, an fhaisnéis maidir leis na himthosca mionsonraithe a thugann údar maith le bunú an phóir nua nó le hathchruthú an phóir sin;

(j)

i gcás ina n-éilítear tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach leis an gclár póraithe:

(i)

an fhaisnéis maidir leis an gcóras a úsáidtear chun torthaí na tástála feidhmíochta a ghiniúint, a thaifeadadh, a chur in iúl agus a úsáid;

(ii)

an fhaisnéis faoi na córais do mheastóireacht ghéiniteach agus, i gcás inarb infheidhme, do mheastóireacht ghéanómaíoch ar ainmhithe pórúcháin folaíochta;

(k)

i gcás ina mbunófar codanna forlíontacha nó ina ndéanfar an phríomhchuid a fhoroinnt ina haicmí, na rialacha chun an pórleabhar a roinnt agus na critéir nó na nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm chun ainmhithe a thaifeadadh sna codanna sin nó iad a aicmiú sna haicmí sin;

(l)

i gcás ina ndéanann an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin gníomhaíochtaí teicniúla sonracha maidir le bainistiú a chláir nó a cláir phóraithe a sheachfoinsiú chuig tríú páirtithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(4), faisnéis faoi na gníomhaíochtaí sin agus ainm agus sonraí teagmhála na dtríú páirtithe ainmnithe;

(m)

i gcás ina mbeartaíonn an cumann póir nó oibríocht phórúcháin leas a bhaint as an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 31(1), faisnéis faoin ionad bailithe nó stórála seamhain, nó faoin bhfoireann bailithe nó táirgthe suthanna a eisíonn na deimhnithe zóiteicniúla agus faisnéis faoi na rialacha mionsonraithe maidir le heisiúint na ndeimhnithe zóiteicniúla sin;

(n)

i gcás ina gcinnfidh an oibríocht phórúcháin faisnéis a thabhairt faoi thorthaí na tástála feidhmíochta nó na meastóireachta géinití nó faoi mháchailí géiniteacha agus sainchomharthaí géiniteacha ar na deimhnithe zóiteicniúla arna n-eisiúint dá muca pórúcháin hibrideacha agus táirgí geirmeacha díobh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 30(8), faisnéis faoin gcinneadh sin.

2.

Cumhdófar sa chlár póraithe pobal mór go leor d'ainmhithe pórúcháin agus líon leordhóthanach póraitheoirí laistigh den chríoch gheografach ina bhfuil sé á chur i gcrích nó ina mbeartaítear é a chur i gcrích.

CUID 3

Ceanglais bhreise maidir le cumainn phóir a bhunaíonn nó a chothabhálann pórleabhair d'ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí

1.

De bhreis ar na ceanglais sainaitheantais a leagtar amach i bpointe (1)(e) de Chuid 2, ní dhéanfar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí a iontráil i bpórleabhar ach amháin nuair a nuair a dhéantar iad a shainaithint le deimhniú cumhdaigh agus, nuair a cheanglaíonn an clár póraithe amhlaidh, mar “shearrach diúil”.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh Ballstát nó, má chinneann sé amhlaidh, a údarás inniúil a údarú do chumann póir ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí a iontráil sa phórleabhar a dhéanann an cumann póir sin a chothabháil i gcás ina sainaithnítear na hainmhithe sin ar aon bhealach iomchuí eile lena soláthraítear ar a laghad an chéim chéanna deimhneachta le deimhniú cumhdaigh amhail rialú tuismíochta bunaithe ar anailís ADN nó ar anailís ar a bhfuilghrúpaí, ar choinníoll go bhfuil an t-údarú sin i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an gcumann póir a chothabhálann an pórleabhar de bhunús an phóir sin.

2.

Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid 2, beidh i gcláir phóraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, le haghaidh ainmhithe pórúcháin folaíochta de phór an speicis eachaí, na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta a bhaineann le pór eile nó le líne staile ar leith nó le sliocht lárach laistigh den phór eile a iontráil i bpríomhchuid an phórleabhair;

(b)

más rud é go gcuireann an clár póraithe cosc nó teorainn le húsáid ceann amháin nó níos mó de na teicnící atáirgthe nó le húsáid ainmhithe pórúcháin folaíochta le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na teicnící atáirgthe, amhail dá dtagraítear in Airteagal 21(2), faisnéis faoin gcosc nó faoin teorannú sin;

(c)

rialacha maidir le heisiúint deimhnithe cumhdaigh, le húsáid modhanna iomchuí eile amhail dá dtagraítear i mír 1, agus, i gcás inar gá leis an gclár póraithe, sainaithint mar “shearrach diúil”.

3.

Beidh feidhm ag na ceanglais shainiúla seo a leanas maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid 1 agus i gCuid 2:

(a)

I gcás ina ndearbhóidh cumann póir don údarás inniúil gurb ionann an pórleabhar atá bunaithe aige agus an pórleabhar maidir le bunús an phóir atá cumhdaithe ag a chlár póraithe, déanfaidh an cumann póir sin:

(i)

taifead stairiúil a bheith ina sheilbh aige de bhunú an phórleabhair sin agus prionsabail an chláir phóraithe sin a beith curtha ar fáil go poiblí aige;

(ii)

a léiriú ag tráth an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 4(1), nach bhfuil aon chumann póir nó comhlacht póir eile atá aitheanta sa Bhallstát céanna ná i mBallstát eile ná i dtríú tír, a bhfuil pórleabhar bunaithe don phór céanna aige, agus atá ag cur i gcrích clár póraithe maidir leis an bpór sin bunaithe ar na prionsabail dá dtagraítear i bpointe (i);

(iii)

comhoibriú go dlúth leis na cumainn phóir dá dtagraítear i bpointe (b), agus go háirithe na cumainn phóir sin a chur ar an eolas, ar bhealach tráthúil, faoi aon athruithe ar na prionsabail dá dtagraítear i bpointe (i);

(iv)

go bhfuil bunaithe aige, i gcás inar gá, rialacha neamh-idirdhealaitheacha maidir le gníomhaíochtaí i ndáil le pórleabhair arna mbunú don phór céanna ag comhlachtaí pórúcháin nach bhfuil san áireamh sa liosta dá bhforáiltear in Airteagal 34.

(b)

I gcás ina ndearbhóidh cumann póir don údarás inniúil gur pórleabhar macúil an pórleabhar atá bunaithe aige don phór atá cumhdaithe ag a chlár póraithe, déanfaidh an cumann póir sin:

(i)

na prionsabail atá bunaithe ag an gcumann póir dá dtagraítear i bpointe (a) a chothabhálann an pórleabhar maidir le bunús an phóir chéanna a ionchorprú ina chlár póraithe féin;

(ii)

an fhaisnéis maidir le húsáid na bprionsabal dá dtagraítear i bpointe (i) agus a bhfoinse a chur ar fáil don phobal;

(iii)

na sásraí a bheith i bhfeidhm chun na coigeartuithe is gá ar na rialacha a leagtar amach ina chlár póraithe dá dtagraítear in Airteagal 8 (3), agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 12, a áirithiú do na hathruithe arna ndéanamh ar na prionsabail sin ag an gcumann póir dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a chothabhálann an pórleabhar maidir le bunús an phóir.

4.

Beidh feidhm leis na maoluithe seo a leanas maidir leis na ceanglais i leith aitheantas a thabhairt do chumainn phóir ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí:

(a)

De mhaolú ar phointe B(1)(b) de Chuid 1, más rud é, maidir le haon phór amháin ar na críocha a liostaítear in Iarscríbhinn VI, go bhfuil roinnt cumann póir a dhéanann pórleabhair a chothabháil don phór sin, agus más rud é maidir lena gcláir phóraithe, dá dtagraítear in Airteagal 8(3), go gcumhdófaí le chéile in iomlán na gcríoch a liostaítear in Iarscríbhinn VI, féadfar leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear i bpointe B(1)(b) den Chuid 1 sin arna mbunú ag na cumainn phóir sin:

(i)

foráil a dhéanamh nach mór go mbéarfar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí den phór sin i limistéar sonraithe a liostaítear in Iarscríbhinn VI d'fhonn cáiliú d'iontráil sa phórleabhar don phór sin chun críocha dearbhaithe breithe;

(ii)

go bhfuiltear le háirithiú leo nach mbaineann an srian dá bhforáiltear i bpointe (i) le hiontráil an phóir sin i bpórleabhar chun críocha atáirgthe.

(b)

De mhaolú ar phointe 3(a) den Chuid seo, más rud é go bhfuil prionsabail an chláir phóraithe bunaithe go heisiatach ag eagraíocht idirnáisiúnta atá ag oibriú ar leibhéal domhanda agus más rud é nach bhfuil aon chumann póir i mBallstát ná comhlacht póraithe i dtríú tír a chothabhálann an pórleabhar maidir le bunús an phóir sin, féadfaidh an t-údarás inniúil i mBallstát aitheantas a thabhairt do chumainn phóir a bhfuil pórleabhar macúil don phór sin á chothabháil acu, ar choinníoll go leagann siad síos na cuspóirí agus na critéir dá dtagraítear i bpointe 1(h) de Chuid 2 i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin agus maidir leis na prionsabail sin:

(i)

go gcuireann an cumann póir sin ar fáil iad don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 4(3) chun críocha fíorúcháin;

(ii)

go n-ionchorpraítear iad i gclár póraithe an chumainn phóir sin.

(c)

De mhaolú ar phointe 3(b) den Chuid seo, féadfaidh cumann póir a bhfuil pórleabhar macúil á chothabháil aige aicmí breise a bhunú de réir fiúntais, ar choinníoll go bhféadfar na hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí atá iontráilte sna haicmí sa phríomhchuid den phórleabhar maidir le bunús an phóir nó i bpórleabhair mhacúla eile an phóir a iontráil sna haicmí comhfhreagracha den phríomhchuid den phórleabhar macúil sin.


IARSCRÍBHINN II

IONTRÁIL I BPÓRLEABHAIR AGUS CLÁRÚ I ROLLAÍ PÓRÚCHÁÍN AMHAIL DÁ DTAGRAÍTEAR I gCAIBIDIL IV

CUID 1

Iontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta i bpórleabhair agus ainmhithe a thaifeadadh i gcodanna forlíontacha

CAIBIDIL 1

Iontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta sa phríomhchuid

1.

Is iad seo na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 18(1):

(a)

comhlíonfaidh an t-ainmhí na critéir thuismíochta seo a leanas:

(i)

don speiceas buabhach, don speiceas mucúil, don speiceas caorach agus don speiceas gabhair, beidh an t-ainmhí síolraithe ó thuismitheoirí agus ó sheantuismitheoirí a bhí iontráilte sa phríomhchuid de phórleabhar den phór céanna;

(ii)

don speiceas eachaí beidh an t-ainmhí síolraithe ó thuismitheoirí a bhí iontráilte sa phríomhchuid de phórleabhar den phór céanna;

(b)

beidh a ghinealach bunaithe ag an ainmhí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12;

(c)

sainaithneofar an t-ainmhí i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe maidir le sainaithint agus clárú ainmhithe den speiceas lena mbaineann agus leis na rialacha a leagtar amach sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12;

(d)

i gcás ainmhí a thrádáil nó a thabhairt isteach san Aontas agus ina mbeartaítear an t-ainmhí a iontráil nó a chlárú le haghaidh iontrála sa phórleabhar, beidh ag gabháil leis an ainmhí sin deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 30;

(e)

i gcás ainmhí a bheidh táirgthe ó tháirge geirmeach a dhéantar a thrádáil san Aontas nó arna thabhairt isteach san Aontas agus ina mbeartaítear an t-ainmhí sin a iontráil nó a chlárú le haghaidh iontrála i bpórleabhar, beidh ag gabháil leis an táirge geirmeach sin deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 30.

2.

De mhaolú ar phointe 1(a)(ii) den Chaibidil seo, féadfaidh cumann póir a chuireann clár póraithe i gcrích ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí ainmhí pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí a iontráil i bpríomhchuid a phórleabhair:

(a)

arb ainmhí é, i gcás crosphóraithe, a dhéantar a iontráil i bpríomhchuid de leabhar pórúcháin de phór éagsúil, ar choinníoll go ndéantar an pór eile sin agus na critéir chun tabhairt isteach an ainmhí phórúcháin folaíochta sin a leagan amach sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12; nó

(b)

arb ainmhí é, i gcás pórú ginealaigh, a bhaineann le líne staile nó lárach ar leith de phór éagsúil, ar choinníoll go ndéantar na línte agus na sleachta sin agus na critéir chun an t-ainmhí pórúcháin folaíochta sin a iontráil a leagan amach sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3,) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12.

3.

De bhreis ar na rialacha a leagtar amach i bpointe 1(c) den Chaibidil seo, aon chumann póir a iontrálann ainmhí pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí ina phórleabhar atá iontráilte cheana féin i bpórleabhar atá bunaithe ag cumann póir eile a bhfuil clár póraithe á chur i gcrích aige atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, iontrálfaidh sé an t-ainmhí pórúcháin folaíochta sin faoin uimhir shainaitheantais arna tabhairt dó faoi Rialachán (AE) 2016/429, rud a áiritheoidh uathúlacht agus leanúnachas maidir le sainaithint an ainmhí sin agus, ach amháin sa chás gur chomhaontaigh an dá chumann póir lena mbaineann ar mhaolú, an t-ainm céanna ina luafar cód na tíre inar rugadh an t-ainmhí lena mbaineann, i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta don phór lena mbaineann.

CAIBIDIL II

Ainmhithe a thaifeadadh i gcodanna forlíontacha

1.

Is iad seo a leanas na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 20(1):

(a)

go sainaithneofar an t-ainmhí i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe maidir le sainaithint agus clárú ainmhithe den speiceas lena mbaineann agus leis na rialacha a leagtar amach sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12;

(b)

go mbreithneoidh an cumann póir go gcomhlíonann an t-ainmhí saintréithe an phóir dá dtagraítear i bpointe (1)(c) de Chuid 2 d'Iarscríbhinn I;

(c)

go gcomhlíonfaidh an t-ainmhí ar a laghad, i gcás inarb infheidhme, na híoscheanglais feidhmíochta a leagtar síos sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, do na tréithe sin a bhfuil ainmhithe pórúcháin folaíochta atá iontráilte sa phríomhchuid á dtástáil ina leith i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

2.

Féadfaidh an cumann póir ceanglais dhifriúla a chur i bhfeidhm maidir le comhréireacht leis na saintréithe póir dá dtagraítear i bpointe 1(b) den Chaibidil seo nó maidir leis na ceanglais feidhmíochta dá dtagraítear i bpointe 1(c) den Chaibidil seo ag brath ar an méid seo a leanas:

(a)

an mbaineann an t-ainmhí leis an bpór, ainneoin nach bhfuil a bhunús ar eolas; nó

(b)

an bhfuarthas an t-ainmhí ó chlár crosphóraithe a luaitear sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12.

CAIBIDIL III

Uasghrádú ar shíolrach na n-ainmhithe arna thaifeadadh i gcodanna forlíontacha na príomhchoda

1.

Is iad seo a leanas na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 20(2):

(a)

don speiceas buaibheach, don speiceas mucúil, don speiceas caorach agus don speiceas gabhair, beidh an t-ainmhí baineann síolraithe uathu seo a leanas:

(i)

máthair agus a seanmháthair mháthartha a dhéantar a thaifeadadh i gcuid fhorlíontach de phórleabhar don phór céanna amhail dá bhforáiltear in Airteagal 20(1);

(ii)

athair agus dhá sheanathair a iontráiltear sa phríomhchuid de phórleabhar don phór céanna.

Déanfar an chéad ghlúin d'óga arna síolrú ón ainmhí baineann dá dtagraítear sa bhfhrása tosaigh den chéad fhomhír agus ainmhí pórúcháin folaíochta fireann a iontráiltear i bpríomhchuid an phórleabhair den phór céanna a mheas mar an gcéanna mar ainmhí pórúcháin folaíochta agus déanfar an ghlúin sin a iontráil nó a chlárú, agus beidh sí incháilithe lena hiontráil, sa phríomhchuid den phórleabhar sin.

(b)

don speiceas eachaí, comhlíonfaidh an t-ainmhí na coinníollacha le haghaidh iontrála sa phríomhchuid de na hainmhithe fireanna agus baineanna a shíolraíonn ó na hainmhithe arna dtaifeadadh sa chuid fhorlíontach mar a leagtar amach sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12;

2.

De mhaolú ar phointe 1 den Chaibidil seo agus de phointe 1(a)(i) de Chaibidil I, déanfaidh Ballstát nó, má chinneann sé amhlaidh, a údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 4(3), a údarú maidir le cumann póir a chuireann i gcrích clár póraithe ar ainmhithe pórúcháin folaíochta de phór atá i mbaol den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach nó den speiceas gabhair nó de phór “crua” caorach go n-iontrálfaidh sé i bpríomhchuid a phórleabhair ainmhí a shíolraíonn ó thuismitheoirí agus seantuismitheoirí arna n-iontráil nó arna dtaifeadadh sna príomhchodanna nó sna codanna forlíontacha de phórleabhar an phóir sin.

Déanfaidh Ballstát, nó, má chinneann sé amhlaidh, a údarás inniúil a údaraíonn cumann póir chun leas a bhaint as an maolú sin, an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

gur thug an cumann póir údar cuí leis an ngá leas a bhaint as an maolú sin, go háirithe trí easpa ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna den phór sin atá ar fáil chun críocha pórúcháin a léiriú;

(b)

gur bhunaigh an cumann póir ceann amháin nó níos mó de chodanna forlíontacha ina phórleabhar;

(c)

go bhfuil na rialacha faoina ndéanann cumann póir ainmhithe a iontráil nó a thaifeadadh sna príomhchodanna nó sna codanna forlíontacha den phórleabhar sin leagtha síos sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12.

Déanfaidh na Ballstáit a mbeidh an maolú seo á úsáid acu eolas faoi na pórtha ar deonaíodh an maolú sin dóibh a chur ar fáil go poiblí sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 7.

CUID 2

Clárú muc pórúcháin hibrideach i rollaí pórúcháin

Is iad seo a leanas na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 23:

(a)

go mbeidh an mhuc phórúcháin hibrideach síolraithe ó thuismitheoirí agus ó sheantuismitheoirí a dhéantar a iontráil i bpórleabhair nó a chlárú i rollaí pórúcháin;

(b)

déanfar an mhuc phórúcháin hibrideach a shainaithint tar éis breithe i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe a mhéid a bhaineann le sainaithint agus clárú ainmhithe den speiceas mucúil agus leis na rialacha a leagtar amach sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12;

(c)

beidh tuismíocht ag an muc phórúcháin hibrideach a bheidh bunaithe i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12;

(d)

beidh ag gabháil leis an muc phórúcháin hibrideach, i gcás inar gá, deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 30.


IARSCRÍBHINN III

TÁSTÁIL FEIDHMÍOCHTA AGUS MEASTÓIREACHT GHÉINITEACH DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 25

CUID 1

Ceanglais ghinearálta

I gcás ina ndéanann cumainn phóir nó oibríochtaí pórúcháin, nó tríú páirtithe atá ainmnithe ag na cumainn phóir nó ag na hoibríochtaí pórúcháin sin i gcomhréir le Airteagal 27(1)(b), tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach, déanfaidh siad modhanna a bhunú agus a úsáid le haghaidh tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach a bheidh inghlachta go heolaíoch de réir na bprionsabal zóiteicniúil atá bunaithe, agus cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh leo nuair is ann dóibh:

(a)

na rialacha agus na caighdeáin arna mbunú ag ionaid tagartha ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 29(1); nó

(b)

in éagmais na rialacha agus na gcaighdeán sin, na prionsabail arna gcomhaontú ag ICAR.

CUID 2

Ceanglais le haghaidh tástáil feidhmíochta

1.

Déanfar tástáil feidhmíochta a chur i gcrích ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na scéimeanna tástála feidhmíochta seo a leanas a chuirfear ar bun i gcomhréir leis na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1:

(a)

tástáil feidhmíochta aonair na n-ainmhithe pórúcháin iad féin nó na n-ainmhithe pórúcháin ar bhonn a síolraitheach, siblíní (“sib”) nó ainmhithe leas-sleachta ag stáisiúin tástála;

(b)

tástáil feidhmíochta aonair na n-ainmhithe pórúcháin iad féin nó na n-ainmhithe pórúcháin ar bhonn a síolraitheach, siblíní (“sib”) nó ainmhithe leas-sleachta agus gaolta eile ar fheirmeacha;

(c)

tástáil feidhmíochta trí shonraí suirbhé a bheidh bailithe ag feirmeacha, ag pointí díolacháin, ag pointí maraithe nó ag oibreoirí eile;

(d)

tástáil feidhmíochta ar ghrúpaí comhaimseartha d'ainmhithe pórúcháin (comparáid ghrúpa chomhaimseartha);

(e)

aon scéim tástála feidhmíochta eile a dhéantar i gcomhréir leis na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1.

Déanfar na scéimeanna tástála feidhmíochta a chur ar bun ar shlí a cheadófar comparáid bhailí a dhéanamh idir na hainmhithe pórúcháin. Déanfar an sliocht, na siblíní nó na hainmhithe leas-sleachta a bheidh le tástáil ag stáisiúin tástála nó ar fheirm a roghnú ar bhealach neamhchlaonta agus ní dhéileálfar go roghnach leo. I gcás tástála ar fheirmeacha, roinnfear iad idir feirmeacha ar shlí a cheadófar comparáid bhailí a dhéanamh idir na hainmhithe pórúcháin a tástáladh.

Maidir leis na cumainn phóir agus na hoibríochtaí pórúcháin atá i mbun na scéimeanna tástála feidhmíochta sin a dhéanamh ag stáisiúin tástála, déanfaidh siad, i gcomhréir leis na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1 a leagan síos sa phrótacal tástála na téarmaí chun glacadh isteach leis na hainmhithe pórúcháin, faisnéis maidir le sainaitheantas agus torthaí ábhartha na tástála a bhí ann cheana i gcás na n-ainmhithe rannpháirteacha, na tréithe a bhí le taifeadadh, na modhanna tástála a úsáideadh agus aon fhaisnéis ábhartha eile.

2.

Déanfaidh na cumainn phóir agus na hoibríochtaí pórúcháin ina gcuid clár póraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, na tréithe a bheidh le taifeadadh i ndáil leis na cuspóirí roghnúcháin a leagtar amach sna cláir phóraithe sin a shainiú.

3.

I gcás ina mbeidh tréithe táirgthe bainne le taifeadadh, déanfar sonraí a thaifeadadh maidir le táirgeadh bainne, tréithe comhdhéanaimh bainne agus tréithe ábhartha eile a leagtar amach sna modhanna dá dtagraítear i gCuid 1. Féadfar sonraí breise a thaifeadadh maidir le tréithe eile bainne nó cáilíochta bainne.

4.

I gcás ina mbeidh tréithe táirgthe feola le taifeadadh, déanfar sonraí a thaifeadadh maidir le tréithe táirgthe feola agus tréithe ábhartha eile a leagtar amach sna modhanna dá dtagraítear i gCuid 1. Féadfar sonraí breise a thaifeadadh maidir le tréithe eile feola nó cáilíochta feola.

5.

Nuair a bheidh tréithe eile seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe 3 agus i bpointe 4 den Chuid seo le taifeadadh, déanfar na tréithe sin a thaifeadadh i gcomhréir leis na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1. Féadfar a áireamh leo tréithe speicis agus tréithe pór-shonracha amhail cruth coirp, torthúlacht, éascaíocht breithe, tréithe a bhaineann le sláinte, inmharthanacht sleachta, fad saoil, tréithe cáilíochta snáithín, éifeachtúlachta beathaithe, socheansaitheachta agus inbhuanaitheachta, agus aon tréithe ábhartha eile i ndáil le cuspóirí roghnúcháin an chláir phóraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12;

6.

Ní dhéanfar sonraí a bhailítear maidir leis na tréithe dá dtagraítear i bpointe 3, i bpointe 4 agus i bpointe 5 a áireamh sa mheastóireacht ghéiniteach ach amháin i gcás ina ngintear na sonraí sin ar bhonn córas taifeadta a shonraítear sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12.

7.

Maidir le gach ceann de na tréithe taifeadta dá dtagraítear i bpointe 3, i bpointe 4 agus i bpointe 5 déanfar faisnéis maidir leis na scéimeanna tástála feidhmíochta a úsáideadh, na prótacail tástála a úsáideadh, agus, i gcás inarb infheidhme, an modh a úsáideadh chun na torthaí tástála a bhailíochtú, a shonrú sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12.

8.

I gcás ina ndéanfar meastóireacht ghéiniteach ar na tréithe dá dtagraítear i bpointe 3, i bpointe 4 agus i bpointe 5, áiritheofar i dtaifeadadh na dtréithe sin gur féidir, ag deireadh na tástála, meastachán a thabhairt ar luachanna pórúcháin iontaofa do na tréithe sin.

9.

Ní fhéadfar na sonraí suirbhé dá dtagraítear i bpointe 1(c) den Chuid seo a thaifeadadh agus a áireamh sa mheastóireacht ghéiniteach ach amháin i gcás ina bhfuil na sonraí bailíochtaithe i gcomhréir leis na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1.

CUID 3

Ceanglais le haghaidh meastóireacht ghéiniteach

1.

Áireofar sa mheastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin na tréithe táirgthe agus neamhtháirgthe ábhartha dá dtagraítear i gCuid 2 i ndáil leis na cuspóirí roghnúcháin a leagtar amach sna cláir phóraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12.

2.

Ní áireofar sa mheastóireacht ghéiniteach ach amháin tréithe dá dtagraítear i gCuid 2 arb ina leith a dhéantar taifeadadh na dtréithe sin mar a shonraítear sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12.

3.

Déanfar luachanna pórúcháin ainmhithe pórúcháin a mheas i gcomhréir leis na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1 ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

na sonraí a bhailítear maidir leis na hainmhithe pórúcháin le linn na tástála feidhmíochta dá dtagraítear i gCuid 2;

(b)

faisnéis ghéanómaíoch a bhailítear maidir leis na hainmhithe pórúcháin;

(c)

sonraí a ghintear trí aon mhodh eile i gcomhréir leis na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1; nó

(d)

teaglaim den fhaisnéis agus de na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c).

4.

Déanfaidh na modhanna staidrimh a úsáidtear le haghaidh na meastóireachta géinití na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1 a chomhlíonadh. Ráthófar leis na modhanna staidrimh sin meastóireacht ghéiniteach nach bhfuil claonta ó na príomhéifeachtaí timpeallachta agus ón struchtúr sonraí agus cuirfear san áireamh leo an fhaisnéis go léir atá ar fáil don ainmhí pórúcháin, a shliocht, a shiblíní, ainmhithe leas-sleachta agus gaolta eile ag brath ar an scéim tástála feidhmíochta.

5.

Déanfar iontaofacht gach ceann de na luachanna póraithe measta a ríomh i gcomhréir leis na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1. Nuair a bheidh na luachanna póraithe measta á bhfoilsiú do na hainmhithe pórúcháin, déanfar iontaofacht na luachanna pórúcháin sin a bheidh foilsithe agus dáta na meastóireachta a léiriú.

6.

Beidh ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna a bhfuil sé beartaithe a seamhan a úsáid d'inseamhnú saorga faoi réir meastóireacht ghéiniteach. Déanfar an mheastóireacht ghéiniteach sin a chur i gcrích ar na príomhthréithe táirgthe i ndáil leis an gclár póraithe mar a leagtar amach sna modhanna dá dtagraítear i gCuid 1 agus féadfar é a chur i gcrích ar thréithe ábhartha eile táirgthe agus neamhtháirgthe mar a leagtar amach sna modhanna dá dtagraítear i gCuid 1. Más rud é go ndéantar meastóireacht ghéiniteach do na tréithe sin ar ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna den speiceas buaibheach a bhfuil sé ar intinn a seamhan a úsáid le haghaidh inseamhnú saorga, déanfar na luachanna póraithe a bhaineann leis na tréithe sin a fhoilsiú cé is moite de na cinn a bhaineann le hainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 21(1)(g) (tairbh neamhchruthaithe).

7.

Le haghaidh ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna den speiceas buaibheach a bhfuil sé ar intinn a seamhan a úsáid le haghaidh inseamhnú saorga, is é an méid seo a leanas, ar a laghad, a bheidh mar iontaofacht íosta na luachanna póraithe:

(a)

i gcás tairbh a bhaineann le pórtha déiríochta (lena n-áirítear pórtha dhá fheidhm), 0,5 do na príomhthréithe táirgthe bainne nó le haghaidh na bpríomhinnéacsanna ilchodacha lena nasctar luachanna póraithe agus iad measta le haghaidh roinnt tréithe aonair;

(b)

i gcás tairbh a bhaineann le pórtha mairteola (lena n-áirítear pórtha dhá fheidhm), 0,3 do na príomhthréithe táirgthe mairteola nó le haghaidh na bpríomhinnéacsanna ilchodacha lena nasctar luachanna póraithe agus iad measta le haghaidh roinnt tréithe aonair.

8.

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais maidir le luachanna iontaofachta íosta dá dtagraítear i bpointe 7 i leith ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna den speiceas buaibheach a bhfuil an méid seo a leanas i gceist leo:

(a)

úsáidtear iad chun críche na tástála laistigh de theorainneacha cainníochtaí atá riachtanach do chumann póir chun tástálacha den sórt sin amhail dá dtagraítear in Airteagal 21(1)(g) a dhéanamh (tairbh neamhchruthaithe); nó

(b)

glacann siad páirt i gclár póraithe ina n-éilítear tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach agus a bhfuil sé mar aidhm aige an pór nó an éagsúlacht géiniteach atá ann sa phór a chaomhnú.

9.

Maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna den speiceas buaibheach a bhfuil meastóireacht ghéanómaíoch déanta orthu, measfar iad a bheith oiriúnach le haghaidh inseamhnú saorga más rud é maidir lena meastóireacht ghéanómaíoch:

(a)

go bhfuil sí bailíochtaithe i gcomhréir leis na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1 do gach tréith atá measta go géanómaíoch;

(b)

go ndéantar iad a athbhailíochtú go tráthrialta do gach ceann de na tréithe sin agus ag am ar bith a dhéantar athruithe móra ar an meastóireacht ghéanómaíoch nó ar an mheastóireacht ghéiniteach nó ar an bpobal tagartha.

10.

An cumann póir nó an oibríocht phórúcháin nó, arna iarraidh sin ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin sin, an tríú páirtí atá ainmnithe ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin sin, i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), déanfaidh sé nó sí an fhaisnéis maidir le máchailí géiniteacha agus sainchomharthaí géiniteacha ainmhithe pórúcháin a bhfuil baint acu leis an gclár póraithe a chur ar fáil go poiblí.


IARSCRÍBHINN IV

IONAID TAGARTHA DE CHUID AN AONTAIS EORPAIGH DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 29

1.   Ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 29(4)(a)

Maidir le hionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 29, beidh:

(a)

foireann chuícháilithe acu:

(i)

agus oiliúint leormhaith orthu:

i gcás ina bhfuil na hionaid sin ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 29(1), i dtástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta;

i gcás ina bhfuil na hionaid sin ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 29(2), i gcaomhnú pórtha i mbaol,

(ii)

atáthar tar éis a threorú chun meas a léiriú ar chineál rúnda roinnt ábhar, torthaí nó cumarsáidí ar leith; agus

(iii)

le feasacht leordhóthanach acu ar ghníomhaíochtaí taighde ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(b)

an bonneagar, an trealamh, agus na táirgí is gá chun na cúraimí ina seilbh acu nó rochtain acu orthu chun na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

(i)

i gcás ina bhfuil na hionaid sin ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 29(1), dá dtagraítear i bpointe (2); agus

(ii)

i gcás ina bhfuil na hionaid sin ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 29(2), dá dtagraítear i bpointe (3);

2.   Cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 29(4)(b)(i) d'ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 29(1)

Déanfaidh ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 29(1) an méid seo a leanas:

(a)

oibriú le cumainn phóir agus tríú páirtithe arna n-ainmniú ag cumainn phóir i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b) chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na modhanna tástála feidhmíochta agus na modhanna meastóireachta géinití i leith ainmhithe pórúcháin folaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 25, a éascú.

(b)

cumainn phóir, triú páirtithe arna n-ainmniú ag na cumainn phóir sin i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), nó údaráis inniúla a chur ar an eolas maidir le modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta;

(c)

athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar thorthaí na tástála feidhmíochta agus na meastóireachta géinití arna ndéanamh ag cumainn phóir nó ag tríú páirtithe a bheidh ainmnithe ag na cumainn phóir sin i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b) agus na sonraí ar a bhfuil siad bunaithe;

(d)

comparáid a dhéanamh idir na modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta;

(e)

arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag Ballstát:

(i)

cúnamh a thabhairt i gcomhchuibhiú na modhanna éagsúla tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta;

(ii)

na modhanna ríofa a bheidh le húsáid le haghaidh tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin folaíochta a mholadh;

(iii)

ardán a bhunú chun torthaí na modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta a úsáidtear i mBallstáit a chur i gcomparáid lena chéile, go háirithe:

trí phrótacail rialaithe a fhorbairt le haghaidh tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin folaíochta a gcuirtear i gcrích iad i mBallstáit, chun feabhsú a dhéanamh ar inchomparáideacht na dtorthaí agus éifeachtacht na gclár póraithe;

trí mheasúnú idirnáisiúnta a dhéanamh ar bheostoc ar bhonn na dtorthaí comhcheangailte tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta a gcuirtear i gcrích iad i mBallstáit agus i dtríú tíortha;

trí thorthaí na measúnuithe idirnáisiúnta sin a scaipeadh;

na foirmlí tiontaithe agus an fhaisnéis ghaolmhar ar a raibh na foirmlí bunaithe a fhoilsiú;

(f)

sonraí a sholáthar ar an meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin folaíochta, agus oiliúint a sholáthar le tacú le cumainn phóir nó triú páirtithe a bheidh ainmnithe ag na cumainn phóir sin, i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b) atá ag glacadh páirt i gcomparáidí idirnáisiúnta idir torthaí meastóireachtaí géiniteacha;

(g)

éascú réiteach na bhfadhbanna a thagann chun cinn i mBallstáit i ndáil leis an meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin folaíochta;

(h)

comhoibriú laistigh de raon feidhme a gcúraimí le heagraíochtaí atá aitheanta go hidirnáisiúnta;

(i)

saineolas teicniúil a sholáthar don Bhuanchoiste ar Zóiteicnic, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún.

3.   Cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 29(4)(b)(ii) d'ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 29(2).

Déanfaidh ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 32(1a) an méid seo a leanas:

(a)

oibriú le cumainn phóir, le tríú páirtithe atá ainmnithe ag cumainn phóir i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), le húdaráis inniúla agus le údaráis eile de chuid na mBallstát chun caomhnú pórtha i mbaol nó caomhnú éagsúlacht ghéiniteach atá ann cheana laistigh de na pórtha sin a éascú;

(b)

cumainn phóir, tríú páirtithe atá ainmnithe ag na cumainn phóir sin i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), údaráis inniúla agus údaráis eile a chur ar an eolas faoi mhodhanna a úsáidtear le haghaidh caomhnú pórtha i mbaol nó caomhnú éagsúlacht ghéiniteach atá ann cheana laistigh de na pórtha sin;

(c)

arna iarraidh sin ag an gCoimisiún:

(i)

modhanna a úsáidtear chun caomhnú in situ agus ex situ pórtha atá i mbaol nó caomhnú na héagsúlachta géinití laistigh de na pórtha sin a fhorbairt nó a chomhchuibhiú agus cúnamh a thabhairt san fhorbairt nó sa chomhchuibhiú sin;

(ii)

na modhanna a úsáidtear chun stádas na bpórtha atá i mbaol maidir lena n-éagsúlacht ghéiniteach nó maidir leis an mbaol go gcaillfear iad don fheirmeoireacht a fhorbairt nó cúnamh a sholáthar san fhorbairt sin;

(iii)

malartú faisnéise idir na Ballstáit a spreagadh maidir le caomhnú pórtha i mbaol nó maidir le caomhnú na héagsúlachta géinití laistigh de na pórtha sin;

(iv)

oiliúint a sholáthar chun tacú le cumainn phóir nó tríú páirtithe atá ainmnithe ag na cumainn phóir sin i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), agus le húdaráis inniúla agus údaráis eile i gcaomhnú pórtha i mbaol nó caomhnú éagsúlachta géinití laistigh de na pórtha sin;

(v)

comhoibriú, laistigh de raon feidhme a gcúraimí, le heagraíochtaí Eorpacha agus le eagraíochtaí atá aitheanta go hidirnáisiúnta;

(vi)

laistigh de raon feidhme a gcúraimí. saineolas teicniúil a sholáthar don Bhuanchoiste ar Zóiteicnic.


IARSCRÍBHINN V

FAISNÉIS IS GÁ A BHEITH SNA DEIMHNITHE ZÓITEICNIÚLA DÁ DTAGRAÍTEAR I CAIBIDIL VII

CUID 1

Ceanglais ghinearálta

I dteideal na ndeimhnithe zóiteicniúla, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

a chur in iúl más ainmhí pórúcháin folaíochta é an t-ainmhí nó muc phórúcháin hibrideach nó má thagann na táirgí geirmeacha ó ainmhithe pórúcháin folaíochta nó ó mhuca pórúcháin hibrideacha;

(b)

tagairt don speiceas tacsanomaíoch a chur san áireamh;

(c)

luafar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an choinsíneacht beartaithe le haghaidh trádála laistigh den Aontas nó do thabhairt isteach san Aontas;

(d)

tagairt don Rialachán seo a chur san áireamh;

CUID 2

Deimhnithe zóiteicniúla d'ainmhithe pórúcháin folaíochta agus dá gcuid táirgí geirmeacha

CAIBIDIL I

Deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, d'ainmhithe pórúcháin folaíochta

1.

Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, an fhaisnéis seo a leanas d'ainmhithe pórúcháin folaíochta:

(a)

ainm an chumainn phóir eisiúna nó, i gcás an t-ainmhí pórúcháin folaíochta a thabhairt isteach san Aontas, ainm an chomhlachta phórúcháin eisiúna agus, más rud é go bhfuil sé ar fáil, tagairt do láithreán gréasáin an chumainn póir nó an chomhlachta pórúcháin sin;

(b)

ainm an phórleabhair;

(c)

i gcás inarb infheidhme, an aicme laistigh den phríomhchuid ina ndéantar an t-ainmhí pórúcháin folaíochta a iontráil;

(d)

ainm phór an ainmhí phórúcháin folaíochta;

(e)

gnéas an ainmhí phórúcháin folaíochta;

(f)

uimhir iontrála sa phórleabhar (“Uimhir Phórleabhair”) an ainmhí pórúcháin folaíochta;

(g)

an córas aitheantais agus an uimhir aitheantais aonair a tugadh don ainmhí pórúcháin folaíochta de réir:

(i)

dlí sláinte ainmhithe an Aontais maidir le sainaithint agus clárú ainmhithe de na speicis lena mbaineann;

(ii)

in éagmais dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe, sainaithint agus clárú ainmhithe a éilíonn uimhir aitheantais aonair, rialacha den chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12; nó

(iii)

i gcás an t-ainmhí pórúcháin folaíochta a thabhairt isteach san Aontas, reachtaíocht an tríú tír;

(h)

i gcás inar gá i gcomhréir le hAirteagal 22(1) agus (2), an modh a úsáidtear chun críocha fíoraithe sainaitheantais ainmhithe pórúcháin folaíochta a úsáidtear chun seamhan, úicítí agus suthanna a bhailiú agus torthaí fhíorú an tsainaitheantais sin;

(i)

dáta agus tír bhreithe an ainmhí phórúcháin folaíochta;

(j)

ainm, seoladh agus, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, seoladh ríomhphoist an phóraitheora (áit bhreithe an ainmhí phórúcháin folaíochta);

(k)

ainm agus seoladh agus, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, seoladh ríomhphoist an úinéara;

(l)

an ginealach:

Athair

Uimhir agus cuid an phórleabhair

Seanathair athartha

Uimhir agus cuid an phórleabhair

 

Seanmháthair athartha

Uimhir agus cuid an phórleabhair

Máthair

Uimhir agus cuid an phórleabhair

Seanathair máthartha

Uimhir agus cuid an phórleabhair

 

Seanmháthair mháthartha

Uimhir agus cuid an phórleabhair

(m)

i gcás ina mbíonn siad ar fáil, torthaí tástála feidhmíochta agus torthaí cothrom le dáta den mheastóireacht ghéiniteach, lena n-áirítear dáta na meastóireachta sin agus máchailí géiniteacha agus sainchomharthaí géiniteacha i ndáil leis an gclár póraithe a dhéanann difear don ainmhí pórúcháin folaíochta féin;

(n)

i gcás ainmhithe baineanna atá torrach, dáta an inseamhnaithe nó na cúplála agus sainaitheantas an ainmhí fhirinn a rinne an toirchiú, a fhéadfar a léiriú ar dhoiciméad ar leithligh;

(o)

dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, agus ainm, cáil agus síniú an té atá údaraithe ag an gcumann póir eisiúna an deimhniú sin a shíniú, nó i gcás an t-ainmhí pórúcháin folaíochta a bheith tugtha isteach san Aontas údaraithe ag an gcomhlacht pórúcháin a d'eisigh an deimnniú, beidh an té sin ina ionadaí ón gcumann póir nó ón gcomhlacht pórúcháin sin nó ionadaí ó údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b).

2.

I gcás ina n-eisítear deimhnithe zóiteicniúla do ghrúpa ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas mucúil, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1 den Chaibidil seo a chur le fáil i ndeimhniú zóiteicniúil aonair, ar choinníoll go bhfuil an aois chéanna ag na hainmhithe pórúcháin folaíochta sin agus go bhfuil an mháthair agus an t-athair géiniteach céanna acu.

CAIBIDIL II

Deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Aireteagal 30, do sheamhan le haghaidh ainmhithe pórúcháin folaíochta

Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, an fhaisnéis seo a leanas do sheamhan d'ainmhithe pórúcháin folaíochta:

(a)

an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I den Chuid seo maidir leis na hainmhithe pórúcháin folaíochta a sholáthair an seamhan;

(b)

faisnéis lena gceadaítear an seamhan a shainaithint, líon na ndáileoga atá le seoladh, ionad agus dáta a bhailithe, ainm, seoladh agus uimhir fhormheasta an ionaid bhailithe nó stórála seamhain agus ainm agus seoladh an choinsíní;

(c)

do sheamhan atá beartaithe le haghaidh tástáil ainmhithe pórúcháin folaíochta nach ndearnadh tástáil feidhmíochta ná meastóireacht ghéiniteach orthu, líon dháileoga an tseamhain sin a bheidh i gcomhréir leis na teorainneacha cainníochta dá dtagraítear in Airteagal 21(1)(g), ainm agus seoladh an chumainn phóir nó an tríú páirtí arna ainmniú ag an gcumann póir sin i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b) atá freagrach as an tástáil sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25;

(d)

dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, agus ainm, cáil agus síniú an té atá údaraithe ag an gcumann póir eisiúna leis an deimhniú sin a shíniú, nó i gcás an seamhan a bheith tugtha isteach san Aontas údaraithe ag an gcomhlacht pórúcháin a d'eisigh an deimhniú; beidh an té sin ina ionadaí ón gcumann póir nó ón gcomhlacht pórúcháin nó ina oibreoir dá dtagraítear in Airteagal 31(1) nó in Airteagal 33(1) nó ionadaí ó údarás inniúil, dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b).

CAIBIDIL III

Deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, d'úicítí d'ainmhithe pórúcháin folaíochta

Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, an fhaisnéis seo a leanas d'úicítí d'ainmhithe pórúcháin folaíochta:

(a)

an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I den Chuid seo maidir leis an deontóir baineann a sholáthair na húicítí,;

(b)

faisnéis lena gceadaítear sainaithint na n-úicítí, líon na gcochán, ionad agus dáta a mbailithe, ainm, seoladh agus uimhir fhormheasta na foirne bailithe nó táirgthe suthanna agus ainm agus seoladh an choinsíní;

(c)

i gcás ina bhfuil níos mó ná úicít amháin i gcochán, léiriú soiléir ar líon na n-úicití atá bailithe ón ainmhí céanna pórúcháin folaíochta;

(d)

dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, agus ainm, cáil agus síniú an té atá údaraithe ag an gcumann póir eisiúna leis an deimhniú sin a shíniú, nó i gcás na húicítí a bheith tugtha isteach san Aontas údaraithe ag an gcomhlacht pórúcháin; beidh an té sin ina ionadaí ón gcumann póir a d'eisigh an deimhniú nó ón gcomhlacht pórúcháin nó ó údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 31(1) nó in Airteagal 33(1), nó ina ionadaí ó údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b).

CAIBIDIL IV

Deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, do shuthanna d'ainmhithe pórúcháin folaíochta

Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, an fhaisnéis seo a leanas do shuthanna d'ainmhithe pórúcháin folaíochta:

(a)

an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I den Chuid seo maidir leis an deontóir baineann agus maidir leis an ainmhí fireann atá ag toirchiú;

(b)

faisnéis lena gceadaítear sainaithint na suthanna, líon na gcochán, ionad agus dáta a mbailithe nó a dtáirgthe, ainm, seoladh agus uimhir fhormheasta na foirne bailithe nó táirgthe suthanna agus ainm agus seoladh an choinsíní;

(c)

i gcás ina bhfuil níos mó ná suth amháin i gcochán, léiriú soiléir ar líon na suthanna a bhfuil na tuismitheoirí céanna acu;

(d)

dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, agus ainm, cáil agus síniú an té atá údaraithe ag an gcumann póir eisiúna leis an deimhniú sin a shíniú, nó i gcás na suthanna a bheith tugtha isteach san Aontas údaraithe ag an gcomhlacht pórúcháin a d'eisigh an deimhniú; beidh an té sin ina ionadaí ón gcumann póir nó ón gcomhlacht pórúcháin nó ina údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 31(1) nó in Airteagal 33(1), nó ina ionadaí ó údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b).

CUID 3

Deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, do mhuca pórúcháin hibrideacha agus do tháirgí geirmeacha díobh

CAIBIDIL I

Deimhnithe zóiteicniúla do mhuca pórúcháin hibrideacha

1.

Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, an fhaisnéis seo a leanas do mhuca pórúcháin hibrideacha:

(a)

ainm na hoibríochta pórúcháin eisiúna nó, i gcás an mhuc phórúcháin hibrideach a thabhairt isteach san Aontas, ainm an chomhlachta phórúcháin agus, más rud é go bhfuil sé ar fáil, tagairt do shuíomh gréasáin na hoibríochta pórúcháin sin nó an chomhlachta pórúcháin sin;

(b)

ainm an rolla phórúcháin;

(c)

ainm póir, líne nó chrosphóir na muice pórúcháin hibridí agus tuismitheoirí agus seantuismitheoirí na muice sin;

(d)

gnéas na muice pórúcháin hibridí;

(e)

an uimhir iontrála sa rolla pórúcháin (“Uimhir rolla pórúcháin”) na muice pórúcháin hibridí;

(f)

an córas sainaitheantais agus an uimhir shainaitheantais aonair a tugadh don mhuc phórúcháin hibrideach de réir:

(i)

Dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe maidir le sainaithint agus clárú ainmhithe den speiceas mucúil; nó,

(ii)

in éagmais dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe a bhaineann le sainaithint agus clárú ainmhithe a éilíonn uimhir aitheantais aonair, na rialacha den chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12; nó

(iii)

i gcás an mhuc phórúcháin hibrideach a thabhairt isteach san Aontas i gcomhréir le reachtaíocht an tríú tír;

(g)

i gcás inar gá i gcomhréir le hAirteagal 22(2), an modh a úsáidtear chun críocha fíoraithe sainaitheantais na muice pórúcháin hibridí a úsáidtear agus torthaí fhíorú an tsainaitheantais sin;

(h)

dáta breithe agus tír bhreithe na muice pórúcháin hibridí;

(i)

ainm, seoladh agus, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, seoladh ríomhphoist an phóraitheora (áit bhreithe na muice pórúcháin hibridí;

(j)

ainm agus seoladh agus, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, seoladh ríomhphoist an úinéara;

(k)

an ginealach:

Athair

Uimh. rolla pórúcháin

Pór, líne nó crosphór

Seanathair athartha

Uimh. rolla pórúcháin

Pór, líne nó crosphór

Seanmháthair athartha

Uimh. rolla pórúcháin

Pór, líne nó crosphór

Máthair

Uimh. rolla pórúcháin

Pór, líne nó crosphór

Seanathair máthartha

Uimh. rolla pórúcháin

Pór, líne nó crosphór

Seanmháthair mháthartha

Uimh. rolla pórúcháin

Pór, líne nó crosphór

(l)

i gcás ina n-éilítear go ndéanfaí a leithéid sa chlár póraithe, torthaí na tástála feidhmíochta nó torthaí cothrom le dáta den mheastóireacht ghéiniteach, lena n-áirítear dáta na meastóireachta sin agus máchaillí géiniteacha agus sainchomharthaí géiniteacha i ndáil leis an gclár póraithe a dhéanann difear don mhuc phórúcháin hibrideach í féin, nó chomh fada agus is eol sin, dá síolraitheach;

(m)

i gcás ainmhithe baineanna atá torrach, eolas faoi dháta an inseamhnaithe nó na cúplála, chomh maith le sainaitheantas an ainmhí fhirinn a rinne an toirchiú, a fhéadfar a léiriú ar dhoiciméad ar leith;

(n)

dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, agus ainm, cáil agus síniú an té atá údaraithe leis an deimhniú sin a shíniú ag an oibríocht phóirúcháin eisiúna, nó i gcás muc phórúcháin hibrideach a bheith tugtha isteach san Aontas údaraithe ag an gcomhlacht pórúcháin; beidh an té sin ina ionadaí ón oibríocht phórúcháin sin nó ón gcomhlacht pórúcháin sin a d'eisigh an deimhniú, nó ina ionadaí de chuid údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b).

2.

I gcás ina n-eisítear deimhnithe zóiteicniúla do ghrúpa de mhuca pórúcháin hibrideacha, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1 den Chaibidil seo a chur ar fáil i ndeimhniú zóiteicniúil aonair, ar choinníoll go bhfuil an aois chéanna ag na muca pórúcháin hibrideacha sin agus go bhfuil an mháthair ghéiniteach chéanna agus an t-athair géiniteach céanna acu.

CAIBIDIL II

Deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, do sheamhan de mhuca pórúcháin hibrideacha

Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, an fhaisnéis seo a leanas do sheamhan de mhuca pórúcháin hibrideacha:

(a)

an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I den Chuid seo maidir leis na muca pórúcháin hibrideacha a sholáthair an seamhan;

(b)

faisnéis lena gceadaítear sainaithint an tseamhain, líon na ndáileog, dáta a bhailithe, ainm, seoladh agus uimhir fhormheasta an ionaid bhailithe nó stórála seamhain agus ainm agus seoladh an choinsíní;

(c)

do sheamhan atá beartaithe le haghaidh tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach ar mhuca pórúcháin hibrideacha, nach ndearnadh tástáil feidhmíochta ná meastóireacht ghéiniteach den sórt sin cheana orthu, líon dháileoga an tseamhain sin a bheidh i gcomhréir leis na teorainneacha cainníochta dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(d), ainm agus seoladh na hoibríochta pórúcháin, nó an tríú páirtí arna ainmniú ag an oibríocht phórúcháin sin i gcomhréir le hAirteagal 27(1(b), atá freagrach as an tástáil sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25;

(d)

dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, agus ainm, cáil agus síniú an té atá údaraithe leis an deimhniú sin a shíniú ag an gcumann póir eisiúna nó, i gcás an seamhan a bheith a thabhairt isteach san Aontas, údaraithe ag an gcomhlacht pórúcháin a d'eisigh an deimhniú; beidh an té sin ina ionadaí ón oibríocht phórúcháin sin nó ón gcomhlacht pórúcháin sin nó ina oibreoir dá dtagraítear in Airteagal 31(1) nó in Airteagal 33(1), nó ina ionadaí ón údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b).

CAIBIDIL III

Deimhnithe zóiteicniúla dá dtagraítear in Airteagal 30 d'úicití de mhuca pórúcháin hibrideacha

Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla dá dtagraítear in Airteagal 30 an fhaisnéis seo a leanas d'úicití de mhuca pórúcháin hibrideacha:

(a)

an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I den Chuid seo maidir leis an deontóir baineann a sholáthair na húicítí;

(b)

faisnéis lena gceadaítear sainaithint na n-úicítí, líon na gcochán dáta a mbailithe, ainm, seoladh agus uimhir fhormheasta na foirne bailithe nó táirgthe suthanna agus ainm agus seoladh an choinsíní;

(c)

i gcás ina bhfuil níos mó ná úicít amháin i gcochán, léiriú soiléir ar líon na n-úicití atá bailithe ón muc phórúcháin hibrideach chéanna;

(d)

dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil agus ainm, cáil agus síniú an té atá údaraithe ag an oibríocht phórúcháin eisiúna leis an deimhniú sin a shíniú nó, i gcás na húicití a bheith á dtabhairt isteach san Aontas, údaraithe ag an gcomhlacht pórúcháin a d'eisigh an deimhniú; beidh an té sin ina ionadaí ón oibríocht phórúcháin sin nó ón gcomhlacht pórúcháin sin nó ina oibreoir dá dtagraítear in Airteagal 31(1), in Airteagal 33(1), nó ina ionadaí ó údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b).

CAIBIDIL IV

Deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, do shuthanna de mhuca pórúcháin hibrideacha

Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, an fhaisnéis seo a leanas do shuthanna de mhuca pórúcháin hibrideacha:

(a)

an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I den Chuid seo maidir leis an deontóir baineann agus maidir leis an ainmhí fireann atá ag toirchiú;

(b)

faisnéis lena gceadaítear sainaithint na suthanna, líon na gcochán, ionad agus dáta a mbailithe nó a dtáirgthe, ainm, seoladh agus uimhir fhormheasta na foirne bailithe nó táirgthe suthanna agus ainm agus seoladh an choinsíní;

(c)

i gcás ina bhfuil níos mó ná suth amháin i gcochán, léiriú soiléir ar líon na suthanna a bhfuil na tuismitheoirí céanna acu;

(d)

dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, agus ainm, cáil agus síniú an té atá údaraithe ag an gcumann póir eisiúna leis an deimhniú sin a shíniú, nó, i gcás na suthanna a bheith tugtha isteach san Aontas, údaraithe ag an gcomhlacht pórúcháin a d'eisigh an deimhniú; beidh an té sin ina ionadaí ón oibríocht phórúcháin sin nó ón gcomhlacht pórúcháin sin nó ina oibreoir dá dtagraítear in Airteagal 33(1) nó in Airteagal 33(1), nó ina ionadaí ó údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b).


IARSCRÍBHINN VI

CRÍOCHA DÁ DTAGRAÍTEAR I bPOINTE 21 D'AIRTEAGAL 2

1.

Críoch Ríocht na Beilge

2.

Críoch Phoblacht na Bulgáire

3.

Críoch Phoblacht na Seice

4.

Críoch Ríocht na Danmhairge cé is moite d'Oileáin Fharó agus an Ghraonlainn

5.

Críoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine

6.

Críoch Phoblacht na hEastóine

7.

Críoch na hÉireann

8.

Críoch na Poblachta Heilléanaí

9.

Críoch Ríocht na Spáinne cé is moite de Ceuta agus Melilla

10.

Críoch Phoblacht na Fraince

11.

Críoch Phoblacht na Cróite

12.

Críoch Phoblacht na hIodáile

13.

Críoch Phoblacht na Cipire

14.

Críoch Phoblacht na Laitvia

15.

Críoch Phoblacht na Liotuáine

16.

Críoch Ard-Diúcacht Lucsamburg

17.

Críoch na hUngáire

18.

Críoch Phoblacht Mhálta

19.

Críoch Ríocht na hÍsiltíre san Eoraip

20.

Críoch Phoblacht na hOstaire

21.

Críoch Phoblacht na Polainne

22.

Críoch Phoblacht na Portaingéile

23.

Críoch na Rómáine

24.

Críoch Phoblacht na Slóivéine

25.

Críoch Phoblacht na Slóvaice

26.

Críoch Phoblacht na Fionlainne

27.

Críoch Ríocht na Sualainne

28.

Críoch Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann


IARSCRÍBHINN VII

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2009/157/CE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2, pointe 9 agus pointe 12

Airteagal 2(a),(b), (e)

Airteagal 3(1)

Airteagal 2(c)

Airteagal 8(3)

Airteagal 2(d)

Airteagal 4(3)

Airteagal 3

Airteagal 18(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 7(5)

Airteagal 5

Airteagal 30(1), Airteagal 30(4), an chéad fhomhír, Airteagal 30(6) agus pointe 1(d) de Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II

Airteagal 6(a)

Airteagal 26(1) agus Iarscríbhinn III

Airteagal 6(b)

Cuid 1 d'Iarscríbhinn I

Airteagal 6(c)

Cuid 2 d'Iarscríbhinn I

Airteagal 6(d)

Cuid 1 d'Iarscríbhinn II

Airteagal 6(e)

Airteagal 30(9) agus (10) agus Iarscríbhinn V

Airteagal 7(1)

Airteagal 62(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 62(2)

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11


Treoir 87/328/CEE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 21(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 21(4)

Airteagal 2(2)

Airteagal 12 agus Airteagal 13

Airteagal 2(3)

Airteagal 3

Airteagal 22(1) agus (3)

Airteagal 4

Airteagal 21(5)

Airteagal 5

Airteagal 29(1)

Airteagal 6

Airteagal 7


Cinneadh 96/463/CE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 29(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 29(4)(a) agus (b)(i)

Airteagal 2

Iarscríbhinn II

Pointe 1 agus Pointe 2 d'Iarscríbhinn IV


Treoir 88/661/CEE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2, pointí 9, 10, 12 agus 17

Airteagal 2(1)

Airteagal 3(1), Airteagal 4(3) agus Airteagal 8(3)

Airteagal 2(2)

Airteagal 3

Airteagal 21(2)-

Airteagal 4(1)

Airteagal 18(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 64(7)

Airteagal 4a, an chéad mhír

Airteagal 7(1)

Airteagal 4a, an dara mír

Airteagal 7(5)

Airteagal 5

Airteagal 30(1), Airteagal 30(4), an chéad fhomhír, Airteagal 30(6) agus pointe 1(d) de Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II

Airteagal 6(1)

Airteagal 30(9) agus (10), Cuid 1 agus Cuid 2 d'Iarscríbhinn I, Cuid 1 d'Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn V

Airteagal 6(2)

Airteagal 7(1)

Airteagal 3(1), Airteagal 8(3) agus Airteagal 4(3)

Airteagal 7(2)

Airteagal 1(3)-

Airteagal 7a

Airteagal 7(1) agus (5)

Airteagal 8

Airteagal 25(2)-

Airteagal 9

Airteagal 30(1), Airteagal 30(4), an chéad fhomhír, Airteagal 30(6) agus pointe 1(d) de Chuid 2 d'Iarscríbhinn II

Airteagal 10 (1)

Airteagal 30(9) agus (10), Cuid 1 agus Cuid 2 d'Iarscríbhinn I, Cuid 2 d'Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn V

Airteagal 10 (2)

Airteagal 11(1)

Airteagal 62(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 62(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 62(2)

Airteagal 12

Airteagal 1(3)-

Airteagal 13

Airteagal 14


Treoir 90/118/CEE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 21(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 21(4)

Airteagal 2(2)

Airteagal 12 agus Airteagal 13 agus Airteagal 28(2)

Airteagal 2(3)

Airteagal 14 agus Airteagal 28(2)

Airteagal 3

Airteagal 21(5)

Airteagal 4

Airteagal 62(1)

Airteagal 5

Airteagal 6


Treoir 90/119/CEE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 24(1) agus Airteagal 25

Airteagal 2

Airteagal 24(3)

Airteagal 3

Airteagal 4


Treoir 89/361/CEE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)-

Airteagal 2

Airteagal 2, pointe 9 agus pointe 12

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(1), Airteagal 4(3) agus Airteagal 8(3)

Airteagal 3(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 4

Cuid 1 agus Cuid 2 d'Iarscríbhinn I, Cuid 1 d'Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III

Airteagal 5

Airteagal 7(1) agus (5)

Airteagal 6

Airteagal 30(1), Airteagal 30(4), an chéad fhomhír, Airteagal 30(6) agus pointe 1(d) de Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II

Airteagal 7

Airteagal 1(3)-

Airteagal 8

Airteagal 62(1)

Airteagal 9

Airteagal 10


Treoir 90/427/CEE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1(1)

Airteagal 2

Airteagal 2, pointe 9 agus pointe 12

Airteagal 3, an chéad mhír

Airteagal 3(1)

Airteagal 3, an dara mír

Airteagal 1(3)-

Airteagal 4(1)(a)

Cuid 1 agus Cuid 3 d'Iarscríbhinn I

Airteagal 4(1)(b)

Pointe 1(c) de Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3), Airteagal 19(4), Airteagal 33, Airteagal 34(1)(c), Airteagal 30(9) agus (10), Airteagal 32, Iarscríbhinn I, Cuid 1 d'Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn V

Airteagal 5

Airteagal 7(1) agus (5)

Airteagal 6

Point 3 de Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II

Airteagal 7

Cuid 1 d'Iarscríbhinn II agus Cuid 1 d'Iarscríbhinn III

Airteagal 8(1)

Point 1(c) de Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II

Airteagal 8(2)

Airteagal 30(1), Airteagal 30(4), an chéad fhomhír, Airteagal 30(6), Airteagal 32 agus pointe 1(d) de Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II

Airteagal 9

Airteagal 1(3)

Airteagal 10

Airteagal 62(1)

Airteagal 11

Airteagal 12

Iarscríbhinn


Treoir 91/174/CEE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2-

Airteagal 2

Airteagal 3, Airteagal 35(1) agus Airteagal 45(1)-

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8


Treoir 94/28/CE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(4)

Airteagal 3(1) agus Airteagal 36(2)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 34

Airteagal 4

Airteagal 36(1)(a), (c) agus (d) agus Airteagal 37(1)(a)

Airteagal 5

Airteagal 36(1)(b) agus (d)

Airteagal 6

Airteagal 36(1)(b) agus (d)

Airteagal 7

Airteagal 36(1)(b) agus (d)

Airteagal 8

Airteagal 39(2)-

Airteagal 9(1) agus (2)

Airteagal 37(1)(b) agus (2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 10

Airteagal 57 agus Airteagal 60

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 62(1)

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15