29.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 171/1


RIALACHÁN (AE) 2016/1011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2016

maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bíonn praghsáil go leor ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais ag brath ar chruinneas agus ar shláine tagarmharcanna. Léiríonn cásanna tromchúiseacha cúblála ar thagarmharcanna rátaí úis amhail LIBOR agus EURIBOR, mar aon le líomhaintí go ndearnadh cúbláil ar thagarmharcanna fuinnimh, ola agus malairte eachtraí gur féidir le tagarmharcanna a bheith faoi réir coinbhleachtaí leasa. Le córais lánrogha agus rialachais laga a úsáid, déantar leochaileacht tagarmharcanna ó thaobh cúblála a mhéadú. Is féidir le clistí maidir le cruinneas agus sláine innéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna, nó amhras faoina gcruinneas agus sláine, an bonn a bhaint d'iontaoibh an mhargaidh, caillteanais a chruthú do thomhaltóirí agus d'infheisteoirí agus an fíorgheilleagar a shaobhadh. Is gá, dá bhrí sin, cruinneas, láidreacht agus sláine tagarmharcanna agus an phróisis faoina gcinntear tagarmharcanna a áirithiú.

(2)

Tá ceanglais áirithe i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le hiontaofacht na dtagarmharcanna a úsáidtear chun ionstraim airgeadais liostaithe a phraghsáil. Tá ceanglais áirithe i dTreoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) i ndáil leis na tagarmharcanna a úsáideann na heisitheoirí. Tá ceanglais áirithe i dTreoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) i ndáil le tagarmharcanna a bheith á n-úsáid ag gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI). Tá forálacha áirithe i Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (7), ar forálacha iad lena gcuirtear cosc ar chúbláil tagarmharcanna a úsáidtear i gcomhair táirgí mórdhíola fuinnimh. Ní chumhdaítear ach gnéithe áirithe de thagarmharcanna áirithe leis na gníomhartha reachtacha sin, áfach, agus ní théann siad i ngleic leis na leochaileachtaí ar fad maidir le gach tagarmharc a sholáthar, ná ní chumhdaítear leo úsáidí uile na dtagarmharcanna airgeadais sa tionscal airgeadais.

(3)

Bíonn tagarmharcanna ríthábhachtach chun idirbhearta trasteorann a phraghsáil, rud a éascaíonn feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh i raon leathan ionstraimí airgeadais agus seirbhísí airgeadais dá bharr. Go leor tagarmharcanna a úsáidtear mar rátaí tagartha i gconarthaí airgeadais, go háirithe i gcás morgáistí, cuirtear ar fáil iad i mBallstát amháin ach baineann institiúidí creidmheasa agus tomhaltóirí i mBallstáit eile úsáid astu. Chomh maith leis sin, is minic go ndéanann institiúidí creidmheasa den sórt sin a gcuid rioscaí a fhálú nó go bhfaigheann siad an cistiú chun na conarthaí airgeadais sin a dheonú sa mhargadh idirbhainc trasteorann. Níl rialacha náisiúnta maidir le tagarmharcanna glactha ach ag líon beag Ballstát, ach léiríonn a gcreataí dlí faoi seach maidir le tagarmharcanna éagsúlachtaí cheana féin i ndáil le gnéithe amhail raon feidhme an chur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, chomhaontaigh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO) prionsabail maidir le tagarmharcanna airgeadais an 17 Iúil 2013 (“prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais”), Prionsabail le haghaidh Gníomhaireachtaí a Thuairiscíonn Praghas na hOla an 5 Deireadh Fómhair 2012 (“prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna”) (“prionsabail IOSCO”, in éineacht le chéile) agus toisc go gcuirtear solúbthacht áirithe ar fáil sna prionsabail sin maidir lena raon feidhme beacht agus maidir lena modhanna cur chun feidhme, is dealraitheach go nglacfaidh na Ballstáit rialacha ar an leibhéal náisiúnta lena gcuirfí prionsabail den sórt sin i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla.

(4)

Bheadh ilroinnt ar an margadh inmheánach ann mar thoradh ar na cineálacha cur chuige éagsúla sin toisc go mbeadh riarthóirí agus úsáideoirí tagarmharcanna faoi réir rialacha difriúla i mBallstáit dhifriúla. Mar sin, d'fhéadfadh sé go gcoscfaí tagarmharcanna a chuirtear ar fáil i mBallstát amháin a bheith á n-úsáid i mBallstáit eile. In éagmais creat comhchuibhithe chun cruinneas agus sláine na dtagarmharcanna a úsáidtear in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais san Aontas a áirithiú, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta san Aontas a thomhas, is dealraitheach dá bhrí sin go gcruthóidh difríochtaí i ndlíthe na mBallstát bacainní chur ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh maidir le tagarmharcanna a sholáthar.

(5)

Ní chumhdaíonn rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí an tsaincheist ar leith i ndáil le faisnéis leormhaith maidir le tagarmharcanna i gconarthaí airgeadais. Mar thoradh ar ghearáin ó chustaiméirí agus ar dhlíthíocht a bhaineann le tagarmharcanna a úsáid i roinnt Ballstát, is dealraitheach go nglacfaí bearta atá éagsúil óna chéile, arna spreagadh ag imní dhlisteanach maidir le cosaint tomhaltóirí, ar an leibhéal náisiúnta, agus d'fheadfadh ilroinnt ar an margadh inmheánach a bheith ann dá bharr i ngeall ar na coinníollacha éagsúla iomaíochta a bhaineann le leibhéil dhifriúla cosanta do thomhaltóirí.

(6)

Dá bhrí sin, d'fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus coinníollacha a fheidhmithe a fheabhsú, go háirithe maidir le margaí airgeadais, agus d'fhonn ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí agus d'infheisteoirí, is iomchuí creat rialála a leagan síos le haghaidh tagarmharcanna ar leibhéal an Aontais.

(7)

Is iomchuí agus is gá go mbeadh an creat sin i bhfoirm rialacháin d'fhonn a áirithiú go ndéantar forálacha a fhorchuireann oibleagáidí go díreach ar dhaoine a bhfuil baint acu le soláthar, rannchuidiú agus úsáid tagarmharcanna a chur i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach ar fud an Aontais. Ó rud é nach mór bearta a bheith i gceist le creat dlí den sórt sin, ar bearta iad lena sonraítear ceanglais bheachta a bhaineann le gnéithe atá de dhlúth agus d'inneach i soláthar den sórt sin tagarmharcanna, féadfaidh éagsúlachtaí beaga fiú sa chur chuige a thógtar i leith ceann de na gnéithe sin bacainní suntasacha a chruthú ó thaobh soláthar trasteorann tagarmharcanna de. Dá bhrí sin, trí úsáid a bhaint as rialachán, atá infheidhme go díreach, ba cheart an fhéidearthacht a laghdú go ndéanfaidh údaráis inniúla bearta atá éagsúil óna chéile ar an leibhéal náisiúnta, agus ba cheart cur chuige comhsheasmhach agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a áirithiú agus cosc a chur ar bhacainní suntasacha teacht chun cinn i ndáil le soláthar trasteorann tagarmharcanna.

(8)

Ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a bheith chomh leathan agus is gá chun creat rialála coisctheach a chruthú. Bíonn lánrogha i gceist le soláthar tagarmharcanna maidir lena gcinneadh agus tá sé faoi réir cineálacha áirithe coinbhleachta leasa mar gheall ar a bhfuil sa soláthar sin ann féin, rud a thugann le fios go bhfuil deiseanna agus dreasachtaí ann chun cúbláil a dhéanamh ar thagarmharcanna. Tá fachtóirí riosca den sórt sin coiteann do gach tagarmharc agus ba cheart iad a chur faoi réir ceanglais leormhaithe rialachais agus rialaithe. Athraíonn méid an riosca, áfach, agus ba cheart, dá bhrí sin, an nós imeachta a ghlactar a chur in oiriúint do na himthosca ar leith. Toisc go n-athraíonn leochaileacht agus tábhacht tagarmhairc le himeacht ama, ní rachfaí i ngleic leis na rioscaí a bheidh ag aon tagarmharc san am atá le teacht dá ndéanfaí an raon feidhme a shrianadh trí thagairt a dhéanamh d'innéacsanna atá tábhachtach nó leochaileach faoi láthair. Go háirithe, féadfar úsáid níos fearr a bhaint as tagarmharcanna nach bhfuil á n-úsáid go forleathan faoi láthair san am atá le teacht, ar an gcaoi go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ann fiú dá ndéanfaí mionchúbláil orthu.

(9)

Is é an rud criticiúil ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a shocrú cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar luach ionstraime airgeadais nó conartha airgeadais a shocrú nó feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas. Dá bhrí sin, níor cheart an raon feidhme a bheith ag brath ar chineál na sonraí ionchuir. Dá bhrí sin, ba cheart tagarmharcanna a ríomhtar ó shonraí ionchuir eacnamaíoch, amhail praghsanna scaireanna agus uimhreacha nach bhfuil eacnamaíoch, nó luachanna amhail paraiméadair aimsire a áireamh. Sa chreat dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart a admháil gur ann do líon mór tagarmharcanna agus an tionchar éagsúil a bhíonn acu ar chobhsaíocht airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar. Leis an Rialachán seo, ba cheart foráil a dhéanamh freisin d'fhreagairt chomhréireach maidir leis na rioscaí a bhíonn ag tagarmharcanna difriúla. Ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, tagarmharcanna a úsáidtear chun ionstraimí airgeadais liostaithe nó arna dtrádáil in ionaid rialáilte a phraghsáil.

(10)

Tá líon mór tomhaltóirí ina bpáirtithe i gconarthaí airgeadais, go háirithe comhaontuithe creidmheasa tomhaltais a bhfuil morgáistí mar urrús leo, a dhéanann tagairt do thagarmharcanna atá faoi réir na rioscaí céanna. Ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo comhaontuithe creidmheasa mar a shainmhínítear i dTreoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus i dTreoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(11)

Bíonn coinbhleachtaí leasa suntasacha i gceist le go leor innéacsanna infheistíochta agus úsáidtear iad chun feidhmíocht chiste, amhail ciste GCUI, a thomhas. Foilsítear roinnt de na tagarmharcanna sin agus cuirtear cinn eile ar fáil, saor in aisce nó tar éis táille a íoc, don phobal nó do chuid den phobal agus féadfaidh tionchar dochrach a bheith ann d'infheisteoirí má dhéantar cúbláil orthu. Dá bhrí sin, ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo innéacsanna nó rátaí tagartha a úsáidtear chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas.

(12)

Maidir le rannchuiditheoirí uile sonraí ionchuir le tagarmharcanna, is féidir leo lánrogha a fheidhmiú agus d'fhéadfaidís a bheith faoi réir coinbhleachtaí leasa, agus mar sin tá an riosca ann go bhféadfaidís a bheith ina bhfoinse cúblála. Is gníomhaíocht dheonach atá i gceist le rannchuidiú le tagarmharc. Má cheanglaítear le haon tionscnamh ar rannchuiditheoirí athrú suntasach a dhéanamh ar a gcuid samhlacha gnó, d'fhéadfaidís scor de bheith ag rannchuidiú. I gcás na n-eintiteas atá faoi réir rialála agus maoirseachta cheana féin, áfach, a gceanglaítear orthu córais mhaithe rialachais agus rialaithe a bheith acu, níltear ag súil leo go mbeidh costais shuntasacha ann ná ualach riaracháin míréireach. Dá bhrí sin, forchuireann an Rialachán seo oibleagáidí áirithe ar rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht. Nuair a chinntear tagarmharc ar bhonn sonraí atá ar fáil go héasca, níor cheart foinse na sonraí sin a mheas mar rannchuiditheoir.

(13)

Ní úsáidtear tagarmharcanna airgeadais ach amháin chun ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais a eisiúint ná a mhonarú. Braitheann an tionscal airgeadais ar thagarmharcanna freisin chun fheidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas chun críoch tuairisceán a rianú nó leithdháileadh sócmhainní a chinneadh maidir le punann nó na táillí feidhmíochta a ríomh. Féadfar tagarmharc áirithe a úsáid go díreach mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas, nó go hindíreach laistigh de theaglaim tagarmharcanna. Sa chás deireanach sin, maidir le socrú agus athbhreithniú na n-ualaí a bheidh le sannadh do na hinéacsanna éagsúla laistigh de theaglaim chun críche íocaíocht nó luach ionstraime airgeadais nó conartha airgeadais a chinneadh nó chun ciste feidhmíochta a thomhas, is ionann é freisin agus úsáid, ós rud é nach bhfuil lánrogha i gceist leis, murab ionann agus an ghníomhaíocht tagarmharcanna a sholáthar. Ní mheastar gur úsáid tagarmhairc atá i gceist le sealbhú ionstraimí airgeadais a thagraíonn do thargarmharc áirithe.

(14)

Comhlíonann bainc cheannais cheana prionsabail, caighdeáin agus nósanna imeachta a áirithíonn go bhfeidhmíonn siad a gcuid gníomhaíochtaí le hionracas agus ar bhealach neamhspleách. Dá bhrí sin, níl sé riachtanach go mbeadh bainc cheannais faoi réir an Rialacháin seo. Nuair a sholáthraíonn bainc cheannais tagarmharcanna, go háirithe más rud é go bhfuil na tagarmharcanna sin beartaithe chun críocha idirbhirt, is ar na bainc sin atá an fhreagracht nósanna imeachta imheánacha iomchuí a leagan síos chun cruinneas, sláine, iontaofacht agus neamhspleáchas na dtagarmharcanna sin a áirithiú, go háirithe maidir le trédhearcacht i rialachas agus i modheolaíocht ríomha.

(15)

Ina theannta sin, níor cheart d'údaráis phoiblí, lena n-áirítear gníomhaireachtaí náisiúnta staidrimh, a bheith faoi réir an Rialacháin seo i gcás ina rannchuidíonn siad sonraí le tagarmharcanna, ina soláthraíonn siad sonraí nó ina bhfuil smacht acu ar na tagarmharcanna sin chun críocha beartas poiblí, lena n-áirítear bearta fostaíochta, gníomhaíocht eacnamaíochta, agus boilsciú.

(16)

Is éard is riarthóir ann an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil smacht aige ar sholáthar tagarmhairc agus go háirithe an duine a riarann na socruithe chun an tagarmharc a chinneadh, a bhailíonn na sonraí ionchuir agus a dhéanann anailísiú orthu, a chinneann an tagarmharc nó a fhoilsíonn an tagarmharc. Ba cheart do riarthóir a bheith in ann ceann amháin de na feidhmeanna sin nó níos mó, lena n-áirítear ríomh nó foilsiú an tagarmhairc, nó seirbhísí ábhartha eile agus gníomhaíochtaí maidir le soláthar an tagarmhairc, a sheachfhoinsiú do thríú páirtí. I gcás nach ndéanann duine ach tagarmharc a fhoilsiú nó tagairt a dhéanamh dó mar chuid de ghníomhaíochtaí iriseoireachta an duine sin, áfach, ach nach bhfuil smacht aige ar sholáthar an tagarmhairc sin, níor cheart go mbeadh an duine sin faoi réir na gceanglas a fhorchuirtear ar riarthóirí leis an Rialachán seo.

(17)

Déantar innéacs a ríomh trí úsáid a bhaint as foirmle nó as modheolaíocht éigin eile ar bhonn luachanna bunúsacha. Bíonn meid lánrogha i gceist maidir leis an bhfoirmle a chur le chéile, leis an ríomh is gá a dhéanamh agus leis na sonraí ionchuir a chinneadh, rud a chruthaíonn baol clúblála. Dá bhrí sin, ba cheart gach tagarmharc lena mbaineann an tsaintréith sin lánrogha a chumhdach leis an Rialachán seo.

(18)

Mar sin féin, i gcás ina n-úsáidtear praghas aonair nó luach aonair mar thagairt d'ionstraim airgeadais, mar shampla más é an praghas atá ar urrús aonair an praghas tagartha do rogha nó don todhchaíocht, ní bhíonn aon ríomh, sonraí ionchuir ná lánrogha i gceist. Dá bhrí sin, níor cheart a mheas go bhfuil praghsanna tagartha le praghas aonair nó luach aonair ina dtagarmharcanna chun críocha an Rialacháin seo.

(19)

Níor cheart a mheas go bhfuil praghsanna tagartha nó praghsanna socraíochta arna dtáirgeadh ag contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) ina dtagarmharcanna toisc go n-úsáidtear iad chun socraíocht, corrlaigh agus bainistíocht riosca a chinneadh agus dá bhrí sin ní chinntear leo an méid is iníoctha faoi ionstraim airgeadais ná luach ionstraime airgeadais.

(20)

Níor cheart rátaí iasachta arna soláthar ag creidiúnaithe a mheas mar sholáthar tagarmharcanna chun críocha an Rialacháin seo. Déantar ráta iasachta arna sholáthar ag creidiúnaí a shocrú le cinneadh inmheánach nó a ríomh mar raon nó marcáil suas thar innéacs (e.g. EURIBOR). Sa chéad chás, tá an creidiúnaí díolmhaithe ón Rialachán seo don ghníomhaíocht a bhaineann le conarthaí airgeadais a bheidh déanta ag an gcreidiúnaí sin lena chliaint nó lena cliaint féin, fad is go meastar gur úsáideoir tagarmhairc, agus é sin amháin, atá sa chás deiridh.

(21)

D'fhonn sláine na dtagarmharcanna a áirithiú, ba cheart a cheangal ar riarthóirí tagarmharcanna socruithe leormhaithe rialachais a chur chun feidhme chun coinbhleachtaí leasa a rialú agus chun iontaoibh i sláine na dtagarmharcanna a chosaint. Fiú nuair a dhéantar bainistiú éifeachtach orthu, tá formhór na riarthóirí faoi réir coinbhleachtaí leasa áirithe agus d'fhéadfadh sé go mbíonn orthu breithiúnais agus cinntí a dhéanamh a dhéanann difear do ghrúpa éagsúil geallsealbhóirí. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin go gcuireann riarthóirí feidhm i bhfeidhm, ar feidhm é a fheidhmíonn le hionracas chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus éifeachtacht na socruithe rialachais lena gcuirtear formhaoirseacht éifeachtach ar fáil.

(22)

Is féidir le cúbláil nó le neamhiontaofacht tagarmharcanna damáiste a dhéanamh d'infheisteoirí agus do thomhaltóirí. Dá bhrí sin, ba cheart creat a leagan amach leis an Rialachán seo faoina gcoimeádfaidh riarthóirí agus rannchuiditheoirí taifid agus faoin soláthrófar freisin trédhearcacht maidir le cuspóir agus modheolaíocht tagarmhairc, rud a éascóidh réiteach níos éifeachtaí agus níos cothroime ar éilimh a d'fhéadfadh a bheith ann i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais.

(23)

Éilítear anailís agus fianaise ex post le hiniúchóireacht a dhéanamh agus le forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo. Ba cheart leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, ceanglais a leagan amach maidir le coimeád leormhaith taifead a bheith á dhéanamh ag riarthóirí tagarmharcanna, ar ceanglais iad a bhaineann le ríomh an tagarmhairc ar feadh tréimhse leordhóthanach ama. Is dóichí go dtiocfaidh athrú de réir a chéile ar an bhfíorchás a bhfuil sé beartaithe a thomhas le tagarmharc agus ar an timpeallacht ina dtomhaistear é. Dá bhrí sin is gá próiseas agus modheolaíocht sholáthar na dtagarmharcanna a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil d'fhonn easnaimh agus feabhsúcháin a d'fhéadfadh a bheith ann a shainaithint. D'fhéadfadh clistí ó thaobh sholáthar an tagarmhairc tionchar a imirt ar go leor geallsealbhóirí agus is féidir leo cuidiú chun easnaimh den sórt sin a shainaithint. Leis an Rialachán seo, mar sin, ba cheart creat a leagan amach chun go mbunóidh riarthóirí tagarmharcanna sásra láimhseála gearán chun cur ar chumas na ngeallsealbhóirí fógra a thabhairt don riarthóir tagarmhairc maidir le gearáin agus a áirithiú go ndéanann an riarthóir tagarmhairc meastóireacht oibiachtúil ar thuillteanais aon ghearáin.

(24)

Le soláthar tagarmharcanna, is minic go gcaitear feidhmeanna tábhachtacha a sheachfhoinsiú, amhail an tagarmharc a ríomh, sonraí ionchuir a bhailiú agus an tagarmharc a scaipeadh. D'fhonn éifeachtacht na socruithe rialachais a áirithiú, is gá a áirithiú nach scaoileann seachfhoinsiú den sórt sin riarthóirí tagarmharcanna ó aon cheann de na hoibleagáidí agus freagrachtaí atá orthu, agus go ndéantar é ar bhealach nach gcuireann isteach ar chumas na riarthóirí a gcuid oibleagáidí ná freagrachtaí a chomhlíonadh, ná ar chumas an údaráis inniúil ábhartha maoirseacht a dhéanamh orthu.

(25)

Is é an riarthóir tagarmhairc faighteoir lárnach na sonraí ionchuir agus tá sé in ann meastóireacht a dhéanamh ar shláine agus ar chruinneas na sonraí ionchuir ar bhonn leanúnach. Is gá, dá bhrí sin, go gceanglaítear leis an Rialachán seo go nglacann riarathóirí bearta áirithe i gcás ina measann riarathóir nach léiríonn sonraí ionchuir an margadh nó an fíorchás eacnamaíoch a bhfuil sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc, ar bearta iad a chuimsíonn bearta chun na sonraí ionchuir, na rannchuiditheoirí nó an mhodheolaíocht a athrú nó chun scoir den tagarmharc sin a sholáthar. Thairis sin, ba cheart do riarthóir, mar chuid dá chreat rialaithe, bearta a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh, i gcás inarb indéanta, ar shonraí ionchuir sula bhfoilsítear an tagarmharc agus chun sonraí ionchuir a bhailíochtú tar éis foilseacháin, lena n-áirítear na sonraí sin a chur i gcomparáid le patrúin stairiúla i gcás inarb infheidhme.

(26)

Maidir le haon lánrogha a fhéadfar a fheidhmiú agus sonraí ionchuir á soláthar, cruthaítear deis léi chun clúbláil a dhéanamh ar thagarmharc. Más sonraí bunaithe ar idirbheart iad na sonraí ionchuir, ní bhíonn an oiread lánrogha i gceist agus laghdaítear dá bhrí sin an deis a bhíonn ann cúbláil a dhéanamh ar na sonraí. Mar riail ghinearálta, ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna, dá bhrí sin, sonraí ionchuir iarbhír idirbheart-bhunaithe a úsáid más féidir ach is féidir sonraí eile a úsáid sna cásanna sin nach bhfuil na sonraí idirbhirt leordhóthanach nó iomchuí chun sláine agus cruinneas an tagarmhairc a áirithiú.

(27)

Maidir le cruinneas agus iontaofacht tagarmhairc agus tomhas á dhéanamh ar an bhfíorchás eacnamaíoch a bhfuil sé i gceist ag an tagarmharc é a thomhas, braitheann siad ar an modheolaíocht agus ar na sonraí ionchuir a úsáidtear. Is gá, dá bhrí sin, modheolaíocht thrédhearcach a ghlacadh lena ndéantar iontaofacht agus cruinneas an tagarmhairc a áirithiú. Le trédhearcacht den sórt sin, níl sé i gceist léi an fhoirmle a chuirtear i bhfeidhm chun tagarmharc áirithe a chinneadh a fholsiú, ach na heilimintí is leor a nochtadh chun ligean do gheallsealbhóirí a thuiscint conas a dhíorthaítear an tagarmharc agus chun measúnú a dhéanamh ar chomh hionadaíoch, chomh hábhartha agus chomh hiomchuí atá sé don úsáid dá bhfuil sé beartaithe.

(28)

D'fhéadfadh sé go mbeidh sé riachtanach an mhodheolaíocht a athrú d'fhonn cruinneas leanúnach an tagarmhairc a áirithiú, ach bíonn tionchar ag aon athruithe sa mhodheolaíocht ar úsáideoirí agus ar gheallsealbhóirí an tagarmhairc. Dá bhrí sin, is gá na nósanna imeachta a bheidh le leanúint agus modheolaíocht an tagarmhairc á hathrú a shonrú, lena n-áirítear an gá le comhairliúchán, ionas go mbeidh úsáideoirí agus geallsealbhóirí in ann an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh i bhfianaise na n-athruithe sin nó fógra a thabhairt don riarthóir má tá ábhar imní acu i ndáil leis na hathruithe sin.

(29)

Is féidir le fostaithe an riarthóra sáruithe féideartha ar an Rialachán seo nó leochaileachtaí féideartha a bhféadfaidh cúbláil nó iarracht ar chúbláil a bheith mar thoradh orthu a shainaithint. Dá bhrí sin, ba cheart creat a chur i bhfeidhm leis an Rialachán seo chun a chur ar chumas fostaithe foláireamh a thabhairt do riarthóirí go rúnda maidir le sáruithe féideartha ar an Rialachán seo.

(30)

Braitheann sláine agus cruinneas na dtagarmharcanna ar shláine agus ar chruinneas na sonraí ionchuir a sholáthraíonn rannchuiditheoirí. Tá sé riachtanach go ndéantar oibleagáidí na rannchuiditheoirí maidir le sonraí ionchuir den sórt sin a shonrú go soiléir, gur féidir brath ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí sin, agus go bhfuil na hoibleagáidí comhsheasmhach le rialuithe agus le modheolaíocht an riarthóra tagarmharcanna. Is gá, dá bhrí sin, go ndéanann an riarthóir tagarmhairc cód iompair a chur le chéile chun na ceanglais sin agus freagrachtaí an rannchuiditheora maidir le soláthar sonraí ionchuir a shonrú. Ba cheart do na riarthóirí a bheith sásta go gcloíonn na rannchuiditheoirí leis an gcód iompair. I gcás ina bhfuil na rannchuiditheoirí lonnaithe i dtríú tíortha, ba cheart don riarthóir a bheith sásta a mhéid is féidir.

(31)

Féadfaidh rannchuiditheoirí a bheith faoi réir coinbhleachtaí leasa agus tá siad in ann lánrogha a fheidhmiú agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le sonraí ionchuir. Dá bhrí sin, is gá go mbeadh rannchuiditheoirí faoi réir socruithe rialachais d'fhonn a áirithiú go ndéantar na coinbhleachtaí sin a bhainistiú agus go mbíonn na sonraí ionchuir cruinn, i gcomhréir le riachtanais an riarthóra agus gur féidir iad a bhailíochtú.

(32)

Déantar an-chuid tagarmharcanna a chinneadh trí fhoirmle a chur i bhfeidhm lena n-úsáidtear sonraí ionchuir a sholáthraíonn na heintitis seo a leanas: ionad trádála, socrú foilsiúcháin formheasta, soláthróir comhdhlúite téipe, sásra tuairiscithe formheasta, malartán fuinnimh nó ardán ceantála lamháltais astaíochtaí. In imthosca áirithe, déantar an bailiú sonraí a sheachfhoinsiú do sholáthróir seirbhíse a fhaigheann na sonraí go hiomlán agus go díreach ó na heintitis sin. Sna cásanna sin, leis an rialú agus leis an maoirsiú atá ann cheana, déantar sláine agus trédhearcacht na sonraí ionchuir a áirithiú agus déantar foráil leo do na ceanglais rialachais agus do na nósanna imeachta maidir le fógra a thabhair faoi sháruithe. Dá bhrí sin, níl na tagarmharcanna sin chomh leochaileach i leith cúblála, tá siad faoi réir fíoruithe neamhspleácha, agus déantar na riarthóirí ábhartha a scaoileadh dá réir sin ó oibleagáidí áirithe a leagtar amach sa Rialachán seo.

(33)

Bíonn saintréithe, leochaileachtaí agus rioscaí éagsúla ag cineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha éagsúla tagarmharcanna. Ba cheart forálacha an Rialacháin seo a shonrú tuilleadh le haghaidh earnálacha agus cineálacha tagarmharcanna ar leith. Is tagarmharcanna iad tagarmharcanna rátaí úis a bhfuil ról tábhachtach acu ó thaobh beartas airgeadaíochta a tharchur agus is gá, dá réir sin, forálacha sonracha a thabhairt isteach sa Rialachán seo i leith tagarmharcanna den sórt sin.

(34)

Bíonn saintréithe uathúla ag margaí tráchtearraí fisiceacha agus ba cheart iad a chur san áireamh. Baintear úsáid fhorleathan as tagarmharcanna tráchtearraí agus is féidir saintréithe earnáilsonracha a bheith ag baint leo, mar sin is gá forálacha sonracha a thabhairt isteach leis an Rialachán seo le haghaidh tagarmharcanna den sórt sin. Tá tagarmharcanna tráchtearraí áirithe díolmhaithe ón Rialachán seo ach bheadh orthu prionsabail IOSCO ábhartha a urramú mar sin féin. Is féidir le tagarmharcanna éirí criticiúil ós rud é nach bhfuil an córas teoranta do thagarmharcana atá bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis mhaoirsithe iad ar an mórgóir. Maidir le tagarmharcanna tráchtearraí criticiúla atá faoi réir Iarscríbhinn II, níl ceanglais an Rialacháin seo maidir le rannchuidiú éigeantach agus le coláistí infheidhme.

(35)

Is féidir le cliseadh tagarmharcanna criticiúla tionchar a bheith aige ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais,ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnóthas sna Ballstáit. D'fhéadfaí na héifeachtaí díchobhsaithe ionchasacha a bheadh ag cliseadh tagarmharc criticiúil a bhrath i mBallstát aonair nó i níos mó ná Ballstát amháin. Is gá, dá bhrí sin, go bhforáiltear sa Rialachán seo do phróiseas chun na tagarmharcanna sin a chinneadh ba cheart a mheas a bheith ina dtagarmharcanna criticiúla agus go mbeidh feidhm ag ceanglais bhreise chun sláine agus láidreacht tagarmharcanna den sórt sin a áirithiú.

(36)

Is féidir tagrmharcanna criticiúla a chinneadh trí chritéar cainníochtúil nó trí theaglaim de chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla a úsáid. Ina theannta sin, i gcásanna nach sroicheann tagarmharc an tairseach chainníochtúil iomchuí, d'fhéadfaí é a aithint mar thagarmharc criticiúil mar sin féin i gcás nach bhfuil ionadaí ar bith nó fíorbheagán ionadaithe faoi stiúir an mhargaidh ag an tagarmharc agus go bhfuil sé ábhartha do shláine an mhargaidh, do chobhsaíocht airgeadais nó do chosaint tomhaltóirí i mBallstát amháin nó níos mó é a bheith ann agus cruinn, agus i gcás ina gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla ábhartha go léir gur cheart tagarmharc den sórt sin a aithint mar thagarmharc criticiúil. I gcás easaontas a bheith ann idir na húdaráis inniúla ábhartha, ba cheart forlámhas a bheith ag cinneadh údarás inniúil an riarthóra ar cheart tagarmharc den sórt sin a aithint mar thagarmharc criticiúil. I gcás den sórt sin, ba cheart don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), mar a bunaíodh ag Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), bheith in ann tuairim a fhoilsiú maidir leis an measúnú a bheidh déanta ag údarás inniúil an riarthóra. Sa bhreis air sin, féadfaidh údarás inniúil tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc criticiúil bunaithe ar chritéir cháilíochtúla áirithe i gcás ina bhfuil an riarthóir agus tromlach na rannchuiditheoirí don tagarmharc lonnaithe ina Bhallstát. Ba cheart don Choimisiún na tagarmharcanna criticiúla uile a chur san áireamh i liosta arna bhunú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, ar gníomh é ba cheart a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

(37)

D'fhéadfadh scor riaradh tagarmhairc chriticiúil arna chur i gcrích ag riarthóir conarthaí airgeadais nó ionstraimí airgeadais a dhéanamh neamhbhailí, a bheith ina chúis do chaillteanais do thomhaltóirí agus d'infheisteoirí, agus tionchar a bheith aige ar chobhsaíocht airgeadais. Is gá, dá bhrí sin, cumhacht a chur san áireamh chun go n-éileodh an t-udarás inniúil ábhartha riarachán éigeantach ar thagarmharc criticiúil chun caomhnú a dhéanamh ar an tagarmharc i gceist a bheith ann. I gcás imeachtaí dócmhainneachta ó thaobh riarthóir tagarmharcanna de, ba cheart don údarás inniúil measúnú a sholáthar lena ndéanfadh an t-údarás breithiúnach ábhartha a mheas an bhféadfaí an tagarmharc criticiúil a aistriú chuig riarthóir nua, nó conas a dhéanfaí é sin, nó an bhféadfaí scor de bheith á sholáthar.

(38)

Gan dochar do dhlí iomaíochta an Aontais a chur i bhfeidhm agus do chumas na mBallstát bearta a dhéanamh chun comhlíonadh an dlí sin a éascú, is gá a cheangal ar riarthóirí tagarmharcanna criticiúla, lena n-áirítear tagarmharcanna tráchtearraí criticiúla, céimeanna leormhaithe a dhéanamh chun a áirithiú go soláthraítear ceadúnais tagarmharcanna, agus faisnéis fúthu, ar bhonn réasúnach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach do na húsáideoirí go léir.

(39)

Rannchuiditheoirí a scoireann de shonraí ionchuir a rannchuidiú le tagarmharcanna criticiúla, d'fhéadfadh sé sin an bonn a bhaint d'inchreidteacht tagarmharcanna den sórt sin, ós rud é go gcuirfí as do chumas tagarmharcanna den sórt sin an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch a thomhas mar thoradh air sin. Is gá, dá bhrí sin, cumhacht a chur san áireamh chun go n-éileodh an t-udarás inniúil ábhartha rannchuidithe éigeantacha ó eintititis faoi mhaoirseacht le tagarmharcanna criticiúla chun inchreidteacht an tagarmhairc lena mbaineann a chaomhnú. Níl sé beartaithe go ndéanfaí le rannchuidiú sonraí ionchuir oibleagáid a fhorchur ar eintitis idirbhearta a dhéanamh nó gealltanas a thabhairt idirbhearta a dhéanamh.

(40)

Ós rud é gur ann d'éagsúlacht mhór de chineálacha agus méideanna tagarmharcanna, tá sé tábhachtach comhréireacht a thabhairt isteach sa Rialachán seo agus go seachnófaí ualach róthrom riaracháin a chur ar riarthóirí tagarmharcanna ar bagairt é a scor don chóras airgeadais níos leithne. Dá bhrí sin, sa bhreis ar an gcóras do thagarmharcanna criticiúla, ba cheart dhá chóras ar leith a thabhairt isteach: ceann amháin le haghaidh tagarmharcanna suntasacha agus ceann amháin le haghaidh tagarmharcanna neamhshuntasacha.

(41)

Ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna suntasacha a bheith in ann a roghnú gan líon teoranta cheangaltais mhionsonraithe an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm. Ba cheart d'údaráis inniúla, áfach, an ceart a choimeád cur i bhfeidhm na gceanglas sin, bunaithe ar na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo, a éileamh. Le gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a bhfuil feidhm acu maidir le riarthóirí tagarmharcanna suntasacha, ba cheart dóibh aird chuí a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta agus a bheith mar aidhm leo an t-ualach riaracháin a sheachaint i gcás inar féidir.

(42)

Tá riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha faoi réir córas nach bhfuil chomh mionsonraithe, córas trínar cheart riarthóirí a bheith in ann a roghnú gan roinnt ceanglas den Rialachán seo a chur i bhfeidhm. I gcás den sórt sin, agus ba cheart don riarthóir i gceist a mhíniú cén fáth a bhfuil sé iomchuí gan déanamh amhlaidh i ráiteas comhlíonta ar cheart a fhoilsiú agus a sholáthar d'údarás inniúil an riarthóra, Ba cheart don údarás inniúil sin athbhreithniú a dhéanamh ar an ráiteas comhlíonta agus ba cheart dó bheith in ann faisnéis bhreise a iarraidh nó a éileamh go ndéanfaí athruithe d'fhonn comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Cé go bhféadfadh tagarmharcanna neamhshuntasacha a bheith fós leochaileach i leith cúblála, is fusa tagarmharcanna eile a chur ina n-ionad, agus mar sin ba cheart gurb í an phríomhionstraim a úsaidfear do rannpháirtithe sa mhargadh ná an trédhearcacht ionas go mbeidh siad in ann roghanna eolacha a dhéanamh faoi na tagarmharcanna a mheasann siad a bheith iomchuí lena n-úsáid. Ar an gcúis sin, níor cheart feidhm a bheith ag na gníomhartha tarmligthe i dTeideal II maidir le riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha.

(43)

Ionas go ndéanfaidh úsáideoirí tagarmharcanna roghanna iomchuí as líon na dtagarmharcanna, agus go dtuigfidh siad na rioscaí a bhaineann leo, ní mór dóibh fios a bheith acu i dtaobh cad atá beartaithe a thomhas le tagarmharc ar leith agus so-ghabhálacht an tagarmhairc sin i leith clúblála. Dá bhrí sin, ba cheart don riarthóir tagarmhairc ráiteas tagarmhairc a fhoilsiú ina sonraítear na gnéithe sin. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a áirithiú agus a áirithiú go bhfuil fad réasúnach ag na ráitis tagarmhairc, ach ag an am céanna go bhfuil siad ag díriú ar an bhfaisnéis ríthábhachtach is gá a sholáthar d'úsáideoirí ar bhealach atá inrochtana go héasca, ba cheart d'ÚEUM sonraíocht bhreise ar inneachar an ráitis tagarmhairc a sholáthar, ráiteas lena ndéanfaidh difreáil iomchuí idir cineálacha éagsúla agus sonraíochtaí tagarmharcanna agus dá riarthóirí.

(44)

Ba cheart don Rialachán seo prionsabail IOSCO a chur san áireamh, ar prionsabail iad a fheidhmíonn mar chaighdeáin dhomhanda le haghaidh ceanglais rialála i leith tagarmharcanna. Mar phrionsabal uileghabhálach, d'fhonn cosaint infheisteoirí a áirithiú, ba cheart maoirseacht agus rialáil i dtríú tír a bheith coibhéiseach le maoirseacht agus le rialáil tagarmharcanna san Aontas. Dá bhrí sin, is féidir le heintitis faoi mhaoirseacht tagarmharcanna a sholáthraíonn an tríú tír sin a úsáid san Aontas, i gcás ina mbeidh cinneadh dearfach glactha ag an gCoimisiún maidir le coibhéis chóras an tríú tír. In imthosca den sórt sin, ba cheart d'údaráis inniúla socruithe comhair a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha. Ba cheart d'ÚEUM comhordú a dhéanamh ar fhorbairt socruithe comhair den sórt sin agus ar mhalartú faisnéise a fhaightear ó thríú tíortha idir údaráis inniúla. Mar sin féin, chun aon tionchar docrach a bheadh ann mar thoradh ar scor tobann féideartha ar úsáid tagarmharcanna san Aontas arna soláthar ag tríú tír a sheachaint, déantar foráil leis an Rialachán seo freisin do shásraí áirithe eile (eadhon, aitheantas agus formhuiniú) faoinar féidir le heintitis faoi mhaoirseacht atá lonnaithe san Aontas tagarmharcanna tríú tíortha a úsáid.

(45)

Tugtar isteach leis an Rialachán seo próiseas lena dtabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tagartha aitheantas do riarthóirí atá lonnaithe i dtríú tír. Ba cheart aitheantas a thabhairt do na riarthóirí a mbeidh ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh acu. Agus ról phrionsabail IOSCO á aithint aige mar chaighdeán domhanda chun tagarmharcanna a sholáthar, ba cheart d'údarás inniúil an Bhallstáit tagartha a bheith in ann aitheantas a thabhairt do riarthóirí ar bhonn phrionsabail IOSCO a bheith á gcur i bhfeidhm acu. Chun a dhéanamh amhlaidh, ba cheart don údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm phrionsabail IOSCO trí bhíthin riarthóir ar leith agus a chinneadh an bhfuil cur i bhfeidhm den sórt sin, i gcás an riarthóir i dtrácht, coibhéiseach leis na ceanglais éagsúla a bhunaítear sa Rialachán seo a chomhlíonadh, agus sainúlachtaí an chórais aitheantais i gcomparáid leis an gcóras coibhéiseach á gcur san áireamh.

(46)

Tugtar córas formhuinithe isteach leis an Rialachán seo freisin lena ligtear do riarthóirí nó eintitis faoi mhaoirseacht atá lonnaithe san Aontas tagarmharcanna arna soláthar ag tríú tíortha a fhormhuiniú, faoi choinníollacha áirithe, chun tagarmharcanna den sórt sin a úsáid san Aontas. Chun a dhéanamh amhlaidh, ba cheart don údarás inniúil, agus an tagarmharc a bheidh le formhuiniú á sholáthar aige, a chur san áireamh an mbeadh comhlíonadh phrionsabail IOSCO coibhéiseach le comhlíonadh an Rialacháin seo, agus sainiúlachtaí an chórais formhuinithe i gcomparáid leis an gcóras coibhéiseach á gcur san áireamh. Ba cheart do riarthóir nó d'eintiteas faoi mhaoirseacht a mbeidh tagarmharc arna sholáthar ag tríú tír formhuinithe aige a bheith freagrach go hiomlán as tagarmharcanna formhuinithe den sórt sin agus as na coinníollacha ábhartha dá dtagraítear sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(47)

Tá gach riarthóir tagarmharcanna in ann lánrogha a fheidhmiú, tá an fhéidearthacht ann go mbeidh siad faoi réir coinbhleachtaí leasa, agus tá an baol ann go mbeidh córais rialachais agus rialaithe neamhleora i bhfeidhm acu. Toisc go rialaíonn riarthóirí an próiseas faoina gcinntear tagarmharcála, is é an bealach is éifeachtaí chun sláine tagarmharcanna a áirithiú údarú nó clárú agus maoirseacht a bheith de cheangal ar riarthóirí.

(48)

Ba cheart d'údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil riarthóirí áirithe lonnaithe an riarthóir i dtrácht a údarú agus a mhaoirsiú. Ba cheart d'údarás inniúil eintitis atá faoi réir maoirsiú cheana agus a sholáthraíonn tagarmharcanna airgeadais seachas tagarmharcanna criticiúla a chlárú agus a mhaoirsiú chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart don údarás inniúil ábhartha eintitis nach soláthraíonn ach innéacsanna a cháilíonn mar thagarmharcanna neamhshuntasacha a chlárú freisin. Ba cheart gur próisis ar leith iad údarú agus clárú, agus maidir le húdarú ba cheart measúnú níos forleithne ar iarratas an riarthóra a éileamh. Maidir leis an riarthóir sin a bheith á mhaoirsiú ag na húdaráis inniúla ábhartha, níor cheart dó sin difear a dhéanamh cibé acu atá an riarthóir údaraithe nó cláraithe. Sa bhreis air sin, ba cheart córas idirthréimhseach a thabhairt isteach, ar dá réir a d'fhéadfaí daoine a sholáthraíonn tagarmharcanna nach bhfuil criticiúil agus nach n-úsáidtear go forleathan i mBallstát amháin nó níos mó a chlárú, d'fhonn an chéad chéim de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú. Ba cheart d'ÚEUM clár a choimeád ar leibhéal an Aontais ina mbeidh faisnéis maidir le riarthóirí údaraithe nó cláraithe, maidir le tagarmharcanna agus na riarthóirí a sholáthraíonn na tagarmharcanna sin de bhua cinneadh dearfach faoin gcóras coibhéiseach nó faoin gcóras aitheantais, maidir le riarthóirí de chuid an Aontais nó eintitis faoi mhaoirseacht de chuid an Aontais a mbeidh tagarmharcanna ó thríú tír formhuinithe acu, agus maidir le haon tagarmharc formhuinithe den sórt sin agus a gcuid riarthóirí atá lonnaithe i dtríú tír.

(49)

In imthosca áirithe, soláthraíonn duine innéacs ach d'fhéadfaí gan fios a bheith aige nó aici go bhfuiltear ag úsáid an innéacs i dtrácht mar thagairt le haghaidh ionstraim airgeadais, conradh airgeadais nó ciste infheistíochta. Tarlaíonn sé sin go háirithe sa chás go mbíonn na húsáideoirí agus an riarthóir tagarmhairc lonnaithe i mBallstáit dhifriúla. Is gá, dá bhrí sin, leibhéal na trédhearcachta a mhéadú maidir le cén tagarmharc sainiúil atá á úsáid. Is féidir trédhearcacht den sórt sin a bhaint amach trí fheabhas a chur ar inneachar na réamheolairí nó na bpríomhdhoiciméad faisnéise a éilítear le dlí an Aontais agus inneachar na bhfógraí a éilítear le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(50)

Tugtar ráthú go mbeidh maoirseacht éifeachtach ann trí shraith uirlisí éifeachtacha agus cumhachtaí éifeachtacha agus acmhainní éifeachtacha a thabhairt d'údaráis inniúla na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo, go háirithe, maidir le sraith íosta cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha ar cheart iad a chur ar iontaoibh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu faoin Rialachán seo, ba cheart d'údaráis inniúla agus d'ÚEUM gníomhú go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta agus a bheith uathrialach i gcónaí ina gcinnteoireacht.

(51)

Chun sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath, is gá d'údaráis inniúla a bheith in ann rochtain a fháil ar áitribh daoine dlítheanacha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, d'fhonn doiciméid a urghabháil. Tá rochtain ar áitribh den sórt sin riachtanach má tá amhras réasúnta ann go bhfuil doiciméid agus sonraí eile ann a bhaineann le hábhar cigireachta nó imscrúdaithe agus a bhféadfadh sé go mbeadh baint acu le hábhar chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú. Ina theannta sin, tá rochtain ar áitreabh mar sin riachtanach i gcás ina mainníonn an duine ar éilíodh faisnéis uaidh cheana an t-éileamh sin a chomhlíonadh, nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann le go gcreidfí nach gcomhlíonfaí an t-éileamh sin dá ndéanfaí é, nó go ndéanfaí na doiciméid nó an fhaisnéis, lena mbaineann an t-éileamh ar fhaisnéis, a bhaint, a chrioscaíl nó a scriosadh. Má tá réamhúdarú ag teastáil ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, ba cheart rochtain ar áitribh a thabhairt tar éis an réamhúdarú breithiúnach sin a fháil.

(52)

Is féidir le taifeadtaí ar chomhráite teileafóin agus taifid ar thrácht sonraí atá ann cheana ó eintitis faoi mhaoirseacht a bheith mar fhianaise ríthábhachtach, agus gan d'fhianaise a bheith ann ach iad uaireanta, chun sáruithe ar an Rialachán a bhrath agus a chruthú, go háirithe comhlíonadh na gceanglas rialachais agus rialaithe. Féadfaidh go gcabhróidh taifid agus taifeadtaí den sórt sin chun fíorú a dhéanamh ar chéannacht an duine atá freagrach as sonraí ionchuir a chur isteach, chomh maith le céannacht na ndaoine siúd atá freagrach as na sonraí sin a fhormheas agus cibé ar coinníodh deighilt eagraíochtúil idir na fostaithe nó nár coinníodh. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ar chumas údarás inniúil a cheangal go dtabharfaí dóibh taifeadtaí ar chomhráite teileafóin, cumarsáidí leictreonacha agus taifid ar thrácht sonraí arna gcoimeád ag eintitis faoi mhaoirseacht, sna cásanna sin ina bhfuil amhras réasúnta ann go bhféadfadh taifeadtaí nó taifid den sórt sin a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a bheith ábhartha chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú.

(53)

Leis an Rialachán seo, tugtar aird ar na cearta bunúsacha agus urramaítear na prionsabail a aithnítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart cosaint tomhaltóra a fháil, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, an ceart chun cosaint a fháil. Dá réir sin, ba cheart an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(54)

Ba cheart cearta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán. Go háirithe, ba cheart rochtain ar na cinntí ar a bhfuil cinneadh an údaráis inniúil bunaithe a chur ar fáil do na daoine atá faoi réir imeachtaí agus ba cheart an ceart éisteacht a fháil a thabhairt dóibh.

(55)

Tá trédhearcacht maidir le tagarmharcanna riachtanach ar mhaithe le cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais agus cosaint infheisteoirí. Ba cheart d'údaráis inniúla aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart d'ÚEUM aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(56)

Ag féachaint do na prionsabail a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiúin an 8 Nollaig 2010 maidir le córais smachtbhannaí san earnáil seirbhísí airgeadais, agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais arna nglacadh mar bhearta leantacha don Teachtaireacht sin a atreisiú, ba cheart do na Ballstáit, d'fhonn cur chuige comhchoiteann agus éifeacht dhíspreagthach a áirithiú, rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile, lena n-áirítear smachtbhannaí airgid, a bhfuil feidhm acu maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Ba cheart na smachtbhannaí riaracháin sin agus na bearta riaracháin eile sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(57)

Ba cheart smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile arna gcur i bhfeidhm i gcásanna ar leith a chinneadh agus tosca á gcur san áireamh nuair, is iomchuí, amhail aisíoc aon tairbhe airgeadais shonraithe, tromchúise agus fad an tsáraithe, aon tosca géaraitheacha nó maolaitheacha, an gá atá le héifeacht dhíspreagthach a bheith ag smachtbhannaí riaracháin airgid agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart a áireamh iontu laghdú má théitear i gcomhar leis an údarás inniúil. Go háirithe, ba cheart méid iarbhír na smachtbhannaí riaracháin airgid atá le gearradh i gcás ar leith a bheith in ann an t-uasleibhéal dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó an leibhéal níos airde dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, a bhaint amach i gcás sáruithe an-tromchúiseach, agus ag an am céanna ba cheart a bheith in ann smachtbhannaí riaracháin airgid atá cuid mhaith níos ísle ná an t-uasleibhéal a chur i bhfeidhm maidir le mionsáruithe nó i gcás socraíochta. Ba cheart an deis a bheith ag an údarás inniúil toirmeasc sealadach a fhorchur ar fheidhmiú feidhmeanna bainistíochta laistigh de riarthóirí tagarmharcanna nó rannchuiditheoirí tagarmharcanna.

(58)

Níor cheart don Rialachán seo cumas na mBallstát a theorannú foráil a dhéanamh do leibhéil níos airde de smachtbhannaí riaracháin agus ba cheart é a bheith gan dochar d'aon fhorálacha i ndlí na mBallstát a bhaineann le smachtbhannaí coiriúla.

(59)

Cé nach bhfuil aon rud ann le bac a chur ar na Ballstáit rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin nó smachtbhannaí coiriúla a leagan síos le haghaidh an tsáraithe chéanna, níor cheart a cheangal ar Bhallstáit rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin a leagan síos le haghaidh na sáruithe ar an Rialachán seo atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, níl sé de cheangal ar na Ballstáit smachtbhannaí riaracháin agus smachtbhannaí coiriúla araon a fhorchur i ndáil leis an gcion céanna, ach ba cheart dóibh bheith in ann déanamh amhlaidh má cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta. Mar sin fein, má dhéantar smachtbhannaí coiriúla a choimeád in ionad smachtbhannaí riaracháin le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo, níor cheart don méid sin cumas na n-údarás inniúil a laghdú, nó difear a dhéanamh dó ar aon slí eile, comhoibriú leis na húdaráis inniúla i mBallstáit eile, rochtain a fháil ar fhaisnéis atá leo agus faisnéis a mhalartú leo, agus an méid sin á dhéanamh ar bhealach tráthúil, chun críocha an Rialacháin seo, lena n-áirítear tar éis aon sáruithe ábhartha a tharchur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla le haghaidh ionchúiseamh coiriúil.

(60)

Is gá forálacha maidir le malartú faisnéise idir údaráis inniúla náisiúnta a athneartú agus na dualgais maidir le cúnamh agus comhar atá dlite acu dá chéile a neartú. Mar gheall ar an ngníomhaíocht trasteorann atá ag méadú, ba cheart d'údaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha a sholáthar dá chéile chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích, ionas go n-áirithítear forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil sárú nó sáruithe amhrasta mar ábhar imní do na húdaráis in dhá Bhallstát nó níos mó. Agus faisnéis á malartú, tá gá le dianrúndacht ghairmiúil chun a áirithiú go ndéantar an fhaisnéis a tharchur ar bhealach rianúil agus chun cearta ar leith a chosaint.

(61)

D'fhonn a áirithiú go bhfuil éifeacht dhíspreagthach ar an bpobal i gcoitinne ag na cinntí a dhéanann údaráis inniúla chun smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin eile a fhorchur, ba cheart iad a fhoilsiú. Is uirlis thábhachtach é freisin foilsiú na gcinntí lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin eile d'údaráis inniúla lena chur in iúl do rannpháirtithe sa mhargadh an cineál iompair a mheastar a bheith ina shárú ar an Rialachán seo agus chun dea-iompar níos leithne a chur chun cinn i measc rannpháirtithe sa mhargadh. Má tá an baol ann go ndéanfar dochar míréireach do na daoine lena mbaineann, nó go gcuirfear cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá idir lámha i mbaol le foilsiú den sórt sin, ba cheart don údarás inniúil an smachtbhanna riarachán nó an beart riaracháin eile a fhoilsiú i ndíth ainm nó moill a chur leis an bhfoilsiú. Thairis sin, ba cheart rogha a bheith ag údaráis inniúla gan cinneadh lena bhforchuirtear pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhoilsiú ar chor ar bith má mheastar go mbeadh foilsiú i ndíth ainm nó moillithe neamhleor lena áirithiú nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol. Ní cheanglaítear ar údaráis inniúla ach an oiread smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhoilsiú a mheastar gur de mhionchineál iad agus go mbeadh foilsiú míréireach.

(62)

Is féidir baint a bheith ag rannchuiditheoirí, riarthóirí agus úsáideoirí i mbreis is Ballstát amháin le tagarmharcanna criticiúla. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh tionchar a bheith ann i mbreis is Ballstát amháin má scoirtear de thagarmharc den sórt sin a sholáthar nó má tharlaíonn aon teagmhas lenar féidir an bonn a bhaint go suntasach dá sláine, rud a chiallaíonn nach mbeidh maoirseacht tagarmhairc den sórt sin a dhéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil riarthóir an tagarmhairc lonnaithe amháin éifeachtúil agus éifeachtach ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis an tagarmharc criticiúil. I gcás den sórt sin, chun malartú éifeachtach faisnéise maoirseachta a áirithiú idir údaráis inniúla agus chun comhordú ar a gcuid gníomhaíochtaí agus ar a mbearta maoirseachta a áirithiú, ba cheart coláistí, ina bhfuil údaráis inniúla agus ÚEUM, a bhunú. Ba cheart do ghníomhaíochtaí na gcoláistí rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhchuibhithe na rialacha faoin Rialachán seo agus le cóineasú na gcleachtas maoirseachta. Ba cheart d'údarás inniúil an riarthóra socruithe i scríbhinn a bhunú maidir le faisnéis a mhalartú, maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta, lena bhféadfaí na rialacha maidir le nósanna imeachta vótála a chur san áireamh, maidir le haon chomhar chun críocha beart ranchuidithe éigeantach, agus maidir leis na cásanna inar cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhairle lena chéile. Is gné lárnach í idirghabháil ÚEUM atá ceangailteach ó thaobh an dlí de chun comhordú, comhsheasmhacht maoirseachta agus cóineasú na gcleachtas maoirseachta a bhaint amach.

(63)

Is féidir le tagarmharcanna tagairt a dhéanamh d'ionstraimí airgeadais agus do chonarthaí airgeadais a bhfuil tréimhse fhada ag baint leo. I gcásanna áirithe, tá baol nach mbeidh cead ann a thuilleadh tagarmharcanna den sórt sin a sholáthar a luaithe agus a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm toisc go mbaineann saintréithe leo nach féidir iad a choigeartú chun go mbeidh siad i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin. Ag an am céanna, má thoirmisctear soláthar leantach tagarmhairc den sórt sin, d'fhéadfadh sé go gcuirfear deireadh leis na hionstraimí airgeadais nó na conarthaí airgeadais, nó go gcuirfear ó mhaith iad, agus go ndéanfaí dochar d'infheisteoirí dá bharr. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh lena gceadófar soláthar leantach tagarmharcanna den sórt sin ar feadh idirthréimhse.

(64)

I gcásanna ina ngabhann an Rialachán seo nó ina bhféadfadh sé go ngabhfadh sé eintitis faoi mhaoirseacht agus margaí a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, bheadh ar ÚEUM dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) chun tarraingt as saineolas ACER sna margaí fuinnimh agus aon dé-rialáil a mhaolú.

(65)

Chun gnéithe teicniúla an Rialacháin seo a shonrú tuilleadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le sonraíocht ghnéithe teicniúla na sainmhínithe; i ndáil le ríomh mhéideanna ainmniúla na n-ionstraimí airgeadais, méid barúlach na ndíorthach agus glanluach sócmhainní cistí infheistíochta a thagraíonn do thagarmharc chun a chinneadh an bhfuil tagarmharc den sórt sin criticiúil; i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar an modh ríofa a úsáidtear chun cinneadh a dhéanamh ar an tairseach le haghaidh tagarmharcanna criticiúla agus suntasacha a chinneadh; i ndáil le bunú na gcúiseanna oibiachtúla chun tagarmharc nó fine tagarmharcanna a sholáthraítear i dtríú tír a fhormhuiniú; i ndáil leis na heilimintí a bhunú chun measúnú a dhéanamh an bhféadfadh sé go dtarlódh sé, le réasún, gur teagmhas force majeure a bheadh mar thoradh ar scor nó athrú tagarmhairc atá ann cheana, nó go ndéanfadh an méid sin téarmaí aon chonartha airgeadais nó ionstraime airgeadais, nó na rialacha maidir le haon chiste infheistíochta, a thagraíonn do thagarmharc den sórt sin, a chur ó mhaith nó a shárú ar aon slí eile; agus i ndáil le fad a chur leis an tréimhse 24 mhí atá beartaithe le haghaidh riarthóirí áirithe a chlárú seachas iad a údarú. Agus na gníomhartha sin á nglacadh aige, ba cheart don Choimisiún an margadh nó na forbairtí teicneolaíochta agus an cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna, go háirithe obair IOSCO, a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe agus go ndéanfar na comharliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (14). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(66)

Le caighdeáin theicniúla, ba cheart comhchuibhiú comhsheasmhach na gceanglas a áirithiú chun na hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna a sholáthar, agus chun rannchuidiú dóibh, agus chun infheisteóirí agus tomhaltóirí ar fud an Aontais a chosaint go leormhaith. Ós rud é gur comhlacht é ÚEUM a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige, bheadh sé éifeachtúil agus iomchuí forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, a chur ar iontaoibh ÚEUM chun go ndéanfadh ÚEUM iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart don Choimisiún dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh.1095/2010, maidir le nósanna imeachta agus saintréithe na feidhme formhaoirseachta; maidir le conas oiriúnacht agus infhíoraitheacht na sonraí ionchuir a áirithiú chomh maith leis nósanna imeachta formhaoirseachta inmheánaí agus fíorúcháin rannchuiditheora; maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le soláthar ag riarthóir faoin tagarmharc agus faoin modheolaíocht; maidir leis na gnéithe den chód iompair; maidir leis na ceanglais a bhaineann le córais agus rialuithe; maidir leis na critéir gur cheart don údarás inniúil a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige ar cheart ceanglais áirithe bhreise a chur i bhfeidhm; maidir le hinneachar an ráitis tagarmhairc agus na cásanna ina n-éilítear nuashonrú ar ráiteas den sórt sin; maidir le hinneachar íosta na socrutihe comhair idir na húdaráis inniúla agus ÚEUM; maidir le foirm agus inneachar an iarratais le haghaidh riarthóir tríú tír a aithint agus cur i láthair na faisnéise atá le soláthar leis an iarratas sin; agus maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar leis an iarratas sin le haghaidh údarú nó clárú.

(67)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun liosta d'údaráis phoiblí san Aontas a bhunú agus a athbhreithniú, chun liosta de thagarmharcanna criticiúla a bhunú agus a athbhreithniú, agus chun cinneadh a dhéanamh faoi choibhéiseacht an chreata dhlíthiúil a bhfuil solathróirí tagarmharcanna tríú tíortha faoina réir chun críoch coibhéis iomlán nó pháirteach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(68)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún freisin caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbróidh ÚEUM a ghlacadh lena mbunófar teimpléid do na ráitis comhlíontachta, nósanna imeachta agus foirmeacha um mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla agus ÚEUM, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(69)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon córas comhsheasmhach éifeachtach a leagan síos chun dul i ngleic leis na leochaileachtaí a chruthaíonn tagarmharcanna, a ghnóthú go leordhóthanach, toisc nach féidir an tionchar foriomlán atá ag na fadhbanna a bhaineann le tagarmharcanna a fheiceáil go hiomlán ach i gcomhthéacs an Aontais, agus, de bharr scála agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(70)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis an ngá atá ann muinín i dtagarmharcanna a thabhairt i réim athuair agus margaí airgeadais córa agus trédhearcacha a chur chun cinn, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe.

(71)

Tá tomhaltóirí in ann conarthaí airgeadais a dhéanamh, go háirithe morgáistí agus conarthaí creidmheasa tomhaltóirí, ar conarthaí airgeadais iad a dhéanann tagairt do thagarmharc, ach fágann cumhacht margála mhíchothrom agus úsáid téarmaí caighdeánacha go bhféadfadh rogha theoranta a bheith acu maidir leis an tagarmharc a úsáidfear. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú, ar a laghad, go soláthraíonn creidiúnaithe nó idirghabhálaithe creidmheasa faisnéis leormhaith ar a laghad do thomhaltóirí. Chuige sin, ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE a leasú dá réir.

(72)

Le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, ceanglaítear ar dhaoine a bhfuil freagrachtaí bainistíochta orthu, chomh maith le daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo, fógra a thabhairt don eisitheoir agus don údarás inniúil maidir le gach idirbheart a dhéantar chun a gcuntais féin a bhaineann le hionstraimí airgeadais atá nasctha iad féin le scaireanna agus le hionstraimí fiachais an eisitheora. Mar sin féin, tá éagsúlacht ionstraimí airgeadais ann atá nasctha le scaireanna agus ionstraimí fiachais eisitheora ar leith. Áirítear in ionstraimí airgeadais den sórt sin aonaid i ngnóthais comhinfheistíochta, táirgí struchtúrtha nó ionstraimintí airgeadais lena neadaítear díorthach a sholáthraíonn neamhchosaint ar fheidhmíocht scaireanna nó ar ionstraimí fiachais a eisíonn eisitheoir. Ba cheart do gach idirbheart os cionn tairseach de minimis a bheith faoi réir fógra chuig an eisitheoir agus chuig an údarás inniúil. Ba cheart eisceacht a dhéanamh i gcás ina soláthraíonn an ionstraim airgeadais nasctha neamhchosaint de 20 % nó níos lú ar scaireanna an eisitheora nó ar ionstraimí fiachais an eisitheora, nó i gcás nach raibh an duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta, nó duine a bhfuil dlúthbhaint aige nó aici leo, ar an eoals faoi chomhdhéanamh infheistíochta na hionstraime nasctha airgeadais, nó nach bhféadfaidís a bheith ar an eolas faoi sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a leasú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Tugtar isteach leis an Rialachán seo creat coiteann chun cruinneas agus sláine na n-innéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais a áirithiú, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta san Aontas a thomhas. Dá bhrí sin, cuireann an Rialachán seo le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh chomh maith le hardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí agus d'infheisteoirí.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le tagarmharcanna a sholáthar, sonraí ionchuir a rannchuidiú le tagarmharc agus tagarmharc a úsáid laistigh den Aontas.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

banc ceannais;

(b)

údarás poiblí, i gcás ina rannchuidíonn sé sonraí le tagarmharcanna chun críocha beartas poiblí, ina soláthraíonn sé tagarmharcanna den sórt sin nó ina rialaíonn sé an soláthar sin, chun na gcríoch sin, lena n-áirítear bearta fostaíochta, gníomhaíocht eacnamaíochta, agus boilsciú;

(c)

contrapháirtí lárnach (CPL), i gcás ina soláthraíonn sé praghsanna tagartha nó praghsanna socraíochta a úsáidtear chun críocha bhainistíocht riosca CPLanna nó socraíochta;

(d)

praghas tagartha aonair a sholáthar d'aon ionstraim airgeadais a liostaítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(e)

an preas, na meáin agus iriseoirí eile más rud é nach ndéanann siad ach tagarmharc a fhoilsiú nó tagairt do thagarmharc mar chuid dá ngníomhaíochtaí iriseoireachta gan aon smacht acu ar sholáthar an tagarmhairc sin;

(f)

duine nádúrtha nó dlítheanach a dheonaíonn creidmheas i gcúrsa thrádáil, ghnó nó ghairm an duine sin, nó a gheallann é sin a dhéanamh, gan ach sa mhéid ina bhfoilsíonn an duine sin rátaí iasachta athraitheacha nó seasta féin an duine sin, nó ina gcuireann sé ar fáil don phobal iad, ar rátaí iad arna socrú trí chinntí inmheánacha agus gan feidhm a bheith acu ach amháin maidir le conarthaí airgeadais arna ndéanamh ag an duine sin nó ag cuideachta laistigh den ghrúpa céanna lena gcuid cliant faoi seach;

(g)

tagarmharc tráchtearraí bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis nach bhfuil faoi mhaoirseacht a bhformhór agus a bhfuil feidhm ag an dá choinníoll seo a leanas ina leith:

(i)

tá an tagarmharc faoi thagairt ag na hionstraimí airgeadais nach bhfuil iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála déanta ina leith ach ar ionad trádála amháin, mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, nó nach ndéantar a thrádáil ach ar ionad trádála amháin den sórt sin;

(ii)

nach mó luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc ná EUR 100 milliún;

(h)

soláthróir innéacsanna i ndáil le hinnéacs arna sholáthar ag an soláthróir sin más rud é go bhfuil an soláthróir innéacsanna sin aineolach agus nach bhfuil sé réasúnta go bhféadfadh sé a bheith eolach go n-úsáidtear an t-innéacs sin chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointe (3) d'Airteagal 3(1).

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “innéacs” aon fhigiúr:

(a)

a fhoilsítear nó a chuirtear ar fáil don phobal;

(b)

a chinntear go rialta:

(i)

go hiomlán nó i bpáirt, trí fhoirmle a chur i bhfeidhm nó trí aon mhodh ríomha eile, nó trí mheasúnú; agus

(ii)

ar bhonn luach bunsócmhainne amháin nó níos mó nó praghsanna, lena n-áirítear praghsanna measta, rátaí úis iarbhír nó measta, luachana agus luachana geallta, nó luachanna eile nó suirbhéanna;

(2)

ciallaíonn “soláthróir innéacsanna” an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil smacht aige nó aici ar innéacs a sholáthar;

(3)

ciallaíonn “tagarmharc” aon innéacs ar faoina threoir a dhéantar an méid is iníoctha faoi ionstraim airgeadais nó faoi chonradh airgeadais, nó luach ionstraime airgeadais, a chinneadh, nó innéacs a úsáidtear chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas arb é is cuspóir dó tuairisceán innéacs den sórt sin a rianú nó leithdháileadh sócmhainní maidir le punann a shainiú nó na táillí feidhmíochta a ríomh;

(4)

ciallaíonn “fine tagarmharcanna” grúpa tagarmharcanna a sholáthraíonn an riarthóir céanna agus a chinntear ó shonraí ionchuir den chineál céanna a sholáthraíonn tomhais shonracha ar an margadh céanna nó ar mhargadh comhchosúil nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch;

(5)

ciallaíonn “tagarmharc a sholáthar”:

(a)

na socruithe a riar chun tagarmharc a chinneadh;

(b)

sonraí ionchuir a bhailiú, a phróiseáil nó anailís a dhéanamh orthu ar mhaithe le tagarmharc a chinneadh; agus

(c)

tagarmharc a chinneadh trí fhoirmle nó modh ríofa eile a cur i bhfeidhm nó trí mheasúnú a dhéanamh ar shonraí ionchuir a soláthraíodh chun na críche sin;

(6)

ciallaíonn “riarthóir” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil smacht aige nó aici ar sholáthar tagarmhairc;

(7)

ciallaíonn “úsáid tagarmhairc”:

(a)

eisiúint ionstraime airgeadais a dhéanann tagairt d'innéacs nó do theaglaim innéacsanna;

(b)

cinneadh faoin méid is iníoctha faoi ionstraim airgeadais nó faoi chonradh airgeadais trí thagairt a dhéanamh d'innéacs nó do theaglaim innéacsanna.

(c)

is páirtí do chonradh airgeadais a dhéanann tagairt d'innéacs nó do theaglaim innéacsanna;

(d)

ráta iasachta mar a shainítear i bpointe (j) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE a sholáthar, ar ráta é arna ríomh mar raon nó marcáil suas thar innéacs nó teaglaim innéacsanna agus nach n-úsáidtear ach mar thagairt i gconradh ar páirtí ann an creidiúnaí;

(e)

feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas trí innéacs nó trí theaglaim innéacsanna chun tuairisceán innéacs den sórt sin nó teaglama innéacsanna den sórt sin a rianú, nó trí leithdháileadh sócmhainní maidir le punann a shainiú, nó trí na táillí feidhmíochta a ríomh;

(8)

ciallaíonn “sonraí ionchuir a rannchuidiú” aon sonraí ionchuir nach bhfuil fáil orthu go héasca a sholáthar do riarthóir, nó do dhuine eile chun iad a chur ar aghaidh chuig riarthóir, ar sonraí iad atá de dhíth i ndáil le tagarmharc a chinneadh, agus a sholáthraítear chun na críche sin;

(9)

ciallaíonn “rannchuiditheoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a rannchuidíonn sonraí ionchuir;

(10)

ciallaíonn “rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht” eintiteas faoi mhaoirseacht a rannchuidíonn sonraí ionchuir le riarthóir atá lonnaithe san Aontas;

(11)

ciallaíonn “aighnitheoir” duine nádúrtha atá fostaithe ag an rannchuiditheoir chun na críche sonraí ionchuir a rannchuidiú;

(12)

ciallaíonn “measúnóir” fostaí riarthóir tagarmhairc tráchtearraí, nó aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a sheirbhísí nó a seirbhísí ar fáil don riarthóir nó faoi rialú an riarthóra, agus atá freagrach as modheolaíocht nó breithiúnas a chur i bhfeidhm ar shonraí ionchuir agus ar fhaisnéis eile chun teacht ar mheasúnú críochnaitheach faoi phraghas tráchtearra áirithe;

(13)

ciallaíonn “breithiúnas saineolach” lánrogha a bheith á feidhmiú ag riarthóir nó ag rannchuiditheoir maidir le sonraí a úsáid agus tagarmharc á chinneadh, lena n-áirítear luachanna a eachtarshuí ó idirbhearta roimhe sin nó idirbhearta gaolmhara, luachanna a choigeartú le haghaidh tosca a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar cháilíocht sonraí amhail imeachtaí margaidh nó lagú ar cháilíocht creidmheasa ceannaitheora nó díoltóra, agus ualú tairiscintí daingne ceannaigh nó tairiscintí díola ar mó iad ná idirbheart ar leith atá tugtha i gcrích;

(14)

ciallaíonn “sonraí ionchuir” na sonraí i ndáil le luach bunsócmhainne amháin nó níos mó, nó i ndáil le praghsanna, lena n-áirítear praghsanna measta, luachana, luachana geallta nó luachanna eile, a úsáideann riarthóir chun tagarmharc a chinneadh;

(15)

ciallaíonn “sonraí idirbhirt” praghsanna, rátaí, innéacsanna nó luachanna inbhraite atá ina dtuairiscí ar idirbhearta idir contrapháirtithe nach bhfuil cleamhnaithe i margadh gníomhach atá faoi réir fórsaí iomaíocha soláthair agus éilimh;

(16)

ciallaíonn “ionstraim airgeadais” aon cheann de na hionstraimí a liostaítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE lenar iarradh cead isteach i gcomhair trádáil ar ionad trádála ina leith, mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, nó a dhéantar a thrádáil ar ionad trádála mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE nó trí inmheánaitheoir córasach mar a shainmhínítear i bpointe (20) d'Airteagal 4(1) den Treoir sin;

(17)

ciallaíonn “eintiteas faoi mhaoirseacht” aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16);

(b)

gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(c)

gnóthas árachais mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(d)

gnóthas athárachais mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;

(e)

GCUI mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/65/CE nó, i gcás inarb infheidhme, cuideachta bhainistíochta GCUI mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1) den Treoir sin;

(f)

bainisteoir ciste infheistíochta malartach (AIFM) mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

(g)

institiúid um chóir ar scor ceirde mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 6 de Threoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(h)

creidiúnaí mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE chun críocha na gcomhaontuithe creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 3 den Treoir sin;

(i)

institiúid neamhchreidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 4 de Threoir 2014/17/AE chun críocha na gcomhaontuithe creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 4 den Treoir sin;

(j)

oibreoir margaidh mar a shainmhínítear i bpointe (18) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(k)

CPL mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20);

(l)

stór trádála mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(m)

riarthóir;

(18)

ciallaíonn “conradh airgeadais”:

(a)

aon chomhaontú creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE;

(b)

aon chomhaontú creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 4 de Threoir 2014/17/AE;

(19)

ciallaíonn “ciste infheistíochta” AIF mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE, nó GCUI mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE;

(20)

ciallaíonn “comhlacht bainistíochta” comhlacht nó comhlachtaí riarthóra nó eintitis eile faoi mhaoirseacht a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar comhlachtaí iad a chumhachtaítear straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an riarthóra nó an eintitis eile faoi mhaoirseacht a shocrú, agus a dhéanann formhaoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht bainistíochta agus a n-áirítear iontu na daoine a stiúrann gnó an riarthóra nó an eintitis eile faoi mhaoirseacht go hiarbhír;

(21)

ciallaíonn “tomhaltóir” duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gconarthaí airgeadais a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de cheird, gnó nó gairm an duine sin;

(22)

ciallaíonn “tagarmharc ráta úis” tagarmharc a chinntear, chun críocha phointe (1)(b)(ii) den mhír seo, ar bhonn an ráta a bhféadfaidh bainc iasachtaí a thabhairt do bhainc eile nó iasachtaí a fháil uathu, nó iasachtaí a thabhairt do ghníomhairí eile seachas bainc nó iasachtaí a fháil uathu, sa mhargadh airgeadais;

(23)

ciallaíonn “tagarmharc tráchtearraí” tagarmharc ar tráchtearra de réir bhrí phointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún (21) í an bhunsócmhainn chun críocha phointe (1)(b)(ii) den mhír seo, agus na lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE á n-eisiamh;

(24)

ciallaíonn “tagarmharc sonraí rialáilte” tagarmharc arna chinneadh trí fhoirmle ó na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

sonraí ionchuir arna rannchuidiú go hiomlán agus go díreach ó na nithe seo a leanas:

(i)

ionad trádála mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE nó ionad trádála i dtríú tír a bhfuil an Coimisiún tar éis cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh ina leith á rá go meastar go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat dlíthiúil agus maoirseachta na tíre sin laistigh de bhrí Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), nó margadh rialáilte a mheastar a bheith coibhéiseach faoi Airteagal 2a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ach i ngach cás le tagairt do shonraí idirbhirt maidir le hionstraimí airgeadais amháin;

(ii)

socrú foilsithe formheasta mar a shainmhínítear i bpointe (52) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE nó soláthraí téipe comhdhlúite mar a shainmhínítear i bpointe (53) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, i gcomhréir le ceanglais trédhearcachta éigeantacha iarthrádála, ach amháin ag tagairt do shonraí idirbhirt maidir le hionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála;

(iii)

sásra tuairiscthe formheasta mar a shainmhínítear i bpointe (54) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ach amháin ag tagairt do shonraí idirbhirt maidir le hionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála agus nach mór a nochtadh i gcomhréir leis na ceanglais trédhearcachta éigeantacha iarthrádála;

(iv)

malartú leictreachais dá dtagraítear i bpointe (j) d'Airteagal 37(1) de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);

(v)

malartán gáis nádúrtha mar a shainmhínítear i bpointe (j) d'Airteagal 41(1) de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);

(vi)

ardán ceant dá dtagraítear in Airteagal 26 nó in Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún (25);

(vii)

soláthraí seirbhíse ar chuige a sheachfhoinsigh an riarthóir tagarmhairc an bailiúchán sonraí i gcomhréir le hAirteagal 10, ar choinníoll go bhfaighidh an soláthróir seirbhíse na sonraí go hiomlán agus go díreach ón eintiteas dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (vi);

(b)

glanluachanna sócmhainní cistí infheistíochta;

(25)

ciallaíonn “tagarmharc criticiúil” tagarmharc seachas tagarmharc sonraí rialáilte a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20(1) agus atá ar an liosta arna bhunú ag an Coimisiún de bhun an Airteagail sin;

(26)

ciallaíonn “tagarmharc suntasach” tagarmharc a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 24(1);

(27)

ciallaíonn “tagarmharc neamhshuntasach” tagarmharc nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20(1) agus Airteagal 24(1);

(28)

ciallaíonn “lonnaithe”, i ndáil le duine dlítheanach, an tír ina bhfuil oifig chláraithe nó seoladh oifigiúil eile an duine sin suite agus, i ndáil le duine nádúrtha, an tír ina bhfuil an duine sin ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir chun críocha cánach;

(29)

ciallaíonn “údarás poiblí”:

(a)

aon rialtas nó riarachán poiblí eile, lena n-áirítear na heintitis a bhfuil de chúram orthu idirghabháil i mbainistiú an fhiachais phoiblí;

(b)

aon eintiteas nó duine, bíodh sé nó sí ag feidhmiú feidhmeanna riaracháin phoiblí faoin dlí náisiúnta, nó a bhfuil freagrachtaí nó feidhmeanna poiblí air nó uirthi nó a sholáthraíonn seirbhísí poiblí, lena n-áirítear bearta fostaíochta, gníomhaíochtaí eacnamaíochta agus boilsciú, faoi rialú eintiteas de réir bhrí phointe (a).

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun gnéithe teicniúla na sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, lena sonraítear go háirithe cad é atá i gceist le cur ar fáil don phobal chun críoch innéacs a shainmhíniú.

I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na forbairtí sa mhargadh nó na forbairtí teicneolaíochta agus an cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun liosta d'údaráis phoiblí san Aontas a thagann laistigh den sainmhíniú faoi phointe (29) de mhír 1 den Airteagal seo a bhunú agus athbhreithniú a dhéanamh air. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na forbairtí sa mhargadh nó na forbairtí teicneolaíochta agus an cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna.

TEIDEAL II

SLÁINE AGUS IONTAOFACHT TAGARMHAIRC

CAIBIDIL 1

Rialachas agus rialú riarthóirí

Airteagal 4

Ceanglais maidir le rialachas agus le coinbhleacht leasa

1.   Beidh socruithe láidre rialachais i bhfeidhm ag riarthóir, agus áireofar sna socruithe sin struchtúr soiléir eagraíochtúil ina mbeidh freagrachtaí soiléire, trédhearcacha agus comhsheasmhacha agus róil shoiléire, thrédhearcacha agus chomhsheasmhacha le haghaidh gach duine a bhfuil baint aige nó aici le tagarmharc a sholáthar.

Glacfaidh riarthóirí céimeanna leormhaithe chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a chosc nó a bhainistiú eatarthu féin, lena n-áirítear a mbainisteoirí, a bhfostaithe nó aon duine a bhfuil baint dhíreach aige nó aici leo trí rialú agus trí rannchuiditheoirí nó úsáideoirí, agus chun a áirithiú, i gcás ina n-éileofar aon bhreithiúnas nó lánrogha sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna, go ndéanfar an breithiúnas nó an lánrogha sin a fheidhmiú go neamhspleách agus go hionraic.

2.   Beidh soláthar tagarmhairc scartha go hoibríochtúil ó aon chuid de ghnó de chuid riarthóra a d'fhéadfadh coinbhleacht leasa iarbhír nó féideartha a chruthú.

3.   I gcás ina dtarlóidh coinbhleacht leasa laistigh de riarthóir mar gheall ar struchtúr úinéireachta an rialthóra sin, leasanna rialaithe nó gníomhaíochtaí eile an rialathóra sin arna seoladh ag aon eintiteas a bhfuil an riarthóir faoi úinéireacht aige nó a rialaíonn é nó í nó ag eintiteas atá faoi úinéireacht nó faoi rialú an riarthóra nó aon cheann de chleamhnaithe an riarthóra, ar coinbhleacht í nach féidir a mhaolú go leormhaith, féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a cheangal ar an riarthóir feidhm formhaoirseachta neamhspleách a bhunú ina mbeidh ionadaíocht chothrom geallsealbhóirí, lena n-áirítear úsáideoirí agus rannchuiditheoirí.

4.   Mura féidir coinbhleacht leasa den sórt sin a bhainistiú, féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a cheangal ar an riarthóir scor de na gníomhaíochtaí nó de na gaolmhaireachtaí a chruthaíonn an choinbhleacht leasa nó scor den tagarmharc a sholáthar.

5.   Foilseoidh nó nochtfaidh riarthóir gach coinbhleacht leasa reatha nó féideartha d'úsáideoirí tagarmhairc, don údarás inniúil ábhartha agus, i gcás inarb ábhartha, do rannchuiditheoirí, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as úinéireacht nó rialú an riarthóra.

6.   Déanfaidh riarthóir beartais agus nósanna imeachta leormhaithe, chomh maith le socruithe eagraíochtúla éifeachtacha, a bhunú agus a oibriú do shainaithint, nochtadh, bainistiú nó maolú agus seachaint coinbhleachtaí leasa chun sláine agus neamhspleáchas cinntí tagarmharcanna a chosaint. Déanfar beartais agus nósanna imeachta den sórt sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Déanfaidh na beartais agus na nósanna imeachta na coinbhleachtaí leasa, méid na lánrogha arna feidhmiú sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna agus na rioscaí a bhaineann leis an tagarmharc a chur san áireamh, agus rachaidh siad i ngleic leo, agus déanfar:

(a)

rúndacht na faisnéise a rannchuidíodh leis an riarthóir nó a tháirg an riarthóir, faoi réir na n-oibleagáidí maidir le nochtadh agus trédhearcacht faoin Rialachán seo, a áirithiú; agus

(b)

maolú go sonrach ar na coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as úinéireacht nó rialú an riarthóra, nó mar gheall ar leasanna eile i ngrúpa an rialthóra nó mar thoradh ar dhaoine eile a bhféadfadh tionchar nó rialú a bheith acu ar an riarthóir i ndáil leis an tagarmharc a chinneadh.

7.   Maidir le fostaithe riarthóirí agus aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí ar fáil do riarthóirí nó atá faoi rialú ag riarthóirí agus a bhfuil baint dhíreach acu le tagarmharc a sholáthar, áiritheoidh riarthóirí:

(a)

go bhfuil na scileanna, an t-eolas agus an taithí is gá acu do na dualgais atá sannta dóibh agus go bhfuil siad faoi réir bainistíocht agus maoirseacht éifeachtach;

(b)

nach bhfuil siad faoi réir tionchar míchuí nó coinbhleachtaí leasa agus nach gcruthaíonn meastóireacht cúitimh agus feidhmíochta na ndaoine sin coinbhleachtaí leasa nó nach gcuireann siad isteach ar dhóigh eile ar shláine an phróisis faoina gcinntear tagarmharcanna;

(c)

nach bhfuil aon leasanna nó naisc ghnó acu a chuireann gníomhaíochtaí an riarthóra lena mbaineann i gcontúirt;

(d)

go bhfuil cosc orthu rannchuidiú le cinneadh tagarmhairc trí ghabháil do thairiscintí ceannaigh, do thairiscintí díola agus do thrádálacha ar bhonn pearsanta nó thar ceann rannpháirtithe sa mhargadh, ach amháin i gcás ina n-éilítear so sainráite rannchuidiú ar an mbealach sin mar chuid den mhodheolaíocht tagarmhairc agus atá faoi réir rialacha sonracha ann; agus

(e)

go bhfuil siad faoi réir nósanna imeachta éifeachtacha chun malartú faisnéise le fostaithe eile a rialú, ar fostaithe iad a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí a fhéadfaidh riosca de choinbhleachtaí leasa a chruthú, nó chun malartú faisnéise le tríú páirtithe a rialú, nó sa chás go bhféadfadh tionchar a bheith ag an bhfaisnéis sin ar an tagarmharc.

8.   Bunóidh riarthóir nósanna imeachta rialaithe sonracha inmheánacha chun sláine agus iontaofacht an fhostaí nó an duine a bhfuil an tagarmharc á chinneadh aige nó aici a áirithiú, lena n-áirítear, ar a laghad, síniú ón mbainistíocht go hinmheánach roimh an tagarmharc a scaipeadh.

Airteagal 5

Ceanglais um fheidhm formhaoirseachta

1.   Déanfaidh riarthóirí feidhm formhaoirseachta bhuan agus éifeachtach a bhunú agus a choimeád chun formhaoirseacht a áirithiú ar gach gné de sholáthar a gcuid tagarmharcanna.

2.   Déanfaidh riarthóirí nósanna imeachta láidre a fhorbairt agus a choimeád maidir lena bhfeidhm formhaoirseachta, ar nósanna imeachta iad a chuirfear ar fáil do na húdaráis inniúla ábhartha.

3.   Oibreoidh an fheidhm formhaoirseachta le hionracas agus beidh na freagrachtaí seo a leanas aici, a dhéanfaidh an riarthóir a choigeartú bunaithe ar chastacht, úsáid agus leochaileacht an tagarmhairc:

(a)

athbhreithniú a dhéanamh, go bliantúil ar a laghad, ar shainmhíniú agus ar mhodheolaíocht an tagarmhairc;

(b)

formhaoirseacht a dhéanamh ar aon athruithe ar mhodheolaíocht an tagarmhairc agus a bheith in ann iarraidh ar an riarthóir comhairliúchán a dhéanamh maidir le hathruithe den sórt sin;

(c)

formhaoirseacht a dhéanamh ar chreat rialaithe an riarthóra, ar bhainistiú agus ar oibriú an tagarmhairc, agus, i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, ar an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15;

(d)

athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta a bhaineann le scor an tagarmhairc, lena n-áirítear aon chomhairliúchán faoi scor, agus iad a fhormheas;

(e)

formhaoirseacht a dhéanamh ar aon tríú páirtí a bhfuil baint aige nó aici i soláthar an tagarmhairc, lena n-áirítear gníomhairí ríofa nó scaipthe;

(f)

meastóireacht a dhéanamh ar iniúchtaí nó athbhreithnithe inmheánacha agus seachtracha, agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí aitheanta feabhais;

(g)

i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, faireachán a dhéanamh ar na sonraí ionchuir agus na rannchuiditheoirí agus gníomhaíochtaí an riarthóra le linn agóid a dhéanamh i gcoinne rannchuidithe de shonraí ionchuir nó na rannchuidithe sin a bhailíochtú;

(h)

i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, bearta éifeachtacha a ghlacadh i leith aon sáruithe ar an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15; agus

(i)

aon mhí-iompar ó rannchuiditheoirí, i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, nó ó riarthóirí a bhfuil lucht na feidhme formhaoirseachta ar an eolas faoi, agus aon sonraí ionchuir aimhrialta nó amhrasta a thuairisciú do na húdaráis inniúla ábhartha.

4.   Is trí choiste leithleach nó trí bhíthin socrú rialachais iomchuí eile a dhéanfar an fheidhm formhaoirseachta.

5.   Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na nósanna imeachta maidir leis an bhfeidhm formhaoirseachta agus saintréithe na eidhme formhaoirseachta lena n-áirítear a comhdhéanamh chomh maith lena suí laistigh de struchtúr eagraíochtúil an riarthóra a shonrú, ionas go n-áiritheofar sláine na feidhme agus nach mbeidh coinbhleachtaí leasa ann. Go háirithe, déanfaidh ÚEUM liosta neamh-uileghabhálach de shocruithe rialachais iomchuí mar a leagtar síos i mír 4 a fhorbairt.

Déanfaidh ÚEUM idirdhealú idir na cineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus cuirfidh sé san áireamh na difríochtaí i struchtúr úinéireachta agus rialaithe na riarthóirí, cineál, scála agus castacht sholáthar an tagarmhairc, agus riosca agus tionchar an tagarmhairc, i bhfianaise chóineasú idirnáisiúnta an chleachtais maoirseachta i ndáil le ceanglais rialachais tagarmharcanna freisin. Ní chumhdófar le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ÚEUM, áfach, riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha ná ní bheidh feidhm ag na dréachtchaighdeáin sin maidir leo.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   Féadfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a bheidh dírithe chuig riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha chun na gnéithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a shonrú.

Airteagal 6

Ceanglais maidir le creat rialaithe

1.   Beidh creat rialaithe i bhfeidhm ag riarthóirí lena n-áirithítear go ndéanfar a gcuid tagarmharcanna a sholáthar agus a fhoilsiú nó go gcuirfear ar fáil iad i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Beidh an creat rialaithe comhréireach leis an leibhéal coinbhleachtaí leasa a aithníodh, leis an méid lánrogha i soláthar an tagarmhairc agus le cineál na sonraí ionchuir tagarmhairc.

3.   Áireofar sa chreat rialaithe:

(a)

riosca oibríochtúil a bhainistiú;

(b)

pleananna leormhaithe agus éifeachtacha leanúnachais gnó agus athshlánaithe ó thubaiste;

(c)

nósanna imeachta teagmhasacha a bheidh i bhfeidhm i gcás cur isteach ar an bpróiseas maidir leis an tagarmharc a sholáthar.

4.   Bunóidh riarthóir bearta chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a áirithiú go gcloíonn rannchuiditheoirí leis an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15 agus go gcomhlíonann siad na caighdeáin infheidhme do shonraí ionchuir;

(b)

faireachán a dhéanamh ar shonraí ionchuir lena n-áirítear, i gcás inarb indéanta, faireachán a dhéanamh ar shonraí ionchuir roimh fhoilsiú an tagarmhairc agus sonraí ionchuir a bhailíochtú i ndiaidh foilsiú chun earráidí agus aimhrialtachtaí a shainaithint.

5.   Déanfar an creat rialaithe a dhoiciméadú, déanfar athbhreithniú air agus déanfar é a nuashonrú mar is iomchuí agus déanfar é a chur ar fáil don údarás inniúil ábhartha agus, agus arna iarraidh sin, d'úsáideoirí.a dhoiciméadú, déanfar athbhreithniú air agus déanfar é a uashonrú mar is iomchuí agus déanfar é a chur ar fáil don údarás inniúil ábh

Airteagal 7

Ceanglais um chreat cuntasachta

1.   Beidh creat cuntasachta i bhfeidhm ag riarthóir, a chumhdóidh coimeád taifead, iniúchadh agus athbhreithniú, agus próiseas maidir le gearáin, lena soláthraítear fianaise go bhfuiltear ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.

2.   Ainmneoidh riarthóir feidhm inmheánach a mbeidh an acmhainneacht iomchuí aici chun athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar a mhéid is atá an riarthóir ag comhlíonadh mhodheolaíocht an tagarmhairc agus an Rialacháin seo.

3.   I gcás tagarmharcanna criticiúla, ceapfaidh riarthóir iniúchóir seachtrach neamhspleách chun athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh, go bliantúil ar a laghad, ar a mhéid is atá an riarthóir ag comhlíonadh mhodheolaíocht an tagarmhairc agus an Rialachán seo.

4.   Ar iarraidh ón údarás inniúil ábhartha, soláthróidh riarthóir mionsonraí maidir le hathbhreithnithe agus le tuairiscí dá bhforáiltear i mír 2 don údarás inniúil ábhartha. Ar iarraidh ón údarás inniúil ábhartha nó ó aon úsáideoir tagarmhairc, foilseoidh riarthóir mionsonraí na n-iniúchtaí dá bhforáiltear i bpointe 3.

Airteagal 8

Ceanglais maidir le coimeád taifead

1.   Coimeádfaidh riarthóir taifid ar na nithe seo a leanas:

(a)

na sonraí ionchuir go léir, lena n-áirítear úsáid sonraí den sórt sin;

(b)

an mhodheolaíocht a úsáidtear chun tagarmharc a chinneadh;

(c)

aon bhreithiúnas nó lánrogha a bheith á fheidhmiú nó á feidhmiú ag an riarthóir agus, i gcás inarb infheidhme, ag measúnóirí, agus tagarmharc á chinneadh, lena n-áirítear an réasúnaíocht don bhreithiúnas nó don lánrogha sin;

(d)

neamhshuim d'aon sonraí ionchuir, go háirithe más rud é gur chomhlíon siad ceanglais na modheolaíochta tagarmhairc, agus an réasúnaíocht a bhaineann le neamhshuim den sórt sin;

(e)

athruithe eile ó nósanna imeachta agus modheolaíochtaí caighdeánacha, nó aon imeacht uathu, lena n-áirítear iad siúd a rinneadh le linn tréimhsí nuair a bhí strus sa mhargadh nó cur isteach ar an margadh;

(f)

céannachtaí na n-aighnitheoirí agus na ndaoine nádúrtha atá fostaithe ag an riarthóir chun tagarmharc a chinneadh;

(g)

gach doiciméad a bhaineann le haon ghearán, lena n-áirítear na doiciméid sin a chuir gearánach isteach; agus

(h)

comhráite teileafóin nó cumarsáid leictreonach maidir le tagarmharc idir aon duine atá fostaithe ag an riarthóir agus rannchuiditheoirí nó aighnitheoirí.

2.   Coimeádfaidh riarthóir na taifid a leagtar amach i mír 1 ar feadh cúig bliana, ar a laghad, i bhfoirm lena mbeidh sé indéanta cinneadh tagarmhairc a mhacasamhlú agus a thuiscint go hiomlán agus lena gcumasófar iniúchadh nó meastóireacht a dhéanamh ar shonraí ionchuir, ar ríomhanna, ar bhreithiúnais agus ar lánrogha. Cuirfear taifid de chomhráite teileafóin nó cumarsáid leictreonach arna taifeadadh i gcomhréir le pointe (h) de mhír 1 ar fáil do na daoine a bhí rannpháirteach sa chomhrá nó sa chumarsáid arna n-iarraidh sin agus coinneofar na taifid ar feadh tréimhse trí bliana.

Airteagal 9

Sásra láimhseála gearán

1.   Beidh i bhfeidhm ag riarthóir agus foilseoidh sé nósanna imeachta maidir le taifid a fháil, a imscrúdú agus a choimeád, ar taifid iad a bhaineann le gearáin a rinneadh, lena n-áirítear faoi phróiseas an riarthóra faoina gcinntear tagarmharcanna.

2.   Áiritheofar le sásra láimhseála gearán den sórt sin:

(a)

go gcuirfidh an riarthóir ar fáil an beartas láimhseála gearán trína bhféadfar gearáin a chur isteach i dtaobh an bhfuil cinneadh tagarmhairc shonraigh ionadaíoch ar luach an mhargaidh, i dtaobh athrú molta ar an bpróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna, i dtaobh chur i bhfeidhm na modheolaíochta i ndáil le cinneadh tagarmhairc shonraigh, agus i dtaobh cinntí eile i ndáil leis an bpróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna;

(b)

go ndéanfar imscrúdú ar ghearáin ar bhealach tráthúil agus cothrom agus go gcuirfear toradh an imscrúdaithe in iúl don ghearánaí laistigh de thréimhse réasúnach ama, mura mbeadh cur in iúl den sórt sin contrártha do chuspóirí an bheartais phoiblí nó do Rialachán (AE) Uimh 596/2014; agus

(c)

go ndéanfar an fiosrúchán go neamhspleách ar aon phearsanra a bhféadfadh baint a bheith acu le hábhar an ghearáin.

Airteagal 10

Seachfhoinsiú

1.   Ní dhéanfaidh riarthóir feidhmeanna a sheachfhoinsiú i soláthar tagarmhairc ar bhealach a dhéanfaidh díobháil ábhartha do rialú an riarthóra ar sholáthar an tagarmhairc ná do chumas an údaráis inniúil ábhartha maoirseacht a dhéanamh ar an tagarmharc.

2.   I gcás ina ndéanfaidh riarthóir feidhmeanna nó aon seirbhísí nó gníomhaíochtaí ábhartha a sheachfhoinsiú do sholáthraí seirbhíse agus tagarmharc á sholáthar, leanfaidh an riarthóir de bheith freagrach go hiomlán as oibleagáidí uile an riarthóra a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

3.   I gcás ina ndéanfar seachfhoinsiú, áiritheoidh an riarthóir go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an cumas, acmhainneacht, agus aon údarú a theastaíonn de réir an dlí ag an soláthraí seirbhíse chun na feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a chur i gcrích go hiontaofa agus go gairmiúil;

(b)

cuireann an riarthóir ar fáil do na húdaráis inniúla ábhartha céannacht agus cúraimí an tsoláthraí seirbhíse a ghlacann páirt sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna;

(c)

déanann an riarthóir gníomhaíocht iomchuí más dealraitheach nach bhféadfaidh sé go bhfuil feidhmeanna seachfhoinsithe á gcur i gcrích go héifeachtach ag an soláthraí seirbhíse agus i gcomhréir leis an dlí agus leis na ceanglais rialála is infheidhme;

(d)

coimeádann an riarthóir an saineolas is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna seachfhoinsithe agus chun na rioscaí a bhaineann leis an seachfhoinsiú a bhainistiú;

(e)

nochtann an soláthraí seirbhíse aon fhorbairt don riarthóir a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith aige ar a chumas na feidhmeanna seachfhoinsithe a chur i gcrích go héifeachtach agus i gcomhréir leis na dlíthe agus ceanglais rialála is infheidhme;

(f)

comhoibríonn an soláthraí seirbhíse leis an údarás inniúil ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe, agus tá rochtain éifeachtach ag an riarthóir agus ag an údarás inniúil ábhartha ar shonraí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe, mar aon le háitreabh gnó an tsoláthraí seirbhíse, agus tá an t-údarás inniúil ábhartha in ann na cearta rochtana sin a fheidhmiú;

(g)

tá an riarthóir in ann na socruithe seachfhoinsithe a fhoirceannadh i gcás inar gá sin;

(h)

déanann an riarthóir bearta réasúnacha, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha, chun riosca oibríochtúil míchuí a bhaineann le rannpháirtíocht an tsoláthraí seirbhíse sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna a sheachaint.

CAIBIDIL 2

Sonraí ionchuir, modheolaíocht agus sáruithe a thuairisciú

Airteagal 11

Sonraí ionchuir

1.   Beidh soláthar tagarmhairc faoi rialú na gceanglas seo a leanas maidir lena shonraí ionchuir:

(a)

beidh na sonraí ionchuir leordhóthanach chun léiriú cruinn iontaofa a thabhairt ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc.

Sonraí idirbhirt a bheidh sna sonraí ionchuir, má tá siad ar fáil agus más iomchuí. Sa chás nach leor na sonraí idirbhirt nó nach iomchuí iad chun léiriú cruinn iontaofa a thabhairt ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc, is féidir úsáid a bhaint as sonraí ionchuir nach sonraí idirbhirt iad, lena n-áirítear pragsanna measta, luachana agus luachana geallta, nó luachanna eile;

(b)

beidh na sonraí ionchuir dá dtagraítear i bpointe (a) infhíoraithe;

(c)

déanfaidh an riarthóir treoirlínte soiléire maidir leis na cineálacha sonraí ionchuir, maidir le tosaíocht úsáide na gcineálacha éagsúla sonraí ionchuir agus feidhmiú breithiúnais shaineolaíoch a tharraingt suas agus a fhoilsiú, i gcomhréir le pointe (a) agus leis an modheolaíocht;

(d)

i gcás ina mbeidh an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, gheobhaidh an riarthóir, i gcás inarb iomchuí, na sonraí ionchuir ó phainéal iontafa agus ionadaíoch nó ó shampla iontaofa agus ionadaíoch rannchuiditheoirí chun a áirithiú go mbeidh an tagarmharc a gheofar mar thoradh air sin iontaofa agus ionadaíoch ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc;

(e)

ní bhainfidh riarthóir úsáid as sonraí ionchuir ó rannchuiditheoir más rud é gur léir don riarthóir nach gcloíonn an rannchuiditheoir leis an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15, agus i gcás den sórt sin gheobhaidh sé sonraí poiblí ionadaíocha atá ar fáil go poiblí.

2.   Áiritheoidh riarthóirí go mbeidh na nithe seo a leanas san áireamh ina gcuid rialuithe i ndáil le sonraí ionchuir:

(a)

critéir lena gcinntear cé a fhéadfaidh sonraí ionchuir a rannchuidiú leis an riarthóir agus próiseas chun rannchuiditheoirí a roghnú;

(b)

próiseas chun meastóireacht a dhéanamh ar shonraí ionchuir de chuid rannchuiditheora agus chun stop a chur leis an rannchuiditheoir tuilleadh sonraí ionchuir a sholáthar, nó chun pionóis eile a chur i bhfeidhm i ndáil le neamhchomhlíonadh i gcoinne an rannchuiditheora, i gcás inarb iomchuí; agus

(c)

próiseas chun sonraí ionchuir a bhailíochtú, lena n-áirítear i gcoinne táscairí nó sonraí eile, lena sláine agus cruinneas a áirithiú.

3.   I gcás ina ndeanfar sonraí ionchuir tagarmhairc a rannchuidiú ó fheidhm oifig thosaigh, rud a chiallaíonn aon roinn, rannóg, grúpa, nó pearsanra rannchuiditheoirí nó aon cheann dá gcleamhnaithe a dhéanann aon ghníomhaíochtaí trádála, praghsála, díolacháin, margaíochta, fógraíochta, sirtheoireachta, struchtúraithe nó bróicéireachta, déanfaidh an riarthóir:

(a)

sonraí a fháil ó fhoinsí eile a chomhthacaíonn leis na sonraí ionchuir sin; agus

(b)

a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta leormhaithe maoirseachta agus fíoraithe inmheánacha i bhfeidhm ag rannchuiditheoirí.

4.   I gcás ina measann riarthóir nach dtugtar léiriú leis na sonraí ionchuir ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas le tagarmharc, déanfaidh an riarthóir sin, laistigh de thréimhse ama réasúnach na sonraí ionchuir, na rannchuiditheoirí nó an mhodheolaíocht a athrú d'fhonn a áirithiú go dtugtar léiriú ar mhargadh den sórt sin nó ar fhíorchás eacnamaíoch den sórt sin, nó scor den tagarmharc sin a sholáthar.

5.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú tuilleadh a dhéanamh ar conas a áirithiú go bhfuil sonraí ionchuir oiriúnach agus infhíoraitheach, mar a éilítear faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) de mhír 1, chomh maith leis na nósanna imeachta formhaoirseachta agus fíoraithe inmheánacha de chuid rannchuiditheora nach mór do riarthóir a áirithiú go bhfuil siad i bhfeidhm, i gcomhlíonadh phointe (b) de mhír 3, chun sláine agus cruinneas sonraí ionchuir a áirithiú. Ní chumhdófar le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ÚEUM, áfach, riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha ná ní bheidh feidhm ag na dréachtchaighdeáin sin maidir leo.

Cuirfidh ÚEUM san áireamh na cineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha mar a leagtar amach sa Rialachán seo, cineál na sonraí ionchuir, saintréithe an bhunmhargaidh nó an fhíorcháis eacnamaíoch agus prionsabal na comhréireachta, leochaileacht na dtagarmharcanna i leith cúblála, chomh maith leis an gcóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas idirnáisiúnta i ndáil leis na tagarmharcanna.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   Féadfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a bheidh dírithe chuig riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha chun na gnéithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a shonrú.

Airteagal 12

Modheolaíocht

1.   Bainfidh riarthóir úsáid as modheolaíocht chun tagarmharc a chinneadh, ar fíor an méid seo a leanas i leith na modheolaíochta:

(a)

tá sí láidir agus iontaofa;

(b)

tá rialacha soiléire aici lena sainaithneofar conas agus cathain is féidir lánrogha a fheidhmiú agus an tagarmharc sin á chinneadh;

(c)

tá sí dian, leanúnach agus inbhailíochtaithe lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí iarthástáil a dhéanamh i gcoinne sonraí idirbhirt atá ar fáil;

(d)

tá sí athléimneach agus áirithíonn sí gur féidir an tagarmharc a ríomh sa mhéid is leithne imthosca agus is féidir, gan cur isteach ar a shláine;

(e)

tá sé inrianaithe agus infhíoraithe.

2.   Nuair a bheidh an mhodheolaíocht tagarmhairc á forbairt, déanfaidh riarthóir tagarmhairc an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé tosca éagsúla san áireamh lena n-áirítear méid agus gnáth-leachtacht an mhargaidh, trédhearcacht na trádála agus suímh rannpháirtithe sa mhargadh, comhchruinniú margaidh, dinimic an mhargaidh, agus leormhaitheas aon sampla chun léiriú a thabhairt ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch a bhfuil sé beartaithe é a thomhas leis an tagarmharc;

(b)

cinneadh i dtaobh cad is margadh gníomhach ann chun críocha an tagarmhairc sin; agus

(c)

an tosaíocht a thabhartar do chineálacha éagsúla sonraí ionchuir a bhunú.

3.   Beidh socruithe foilsithe soiléire i bhfeidhm ag riarthóir ina sainaithnítear na himthosca ina dtiteann cainníocht nó cáilíocht na sonraí ionchuir faoi bhun na gcaighdeán a theastaíonn ionas go mbeidh an mhodheolaíocht in ann an tagarmharc a chinneadh go cruinn agus go hiontaofa, agus a shainíonn i dtaobh an ríomhtar an tagarmharc agus conas a ríomhtar é in imthosca den sórt sin.

Airteagal 13

Trédhearcacht na modheolaíochta

1.   Déanfaidh riarthóir an tagarmharc agus an mhodheolaíocht a fhorbairt, a oibriú agus a riar go trédhearcach. Chuige sin, foilseoidh an riarthóir an fhaisnéis seo a leanas, nó cuirfidh sé ar fáil iad:

(a)

príomhghnéithe na modheolaíochta a úsáideann an riarthóir do gach tagarmharc a sholáthraítear agus a fhoilsítear nó, nuair is infheidhme, do gach fine tagarmharcanna a sholáthraítear agus a fhoilsítear;

(b)

mionsonraí maidir leis an athbhreithniú inmheánach agus maidir le modheolaíocht ar leith a fhormheas, chomh maith le minicíocht athbhreithniú den sórt sin;

(c)

na nósanna imeachta chun comhairliúchán a dhéanamh maidir le haon athrú ábhartha arna bheartú i modheolaíocht an riarthóra agus an réasúnaíocht a bhaineann le hathrú den sórt sin, lena n-áirítear sainmhíniú ar cad is athrú ábhartha ann agus na himthosca ina dtabharfaidh an riarthóir fógra d'úsáideoirí faoi aon athruithe den sórt sin.

2.   Déanfar foráil sna nósanna imeachta a éilítear faoi phointe (c) de mhír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

réamhfhógra, le hamchlár soiléir, a thugann deis anailís agus tuairim a thabhairt ar thionchar athruithe ábhartha molta den sórt sin; agus

(b)

na tuairimí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, agus freagairt an riarthóra ar na tuairimí sin, tuairimí a chuirfear ar fáil i ndiaidh aon chomhairliúcháin, ach amháin sa chás gur iarr tionscnóir na dtuairimí rúndacht.

3.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis atá le soláthar ag riarthóir i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a shonrú tuilleadh, lena ndéantar idirdhealú ar chineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha mar a leagtar amach sa Rialachán. Cuirfidh ÚEUM san áireamh an gá le nochtadh a dhéanamh ar na gnéithe sin den mhodheolaíocht a dhéanann foráil maidir le mionsonraí leordhóthanacha chun ligean d'úsáideoirí a thuiscint conas a sholáthraítear tagarmharc agus measúnú a dhéanamh ar chomh hionadaíoch agus atá sé, a ábharthacht d'úsáideoirí faoi leith agus a oiriúnacht mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais agus prionsabal na comhréireachta. Ní chumhdófar le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ÚEUM, áfach, riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha ná ní bheidh feidhm ag na dréachtchaighdeáin sin maidir leo.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.

Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   Féadfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh 1095/2010 a bheidh dírithe chuig riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha chun na gnéithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh.

Airteagal 14

Sáruithe a thuairisciú

1.   Bunóidh riarthóir córais leormhaithe agus rialuithe éifeachtacha chun sláine na sonraí ionchuir a áirithiú chun a bheith in ann aon iompar a bhféadfaidh cúbláil nó iarracht ar chúbláil ar thagarmharc a bheith ag baint leis, faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, a shainaithint agus a thuairisciú don údarás inniúil náisiúnta.

2.   Déanfaidh riarthóir faireachán ar shonraí ionchuir agus ar rannchuiditheoirí chun a bheith in ann an t-údarás inniúil a chur ar an eolas agus an fhaisnéis ábhartha go léir a chur ar fáil i gcás ina bhfuil an riarthóir in amhras, maidir leis an tagarmharc, go raibh aon iompar ann a bhféadfaidh cúbláil nó iarracht ar chúbláil ar an tagarmharc a bheith ag baint leis, faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, lena n-áirítear claonpháirteachas déanamh amhlaidh.

Déanfaidh údarás inniúil an riarthóra, i gcás inarb infheidhme, faisnéis den sórt sin a tharchur chuig an údarás ábhartha faoi Rialachán (AE) Uimh 596/2014.

3.   Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag riarthóirí dá mbainisteoirí, dá bhfostaithe agus d'aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí ar fáil dóibh nó atá faoina rialú chun tuairisciú a dhéanamh go hinmheánach ar sháruithe ar an Rialachán seo.

CAIBIDIL 3

Cód iompair agus ceanglais le haghaidh rannchuiditheoirí

Airteagal 15

Cód iompair

1.   I gcás ina bhfuil tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, déanfaidh riarthóir an tagarmhairc sin cód iompair a fhorbairt do gach tagarmharc ina sonrófar go soileir freagrachtaí na rannchuiditheoirí i ndáil le sonraí ionchuir a rannchuidiú agus áiritheoidh sé go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag cód iompair den sórt sin. Beidh an riarthóir deimhin de go bhfuil na rannchuiditheoirí ag cloí leis an gcód iompair ar bhonn leanúnach agus go bliantúil ar a laghad i gcás athruithe air.

2.   Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa chód iompair:

(a)

tuairisc shoiléir ar na sonraí ionchuir a bheidh le soláthar agus na ceanglais is gá chun a áirithiú go bhfuil sonraí ionchuir á soláthar i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 14;

(b)

na daoine a fhéadfaidh sonraí ionchuir a rannchuidiú leis an riarthóir a aithint agus na nósanna imeachta chun céannacht rannchuiditheora agus aon aighnitheoirí a fhíorú, chomh maith le húdarú aon aighnitheoirí a rannchuidíonn sonraí ionchuir thar ceann an rannchuiditheora;

(c)

beartais chun a áirithiú go soláthraíonn rannchuiditheoir na sonraí ionchuir ábhartha ar fad;

(d)

na córais agus na rialuithe nach mór do rannchuiditheoir a bhunú, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

nósanna imeachta chun sonraí ionchuir a rannchuidiú, lena n-áirítear ceanglais ar an rannchuiditheoir a shonrú an sonraí idirbhirt iad na sonraí ionchuir agus i dtaobh an bhfuil riachtanais an riarthóra á gcomhlíonadh ag sonraí ionchuir;

(ii)

beartais maidir le húsáid lánrogha agus sonraí ionchuir á rannchuidiú;

(iii)

aon cheanglas a bhaineann le sonraí ionchuir a bhailíochtú sula gcuirtear ar fáil don riarthóir iad;

(iv)

beartais coimeádta taifead;

(v)

ceanglais maidir tuairisciú a bhaineann le sonraí ionchuir amhrasta;

(vi)

ceanglais a bhaineann le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú.

3.   Féadfaidh riarthóirí cód iompair aonair a fhorbairt do gach fine tagarmharcanna a sholathraíonn siad.

4.   I gcás ina dtiocfaidh údarás inniúil ábhartha, agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 41 á n-úsáid aige, ar eilimintí de chuid cóid nach bhfuil i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, tabharfaidh sé fógra don riarthóir lena mbaineann maidir leis an méid sin. Laistigh de 30 lá ó fhógra den sórt sin a fháil, déanfaidh an riarthóir coigeartú ar an gcód iompair chun a áirithiú go gcomhlíonann sé an Rialachán seo.

5.   Laistigh de 15 lá oibre ó dháta chur i bhfeidhm an chinnidh maidir le tagarmharc criticiúil a chur san áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 20(1), tabharfaidh riarthóir an tagarmhairc chriticiúil sin fógra faoin gcód iompair don údarás inniúil ábhartha. Laistigh de 30 lá, fíoróidh an t-údarás inniúil ábhartha an gcomhlíonann inneachar an chóid iompair an Rialachán seo. I gcás ina dtiocfaidh an t-údarás inniúil ar eilimintí nach gcomhlíonann an Rialachán seo, beidh feidhm ag mír 4 den Airteagal seo.

6.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun gnéithe an chóid iompair dá dtagraítear i mír 2 a shonrú tuilleadh do chineálacha éagsúla tagarmharcanna, agus chun forbairtí i ndáil le tagarmharcanna agus margaí airgeadais a chur an áireamh.

Cuirfidh ÚEUM saintréithe éagsúla tagarmharcanna agus rannchuiditheoirí san áireamh, go háirithe ó thaobh difríochtaí sna sonraí ionchuir agus sna modheolaíochtaí, an baol go ndéanfar cúbláil ar na sonraí ionchuir agus cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 16

Ceanglais rialachais agus rialuithe do rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht

1.   Beidh feidhm ag na ceanglais rialachais agus rialaithe seo a leanas maidir le rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht:

(a)

áiritheoidh an rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht nach mbeidh tionchar ag coinbhleacht leasa, atá ann cheana ná ceann féideartha, ar sholáthar sonraí ionchuir, agus má tá lánrogha de dhíth, go bhfeidhmeofar í sin go neamhspleách agus go hionraic bunaithe ar fhaisnéis ábhartha i gcomhréir leis an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15;

(b)

beidh creat rialaithe i bhfeidhm ag an rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht lena ndéanfar sláine, cruinneas agus iontaofacht na sonraí ionchuir a áirithiú agus lena ndéantar na sonraí ionchuir a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15.

2.   Beidh córais agus rialuithe éifeachtacha i bhfeidhm ag rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht chun sláine agus iontaofacht na sonraí ionchuir uile a thugtar don riarthóir a áirithiú, lena n-áirítear:

(a)

rialuithe a bhaineann leis na daoine a fhéadfaidh sonraí ionchuir a chur faoi bhráid riarthóra, lena n-áirítear, má tá sé sin comhréireach, próiseas chun deis a thabhairt do dhuine nádúrtha a bhfuil post níos sinsearaí aige nó aici ná an ceann atá ag an aighnitheoir síniú;

(b)

oiliúint iomchuí d'aighnitheoirí, lena gcumhdófar, ar a laghad, an Rialachán seo agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014;

(c)

bearta maidir le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú, lena n-áirítear fostaithe a scaradh go heagraíochtúil i gcás inarb iomchuí agus cinneadh maidir le conas deireadh a chur le dreasachtaí, ar dreasachtaí iad a cruthaíodh le beartais luacha saothair, chun clúbláil a dhéanamh ar thagarmharc;

(d)

taifead a choimeád, ar feadh tréimhse iomchuí ama, ar chumarsáid i ndáil le soláthar sonraí ionchuir, ar an bhfaisnéis go léir a úsáidtear chun a chumasú don rannchuiditheoir gach aighneacht a dhéanamh, agus ar gach coinbhleacht reatha nó féideartha lena n-áirítear neamhchosaint an rannchuiditheora ar ionstraimí airgeadais a úsáideann tagarmharc mar thagairt, ach gan a bheith teoranta don méid sin;

(e)

taifead a choimeád ar iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha.

3.   I gcás ina mbraithfidh sonraí iompair ar bhreithiúnas saineolach, bunóidh rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht beartais, sa bhreis ar na córais agus na rialuithe dá dtagraítear i mír 2, beartas a threoróidh úsáid breithiúnais nó feidhmiú lánrogha agus coimeádfaidh siad taifid den réasúnaíocht a bhaineann le breithiúnas nó rogha den sórt sin. Más comhréireach é, cuirfidh rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht cineál an tagarmhairc agus sonraí ionchuir an tagarmhairc san áireamh.

4.   Rachaidh rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht i gcomhar go hiomlán leis an riarthóir agus leis an údarás inniúil ábhartha san iniúchadh agus i maoirsiú soláthair tagarmhairc agus cuirfidh sé an fhaisnéis agus na taifid arna gcoimeád ar fáil i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3.

5.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na ceanglais a bhaineann le rialachas, córais agus rialuithe agus beartais a leagtar amach i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 a shonrú tuilleadh.

Cuirfidh ÚEUM saintréithe éagsúla tagarmharcanna agus rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht san áireamh, go háirithe ó thaobh difríochtaí sna sonraí ionchuir a chuirtear ar fáil agus sna modheolaíochtaí a úsáidtear, na rioscaí i ndáil le cúbláil a dhéanamh ar na sonraí ionchuir agus cineál na ngníomhaíochtaí a dhéanann na rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht, agus na forbairtí i dtagarmharcanna agus i margaí airgeadais i bhfianaise cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna. Ní chumhdófar le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ÚEUM, áfach, rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht tagarmharcanna neamhshuntasacha ná ní bheidh feidhm ag na dréachtchaighdeáin sin maidir leo.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   Féadfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh 1095/2010 a bheidh dírithe chuig rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht le tagarmharcanna neamhshuntasacha chun na gnéithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a shonrú.

TEIDEAL III

CEANGLAIS DO CHINEÁLACHA ÉAGSÚLA TAGARMHARCANNA

CAIBIDIL 1

Tagarmharcanna sonraí rialáilte

Airteagal 17

Tagarmharcanna sonraí rialáilte

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 11(1)(d) agus (e), Airteagal 11(2) agus (3), Airteagal 14(1) agus (2), agus Airteagal 15 agus Airteagal 16 maidir le soláthar tagarmharcanna sonraí rialáilte ná maidir leis na tagarmharcanna sonraí rialáilte a rannchuidiú. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 8(1)(a) maidir le soláthar tagarmharcanna sonraí rialáilte i leith sonraí ionchuir a rannchuidítear go hiomlán agus go díreach mar a shonraítear i bpointe (24) d'Airteagal 3(1).

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 24 agus ag Airteagl 25 nó ag Airteagal 26, i gcás inarb infheidhme, maidir le soláthar tagarmharcanna sonraí rialáilte, agus rannchuidiú leo, ar tagarmharcanna sonraí rialáilte iad a úsáidtear go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna mar thagairt haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta, ag a bhfuil luach iomlán de EUR 500 billiún, a thomhas ar bhonn raon iomlán aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, mar is iomchuí.

CAIBIDIL 2

Tagarmharcanna rátaí úis

Airteagal 18

Tagarmharcanna rátaí úis

Beidh feidhm ag na riachtanais shainiúla a leagtar síos in Iarscríbhinn I maidir le tagarmharcanna rátaí úis a sholáthar agus rannchuidiú leo sa bhreis ar cheanglais Theideal II, nó ina n-ionad.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 24, Airteagal 25 agus Airteagal 26 maidir le soláthar tagarmharcanna rátaí úis ná le rannchuidiú leo.

CAIBIDIL 3

Tagarmharcanna tráchtearraí

Airteagal 19

Tagarmharcanna tráchtearraí

1.   Beidh feidhm ag na ceanglais shonracha a leagtar síos in Iarscríbhinn II seachas ceanglais Theideal II, cé is moite d'Airteagal 10, maidir le soláthar tagarmharcanna tráchtearraí agus le rannchuidiú leo, mura rud é gur tagarmharc sonraí rialáilte an tagarmharc i gceist nó go bhfuil sé bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis faoi mhaoirseacht a bhformhór.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 24, Airteagal 25 agus Airteagal 26 maidir le soláthar tagarmharcanna tráchtearraí ná le rannchuidiú leo.

2.   I gcás inar tagarmharc criticiúil atá i dtagarmharc tráchtearraí agus gur ór, airgead nó platanam atá sa bhunsócmhainn, beidh feidhm ag ceanglais Theideal II in ionad Iarscríbhinn II.

CAIBIDIL 4

Tagarmharcanna criticiúla

Airteagal 20

Tagarmharcanna criticiúla

1.   Déanfaidh an Coimisiún, gach dhá bhliain ar a laghad, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) chun liosta de thagarmharcanna, arna soláthar ag riarthóirí atá lonnaithe laistigh den Aontas agus ar tagarmharcanna criticiúla iad, a bhunú agus a athbhreithniú, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go n-úsáidtear an tagarmharc go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta, ag a bhfuil luach iomlán de EUR 500 billiún ar a laghad, a thomhas ar bhonn raon iomlán aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme;

(b)

go bhfuil an tagarmharc bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí a bhfuil a bhformhór suite i mBallstát amháin agus go n-aithnítear é a bheith criticiúil sa Bhallstát sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 2, 3, 4 agus 5 den Airteagal seo;

(c)

go gcomhlíonann an tagarmharc na critéir uile seo a leanas:

(i)

go n-úsáidtear an tagarmharc go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta, ag a bhfuil luach iomlán de EUR 400 billiún ar a laghad, a thomhas ar bhonn raon iomlán aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme, ach gan dul thar an luach dá bhforáiltear i bpointe (a);

(ii)

nach bhfuil ionadaithe oiriúnacha ar bith faoi stiúir an mhargaidh ag an tagarmharc, nó gur fíorbheagán ionadaithe den sórt sin atá aige;

(iii)

i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó gur ar bhonn sonraí ionchuir neamhiontaofa a sholáthraítear é, bheadh tionchair shuntasacha agus dhochracha ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnóthas i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit.

Más rud é go gcomhlíonann tagarmharc na critéir a leagtar amach i bpointe (c)(ii) agus (iii) ach nach gcomhlíonann sé an critéar a leagtar amach i bpointe (c)(i), féadfaidh údarás inniúil na mBallstát lena mbaineann in éineacht le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an riarthóir bunaithe comhaontú gur cheart tagarmharc den sórt sin a aithint mar thagarmharc criticiúil faoin bhofmhír seo. I gcás ar bith, rachaidh údarás inniúil an riarthóra i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann.I gcás easaontas idir na húdaráis inniúla, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra cinneadh i dtaobh ar cheart an tagarmharc a aithint mar thagarmharc criticiúil faoin bhfomhír seo, agus na cúiseanna don easaontas á gcur san áireamh. Déanfaidh na húdaráis inniúla nó, i gcás easaontais, údarás inniúil an riarthóra, an measúnú a tharchur chuig an gCoimisiún. Tar éis dó an measúnú a fháil, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an mír seo. Ina theannta sin, i gcás easaontais, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra a mheasúnú a tharchur chuig ÚEUM a fhéadfaidh tuairim a fhoilsiú.

2.   I gcás ina measfaidh údarás inniúil de chuid Ballstáit dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 go soláthraíonn riarthóir faoina mhaoirseacht tagarmharc ar cheart é a aithint mar thagarmharc criticiúil, tabharfaidh sé fógra d'ÚEUM agus tarchuirfidh sé measúnú doiciméadach chuig ÚEUM.

3.   Chun críocha mhír 2, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh scor an tagarmhairc nó soláthar an tagarmhairc ar bhonn sonraí ionchuir nó painéal rannchuiditheoirí nach bhfuil ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch, an mbeadh tionchar dochrach aige sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnóthas ina Bhallstát. Cuirfidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas san áireamh ina mheasúnú:

(a)

luach na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc agus luach na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc chun a bhfeidhmíocht laistigh den Bhallstát a thomhas agus a n-ábharthacht maidir le luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais gan íoc sa Bhallstát;

(b)

luach na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc agus luach na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc chun a bhfeidhmíocht laistigh den Bhallstát a thomhas agus a ábharthacht maidir le holltáirgeacht náisiúnta an Bhallstáit;

(c)

aon fhigiúr eile chun measúnú a dhéanamh ar bhonn oibiachtúil ar thionchar féideartha ar neamhleanúnachas nó ar neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnóthas sa Bhallstát.

Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar chriticiúlacht an tagarmhairc gach dhá bhliain ar a laghad, agus tabharfaidh sé fógra faoin measúnú nua d'ÚEUM agus tarchuirfidh sé chuige é.

4.   Laistigh de shé seachtaine tar éis dó an fógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, eiseoidh ÚEUM tuairim i dtaobh an gcomhlíonann measúnú an údaráis inniúil ceanglais mhír 3 agus tarchuirfidh sé tuairim den sórt sin chuig an gCoimisiún, mar aon le measúnú an údaráis inniúil.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó an tuairim dá dtagraítear i mír 4 a fháil, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le mír 1.

6.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a shonrú conas a dhéanfar méid ainmniúil ionstraimí airgeadais, seachas díorthaigh, méid barúlach díorthach agus glanluach sócmhainní cistí infheistíochta a mheasúnú, lena n-áirítear i gcás tagairt indíreach do thagarmharc laistigh de theaglaim de thagarmharcanna, chun iad a chur i gcomparáid leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus i bpointe (a) d'Airteagal 24(1);

(b)

athbhreithniú a dhéanamh ar an modh ríofa a úsáidtear chun na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chinneadh i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus i bpraghsanna agus i bhfianaise forbairtí rialála chomh maith le hoiriúnacht aicmiú tagarmharcanna ag a bhfuil luach iomlán ionstraimí airgeadais, conarthaí airgeadais, nó cistí infheistíochta a dhéanann tagairt dóibh atá gar do na tairseacha; tarlóidh athbhreithniú den sórt sin gach dhá bhliain ar a laghad amhail ón 1 Eanáir 2018;

(c)

a shonrú conas na critéir dá dtagraítear i bpointe (c)(iii) de mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, agus aon sonraí lena ligtear measúnú a dhéanamh ar fhorais oibiachtúla ar thionchar féidearthach neamhleanúnachas nó neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnóthas i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit á chur san áireamh.

I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí ábhartha margaidh nó teicneolaíochta.

Airteagal 21

Riarachán éigeantach ar thagarmharc criticiúil

1.   Má tá sé beartaithe ag riarthóir tagarmhairc chriticiúil scor de thagarmharc den sórt sin a sholáthar, déanfaidh an riarthóir an méid seo a leanas:

(a)

fógra a thabhairt dá údarás inniúil láithreach; agus

(b)

laistigh de cheithre seachtaine tar éis fógra den sórt sin a thabhairt, measúnú a chur isteach faoi conas a dhéanfar an méid seo a leanas maidir leis an tagarmharc:

(i)

é a thrasdul chuig riarthóir nua; nó

(ii)

scor de bheith á sholáthar, agus an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 28(1) á chur san áireamh.

Le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní scoirfidh an riarthóir den tagarmharc a sholáthar.

2.   Tar éis measúnú an riarthóra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a)

ÚEUM agus, i gcás inarb infheidhme, an coláiste arna bhunú faoi Airteagal 46 a chur ar an eolas; agus

(b)

laistigh de cheithre seachtaine a mheasúnú féin a dhéanamh ar conas a bheidh an tagarmharc le trasdul chuig riarthóir nua nó scor de bheith á sholáthar, agus an nós imeachta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh.

Le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, ní scoirfidh an riarthóir den tagarmharc a sholáthar gan toiliú i scríbhinn ón údarás inniúil.

3.   Tar éis dó an measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 a chríochnú, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil iallach a chur ar an riarthóir leanúint de bheith ag foilsiú an tagarmhairc go dtí:

(a)

go mbeidh soláthar an tagarmhairc aistrithe chuig riarthóir nua;

(b)

go bhféadfar scor den tagarmharc a sholáthar ar bhealach rianúil; nó

(c)

nach bhfuil an tagarmharc criticiúil a thuilleadh.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ní faide ná 12 mhí an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh an t-údarás inniúil iallach a chur ar an riarthóir leanúint de bheith ag foilsiú a tagarmhairc.

Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar a chinneadh iallach a chur ar an riarthóir leanúint d'fhoilsiú an tagarmhairc agus féadfaidh sé, i gcás inar gá, an tréimhse ama a fhadú ar feadh tréimhse ama iomchuí nach faide ná 12 mhí bhreise. Ní faide ná 24 mhí san iomlán uastréimhse an riaracháin éigeantaigh.

4.   Gan dochar do mhír 1, i gcás ina mbeidh riarthóir tagarmhairc chriticiúil le foirceannadh mar gheall ar imeachtaí dócmhainneachta, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh an féidir an tagarmharc criticiúil trasdul chuig tagarmharc nua, agus conas é sin a dhéanamh, nó an féidir leis scor de bheith á sholáthar ar bhealach rianúil, agus an nós imeachta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh.

Airteagal 22

Maolú ar chumhacht margaidh riarthóirí tagarmharcanna criticiúla

Gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais, le linn dó nó di tagarmharc criticiúil a sholáthar, glacfaidh an riarthóir bearta leormhaithe chun a áirithiú go soláthrófar ceadúnais an tagarmharic, agus an fhaisnéis a bhaineann leis, do na húsáideoirí go léir ar bhonn cóir, réasúnach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

Airteagal 23

Rannchuidiú éigeantach le tagarmharc criticiúil

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le tagarmharcanna criticiúla a bheidh bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis faoi mhaoirseacht a bhformhór.

2.   Déanfaidh riarthóirí ar thagarmharc amháin nó níos mó measúnú a chur isteach gach dhá bhliain chuig a n-údarás criticiúil faoi chumas gach tagarmhairc chriticiúil a sholáthraíonn siad chun an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch a thomhas.

3.   Má tá sé beartaithe ag rannchuiditheoir scor de rannchuidiú sonraí ionchuir, cuirfidh sé an riarthóir tagarmharcanna ar an eolas i scríbhinn go pras, agus cuirfidh an riarthóir a údarás inniúil ar an eolas gan mhoill. I gcás ina bhfuil an rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht lonnaithe i mBallstát eile, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra an t-údarás inniúil a chur ar an eolas gan mhoill faoin rannchuiditheoir sin. Déanfaidh an riarthóir tagarmhairc measúnú ar impleachtaí an údaráis inniúil maidir le cumas an tagarmhairc an bumhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch a thomhas a luaithe is féidir ach gan é a bheith níos déanaí ná 14 lá tar éis an fhógra a thug an rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht.

4.   Tar éis dó measúnú ar an riarthóir tagarmhairc dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo a fháil agus ar bhonn measúnú den sórt sin, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra ÚEUM agus an coláiste arna bhunú faoi Airteagal 46, i gcás inarb infheidhme, a chur ar an eolas go pras, agus déanfaidh sé a mheasúnú féin ar chumas an tagarmhairc an bunmhargadh agus an fíorchás eacnamaíoch a thomhas, agus nós imeachta an riarthóra chun scor an tagarmhairc a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh.

5.   Ón dáta a bheidh fógra tugtha d'údarás inniúil an riarthóra go bhfuil sé beartaithe ag rannchuiditheoir scor de rannchuidiú sonraí ionchuir agus go dtí go gcríochnófar an measúnú dá dtagraítear i mír 4, beidh sé de chumhacht aige a cheangal ar na rannchuiditheoirí a thug an fógra i gcomhréir le mír 3 leanúint de shonraí ionchuir a rannchuidiú, ar feadh tréimhse nach mó ná ceithre seachtaine ar aon chaoi, gan oibleagáid a fhorchur ar eintitis faoi mhaoirseacht trádáil nó gealltanas a thabhairt trádáil.

6.   I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil, i ndiaidh na tréimhse a shonraítear i mír 5 agus ar bhonn a mheasúnaithe féin dá dtagraítear i mír 4, go bhfuil iondaithe tagarmhairc chriticiúil curtha i mbaol, beidh sé de chumhacht aige:

(a)

a cheangal ar eintitis faoi mhaoirseacht, arna roghnú i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, lena n-áirítear eintitis nach rannchuiditheoirí cheana leis an tagarmharc criticiúil iad, sonraí ionchuir a rannchuidiú leis an riarthóir i gcomhréir le modheolaíocht an riarthóra, an cód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15 agus rialacha eile. Beidh ceanglas den sórt sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná 12 mhí ón dáta ina mbeidh an cinneadh tosaigh déanta lena gceanglaítear rannchuidiú éigeantach de bhun mhír 5, nó do na heintitis sin nach rannchuiditheoirí fós iad, ón dáta a dhéantar an cinneadh lena gceanglaítear rannchuidiú éigeantach faoin bpointe seo;

(b)

tréimhse an rannchuidithe éigeantaigh a fhadú le tréimhse iomchuí ama nach faide ná 12 mhí, tar éis athbhreithniú faoi mhír 9 ar aon bhearta a ghlactar de bhun phointe (a) den mhír seo;

(c)

foirm agus sprioc-am a chinneadh maidir le rannchuidiú aon sonraí ionchuir, gan oibleagáid a fhorchur ar eintitis faoi mhaoirseacht trádáil nó gealltanas a thabhairt trádáil;

(d)

a cheangal ar an riarthóir an mhodheolaíocht, an cód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15, nó rialacha eile an tagarmhairc chriticiúil a athrú.

Ní rachaidh uastréimhse an rannchuidithe éigeantaigh faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den chéad fhomhír thar 24 mhí san iomlán.

7.   Chun críocha mhír 6, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra, i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla na n-eintiteas faoi mhaoirseacht, a chinneadh cé hiad na heintitis faoi mhaoirseacht a mbeidh sé de cheangal orthu sonraí ionchuir a rannchuidiú, ar bhonn mhéid rannpháirtíocht iarbhír agus féideartha an eintitis faoi mhaoirseacht sa mhargadh a bhfuil sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc.

8.   Údarás inniúil de chuid rannchuiditheora faoi mhaoirseacht ar ceanglaíodh air rannchuidiú le tagarmharc trí bhíthin bearta a glacadh i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) nó pointe (c) de mhír 6, comhoibreoidh sé le húdarás inniúil an riarthóra i bhforfheidhmiú na mbeart sin.

9.   Faoi dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 6, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra athbhreithniú ar na bearta a bheidh glactha faoi mhír 6. Déanfaidh sé aon cheann acu a chúlghairm má mheasann sé:

(a)

gur dealraitheach go leanfaidh na rannchuiditheoirí de bheith ag rannchuidiú sonraí ionchuir ar feadh bliain amháin ar a laghad dá ndéanfaí an beart a chúlghairm, agus tabharfar fianaise ar an méid sin leis na nithe seo a leanas ar a laghad:

(i)

tiomantas i scríbhinn ó na rannchuiditheoirí chuig an riarthóir agus chuig an údarás inniúil go leanfar de bheith ag rannchuidiú sonraí ionchuir don tagarmharc criticiúil ar feadh bliain amháin ar a laghad má dhéantar an beart a chúlghairm;

(ii)

tuarascáil i scríbhinn ón riarthóir chuig an údarás inniúil lena soláthraítear fianaise dá mheasúnú gur féidir inmharthanacht leantach an thagarmhairc chriticiúil a áirithiú tar éis an rannchuidiú éigeantach a chúlghairm;

(b)

is féidir le soláthar an tagarmhairc leanúint ar aghaidh a luaithe a bheidh na rannchuiditheoirí a bhfuil sainordú tugtha dóibh sonraí ionchuir a rannchuidiú tar éis scor de bheith ag rannchuidiú;

(c)

go bhfuil tagarmharc ionadach inghlactha ar fáil agus gur féidir le húsáideoirí an tagarmhairc chriticiúil athrú chuig an gceann ionadach seo gan ach na costais is ísle a bheith orthu, arna fhianú sin, ar a laghad, le tuarascáil i scríbhinn ón riarthóir ina mbeidh mionsonraí faoin modh trasdula chuig tagarmharc ionadach agus an cumas atá ag úsáideoirí trasdul chuig an tagarmharc sin chomh maith le costais an trasdula; nó

(d)

nach féidir aon rannchuidithe malartacha a shainaithint agus go ndéanfadh scor rannchuidithe ó na heintitis ábhartha faoi mhaoirseacht lagú ar an tagarmharc an oiread is go gcaithfí scor den tagarmharc.

10.   I gcás in mbeidh tagarmharc criticiúil le scor de sholáthar, leanfaidh gach rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht leis an tagarmharc sin de shonraí ionchuir a rannchuidiú ar feadh tréimhse ama a chinnfidh an t-údarás inniúil, ach tréimhse nach mó ná an uastréimhse 24 mhí a leagtar síos sa dara fomhír de mhír 6.

11.   Tabharfaidh an riarthóir fógra don údarás inniúil ábhartha má tharlaíonn sé go sáraíonn aon cheann de na rannchuiditheoirí ceanglais a leagtar amach i mír 6, a luaithe is féidir le réasún.

12.   I gcás ina n-aithneofar tagarmharc mar thagarmharc criticiúil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 20(2), (3), (4) agus (5), ní bheidh sé de chumhacht ag údarás inniúil an riarthóra sonraí ionchuir a éileamh i gcomhréir le mír 5, agus pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 6 den Airteagal seo ach amháin ó rannchuiditheoirí atá lonnaithe ina Bhallstát.

CAIBIDIL 5

Tagarmharcanna suntasacha

Airteagal 24

Tagarmharcanna suntasacha

1.   Tagarmharc nach gcomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20(1), tá sé suntasach nuair:

(a)

a úsáidtear é go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta, ag a bhfuil meánluach iomlán de EUR 50 billiún ar a laghad, a thomhas ar bhonn raon iomlán aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme, in imeacht tréimhse de shé mhí; nó

(b)

nach bhfuil ionadaithe oiriúnacha ar bith faoi stiúir an mhargaidh aige, nó gur fíorbheagán ionadaithe den sórt sin atá aige agus, sa chás go scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó gur ar bhonn sonraí ionchuir neamhiontaofa a sholáthraítear é, go mbeadh tionchair shuntasacha agus dhochracha ann ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnóthas i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun athbhreithniú a dhéanamh ar an modh ríofa a úsáidtear chun an tairseach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo a chinneadh i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus i bpraghsanna agus i bhfianaise forbairtí rialála chomh maith le hoiriúnacht aicmiú na dtagarmharcanna ag a bhfuil luach iomlán d'ionstraimí airgeadais, de chonarthaí airgeadais nó de chistí infheistíochta a dhéanann tagairt dóibh atá gar don tairseach sin. Tarlóidh athbhreithniú den sórt sin gach dhá bhliain ar a laghad amhail ón 1 Eanáir 2018.

3.   Déanfaidh riarthóir fógra a thabhairt láithreach dá údarás inniúil nuair a thiteann a thagarmharc suntasach faoi bhun na tairsí a luaitear i bpointe (a) de mhír 1.

Airteagal 25

Díolúintí ó cheanglais shonracha le haghaidh tagarmharcanna suntasacha

1.   Féadfaidh riarthóir tagarmhairc shuntasaigh a roghnú gan Airteagal 4(2), pointe (c), pointe (d) agus pointe (e) d'Airteagal 4(7), pointe (b) d'Airteagal 11(3) nó Airteagal 15(2) a chur i bhfeidhm maidir lena thagarmharcanna suntasacha más rud é go measann an riarthóir go mbeadh cur i bhfeidhm ceann amháin nó níos mó de na forálacha sin neamhréireach, agus cineál nó tionchar an tagarmhairc nó méid an riarthóra á gcur san áireamh.

2.   I gcás ina roghnaíonn riarthóir gan ceann amháin nó níos mó de na forálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm, tabharfaidh sé fógra láithreach don údarás inniúil agus soláthróidh sé dó an fhaisnéis ábhartha go léir lena ndeimhnítear measúnú an riarthóra go mbeadh feidhmiú ceann amháin nó níos mó de na forálacha sin neamhréireach, agus cineál nó tionchar na dtagarmharcanna nó méid an riarthóra á gcur san áireamh.

3.   Féadfaidh údarás inniúil a chinneadh go ndéanfaidh riarthóir tagarmhairc shuntasaigh ceann amháin nó níos mó de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4(2), i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 4(7), i bpointe (b) d'Airteagal 11(3) agus in Airteagal 15(2) a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin féin más rud é go measann sé go mbeadh an méid sin iomchuí, agus cineál nó tionchar na dtagarmharcanna nó méid an riarthóra á gcur san áireamh. Déanfaidh an t-údarás inniúil ina mheasúnú, bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh soláthraithe ag an riarthóir, na critéir seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

leochaileacht an tagarmhairc ó thaobh cúblála de;

(b)

cineál na sonraí ionchuir;

(c)

an leibhéal de choinbhleachtaí leasa;

(d)

leibhéal de lánrogha atá ag an riarthóir;

(e)

tionchar an tagarmhairc ar na margaí;

(f)

cineál, scála agus castacht sholáthar an tagarmhairc;

(g)

tábhacht an tagarmhairc don chobhsaíocht airgeadais;

(h)

luach na n-ionstraimí airgeadais, na gconarthaí airgeadais nó na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc;

(i)

méid, foirm eagraíochtúil nó struchtúr an riarthóra.

4.   Laistigh de 30 lá ó fhógra a fháil ó riarthóir faoi mhír 2, déanfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh maidir le ceanglas breise a chur i bhfeidhm de bhun mhír 3 a fhógairt don riarthóir sin. I gcás ina ndéantar an fógra don údarás inniúil le linn nós imeachta údaraithe nó cláraithe, beidh feidhm ag na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 34.

5.   Agus a chuid cumhachtaí maoirseachta á bhfeidhmiú ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 41, déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú rialta féachaint an bhfuil a mheasúnú de bhun mhír 3 den Airteagal seo fós bailí.

6.   Má fhaigheann údarás inniúil, ar fhorais réasúnacha, go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh faoina bhráid de bhun mhír 2 den Airteagal seo neamhiomlán nó go bhfuil gá le faisnéis fhorlíontach, ní bheidh feidhm ag an teorainn ama 30 lá dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo ach amháin ón dáta ar a ndéanfaidh an riathróir an fhaisnéis chomhlántach sin a sholáthar, mura rud é go bhfuil feidhm ag na sprioc-amanna in Airteagal 34 de bhun mhír 4 den Airteagal seo,

7.   Más rud é nach ndéanann riarthóir tagarmhairc shuntasaigh ceann amháin nó níos mó de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4(2), i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 4(7), i bpointe (b) d'Airteagal 11(3) agus in Airteagal 15(2) a chomhlíonadh, foilseoidh sé agus coimeádfaidh sé ráiteas comhlíontachta ina luaitear go soiléir an chúis gurb iomchuí don riarthóir sin gan na forálacha sin a chomhlíonadh.

8.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun teimpléad don ráiteas comhlíontachta dá dtagraítear i mír 7 a fhorbairt.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

9.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na critéir dá dtagraítear i mír 3 a shonrú tuilleadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 6

Tagarmharcanna neamhshuntasacha

Airteagal 26

Tagarmharcanna neamhshuntasacha

1.   Féadfaidh riarthóir a roghnú gan Airteagal 4(2), pointe (c), pointe (d) agus pointe (e) d'Airteagal 4(7), Airteagail 4(8), 5(2), 5(3), 5(4), 6(1), 6(3), 6(5), 7(2), pointe (b) d'Airteagal 11(1), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 11(2), agus Airteagail 11(3), 13(2), 14(2), 15(2), 16(2) agus (3) a chur i bhfeidhm maidir lena thagarmharcanna neamhshuntasacha.

2.   Déanfaidh riarthóir fógra a thabhairt láithreach dá údarás inniúil nuair a théann tagarmharc neamhshuntasach an riarthóra thar an tairseach a luaitear i bpointe (a) d'Airteagal 24(1). Sa chás sin, comhlíonfaidh sé na ceanglais is infheidhme maidir le tagarmharcanna suntasacha laistigh de thrí mhí.

3.   Más rud é go roghnaíonn riarthóir tagarmhairc neamhshuntasaigh gan ceann amháin nó níos mó de na forálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm, foilseoidh sé agus coimeádfaidh sé ráiteas comhlíontachta ina luafar go soiléir an chúis gurb iomchuí don riarthóir sin gan na forálacha sin a chomhlíonadh. Déanfaidh an riarthóir an ráiteas comhlíonta a sholáthar dá údarás inniúil.

4.   Déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha athbhreithniú ar an ráiteas comhlíontachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh ar an riarthóir i ndáil lena thagarmharcanna neamhshuntasacha i gcomhréir le hAirteagal 41 agus féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar athruithe chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

5.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun teimpléad don ráiteas comhlíontachta dá dtagraítear i mír 3 a fhorbairt.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

TEIDEAL IV

TRÉDHEARCACHT AGUS COSAINT TOMHALTÓIRÍ

Airteagal 27

Ráiteas tagarmhairc

1.   Laistigh de dhá sheachtain ó chuirtear riarthóir sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36, foilseoidh an riarthóir, ar mhodh a áirithíonn rochtain chothrom agus éasca, ráiteas tagarmhairc i leith gach tagarmhairc nó, i gcás inarb infheidhme, i leith gach fine tagarmharcanna, a fhéadfar a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29.

I gcás ina dtosaíonn an riarthóir sin ar thagarmharc nua nó ar fhine tagarmharcanna a fhéadfar a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29 a sholáthar, déanfaidh an riarthóir, laistigh de dhá sheachtain agus ar mhodh a áirithíonn rochtain chothrom agus éasca, ráiteas tagarmhairc a fhoilsiú i leith gach tagarmhairc nua nó, i gcás inarb infheidhme, i leith gach fine nua tagarmharcanna.

Déanfaidh an riarthóir athbhreithniú agus, i gcás inar gá sin, nuashonrú ar an ráiteas tagarmhairc i leith gach tagarmhairc nó fine tagarmharcanna sa chás go dtarlaíonn athruithe ar an bhfaisnéis atá le soláthar faoin Airteagal seo agus déanfaidh sé an méid sin gach dhá bhliain ar a laghad.

Maidir leis an ráiteas tagarmhairc:

(a)

beidh ann sainmhíniú soiléir agus gan athbhrí ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá á thomhas leis an tagarmharc agus na cúinsí ina bhféadfadh sé go mbeidh tomhas den sórt sin neamhiontaofa;

(b)

leagfar síos ann sonrúcháin theicniúla lena sainaithnítear go soiléir agus gan athbhrí na heilimintí sin de ríomh an tagarmhairc arb ina leith a fhéadfar lánrogha a chur i bhfeidhm, na critéir is infheidhme i leith fheidhmiú na lánrogha sin agus post na ndaoine ar féidir leo lánrogha a fheidhmiú agus conas a d'fhéadfaí an lánrogha sin a mheas ina dhiaidh sin.

(c)

tabharfar ann fógra go bhféadfadh fachtóirí a bheith ann, lena n-áirítear fachtóirí seachtracha nach bhfuil smacht ag an riarthóir orthu, a d'fhágfadh go mbeadh gá le hathruithe ar thagarmharc, nó an tagarmhac a scor; agus

(d)

cuirfear in iúl ann d'úsáideoirí go bhféadfadh tionchar a bheith ag athruithe ar thagarmharc nó ag scor tagarmhairc ar na conarthaí airgeadais agus ar na hionstraimí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc nó do thomhas ar fheidhmíocht cistí infheistíochta.

2.   Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, i ráiteas tagarmhairc:

(a)

na sainmhínithe ar na príomhthéarmaí ar fad a bhaineann leis an tagarmharc;

(b)

an réasúnaíocht a bhaineann le glacadh modheolaíochta tagarmhairc agus le glacadh nósanna imeachta chun an mhodheolaíocht a fhormheas agus chun athbhreithniú a dhéanamh uirthi;

(c)

na critéir agus na nósanna imeachta a úsáidtear chun an tagarmharc a chinneadh, lena n-áirítear tuairisc ar na sonraí ionchuir, an tosaíocht a thugtar do chineálacha éagsúla sonraí ionchuir, na sonraí íosta is gá chun tagarmharc a chinneadh, úsáid aon samhlacha nó modhanna eachtarshuímh agus aon nós imeachta chun comhchodanna innéacs tagarmhairc a athchothromú;

(d)

na rialuithe agus na rialacha a rialaíonn aon fheidhmiú breithiúnais nó lánrogha ag an riarthóir nó ag aon rannchuiditheoirí, d'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú maidir le húsáid breithiúnais nó lánrogha den sórt sin;

(e)

na nósanna imeachta a rialaíonn cinneadh an tagarmhairc i dtréimhsí struis nó i dtréimhsí ina bhféadfadh foinsí sonraí idirbhirt a bheith neamhleor, míchruinn nó neamhiontaofa agus teorainneacha féideartha an tagarmhairc sna tréimhsí sin;

(f)

na nósanna imeachta chun déileáil le hearráidí sna sonraí ionchuir nó i gcinneadh an tagarmhairc, lena n-áirítear nuair a bheidh athchinneadh ar an tagarmharc de dhíth; agus

(g)

sainaithint na dteorainneacha féideartha atá ag tagarmharc, lena n-áirítear oibriú an tagarmhairc i margaí neamhleachtacha nó ilroinnte agus comhchruinniú féideartha na n-ionchur.

3.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun inneachar an ráitis tagarmhairc a shonrú tuilleadh mar aon leis na cásanna ina mbeidh gá le nuashonrú ar ráiteas den sórt sin.

Déanfaidh ÚEUM idirdhealú idir cineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus cuirfidh sé san áireamh prionsabal na comhréireachta.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 28

Athruithe ar thagarmharc agus tagarmharc a scor

1.   Foilseoidh riarthóir, in éineacht leis an ráiteas tagarmhairc dá dtagraítear in Airteagal 27. nós imeachta maidir leis na bearta a bheidh le glacadh ag an riarthóir i gcás athruithe ar thagarmharc, nó i gcás a scoir, ar nós imeachta é a fhéadfar a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29(1). Féadfar an nós imeachta a dhréachtú, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh finí tagarmharcanna agus déanfar é a nuashonrú agus a fhoilsiú cibé uair a tharlaíonn athrú ábhartha.

2.   Déanfaidh eintitis faoi mhaoirseacht a úsáideann tagarmharc, seachas riarthóir amhail dá dtagraítear i mír 1, pleananna láidre i scríbhinn a chur ar fáil agus a chothabháil ina leagtar amach na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad sa chás go n-athraítear tagarmharc go hábhartha nó go scoireann sé de bheith á sholáthar. I gcás inarb indéanta agus iomchuí sin, déanfar tagarmharc amháin nó roinnt tagarmharcanna malartacha a ainmniú sna pleananna sin, ar tagarmharcanna iad a bhféadfaí tagairt dóibh chun teacht in ionad tagarmharcanna nach soláthraítear a thuilleadh, agus tabharfar le fios sna pleananna an chúis go mbeadh na tagarmharcanna sin ina roghanna malartacha oiriúnacha. Soláthróidh na heintitis faoi mhaoirseacht, arna iarraidh sin orthu, na pleananna sin mar aon le haon nuashonruithe don údarás inniúil ábhartha agus léireofar sna pleananna an caidreamh conarthach atá ann leis na cliaint.

TEIDEAL V

ÚSÁID TAGARMHARCANNA SAN AONTAS

Airteagal 29

Tagarmharc a úsáid

1.   Féadfaidh eintiteas faoi mhaoirseacht tagarmharc nó teaglaim de thargarmharcanna a úsáid san Aontas más riarthóir atá lonnaithe san Aontas a sholáthraíonn an tagarmharc agus go bhfuil an riarthóir ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 nó más rud é gur tagarmharc é atá ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36.

2.   I gcás inarb urrúis inaistrithe nó táirgí infheistíochta eile a dhéanann tagairt do thagarmharc is cuspóir do réamheolaire atá le foilsiú faoi Threoir 2003/71/CE nó faoi Threoir 2009/65/CE, déanfaidh eisitheoir, tairgeoir nó an duine a iarrann go ligfí isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte é a áirithiú go mbeidh ar áireamh freisin sa réamheolaire faisnéis shoiléir agus fheiceálach a luann cibé atá an tagarmharc á sholáthar ag riarthóir atá ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo.

Airteagal 30

Coibhéis

1.   Ionas go bhféadfaidh tagarmharc nó teaglaim de thagarmharcanna a sholáthraíonn riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29(1), cuirfear an tagarmharc agus an riarthóir ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36. Comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas chun go bhféadfar iad a chur ar áireamh sa chlár:

(a)

glacann an Coimisiún cinneadh coibhéise i gcomhréir le mír 2 nó le mír 3 den Airteagal seo;

(b)

tá an riarthóir údaraithe nó cláraithe sa tríú tír i dtrácht, agus faoi réir maoirseacht inti;

(c)

tugann an riarthóir fógra d'ÚEUM go dtoilíonn sé go bhféadfaidh eintitis faoi mhaoirseacht a thagarmharcanna iarbhír nó ionchasacha a úsáid san Aontas, chomh maith le liosta na dtagarmharcanna a bhfuil toiliú tugtha acu ina leith a úsáid san Aontas agus an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht air sa tríú tír; agus

(d)

tá na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i mbun oibríochta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear go ndéanann creat dlí agus cleachtas maoirseachta de chuid tríú tír an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonann riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin ceanglais cheangailteacha atá coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo, ag cur san áireamh, go háirithe, más rud é go n-áirithítear le creat dlí agus cleachtas maoirseachta de chuid tríú tír go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó, i gcás inarb infheidhme, prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna; agus

(b)

go bhfuil na ceanglais cheangailteacha faoi réir maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin.

Déanfar cinneadh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

3.   Mar rogha air sin, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh á rá:

(a)

go bhfuil ceanglais cheangailteacha i dtríú tír i ndáil le riarthóirí sonracha nó tagarmharcanna sonracha nó finí sonracha tagarmharcanna coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo, ag cur san áireamh, go háirithe, más rud é go n-áirithítear le creat dlí agus cleachtas maoirseachta de chuid tríú tír go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó, i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna; agus

(b)

go bhfuil na riarthóirí sonracha sin nó na tagarmharcanna sonracha nó na finí sonracha tagarmharcanna faoi réir maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin.

Déanfar cinnead cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

4.   Bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla tríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreat dlí agus a gcleachtais mhaoirseachta coibhéiseach i gcomhréir le mír 2 nó mír 3. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar gach faisnéis ábhartha a iarrann ÚEUM faoin riarthóir atá údaraithe sa tríú tír sin;

(b)

an sásra chun fógra pras a thabhairt d'ÚEUM má mheasann údarás inniúil tríú tír go bhfuil an riarthóir údaraithe atá faoi mhaoirseacht aige sa tríú tír sin ag sárú coinníollacha a údaraithe nó reachtaíocht náisiúnta eile sa tríú tír;

(c)

na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta, lena n-áirítear, cigireachtaí ar an láthair.

5.   Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun íosmhéid na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 4 a chinneadh chun a áirithiú go mbeidh ar chumas údaráis inniúla agus ÚEUM a gcumhachtaí maoirseachta go léir a fheidhmiú faoin Rialachán seo:

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 31

Clárú riarthóra atá lonnaithe i dtríú tír a tharraingt siar

1.   Déanfaidh ÚEUM clárú riarthóra atá lonnaithe i dtríú tír a tharraingt siar tríd an riarthóir sin a bhaint den chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 más rud é go bhfuil cúiseanna maithe aige, bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, go bhfuil an riarthóir:

(a)

ag gníomhú ar bhealach ar soiléir go ndéanfaidh sé dochar do leasanna úsáideoirí a thagarmharcanna nó d'fheidhmiú rianúil na margaí; nó

(b)

tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta sa tríú tír nó ar fhorálacha eile is infheidhme ina leith sa tríú tír agus ar ar a bhonn sin a ghlac an Coimisiún an cinneadh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 30(2) nó (3).

2.   Ní ghlacfaidh ÚEUM cinneadh faoi mhír 1 ach sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha seo leanas:

(a)

gur chuir ÚEUM an cheist faoi bhráid údarás inniúil an tríú tír agus nár ghlac an t-údarás inniúil sin na bearta iomchuí atá ag teastáil chun infheisteoirí agus feidhmiú rianúil na margaí san Aontas a chosaint nó gur mhainnigh sé a léiriú go gcomhlíonann an riarthóir lena mbaineann na ceanglais is infheidhme maidir leis sa tríú tír;

(b)

gur chuir ÚEUM, 30 lá ar a laghad roimh é a tharraingt siar, in iúl don údarás inniúil sa tríú tír go bhfuil sé beartaithe aige clárú an riarthóra a tharraingt siar.

3.   Cuirfidh ÚEUM aon bheart a ghlacfar i gcomhréir le mír 1 in iúl gan mhoill do na húdaráis inniúla eile agus foilseoidh sé a chinneadh ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 32

Aitheantas do riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír

1.   Go dtí go mbeidh cinneadh coibhéise i gcomhréir le hAirteagal 30(2) nó (3) glactha, féadfaidh eintitis faoi mhaoirseacht san Aontas tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a úsáid ar choinníoll go bhfaigheann an riarthóir aitheantas roimh ré ó údarás inniúil a Bhallstáit tagartha i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé ar intinn aige aitheantas roimh ré faoi mar a thagraítear dó i mír 1 den Airteagal seo a fháil, comhlíonfaidh sé na ceanglais a bhunaítear leis an Rialachán, seachas Airteagal 11(4) agus Airteagail 16, 20, 21 agus 23. Féadfaidh an riarthóir an coinníoll sin a chomhlíonadh trí phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna a chur i bhfeidhm, de réir mar is infheidhme, ar choinníoll go bhfuil cur i bhfeidhm den sórt sin coibhéiseach le comhlíonadh na gceanglas a bhunaítear sa Rialachán seo, seachas Airteagal 11(4) agus Airteagail 16, 20, 21 agus 23.

Ar mhaithe lena chinneadh an bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chomhlíonadh, agus chun comhlíonadh phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó phrionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, a mheasúnú, féadfaidh údarás inniúil na Bhallstáit tagartha brath ar mheasúnú ó iniúchóir seachtrach neamhspleách nó, i gcás ina bhfuil an riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír atá faoi réir maoirseachta, féadfaidh sé brath ar an deimhniú a sholáthraíonn údarás inniúil náisiúnta an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe.

Más rud é go bhfuil an riarthóir in ann a léiriú, agus a mhéid atá sé in ann a léiriú, gurb é atá i dtagarmharc a sholáthraíonn sé ná tagarmharc sonraí rialáilte nó tagarmharc tráchtearraí nach bhfuil bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis faoi mhaoirseacht a bhformhór, ní bheidh aon oibleagáid ar an riarthóir na ceanglais nach infheidhme maidir le soláthar tagarmharcanna sonraí rialáilte agus tagarmharcanna tráchtearraí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 17 agus in Airteagal 19(1) faoi seach a chomhlíonadh.

3.   Riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé ar intinn aige aitheantas roimh ré, faoi mar a thagraítear dó i mír 1 den Airteagal seo, a fháil, beidh ionadaí dlíthiúil aige a bheidh bunaithe ina Bhallstát tagartha. Is é a bheidh san ionadaí dlíthiúil ná duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe san Aontas, arna cheapadh go sainráite ag an riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, a ghníomhaíonn thar ceann an riarthóra sin vis-à-vis na n-údarás agus aon duine eile san Aontas a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí an riarthóra faoin Rialachán seo. Déanfaidh an t-ionadaí dlíthiúil an fheidhm formhaoirseachta a chomhall maidir le soláthar na dtagarmharcanna a dhéanann an riarthóir faoin Rialachán seo in éineacht leis an riarthóir agus, ina leith sin, beidh sé cuntasach d'údarás inniúil an Bhallstáit tagartha.

4.   Déanfar Ballstát tagartha riarthóra atá lonnaithe i dtríú tír a chinneadh mar a leanas:

(a)

i gcás inar cuid de ghrúpa ina bhfuil aon eintiteas faoi mhaoirseacht amháin atá lonnaithe san Aontas é an riarthóir, is é a bheidh sa Ballstát tagartha ná an Ballstát ina bhfuil an t-eintiteas faoi mhaoirseacht sin lonnaithe. Déanfar an t-eintiteas faoi mhaoirseacht sin a cheapadh mar an t-ionadaí dlíthiúil chun críocha mhír 3;

(b)

más rud é nach bhfuil feidhm ag pointe (a), i gcás inar cuid de ghrúpa ina bhfuil níos mó ná eintiteas faoi mhaoirseacht amháin atá lonnaithe san Aontas é an riarthóir, is é a bheidh sa Bhallstát tagartha ná an Ballstát ina bhfuil an líon is airde d'eintitis faoi mhaoirseacht lonnaithe nó, i gcás ina bhfuil líon céanna d'eintitis faoi mhaoirseacht ann, is é a bheidh sa Bhallstát tagartha ná an Ballstát ina bhfuil an luach is airde d'ionstraimí airgeadais, de chonarthaí airgeadais nó de chistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc. Déanfar ceann de na heintitis faoi mhaoirseacht atá lonnaithe sa Bhallstát tagartha atá cinntithe de bhun an phointe seo a cheapadh mar an t-ionadaí dlíthiúil chun críocha mhír 3;

(c)

más rud é nach bhfuil feidhm ag pointe (a) ná ag pointe (b) den mhír seo, i gcás ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na tagarmharcanna arna soláthar ag an riarthóir in úsáid mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála in ionad trádála amhail a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE i gceann amháin nó níos mó de Bhallstáit, is é a bheidh sa Bhallstát tagartha ná an Ballstát inar ligeadh isteach an ionstraim airgeadais a thagraíonn d'aon cheann de na tagarmharcanna sin chun a trádála nó a trádáladh ar ionad trádála den chéad uair agus atá fós á trádáil. Más rud é go ndearnadh na hionstraimí airgeadais ábhartha a ligean isteach chun a dtrádála nó gur trádáladh iad den chéad uair ag an am céanna ar ionaid trádála i mBallstáit éagsúla, agus go bhfuil siad fós á dtrádáil, is é a bheidh sa Bhallstát tagartha ná an Ballstát ina bhfuil an luach is airde d'ionstraimí airgeadais, de chonarthaí airgeadais nó de chistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc;

(d)

más rud é nach bhfuil feidhm ag pointe (a), ag pointe (b) nó ag pointe (c), i gcás ina bhfuil ceann amháin de na tagarmharcanna arna soláthar ag an riarthóir in úsáid ag eintitis faoi mhaoirseacht i níos mó ná Ballstát amháin, is é a bheidh sa Bhallstát tagartha ná an Ballstát ina bhfuil an líon is airde de na heintitis faoi mhaoirseacht sin lonnaithe nó, i gcás ina bhfuil an líon céanna d'eintitis faoi mhaoirseacht ann, is é a bheidh sa Bhallstát tagartha ná an Ballstát ina bhfuil an luach is airde d'ionstraimí airgeadais, de chonarthaí airgeadais nó de chistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc;

(e)

más rud é nach bhfuil feidhm ag pointí (a), (b), (c) nó (d) agus má dhéanann an riarthóir comhaontú le heintiteas maoirseachta go dtoilíonn an riarthóir go mbainfí úsáid as tagarmharc a sholáthraíonn sé, is é a bheidh sa Bhallstát tagartha ná an Ballstát ina bhfuil an t-eintiteas faoi mhaoirseacht sin lonnaithe.

5.   Riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bheartaíonn aitheantas roimh ré, faoi mar a thagraítear dó i mír 1 den Airteagal seo, a fháil, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas le húdarás inniúil a Bhallstát tagartha. Déanfaidh an riarthóir iarratas an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don údarás inniúil chun go bhféadfaidh an t-údarás inniúil sin a bheith deimhin de go bhfuil, ag tráth an aitheantais, na comhshocruithe uile is gá bunaithe ag an riarthóir chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 a chomhlíonadh agus déanfaidh sé liosta de na tagarmharcanna iarbhír nó ionchasacha a fhéadfar a úsáid san Aontas a sholáthar agus, i gcás inarb infheidmhe, déanfaidh sé an t-údarás inniúil atá freagrach dá mhaoirseacht sa tríú tír a shonrú.

Laistigh de 90 lá oibre ón iarrtas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil, fíordheimhneoidh an t-údarás inniúil go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 comhlíonta.

Má mheasann an t-údarás inniúil nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 2, i mír 3 agus i mír 4, diúltóidh sé an iarraidh ar aitheantas agus leagfaidh sé amach na cúiseanna atá leis an diúltú sin. Thairis sin, ní dheonófar aon aitheantas mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha breise seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír faoi réir maoirseachta, gur ann do shocrú comhair iomchuí idir údarás inniúil an Bhallstáit tagartha agus údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe, i gcomhlíonadh na gcaighdeán teicniúil rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 30(5), chun a áirithiú gur ann do mhalartú éifeachtúil faisnéise a cheadaíonn don údarás inniúil a chuid cúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b)

nach bhfuil feidhmiú éifeachtach a chuid feidhmeanna maoirseachta ag an údarás inniúil faoin Rialachán seo á chosc le dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe, ná, i gcás inarb infheidhme, le srianta ar chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údarás maoirseachta an tríú tír sin.

6.   I gcás ina measann údarás inniúil an Bhallstáit tagartha go soláthraíonn riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír tagarmharc a chomhlíonann na coinníollacha maidir le tagarmharc suntasach nó le tagarmharc neamhshuntasach, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 faoi seach, déanfaidh sé, gan aon mhoill mhíchuí, fógra a thabhairt d'ÚEUM ina thaobh. Beidh mar thacaíocht le measúnú den sórt sin an fhaisnéis a bheidh soláthraithe ag an riarthóir san iarratas ábhartha ar aitheantas.

Laistigh de mhí amháin ón bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, eiseoidh ÚEUM comhairle don údarás inniúil i dtaobh chineál an tagarmhairc agus na gceanglas is infheidhme maidir le soláthar an tagarmhairc, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 24, in Airteagal 25 agus in Airteagal 26. Féadfaidh an chomhairle, go háirithe, díriú ar cibé acu an measann ÚEUM go bhfuil na coinníollacha do chineál den sórt sin á gcomhlíonadh ar bhonn na faisnéise a bheidh soláthraithe ag an riarthóir in iarratas ar aitheantas.

Déanfar an tréimhse ama dá dtagraítear i mír 5 a fhionraí amhail ón dáta a fhaigheann ÚEUM an fógra go dtí go mbeidh an chomhairle eisithe ag ÚEUM i gcomhréir leis an mír seo.

Má mholann údarás inniúil an Bhallstáit tagartha aitheantas a dheonú contrártha le comhairle ÚEUM dá dtagraítear sa dara fomhír, cuirfidh sé an méid sin in iúl d'ÚEUM agus luafaidh sé na cúiseanna a bhí aige leis sin. Foilseoidh ÚEUM an fíoras nach bhfuil an t-údarás inniúil ag déanamh de réir a chomhairle nó nach bhfuil sé i gceist aige déanamh de réir a chomhairle. Féadfaidh ÚEUM a chinneadh freisin, ar bhonn cás ar chás, na cúiseanna a thugann an t-údarás inniúil gan déanamh de réir na comhairle sin a fhoilsiú. Gheobhaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann fógra roimh ré maidir le foilsiú den sórt sin.

7.   Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tagartha, laistigh de chúig lá oibre, fógra d'ÚEUM maidir le haon chinneadh chun aitheantas a thabhairt do riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, agus soláthróidh sé freisin an liosta de na tagarmharcanna a fhéadfar a úsáid san Aontas a sholáthraíonn an riarthóir agus, i gcás inarb infheidhme, ainmneoidh sé an t-údarás inniúil atá freagrach as a mhaoirsiú sa tríú tír.

8.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tagartha an t-aitheantas a deonaíodh i gcomhréir le mír 5 a fhionraí nó, i gcás inarb iomchuí, a tharraingt siar má tá cúiseanna maithe aige, bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, lena mheas go bhfuil an riarthóir ag gníomhú ar shlí is léir a bheith contrártha do leasanna úsáideoirí a thagarmharcanna nó atá dochrach d'fheidhmiú rianúil na margaí nó má tá sárú tromchúiseach déanta ag an riarthóir ar na ceanglais ábhartha a leagar amach sa Rialachán seo, nó má tá ráitis bhréagacha déanta ag an riarthóir nó má d'úsáid sé aon mhodh mírialta eile chun aitheantas a fháil.

9.   Féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun foirm agus inneachar an iarratais dá dtagraítear i mír 5 a chinneadh agus, go háirithe, maidir le cur i láthair na faisnéise a éilítear i mír 6.

I gcás ina ndéantar dréachtchaighdeáin theicniúla rialála den sórt sin a fhorbairt, cuirfidh ÚEUM iad faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 33

Tagarmharcanna a sholáthraítear i dtríú tír a fhormhuiniú

1.   Riarthóir atá lonnaithe san Aontas agus atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 34, nó aon eintiteas eile faoi mhaoirseacht atá lonnaithe san Aontas ag a bhfuil ról soiléir agus dea-shainithe laistigh de chreat rialaithe nó cuntasachta riarthóra de chuid tríú tír atá in ann faireachán éifeachtach a dhéanamh ar sholáthar tagarmhairc, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chuig an údarás inniúil ábhartha á iarraidh tagarmharc nó fine tagarmharcanna arna soláthar i dtríú tír lena n-úsáid san Aontas a fhormhuiniú, ar choinníoll go gcomlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá sé fíordheimhnithe ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag eintiteas eile faoi mhaoirseacht, agus tá sé in ann a léiriú ar bhonn leanúnach dá údarás inniúil, go gcomhlíonann soláthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna atá le formhuiniú, ar bhonn sainordaitheach nó deonach, ceanglais atá, ar a laghad, chomh dian céanna le ceanglais an Rialacháin seo;

(b)

tá an saineolas is gá ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag an eintiteas eile faoi mhaoirseacht chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an ngníomhaíocht i ndáil le tagarmharc a sholáthar i dtríú tír agus chun bainistiú a dhéanamh ar rioscaí gaolmhara;

(c)

tá cúis oibiachtúil ann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna a sholáthar i dtríú tír agus an tagarmharc nó fine tagarmharcanna sin a fhormhuiniú lena n-úsáid san Aontas.

Chun críche phointe (a), agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann soláthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna atá le formhuiniú ceanglais atá, ar a laghad, chomh dian céanna le ceanglais an Rialacháin seo, féadfaidh údarás inniúil a chur san áireamh an mbeadh comhlíonadh sholáthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna le prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó le prionsbail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, coibhéiseach le comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.

2.   Riarthóir nó eintiteas eile faoi mhaoirseacht a chuireann iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1 isteach, déanfaidh siad an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun go bhféadfaidh an t-údarás inniúil a bheith deimhin de, ag tráth an iarratais, go bhfuil na coinníollacha uile dá dtagraítear sa mhír sin comhlíonta.

3.   Laistigh de 90 lá oibre ón iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1 a fháil, scrúdóidh an t-údarás inniúil ábhartha an t-iarratas agus glacfaidh sé cinneadh chun an formhuiniú a údarú nó a dhiúltú. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra d'ÚEUM i dtaobh tagarmharc formhuinithe nó fine tagarmharcanna formhuinithe.

4.   Tagarmharc formhuinithe nó fine tagarmharcanna formhuinithe, measfar iad a bheith ina dtagarmharc nó ina bhfine tagarmharcanna arna soláthar ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag eintiteas eile faoi mhaoirseacht. Ní bhainfidh riarthóir formhuiniúcháin nó eintiteas eile faoi mhaoirseacht úsáid as an bhformhuiniú leis an intinn go bhféadfaí ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint.

5.   Riarthóir nó eintiteas eile faoi mhaoirseacht a mbeidh tagarmharc nó fine tagamharcanna arna sholáthar nó arna soláthar i dtríú tír formhuinithe aige, beidh sé fós freagrach go hiomlán as tagarmharc den sórt sin nó as fine tagamharcanna den sórt sin agus as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.

6.   I gcás ina bhfuil cúiseanna maithe ag údarás inniúil an riarthóra formhuiniúcháin nó an eintitis eile faoi mhaoirseacht a mheas nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos faoi mhír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh, beidh an chumhacht aige a éileamh ar an riarthóir formhuiniúcháin nó ar an eintiteas eile faoi mhaoirseacht scor den fhormhuiniú agus cuirfidh sé an méid sin iúl d'ÚEUM. Beidh feidhm ag Airteagal 28 sa chás go ndéantar formhuiniú a scor.

7.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 i dtaca le bearta chun coinníollacha a chinneadh faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla ábhartha a mheas an bhfuil cúis oibiachtúil ann chun tagarmharc nó fine tagarmharcanna i dtríú tíortha a sholáthar agus dá bhformhuiniú lena n-úsáid san Aontas. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh eilimintí amhail sonraíochtaí an bhunmhargaidh nó an fhíorcháis eacnamaíoch a bhfuil siad beartaithe a thomhas leis an tagarmharc, an gá atá le soláthar an tagarmhairc a bheith gar don mhargadh nó don fhíorchás eacnamaíoch sin, an gá atá le soláthar an tagarmhairc a bheith gar do rannchuiditheoirí, infhaighteacht ábhartha na sonraí ionchuir mar gheall ar chriosanna ama éagsúla, agus scileanna sonracha atá riachtachanach i soláthar an tagarmhairc.

TEIDEAL VI

RIARTHÓIRÍ A ÚDARÚ, A CHLÁRÚ AGUS A MHAOIRSIÚ

CAIBIDIL 1

Údarú agus clárú

Airteagal 34

Riarthóir a údarú agus a chlárú

1.   Duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe san Aontas agus a bhfuil sé ar intinn aige nó aici gníomhú mar riarthóir, déanfaidh sé nó sí iarratas chuig an údarás inniúil atá ainmnithe faoi Airteagal 40 den Bhallstát ina bhfuil an duine sin lonnaithe, chun go bhfaighidh an duine sin:

(a)

údarú má sholáthraíonn sé innéacsanna nó más rud é go bhfuil sé ar intinn aige iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear nó atá beartaithe lena n-úsáid de réir bhrí an Rialacháin seo;

(b)

clárú más eintiteas faoi mhaoirseacht é, taobh amuigh de riarthóir, a sholáthraíonn innéacsanna nó a bhfuil sé ar intinn aige iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear mar thagarmharcanna nó atá beartaithe lena n-úsáid mar thagarmharcanna de réir bhrí an Rialacháin seo, ar choinníoll nach bhfuil gníomhaíocht an tsoláthair tagarmhairc faoi chosc ag an disciplín earnálach is infheidhme i leith an eintitis faoi mhaoirseacht agus nach gcáileodh aon cheann de na hinnéacsanna a sholáthraítear mar thagarmharc criticiúil; nó

(c)

clárú mura soláthraíonn sé nó mura bhfuil sé ar intinn aige a sholáthar ach innéacsanna a cháileodh mar thagarmharcanna neamhshuntasacha.

2.   Comhlíonfaidh riarthóir údaraithe nó cláraithe na coinníollacha a leagtar síos sa Rialacháin seo i gcónaí agus tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil i dtaobh aon athruithe ábhartha orthu.

3.   An t-iarratas dá dtagraítear i mír 1, déanfar é laistigh de 30 lá oibre ó aon chomhaontú a dhéanfaidh eintiteas faoi mhaoirseacht chun innéacs arna sholáthar ag an iarratasóir mar thagairt d'ionstraim airgeadais nó do chonradh airgeadais nó chun feidhmíocht chiste airgeadais a thomhas.

4.   Soláthróidh an t-iarratasóir an fhaisnéis ar fad atá riachtanach chun go bhféadfaidh an t-údarás inniúil a bheith deimhin de go mbeidh bunaithe ag an iarratasóir, tráth an údaraithe nó an chláraithe, na socruithe ar fad atá riachtanach chun na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

5.   Laistigh de 15 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann a mheasúnú an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir dá réir. Má tá an t-iarratas neamhiomlán, cuirfidh an t-iarratasóir isteach an fhaisnéis bhreise atá de dhíth ar an údaráis inniúil ábhartha. Beidh feidhm ag an teorainn ama dá dtagraítear sa mhír seo ón dáta a sholáthraíonn an t-iarratasóir an fhaisnéis bhreise sin.

6.   Déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha:

(a)

an t-iarratas ar údarú a scrúdú agus glacfaidh sé cinneadh chun an t-iarratasóir a údarú nó chun diúltú an t-iarratasóir a údarú laistigh de cheithre mhí ó iarratas atá comhlánaithe ina iomláine a fháil;

(b)

an t-iarratas ar údarú a scrúdú agus cinneadh a ghlacadh chun an t-iarratasóir a údarú nó chun diúltú an t-iarratasóir a údarú laistigh de 45 lá oibre ó iarratas a bheidh comhlánaithe ina iomláine a fháil.

Laistigh de chúig lá oibre ó chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoin gcinneadh sin don iarratasóir. I gcás ina ndiúltaíonn an t-údarás inniúil an t-iarratasóir a údarú nó a chlárú, tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh.

7.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil, laistigh de chúig lá oibre ón dáta a nglacfar cinneadh den sórt, fógra d'ÚEUM maidir le haon chinneadh iarratasóir a údarú nó a chlárú.

8.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis atá le soláthar san iarratas ar údarú agus san iarratas ar chlárú a shonrú tuilleadh, agus cuirfidh sé san áireamh gur dhá phróiseas ar leith iad údarú agus clárú trína n-éilíonn údarú measúnú níos forleithne ar iarratas an riarthóra, prionsabal na comhréireachta, cineál na n-eintiteas faoi mhaoirseacht atá ag cur isteach ar chlárú faoi phointe (b) de mhír 1 agus na costais a bheidh ar na hiarratasóirí agus ar na húdaráis inniúla.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 35

Údarú nó clárú a tharraingt siar nó a fhionraí

1.   Féadfaidh údarás inniúil údarú nó clárú riarthóra a tharraingt siar nó a fhionraí más amhlaidh i gcás an riarthóra:

(a)

go ndéanann sé an t-údarú nó an clárú a thréigean go sainráite nó nach bhfuil tagarmharc ar bith curtha ar fáil aige sa 12 mhí roimhe sin;

(b)

go bhfuil an t-údarú nó an clárú faighte aige, nó tagarmharc formhuinithe aige, trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile;

(c)

nach gcomhlíonann sé a thuilleadh na coinníollacha faoinar údaraíodh nó faoinar cláraíodh é; nó

(d)

gur sháraigh sé forálacha an Rialacháin seo go tromchúiseach nó arís agus arís eile.

2.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra d'ÚEUM faoina chinneadh laistigh de chúig lá oibre ón dáta a nglacfar an cinneadh sin.

Déanfaidh ÚEUM an clár dá bhforáiltear in Airteagal 36 a nuashonrú go pras.

3.   Tar éis cinneadh a ghlacadh chun údarú nó clárú riarthóra a fhionraí, agus sa chás gur teagmhas force majeure a bheadh mar thoradh ar thagarmharc a scor, nó go ndéanfaidh sé téarmaí conartha airgeadais nó ionstraime airgeadais, nó na rialacha maidir le haon chiste infheistíochta, a thagraíonn don tagarmharc sin, mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 51(6), a chur ó rath nó a shárú ar aon slí eile, féadfaidh údarás inniúil ábhartha an Bhallstáit ina bhfuil an riarthóir lonnaithe soláthar an tagarmhairc i dtrácht a cheadú go dtí go mbeidh an cinneadh maidir le fionraí tarraingthe siar. I rith na tréimhse ama sin, ní cheadófar d'eintitis faoi mhaoirseacht an tagarmharc sin a úsáid ach amháin i gcomhair conarthaí airgeadais, ionstraimí airgeadais agus cistí infheistíochta a thagraíonn cheana féin don tagarmharc.

4.   Tar éis cinneadh maidir le haistarraingt údarú nó clárú riarthóra a ghlacadh, beidh feidhm ag Airteagal 28(2).

Airteagal 36

Clár riarthóirí agus tagarmharcanna

1.   Bunóidh agus cothabhálfaidh ÚEUM clár poiblí ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

céannachtaí na riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe de bhun Airteagal 34 agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh orthu;

(b)

céannachtaí na riarthóirí a chomhlíonann coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 30(1), an liosta de thagarmharcanna dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 30(1) agus na húdaráis inniúla tríú tír atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh orthu;

(c)

céannachtaí na riarthóirí a fuair aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 32, an liosta de thagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 32(7) agus, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis inniúla tríú tír atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh orthu;

(d)

na tagarmharcanna atá formhuinithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 33, agus céannachtaí riarthóirí na dtagarmharcanna sin, agus céannachtaí na riarthóirí formhuiniúcháin nó na n-eintiteas faoi mhaoirseacht formhuiniúcháin.

2.   Maidir leis an gclár dá dtagraítear i mír 1, beidh rochtain phoiblí air ar shuíomh gréasáin ÚEUM agus déanfar é a nuashonrú go pras, de réir mar is gá.

CAIBIDIL 2

Comhar maoirseachta

Airteagal 37

Cúraimí a tharmligean idir údaráis inniúla

1.   I gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, féadfaidh údarás inniúil a chúraimí faoin Rialachán seo a tharmligean chuig údarás inniúil de chuid Ballstáit eile le toiliú roimh ré an Bhallstáit sin.

Tabharfaidh údaráis inniúla fógra d'ÚEUM maidir le haon tarmligean beartaithe 60 lá sula ngabhfaidh éifeacht leis na tarmligean sin.

2.   Féadfaidh údarás inniúil cuid dá chúraimí faoin Rialachán seo a tharmligean chuig ÚEUM, ach é bheith faoi réir ag comhaontú ó ÚEUM.

3.   Tabharfaidh ÚEUM fógra do na Ballstáit maidir le tarmligean atá beartaithe laistigh de sheacht lá. Foilseoidh ÚEUM na mionsonraí maidir le haon tarmligean comhaontaithe laistigh de chúig lá oibre ó thráth an fhógra.

Airteagal 38

Faisnéis ó Bhallstát eile a nochtadh

Ní fhéadfaidh údarás inniúil faisnéis a fhaigheann sé ó údarás inniúil eile a nochtadh ach amháin:

(a)

má tá comhaontú an údaráis inniúil sin faighte aige i scríbhinn agus nach nochtar an fhaisnéis sin ach amháin chun na gcríoch lenar chomhaontaigh an t-údarás inniúil sin leo; nó

(b)

sa chás go mbeadh nochtadh den sórt sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

Airteagal 39

Comhar i ndáil le cigireachtaí agus imscrúduithe ar an láthair

1.   Féadfaidh údarás inniúil ábhartha cúnamh a iarradh ó údarás inniúil eile maidir le cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair. An t-údarás inniúil a fhaigheann an iarraidh, comhoibreoidh sé a mhéid is féidir agus is iomchuí.

2.   Déanfaidh údarás inniúil a chuireann an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 isteach ÚEUM a chur ar an eolas faoin méid sin. I gcás imscrúdú nó cigireacht lena ngabhann éifeacht trasteorann, féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar ÚEUM comhordú a dhéanamh ar an gcigireacht nó ar an imscrúdú ar an láthair.

3.   I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile cigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh sé:

(a)

an chigireacht nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin;

(b)

cead a thabhairt don údarás inniúil a chuir an iarraidh isteach páirt a ghlacadh sa chigireacht nó san imscrúdú ar an láthair;

(c)

iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh chun an chigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, nó chun tacú leis an gcigireacht nó imscrúdú sin.

CAIBIDIL 3

Ról na n-údarás inniúil

Airteagal 40

Údaráis inniúla

1.   I ndáil le riarthóirí agus eintitis faoi mhaoirseacht, ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás inniúil ábhartha atá freagrach as na cúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh agus cuirfidh sé an Coimisiún agus ÚEUM ar an eolas faoin méid sin.

2.   I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, cinnfidh sé go soiléir na róil a bheidh acu faoi seach agus ainmneoidh sé údarás aonair le bheith freagrach as comhar agus malartú faisnéise leis an gCoimisiún, le hÚEUM agus le húdaráis inniúla na mBallstát eile a chomhordú.

3.   Foilseoidh ÚEUM liosta de na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 41

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.   Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

rochtain a bheith acu ar dhoiciméad agus ar shonraí eile ar bith i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a dhéanamh;

(b)

faisnéis a iarraidh nó a éileamh ó dhuine ar bith a bhfuil baint aige nó aici le soláthar tagarmhairc agus le rannchuidiú le tagarmharc, lena n-áirítear aon soláthróir seirbhíse chuig a mbeidh feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí maidir le soláthar tagamhairc seachfhoinsithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 10, chomh maith lena gcuid príomhaithe, agus más gá, aon duine den sórt sin a thoghairm agus a cheistiú d'fhonn faisnéis a fháil;

(c)

faisnéis a iarraidh, maidir le tagarmharcanna tráchtearraí, ó rannchuiditheoirí faoi spotmhargaí gaolmhara de réir, i gcás inarb infheidhme, formáidí caighdeánaithe agus tuarascálacha ar idirbhearta, agus rochtain dhíreach a bheith acu ar chórais trádálaithe;

(d)

cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair a dhéanamh, ag suímh seachas áiteanna cónaithe príobháideacha daoine nádúrtha;

(e)

dul isteach in áitribh daoine dlítheanacha, gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, chun doiciméid agus sonraí eile i bhformáid ar bith a urghabháil, nuair atá amhras réasúnta ann gur ann do dhoiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a d'fhéadfadh a bheith ábhartha chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú. I gcás ina bhfuil réamhúdarú ag teastáil ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, is tar éis an réamhúdarú sin a fháil amháin a úsáidfear cumhacht den sórt sin;

(f)

ceangal a chur maidir le taifid de chomhráite teileafóin, cumarsáidí leictreonacha nó taifid tráchta sonraí eile atá ann cheana agus atá i seilbh eintitis faoi mhaoirseacht;

(g)

calcadh nó forlámhú sócmhainní a iarraidh, nó an dá cheann;

(h)

ceangal a chur go scoirfí go sealadach aon chleachtas a mheasann an t-údarás inniúil a bheith mar shárú ar an Rialachán seo;

(i)

toirmeasc sealadach a fhorchur ar ghníomhaíocht ghairmiúil a chleachtadh;

(j)

gach beart is gá a ghlacadh lena áirithiú go bhfuil eolas cruinn ag an bpobal ar sholáthar tagarmhairc, lena n-áirítear trína cheangal ar an riarthóir ábhartha nó ar dhuine a d'fhoilsigh nó a scaip an tagarmharc, nó a cheangal orthu araon, ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú maidir le rannchuidithe don tagarmharc roimhe seo nó maidir le figiúirí an tagarmhairc.

2.   Feidhmeoidh údaráis inniúla a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na cumhachtaí chun smachtbhannaí a fhorchur dá dtagraítear in Airteagal 42, i gcomhréir lena gcreataí dlí náisiúnta, in aon cheann de na slite seo leanas:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhoibriú le húdaráis eile nó le gnóthais sa mhargadh;

(c)

faoina bhfreagracht trí tharmligean chuig na húdaráis sin nó chuig gnóthais sa mhargadh;

(d)

trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

Chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, cuirfidh údaráis inniúla coimircí leormhaithe agus éifeachtúla i bhfeidhm maidir leis an gceart chun cosaint a fháil agus maidir le cearta bunúsacha.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha ar fad a theastaíonn uathu ag údaráis inniúla chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

4.   Riarthóir nó an eintiteas eile faoi mhaoirseacht a chuireann faisnéis ar fáil d'údarás inniúil i gcomhréir le mír 1, ní mheasfar go bhfuil siad ag sárú srian ar bith maidir le nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le haon fhoráil chonarthach, reachtach, rialála nó riaracháin.

Airteagal 42

Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile

1.   Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 41, agus do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil maidir le cumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla chun smachtbhannaí riaracháin iomchuí agus bearta riaracháin eile a fhorchur maidir leis na sáruithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

aon sárú ar Airteagail 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 21, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29 agus 34 i gcás inarb infheidhme iad; agus

(b)

aon mhainneachtain comhoibriú in imscrúdú nó le cigireacht nó le hiarraidh a chumhdaítear le hAirteagal 41, nó mainneachtain iad a chomhlíonadh.

Beidh na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   I gcás sárú dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an chumhacht do na húdaráis inniúla chun na smachtbhannaí riaracháin seo a leanas ar a laghad agus bearta riaracháin eile a fhorchur:

(a)

ordú lena gceanglaítear ar an riarthóir nó eintiteas faoi mhaoirseacht atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht atá i gceist agus gan gabháil don iompraíocht sin arís;

(b)

aon bhrabús a fuarthas nó aon chaillteanas a seachnaíodh de thoradh an tsáraithe a fhorghéilleadh nuair is féidir iad sin a chinneadh;

(c)

rabhadh poiblí ina luaitear an riarthóir nó an t-eintiteas faoi mhaoirseacht atá freagrach as an sárú agus an cineál sáraithe;

(d)

údarú nó clárú riarthóra a tharraingt siar nó a fhionraí;

(e)

toirmeasc sealadach ar aon duine nádúrtha a gheofar freagrach as sárú den sórt sin feidhmeanna bainistíochta riarthóra nó rannchuiditheora faoi mhaoirseacht a fheidhmiú;

(f)

smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de thrí oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, ar a laghad, a fhorchur i gcás inar féidir na nithe sin a chinneadh;

(g)

i leith duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta den mhéid seo a leanas ar a laghad:

(i)

i gcás sáruithe ar Airteagail 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, ar phointí (a), (b), (c) agus (e) d'Airteagal 11(1), ar Airteagal 11(2) agus (3), agus ar Airteagail 12, 13, 14, 15, 16, 21, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29 agus 34, EUR 500 000 nó sna Ballstáit sin nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016; nó

(ii)

i gcás sáruithe ar phointe (d) d'Airteagal 11(1) nó ar Airteagal 11(4), EUR 100 000 nó sna Ballstáit sin nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016;

(h)

i leith duine dlítheanach, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta den mhéid seo a leanas ar a laghad:

(i)

i gcás sáruithe ar Airteagail 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, ar phointí (a), (b), (c) agus (e) d'Airteagal 11(1), ar Airteagal 11(2) agus (3), agus ar Airteagail 12, 13, 14, 15, 16, 21, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29 agus 34, EUR 1 000 000 nó, sna Ballstáit sin nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 10 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil agus formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, cibé acu is airde; nó

(ii)

i gcás sáruithe ar phointe (d) d'Airteagal 11(1) nó ar Airteagal 11(4), EUR 250 000 nó, sna Ballstáit sin nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, cibé acu is airde.

Chun críocha phointe (h)(i) agus (ii), más máthairghnóthas nó fochuideachta de mháthairghnóthas nach mór cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) an duine dlítheanach, is é a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le Treoir 86/635/CE ón gComhairle (27) i gcás banc agus i gcomhréir le Treoir 91/674/CE ón gComhairle (28) i gcás comhlachtaí árachais de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais dheiridh ná más comhlachas an duine, 10 % de láimhdeachais chomhiomlána a gcuid ball.

3.   Faoin 1 Eanáir 2018, tabharfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na rialacha maidir le mír 1 agus mír 2 don Choimisiún agus d'ÚEUM.

Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí riaracháin amhail dá bhforáiltear i mír 1 i gcás ina bhfuil na sáruithe dá dtagraítear sa mhír sin faoi réir smachtbhannaí coiriúla faoina ndlí náisiúnta. Sa chás sin, déanfaidh na Ballstáit na forálacha ábhartha sa dlí coiriúil a chur in iúl don Choimisiún agus d'ÚEUM in éineacht leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus d'ÚEUM faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cumhachtaí eile a thabhairt d'údaráis inniúla faoin dlí náisiúnta smachtbhannaí a fhorchur de bhreis ar na cinn sin dá dtagraítear i mír 1 agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh do leibhéil níos airde smachtbhannaí ná mar atá bunaithe i mír 2.

Airteagal 43

Cumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú agus smachtbhannaí a fhorchur

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile á gcinneadh acu, go gcuirfidh údaráis inniúla san áireamh na himthosca ábhartha uile, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo leanas:

(a)

a thromchúisí atá an sárú agus fad an tsáraithe;

(b)

a chriticiúla atá an tagarmharc don chobhsaíocht airgeadais agus don fhíorgheilleagar;

(c)

leibhéal freagrachta an duine atá freagrach;

(d)

neart airgeadais an duine atá freagrach, arna léiriú, go háirithe, le láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh fhreagraigh nó le hioncam bliantúil an duine nádúrtha fhreagraigh;

(e)

leibhéal an bhrabúis a ghnóthaigh nó leibhéal an chaillteanais a sheachain an duine atá freagrach, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(f)

leibhéal comhair an duine atá freagrach leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá atá le forghéilleadh na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó le forghéilleadh na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a áirithiú;

(g)

sáruithe a bhí déanta cheana ag an duine lena mbaineann;

(h)

bearta déanta, tar éis an tsáraithe, ag duine freagrach ionas nach dtarlódh an sárú arís.

2.   Agus a gcuid cumhachtaí á bhfeidhmiú acu smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur faoi Airteagal 42, gníomhóidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú gurb iad na torthaí is inmhianaithe leis an Rialachán seo a bhaintear amach leis na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe agus leis na smachtbhannaí riaracháin agus leis na bearta riaracháin eile. Déanfaidh siad comhardú ar a ngníomhaíocht freisin chun dúbláil agus forluí a d'fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, agus cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe mar aon le smachtbhannaí riaracháin, lena n-áirítear smachtbhannaí airgid, agus bearta riaracháin eile á gcur i bhfeidhm acu ar chásanna trasteorann.

Airteagal 44

Oibleagáid an chomhair

1.   I gcás inar roghnaigh Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 42, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear san Airteagal sin, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí go léir is gá ag na húdaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha laistigh dá ndlínse chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i dtaca le sáruithe féideartha ar an Rialachán seo. Soláthróidh na húdaráis inniúla sin an fhaisnéis sin d'údaráis inniúla eile agus d'ÚEUM chun an oibleagáid atá orthu comhoibriú le chéile agus le hÚEUM a chomhlíonadh chun críocha an Rialacháin seo.

2.   Tabharfaidh údaráis inniúla cúnamh d'údaráis inniúla na mBallstát eile. Go háirithe, malartóidh siad faisnéis agus comhoibreoidh siad in aon ghníomhaíochtaí imscrúdúcháin nó maoirseachta. Féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú freisin le húdaráis inniúla Ballstát eile maidir le gnóthú smachtbhannaí airgid a éascú.

Airteagal 45

Cinntí a fhoilsiú

1.   Faoi réir mhír 2, déanfaidh údarás inniúil aon chinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin eile i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin oifigiúil díreach tar éis don fhógra faoin gcinneadh sin a bheith tugtha don duine is ábhar don chinneadh sin. Áireofar i bhfoilsiú den sórt sin, ar a laghad, faisnéis maidir le cineál agus nádúr an tsáraithe, mar aon le céannacht na ndaoine is ábhar don chinneadh.

Níl feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cinntí lena bhforchuirtear bearta ar bearta de chineál imscrúdaitheach iad.

2.   I gcás ina measann údarás inniúil go mbeadh foilsiú chéannacht an duine dhlítheanaigh, nó foilsiú sonraí pearsanta duine nádúrtha, míréireach tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh ar chomhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá idir lámha i mbaol le foilsiú den sórt sin, déanfaidh an t-údarás inniúil aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

foilsiú an chinnidh a iarchur go dtí an tráth nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an iarchur sin;

(b)

an cinneadh a fhoilsiú i ndíth ainm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má áirithítear cosaint éifeachtach ar na sonraí pearsanta lena mbaineann le foilsiú i ndíth ainm den sórt sin.

(c)

gan an cinneadh a fhoilsiú ar chor ar bith i gcás gurb é tuairim an údaráis inniúil go mbeidh foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b) neamhleor chun a áirithiú:

(i)

nach gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol; nó

(ii)

go bhfuil foilsiú na gcinntí sin comhréireach a mhéid a bhaineann le bearta a meastar gur bearta miona ó thaobh a nádúir iad.

I gcás ina gcinneann údarás inniúil cinneadh a fhoilsiú i ndíth ainm amhail dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh sé foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse ama réasúnach i gcás ina bhfuil sé intuartha go scoirfidh na cúiseanna atá le foilsiú i ndíth ainm de bheith ann i rith na tréimhse sin.

3.   I gcás ina bhfuil an cinneadh faoi réir achomharc os comhair údarás náisiúnta breithiúnach, údarás náisiúnta riaracháin nó údarás náisiúnta eile, déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis sin agus aon fhaisnéis ina dhiaidh sin faoi thoradh achomhairc den sórt sin a fhoilsiú, láithreach, ar a shuíomh gréasáin oifigiúil. Foilseofar aon chinneadh lena gcuirtear cinneadh roimhe sin maidir le smachtbhanna nó beart a fhorchur ar neamhní.

4.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil go mbeidh aon chinneadh a fhoilsítear i gcomhréir leis an Airteagal seo inrochtana ar a shuíomh gréasáin ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis a fhoilsithe. Sonraí pearsanta a bheidh san fhoilsiú, ní choinneofar ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil iad ach ar feadh na tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha infheidhme cosanta sonraí.

5.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis chomhiomlán maidir leis na smachtbhannaí riaracháin uile agus maidir leis na bearta riaracháin eile uile a fhorchuirtear de bhun Airteagal 42 ar fáil d'ÚEUM ar bhonn bliantúil. Níl feidhm ag an oibleagáid seo maidir le bearta de chineál imscrúdaitheach. Foilseoidh ÚEUM an fhaisnéis seo ina thuarascáil bhliantúil.

I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 42, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos do sháruithe ar na forálacha dá dtagraítear san Airteagal sin, cuirfidh a n-údaráis inniúla sonraí comhiomlánaithe agus i ndíth ainm maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na smachtbhannaí coiriúla uile a forchuireadh ar fáil d'ÚEUM ar bhonn bliantúil. Déanfaidh ÚEUM sonraí i dtaobh smachtbhannaí coiriúla arna bhforchur a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.

Airteagal 46

Coláistí

1.   Laistigh de 30 lá oibre ó chuirtear tagarmharc dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d'Airteagal 20(1) ar an liosta de thagarmharcanna criticiúla, cé is móite de thagarmharcanna sa chás gurb iad eintitis nach bhfuil faoi mhaoirseacht tromlach na rannchuiditheoirí, bunóidh an t-údarás inniúil coláiste.

2.   Beidh an coláiste comhdhéanta d'údarás inniúil an riarthóra, ÚEUM agus údaráis inniúla na rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht.

3.   Beidh an ceart ag údaráis inniúla Ballstát eile a bheith ina gcomhaltaí den choláiste más rud é, dá scoirfí den tagarmharc criticiúil i dtrácht a sholáthar, go mbeadh drochthionchar suntasach aige sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú thealgaigh agus ghnóthais na mBallstát sin.

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás inniúil a bheith ina chomhalta de choláiste, cuirfidh sé iarraidh faoi bhráid údarás inniúil an riarthóra ina mbeidh fianaise go bhfuil ceanglais na chéad fhomhíre den mhír seo comhlíonta. Déanfaidh údaráis inniúil ábhartha an riarthóra an iarraidh a mheas agus tabharfaidh sé fógra don údarás iarrthach laistigh de 20 lá oibre ón iarraidh a fháil á rá an measann sé nó nach measann go bhfuil na ceanglais sin le comhlíonadh. I gcás ina measann sé nach bhfuil na ceanglais sin le comhlíonadh, féadfaidh an t-údarás iarrthach an cás a chur faoi bhráid ÚEUM i gcomhréir le mír 9.

4.   Rannchuideoidh ÚEUM le feidhmiú éifeachtach, éifeachtúil agus comhsheasmhach na gcoláistí dá dtagraítear san Airteagal seo a chur chun cinn agus le faireachán a dhéanamh ar an bhfeidhmiú sin i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Chuige sin, beidh ÚEUM rannpháirteach de réir mar is iomchuí agus measfar é a bheith ina údarás inniúil chun na críche sin.

I gcás ina ngníomhaíonn ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 17(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a mhéid a bhaineann le tagarmharc criticiúil, áiritheoidh sé go mbeidh malartú faisnéise agus comhar iomchuí ann le comhaltaí eile an choláiste.

5.   Is é údarás inniúil riarthóra a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe an choláiste, a dhéanfaidh comhordú ar ghníomhaíochtaí an choláiste agus a áiritheoidh go mbeidh malartú éifeachtúil faisnéise ann idir comhaltaí an choláiste.

I gcás ina soláthraíonn riarthóir níos mó ná tagarmharc criticiúil amháin, féadfaidh údarás inniúil an riarthóra sin coláiste aonair a bhunú i ndáil le gach tagarmharc arna soláthar ag an riarthóir sin.

6.   Bunóidh údarás inniúil riarthóra comhshocruithe i scríbhinn faoi chuimsiú an choláiste i ndáil leis na nithe seo leanas:

(a)

an fhaisnéis atá le malartú idir na húdaráis inniúla;

(b)

an próiseas déanta cinntí idir na húdaráis inniúla agus an creat ama ar laistigh de nach mór gach cinneadh a dhéanamh;

(c)

na cásanna ina gcaithfidh údaráis inniúla dul i gcomhairle lena chéile;

(d)

an comhar atá le soláthar faoi Airteagal 23(7) agus (8).

7.   Déanfaidh údarás inniúil riarthóra aon chomhairle a thugann ÚEUM uaidh maidir leis na comhshocruithe i scríbhinn faoi mhír 6 a bhreithniú go cuí sula gcomhaontófar an téacs críochnaitheach. Déanfar na socruithe i scríbhinn a leagan amach i ndoiciméad aonair ina mbeidh míniú lánréasúnaithe ar aon imeacht suntasach ón gcomhairle a thug ÚEUM. Tarchuirfidh údarás inniúil an riarthóra na comhshocruithe i scríbhinn chuig comhaltaí an choláiste agus chuig ÚEUM.

8.   Sula ndéanfaidh siad aon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 23(6), (7) agus (9), agus Airteagal 34, Airteagal 35 agus Airteagal 42, rachaidh údarás inniúil riarthóra i gcomhairle le comhaltaí an choláiste. Déanfaidh comhaltaí an choláiste gach ní réasúnach atá ar a gcumas chun teacht ar chomhaontú laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe sna comhshocruithe i scríbhinn dá dtagaraítear i mír 6 den Airteagal seo.

Aon chinneadh a dhéanfaidh údarás inniúil an riarthóra bearta den sórt sin a dhéanamh, cuirfear san áireamh ann an tionchar ar na Ballstáit eile i dtrácht, go háirithe an tionchar féideartha ar chobhsaíocht a gcóras airgeadais.

Maidir leis an gcinneadh údarú nó clárú riarthóra a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 35, aon uair gur teagmhas force majeure a bheadh mar thoradh ar thagarmharc a scor, nó go ndéanfadh sé téarmaí conartha airgeadais nó ionstraime airgeadais, nó na rialacha maidir le haon chiste infheistíochta, a thagraíonn don tagarmharc sin san Aontas a chur ó rath nó a shárú ar aon slí eile, de réir na brí a shonraíonn an Coimisiún in aon ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 51(6), déanfaidh na húdaráis inniúla sa choláiste a mheas an nglacfaidh siad bearta chun na héifeachtaí dá dtagraítear sa mhír seo a mhaolú, lena n-áirítear:

(a)

athrú ar an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15, ar an modheolaíocht nó ar rialacha eile an tagarmhairc;

(b)

tréimhse idirthréimhseach, ar lena linn a bheidh feidhm ag na nós imeachta dá bhforáiltear faoi Airteagal 28(2).

9.   In éagmais comhaontú idir comhaltaí coláiste, féadfaidh údaráis inniúla aon cheann de na cásanna seo a leanas a tharchur chuig ÚEUM:.

(a)

i gcás nach bhfuil faisnéis bhunriachtanach curtha in iúl ag údarás inniúil;

(b)

i gcás, tar éis iarraidh a rinneadh faoi mhír 3, go bhfuil fógra tugtha ag údarás inniúil an riarthóra don údarás iarrthach nach bhfuil ceanglais na míre sin á gcomhlíonadh nó mura ghníomhaigh sé ar scór na hiarrata sin laistigh de thréimhse réasúnta ama;

(c)

i gcás gur mhainnigh na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú maidir leis na nithe a leagtar amach i mír 6;

(d)

i gcás ina bhfuil easaontú ann maidir leis na bearta atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 34, le hAirteagal 35 agus le hAirteagal 42;

(e)

i gcás ina bhfuil easaontú ann maidir leis na bearta atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 23(6);

(f)

i gcás ina bhfuil easaontú ann maidir leis na bearta atá le glacadh i gcomhréir leis an tríú fomhír de mhír 8 den Airteagal seo.

10.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d) agus (f) de mhír 9, agus sa chás nach mbeidh an tsaincheist réitithe laistigh de 30 lá tar éis í a tharchur chuig ÚEUM, déanfaidh údarás inniúil riarthóra an cinneadh críochnaitheach agus soláthróidh sé míniú mionsonraithe ar a chinneadh i scríbhinn do na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa mhír sin agus d'ÚEUM.

Déanfar an tréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 34(6) a fhionraí ón dáta a rinneadh an tarchur chuig ÚEUM go dtí an tráth a mbeidh cinneadh déanta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.

I gcás ina measann ÚEUM gur ghlac údarás inniúil an riarthóra aon bhearta dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo agus a bhféadfadh sé nach bhfuil siad i gcomhréir le dlí an Aontais, gníomhóidh sé i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

11.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 9 den Airteagal seo, agus gan dochar d'Airteagal 258 CFAE, féadfaidh ÚEUM gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Féadfar cumhacht údarás inniúil riarthóra faoi Airteagal 23(6) a fheidhmiú go dtí go mbeidh a chinneadh foilsithe ag ÚEUM.

Airteagal 47

Comhar le hÚEUM

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le hÚEUM chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.   Cuirfidh na húdaráis inniúla, gan mhoill, gach faisnéis is gá ar fáil d'ÚEUM chun a chuid dualgas a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nósanna imeachta agus foirmeacha maidir le malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 2 a chinneadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 48

Rúndacht ghairmiúil

1.   Beidh aon fhaisnéis rúnda a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla a leagtar síos i mír 2.

2.   Tá feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d'oibrigh don údarás inniúil nó d'údarás, do ghnóthas margaidh nó do dhuine nádúrtha nó dlítheanach ar bith a ndearna an t-údarás inniúil a chumhachtaí a tharmligean chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe a fhostaíonn an t-údarás inniúil ar chonradh.

3.   Ní fhéadfar faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil a nochtadh le duine nó le húdarás ar bith eile seachas de bhua forálacha atá leagtha síos le dlí na Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

4.   Maidir leis an bhfaisnéis a dhéantar a mhalartú idir na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo agus a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla agus le gnóthaí eacnamaíochta nó pearsanta, measfar gur faisnéis rúnda í agus go mbeidh sí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, ach amháin sa chás ina sonraíonn an t-údarás inniúil tráth na cumarsáide go bhféadfar faisnéis den sórt sin a nochtadh nó más riachtanach é nochtadh den sórt sin i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

TEIDEAL VII

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 49

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 20(6), 24(2), 33(7), 51(6) agus 54(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 30 Meitheamh 2016.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 20(6), 24(2), 33(7), 51(6) agus 54(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3(2), 20(6), 24(2), 33(7), 51(6) agus 54(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh trí mhí leis an treimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 50

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste Eorpach um Urrúis cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

TEIDEAL VIII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 51

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Soláthróir innéacsanna a sholáthraíonn tagarmharc an 30 Meitheamh 2016, déanfaidh sé iarratas ar údarú nó clárú i gcomhréir le hAirteagal 34 faoin 1 Eanáir 2020.

2.   Faoin 1 Eanáir 2020, beidh ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil soláthróir innéacsanna atá ag déanamh iarratais ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 34 lonnaithe an chumhacht cinneadh a dhéanamh an soláthróir innéacsanna sin a chlárú mar riarthóir fiú murab eintiteas faoi mhaoirseacht é, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní sholáthraíonn an soláthróir innéacsanna tagarmharc criticúil;

(b)

tá a fhios ag an údarás inniúil, ar bhonn réasúnach, nach bhfuil an t-innéacs nó na hinnéacsanna atá á sholáthar nó á soláthar ag an soláthróir innéacsanna in úsáid go forleathan, de réir bhrí an Rialacháin seo, sa Bhallstát ina bhfuil an soláthróir innéacsanna lonnaithe chomh maith le i mBallstáit eile.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra d'ÚEUM faoina chinneadh a bheidh glactha aige i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

Coimeádfaidh an t-údarás inniúil fianaise de na cúiseanna a bhí aige lena chinneadh arna ghlacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, agus beidh an fhianaise sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh sé indéanta a thuiscint go hiomlán meastóireachtaí an údaráis inniúil nach bhfuil an t-innéacs ná na hinnéacsanna arna sholáthar nó arna soláthar ag an solathróir innéacsanna in úsáid go forleathan, lena n-áirítear aon sonraí margaidh, aon bhreithiúnas nó aon fhaisnéis eile, mar aon le faisnéis a bheidh faighte ón soláthróir innéacsanna.

3.   Féadfaidh soláthróir innéacsanna leanúint de thagarmharc atá ann cheana a sholáthar, ar tagarmharc é a fhéadfaidh eintitis faoi mhaoirseacht a úsáid go dtí an 1 Eanáir 2020 nó, i gcás ina ndéanann an soláthróir innéacsanna iarratas ar údarú nó clarú a chur isteach i gcomhréir le mír 1, mura rud é agus go dtí go ndiúltaítear údarú nó clárú den sórt sin.

4.   Más rud é nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag tagarmharc atá ann cheana, ach gurb é a bheadh mar thoradh ar an tagarmharc sin a scor nó a athrú d'fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh nó go dtarlódh teagmhas force majeure, nó go gcuirfeadh sé téarmaí aon chonartha airgeadais nó ionstraime airgeadais nó na rialacha maidir le haon chiste infheistíochta, a thagraíonn don tagarmharc sin, ó rath nó go sáródh sé iad ar aon slí eile, ceadóidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an soláthróir innéacsanna lonnaithe an tagarmharc a úsáid. Ní dhéanfaidh aon ionstraim airgeadais, aon chonradh airgeadais, nó aon tomhas ar fheidhmíocht ciste infheistíochta tagairt a chur le tagarmharc den sórt sin atá ann cheana tar éis an 1 Eanáir 2020.

5.   Mura rud é go mbeidh cinneadh coibhéise amhail dá dtagraítear in Airteagal 30(2) nó (3) glactha ag an gCoimisiún nó mura rud é go mbeidh aitheantas tugtha do riarthóir de bhun Airteagal 32, nó mura rud é go mbeidh tagarmhac formhuinithe de bhun Airteagal 33, ní cheadófar d'eintitis faoi mhaoirseacht úsáid a bhaint san Aontas as tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, i gcás ina bhfuil an tagarmharc in úsáid cheana san Aontas mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais, conarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas, ach amháin le haghaidh ionstraimí airgeadais den sórt sin, conarthaí airgeadais den sórt sin agus tomhais den sórt sin ar fheidhmíocht ciste infheistíochta a dhéanann tagairt cheana féin don tagarmharc san Aontas, nó a chuireann tagairt le tagarmharc den sórt sin roimh an 1 Eanáir 2020.

6.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 i ndáil le bearta chun coinníollacha a chinneadh ar dá réir a fhéadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a mheasúnú an bhféadfadh sé, dá ndéanfaí tagarmharc atá cheana ann a scor nó a athrú chun go gcomhlíonadh sé ceanglais an Rialacháin seo, go mbeadh mar thoradh ar an scor nó an t-athrú sin go mbeadh ann do theagmhas force majeure, nó go gcuirfí téarmaí aon chonartha airgeadais nó aon ionstraime airgeadais nó na rialacha maidir le haon chiste infheistíochta a thagraíonn don tagarmharc sin ó rath nó go sárófaí na téarmaí sin ar aon slí eile.

Airteagal 52

Sprioc-am chun nuashonrú ar dhéanamh ar eolairí agus ar phríomhdhoiciméid faisnéise

Tá Airteagal 29(2) gan dochar d'aon eolairí reatha atá formheasta faoi Threoir 2003/71/CE roimh an 1 Eanáir 2018. Maidir le heolairí a bheidh formheasta roimh an 1 Eanáir 2018 faoi Threoir 2009/65/CE, déanfar na doiciméid fholuiteacha a nuashonrú ar an gcéad deis a bheidh ann chun sin a dhéanamh, nó ar a dhéanaí laistigh de 12 mhí tar éis an data sin.

Airteagal 53

Athbhreithnithe de chuid ÚEUM

1.   Féachfaidh ÚEUM le cultúr coiteann maoirseachta Eorpach agus cleachtais mhaoirseachta chomhleanúnacha a fhorbairt agus a áirithiú gur ann do chuir chuige comhleanúnacha i measc na n-údarás inniúil i ndáil le cur i bhfheidhm Airteagal 32 agus Airteagal 33. Chuige sin, na haitheantais a dheonófar i gcomhréir le hAirteagal 32 agus na formhuinithe a údarófar i gcomhréir le hAirteagal 33, déanfaidh ÚEUM athbhreithniú orthu gach dhá bhliain.

Eiseoidh ÚEUM tuairim chuig gach údarás inniúil a d'aithin riarthóir tríú tír nó a d'fhormhuinigh tagarmharc tríú tír, ar tuairim í ina ndéanfar measúnú ar conas a a chuireann an t-údarás inniúil sin ceanglais ábhartha Airteagal 32 agus Airteagal 33 faoi seach i bhfeidhm, agus ar cheanglais aon ghnímh tharmligthe ábhartha agus ar aon chaighdeán teicniúil ábharta rialála nó cur chun feidhme bunaithe ar an Rialachán seo.

2.   Beidh an chumhacht ag ÚEUM an fhianaise dhoiciméadaithe a éileamh ó údarás inniúil maidir le haon cheann de na cinntí a ghlactar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 51(2), le hAirteagal 24(1) agus le hAirteagal 25(2).

Airteagal 54

Athbhreithniú

1.   Faoin 1 Eanáir 2020, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an Rialachán seo, agus maidir leis na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

feidhmiú agus éifeachtacht na gcóras maidir le tagarmharcanna criticiúla, riarachán éigeantach agus rannchuidiú éigeantach faoi Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 23 agus an sainmhíniú ar thagarmharc criticiúil i bpointe (25) d'Airteagal 3(1);

(b)

éifeachtacht chóras údarú, chlárú agus mhaoirsiú na riarthóirí faoi Theideal VI agus na gcoláistí faoi Airteagal 46 agus a oiriúnaí atá an mhaoirseacht ar thagarmharcanna áirithe ag comhlacht de chuid an Aontais;

(c)

feidhmiú agus éifeachtacht Airteagal 19(2), go háirithe raon feidhme a chur i bhfeidhm.

2.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an éabhlóid i bprionsabail idirnáisiúnta is infheidhme maidir le tagarmharcanna agus ar an éabhlóid ar chreataí dlí agus ar chleachtais mhaoirseachta i dtríú tíortha i dtaca le soláthar tagarmharcanna, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach cúig bliana tar éis an 1 Eanáir 2018. Déanfar leis an tuarascáil sin measúnú go háirithe i dtaobh an bhfuil gá leis an Rialachán seo a leasú agus beidh togra reachtach, más iomchuí.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an tréimhse 42 mhí dá dtagraítear in Airteagal 51(2) a fhadú de 24 mhí, más rud é go mbeidh fianaise sa tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo nach bhfuil an córas clárúcháin idirthréimhseach faoi Airteagal 51(2) díobhálach do chultúr coiteann maoirseachta Eorpach agus do chleachtais mhaoirseachta agus do chineálacha cur chuige comhleanúnacha i measc na n-údarás inniúil.

Airteagal 55

Fógra i dtaobh tagarmharcanna tagartha agus a riarthóirí

Nuair a bhíonn tagarmharc tagartha in ionstraim airgeadais atá cuimsithe le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, beidh ar áireamh sna fógraí faoi Airteagal 4(1) den Rialachán sin ainm an tagarmhairc tagartha agus ainm a riarthóra.

Airteagal 56

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh 596/2014 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   An oibleagáid fógartha dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm aici maidir le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais atá nasctha le scaireanna nó le hionstraimí fiachais an eisitheora dá dtagraítear sa mhír sin i gcás ina gcomhlíontar, tráth an idirbhirt, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gurb é atá san ionstraim airgeadais aonad nó scair i ngnóthas comhinfheistíochta ina bhfuil an neamhchosaint ar scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ag leibhéal nach bhfuil níos mó ná 20 % de na sócmhainní arna sealbhú ag an ngnóthas comhinfheistíochta;

(b)

go soláthraíonn an ionstraim airgeadais neamhchosaint ar phunann sócmhainní ina bhfuil an neamhchosaint ar scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ag leibhéal nach bhfuil níos mó ná 20 % de shócmhainní na punainne;

(c)

gurb é atá san ionstraim airgeadais aonad nó scair i ngnóthas comhinfheistíochta nó go soláthraíonn sí neamhchosaint ar phunann sócmhainní agus nach feasach don duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó do dhuine atá i ndlúthchomhlachas le duine den sórt sin, agus nach bhféadfadh sé go mbeadh fios acu, cad é comhdhéanamh nó neamhchosaint infheistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta sin nó na punainne sócmhainní a mhéid a bhaineann le scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora, agus thairis sin nach bhfuil aon chúis ann chun go gcreidfeadh an duine sin go bhfuil scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora níos airde ná na tairseacha i bpointe (a) nó i bpointe (b).

Má tá faisnéis maidir le comhdhéanamh infheistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta nó maidir le neamhchosaint na punainne sócmhainní ar fáil, ansin déanfaidh an duine ar a bhfuil an fhreagracht bhainistíochta nó duine atá i ndlúthchomhlachas leis an duine sin gach dícheall réasúnach an fhaisnéis sin a fháil iad féin.”;

(b)

i mír 7, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:

“Chun críocha phointe (b), idirbhearta a fhorghníomhaítear i scaireanna nó in ionstraimí fiachais de chuid eisitheora nó i ndíorthaigh nó ionstraimí airgeadais eile atá nasctha leo ag bainisteoirí gnóthais comhinfheistíochta ina bhfuil infheistiú déanta ag an duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó ag duine atá i ndlúthchomhlachas leis, ní gá iad a fhógairt sa chás ina bhfuil bainisteoir an ghnóthais comhinfheistíochta ag feidhmiú dá lánrogha agus gur rud é sin a fhágann nach bhfuil an bainisteoir ag fáil aon teagaisc ná moltaí, go díreach nó go hindíreach ó infheisteoirí sa ghnóthas comhinfheistíochta sin, i dtaobh chomhdhéanamh na punainne.”.

(2)

Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a)

i mír (2) agus i mír (3), cuirtear “, in Airteagal 19(13) agus (14) agus in Airteagal 38” in ionad an fhrása “agus in Airteagal 19(13) agus (14)”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (5):

“5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(5) agus (6), Airteagal 12(5), an tríú fomhír d'Airteagal 17(2), Airteagal 17(3), Airteagal 19(13) nó (14) nó Airteagal 38 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”.

(3)

In Airteagal 38, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach leis:

“Faoin 3 Iúil 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le leibhéal na dtairseacha a leagtar amach in Airteagal 19(1a)(a) agus (b) i dtaca le hidirbhearta bainisteoirí i gcás ina bhfuil scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ina gcuid de ghnóthas comhinfheistíochta nó go soláthraíonn siad neamhchosaint ar phunann sócmhainní, d'fhonn a mheasúnú an bhfuil an leibhéal sin iomchuí nó ar cheart é a choigeartú.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena gcoigeartaítear na tairseacha in Airteagal 19(1a)(a) agus (b), má chinneann sé sa tuarascáil sin gur cheart na tairseacha sin choigeartú.”.

Airteagal 57

Leasuithe ar Threoir 2008/48/CE

Leasaítear Treoir 2008/48/CE mar a leanas:

(1)

In Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:

“I gcás ina ndéanann an comhaontú creidmheasa tagairt do thagarmharc faoi mar a shainmhínítear é i bpointe 3 d'Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), déanfaidh an creidiúnóir, nó i gcás inarb infheidhme, an t-idirmheánaí creidmheasa, ainm an tagarmhairc agus a riarthóra mar aon leis na himpleachtaí féideartha ar an tomhaltóir a sholáthar don tomhaltóir i ndoiciméad ar leithligh, a fhéadfar a chur i gceangal mar iarscríbhinn leis an bhfoirm don Fhaisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra.

(*)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).”."

(2)

In Airteagal 27(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:

“Faoin 1 Iúil 2018, glacfaidh na Ballstáit na forálacha is gá chun Airteagal 5(1) a chomhlíonadh agus foilseoidh siad na forálacha sin agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún iad. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2018.”.

Airteagal 58

Leasuithe ar Threoir 2014/17/AE

Leasaítear Treoir 2014/17/AE mar a leanas:

(1)

Sa dara fomhír d'Airteagal 13(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ea)

i gás ina bhfuil conarthaí a dhéanann tagairt do thagarmharc faoi mar a shainmhínítear é i bpointe (3) d'Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) ar fáil, ainmneacha na dtagarmharcanna agus a riarthóirí mar aon leis na himpleachtaí féideartha ar an tomhaltóir;

(**)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).”."

(2)

In Airteagal 42(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

“Faoin 1 Iúil 2018, glacfaidh na Ballstáit na forálacha is gá chun pointe (ea) den dara fomhír d'Airteagal 13(1) a chomhlíonadh agus foilseoidh siad na forálacha sin agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún iad. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2018.”;

(3)

In Airteagal 43(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Ní bheidh feidhm ag pointe (ea) den dara fomhír d'Airteagal 13(1) maidir le comhaontuithe creidmheasa a bhí ann roimh an 1 Iúil 2018.”.

Airteagal 59

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018.

In ainneoin an dara mír den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 3(2), 5(5), 11(5), 13(3), 15(6), 16(5), Airteagal 20 (cé is moite de phointe (b) d'fhomhír (6)), Airteagal 21 agus Airteagal 23, Airteagail 25(8), 25(9), 26(5), 27(3), 30(5), 32(9), 33(7), 34(8), Airteagal 46, agus Airteagal 47(3) agus Airteagal 51(6) amhail ón 30 Meitheamh 2016.

In ainneoin an dara mír den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 56 amhail ón 3 Iúil 2016.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Meitheamh 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.G. KOENDERS


(1)  IO C 113, 15.4.2014, lch. 1.

(2)  IO C 177, 11.6.2014, lch. 42.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an.17 Bealtaine 2016.

(4)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(5)  Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a thairgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).

(6)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).

(8)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

(9)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithedhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agusRialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

(12)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(13)  Rialachán (CE) Uimh.45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(14)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(17)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(18)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(19)  Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um chóir ar scor gairme (IO L 235, 23.9.2003, lch. 10).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta maidir le coimeád taifead, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht margaidh, ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála, agus téarmaí a mhínítear chun críocha na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(23)  Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 55).

(24)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2010 maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal (IO L 302, 18.11.2010, lch. 1).

(26)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n — aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(27)  Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite bhanc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).

(28)  Treoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite gnóthas árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7).


IARSCRÍBHINN I

TAGARMHARCANNA RÁTA ÚIS

Sonraí cruinne agus leordhóthanacha

1.

Chun críocha phointe (a) agus phointe (c) d'Airteagal 11(1), is é a bheidh go ginearálta i dtosaíocht úsáide na sonraí ionchuir an méid seo a leanas:

(a)

idirbhearta rannchuiditheora sa bhunmhargadh a fhéachann na tagarmharc a thomhas nó, mura leor sin, a chuid idirbheart sna margaí gaolmhara, amhail:

an margadh taiscí idirbhainc neamhurraithe;

margaí taiscí neamhurraithe eile, lena n-áirítear deimhnithe taisce agus páipéar tráchtála; agus

margaí eile amhail babhtálacha innéacsanna thar oíche, comhaontuithe athcheannaigh, réamhchonarthaí i malairt eachtrach, todhchaíochtaí agus roghanna ráta úis, ar choinníoll go gcomhlíonann na hidirbhearta sin ceanglais na sonraí ionchuir sa chód iompair;

(b)

breathnóireachtaí rannchuiditheora ar idirbhearta tríú páirtí sna margaí a bhfuil tuairisc orthu i bpointe (a);

(c)

luachana geallta;

(d)

luachana táscacha nó breithiúnais saineolaí.

2.

Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 11(1) agus Airteagal 11(4), féadfar sonraí ionchuir a choigeartú.

Féadfar, go háirithe, sonraí ionchuir a choigeartú trí na critéir seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

gaireacht na n-idirbheart do thráth sholáthar na sonraí ionchuir agus tionchar aon teagmhais mhargaidh idir tráth na n-idirbheart agus tráth sholáthar na sonraí ionchuir;

(b)

idirshuíomh nó eachtarshuíomh ó shonraí idirbheart; agus

(c)

coigeartuithe chun athruithe ar acmhainneacht creidmheasa na rannchuiditheoirí agus na rannpháirtithe eile sa mhargadh a léiriú.

Feidhm formhaoirseachta

3.

Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas in ionad cheanglais Airteagal 5(4) agus (5).

(a)

beidh coiste formhaoirseachta neamhspleách ag riarthóir tagarmhairc ráta úis. Cuirfear mionsonraí bhallraíocht an choiste sin ar fáil go poiblí, mar aon le haon dearbhuithe maidir le haon choinbhleacht leasa agus na próisis a bhaineann lena chomhaltaí a thoghadh nó a ainmniú;

(b)

beidh cruinniú amháin, ar a laghad, ag an gcoiste formhaoirseachta gach ceithre mhí agus coimeádfar miontuairiscí ar gach cruinniú den sórt sin;

(c)

feidhmeoidh coiste formhaoirseachta riarthóra tagarmhairc rátaí úis le hionracas agus beidh ag an gcoiste na freagrachtaí uile dá bhforáiltear in Airteagal 5(3).

Iniúchóireacht

4.

Ceapfaidh riarthóir tagarmhairc ráta úis iniúchóir seachtrach neamhspleách chun athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar a mhéid atá an riarthóir ag cloí le modheolaíocht an tagarmhairc agus leis an Rialachán seo. Déanfar an iniúchadh seachtrach ar an riarthóir don chéad uair 6 mhí tar éis an cód iompair a thabhairt isteach agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Féadfaidh an coiste formhaoirseachta a éileamh go ndéanfar iniúchadh seachtrach ar rannchuiditheoir le tagarmharc ráta úis mura bhfuil sé sásta le haon ghné dá iompar.

Córais agus rialuithe rannchuiditheoirí

5.

Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le gach rannchuiditheoir le tagarmharc ráta úis sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 16(5).

6.

Tabharfaidh aighnitheoir gach rannchuiditheora agus bainisteoirí díreacha an aighnitheora sin dearbhú i scríbhinn go bhfuil an cód iompair léite acu agus go mbeidh an cód iompair sin á chomhlíonadh acu.

7.

Beidh na nithe seo a leanas san áireamh i gcórais agus rialuithe de chuid rannchuiditheora:

(a)

achoimre ar na freagrachtaí a bhaineann le gach gnólacht, lena n-áirítear línte inmheánacha tuairiscithe agus cuntasachta, lena n-áirítear an áit a bhfuil na haighnitheoirí agus na bainisteoirí lonnaithe agus ainmneacha na ndaoine agus na malartach ábhartha;

(b)

nósanna imeachta inmheánacha chun síniú a fháil i ndáil le rannchuidithe sonraí ionchuir;

(c)

nósanna imeachta araíonachta i ndáil le hiarrachtaí cúblála, nó mainneachtain tuairisciú a dhéanamh, nó cúbláil iarbhír nó iarracht ar chúbláil i measc páirtithe lasmuigh den phróiseas rannchuidithe;

(d)

nósanna imeachta agus rialuithe cumarsáide éifeachtacha coinbhleachtaí leasa, i measc rannchuiditheoirí agus idir rannchuiditheoirí agus tríú páirtithe eile, chun aon tionchar míchuí seachtrach orthu siúd atá freagrach as soláthar rátaí a sheachaint. Beidh aighnitheoirí ag obair ag suímh atá scartha go fisiciúil ó thrádálaithe díorthach ráta úis;

(e)

nósanna imeachta éifeachtacha chun malartú faisnéise idir daoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí a mbaineann coinbhleacht leasa leo a chosc nó a rialú sa chás go bhféadfadh tionchar a bheith ag an malartú faisnéise sin ar na sonraí tagarmhairc a cuireadh ar fáil;

(f)

rialacha chun claonpháirteachas i measc rannchuiditheoirí, agus idir rannchuiditheoirí agus riarthóirí tagarmharcanna a sheachaint;

(g)

bearta chun aon duine a chosc, nó a theorannú, ó thionchar míchuí a chur i bhfeidhm ar an tslí a gcuireann na daoine atá páirteach i soláthar na sonraí ionchuir na gníomhaíochtaí sin i gcrích;

(h)

deireadh a chur le haon nasc díreach idir luach saothair na bhfostaithe a bhfuil baint acu le soláthar sonraí ionchuir agus luach saothair, nó ioncaim cruthaithe ag daoine a bhfuil baint acu le gníomhaíocht eile, sa chás go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith i gceist i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin;

(i)

rialuithe chun aon idirbheart aisiompaithe a tharlaíonn i ndiaidh sholáthar na sonraí ionchuir a aithint.

8.

Coimeádfaidh rannchuiditheoir le tagarmharc ráta úis taifid mhionsonraithe ar na nithe seo a leanas:

(a)

gach gné ábhartha de rannchuidithe sonraí ionchuir;

(b)

an próiseas lena rialaítear cinneadh na sonraí ionchuir agus síniú a chur leis na sonraí ionchuir;

(c)

ainmneacha na n-aighnitheoirí agus a gcuid freagrachtaí;

(d)

aon chumarsáid idir na haighnitheoirí agus daoine eile, lena n-áirítear trádálaithe agus bróicéirí inmheánacha agus seachtracha, i ndáil le cinneadh nó le rannchuidiú sonraí ionchuir;

(e)

aon idirghníomhaíocht idir na haighnitheoirí agus an riarthóir nó aon ghníomhaire ríofa;

(f)

fiosrú ar bith a bhaineann leis na sonraí ionchuir agus an toradh a bheidh leis na fiosruithe sin;

(g)

tuarascálacha íogaireachta do leabhair thrádála babhtála ráta úis agus aon leabhar trádála díorthach eile ag a bhfuil neamhchosaint shuntasach ar shocruithe rátaí úis i ndáil le sonraí ionchuir;

9.

Coimeádfar taifid i bhfoirm a chiallóidh go mbeidh an stóráil faisnéise inrochtana le haghaidh tagairt amach anseo agus gur ann do rian iniúchta doiciméadaithe.

10.

Déanfaidh feidhm chomhlíonta an rannchuiditheora le tagarmharc ráta úis aon torthaí, lena n-áirítear idirbhearta aisiompaithe, a thuairisciú don bhainistíocht ar bhonn rialta.

11.

Beidh sonraí ionchuir agus nósanna imeachta faoi réir athbhreithnithe inmheánacha rialta.

12.

Déanfar iniúchadh seachtrach ar shonraí ionchuir rannchuiditheora le tagarmharc ráta úis, mar aon le comhlíonadh leis an gcód iompair agus le forálacha an Rialacháin seo don chéad uair sé mhí tar éis an cód iompair a thabhairt isteach agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin.


IARSCRÍBHINN II

TAGARMHARCANNA TRÁCHTEARRAÍ

Modheolaíocht

1.

Déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí aon mhodheolaíocht a úsáideann an riarthóir chun tagarmharc a ríomh a fhoirmliú, a dhoiciméadú agus a phoibliú. Ar a laghad, beidh an méid seo a leanas i modheolaíocht den sórt sin agus tabharfar tuairisc inti orthu sin:

(a)

na critéir agus nósanna imeachta ar fad a úsáidtear chun an tagarmharc a fhorbairt, lena n-áirítear an chaoi a n-úsáideann an riarthóir sonraí ionchuir lena n-áirítear an líon sonrach, idirbhirt atá tuairiscithe agus tugtha i gcrích, tairiscintí ceannaigh, tairiscintí díola agus aon fhaisnéis mhargaidh eile le linn dó an tagarmharc a mheas nó tréimhsí ama nó ionú measúnaithe an tagarmhairc, cén fáth a n-úsáidtear aonad tagartha ar leith, cén chaoi a mbailíonn an riarthóir sonraí ionchuir den sórt sin, na treoirlínte lena rialaítear an chaoi a bhfeidhmíonn measúnóirí breithiúnas agus aon fhaisnéis eile, amhail toimhdí, samhlacha nó eachtarshuíomh ó shonraí a bailíodh agus a bhreithnítear le linn measúnú á dhéanamh;

(b)

nósanna imeachta agus cleachtais arb é is aidhm leo comhsheasmhacht a áirithiú idir a mheasúnóirí le linn dóibh a gcuid breithiúnais a fheidhmiú;

(c)

an tábhacht choibhneasta a ghabhfaidh le gach critéar a úsáidtear chun tagarmharcanna a ríomh, go háirithe cineál na sonraí ionchuir a úsáidtear agus an cineál critéir a úsáidtear chun breithiúnas a threorú d'fhonn cáilíocht agus sláine phróiseas ríofa an tagarmhairc a áirithiú;

(d)

critéir lena sainaithnítear íosmhéid na sonraí idirbhirt a theastaíonn chun tagarmharc áirithe a ríomh. Mura bhforáiltear do thairseach den sórt sin, míneofar na cúiseanna nach mbunaítear tairseach íosta, lena n-áirítear na nósanna imeachta atá le húsáid i gcás nach bhfuil aon sonraí idirbhirt ann a leagan amach;

(e)

critéir lena dtugtar aghaidh ar na tréimhsí measúnaithe ina bhfuil na sonraí a chuirtear isteach faoi bhun thairseach molta na modheolaíochta i dtaobh sonraí idirbhirt nó faoi bhun chaighdeáin cháilíochta riachtanacha an riarthóra, lena n-áirítear aon mhodhanna malartacha measúnaithe lena n-áirítear samhlacha meastacháin teoiriciúla. Míneofar sna critéir sin na nósanna imeachta atá le húsáid i gcás nach bhfuil sonraí idirbhirt ann;

(f)

critéir maidir le tráthúlacht na sonraí idirbhirt a chuirtear ar fáil agus na modhanna chun na sonraí idirbhirt sin a chur ar fáil cibé acu go leictreonach, ar an teileafón nó ar shlí eile;

(g)

critéir agus nósanna imeachta lena dtugtar aghaidh ar thréimhsí measúnaithe ina gcuireann rannchuiditheoir amháin nó níos mó sonraí ionchuir isteach a chuimsíonn sciar suntasach d'iomlán na sonraí idirbhirt i gcomhair an tagarmhairc sin. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an riarthóir sainiú sna critéir sin agus sna nósanna imeachta sin ar cad is sciar suntasach ann i gcomhair gach tagarmhairc atá á ríomh;

(h)

critéir ar dá réir a fhéadfar sonraí idirbhirt a eisiamh ó ríomh tagarmhairc.

2.

Foilseoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí, nó cuirfidh sé ar fáil, príomhghnéithe na modheolaíochta a úsáideann an riarthóir do gach ceann de na tagarmharcanna tráchtearraí a sholáthraítear agus a fhoilsítear nó, nuair is infheidhme, do gach fine tagarmharcanna a sholáthraítear agus a fhoilsítear.

3.

I dteannta na modheolaíochta dá dtagraítear i mír 2, tabharfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí tuairisc ar gach ceann den mhéid seo a leanas agus foilseoidh sé iad:

(a)

an réasúnaíocht is bun le glacadh le modheolaíocht áirithe, lena n-áirítear aon teicnící chun praghsanna a choigeartú agus bonn cirt leis na cúiseanna go bhfuil an tréimhse ama nó an t-ionú a nglactar le sonraí ionchuir laistigh de ina tháscaire iontaofa ar luachanna fisiciúla margaidh;

(b)

an nós imeachta chun athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar mhodheolaíocht ar leith agus í a fhaomhadh, lena n-áirítear minicíocht athbhreithnithe den sórt sin; agus

(c)

an nós imeachta chun athbhreithniú seachtrach a dhéanamh ar mhodheolaíocht ar leith, lena n-áirítear na nósanna imeachta chun a áirithiú go nglacfar leis an modheolaíocht sa mhargadh trí dhul i gcomhairle le húsáideoirí maidir le hathruithe tábhachtacha ar a bpróisis ríofa tagarmharcanna.

Athruithe ar mhodheolaíocht

4.

Glacfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí nósanna imeachta sainráite agus cuirfidh sé na nósanna imeachta sin agus an réasúnaíocht is bun le haon athrú ábhartha beartaithe ar a mhodheolaíocht ar fáil don phobal. Beidh na nósanna imeachta sin comhsheasmhach leis an gcuspóir foriomlán go gcaithfidh riarthóir sláine leanúnach a ríomhanna tagarmharcanna a áirithiú agus athruithe a chur chun feidhme ar mhaithe le dea-ord an mhargaidh áirithe a mbaineann na hathruithe sin leis. Forálfaidh na nósanna imeachta sin don mhéid seo a leanas:

(a)

fógra roimh ré i gcreat ama soiléir trína dtugtar deis leordhóthanach d'úsáideoirí anailís agus trácht a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag na hathruithe sin atá beartaithe, ag féachaint do ríomh an riarthóra ar na himthosca foriomlána;

(b)

socruithe chun gur féidir nótaí tráchta úsáideoirí, agus freagairt an riarthóra do na nótaí tráchta sin, a bheith inrochtana ag gach úsáideoir margaidh tar éis aon tréimhse comhairliúcháin ar leith, ach amháin i gcás ina bhfuil an tráchtaire tar éis a iarraidh go gcoimeádfar faoi rún iad.

5.

Scrúdóidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí a mhodheolaíochtaí go tráthrialta chun a áirithiú gur léiriú iontaofa iad ar an margadh fisiceach atá á mheasúnú agus beidh ar áireamh iontu próiseas chun tuairimí na n-úsáideoirí ábhartha a chur san áireamh.

Cáilíocht agus sláine na ríomhanna tagarmhairc

6.

Déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí na nithe seo a leanas:

(a)

na critéir a shonrú lena sainítear an tráchtearra fisiciúil atá mar ábhar i modheolaíocht áirithe;

(b)

tosaíocht a thabhairt do shonraí ionchuir san ord seo a leanas, nuair atá sé sin ag teacht lena chuid modheolaíochtaí:

(i)

idirbhearta atá curtha i gcrích agus tuairiscithe;

(ii)

tairiscintí ceannaigh agus tairiscintí díola;

(iii)

faisnéis eile.

Mura dtugtar tosaíocht d'idirbhearta atá curtha i gcrích agus tuairiscithe, ba cheart na cúiseanna nach dtugtar a mhíniú, mar a éillítear i bpointe 7(b).

(c)

úsáid a bhaint as bearta leordhóthanacha arb é is aidhm leo úsáid a bhaint as sonraí ionchuir a chuirtear isteach agus a bhreithnítear nuair atá tagarmharc a ríomh, ar sonraí bona fide iad, rud a chiallaíonn go bhfuil na páirtithe a bhfuil na sonraí ionchair á gcur isteach acu tar éis, nó sásta idirbhearta a fhorghníomhú óna ngintear sonraí ionchuir den sórt sin agus go ndearnadh na hidirbhearta sin atá tugtha i gcrích ar neamhthuilleamaí agus tabharfar aird ar leith ar idirbhearta idir cleamhnaithe;

(d)

nósanna imeachta a bhunú agus a úsáid chun sonraí idirbhirt aimhrialta nó amhrasacha a shainaithint agus coinneofar taifid ar chinntí sonraí idirbhirt a eisiamh ó phróiseas ríofa tagarmharcanna an riarthóra;

(e)

rannchuiditheoirí a spreagadh chun a sonraí ionchuir ar fad a thagann faoi réim chritéir an riarthóra don ríomh sin a chur isteach. Féachfaidh riarthóirí, a mhéid is féidir leo agus a mhéid is réasúnta, chun a áirithiú go bhfuil sonraí ionchuir a chuirtear isteach ionadaíoch do na hidirbhearta atá curtha i gcrích go hiarbhír ag na rannchuiditheoirí; agus

(f)

córas a úsáid ina bhfuil bearta iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh rannchuiditheoirí caighdeáin cháilíochta agus sláine infheidhme an riarthóra maidir le sonraí ionchuir.

7.

Foilseoidh agus tuairisceoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí le haghaidh gach ríofa, a mhéid is féidir le réasún gan dochar a dhéanamh d'fhoilsiú cuí an tagarmhairc:

(a)

míniú beacht, ar leor é chun a éascú do shíntiúsóir nó údarás inniúil tagarmhairc an chaoi ar forbraíodh an ríomh a thuiscint, lena n-áirítear, ar a laghad, méid agus leachtacht an mhargaidh fhisiciúil atá á mheasúnú (amhail méid agus líon na n-idirbheart a cuireadh isteach), raon na líonta agus an meánlíon agus raon na bpraghsanna agus an meánphraghas, agus céatadáin tháscacha de gach cineál sonraí ionchuir a breithníodh le linn tagarmharc a ríomh; áireofar téarmaí a thagraíonn don mhodheolaíocht praghsála amhail bunaithe ar idirbhearta, bunaithe ar raon nó idirshuite nó eachtarshuite; agus

(b)

míniú beacht ar an méid a úsáideadh aon bhreithiúnas agus ar an mbonn ar a ndearnadh aon bhreithiúnas in aon ríomh, lena n-áirítear sonraí a eisiamh a bhí ar shlí eile i gcomhréir le riachtanais na modheolaíochta ábhartha i leith an ríofa sin, praghsanna a bhunú ar raonta nó ar idirshuíomh, eachtarshuíomh, nó tairiscintí ceannaigh nó tairiscintí díola a ualú ar leibhéal níos airde ná na hidirbhearta atá tugtha i gcrích, más ann dóibh.

Sláine an phróisis tuairiscithe

8.

Déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí na nithe seo a leanas:

(a)

na critéir a shonrú lena sainítear na daoine a fhéadfaidh sonraí ionchuir a chur faoi bhráid an riarthóra;

(b)

nósanna imeachta rialaithe cáilíochta a bheith i bhfeidhm aige chun meastóireacht a dhéanamh ar chéannacht rannchuiditheora agus aon aighnitheora a thuairiscíonn sonraí ionchuir agus ar údarú aighnitheora den sórt sin chun sonraí ionchuir a thuairisciú thar ceann rannchuiditheora;

(c)

na critéir a shonrú is infheidhme maidir le fostaithe rannchuiditheora a bhfuil cead acu sonraí ionchuir a chur faoi bhráid riarthóra thar ceann rannchuiditheora; rannpháirtithe a spreagadh chun sonraí ionchuir a sheoladh isteach ó fheidhmeanna cúloifige agus sonraí comhthacaíochta a lorg ó fhoinsí eile i gcás ina bhfaightear sonraí idirbhirt go díreach ó thrádálaí; agus

(d)

rialuithe inmheánacha agus nósanna imeachta i scríbhinn a chur chun feidhme chun cumarsáid idir rannchuiditheoirí agus measúnóirí a shainaithint lena ndéantar iarracht tionchar a imirt ar ríomh chun leasa suíomh trádála ar bith (cibé acu suíomh an rannchuiditheora, a fhostaithe nó tríú páirtí ar bith), lena ndéantar iarracht chun go sáróidh measúnóir rialacha nó treoirlínte riarthóra nó chun rannchuiditheoirí a chuireann sonraí idirbhirt aimhrialta nó amhrasta isteach go rialta a shainaithint. Áireofar sna nósanna imeachta sin, a mhéid is féidir, socrú ionas go mbeidh an riarthóir in ann fiosrúchán laistigh de chuideachta an rannchuiditheora a mhéadú. Áireofar ar na rialuithe táscairí margaidh a chros-seiceáil chun faisnéis a cuireadh isteach a dheimhniú.

Measúnóirí

9.

I dtaca le ról an mheasúnóra, déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí an méid seo a leanas:

(a)

rialacha agus treoirlínte inmheánacha sainráite a ghlacadh agus a bheith i bhfeidhm aige chun measúnóirí a roghnú, lena n-áirítear an leibhéal íosta oiliúna, taithí agus scileanna a bheidh acu, chomh maith leis an bpróiseas chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a n-inniúlacht;

(b)

comhshocruithe a bheith i bhfeidhm aige chun a áirithiú gur féidir na ríomhanna a dhéanamh ar bhonn comhleanúnach agus rialta;

(c)

leanúnachas agus pleanáil comharbais a choinneáil ar bun i leith a mheasúnóirí chun a áirithiú go ndéantar ríomhanna ar bhonn comhsheasmhach agus go ndéanann fostaithe a bhfuil na leibhéil ábhartha saineolais iad; agus

(d)

nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh a bhunú chun sláine agus iontaofacht ríomhanna a áirithiú. Ar a laghad, ceanglófar leis na rialuithe inmheánacha agus na nósanna sin maoirsiú leanúnach a dhéanamh ar mheasúnóirí chun a áirithiú gur cuireadh an mhodheolaíocht i bhfeidhm i gceart agus nósanna imeachta maidir le síniú inmheánach ag maoirseoir sula ndéantar praghsanna a scaoileadh chun iad a scaipeadh ar an margadh.

Rianta iniúchta

10.

Beidh nósanna imeachta agus rialacha i bhfeidhm ag riarthóir tagarmhairc tráchtearraí chun faisnéis ábhartha chomhaimseartha a dhoiciméadú, lena n-áirítear:

(a)

na sonraí ionchuir ar fad;

(b)

na breithiúnais a dhéanann measúnóirí chun teacht ar gach ríomh tagarmhairc;

(c)

an ndearnadh idirbheart áirithe a eisiamh ó ríomh, idirbheart a bhí ar shlí eile i gcomhréir le riachtanais na modheolaíochta ábhartha don ríomh sin, agus an réasúnaíocht ba bhun leis sin a dhéanamh;

(d)

céannacht gach measúnóra agus aon duine eile a chuir aon chuid den fhaisnéis i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) isteach nó a ghin ar shlí eile í.

11.

Beidh rialacha agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag riarthóir tagarmhairc tráchtearraí chun a áirithiú go gcoimeádfar rian iniúchóireachta d'fhaisnéis ábhartha ar feadh cúig bliana ar a laghad chun an chaoi ar cuireadh a ríomhanna le chéile a dhoiciméadú.

Coinbhleachtaí leasa

12.

Bunóidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí beartais agus nósanna imeachta leormhaithe do shainaithint, nochtadh, bainistiú nó maolú agus seachaint aon choinbhleachta leasa agus do shláine agus neamhspleáchas na ríomhanna a chosaint. Déanfar na beartais agus na nósanna imeachta sin a athbhreithniú agus a nuashonrú go rialta agus i ndáil leo sin:

(a)

áiritheofar nach mbeidh tionchar ag caidreamh nó leas gnó tráchtála nó pearsanta, reatha nó féideartha, idir an riarthóir nó a chleamhnaithe, a phearsanra, a chliaint, aon rannpháirtí sa mhargadh nó daoine a bhfuil baint acu leo ar ríomhanna tagarmharcanna;

(b)

áiritheofar nach gceadófar do leasanna pearsanta agus naisc ghnó phearsanra an riarthóra dochar a dhéanamh d'fheidhmeanna an riarthóra, lena n-áirítear fostaíocht lasmuigh, taisteal, agus glacadh le siamsaíocht, bronntanais agus fáilteachas a chuireann cliaint an riarthóra nó rannpháirtithe eile sa mhargadh tráchtearraí ar fáil;

(c)

áiritheofar, i leith coinbhleachtaí sainaitheanta, leithscaradh iomchuí feidhmeanna laistigh den riarthóir trí bhíthin maoirseachta, cúitimh, rochtain ar chórais agus sreafaí faisnéise;

(d)

cosnófar rúndacht na faisnéise a chuirtear faoi bhráid an riarthóra nó a tháirgeann an riarthóir, faoi réir oibleagáidí an riarthóra maidir le nochtadh;

(e)

cuirfear cosc ar bhainisteoirí, ar mheasúnóirí agus ar fhostaithe eile de chuid an riarthóra rannchuidiú le ríomh tagarmhairc trína bheith páirteach i dtairiscintí ceannaigh, tairiscintí díola nó trádálacha ar bhonn pearsanta nó thar ceann rannpháirtithe sa mhargadh; agus

(f)

rachaidh siad i ngleic go héifeachtach le haon choinbhleacht leasa sainaitheanta a d'fhéadfadh a bheith ann idir soláthar tagarmhairc ag an riarthóir (lena n-áirítear na fostaithe ar fad a chomhlíonann freagrachtaí ríofa tagarmharcanna nó a ghlacann páirt iontu ar shlí eile), agus aon ghnó eile de chuid an riarthóra.

13.

Áiritheoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí go mbeidh nósanna imeachta agus sásraí iomchuí i bhfeidhm ina oibríochtaí gnó eile atá ceaptha an baol go ndéanfaidh coinbhleacht leasa difear do shláine na ríomhanna tagarmhairc a íoslaghdú.

14.

Áiritheoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí go mbeidh línte tuairiscithe lánscartha i bhfeidhm aige i measc a bhainisteoirí, a mheasúnóirí agus a fhostaithe eile agus ó na bainisteoirí chuig bainistíocht an riarthóra ar an leibhéal is sinsearaí agus chuig a bhord chun a áirithiú:

(a)

go gcuireann an riarthóir ceanglais an Rialacháin seo chun feidhme go cuí; agus

(b)

go bhfuil freagrachtaí sainithe go soiléir agus nach bhfuil siad i gcoinbhleacht lena chéile nó nach dtugtar le tuiscint go bhfuil siad i gcoinbhleacht lena chéile.

15.

A luaithe a bheidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí ar an eolas faoi choinbhleacht leasa a eascraíonn as úinéireacht an riarthóra nochtfaidh sé dá úsáideoirí é.

Gearáin

16.

Beidh i bhfeidhm ag riarthóir tagarmhairc tráchtearraí agus foilseoidh sé beartas láimhseála gearán ina leagtar amach nósanna imeachta maidir le taifid a fháil, a imscrúdú agus a choimeád a bhaineann le gearáin a dhéantar faoi phróiseas ríofa riarthóra. Áiritheofar le sásraí gearáin den sórt sin:

(a)

go bhféadfaidh síntiúsóirí an tagarmharc gearáin a chur isteach i dtaobh an bhfuil ríomh tagarmhairc sonrach ionadaíoch do luach margaidh, athruithe beartaithe ar an gcaoi a ríomhtar tagarmharcanna, an chaoi a gcuirtear modheolaíocht i bhfeidhm i ndáil le ríomh tagarmhairc sonrach agus cinntí eagarthóireachta eile i ndáil leis na próisis ríofa tagarmharcanna;

(b)

go mbeidh amchlár sprice i bhfeidhm maidir le gearáin a láimhseáil;

(c)

maidir le gearáin fhoirmiúla a dhéantar i gcoinne an riarthóra agus a phearsanra, go n-imscrúdóidh an riarthóir sin iad go tráthúil agus go cothrom;

(d)

go ndéanfar an fiosrú go neamhspleách ar aon phearsanra a bhféadfadh baint a bheith acu le hábhar an ghearáin;

(e)

go bhféachfaidh an riarthóir lena imscrúdú a chríochnú go pras;

(f)

go gcuirfidh an riarthóir an gearánach agus aon pháirtithe ábhartha eile ar an eolas faoi thorthaí an imscrúdaithe i scríbhinn agus laistigh de thréimhse réasúnta;

(g)

gur féidir, tráth nach déanaí ná sé mhí ón tráth a rinneadh an gearán bunaidh, dul ar iontaoibh tríú páirtí neamhspleách arna cheapadh ag an riarthóir, má tá gearánach míshásta leis an gcaoi ar láimhseáil an riarthóir ábhartha gearán nó le cinneadh an riarthóra sa chás; agus

(h)

go gcoimeádfar na doiciméid ar fad a bhaineann le gearán, lena n-áirítear na cinn sin a chuir an gearánach isteach chomh maith le taifead an riarthóra féin, ar feadh cúig bliana ar a laghad.

17.

Réiteoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí díospóidí faoi chinntí praghsála laethúla, nach gearáin fhoirmiúla iad, faoi threoir a nósanna imeachta caighdeánacha iomchuí. Má athraítear an praghas mar thoradh ar ghearán, cuirfear sonraí maidir leis an athrú praghais sin in iúl don mhargadh a luaithe is féidir.

Iniúchóireacht sheachtrach

18.

Ceapfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí iniúchóir seachtrach, neamhspleách ag a mbeidh an taithí iomchuí agus an acmhainneacht iomchuí chun athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar a mhéid atá an riarthóir ag cloí le leis na critéir mhodheolaíochta atá sonraithe aige agus le ceanglais an Rialacháin seo. Déanfar iniúchóireachtaí go bliantúil agus foilseofar iad trí mhí tar éis an tráth a thabharfar iniúchóireacht chun críche agus déanfar iniúchóireachtaí eatramhacha breise de réir mar is iomchuí.