31.3.2016   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 81/99


RIALACHÁN (AE) 2016/426 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2016

maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I dTreoir 2009/142/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leagtar síos rialacha maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha (“fearais”) a chur ar an margadh agus a chur i mbun seirbhíse.

(2)

Tá Treoir 2009/142/CE bunaithe ar phrionsabail an “chur chuige nua”, mar a leagtar amach iad i Rún an 7 Bealtaine 1985 ón gComhairle maidir le cur chuige nua i leith comhchuibhiú teicniúil agus caighdeán (4). Mar sin, ní leagtar amach inti ach na ceanglais riachtanacha a bhfuil feidhm acu maidir le fearais, cé go nglacann an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus an Coiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil (Cenelec) sonraí teicniúla i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Fágann comhréireacht leis na caighdeáin chomhchuibhithe mar a leagtar amach amhlaidh, a bhfuil a n-uimhreacha tagartha foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhde comhréireachta le ceanglais Threoir 2009/142/CE. Tá sé léirithe sa taithí a fuarthas gur oibrigh na bunphrionsabail sin go maith san earnáil sin agus ba cheart iad a choinneáil agus fiú iad a chur chun cinn tuilleadh.

(3)

Tá sé léirithe sa taithí a fuarthas ar Threoir 2009/142/CE a chur chun feidhme gur gá cuid dá forálacha a mhodhnú chun iad a shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, mar sin, maidir leis na sainmhínithe a bhaineann lena raon feidhme, le hinneachar chumarsáidí na mBallstát i dtaca leis na cineálacha gáis agus leis na brúnna comhfhreagracha soláthair a úsáidtear ar a gcríoch agus le ceanglais riachtanacha áirithe.

(4)

Ós rud go gcaithfidh an raon feidhme, na ceanglais riachtanacha agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a bheith comhionann i ngach Ballstát, is ar éigean atá aon solúbthacht ann maidir le treoir atá bunaithe ar phrionsabail an chur chuige nua a thrasuí ina dlí náisiúnta. Chun an creat rialála a shimpliú, ba cheart rialachán a chur in ionad Threoir 2009/142/CE, arb é an ionstraim dlí oiriúnach é toisc go bhforchuirtear leis rialacha soiléire agus mionsonraithe a fhágann nach féidir leis na Ballstáit iad a thrasuí ar bhealaí éagsúla agus áirithítear leis, mar sin, go gcuirtear chun feidhme go haonfhoirmeach é ar fud an Aontais.

(5)

Le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), leagtar síos prionsabail chomhchoiteanna agus forálacha tagartha a bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith acu ar fud reachtaíocht earnála ar mhaithe le bonn comhtháite a chur ar fáil chun athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht sin nó chun í a athmhúnlú. D'fhonn comhsheasmhacht le reachtaíocht eile earnála maidir le táirgí a áirithiú, ba cheart Treoir 2009/142/CE a chur in oiriúint don Chinneadh sin.

(6)

I Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), leagtar síos rialacha maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta, soláthraítear creat le haghaidh faireachas margaidh ar tháirgí agus rialuithe ar tháirgí ó thríú tíortha, agus leagtar síos prionsabail ghinearálta mharcáil CE.

(7)

Ba cheart go léireofaí raon feidhme Threoir 2009/142/CE i raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le fearais bhaile agus fearais nach fearais bhaile iad atá beartaithe le haghaidh líon fearas sonraithe agus le haghaidh feistis atá deartha lena gcorprú i bhfearais den sórt sin.

(8)

Cumhdaítear leis an Rialachán seo fearais agus feistis atá nua do mhargadh an Aontais nuair a chuirtear ar an margadh iad; is é sin le rá gur fearais agus feistis nua arna ndéanamh ag monaróir atá bunaithe san Aontas iad nó gur fearais agus feistis, bídís nua nó athláimhe, arna n-allmhairiú ó thríú tír iad.

(9)

Maidir le fearais atá luachmhar ó thaobh na staire nó na healaíne de réir bhrí Airteagal 36 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus nach bhfuil curtha i mbun seirbhíse, amhail fearais sheanda agus fearais eile chun críocha taispeántais nó bailiúcháin, níor cheart iad a mheas mar fhearais a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(10)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gach cineál soláthair, lena n-áirítear ciandíol.

(11)

Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an Rialachán seo feidhmiú mhargadh inmheánach na bhfearas agus na bhfeisteas a áirithiú maidir le rioscaí sábháilteachta gáis agus éifeachtúlacht fuinnimh.

(12)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gnéithe a chumhdaítear ar bhealach níos sonraí le reachtaíocht eile an Aontais um chomhchuibhiú. Áirítear leis sin na bearta arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(13)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go gcuirfí cosc ar na Ballstáit ceanglais níos déine maidir le sláinte, sábháilteacht agus caomhnú fuinnimh a fhorchur, ar ceanglais iad a chuirfeadh toirmeasc, srian nó bac le fearais a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse. Níor cheart, áfach, go ndéanfadh sé sin difear d'fhéidearthacht na mBallstát, agus gníomhartha eile de chuid an Aontais á gcur chun feidhme acu, ceanglais a fhorchur, ar ceanglais iad a dhéanann difear d'éifeachtúlacht fuinnimh táirgí, lena n-áirítear fearais, fad is go mbíonn bearta den sórt sin i gcomhréir le CFAE.

(14)

Le Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ceanglaítear ar na Ballstáit bearta iomchuí a chur isteach ina gcuid rialachán agus cód tógála chun go méadófar cion gach cineáil fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san earnáil tógála. Le Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), ceanglaítear ar na Ballstáit íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a leagan síos d'fhoirgnimh agus do ghnéithe tógala agus do riachtanais an chórais maidir le feidhmíocht fuinnimh fhoriomlán na gcóras teicniúil tógála atá suiteáilte i bhfoirgnimh atá ann cheana. Le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ceanglaítear ar na Ballstáit bearta leordhóthanacha a dhéanamh chun ídiú fuinnimh a laghdú de réir a chéile i réimsí éagsúla, lena n-áirítear réimse na bhfoirgneamh.

(15)

Leis an Rialachán seo, níor cheart go ndéanfaí difear don oibleagáid atá ar na Ballstáit bearta a ghlacadh maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus maidir le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh, i gcomhréir le Treoir 2009/28/CE, Treoir 2010/31/AE agus Treoir 2012/27/AE. Tá sé comhsheasmhach le cuspóirí na dTreoracha sin go bhféadfar le bearta náisiúnta, in imthosca áirithe, teorainn a chur le suiteáil fearas a chomhlíonann an ceanglas maidir le húsáid réasúnach fuinnimh atá sa Rialachán seo, ar choinníoll nach ionann bearta den sórt sin agus bacainn mhargaidh gan údar.

(16)

Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirtear fearais ar fáil ar an margadh agus i mbun seirbhíse ach amháin i gcás nach gcuireann siad sláinte agus sábháilteacht daoine, ainmhithe clóis nó maoine i mbaol, nuair a bhaintear gnáthúsáid astu.

(17)

Leis an Rialachán seo, níor cheart go ndéanfaí difear do theidlíocht na mBallstát rialacha a leagan síos a bhaineann le fearais a choimisiúnú nó cigireachtaí a dhéanamh orthu go tráthrialta nó bearta eile amhail oiliúint suiteálaithe nó deimhniú, chun a áirithiú go suiteáiltear agus go n-úsáidtear i gceart iad agus go ndéantar cothabháil cheart orthu, lena n-áirítear bearta sábháilteachta réamhchúraim. Tá na rialacha agus na bearta sin fíor-riachtanach i nimhniú gáis a chosc, lena n-áirítear ó aonocsaíd charbóin (CO), agus i sceitheadh aon substaintí atá díobhálach don tsláinte agus don tsábháilteacht.

(18)

Leis an Rialacháin seo, níor cheart go ndéanfaí difear do theidlíocht na mBallstát ceanglais a leagan síos a mheasfaidh siad a mbeidh gá leo maidir le gnéithe suiteála, dálaí aerála spásanna agus gnéithe a bhaineann le sábháilteacht an fhoirgnimh féin agus a fheidhmíocht fuinnimh, ar choinníoll nach bhforchuireann na ceanglais sin ceanglais deartha ar fhearais.

(19)

Ós rud é nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo rioscaí atá ann de dheasca fearas i gcás nach suiteáiltear nó nach n-úsáidtear i gceart iad nó nach ndéantar cothabháil cheart orthu, ba cheart na Ballstáit a spreagadh bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirtear an pobal ar an eolas maidir leis na rioscaí sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le táirgí dócháin agus maidir leis an ngá le bearta cuí sábháilteachta réamhchúraim, inter alia i ndáil le hastaíochtaí aonocsaíde carbóin.

(20)

Cé nach ndéantar na coinníollacha soláthair gáis sna Ballstáit a rialú leis an Rialachán seo, ba cheart a chur i gcuntas ann go bhfuil coinníollacha éagsúla i bhfeidhm sna Ballstáit maidir le cineálacha gáis agus brúnna soláthair de cheal chomhchuibhiú shaintréithe teicniúla an bhreosla ghásaigh. Tá comhdhéanamh agus sonraíochtaí na gcineálacha gáis agus na mbrúnna soláthair san áit a gcuirtear fearas i mbun seirbhíse an-tábhachtach dá fheidhmiú sábháilte agus ceart dá bhrí sin ba cheart an ghné sin a chur san áireamh ag céim deartha an fhearais chun a chomhoiriúnacht don chineál gáis nó do na cineálacha gáis agus don bhrú soláthair nó do na brúnna soláthair dá bhfuil sé beartaithe a áirithiú.

(21)

D'fhonn bacainní ar thrádáil a sheachaint maidir le fearais ar fhorais a bhaineann leis an gcaoi nach bhfuil coinníollacha soláthair gáis comhchuibhithe fós agus a áirithiú go bhfuil oibreoirí eacnamaíocha ar an eolas go leordhóthanach, ba cheart do na Ballstáit na cineálacha gáis agus brúnna comhfhreagracha soláthair a úsáidtear ar a gcríoch agus aon athruithe orthu a chur in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún in am trátha.

(22)

Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis is gá d'oibreoirí eacnamaíocha a chur san áireamh agus iad ag cur na gcineálacha gáis agus na mbrúnna soláthair in iúl. Sa chreat sin, ní bhaineann príomhfhoinse an bhreosla ghásaigh arna sholáthar le hábhar i dtaca le saintréithe, feidhmíocht agus comhoiriúnacht fearas leis na coinníollacha soláthair gáis arna gcur in iúl.

(23)

Agus na finte gáis agus grúpaí gáis arna n-úsáid ina gcríoch á gcinneadh, iarrtar ar na Ballstáit an obair caighdeánaithe leanúnach atá ar siúl maidir le cáilíochtaí gáis a chur i gcuntas agus, dá bhrí sin, cur chuige comhtháite comhordaithe i leith chomhchuibhiú na mbreoslaí gásacha trí chaighdeánú a áirithiú ar fud an Aontais.

(24)

I gcás ina ndéanann na Ballstáit, i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus obair caighdeánaithe leanúnach CEN maidir le sonraíochtaí cáilíochta gáis, bearta nithiúla ar mhaithe le húsáid níos leithne bithgháis trí ghás den sórt sin a chur sa líonra dáileacháin gáis nó trí ghás den sórt sin a dháileadh trí chórais aonair, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfaidís a gcumarsáid maidir leis na cineálacha gáis a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach tráthúil i gcás nach bhfanann cáilíocht an gháis arna sholáthar laistigh den raon cáilíochta a cuireadh in iúl roimhe.

(25)

I gcás ina mbunaíonn na Ballstáit a bpleananna náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2009/28/CE chun a n-oibleagáid céatadán an fhuinnimh in-athnuaite agus go háirithe an bhithgháis a mhéadú san ídiú iomlán fuinnimh a chomhlíonadh, iarrtar orthu na féidearthachtaí a bhaineann le gáis den sórt sin a chur sa líonra dáileacháin gáis a mheas.

(26)

Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach ionann na coinníollacha soláthair gáis agus bacainní ar thrádáil agus nach gcuirtear srian leo le fearais atá comhoiriúnach leis na coinníollacha soláthair gáis logánta a chur i mbun seirbhíse.

(27)

Ba cheart go rachadh prionsabal na saorghluaiseachta earraí chun tairbhe fearas a chumhdaítear faoin Rialachán seo agus fearas a chomhlíonann an Rialachán seo. Ba cheart a bheith in ann na fearais sin a chur i mbun seirbhíse ar choinníoll go mbeidh siad comhoiriúnach do na coinníollacha soláthair gáis logánta.

(28)

Le marcáil chatagóir an fhearais atá curtha in iúl ar an bhfearas nó ar phláta sonraí an fhearais, bunaítear nasc díreach leis na finte gáis agus/nó grúpaí gáis a bhfuil fearas deartha le hiad a dhó go sábháilte ar an leibhéal feidhmíochta inmhianaithe agus áirithítear, dá bhrí sin, comhoiriúnacht an fhearais leis na coinníollacha soláthair gáis logánta.

(29)

Ba cheart na ceanglais riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh d'fhonn a áirithiú go bhfuil fearais sábháilte nuair a bhaintear gnáthúsáid astu ar an leibhéal feidhmíochta inmhianaithe.

(30)

Ba cheart na ceanglais riachtanacha a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm ionas go gcuirfear staid na teicneolaíochta tráth an deartha agus an mhonaraithe i gcuntas chomh maith le gnéithe teicniúla agus eacnamaíocha atá comhsheasmhach le hardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta agus le húsáid réasúnach fuinnimh.

(31)

Ba cheart d'oibreoirí eacnamaíocha a bheith freagrach as comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ó thaobh fearas agus feisteas de, i ndáil lena róil faoi seach sa slabhra soláthair, d'fhonn ardleibhéal cosanta leasanna an phobail a áirithiú, amhail sláinte agus sábháilteacht daoine agus ainmhithe clóis, cosaint tomhaltóirí agus maoine, agus úsáid réasúnach fuinnimh, agus d'fhonn iomaíocht chothrom a ráthú i margadh an Aontais.

(32)

Na hoibreoirí eacnamaíocha uile a mbíonn ról acu sa slabhra soláthair agus dáilte, ba cheart dóibh bearta iomchuí a dhéanamh lena áirithiú nach gcuireann siad ar fáil ar an margadh ach fearais nó feistis atá i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is gá foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí atá in oiriúint do ról gach oibreora eacnamaíoch sa slabhra soláthair agus dáilte.

(33)

Is é an monaróir, a bhfuil mioneolas ag an té sin ar an bpróiseas deartha agus táirgeachta, an duine is fearr chun an nós imeachta um measúnú comhréireachta a dhéanamh. Ba cheart, dá bhrí sin, gur ar an monaróir amháin a bheadh an oibleagáid measúnú comhréireachta a dhéanamh.

(34)

Ba cheart don mhonaróir faisnéis leordhóthanach agus mhionsonraithe a chur ar fáil i dtaca le húsáid bheartaithe an fhearais ionas gur féidir é a shuiteáil, a chur i mbun seirbhíse, a úsáid agus a chothabháil i gceart agus go sábháilte. D'fhéadfadh sé go mbeadh gá sonraíochtaí teicniúla an chomhéadain idir an fearas agus a thimpeallacht suiteála a áireamh le faisnéis den sórt sin.

(35)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon duine nádúrtha a mhonaraíonn fearas ar bhonn neamhghairmiúil agus a úsáideann é go heisiach chun a chríoch féin nó chun a críoch féin.

(36)

D'fhonn cumarsáid idir oibreoirí eacnamaíocha, údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh agus tomhaltóirí a éascú, ba cheart do na Ballstáit oibreoirí eacnamaíocha a spreagadh seoladh láithreáin ghréasáin a chur san áireamh i dteannta an tseolta poist.

(37)

Is gá a áirithiú go gcomhlíonann na fearais agus feistis ó thríú tíortha a thagann isteach i margadh an Aontais ceanglais an Rialacháin seo, agus go háirithe go bhfuil nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta déanta ag na monaróirí maidir leis na fearais agus leis na feistis sin. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hallmhaireoirí chun a áirithiú go gcomhlíonann na fearais agus na feistis a chuireann siad ar an margadh ceanglais an Rialacháin seo agus nach gcuireann siad fearais agus feistis nach gcomhlíonann ceanglais den sórt sin nó is baol ar an margadh. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le hallmhaireoirí chun a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta déanta agus go bhfuil marcáil CE ar fhearais agus ar fheistis agus an doiciméadacht theicniúil arna tarraingt suas ag monaróirí ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla le haghaidh cigireachta.

(38)

Cuireann an dáileoir fearas nó feisteas ar fáil ar an margadh tar éis é a bheith curtha ar an margadh ag an monaróir nó ag an allmhaireoir agus ba cheart don dáileoir gníomhú leis an gcúram is iomchuí chun a áirithiú nach ndéanann láimhseáil an fhearais nó an fheistis difear díobhálach dá chomhlíonadh.

(39)

Agus fearas nó feisteas á chur ar an margadh acu, ba cheart d'allmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh poist lenar féidir dul i dteagmháil leo a léiriú ar an bhfearas nó ar an bhfeisteas. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí sna cásanna nach féidir é sin a dhéanamh de dheasca mhéid nó chineál an fhearais nó an fheistis. Áirítear leis seo na cásanna ina mbeadh ar allmhaireoirí an phacáistíocht a oscailt chun a n-ainm agus a seoladh a chur ar an bhfearas nó ar an bhfeisteas.

(40)

Maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann fearas nó feisteas ar an margadh faoina n-ainmneacha féin nó faoina dtrádmharcanna féin nó a mhodhnaíonn fearas nó feisteas sa chaoi a bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo, ba cheart féachaint orthu mar an monaróir agus ba cheart dóibh oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh chucu féin.

(41)

Ba cheart do dháileoirí agus d'allmhaireoirí, atá gar don mhargadh, a bheith bainteach le cúraimí faireachais mhargaidh arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus ba cheart dóibh a bheith réidh chun a bheith rannpháirteach go gníomhach tríd an bhfaisnéis ar fad is gá a bhaineann leis an bhfearas nó feisteas lena mbaineann a thabhairt do na húdaráis sin.

(42)

Trí inrianaitheacht fearais nó feistis a áirithiú ar fud an tslabhra soláthair ina iomláine, cabhraítear le faireachas margaidh a dhéanamh níos simplí agus níos éifeachtúla. Le córas inrianaitheachta éifeachtúil, éascaítear cúram na n-údarás um fhaireachas margaidh oibreoirí eacnamaíocha a chuir fearais nó feistis neamh-chomhlíontacha ar fáil ar an margadh a rianú. Agus an fhaisnéis a éilítear faoin Rialachán seo chun oibreoirí eacnamaíocha eile a shainaithint á coinneáil acu, níor cheart a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta i dtaca le hoibreoirí eacnamaíocha eile a sholáthair fearas nó feisteas dóibh nó ar sholáthair siad féin fearas nó feisteas dóibh.

(43)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith teoranta do na ceanglais riachtanacha a léiriú. D'fhonn measúnú comhréireachta leis na ceanglais sin a éascú is gá foráil a dhéanamh maidir le toimhde comhréireachta i gcás fearais agus feisteas atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 chun mionsonraíochtaí teicniúla na gceanglas sin a léiriú, go háirithe maidir leis an dearadh, monarú, feidhmiú, tástáil, úsáid réasúnach fuinnimh agus suiteáil na bhfearas.

(44)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, déantar foráil maidir le nós imeachta i gcás agóidí in aghaidh caighdeán comhchuibhithe i gcás nach gcomhlíonann na caighdeáin sin ceanglais an Rialacháin seo go hiomlán.

(45)

Ionas gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha a thaispeáint agus leis na húdaráis inniúla a áirithiú go gcomhlíonann fearais agus feistis a chuirtear ar fáil ar an margadh na ceanglais riachtanacha, is gá foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta. Le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, bunaítear modúil le haghaidh nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ina bhfuil na nósanna imeachta is scaoilte go dtí na cinn is déine, i gcomhréir le leibhéal an riosca lena mbaineann agus leibhéal na sábháilteachta is gá. D'fhonn comhtháthú idir-earnála a áirithiú agus d'fhonn malairtí ad hoc a sheachaint, ba cheart na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a roghnú as measc na modúil sin.

(46)

Ba cheart do mhonaróirí dearbhú comhréireachta de chuid AE a tharraingt suas chun faisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo maidir le comhréireacht fearais nó feistis le ceanglais an Rialacháin seo agus reachtaíochta ábhartha eile an Aontais um chomhchuibhiú a chur ar fáil.

(47)

Chun rochtain éifeachtach ar fhaisnéis chun críocha faireachais mhargaidh a áirithiú, ba cheart go mbeadh an fhaisnéis is gá chun na gníomhartha ar fad de chuid an Aontais is infheidhme maidir le fearas nó feisteas a shainaithint ar fáil i ndearbhú comhréireachta aonair de chuid AE. D'fhonn an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, féadfaidh an dearbhú comhréireachta aonair sin de chuid AE a bheith ina shainchomhad ina bhfuil dearbhuithe comhréireachta aonair ábhartha.

(48)

Is é atá i gceist le marcáil CE, lena léirítear comhréireacht fearais nó feistis, an iarmhairt infheicthe ar phróiseas iomlán a chuimsíonn measúnú comhréireachta i gciall leathan. Leagtar amach na prionsabail ghinearálta lena rialaítear marcáil CE agus a gaol le marcálacha eile i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ba cheart rialacha lena rialaítear marcáil CE a ghreamú ar fhearais agus ar fheistis a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí sna cásanna nach féidir marcáil CE a ghreamú den fhearas nó den fheisteas de dheasca mhéid nó chineál an fhearais nó an fheistis.

(49)

Ní fearais iad feistis ach táirgí idirmheánacha atá beartaithe do mhonaróirí fearas agus atá deartha lena gcorprú i bhfearas. Ba cheart, áfach, go sásódh feistis na ceanglais riachtanacha, ionas go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir ar beartaíodh iad chuige nuair a chorpraítear i bhfearas iad nó nuair a chóimeáiltear iad le gurb ionann iad agus fearas. D'fhonn simpliú a dhéanamh agus chun aon mhearbhall agus míthuiscint do mhonaróirí a sheachaint i gcomhlíonadh a n-oibleagáidí, meastar go bhfuil údar maith leis go mbeadh marcáil CE ar fheistis freisin.

(50)

Tá seiceáil ar chomhlíonadh cheanglais riachtanacha ó thaobh fearas agus feisteas de riachtanach chun cosaint éifeachtach ar shláinte agus sábháilteacht daoine, ar ainmhithe clóis agus ar mhaoin a sholáthar.

(51)

D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonann fearais agus feistis na ceanglais riachtanacha, is gá nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta a leagan síos nach mór don mhonaróir cloí leo. Ba cheart na nósanna imeachta sin a shocrú ó na modúil um measúnú comhréireachta a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(52)

Leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach sa Rialachán seo, ceanglaítear idirghabháil comhlachtaí um measúnú comhréireachta, a dtugann na Ballstáit fógra ina leith don Choimisiún.

(53)

Tá sé léirithe sa taithí a fuarthas nach leor na critéir a leagtar amach i dTreoir 2009/142/CE, critéir nach mór do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a chomhlíonadh ionas go dtugtar fógra don Choimisiún ina leith, chun ardleibhéal aonfhoirmeach feidhmíochta na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra ar fud an Aontais a áirithiú. Tá sé fíor-riachtanach, áfach, go gcomhlíonann na comhlachtaí go léir dá dtugtar fógra a bhfeidhmeanna ar an leibhéal céanna agus faoi dhálaí na hiomaíochta cothroime. Éilítear leis sin ceanglais éigeantacha a shocrú do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mian leo go dtabharfaí fógra dóibh d'fhonn seirbhísí um measúnú comhréireachta a chur ar fáil.

(54)

D'fhonn leibhéal comhsheasmhach cáilíochta um measúnú comhréireachta a áirithiú, is gá ceanglais a shocrú freisin d'údaráis a thugann fógra agus do chomhlachtaí eile atá bainteach le measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, fógra a thabhairt dóibh agus faireachán a dhéanamh orthu.

(55)

Má léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta go bhfuil sé i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart glacadh leis go gcomhlíonann sé na ceanglais chomhfhreagracha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(56)

Ba cheart an córas a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlánú leis an gcóras creidiúnaithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ós rud é gur modh fíor-riachtanach é creidiúnú chun inniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta a fhíorú, ba cheart é a úsáid chun fógra a thabhairt freisin.

(57)

Ba cheart do na húdaráis phoiblí náisiúnta ar fud an Aontais breithniú a dhéanamh ar chreidiúnú trédhearcach dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, lena n-áirithítear an leibhéal muiníne is gá i ndeimhnithe comhréireachta, mar an modh inmhianaithe chun inniúlacht theicniúil na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a thaispeáint. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta a mheas, áfach, go bhfuil na bealaí iomchuí acu chun an mheastóireacht sin a dhéanamh iad féin. I gcásanna den sórt sin, chun leibhéal iomchuí creidiúnachta na meastóireachtaí a dhéanann údaráis náisiúnta eile a áirithiú, ba cheart dóibh an fhianaise dhoiciméadach is gá lena léirítear go gcomhlíonann na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ndearnadh meastóireacht orthu na ceanglais rialála ábhartha a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

(58)

Is minic a ligeann comhlachtaí um measúnú comhréireachta codanna dá ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an measúnú comhréireachta ar fochonradh nó go dtéann siad i muinín fochuideachta. D'fhonn an leibhéal cosanta is gá sa chaoi go gcuirtear na fearais agus na feistis ar mhargadh an Aontais a chosaint, tá sé fíor-riachtanach go gcomhlíonann na fochonraitheoirí agus fochuideachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais chéanna a chomhlíonann na comhlachtaí dá dtugtar fógra maidir le cúraimí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go gcumhdaítear freisin sa mheasúnú ar inniúlacht agus ar fheidhmíocht comhlachtaí a bhfuil fógra le tabhairt dóibh, agus san fhaireachán ar chomhlachtaí a bhfuil fógra tugtha dóibh cheana féin, gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag fochonraitheoirí agus fochuideachtaí.

(59)

Is gá éifeachtúlacht agus trédhearcacht an nós imeachta um fhógra a thabhairt a mhéadú agus, go háirithe, é a chur in oiriúint do na teicneolaíochtaí nua ionas gur féidir fógra a thabhairt ar líne.

(60)

Ós rud é go bhféadfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra a seirbhísí a thairiscint ar fud an Aontais, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agóidí a dhéanamh maidir le comhlacht dá dtugtar fógra. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le tréimhse inar féidir aon amhras nó údar imní faoi inniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta a shoiléiriú sula dtosóidh siad ag feidhmiú mar chomhlachtaí dá dtugtar fógra.

(61)

Ar mhaithe le hiomaíochas, tá sé ríthábhachtach go gcuireann na comhlachtaí dá dtugtar fógra na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm gan ualaí nach gá a chur ar na hoibreoirí eacnamaíocha. Ar an gcúis chéanna, agus chun cóir chomhionann oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú, is gá comhsheasmhacht a áirithiú i gcur i bhfeidhm teicniúil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta. Is trí chomhordú agus trí chomhar iomchuí idir na comhlachtaí dá dtugtar fógra is fearr a bhaintear amach é sin.

(62)

Ba cheart go mbeadh sé de cheart ag páirtithe leasmhara achomharc a dhéanamh i gcoinne thoradh measúnaithe chomhréireachta a rinne comhlacht dá dtugtar fógra. Chuige sin, tá sé tábhachtach go n-áiritheofar go bhfuil nós imeachta achomhairc ar fáil i gcoinne cinntí a dhéanann comhlachtaí dá dtugtar fógra.

(63)

D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag na rialacha maidir le faireachas margaidh san Aontas agus maidir le rialú ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais, ar rialacha iad dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, i leith na bhfearas agus na bhfeisteas a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Níor cheart go gcuirfí cosc ar na Ballstáit leis an Rialachán seo údaráis inniúla a roghnú chun na cúraimí sin a dhéanamh.

(64)

Le Treoir 2009/142/CE, foráiltear cheana féin do nós imeachta cosanta atá riachtanach ionas go bhféadfaí cur i gcoinne comhréireacht fearais nó feistis. D'fhonn trédhearcacht a mhéadú agus am próiseála a laghdú, is gá an nós imeachta cosanta atá ann cheana a fheabhsú, d'fhonn é a dhéanamh níos éifeachtúla agus d'fhonn leas a bhaint as an saineolas atá ar fáil sna Ballstáit.

(65)

Ba cheart an córas atá ann cheana a fhorlíonadh le nós imeachta faoina dtugtar eolas do pháirtithe leasmhara faoi bhearta atá beartaithe a ghlacadh maidir le fearais agus feistis is baol do shláinte nó sábháilteacht daoine nó d'ainmhithe clóis nó do mhaoin. Leis sin, ba cheart go gceadófaí freisin d'údaráis um fhaireachas margaidh, i gcomhar leis na hoibreoirí ábhartha eacnamaíocha, gníomhú ag céim níos luaithe i leith fearais agus feistis den sórt sin.

(66)

I gcás ina dtagann na Ballstáit agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le húdar cuí a thabhairt do bheart arna dhéanamh ag Ballstát, níor cheart go mbeadh gá le rannpháirtíocht an Choimisiúin a thuilleadh, ach amháin i gcás inar féidir easnaimh i gcaighdeán comhchuibhithe a chur i leith neamh-chomhlíonadh.

(67)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hinneachar chumarsáidí na mBallstát maidir leis na coinníollacha soláthair gáis ar a gcríoch. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán ar leibhéal saineolaí. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(68)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(69)

Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-iarrtar ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh i ndáil leis na comhlachtaí dá dtugtar fógra nach gcomhlíonann na ceanglais maidir lena bhfógra nó nach gcomhlíonann iad a thuilleadh.

(70)

Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun foirm chumarsáidí na mBallstát maidir leis na coinníollacha soláthair gáis ar a gcríoch a shainiú.

(71)

Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid freisin chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i leith fearais chomhlíontacha agus feistis chomhlíontacha is baol do shláinte agus do shábháilteacht daoine nó d'ainmhithe clóis nó do mhaoin.

(72)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá inhfheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le fearais agus feistis chomhlíontacha is baol do shláinte nó do shábháilteacht daoine, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

(73)

I gcomhréir leis an gcleachtas seanbhunaithe, d'fhéadfadh an coiste arna bhunú leis an Rialachán seo ról úsáideach a bheith aige maidir le scrúdú a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a d'ardaigh cathaoirleach an choiste nó ionadaí Ballstáit i gcomhréir lena rialacha nós imeachta.

(74)

Agus scrúdú á dhéanamh ar nithe a bhaineann leis an Rialachán seo, seachas nithe a bhaineann lena chur chun feidhme nó lena sháruithe, i.e. i sainghrúpa de chuid an Choimisiúin, ba cheart go bhfaigheadh Parlaimint na hEorpa an fhaisnéis agus an doiciméadacht iomlán, i gcomhréir leis an gcleachtas atá ann cheana agus, i gcás inarb iomchuí, cuireadh chun freastal ar chruinnithe den sórt sin.

(75)

Ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus, ag féachaint do chineál speisialta na ngníomhartha sin, ag gníomhú dó gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm, a chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil údar cuí leis na bearta a ghlac na Ballstáit i leith fearais nó feistis neamh-chomhlíontacha.

(76)

Is gá foráil a dhéanamh maidir le socruithe réasúnacha idirthréimhseacha lenar féidir fearais agus feistis atá curtha ar fáil ar an margadh cheana i gcomhréir le Treoir 2009/142/CE roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fáil ar an margadh agus a chur i mbun seirbhíse gan an gá ceanglais bhreise táirge a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh dáileoirí in ann fearais agus feistis atá curtha ar an margadh cheana, eadhon an stoc atá ann cheana féin sa slabhra dáilte, a sholáthar roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(77)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go bhforfheidhmítear na rialacha sin. Ba cheart go mbeadh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(78)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon a áirithiú go gcomhlíonann fearais agus feistis ar mhargadh an Aontais na ceanglais lena ndéantar foráil maidir le hardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta daoine, ainmhithe clóis agus maoine agus maidir le húsáid réasúnach fuinnimh a ghnóthú go leordhóthanach, agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh á ráthú, ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(79)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/142/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le fearais agus feistis.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, meastar go bhfuil “gnáthúsáid” á baint as fearas más rud é go bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a)

tá sé suiteáilte i gceart agus déantar seirbhísiú rialta air i gcomhréir le treoracha an mhonaróra;

(b)

úsáidtear é le gnáthéagsúlacht i gcáilíocht an gháis agus gnáthluaineacht sa bhrú soláthair mar a leagann na Ballstáit iad amach ina gcumarsáid de bhun Airteagal 4(1);

(c)

úsáidtear é i gcomhréir leis an gcuspóir dá bhfuil sé beartaithe nó ar bhealach is féidir a thuar go réasúnta.

3.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le fearais arna ndearadh go sonrach don mhéid seo a leanas:

(a)

lena n-úsáid i bpróisis thionsclaíocha a dhéantar ar áitribh thionsclaíocha;

(b)

lena n-úsáid ar aerárthaí agus ar bhonneagar iarnróid;

(c)

chun críocha taighde lena n-úsáid go sealadach i saotharlanna.

Chun críocha na míre seo, meastar fearas a bheith “deartha go sonrach” nuair nach bhfuil an dearadh beartaithe ach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanas sonrach le haghaidh próiseas sonrach nó úsáid shonrach.

4.   Más rud é, i gcás fearas nó feisteas, go gcumhdaítear na gnéithe arna gcumhdach ag an Rialachán seo ar leibhéal níos sonraí i ngníomhartha eile de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, níl feidhm ag an Rialachán seo nó scoireann sé de bheith i bhfeidhm maidir le fearais nó feistis den sórt sin i leith na ngnéithe sin.

5.   Níl feidhm ag an gceanglas riachtanach maidir le húsáid réasúnach fuinnimh a leagtar síos i bpointe 3.5 d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo maidir fearais atá cumhdaithe ag beart arna ghlacadh de bhun Airteagal 15 de Threoir 2009/125/CE.

6.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear don oibleagáid atá ar na Ballstáit bearta a ghlacadh maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus maidir le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh, i gcomhréir le Treoir 2009/28/CE, Treoir 2010/31/AE agus Treoir 2012/27/AE. Beidh bearta den sórt sin comhoiriúnach le CFAE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “fearais” fearais a dhónn breoslaí gásacha a úsáidtear ar mhaithe le cócaráil, cuisniú, aerchóiriú, téamh spáis, uisce a théamh, soilsiú nó níochán, agus freisin dóirí brúshéidte agus gléasanna téimh atá le feistiú le dóirí den sórt sin;

(2)

ciallaíonn “feistis” gléasanna sábháilteachta, gléasanna rialaithe nó gléasanna rialála agus fo-chóimeálacha díobh, atá deartha lena gcorprú i bhfearas nó lena gcóimeáil le gurb ionann iad agus fearas;

(3)

ciallaíonn “dó” próiseas lena n-imoibríonn breosla gásach le hocsaigin chun teas nó solas a tháirgeadh;

(4)

ciallaíonn “níochán” an próiseas iomlán níocháin, lena n-áirítear triomú agus iarnáil;

(5)

ciallaíonn “cócaireacht” an ealaín nó an cleachtas bia a ullmhú nó a théamh lena chaitheamh trí úsáid a bhaint as teas agus trí úsáid a bhaint as raon leathan modhanna;

(6)

ciallaíonn “breosla gásach” aon bhreosla atá i staid ghásach ag teocht 15 °C faoi dhearbh-bhrú de 1 bhar;

(7)

ciallaíonn “próiseas tionsclaíoch” eastóscadh, fás, scagadh, próiseáil, táirgeadh, monarú nó ullmhú ábhar, plandaí, beostoc, táirgí ainmhithe, bia nó táirgí eile d'fhonn úsáid tráchtála a bhaint astu;

(8)

ciallaíonn “áitreabh tionsclaíoch” aon áit arb é próiseas tionsclaíoch a bheadh faoi réir rialacháin shonracha náisiúnta sláinte agus sábháilteachta an phríomhghníomhaíocht a dhéantar ann;

(9)

ciallaíonn “fine gáis” grúpa breoslaí gásacha a bhfuil iompar dó comhchosúil acu atá nasctha le chéile le raon innéacsanna Wobbe;

(10)

ciallaíonn “grúpa gáis” raon sonraithe de chuid innéacsanna Wobbe laistigh den fhine gáis lena mbaineann;

(11)

ciallaíonn “innéacs Wobbe” táscaire ar inmhalartacht gásbhreoslaí a úsáidtear chun fuinneamh aschuir dó na ngásbhreoslaí de chomhdhéanaimh dhifriúla i bhfearas a chur i gcomparáid lena chéile;

(12)

ciallaíonn “catagóir fearais” sainaithint ar na finte gáis agus/nó na grúpaí gáis lena ndeartar fearas chun iad a dhó go sábháilte agus ag an leibhéal feidhmíochta inmhianaithe, mar a thugtar le fios ar mharcáil chatagóir an fhearais;

(13)

ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” an cóimheas idir aschur feidhmíochta fearais agus ionchur fuinnimh;

(14)

ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” aon soláthar fearais nó feistis lena ndáileadh nó lena n-úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(15)

ciallaíonn “cur ar an margadh” an chéad uair a chuirtear fearas nó feisteas ar fáil ar mhargadh an Aontais;

(16)

ciallaíonn “cur i mbun seirbhíse” an chéad uair a úsáideann an t-úsáideoir deiridh fearas san Aontas;

(17)

ciallaíonn “monaróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn fearas nó feisteas nó a chuireann faoi deara fearas nó feisteas a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an fearas nó an feisteas sin faoina ainm nó faoina hainm nó faoina thrádmharc nó faoina trádmharc nó a úsáideann an fearas chun a chríoch nó a críoch féin;

(18)

ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige nó aici ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann nó thar a ceann maidir le cúraimí sonraithe;

(19)

ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann fearas nó feisteas ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

(20)

ciallaíonn “dáileoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann fearas nó feisteas ar fáil ar an margadh;

(21)

ciallaíonn “oibreoirí eacnamaíocha” an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir agus an dáileoir;

(22)

ciallaíonn “sonraíocht theicniúil” doiciméad a fhorordaíonn ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag fearas nó ag feisteas;

(23)

ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear i bpointe (c) de phointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(24)

ciallaíonn “creidiúnú” creidiúnú mar a shainmhínítear i bpointe 10 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(25)

ciallaíonn “comhlacht creidiúnaithe náisiúnta” comhlacht creidiúnaithe náisiúnta mar a shainmhínítear é i bpointe 11 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(26)

ciallaíonn “measúnú comhréireachta” an próiseas lena léirítear cibé acu ar comhlíonadh ceanglais riachtanacha an Rialacháin seo a bhaineann le fearas nó le feisteas nó nár comhlíonadh;

(27)

ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta lena n-áirítear calabrú, tástáil, deimhniúchán agus cigireacht;

(28)

ciallaíonn “aisghlaoch” aon bheart a bhfuil sé d'aidhm aige fearas a cuireadh ar fáil don úsáideoir deiridh cheana féin nó feisteas a cuireadh ar fáil do mhonaróir fearas cheana féin a fháil ar ais;

(29)

ciallaíonn “tarraingt siar” aon bheart a bhfuil sé d'aidhm aige cosc a chur ar fhearas nó ar fheisteas sa slabhra soláthair a bheith á chur ar fáil ar an margadh;

(30)

ciallaíonn “reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú” aon reachtaíocht de chuid an Aontais a dhéanann comhchuibhiú ar na coinníollacha maidir le táirgí a mhargú;

(31)

ciallaíonn “marcáil CE” marcáil lena léiríonn an monaróir go bhfuil an fearas nó an feisteas i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú lena ndéantar foráil maidir lena ghreamú.

Airteagal 3

Cur ar fáil ar an margadh agus cur i mbun seirbhíse

1.   Ní dhéanfar fearais a chur ar fáil ar an margadh ná a chur i mbun seirbhíse ach amháin más rud é, nuair a bhaintear gnáthúsaid astu, go gcomhlíonann siad an Rialacháin seo.

2.   Ní dhéanfar feistis a chur ar fáil ar an margadh ach amháin más rud é go gcomhlíonann siad an Rialachán seo.

3.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do theidlíocht na mBallstát ceanglais den sórt sin a mheasann siad a bheith riachtanach a leagan síos chun a áirithiú go ndéanfar daoine, ainmhithe clóis agus maoin a chosaint le linn ghnáthúsáid na bhfearas, ar choinníoll nach modhnuithe ar na fearais atá i gceist leo.

Airteagal 4

Coinníollacha soláthair gáis

1.   Faoin 21 Deireadh Fómhair 2017, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le hIarscríbhinn II agus trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ábhartha, cineálacha gáis agus brúnna comhfhreagracha soláthair na mbreoslaí gásacha a úsáidtear ar a gcríoch a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Déanfaidh siad aon athruithe orthu laistigh de shé mhí tar éis na hathruithe atá beartaithe a chur in iúl.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 41 maidir le modhnuithe ar inneachar chumarsáidí na mBallstát i leith na gcoinníollacha soláthair gáis ina gcríoch, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, d'fhonn na forbairtí teicniúla maidir leis na coinníollacha soláthair gáis a chur san áireamh.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, foirm chomhchuibhithe chumarsáidí na mBallstát dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shainiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

4.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Ceanglais riachtanacha

Comhlíonfaidh fearais agus feistis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus a bhfuil feidhm acu maidir leo.

Airteagal 6

Saorghluaiseacht

1.   Ní chuirfidh na Ballstáit, ar fhorais a bhaineann le gnéithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo, toirmeasc, srian ná bac ar fhearais a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh ná a chur i mbun seirbhíse.

2.   Ní chuirfidh na Ballstáit, ar fhorais a bhaineann leis na rioscaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, toirmeasc, srian ná bac ar fheistis a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh.

3.   Ag aontaí trádála, taispeántais, léirithe nó ag imeachtaí comhchosúla, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar fhearais nó ar fheistis nach gcomhlíonann an Rialachán seo a thaispeáint, ar choinníoll go gcuirtear in iúl ar chomhartha soléite nach gcomhlíonann fearais nó feistis den sórt sin an Rialachán seo agus nach bhfuil siad ar díol go dtí go mbeidh siad tugtha chun comhréireachta. Le linn léirithe, glacfar bearta leordhóthanacha sábháilteachta chun cosaint daoine, ainmhithe clóis agus maoine a áirithiú.

CAIBIDIL II

OIBLEAGÁIDÍ NA nOIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA

Airteagal 7

Oibleagáidí na monaróirí

1.   Agus a bhfearais nó a bhfeistis á gcur ar an margadh acu nó agus na fearais á n-úsáid chun a gcríoch féin, áiritheoidh na monaróirí gur dearadh agus gur monaraíodh iad i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.   Tarraingeoidh monaróirí suas an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn III (“doiciméadacht theicniúil”) agus cuirfidh siad i gcrích an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 nó socróidh siad go ndéanfar é.

I gcás ina bhfuil sé léirithe ag an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír go bhfuil na ceanglais is infheidhme á gcomhlíonadh ag fearas nó ag feisteas, déanfaidh monaróirí dearbhú comhréireachta de chuid AE a tharraingt suas agus marcáil CE a ghreamú de.

3.   Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta de chuid AE go ceann 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh.

4.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta ann le go bhfanfaidh an táirgeadh sraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar athruithe ar dhearadh nó ar shaintréithe fearais nó feistis agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó ar shonraíochtaí teicniúla eile lena ndéantar comhréireacht an fhearais nó an fheistis a dhearbhú trí thagairt a dhéanamh dóibh a chur i gcuntas go leormhaith.

Nuair a mheastar é a bheith iomchuí maidir leis na rioscaí a bhaineann le fearas, déanfaidh monaróirí, chun sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí agus úsáideoirí eile a chosaint, tástáil shamplach ar fhearais arna gcur ar fáil ar an margadh, gearáin a imscrúdú agus, más gá, clár um ghearáin maidir le fearais neamh-chomhréireacha agus maidir le haisghlaochanna fearas agus feisteas den sórt sin a choimeád, agus coinneoidh siad dáileoirí ar an eolas faoi aon fhaireachán den sórt sin.

5.   Áiritheoidh monaróirí go bhfuil uimhir chineáil, baiscuimhir nó sraithuimhir nó eilimint eile lenar féidir iad a shainaithint, agus na hinscríbhinní dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV, ar a bhfearas agus ar a bhfeisteas.

I gcás nach féidir é sin a dhéanamh de bharr mhéid nó chineál an fhearais nó an fheistis, áiritheoidh monaróirí go gcuirtear an fhaisnéis is gá ar an bpacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an bhfearas nó leis an bhfeisteas.

6.   Déanfaidh allmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh poist ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a léiriú ar an bhfearas nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an bhfearas. Luafar sa seoladh pointe aonair ag ar féidir dul i dteangmháil leis an monaróir. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga is féidir le tomhaltóirí agus le húsáideoirí deiridh eile agus údaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca.

Déanfaidh monaróirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh poist ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a léiriú ar an bhfeisteas nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an bhfeisteas. Luafar sa seoladh pointe aonair ag ar féidir dul i dteangmháil leis an monaróir. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga is féidir le monaróirí fearas agus leis na húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca.

7.   Áiritheoidh monaróirí go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis an bhfearas i gcomhréir le pointe 1.5 d'Iarscríbhinn I, i dteanga is féidir le tomhaltóirí agus le húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann. Beidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta den sórt sin, chomh maith le haon lipéadú, soiléir, intuisceana agus intuigthe.

Áiritheoidh monaróirí go bhfuil cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE ag gabháil leis an bhfeisteas ina bhfuil, inter alia, treoracha maidir le corprú nó cóimeáil, coigeartú, oibriú agus cothabháil i gcomhréir le pointe 1.7 d'Iarscríbhinn I, i dteanga is féidir le monaróirí fearas a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann.

Más rud é, áfach, go ndéantar líon mór feisteas a sheachadadh d'úsáideoir aonair, féadfaidh cóip aonair den dearbhú comhréireachta de chuid AE a bheith ag gabháil leis an mbaisc nó leis an gcoinsíneacht i dtrácht.

8.   Monaróirí a mheasann, nó ag a bhfuil cúis chun a chreidiúint, nach bhfuil fearas nó feisteas atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh láithreach chun an fearas nó an feisteas sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghlaoch, más iomchuí. Thairis sin, i gcás inar baol an fearas nó an feisteas, cuirfidh monaróirí údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an fearas nó an feisteas ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamh-chomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.

9.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht an fhearais nó an fheistis leis an Rialachán seo a léiriú ar fáil don údarás sin, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Féadfar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a sholáthar i bhfoirm pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéantar chun na rioscaí a bhaineann le fearais nó le feistis atá curtha ar an margadh acu a dhíothú.

Airteagal 8

Ionadaithe údaraithe

1.   Féadfaidh monaróir, trí bhíthin sainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe a cheapadh.

Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7(1) agus an oibleagáid maidir le doiciméadacht theicniúil a dhréachtú ina gcuid de shainordú an ionadaí údaraithe.

2.   Déanfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú a gheofar ón monaróir. Leis an sainordú sin, ligfear don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(a)

an dearbhú comhréireachta de chuid AE agus an doiciméadacht theicniúil a choimeád faoina réir ag údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh;

(b)

mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun go léireofaí comhréireacht an fhearais nó an fheistis a chur ar fáil don údarás sin;

(c)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht arna déanamh chun na rioscaí a bhaineann le fearais nó le feistis atá cumhdaithe ag sainordú an ionadaí údaraithe a dhíothú.

Airteagal 9

Oibleagáidí na n-allmhaireoirí

1.   Ní chuirfidh allmhaireoirí ach fearais nó feistis chomhlíontacha ar an margadh.

2.   Sula ndéanfar fearas a chur ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh an nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 curtha i gcrích ag an monaróir. Áiritheoidh siad go ndearna an monaróir an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas, go bhfuil marcáil CE ar an bhfearas agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i gcomhréir le pointe 1.5 d'Iarscríbhinn I, agus gur chomhlíon an monaróir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6).

Sula ndéanfar feisteas a chur ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh an nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 curtha i gcrích ag an monaróir. Áiritheoidh siad go ndearna an monaróir an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas, go bhfuil marcáil CE ar an bhfeisteas agus go bhfuil cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE ag gabháil leis an bhfeisteas ina bhfuil, inter alia, treoracha maidir le corprú nó cóimeáil, coigeartú, oibriú agus cothabháil i gcomhréir le pointe 1.7 d'Iarscríbhinn I, agus gur chomhlíon an monaróir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6).

I gcás ina measann allmhaireoir, nó ina bhfuil cúis ag allmhaireoir chun a chreidiúint, nach bhfuil fearas nó feisteas i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ní chuirfidh an t-allmhaireoir sin an fearas nó an feisteas ar an margadh go dtí go mbeidh an fearas nó an feisteas tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás inar baol an fearas nó an feisteas, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin.

3.   Déanfaidh allmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, agus an seoladh poist ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a léiriú ar an bhfearas nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar phacáistíocht an fheistis nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an bhfearas. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga is féidir le tomhaltóirí agus le húsáideoirí deiridh eile agus leis na húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca.

Déanfaidh allmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, agus an seoladh poist ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a léiriú ar an bhfeisteas nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar phacáistíocht an fheistis nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an bhfeisteas. Beidh na sonraí i dteanga is féidir le monaróirí fearas agus leis na húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca.

4.   Áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis an bhfearas i gcomhréir le pointe 1.5 d'Iarscríbhinn I, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann.

Áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE ag gabháil leis an bhfeisteas ina bhfuil, inter alia, treoracha maidir le corprú nó cóimeáil, coigeartú, oibriú agus cothabháil i gcomhréir le pointe 1.7 d'Iarscríbhinn I, i dteanga is féidir le monaróirí fearas a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann.

5.   Áiritheoidh allmhaireoirí, fad is atá fearas nó feisteas faoina bhfreagracht, nach gcuireann dálaí stórála ná iompair an chaoi ina gcomhlíonann sé sin na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I i mbaol.

6.   Nuair a mheastar é a bheith iomchuí maidir leis na rioscaí a bhaineann le fearas, ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí agus úsáideoirí eile a chosaint, déanfaidh allmhaireoirí tástáil shamplach ar na fearais arna gcur ar fáil ar an margadh, déanfaidh siad gearáin a imscrúdú agus, más gá, clár um ghearáin, maidir le fearais neamh-chomhréireacha agus feistis neamh-chomhréireacha agus maidir le haisghlaonna fearas agus feisteas den sórt sin, a choimeád, agus coinneoidh siad dáileoirí ar an eolas faoi aon fhaireachán den sórt sin.

7.   Allmhaireoirí a mheasann, nó ag a bhfuil cúis chun a chreidiúint, nach bhfuil fearas nó feisteas atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh láithreach chun an fearas nó an feisteas sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghlaoch, más iomchuí. Thairis sin, i gcás inar baol an fearas nó an feisteas, cuirfidh allmhaireoirí údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an fearas nó an feisteas ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamh-chomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.

8.   Ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh, coinneoidh allmhaireoirí cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh siad gur féidir an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.

9.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht fearais nó feistis a léiriú ar fáil don údarás sin, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Féadfar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a sholáthar i bhfoirm pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a bhaineann le fearais nó le feistis atá curtha ar an margadh acu a dhíothú.

Airteagal 10

Oibleagáidí na ndáileoirí

1.   Agus fearas nó feisteas á chur ar fáil ar an margadh acu, gníomhóidh dáileoirí le cúram cuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Sula gcuirfear fearas ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí go bhfuil marcáil CE ar an bhfearas agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i gcomhréir le pointe 1.5 d'Iarscríbhinn I, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát ina mbeidh an fearas le cur ar fáil ar an margadh, agus gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6) agus in Airteagal 9(3) faoi seach.

Sula gcuirfear feisteas ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí go bhfuil marcáil CE ar an bhfeisteas agus go bhfuil cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE ag gabháil leis ina bhfuil, inter alia, treoracha maidir le corprú nó cóimeáil, coigeartú, oibriú agus cothabháil i gcomhréir le pointe 1.7 d'Iarscríbhinn I, i dteanga is féidir le monaróirí fearas a thuiscint go héasca, de réir mar a chinnfidh an Ballstát i dtrácht, agus gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6) agus in Airteagal 9(3) faoi seach.

I gcás ina measann dáileoir, nó ina bhfuil cúis ag dáileoir chun a chreidiúint, nach bhfuil fearas nó feisteas i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ní chuirfidh an dáileoir sin an fearas nó an feisteas ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh an fearas nó an feisteas tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás inar baol an fearas nó an feisteas, cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t-allmhaireoir, mar aon leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, ar an eolas faoi sin.

3.   Áiritheoidh dáileoirí, fad atá fearas nó feisteas faoina bhfreagracht, nach gcuireann dálaí stórála ná iompair an chaoi ina gcomhlíonann sé na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I i mbaol.

4.   Dáileoirí a mheasann, nó ag a bhfuil cúis chun a chreidiúint, nach bhfuil fearas nó feisteas atá curtha ar fáil ar an margadh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad cinnte go ndéantar na bearta ceartaitheacha is gá chun an fearas nó an feisteas sin a thabhairt chun comhréireachta leis an Rialachán, é a tharraingt siar nó chun é a aisghlaoch, más iomchuí. Thairis sin, i gcás inar baol an fearas nó an feisteas, cuirfidh dáileoirí údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an fearas nó an feisteas ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamh-chomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.

5.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht fearais nó feistis a léiriú ar fáil don údarás sin. Féadfar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a chur ar fáil i bhfoirm pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéantar chun na rioscaí a bhaineann le fearais nó le feistis atá curtha ar fáil ar an margadh acu a dhíothú.

Airteagal 11

Cásanna ina mbaineann oibleagáidí monaróirí le hallmhaireoirí agus le dáileoirí

Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina mhonaróir nó ina monaróir chun críocha an Rialacháin seo, agus beidh an té sin faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal 7, i gcás ina gcuireann an té sin fearas nó feisteas ar an margadh faoina ainm nó faoina hainm nó faoina thrádmharc nó faoina trádmharc, nó i gcás ina modhnaíonn an té sin fearas nó feisteas atá curtha ar an margadh cheana ar bhealach a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.

Airteagal 12

Oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint

Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, an méid seo a leanas a shainaithint do na húdaráis um fhaireachas margaidh:

(a)

aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair fearas nó feisteas dóibh;

(b)

aon oibreoir eacnamaíoch ar sholáthair siad fearas nó feisteas dó.

Beidh oibreoirí eacnamaíocha in ann an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír a thíolacadh ar feadh 10 mbliana tar éis an trátha a soláthraíodh an fearas nó an feisteas dóibh agus ar feadh 10 mbliana tar éis dóibh an fearas nó an feisteas a sholáthar.

CAIBIDIL III

COMHRÉIREACHT FEARAS AGUS FEISTEAS

Airteagal 13

Toimhde comhréireachta i dtaca le fearais agus feistis

Measfar go bhfuil fearais agus feistis atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I arna gcumhdach ag na caighdeáin sin nó codanna díobh.

Airteagal 14

Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta d'fhearais agus d'fheistis

1.   Sula gcuirfear fearas nó feisteas ar an margadh, cuirfidh an monaróir faoi nós imeachta um measúnú comhréireachta é i gcomhréir le mír 2 nó le mír 3.

2.   Déanfar measúnú ar chomhréireacht fearas agus feisteas arna monarú i sraitheanna le ceanglais an Rialacháin seo trí bhíthin scrúdú de chineál AE (Modúl B — cineál táirgeachta) a leagtar amach i bpointe 1 d'Iarscríbhinn III, maille le ceann amháin de na modúil seo a leanas, de rogha an mhonaróra:

(a)

cineál-chomhréireacht arna bunú ar rialú inmheánach táirgthe móide seiceálacha ar tháirge faoi mhaoirseacht ag eatraimh randamacha (Modúl C2), a leagtar amach i bpointe 2 d'Iarscríbhinn III;

(b)

cineál-chomhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta phróiseas an táirgthe (Modúl D), a leagtar amach i bpointe 3 d'Iarscríbhinn III;

(c)

cineál-chomhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta táirge (Modúl E), a leagtar amach i bpointe 4 d'Iarscríbhinn III;

(d)

cineál-chomhréireacht arna bunú ar fhíorú táirge (Modúl F), a leagtar amach i bpointe 5 d'Iarscríbhinn III.

3.   I gcás fearas nó feisteas a tháirgtear mar aonad amháin nó i gcainníochtaí beaga, féadfaidh an monaróir ceann de na nósanna imeachta a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo a roghnú nó comhréireacht arna bunú ar fhíorú aonaid (Modúl G) a leagtar amach i bpointe 6 d'Iarscríbhinn III.

4.   Déanfar taifid agus comhfhreagras a bhaineann le measúnú comhréireachta fearais nó feistis a tharraingt suas i dteanga oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht dá dtugtar fógra a dhéanann na nósanna imeachta, dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, bunaithe nó i dteanga a nglacann an comhlacht sin léi.

Airteagal 15

Dearbhú comhréireachta de chuid AE

1.   Sonrófar sa dearbhú comhréireachta de chuid AE gur léiríodh go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.   Is é struchtúr na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn V a bheidh ag an dearbhú comhréireachta de chuid AE, beidh na gnéithe a shonraítear sna modúil ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn III ann agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach. Aistreofar é go dtí an teanga nó go dtí na teangacha a éilíonn an Ballstát ina ndéantar an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh.

3.   D'fhonn cabhrú le comhlíonadh na gceanglas riachtanach is infheidhme ag fearais chríochnaithe, ar ceanglais iad a leagtar amach in Iarscríbhinn I, sonrófar sa dearbhú comhréireachta de chuid AE le haghaidh feistis saintréithe an fheistis agus beidh treoracha ann faoin gcaoi ar cheart é a chorprú i bhfearas nó a chóimeáil le gurb ionann é agus fearas. Beidh an dearbhú comhréireachta de chuid AE i dteanga is féidir le monaróirí fearas agus leis na húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann.

4.   I gcás ina mbeidh fearas nó feisteas faoi réir níos mó ná gníomh amháin de chuid an Aontais lena bhfuil dearbhú comhréireachta de chuid AE de dhíth, déanfar dearbhú comhréireachta aonair de chuid AE a tharraingt suas i leith gach gníomh den sórt sin de chuid an Aontais. Beidh sa dearbhú sin sainaithint na ngníomhartha lena mbaineann de chuid an Aontais, lena n-áirítear a dtagairtí foilseacháin.

5.   Tríd an dearbhú comhréireachta de chuid AE a tharraingt suas, gabhfaidh an monaróir freagracht air féin nó uirthi féin as na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag an bhfearas nó ag an bhfeisteas.

6.   Déanfar cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE a sholáthar in éineacht leis an bhfeisteas.

Airteagal 16

Prionsabail ghinearálta maidir le marcáil CE

Beidh marcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 17

Rialacha agus coinníollacha maidir le marcáil CE a ghreamú

1.   Déanfar marcáil CE a ghreamú den fhearas agus den fheisteas nó dá bpláta sonraí go feiceálach, go soléite agus go doscriosta, a mhéid is ábhartha. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta nó nach bhfuil gá leis mar gheall ar chineál an fhearais nó an fheistis, déanfar í a ghreamú den phacáistíocht agus de na doiciméid a ghabhann leis an bhfearas nó leis an bhfeisteas.

2.   Déanfar marcáil CE a ghreamú sula gcuirtear an fearas nó an feisteas ar an margadh.

3.   I ndiaidh mharcáil CE, beidh uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra atá bainteach le céim um rialú táirgthe an fhearais nó an fheistis agus dhá dhigit dheireanacha na bliana inar greamaíodh marcáil CE. Is é an comhlacht féin dá dtugtar fógra a ghreamóidh uimhir aitheantais an chomhlachta sin, nó greamóidh an monaróir nó a ionadaí nó a hionadaí í, faoi threoir an chomhlachta sin.

4.   Féadfar marcáil ar bith eile lena léirítear riosca nó úsáid ar leith a chur i ndiaidh mharcáil CE agus na huimhreach aitheantais dá dtagraítear i mír 3.

5.   Cuirfidh na Ballstáit leis na sásraí atá ann cheana chun a áirithiú go gcuirtear an réim lena rialaítear marcáil CE i bhfeidhm mar is ceart agus déanfaidh siad gníomhaíocht iomchuí i gcás ina mbaintear úsáid mhíchuí as an marc sin.

Airteagal 18

Inscríbhinní

1.   Déanfar na hinscríbhinní dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghreamú den fhearas nó dá phláta sonraí agus, a mhéid is ábhartha, den fheisteas nó dá phláta sonraí, go feiceálach, go soléite agus go doscriosta.

2.   Déanfar na hinscríbhinní dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghreamú sula gcuirfear an fearas nó an feisteas ar an margadh.

CAIBIDIL IV

FÓGRA A THABHAIRT MAIDIR LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

Airteagal 19

Fógra a thabhairt

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le comhlachtaí atá údaraithe i ndáil le cúraimí um measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh faoin Rialachán seo.

Airteagal 20

Údaráis a thugann fógra

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra, arb údarás é a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is gá a bhunú agus a chur i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus fógra a thabhairt ina leith, agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, lena n-áirítear Airteagal 25 a chomhlíonadh.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis, an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1.

3.   I gcás ina ndéanann an t-údarás a thugann fógra an measúnú, tabhairt an fhógra nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharmligean chun comhlacht nó a chur ar iontaoibh comhlachta nach eintiteas rialtais é, is eintiteas dlíthiúil a bheidh sa chomhlacht sin agus comhlíonfaidh sé mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 21. Lena chois sin, beidh socruithe aige ionas go gclúdófar dliteanais a bheidh ann de thoradh a ghníomhaíochtaí.

4.   Glacfaidh an t-údarás a thugann fógra freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanann an comhlacht dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 21

Ceanglais a bhaineann le húdaráis a thugann fógra

1.   Bunófar údarás a thugann fógra sa chaoi nach dtarlóidh aon choinbhleacht leasa le comhlachtaí um measúnú comhréireachta.

2.   Eagrófar údarás a thugann fógra agus riarfar é sa chaoi is go gcaomhnófar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí.

3.   Eagrófar údarás a thugann fógra sa chaoi go ndéanfaidh daoine inniúla nach iad na daoine a rinne an measúnú iad gach cinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta.

4.   Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh údarás a thugann fógra aon ghníomhaíochtaí a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta ná aon seirbhísí sainchomhairle, ar bhonn tráchtála ná ar bhonn iomaíoch.

5.   Caomhnóidh údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann sé.

6.   Beidh dóthain pearsanra inniúil faoina réir ag údarás a thugann fógra chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh mar is ceart.

Airteagal 22

Oibleagáid faisnéise ar údaráis a thugann fógra

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir lena gcuid nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus fógra a thabhairt ina leith, agus chun faireachán a dhéanamh ar na comhlachtaí dá dtugtar fógra, agus maidir le haon athrú ar na nósanna imeachta sin.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 23

Ceanglais a bhaineann le comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Chun críocha fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i mír 2 go mír 11.

2.   Déanfar comhlacht um measúnú comhréireachta a bhunú faoi dhlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

3.   Is comhlacht tríú páirtí a bheidh i gcomhlacht um measúnú comhréireachta agus beidh sé neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an bhfearas nó ar an bhfeisteas a ndéanann sé measúnú air.

Féadfar a mheas gur comhlacht den sórt sin é comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a dhéanann ionadaíocht ar ghnólachtaí a bhíonn ag plé le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil fearas nó feisteas a ndéanann sé measúnú orthu, ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.

4.   Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta, lucht a ardbhainistíochta agus an pearsanra atá freagrach as cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh siad ina ndearthóirí, ina monaróirí, ina soláthróirí, ina suiteálaithe, ina gceannaitheoirí, ina n-úinéirí, ina n-úsáideoirí ná ina gcothabhálaithe ar na fearais ná na feistis a ndéanann siad measúnú orthu, ná ní bheidh siad ina n-ionadaithe ar aon cheann de na páirtithe sin. Ní choiscfidh sin úsáid a bhaint as fearais nó feistis mheasúnaithe is gá le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná úsáid a bhaint as fearais nó feistis sórt sin chun críoch pearsanta.

Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta, lucht a ardbhainistíochta agus an pearsanra atá freagrach as cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, le monarú nó déanamh, le margaíocht, le suiteáil, le húsáid nó le cothabháil na bhfearas ná na bhfeisteas sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar pháirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh d'aon ghníomhaíocht a d'fhéadfadh a bheith ar neamhréir le neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra dóibh maidir leo. Beidh feidhm ag an gceanglas sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin.

Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanann gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, d'oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta.

5.   Déanfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích leis an oiread ionracais ghairmiúil is féidir agus leis an inniúlacht theicniúil is gá sa réimse sonrach sin, agus beidh siad saor ó gach cineál brú agus meallta, go háirithe brú agus mealladh airgeadais, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí a mbeadh leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

6.   Beidh sé ar chumas comhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí uile um measúnú comhréireachta a shanntar dó le hIarscríbhinn III agus ar tugadh fógra dó ina leith a chur i gcrích, cibé acu a chuireann an comhlacht um measúnú comhréireachta féin na cúraimí sin i gcrích nó a chuirtear i gcrích thar a cheann agus faoina fhreagracht iad.

I dtaca le gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus gach cineál nó catagóir fearas nó feisteas ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith, beidh fáil ag an gcomhlacht i gcónaí ar na nithe riachtanacha seo a leanas:

(a)

pearsanra ag a bhfuil an t-eolas teicniúil is gá agus taithí leordhóthanach iomchuí chun na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích;

(b)

tuairiscí ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta, agus trédhearcacht agus in-atáirgtheacht na nósanna imeachta sin á n-áirithiú. Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéantar idirdhealú idir na cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht dá dtugtar fógra agus gníomhaíochtaí eile.

(c)

na nósanna imeachta is gá maidir le gníomhaíochtaí a chur i gcrích a thugann aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr, ar a chasta atá teicneolaíocht an fhearais nó an fheistis atá i gceist agus ar ollchineál nó cineál sraitheach an phróisis táirgthe.

Beidh gach acmhainn is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh mar is iomchuí agus beidh rochtain acu ar gach trealamh agus ar gach áis is gá.

7.   Beidh na nithe seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích:

(a)

oiliúint mhaith theicniúil agus ghairme a chumhdaíonn na gníomhaíochtaí uile um measúnú comhréireachta ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;

(b)

eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus taithí leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

(c)

eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme agus ar fhorálacha ábhartha eile de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus den reachtaíocht náisiúnta;

(d)

an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas a léiríonn go bhfuil na measúnuithe déanta.

8.   Ráthófar neamhchlaontacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta, a n-ardbhainistíocht agus an phearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích.

Ní bheidh luach saothair na hardbhainistíochta ná an phearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích i gcomhlacht um measúnú comhréireachta ag brath ar líon na measúnuithe arna dhéanamh ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

9.   Rachaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi árachas dliteanais mura ngabhann an Stát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó mura bhfuil an Ballstát féin freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.

10.   Urramóidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus a gcuid gcúraimí á gcomhlíonadh acu faoi Iarscríbhinn III nó faoi aon fhoráil de chuid an dlí náisiúnta a thugann éifeacht dó, ach amháin maidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí na seirbhíse. Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint.

11.   Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe ábhartha agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordaithe an chomhlachta dá dtugtar fógra a bhunaítear de bhun Airteagal 35 agus áiritheoidh siad go bhfuil a bpearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar eolas fúthu, agus cuirfidh siad i bhfeidhm, mar threoir ghinearálta, na cinntí agus na doiciméid riaracháin arna gcur le chéile mar thoradh ar obair an ghrúpa sin.

Airteagal 24

Toimhde comhréireachta i dtaca le comhlachtaí dá dtugtar fógra

I gcás ina léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta go gcomhlíonann sé na critéir atá leagtha síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó i gcodanna díobh a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 23 á gcomhlíonadh aige a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

Airteagal 25

Fochuideachtaí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra agus obair a ligean ar fochonradh acu

1.   I gcás ina ligeann comhlacht dá dtugtar fógra cúraimí sonracha a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó i gcás ina dtéann sé ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 23 agus cuirfidh sé an t-údarás a thugann fógra ar an eolas dá réir sin.

2.   Glacfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra lánfhreagrach as na cúraimí a dhéanann fochonraitheoirí nó fochuideachtaí, cibé áit ina bhfuil siad bunaithe.

3.   Ní fhéadfaidh fochuideachta gníomhaíochtaí a ligean ar conradh ná iad a dhéanamh ach amháin le toiliú an chliaint.

4.   Déanfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus na doiciméid a bhaineann leis an obair a dhéanann an fochonraitheoir nó an fochuideachta faoi Iarscríbhinn III a choimeád ar fáil don údarás a thugann fógra.

Airteagal 26

Iarratas ar fhógra

1.   Cuirfidh comhlacht um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra faoi bhráid an údaráis a thugann fógra sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht sin bunaithe.

2.   In éineacht leis an iarratas ar fhógra, beidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, an modúl nó na modúil um measúnú comhréireachta agus an fearas/feisteas nó na fearais/feistis a mhaíonn an comhlacht go bhfuil sé inniúil ina leith, mar aon le deimhniú creidiúnaithe, más ann dó, arna eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta lena bhfianaítear go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23 á gcomhlíonadh ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta.

3.   Más rud é nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann deimhniú creidiúnaithe a chur ar fáil, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá d'fhonn comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 23 a fhíorú, a aithint agus faireachán rialta a dhéanamh air.

Airteagal 27

Nós imeachta um fhógra a thabhairt

1.   Ní thabharfaidh údaráis a thugann fógra fógra ach amháin do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a mbeidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23 comhlíonta acu.

2.   Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile tríd an uirlis leictreonach fógra a úsáid, ar uirlis í arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

3.   Áireofar san fhógra sonraí iomlána na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, an mhodúil nó na modúl um measúnú comhréireachta agus an fhearais/an fheistis nó na bhfearas/na bhfeisteas lena mbaineann agus fhianú ábhartha na hinniúlachta.

4.   I gcás nach bhfuil fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe mar a thagraítear dó in Airteagal 26(2), déanfaidh an t-údarás a thugann fógra fianaise dhoiciméadach a fhianaíonn inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta agus a fhianaíonn na socruithe i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar faireachán rialta ar an gcomhlacht sin agus go leanfaidh sé de chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 23, a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

5.   I gcás ina n-úsáidtear deimhniú creidiúnaithe, ní fhéadfaidh an comhlacht lena mbaineann na gníomhaíochtaí de chomhlacht dá dtugtar fógra a dhéanamh ach amháin mura ndéanann an Coimisiún ná na Ballstáit eile agóid laistigh de dhá sheachtain ó fhógra a thabhairt, nó, i gcás nach n-úsáidtear deimhniú creidiúnaithe, laistigh de dhá mhí ó fhógra a thabhairt.

Chun críocha an Rialacháin seo ní mheasfar gur comhlacht dá dtugtar fógra ach comhlacht den sórt sin.

6.   Tabharfaidh an t-údarás a thugann fógra fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon athrú ábhartha ar an bhfógra dá éis sin.

Airteagal 28

Uimhreacha aitheantais agus liosta comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do chomhlacht dá dtugtar fógra.

Sannfaidh sé uimhir amháin den sórt sin fiú i gcás ina dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha de chuid an Aontais.

2.   Cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí liosta na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na huimhreacha aitheantais atá sannta dóibh agus na gníomhaíochtaí a bhfuil fógra tugtha dóibh ina leith.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinnítear an liosta cothrom le dáta.

Airteagal 29

Athruithe ar fhógraí

1.   I gcás ina bhfuil sé faighte amach ag údarás a thugann fógra, nó i gcás ina bhfuil sé curtha in iúl dó, nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag comhlacht dá dtugtar fógra, nó go mainníonn sé a oibleagáidí a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an fógra a shrianadh, a fhionraí, nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, de réir a thromchúisí atá an chaoi ina mainníonn an comhlacht na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.

2.   I gcás ina ndéantar an fógra a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar, nó i gcás inar scoir an comhlacht dá dtugtar fógra dá ghníomhaíocht, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra na bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanann comhlacht eile dá dtugtar fógra comhaid an chomhlachta sin a phróiseáil nó go gcoinnítear ar fáil iad do na húdaráis atá freagrach as fógra a thabhairt agus ag na húdaráis um fhaireachas margaidh, ar iarraidh uathu.

Airteagal 30

Agóidí in aghaidh inniúlacht comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar gach cás ina bhfuil sé in amhras, nó ina dtugtar le fios dó go bhfuiltear in amhras, faoi inniúlacht comhlachta dá dtugtar fógra nó faoin gcaoi ina bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag leanúint de na ceanglais agus na freagrachtaí a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh.

2.   Déanfaidh an Ballstát a thugann fógra gach faisnéis a bhaineann le bunús an fhógra nó le cothabháil inniúlacht an chomhlachta dá dtugtar fógra lena mbaineann a chur ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcoimeádtar gach faisnéis íogair a fhaightear i gcúrsa a imscrúduithe faoi rún.

4.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach nach gcomhlíonann comhlacht dá dtugtar fógra na ceanglais i gcás a fhógra, nó nach gcomhlíonann sé iad a thuilleadh, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme ina n-iarrfar ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a tharraingt siar, más gá.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).

Airteagal 31

Oibleagáidí oibríochtúla comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Déanfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III.

2.   Déanfar measúnuithe comhréireachta ar mhodh comhréireach agus seachnófar ualaí nach gá ar oibreoirí eacnamaíocha.

Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ngníomhaíochtaí agus aird chuí á tabhairt acu ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr, ar a chasta atá teicneolaíoch an fhearais nó an fheistis atá i gceist agus ar ollchineál nó cineál sraitheach an phróisis táirgthe.

Le linn dóibh déanamh amhlaidh, áfach, urramóidh siad an méid déine agus an leibhéal cosanta is gá chun go gcomhlíonfaidh an fearas nó an feisteas an Rialachán seo.

3.   I gcás ina bhfionnann comhlacht dá dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó i gcaighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha nó i sonraíochtaí teicniúla eile comhlíonta ag monaróir, ceanglóidh sé ar an monaróir sin bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú ná cinneadh maidir le ceadú.

4.   I gcás ina bhfionnann comhlacht dá dtugtar fógra, i gcúrsa faireachán ar an gcomhréireacht tar éis deimhniú nó cinneadh formheasa a eisiúint, nach gcomhlíonann fearas nó feisteas a thuilleadh, ceanglóidh sé ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus déanfaidh sé an deimhniú nó an cinneadh formheasa a fhionraí nó a tharraingt siar, más gá.

5.   I gcás nach ndéantar bearta ceartaitheacha nó nach bhfuil an éifeacht is gá leo, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra aon deimhnithe nó cinntí formheasa a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 32

Achomharc i gcoinne cinntí comhlachtaí dá dtugtar fógra

Áiritheoidh comhlachtaí dá dtugtar fógra go bhfuil fáil ar nós imeachta achomhairc in aghaidh a gcinntí.

Airteagal 33

Oibleagáid faisnéise ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Cuirfidh comhlachtaí dá dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:

(a)

aon deimhniú nó cinneadh formheasa a dhiúltú, a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar;

(b)

aon imthosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra nó do choinníollacha an fhógra;

(c)

aon iarraidh a bheidh faighte acu ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

(d)

arna iarraidh sin, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

2.   Déanfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra faisnéis ábhartha a sholáthar do na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta lena gcumhdaítear na fearais nó na feistis chéanna maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha measúnuithe comhréireachta agus, arna iarraidh sin, torthaí dearfacha measúnuithe comhréireachta.

Airteagal 34

Malartú taithí

Déanfaidh an Coimisiún foráil go n-eagrófar malartú taithí idir údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.

Airteagal 35

Comhlachtaí dá dtugtar fógra a chomhordú

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirtear comhordú agus comhar iomchuí ar bun idir comhlachtaí dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo agus go n-oibrítear go cuí é i bhfoirm grúpa nó grúpaí earnála comhlachtaí dá dtugtar fógra.

Beidh comhlachtaí dá dtugtar fógra páirteach in obair an ghrúpa sin nó na ngrúpaí sin, go díreach nó trí ionadaithe ainmnithe.

CAIBIDIL V

FAIREACHAS MARGAIDH SAN AONTAS, RIALÚ AR FHEARAIS AGUS AR FHEISTIS A THAGANN ISTEACH I MARGADH AN AONTAIS AGUS NÓS IMEACHTA COSANTA AN AONTAIS

Airteagal 36

Faireachas margaidh san Aontas agus rialú ar fhearais agus fheistis a thagann isteach i margadh an Aontais

Beidh feidhm ag Airteagal 15(3) agus ag Airteagal 16 go hAirteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le fearais agus feistis a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 37

Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le fearais nó le feistis is riosca

1.   I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag na húdaráis um fhaireachas margaidh de chuid Ballstáit amháin lena chreidiúint gur riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine, ainmhithe clóis nó maoine le fearas nó feisteas a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an bhfearas nó leis an bhfeisteas lena gcumhdaítear na ceanglais ábhartha ar fad a leagtar síos sa Rialachán seo. De réir mar is gá, comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis na húdaráis um fhaireachas margaidh chun na críche sin.

I gcás ina bhfionnann na húdaráis um fhaireachas margaidh, i gcúrsa na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach gcomhlíonann an fearas nó an feisteas na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh ionas go gcomhlíonfaidh an fearas nó an feisteas na ceanglais sin, go ndéanfar an fearas nó an feisteas a tharraingt siar ón margadh, nó a aisghlaoch laistigh de thréimhse réasúnach ama, i gcomhréir leis an gcineál riosca, de réir mar a fhorordóidh siad.

Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an comhlacht ábhartha dá dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin.

Beidh feidhm ag Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.

2.   I gcás ina measann na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil neamh-chomhlíonadh srianta dá gcríoch náisiúnta, cuirfidh siad torthaí na meastóireachta agus na ngníomhaíochtaí ar chuir siad de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch iad a dhéanamh in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

3.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéantar gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí i leith na bhfearas nó na bhfeisteas uile lena mbaineann atá curtha ar fáil aige nó aici ar an margadh ar fud an Aontais.

4.   I gcás nach ndéanann an t-oibreoir ábhartha eacnamaíoch gníomhaíocht cheartaitheach leordhóthanach sa tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart sealadach iomchuí chun cosc nó srian a chur ar na fearais nó ar na feistis a bheith á gcur ar fáil ar a margadh náisiúnta, nó chun an fearas nó an feisteas a tharraingt siar ón margadh sin, nó a aisghlaoch.

Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na mbeart sin, gan mhoill.

5.   San fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 beidh na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an fearas nó an feisteas neamh-chomhlíontach a shainaithint, ionad tionscnaimh an fhearais nó an fheistis, cineál an neamh-chomhlíonta atá líomhnaithe agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha. Go háirithe, cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh in iúl cibé acu an ceachtar den dá ní seo a leanas is cúis leis an neamh-chomhlíonadh:

(a)

mainneachtain an fhearais nó an fheistis na ceanglais a bhaineann le sláinte nó sábháilteacht daoine nó le cosaint ainmhithe clóis nó maoine a chomhlíonadh; nó

(b)

easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 13 lena mbronntar toimhde comhréireachta.

6.   Déanfaidh na Ballstáit seachas an Ballstát a thionscnaíonn an nós imeachta faoin Airteagal seo aon bhearta a ghlactar agus aon fhaisnéis bhreise atá faoina réir acu agus a bhaineann le neamh-chomhlíonadh an fhearais nó an fheistis lena mbaineann, agus, i gcás easaontas leis an mbeart náisiúnta glactha, a n-agóidí a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

7.   Más rud é, laistigh de thrí mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 a fháil, nach bhfuil aon agóid maidir le beart sealadach a ghlac Ballstát déanta ag Ballstát nó ag an gCoimisiún, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar gan mhoill bearta sriantacha iomchuí, amhail an fearas nó an feisteas a tharraingt siar ón margadh, i leith an fhearais nó an fheistis lena mbaineann.

Airteagal 38

Nós imeachta cosanta an Aontais

1.   Más rud é, an tráth ar an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 37(3) agus (4) a bheith críochnaithe, go ndéantar agóidí i gcoinne beart atá déanta ag Ballstát, nó más rud é go measann an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha do reachtaíocht an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinntear an bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil.

Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl láithreach dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

2.   I gcás ina meastar bonn cirt a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingítear an fearas nó an feisteas neamh-chomhlíontach siar óna margadh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart sin a tharraingt siar.

3.   I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus go gcuirtear síos neamh-chomhlíonadh an fhearais nó an fheistis d'easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 37(5) den Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a chur i bhfeidhm.

Airteagal 39

Fearais nó feistis chomhlíontacha is riosca

1.   I gcás ina bhfionnann Ballstát, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 37(1), gur riosca fearas nó feisteas do shláinte nó do shábháilteacht daoine nó d'ainmhithe clóis nó do mhaoin d'ainneoin go gcomhlíonann sé an Rialachán seo, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha na bearta iomchuí uile a dhéanamh ionas go n-áiritheofar nach riosca an fearas ná an feisteas lena mbaineann a thuilleadh nuair a chuirtear ar an margadh é, nó an fearas nó an feisteas a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghlaoch laistigh de thréimhse réasúnach ama, ar comhréir leis an gcineál riosca, de réir mar a fhéadfaidh sé a fhorordú.

2.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéantar gníomhaíocht cheartaitheach i leith na bhfearas nó na bhfeisteas uile lena mbaineann atá curtha ar fáil aige ar an margadh ar fud an Aontais.

3.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach. Áireofar san fhaisnéis sin na mionsonraí uile a bheidh ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an an fearas nó an feisteas lena mbaineann a shainaithint, ionad tionscnaimh agus slabhra soláthair an fhearais nó an fheistis, an cineál riosca i gceist, agus cineál agus ré na mbeart náisiúnta a dhéantar.

4.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cibé acu an bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil, agus i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

Ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht daoine a chosaint, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(4).

5.   Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl láithreach dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

Airteagal 40

Neamh-chomhlíonadh foirmiúil

1.   Gan dochar d'Airteagal 37, i gcás ina bhfaigheann Ballstát amach gur tharla ceann amháin de na nithe seo a leanas, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamh-chomhlíonadh lena mbaineann:

(a)

gur greamaíodh marcáil CE de shárú ar Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó ar Airteagal 17 den Rialachán seo;

(b)

nár greamaíodh marcáil CE;

(c)

gur greamaíodh na hinscríbhinní dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV nó go nár greamaíodh iad de shárú ar Airteagal 18;

(d)

gur greamaíodh uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a bhfuil baint aige leis an gcéim um rialú táirgthe de shárú ar Airteagal 17 nó nár greamaíodh í;

(e)

nár tarraingíodh an dearbhú comhréireachta de chuid AE suas nó nár tarraingíodh suas i gceart é;

(f)

nach bhfuil cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE ag gabháil leis an bhfeisteas;

(g)

nach bhfuil an doiciméadacht theicniúil ar fáil nó nach bhfuil sí iomlán;

(h)

go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(6) nó in Airteagal 9(3) ar iarraidh, bréagach nó neamhiomlán;

(i)

nach bhfuil aon cheanglas riaracháin eile dá bhforáiltear in Airteagal 7 nó in Airteagal 9 comhlíonta.

2.   I gcás ina leantar den neamh-chomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta iomchuí uile is gá chun srian nó cosc a chur ar an bhfearas nó ar an bhfeisteas a bheith á chur ar fáil ar an margadh nó chun a áirithiú go n-aisghlaotar nó go dtarraingítear siar ón margadh é.

CAIBIDIL VI

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 41

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 21 Aibreán 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

Tá sé an-tábhachtach go leanfaidh an Coimisiún leis an ngnáthchleachtas atá aige agus go rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe na mBallstát, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 42

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um fheistis cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 de.

5.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gcoiste maidir le haon ní a cheanglaítear comhairliúchán le saineolaithe earnála le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 nó le haon reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

Ina theannta sin, féadfaidh an coiste aon ní eile a scrúdú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar tharraing cathaoirleach an choiste nó ionadaí de chuid Ballstáit anuas é i gcomhréir lena rialacha nós imeachta.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 43

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha um pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ag oibritheoirí eacnamaíocha ar fhorálacha an Rialacháin seo. Féadfaidh pionóis choiriúla as sáruithe tromchúiseacha a bheith i rialacha den sórt sin.

Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin faoin 21 Márta 2018 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú dá éis sin a dhéanann difear dóibh.

2.   Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirtear a rialacha um pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ag oibritheoirí eacnamaíocha ar fhorálacha an Rialacháin seo i bhfeidhm.

Airteagal 44

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní chuirfidh na Ballstáit bac ar fhearais a chur ar fáil ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse, ar fearais iad atá cumhdaithe ag Treoir 2009/142/CE, atá i gcomhréir leis an Treoir sin agus a cuireadh ar an margadh roimh an 21 Aibreán 2018.

2.   Ní chuirfidh na Ballstáit bac ar fheistis a chur ar fáil ar an margadh, ar feistis iad atá cumhdaithe ag Treoir 2009/142/CE, atá i gcomhréir leis an Treoir sin agus a cuireadh ar an margadh roimh an 21 Aibreán 2018.

Airteagal 45

Aisghairm

Déantar Treoir 2009/142/CE a aisghairm le héifeacht ón 21 Aibreán 2018.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 46

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 21 Aibreán 2018, seachas:

(a)

Airteagal 4, Airteagal 19 go hAirteagal 35 agus Airteagal 42 agus Iarscríbhinn II, a mbeidh feidhm acu ón 21 Deireadh Fómhair 2016;

(b)

Airteagal 43(1), a mbeidh feidhm aige ón 21 Márta 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Márta 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.A. HENNIS-PLASSCHAERT


(1)  IO C 458, 19.12.2014, lch. 25.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Feabhra 2016.

(3)  Treoir 2009/142/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha (IO L 330, 16.12.2009, lch. 10).

(4)  IO C 136, 4.6.1985, lch. 1.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le Caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(6)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann chun táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(8)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(9)  Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE (IO L 140, 5.6.2009, lch. 16).

(10)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(11)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(12)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS RIACHTANACHA

RÉAMHBHARÚLACHA:

1.   Tá na ceanglais riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo éigeantach.

2.   Tá na ceanglais riachtanacha le léirmhíniú agus le cur i bhfeidhm ar shlí a chuirfidh i gcuntas an úrnuacht agus an cleachtas reatha tráth an deartha agus an mhonaraithe, chomh maith le gnéithe teicniúla agus eacnamaíocha atá comhsheasmhach le hardleibhéal éifeachtúlachta fuinnimh agus cosanta sláinte agus sábháilteachta.

1.   CEANGLAIS GHINEARÁLTA

1.1.   Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go n-oibreoidh siad go sábháilte agus nach baol iad do dhaoine, d'ainmhithe clóis nó do mhaoin, nuair a bhaintear gnáthúsáid astu.

Dearfar agus déanfar feistis amhlaidh ionas go gcomhlíonfaidh siad a gcuspóir beartaithe i gceart nuair a chorprófar i bhfearas nó nuair a chóimeálfar iad le gurb ionann iad agus fearas.

1.2.   Tá an monaróir faoi oibleagáid chun anailís a dhéanamh ar na rioscaí d'fhonn na cinn a bhaineann lena fhearas nó lena fheisteas a shainaithint. Ansin dearfaidh agus déanfaidh sé é agus a mheasúnú riosca á chur i gcuntas aige.

1.3.   Agus na réitigh is iomchuí á roghnú ag an monaróir, cuirfidh an té sin na prionsabail a leagtar amach thíos i bhfeidhm, san ord seo a leanas:

(a)

rioscaí a dhíchur nó a laghdú a mhéid is féidir (dearadh agus déanamh atá sábháilte go bunúsach);

(b)

na bearta cosanta is gá a dhéanamh i ndáil le rioscaí nach féidir a dhíchur;

(c)

na rioscaí iarmharacha mar gheall ar aon easnamh sna bearta cosanta a ghlactar a chur in iúl d'úsáideoirí agus a léiriú cibé acu an gá aon réamhchúraimí ar leith.

1.4.   Agus an fearas á dhearadh agus á dhéanamh, agus na treoracha á ndréachtú ag an monaróir, smaoineoidh an té sin ní hamháin ar úsáid bheartaithe an fhearais, ach ar na húsáidí atá intuartha go réasúnach chomh maith.

1.5.   Maidir le gach fearas:

(a)

beidh treoracha maidir le suiteáil atá beartaithe don suiteálaí ag gabháil leis;

(b)

beidh treoracha maidir le húsáid agus le seirbhísiú, atá beartaithe don úsáideoir ag gabháil leis;

(c)

beidh fógraí rabhaidh iomchuí air, a nochtfar ar an bpacáistíocht freisin.

1.6.1.   Sna treoracha maidir le suiteáil atá beartaithe don suiteálaí beidh na treoracha uile maidir le suiteáil, le coigeartú agus le seirbhísiú is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibríochtaí sin i gceart ionas gur féidir an fearas a úsáid go sábháilte.

Sna treoracha maidir le suiteáil atá beartaithe don suiteálaí freisin beidh faisnéis ar shonraíochtaí teicniúla an chomhéadain idir an fearas agus a thimpeallacht suiteála, rud a lamhálfaidh é a nascadh i gceart leis an líonra soláthair gáis, leis an soláthar fuinnimh chúnta, leis an soláthar aeir dócháin agus le córas aslonnaithe gáis an mhúcháin.

1.6.2.   Sna treoracha maidir le húsáid agus le seirbhísiú atá beartaithe don úsáideoir beidh an fhaisnéis uile is gá i gcomhair úsáid shábháilte, agus go háirithe tarraingeoidh siad aird an úsáideora ar aon srianta ar úsáid.

Taifeadfaidh na monaróirí sna treoracha i gcás inar gá cúram breise nó nuair a bheadh sé inmholta go ndéanfadh gairmí aon ní den obair thuas. Beidh an méid seo gan dochar do cheanglais náisiúnta chuige sin é seo.

Sna treoracha a ghabhann leis an bhfearas, áireoidh monaróir an fhearais an fhaisnéis go léir is gá maidir le coigeartú, oibriú agus cothabháil na bhfeisteas mar chuid den fhearas críochnaithe, de réir mar is iomchuí.

1.6.3.   Sna fógraí rabhaidh ar an bhfearas agus ar a phacáistíocht, luafar go soiléir an cineál gáis a bheidh le húsáid, brú an tsoláthair gáis, an catagóir fearas agus aon srianta ar úsáid, go háirithe an srian ar dá réir nach suiteálfar an fearas ach amháin i limistéir ina bhfuil go leor aerála chun a áirithiú go n-íoslaghdófar na rioscaí a bhaineann leis.

1.7.   Na treoracha maidir leis an bhfeisteas a chorprú i bhfearas nó a chóimeáil le gurb ionann é agus fearas agus chun é a choigeartú, a oibriú agus a chothabháil, cuirfear ar fáil iad maille leis an bhfeisteas lena mbaineann mar chuid den dearbhú comhréireachta de chuid AE.

2.   ÁBHAIR

Beidh ábhair d'fhearais nó d'fheistis oiriúnach don chríoch dá bhfuil siad beartaithe agus seasfaidh siad na dálaí meicniúla, ceimiceacha agus teirmeacha a mbeidh siad faoina réir go hintuartha.

3.   DEARADH AGUS DÉANAMH

Tá feidhm freisin ag na hoibleagáidí d'fhearais a eascraíonn as na ceanglais riachtanacha a leagtar amach sa phointe seo maidir le feistis, a mhéid is ábhartha.

3.1.   Ginearálta

3.1.1.   Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas nach bhféadfaidh aon éagobhsaíocht, saobhadh, briseadh ná caitheamh tarlú ar dócha go ndéanfaidís díobháil dá sábháilteacht, nuair a bhaintear gnáthúsáid astu.

3.1.2.   Comhdhlúthú a tháirgtear ag an tosú agus/nó le linn úsáide, ní dhéanfaidh sé difear do shábháilteacht na bhfearas.

3.1.3.   Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go n-íoslaghdófar an baol pléasctha i gcás dóiteán de thionscnamh seachtrach.

3.1.4.   Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas nach dtarlóidh treá uisce ná treá míchuí aeir isteach sa chiorcad gáis.

3.1.5.   I gcás gnáthluaineacht fuinnimh thánaistigh, leanfaidh fearais d'fheidhmiú go sábháilte.

3.1.6.   Ní bheidh staid neamhshábháilte mar thoradh ar luaineachtaí neamhghnácha fuinnimh thánaistigh nó teip fuinnimh thánaistigh ná ar a athchóiriú.

3.1.7.   Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go dtiocfar roimh aon rioscaí a bhaineann le gás i ngeall ar ghuaiseacha de thionscnamh leictreach. A mhéid is ábhartha, déanfar torthaí an mheasúnaithe comhréireachta maidir le ceanglais sábháilteachta Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) nó cuspóirí sábháilteachta Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a chur i gcuntas.

3.1.8.   Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go dtiocfar roimh aon rioscaí a bhaineann le gás i ngeall ar fheiniméin leictreamaighnéadacha. A mhéid is ábhartha, déanfar torthaí an mheasúnaithe comhréireachta i ndáil le ceanglais chomhoiriúnachta leictreamaighnéadacha Threoir 2014/53/EU nó Treoir 2014/30/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chur i gcuntas.

3.1.9.   Seasfaidh codanna brúchóirithe uile fearais na struis mheicniúla agus theirmeacha faoina gcuirtear iad gan aon dífhoirmiú a fhearann ar shábháilteacht.

3.1.10.   Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas nach mbeidh staid neamhshábháilte mar thoradh ar theip ar ghléas sábháilteachta, rialaithe nó rialála.

3.1.11.   Má tá fearas feistithe le gléasanna sábháilteachta agus rialaithe, ní chuirfidh feidhmiú na ngléasanna rialaithe feidhmiú na ngléasanna sábháilteachta ar ceal.

3.1.12.   Gach cuid d'fhearais atá socraithe nó coigeartaithe ag céim an mhonaraithe agus nár cheart don úsáideoir nó don suiteálaí iad a ionramháil, cosnófar go hiomchuí iad.

3.1.13.   Marcálfar luamháin agus gléasanna rialaithe agus socraithe eile go soiléir agus tabharfar treoracha iomchuí chun aon earráid in oibriú/úsáid a chosc. Dearfar iad amhlaidh ionas go gcoiscfear iad a oibriú de thaisme.

3.2.   Gás neamhdhóite a scaoileadh

3.2.1.   Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas nach mbeidh an ráta sceite gáis contúirteach.

3.2.2.   Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go dteorainneofar scaoileadh gáis ag aon chéim oibríochta d'fhonn carnadh contúirteach gáis neamhdhóite san fhearas a sheachaint.

3.2.3.   Fearais atá beartaithe lena n-úsáid i spásanna agus i seomraí laistigh, dearfar agus déanfar iad chun go gcoscfar scaoileadh gáis neamhdhóite i ngach cás a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le carnadh contúirteach gáis neamhdhóite i spásanna agus seomraí den sórt sin.

3.2.4.   Fearais arna ndearadh agus arna ndéanamh chun gás ina bhfuil aonocsaíd charbóin nó comhábhair thocsaineacha eile a dhó, ní baol iad do shláinte daoine agus ainmhithe clóis a nochtfar.

3.3.   Adhaint

Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go mbeidh adhaint agus athadhaint go réidh agus go n-áiritheofar tras-soilsiú, nuair a bhaintear gnáthúsáid astu.

3.4.   Dóchán

3.4.1.   Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go mbeidh an próiseas dócháin cobhsaí agus nach mbeidh tiúchan do-ghlactha substaintí díobhálacha don tsláinte sna táirgí dócháin, nuair a bhaintear gnáthúsáid astu.

3.4.2.   Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas nach scaoilfear aon táirgí dócháin de thaisme, nuair a bhaintear gnáthúsáid astu.

3.4.3.   Déanfar agus dearfar fearais a nasctar le múchán le táirgí dócháin a scaipeadh amhlaidh ionas nach scaoilfear aon táirgí dócháin i gcainníocht chontúirteach isteach sna spásanna nó sna seomraí laistigh lena mbaineann, faoi dhálaí neamhghnácha seoidirí.

3.4.4.   Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas nach mbeidh siad ina gcúis le tiúchan aonocsaíde carbóin nó substaintí eile atá dochrach don tsláinte, amhail is gur dhócha gur bhaol iad do shláinte daoine agus ainmhithe clóis a nochtfar, nuair a bhaintear gnáthúsáid astu.

3.5.   Úsáid réasúnach fuinnimh.

Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go n-áiritheofar úsáid réasúnach fuinnimh, lena léirítear an úrnuacht agus lena gcuirtear gnéithe sábháilteachta i gcuntas.

3.6.   Teocht

3.6.1.   Ní shroichfidh codanna d'fhearais atá beartaithe lena suiteáil nó lena gcur i ndlúthghaireacht do dhromchlaí teocht is baol.

3.6.2.   Ní baol teocht dromchla na gcodanna fearas atá beartaithe lena láimhseáil i rith gnáthúsáide don úsáideoir.

3.6.3.   Ní baol teocht dromchla na gcodanna seachtracha fearas, cé is moite de dhromchlaí nó de chodanna a bhfuil baint acu le tarchur teasa, do shláinte agus do shábháilteacht daoine a nochtfar agus go háirithe do leanaí agus do dhaoine scothaosta faoi dhálaí oibrithe, arb ina leith a chuirfear am iomchuí le frithghníomhú i gcuntas.

3.7.   Teagmháil le bia agus uisce atá ceaptha lena chaitheamh nó lena ól ag an duine

Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 (4) agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le hábhair agus páirteanna a úsáidtear i ndéanamh fearais, a fhéadfaidh a bheith i dtadhall le bia nó le huisce atá ceaptha lena chaitheamh nó lena ól ag an duine mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 98/83/CE ón gComhairle (6), ní lagóidh siad cáilíocht an bhia nó an uisce.


(1)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).

(2)  Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).

(3)  Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).

(6)  Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).


IARSCRÍBHINN II

INNEACHAR CHUMARSÁIDÍ NA mBALLSTÁT MAIDIR LEIS NA COINNÍOLLACHA SOLÁTHAIR GÁIS

1.

I gcumarsáidí na mBallstát chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile dá bhforáiltear in Airteagal 4 beidh an t-inneachar seo a leanas:

(a)

(i)

luach calrach comhlán (GCV) i MG/m3

uasmhéid/íosmhéid;

(ii)

innéacs Wobbe i MG/m3

uasmhéid/íosmhéid.

(b)

Comhdhéanamh gáis de réir toirte i % den chion iomlán:

cion C1 go C5 i % (suim)

uasmhéid/íosmhéid;

cion N2 + CO2 i %;

uasmhéid/íosmhéid;

cion CO i %;

uasmhéid/íosmhéid;

cion HC neamhsháithithe i %

uasmhéid/íosmhéid;

cion hidrigine i %;

uasmhéid/íosmhéid.

(c)

Faisnéis faoi chomhpháirteanna tocsaineacha atá sa bhreosla gásach.

Sa chumarsáid sin freisin beidh ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

brú soláthair ag ionraon na bhfearas i mbar:

ainmniúil/uasmhéid/íosmhéid;

(b)

(i)

brú soláthair ag an bpointe seachadta i mbar:

ainmniúil/uasmhéid/íosmhéid;

(ii)

caillteanas brú inghlactha i suiteáil gáis an úsáideora deiridh in mbar:

ainmniúil/uasmhéid/íosmhéid.

2.

Is mar seo a leanas a bheidh na coinníollacha tagartha d'Innéacs Wobbe agus don luach calrach comhlán:

(a)

teocht thagartha dócháin:

15 °C;

(b)

teocht thagartha tomhais toirte:

15 °C;

(c)

brú tagartha tomhais toirte:

1 013,25 mbar.


IARSCRÍBHINN III

NÓSANNA IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA D'FHEARAIS AGUS D'FHEISTIS

1.   MODÚL B: SCRÚDÚ DE CHINEÁL AE — CINEÁL TÁIRGTHE

1.1.   Scrúdú de chineál AE, sin an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina scrúdaíonn comhlacht dá dtugtar fógra dearadh teicniúil fearais nó feistis agus go bhfíoraíonn agus go bhfianaíonn sé go gcomhlíonann dearadh teicniúil an fhearais nó an fheistis ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leis.

1.2.   Déanfar scrúdú de chineál AE trí leordhóthanacht dhearadh teicniúil an fhearais nó an fheistis a mheasúnú trí scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an bhfianaise tacaíochta dá dtagraítear i bpointe 1.3, móide scrúdú ar eiseamal, atá ionadaíoch don táirgeadh atá beartaithe, den fhearas nó den fheisteas iomlán (cineál táirgthe).

1.3.   Taiscfidh an monaróir iarratas ar scrúdú de chineál AE le comhlacht amháin dá dtugtar fógra dá rogha féin.

1.3.1.   Beidh an méid seo a leanas san iarratas:

(a)

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a thaiscfidh an t-iarratas, ainm agus seoladh an ionadaí sin freisin;

(b)

dearbhú i scríbhinn nár taisceadh an t-iarratas céanna le haon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;

(c)

an doiciméadacht theicniúil. Fágfaidh an doiciméadacht theicniúil go bhféadfar comhréireacht an fhearais nó an fheistis a mheasúnú le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo agus beidh inti anailís agus measúnú leordhóthanach ar an riosca nó ar na rioscaí. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar léi, a mhéid is ábhartha don mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú an fhearais nó an fheistis. Beidh sa doiciméadacht theicniúil, más infheidhme, na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(1)

tuairisc ghinearálta ar an bhfearas nó ar an bhfeisteas;

(2)

dearadh coincheapúil agus líníochtaí agus scéimeanna monaraíochta na gcomhpháirteanna, na bhfo-chóimeálacha, na gciorcad, etc.;

(3)

tuairiscí agus mínithe is gá do thuiscint ar na líníochtaí agus na scéimeanna sin agus ar oibriú an fhearais nó an fheistis;

(4)

liosta na gcaighdeán comhchuibhithe a cuireadh i bhfeidhm go hiomlán nó i bpáirt agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus, i gcás nár cuireadh i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe sin, tuairiscí ar na réitigh a rinneadh chun na ceanglais riachtanacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear liosta de shonraíochtaí teicniúla ábhartha eile atá curtha i bhfeidhm. I gcás caighdeáin chomhchuibhithe a bheith i bhfeidhm go páirteach, sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na codanna a cuireadh i bhfeidhm;

(5)

torthaí na ríomhanna dearaidh a rinneadh, scrúduithe a rinneadh, etc;

(6)

tuarascálacha tástála;

(7)

treoracha maidir le suiteáil agus úsáid an fhearais;

(8)

an dearbhú comhréireachta de chuid AE den fheisteas ina bhfuil na treoracha conas ba cheart an feisteas a chorprú i bhfearas nó a chóimeáil le gurb ionann é agus fearas.

(d)

na heiseamail atá ionadaíoch don táirgeadh atá beartaithe. Féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra eiseamail bhreise a iarraidh nuair is gá sin chun an clár tástála a chur i gcrích;

(e)

an fhianaise tacaíochta do leordhóthanacht an réitigh maidir le dearadh teicniúil. Luafar san fhianaise tacaíochta aon doiciméid a bheidh úsáidte, go háirithe i gcás nach mbeidh na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha curtha i bhfeidhm go hiomlán. Áireofar san fhianaise tacaíochta, i gcás inar gá, torthaí na dtástálacha a rinneadh i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile ag saotharlann iomchuí an mhonaróra, nó ag saotharlann tástála eile thar cheann agus faoi fhreagracht an mhonaróra sin.

1.3.2.   I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an monaróir faoi bhráid an chomhlachta dá dtugtar fógra na doiciméid seo a leanas:

(a)

an deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus an dearbhú comhréireachta de chuid AE a bhaineann leis na feistis arna gcorprú san fhearas;

(b)

fianuithe agus deimhnithe a bhaineann le modhanna monaraíochta an fhearais nó an fheistis agus/nó modhanna cigireachta agus/nó modhanna faireacháin ar an bhfearas nó ar an bhfeisteas;

(c)

aon doiciméad eile a chumasaíonn don chomhlacht dá dtugtar fógra a mheasúnú a fheabhsú.

1.4.   Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra an méid seo a leanas:

I gcás an fhearais nó an fheistis:

1.4.1.

an doiciméadacht theicniúil agus an fhianaise tacaíochta a scrúdú chun leordhóthanacht dhearadh teicniúil an fhearais nó an fheistis a mheasúnú.

I gcás an eiseamail/na n-eiseamal:

1.4.2.

a fhíorú gur monaraíodh an t-eiseamal/na heiseamail i gcomhréir leis an doiciméadacht theicniúil, agus na heilimintí a dearadh i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme ar na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a shainaithint, mar aon leis na heilimintí a dearadh i gcomhréir le sonraíochtaí ábhartha teicniúla eile;

1.4.3.

scrúduithe agus tástálacha iomchuí a dhéanamh, nó a áirithiú go ndéanfar iad, lena sheiceáil cibé acu an bhfuil na réitigh sna caighdeáin chomhcuibhithe ábhartha curtha i bhfeidhm i gceart, i gcás gur roghnaigh an monaróir iad a chur i bhfeidhm;

1.4.4.

scrúduithe agus tástálacha iomchuí a dhéanamh, nó a áirithiú go ndéanfar iad, lena sheiceáil cibé acu ar chomhlíon na réitigh a ghlac an monaróir lena gcuirtear sonraíochtaí teicniúla eile i bhfeidhm buncheanglais chomhfhreagracha an Rialacháin seo i gcás nár cuireadh na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm;

1.4.5.

a aontú leis an monaróir ar láthair ina ndéanfar na scrúduithe agus na tástálacha.

1.5.   Tarraingeoidh an comhlacht dá dtugtar fógra tuarascáil mheastóireachta suas ina ndéanfar taifead ar na gníomhaíochtaí atá déanta i gcomhréir le pointe 1.4 agus torthaí na ngníomhaíochtaí sin. Gan dochar dá dhualgas i leith na n-údarás a thugann fógra, ní eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra inneachar na tuarascála sin, go hiomlán nó go páirteach, ach amháin le comhaontú an mhonaróra.

1.6.   I gcás ina gcomhlíonfaidh an fearas nó an feisteas ceanglais an Rialacháin seo, eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú ar scrúdú de chineál AE chuig an monaróir. Áireofar sa deimhniú ainm agus seoladh an mhonaróra, conclúidí an scrúdaithe, coinníollacha (más ann) maidir lena bhailíocht, na sonraí is gá chun an cineál ceadaithe a shainaithint, amhail an cineál gáis, catagóir fearas agus brú soláthair gáis, agus, más ábhartha, tuairiscí ar a fheidhmiú. Féadfaidh iarscríbhinn amháin nó níos mó a bheith ag gabháil leis an deimhniú.

Beidh sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus ina iarscríbhinní gach faisnéis ábhartha ar a bhféadfar meastóireacht a dhéanamh ar chomhréireacht fearas nó feisteas monaraithe leis an gcineál scrúdaithe agus chun lamháil do rialú inseirbhíse. Sonrófar ann freisin aon choinníollacha a bhféadfadh a eisiúint bheith faoina réir agus beidh na tuairiscí agus na líonaíochtaí ag gabháil leis is gá chun an cineál ceadaithe a shainaithint.

Beidh uastréimhse bailíochta deich mbliana ó dháta a eisiúna ag an deimhniú.

I gcás nach gcomhlíonfaidh an cineál ceanglas infheidhme an Rialacháin seo, diúltóidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú ar scrúdú de chineál AE a eisiúint agus cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir dá réir sin, agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú.

1.7.   Coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra é féin ar an eolas faoi aon athruithe ar úrnuacht a admhaítear go ginearálta a léiríonn go bhféadfadh sé nach gcomhlíonann an cineál ceadaithe a thuilleadh ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, agus cinnfidh sí cibé acu an gá imscrúdú breise de bharr na n-athruithe sin. Más amhlaidh atá, cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra é sin in iúl don mhonaróir dá réir sin.

Déanfaidh an monaróir na modhnuithe uile ar an gcineál ceadaithe a fhéadfaidh difear a dhéanamh do chomhréireacht an fhearais nó an fheistis le ceanglais riachtanacha an Rialacháin seo nó do choinníollacha bailíochta an deimhnithe a chur in iúl don chomhlacht dá dtugtar fógra a bhfuil an doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an deimhniú ar scrúdú de chineál AE aige. Éileoidh na modhnuithe sin ceadú breise i bhfoirm cur leis an mbundeimhniú ar scrúdú de chineál AE.

1.8.   Cuiridh gach comhlacht dá dtugtar fógra in iúl don údarás a thugann fógra dó maidir le deimhnithe ar scrúdú de chineál AE agus/nó le haon bhreiseanna leo atá eisithe nó aistarraingthe aige, agus cuirfidh sé ar fáil don údarás a thugann fógra dó, ó am go chéile nó arna iarraidh sin dó, liosta deimhnithe den sórt sin agus/nó aon bhreiseanna leo atá diúltaithe, fionraithe nó srianta ar shlí eile.

Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra in iúl do na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra maidir le deimhnithe ar scrúdú de chineál AE agus/nó le haon bhreiseanna leo atá diúltaithe aige, aistarraingthe aige, atá curtha ar fionraí aige nó a bhfuil teorannú déanta aige ar shlí eile orthu agus, arna n-iarraidh sin dó, maidir le deimhnithe den sórt sin agus/nó le haon bhreiseanna leo atá eisithe aige.

Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra, ar iarraidh uathu, cóip a fháil de na deimhnithe ar scrúdú de chineál AE agus/nó na breiseanna leo. Ar iarraidh uathu, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit cóip den doiciméadacht theicniúil agus de thorthaí na scrúduithe a rinne an comhlacht dá dtugtar fógra a fháil. Coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra cóip den deimhniú ar scrúdú de chineál AE, dá iarscríbhinní agus dá bhreiseanna, chomh maith leis an gcomhad teicniúil lena n-áirítear an doiciméadacht a chuir an monaróir isteach, go dtí go rachaidh bailíocht an deimhnithe sin in éag.

1.9.   Coinneoidh an monaróir cóip den deimhniú ar scrúdú de chineál AE, a iarscríbhinní agus a bhreiseanna mar aon leis an doiciméadacht theicniúil faoina réir ag na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh.

1.10.   Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe 1.3 a chur isteach agus na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 1.7 agus i bpointe 1.9 a chomhlíonadh, ar choinníoll go sonrófar sa sainordú iad.

2.   MODÚL C2: CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE MÓIDE SEICEÁLACHA AR THÁIRGE AG EATRAIMH RANDAMACHA

2.1.   Is í an chineál-chomhréireacht arna bunú ar rialú inmheánach táirgthe móide seiceálacha ar tháirge ag eatraimh randamacha an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 2.2, i bpointe 2.3 agus i bpointe 2.4, agus ina n-áirithíonn agus ina bhfógraíonn an monaróir ar a fhreagracht nó ar a freagracht féin amháin go bhfuil na fearais nó na feistis lena mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leo.

2.2.   Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus a fhaireachán comhréireacht na bhfearas nó na bhfeisteas monaraithe leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus le ceanglais uile an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leo.

2.3.   Seiceálacha ar tháirge

Déanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra, arna roghnú ag an monaróir, seiceálacha ar tháirge nó tabharfaidh sé go ndéanfar iad ag eatraimh bliana nó níos lú, chun caighdeán na seiceálacha inmheánacha ar an bhfearas nó ar an bhfeisteas a fhíorú, ag cur i gcuntas, inter alia, castacht teicneolaíochta na bhfearas nó na bhfeisteas agus cainníocht an táirgthe. Scrúdófar sampla leordhóthanach de na fearais nó na feistis deiridh a ghlac an comhlacht dá dtugtar fógra ar láithreán sular cuireadh ar an margadh iad, agus déanfar tástálacha iomchuí a shainaithnítear sna codanna ábhartha de na caighdeáin chomhchuibhithe agus/nó tástálacha coibhéiseacha a leagtar amach i sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile, a chur i gcrích d'fhonn a sheiceáil go gcomhlíonann an fearas nó an feisteas ceanglais ábhartha an Rialacháin seo. I gcás nach mbeidh sampla i gcomhréir leis an leibhéal cáilíochta inghlactha, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra bearta is iomchuí.

Tá sé i gceist go gcinnfeadh an nós imeachta samplála atá le cur i gcrích cibé acu an gcomhlíonann próiseas monaraíochta an fhearais nó an fheistis laistigh de theorainneacha inghlactha, d'fhonn comhréireacht an fhearais nó an fheistis a áirithiú.

Déanfaidh an monaróir, faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra, uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a ghreamú le linn an phróisis mhonaraithe.

2.4.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta de chuid AE

2.4.1.   Greamóidh an monaróir marcáil CE de gach fearas nó feisteas aonair atá i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo arb infheidhme iad.

2.4.2.   Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta de chuid AE i scríbhinn do gach múnla fearais nó feistis a tharraingt suas agus é a choimeád faoina réir ag na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh. Sainaithneofar sa dearbhú comhréireachta de chuid AE múnla an fhearais nó an fheistis dár tarraingíodh suas é.

Déanfar cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha ar iarraidh uathu. Beidh cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE atá ag an bhfheisteas ag gabháil leis an bhfeisteas nó, i gcás inarb infheidhme, leis an mbaisc nó leis an gcoinsíneacht.

2.5.   Ionadaí údaraithe

Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra, a leagtar amach i bpointe 2.4, a chomhlíonadh thar cheann agus faoi fhreagracht an mhonaróra sin, ar choinníoll go mbeidh siad sonraithe sa sainordú.

3.   MODÚL D: CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR DHEARBHÚ CÁILÍOCHTA PHRÓISEAS AN TÁIRGTHE

3.1.   Is í an chineál-chomhréireacht arna bunú ar áirithiú cáilíochta phróiseas an táirgthe an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 3.2 agus i bpointe 3.5, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé ar a fhreagracht féin amháin go bhfuil na fearais nó na feistis i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus go sásaíonn siad ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leo.

3.2.   Monaraíocht

Oibreoidh an monaróir córas cáilíochta ceadaithe chun na fearais nó na feistis lena mbaineann mar a shonraítear i bpointe 3.3 a tháirgeadh, chun cigireacht táirge deiridh a dhéanamh orthu agus chun iad a thástáil, agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 3.4.

3.3.   Córas cáilíochta

3.3.1.   Taiscfidh an monaróir iarratas ar mheasúnú ar a chóras cáilíochta lena rogha comhlachta dá dtugtar fógra, do na fearais nó na feistis lena mbaineann.

Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

(a)

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a thaiscfidh an t-iarratas, a ainm agus a sheoladh freisin;

(b)

dearbhú i scríbhinn nár taisceadh an t-iarratas céanna le haon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;

(c)

an fhaisnéis iomchuí go léir don fhearas nó don fheisteas arna cheadú faoi mhodúl B;

(d)

an doiciméadacht maidir leis an gcóras cáilíochta;

(e)

an doiciméadacht theicniúil den chineál ceadaithe agus cóip den deimhniú ar scrúdú de chineál AE.

3.3.2.   Áiritheoidh an córas cáilíochta go bhfuil na fearais nó na feistis i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leo.

Déanfar na heilimintí, na ceanglais agus na forálacha uile arna nglacadh ag an monaróir a dhoiciméadú ar mhodh córasach, ordúil i bhfoirm beartas, nósanna imeachta agus treoracha i scríbhinn. Ceadóidh an doiciméadacht um chóras cáilíochta léiriú comhsheasmhach ar na cláir cáilíochta, na pleananna, na lámhleabhair agus na taifid.

Beidh ann, go háirithe, cur síos leordhóthanach ar na nithe seo a leanas:

(a)

na cuspóirí cáilíochta agus an struchtúr eagraíochtúil, freagrachtaí agus cumhachtaí an lucht bainistíochta maidir le cáilíocht fearais;

(b)

na teicnící comhfhreagracha monaraíochta, um rialú cáilíochta agus dearbhú cáilíochta, na próisis chórasacha agus na gníomhaíochtaí córasacha a úsáidfear;

(c)

na scrúduithe agus na tástálacha a chuirfear i gcrích roimh mhonarú, lena linn agus dá éis, agus a mhinice a chuirfear i gcrích iad;

(d)

na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha cáilíochta ar an bpearsanra lena mbaineann, etc.; agus

(e)

na modhanna faireacháin ar ghnóthú cháilíocht an táirge a éilítear agus ar oibriú éifeachtach an chórais cáilíochta.

3.3.3.   Measúnóidh an comhlacht dá dtugtar fógra an córas cáilíochta chun a chinneadh an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.3.2.

Toimhdeoidh sé comhréireacht leis na ceanglais sin i leith na n-eilimintí den chóras cáilíochta a chomhlíonann sonraíochtaí comhfhreagracha an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha.

I dteannta taithí i gcórais bhainistíochta cáilíochta, beidh ag an bhfoireann iniúchóireachta ball amháin ar a laghad ag a bhfuil taithí ar mheastóireacht sa réimse táirge ábhartha agus sa teicneolaíocht táirge lena mbaineann, agus eolas ar cheanglais infheidhme an Rialacháin seo. Beidh cuairt measúnaithe ar áitreabh an mhonaróra san áireamh san iniúchadh. Athbhreithneoidh an fhoireann iniúchóireachta an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.3.1(e), chun cumas an mhonaróra a fhíorú ceanglais ábhartha an Rialacháin seo a shainaithint, agus na scrúduithe is gá a chur i gcrích d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an fearas nó an feisteas na ceanglais sin.

Tabharfar fógra don mhonaróir maidir leis an gcinneadh. Beidh san fhógra conclúidí an iniúchta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

3.3.4.   Geallfaidh an monaróir na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta arna cheadú a chomhlíonadh agus é a chothabháil ionas go mbeidh sé leordhóthanach agus éifeachtúil fós.

3.3.5.   Coinneoidh an monaróir an comhlacht dá dtugtar fógra a cheadaigh an córas cáilíochta ar an eolas faoi aon athrú beartaithe ar an gcóras cáilíochta.

Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra meastóireacht ar aon athruithe molta agus cinnfidh sé cibé acu an leanfaidh an córas cáilíochta modhnaithe leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.3.2 a shásamh nó an bhfuil gá le hathmheasúnú.

Tabharfaidh sé fógra don mhonaróir faoina chinneadh. Beidh san fhógra conclúidí an scrúdaithe agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

3.4.   Faireachas faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra

3.4.1.   Is é is cuspóir d'fhaireachas a áirithiú go gcomhlíonfaidh an monaróir na hoibleagáidí go cuí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta ceadaithe.

3.4.2.   Lamhálfaidh an monaróir, chun críocha measúnaithe, don chomhlacht dá dtugtar fógra rochtain a fháil ar na láithreáin monaraithe, cigireachta, tástála agus stórála agus cuirfidh an té sin gach faisnéis is gá ar fáil dó, go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

doiciméadacht an chórais cáilíochta; agus

(b)

na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha cáilíochta ar an bpearsanra lena mbaineann, etc.

3.4.3.   Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla uair sa dá bhliain ar a laghad chun a áirithiú go gcothabhálann an monaróir an córas cáilíochta agus go gcuireann sé i bhfeidhm é agus cuirfidh sé tuarascáil iniúchta ar fáil don mhonaróir.

3.4.4.   Ina theannta sin, féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra cuairteanna gan choinne a thabhairt ar an monaróir. Le linn cuairteanna den sórt sin féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra, más gá, tástálacha a dhéanamh ar an táirge, nó tabharfaidh sé go ndéanfar iad, chun a fhíorú go bhfuil an córas cáilíochta ag feidhmiú i gceart. Cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra tuarascáil cuairte ar fáil don mhonaróir agus, má cuireadh tástálacha i gcrích, tuarascáil tástála.

3.5.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta de chuid AE

3.5.1.   Greamóidh an monaróir marcáil CE agus, faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3.3.1, uimhir aitheantais an chomhlachta sin do gach fearas nó feisteas aonair atá i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

3.5.2.   Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta de chuid AE i scríbhinn do gach múnla fearais nó feistis a tharraingt suas agus é a choimeád faoina réir ag na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh. Sainaithneofar sa dearbhú comhréireachta de chuid AE múnla an fhearais nó an fheistis dár tarraingíodh suas é.

Déanfar cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha ar iarraidh uathu. Beidh cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE atá ag an bhfheisteas ag gabháil leis an bhfeisteas nó, i gcás inarb infheidhme, leis an mbaisc nó leis an gcoinsíneacht.

3.6.   Coinneoidh an monaróir, ar feadh tréimhse dar críoch 10 mbliana ar a laghad tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh, na nithe seo a leanas faoina réir ag na húdaráis náisiúnta:

(a)

an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe 3.3.1;

(b)

an fhaisnéis a bhaineann leis an athrú dá dtagraítear i bpointe 3.3.5, arna ceadú;

(c)

cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3.3.5, i bpointe 3.4.3 agus i bpointe 3.4.4.

3.7.   Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra in iúl dá údarás a thugann fógra faoi cheaduithe do chórais cáilíochta atá eisithe nó aistarraingthe, agus déanfaidh sé, go tráthrialta nó ar iarraidh, liosta na gceaduithe do chórais cáilíochta a dhiúltaítear, a fhionraítear nó a shriantar ar shlí eile a chur ar fáil dá údarás a thugann fógra.

Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra in iúl do na comhlachtaí eile faoi cheaduithe do chórais cáilíochta atá diúltaithe aige, curtha ar fionraí aige, aistarraingthe aige nó a bhfuil teorannú déanta aige ar shlí eile air agus, ar iarraidh, faoi cheaduithe do chórais cáilíochta atá eisithe aige.

3.8.   Ionadaí údaraithe

Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra, a leagtar amach i bpointí 3.3.1, 3.3.5, 3.5 agus 3.6 a chomhlíonadh, thar cheann agus faoi fhreagracht an mhonaróra sin, ar choinníoll go mbeidh siad sonraithe sa sainordú.

4.   MODÚL E: CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR DHEARBHÚ CÁILÍOCHTA TÁIRGE

4.1.   Is í an chineál-chomhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta táirge, an chuid sin de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 4.2 agus i bpointe 4.5, agus ina n-áirithíonn sé agus ina ndearbhaíonn sé ar a fhreagracht féin amháin go bhfuil na fearais nó na feistis lena mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leo.

4.2.   Monaraíocht

Oibreoidh an monaróir córas cáilíochta ceadaithe do chigireacht agus do thástáil táirge deiridh ar na fearais nó ar na feistis lena mbaineann mar a shonraítear i bpointe 4.3, agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 4.4.

4.3.   Córas cáilíochta

4.3.1.   Taiscfidh an monaróir iarratas ar mheasúnú ar a chóras cáilíochta lena rogha comhlachta dá dtugtar fógra, do na fearais nó do na feistis lena mbaineann.

Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

(a)

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, má thaisceann an t-ionadaí údaraithe an t-iarratas, a ainm agus a sheoladh freisin;

(b)

dearbhú i scríbhinn nach mbeidh an t-iarratas céanna taiscthe le haon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;

(c)

gach faisnéis ábhartha don chatagóir táirge atá beartaithe;

(d)

an doiciméadacht maidir leis an gcóras cáilíochta; agus

(e)

an doiciméadacht theicniúil den chineál ceadaithe agus cóip den deimhniú ar scrúdú de chineál AE.

4.3.2.   Áiritheoidh an córas cáilíochta go gcomhlíonann na fearais nó na feistis an cineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

Déanfar na heilimintí, na ceanglais agus na forálacha uile arna nglacadh ag an monaróir a dhoiciméadú ar mhodh córasach agus ordúil i bhfoirm beartas, nósanna imeachta agus treoracha i scríbhinn. Ceadóidh an doiciméadacht um chóras cáilíochta léiriú comhsheasmhach ar na cláir cáilíochta, na pleananna, na lámhleabhair agus na taifid.

Beidh ann, go háirithe, tuairisc leordhóthanach ar na nithe seo a leanas:

(a)

cuspóirí cáilíochta agus struchtúr eagraíochtúil, freagrachtaí agus cumhachtaí an lucht bainistíochta maidir le cáilíocht táirge;

(b)

na scrúduithe agus na tástálacha a chuirfear i gcrích tar éis monarú;

(c)

na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha cáilíochta ar an bpearsanra i dtrácht, etc.;

(d)

na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar oibriú éifeachtach an chórais cáilíochta.

4.3.3.   Measúnóidh an comhlacht dá dtugtar fógra an córas cáilíochta chun a chinneadh an sásaíonn sé na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 4.3.2.

Toimhdeoidh sé comhréireacht leis na ceanglais sin i leith na n-eilimintí den chóras cáilíochta a chomhlíonann sonraíochtaí comhfhreagracha an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha.

I dteannta taithí i gcórais bhainistíochta cáilíochta, beidh ag an bhfoireann iniúchóireachta ball amháin ar a laghad ag a bhfuil taithí ar mheastóireacht sa réimse táirge ábhartha agus sa teicneolaíocht táirge lena mbaineann, agus eolas ar cheanglais infheidhme an Rialacháin seo. Beidh cuairt measúnaithe ar áitreabh an mhonaróra san áireamh san iniúchadh. Athbhreithneoidh an fhoireann iniúchóireachta an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 4.3.1(e), chun cumas an mhonaróra a fhíorú ceanglais ábhartha an Rialacháin seo a shainaithint, agus na scrúduithe is gá a chur i gcrích d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an fearas nó an feisteas na ceanglais sin.

Tabharfar fógra don mhonaróir maidir leis an gcinneadh. Beidh san fhógra conclúidí an iniúchta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

4.3.4.   Geallfaidh an monaróir na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta arna cheadú a chomhlíonadh agus é a chothabháil ionas go mbeidh sé leordhóthanach agus éifeachtúil fós.

4.3.5.   Coinneoidh an monaróir an comhlacht dá dtugtar fógra, a cheadaigh an córas cáilíochta, ar an eolas faoi aon athrú beartaithe ar an gcóras cáilíochta.

Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra meastóireacht ar aon athruithe molta agus cinnfidh sé cibé acu an leanfaidh an córas cáilíochta modhnaithe leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 4.3.2 a shásamh nó an bhfuil gá le hathmheasúnú.

Tabharfaidh sé fógra don mhonaróir faoina chinneadh. Beidh san fhógra conclúidí an scrúdaithe agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

4.4.   Faireachas faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra

4.4.1.   Is é is cuspóir d'fhaireachas a áirithiú go gcomhlíonfaidh an monaróir na hoibleagáidí go cuí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta ceadaithe.

4.4.2.   Lamhálfaidh an monaróir, chun críocha measúnachta, don chomhlacht dá dtugtar fógra rochtain ar na láithreáin monaraithe, cigireachta, tástála agus stórála agus cuirfidh sé gach faisnéis is gá ar fáil dó, go háirithe:

(a)

doiciméadacht an chórais cáilíochta;

(b)

na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha cáilíochta ar an bpearsanra lena mbaineann, etc.

4.4.3.   Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla uair sa dá bhliain ar a laghad chun a áirithiú go gcothabhálann an monaróir an córas cáilíochta agus go gcuireann sé i bhfeidhm é agus cuirfidh sé tuarascáil iniúchta ar fáil don mhonaróir.

4.4.4.   Ina theannta sin, féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra cuairteanna gan choinne a thabhairt ar an monaróir. Le linn na gcuairteanna sin féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra, más gá, tástálacha a dhéanamh ar an táirge, nó tabharfaidh sé go ndéanfar iad, chun a fhíorú go bhfuil an córas cáilíochta ag feidhmiú i gceart. Cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra tuarascáil cuairte ar fáil don mhonaróir agus, má cuireadh tástálacha i gcrích, tuarascáil tástála.

4.5.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta de chuid AE

4.5.1.   Greamóidh an monaróir marcáil CE agus, faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 4.3.1, uimhir aitheantais an chomhlachta sin do gach fearas nó feisteas aonair atá i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

4.5.2.   Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta de chuid AE i scríbhinn do gach múnla fearais nó feistis a tharraingt suas agus é a choimeád faoina réir ag na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh. Sainaithneofar sa dearbhú comhréireachta de chuid AE múnla an fhearais nó an fheistis dár tarraingíodh suas é.

Déanfar cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha ar iarraidh uathu. Beidh cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE atá ag an bhfeisteas ag gabháil leis an bhfeisteas nó, i gcás inarb infheidhme, leis an mbaisc nó leis an gcoinsíneacht.

4.6.   Coinneoidh an monaróir, ar feadh tréimhse dar críoch 10 mbliana ar a laghad tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh, na nithe seo a leanas faoina réir ag na húdaráis náisiúnta:

(a)

an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe 4.3.1;

(b)

an fhaisnéis a bhaineann leis an athrú dá dtagraítear i bpointe 4.3.5, arna cheadú;

(c)

cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 4.3.5, i bpointe 4.4.3 agus i bpointe 4.4.4.

4.7.   Déanfaidh gach comhlacht dá dtugtar fógra ceaduithe córas cáilíochta atá eisithe nó aistarraingthe a chur in iúl dá údarás a thugann fógra, agus cuirfidh sé ar fáil, go tréimhsiúil nó air sin a iarraidh, dá údarás a thugann fógra liosta na gceaduithe córas cáilíochta atá diúltaithe, curtha ar fionraí nó a bhfuil teorannú déanta ar shlí eile air.

Déanfaidh gach comhlacht dá dtugtar fógra ceaduithe córas cáilíochta a rinne sé atá diúltaithe aige, curtha ar fionraí aige, aistarraingthe aige nó a bhfuil teorannú déanta aige ar shlí eile air,, a chur in iúl do na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra, agus, arna iarraidh sin, ceaduithe córas cáilíochta a d'eisigh sé.

4.8.   Ionadaí údaraithe

Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra, a leagtar amach i bpointí 4.3.1, 4.3.5, 4.5 agus 4.6 a chomhlíonadh, thar cheann agus faoi fhreagracht an mhonaróra sin, ar choinníoll go mbeidh siad sonraithe sa sainordú.

5.   MODÚL F: CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR FHÍORÚ TÁIRGE

5.1.   Is é an chineál-chomhréireacht arna bunú ar fhíorú táirge an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 5.2, i bpointe 5.5.1 agus i bpointe 5.6, agus ina n-áirithíonn sé agus ina ndearbhaíonn sé ar a fhreagracht féin amháin go bhfuil na fearais nó na feistis lena mbaineann, a bhí faoi réir phointe 5.3, i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus go sásaíonn siad ceanglais an Rialacháin sin a bhfuil feidhm acu maidir leo.

5.2.   Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus a fhaireachán comhréireacht na bhfearas nó na bhfeisteas monaraithe leis an gcineál ceadaithe a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus le ceanglais uile an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leo.

5.3.   Fíorú

Déanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra arna roghnú ag an monaróir, scrúduithe agus tástálacha iomchuí, nó tabharfaidh sé go ndéanfar iad, chun a sheiceáil go gcomhlíonann na fearais nó feistis an cineál ceadaithe a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus ceanglais iomchuí an Rialacháin seo.

Déanfar na scrúduithe agus na tástálacha lena sheiceáil go gcomhlíonann na fearais nó na feistis na ceanglais iomchuí a chur i gcrích, de réir rogha an mhonaróra trí gach fearas nó feisteas a scrúdú agus a thástáil mar a shonraítear i bpointe 5.4 nó trí na fearais nó na feistis a scrúdú agus a thástáil ar bhonn staidrimh mar a shonraítear i bpointe 5.5.

5.4.   Comhréireacht a fhíorú trí gach fearas nó feisteas a scrúdú agus a thástáil

5.4.1.   Déanfar scrúdú aonair ar gach fearas nó feisteas agus déanfar tástálacha iomchuí mar a leagtar amach sa chaighdeán comhchuibhithe ábhartha/sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó sna tástálacha coibhéiseacha a leagtar amach i sonraíochtaí ábhartha teicniúla eile chun comhréireacht a fhíorú leis an gcineál ceadaithe a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus le ceanglais iomchuí an Rialacháin seo.

In éagmais caighdeán comhchuibhithe den sórt sin, cinnfidh an comhlacht dá dtugtar fógra lena mbaineann na tástálacha iomchuí a bheidh le chur i gcrích.

5.4.2.   Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú comhréireachta a eisiúint i leith na scrúduithe agus na dtástálacha arna gcur i gcrích, agus greamóidh sé a uimhir aitheantais de gach fearas nó feisteas ceadaithe, nó tabharfaidh sé go ngreamófar é faoina fhreagracht.

Coinneoidh an monaróir na deimhnithe comhréireachta ar fáil le cigireacht a dhéanamh orthu ag na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh.

5.5.   Comhréireacht a fhíorú ar bhonn staidrimh

5.5.1.   Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus an faireachán air aonchineálacht gach luchtóige a tháirgtear, agus tíolacfaidh sé a fhearas nó a fheisteas lena fhíorú i bhfoirm luchtóg aonchineálach.

5.5.2.   Tógfar sampla randamach ó gach luchtóg i gcomhréir le ceanglais phointe 5.5.3. Déanfar scrúdú aonair ar gach fearas nó feisteas agus déanfar tástálacha iomchuí mar a leagtar amach sa chaighdeán comhchuibhithe ábhartha/sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó sna tástálacha coibhéiseacha a leagtar amach i sonraíochtaí ábhartha teicniúla eile, a chur i gcrích chun a gcomhréireacht a fhíorú le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo chun a chinneadh cibé acu a ghlacfar leis an luchtóg nó a dhiúltófar di. In éagmais caighdeán comhchuibhithe den sórt sin, cinnfidh an comhlacht dá dtugtar fógra lena mbaineann na tástálacha iomchuí a bheidh le chur i gcrích.

5.5.3.   Cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra córas samplála i bhfeidhm leis na saintréithe seo a leanas:

leibhéal cáilíochta ar comhréir le dóchúlacht glactha 95 %, le céatadán neamh-chomhréireachta idir 0,5 % agus 1,5 %;

teorainn cáilíochta ar comhréir le dóchúlacht glactha 5 %, le céatadán neamh-chomhréireachta idir 5 % agus 10 %.

5.5.4.   Má ghlactar le luchtóg, measfar gur ceadaíodh fearais nó feistis uile na luchtóige, ach amháin i gcás na bhfearas nó na bhfeisteas as an sampla nár shásaigh na tástálacha.

Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú comhréireachta a eisiúint i leith na scrúduithe agus na dtástálacha arna gcur i gcrích, agus greamóidh sé a uimhir aitheantais de gach fearas nó feisteas ceadaithe, nó tabharfaidh sé go ngreamófar é faoina fhreagracht.

Coinneoidh an monaróir na deimhnithe comhréireachta faoina réir ag na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh.

5.5.5.   Má dhiúltaítear do luchtóg, déanfar an comhlacht dá dtugtar fógra nó an t-údarás inniúil na bearta iomchuí chun a chosc go gcuirfear an luchtóg sin ar an margadh. I gcás ina ndiúltófar do luchtóga go minic, féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra an fíorú ar bhonn staidrimh a fhionraí agus bearta iomchuí a dhéanamh.

5.6.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta de chuid AE

5.6.1.   Greamóidh an monaróir marcáil CE agus, faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 5.3, uimhir aitheantais an chomhlachta sin de gach fearas nó feisteas aonair atá i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

5.6.2.   Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta de chuid AE i scríbhinn do gach múnla fearais nó feistis a tharraingt suas agus é a choimeád faoina réir ag na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh. Sainaithneofar sa dearbhú comhréireachta de chuid AE múnla an fhearais nó an fheistis dár tarraingíodh suas é.

Déanfar cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha ar iarraidh uathu. Beidh cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE atá ag an bhfeisteas ag gabháil leis an bhfeisteas nó, i gcás inarb infheidhme, leis an mbaisc nó leis an gcoinsíneacht.

Má aontaíonn an comhlacht dá dtugtar fógra i bpointe 5.3 agus faoina fhreagracht, féadfaidh an monaróir uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a ghreamú den fhearais nó den fheisteas freisin.

5.7.   Má aontaíonn an comhlacht dá dtugtar fógra agus faoina fhreagracht, féadfaidh an monaróir uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a ghreamú de na fearais nó de na feistis le linn an phróisis monaraíochta.

5.8.   Ionadaí údaraithe

Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra a chomhlíonadh, thar cheann agus faoi fhreagracht an mhonaróra sin, ar choinníoll go mbeidh siad sonraithe sa sainordú. Ní fhéadfaidh ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 5.2 agus i bpointe 5.5.1 a chomhlíonadh.

6.   MODÚL G: COMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR FHÍORÚ AONAD

6.1.   Is í an chomhréireacht arna bunú ar fhíorú fearas nó feisteas, an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 6.2, i bpointe 6.3 agus i bpointe 6.5, agus ina n-áirithíonn agus ina bhfógraíonn an té sin ar a fhreagracht nó ar a freagracht féin amháin go bhfuil an fearas nó an feisteas lena mbaineann, a bhí faoi réir phointe 6.4, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin sin a bhfuil feidhm acu maidir leis.

6.2.   Doiciméadacht theicniúil

Déanfaidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a bhunú agus a chur ar fáil don chomhlacht dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 6.4. Cumasóidh an doiciméadacht theicniúil comhréireacht an fhearais nó an fheistis a mheasúnú le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, agus beidh anailís leordhóthanach agus measúnú ar an riosca/ar na rioscaí san áireamh. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar léi, a mhéid is ábhartha don mheasúnú, dearadh, monaraíocht agus oibriú an fearas nó an feisteas.

6.2.1.   Beidh sa doiciméadacht theicniúil, más infheidhme, na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(a)

tuairisc ghinearálta ar an bhfearas nó ar an bhfeisteas,

(b)

dearadh coincheapúil agus líníochtaí agus scéimeanna monaraíochta na gcomhpháirteanna, na bhfo-chóimeálacha, na gciorcad, etc.;

(c)

tuairiscí agus mínithe is gá do thuiscint ar na líníochtaí agus na scéimeanna sin agus ar oibriú an fhearais nó an fheistis;

(d)

liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe, arna gcur i bhfeidhm go hiomlán nó i bpáirt, agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus, i gcás nár cuireadh i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe sin tuairiscí ar na réitigh a rinneadh chun buncheanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear liosta de na sonraíochtaí ábhartha teicniúla eile arna gcur i bhfeidhm. I gcás caighdeáin chomhchuibhithe a bheith i bhfeidhm go páirteach, sonróidh an doiciméadacht theicniúil na codanna a cuireadh i bhfeidhm;

(e)

torthaí na ríomhanna dearaidh a rinneadh, scrúduithe a rinneadh, etc.;

(f)

tuarascálacha tástála;

(g)

treoracha maidir le suiteáil agus le húsáid, i gcomhair fearas;

(h)

treoracha maidir le corprú i bhfearas nó maidir le cóimeáil, i gcomhair feisteas.

6.2.2.   I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an monaróir faoi bhráid an chomhlachta dá dtugtar fógra na doiciméid seo a leanas freisin:

(a)

an deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus an dearbhú comhréireachta de chuid AE a bhaineann leis na feistis arna gcorprú san fhearas;

(b)

fianuithe agus deimhnithe a bhaineann le modhanna monaraíochta agus cigireachta agus faireachán a dhéanamh ar an bhfearas nó ar an bhfeisteas;

(c)

aon doiciméad eile a chumasaíonn don chomhlacht dá dtugtar fógra a mheasúnú a fheabhsú.

Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil faoina réir ag na húdaráis ábhartha náisiúnta ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh.

6.3.   Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus a fhaireachán comhréireacht na bhfearas nó na bhfeisteas monaraithe le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

6.4.   Fíorú

Déanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra arna roghnú ag an monaróir scrúduithe agus tástálacha ábhartha a chur i gcrích, a leagtar amach sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó tástálacha coibhéiseacha a leagtar amach i sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile, chun comhréireacht na bhfearas nó na bhfeisteas a sheiceáil le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, nó tabharfaidh sé go gcuirfear i gcrích iad. In éagmais caighdeán comhchuibhithe den sórt sin cinnfidh an comhlacht dá dtugtar fógra lena mbaineann na tástálacha iomchuí a bheidh le chur i gcrích.

Má mheasann an comhlacht dá dtugtar fógra gur gá, féadfar na scrúduithe agus na tástálacha a chur i gcrích tar éis an feisteas a chorprú, an fearas a chóimeáil nó a shuiteáil.

Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú comhréireachta a eisiúint i leith na scrúduithe agus na dtástálacha arna gcur i gcrích, agus greamóidh sé a uimhir aitheantais den fhearas nó de fheisteas ceadaithe, nó tabharfaidh sé go ngreamófar é faoina fhreagracht.

Coinneoidh an monaróir na deimhnithe comhréireachta faoina réir ag na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh.

6.5.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta de chuid AE

6.5.1.   Greamóidh an monaróir marcáil CE agus, faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 6.4, uimhir aitheantais an chomhlachta sin de gach fearas nó feisteas a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

6.5.2.   Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta de chuid AE i scríbhinn a tharraingt suas agus é a choimeád faoina réir ag na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh. Sainaithneofar sa dearbhú comhréireachta de chuid AE an fearas nó an feisteas dá bhfuil sé tarraingthe suas.

Déanfar cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha ar iarraidh uathu. Beidh cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE atá ag an bhfheisteas ag gabháil leis an bhfeisteas nó, i gcás inarb infheidhme, leis an mbaisc nó leis an gcoinsíneacht.

6.6.   Ionadaí údaraithe

Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 6.2 agus i bpointe 6.5 a chomhlíonadh, thar cheann agus faoi fhreagracht an mhonaróra sin, ar choinníoll go mbeidh siad sonraithe sa sainordú.


IARSCRÍBHINN IV

INSCRÍBHINNÍ

1.

I dteannta mharcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 16, beidh ar an bhfearas nó ar a phláta sonraí an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra;

(b)

cineál, baiscuimhir nó sraithuimhir an fhearais, nó eilimint eile lena lamhálfar é a shainaithint;

(c)

an cineál soláthair leictreachais arna úsáid, i gcás inarb infheidhme;

(d)

marcáil chatagóir an fhearais;

(e)

an brú soláthair ainmniúil don fhearas;

(f)

an fhaisnéis is gá chun suiteáil cheart, shábháilte a áirithiú, de réir chineál an fhearais.

2.

Beidh ar an bhfeisteas nó ar a phláta sonraí, a mhéid is ábhartha, an fhaisnéis dá bhforáiltear i bpointe 1.


IARSCRÍBHINN V

DEARBHÚ COMHRÉIREACHTA DE CHUID AE Uimh. …  (1)

1.

Fearas nó feisteas / múnla fearais nó feistis (uimhir táirge, uimhir chineáil, baiscuimhir nó sraithuimhir).

2.

Ainm agus seoladh an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí údaraithe an mhonaróra sin:

3.

Is faoi fhreagracht an mhonaróra amháin a eisítear an dearbhú comhréireachta seo.

4.

Cuspóir an dearbhaithe (an fearas nó an feisteas lena lamhálfar inrianaitheacht a shainaithint; i gcás inar gá chun an fearas nó an feisteas a shainaithint, féadfar íomhá a áireamh): tuairisc ghinearálta ar an bhfearas nó ar an bhfeisteas;

5.

Tá cuspóir an dearbhaithe a thuairiscítear i bpointe 4 i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú: …(tagairt do ghníomhartha eile de chuid an Aontais arna gcur i bhfeidhm):

6.

Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a úsáideadh nó tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla eile arb ina ndáil a dhearbhaítear comhréireacht:

7.

Rinne an comhlacht dá dtugtar fógra … (ainm, seoladh, uimhir) … (tuairisc ar an idirghabháil) … agus d'eisigh sé an deimhniú/na deimhnithe: … (sonraí, lena n-áirítear a dháta, agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis maidir le fad agus coinníollacha a bhailíochta).

8.

I gcás feisteas, treoracha i dtaobh conas ba cheart an feisteas a chorprú i bhfearas nó a chóimeáil le gurb ionann é agus fearas chun cabhrú le comhlíonadh na gceanglas riachtanach is infheidhme maidir le fearais chríochnaithe.

9.

Faisnéis bhreise:

Arna shíniú thar ceann: …

(áit agus dáta eisiúna):

(ainm, feidhm) (síniú):


(1)  Tá sé de rogha ag an monaróir uimhir a shannadh don dearbhú comhréireachta.


IARSCRÍBHINN VI

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2009/142/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1(1), an chéad fomhír

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1), an dara fomhír

Airteagal 1(3)(a)

Airteagal 1(3)(b) agus (c)

Airteagal 1(4) go (6)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2, pointe 1, pointe 2 agus pointe 6

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2, pointí 3, 4, 5, 7 go 31

Airteagal 2(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2) agus 3(3)

Airteagal 2(2)

Airteagal 4(1) agus 4(4)

Airteagal 4(2) agus (3)

Airteagal 3

Airteagal 5

Airteagal 4

Airteagal 6(1) agus (2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 5(1)(a)

Airteagal 5(1)(b)

Airteagal 5(2)

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8(1) (2) agus (4)

Airteagal 14(1) go (3)

Airteagal 8(3) agus (5)

Airteagal 8(6)

Airteagal 14(4)

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 17

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 38

Airteagal 39

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 42

Airteagal 43

Airteagal 44

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 45

Airteagal 46

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VI