31.3.2016   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 81/1


RIALACHÁN (AE) 2016/424 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2016

maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/9/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I dTreoir 2000/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos rialacha le haghaidh suiteálacha cábla-bhealaigh arna gceapadh, arna dtógáil agus arna n-oibriú d'fhonn daoine a iompar.

(2)

Tá Treoir 2000/9/CE bunaithe ar na prionsabail faoin gcur chuige nua, mar atá leagtha amach sa Rún ón gComhairle an 7 Bealtaine 1985 maidir le cur chuige nua i leith an chomhchuibhithe theicniúil agus i leith caighdeán (4). Ar an gcaoi sin, ní leagtar amach ann ach na ceanglais riachtanacha atá infheidhme maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh, cé go ndéanann an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus an Coiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil (Cenelec) sonraí teicniúla a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Agus comhréireacht leis na caighdeáin chomhchuibhithe á socrú amhlaidh, ar foilsíodh a n-uimhreacha thagartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déantar foráil do thoimhde comhréireachta le ceanglais Threoir 2000/9/CE. Tá sé léirithe sa taithí gur fheidhmigh na bunphrionsabail sin go maith sa réimse sin agus ba cheart iad a choimeád agus fiú cur chun cinn breise a dhéanamh orthu.

(3)

Léiríodh sa taithí a fuarthas ó chur chun feidhme Threoir 2000/9/CE go raibh gá roinnt dá forálacha a mhodhnú d'fhonn iad a shoiléiriú agus a thabhairt chun dáta agus ar an gcaoi sin deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú go príomha maidir le raon feidhme agus le measúnú comhréireachta fochóras.

(4)

Ós rud é nach mór raon feidhme, na ceanglais riachtanacha agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a bheith comhionann sna Ballstáit uile, is ar éigean atá solúbthacht ann agus Treoir bunaithe ar phrionsabail an Chur Chuige Nua á trasuí sa dlí náisiúnta. D'fhonn an creat rialúcháin a shimpliú, ba cheart Rialachán a chur in ionad Threoir 2000/9/CE mar is é Rialachán an ionstraim dlí iomchuí toisc go bhforchuirtear leis rialacha soiléire mionsonraithe nach bhfágann an tsaoirse ag Ballstáit iad a thrasuí ar bhealaí éagsúla, agus dá bhrí sin áirithítear leis cur chun feidhme aonfhoirmeach ar fud an Aontais.

(5)

Le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), leagtar síos creat coiteann prionsabal ginearálta agus forálacha tagartha a bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith acu ar fud na reachtaíochta lena gcomhchuibhítear na dálaí maidir le táirgí a mhargú d'fhonn bonn comhtháite a chur ar fáil chun an reachtaíocht sin a leasú nó a athmhúnlú. Ba cheart dá bhrí sin Treoir 2000/9/CE a chur in oiriúint don Chinneadh sin.

(6)

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), leagtar síos rialacha maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta, foráiltear creat le haghaidh faireachas margaidh ar tháirgí agus le haghaidh rialuithe ar tháirgí ó thríú tíortha, agus leagtar síos prionsabail ghinearálta mharcáil CE.

(7)

Ba cheart do raon feidhme an Rialacháin seo raon feidhme Threoir 2000/9/CE a léiriú. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh atá deartha chun daoine a iompar agus a bhíonn in úsáid go speisialta in ionaid turasóireachta ar airde mhór, i saoráidí iompair uirbeacha nó i saoráidí spóirt. Is córais ardaitheora, amhail iarnróid cháblacha téadbhealaí aerga (cairr chábla, gondalaí, cathaoireacha cábla) agus ardaitheoirí tarraingeora, a bhíonn i gceist le suiteálacha cábla-bhealaigh go príomha. Is iad tarraingt le cábla agus an fheidhm iompair phaisinéirí na critéir riachtanacha lena chinneadh an ndéantar suiteáil cábla-bhealaigh a chuimsiú leis an Rialachán seo.

(8)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ina iomláine maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh nua, maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh a bhfuil údarú nua ag teastáil ina leith agus cumhdaítear leis fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta atá nua ar mhargadh an Aontais nuair a chuirtear air iad; is é sin le rá gur fochórais nua agus comhpháirteanna sábháilteachta nua iad a shaothraigh monaróir atá bunaithe san Aontas nó gur fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta iad, bídís nua nó athláimhe, a allmhairítear ó thríú tír. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hathlonnú suiteálacha cábla-bhealaigh a suiteáladh ar chríoch an Aontais ná le hathlonnú fochóras nó comhpháirteanna sábháilteachta a corpraíodh i suiteálacha den sórt sin, ach amháin má thugtar le tuiscint le hathlonnú den sórt sin go gcaithfear an tsuiteáil cábla-bhealaigh a mhodhnú go mór.

(9)

Tá forbairt déanta ar chineálacha nua suiteálacha cábla-bhealaigh atá beartaithe le haghaidh cúrsaí iompair agus gníomhaíochtaí áineasa araon. Ba cheart suiteálacha den sórt sin a chuimsiú leis an Rialachán seo.

(10)

Is iomchuí suiteálacha áirithe cábla-bhealaigh a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, toisc iad a bheith faoi réir reachtaíocht shonrach eile an Aontais maidir le comhchuibhiú nó toisc go bhféadfaí iad a rialáil go leormhaith ar an leibhéal náisiúnta.

(11)

Tá ardaitheoirí, lena n-áirítear ardaitheoirí cábla-oibrithe, idir ardaitheoirí ingearacha agus claonta, a bhíonn ag freastal go buan ar leibhéil shonracha foirgneamh agus tógálacha agus nach mbíonn ag feidhmiú idir stáisiúin cábla-bhealaigh, faoi réir reachtaíocht shonrach an Aontais agus ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo dá bhrí sin. Déantar suiteálacha cábla-bhealaigh a chumhdaítear leis an Rialachán seo a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(12)

Na suiteálacha cábla-bhealaigh sin a rangaíonn Ballstáit mar shuiteálacha stairiúla, cultúrtha nó oidhreachta, a tháinig i seirbhís roimh an 1 Eanáir 1986 agus atá fós ag feidhmiú, agus i gcás nach ndearnadh aon athrú mór orthu ó thaobh deartha ná tógála, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Baineann an t-eisiamh sin le fochórais agus le comhpháirteanna sábháilteachta freisin atá deartha go sonrach do shuiteálacha cábla-bhealaigh den sórt sin. Ba cheart do Bhallstáit ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte agus sábháilteacht daoine agus maoine atá bainteach le suiteálacha cábla-bhealaigh den sórt sin.

(13)

D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart gach suiteáil cábla-oibrithe ina n-iompraítear na húsáideoirí nó na hiompróirí ar uisce, amhail suiteálacha uisce-sciála cábla-oibrithe, a bheith cuimsithe faoi eisiamh na mbád farantóireachta cábla-oibrithe.

(14)

D'fhonn a áirithiú go ráthaíonn suiteálacha cábla-bhealaigh agus a mbonneagar, a bhfochórais agus a gcomhpháirteanna sábháilteachta ardleibhéal cosanta do shláinte agus sábháilteacht daoine agus maoine, is gá rialacha a leagan síos maidir le dearadh agus le tógáil suiteálacha cábla-bhealaigh.

(15)

Ba cheart do Bhallstáit sábháilteacht suiteálacha cábla-bhealaigh a áirithiú tráth a dtógála, tráth a gcuirtear i mbun seirbhíse iad agus le linn dóibh bheith ag feidhmiú.

(16)

Níor cheart difear a dhéanamh leis an Rialachán seo do cheart na mBallstát na ceanglais a shonrú a mheasann siad a bheith riachtanach maidir le talamhúsáid agus pleanáil réigiúnach agus d'fhonn a áirithiú go ndéanfar an comhshaol agus sláinte agus sábháilteacht na ndaoine, agus go háirithe oibrithe agus pearsanra oibriúcháin, a chosaint agus suiteálacha cábla-bhealaigh in úsáid.

(17)

Níor cheart difear a dhéanamh leis an Rialachán seo do cheart na mBallstát nósanna imeachta leormhaithe a shonrú chun suiteálacha cábla-bhealaigh beartaithe a údarú, chun cigireacht a dhéanamh ar shuiteálacha cábla-bhealaigh sula gcuirtear i mbun seirbhíse iad, agus chun faireachán a dhéanamh orthu agus iad á n-oibriú.

(18)

Ba cheart a chur san áireamh leis an Rialachán seo go mbíonn sábháilteacht suiteálacha cábla-bhealaigh ag brath ar bhonn cothrom ar na dálaí mórthimpeall, ar chaighdeán na n-earraí tionsclaíocha arna soláthar agus ar an gcaoi a ndéantar iad a chóimeáil agus a shuiteáil ar an láithreán agus ar an gcaoi a ndéantar faireachán orthu i rith an oibrithe. D'fhéadfadh sé go mbeadh baint ag cúiseanna tionóiscí tromchúiseacha le rogha an láithreáin, leis an gcóras iompair é féin, leis na struchtúir, nó leis an gcaoi ina ndéantar an córas a oibriú agus a chothabháil.

(19)

Cé nach gcuimsítear oibriú iarbhír suiteálacha cábla-bhealaigh leis an Rialachán seo, ba cheart creat ginearálta a sholáthar leis atá ceaptha lena áirithiú go ndéantar suiteálacha den sórt sin atá suite ar chríoch na mBallstát a oibriú ar bhealach ina soláthrófar leibhéal ard cosanta do phaisinéirí, don phearsanra oibriúcháin agus do thríú páirtithe.

(20)

Ba cheart do Bhallstáit na bearta is gá a ghlacadh lena áirithiú nach ndéantar suiteálacha cábla-bhealaigh a chur i seirbhís ach amháin sa chás ina gcomhlíonann siad an Rialachán seo agus nach dócha go gcuirfear sláinte ná sábháilteacht daoine nó maoine i gcontúirt leo agus iad á suiteáil, á gcothabháil agus á n-oibriú i gceart i gcomhréir lena gcuspóir beartaithe.

(21)

Ba cheart do Bhallstáit nósanna imeachta a leagan síos chun tógáil suiteálacha cábla-bhealaigh atá beartaithe agus modhnú suiteálacha den sórt sin a údarú agus chun iad a chur i seirbhís d'fhonn a áirithiú go ndéantar an tsuiteáil chábla-bhealaigh a thógáil agus a chóimeáil go sábháilte ar an láithreán, i gcomhréir leis an anailís sábháilteachta, a léirítear a toradh sa tuarascáil sábháilteachta, agus le gach ceanglas rialála ábhartha.

(22)

Ba cheart a shainaithint san anailís sábháilteachta le haghaidh suiteálacha cábla-bhealaigh atá beartaithe na comhpháirteanna ar a mbraitheann sábháilteacht na suiteála cábla-bhealaigh.

(23)

Ba cheart a chur san áireamh san anailís sábháilteachta le haghaidh suiteálacha cábla-bhealaigh atá beartaithe na sriantachtaí a bhaineann le hoibriú suiteálacha cábla-bhealaigh, cé nár cheart é sin a dhéanamh ar bhealach ina ndéanfaí prionsabal na saorghluaiseachta earraí le haghaidh fochóras agus comhpháirteanna ná sábháilteacht na suiteálacha cábla-bhealaigh féin a chur i gcontúirt.

(24)

Rialacha maidir le húdarú do chur i seirbhís suiteálacha cábla-bhealaigh, tagann siad faoi inniúlacht na mBallstát. Is iad na húdaráis nó na comhlachtaí inniúla a dheonaíonn an t-údarú do chur i seirbhís. Faireachán ar shábháilteacht oibriúcháin na suiteála cábla-bhealaigh, tagann sé faoi inniúlacht na mBallstát freisin. Dá bhrí sin, ba cheart do Bhallstáit a chinneadh cé a bheidh freagrach as an tsuiteáil chábla-bhealaigh agus cé a bheidh freagrach, agus, dá réir sin, as an anailís sábháilteachta ar shuiteáil chábla-bhealaigh atá beartaithe.

(25)

Is é is aidhm don Rialachán seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh d'fhochórais suiteálacha cábla-bhealaigh agus de chomhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh suiteálacha cábla-bhealaigh a áirithiú. Ba cheart go mbeadh fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta a chomhlíonann an Rialachán seo in ann leas a bhaint as prionsabal na saorghluaiseachta earraí.

(26)

Ba cheart go bhféadfaí fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta a úsáid i suiteáil chábla-bhealaigh ar an gcoinníoll go bhféadfaí suiteálacha cábla-bhealaigh a thógáil leo a chomhlíonfaidh an Rialachán seo agus nach dócha go gcuirfear sláinte ná sábháilteacht daoine nó maoine i gcontúirt leis na suiteálacha sin agus iad á suiteáil, á gcothabháil agus á n-oibriú i gceart i gcomhréir lena gcuspóir beartaithe.

(27)

Ba cheart na ceanglais riachtanacha a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach ina mbainfí leas as teicneolaíocht úrscothach tráth an deartha agus an mhonaraithe mar aon le comaoineacha teicniúla agus eacnamaíocha atá i gcomhréir le leibhéal ard cosanta don tsláinte agus don tsábháilteacht.

(28)

Ba cheart d'oibreoirí eacnamaíocha a bheith freagrach as comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ó thaobh fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta de, i ndáil lena róil faoi seach sa slabhra soláthair, d'fhonn ardleibhéal cosanta ar leasanna an phobail a áirithiú, amhail sláinte agus sábháilteacht daoine agus cosaint maoine, agus chun iomaíocht chothrom a ráthú i margadh an Aontais.

(29)

Na hoibreoirí eacnamaíocha a mbíonn ról acu i slabhra an tsoláthair agus an dáileacháin, ba cheart dóibh gach beart is iomchuí a dhéanamh lena áirithiú nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta atá i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is gá foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí a bheidh in oiriúint do ról gach oibreora eacnamaíoch i slabhra an tsoláthair agus an dáileacháin.

(30)

Is é an monaróir fochóras nó comhpháirteanna sábháilteachta is fearr atá ábalta an nós imeachta um measúnú comhréireachta a dhéanamh mar tá eolas mionsonraithe aige sin ar an bpróiseas deartha agus táirgthe. Dá bhrí sin, ba cheart gur ar mhonaróir an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta amháin a bheadh an oibleagáid an measúnú comhréireachta a dhéanamh.

(31)

D'fhonn cumarsáid idir oibreoirí eacnamaíocha agus na húdaráis náisiúnta faireachais margaidh a éascú, ba cheart do Bhallstáit oibreoirí eacnamaíocha a spreagadh chun seoladh suímh gréasáin a thabhairt, chomh maith leis an seoladh poist.

(32)

Caithfear a áirithiú go gcomhlíonfaidh fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta ó thríú tíortha a thagann isteach i margadh an Aontais ceanglais an Rialacháin seo, agus go háirithe go mbeidh nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta déanta ag na monaróirí maidir leis na fochórais agus leis na comhpháirteanna sábháilteachta sin. Ba cheart foráil a dhéanamh dá bhrí sin go n-áiritheoidh allmhaireoirí go gcomhlíonfaidh na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta a chuirfidh siad ar an margadh ceanglais an Rialacháin seo, agus nach ndéanfaidh na hallmhaireoirí sin fochórais ná comhpháirteanna sábháilteachta a chur ar an margadh nach gcomhlíonfaidh ceanglais den sórt sin nó a mbeidh baol ag baint leo. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin go n-áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta déanta agus go bhfuil marcáil agus doiciméadacht an fhochórais agus na comhpháirte sábháilteachta arna ndréachtú ag monaróirí ar fáil lena scrúdú ag na húdaráis inniúla náisiúnta.

(33)

Cuireann an dáileoir fochóras nó comhpháirt sábháilteachta ar fáil ar an margadh tar éis don mhonaróir nó don allmhaireoir é a chur ar an margadh agus ba cheart don dáileoir gníomhú leis an gcúram cuí lena áirithiú nach ndéanfar difear díobhálach do chomhlíonadh an fhochórais ná na comhpháirte sábháilteachta trína láimhseáil.

(34)

Agus fochóras nó comhpháirt sábháilteachta á chur ar an margadh, ba cheart do gach allmhaireoir a ainm, a thrádainm cláraithe nó a thrádmharc cláraithe agus an seoladh poist trínar féidir teagmháil a dhéanamh leis, mar aon le suíomh gréasáin, más ann dó, a léiriú ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí i gcásanna nach féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar mhéid nó ar chineál an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta. Áirítear leo sin cásanna ina mbeadh ar an allmhaireoir an phacáistíocht a oscailt chun a ainm agus a sheoladh a chur ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta.

(35)

Oibreoir eacnamaíoch ar bith a chuirfidh fochóras nó comhpháirt sábháilteachta ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc féin nó a mhodhnóidh fochóras nó comhpháirt sábháilteachta ar bhealach go bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo, ba cheart é a mheas mar an monaróir agus ba cheart dó oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh.

(36)

Ba cheart do dháileoirí agus d'allmhaireoirí a bheith rannpháirteach sna cúraimí faireachais margaidh a dhéanann na húdaráis inniúla náisiúnta toisc iad a bheith gar don mhargadh, agus ba cheart dóibh a bheith sásta a bheith rannpháirteach go gníomhach, agus an fhaisnéis ar fad is gá maidir leis na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta lena mbaineann a chur ar fáil do na húdaráis sin.

(37)

Bíonn an faireachas margaidh níos simplí agus níos éifeachtúla má áirithítear inrianaitheacht fochórais nó comhpháirte sábháilteachta síos trí shlabhra an tsoláthair. Trí bhíthin córas éifeachtúil inrianaitheachta, éascaítear cúram na n-údarás faireachais margaidh maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha a chuir fochórais nó comhpháirteanna sábháilteachta neamhchomhlíontacha ar fáil ar an margadh a rianú. Agus an fhaisnéis a éilítear faoin Rialachán seo chun oibreoirí eacnamaíocha eile a shainaithint á gcoinneáil acu, níor cheart a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis den sórt sin a nuashonrú i dtaca le hoibreoirí eacnamaíocha eile a chuir fochóras nó comhpháirt shábháilteachta ar fáil dóibh nó ar chuir siad féin fochóras nó comhpháirt shábháilteachta ar fáil dóibh.

(38)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith teoranta do na ceanglais riachtanacha a léiriú. D'fhonn measúnú comhréireachta leis na ceanglais sin a éascú, ní mór foráil a dhéanamh maidir le toimhde comhréireachta le haghaidh suiteálacha cábla-bhealaigh, fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, d'fhonn sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe na gceanglas sin a léiriú, go háirithe maidir le dearadh, tógáil agus oibriú suiteálacha cábla-bhealaigh.

(39)

Déantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le nós imeachta chun agóidí a dhéanamh i gcoinne caighdeán comhchuibhithe i gcás nach gcomhlíonann na caighdeáin sin ceanglais an Rialacháin seo ina n-iomláine.

(40)

Is gá foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta d'fhonn cur ar chumas oibreoirí eacnamaíocha a léiriú go gcomhlíonann na fochórais agus na comhpháirteanna sábháilteachta arna gcur ar fáil ar an margadh na ceanglais riachtanacha agus d'fhonn cur ar chumas na n-údarás inniúil é sin a áirithiú. I gCinneadh Uimh. 768/2008/CE, bunaítear modúil maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena n-áirítear nósanna imeachta ón gceann is lú déine go dtí an ceann is mó déine, i gcomhréir leis an leibhéal riosca lena mbaineann agus leis an leibhéal sábháilteachta is gá. D'fhonn comhleanúnachas idir earnálacha a áirithiú agus d'fhonn leaganacha malartacha ad hoc a sheachaint, ba cheart nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a roghnú as measc na modúil sin.

(41)

Ba cheart do mhonaróirí fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta dearbhú comhréireachta AE a dhréachtú chun an fhaisnéis is gá faoin Rialachán seo a sholáthar maidir le comhréireacht fochórais nó comhpháirte sábháilteachta le ceanglais an Rialacháin seo agus le ceanglais reachtaíocht ábhartha eile an Aontais um chomhchuibhiú. Ba cheart do dhearbhú comhréireachta AE bheith ag gabháil leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta.

(42)

D'fhonn rochtain éifeachtach ar fhaisnéis chun críocha faireachais mhargaidh a áirithiú, ba cheart an fhaisnéis is gá chun gach gníomh infheidhme de chuid an Aontais a shainaithint le haghaidh fochórais nó comhpháirte sábháilteachta a bheith ar fáil i ndearbhú aonair comhréireachta AE. Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, féadfaidh an dearbhú aonair comhréireachta AE sin bheith mar chomhad ina mbeadh na dearbhuithe ábhartha aonair comhréireachta.

(43)

Is é marcáil CE, lena léirítear comhréireacht fochórais nó comhpháirte sábháilteachta, an iarmhairt infheicthe ar phróiseas iomlán lena gcuimsítear measúnú comhréireachta sa chiall is leithne. Tá na prionsabail ghinearálta lena rialaítear marcáil CE agus an gaol idir é agus marcálacha eile leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ba cheart rialacha lena rialófaí greamú mharcáil CE a leagan síos sa Rialachán seo.

(44)

Is gá seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas riachtanach dá bhforáiltear sa Rialachán seo ó thaobh fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta de d'fhonn cosaint éifeachtach a sholáthar do phaisinéirí, do phearsanra oibriúcháin agus do thríú páirtithe.

(45)

Tá idirghabháil comhlachtaí um measúnú comhréireachta, a dtugann Ballstáit fógra ina leith don Choimisiún, de dhíth faoi na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach sa Rialachán seo.

(46)

Maidir leis na critéir a leagtar amach i dTreoir 2000/9/CE, nach mór do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a chomhlíonadh ionas go dtabharfaí fógra ina leith don Choimisiún, tá sé léirithe sa taithí nach leor iad chun ardleibhéal aonfhoirmeach feidhmíochta na gcomhlachtaí sin dá dtugtar fógra a áirithiú ar fud an Aontais. Tá sé ríthábhachtach, mar sin féin, go gcomhlíonfadh na comhlachtaí uile dá dtugtar fógra a bhfeidhmeanna ar an leibhéal céanna agus faoi dhálaí iomaíochta cothroma. Chuige sin, is gá ceanglais éigeantacha a leagan amach le haghaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mian leo go dtabharfaí fógra dóibh chun seirbhísí um measúnú comhréireachta a sholáthar.

(47)

D'fhonn leibhéal comhsheasmhach caighdeáin um measúnú comhréireachta a áirithiú, is gá freisin ceanglais a leagan amach le haghaidh na n-údarás a thugann fógra agus comhlachtaí eile a bhfuil baint acu le comhlachtaí dá dtugtar fógra a mheasúnú, fógra a thabhairt dóibh, agus faireachán a dhéanamh orthu.

(48)

Más rud é go léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta comhréireacht leis na critéir atá leagtha síos i gcaighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart a thoimhdeadh go gcomhlíonann an comhlacht sin na ceanglais chomhfhreagracha atá leagtha amach sa Rialachán seo.

(49)

Ba cheart an córas atá leagtha amach sa Rialachán seo a chomhlánú leis an gcóras creidiúnúcháin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ós rud é gur bealach ríthábhachtach é an creidiúnú chun inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a fhíorú, ba cheart é a úsáid freisin i dtaca le fógra a thabhairt.

(50)

Ba cheart do na húdaráis phoiblí náisiúnta ar fud an Aontais creidiúnú trédhearcach amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, lena n-áirithítear an leibhéal muiníne is gá i ndeimhnithe comhréireachta, a mheas mar an rogha modha chun inniúlacht theicniúil comhlachtaí um measúnú comhréireachta a léiriú. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta, áfach, a mheas go bhfuil modhanna cuí acu chun an mheastóireacht sin a dhéanamh iad féin. I gcásanna den sórt sin, chun a áirithiú go mbeidh an leibhéal cuí creidiúnachta ag meastóireachtaí a dhéanfaidh údaráis náisiúnta eile, ba cheart dóibh an fhianaise dhoiciméadach is gá a léiríonn go gcomhlíonann na comhlachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais rialála iomchuí a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

(51)

Is minic a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta codanna dá gcuid oibre a bhaineann le measúnú comhréireachta a ligeann ar fochonradh nó is minic a théann siad in iontaoibh fochuideachta. D'fhonn an leibhéal cosanta atá riachtanach chun fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta a chur ar mhargadh an Aontais a chosaint, tá sé riachtanach go gcomhlíonfadh fochonraitheoirí agus fochuideachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais chéanna is a chomhlíonann comhlachtaí dá dtugtar fógra maidir le feidhmiú cúraimí um measúnú comhréireachta. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go gcuimseofaí sa mheasúnú ar inniúlacht agus ar fheidhmíocht comhlachtaí a dtabharfar fógra dóibh agus san fhaireachán ar chomhlachtaí ar tugadh fógra dóibh cheana, gníomhaíochtaí a dhéanann fochonraitheoirí agus fochuideachtaí.

(52)

Is gá éifeachtúlacht agus trédhearcacht an nós imeachta um fhógra a thabhairt a mhéadú agus, go háirithe, é a chur in oiriúint do theicneolaíochtaí nua chun go mbeifear in ann fógra a thabhairt ar líne.

(53)

Ós rud é go bhféadfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra a seirbhísí a thairiscint ar fud an Aontais, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agóidí a dhéanamh maidir le comhlacht dá dtugtar fógra. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le tréimhse inar féidir amhras nó ábhar imní ar bith maidir le hinniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta a shoiléiriú sula dtosóidís ag feidhmiú mar chomhlachtaí dá dtugtar fógra.

(54)

Ar mhaithe leis an iomaíochas, tá sé ríthábhachtach go gcuirfeadh comhlachtaí dá dtugtar fógra na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm gan ualaí nach bhfuil gá leo a chruthú d'oibreoirí eacnamaíocha. Ar an gcúis chéanna, agus d'fhonn a áirithiú go gcaithfear go cothrom le gach oibreoir eacnamaíoch, ní mór comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm teicniúil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a áirithiú. Is fearr is féidir é sin a bhaint amach trí chomhordú agus trí chomhar iomchuí idir comhlachtaí dá dtugtar fógra.

(55)

Ba cheart go mbeadh sé de cheart ag páirtithe leasmhara achomharc a dhéanamh i gcoinne toradh measúnaithe comhréireachta a rinne comhlacht dá dtugtar fógra. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh fáil ar nós imeachta achomhairc in aghaidh cinntí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra.

(56)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ní mór a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag na rialacha maidir le faireachas margaidh san Aontas agus maidir le rialú ar tháirgí ag teacht isteach san Aontas, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, maidir leis na fochórais agus na comhpháirteanna sábháilteachta a chumhdaítear faoin Rialachán seo. Leis an Rialachán seo, níor cheart cosc a chur ar Bhallstáit údaráis inniúla a roghnú chun dul i mbun na gcúraimí sin.

(57)

Foráiltear i dTreoir 2000/9/CE cheana féin do nós imeachta cosanta atá riachtanach ionas go bhféadfaí cur i gcoinne comhréireacht fochórais nó comhpháirte sábháilteachta. Chun cur leis an trédhearcacht agus chun amanna próiseála a laghdú, caithfear an nós imeachta cosanta atá ann cheana a fheabhsú ionas go mbeidh sé níos éifeachtúla agus ionas go dtarraingeoidh sé ar an saineolas atá ar fáil i mBallstáit.

(58)

Ba cheart an córas atá ann cheana a fhorlíonadh le nós imeachta faoina dtugtar fógra do pháirtithe leasmhara faoi bhearta atá le glacadh i dtaca le fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta a chuireann sláinte nó sábháilteacht daoine nó maoine i mbaol. Ba cheart, leis sin, go bhféadfadh údaráis faireachais margaidh, i gcomhar leis na hoibreoirí ábhartha eacnamaíocha, gníomhú níos luaithe i gcás fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta den sórt sin.

(59)

I gcás ina mbíonn na Ballstáit agus an Coimisiún ar aon intinn faoin údar atá le beart a ghlac Ballstát, níor cheart go gcaithfeadh an Coimisiún aon ní eile a dhéanamh, ach amháin más rud é gur easnaimh i gcaighdeán comhchuibhithe is cúis leis an neamhchomhlíonadh.

(60)

Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(61)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina n-iarrtar ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh maidir le comhlachtaí dá dtugtar fógra nach gcomhlíonann na ceanglais chun fógra a thabhairt dóibh nó comhlachtaí nach bhfuil ag comhlíonadh na gceanglas sin a thuilleadh.

(62)

Ba cheart leas a bhaint as an nós imeachta scrúdúcháin chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i dtaca le fochórais chomhlíontacha agus comhpháirteanna sábháilteachta comhlíontacha a chuireann sláinte nó sábháilteacht daoine nó maoine i mbaol.

(63)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha infheidhme cur chun feidhme a ghlacadh láithreach más gá, ar mhórchúiseanna práinne, i gcásanna cuí-réasúnaithe a bhaineann le fochórais chomhlíontacha nó comhpháirteanna sábháilteachta comhlíontacha a chuireann sláinte nó sábháilteacht daoine i mbaol.

(64)

I gcomhréir leis an gcleachtas seanbhunaithe, féadfaidh an coiste a bhunaítear faoin Rialachán seo ról fónta bheith aige maidir le hábhair a scrúdú a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar ábhair iad a tharraing cathaoirleach an choiste anuas nó a tharraing ionadaí ó Bhallstát anuas i gcomhréir lena rialacha nós imeachta.

(65)

Nuair a bhíonn ábhair a bhaineann leis an Rialachán seo, seachas cur chun feidhme an Rialacháin nó sáruithe air, á scrúdú, i.e. ag sainghrúpa de chuid an Choimisiúin, ba cheart an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad a chur chuig Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis an ngnáthchleachtas, agus nuair is iomchuí, ba cheart a iarraidh uirthi bheith i láthair ag cruinnithe den sórt sin.

(66)

Ba cheart don Choimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus, ag féachaint do chineál speisialta na ngníomhartha sin, ag gníomhú dó gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm, a chinneadh an bhfuil údar leis na bearta arna nglacadh ag Ballstáit i dtaca le fochórais nó comhpháirteanna sábháilteachta neamhchomhlíontacha.

(67)

Is gá foráil a dhéanamh maidir le socruithe réasúnacha idirthréimhseacha trína bhféadfar fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta, a cuireadh ar an margadh cheana i gcomhréir le Treoir 2000/9/CE, a chur ar fáil ar an margadh, gan é bheith riachtanach ceanglais breise maidir le táirgí a chomhlíonadh.

(68)

Is gá foráil a dhéanamh maidir le socruithe idirthréimhseacha trína bhféadfar suiteálacha cábla-bhealaigh, a suiteáladh cheana féin i gcomhréir le Treoir 2000/9/CE, a chur i seirbhís.

(69)

Ba cheart do Bhallstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialachán seo agus ar dhlíthe náisiúnta a glacadh de bhun an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh forfheidhmiú na rialacha sin a áirithiú. Ba cheart do na pionóis dá bhforáiltear bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Leis na pionóis sin, ba cheart tromchúise, ré agus, i gcás inarb infheidhme, cineál intinniúil an tsáraithe a chur san áireamh. Sa bhreis air sin, ba cheart a chur san áireamh, leis na pionóis, an ndearna an t-oibreoir eacnamaíoch sárú comhchosúil ar an Rialachán seo roimhe sin.

(70)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon a áirithiú go gcomhlíonann suiteálacha cábla-bhealaigh ceanglais lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do shláinte agus do shábháilteacht daoine agus maoine agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh fochóras agus comhpháirteanna á ráthú, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur fearr, os a choinne sin, de bharr a fhairsinge agus a n-iarmhairtí, is féidir an cuspóir sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(71)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2000/9/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh suiteálacha cábla-bhealaigh a chur ar fáil ar an margadh agus maidir le saorghluaiseacht na bhfochóras agus na gcomhpháirteanna sin. Tá rialacha ann freisin maidir le dearadh, tógáil agus cur i seirbhís suiteálacha nua cábla-bhealaigh.

Airteagal 2

Raon feidhme

(1)   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le suiteálacha nua cábla-bhealaigh atá ceaptha chun daoine a iompar, maidir le modhnuithe ar shuiteálacha cábla-bhealaigh a bhfuil údarú nua ag teastáil ina leith agus maidir le fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh suiteálacha cábla-bhealaigh.

(2)   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

ardaitheoirí a chumhdaítear le Treoir 2014/33/AE;

(b)

na suiteálacha cábla-bhealaigh sin a rangaíonn Ballstáit mar shuiteálacha stairiúla, cultúrtha nó oidhreachta, a cuireadh i seirbhís roimh an 1 Eanáir 1986 agus atá fós ag feidhmiú agus nach ndearnadh aon athrú suntasach orthu ó thaobh deartha ná tógála, lena n-áirítear fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta a dheartar go sonrach dóibh;

(c)

suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta;

(d)

suiteálacha cábla-bhealaigh chun seirbhísiú a dhéanamh ar fhoscadáin sléibhe nó ar bhotháin nach bhfuil ceaptha ach le hearraí agus daoine a ainmnítear go sonrach a iompar;

(e)

trealamh ar an láithreán nó trealamh soghluaiste atá ceaptha go heisiach chun críocha áineasa agus fóillíochta seachas mar mhodh chun daoine a iompar;

(f)

suiteálacha mianadóireachta nó suiteálacha eile ar an láithreán a úsáidtear i ngníomhaíochtaí tionsclaíocha;

(g)

suiteálacha ina n-iompraítear na húsáideoirí nó a n-iompróirí ar an uisce.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “suiteáil chábla-bhealaigh” córas iomlán ar an láithreán, lena gcuimsítear bonneagar agus fochórais, arna dhearadh, arna thógáil, arna chóimeáil agus arna chur i seirbhís arb é atá mar chuspóir aige daoine a iompar, agus ina gcuirtear an tarraingt ar fáil trí bhíthin cáblaí atá suite feadh na líne taistil;

(2)

ciallaíonn “fochóras” córas atá liostaithe in Iarscríbhinn I nó teaglaim díobh atá ceaptha lena gcorprú i suiteálacha cábla-bhealaigh;

(3)

ciallaíonn “bonneagar” struchtúr stáisiúin nó struchtúr feadh na líne arna dhearadh go sainiúil le haghaidh gach suiteála cábla-bhealaigh agus arna thógáil ar an láithreán agus a chuireann san áireamh leagan amach agus sonraí an chórais agus a bhfuil gá leis chun an tsuiteáil chábla-bhealaigh, lena n-áirítear na bunsraitheanna, a thógáil agus a oibriú;

(4)

ciallaíonn “comhpháirt sábháilteachta” comhpháirt trealaimh ar bith nó gléas ar bith atá beartaithe lena chorprú i bhfochóras nó i suiteáil chábla-bhealaigh d'fhonn feidhm sábháilteachta a áirithiú, a gcuirfeadh teip na comhpháirte sin sábháilteacht nó sláinte paisinéirí, pearsanra oibriúcháin nó tríú páirtithe i gcontúirt;

(5)

ciallaíonn “inoibritheacht” na forálacha teicniúla agus na bearta teicniúla a bhfuil tionchar acu ar dhearadh agus ar thógáil agus atá riachtanach le haghaidh oibriú sábháilte na suiteála cábla-bhealaigh;

(6)

ciallaíonn “inchothabháilteacht” na forálacha teicniúla agus na bearta teicniúla a bhfuil tionchar acu ar dhearadh agus ar thógáil agus atá riachtanach le haghaidh cothabhála, a ndearnadh iad a dhearadh le hoibriú sábháilte na suiteála cábla-bhealaigh a áirithiú;

(7)

ciallaíonn “carr cábla” suiteáil chábla-bhealaigh ina bhfuil na hiompróirí ar crochadh ó aon chábla amháin nó níos mó agus arb é an cábla sin nó na cáblaí sin a thiomáineann iad;

(8)

ciallaíonn “ardaitheoir tarraingeora” suiteáil chábla-bhealaigh ina ndéantar paisinéirí leis an trealamh cuí a tharraingt ar rian ullmhaithe;

(9)

ciallaíonn “iarnród cáblach” suiteáil chábla-bhealaigh ina ndéantar na hiompróirí a tharlú le téad amháin nó níos mó ar rian a fhéadfaidh bheith ar an talamh nó a bhféadfaidh struchtúir sheasta bheith ag tacú leis;

(10)

ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” aon soláthar fochórais nó comhpháirte sábháilteachta lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(11)

ciallaíonn “cur ar an margadh” an chéad uair a chuirtear fochóras nó comhpháirt sábháilteachta ar fáil ar mhargadh an Aontais;

(12)

ciallaíonn “cur i seirbhís” an chéad uair a dhéantar suiteáil chábla-bhealaigh a oibriú agus é mar chuspóir sainráite aici daoine a iompar;

(13)

ciallaíonn “monaróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn fochóras nó comhpháirt sábháilteachta nó a monaraítear fochóras nó comhpháirt sábháilteachta den sórt sin dó, agus a chuireann an fochóras sin nó an chomhpháirt sábháilteachta sin ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó a chorpraíonn é i suiteáil cábla-bhealaigh;

(14)

ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;

(15)

ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann fochóras nó comhpháirt sábháilteachta ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

(16)

ciallaíonn “dáileoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach i slabhra an tsoláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, ar duine é a chuireann fochóras nó comhpháirt sábháilteachta ar fáil ar an margadh;

(17)

ciallaíonn “oibreoirí eacnamaíocha” monaróir, ionadaí údaraithe, allmhaireoir agus dáileoir fochórais nó comhpháirte sábháilteachta;

(18)

ciallaíonn “sonraíocht theicniúil” doiciméad lena bhforordaítear na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag suiteáil chábla-bhealaigh, ag bonneagar, ag fochóras nó ag comhpháirt sábháilteachta;

(19)

ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán comhchuibhithe mar atá sainmhínithe i bpointe (c) de phointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(20)

ciallaíonn “creidiúnú” creidiúnú mar atá sainmhínithe i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(21)

ciallaíonn “comhlacht creidiúnúcháin náisiúnta” comhlacht creidiúnúcháin náisiúnta mar atá sainmhínithe i bpointe 11 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(22)

ciallaíonn “measúnú comhréireachta” an próiseas ina léirítear cibé acu an bhfuil ceanglais riachtanacha an Rialacháin seo maidir le fochóras nó comhpháirt sábháilteachta comhlíonta nó nach bhfuil;

(23)

ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a bhaineann le fochóras nó le comhpháirt sábháilteachta, lena n-áirítear calabrú, tástáil, deimhniúchán agus cigireacht;

(24)

ciallaíonn “aisghairm” aon bheart a bhfuil sé d'aidhm leis fochóras nó comhpháirt sábháilteachta a cuireadh ar fáil cheana féin don duine atá freagrach as an tsuiteáil chábla-bhealaigh a fháil ar ais;

(25)

ciallaíonn “tarraingt siar” aon bheart a bhfuil sé d'aidhm leis cosc a chur le fochóras nó le comhpháirt sábháilteachta sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;

(26)

ciallaíonn “reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú” aon reachtaíocht de chuid an Aontais a dhéanann comhchuibhiú ar na dálaí chun táirgí a mhargú;

(27)

ciallaíonn “marcáil CE” marcáil lena léiríonn an monaróir go bhfuil an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta i gcomhréir leis na ceanglais atá infheidhme agus atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú lena bhforáiltear an mharcáil sin a ghreamú.

Airteagal 4

Fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta a chur ar fáil ar an margadh

Ní chuirfear fochórais ná comhpháirteanna sábháilteachta ar fáil ar an margadh ach amháin má chomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo.

Airteagal 5

Cur i seirbhís suiteálacha cábla-bhealaigh

1.   Glacfaidh Ballstáit gach beart iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 9, chun na nósanna imeachta a chinneadh chun a áirithiú nach ndéanfar suiteálacha cábla-bhealaigh a chur i seirbhís ach amháin má chomhlíonann siad an Rialachán seo agus nach dócha go gcuirfear sláinte ná sábháilteacht daoine nó maoine i gcontúirt leis na suiteálacha sin agus iad á suiteáil, á gcothabháil agus á n-oibriú i gceart i gcomhréir lena gcuspóir beartaithe.

2.   Glacfaidh Ballstáit gach beart iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 9, chun socrú ar na nósanna imeachta chun a áirithiú nach gcorprófar fochórais ná comhpháirteanna sábháilteachta i suiteálacha cábla-bhealaigh ach amháin más féidir suiteálacha cábla-bhealaigh a thógáil leo a chomhlíonann an Rialachán seo agus nach dócha go gcuirfear sláinte ná sábháilteacht daoine nó maoine i gcontúirt leis na suiteálacha sin agus iad á suiteáil, á n-úsáid, á gcothabháil agus á n-oibriú i gceart i gcomhréir lena gcuspóir beartaithe.

3.   Toimhdeofar go bhfuil suiteálacha cábla-bhealaigh atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn II arna gcumhdach ag na caighdeáin sin nó ag codanna díobh.

4.   Ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar theidlíocht Ballstát ceanglais den sórt sin a leagan síos a mheasfaidh siad a bheith riachtanach d'fhonn a áirithiú go bhfuil daoine agus, go háirithe, oibrithe á gcosaint agus na suiteálacha cábla-bhealaigh i dtrácht in úsáid acu, ar an gcoinníoll nach gciallódh sin go modhnófaí na suiteálacha cábla-bhealaigh ar bhealach nach gcumhdaítear sa Rialachán seo.

Airteagal 6

Ceanglais ghinearálta

Comhlíonfaidh na suiteálacha cábla-bhealaigh agus a mbonneagar, a bhfochórais agus a gcomhpháirteanna sábháilteachta na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II atá infheidhme maidir leo.

Airteagal 7

Saorghluaiseacht fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta

Ní chuirfidh Ballstáit toirmeasc, srian ná bac ar fhochórais agus ar chomhpháirteanna sábháilteachta a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh.

Airteagal 8

Anailís sábháilteachta agus tuarascáil sábháilteachta le haghaidh suiteálacha cábla-bhealaigh beartaithe

1.   An duine sin atá freagrach as an tsuiteáil chábla-bhealaigh, arna chinneadh ag Ballstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, déanfaidh sé anailís sábháilteachta ar an tsuiteáil chábla-bhealaigh atá beartaithe nó féachfaidh sé leis go ndéanfar anailís sábháilteachta den sórt sin.

2.   San anailís sábháilteachta atá riachtanach maidir le gach suiteáil chábla-bhealaigh cuirfear san áireamh:

(a)

gach modh oibríochta a shamhlaítear;

(b)

leanfar modh aitheanta nó bunaithe san anailís;

(c)

cuirfear san áireamh staid reatha na teicníochta agus a chasta atá an tsuiteáil chábla-bhealaigh atá i gceist;

(d)

áirithiú gur chóir i ndearadh agus i gcumraíocht na suiteála cábla-bhealaigh an timpeallacht áitiúil agus na staideanna is díobhálaí a chur san áireamh d'fhonn dálaí sábháilteachta sásúla a áirithiú;

(e)

cuimseofar san anailís gach gné shábháilteachta den tsuiteáil chábla-bhealaigh agus dá cúinsí seachtracha i gcomhthéacs an deartha, na tógála agus an chur i seirbhís, agus a fhágfaidh;

(f)

go bhféadfar a shainaithint ón taithí roimhe seo rioscaí a d'fhéadfadh tarlú le linn oibriú na suiteála cábla-bhealaigh.

3.   Cumhdófar san anailís sábháilteachta freisin na feistí sábháilteachta agus a dtionchar ar an tsuiteáil chábla-bhealaigh agus ar fhochórais ghaolmhara a chuirtear ag obair leo ionas, maidir leis na feistí sábháilteachta:

(a)

go mbeidh siad in ann freagra a thabhairt ar chliseadh tosaigh nó ar theipeadh a aimsítear ionas go bhfanfaidh siad i staid lena ráthaítear sábháilteacht, i modh oibríochta níos ísle nó i staid lena gcuirtear cosc ar theipeadh;

(b)

go mbeidh siad díomhaoin agus go ndéanfar faireachán orthu; nó

(c)

go mbeidh siad ar dhóigh go mbeifear in ann an dóchúlacht maidir lena dteipeadh a mheas agus go mbeidh a n-éifeachtaí ar chaighdeán comhionann leis sin arna bhaint amach ag feistí sábháilteachta a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b).

4.   Bainfear leas as anailís sábháilteachta chun an fardal rioscaí agus cásanna contúirteacha a dhréachtú, chun bearta a mholadh chun dul i ngleic le rioscaí den sórt sin agus chun liosta na bhfochóras agus na gcomhpháirteanna sábháilteachta a chorprófar sa tsuiteáil chábla-bhealaigh a chinneadh.

5.   Áireofar i dtuarascáil sábháilteachta toradh na hanailíse sábháilteachta.

Airteagal 9

Údarú suiteálacha cábla-bhealaigh

1.   Déanfaidh gach Ballstát nósanna imeachta a leagan síos chun tógáil agus cur i seirbhís suiteálacha cábla-bhealaigh atá lonnaithe ar a gcríoch a údarú.

2.   An duine atá freagrach as an tsuiteáil chábla-bhealaigh, arna chinneadh ag Ballstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cuirfidh sé an anailís sábháilteachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 8, dearbhú comhréireachta AE agus doiciméid eile a bhaineann le comhréireacht na bhfochóras agus na gcomhpháirteanna sábháilteachta, agus an doiciméadacht a bhaineann le saintréithe na suiteála cábla-bhealaigh, faoi bhráid an údaráis nó an chomhlachta atá freagrach as an tsuiteáil chábla-bhealaigh a údarú. Áireofar freisin leis an doiciméadacht a bhaineann leis an tsuiteáil chábla-bhealaigh na dálaí is gá, lena n-áirítear na srianta ar oibriú, agus sonraí iomlána maidir le seirbhíseáil, maoirseacht, oiriúnú agus cothabháil na suiteála cábla-bhealaigh. Coimeádfar cóip de na doiciméid sin ag an tsuiteáil chábla-bhealaigh.

3.   Sa chás ina ndéantar modhnuithe ar shaintréithe tábhachtacha, ar fhochórais nó ar chomhpháirteanna sábháilteachta de shuiteálacha cábla-bhealaigh reatha rud a d'fhágfadh go mbeidh údarú nua de dhíth ar an mBallstát lena mbaineann lena gcur i seirbhís, comhlíonfaidh modhnuithe den sórt sin agus a n-éifeachtaí ar an tsuiteáil chábla-bhealaigh ina hiomláine na ceanglais riachtanacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

4.   Ní úsáidfidh Ballstáit na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 chun toirmeasc, srian ná bac a chur, ar fhorais a bhaineann leis na gnéithe atá cuimsithe ag an Rialachán seo, ar thógáil agus ar chur i seirbhís suiteálacha cábla-bhealaigh a chomhlíonann an Rialachán seo agus nach bhfuil riosca ag baint leo do shláinte ná do shábháilteacht daoine ná maoine agus iad suiteáilte i gceart i gcomhréir lena gcuspóir beartaithe.

5.   Ní úsáidfidh Ballstáit na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 chun toirmeasc, srian ná bac a chur ar shaorghluaiseacht fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta a chomhlíonann an Rialachán seo.

Airteagal 10

Oibriú suiteálacha cábla-bhealaigh

1.   Áiritheoidh Ballstáit nach leanfar d'oibriú suiteála cábla-bhealaigh ach amháin má chomhlíonann an tsuiteáil na coinníollacha atá leagtha amach sa tuarascáil sábháilteachta.

2.   I gcás ina bhfionnann Ballstát gur dócha go ndéanfaidh suiteáil chábla-bhealaigh údaraithe atá á hoibriú i gcomhréir lena cuspóir beartaithe sláinte nó sábháilteacht daoine nó maoin a chur i gcontúirt, glacfaidh sé gach beart iomchuí chun srian a chur ar choinníollacha oibrithe na suiteála cábla-bhealaigh nó chun toirmeasc a chur ar oibriú na suiteála sin.

CAIBIDIL II

OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA FOCHÓRAS AGUS COMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA

Airteagal 11

Oibleagáidí na monaróirí

1.   Agus a bhfochórais nó a gcomhpháirteanna sábháilteachta á gcur ar an margadh nó iad á gcorpú i suiteáil cábla-bhealaigh, áiritheoidh monaróirí go mbeidh siad deartha agus monaraithe i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Déanfaidh monaróirí fochóras nó comhpháirteanna sábháilteachta an doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII (“doiciméadacht theicniúil”) a dhréachtú agus déanfaidh siad an nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 18 nó socróidh siad go ndéanfar é.

I gcás ina bhfuil sé léirithe tríd an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír go gcomhlíonann fochóras nó comhpháirt sábháilteachta na ceanglais infheidhme, dréachtóidh monaróirí dearbhú comhréireachta AE agus greamóidh siad marcáil CE den táirge.

3.   Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus dearbhú comhréireachta AE ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh.

4.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta ann le go bhfanfaidh an táirgeadh sraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Cuirfear san áireamh go leormhaith athruithe ar dhearadh nó ar shaintréithe fochórais nó comhpháirte sábháilteachta agus athruithe sna caighdeáin chomhchuibhithe nó i sonraíochtaí teicniúla eile a ndéantar comhréireacht an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta a dhearbhú trí thagairt a dhéanamh dóibh.

I gcás ina measfar gurb iomchuí sin maidir leis na rioscaí atá i gceist le fochóras nó le comhpháirt sábháilteachta, déanfaidh monaróirí, d'fhonn sláinte agus sábháilteacht phaisinéirí, an phearsanra oibriúcháin agus tríú páirtithe a chosaint, tástáil shamplach ar na fochórais nó ar na comhpháirteanna sábháilteachta atá curtha ar fáil ar an margadh, déanfaidh siad imscrúdú agus, más gá, coimeádfaidh siad clár gearán maidir le fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta neamh-chomhlíontacha agus maidir le haisghairmeacha fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta den sórt sin, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas maidir le haon fhaireachán den sórt sin.

5.   Maidir leis na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta a chuireann na monaróirí ar an margadh, áiritheoidh siad go mbeidh cineál, baiscuimhir nó sraithuimhir nó gné eile marcáilte ar na fochórais nó ar na comhpháirteanna sábháilteachta trínar féidir iad a shainaithint.

I gcás nach bhfuil sé sin indéanta mar gheall ar mhéid nó cineál na comhpháirte sábháilteachta nó an fhochórais, áiritheoidh na monaróirí go dtabharfar an fhaisnéis riachtanach ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an gcomhpháirt sábháilteachta nó leis an bhfochóras.

6.   Déanfaidh na monaróirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh ag a bhféadfar dul i dteagmháil leo a chur ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta, nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, cuirfidh siad na sonraí sin ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta. Ní mór aon phointe teagmhála amháin don mhonaróir a bheith luaite sa seoladh. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga atá sothuigthe d'úsáideoirí agus do na húdaráis faireachas margaidh. I gcás ina luann an monaróir seoladh suímh ghréasáin, áiritheoidh sé go mbeidh an fhaisnéis atá ar an suíomh gréasáin sin inrochtana agus go gcoimeádfar cothrom le dáta í.

7.   Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh cóip de dhearbhú comhréireachta AE agus treoracha agus faisnéis sábháilteachta, i dteanga is féidir le húsáideoirí a thuiscint go héasca de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbainfidh, ag gabháil leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta. Beidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta den sórt sin soiléir, intuigthe agus intuisceana.

Mar sin féin, i gcás ina ndéantar líon mór fochóras nó comhpháirteanna sábháilteachta a sheachadadh chuig oibreoir eacnamaíoch aonair nó chuig úsáideoir aonair, féadfar cóip aonair de dhearbhú comhréireachta AE a chur leis an mbaisc nó leis an gcoinsíneacht lena mbaineann.

8.   I gcás monaróirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint nach bhfuil fochóras nó comhpháirt sábháilteachta a chuir siad ar an margadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh láithreach chun an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta sin a chur i gcomhréir, a tharraingt siar nó a aisghairm, más iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta, tabharfaidh na monaróirí fógra ina thaobh sin láithreach d'údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta ar an margadh, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a glacadh.

9.   Déanfaidh na monaróirí, de thoradh iarrata réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá a sholáthar don údarás sin i dteanga atá sothuigthe dó d'fhonn comhréireacht an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta leis an Rialachán a léiriú. Féadfar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a sholáthar ar pháipéar nó go leictreonach. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a bhaineann le fochórais nó le comhpháirteanna sábháilteachta atá curtha ar an margadh acu a dhíothú.

Airteagal 12

Ionadaithe údaraithe

1.   Féadfaidh an monaróir, trí bhíthin sainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe a cheapadh.

Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 11(1) ná an oibleagáid maidir le doiciméadacht theicniúil a dhréachtú ina gcuid de shainordú an ionadaithe údaraithe.

2.   Déanfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú a gheofar ón monaróir. Leis an sainordú sin, lamhálfar don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(a)

dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil d'údaráis náisiúnta faireachais margaidh go ceann 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh;

(b)

de thoradh iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhlíonadh an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta a léiriú a sholáthar don údarás sin;

(c)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart a glacadh chun na rioscaí a bhaineann le fochórais nó le comhpháirteanna sábháilteachta a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe a dhíothú.

Airteagal 13

Oibleagáidí allmhaireoirí

1.   Déanfaidh allmhaireoirí fochórais chomhlíontacha nó comhpháirteanna sábháilteachta comhlíontacha a chur ar an margadh agus iad sin amháin.

2.   Sula gcuirfidh siad fochóras nó comhpháirt sábháilteachta ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh an nós imeachta iomchuí i leith measúnú comhréireachta, dá dtagraítear in Airteagal 18, déanta ag an monaróir. Áiritheoidh siad go mbeidh an doiciméadacht theicniúil dréachtaithe ag an monaróir, go mbeidh marcáil CE air agus go mbeidh cóip de dhearbhú comhréireachta AE ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta, agus go mbeidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta, agus i gcás inarb iomchuí, na doiciméid eile a éilítear, ag gabháil leis, agus gur chomhlíon an monaróir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(5) agus (6) faoi seach.

I gcás ina measann allmhaireoir nó ina bhfuil cúis aige a chreidiúint nach bhfuil fochóras nó comhpháirt sábháilteachta i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ní chuirfidh sé an fochóras ná an chomhpháirt sábháilteachta ar an margadh go dtí go mbeidh an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta sin tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus na húdaráis faireachais margaidh ar an eolas faoi sin.

3.   Déanfaidh allmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh ag a bhféadfar dul i dteagmháil leo a chur ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta, nó, i gcás nach mbeidh sé sin indéanta, cuirfidh siad na sonraí sin ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a bheidh ag gabháil leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta. Ní mór na sonraí teagmhála a bheith i dteanga is féidir le húsáideoirí agus le húdaráis faireachais margaidh a thuiscint gan dua.

I gcás ina luann an t-allmhaireoir seoladh suímh ghréasáin, áiritheoidh sé go bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil ar an suíomh gréasáin sin inrochtana agus go gcoimeádfar cothrom le dáta í.

4.   Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta, i dteanga is féidir le húsáideoirí a thuiscint go héasca de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbainfidh, ag gabháil leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta.

5.   Áiritheoidh allmhaireoirí, fad a bheidh fochóras nó comhpháirt sábháilteachta faoina bhfreagracht, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair an fhochórais nó na comhpháirte comhlíonadh na gceanglas riachtanach infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chur i gcontúirt.

6.   I gcás ina measfar gurb iomchuí sin maidir leis na rioscaí atá i gceist le fochóras nó le comhpháirt sábháilteachta, déanfaidh allmhaireoirí, d'fhonn sláinte agus sábháilteacht na bpaisinéirí, an phearsanra oibriúcháin agus tríú páirtithe a chosaint, tástáil shamplach ar na fochórais nó ar na comhpháirteanna sábháilteachta a cuireadh ar an margadh, déanfaidh siad imscrúdú maidir le fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta neamhchomhlíontacha agus maidir le haisghairmeacha fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta den sórt sin, agus, más gá, coimeádfaidh siad clár gearán maidir leis na nithe sin, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas maidir le haon faireachán den sórt sin.

7.   I gcás allmhaireoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint nach bhfuil fochóras nó comhpháirt sábháilteachta a chuir siad ar an margadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh láithreach chun an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, más iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta, tabharfaidh allmhaireoirí fógra láithreach ina thaobh sin d'údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta ar an margadh, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a glacadh.

8.   Déanfaidh allmhaireoirí, go ceann 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh, cóip de dhearbhú comhréireachta AE agus den doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh agus áiritheoidh siad go bhféadfar an doiciméadacht theicniúil sin a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.

9.   De thoradh iarrata réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, soláthróidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá don údarás sin, i dteanga atá sothuigthe don údarás sin, d'fhonn comhlíonadh fochórais nó comhpháirte sábháilteachta a léiriú. Féadfar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a sholáthar ar pháipéar nó go leictreonach. Oibreoidh na hallmhaireoirí i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a bhaineann le fochórais nó le comhpháirteanna sábháilteachta atá curtha ar an margadh acu a dhíothú.

Airteagal 14

Oibleagáidí na ndáileoirí

1.   Le linn dóibh fochóras nó comhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh, gníomhóidh dáileoirí leis an gcáiréis is cuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Sula gcuirfidh siad fochóras nó comhpháirt sábháilteachta ar an margadh, fíoróidh dáileoirí go mbeidh marcáil CE ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta agus go mbeidh cóip de dhearbhú comhréireachta AE, treoracha agus faisnéis sábháilteachta, agus, i gcás inarb iomchuí, doiciméid riachtanacha eile, i dteanga atá sothuigthe d'úsáideoirí de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbainfidh, ag gabháil leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta, agus gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(5) agus (6) agus in Airteagal 13(3) faoi seach.

I gcás ina measann dáileoir nó ina bhfuil cúis aige a chreidiúint nach bhfuil fochóras nó comhpháirt sábháilteachta i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ní chuirfidh sé an fochóras ná an chomhpháirt sábháilteachta ar an margadh go dtí go mbeidh an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta sin tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta, cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t-allmhaireoir ar an eolas faoi sin mar aon leis na húdaráis faireachais margaidh.

3.   Áiritheoidh dáileoirí, fad a bheidh fochóras nó comhpháirt sábháilteachta faoina bhfreagracht, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair an fhochórais nó na comhpháirte comhlíonadh na gceanglas riachtanach infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chur i gcontúirt.

4.   I gcás dáileoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint nach bhfuil fochóras nó comhpháirt sábháilteachta a chuir siad ar an margadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, áiritheoidh siad go ndéanfar na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh chun an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, más iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta, cuirfidh dáileoirí údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta ar fáil ar an margadh ar an eolas gan mhoill ina thaobh seo, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a glacadh.

5.   Soláthróidh dáileoirí, de thoradh iarrata réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhlíonadh fochórais nó comhpháirte sábháilteachta a léiriú don údarás sin. Féadfar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a sholáthar ar pháipéar nó go leictreonach. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a bhaineann le fochórais agus le comhpháirteanna sábháilteachta atá curtha ar an margadh acu a dhíothú.

Airteagal 15

Cásanna ina mbíonn feidhm i leith allmhaireoirí agus dáileoirí ag oibleagáidí na monaróirí

Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo, agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal 11, i gcás ina gcuirfidh sé fochóras nó comhpháirt sábháilteachta ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó i gcás ina modhnóidh sé fochóras nó comhpháirt sábháilteachta a cuireadh ar an margadh cheana ar bhealach go bhféadfaí difear a dhéanamh do cheanglais an Rialacháin seo.

Airteagal 16

Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha

Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, an méid seo a leanas a shainaithint do na húdaráis faireachais margaidh:

(a)

oibreoir eacnamaíoch ar bith a sholáthair fochóras nó comhpháirt sábháilteachta dóibh;

(b)

oibreoir eacnamaíoch ar bith agus duine ar bith atá freagrach as suiteáil cábla-bhealaigh ar sholáthair siad fochóras nó comhpháirt sábháilteachta dó/dóibh.

Beidh ar chumas oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír a chur ar fáil go ceann tréimhse 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a sholáthar dóibh agus go ceann tréimhse 30 bliain tar éis dóibh an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a sholáthar.

CAIBIDIL III

COMHRÉIREACHT FOCHÓRAS AGUS COMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA

Airteagal 17

Toimhde comhréireachta fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta

Toimhdeofar go bhfuil fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta, nó codanna díobh, atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II arna gcumhdach ag na caighdeáin sin nó ag codanna díobh.

Airteagal 18

Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta

1.   Sula gcuirtear fochóras nó comhpháirt sábháilteachta ar an margadh, cuirfidh an monaróir an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta faoi réir nós imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le mír 2.

2.   Is trí bhíthin aon cheann de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta seo a leanas, de rogha an mhonaróra, a dhéanfar comhlíonadh fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta a mheasúnú:

(a)

Cineálscrúdú AE (Modúl B — cineál táirgthe) a leagtar amach in Iarscríbhinn III i dteannta ceann amháin díobh seo a leanas:

(i)

cineál-chomhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta phróiseas an táirgthe (Modúl D), a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;

(ii)

cineál-chomhréireacht arna bunú ar dhearbhú fochóras nó comhpháirteanna sábháilteachta (Modúl F), a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(b)

comhréireacht arna bunú ar fhíorú aonaid (Modúl G), a leagtar amach in Iarscríbhinn VI;

(c)

comhréireacht arna bunú ar dhearbhú iomlán cáilíochta móide scrúdú ar an dearadh (Modúl H 1), a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

3.   Déanfar taifid agus comhfhreagras a bhaineann leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a dhréachtú i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht dá dtugtar fógra atá i mbun na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2 bunaithe nó i dteanga lena nglacann an comhlacht sin.

Airteagal 19

Dearbhú comhréireachta AE

1.   Sonrófar i ndearbhú comhréireachta AE le haghaidh fochórais nó comhpháirte sábháilteachta gur léiríodh comhlíonadh na gceanglas riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Leanfaidh dearbhú comhréireachta AE an struchtúr samplach a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, áireofar ann na gnéithe atá sonraithe sna modúil ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn III go hIarscríbhinn VII agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach. Beidh sé ag gabháil leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta agus déanfar é a aistriú go dtí an teanga nó go dtí na teangacha a éileoidh an Ballstát ina gcuirfear an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta ar an margadh nó ina gcuirfear ar fáil ar an margadh é.

3.   I gcás ina bhfuil fochóras nó comhpháirt sábháilteachta faoi réir ag níos mó ná aon ghníomh amháin de chuid an Aontais lena n-éilítear dearbhú comhréireachta AE, déanfar dearbhú aonair comhréireachta AE a dhréachtú i leith gníomhartha uile den sórt sin de chuid an Aontais. Sainaithneofar sa dearbhú sin gníomhartha an Aontais lena mbaineann, lena n-áirítear a dtagairtí foilseacháin.

4.   Trí dhearbhú comhréireachta AE a dhréachtú, gabhfaidh an monaróir freagracht air féin as comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo ó thaobh an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta de.

Airteagal 20

Prionsabail ghinearálta mharcáil CE

Beidh marcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 21

Rialacha agus Coinníollacha maidir le marcáil CE a ghreamú

1.   Déanfar marcáil CE a ghreamú ar bhealach feiceálach, soléite agus doscriosta den fhochóras nó den chomhpháirt sábháilteachta nó dá bpláta sonraí. Mura bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil gá leis mar gheall ar chineál na comhpháirte sábháilte nó cineál an fhochórais, greamófar é den phacáistíocht agus de na doiciméid lena ngabhann.

2.   Déanfar marcáil CE a ghreamú sula gcuirfear an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta ar an margadh.

3.   Is tar éis marcáil CE a mharcáil a thabharfar uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a bhí páirteach i gcéim rialála an táirgthe. Is é an comhlacht é féin a ghreamóidh uimhir aitheantais an chomhlachta sin dá dtugtar fógra, nó greamóidh an monaróir nó a ionadaí í, faoi threoir an chomhlachta sin.

4.   Féadfar marc ar bith eile lena dtaispeántar riosca nó úsáid ar leith a chur i ndiaidh mharcáil CE agus na huimhreach aitheantais dá dtagraítear i mír 3.

5.   Forbróidh Ballstáit na sásraí atá ann cheana lena áirithiú go gcuirfear an réim lena rialaítear marcáil CE i bhfeidhm i gceart agus gníomhóidh siad go hiomchuí i gcás go mbaintear úsáid mhíchuí as an marcáil sin.

CAIBIDIL IV

FÓGRA A THABHAIRT MAIDIR LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

Airteagal 22

Fógra a thabhairt

Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le comhlachtaí atá údaraithe faoin Rialachán seo i ndáil le cúraimí um measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh.

Airteagal 23

Údaráis a thugann fógra

1.   Ainmneoidh Ballstáit údarás a thugann fógra, ar údarás é a bheidh freagrach as bunú agus cur i gcrích na nósanna imeachta is gá d'fhonn measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus fógra a thabhairt dóibh, agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, lena n-áirítear comhlíonadh Airteagal 28.

2.   Féadfaidh Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis, an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1.

3.   I gcás ina dtarmligeann an t-údarás a thugann fógra an measúnú, an fógra, nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun comhlachta nach eintiteas rialtais é, nó i gcás ina gcuireann sé, ar shlí eile, ar iontaoibh comhlachta nach eintiteas rialtais é, beidh an comhlacht sin ina eintiteas dlíthiúil agus comhlíonfaidh sé mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 24. Lena chois sin, beidh socruithe i bhfeidhm ag an gcomhlacht sin ionas go bhféadfar aon dliteanais a éireoidh as a chuid gníomhaíochtaí a chumhdach.

4.   Glacfaidh an t-údarás a thugann fógra freagracht iomlán as na cúraimí a chuireann an comhlacht dá dtagraítear i mír 3 i gcrích.

Airteagal 24

Na ceanglais a bhaineann leis na húdaráis a thugann fógra

1.   Bunófar údarás a thugann fógra ar bhealach nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta.

2.   Eagrófar agus oibreofar údarás a thugann fógra i gcaoi go gcoimirceofar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí.

3.   Eagrófar údarás a thugann fógra ar bhealach go ndéanfaidh daoine inniúla, nach iad na daoine a rinne an measúnú, gach cinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhlacht um measúnú comhréireachta.

4.   Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh údarás a thugann fógra aon ghníomhaíochtaí a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta, ná aon seirbhísí comhairleachta ar bhonn tráchtála ná ar bhonn iomaíoch.

5.   Coimirceoidh údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann sé.

6.   Beidh dóthain ball foirne inniúil ar fáil don údarás a thugann fógra le go bhféadfaidh sé a chuid cúraimí a chur i gcrích mar is cuí.

Airteagal 25

An oibleagáid faisnéise atá ar chomhlachtaí a thugann fógra

Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nósanna imeachta le haghaidh measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, maidir le fógra a thabhairt do na comhlachtaí sin agus maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, agus faoi aon athruithe ar aon cheann acu sin.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 26

Na ceanglais a bhaineann leis na húdaráis dá dtugtar fógra

1.   Chun críocha fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 11.

2.   Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.

3.   Comhlacht tríú páirtí a bheidh sa chomhlacht um measúnú comhréireachta agus beidh sé neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta ar a ndéanann sé measúnú.

Maidir le comhlacht ar cuid de chomhlachas gnó nó de chónaidhm ghairmiúil é a dhéanann ionadaíocht ar ghnólachtaí a bhfuil baint acu le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil fochóras nó comhpháirteanna sábháilteachta ar a ndéanann sé measúnú, féadfar, ar an gcoinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann, a mheas gur comhlacht den sórt sin é.

4.   Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta agus a ardbhainistíocht, agus maidir leis an bpearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh siad ina ndearthóirí, ina monaróirí, ina soláthróirí, ina suiteálaithe, ina gceannaitheoirí, ina n-úinéirí, ina n-úsáideoirí ná ina gcothabhálaithe ar na fochórais nó ar na comhpháirteanna sábháilteachta ar a ndéanann siad measúnú, ná ní bheidh siad ina n-ionadaithe de chuid aon cheann de na páirtithe sin. Ní choiscfear leis sin úsáid a bhaint as fochórais mheasúnaithe nó comhpháirteanna sábháilteachta measúnaithe atá riachtanach le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná úsáid a bhaint as fochórais nó as comhpháirteanna sábháilteachta den sórt sin chun críocha pearsanta.

Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta agus a ardbhainistíocht, agus maidir leis an bpearsanra atá freagrach as an measúnú comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, monarú nó tógáil, le margaíocht, le suiteáil, le húsáid nó le cothabháil na bhfochóras nó na gcomhpháirteanna sábháilteachta sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar pháirtithe a bhíonn ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d'aon ghníomhaíocht a d'fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra ina leith. Beidh feidhm aige seo go háirithe maidir le seirbhísí comhairleachta.

Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, d'oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta.

5.   Déanfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích de réir an leibhéil is airde ionracais ghairmiúil agus de réir na hinniúlachta teicniúla is gá sa réimse sonrach lena mbaineann, agus beidh siad saor ó gach cineál brú agus aslaigh, go háirithe brú agus aslach de chineál airgeadais, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí a d'fhéadfadh leas a bhaint as torthaí na ngníomhaíochtaí sin.

6.   Beidh sé ar chumas comhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí ar fad um measúnú comhréireachta a shanntar dó faoi Iarscríbhinn III go hIarscríbhinn VII agus ar tugadh fógra dó ina leith, a chur i gcrích, bíodh na cúraimí á ndéanamh ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta é féin nó á ndéanamh thar a cheann agus faoina fhreagracht.

I dtaca le gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus le gach cineál nó gach catagóir fochórais nó comhpháirte sábháilteachta a bhfuil fógra tugtha dó ina leith, beidh fáil i gcónaí ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta ar na nithe riachtanacha seo a leanas:

(a)

pearsanra ag a bhfuil an t-eolas teicniúil is gá agus taithí leordhóthanach iomchuí chun na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích;

(b)

tuairiscí ar na nósanna imeachta a ndéantar an measúnú comhréireachta i gcomhréir leo, lena n-áirithítear trédhearcacht agus in-atáirgtheacht na nósanna imeachta sin. Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéanfar idirdhealú idir na cúraimí a dhéantar mar chomhlacht dá dtugtar fógra agus aon ghníomhaíochtaí eile;

(c)

nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí a fheidhmiú ina dtugtar aird chuí ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar a chasta atá teicneolaíocht an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta i dtrácht agus ar chineál an phróisis táirgthe, is é sin, an olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe atá ann.

Beidh na hacmhainní is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus na riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú ar shlí iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí go léir is gá.

7.   Beidh na hinniúlachtaí seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh:

(a)

oiliúint fhónta theicniúil agus ghairmiúil inar cuimsíodh na gníomhaíochtaí ar fad um measúnú comhréireachta a bhfuil fógra tugtha don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;

(b)

eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

(c)

eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ar na caighdeáin chomhchuibhithe infheidhme agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus ar fhorálacha ábhartha na reachtaíocht náisiúnta;

(d)

an cumas chun deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas lena dtaispeánfar gur cuireadh measúnuithe i gcrích.

8.   Ráthófar neamhchlaontacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta, lucht a n-ardbhainistíochta, agus an phearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh.

Ní bheidh luach saothair na hardbhainistíochta ná an phearsanra atá freagrach as cúraimí um measúnú comhréireachta de chuid comhlachta um measúnú comhréireachta ag brath ar an líon measúnuithe arna ndéanamh ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

9.   Rachaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi árachas dliteanais ach amháin má ghabhann an stát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó má tá an Ballstát féin freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.

10.   Urramóidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile arna fáil agus a gcuid gcúraimí á gcomhlíonadh acu faoi Iarscríbhinn III go hIarscríbhinn VII nó faoi aon fhoráil de chuid an dlí náisiúnta lena dtugtar éifeacht dóibh, ach amháin maidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí. Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint.

11.   Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach i ngníomhaíochtaí ábhartha maidir le caighdeánú agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordúcháin na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra a bhunaítear faoin Rialachán seo, nó áiritheoidh siad go gcoinneofar ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin an pearsanra atá freagrach as dul i mbun cúraimí measúnaithe comhréireachta, agus cuirfidh siad i bhfeidhm, mar threoir ghinearálta, na cinntí riaracháin agus na doiciméid a thiocfaidh as obair an ghrúpa sin.

Airteagal 27

Toimhde comhréireachta comhlachtaí dá dtugtar fógra

Más féidir le comhlacht um measúnú comhréireachta a léiriú go gcomhlíonann sé na critéir atá leagtha síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó i gcodanna díobh, nithe a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go mbeidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26 á gcomhlíonadh aige a mhéid a chumhdófar na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

Airteagal 28

Fochuideachtaí agus fochonraitheoireacht comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   I gcás ina ligeann comhlacht dá dtugtar fógra cúraimí sonracha a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó i gcás ina dtéann sé ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26 agus cuirfidh sé an t-údarás a thugann fógra ar an eolas dá réir sin.

2.   Glacfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanann fochonraitheoir nó fochuideachta cibé áit ina mbeidh siad bunaithe.

3.   Ní féidir gníomhaíochtaí a ligean ar fochonradh ná ní féidir le fochuideachta dul ina mbun gan toiliú an chliaint.

4.   Coimeádfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus na doiciméid a bhaineann leis an obair a dhéanfaidh an fochonraitheoir nó an fhochuideachta faoi Iarscríbhinní III go VII ar fáil i gcónaí don údarás a thugann fógra.

Airteagal 29

Iarratas ar fhógra

1.   Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.

2.   In éineacht leis an iarratas ar fhógra, beidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ar an modúl nó ar na modúil um measúnú comhréireachta agus ar an bhfochóras/ar an gcomhpháirt sábháilteachta nó ar na fochórais/ar na comhpháirteanna sábháilteachta a bhfuil an comhlacht sin inniúil ina leith dar leo, chomh maith le deimhniú creidiúnúcháin, más ann dó, arna eisiúint ag comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin lena ndearbhaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26.

3.   I gcás nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta i dtrácht deimhniú creidiúnúcháin a chur ar fáil, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá d'fhonn comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 26 a fhíorú, a aithint agus faireachán rialta a dhéanamh air.

Airteagal 30

Nós imeachta um fhógra a thabhairt

1.   Ní thabharfaidh údaráis a thugann fógra aon fhógra do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta nach mbeidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26 comhlíonta acu.

2.   Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí bhíthin na huirlise leictreonaí lena dtugtar fógra, arna forbairt agus arna riar ag an gCoimisiún.

3.   Áireofar leis an bhfógra sonraí iomlána ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ar an modúl nó ar na modúil um measúnú comhréireachta agus ar an bhfochóras/ar an gcomhpháirt sábháilteachta nó ar na fochórais/ar na comhpháirteanna sábháilteachta lena mbaineann agus an dearbhú inniúlachta ábhartha.

4.   I gcás nach mbeidh fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 29(2), déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an méid seo a leanas a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile: an fhianaise dhoiciméadach lena ndearbhaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta agus lena ndearbhaítear na socruithe a bheidh i bhfeidhm lena áirithiú go ndéanfar faireachán rialta ar an gcomhlacht sin agus go leanfaidh sé air ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 26.

5.   I gcás ina n-úsáidfear deimhniú creidiúnúcháin, féadfaidh an comhlacht i dtrácht na gníomhaíochtaí a dhéanann comhlacht dá dtugtar fógra a chur i gcrích mura ndéanann an Coimisiún nó na Ballstáit eile agóid laistigh de choicís ón uair a thabharfar fógra, agus i gcás nach n-úsáidtear creidiúnú, laistigh de dhá mhí ón uair a thabharfar fógra.

Ní mheasfar gur comhlacht dá dtugtar fógra chun críocha an Rialacháin seo aon chomhlacht nach comhlacht den sórt sin é.

6.   Tabharfaidh an t-údarás a thugann fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i dtaca le haon athrú iomchuí ar an bhfógra ina dhiaidh sin.

Airteagal 31

Uimhreacha aitheantais agus liostaí comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do gach comhlacht dá dtugtar fógra.

Ní shannfaidh sé ach uimhir amháin den sórt sin fiú más rud é go dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha Aontais.

2.   Déanfaidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo, lena n-áireofar na huimhreacha aitheantais arna sannadh dóibh agus na gníomhaíochtaí ar tugadh fógra dóibh ina dtaobh, agus cuirfear ar fáil don phobal é.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcoimeádfar an liosta cothrom le dáta.

Airteagal 32

Athruithe ar fhógraí

1.   I gcás ina bhfionnfaidh údarás a thugann fógra, nó go i gcás ina gcuirfear in iúl dó, nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag comhlacht dá dtugtar fógra, nó go bhfuil sé ag mainneachtain a chuid oibleagáidí a chomhall, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí, nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, agus é sin ag brath ar a thromchúisí atá an mhainneachtain maidir leis na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí sin a chomhall. Cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

2.   I gcás ina ndéanfar an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, nó i gcás ina scoirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra dá ghníomhaíochtaí, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh comhlacht eile dá dtugtar fógra comhaid an chomhlachta chéadluaite a phróiseáil nó go gcoinneofar ar fáil iad do na húdaráis atá freagrach as fógra a thabhairt agus do na húdaráis atá freagrach as faireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh.

Airteagal 33

Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar gach uile chás ina mbeidh sé in amhras, nó ina dtabharfar le fios dó go bhfuiltear in amhras, faoi inniúlacht comhlacht dá dtugtar fógra nó faoin gcaoi ina bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag leanúint de na ceanglais agus freagrachtaí a bhfuil sé faoina réir a chomhall.

2.   Maidir leis an mBallstát a thugann fógra, déanfaidh sé an fhaisnéis uile a bhainfidh leis an mbonn atá le fógra a thabhairt nó a bhainfidh le hinniúlacht a fhágáil ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra lena mbaineann, arna iarraidh sin, a sholáthar don Choimisiún.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéileálfar le gach faisnéis íogair a fhaightear le linn a chuid imscrúduithe mar fhaisnéis rúnda.

4.   I gcás ina bhfionnfaidh an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht dá dtugtar fógra na ceanglais maidir lena fhógra, nó nach gcomhlíonann sé iad a thuilleadh, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena n-iarrfar ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a tharraingt siar, más gá sin.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

Airteagal 34

Oibleagáidí oibriúcháin comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Déanfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III go hIarscríbhinn VII.

2.   Déanfar measúnuithe comhréireachta ar bhealach comhréireach agus seachnófar ualaí nach bhfuil gá leo ar oibreoirí eacnamaíocha.

Rachaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta i mbun a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí á tabhairt ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar a chasta atá teicneolaíocht an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta i dtrácht agus ar chineál an phróisis táirgthe, is é sin, an olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe atá ann.

Agus an méid sin á dhéanamh, urramóidh siad mar sin féin a oiread déine agus an leibhéal cosanta is gá le go gcomhlíonfaidh an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta forálacha an Rialacháin seo.

3.   I gcás ina bhfionnfaidh comhlacht dá dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II nó i gcaighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha nó i sonraíochtaí teicniúla eile á gcomhlíonadh ag monaróir, ceanglóidh sé ar an monaróir sin bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú ná cinneadh formheasa.

4.   I gcás ina bhfionnfaidh comhlacht dá dtugtar fógra, le linn an fhaireacháin ar chomhréireacht tar éis deimhniú nó cinneadh formheasa a eisiúint, nach bhfuil caighdeáin comhlíonta ag fochóras ná ag comhpháirt sábháilteachta a thuilleadh, ceanglóidh sé ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus déanfaidh sé an deimhniú nó an cinneadh formheasa a chur ar fionraí nó a tharraingt siar más gá.

5.   I gcás nach ndéanfar bearta ceartaitheacha nó i gcás nach mbeidh an éifeacht is gá leo, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra aon deimhnithe nó aon chinntí formheasa a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 35

Achomharc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra

Áiritheoidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra go mbeidh fáil ar nós imeachta achomhairc in aghaidh a gcinntí.

Airteagal 36

Oibleagáidí faisnéise ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Cuirfidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:

(a)

aon diúltú, srianadh, fionraí nó tarraingt siar a dhéantar i ndáil le deimhniú nó cinneadh formheasa;

(b)

aon imthosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra nó do na coinníollacha a bhaineann le fógra;

(c)

aon iarratas ar fhaisnéis a gheobhaidh siad ó údaráis faireachais margaidh maidir lena ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

(d)

má iarrtar air é, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

2.   Déanfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, má iarrtar sin, le torthaí deimhneacha ón measúnú comhréireachta a chur ar fáil do chomhlachtaí eile dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo atá i mbun gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta lena gcuimsítear na fochórais chéanna nó na comhpháirteanna sábháilteachta céanna.

Airteagal 37

Malartú taithí

Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát arb iad na húdaráis iad atá freagrach as an mbeartas maidir le fógra a thabhairt.

Airteagal 38

Comhordú na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhordú agus comhar iomchuí ann idir comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh faoin Rialachán seo agus go ndéantar an comhordú agus an comhar sin a oibriú mar is ceart i bhfoirm ghrúpa comhordúcháin na gcomhlachtaí do shuiteálacha cábla-bhealaigh dá dtugtar fógra

Glacfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra páirt in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.

CAIBIDIL V

FAIREACHAS MARGAIDH SAN AONTAS, RIALÚ AR FHOCHÓRAIS AGUS COMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA AG TEACHT ISTEACH I MARGADH AN AONTAIS AGUS NÓS IMEACHTA COSANTA AN AONTAIS

Airteagal 39

Faireachas margaidh san Aontas agus rialú ar fhochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta ag teacht isteach i margadh an Aontais

Beidh feidhm ag Airteagal 15(3) agus Airteagail 16 go 29 de Rialachán (EC) Uimh. 765/2008 maidir leis na fochórais agus na comhpháirteanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 40

Nós imeachta chun déileáil le fochórais nó comhpháirteanna sábháilteachta a mbaineann riosca leo ar an leibhéal náisiúnta

1.   I gcás ina mbeidh cúiseanna leordhóthanacha ag údaráis faireachais margaidh de chuid aon Bhallstáit amháin le creidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine nó maoine le fochóras nó comhpháirt sábháilteachta a chumhdaítear leis an Rialachán, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta sin ó thaobh na gceanglas ábhartha ar fad a leagtar síos sa Rialachán seo. De réir mar is gá, comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis na húdaráis faireachais margaidh chun na críche sin.

I gcás ina bhfionnfaidh údaráis faireachais margaidh, le linn na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír thuas, nach gcomhlíonann an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha na bearta ceartaitheacha uile is gá a dhéanamh ionas go gcomhlíonfaidh an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta na ceanglais sin, go háirithe an fheidhmíocht dhearbhaithe nó ceanglóidh siad air an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a tharraingt siar ón margadh, nó a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnach ama, a bheadh i gcomhréir leis an gcineál riosca a bheidh ann, de réir mar a fhorordóidh siad.

Déanfaidh údaráis faireachais margaidh, an comhlacht ábhartha dá dtugtar fógra a chur ar an eolas dá réir sin.

Beidh feidhm ag Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.

2.   I gcás ina measann na húdaráis faireachais margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh teoranta dá gcríoch náisiúnta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh thorthaí na meastóireachta agus i dtaobh na ngníomhaíochtaí ar chuir siad de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch iad a dhéanamh.

3.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go gcuirfear gach beart ceartaitheach iomchuí i bhfeidhm maidir leis na fochórais agus na comhpháirteanna sábháilteachta uile lena mbaineann a chuir sé ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.

4.   I gcás nach ndéanann an t-oibreoir ábhartha eacnamaíoch bearta ceartaitheacha leordhóthanacha sa tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh gach beart sealadach iomchuí chun cosc nó srian a chur ar an bhfochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a bheith á chur nó á cur ar a margadh náisiúnta, nó chun an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a tharraingt siar ón margadh, nó a aisghairm.

Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na mbeart sin gan mhoill.

5.   Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an fochóras nó comhpháirt sábháilteachta neamhchomhlíontach a shainaithint, ionad tionscnaimh an fhochórais nó na comhpháirte, cineál an neamhchomhlíonta atá líomhnaithe agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha. Go háirithe, sonróidh na húdaráis faireachais margaidh más é ceachtar den dá ní seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh:

(a)

nár éirigh leis an bhfochóras ná leis an gcomhpháirt sábháilteachta ceanglais a chomhlíonadh maidir le sláinte nó sábháilteacht daoine nó maidir le cosaint maoine; nó

(b)

easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 17 agus lena dtugtar toimhde comhréireachta.

6.   Déanfaidh Ballstáit seachas an Ballstát a chuireann tús leis an nós imeachta faoin Airteagal seo an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas maidir le haon bhearta a glacadh agus maidir le haon fhaisnéis bhreise a mbeidh fáil acu uirthi agus a bhaineann le neamhchomhlíonadh an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta lena mbaineann, agus, i gcás easaontais leis an mbeart náisiúnta a glacadh, maidir lena gcuid agóidí.

7.   Más rud é, laistigh de thrí mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid maidir le beart sealadach a ghlac Ballstát, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.

8.   Áiritheoidh Ballstáit go nglacfar na bearta sriantacha iomchuí, amhail an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a aistarraingt ón margadh, i leith an fhochórais nó na chomhpháirte sábháilteachta lena mbaineann gan mhoill.

Airteagal 41

Nós imeachta cosanta an Aontais

1.   Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 40(3) agus (4) a thabhairt chun críche, go ndéanfar agóidí i gcoinne birt atá déanta ag Ballstát, nó más rud é go measfaidh an Coimisiún go bhfuil an beart náisiúnta contrártha do reachtaíocht an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, le Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina gcinnfear an bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil.

Déanfaidh an Coimisiún a chinneadh a dhíriú chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl láithreach dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

2.   I gcás ina measfar údar maith a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta neamhchomhlíontach siar óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart úd a tharraingt siar.

3.   I gcás ina measfar údar maith a bheith leis an mbeart náisiúnta agus gurb é easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 40(5) den Rialachán seo is cúis le neamhchomhlíonadh an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm.

Airteagal 42

Fochórais nó comhpháirteanna sábháilteachta atá comhlíontach ach a mbaineann riosca leo

1.   I gcás ina bhfionnfaidh Ballstát, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 40(1), go bhfuil riosca ag baint le fochóras nó comhpháirt sábháilteachta do shláinte nó do mhaoin in ainneoin go gcomhlíonann sé an Rialachán seo, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha na bearta iomchuí uile is gá a dhéanamh ionas go n-áiritheofar nach mbeidh an riosca sin ag baint leis an bhfochóras ná leis an gcomhpháirt sábháilteachta lena mbaineann a thuilleadh nuair a chuirfear ar an margadh é, nó an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnach ama, a bheadh i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann, de réir mar a fhorordóidh sé.

2.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go gcuirfear beart ceartaitheach i bhfeidhm maidir leis na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta uile lena mbaineann a chuir sé ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.

3.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach. Áireofar san fhaisnéis sin na mionsonraí uile a bheidh ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta lena mbaineann a shainaithint, ionad tionscnaimh agus slabhra soláthair an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta, an cineál riosca a bhaineann leis nó léi, agus cineál agus ré na mbeart náisiúnta a rinneadh.

4.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. I bhfianaise thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme an bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil agus, i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(3).

Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le cosaint sláinte agus le sábháilteacht daoine, déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme a ghlacadh gan mhoill i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 44(4).

5.   Déanfaidh an Coimisiún a chinneadh a dhíriú chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl láithreach dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

Airteagal 43

Neamhchomhlíonadh foirmiúil

1.   Gan dochar d'Airteagal 40, i gcás ina bhfaighidh Ballstát amach gur tharla ceann de na nithe seo a leanas, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:

(a)

greamaíodh marcáil CE ar bhealach lena sáraítear Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó lena sáraítear Airteagal 21 den Rialachán seo;

(b)

níor greamaíodh marcáil CE ar chor ar bith;

(c)

greamaíodh uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra agus a bhí páirteach i gcéim rialála an táirgthe ar bhealach lena sáraítear Airteagal 21 nó nár greamaíodh ar chor ar bith í;

(d)

níl dearbhú comhréireachta AE ag gabháil leis an bhfochóras ná leis an gcomhpháirt sábháilteachta;

(e)

ní dhearnadh dearbhú comhréireachta AE a dhréachtú;

(f)

ní dhearnadh dearbhú comhréireachta AE a dhréachtú i gceart;

(g)

níl an doiciméadacht theicniúil ar fáil nó níl sé iomlán.

(h)

maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(6) nó in Airteagal 13(3), níl sí ann, nó tá sí bréagach nó neamhiomlán;

(i)

níl aon cheanglas riaracháin eile dá bhforáiltear in Airteagal 11 nó in Airteagal 13 a chomhlíonadh.

2.   I gcás ina leanfaidh an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta iomchuí uile is gá chun srian nó cosc a chur ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta a bheith á chur/á cur ar fáil ar an margadh nó chun go n-áiritheofar go n-aisghairfear nó go dtarraingeofar siar ón margadh é/í.

CAIBIDIL VI

AN NÓS IMEACHTA COISTE, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 44

Nós imeachta coiste

1.   Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um shuiteálacha cábla-bhealaigh. Is éard a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 den Rialachán sin.

5.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gcoiste maidir le haon ábhar dá dteastaíonn comhairliúchán le saineolaithe earnálacha de réir Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 nó de réir aon reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

Chomh maith leis sin, féadfaidh an coiste aon ábhar eile a scrúdú i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar tharraing an cathaoirleach nó ionadaí de chuid Ballstáit anuas é i gcomhréir lena rialacha nós imeachta.

Airteagal 45

Pionóis

1.   Leagfaidh Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe a dhéanann oibreoirí eacnamaíocha ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ar an dlí náisiúnta, arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo. Féadfar pionóis choiriúla a áireamh le rialacha den sórt sin i gcás sáruithe tromchúiseacha.

Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar iad a mhéadú má bhí sárú comhchosúil ar an Rialachán seo déanta ag an oibreoir eacnamaíoch iomchuí roimhe sin.

Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha sin faoin 21 Márta 2018, agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Glacfaidh Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm a rialacha go léir maidir le pionóis atá infheidhme maidir le sáruithe a dhéanann oibreoirí eacnamaíocha ar fhorálacha an Rialacháin seo.

Airteagal 46

Forálacha idirthréimhseacha

Maidir le fochórais agus le comhpháirteanna sábháilteachta a chumhdaítear faoi Threoir 2000/9/CE, atá i gcomhréir leis an Treoir sin agus a cuireadh ar an margadh roimh an 21 Aibreán 2018, ní chuirfidh Ballstáit bac ar a gcur ar fáil ar an margadh.

Maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh a chumhdaítear faoi Threoir 2000/9/CE, atá i gcomhréir leis an Treoir sin agus a suiteáladh roimh an 21 Aibreán 2018, ní chuirfidh Ballstáit bac ar a gcur i seirbhís.

I gcás comhpháirteanna sábháilteachta, beidh deimhnithe agus cinntí formheasa a eisítear faoi Threoir 2000/9/CE bailí faoin Rialachán seo.

Airteagal 47

Aisghairm

Déantar Treoir 2000/9/CE a aisghairm le héifeacht ón 21 Aibreán 2018.

Déanfar tagairtí don Treoir arna haisghairm a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar síos in Iarscríbhinn X iad.

Airteagal 48

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 21 Aibreán 2018, cé is moite:

(a)

d'Airteagail 22 go 38 agus d'Airteagal 44 a mbeidh feidhm acu ón 21 Deireadh Fómhair 2016.

(b)

de mhír 1 d'Airteagal 45(1) a mbeidh feidhm aige ón 21 Márta 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Márta 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.A. HENNIS-PLASSCHAERT


(1)  IO C 451, 16.12.2014, lch. 81.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Feabhra 2016.

(3)  Treoir 2000/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 a bhaineann le suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun daoine a iompar (IO L 106, 3.5.2000, lch. 21).

(4)  IO C 136, 4.6.1985, lch. 1.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(6)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 i ndáil le creat coiteann maidir le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(8)  Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta. (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

FOCHÓRAIS

Déantar suiteáil cábla-bhealaigh a roinnt i mbonneagar agus sna fochórais a liostaítear thíos:

1.

Cáblaí agus naisc chábla.

2.

Tiomántáin agus coscáin.

3.

Trealamh meicniúil:

3.1.

Giar tochráin cábla.

3.2.

Innealra stáisiúin.

3.3.

Innealtóireacht líne.

4.

Feithiclí:

4.1.

Cábáin, suíocháin nó feistí cúltarraingthe.

4.2.

Giar crochta.

4.3.

Giar tiomána.

4.4.

Naisc leis an gcábla.

5.

Feistí leictriteicniúla:

5.1.

Feistí faireacháin, rialaithe agus sábháilteachta.

5.2.

Trealamh cumarsáide agus faisnéise.

5.3.

Trealamh cosanta ó thintreach.

6.

Trealamh tarrthála:

6.1.

Trealamh tarrthála fosaithe.

6.2.

Trealamh tarrthála soghluaiste.


IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS RIACHTANACHA

1.   Cuspóir

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na ceanglais riachtanacha, lena n-áirítear cumas cothabhála agus inoibritheacht, atá infheidhme maidir le dearadh, le tógáil agus le cur i seirbhís suiteálacha cábla-bhealaigh, agus atá infheidhme freisin maidir le fochórais agus le comhpháirteanna sábháilteachta.

2.   Ceanglais ghinearálta

2.1.   Sábháilteacht daoine

Tá sábháilteacht paisinéirí, pearsanra oibriúcháin agus tríú páirtithe mar bhuncheanglas maidir le dearadh, le tógáil agus le hoibriú suiteálacha cábla-bhealaigh.

2.2.   Prionsabal na sábháilteachta

Déanfar gach suiteáil chábla-bhealaigh a dhearadh, a oibriú agus a sheirbhísiú de réir na bprionsabal seo a leanas, a chuirfear i bhfeidhm san ord a thugtar:

rioscaí a dhíchur nó, mura féidir é sin a dhéanamh, rioscaí a laghdú trí ghnéithe deartha agus tógála,

gach beart is gá a shainiú agus a chur chun feidhme chun cosaint a thabhairt i gcoinne rioscaí nach féidir a dhíchur leis na gnéithe deartha agus tógála,

na réamhchúraimí ba cheart a ghlacadh chun na rioscaí a sheachaint a shainiú agus a lua nuair nach raibh sé indéanta iad a dhíchur go hiomlán trí na forálacha agus trí na bearta dá dtagraítear sa chéad fhleasc agus sa dara fleasc.

2.3.   Breithniú ar thosca seachtracha

Ní mór suiteálacha cábla-bhealaigh a dhearadh agus a thógáil ar bhealach trína mbeifear in ann iad a oibriú go sábháilte, agus cineál na suiteála cábla-bhealaigh, cineál agus gnéithe fisiciúla an tír-raoin ar a bhfuil sí suiteáilte, a timpeallacht, agus tosca atmaisféir agus meitéareolaíochta á gcur san áireamh, chomh maith le struchtúir agus bacainní a d'fhéadfadh a bheith gar dóibh ar an talamh nó san aer.

2.4.   Toisí

Déanfar an tsuiteáil chábla-bhealaigh, na fochórais agus a cuid comhpháirteanna sábháilteachta go léir a thoisiú, a dhearadh agus a thógáil ar bhealach lena mbeidh siad in ann gach brú a thagann orthu faoi gach dáil intuartha a sheasamh, agus a mbeidh leibhéal leordhóthanach sábháilteachta ag baint leis, lena n-áirítear brúnna a tharlaíonn nuair nach mbíonn siad ag obair, agus tionchair sheachtracha, go háirithe éifeachtaí dinimiciúla agus feiniméin tuirse, á gcur san áireamh, agus rialacha aitheanta na ceirde á gcomhlíonadh, agus aird á tabhairt go háirithe ar an rogha ábhar.

2.5.   Cóimeáil

2.5.1.   Déanfar an tsuiteáil chábla-bhealaigh, na fochórais agus na comhpháirteanna sábháilteachta go léir a dhearadh agus a thógáil ar bhealach lena n-áiritheofar gur féidir iad a chóimeáil agus a chur ar bun go sábháilte.

2.5.2.   Déanfar na comhpháirteanna sábháilteachta a dhearadh ar bhealach nach mbeifear in ann botúin a dhéanamh leis an gcóimeáil, mar thoradh ar thógáil nó trí mharcálacha iomchuí ar na comhpháirteanna iad féin.

2.6.   Sláine na suiteála cábla-bhealaigh

2.6.1.   Déanfar na comhpháirteanna sábháilteachta a dhearadh agus a thógáil agus beidh siad inúsáidte ar bhealach lena n-áiritheofar, i ngach cás, a sláine oibríochta féin agus/nó sábháilteacht na suiteála cábla-bhealaigh, mar a shainítear san anailís sábháilteachta dá bhforáiltear in Airteagal 8, ionas gur beag baol a bheidh ann go dteipfeadh orthu agus go mbeidh corrlach leordhóthanach sábháilteachta ag gabháil leo.

2.6.2.   Déanfar an tsuiteáil chábla-bhealaigh a dhearadh agus a thógáil ar bhealach lena n-áiritheofar, lena linn a hoibriú, i gcás ina dteipfidh ar chomhpháirt a bhféadfaí dochar a dhéanamh don tsábháilteacht dá bharr, go nglacfar beart iomchuí in am cuí.

2.6.3.   Beidh feidhm ag na cosaintí dá dtagraítear i bpointe 2.6.1 agus i bpointe 2.6.2 ar feadh na tréimhse idir dhá iniúchadh sceidealaithe ar an gcomhpháirt lena mbaineann. Tabharfar an tréimhse ama d'iniúchadh sceidealaithe na gcomhpháirteanna sábháilteachta le fios go soiléir i lámhleabhar na dtreoracha.

2.6.4.   Leis na comhpháirteanna sábháilteachta a chorpraítear i suiteálacha cábla-bhealaigh mar pháirteanna spártha comhlíonfar ceanglais riachtanacha an Rialacháin seo agus na coinníollacha a bhaineann le hidirghníomhú réidh na gcomhpháirteanna sin leis na páirteanna eile de na suiteálacha cábla-bhealaigh.

2.6.5.   Glacfar bearta lena áirithiú nach ndéanfaidh éifeachtaí dóiteáin sa tsuiteáil chábla-bhealaigh dochar do shábháilteacht daoine.

2.6.6.   Glacfar bearta speisialta chun suiteálacha cábla-bhealaigh agus daoine a chosaint ó éifeachtaí tintrí.

2.7.   Feistí sábháilteachta

2.7.1.   Déanfar aon fhabht sa tsuiteáil chábla-bhealaigh a d'fhágfadh go teipfeadh air agus go gcuirfí sábháilteacht i mbaol, a aimsiú, a thuairisciú agus a phróiseáil, i gcás inarb indéanta, trí fheiste sábháilteachta. Baineann an rud céanna le haon teagmhas seachtrach a bheadh intuartha de ghnáth agus a d'fhéadfadh an tsábháilteacht a chur i mbaol.

2.7.2.   Beifear in ann an tsuiteáil chábla-bhealaigh a mhúchadh de láimh tráth ar bith.

2.7.3.   Tar éis an tsuiteáil chábla-bhealaigh a mhúchadh trí fheiste sábháilteachta, ní bheifear in ann é a atosú mura nglacfar beart iomchuí.

2.8.   Inchothabháilteacht

Déanfar an tsuiteáil chábla-bhealaigh a dhearadh agus a thógáil ar bhealach lena mbeifear in ann gnáth-chothabháil nó cothabháil speisialta agus oibríochtaí agus nósanna imeachta deisiúcháin a dhéanamh go sábháilte air.

2.9.   Núis

Déanfar an tsuiteáil chábla-bhealaigh a dhearadh agus a thógáil ar bhealach lena n-áiritheofar go mbeidh aon núis inmheánach nó sheachtrach a bheadh mar thoradh ar gháis dhíobhálacha, ar astaíochtaí torainn nó ar chreathanna laistigh de na teorainneacha a leagtar síos.

3.   Ceanglais maidir le bonneagar

3.1.   Leagan amach, luas, achar idir feithiclí

3.1.1.   Dearfar an tsuiteáil chábla-bhealaigh chun oibriú go sábháilte agus saintréithe an tír-raoin agus a timpeallacht, na dálaí atmaisféir agus meitéareolaíocha, aon struchtúir nó bacainní a d'fhéadfadh a bheith gar dóibh ar an talamh nó san aer á gcur san áireamh, agus ar bhealach nach ndéanfar aon núis ná aon chontúirt faoi aon dhálaí oibríochta nó seirbhísithe ná i gcás oibríocht chun daoine a tharrtháil.

3.1.2.   Coinneofar dóthain achair go cliathánach agus go hingearach idir feithiclí, fearais tarraingthe, rianta, cáblaí, etc. agus struchtúir agus bacainní a d'fhéadfadh a bheith gar dóibh ar an talamh nó san aer, agus gluaiseacht ingearach, chomhréireach agus chliathánach na gcáblaí agus na bhfeithiclí nó na bhfearas tarraingthe faoi na dálaí oibríochta intuartha is díobhálaí á gcur san áireamh.

3.1.3.   Leis an achar uasta idir feithiclí agus an talamh, déanfar an cineál suiteála cábla-bhealaigh, na cineálacha feithiclí agus na nósanna imeachta tarrthála a chur san áireamh. I gcás carranna oscailte cuirfear san áireamh freisin an baol go dtitfeadh duine chomh maith leis na gnéithe síceolaíocha a bhaineann leis an achar idir feithiclí agus an talamh.

3.1.4.   Déanfar luas uasta na bhfeithiclí nó na bhfearas tarraingthe, an t-achar íosta eatarthu agus a bhfeidhmiú luasghéaraithe agus coscánaithe a roghnú d'fhonn sábháilteacht daoine agus oibriú sábháilte na suiteála cábla-bhealaigh a áirithiú.

3.2.   Stáisiúin agus struchtúir feadh na líne

3.2.1.   Déanfar stáisiúin agus struchtúir feadh na líne a dhearadh, a shuiteáil agus a fheistiú d'fhonn cobhsaíocht na suiteála a áirithiú. Ceadófar leo treorú sábháilte na gcáblaí, na bhfeithiclí agus na bhfearas tarraingthe, agus beifear in ann cothabháil a dhéanamh go sábháilte, faoi gach dáil oibriúcháin.

3.2.2.   Déanfar na limistéir isteach agus amach as an tsuiteáil chábla-bhealaigh a dhearadh d'fhonn sábháilteacht thrácht na bhfeithiclí, na bhfearas tarraingthe agus daoine a ráthú. Beifear in ann na feithiclí agus na fearais tarraingthe a bhogadh thart sna stáisiúin gan daoine a chur i mbaol, agus aon chomhoibriú gníomhach a d'fhéadfaidís a thabhairt chun iad a bhogadh á chur san áireamh.

4.   Ceanglais a bhaineann le cáblaí, le tiomántáin agus le coscáin agus freisin le suiteálacha meicniúla agus leictreacha

4.1.   Cáblaí agus a gcuid tacaíochtaí

4.1.1.   Déanfar gach beart a ghlacadh ar aon dul leis na forbairtí teicneolaíocha is déanaí:

ionas nach mbrisfear cáblaí ná a gcuid ceangaltán,

chun a luachanna íosta agus uasta struis a chumhdach,

lena áirithiú go gcrochtar go sábháilte ar a dtacaíochtaí iad agus chun díráilliú a sheachaint,

ionas gur féidir faireachán a dhéanamh orthu.

4.1.2.   Ní féidir an baol go léir a bhaineann le díráilliú cáblaí a chosc agus glacfar bearta lena áirithiú gur féidir cáblaí a aisghabháil agus na suiteálacha cábla-bhealaigh a mhúchadh gan daoine a chur i mbaol i gcás díráillithe.

4.2.   Suiteálacha meicniúla

4.2.1.   Tiomántáin

Beidh an córas tiomántáin i suiteáil chábla-bhealaigh in ann oibriú agus feidhmiú mar is ceart, agus cuirfear in oiriúint é do na córais éagsúla oibríochta agus do modhanna éagsúla oibríochta.

4.2.2.   Tiomántán cúltaca

Beidh tiomántán cúltaca sa tsuiteáil chábla-bhealaigh ina mbeidh soláthar fuinnimh atá neamhspleách uaidh sin atá sa phríomhchóras tiomántáin. Ní bheidh tiomántán cúltaca riachtanach, áfach, i gcás ina dtaispeántar san anailís sábháilteachta gur féidir le daoine na feithiclí agus, go háirithe, fearais tarraingthe a fhágáil go héasca, go tapa agus go sábháilte fiú amháin nuair nach mbíonn tiomántán cúltaca ar fáil.

4.2.3.   Coscánú

4.2.3.1.   I gcás éigeandála, beifear in ann an tsuiteáil chábla-bhealaigh agus/nó na feithiclí a mhúchadh tráth ar bith, faoi na dálaí is neamhfhabhraí ó thaobh ualach údaraithe agus ó thaobh greamú ulóige le linn oibríochta de. Beidh an t-achar stoptha chomh gearr agus a bheidh de dhíth ar mhaithe le slándáil na suiteála cábla-bhealaigh.

4.2.3.2.   Beidh luachanna luasmhoillithe laistigh de theorainneacha leordhóthanacha, socraithe ar bhealach lena n-áiritheofar sábháilteacht daoine agus iompar sásúil feithiclí, cáblaí agus páirteanna eile den tsuiteáil chábla-bhealaigh.

4.2.3.3.   I ngach suiteáil chábla-bhealaigh beidh dhá chóras coscánaithe nó níos mó, agus gach ceann acu in ann an tsuiteáil chábla-bhealaigh a stopadh, agus beidh siad comhordaithe ar bhealach lena ndéanfaidh siad ionadú go huathoibríoch ar an gcóras gníomhach nuair nach leor a éifeachtúlacht. Gníomhóidh córas deiridh coscánaithe na suiteála cábla-bhealaigh chomh gar agus is féidir don chábla tarraingthe. Ní bheidh feidhm ag na forálacha sin i gcás arduithe trína dtarraingt.

4.2.3.4.   Feisteofar an tsuiteáil chábla-bhealaigh le fearas éifeachtach clampála agus glasála chun cosaint a thabhairt ar atosuithe róluath.

4.3.   Feistí rialaithe

Déanfar na feistí rialaithe a dhearadh agus a thógáil ar bhealach lena mbeidh siad sábháilte agus iontaofa, in ann gnáth-bhrúnna oibriúcháin agus cúinsí seachtracha amhail taise, le teochtaí foircneacha nó le trasnaíocht leictreamaighnéadach a sheasamh agus nach mbeidh cásanna contúirteacha ann mar thoradh air, fiú amháin i gcás earráid oibríochta.

4.4.   Feistí cumarsáide

Cuirfear áiseanna oiriúnacha ar fáil chun cur ar chumas na foirne oibríochta cumarsáid a dhéanamh lena chéile tráth ar bith agus paisinéirí a chur ar an eolas i gcás éigeandála.

5.   Feithiclí agus fearais tarraingthe

5.1.   Déanfar feithiclí agus/nó fearais tarraingthe a dhearadh agus a fheistiú ar bhealach nach bhféadfaidh aon phaisinéir ná aon phearsanra, faoi dhálaí intuartha oibriúcháin, titim amach agus nach mbeidh siad in aon chontúirt eile.

5.2.   Déanfar feistiú feithiclí agus fearais tarraingthe a thoisiú agus a thógáil ionas:

nach ndéanfar díobháil don chábla, agus

nach sciorrfaidh sé, ach amháin i gcás nach mbíonn aon tionchar suntasach ag sciorradh ar shábháilteacht na feithicle, an fhearais tarraingthe nó na suiteála

faoi na dálaí is neamhfhabhraí.

5.3.   Déanfar doirse feithiclí (ar charranna, cábáin) a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a fhágfaidh go mbeifear in ann iad a dhúnadh agus a chur faoi ghlas. Déanfar urlár agus ballaí na feithicle a dhearadh agus a thógáil ionas go mbeidh siad in ann brú agus ualaí a chuirfidh paisinéirí agus pearsanra oibriúcháin orthu a sheasamh in aon chúinse ar bith.

5.4.   Más rud é ar chúiseanna sábháilteachta oibriúcháin gur gá d'oibreoir a bheith ar bord na feithicle, feisteofar an fheithicil leis an trealamh is gá dó chun a chúraimí a chur i gcrích.

5.5.   Déanfar feithiclí agus/nó fearais tarraingthe agus, go háirithe, a gcuid meicníochtaí crochta a dhearadh agus a fheistiú d'fhonn sábháilteacht oibrithe a bhíonn á seirbhísiú a áirithiú de réir rialacha agus treoracha iomchuí.

5.6.   I gcás feithiclí a bhfuil feistí orthu is féidir a dhínascadh, glacfar gach beart, gan paisinéirí nó pearsanra oibriúcháin a chur i mbaol, tráth imeachta na bhfeithiclí, chun aon fheithicil a bhfuil a feiste nasctha go contráilte leis an gcábla a stopadh agus, tráth bainte amach an ceann scríbe, stopfar aon fheithicil nár dínascadh a feiste, ionas nach dtitfidh an fheithicil.

5.7.   Na suiteálacha sin a bhfuil a gcuid feithiclí ag rith ar ráille seasta (amhail feithiclí cáblacha agus, carranna cábla ilrópach, beidh feiste uathoibríoch coscáin ar an ráille acu, nuair nach féidir talamh slán a dhéanamh de nach mbrisfidh an cábla tarraingte.

5.8.   Nuair nach féidir gach baol go ndíráilleofaí an fheithicil a dhíchur le bearta eile, feisteofar an fheithicil le feiste frith-dhíráillithe a fhágfaidh go mbeifear in ann an fheithicil a stopadh gan daoine a chur i mbaol.

6.   Treallamh do phaisinéirí agus do phearsanra oibriúcháin

Déanfar an rochtain ar limistéir bhordála agus amach as limistéir díbhordála agus bordáil agus díbhordáil paisinéirí agus pearsanra oibriúcháin a eagrú ag féachaint do ghluaiseacht agus do stopadh feithiclí ar bhealach a áiritheoidh sábháilteacht paisinéirí agus pearsanra oibriúcháin, go háirithe i limistéir ina bhfuil baol ann go dtitfidh daoine.

Ní mór go mbeadh leanaí agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe in ann an tsuiteáil chábla-bhealaigh a úsáid go sábháilte má tá an tsuiteáil chábla-bhealaigh deartha chun daoine den sórt sin a iompar.

7.   Inoibritheacht

7.1.   Sábháilteacht

7.1.1.   Glacfar gach foráil agus beart teicniúil lena áirithiú go n-úsáidtear an tsuiteáil chábla-bhealaigh le haghaidh na críche dár ceapadh í de réir a sonraíochta teicniúil agus na gcoinníollacha oibríochta atá sonraithe agus gur féidir na treoracha maidir le hoibriú agus cothabháil shábháilte a chomhlíonadh. Déanfar an lámhleabhar treoracha agus na nótaí comhfhreagracha a dhréachtú i dteanga a bheidh úsáideoirí in ann a thuiscint go héasca, arna chinneadh ag an mBallstát sa chríoch ina bhfuil an tsuiteáil chábla-bhealaigh á tógáil.

7.1.2.   Tabharfar na hacmhainní ábhartha iomchuí do na daoine a bheidh freagrach as an tsuiteáil chábla-bhealaigh a oibriú agus beidh siad cáilithe chun an cúram sin a chur i gcrích.

7.2.   Sábháilteacht i gcás bac gluaiseachta ar an tsuiteáil chábla-bhealaigh

Glacfar gach foráil agus beart teicniúil lena áirithiú go mbeifear in ann paisinéirí agus pearsanra oibriúcháin a thabhairt chuig áit shábháilte taobh istigh d'am socraithe a bheidh oiriúnach don chineál suiteála cábla-bhealaigh agus a timpeallacht nuair a bhíonn bac gluaiseachta ar an tsuiteáil chábla-bhealaigh agus nach féidir é a atosú go tapa.

7.3.   Forálacha speisialta eile maidir le sábháilteacht

7.3.1.   Seastáin agus áiteanna oibre oibreoirí

Déanfar páirteanna sochorraithe a bhíonn inrochtana de ghnáth sna stáisiúin a dhearadh, a thógáil agus a shuiteáil ar bhealach a chuirfidh cosc ar aon rioscaí nó, i gcás ina bhfuil rioscaí den sórt sin ann, feisteofar iad le feistí cosanta ionas nach mbeidh aon teagmháil le páirteanna den tsuiteáil chábla-bhealaigh a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le timpistí. Is cineál feistí a bheidh iontu sin nach féidir a bhaint ná a chur ó mhaith go héasca.

7.3.2.   Baol titime

Déanfar áiteanna oibre agus limistéir oibre, lena n-áirítear iad sin nach n-úsáidtear ach go hannamh, agus an rochtain orthu, a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a choiscfidh daoine a chaithfidh oibriú iontu nó bogadh thart iontu ó thitim. I gcás nach mbeidh an tógáil sách maith, tabharfar pointí ancaireachta dóibh freisin chun trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh chun titim a chosc.


IARSCRÍBHINN III

NÓSANNA IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA D'FHOCHÓRAIS AGUS DO CHOMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA: MODÚL B: CINEÁLSCRÚDÚ AE — CINEÁL TÁIRGTHE

1.

Is cuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta é cineálscrúdú AE ina ndéanann comhlacht dá dtugtar fógra scrúdú ar dhearadh teicniúil fochórais nó comhpháirt sábháilteachta agus ina ndeimhníonn agus ina ndearbhaíonn sé go gcomhlíonann an dearadh teicniúil ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu ina leith.

2.

Déanfar cineálscrúdú AE trí mheasúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht dhearadh teicniúil an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta trí iniúchadh ar an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3, chomh maith le hiniúchadh ar shampla atá ionadaíoch don táirgeadh atá beartaithe, ar an bhfochóras iomlán nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta (cineál táirgthe).

3.

Cuirfidh an monaróir iarratas ar chineálscrúdú AE isteach chuig comhlacht amháin dá dtugtar fógra a roghnóidh sé féin.

Beidh na nithe seo a leanas go léir san iarratas:

(a)

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a chuireann an t-iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh siúd freisin;

(b)

dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;

(c)

an doiciméadacht theicniúil don fhochóras agus/nó don chomhpháirt sábháilteachta i gcomhréir le hIarscríbhinnVIII;

(d)

sampla ionadaíoch den fhochóras nó den chomhpháirt sábháilteachta atá beartaithe nó sonraí maidir leis an áitreabh inar féidir é a scrúdú. Féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra samplaí breise a iarraidh más gá sin chun an clár tástála a chur i gcrích.

4.

Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra an méid seo a leanas:

4.1.

an doiciméadacht theicniúil a scrúdú chun fóntacht dhearadh teicniúil an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta a mheasúnú;

4.2.

a fhíorú gur monaraíodh an sampla/na samplaí i gcomhréir leis an doiciméadacht theicniúil, agus na gnéithe a dearadh i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme ar na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, mar aon leis na gnéithe a dearadh i gcomhréir le sonraíochtaí ábhartha teicniúla eile, a shainaithint;

4.3.

scrúduithe agus tástálacha iomchuí a dhéanamh, nó a áirithiú go bhfuil siad déanta thar a cheann, lena fháil amach, má roghnaíonn an monaróir na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe iomchuí a chur i bhfeidhm, ar cuireadh i bhfeidhm i gceart iad;

4.4.

scrúduithe agus tástálacha iomchuí a dhéanamh, nó socrú lena ndéanamh, lena sheiceáil cibé ar chomhlíon na réitigh a ghlac an monaróir, agus sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile á gcur i bhfeidhm aige, buncheanglais chomhfhreagracha an Rialacháin seo sa chás nár cuireadh na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm;

4.5.

a aontú leis an monaróir an suíomh a ndéanfar na scrúduithe agus tástálacha.

5.

Ullmhóidh an comhlacht dá dtugtar fógra tuarascáil mheasúnaithe ina gcláraítear na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhréir le pointe 4 agus a dtorthaí. Gan dochar dá oibleagáidí i leith na n-údarás a thugann fógra, ní scaoilfidh an comhlacht dá dtugtar fógra ábhar na tuarascála sin, go hiomlán nó go páirteach, ach amháin le comhaontú an mhonaróra.

6.

I gcás ina gcomhlíonann an cineál ceanglais an Rialacháin seo, eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE don mhonaróir. Beidh sa deimhniú ainm agus seoladh an mhonaróra, conclúidí an scrúdaithe, aon choinníollacha maidir lena bhailíocht, na sonraí is gá chun an cineál formheasta a aithint (fochóras nó comhpháirt sábháilteachta) agus más ábhartha, cur síos ar a fheidhmiú. Féadfaidh iarscríbhinn amháin nó níos mó a bheith ceangailte leis an deimhniú.

I ndeimhniú ar chineálscrúdú AE agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis, beidh gach faisnéis ábhartha ar a bhféadfar comhréireacht na bhfochóras monaraithe agus na gcomhpháirteanna sábháilteachta leis an gcineál a scrúdaíodh a mheas agus chun gur féidir rialú inseirbhíse a dhéanamh. Sonrófar ann freisin aon choinníollacha a bhféadfadh a eisiúint bheith faoina réir agus beidh na tuairiscí agus na líníochtaí ag gabháil leis lena mbeifear in ann an cineál formheasta a aithint.

Beidh uastréimhse bailíochta 30 bliain ó dháta a eisiúna ag an deimhniú.

I gcás nach gcomhlíonann an cineál ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, diúltóidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE a eisiúint agus cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir, agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú.

7.

Coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra é féin ar an eolas faoi aon athruithe ar staid na teicníochta lena nglactar go ginearálta a léiríonn go bhféadfadh sé nach gcomhlíonann an cineál formheasta a thuilleadh ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, agus cinnfidh sé cibé an gá imscrúdú breise a dhéanamh de bharr athruithe den sórt sin. Más amhlaidh atá, cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra an monaróir ar an eolas dá réir sin.

Cuirfidh an monaróir an comhlacht dá dtugtar fógra agus a bhfuil an doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an deimhniú ar chineálscrúdú AE aige ar an eolas faoi aon mhodhnuithe ar an gcineál formheasta a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhréireacht an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta le buncheanglais an Rialacháin seo nó le coinníollacha bailíochta an deimhnithe.

Scrúdóidh an comhlacht dá dtugtar fógra an modhnú agus cuirfidh sé in iúl don mhonaróir cibé an bhfuil an deimhniú ar chineálscrúdú AE fós bailí nó cibé an bhfuil gá le tuilleadh scrúduithe, fíoruithe nó tástálacha. Mar is iomchuí, eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra ábhar breise leis an deimhniú ar chineálscrúdú AE nó iarrfaidh sé go gcuirfear iarratas nua ar chineálscrúdú AE isteach.

8.

Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra in iúl don údarás a thugann fógra dó maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó le haon bhreiseanna atá eisithe nó aistarraingthe aige, agus cuirfidh sé ar fáil don údarás a thugann fógra dó, ó am go chéile nó arna iarraidh sin dó, liosta na ndeimhnithe den sórt sin agus/nó aon bhreiseanna eile a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh srian orthu ar shlí eile.

Gach comhlacht dá dtugtar fógra cuirfidh sé in iúl do na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó le breiseanna atá diúltaithe aige, atá curtha ar fionraí aige nó ar chuir sé srian orthu ar shlí eile agus, arna iarraidh sin dó, maidir le deimhnithe den sórt sin atá eisithe aige agus/nó le breiseanna a ghabhann leo.

Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra cóip a fháil, ar iarratas, de na deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó na breiseanna a ghabhann leo. Arna iarraidh sin, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit cóip den doiciméadacht theicniúil agus de thorthaí na scrúduithe a rinne an comhlacht dá dtugtar fógra a fháil. An comhlacht dá dtugtar fógra, coinneoidh sé cóip den deimhniú ar chineálscrúdú AE, dá iarscríbhinní agus breiseanna, chomh maith leis an gcomhad teicniúil lena n-áirítear na doiciméid a chuir an monaróir isteach, go dtí go dtéann bailíocht an deimhnithe sin as feidhm.

9.

Coinneoidh an monaróir cóip den deimhniú ar chineálscrúdú AE, dá iarscríbhinní agus breiseanna mar aon leis an doiciméadacht theicniúil agus beidh siad ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh.

10.

Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra atá leagtha amach i bpointe 7 agus 9 a chomhlíonadh, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad.


IARSCRÍBHINN IV

NÓSANNA IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA D'FHOCHÓRAIS AGUS DO CHOMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA: MODÚL D: CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR DHEARBHÚ CÁILÍOCHTA PHRÓISEAS AN TÁIRGTHE

1.   Is ionann cineál-chomhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta phróiseas an táirgthe agus an chuid sin de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 2 agus i bpointe 5, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé faoin fhreagracht aonair atá air go bhfuil na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta lena mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a bhfuil tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus go gcomhlíonann sé ceanglais an Rialacháin seo a bhaineann leo.

2.   Monaraíocht

Feidhmeoidh an monaróir córas cáilíochta ceadaithe le haghaidh cúrsaí táirgthe, le himscrúdú a dhéanamh ar an táirge deiridh agus le haghaidh tástáil na bhfochóras nó na gcomhpháirteanna sábháilteachta lena mbaineann mar a shonraítear i bpointe 3, agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 4.

3.   Córas cáilíochta

3.1.

Cuirfidh an monaróir isteach iarratas ar mheasúnú ar a chóras cáilíochta chuig a rogha comhlacht dá dtugtar fógra.

Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

(a)

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a chuireann an t-iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh siúd freisin;

(b)

dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;

(c)

an fhaisnéis iomchuí go léir maidir leis na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta a formheasadh faoi mhodúl B;

(d)

na doiciméid a bhaineann leis an gcóras cáilíochta;

(e)

an doiciméadacht theicniúil maidir leis an gcineál formheasta agus cóip den deimhniú (deimhnithe) ar chineálscrúdú AE;

(f)

sonraí maidir leis an áitreabh ina ndéantar an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a mhonarú.

3.2.

Áiritheofar sa chóras cáilíochta go bhfuil na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta i gcomhréir leis an gcineál (na cineálacha) a bhfuil tuairisc air/orthu sa deimhniú (sna deimhnithe) ar chineálscrúdú AE agus go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo a bhaineann leo.

Déanfar na heilimintí, na ceanglais agus forálacha uile a ghlac an monaróir a dhoiciméadú ar bhealach córasach, ordúil i bhfoirm beartais, nósanna imeachta agus treoracha scríofa. Ceadóidh doiciméadacht an chórais cháilíochta léirmhíniú comhsheasmhach ar na cláir, pleananna, lámhleabhair agus taifid cháilíochta.

Beidh ann, go háirithe, cur síos leordhóthanach orthu seo a leanas:

(a)

na cuspóirí cáilíochta agus an struchtúr eagrúcháin, freagrachtaí agus cumhachtaí na bainistíochta maidir le cáilíocht an táirge;

(b)

na teicnící, na próisis agus na gníomhaíochtaí córasacha comhfhreagracha a úsáidfear i dtaca le monarú, le rialú cáilíochta agus le dearbhú cáilíochta;

(c)

na scrúduithe agus na tástálacha a chuirfear i gcrích roimh mhonarú, lena linn agus dá éis, agus a mhinice a chuirfear i gcrích iad;

(d)

na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha cáilíochta ar an bpearsanra i dtrácht, etc.;

(e)

an tslí a ndéanfar faireachán ar cháilíocht riachtanach an táirge agus ar oibriú éifeachtúil an chórais cháilíochta.

3.3.

Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra an córas cáilíochta a mheasúnú chun cinneadh a dhéanamh cibé an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2.

Toimhdeofar comhréireacht leis na ceanglais sin maidir le gnéithe an chórais cháilíochta a chomhlíonann sonraíochtaí comhfhreagracha an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha.

Áireofar san iniúchadh cuairt ar an áitreabh ina ndéantar na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta a mhonarú, a imscrúdú agus a thástáil, chun measúnú a dhéanamh.

Chomh maith le cleachtadh ar chórais bhainistíochta cáilíochta, beidh ar an bhfoireann iniúchta ball amháin ar a laghad ag a bhfuil taithí ar mheastóireacht a dhéanamh ar shuiteálacha cábla-bhealaigh agus i dteicneolaíocht na bhfochóras nó na gcomhpháirteanna sábháilteachta atá i gceist, agus eolas ar cheanglais infheidhme an Rialacháin seo. Áireofar san iniúchadh cuairt ar áitreabh an mhonaróra chun measúnú a dhéanamh. Athbhreithneoidh an fhoireann iniúchóireachta an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1(e), chun fíorú a dhéanamh ar chumas an mhonaróra chun ceanglais ábhartha an Rialacháin seo a shainaithint, agus na scrúduithe is gá a chur i gcrích d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta na ceanglais sin.

Tabharfar fógra don mhonaróir maidir leis an gcinneadh. Beidh san fhógra conclúidí an iniúchta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

3.4.

Geallfaidh an monaróir go gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta mar atá formheasta agus go ndéanfaidh sé é a chothabháil ionas go mbeidh sé leormhaith agus éifeachtúil i gcónaí.

3.5.

Coinneoidh an monaróir an comhlacht dá dtugtar fógra agus a bhfuil an córas cáilíochta formheasta aige ar an eolas maidir le haon athrú atá beartaithe maidir leis an gcóras cáilíochta.

Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra meastóireacht ar aon athruithe atá beartaithe agus cinnfidh sé cibé an leanfaidh an córas cáilíochta modhnaithe de na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2 a chomhlíonadh nó cibé an bhfuil gá le hathmheasúnú a dhéanamh.

Cuirfidh sé an monaróir ar an eolas faoi thoradh na meastóireachta. I gcás ina gcaithfear athmheasúnú a dhéanamh, cuirfidh sé an monaróir ar an eolas faoina chinneadh. Beidh san fhógra conclúidí an imscrúdaithe agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

4.   Faireachas faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra

4.1.

Is é is aidhm d'fhaireachas a áirithiú go gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a eascraíonn ón gcóras formheasta um tháirgeadh cáilíochta.

4.2.

Tabharfaidh an monaróir, chun críocha measúnachta, cead don chomhlacht dá dtugtar fógra, rochtain a fháil ar na láithreáin monaraithe, iniúchta, tástála agus stórála agus tabharfaidh sé an fhaisnéis go léir is gá dó, go háirithe:

(a)

na doiciméid a bhaineann leis an gcóras cáilíochta;

(b)

na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha cáilíochta ar an bpearsanra atá i gceist, etc.

4.3.

Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla uair amháin gach dhá bhliain ar a laghad lena áirithiú go ndéanann an monaróir cothabháil ar an gcóras cáilíochta agus go gcuireann sé i bhfeidhm é agus tabharfaidh sé tuarascáil iniúchta don mhonaróir.

4.4.

Ina theannta sin, féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra cuairteanna gan choinne a thabhairt ar an monaróir. Le linn cuairteanna den sórt sin féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra, más gá, tástálacha a dhéanamh ar an táirge, nó socrú lena ndéanamh, d'fhonn a dheimhniú go bhfuil an córas cáilíochta ag feidhmiú mar is ceart. Cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra tuarascáil ar fáil don mhonaróir maidir lena chuairt agus, má rinneadh tástálacha, gheobhaidh sé tuairisc maidir leis an tástáil.

5.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE

5.1.

Greamóidh an monaróir marcáil CE agus, faoi chúram an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3.1, uimhir aitheantais an chomhlachta sin de gach fochóras nó comhpháirt sábháilteachta aonair atá i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

5.2.

Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE maidir le gach leagan d'fhochóras nó de chomhpháirt sábháilteachta a tharraingt suas agus beidh cóip ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh. Aithneoidh an dearbhú comhréireachta AE an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta dar tarraingíodh suas é.

Déanfar cóip de dhearbhú comhréireachta AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

6.   Coinneoidh an monaróir, ar feadh tréimhse 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta deiridh a chur ar an margadh, iad seo a leanas ar fáil do na húdaráis náisiúnta:

(a)

na doiciméid dá dtagraítear i bpointe 3.1;

(b)

an fhaisnéis a bhaineann leis an athrú dá dtagraítear i bpointe 3.5, faoi mar a formheasadh;

(c)

cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointí 3.5, 4.3 agus 4.4.

7.   Gach comhlacht dá dtugtar fógra, cuirfidh sé an t-údarás a thug an fógra dó ar an eolas maidir le córais cháilíochta a n-eisítear nó a dtarraingítear siar a gcuid ceadanna, agus cuirfidh sé ar fáil, go tréimhsiúil nó arna iarraidh air, dá údarás a thugann fógra liosta de na ceadanna córas cáilíochta a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh srian orthu ar shlí eile.

Gach comhlacht dá dtugtar fógra, cuirfidh sé na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra ar an eolas maidir le ceadanna córas cáilíochta a rinne sé a dhiúltú, a chur ar fionraí, nó a tharraingt siar nó a shrianadh ar shlí eile, agus tabharfaidh sé cúiseanna a chinnidh, agus, arna iarraidh sin air, maidir le ceadanna córas cáilíochta a d'eisigh sé.

Arna iarraidh sin, tabharfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra cóip den chinneadh (de na cinntí) formheasa córas cáilíochta a eisíodh don Choimisiún agus do na Ballstáit.

Coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra cóip de gach cinneadh formheasa a eisíodh, maille lena chuid iarscríbhinní agus breiseanna.

8.   Ionadaí údaraithe

Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointí 3.1, 3.5, 5 agus 6 a chomhlíonadh, thar a cheann agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad.


IARSCRÍBHINN V

NÓSANNA IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA D'FHOCHÓRAIS AGUS DO CHOMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA: MODÚL F: CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR FHÍORÚ FOCHÓRAS NÓ COMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA

1.   Is ionann cineál-chomhréireacht arna bunú ar fhíorú fochóras nó comhpháirteanna sábháilteachta agus an chuid sin de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 5.1. agus 6, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé faoin fhreagracht aonair atá air go bhfuil na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta lena mbaineann, a bhí faoi réir fhorálacha phointe 3, i gcomhréir leis an gcineál a bhfuil tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu ina leith.

2.   Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus faireachán an phróisis comhréireacht na bhfochóras monaraithe nó na gcomhpháirteanna sábháilteachta leis an gcineál formheasta a thuairiscítear sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus le ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu ina leith.

3.   Fíorú

3.1.

Cuirfidh an monaróir isteach iarratas ar fhíorú fochóras nó comhpháirteanna sábháilteachta chuig a rogha comhlachta dá dtugtar fógra.

Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

(a)

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a chuireann an t-iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh siúd freisin;

(b)

dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;

(c)

an fhaisnéis iomchuí go léir maidir leis na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta a formheasadh faoi mhodúl B;

(d)

an doiciméadacht theicniúil maidir leis an gcineál formheasta agus cóip den deimhniú (deimhnithe) ar chineálscrúdú AE;

(e)

sonraí an áitribh inar féidir an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a scrúdú.

3.2.

Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra scrúduithe agus tástálacha iomchuí, nó socróidh sé lena ndéanamh, d'fhonn comhréireacht na bhfochóras nó na gcomhpháirteanna sábháilteachta leis an gcineál formheasta a thuairiscítear sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus le ceanglais iomchuí an Rialacháin seo a sheiceáil.

Déanfar na himscrúduithe agus na tástálacha chun comhréireacht na bhfochóras nó na gcomhpháirteanna sábháilteachta leis na ceanglais iomchuí a sheiceáil, faoi rogha an mhonaróra, trí scrúdú agus tástáil a dhéanamh ar gach fochóras nó comhpháirt sábháilteachta mar atá sonraithe i bpointe 4 nó trí scrúdú agus tástáil a dhéanamh ar na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta ar bhonn staitistiúil mar atá sonraithe i bpointe 5.

4.   Fíorú comhréireachta trí scrúdú agus tástáil a dhéanamh ar gach fochóras nó comhpháirt sábháilteachta

4.1.

Déanfar scrúdú aonair ar gach fochóras nó comhpháirt sábháilteachta agus déanfar tástálacha iomchuí mar a leagtar amach sa chaighdeán (sna caighdeáin) comhchuibhithe ábhartha, agus/nó tástálacha coibhéiseacha a leagtar amach i sonraíochtaí ábhartha teicniúla eile, d'fhonn comhréireacht a fhíorú leis an gcineál formheasta a thuairiscítear sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus le ceanglais iomchuí an Rialacháin seo.

In éagmais caighdeán comhchuibhithe den sórt sin, cinnfidh an comhlacht sin dá dtugtar fógra cé na tástálacha iomchuí a dhéanfar.

4.2.

Eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú comhréireachta maidir leis na scrúduithe agus na tástálacha a dhéantar, agus greamóidh sé a uimhir aitheantais de gach fochóras nó comhpháirt sábháilteachta fhormheasta nó socróidh sé go ngreamófar í faoina chúram.

Coinneoidh an monaróir na deimhnithe comhréireachta ionas go mbeidh siad ar fáil ag na húdaráis naisiúnta lena n-imscrúdú ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh.

5.   Fíorú staidrimh comhréireachta

5.1.

Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n-áiritheofar sa phróiseas monaraíochta agus i bhfaireachán an phróisis aonchineálacht gach baisce a tháirgtear, agus go gcuirfidh sé a fhochóras nó a chomhpháirt sábháilteachta i láthair i gcomhair fíoraithe i bhfoirm baisceanna aonchineálacha.

5.2.

Tógfar sampla randamach ó gach baisc. Déanfar scrúdú aonair ar na fochórais nó ar na comhpháirteanna sábháilteachta go léir sa sampla agus déanfar tástálacha iomchuí orthu mar a leagtar amach sa chaighdeán (sna caighdeáin) comhchuibhithe ábhartha agus/nó tástálacha coibhéiseacha mar a leagtar amach i sonraíochtaí ábhartha teicniúla eile, d'fhonn a gcomhréireacht a fhíorú leis an gcineál formheasta a thuairiscítear sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus le ceanglais iomchuí an Rialacháin seo agus d'fhonn a chinneadh an nglacfar leis an mbaisc nó an ndiúltófar di. In éagmais caighdeán comhchuibhithe den sórt sin, cinnfidh an comhlacht sin dá dtugtar fógra cé na tástálacha iomchuí a dhéanfar.

5.3.

I gcás ina nglactar le baisc, measfar na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta go léir sa bhaisc a bheith formheasta, ach amháin na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta sin ón sampla nár chomhlíon na tástálacha.

Eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú comhréireachta maidir leis na scrúduithe agus na tástálacha a dhéantar, agus greamóidh sé a uimhir aitheantais de gach fochóras nó comhpháirt sábháilteachta fhormheasta nó socróidh sé go ngreamófar í faoina chúram.

Coinneoidh an monaróir na deimhnithe comhréireachta ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh.

5.4.

Má dhiúltaítear do bhaisc, glacfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra nó an t-údarás inniúil bearta iomchuí ionas nach gcuirfear an bhaisc sin ar an margadh. I gcás ina ndiúltaítear do bhaisceanna go minic, féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra an fíorú staitistiúil a chur ar fionraí agus bearta iomchuí a ghlacadh.

6.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE

6.1.

Greamóidh an monaróir marcáil CE agus, faoi chúram an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3, uimhir aitheantais an chomhlachta sin de gach fochóras nó comhpháirt sábháilteachta aonair atá i gcomhréir leis an gcineál formheasta a thuairiscítear sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

6.2.

Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE i scríbhinn maidir le gach leagan d'fhochóras nó de chomhpháirt sábháilteachta a tharraingt suas agus beidh cóip ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh. Aithneoidh an dearbhú comhréireachta AE an leagan d'fhochóras nó de chomhpháirt sábháilteachta dar tarraingíodh suas é.

Má aontaíonn an comhlacht dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3 agus faoina chúram siúd, féadfaidh an monaróir uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a ghreamú de na fochórais nó de na comhpháirteanna sábháilteachta.

7.   Má aontaíonn an comhlacht dá dtugtar fógra agus faoina chúram siúd, féadfaidh an monaróir uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a ghreamú de na fochórais nó de na comhpháirteanna sábháilteachta le linn an phróisis monaraíochta.

8.   Ionadaí údaraithe

Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra a chomhlíonadh, thar a cheann agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú. Ní fhéadfaidh ionadaí údaraithe na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 2 agus 5.1 a chomhlíonadh.


IARSCRÍBHINN VI

NÓSANNA IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA D'FHOCHÓRAIS AGUS DO CHOMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA: MODÚL G: COMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR FHÍORÚ AONAID

1.   Is ionann comhréireacht arna bunú ar fhíorú aonaid agus an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3.1 agus 4, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé faoin bhfreagracht aonair atá air go bhfuil an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta lena mbaineann, a bhí faoi réir fhorálacha phointe 3, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu ina leith.

2.   Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus faireachán an phróisis comhréireacht an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta monaraithe le ceanglais an Rialacháin seo.

3.   Fíorú

3.1.

Cuirfidh an monaróir isteach iarratas ar fhíorú aonaid fochórais nó comhpháirte sábháilteachta chuig a rogha comhlachta dá dtugtar fógra.

Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

(a)

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a chuireann an t-iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh siúd freisin;

(b)

dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;

(c)

an doiciméadacht theicniúil don fhochóras agus/nó don chomhpháirt sábháilteachta i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII;

(d)

sonraí an áitribh inar féidir an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a scrúdú.

3.2.

Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil don fhochóras nó don chomhpháirt sábháilteachta agus déanfaidh sé na scrúduithe agus tástálacha iomchuí a leagtar amach sna caighdeáin chomhchuibhithe agus/nó sna tástálacha coibhéiseacha a leagtar amach i sonraíochtaí ábhartha teicniúla eile, lena áirithiú go mbeidh an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta i gcomhréir le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, nó socróidh sé go ndéanfar na scrúduithe agus na tástálacha sin. In éagmais caighdeán comhchuibhithe den sórt sin, cinnfidh an comhlacht sin dá dtugtar fógra na tástálacha iomchuí a dhéanfar.

Eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú comhréireachta maidir leis na scrúduithe agus na tástálacha a dhéantar agus greamóidh sé a uimhir aitheantais den fhochóras nó den chomhpháirt sábháilteachta fhormheasta, nó socróidh sé go ngreamófar í faoina chúram.

Má dhiúltaíonn an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú comhréireachta a eisiúint, luafaidh sé go mionchruinn na cúiseanna leis an diúltú agus cuirfidh sé in iúl na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh.

Nuair a dhéanann an monaróir iarratas in athuair ar fhíorú aonaid an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta lena mbaineann, déanfaidh sé iarratas chuig an gcomhlacht céanna dá dtugtar fógra.

Arna iarraidh sin, tabharfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra cóip den deimhniú comhréireachta don Choimisiún agus do na Ballstáit.

Coinneoidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil agus an deimhniú comhréireachta agus beidh siad ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh.

4.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE

4.1.

Greamóidh an monaróir marcáil CE agus, faoi chúram an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3, uimhir aitheantais an chomhlachta sin de gach fochóras nó comhpháirt sábháilteachta aonair a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

4.2.

Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas agus beidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta, ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh. Aithneoidh an dearbhú comhréireachta AE an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta dar tarraingíodh suas é.

Déanfar cóip de dhearbhú comhréireachta AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

5.   Ionadaí údaraithe

Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 3.1 agus i bpointe 4 a chomhlíonadh, thar a cheann agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú.


IARSCRÍBHINN VII

NÓSANNA IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA D'FHOCHÓRAIS AGUS DO CHOMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA: MODÚL H 1: COMHRÉIREACHT ATÁ BUNAITHE AR DHEARBHÚ IOMLÁN CÁILÍOCHTA MÓIDE SCRÚDÚ AR AN DEARADH

1.   Is ionann comhréireacht a bhunaítear ar dhearbhú iomlán cáilíochta móide scrúdú ar an dearadh agus an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 2 agus i bpointe 5, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé a fhreagracht aonair go gcomhlíonann na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta lena mbaineann ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu ina leith.

2.   Monaraíocht

Feidhmeoidh an monaróir córas cáilíochta formheasta maidir le dearadh, monarú agus scrúdú agus tástáil deiridh na bhfochóras nó na gcomhpháirteanna sábháilteachta atá sonraithe i bpointe 3 agus beidh sé faoi réir faireachais mar atá sonraithe i bpointe 4. Beifear tar éis leordhóthanacht dhearadh teicniúil an fhochórais nó na gcomhpháirteanna sábháilteachta a scrúdú i gcomhréir le pointe 3.6.

3.   Córas cáilíochta

3.1.   Cuirfidh an monaróir isteach iarratas ar mheasúnú ar a chóras cáilíochta chuig a rogha comhlachta dá dtugtar fógra, maidir leis na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta lena mbaineann.

Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

(a)

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a chuireann an t-iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh siúd freisin;

(b)

gach faisnéis is gá maidir leis na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta atá le monarú;

(c)

an doiciméadacht theicniúil i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII maidir le cineál ionadaíoch amháin de gach catagóir fochórais nó comhpháirte sábháilteachta atá le monarú;

(d)

na doiciméid a bhaineann leis an gcóras cáilíochta;

(e)

seoladh an áitribh ina ndéantar na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta a dhearadh, a mhonarú, a scrúdú agus a thástáil;

(f)

dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra.

3.2.   Áiritheoidh an córas cáilíochta go mbeidh ceanglais an Rialacháin seo, a bhfuil feidhm acu maidir leo, á gcomhlíonadh ag na fochórais nó ag na comhpháirteanna sábháilteachta.

Déanfar na heilimintí, na ceanglais agus na forálacha uile a ghlac an monaróir a dhoiciméadú ar bhealach córasach, ordúil i bhfoirm beartais, nósanna imeachta agus treoracha scríofa. Ceadóidh doiciméadacht an chórais cháilíochta léirmhíniú comhsheasmhach ar na cláir, pleananna, lámhleabhair agus taifid cháilíochta.

Beidh ann, go háirithe, cur síos leordhóthanach orthu seo a leanas:

(a)

na cuspóirí cáilíochta agus an struchtúr eagrúcháin, freagrachtaí agus cumhachtaí na bainistíochta maidir le dearadh agus cáilíocht táirgthe na bhfochóras agus na gcomhpháirteanna sábháilteachta;

(b)

na sonraíochtaí maidir leis an dearadh teicniúil, lena n-áirítear na caighdeáin, a chuirfear i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm go hiomlán, an modh, lena n-áirítear sonraíochtaí ábhartha teicniúla eile, a úsáidfear lena áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais riachtanacha an Rialacháin seo;

(c)

na teicnící, na próisis agus gníomhaíochtaí córasacha um rialú deartha agus um fhíorú deartha, a úsáidfear nuair a bheidh na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta á ndearadh;

(d)

na teicnící, na próisis agus na gníomhaíochtaí córasacha comhfhreagracha a úsáidfear i dtaca le monarú, le rialú cáilíochta agus le dearbhú cáilíochta;

(e)

na scrúduithe agus na tástálacha a chuirfear i gcrích roimh mhonarú, lena linn agus dá éis, agus a mhinice a chuirfear i gcrích iad;

(f)

na taifid cháilíochta, amhail tuairiscí cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuairiscí cáilíochta maidir leis an bpearsanra atá i gceist, etc.;

(g)

an tslí ina ndéanfar faireachán ar cháilíocht riachtanach an deartha agus an táirge agus ar oibriú éifeachtúil an chórais cháilíochta.

3.3.   Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra an córas cáilíochta a mheasúnú chun cinneadh a dhéanamh cibé an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2. Toimhdeofar comhréireacht leis na ceanglais sin maidir le gnéithe an chórais cháilíochta a chomhlíonann sonraíochtaí comhfhreagracha an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha.

Áireofar san iniúchadh cuairt ar an áitreabh ina ndéantar na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta a dhearadh, a mhonarú, a scrúdú agus a thástáil, chun measúnú a dhéanamh.

Chomh maith le cleachtadh ar chórais bhainistíochta cáilíochta, beidh ar an bhfoireann iniúchta ball amháin ar a laghad ag a bhfuil taithí mar mheasúnóir sa réimse suiteálacha cábla-bhealaigh agus i dteicneolaíocht na bhfochóras nó na gcomhpháirteanna sábháilteachta atá i gceist, agus eolas ar cheanglais infheidhme an Rialacháin seo.

Athbhreithneoidh an fhoireann iniúchóireachta an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1 chun fíorú a dhéanamh ar chumas an mhonaróra ceanglais infheidhme an Rialacháin seo a shainaithint agus na scrúduithe is gá a chur i gcrích d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta na ceanglais sin.

Cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra an monaróir nó a ionadaí údaraithe ar an eolas maidir lena chinneadh. Beidh san fhógra conclúidí an iniúchta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

3.4.   Geallfaidh an monaróir go gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta mar atá formheasta agus go ndéanfaidh sé é a chothabháil ionas go mbeidh sé leormhaith agus éifeachtúil i gcónaí.

3.5.   Coinneoidh an monaróir an comhlacht dá dtugtar fógra agus a bhfuil an córas cáilíochta formheasta aige ar an eolas maidir le haon athrú atá beartaithe maidir leis an gcóras cáilíochta.

Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra meastóireacht ar aon athruithe atá beartaithe agus cinnfidh sé cibé an leanfaidh an córas cáilíochta modhnaithe de na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2 a chomhlíonadh nó cibé an bhfuil gá le hathmheasúnú a dhéanamh.

Cuirfidh sé an monaróir nó an t-ionadaí údaraithe ar an eolas faoina chinneadh. Beidh san fhógra conclúidí an mheasúnaithe agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

3.6.   Scrúdú ar an dearadh

3.6.1.

Cuirfidh an monaróir iarratas ar scrúdú ar an dearadh chuig an gcomhlacht dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3.1.

3.6.2.

Déanfar an t-iarratas sin sa chaoi go mbeifear in ann an dearadh, monarú agus oibriú an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta a thuiscint agus an chomhréireacht le ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu ina leith a mheas.

Áireofar san iarratas:

(a)

ainm agus seoladh an mhonaróra;

(b)

dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;

(c)

an doiciméadacht theicniúil a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn VIII.

3.6.3.

Scrúdóidh an comhlacht dá dtugtar fógra an t-iarratas, agus i gcás ina gcomhlíonfaidh an dearadh ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta eiseoidh sé deimhniú scrúdaithe dearaidh AE don mhonaróir. Ar an deimhniú sin beidh ainm agus seoladh an mhonaróra, conclúidí an scrúdaithe, na coinníollacha (más ann) don bhailíocht agus na sonraí is gá chun an cineál a formheasadh a shainaithint. Féadfaidh iarscríbhinn amháin nó níos mó a bheith ceangailte leis an deimhniú sin.

Sa deimhniú sin agus ina chuid iarscríbhinní beidh gach faisnéis ábhartha ar a bhféadfar comhréireacht na bhfochóras monaraithe nó na gcomhpháirteanna sábháilteachta leis an dearadh a scrúdaíodh a mheas agus chun gur féidir rialú inseirbhíse a dhéanamh, nuair is infheidhme sin.

I gcás nach gcomhlíonann an dearadh ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, diúltóidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú scrúdaithe dearaidh AE a eisiúint agus cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir, agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú.

3.6.4.

Coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra é féin ar an eolas faoi aon athruithe ar staid na teicníochta lena nglactar go ginearálta a léiríonn go bhféadfadh sé nach gcomhlíonann an dearadh formheasta a thuilleadh ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, agus cinnfidh sí cibé an gá imscrúdú breise a dhéanamh de bharr athruithe den sórt sin. Más amhlaidh atá, cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra an monaróir ar an eolas dá réir sin.

Coinneoidh an monaróir an comhlacht dá dtugtar fógra agus a d'eisigh an deimhniú scrúdaithe dearaidh AE ar an eolas faoi aon mhodhnuithe ar an dearadh formheasta a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don chomhréireacht le buncheanglais an Rialacháin seo nó le coinníollacha bailíochta an deimhnithe. Teastóidh formheasadh breise dá leithéid de mhodhnuithe ón gcomhlacht dá dtugtar fógra a d'eisigh an deimhniú scrúdaithe dearaidh AE i bhfoirm breise a chuirfear leis an mbundeimhniú scrúdaithe dearaidh AE.

3.6.5.

Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra in iúl don údarás a thugann fógra dó maidir le deimhnithe scrúdaithe dearaidh AE agus/nó le haon bhreiseanna atá eisithe nó aistarraingthe aige, agus cuirfidh sé ar fáil don údarás a thugann fógra dó, ó am go chéile nó arna iarraidh sin dó, liosta na ndeimhnithe sin agus/nó aon bhreiseanna a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh srian orthu ar shlí eile.

Gach comhlacht dá dtugtar fógra cuirfidh sé in iúl do na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra maidir le deimhnithe scrúdaithe dearaidh AE agus/nó le breiseanna atá diúltaithe aige, atá curtha ar fionraí aige nó ar chuir sé srian orthu ar shlí eile agus, arna iarraidh sin dó, maidir leis na deimhnithe agus/nó le breiseanna atá eisithe aige.

Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra cóip a fháil, ar iarratas, de na deimhnithe scrúdaithe dearaidh AE agus/nó na breiseanna a ghabhann leo. Arna iarraidh sin, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit cóip den doiciméadacht theicniúil agus de thorthaí na scrúduithe a rinne an comhlacht dá dtugtar fógra a fháil.

An comhlacht dá dtugtar fógra, coinneoidh sé cóip den deimhniú scrúdaithe dearaidh AE, dá iarscríbhinní agus breiseanna, chomh maith leis an gcomhad teicniúil lena n-áirítear na doiciméid a chuir an monaróir isteach, go dtí go rachaidh bailíocht an deimhnithe as feidhm.

3.6.6.

Coinneoidh an monaróir cóip den deimhniú scrúdaithe dearaidh AE, dá iarscríbhinní agus breiseanna mar aon leis an doiciméadacht theicniúil agus beidh siad ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh.

4.   Faireachas faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra

4.1.   Is é is aidhm d'fhaireachas a áirithiú go gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a eascraíonn ón gcóras formheasta cáilíochta.

4.2.   Tabharfaidh an monaróir, chun críocha measúnachta, cead don chomhlacht dá dtugtar fógra, rochtain a fháil ar na láithreáin deartha, monaraithe, iniúchta, tástála agus stórála agus tabharfaidh sé an fhaisnéis go léir is gá dó, go háirithe:

(a)

na doiciméid a bhaineann leis an gcóras cáilíochta;

(b)

na taifid cháilíochta amhail dá bhforáiltear i gcuid an deartha den chóras cáilíochta, amhail torthaí na n-anailísí, ríomhanna, tástálacha, etc.;

(c)

na taifid cháilíochta amhail dá bhforáiltear i gcuid an mhonaraithe den chóras cáilíochta, amhail tuairiscí cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuairiscí cáilíochta maidir leis an bpearsanra lena mbaineann, etc.;

4.3.   Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla lena áirithiú go ndéanann an monaróir cothabháil ar an gcóras cáilíochta agus go gcuireann sé i bhfeidhm é agus tabharfaidh sé tuarascáil iniúchóra don mhonaróir. Beidh minicíocht na n-iniúchtaí tréimhsiúla leagtha amach ar bhealach a chiallóidh go ndéanfar athmheasúnú iomlán gach trí bliana.

4.4.   Ina theannta sin, féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra cuairteanna gan choinne a thabhairt ar an monaróir.

Le linn cuairteanna den sórt sin, féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra, más gá, tástálacha a dhéanamh ar an táirge, nó socrú lena ndéanamh, d'fhonn feidhmiú ceart an chórais cháilíochta a sheiceáil. Tabharfaidh sé tuairisc don mhonaróir maidir lena chuairt agus, má rinneadh tástálacha, gheobhaidh sé tuairisc maidir leis an tástáil.

5.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE.

5.1.   Greamóidh an monaróir marcáil CE agus, faoi chúram an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3.1, uimhir aitheantais an chomhlachta sin de gach fochóras nó comhpháirt sábháilteachta ar leith a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

5.2.   Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE i scríbhinn maidir le gach leagan d'fhochóras nó de chomhpháirt sábháilteachta a tharraingt suas agus beidh cóip ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh. Sainaithneofar i ndearbhú comhréireachta AE an leagan den fhochóras nó den chomhpháirt sábháilteachta dar tarraingíodh suas é agus déanfar tagairt d'uimhir an deimhnithe scrúdaithe dearaidh ann.

Cuirfear cóip de dhearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

6.   Coinneoidh an monaróir, ar feadh tréimhse 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta deiridh a chur ar an margadh, iad seo a leanas ar fáil do na húdaráis náisiúnta:

(a)

an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1(c);

(b)

an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 3.1(d);

(c)

an fhaisnéis a bhaineann leis an athrú dá dtagraítear i bpointe 3.5, faoi mar a formheasadh;

(d)

cinntí agus tuairiscí an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointí 3.3, 3.5, 4.3 agus 4.4.

7.   Gach comhlacht dá dtugtar fógra cuirfidh sé údarás a thug an fógra dó ar an eolas maidir le córais cháilíochta a n-eisítear nó a dtarraingítear siar a gcuid ceadanna, agus cuirfidh sé ar fáil, go tréimhsiúil nó arna iarraidh air, dá údarás a thugann fógra liosta de na ceadanna córas cáilíochta a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh srian orthu ar shlí eile.

Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra ar an eolas maidir le ceadanna córas cáilíochta a rinne sé a dhiúltú, a chur ar fionraí, nó a tharraingt siar, agus de cheadanna a d'eisigh sé maidir le córas cáilíochta.

Arna iarraidh sin, tabharfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra cóip den chinneadh nó de na cinntí formheasa córas cáilíochta a eisíodh don Choimisiún agus do na Ballstáit.

Coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra cóip den cinneadh (de na cinntí) formheasa córas cáilíochta, maille lena chuid iarscríbhinní agus breiseanna, agus an comhad teicniúil ar feadh tréimhse 30 bliain ó dháta a n-eisithe.

8.   Ionadaí údaraithe

Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra atá leagtha amach i bpointí 3.1, 3.6.4., 3.6.6, 5 agus 6 a chomhlíonadh, thar a cheann agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad.


IARSCRÍBHINN VIII

DOICIMÉADACHT THEICNIÚIL D'FHOCHÓRAIS AGUS DO CHOMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA

1.

Fágfaidh an doiciméadacht theicniúil go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo agus beidh ann anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais infheidhme agus cumhdófar ann, chomh fada agus is ábhartha don mheasúnú comhréireachta, dearadh, monarú agus oibriú an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta.

2.

Beidh sa doiciméadacht theicniúil, na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(a)

tuairisc ghinearálta ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta,

(b)

líníochtaí agus léaráidí deartha agus monaraithe na gcomhpháirteanna, na bhfochóimeálacha, na gciorcad etc. agus na tuairiscí agus na mínithe is gá chun tuiscint a fháil ar na líníochtaí agus ar na léaráidí sin agus ar oibriú an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta;

(c)

liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 17, a cuireadh i bhfeidhm go hiomlán nó i bpáirt, agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus i gcás nár cuireadh i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe sin tuairisc ar na réitigh a rinneadh chun buncheanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear liosta de na sonraíochtaí ábhartha teicniúla eile a cuireadh i bhfeidhm. I gcás inar cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm i bpáirt, sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na codanna díobh a cuireadh i bhfeidhm;

(d)

an fhianaise thacaíochta maidir le leordhóthanacht an deartha, lena n-áirítear torthaí aon ríomhanna, scrúduithe nó tástálacha ar an dearadh arna ndéanamh ag an monaróir nó thar a cheann agus na tuarascálacha gaolmhara;

(e)

cóip de na treoracha don fhochóras nó don chomhpháirt sábháilteachta;

(f)

i gcás fochórais, cóipeanna de dhearbhuithe comhréireachta AE maidir leis na comhpháirteanna sábháilteachta atá mar chuid den fhochóras.


IARSCRÍBHINN IX

DEARBHÚ COMHRÉIREACHTA AE D'FHOCHÓRAIS AGUS DO CHOMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA Uimh. …  (*)

1.

An fochóras/chomhpháirt sábháilteachta nó leagan d'fhochóras/de chomhpháirt sábháilteachta (táirge, cineál, baisc, nó sraithuimhir):

2.

Ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más infheidhme, ainm agus seoladh a ionadaí údaraithe:

3.

Is faoi fhreagracht an mhonaróra amháin a eisítear an dearbhú comhréireachta seo.

4.

Cuspóir an dearbhaithe (aitheantas an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta trína ndéantar inrianaitheacht. Féadfaidh go mbeidh, más gá d'fhonn an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a aithint, íomhá ag gabháil leis):

tuairisc ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta;

gach foráil iomchuí nach mór don chomhpháirt sabháilteachta a chomhlíonadh agus, go háirithe, na coinníollacha úsáide.

5.

Tá cuspóir an dearbhaithe a bhfuil tuairisc air i bpointe 4 i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais: …

6.

Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a úsáideadh nó tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla eile lena ndearbhaítear comhréireacht:

7.

Chomhlíon an comhlacht dá dtugtar fógra … (ainm, seoladh, uimhir) … (tuairisc ar an idirghabháil) … agus d'eisigh sé an deimhniú (na deimhnithe): …(sonraí, lena n-áirítear a dháta, agus nuair is iomchuí, faisnéis maidir le fad agus coinníollacha a bhailíochta).

8.

Faisnéis bhreise:

Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann: …

(áit agus dáta eisiúna):

(ainm, feidhm) (síniú):


(*)  Tá sé de rogha ag an monaróir uimhir a shannadh don dearbhú comhréireachta.


IARSCRÍBHINN X

AN TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2000/9/CE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 1(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 3, pointe 1

Airteagal 1(3)

Airteagal 3, pointe 7 go 9

Airteagal 1(4) an chéad fhomhír

Airteagal 2(1)

Airteagal 1(4) an dara fomhír

Airteagal 1(4) an tríú fomhír

Airteagal 9(3)

Airteagal 1(5)

Airteagal 3, pointe 1, 3 go 6

Airteagal 1(6)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2

Airteagal 3(1)

Airteagal 6

Airteagal 3(2)

Airteagal 17

Airteagal 3, pointí 10 go 27

Airteagal 4

Airteagal 8

Airteagal 5(1)

Airteagal 4 agus Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(4)

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7(1) go (3)

Airteagail 18 go 21

Airteagal 7(4)

Airteagal 19(3)

Airteagal 8

Airteagal 4

Airteagal 9

Airteagal 7

Airteagal 10

Airteagail 18 go 21

Airteagal 11(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 9(4)

Airteagal 11(3)

Airteagal 11(4)

Airteagal 5(1)

Airteagal 11(5)

Airteagal 7

Airteagal 11(6) agus (7)

Airteagal 9(2)

Airteagail 11 go 16

Airteagal 12

Airteagal 9(4)

Airteagal 13

Airteagal 10(1)

Airteagal 14

Airteagail 39 go 43

Airteagal 15

Airteagal 10(2)

Airteagal 16

Airteagail 22 go 38

Airteagal 17

Airteagal 44

Airteagal 18

Airteagail 20 agus 21

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 21(3)

Airteagal 46

Airteagal 22

Airteagal 48

Airteagal 45

Airteagal 47

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Airteagal 8

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinní III go VII

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinní III go VII

Iarscríbhinn VIII

Airteagal 26

Iarscríbhinn IX

Airteagal 20

Iarscríbhinn VIII