23.3.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2016/399 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2016

maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

(téacs códaithe)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) agus (e) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Glactar bearta faoi Airteagal 77(2)(e) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), d’fhonn a áirithiú nach ndéanfar aon rialuithe ar dhaoine agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha, mar chuid de chuspóir an Aontais limistéar a bhunú gan teorainneacha inmheánacha ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine, mar atá leagtha amach in Airteagal 26(2) CFAE.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 67(2) CFAE, beidh bearta eile ag gabháil le cruthú limistéir ina bhféadfaidh daoine gluaiseacht faoi shaoirse. Beart den chineál sin is ea an comhbheartas maidir le teorainneacha seachtracha a thrasnú, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 77(1)(b) CFAE.

(4)

Ba cheart a léiriú trí bhíthin comhbheart maidir le trasnú teorainneacha inmheánacha ag daoine agus maidir le rialú teorann ag teorainneacha seachtracha go bhfuil acquis Schengen ionchorpraithe i gcreat an Aontais, go háirithe forálacha ábhartha an Choinbhinsiúin chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (4) agus an Lámhleabhar Coiteann (5).

(5)

Ní chaitheann comhrialacha maidir le gluaiseacht daoine thar theorainneacha amhras ar na cearta chun saorghluaiseachta atá ag saoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlach agus ag náisiúnaigh tríú tír agus baill dá dteaghlach a bhfuil cearta chun saorghluaiseachta acu atá coibhéiseach leis na cearta atá ag saoránaigh an Aontais faoi chomhaontuithe idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar lámh amháin, agus na tríú tíortha sin, ar lámh eile, ná ní dhéanann na comhrialacha sin difear do na cearta sin.

(6)

Ní chun leasa na mBallstát sin a ndéantar rialú teorann ag a dteorainneacha seachtracha amháin atá an rialú teorann, ach chun leasa na mBallstát uile a chuir deireadh le rialú ag teorainneacha inmheánacha. Ba cheart rialú ag teorainneacha a bheith ina chúnamh chun inimirce agus gáinneáil mhídhleathach daoine a chomhrac agus aon bhaol do shlándáil inmheánach, beartas poiblí, sláinte phoiblí agus caidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a chosc.

(7)

Ba cheart dínit an duine a urramú ina hiomláine agus seiceálacha teorann á ndéanamh. Ba cheart rialú ag teorainneacha a dhéanamh ar bhealach gairmiúil measúil agus é a bheith i gcoibhneas leis na cuspóirí atá leagtha síos dó.

(8)

Mar chuid de rialú ag teorainneacha ní hamháin go ndéantar seiceálacha ar dhaoine ag pointí trasnaithe teorann agus faireachas idir na pointí trasnaithe teorann sin, ach déantar anailís freisin ar na rioscaí atá ann don tslándáil inmheánach agus ar na bagairtí a d’fhéadfadh cur isteach ar shlándáil na dteorainneacha seachtracha. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, na coinníollacha, na critéir agus na rialacha mionsonraithe a rialaíonn seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann agus faireachas ag an teorainn a leagan amach, lena n-áirítear seiceálacha i gCóras Faisnéise Schengen (CFS).

(9)

Ní mór foráil a dhéanamh do rialacha a bhaineann le ríomh fhad údaraithe an fhanachta ghearrthéarmaigh san Aontas. Rachadh rialacha soiléire, simplí agus comhchuibhithe i ndáil leis na gníomhartha dlíthiúla uile a bhaineann leis an tsaincheist sin chun tairbhe taistealaithe agus na n-údarás teorainneacha agus víosaí araon.

(10)

Ós rud é gur le fíorú méarlorg amháin a fhéadfar a dhearbhú go cinnte gurb ionann duine ar mian leis teacht isteach i limistéar Schengen agus an duine ar eisíodh an víosa dó, ba cheart foráil a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha d’úsáid an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) dá bhforáiltear faoi Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) .

(11)

Chun a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dul isteach le haghaidh náisiúnaigh tríú tíortha a leagtar síos sa Rialachán seo agus chun a gcúraimí a bhainistiú go rathúil, ba cheart go n-úsáidfeadh gardaí teorann an fhaisnéis go léir is gá agus atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí a fhéadfar a cheadú in VIS.

(12)

Ionas nach mbeifear ag teacht timpeall ar phointí trasnaithe teorann ag a mbeidh VIS in úsáid agus chun a éifeachtacht iomlán a ráthú, tá gá ar leith le VIS a úsáid ar bhonn comhchuibhithe agus seiceálacha ar dhul isteach ag na teorainneacha seachtracha á ndéanamh.

(13)

Ós rud é, i gcás ina ndéantar iarratais ar víosa arís is arís eile, gur cuí sonraí bithmhéadracha a athúsáid agus a chóipeáil ón gcéad iarratas ar víosa in VIS, ba cheart gurb éigeantach VIS a úsáid le haghaidh seiceálacha ar dhul isteach ag na teorainneacha seachtracha.

(14)

Ba cheart gur cuardach córasach in VIS, ag baint úsáid as uimhir an ghreamáin víosa i dteannta le fíorú na méarlorg, a bheadh i gceist le húsáid VIS. Mar sin féin, mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cuardaigh den sórt sin ar amanna feithimh ag pointí trasnaithe teorann, ba cheart go mbeadh sé indéanta, ar feadh idirthréimhse de mhaolú air sin agus in imthosca a bheidh sainmhínithe go soiléir, VIS a cheadú gan fíorú córasach na méarlorg a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbaintear úsáid as an maolú sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha lena aghaidh go hiomlán agus go gcoinnítear tréimhse agus minicíocht chur i bhfeidhm an mhaolaithe sin chomh gearr agus chomh híseal agus is féidir ag na pointí trasnaithe teorann éagsúla.

(15)

Ba cheart go bhféadfaí seiceálacha ag teorainneacha seachtracha a mhaolú i gcúinsí eisceachtúla agus neamh-intuartha ionas nach mbeidh an tréimhse feithimh ag pointí trasnaithe teorann rófhada. Fiú amháin má mhaolaítear seiceálacha teorann, beidh an oibleagáid ann i gcónaí doiciméid náisiúnach tríú tír a stampáil go córasach. Cinntíonn stampáil gur féidir a shuíomh, go cinnte, an dáta a trasnaíodh agus an áit a dtrasnaíodh an teorainn, gan a shuíomh i ngach cás go ndearnadh na bearta rialaithe ar fad ba ghá i ndáil le doiciméid taistil.

(16)

Chun tréimhsí feithimh daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta an Aontais acu a laghdú, ba cheart lánaí ar leith, ar a bhfuil comharthaí aonfhoirmeacha sna Ballstáit uile, a bheith ar fáil ag pointí trasnaithe teorann, ag brath ar na cúinsí. Ba cheart lánaí ar leith a bheith ar fáil in aerfoirt idirnáisiúnta. I gcás ina bhfuil sé iomchuí, agus ag brath ar na cúinsí áitiúla, ba cheart do na Ballstáit cuimhneamh ar lánaí ar leith a chur ar fáil ag pointí trasnaithe teorann farraige agus talún.

(17)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bac mór ar thrádáil ná ar idirmhalartú sóisialta agus cultúrtha iad na nósanna imeachta rialaithe ag teorainneacha seachtracha. Chuige sin, ba cheart dóibh an líon cuí foirne agus acmhainní a úsáid.

(18)

Ba cheart do na Ballstáit an tseirbhís nó na seirbhísí náisiúnta a bhfuil cúraimí rialaithe teorann orthu a ainmniú i gcomhréir lena ndlí náisiúnta. I gcás ina bhfuil níos mó ná seirbhís ámhain ann sa Bhallstát céanna ar a bhfuil na cúraimí sin, ba cheart dlúthchomhar seasmhach a bheith eatarthu.

(19)

Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”), arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle (7), comhar agus cúnamh oibríochtúil idir na Ballstáit i ndáil le rialú ag teorainneacha a bhainistiú agus a chomhordú.

(20)

Tá an Rialachán seo gan dochar do sheiceálacha a dhéantar faoi chumhachtaí ginearálta na bpóilíní agus seiceálacha slándála ar dhaoine atá ar aon dul leo sin a dhéantar i gcás eitiltí intíre, do na féidearthachtaí go ndéanfaidh na Ballstáit seiceálacha eisceachtúla ar bhagáiste i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 3925/91 ón gComhairle (8), agus don dlí náisiúnta maidir le doiciméid taistil nó aitheantais a iompar nó don cheanglas go gcuirfidh daoine in iúl do na húdaráis go bhfuil siad i láthair ar chríoch an Bhallstáit i dtrácht.

(21)

I limistéar ina bhféadfaidh daoine gluaiseacht faoi shaoirse, ba cheart gur rud eisceachtúil é rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha. Níor cheart rialú ag teorainneacha a dhéanamh ná foirmiúlachtaí a fhorfheidhmiú díreach toisc gur trasnaíodh teorainn den chineál sin.

(22)

Ar cheann de na príomhnithe atá bainte amach ag an Aontas tá cruthú limistéir ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine thar theorainneacha inmheánacha. I limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, tá gá le freagairt choiteann ar chásanna a théann i bhfeidhm go mór ar bheartas poiblí nó ar shlándáil inmheánach an limistéir sin, nó codanna de, nó Ballstáit amháin nó níos mó trína cheadú gur féidir rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú go sealadach i gcúinsí eisceachtúla, ach gan prionsabal na saorghluaiseachta daoine a chur i mbaol. I bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta sin atá ina rogha dheiridh, ar na daoine ar fad a bhfuil sé de cheart acu gluaiseacht laistigh den limistéar sin gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun na bearta sin a athbhunú, chun go n-áiritheofaí gur beart eisceachtúil a bheadh sna bearta sin agus go n-úrramófaí prionsabal na comhréireachta. I gcás ina n-athbhunófaí bearta den sórt sin go sealadach, ba cheart nár mhó a raon feidhme agus a ré ná an leibhéal is íosta a mbeadh gá leis chun freagairt do bhagairt thromchúiseach do bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach.

(23)

Toisc go dtéann athbhunú sealadach rialú ag teorainneacha inmheánacha i bhfeidhm ar shaorghluaiseacht daoine, ba cheart aon chinneadh chun rialú den sórt sin a athbhunú a dhéanamh i gcomhréir le critéir a chomhaontófaí go comhchoiteann agus ba cheart an cinneadh sin a chur in iúl don Choimisiún nó a bheith molta ag institiúid Aontais. I gcás ar bith, ba cheart gur eisceacht i gcónaí a bheadh i rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus níor cheart é a chur ar bun ach mar rogha dheiridh, ar feadh tréimhse theoranta agus le raon feidhme teoranta, bunaithe ar chritéir shonracha oibiachtúla agus ar mheasúnú ar an ngá atá leis, ar cheart faireachán a dhéanamh ina leith ar leibhéal an Aontais. Nuair a éilítear beart láithreach toisc baol tromchúiseach a bheith ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, ba cheart do Bhallstát a bheith in ann rialú teorann ag a theorainneacha inmheánacha a athbhunú ar feadh tréimhse nach faide ná deich lá. Ní mór faireachán a dhéanamh ar leibhéal an Aontais maidir le haon síneadh ar an tréimhse sin.

(24)

Ba cheart cothromaíocht a aimsiú idir an riachtanas agus an chomhréireacht de rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus an baol atá ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, arb é is cúis leis an ngá atá le hathbhunú den sórt sin, agus ba cheart freisin bearta malartacha a mheas a d’fhéadfaí a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, nó an dá rud, agus tionchar rialú den sórt sin ar shaorghluaiseacht daoine laistigh de limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a mheas freisin.

(25)

D’fhéadfadh go mbeadh gá, ar bhonn eisceachtúil, le rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú dá mbeadh baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar leibhéal an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha nó ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe i ndiaidh gníomhartha sceimhlitheoireachta nó bagairtí sceimhlitheoireachta, nó bagairtí a thagann ón gcoireacht eagraithe.

(26)

Níor cheart go measfaí gur bagairt thromchúiseach, per se, ar an mbeartas poiblí ná ar an tslándáil inmheánach é imirce agus teorainneacha seachtracha á dtrasnú ag líon mór náisiúnach tríú tíortha.

(27)

I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is gá go ndéanfaí aon mhaolú ó phrionsabal bunúsach shaorghluaiseacht daoine a léiriú go docht agus glactar leis, le coincheap an bheartais phoiblí, gurb ann d’fhíorbhagairt láithreach atá tromchúiseach go leor lena ndéantar difear do leasanna bunúsacha na sochaí.

(28)

Bunaithe ar an taithí a fuarthas maidir le feidhmiú limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha agus d’fhonn cuidiú lena áirithiú go gcuirfear acquis Schengen chun feidhme ar bhealach comhleanúnach, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a tharraingt suas maidir le rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, i gcásanna ina mbeadh an beart sin ag teastáil ar bhonn sealadach agus, ina theannta sin, i gcásanna ina mbeadh beart láithreach ag teastáil. Ba cheart táscairí soiléire a bheith sna treoirlínte sin le gur fusa a bheidh sé measúnú a dhéanamh ar na cúinsí sin a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairtí tromchúiseacha ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach.

(29)

I gcás ina sainaithneofar go bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha a chur i gcrích i dtuarascáil mheastóireachta arna tarraingt suas de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle (9) agus d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na moltaí a ghlactar de bhun an Rialachán sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun moladh a thabhairt go ndéanfaidh an Ballstát a ndearnadh an mheastóireacht ina leith bearta sonracha amhail foirne Eorpacha gardaí teorann a imlonnú, pleananna straitéiseacha a thíolacadh nó, mar rogha dheiridh agus tromchúis an cháis á cur san áireamh, pointe sonrach trasnaithe teorann a dhúnadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). I bhfianaise Airteagal 2(2)(b)(iii) den Rialachán sin, beidh an nós imeachta scrúdúcháin infheidhme.

(30)

I gcúinsí eisceachtúla d’fhéadfadh údar cuí freisin bheith le hathbhunú sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha áirithe faoi nós imeachta sonrach ar leibhéal an Aontais agus mar bheart a dhéanfaí mar rogha dheiridh i gcás ina ndéantar feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a chur i mbaol mar thoradh ar easnaimh leanúnacha thromchúiseacha maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha arna sainaithint i gcomhthéacs dianphróiseas meastóireachta i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, i gcás ina mbeadh na cúinsí sin ina mbagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach laistigh den limistéar sin nó laistigh de chodanna de. D’fhéadfaí tús a chur le nós imeachta sonrach den sórt sin freisin, faoi na coinníollacha céanna, toisc go bhfuil faillí mhór á dhéanamh ag an mBallstát a ndearnadh an mheastóireacht ina leith, ar nós imeachta é chun rialú ag teorainneacha inmheánacha áirithe a athbhunú go sealadach. I bhfianaise íogaireacht pholaitiúil forálacha den sórt sin, ar rialú é a bhfuil baint aige le cumhachtaí feidhmiúcháin náisiúnta agus le cumhachtaí náisiúnta maidir le forghníomhú i leith rialú ag teorainneacha inmheánacha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme chun moltaí a ghlacadh faoin nós imeachta sonrach sin, ar nós imeachta ar leibhéal an Aontais é, a thabhairt don Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún.

(31)

Sula nglacfar aon mholadh maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha áirithe a athbhunú ar bhonn sealadach, ba cheart an fhéidearthacht dul i muinín bearta atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an gcás is bunús leis an bhfadhb a fhiosrú ina iomláine, go tráthúil, lena n-áirítear cúnamh ó chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais amhail an Ghníomhaireacht nó an Oifig Eorpach Póilíní (“Europol”), arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle (11) agus bearta teicniúla nó bearta tacaíochta airgeadais ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais nó an dá rud. Nuair a thiocfar ar easnamh tromchúiseach, féadfaidh an Coimisiún bearta tacaíochta airgeadais a ghlacadh chun cuidiú leis an mBallstát lena mbaineann. Anuas air sin, ba cheart gur bunaithe ar fhaisnéis a bhfuil bunús leis a bheadh aon mholadh ón gCoimisiún nó ón gComhairle.

(32)

Ba cheart go mbeadh an deis ag an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh, i gcásanna a bhfuil údar cuí tugtha leo a bhaineann leis an ngá rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh, i gcás ina n-éileoidh mórchúiseanna práinne é.

(33)

Ba cheart gurb iad na tuarascálacha meastóireachta agus na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 a bheidh mar bhonn do thús a chur leis na bearta sonracha a dhéanfar i gcás ina mbeadh easnaimh thromchúiseacha ann maidir leis an rialú ag teorainneacha inmheánacha agus mar bhonn don nós imeachta sonrach i gcás cúinsí eisceachtúla lena ndéanfaí feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a chur i mbaol dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Déanann na Ballstáit agus an Coimisiún meastóireachtaí rialta, oibiachtúla agus neamhchlaonta go comhpháirteach d’fhonn cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a fhíorú agus déanann an Coimisiún na meastóireachtaí a chomhordú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.Tá na heilimintí seo a leanas sa sásra meastóireachta: cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla, cuairteanna ar an láthair a d’fhógrófaí agus nach bhfógrófaí, ar cuairteanna iad a dhéanfaidh foireann bheag d’ionadaithe ón gCoimisiún agus de shaineolaithe a ainmneoidh na Ballstáit, tuarascálacha ar thoradh na meastóireachtaí a ghlacfaidh an Coimisiún agus moltaí do bhearta leasúcháin a ghlacfaidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún, bearta leantacha iomchuí, faireachán agus tuairisciú.

(34)

Ós rud é nárbh fhéidir leis na Ballstáit cuspóir Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 agus na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air, eadhon rialacha a bhunú is infheidhme maidir le gluaiseacht daoine thar theorainneacha, a ghnóthú go leordhóthanach agus gurbh fhearr dá bhrí sin ab fhéidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, d’fhéad an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní dheachaigh an Rialachán sin agus na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air thar a raibh riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(35)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bearta breise a ghlacadh chun faireachas a rialú chomh maith le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(36)

Urramaíonn an Rialachán seo cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear go sainráite le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart feidhm a bheith aige i gcomhréir le hoibleagáidí na mBallstát maidir le cosaint idirnáisiúnta agus non-refoulement.

(37)

De mhaolú ar Airteagal 355 CFAE, níl feidhm ag an Rialachán seo ach maidir leis na críocha sin de chuid na Fraince agus na hÍsiltíre atá san Eoraip. Ní dhéanfaidh sé difear do na socruithe sonracha atá i bhfeidhm in Ceuta agus in Melilla, mar atá sainithe sa Chomhaontú maidir le haontachas Ríocht na Spáine leis an gComhaontú lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 (12).

(38)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(39)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (13), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (14).

(40)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (15) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (16).

(41)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (17), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (18).

(42)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (19); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(43)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (20); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(44)

Maidir leis an mBulgáir, leis an gCróit, leis an gCipir agus leis an Rómáin is é atá sa chéad mhír d’Airteagal 1, Airteagal 6(5)(a), Teideal III, agus forálacha Theideal II agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis lena dtagraítear do CFS agus do VIS forálacha lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile acu le acquis Schengen, faoi seach, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachas 2003, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachas 2005 agus de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachas 2011,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus prionsabail

Déanann an Rialachán seo foráil nach ndéanfar rialú teorann ar dhaoine a thrasnaíonn na teorainneacha inmheánacha atá idir Ballstáit an Aontais.

Leagtar síos leis rialacha lena rialaítear rialú teorann daoine a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn “teorainneacha inmheánacha”:

(a)

comhtheorainneacha talún na mBallstát, lena n-áirítear teorainneacha abhann agus locha;

(b)

aerfoirt na mBallstát le haghaidh eitiltí inmheánacha;

(c)

calafoirt fharraige, abhann agus locha na mBallstát i gcás nasc inmheánach rialta bád farantóireachta;

2.

ciallaíonn “teorainneacha seachtracha” teorainneacha talún na mBallstát, lena n-áirítear teorainneacha abhann agus locha, teorainneacha farraige agus a n-aerfoirt, calafoirt abhann, calafoirt farraige agus calafoirt locha, ar choinníoll nach teorainneacha inmheánacha iad;

3.

ciallaíonn “eitilt inmheánach” aon eitilt a théann ó chríocha na mBallstát nó chucu nach dtuirlingíonn ar chríoch tríú tír, agus na heitiltí sin amháin;

4.

ciallaíonn “nasc rialta inmheánach bád farantóireachta” aon nasc bád farantóireachta idir an dá chalafort chéanna nó níos mó atá suite ar chríoch na mBallstát, gan dul isteach in aon chalafoirt nach bhfuil suite ar chríoch na mBallstát, agus arb éard atá ann paisinéirí agus feithiclí a iompar de réir amchlár foilsithe;

5.

ciallaíonn “daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais”:

(a)

saoránaigh de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE, agus náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais a fheidhmíonn a chearta nó a cearta chun saorghluaiseachta a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) ina leith;

(b)

náisiúnaigh tríú tír agus baill dá dteaghlach, cibé a náisiúntacht, a bhfuil cearta chun saorghluaiseachta acu arb ionann iad agus cearta shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontuithe idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar lámh amháin, agus na tríú tíortha sin, ar lámh eile;

6.

ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” aon duine nach saoránach de chuid an Aontais é nó í, de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE agus nach gcumhdaítear faoi phointe 5 den Airteagal seo;

7.

ciallaíonn “daoine a bhfuil foláireamh eisithe ina leith ar mhaithe le cead isteach a dhiúltú dóibh” aon náisiúnach tríú tír a bhfuil foláireamh eisithe ina leith i gCóras Faisnéise Schengen (CFS) i gcomhréir le hAirteagal 24 agus le hAirteagal 26 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus chun na gcríoch atá leagtha síos sna hAirteagail sin;

8.

ciallaíonn “pointe trasnaithe teorann” aon phointe trasnaithe atá údaraithe ag na húdaráis inniúla chun teorainneacha seachtracha a thrasnú;

9.

ciallaíonn “pointe trasnaithe teorann roinnte” aon phointe trasnaithe teorann lonnaithe ar chríoch Bhallstáit nó ar chríoch tríú tír, ag a ndéanfaidh gardaí teorann an Bhallstáit agus gardaí teorann an tríú tír, i ndiaidh a chéile, seiceálacha ar imeacht agus seiceálacha ar dhul isteach i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, agus de bhun comhaontú déthaobhach;

10.

ciallaíonn “rialú ag teorainneacha” an ghníomhaíocht a dhéantar ag teorainn, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus chun críocha an Rialacháin seo, mar fhreagairt eisiach ar rún an teorainn sin a thrasnú, nó ar thrasnú na teorann sin, beag beann ar aon chúinse eile, a bhfuil seiceálacha teorann agus faireachas ar theorainneacha mar chuid de;

11.

ciallaíonn “seiceálacha teorann” na seiceálacha a dhéantar ag pointí trasnaithe teorann, lena n-áirithiú go bhféadfar daoine, lena n-áirítear a modh iompair agus na hábhair atá ina seilbh, a údarú le dul isteach ar chríoch na mBallstát nó imeacht uaithi;

12.

ciallaíonn “faireachas ar theorainneacha” faireachas ar theorainneacha idir pointí trasnaithe teorann agus faireachas ar phointí trasnaithe teorann lasmuigh de na huaireanta oscailte seasta, chun cosc a chur ar dhaoine a bheith ag teacht timpeall ar sheiceálacha teorann;

13.

ciallaíonn “seiceáil ar an dara líne” seiceáil sa bhreis is féidir a dhéanamh in ionad speisialta ar leataobh ón ionad ina seiceáiltear gach aon duine (an chéad líne);

14.

ciallaíonn “garda teorann” aon oifigeach poiblí atá sannta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, do phointe trasnaithe teorann nó feadh na teorann nó díreach taobh leis an teorainn sin agus a dhéanann, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an dlí náisiúnta, cúraimí rialaithe teorann;

15.

ciallaíonn “iompróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach arb é a ghairm daoine a iompar;

16.

ciallaíonn “cead cónaithe”:

(a)

gach cead cónaithe a eisíonn na Ballstáit de réir na formáide aonfhoirmí a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle (23) agus cártaí cónaithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE;

(b)

na doiciméid eile ar fad a eisíonn Ballstát chuig náisiúnaigh tríú tíortha a n-údaraítear tréimhse fanachta ar a gcríoch leo, ar doiciméid iad a bhí faoi réir fógra agus foilsiú ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 39, cé is moite den mhéid seo a leanas:

(i)

ceadanna sealadacha a eisítear ar feitheamh an chéad iarratas ar chead cónaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) nó iarratas ar thearmann a scrúdú; agus

(ii)

víosaí a eisíonn na Ballstáit san fhormáid aonfhoirmeach a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle (24);

17.

ciallaíonn “long chúrsála” long a leanann clár taistil áirithe i gcomhréir le clár réamhshocraithe, ina n-áirítear clár de ghníomhaíochtaí turasóireachta i gcalafoirt éagsúla, ach nach dtugann paisinéirí ar bord le linn an turais, de ghnáth, ná nach ligeann do phaisinéirí tuirlingt le linn an turais;

18.

ciallaíonn “bádóireacht phléisiúir” úsáid bád pléisiúir chun críocha spóirt nó tuarasóireachta;

19.

ciallaíonn “iascaireacht chósta” iascaireacht a dhéanann soithigh a théann i dtír gach lá nó laistigh de 36 huaire an chloig go calafort atá suite ar chríoch Ballstáit gan dul isteach in aon chalafort atá i dtríú tír;

20.

ciallaíonn “oibrí amach ón gcósta” duine atá ag obair ar láthair amach ón gcósta ach atá lonnaithe in uiscí teorann na mBallstát nó i limistéar dúshaothraithe eacnamaíche eisíche muirí i gcomhair úsáid na mBallstát faoi mar a shainmhínítear faoi dhlí idirnáisiúnta na mara, agus a fhilleann go rialta ar chríoch na mBallstát, bíodh taisteal ar muir nó ar tír i gceist leis;

21.

ciallaíonn “baol don tsláinte phoiblí” aon ghalar a mbaineann baol eipidéime leis mar atá sainmhínithe i Rialacha Sláinte Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus galair thógálacha nó galair sheadánacha ghabhálacha eile má tá siad faoi réir forálacha cosanta is infheidhme maidir le náisiúnaigh na mBallstát.

Airteagal 3

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon duine a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha nó seachtracha na mBallstát, gan dochar don mhéid seo a leanas:

(a)

cearta daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais;

(b)

cearta dídeanaithe agus daoine a iarrann cosaint idirnáisiúnta, go háirithe maidir le non-refoulement.

Airteagal 4

Cearta Bunúsacha

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit a gcuid cúraimí a chomhall agus dlí ábhartha an Aontais á chomhlíonadh go hiomlán acu, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), an dlí idirnáisiúnta is ábhartha, lena n-áirítear an Coinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe arna dhéanamh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 (“Coinbhinsiún na Ginéive”), oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement, agus cearta bunúsacha. I gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, is ar bhonn indibhidiúil a dhéanfar cinntí faoin Rialachán seo.

TEIDEAL II

TEORAINNEACHA SEACHTRACHA

CAIBIDIL I

Teorainneacha seachtracha a thrasnú agus coinníollacha maidir le dul isteach

Airteagal 5

Teorainneacha seachtracha a thrasnú

1.   Ní fhéadfar teorainneacha seachtracha a thrasnú ach ag pointí trasnaithe teorann agus le linn na n-uaireanta oscailte seasta. Beidh na huaireanta oscailte ar taispeáint go soiléir ag pointí trasnaithe teorann nach bhfuil oscailte 24 uair an chloig.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi liosta na bpointí trasnaithe teorann i gcomhréir le hAirteagal 39.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar eisceachtaí a cheadú ón oibleagáid teorainneacha seachtracha a thrasnú ag pointí trasnaithe teorann amháin agus ag na huaireanta oscailte seasta amháin:

(a)

i gcás daoine aonair nó grúpaí daoine, nuair atá gá speisialta le teorainneacha seachtracha a thrasnú lasmuigh de phointí trasnaithe teorann ó am go ham nó lasmuigh de na huaireanta oscailte seasta, chomh fada agus go bhfuil na ceadanna atá de cheangal orthu de réir dlí náisiúnta ina seilbh acu, agus nach bhfuil coimhlint ann le leasanna bheartas poiblí agus shlándáil inmheánach na mBallstát. Féadfaidh na Ballstáit socruithe sonracha a dhéanamh i gcomhaontuithe déthaobhacha. Maidir le heisceachtaí ginearálta dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta agus le comhaontuithe déthaobhacha, tábharfar fógra ina leith don Choimisiún de bhun Airteagal 39;

(b)

le haghaidh daoine aonair nó grúpaí daoine i gcás staid éigeandála gan choinne;

(c)

i gcomhréir leis na rialacha sonracha a leagtar amach in Airteagal 19 agus in Airteagal 20 i gcomhcheangal le hIarscríbhinn VI agus le hIarscríbhinn VII.

3.   Gan dochar do na heisceachtaí dá bhforáiltear i mír 2 nó dá n-oibleagáidí maidir le cosaint idirnáisiúnta, tabharfaidh na Ballstáit pionóis isteach, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, i gcás trasnú neamhúdaraithe teorainneacha seachtracha ag áiteanna seachas ag pointí trasnaithe teorann agus ag amanna seachas na hamanna oscailte seasta. Beidh na píonóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 6

Coinníollacha maidir le dul isteach le haghaidh náisiúnaigh tríú tír

1.   I gcás tréimhsí beartaithe fanachta ar chríoch na mBallstát ar tréimhsí iad nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá, eadhon fad ar ina leith a fhéachtar ar an tréimhse 180 lá a thagann roimh gach lá fanachta, is iad seo a leanas na coinníollacha maidir le dul isteach le haghaidh náisiúnaigh tríú tíortha:

(a)

tá doiciméad taistil bailí ina seilbh acu lena gceadófar don sealbhóir an teorainn a thrasnú agus na critéir seo a leanas á sásamh aige:

(i)

beidh sé bailí fós trí mhí ar a laghad tar éis an dáta beartaithe imeachta ó chríoch na mBallstát. Féadfar an oibleagáid sin a tharscaoileadh i gcás éigeandáil a bhfuil bonn cirt leis;

(ii)

is doiciméad é a eisíodh sna 10 mbliana roimhe sin;

(b)

tá víosa bailí ina seilbh acu, má cheanglaítear amhlaidh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle (25), ach amháin i gcás ina bhfuil cead cónaithe bailí nó víosa fadfhanachta bailí acu;

(c)

tugann siad údar cuí do chuspóir agus coinníollacha na tréimhse fanachta atá beartaithe, agus tá cóir leordhóthanach mhaireachtála acu d’fhad na tréimhse fanachta agus chun filleadh ar a dtír bhunaidh nó chun aistriú go tríú tír áit a bhfuil siad cinnte go dtabharfar cead isteach dóibh, nó a mbeidh siad in ann an chóir mhaireachtála sin a fháil go dleathach;

(d)

ní daoine iad a bhfuil foláireamh eisithe ina leith in CFS chun cead isteach a dhiúltú;

(e)

ní mheastar gur baol do bheartas poiblí, slándáil inmheánach, sláinte phoiblí ná caidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit iad, go háirithe i gcás nach bhfuil foláireamh eisithe i mbunachair shonraí náisiúnta na mBallstát chun cead isteach a dhiúltú ar an mbonn céanna.

2.   Chun críocha mír 1 a chur chun feidhme, measfar gurb é an lá a rachfar isteach an chéad lá den fhanacht ar chríoch na mBallstát agus measfar gurb é an lá a fhágtar an lá deireanach den fhanacht ar chríoch na mBallstát. Ní áireofar tréimhsí fanachta atá údaraithe faoi chead cónaithe nó faoi víosa fadfhanachta agus tréimhse fanachta ar chríoch na mBallstát á ríomh.

3.   Áirítear in Iarscríbhinn I liosta neamh-uileghabhálach de dhoiciméid tacaíochta a fhéadfaidh an garda teorann a iarraidh ar an náisiúnach tríú tír chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1(c) a fhíorú.

4.   Deanfar cóir mhaireachtála a mheas i gcomhréir le fad agus cuspóir na fanachta agus trí thagairt a dhéanamh do na meánphraghsanna sa Bhallstát lena mbaineann nó sna Ballstáit lena mbaineann le haghaidh bia agus lóistín i gcóiríocht bheagchostais, arna n-iolrú faoin líon laethanta a fhanfar.

Cuirfear na méideanna tagartha a leagann na Ballstáit síos in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39.

Féadfar an measúnú ar chóir leordhóthanach mhaireachtála a bhunú ar luach an airgid thirim, na seiceanna taistil agus na gcártaí creidmheasa atá i seilbh an náisiúnaigh tríú tír. Glacfar le dearbhuithe urraíochta, i gcás ina ndéantar foráil maidir le dearbhuithe den chineál sin sa dlí náisiúnta, agus le litreacha deimhniúcháin ó óstaigh, mar atá sainmhínithe sa dlí náisiúnta, i gcás ina bhfuil an náisiúnach tríú tír ag fanacht le hóstach, glacfar leo sin mar fhianaise ar chóir leordhóthanach mhaireachtála.

5.   De mhaolú ar mhír 1:

(a)

maidir le náisiúnaigh tríú tíortha nach gcomhlíonann na coinníollacha ar fad a leagtar síos i mír 1 ach a mbeidh cead cónaithe nó víosa fadfhanachta ina seilbh acu, údarófar dóibh dul isteach i gcríoch na mBallstát eile chun críocha idirthurais ionas go bhféadfaidh siad críoch an Bhallstáit inar eisíodh an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a bhaint amach, mura rud é go mbeidh a n-ainmneacha ar liosta náisiúnta foláireamh an Bhallstáit arb iad a theorainneacha seachtracha atá uathu a thrasnú agus go mbeidh treoracha ag gabháil leis an bhfoláireamh á rá nach mór dul isteach nó idirthuras a dhiúltú;

(b)

maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, seachas na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b), agus a chuirfidh iad féin in iúl ag an teorainn, féadfar údarú dóibh dul isteach i gcríoch na mBallstát, má eisítear víosa ag an teorainn i gcomhréir le hAirteagal 35 agus le hAirteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).

Cuirfidh na Ballstáit staidreamh le chéile maidir leis na víosaí a eisítear ag an teorainn i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 agus le hIarscríbhinn XII a ghabhann leis.

Mura bhfuil sé indéanta víosa a ghreamú den doiciméad, déanfar é a ghreamú, go heisceachtúil, de bhileog ar leith a chuirfear isteach sa doiciméad. I gcás den sórt sin, úsáidfear an fhormáid aonfhoirmeach le haghaidh foirmeacha chun an víosa a ghreamú, arna leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 333/2002 ón gComhairle (27);

(c)

féadfaidh Ballstát náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 a údarú le dul isteach ar a chríoch ar fhorais daonnúla, ar fhorais leasa náisiúnta nó i ngeall ar oibleagáidí idirnáisiúnta. I gcás gur ábhar foláirimh amhail dá dtagraítear i mír 1(d) an náisiúnach tríú tír lena mbaineann, cuirfidh an Ballstát a thugann údarú dó nó di dul isteach ar a chríoch na Ballstáit eile ar an eolas dá réir sin.

CAIBIDIL II

Teorainneacha seachtracha a rialú agus cead isteach a dhiúltú

Airteagal 7

Seoladh na seiceálacha teorann

1.   Le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh, déanfaidh gardaí teorann dínit an duine a urramú go hiomlán, go háirithe i gcásanna a bhaineann le daoine soghonta.

Beidh aon bheart a dhéantar i bhfeidhmiú a ndualgas comhréireach leis na cuspóirí a bheidh á saothrú leis na bearta sin.

2.   Fad a bheidh seiceálacha teorann á ndéanamh acu, ní dhéanfaidh gardaí teorann idirdhealú ar dhaoine ar bhonn gnéis, bunadh ciníoch nó eithneach, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó claonadh gnéis.

Airteagal 8

Seiceálacha teorann ar dhaoine

1.   Beidh gluaiseacht trasteorann ag teorainneacha seachtracha faoi réir seiceálacha ag na gardaí teorann. Déanfar seiceálacha i gcomhréir leis an gcaibidil seo.

Mar chuid de na seiceálacha féadfar seiceáil a dhéanamh freisin ar an modh iompair agus na hábhair atá i seilbh na ndaoine atá ag trasnú na teorann. Beidh feidhm ag dlí an Bhallstáit lena mbaineann maidir le haon chuardach a dhéanfar.

2.   Déanfar seiceáil íosta ar gach duine d’fhonn a gcéannacht a dheimhniu ar bhonn a ndoiciméid taistil a thabhairt ar aird nó a chur ar fáil. Mar chuid de sheiceáil íosta den sórt sin beidh fíorú tapa agus éasca, agus nuair is iomchuí úsáidfear gléasanna teicniúla lena dhéanamh agus ceadófar, sna bunachair shonraí ábhartha, faisnéis a bhaineann go heisiach le doiciméid atá goidte, mídhílsithe, caillte agus neamhbhailithe, ar fíorú é ar bhailíocht an doiciméid lena n-údaraítear don sealbhóir dlisteanach an teorainn a thrasnú, agus fíorú ar rian d'fhalsú nó de ghóchumadh a bheith ann.

Is í an tseiceáil íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír an riail le haghaidh daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais.

Le linn dóibh seiceálacha íosta a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais, féadfaidh gardaí teorainn, áfach, ar bhonn nach bonn córasach, bunachair sonraí naisiúnta agus Eorpacha a cheadú chun a áirithiú nach ionann na daoine sin agus bagairt dáiríre, láithreach agus tromchúiseach go leor ar an tslándáil inmheánach, ar an mbeartas poiblí ná ar chaidreamh idirnáisiúnta na mBallstát, nó nach bagairt ar an tsláinte phoiblí iad.

Ní dhéanfaidh iarmhairtí ceadaithe den sórt sin an ceart chun dul isteach ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, ar ceart é chun saorghluaiseachta atá ag daoine faoi dhlí an Aontais a leagtar síos i dTreoir 2004/38/CE, a chur i mbaol.

3.   Beidh náisiúnaithe tríú tír faoi réir na seiceálacha críochnúla ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh mar seo a leanas:

(a)

beidh fíorú ar na coinníollacha a rialaíonn dul isteach a leagtar síos in Airteagal 6(1) agus, nuair is infheidhme, ar na doiciméid a údaraíonn cónaí agus saothrú gníomhaíochta gairmiúla, mar chuid de na seiceálacha críochnúla a dhéanfar ar dhul isteach dóibh. Áireofar leis sin scrúdú mionsonraithe a chumhdaíonn na gnéithe seo a leanas:

(i)

fíorú go bhfuil doiciméad i seilbh an náisiúnaigh tríú tír atá bailí chun an teorainn a thrasnú agus nach bhfuil imithe in éag, agus go bhfuil ag gabháil leis an doiciméad sin, nuair is infheidhme, an víosa nó an cead cónaithe atá riachtanach;

(ii)

grinnscrúdú cuimsitheach ar an doiciméad taistil le haon rian d’fhalsú nó de ghóchumadh a aithint;

(iii)

scrúdú ar na stampaí dul isteach agus imeachta atá ar dhoiciméad taistil an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, d’fhonn a fhíorú, trí chomparáid a dhéanamh idir na dátaí dul isteach agus na dátaí imeachta, nár fhan an duine cheana féin níos faide ná fad uastréimhse na fanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát;

(iv)

fíorú maidir leis an bpointe imeachta agus ceann scríbe an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann agus cuspóir na fanachta beartaithe, trí sheiceáil a dhéanamh, más gá, ar na doiciméid tacaíochta chomhfhreagracha;

(v)

fíorú go bhfuil cóir leordhóthanach mhaireachtála ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann d’fhad agus cuspóir na tréimhse fanachta atá beartaithe, chun filleadh ar a thír bhunaidh nó ar a tír bhunaidh nó chun aistriú chuig tríú tír áit a bhfuil sé nó sí cinnte go dtabharfar cead isteach dó nó di, nó a mbeidh sé nó sí in ann an chóir mhaireachtála sin a fháil go dleathach;

(vi)

fíorú nach dócha go gcuirfidh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann, ná a mhodh taistil nó a modh taistil agus na hábhair atá á n-iompar aige nó aici, beartas poiblí, slándáil inmheánach, sláinte phoiblí ná caidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit i mbaol. Mar chuid d’fhíorú den sórt sin déanfar na sonraí agus foláirimh maidir le daoine a cheadú go díreach chomh maith le, nuair is gá, ábhair atá san áireamh in CFS agus i gcomhaid náisiúnta sonraí agus an beart atá le déanamh, más ann dó, mar thoradh ar fholáireamh;

(b)

má bhíonn víosa dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(b) ina sheilbh ag náisiúnach tríú tír,.is éard a bheidh sna seiceálacha críochnúla ar dhul isteach go bhfíorófar céannacht shealbhóir an víosa agus barántúlacht an víosa, trí bhíthin an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(c)

de mhaolú air sin, féadfar VIS a cheadú trí úsáid a bhaint as as uimhir an ghreamáin víosa i ngach cás agus, ar bhonn randamach, uimhir an ghreamáin víosa i dteannta le fíorú méarlorg, más i gcás:

(i)

inarb ann don oiread sin tráchta agus go mbeidh an t-am feithimh ag an bpointe trasnaithe teorann iomarcach;

(ii)

ina mbeidh na hacmhainní go léir ídithe a mhéid a bhaineann le foireann, saoráidí agus eagar; agus

(iii)

ar bhonn measúnú, nach ann d’aon bhaol a bhaineann le slándáil inmheánach agus le hinimirce mhídhleathach.

I ngach cás ina mbeidh amhras faoi chéannacht shealbhóir an víosa agus/nó faoi bharántúlacht an víosa, áfach, déanfar VIS a cheadú go córasach trí úsáid a bhaint as uimhir an ghreamáin víosa i dteannta le fíorú méarlorg.

Ní fhéadfar an maolú seo a chur i bhfeidhm ach amháin ag an bpointe trasnaithe teorann lena mbaineann fad a chomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii);

(d)

is é an garda teorann a bheidh i gceannas ag an bpointe trasnaithe teorann a dhéanfaidh an cinneadh VIS a cheadú i gcomhréir le pointe (c), nó is ar leibhéal níos airde a dhéanfar an cinneadh sin.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra láithreach faoi aon chinneadh den sórt sin do na Ballstáit eile agus don Choimisiún;

(e)

tarchuirfidh gach Ballstát tuarascáil ar fheidhmiú phointe (c) uair sa bhliain chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gCoimisiún, agus beidh líon na náisiúnach tríú tíortha a seiceáladh in VIS trí úsáid a bhaint as uimhir an ghreamáin víosa amháin mar aon le fad an ama feithimh dá dtagraítear i bpointe (c)(i) sa tuarascáil;

(f)

beidh feidhm ag pointe (c) agus ag pointe (d) ar feadh uastréimhse trí bliana, dar tosach trí bliana tar éis do VIS tosú i mbun oibríochta. Tarchuirfidh an Coimisiún, roimh dheireadh an dara bliain a gcuirfear pointe (c) agus pointe (d) i bhfeidhm, meastóireacht ar chur chun feidhme na bpointí sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ar bhonn na meastóireachta sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle iarraidh ar an gCoimisiún leasuithe cuí ar an Rialachán seo a mholadh.

(g)

mar chuid de na seiceálacha críochnúla ar imeacht beidh:

(i)

fíorú go bhfuil doiciméad atá bailí chun an teorainn a thrasnú ina sheilbh ag an náisiúnach tríú tír;

(ii)

fíorú nach bhfuil aon rian d’fhalsú ná de ghóchumadh ar an doiciméad taistil;

(iii)

nuair is féidir, fíorú nach meastar gur baol do bheartas poiblí, slándáil inmheánach ná caidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit an náisiúnach tríú tír;

(h)

sa bhreis ar na seiceálacha dá dtagraítear i bpointe (g), féadfar a áireamh i seiceálacha críochnúla ar imeacht an méid seo a leanas:

(i)

fíorú go bhfuil víosa bhailí i seilbh an duine, más gá de bhun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, ach amháin i gcás ina bhfuil cead cónaithe bailí aige nó aici; féadfaidh sé go gceadófar VIS san fhíorú sin i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(ii)

fíorú nár fhan an duine níos faide ná fad uastréimhse an fhanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát;

(iii)

ceadú foláireamh maidir le daoine agus ábhair atá in CFS agus i dtuarascálacha i gcomhaid náisiúnta sonraí;

(i)

chun duine ar bith a shainaithint nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí i gcríoch na mBallstát, féadfar VIS a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

4.   I gcás ina bhfuil na saoráidí ann agus ina n-iarrann an náisiúnach tríú tír amhlaidh, déanfar na seiceálacha críochnúla sin in áit phríobháideach.

5.   Gan dochar don dara fomhír, tabharfar faisnéis i scríbhinn do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir seiceáil chuimsitheach ar an dara líne ar faisnéis í maidir le cuspóir agus nós imeachta na seiceála sin, agus tabharfar an fhaisnéis sin dóibh i dteanga a thuigeann siad nó arb fhéidir glacadh leis ar bhonn réasúnta go bhfuil siad in ann an teanga sin a thuiscint, nó tabharfar an fhaisnéis sin dóibh ar bhealach éifeachtach eile.

Beidh an fhaisnéis sin ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus i dteanga nó teangacha na tíre nó na dtíortha a bhfuil teorainn acu leis an mBallstát lena mbaineann, agus luafar inti go bhféadfaidh an náisiúnach tríú tír ainm nó uimhir aitheantais seirbhíse na ngardaí teorann a dhéanann an tseiceáil chríochnúil ag an dara líne, ainm an phointe trasnaithe teorann agus an dáta a trasnaíodh an teorainn a iarraidh.

6.   Is i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE a dhéanfar seiceálacha ar dhuine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta aige faoi dhlí an Aontais.

7.   Leagtar síos in Iarscríbhinn II rialacha mionsonraithe a rialaíonn an fhaisnéis atá le clárú.

8.   I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 5(2)(a) nó (b), féadfaidh na Ballstáit maoluithe a thabhairt ar na rialacha atá leagtha amach san Airteagal seo freisin.

Airteagal 9

Seiceálacha teorann a mhaolú

1.   Féadfar seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha a mhaolú mar thoradh ar chúinsí eisceachtúla gan choinne. Measfar gur cúinsí eisceachtúla gan choinne iad cúinsí a mbeadh an oiread sin tráchta mar thoradh orthu go mbeadh an tréimhse feithimh ag an bpointe trasnaithe teorann iomarcach, agus a mbeadh na hacmhainní uile ídithe ó thaobh foirne, saoráidí agus eagrúcháin de.

2.   I gcás ina ndéantar seiceálacha teorann a mhaolú i gcomhréir le mír 1, i bprionsabal, beidh tosaíocht ag seiceálacha teorann ar ghluaiseachtaí isteach ar sheiceálacha teorann ar ghluaiseachtaí imeachta.

Is é an garda teorann a bheidh i gceannas ag an bpointe trasnaithe teorann a dhéanfaidh an cinneadh seiceálacha a mhaolú.

Ar bhonn sealadach a dhéanfar an maolú sin ar sheiceálacha, cuirfear in oiriúint é do chúinsí atá mar údar leis agus tabharfar isteach de réir a chéile é.

3.   Fiú amháin i gcás ina ndéantar na seiceálacha a mhaolú, déanfaidh an garda teorann doiciméid taistil náisiúnach tríú tír a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 11.

4.   Uair sa bhliain, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

Airteagal 10

Lánaí ar leith agus faisnéis ar chomharthaí

1.   Cuirfidh na Ballstáit lánaí ar leith ar fáil, go háirithe ag pointí trasnaithe teorann aeir chun seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine, i gcomhréir le hAirteagal 8. Déanfar idirdhealú idir na lánaí sin trí chomharthaí a chur suas ar a mbeidh an fhaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.

Féadfaidh na Ballstáit lánaí ar leith a chur ar fáil ag na pointí trasnaithe teorann farraige agus talún agus ag na teorainneacha idir na Ballstáit sin nach gcuireann Airteagal 22 i bhfeidhm ag a gcomhtheorainneacha. Úsáidfear na comharthaí ar a mbeidh an fhaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn III má chuireann na Ballstáit lánaí ar leith ar fáil ag na teorainneacha sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil comharthaí soiléire ar na lánaí sin, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar na rialacha a bhaineann le húsáid na lánaí éagsúla a tharscaoileadh faoi mar a fhoráiltear i mír 4, d’fhonn a áirithiú go mbeidh an sreabhadh is mó daoine is féidir ag trasnú na teorann.

2.   Maidir le daoine a mbeidh ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais, beidh siad i dteideal na lánaí a úsáid a bheidh léirithe leis an gcomhartha a thaispeántar i gCuid A d’Iarscríbhinn III (“AE, LEE, CH”). Féadfaidh siad freisin na lánaí a úsáid a bheidh léirithe leis an gcomhartha a thaispeántar i gCuid B1 (“níl víosa riachtanach”) agus i gcuid B2 (“gach cineál pas”) d’Iarscríbhinn III.

Maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide víosa a bheith ina seilbh acu agus teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 agus náisiúnaigh tríú tíortha a mbeidh cead cónaithe bailí nó víosa fadfhanachta ina seilbh acu, féadfaidh siad na lánaí a úsáid a bheidh léirithe leis an gcomhartha a thaispeántar i gCuid B1 d’Iarscríbhinn III (“níl víosa riachtanach”) a ghabhann leis an Rialachán seo. Féadfaidh siad freisin feidhm a bhaint as na lánaí a bheidh léirithe leis an gcomhartha (“gach cineál pas”) a thaispeántar i gcuid B2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Úsáidfidh gach duine eile na lánaí a bheidh léirithe leis an gcomhartha (“gach cineál pas”) a thaispeántar i gcuid B2 d’Iarscríbhinn III.

Féadfar an fhaisnéis atá ar na comharthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sa dara fomhír agus sa tríú fomhír a léiriú i gcibé teanga nó teangacha a mheasfaidh gach Ballstát a bheith oiriúnach.

Níl sé éigeantach lánaí ar leith a sholáthar a bheidh léirithe leis an gcomhartha a thaispeántar i gcuid B1 d’Iarscríbhinn III (“níl víosa riachtanach”). Cinnfidh na Ballstáit an ndéanfaidh siad na lánaí sin a sholáthar agus cinnfidh siad na pointí trasnaithe teorann i gcomhréir le riachtanais phraiticiúla.

3.   Ag pointí trasnaithe teorann farraige agus talún, féadfaidh na Ballstát feithiclí a roinnt idir lánaí éagsúla le haghaidh feithiclí éadroma agus troma agus busanna trí na comharthaí a thaispeántar i gcuid C d’Iarscríbhinn III a úsáid.

Féadfaidh na Ballstáit faisnéis éagsúil a bheith acu ar na comharthaí sin nuair is iomchuí, i bhfianaise cúinsí áitiúla.

4.   I gcás míchothromaíocht shealadach i sreafaí tráchta ag pointe trasnaithe teorann áirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla na rialacha a bhaineann le húsáid na lánaí éagsúla a tharscaoileadh ar feadh an ama is gá chun an mhíchothromaíocht sin a réiteach.

Airteagal 11

Doiciméid taistil a stampáil

1.   Déanfar doiciméid taistil náisiúnach tríú tír a stampáil go córasach ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh. Greamófar stampa dul isteach nó imeachta díobh seo a leanas go háirithe:

(a)

na doiciméid, ar a bhfuil víosa bhailí, lenar féidir le náisiúnaigh tríú tír an teorainn a thrasnú;

(b)

na doiciméid lenar féidir le náisiúnaigh tríú tír ar eisigh Ballstát víosa chucu ag an teorainn, an teorainn a thrasnú;

(c)

na doiciméid lenar féidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir ceanglas víosa an teorainn a thrasnú.

2.   Maidir le doiciméid taistil náisiúnach tríú tíortha ar baill iad de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais a mbeidh feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis, ach nach dtíolacfaidh an cárta cónaithe dá bhforáiltear sa Treoir sin, déanfar na doiciméid sin a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht na náisiúnach sin.

Maidir le doiciméid taistil náisiúnach tríú tíortha ar baill iad de theaghlach de chuid náisiúnaigh tríú tír a mbeidh ceart chun saorghluaiseachta aige faoi dhlí an Aontais ach ar náisiúnaigh iad nach dtíolacfaidh an cárta cónaithe dá bhforáiltear i dTreoir 2004/38/CE, déanfar na doiciméid sin a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht na náisiúnach sin.

3.   Ní ghreamófar stampa dul isteach nó imeachta díobh seo a leanas:

(a)

doiciméid taistil Cheann Stáit agus daoine mór le rá ar fógraíodh a dteacht go hoifigiúil roimh ré trí chainéil taidhleoireachta;

(b)

ceadúnais phíolótaí nó teastais ball d’aerchriú;

(c)

doiciméid taistil mharaithe nach bhfuil i láthair ar chríoch Ballstáit ach amháin nuair a thagann a long i dtír agus i limistéar an chalafoirt amháin;

(d)

doiciméid taistil chriú agus phaisinéirí long cúrsála nach bhfuil faoi réir seiceálacha teorann i gcomhréir le pointe 3.2.3 d’Iarscríbhinn VI;

(e)

doiciméid lenar féidir le náisiúnaigh Andóra, Mhonacó agus San Mairíne an teorainn a thrasnú;

(f)

doiciméid taistil chriúnna traenacha paisinéirí agus earraí agus iad ar naisc idirnáisiúnta;

(g)

doiciméid taistil náisiúnach tríú tíortha a thíolacann cárta cónaithe dá bhforáiltear i dTreoir 2004/38/CE.

Ar bhonn eisceachtúil agus ar iarraidh ó náisiúnach tríú tír, féadfar gan stampa um víosa dul isteach nó imeachta a chur má tá baol ann go gcruthóidh an stampa sin fadhbanna tromchúiseacha don duine sin. Sa chás sin, déanfar víosa dul isteach nó imeachta a thaifeadadh ar leathanach ar leith ar a sonrófar ainm agus uimhir phas an duine sin. Tabharfar an leathanach sin don náisiúnach ón tríú tír sin. Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát staidreamh a choimeád maidir le cásanna eisceachtúla den chineál sin agus féadfaidh siad an staidreamh sin a sholáthar don Choimisiún.

4.   Leagtar amach na socruithe praiticiúla maidir le stampáil in Iarscríbhinn IV.

5.   Nuair is féidir, cuirfear náisiúnaigh tríú tír ar an eolas faoi oibleagáid an gharda teorann a ndoiciméad taistil a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh, fiú amháin i gcás ina maolaítear na seiceálacha i gcomhréir le hAirteagal 9.

Airteagal 12

Toimhde maidir leis na coinníollacha i dtaobh tréimhse fanachta

1.   Mura bhfuil stampa dul isteach ar dhoiciméad taistil náisiúnaigh tríú tír, féadfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla glacadh leis nach gcomhlíonann sealbhóir an doiciméid, nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh, na coinníollacha i dtaobh tréimhse fanachta is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann.

2.   Féadfar an toimhde dá dtagraítear i mír 1 a bhréagnú i gcás ina gcuireann an náisiúnach tríú tír ar fáil, ar bhealach ar bith, fianaise inchreidte, amhail ticéid taistil nó cruthúnas go raibh sé lasmuigh de chríoch na mBallstát, a léiríonn gur urramaigh sé na coinníollacha a bhaineann le fad an ghearrfhanachta.

Sa chás sin:

(a)

má thagtar ar an náisiúnach tríú tír ar chríoch Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, sonróidh na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí agus leis an gcleachtas náisiúnta, ar a dhoiciméad taistil an dáta a thrasnaigh sé agus an áit ag ar thrasnaigh sé teorainn sheachtrach ceann de na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine;

(b)

má thagtar ar an náisiúnach tríú tír ar chríoch Ballstáit nach bhfuil an cinneadh a meabhraíodh in Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, in Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus in Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011 tógtha ina leith, sonróidh na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí agus leis an gcleachtas náisiúnta, ar a dhoiciméad taistil an dáta a thrasnaigh sé agus an áit ag ar thrasnaigh sé teorainn sheachtrach an Bhallstáit sin.

I dteannta na sonruithe atá luaite i bpointí (a) agus (b), tabharfar foirm don náisiúnach tríú tír amhail an fhoirm atá in Iarscríbhinn VIII.

Cuirfidh na Ballstáit in iúl dá chéile agus don Choimisiún agus d’Ardrúnaíocht na Comhairle a gcleachtais náisiúnta maidir leis na sonruithe dá dtagraítear san Airteagal seo.

3.   I gcás nach mbréagnófar an toimhde dá dtagraítear i mír 1, féadfar an náisiúnach tríú tír a chur ar ais i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena n-urramaítear an Treoir sin.

4.   Beidh feidhm ag forálacha ábhartha mhír 1 agus mhír 2 mutatis mutandis in éagmais stampa imeachta.

Airteagal 13

Faireachas ar theorainneacha

1.   Is é an príomhchuspóir atá leis an bhfaireachas ar na teorainneacha trasnú neamhúdaraithe a chosc, an choireacht trasteorann a chomhrac agus bearta a ghlacadh i gcoinne daoine atá tar éis an teorainn a thrasnú go neamhdhleathach. Duine a thrasnaigh teorainn go mídhleathach agus nach bhfuil cead aige fanacht ar chríoch an Bhallstáit atá i gceist, déanfar an duine sin a ghabháil agus a chur faoi réir na nósanna imeachta lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE.

2.   Bainfidh na gardaí teorann úsáid as aonaid dho-aistrithe nó aonaid shoghluaiste chun faireachas a dhéanamh ar theorainneacha.

Déanfar an faireachas sin ar bhealach a chuirfidh cosc ar dhaoine agus a dhíspreagfaidh iad teacht timpeall ar na seiceálacha atá ag na pointí trasnaithe teorann.

3.   Is iad na gardaí teorann a dhéanfaidh faireachas idir pointí trasnaithe teorann agus déanfar líon agus modhanna na ngardaí sin a oiriúnú ag brath ar na rioscaí agus an baol atá ann nó a bhfuiltear ag súil leo. Déanfar na tréimhsí faireachais a athrú go minic agus go tobann, ionas gur mó an seans a bheadh ann breith ar dhaoine atá ag trasnú na teorann go mídhleathach.

4.   Aonaid dho-aistrithe nó aonaid shoghluaiste a dhéanfaidh an faireachas agus chun a gcúraimí a chomhlíonadh beidh siad ag patrólú nó suite in áiteanna a n-aithnítear iad a bheith leochaileach nó a cheaptar iad a bheith, agus beidh mar aidhm leis an bhfaireachas sin daoine a thrasnaíonn an teorainn go mídhleathach a ghabháil. Féadfar faireachas a dhéanamh ar bhealaí teicniúla freisin, bealaí leictreonacha san áireamh.

5.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 maidir le bearta breise i ndáil le faireachas a rialú.

Airteagal 14

Cead isteach a dhiúltú

1.   Diúltófar cead isteach ar chríocha na mBallstát do náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach ar fad atá leagtha síos in Airteagal 6(1) agus nach mbaineann leis na catagóirí daoine dá dtagraítear in Airteagal 6(5). Beidh an méid sin gan dochar d’fhorálacha speisialta a chur i bhfeidhm maidir leis an gceart chun tearmainn agus cosaint idirnáisiúnta nó ceist na víosaí fadfhanachta.

2.   Ní fhéadfar cead isteach a dhiúltú ach de thoradh cinneadh cruthaithe ina luaitear cúiseanna beachta an diúltaithe. Údarás arna chumhachtú ag an dlí náisiúnta a dhéanfaidh an cinneadh. Beidh feidhm aige láithreach.

Tabharfar an cinneadh cruthaithe ina mbeidh cúiseanna beachta an diúltaithe ar fhoirm chaighdeánach, mar atá leagtha amach i gcuid B d’Iarscríbhinn V arna líonadh isteach ag an údarás arna chumhachtú ag an dlí náisiúnta le cead isteach a dhiúltú. Tabharfar an fhoirm chaighdeánach agus í líonta isteach don náisiúnach tríú tír lena mbaineann, agus aithneoidh sé go bhfuair sé an cinneadh cead isteach a dhiúltú trí bhíthin na foirme sin.

3.   Beidh an ceart chun achomhairc ag daoine dá ndiúltaítear cead isteach. Déanfar na hachomhairc i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Tabharfar i scríbhinn don náisiúnach tríú tír freisin na pointí teagmhála is féidir faisnéis a sholáthar ar ionadaithe is inniúil le gníomhú ar son náisiúnach tríú tír i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Má dhéantar achomharc, ní chuirfidh sé ar fionraí cinneadh cead isteach a dhiúltú.

Gan dochar d’aon chúiteamh a thugtar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann, i gcás inarb é conclúid an achomhairc nach raibh bunús leis an gcinneadh cead isteach a dhiúltú, beidh sé i dteideal ceartúcháin ar an stampa dul isteach a cuireadh ar ceal, agus aon rud eile a chuir an Ballstát a dhiúltaigh cead isteach ar ceal nó ar chuir siad leis.

4.   Áiritheoidh na gardaí teorann nach dtiocfaidh náisiúnach tríú tír a ndiúltaítear cead isteach dó isteach ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

5.   Baileoidh na Ballstáit staidreamh ar líon na ndaoine a ndiúltaítear dul isteach dóibh, ar an mbonn leis an diúltú sin, ar náisiúntacht na ndaoine a diúltaíodh dul isteach dóibh agus ar an gcineál teorann (teorainn ar thalamh, san aer, cois farraige) ag ar diúltaíodh dul isteach dóibh agus cuirfidh siad an staidreamh sin faoi bhráid an Choimisiúin (Eurostat) ar bhonn bliantúil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).

6.   Tá rialacha mionsonraithe a rialaíonn diúltú cead isteach i gcuid A d’Iarscríbhinn V.

CAIBIDIL III

Foireann agus acmhainní le haghaidh rialú ag teorainneacha agus comhar idir na Ballstáit

Airteagal 15

Foireann agus acmhainní le haghaidh rialú ag teorainneacha

Úsáidfidh na Ballstáit líon leordhóthanach foirne iomchuí agus acmhainní iomchuí le rialú teorann a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha, i gcomhréir le hAirteagail 7 go 14, sa chaoi go n-áiritheofar ardleibhéal éifeachtúil aonfhoirmeach rialaithe ag na teorainneacha seachtracha.

Airteagal 16

Rialú a chur chun feidhme

1.   Is iad gardaí teorann a dhéanfaidh an rialú ag teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagail 7 go 14 i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus leis an dlí náisiúnta.

Agus an rialú teorann sin á dhéanamh, ní dhéanfar difear do chumhachtaí na ngardaí teorann, cumhachtaí a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta agus nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, imeachtaí coiriúla a thionscnamh.

Áiritheoidh na Ballstáit gur gairmithe speisialaithe a mbeidh oiliúint chuí orthu na gardaí teorann, agus cuirfear san áireamh lárchuraclaim choiteanna le haghaidh gardaí teorann, ar lár churaclaim iad a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha na mBallstát (“an Ghníomhaireacht”) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 a bhunú agus a fhorbairt. Áireofar sna curaclaim oiliúna oiliúint speisialaithe chun cásanna leochaileacha a bhrath agus chun déileáil leo, ar cásanna iad a bhaineann le daoine soghonta amhail mionaoisigh neamhthionlactha agus íospartaigh gáinneála. Le tacaíocht ón nGníomhaireacht, spreagfaidh na Ballstáit gardaí teorann chun na teangacha a fhoghlaim arb iad na teangacha a bheidh riachtanach chun a gcúraimí a chur i gcrích.

2.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún liosta na seirbhísí náisiúnta a bhfuil cúraimí rialaithe teorann orthu faoina ndlí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 39.

3.   Chun teorainneacha a rialú go héifeachtúil, áiritheoidh gach Ballstát dlúthchomhar seasmhach idir na seirbhísí náisiúnta ina thír a bhfuil cúraimí rialaithe teorann orthu.

Airteagal 17

Comhar idir na Ballstáit

1.   Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile agus cothóidh siad dlúthchomhar seasmhach d’fhonn rialú ag teorainneacha a chur chun feidhme go héifeachtach, i gcomhréir le hAirteagail 7 go 16. Malartóidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fad is gá.

2.   Is í an Ghníomhaireacht a dhéanfaidh comhar oibríochtúil idir na Ballstáit a chomhordú i ndáil le teorainneacha seachtracha a bhainistiú.

3.   Gan dochar d’inniúlachtaí na Gníomhaireachta, féadfaidh na Ballstáit leanúint leis an gcomhar oibríochtúil le Ballstáit eile agus/nó le tríú tíortha ag teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear oifigigh idirchaidrimh a mhalartú, nuair a chomhlánaíonn an comhar sin bearta na Gníomhaireachta.

Staonfaidh na Ballstáit ó ghníomhaíocht ar bith a d’fhéadfadh feidhmiú na Gníomhaireachta nó baint amach a cuspóirí a chur i mbaol.

Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid na Gníomhaireachta maidir leis an gcomhar oibríochtúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

4.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le hoiliúint i ndáil leis na rialacha maidir le rialú ag teorainneacha agus le cearta bunúsacha. Chuige sin, tabharfar aird ar na comhchaighdeáin oiliúna mar atá bunaithe agus forbartha tuilleadh ag an nGníomhaireacht.

Airteagal 18

Comhrialú

1.   Féadfaidh na Ballstáit nach gcuireann i bhfeidhm Airteagal 22 ag a gcomhtheorainneacha talún, suas go dtí an dáta a chuirtear an tAirteagal sin i bhfeidhm, comhrialú a dhéanamh ar na comhtheorainneacha sin agus sa chás sin ní féidir duine a stopadh ach uair amháin chun seiceálacha ar dhul isteach agus ar imeacht a dhéanamh, gan dochar do fhreagracht aonair na mBallstáit a eascraíonn as Airteagal 7 go 14.

Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit socruithe déthaobhacha a thabhairt chun críche eatarthu féin.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar aon eolas faoi aon socruithe a thugtar chun críche i gcomhréir le mír 1.

CAIBIDIL IV

Rialacha sonracha maidir le seiceálacha teorann

Airteagal 19

Rialacha sonracha maidir le cineálacha éagsúla teorainneacha agus modhanna éagsúla iompair a úsáidtear chun teorainneacha seachtracha a thrasnú

Beidh feidhm ag na rialacha sonracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI maidir leis na seiceálacha a dhéantar ag cineálacha éagsúla teorainneacha agus ar mhodhanna éagsúla iompair a úsáidtear chun pointí trasnaithe teorann a thrasnú.

Féadfaidh maoluithe ó Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus ó Airteagal 8 go hAirteagal 14 a bheith san áireamh sna rialacha sonracha sin.

Airteagal 20

Rialacha sonracha maidir le seiceálacha ar chatagóirí áirithe daoine

1.   Beidh feidhm ag na rialacha sonracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII maidir le seiceálacha ar na catagóirí daoine seo a leanas:

(a)

Cinn Stáit agus baill a dtoscaireachtaí;

(b)

píolótaí aerárthach agus baill eile den chriú;

(c)

maraithe;

(d)

sealbhóirí pasanna taidhleoireachta, oifigiúla nó seirbhíse agus baill d’eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(e)

oibrithe trasteorann;

(f)

mionaoisigh;

(g)

seirbhísí tarrthála, póilíní agus briogáidí dóiteáin agus gardaí teorann;

(h)

oibrithe amach ón gcósta.

Féadfaidh maoluithe ó Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus ó Airteagal 8 go hAirteagal 14 a bheith san áireamh sna rialacha sonracha sin.

2.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún na samhailchartaí a eisíonn a nAireachtaí Gnóthaí Eachtracha chuig baill chreidiúnaithe de mhisin taidhleoireachta agus chuig ionadaithe consalachta agus baill dá dteaghlach i gcomhréir le hAirteagal 39.

CAIBIDIL V

Bearta sonracha maidir le heasnaimh thromchúiseacha a bhaineann le rialú ag teorainn sheachtrach

Airteagal 21

Bearta ag na teorainneacha seachtracha agus tacaíocht ón nGníomhaireacht

1.   I gcás ina n-aithneofar easnaimh thromchúiseacha chun rialú ar theorainneacha seachtracha a chur i gcrích i dtuarascáil mheastóireachta arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, agus d’fhonn go gcomhlíonfar na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán sin, féadfaidh an Coimisiún a mholadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, go ndéanfaidh Ballstát a ndearnadh meastóireacht air, bearta sonracha áirithe a ghlacadh, lena n-áirítear ceann amháin nó an dá cheann de na bearta seo a leanas:

(a)

tús a chur le himlonnú foirne Eorpacha gardaí teorann i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004;

(b)

a pleananna straitéiseacha, arna mbunú ar mheasúnú riosca, lena n-áirítear faisnéis maidir le himlonnú pearsanra agus feistis, a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta ar mhaithe lena tuairim a fháil.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 38(2).

2.   Cuirfidh an Coimisiún an coiste a bhunaítear de bhun Airteagal 38(1) ar an eolas go rialta maidir leis an dul chun cinn i ndáil le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus maidir lena thionchar ar na heasnaimh a sonraíodh.

Cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas chomh maith.

3.   I gcás ina bhfuil cinneadh déanta sa tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear i mír 1 go bhfuil faillí thromchúiseach déanta ag an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air maidir lena oibleagáidí agus nach mór dó dá bhrí sin tuairisciú maidir leis an bplean gníomhaíochta ábhartha a chur chun feidhme taobh istigh de thrí mhí i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, agus nuair a fhaigheann an Coimisiún amach, tar éis na tréimhse trí mhí sin, gurb é sin an cás go fóill, féadfaidh sé cur i bhfeidhm an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 29 den Rialachán seo a chur ar bun, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha ar fad chun sin a dhéanamh.

TEIDEAL III

TEORAINNEACHA INMHEÁNACHA

CAIBIDIL I

Éagmais rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha

Airteagal 22

Teorainneacha inmheánacha a thrasnú

Féadfar teorainneacha inmheánacha a thrasnú ag aon phointe gan seiceáil teorann a dhéanamh ar dhaoine, beag beann ar a náisiúntacht.

Airteagal 23

Seiceálacha laistigh den chríoch

Ní dhéanfaidh éagmais rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha difear d’aon cheann acu seo a leanas:

(a)

feidhmiú cumhachtaí póilíneachta ag údaráis inniúla na mBallstát faoin dlí náisiúnta, sa mhéid nach bhfuil an éifeacht chéanna ag feidhmiú na gcumhachtaí sin agus atá ag seiceálacha teorann; beidh feidhm ag an méid sin i limistéir teorann freisin. De réir bhrí na chéad abairte, ní mheasfar gurb ionann feidhmiú cumhachtaí póilíneachta den sórt sin, go háirithe, agus seiceálacha teorann a dhéanamh nuair is fíor an méid seo a leanas maidir leis na bearta póilíneachta:

(i)

ní rialú ag teorainneacha is cuspóir leo;

(ii)

tá siad bunaithe ar fhaisnéis ghinearálta póilíneachta agus taithí maidir leis an mbaol a d’fhéadfadh bheith ann don tslándáil phoiblí agus tá siad dírithe ar choireacht trasteorann, go háirithe, a chomhrac;

(iii)

ceaptar agus déantar ar bhealach iad ar léir é a bheith éagsúil leis na seiceálacha córasacha a dhéantar ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha;

(iv)

déantar iad ar bhonn spotseiceálacha;

(b)

seiceálacha slándála ar dhaoine arna ndéanamh ag údaráis inniúla ag calafoirt agus ag aerfoirt faoi dhlí gach Ballstáit, ag oifigigh nó iompróirí calafoirt nó aerfoirt, ar chuntar go ndéantar na seiceálacha sin freisin ar dhaoine atá ag taisteal laistigh de Bhallstát;

(c)

féidearthacht ag Ballstát foráil a dhéanamh sa dlí maidir le hoibleagáid a chur ar dhaoine páipéir agus doiciméid a bheith ina seilbh nó á n-iompar acu;

(d)

an deis a d’fhéadfadh a bheith ag Ballstát foráil a dhéanamh le dlí lena gcuirfear oibleagáid ar náisiúnaigh tríú tíortha a láithreacht ar a chríoch a thuairisciú de bhun fhorálacha Airteagal 22 den Choinbhinsiúin chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (“Coinbhinsiún Schengen”) a chur chun feidhme.

Airteagal 24

Bacainní ar thrácht a bhaint ag pointí trasnaithe bóthair ag teorainneacha inmheánacha

Bainfidh na Ballstáit na bacainní ar fad atá ar shreabhadh éasca tráchta ag pointí trasnaithe bóthair ag teorainneacha inmheánacha, go háirithe aon luasteorainneacha nach bhfuil bunaithe go heisiach ar cheisteanna slándála bóthair.

San am céanna, beidh na Ballstáit ullamh foráil a dhéanamh maidir le saoráidí a chur ar fáil do sheiceálacha i gcás go ndéantar rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú.

CAIBIDIL II

Rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach

Airteagal 25

Creat ginearálta le haghaidh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach

1.   I gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa limistéar gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse teoranta 30 lá ar a mhéid nó ar feadh ré intuartha an bhaoil thromchúisigh má mhaireann sé níos faide ná 30 lá. Ní rachaidh raon feidhme agus ré athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha thar a bhfuil riachtanach chun freagairt a thabhairt ar an mbaol tromchúiseach.

2.   Ní athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ach mar rogha dheiridh, agus i gcomhréir le hAirteagal 27, le hAirteagal 28 agus le hAirteagal 29. Cuirfear na critéir dá dtagraítear faoi seach in Airteagal 26 agus in Airteagal 30 san áireamh i ngach cás ina bhfuil sé beartaithe rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú de bhun Airteagal 27, Airteagal 28 nó Airteagal 29 faoi seach.

3.   Más ann fós, tar éis na tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, don bhaol tromchúiseach do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa Bhallstát lena mbaineann, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann ag a theorainneacha inmheánacha a shíneadh, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 26 á gcur san áireamh agus i gcomhréir le hAirteagal 27, ar bhonn na bhforas céanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, ag cur aon ghné nua san áireamh, ar feadh tréimhsí in-athnuaite 30 lá ar a mhéid.

4.   Ní rachaidh an tréimhse iomlán ina n-athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha lena n-áirítear aon síneadh dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo thar sé mhí. I gcúinsí eisceachtúla amhail dá dtagraítear in Airteagal 29, féadfar an tréimhse iomlán seo a fhadú d’uasfhad dhá bhliain, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin.

Airteagal 26

Critéir maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach

I gcás ina gcinneann Ballstát mar rogha dheiridh, rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó dá chuid nó ag codanna dá theorainneacha inmheánacha, nó má chinneann sé athbhunú den sórt sin a shíneadh, i gcomhréir le hAirteagal 25 nó le hAirteagal 28(1), déanfaidh sé measúnú ar a mhéid is dóigh a réiteoidh an beart sin an baol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar bhealach leordhóthanach, agus déanfaidh sé measúnú ar chomhréireacht an bhirt i ndáil leis an mbaol sin. Agus measúnú den sórt sin á dhéanamh, cuirfidh an Ballstát an méid seo a leanas go háirithe san áireamh:

(a)

an tionchar is dóigh a bheidh ag aon bhaol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, lena n-áirítear i ndiaidh gníomhartha sceimhlitheoireachta nó i ndiaidh bagairtí sceimhlitheoireachta agus lena n-áirítear gníomhartha nó bagairtí a thagann ón gcoireacht eagraithe;

(b)

an tionchar is dóigh a bheidh ag an mbeart sin ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha.

Airteagal 27

Nós imeachta maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach faoi Airteagal 25

1.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú faoi Airteagal 25, cuirfidh sé sin in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiúin laistigh de cheithre seachtaine ar a dhéanaí roimh an dáta atá beartaithe don athbhunú, nó laistigh de thréimhse níos giorra i gcás ina bhfuil na cúinsí is cúis leis an ngá le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar eolas níos lú ná ceithre seachtaine roimh an dáta atá beartaithe don athbhunú. Chuige sin, soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

na cúiseanna atá leis an athbhunú atá beartaithe, lena n-áirítear na sonraí ábhartha ar fad ina dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhartha is cúis le baol tromchúiseach dá bheartas poiblí nó dá shlándáil inmheánach;

(b)

raon feidhme an athbhunaithe atá beartaithe, ina sonraítear an chuid nó na codanna den rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha atá le hathbhunú;

(c)

ainmneacha na bpointí trasnaithe atá údaraithe;

(d)

dáta agus ré an athbhunaithe atá beartaithe;

(e)

i gcás inarb iomchuí, na bearta atá le glacadh ag na Ballstáit eile.

Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó fógra faoin gcéad fhomhír a chur isteach le chéile freisin.

Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ón mBallstát nó ó na Ballstáit lena mbaineann, más gá sin.

2.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ag an am céanna a thugtar fógra fúithi, de bhun na míre sin, do na Ballstáit eile agus don Choimisiún.

3.   Féadfaidh Ballstáit, atá ag tabhairt fógra faoi mhír 1, a chinneadh codanna den fhaisnéis a aicmiú, más gá sin agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Ní fhágfar le haicmiú den sórt sin nach gcuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar fáil do Pharlaimint na hEorpa. Comhlíonfaidh tarchur agus láimhseáil na faisnéise agus na ndoiciméad a tarchuireadh chuig Parlaimint na hEorpa faoin Airteagal seo leis na rialacha a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe a chur ar aghaidh agus a láimhseáil, ar rialacha iad atá infheidhme idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún.

4.   Tar éis fógra a fháil ó Bhallstát faoi mhír 1, agus ag féachaint don chomhairliúchán dá bhforáiltear i mír 5, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát eile tuairim a eisiúint, gan dochar d’Airteagal 72 CFAE.

Más rud é, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san fhógra nó ar aon fhaisnéis bhreise a bheidh faighte aige, go mbeidh imní ar an gCoimisiún maidir leis an riachtanas nó leis an gcomhréireacht a bhaineann le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, nó má mheasann sé go mbeadh comhairliúchán maidir le gné éigin den fhógra iomchuí, eiseoidh sé tuairim chuige sin.

5.   Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, chomh maith le haon tuairim ón gCoimisiún nó ó Bhallstát faoi mhír 4, faoi réir comhairliúchán, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhchruinnithe, idir an Ballstát a bhfuil beartaithe aige rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha, na Ballstáit eile, go háirithe iad siúd a mbeidh tionchar díreach ag na bearta sin orthu, agus an Coimisiún, d’fhonn comhar frithpháirteach a eagrú, i gcás inarb iomchuí, idir na Ballstáit agus d’fhonn comhréireacht na mbeart a scrúdú i ndáil leis na himeachtaí is cúis le rialú teorann a athbhunú agus leis an mbaol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach.

6.   Beidh an comhairliúchán dá dtagraítear i mír 5 ar bun ar a laghad deich lá roimh an dáta atá beartaithe chun rialú teorann a athbhunú.

Airteagal 28

Nós imeachta sonrach le haghaidh cásanna a éilíonn beart láithreach

1.   I gcás ina n-éilítear beart láithreach de bharr baol tromchúiseach a bheith ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach i mBallstát, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann ar bhonn eisceachtúil rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú láithreach, ar feadh tréimhse teoranta deich lá ar a mhéid.

2.   Agus rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha á athbhunú, tabharfaidh Ballstát lena mbaineann fógra ina leith do na Ballstáit eile agus don Choimisiún an tráth céanna dá réir sin, agus soláthróidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27(1), lena n-áirítear na cúiseanna is bunús le húsáid an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit eile a luaithe a fhaigheann sé an fógra.

3.   Más ann don bhaol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach tar éis na tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh maidir leis an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú ar feadh tréimhsí in-athnuaite 20 lá ar a mhéid. Tríd an méid sin a dhéanamh, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 26 san áireamh, lena n-áirítear measúnú chun dáta ar riachtanas agus comhréireacht an bhirt, agus cuirfidh sé aon ghnéithe nua san áireamh.

Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 27(4) agus (5) mutatis mutandis, i gcás ina ndéantar fadú den sórt sin, agus cuirfear an comhairliúchán ar bun gan mhoill nuair a chuirfear an cinneadh chun síneadh a dhéanamh in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit.

4.   Gan dochar d’Airteagal 25(4), ní rachaidh an tréimhse iomlán ina n-athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha thar dhá mhí, ar bhonn na buntréimhse atá sonraithe i mír 1 den Airteagal seo agus aon síntí atá sonraithe i mír 3 den Airteagal seo.

5.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa gan mhoill faoi fhógraí a tugadh faoin Airteagal seo.

Airteagal 29

Nós imeachta sonrach i gcás ina mbeidh cúinsí eisceachtúla ann lena gcuirtear feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol

1.   I gcúinsí eisceachtúla ina gcuirtear feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol mar thoradh ar easnaimh thromchúiseacha leanúnacha a bhaineann le rialú ag teorainn sheachtrach dá dtagraítear in Airteagal 21, agus a mhéid is gur baol tromchúiseach iad na cúinsí sin do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha nó i gcodanna de, féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ar feadh tréimhse sé mhí ar a mhéid. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh, trí huaire ar a mhéid, go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí más ann do na cúinsí eisceachtúla fós.

2.   Féadfaidh an Chomhairle mar rogha dheiridh agus mar bheart chun na leasanna coiteanna a chosaint sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, i gcás ina bhfuil na bearta eile go léir, go háirithe na cinn dá dtagraítear in Airteagal 21(1), gan éifeacht maidir leis an mbaol tromchúiseach a aithníodh a mhaolú, moladh a dhéanamh go ndéanfadh Ballstát amháin nó níos mó díobh cinneadh rialú teorann a athbhunú ag a dteorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá dteorainneacha inmheánacha. Bunófar moladh na Comhairle ar thogra ón gCoimisiún. Féadfaidh na Ballstáit iarraidh ar an gCoimisiún togra mar sin a chur faoi bhráid na Comhairle chun moladh a fháil.

Ina moladh, léireoidh an Chomhairle ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27(1)(a) go (e).

Féadfaidh an Chomhairle síneadh a mholadh i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta atá leagtha amach san Airteagal seo.

Sula ndéanfaidh Ballstát rialú teorann a athbhunú ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha faoin mír seo, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún dá réir.

3.   Sa chás nach gcuirfidh Ballstát an moladh dá dtagraítear i mír 2 chun feidhme, cuirfidh an Ballstát sin na cúiseanna in iúl don Choimisiún gan mhoill i scríbhinn.

Sa chás sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar na cúiseanna a chuirfidh an Ballstát lena mbaineann ar fáil agus na hiarmhairtí a bhaineann le comhleasanna an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a chosaint.

4.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cuí leo, i gcásanna nach eol na cúiseanna leis an ngá rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh, i gcomhréir le mír 2, ach taobh istigh de 10 lá roimh dheireadh na tréimhse roimhe sin maidir le rialú ag teorainneacha a thabhairt isteach arís, féadfaidh an Coimisiún aon mholtaí riachtanacha a ghlacadh láithreach trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 38(3). Laistigh de 14 lá tar éis moltaí den sórt sin a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle agus moladh á iarraidh ina leith i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

5.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do bhearta a fhéadfaidh an Ballstát a ghlacadh i gcás ina mbeidh baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach faoi Airteagal 25, Airteagal 27 agus Airteagal 28.

Airteagal 30

Critéir maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach nuair a chuireann cúinsí eisceachtúla feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol

1.   I gcás ina molann an Chomhairle, mar rogha dheiridh, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó nó ag codanna de na teorainneacha sin, measfaidh sí a mhéad is dóigh a réiteoidh an beart sin an baol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha ar bhealach leordhóthanach, agus measfaidh sí comhréireacht an bhirt i ndáil leis an mbaol sin. Beidh an measúnú sin bunaithe ar an bhfaisnéis mhionsonraithe a bheidh curtha isteach ag an mBallstát/ag na Ballstáit lena mbaineann agus ag an gCoimisiún, agus ar aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear faisnéis a fhaightear faoi bhun mhír 2 den Airteagal seo. Agus measúnú den sórt sin á dhéanamh, cuirfear an méid seo a leanas go háirithe san áireamh:

(a)

an fháil atá ar bhearta tacaíochta teicniúla nó airgeadais a bhféadfaí dul ina muinín, nó a ndeachthas ina muinín, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, nó ar an dá cheann, lena n-áirítear cúnamh ó chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais amhail an Ghníomhaireacht, an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) nó an Oifig Eorpach Póilíní (“Europol”), a bunaíodh le Cinneadh 2009/371/CGB, agus a mhéad is dóigh a réiteoidh na bearta sin go leordhóthanach an baol atá ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha;

(b)

an tionchar atá ann faoi láthair agus an tionchar is dóigh a bheidh ag aon easnaimh thromchúiseacha a bhaineann le rialú ag teorainneacha seachtracha arna sainaithint i gcomhthéacs na meastóireachtaí a dhéantar de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 agus a mhéad ar baol tromchúiseach do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha iad easnaimh thromchúiseacha mar sin;

(c)

an tionchar is dóigh a bheidh ag athbhunú rialú teorann ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha.

2.   Féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh sula nglacfaidh sé togra le haghaidh moladh ón gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 29(2):

(a)

iarraidh ar na Ballstáit, ar an nGníomhaireacht, ar Europol nó ar chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais tuilleadh faisnéise a thabhairt dó;

(b)

cuairteanna ar an láthair a dhéanamh, le tacaíocht ó shaineolaithe ó na Ballstáit agus ón nGníomhaireacht, ó Europol nó ó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht ábhartha eile de chuid an Aontais, chun faisnéis ábhartha a fháil nó a fhíorú maidir leis an moladh sin.

Airteagal 31

Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas

Cuirfidh an Coimisiún agus an Ballstát/na Ballstáit lena mbaineann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas a luaithe agus is féidir faoi aon chúiseanna a d’fhéadfadh cur i bhfeidhm Airteagal 21 agus Airteagal 25 go hAirteagal 30 a chur ar bun.

Airteagal 32

Forálacha atá le cur i bhfeidhm in áiteanna ina n-athbhunaítear rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha

I gcás ina n-athbhunaítear rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Theideal II mutatis mutandis.

Airteagal 33

Tuarascáil ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú

Laistigh de cheithre seachtaine dá éis rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a bhaint, cuirfidh an Ballstát a rinne an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha tuarascáil ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin agus tabharfar eolas sa tuarascáil go háirithe faoin measúnú tosaigh agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 26, in Airteagal 28 agus in Airteagal 30 a urramú, faoi fheidhmiú na seiceálacha, faoin gcomhar praiticiúil leis na Ballstáit chomharsanachta, faoin tionchar a bheidh ag an méid sin ar shaorghluaiseacht daoine, faoi éifeachtúlacht athbhunú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, lena n-áirítear measúnú ex-post ar chomhréireacht rialú teorann a athbhunú.

Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir leis an measúnú ex-post sin ar rialú teorann a athbhunú ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó ná sin nó ar chodanna díobh.

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le feidhmiú an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar a laghad uair sa bhliain. Áireofar sa tuarascáil liosta de na cinntí go léir a rinneadh chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú le linn na bliana ábhartha.

Airteagal 34

An pobal a chur ar an eolas

Cuirfidh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann an pobal ar an eolas, ar bhealach comhordaithe, maidir le cinneadh chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, agus léireoidh sé go háirithe dáta tosaigh agus dáta deiridh an bhirt sin, ach amháin má tá cúiseanna sáraitheacha slándála gan a leithéid a dhéanamh.

Airteagal 35

Rúndacht

Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, urramóidh na Ballstáit eile, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise arna soláthar i ndáil le rialú ag teorainneacha a athbhunú agus a fhadú, agus na tuarascála arna tarraingt suas faoi Airteagal 33.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 36

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 maidir le leasuithe ar Iarscríbhinn III, ar Iarscríbhinn IV agus ar Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 37

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(5) agus in Airteagal 36 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 13(5) agus Airteagal 36 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(5) agus Airteagal 36 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 38

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 39

Fógraí

1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi:

(a)

liosta na gceadanna cónaithe agus idirdhealú á dhéanamh idir iad siúd a chumhdaítear le hAirteagal 2(16)(a) agus iad siúd a chumhdaítear le hAirteagal 2(16)(b) agus a mbeidh sampla le haghaidh ceadanna arna gcumhdach le hAirteagal 2(16)(b) ag gabháil leo. Cártaí cónaithe a eiseofar i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE, léireofar go soiléir gurb é an cineál sin ceada a bheidh i gceist agus cuirfear cóipeanna samplacha ar fáil i leith na gcártaí cónaithe sin nár eisíodh i gcomhréir leis an bhformáid aonfhoirmeach a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002;

(b)

liosta na bpointí trasnaithe teorann;

(c)

na méideanna tagartha is gá chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú, arna leagan síos ar bhonn bliantúil ag na húdaráis náisiúnta;

(d)

liosta na seirbhísí náisiúnta a bhfuil cúraimí rialaithe teorann orthu;

(e)

sampla de na samhailchartaí arna n-eisiúint ag Aireachtaí Gnóthaí Eachtracha;

(f)

na heisceachtaí ó na rialacha maidir leis na teorainneacha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(a) a thrasnú;

(g)

an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

2.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a bhfuair siad fógra fúithi i gcomhréir le mír 1 ar fáil do na Ballstáit agus don phobal trína foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, agus trí aon mheán iomchuí eile.

Airteagal 40

Trácht teorann áitiúil

Beidh an Rialachán seo gan dochar do rialacha an Aontais maidir le trácht teorann áitiúil agus do chomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana maidir le trácht teorann áitiúil.

Airteagal 41

Ceuta agus Melilla

Ní dhéanfaidh forálacha an Rialacháin seo difear do na rialacha speisialta is infheidhme maidir le cathracha Ceuta agus Melilla, mar atá sainithe i nDearbhú Ríocht na Spáinne maidir le cathracha Ceuta agus Melille in Ionstraim Chríochnaitheach an Chomhaontaithe maidir le hAontachas Ríocht na Spáinne leis an gComhaontú lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 (31).

Airteagal 42

Fógra faoi fhaisnéis ó na Ballstáit

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha náisiúnta a bhaineann le hAirteagal 23(c) agus (d), maidir leis na pionóis amhail dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus maidir leis na comhaontuithe déthaobhacha a údaraítear leis an Rialachán seo. Déanfar fógra maidir le hathruithe dá éis ar na forálacha sin a thabhairt laistigh de chúig lá oibre.

Foilseofar an fhaisnéis a dtabharfaidh na Ballstáit fógra fúithi in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C.

Airteagal 43

Sásra meastóireachta

1.   I gcomhréir leis na Conarthaí agus gan dochar do na forálacha iontu maidir le nósanna imeachta sáraithe, déanfar meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ag gach Ballstát trí shásra meastóireachta.

2.   Sonraítear na rialacha maidir leis an sásra meastóireachta i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013. I gcomhréir leis an sásra meastóireachta sin, tá na Ballstáit agus an Coimisiún le meastóireachtaí rialta, oibiachtúla agus neamhchlaonta a dhéanamh go comhpháirteach d’fhonn cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin seo a fhíorú agus tá an Coimisiún leis na meastóireachtaí a chomhordú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Faoin sásra sin, déanfaidh foireann bheag ionadaithe ón gCoimisiún agus saineolaithe a ainmneoidh na Ballstáit meastóireacht ar gach Ballstát ar a laghad gach cúig bliana.

Féadfaidh cuairteanna ar an láthair a d’fhógrófaí agus nach bhfógrófaí ag teorainneacha seachtracha nó ag teorainneacha inmheánacha bheith i gceist le meastóireachtaí.

I gcomhréir leis an sásra meastóireachta sin, beidh sé de chúram ar an gCoimisiún na cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus na cláir mheastóireachta bhliantúla a ghlacadh mar aon leis na tuarascálacha meastóireachta.

3.   I gcás na moltaí maidir le heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh gníomhaíochtaí ceartaitheacha, féadfar iad a dhíriú ar na Ballstáit lena mbaineann.

I gcás ina bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha a chur i gcrích a shainaithnítear i dtuarascáil mheastóireachta arna glacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, beidh feidhm ag Airteagal 21 agus ag Airteagal 29 den Rialachán seo.

4.   Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ag gach céim den mheastóireacht agus cuirfear na doiciméid ábhartha chucu, i gcomhréir leis na rialacha maidir le doiciméid rúnda.

5.   Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach bonn agus go hiomlán maidir le haon togra chun na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 a leasú nó a athchur.

Airteagal 44

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn X.

Airteagal 45

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 9 Márta 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. A. HENNIS-PLASSCHAERT


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Feabhra 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Feabhra 2016.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lch. 1).

(3)  Féach Iarscríbhinn IX.

(4)  IO L 239, 22.9.2000, lch. 19.

(5)  IO C 313, 16.12.2002, lch. 97.

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 25.11.2004, lch. 1).

(8)  Rialachán (CEE) Uimh. 3925/91 ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le díchur rialuithe agus foirmiúlachtaí is infheidhme maidir le bagáiste cábáin agus boilg na ndaoine atá ar eitilt laistigh den Chomhphobal agus bagáiste na ndaoine ar thuras farraige (IO L 374, 31.12.1991, lch. 4.).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(11)  Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) (IO L 121, 15.5.2009, lch. 37).

(12)  IO L 239, 22.9.2000, lch. 69.

(13)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(14)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(15)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(16)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontuithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(17)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(18)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(19)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(20)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(21)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 381, 28.12.2006, lch. 4).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tíortha (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1).

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1).

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 333/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le formáid aonfhoirmeach le haghaidh foirmeacha chun an víosa a ghreamú arna heisiúint ag na Ballstáit chuig daoine a bhfuil doiciméid taistil ina seilbh nach n-aithníonn an Ballstát atá ag tarraingt suas an fhoirm (IO L 53, 23.2.2002, lch. 4).

(28)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(29)  Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 23).

(30)  Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (IO L 132, 29.5.2010, lch. 11).

(31)  IO L 239, 22.9.2000, lch. 73.


IARSCRÍBHINN I

Doiciméid tacaíochta a fhíoraíonn go bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach comhlíonta

Féadfar a áireamh san fhianaise dhoiciméadach dá dtagraítear in Airteagal 6(3) an méid seo a leanas:

(a)

i gcás turais ghnó:

(i)

cuireadh ó ghnólacht nó ó údarás freastal ar chruinnithe, comhdhálacha nó imeachtaí a bhfuil baint acu le trádáil, tionscal nó obair;

(ii)

doiciméid eile ina léirítear gurb ann do chaidreamh trádála nó caidreamh chun críocha oibre;

(iii)

ticéid isteach le haghaidh margaí ag comhdhálacha má táthar ag freastal orthu;

(b)

i gcás turais arna ndéanamh chun críocha staidéir nó cineálacha eile oiliúna:

(i)

deimhniú go bhfuiltear ar an rolla in institiúid teagaisc chun freastal ar chúrsaí gairmoiliúna nó teoiriciúla faoi chuimsiú oiliúint bhunúsach agus breisoiliúna;

(ii)

cártaí mac línn nó teastais do na cúrsaí ar freastalaíodh orthu;

(c)

i gcás turais arna ndéanamh chun críocha turasóireachta nó ar chúiseanna pearsanta:

(i)

doiciméid tacaíochta a bhaineann le lóistín:

cuireadh ón óstach, más ann dó,

doiciméad tacaíochta ón mbunaíocht a chuireann lóistín ar fáil nó aon doiciméad oiriúnach ina luaitear an lóistín atá beartaithe;

(ii)

doiciméid tacaíochta a bhaineann leis an gclár taistil:

dearbhú go bhfuil turas eagraithe curtha in áirithint nó aon doiciméad iomchuí eile ina léirítear na pleananna taistil atá beartaithe;

(iii)

doiciméid tacaíochta a bhaineann le filleadh:

ticéad fillte nó dé-aistir.

(d)

i gcás turais arna ndéanamh chun críocha polaitiúla, eolaíocha, cultúrtha, spóirt nó creidimh, nó chun críocha eile:

cuiridh, ticéid isteach, clárúcháin nó cláracha ina luaitear, nuair is féidir, ainm na heagraíochta óstaí agus fad an fhanachta nó aon doiciméad iomchuí eile ina luaitear cuspóir na cuairte.


IARSCRÍBHINN II

Faisnéis a chlárú

Ag gach pointe trasnaithe teorann, déanfar an fhaisnéis seirbhíse uile agus aon fhaisnéis thábhachtach eile a chlárú de láimh nó go leictreonach. Ar an bhfaisnéis arna clárú beidh an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

ainmneacha na ngardaí teorann a bhfuil an cúram orthu go háitiúil seiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha agus ainmneacha na n-oifigeach eile i ngach foireann;

(b)

maolú ar na seiceálacha ar dhaoine, arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9;

(c)

na doiciméid a eisítear in áit pasanna agus víosaí ag an teorainn;

(d)

na daoine a ghabhtar agus gearáin (cionta coiriúla agus sáruithe riaracháin);

(e)

na daoine a ndiúltaítear cead isteach dóibh i gcomhréir le hAirteagal 14 (an bonn leis an diúltú agus náisiúntachtaí);

(f)

cóid slándála dul isteach agus imeachta, cé na gardaí teorann a sanntar stampa áirithe dóibh ag am nó seal áirithe agus an fhaisnéis a bhaineann le stampaí a chailltear nó a ghoidtear;

(g)

gearáin ó dhaoine atá faoi réir seiceálacha;

(h)

aon bhearta póilíneachta nó breithiúnacha a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo;

(i)

tarluithe ar leith.


IARSCRÍBHINN III

Samhlacha de chomharthaí ar na lánaí ag pointí trasnaithe teorann

CUID A

Image 1

 (1)

CUID B1: “níl víosa riachtanach”;

Image 2

CUID B2: “gach cineál pas”.

Image 3

CUID C

Image 4

 (1)

Image 5

 (1)

Image 6

 (1)

Image 7 Image 8 Image 9 Image 10 Image 11 Image 12

(1)  Níl lógó de dhíth don Iorua ná don Íoslainn.


IARSCRÍBHINN IV

Stampaí a ghreamú

1.

Déanfar doiciméid taistil náisiúnach tríú tír a stampáil go córasach ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 11. Leagtar síos mionsonraí na stampaí sin sa Chinneadh ó Choiste Feidhmiúcháin Schengen SCH/COM-EX (94) 16 rev agus SCH/Gem-Handb (93) 15 (RÚNDA).

2.

Athrófar na cóid slándála ar na stampaí go rialta, ní fhágfar ach mí ar a mhéd iad.

3.

Ar dhul isteach agus ar imeacht do náisiúnaigh tríú tíortha a bheidh faoi réir na hoibleagáide víosa, déanfar, mar riail ghinearálta, an stampa a ghreamú ar an leathanach ar aghaidh an leathanaigh ar a mbeidh an víosa greamaithe.

Mura féidir an leathanach sin a úsáid, cuirfear an stampa ar an leathanach dar gcionn. Ní chuirfear stampa ar an gcuid atá meaisín-inléite.

4.

Ainmneoidh na Ballstáit pointí teagmhála náisiúnta a bhfuil de chúram orthu faisnéis a mhalartú maidir le cóid slándála na stampaí dul isteach agus imeachta arna n-úsáid ag pointí trasnaithe teorann, agus cuirfidh siad na Ballstáit eile, Ardrúnaíocht na Comhairle agus an Coimisiún ar an eolas ina leith sin. Beidh rochtain láithreach ag na pointí teagmhála sin ar fhaisnéis maidir le stampaí coiteanna dul isteach agus imeachta arna n-úsáid ag teorainn sheachtrach an Bhallstáit lena mbaineann, agus go háirithe ar fhaisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an pointe trasnaithe teorann a bhfuil stampa áirithe sannta do;

(b)