30.9.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2015/2424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail agus Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún maidir leis na táillí iníoctha leis an Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí)
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 341 Eagrán Speisialta Gaeilge an 24 Nollaig 2015 )
Ar leathanaigh 88 agus 89, in Airteagal 4, sa dara mír:
in ionad:
“Beidh feidhm ag na pointí seo a leanas d'Airteagal 1 den Rialachán seo amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2017:
pointí (8), (18), … (132), …”,
léitear:
“Beidh feidhm ag na pointí seo a leanas d'Airteagal 1 den Rialachán seo amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2017:
pointí (8), (18) seachas mír 5b d'Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, …(132) seachas mír 3 d'Airteagal 154a de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, …”.
Ar leathanach 89, in Airteagal 4, sa tríú mír, an chéad abairt:
in ionad:
“… 12 mhí tar éis an dáta a shonraítear sa dara mír den Airteagal seo, …”,
léitear:
“… 12 mhí tar éis an dáta a shonraítear sa chéad mhír den Airteagal seo, …”.