11.12.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2015/2283 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2015

maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gné shár-riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuirtear go mór le sláinte agus le folláine na saoránach agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha dá barr. D'fhéadfadh sé go gcuirfeadh difríochtaí idir dlíthe náisiúnta maidir le measúnú sábháilteachta agus údarú na mbianna núíosacha bac ar shaorghluaiseacht an bhia sin, agus go gcruthófaí éiginnteacht dhlíthiúil agus coinníollacha míchóra iomaíochta ar an gcaoi sin.

(2)

Is gá ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do leasanna tomhaltóirí agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus beartais bia an Aontais á saothrú, agus ba cheart trédhearcacht á áirithiú ag an am céanna. Tá ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht i measc chuspóirí an Aontais faoi mar a bunaíodh sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) iad. Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh reachtaíocht ábhartha uile an Aontais, lena n-áirítear an Rialachán seo, na cuspóirí sin san áireamh.

(3)

Tá reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le bia infheidhme freisin maidir le bianna núíosacha a chuirtear ar an margadh laistigh den Aontas, lena n-áirítear na bianna núíosacha a allmhairítear ó thríú tíortha.

(4)

Bunaíodh rialacha an Aontais maidir le bianna núíosacha le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (4). Is gá na rialacha sin a nuashonrú chun na nósanna imeachta reatha um údarú a shimpliú agus chun roinnt forbairtí reatha i ndlí an Aontais agus dul chun cinn teicneolaíoch a chur san áireamh. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 a aisghairm agus ba cheart an Rialachán seo a chur ina n-ionad.

(5)

Níor cheart bia atá beartaithe lena úsáid chun críoch teicneolaíoch ná bia géinmhodhnaithe atá cumhdaithe cheana féin ag gníomhartha eile de chuid an Aontais teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, maidir le bia géinmhodhnaithe a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), einsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), bia a úsáidtear mar bhreiseáin amháin a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), blastáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus tuaslagóirí eastóscúcháin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ba cheart iad a eisiaimh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(6)

Ba cheart an sainmhíniú ar bhia núíosach atá ann cheana i Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a shoiléiriú agus a nuashonrú trí thagairt don sainmhíniú ginearálta ar bhia dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(7)

D'fhonn leanúnachas leis na rialacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a áirithiú, ba cheart easpa úsáide ar leibhéal suntasach mar bhia don duine laistigh den Aontas roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin, eadhon an 15 Bealtaine 1997, a bheith fós mar cheann de na critéir chun go measfar gur bia núíosach é bia. Ba cheart go dtagródh úsáid laistigh den Aontas freisin d'úsáid sna Ballstáit beag beann ar dhátaí a n-aontachais.

(8)

Ba cheart, i bprionsabal, raon feidhme an Rialacháin seo agus an raon feidhme a bhí ag Rialachán (CE) Uimh. 258/97 bheith mar an gcéanna. Is iomchuí, áfach, ar bhonn dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch a tharla ó 1997 i leith, athbhreithniú a dhéanamh ar na catagóirí bia ar bianna núíosacha iad agus na catagóirí sin a shoiléiriú agus iad a nuashonrú. Ba cheart go gcumhdófaí feithidí ina n-iomláine agus a gcodanna leis na catagóirí sin. Ba cheart, inter alia, catagóirí a bheith ann le haghaidh bia le struchtúr móilíneach nua nó struchtúr móilíneach a ndearnadh modhnú air d'aon ghnó, chomh maith le bia ó shaothrán cille nó saothrán fíocháin a dhíorthaítear ó ainmhithe, ó phlandaí, ó mhiocrorgánaigh, ó fhungais nó algaí, le bia ó mhiocrorgánaigh, fungais nó algaí agus le bia ó ábhar de thionscnamh mianrach. Ba cheart freisin catagóir a bheith ann lena gcumhdaítear bia ó phlandaí a fuarthas trí chleachtais iomadaithe neamhthraidisiúnta, i gcás ina n-eascraíonn athruithe suntasacha ar chomhdhéanamh nó ar struchtúr an bhia as na cleachtais sin a dhéanfaidh difear dá luach cothaitheach, dá mheitibileacht nó do chion na substaintí neamh-inmhianaithe atá ann. Féadfaidh an sainmhíniú ar bhia núíosach bia atá déanta de mhíclí nó lipeasóim áirithe a chumhdach freisin.

(9)

D'fhéadfadh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i bpróisis táirgthe bia tionchar a imirt ar bhia agus dá bharr sin ar shábháilteacht bia. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú freisin leis an Rialachán seo gur cheart bia a mheas mar bhia núíosach i gcás gur bia é a thagann as próiseas táirgthe nár úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997, agus a n-eascraíonn athruithe suntasacha ar chomhdhéanamh nó ar struchtúr an bhia as a dhéanann difear do luach cothaitheach an bhia, dá mheitibileacht nó do chion na substaintí neamh-inmhianaithe atá ann.

(10)

D'fhonn ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do leasanna tomhaltóirí a áirithiú, ba cheart bia ina bhfuil nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu a mheas mar bhia núíosach faoin Rialachán seo. Sainmhínítear an téarma “nana-ábhar a ndearnadh innealtóireacht air” faoi láthair i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Chun críocha comhsheasmhachta agus comhchuibhis, tá sé tábhachtach a áirithiú nach bhfuil ach sainmhíniú amháin ar nana-ábhar a ndearnadh innealtóireacht air i réimse dlí bia. Is é an Rialachán seo an creat reachtach iomchuí chun an sainmhíniú sin a chuimsiú. Dá réir sin, ba cheart an sainmhíniú ar nana-ábhar a ndearnadh innealtóireacht air, mar aon leis na cumhachtaí tarmligthe lena mbaineann a thugtar don Choimisiún, a scriosadh ó Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus ba cheart tagairt don sainmhíniú a leagtar amach sa Rialachán seo a chur in ionad an tsainmhínithe sin. Thairis sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo gur cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, an sainmhíniú ar nana-ábhar a ndearnadh innealtóireacht air a leagtar síos sa Rialachán seo a choigeartú agus a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó do na sainmhínithe a bheidh comhaontaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(11)

Maidir le vitimíní, mianraí agus substaintí eile atá beartaithe lena n-úsáid i bhforbhianna i gcomhréir le Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) nó atá beartaithe lena n-úsáid i mbainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, i mbia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus do leanaí óga, i mbia chun críocha speisialta míochaine, agus mar ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), ba cheart iad a mheasúnú freisin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo i gcás go dtagann siad faoin sainmhíniú ar bhia núíosach a leagtar amach sa Rialachán seo.

(12)

I gcás gurb ann do vitimíní, mianraí nó substaintí eile a úsáidtear i gcomhréir le Treoir 2002/46/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 nó Rialacháin (AE) Uimh. 609/2013 mar thoradh ar phróiseas táirgthe nár úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997, agus a n-eascraíonn athruithe suntasacha ar chomhdhéanamh nó ar struchtúr an bhia as a dhéanann difear do luach cothaitheach an bhia, dá mheitibileacht nó do chion na substaintí neamh-inmhianaithe atá ann, nó i gcás nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu a bheith sna vitimíní, mianraí nó substaintí eile sin nó iad a bheith déanta de nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu, ba cheart iad a mheas mar bhianna núíosacha freisin faoin Rialachán seo agus ba cheart iad a athmheasúnú ar dtús i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an reachtaíocht shonrach ábhartha.

(13)

Maidir le bia a úsáideadh go heisiach mar fhorbhia nó i bhforbhia, faoi mar a shainmhínítear é i dTreoir 2002/46/CE roimh an 15 Bealtaine 1997, ba cheart a cheadú go gcuirfear ar mhargadh an Aontais é tar éis an dáta sin le haghaidh na húsáide céanna ós rud é nár cheart é a mheas mar bhia núíosach chun críocha an Rialacháin seo. Níor cheart, áfach, an úsáid sin mar fhorbhia nó i bhforbhia a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar cé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh an bia ar leibhéal suntasach mar bhia don duine taobh istigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997. Dá bhrí sin, ba cheart úsáidí an bhia lena mbaineann seachas úsáidí i bhforbhia nó mar fhorbhia a bheith faoi réir an Rialacháin seo.

(14)

Rinneadh bia ó chlóin ainmhithe a rialáil faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97. Tá sé ríthábhachtach nár cheart go dtiocfadh débhrí dhlíthiúil chun cinn maidir le bia ó chlóin ainmhithe a chur ar an margadh le linn na hidirthréimhse i ndiaidh deireadh a bheith le feidhm Rialachán (CE) Uimh. 258/97. Dá bhrí sin, go dtí go dtiocfaidh reachtaíocht shonrach maidir le bia ó chlóin ainmhithe i bhfeidhm, ba cheart do bhia ó chlóin ainmhithe teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo mar bhia ó ainmnithe a fuarthas trí cleachtais pórúcháin neamhthraidisiúnta agus ba cheart an bia sin a lipéadú go hiomchuí don tomhaltóir deiridh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais atá i bhfeidhm.

(15)

Ba cheart éascaíocht a dhéanamh do bhianna traidisiúnta ó thríú tíortha a chur ar an margadh laistigh den Aontas i gcás ina mbeidh stair úsáid shábháilte an bhia i dtríú tír léirithe. Maidir leis na bianna sin, ba cheart iad a bheith á dtomhailt i dtríú tír amháin ar a laghad ar feadh 25 bliana ar a laghad mar chuid de ghnáthaiste bia ag líon suntasach daoine. Níor cheart do stair úsáid shábháilte an bhia úsáidí neamhbhia ná úsáidí nach mbaineann le gnáthréimeanna bia a áireamh.

(16)

Bianna ó thríú tíortha a mbreathnaítear orthu mar bhianna núíosacha san Aontas, níor cheart iad a mheas mar bhianna traidisiúnta ó thríú tíortha ach amháin nuair a dhíorthaítear iad ó tháirgeadh príomhúil faoi mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, gan beann ar cibé ar bianna próiseáilte nó bianna neamhphróiseáilte atá iontu.

(17)

Níor cheart a mheas gur bia núíosach é bia a tháirgtear go huile agus go hiomlán ó chomhábhair nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, go háirithe trí athrú a dhéanamh ar chomhábhair an bhia nó ar mhéid na gcomhábhar sin. Modhnuithe ar chomhábhar bia nach ndearnadh a úsáid go fóill ar leibhéal suntasach mar bhia lena chaitheamh ag an duine laistigh den Aontas, ba cheart, áfach, díobh teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(18)

Tá feidhm ag Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) i gcásanna ina dtagann táirge, agus a airíonna uile á gcur san áireamh, faoin sainmhíniú “táirge míochaine” faoi mar a leagtar síos sa Treoir sin agus laistigh de shainmhíniú táirge atá cumhdaithe ag an Rialachán seo araon. I dtaca leis sin, i gcás ina suíonn Ballstát i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE gur táirge míochaine é táirge, féadfaidh sé srian a chur, i gcomhréir le dlí an Aontais, ar an táirge sin a bheith á chur ar an margadh. Thairis sin, eisiatar táirgí míochaine ón sainmhíniú ar bhia faoi mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus níor cheart dá bhrí sin go dtiocfaidís faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(19)

An cinneadh maidir le cé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh bia ar leibhéal suntasach laistigh den Aontas mar bhia lena chaitheamh ag an duine roimh an 15 Bealtaine 1997, ba cheart é a bhunú ar fhaisnéis arna cur isteach ag oibreoirí gnó bia, agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart faisnéis eile a bheidh ar fáil sna Ballstáit a bheith ag gabháil léi chun tacú léi. Ba cheart d'oibreoirí gnó bia dul i gcomhairle le Ballstáit mura bhfuil siad deimhin de stádas an bhia a bheartaíonn siad a chur ar an margadh. I gcás nach bhfuil aon fhaisnéis ann maidir le bia a bheith á chaitheamh mar bhia don duine roimh an 15 Bealtaine 1997 nó nach bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil leordhóthanach, ba cheart nós imeachta simplí agus trédhearcach a bhunú chun an fhaisnéis sin a bhailiú, ar nós imeachta é a mbeadh baint ag an gCoimisiún, ag na Ballstáit, agus ag oibreoirí gnólachtaí bia leis.

(20)

Níor cheart bianna núíosacha a údarú agus a úsáid ach amháin má chomhlíonann siad na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart bianna núíosacha a bheith sábháilte agus i gcás nach féidir a sábháilteacht a mheasúnú agus go bhfuil éiginnteacht eolaíoch ann i gcónaí, féadfar prionsabal an réamhchúraim a chur i bhfeidhm. Níor cheart dá n-úsáid an tomhaltóir a chur ar míthreoir. Dá bhrí sin, i gcás ina mbeartaítear bia núíosach a chur in ionad bia eile, níor cheart é a bheith éagsúil ón mbia sin ar shlí a fhágann gur lú an tairbhe chothaitheachta atá ann don tomhaltóir.

(21)

Níor cheart bianna núíosacha a chur ar an margadh ná a úsáid i mbia lena chaitheamh ag an duine mura rud é go n-áirítear iad i liosta an Aontais de bhianna núíosacha atá údaraithe le cur ar an margadh laistigh den Aontas (“liosta an Aontais”). Dá bhrí sin, is iomchuí, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, liosta an Aontais a bhunú, trí na bianna núíosacha atá údaraithe cheana, nó a bhfuil fógra tugtha ina leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97, lena n-áirítear aon choinníollacha údarúcháin atá cheana ann, a áireamh sa liosta sin. Ba cheart don liosta sin a bheith trédhearcach agus ba rochtain a bheith air go héasca.

(22)

Is iomchuí bia núíosach a údarú trí liosta an Aontais a nuashonrú faoi réir na gcritéar agus nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart nós imeachta atá éifeachtúil, a bhfuil teorainn ama leis agus atá trédhearcach a chur ar bun. Maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha a bhfuil stair úsáid shábháilte an bhia acu, ba cheart go mbeadh na hiarratasóirí in ann nós imeachta níos tapa agus simplithe a roghnú chun liosta an Aontais a nuashonrú mura ndéantar aon agóidí cuí-réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta.

(23)

Ba cheart critéir a shainiú go soiléir agus a leagan síos chun na rioscaí sábháilteachta a thagann as bianna núíosacha a mheasúnú. D'fhonn a áirithiú go ndéanfar measúnú eolaíoch comhchuibhithe ar bhianna núíosacha, ba cheart don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia (“an tÚdarás”) na measúnuithe sin a dhéanamh. Faoin nós imeachta chun bia núíosach a údarú agus liosta an Aontais a nuashonrú, ba cheart a iarraidh ar an Údarás a thuairim a thabhairt más dóigh go ndéanfar difear do shláinte an duine de dhroim an nuashonraithe. Ina thuairim, ba cheart don Údarás, inter alia, gach tréith den bhia núíosach a fhéadfaidh riosca sábháilteachta a chothú do shláinte an duine a mheasúnú agus na hiarmhairtí féideartha a bheadh ann do ghrúpaí soghonta den daonra a mheas. Go háirithe, i gcás bia núíosaigh atá déanta de nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu, ba cheart don Údarás a fhíorú go n-úsáidtear na modhanna tástála is déanaí chun a sábháilteacht a mheasúnú.

(24)

Ba cheart don Choimisiún agus don Údarás a bheith faoi réir spriocdhátaí chun próiseáil rianúil na n-iarratas a áirithiú. I gcásanna áirithe, áfach, ba cheart é a bheith de cheart ag an gCoimisiún agus ag an Údarás na spriocdhátaí sin a fhadú.

(25)

Féadfaidh an tÚdarás nó an Coimisiún a iarraidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar chun críocha measúnú riosca nó bainistiú riosca faoi seach. I gcás ina mainníonn an t-iarratasóir an fhaisnéis bhreise a sholáthar, de réir mar is gá, laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an Údarás nó ag an gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an iarratasóir, féadfaidh an easpa faisnéise sin tionchar a imirt ar thuairim an Údaráis nó féadfaidh sé iarmhairt a bheith aige ar údarú féideartha agus nuashonrú ar liosta an Aontais.

(26)

Maidir le húsáid fhéideartha nana-ábhar i mbia, mheas an tÚdarás ina thuairim ón 6 Aibreán 2011 maidir le Treoraíocht don mheasúnú riosca ar nana-eolaíocht agus nanaitheicneolaíochtaí a chur i bhfeidhm sa bhiashlabhra agus sa slabhra beatha, nach bhfuil ach faisnéis theoranta ar fáil i ndáil le gnéithe nanathocsainchinéiticí agus tocsaineolaíochta nana-ábhar a ndearnadh innealtóireacht orthu agus go mb'fhéidir go mbeadh gá le modhnuithe modheolaíocha a dhéanamh ar mhodhanna tástála tocsaineachta atá ann cheana. Ba é an chonclúid ar Mholadh ó Chomhairle na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta an 19 Meán Fómhair 2013 maidir le Tástáil Sábháilteachta agus Measúnú ar Nana-ábhair Mhonaraithe go bhfuil na cineálacha cur chuige le haghaidh tástáil agus measúnú a dhéanamh ar cheimicí traidisiúnta, go hiondúil, iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht nana-ábhar, ach go bhféadfaidh sé gur gá iad a oiriúnú do shainiúlachtaí na nana-ábhar. D'fhonn measúnú sábháilteachta níos fearr a dhéanamh ar nana-ábhair lena n-úsáid i mbia agus d'fhonn aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá ann faoi láthair in eolas tocsaineolaíoch agus i modheolaíochtaí tomhais, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le modhanna tástála, lena n-áirítear tástálacha gan ainmhithe, a chuireann tréithe sonracha a bhaineann le nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu san áireamh.

(27)

Nuair a chuirtear modhanna tástála i bhfeidhm ar nana-ábhair, ba cheart don iarratasóir míniú i leith iomchuibheas eolaíoch na nana-ábhar a thabhairt, agus, nuair is iomchuí, míniú i leith na n-oiriúnuithe agus na gcoigeartuithe teicniúla a bheidh déanta d'fhonn aird a thabhairt ar shaintréithe sainiúla na n-ábhar sin.

(28)

Nuair a dhéantar bia núíosach a údarú agus a áireamh i liosta an Aontais, ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gCoimisiún ceanglais faireacháin iarmhargaidh a thabhairt isteach chun faireachán a dhéanamh ar úsáid bia núíosaigh údaraithe chun a áirithiú go mbeidh an úsáid laistigh de theorainneacha sábháilte faoi mar a bheidh bunaithe sa mheasúnú sábháilteachta ag an Údarás. Dá bhrí sin, féadfaidh an gá chun faisnéis a bhailiú maidir le bia a chur ar an margadh bonn cirt a thabhairt do cheanglais faireacháin iarmhargaidh. In aon chás, ba cheart d'oibreoirí gnó bia an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le faisnéis ábhartha nua ar bith maidir le sábháilteacht an bhia atá curtha ar an margadh acu.

(29)

Ba cheart teicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí nua i dtáirgeadh bia a spreagadh mar go bhféadfaidís an tionchar atá ag táirgeadh bia ar an gcomhshaol a laghdú agus sábháilteacht bia a fheabhsú agus bheadh buntáistí do thomhaltóirí ag baint leis fad a áirithítear ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí.

(30)

Faoi imthosca sonracha, d'fhonn taighde agus forbairt a spreagadh laistigh de thionscal an agraibhia, agus ar an dóigh sin nuálaíocht a spreagadh, is iomchuí cosaint a thabhairt don infheistíocht a rinne na hiarratasóirí agus iad ag bailiú na faisnéise agus na sonraí chun tacú le hiarratas do bhia núíosach arna dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Maidir leis an bhfianaise eolaíoch nuafhorbartha agus na sonraí dílseánaigh arna soláthar chun tacú le hiarratas ar bhia núíosach a chur ar liosta an Aontais, ba cheart iad a chosaint. Níor cheart, ar feadh tréimhse teoranta ama, na sonraí agus an fhaisnéis sin a úsáid chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin, gan comhaontú a fháil ón iarratasóir tosaigh. Níor cheart cosaint sonraí eolaíocha arna soláthar ag iarratasóir a bheith ina cosc ar iarratasóirí eile bia núíosach a áireamh ar liosta an Aontais a iarraidh ar bhonn a gcuid sonraí eolaíocha féin nó trí thagairt do na sonraí cosanta le comhaontú ón iarratasóir tosaigh. Níor cheart, áfach, an tréimhse iomlán cúig bliana de chosaint sonraí a tugadh don iarratasóir tosaigh a fhadú i ngeall ar chosaint sonraí a thabhairt d'iarratasóirí ina dhaidh sin.

(31)

I gcás ina n-iarrann iarratasóir cosaint ar shonraí eolaíocha maidir leis an mbia céanna i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), ba cheart é bheith sé indéanta go leanfadh na tréimhsí cosanta sonraí faoi seach i gcomhthráth. Dá bhri sin, ba cheart foráil a dhéanamh chun an nós imeachta um údarú do bhia núíosach a chur faoi bhac, arna iarraidh sin ag an iarratasóir.

(32)

I gcomhréir le Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), ba cheart tástálacha ar ainmhithe a ionadú, a laghdú nó a bheachtú. Dá bhrí sin, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart dúbailt ar thástáil ainmhithe a sheachaint, más féidir. D'fhéadfaí ábhair imní eiticiúla agus ábhair imní maidir le leas ainmhithe a bhaineann le hiarratais bia núíosaigh a laghdú tríd an gcuspóir seo a shaothrú.

(33)

Tá bianna núíosacha faoi réir na gceanglas ginearálta lipéadaithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus na gceanglas ábhartha eile lipéadaithe i ndlí bia an Aontais. I gcásanna áirithe féadfar gur gá foráil a dhéanamh maidir le faisnéis lipéadaithe bhreise, go háirithe maidir le tuairisc ar an mbia, a fhoinse, a chomhdhéanamh nó coinníollacha don úsáid bheartaithe a bhaineann leis chun a áirithiú go mbeidh dóthain faisnéise ag tomhaltóirí faoi chineál agus sábháilteacht an bhia núíosaigh, go háirithe a mhéid a bhaineann le grúpaí soghonta den daonra.

(34)

Tá ábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bianna núíosacha faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus na mbearta sonracha a ghlactar faoi.

(35)

I gcomhréir lena bheartas um rialáil níos fearr, ba cheart don Choimisiún meastóireacht ex-post a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus aghaidh a thabhairt go háirithe ar an nósanna imeachta nua maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha.

(36)

I gcás na n-iarratas a cuireadh isteach faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus nach ndearnadh cinneadh críochnaitheach ina leith roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart measúnú riosca agus nósanna imeachta um údarú a thabhairt chun críche maidir leo i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, maidir le bia nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 258/97, a cuireadh ar an margadh go dlíthiúil roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart i bprionsabal a cheadú go leanfaí den bhia sin a chur ar an margadh go dtí go mbeidh na nósanna imeachta maidir le measúnú riosca agus údarú faoin Rialachán seo tugtha chun críche. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha idirthréimhseacha a leagan síos chun aistriú rianúil go rialacha an Rialacháin seo a áirithiú.

(37)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(38)

Ba chóir do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis a bheadh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(39)

Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hoiriúnú agus coigeartú an tsainmhínithe ar nana-ábhar a ndearnadh innealtóireacht air don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó do shainmhínithe a bheidh comhaontaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(40)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú maidir le liosta an Aontais a nuashonrú trí bhia traidisiúnta ó thríú tír a chur leis nuair ndéantar aon agóidí cuí-réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(41)

Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an chéad leagan de liosta an Aontais a ghlacadh ós rud é nach mbainfidh an liosta sin ach le bianna núíosacha a ndearnadh measúnú orthu cheana i dtaca lena sábháilteacht, ar táirgeadh agus ar margaíodh iad go dlíthiúil san Aontas agus nár chúis imní iad do shláinte an duine san am atá thart. Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ngach cás eile.

(42)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe rialacha a leagan síos maidir le bianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, faoi mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le bianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

2.   Is é is cuspóir don Rialachán seo feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus fós ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do leasanna na dtomhaltóirí a sholáthar.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le bianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

bianna géinmhodhnaithe a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003;

(b)

bianna nuair a úsáidtear agus a mhéid a úsáidtear iad:

(i)

mar einsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008;

(ii)

mar bhreiseáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008;

(iii)

mar bhlastáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(iv)

mar thuaslagóirí eastóscúcháin a úsáidtear nó atá ceaptha lena n-úsáid i dtáirgeadh earraí bia nó comhábhar bia a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/32/CE;

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 agus Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

2.   Tá feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “bia núíosach” aon bhia nár úsáideadh lena chaitheamh ag an duine ar leibhéal suntasach laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997, beag beann ar dháta aontachais Ballstát leis an Aontas, agus a thagann faoi cheann amháin ar a laghad de na catagóirí seo a leanas:

(i)

bia le struchtúr móilíneach nua nó struchtúr móilíneach a ndearnadh modhnú air d'aon ghnó, i gcás nár úsáideadh an struchtúr sin i mbia nó nár úsáideadh mar bhia é laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997;

(ii)

bia atá déanta de mhiocrorgánaigh, d'fhungais nó algaí, nó atá ar leithlis ó mhiocrorgánaigh, ó fhungais nó algaí nó ar táirgeadh ó mhiocrorgánaigh, ó fhungais nó algaí é;

(iii)

bia atá déanta d'ábhar de thionscnamh mianrach nó atá ar leithlis ó ábhar de thionscnamh mianrach nó ar táirgeadh ó ábhar de thionscnamh mianrach é;

(iv)

bia atá déanta de phlandaí nó dá gcodanna, nó atá ar leithlis ó phlandaí nó óna gcodanna, nó ar táirgeadh ó phlandaí nó óna gcodanna é, ach amháin i gcás ina mbeidh stair úsáid shábháilte an bhia laistigh den Aontas ag an mbia agus go bhfuil sé déanta de phlanda nó cineál den speiceas céanna, nó go bhfuil sé ar leithlis ó phlanda nó cineál den speiceas céanna nó gur táirgeadh ó phlanda nó cineál den speiceas céanna, ar planda nó cineál den speiceas céanna é a fuarthas:

ó chleachtais iomadaithe traidisiúnta a úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997; nó

ó chleachtais iomadaithe neamhthraidisiúnta nár úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997, i gcás nach n-eascraíonn athruithe suntasacha i gcomhdhéanamh nó i struchtúr an bhia as na cleachtais sin a dhéanann difear do luach cothaitheach an bhia, dá mheitibileacht nó do chion na substaintí neamh-inmhianaithe atá ann;

(v)

bia atá déanta d'ainmhithe nó dá gcodanna, nó atá ar leithlis ó ainmhithe nó óna gcodanna, nó ar táirgeadh ó ainmhithe nó óna gcodanna é, ach amháin i gcás ainmhithe a fuarthas ó chleachtais pórúcháin thraidisiúnta a úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997 agus i gcás go bhfuil stair úsáid shábháilte an bhia laistigh den Aontas ag an mbia ó na hainmhithe sin;

(vi)

bia atá déanta de shaothrán cille nó saothrán fíocháin a dhíorthaítear ó ainmhithe, ó phlandaí, ó mhiocrorgánaigh, ó fhungais nó algaí, nó atá ar leithlis ó shaothrán cille nó saothrán fiacháin a dhíorthaítear ó ainmhithe, ó phlandaí, ó mhiocrorgánaigh, ó fhungais nó algaí, nó ar táirgeadh é ó shaothrán cille nó saothrán fíocháin a dhíorthaítear ó ainmhithe, ó phlandaí, ó mhiocrorgánaigh, ó fhungais nó algaí;

(vii)

bia a thagann as próiseas nua táirgthe nár úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997 agus a n-eascraíonn athruithe suntasacha i gcomhdhéanamh nó i struchtúr bia as, ar próiseas é a dhéanann difear do luach cothaitheach an bhia, dá mheitibileacht nó do chion na substaintí neamh–inmhianaithe atá ann;

(viii)

bia atá déanta as nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu faoi mar a shainmhínítear i bpointe (f) den mhír seo;

(ix)

vitimíní, mianraí nó substaintí eile a úsáidtear i gcomhréir le Treoir 2002/46/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 nó Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, sna cásanna seo a leanas:

úsáideadh próiseas táirgthe nár úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997 amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(vii) den mhír seo; nó

is nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu na substaintí sin nó tá siad déanta as “nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu” faoi mar a shainmhínítear i bpointe (f) den mhír seo;

(x)

bia a úsáideadh go heisiach i bhforbhianna laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997, i gcás ina bhfuil sé ceaptha lena úsáid i mbianna seachas na forbhianna faoi mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/46/CE;

(b)

ciallaíonn “stair úsáid shábháilte an bhia i dtríú tír” gur dearbhaíodh sábháilteacht an bhia sin le sonraí a chomhdhéanta agus le taithí a fuarthas óna úsáid leanúnach, ar feadh 25 bliana ar a laghad, mar chuid de ghnáthréim bia líon suntasach daoine i dtríú tír amháin ar a laghad, roimh an bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 14;

(c)

ciallaíonn “bia traidisiúnta ó thríú tír” bia núíosach, faoi mar a shainmhínítear i bpointe (a) den mhír seo seachas bia núíosach amhail dá dtagraítear i bpointe (a) (i), (iii), (vii), (viii), (ix) agus (x) de, a dhíorthaítear ó tháirgeadh príomhúil faoi mar a shainmhínítear i bpointe 17 d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, a bhfuil stair úsáid shábháilte an bhia i dtríú tír aige;

(d)

ciallaíonn “an t-iarratasóir” an Ballstát, an tríú tír nó an páirtí leasmhar, a fhéadfaidh ionadaíocht a dhéanamh thar ceann roinnt páirtithe leasmhara, agus a chuir iarratas i gcomhréir le hAirteagal 10 nó Airteagal 16 nó fógra i gcomhréir le hAirteagal 14 faoi bhráid an Choimisiúin;

(e)

ciallaíonn “bailí” i ndáil le hiarratas nó le fógra iarratas nó fógra a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus ina bhfuil an fhaisnéis atá ag teastáil do mheasúnú riosca agus do nós imeachta um údarú;

(f)

ciallaíonn “nana–ábhar a ndearnadh innealtóireacht air” aon ábhar a tháirgtear d'aon ghnó ag a bhfuil toise amháin nó níos mó de 100 nm nó níos lú, nó ar ábhar é atá comhdhéanta de chodanna feidhmiúla scoite, bíodh siad sa mhianach ann nó ar an dromchla, ar codanna go leor acu ag a bhfuil toise amháin nó níos mó de 100nm nó níos lú, lena n–áirítear struchtúir, ceirtleáin nó tathaguithe, a bhféadfaidh méid níos mó de 100 nm a bheith acu ach a bhfuil airíonna fós acu ar saintréithe den nanascála iad.

Ar na hairíonna ar saintréithe den nanascála iad, áirítear na nithe seo a leanas:

(i)

na hairíonna sin a bhaineann le hachar dromchla sonrach mór na n-ábhar sin; agus/nó

(ii)

airíonna fisiceimiceacha sonracha atá éagsúil ó airíonna neamh-nanafhoirmeacha an ábhair chéanna.

Airteagal 4

Nós imeachta chun stádas bia núíosaigh a chinneadh

1.   Fíoróidh oibreoirí gnó bia cibé acu a thagann nó nach dtagann an bia a bheartaíonn siad a chur ar an margadh faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   I gcás nach bhfuil oibreoirí gnó bia cinnte faoi cibé acu a thagann nó nach dtagann an bia a bheartaíonn siad a chur ar an margadh faoi raon feidhme an Rialacháin seo, rachaidh siad i gcomhairle leis an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe acu an bia núíosach a chur ar dtús. Déanfaidh na hoibreoirí gnó bia an fhaisnéis is gá a sholáthar don Bhallstát chun go mbeidh an Ballstát sin in ann a chinneadh cibé acu a thagann nó nach dtagann bia faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

3.   Chun go bhféadfar a chinneadh cibé acu a thagann nó nach dtagann bia faoi raon feidhme an Rialacháin seo, féadfaidh Ballstáit dul i gcomhairle leis na Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún.

4.   Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, céimeanna nós imeachta an phróisis comhairliúcháin dá bhforáiltear i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo, lena n-áirítear na spriocdhátaí agus an modh chun an stádas a chur ar fáil go poiblí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

Airteagal 5

Cumhacht cur chun feidhme maidir le sainmhíniú ar bhia núíosach

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cibé acu a thagann nó nach dtagann bia áirithe faoin sainmhíniú ar bhia núíosach, faoi mar a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 3(2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

CAIBIDIL II

CEANGLAIS MAIDIR LE BIANNA NÚÍOSACHA A CHUR AR AN MARGADH LAISTIGH DEN AONTAS

Airteagal 6

Liosta an Aontais de bhianna núíosacha atá údaraithe

1.   Bunóidh agus nuashonróidh an Coimisiún liosta Aontais de bhianna núíosacha a údaraítear a chur ar an margadh laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 7, le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 9 (“liosta an Aontais”).

2.   Ní fhéadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá curtha ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas amhlaidh nó a úsáid i mbianna nó ar bhianna, i gcomhréir leis na coinníollacha úsáide agus leis na ceanglais lipéadaithe atá sonraithe ann.

Airteagal 7

Coinníollacha ginearálta maidir le bianna núíosacha a chur ar liosta an Aontais

Ní dhéanfaidh an Coimisiún bia núíosach a údarú agus a chur ar liosta an Aontais ach amháin má chomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, nach gcothaíonn an bia riosca do shláinte an duine;

(b)

nach gcuirfidh an úsáid atá ceaptha don bhia an tomhaltóir ar míthreoir, go háirithe i gcás ina bhfuil sé beartaithe é a chur in ionad bia eile agus ina bhfuil athrú suntasach sa luach cothaitheach;

(c)

má bheartaítear an bia a chur in ionad bia eile, nach bhfuil an oiread sin de dhifríocht idir é agus an bia sin agus go mbeadh a ghnáth-thomhaltas chun aimhleasa an tomhaltóra ó thaobh cothaitheachta de.

Airteagal 8

Céadbhunú liosta an Aontais

Faoin 1 Eanáir 2018, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, liosta an Aontais trí na bianna núíosacha a údaraíodh nó ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 4, faoi Airteagal 5 nó faoi Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a áireamh ann, lena n-áirítear aon choinníollacha údarúcháin atá ann cheana.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Airteagal 9

Inneachar agus nuashonrú liosta an Aontais

1.   Údaróidh an Coimisiún bia núíosach agus nuashonróidh sé liosta an Aontais i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos:

(a)

in Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 12 agus, i gcás inarb iomchuí, Airteagal 27, nó

(b)

in Airteagail 14 go 19.

2.   Agus bia núíosach á údarú agus liosta an Aontais dá bhforáiltear i mír 1 á nuashonrú, déanfar ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

bia núíosach a chur ar liosta an Aontais;

(b)

bia núíosach a bhaint de liosta an Aontais;

(c)

sonraíochtaí, coinníollacha úsáide, nó ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise nó ceanglais faireacháin iarmhargaidh a bhaineann le bia núíosach a chur ar liosta an Aontais a chur ar an liosta féin, nó iad a bhaint de liosta an Aontais nó iad a athrú.

3.   San iontráil do bhia núíosach ar liosta an Aontais dá bhforáiltear i mír 2 áireofar sonraíocht an bhia núíosaigh agus, i gcás inarb iomchuí:

(a)

na coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid, lena n-áirítear, go háirithe, aon cheanglas is gá d'fhonn a sheachaint, gur ann do dhrochthorthaí a d'fhéadfadh a bheith ar ghrúpaí áirithe den phobal, do shárú ar uasleibhéil iontógála agus do rioscaí i gcás tomhailt iomarcach.

(b)

ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise chun an tomhaltóir deiridh a chur ar an eolas faoi aon tréith shonrach nó aon airí bia, amhail comhdhéanamh, luach cothaitheach nó éifeachtaí cothaitheacha agus an úsáid atá ceaptha don bhia, rud a fhágann nach ionann is gnáthbhia a thuilleadh bia núíosach nó faoi impleachtaí do shláinte grúpaí sonracha den phobal;

(c)

ceanglais faireacháin iarmhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 24.

CAIBIDIL III

NÓSANNA IMEACHTA UM ÚDARÚ DO BHIA NÚÍOSACH.

ROINN I

Rialacha ginearálta

Airteagal 10

An nós imeachta lena n-údaraítear bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus lena nuashonraítear liosta an Aontais

1.   Is ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas chuig an gCoimisiún ó iarratasóir a thosóidh an nós imeachta lena n-údaraítear bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus lena nuashonraítear liosta an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 9. Déanfaidh an Coimisiún an t-iarratas a chur ar fáil do na Ballstáit gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún achoimre den iarratas, bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (e) de mhír 2 den Airteagal seo, a chur ar fáil go poiblí.

2.   Beidh ar áireamh san iarratas ar údarú:

(a)

ainm agus seoladh an iarratasóra;

(b)

ainm an bhia núíosaigh agus an tuairisc air;

(c)

tuairisc ar an bpróiseas táirgthe nó ar na próisis tháirgthe;

(d)

comhdhéanamh mionsonraithe an bhia núíosaigh;

(e)

fianaise eolaíoch a léiríonn nach gcothaíonn an bia núíosach riosca sábháilteachta do shláinte an duine;

(f)

i gcás inarb iomchuí, an modh anailíse nó na modhanna anailíse;

(g)

moladh maidir leis na coinníollacha úsáide beartaithe agus maidir le ceanglais lipéadaithe shonracha nach gcuirfidh an tomhaltóir ar míthreoir nó bonn cirt infhíoraithe don chúis nach bhfuil gá leis na heilimintí sin.

3.   Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, déanfaidh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) a thuairim a thabhairt á rá an dóigh go ndéanfar difear do shláinte an duine de dhroim an nuashonraithe.

4.   Nuair a chuirtear modhanna tástála i bhfeidhm ar nana-ábhair a bhfuil innealtóireacht déanta orthu amhail dá dtagraítear dóibh i bpointe (a)(viii) agus i bpointe (a) (ix) d'Airteagal 3(2), tabharfaidh na hiarratasóirí míniú ar an iomchuibheas eolaíoch a luann siad leis na nana-ábhair agus, i gcás inarb iomchuí, ar na hoiriúnuithe nó na coigeartuithe teicniúla a bheidh déanta chun aird a thabhairt ar shaintréithe sainiúla na n-ábhar sin.

5.   Maidir leis an nós imeachta lena n-údaraítear bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus lena nuashonraítear liosta an Aontais amhail dá bhforáiltear in Airteagal 9, is glacadh gnímh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 12 a bheidh mar dheireadh air.

6.   De mhaolú ar mhír 5, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta a fhoirceannadh agus cinneadh a dhéanamh gan dul ar aghaidh le nuashonrú, aon tráth, má mheasann sé nach bhfuil bonn cirt leis an nuashonrú sin.

I gcásanna den sórt sin, i gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún tuairimí na mBallstát, tuairim an Údaráis agus aon chúinsí dlisteanacha eile is ábhartha maidir leis an nuashonrú atá á bhreithniú san áireamh.

Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir agus na Ballstáit uile ar an eolas go díreach faoi na cúiseanna a measann sé nach bhfuil bonn cirt leis an nuashonrú. Déanfaidh an Coimisiún an liosta de na hiarratais sin a chur ar fáil go poiblí.

7.   Féadfaidh an t-iarratasóir a iarratas a tharraingt siar tráth ar bith, agus leis sin foirceannfar an nós imeachta.

Airteagal 11

Tuairim an Údaráis

1.   I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún tuairim ar an Údarás, cuirfidh sé an t-iarratas bailí ar aghaidh chuig an Údarás gan mhoill, agus tráth nach déanaí ná aon mhí amháin i ndiaidh dó an bhailíocht a fhíorú. Glacfaidh an tÚdarás a thuairim laistigh de naoi mí ón dáta a fhaightear iarratas bailí.

2.   Agus sábháilteacht bianna núíosacha á meas aige, déanfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas a bhreithniú:

(a)

an bhfuil an bia núíosach lena mbaineann chomh sábháilte le bia ó chatagóir bia inchomórtais arna chur ar an margadh cheana laistigh den Aontas;

(b)

an gcothaíonn comhdhéanamh an bhia núíosaigh agus coinníollacha a úsáide riosca sábháilteachta do shláinte an duine san Aontas;

(c)

i gcás bia núíosach a bheartaítear a chur in ionad bia eile, an bia núíosach é nach bhfuil an oiread sin de dhifríocht idir é agus an bia sin agus go mbeadh a ghnáth-thomhaltas chun aimhleasa an tomhaltóra ó thaobh cothaitheachta de.

3.   Cuirfidh an tÚdarás a thuairim ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, chuig an iarratasóir.

4.   I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus ina n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis bhreise ón iarratasóir, féadfar an tréimhse naoi mí dá bhforáiltear i mír 1 a fhadú.

Tar éis dul i gcomhairle leis an iarratasóir, sonróidh an tÚdarás tréimhse ina bhfuil an fhaisnéis bhreise sin le soláthar agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis an méid sin.

Mura ndéanfaidh an Coimisiún agóid i gcoinne an fhadaithe laistigh d'ocht lá oibre tar éis don Údarás é a chur ar an eolas, déanfar an tréimhse naoi mí dá bhforáiltear i mír 1 a fhadú go huathoibríoch leis an tréimhse bhreise sin. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an bhfadú sin.

5.   I gcás nach ndéanfar an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar don Údarás laistigh den tréimhse bhreise dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh an tÚdarás a thuairim a tharraingt suas ar bhonn na faisnéise atá ar fáil aige.

6.   I gcás ina gcuirfidh iarratasóir faisnéis bhreise isteach ar a thionscnamh féin, seolfaidh sé an fhaisnéis sin chuig an Údarás.

I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an tÚdarás a thuairim laistigh den tréimhse naoi mí dá bhforáiltear i mír 1.

7.   Cuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis bhreise arna soláthar i gcomhréir le mír 4 agus mír 6 ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit.

Airteagal 12

Bia núíosach a údarú agus nuashonruithe ar liosta an Aontais

1.   Laistigh de sheacht mí ó dháta foilsithe thuairim an Údaráis, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid an choiste dá dtagraítear in Airteagal 30(1) dréachtghníomh cur chun feidhme lena n-údarófar bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus lena nuashonrófar liosta an Aontais, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

na coinníollacha dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 7, agus, i gcás inarb infheidhme, i bpointe (c) den Airteagal sin;

(b)

aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais, lena n-áirítear prionsabal an réamhchúraim amhail dá dtagraítear dó in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(c)

tuairim an Údaráis;

(d)

aon tosca dlisteanacha eile atá ábhartha maidir leis an iarratas atá á bhreithniú.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

2.   I gcás nár iarr an Coimisiún tuairim ar an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 10(3), tosóidh an tréimhse seacht mí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo ón dáta a mbeidh iarratas bailí faighte ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10(1).

Airteagal 13

Gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos ceanglais riaracháin agus eolaíochta le haghaidh iarratas

Faoin 1 Eanáir 2018, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

inneachar, dréachtú agus tíolacadh an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 10(1);

(b)

na socruithe maidir le bailíocht na n-iarratas sin a fhíorú gan mhoill;

(c)

an cineál faisnéise atá le háireamh i dtuairim an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 11.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

ROINN II

Rialacha sonracha maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha

Airteagal 14

Fógra a thabhairt maidir le bia traidisiúnta ó thríú tír

In ionad an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10 a leanúint, féadfaidh iarratasóir, a bhfuil sé de rún aige bia traidisiúnta ó thríú tír a chur ar an margadh laistigh den Aontas, a roghnú fógra faoin rún intinne sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra:

(a)

ainm agus seoladh an iarratasóra;

(b)

ainm an bhia thraidisiúnta agus tuairisc air;

(c)

comhdhéanamh mionsonraithe an bhia thraidisiúnta;

(d)

tír thionscnaimh nó tíortha tionscnaimh an bhia thraidisiúnta;

(e)

sonraí doiciméadaithe lena léirítear stair úsáid shábháilte an bhia i dtríú tír;

(f)

moladh maidir leis na coinníollacha úsáide beartaithe agus maidir le ceanglais lipéadaithe shonracha nach gcuirfidh an tomhaltóir ar míthreoir, nó bonn cirt infhíoraithe don chúis nach bhfuil gá leis na heilimintí sin.

Airteagal 15

An nós imeachta maidir le fógra a thabhairt i dtaobh bia traidisiúnta ó thríú tír a chur ar an margadh laistigh den Aontas

1.   Cuirfidh an Coimisiún an fógra bailí dá bhforáiltear in Airteagal 14 ar aghaidh gan mhoill, agus tráth nach déanaí ná aon mhí amháin i ndiaidh an bhailíocht a fhíorú, chuig na Ballstáit agus chuig an Údarás.

2.   Laistigh de cheithre mhí ón dáta a chuirfidh an Coimisiún fógra bailí ar aghaidh i gcomhréir le mír 1, féadfaidh Ballstát nó an tÚdarás agóidí cuí-réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an mbia traidisiúnta lena mbaineann a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

3.   Déanfaidh an Coimisiún an t-iarratasóir a chur ar an eolas i dtaobh aon agóid shábháilteachta chuí-réasúnaithe a luaithe a dhéantar an agóid sin a chur faoina bhráid. Déanfar na Ballstáit, an tÚdarás agus an t-iarratasóir a chur ar an eolas maidir le toradh an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2.

4.   I gcás nach ndéantar aon agóidí cuí-réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le mír 2 laistigh den teorainn ama a leagtar síos sa mhír sin, údaróidh an Coimisiún an bia traidisiúnta lena mbaineann a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus nuashonróidh sé liosta an Aontais gan mhoill.

Ar an mbia traidisiúnta a iontráil i liosta an Aontais, sonrófar gur bia traidisiúnta ó thríú tír atá i gceist.

I gcás inarb infheidhme, sonrófar coinníollacha úsáide áirithe, ceanglais lipéadaithe shonracha nó ceanglais faireacháin iarmhargaidh.

5.   I gcás inar cuireadh agóidí cuí-réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le mír 2, ní údaróidh an Coimisiún an bia traidisiúnta lena mbaineann a chur ar an margadh laistigh den Aontas ná ní nuashonróidh sé liosta an Aontais.

Sa chás sin, féadfaidh an t-iarratasóir iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 16.

Airteagal 16

Iarratas maidir le bia traidisiúnta ó thríú tír a údarú

I gcás nach ndéanann an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir le hAirteagal 15(5), bia traidisiúnta lena mbaineann a chur ar an margadh laistigh den Aontas a údarú agus liosta an Aontais a uasdátú, féadfaidh an t-iarratasóir iarratas a thíolacadh, de bhreis ar an bhfaisnéis a bheidh soláthraithe cheana i gcomhréir le hAirteagal 14, sonraí doiciméadaithe i ndáil leis na hagóidí cuí-réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 15(2).

Cuirfidh an Coimisiún, gan mhoill, an t-iarratas bailí ar aghaidh chuig an Údarás agus cuirfidh sé ar fáil do Bhallstáit é.

Airteagal 17

Tuairim an Údaráis maidir le bia traidisiúnta ó thríú tír

1.   Glacfaidh an tÚdarás a thuairim laistigh de shé mhí ón dáta a fhaightear iarratas bailí.

2.   Agus sábháilteacht bia thraidisiúnta ó thríú tír á meas aige, déanfaidh an tÚdarás na hábhair seo a leanas a bhreithniú:

(a)

an bhfuil sonraí iontaofa arna gcur isteach ag an iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 16 ag tacú le stair úsáid shábháilte an bhia i dtríú tír;

(b)

an gcothaíonn comhdhéanamh an bhia agus coinníollacha a úsáide riosca sábháilteachta do shláinte an duine san Aontas;

(c)

i gcás ina mbeartaítear bia traidisiúnta ó thríú tír a chur in ionad bia eile, ar bia traidisiúnta é nach bhfuil an oiread sin de dhifríocht idir é agus an bia sin agus go mbeadh ghnáth-thomhaltas chun aimhleasa an tomhaltóra ó thaobh cothaitheachta de.

3.   Cuirfidh an tÚdarás a thuairim ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus chuig an iarratasóir.

4.   I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus ina n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis bhreise ón iarratasóir, féadfar an tréimhse sé mhí dá bhforáiltear i mír 1 a fhadú.

Tar éis dul i gcomhairle leis an iarratasóir, sonróidh an tÚdarás tréimhse ina bhfuil an fhaisnéis bhreise sin le soláthar agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis an méid sin.

Mura ndéanfaidh an Coimisiún agóid i gcoinne an fhadaithe laistigh d'ocht lá oibre tar éis don Údarás é a chur ar an eolas, déanfar an tréimhse sé mhí dá bhforáiltear i mír 1 a fhadú go huathoibríoch leis an tréimhse bhreise sin. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an bhfadú sin.

5.   I gcás nach ndéantar an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar don Údarás laistigh den tréimhse bhreise dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh an tÚdarás á thuairim a tharraingt suas ar bhonn na faisnéise atá ar fáil aige.

6.   I gcás ina gcuirfidh iarratasóir faisnéis bhreise isteach ar a thionscnamh féin, seolfaidh sé chuig an Údarás é.

I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an tÚdarás a thuairim laistigh den tréimhse sé mhí dá bhforáiltear i mír 1.

7.   Cuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis bhreise arna soláthar i gcomhréir le mír 4 agus mír 6 ar fáil don Choimisiún agus do Bhallstáit.

Airteagal 18

Bia traidisiúnta ó thríú tír a údarú agus nuashonruithe ar liosta an Aontais

1.   Laistigh de thrí mhí ó dháta foilsithe thuairim an Údaráis, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid an choiste dá dtagraítear in Airteagal 30(1) dréachtghníomh cur chun feidhme lena n-údarófar an bia traidisiúnta ó thríú tír a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus lena nuashonrófar liosta an Aontais, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

na coinníollacha dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 7, agus, i gcás inarb infheidhme, i bpointe (c) den Airteagal sin;

(b)

aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais, lena n-áirítear prionsabal an réamhchúraim amhail dá dtagraítear dó in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(c)

tuairim an Údaráis;

(d)

aon tosca dlisteanacha eile atá ábhartha maidir leis an iarratas atá á bhreithniú.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta um údarú a fhoirceannadh aon tráth agus cinneadh a dhéanamh gan dul ar aghaidh le nuashonrú, i gcás ina measann sé nach bhfuil bonn cirt leis an nuashonrú sin.

I gcás den sórt sin, i gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún tuairimí na mBallstát, tuairim an Údaráis agus aon tosca dlisteanacha eile is ábhartha maidir leis an nuashonrú atá á bhreithniú san áireamh.

Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir agus na Ballstáit uile ar an eolas go díreach maidir leis na cúiseanna a mheasann sé nach bhfuil bonn cirt leis an nuashonrú.

3.   Féadfaidh an t-iarratasóir a iarratas dá dtagraítear in Airteagal 16 a tharraingt siar aon tráth, agus leis sin foirceannfar an nós imeachta.

Airteagal 19

Nuashonruithe ar liosta an Aontais a mhéid a bhaineann le bianna traidisiúnta údaraithe ó thríú tíortha

Tá feidhm ag Airteagal 10 go hAirteagal 13 maidir le bia traidisiúnta ó thríú tír a bhaint de liosta an Aontais nó maidir le sonraíochtaí, coinníollacha úsáide, ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise nó ceanglais faireacháin iarmhargaidh a bhaineann le bia traidisiúnta ó thríú tír a áireamh ar liosta an Aontais a chur leis an liosta sin, a bhaint den liosta sin nó iad a athrú ar an liosta.

Airteagal 20

Gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos ceanglais riaracháin agus eolaíochta maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha

Faoin 1 Eanáir 2018, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

inneachar, dréachtú agus tíolacadh na bhfógraí dá dtagraítear in Airteagal 14 agus na hiarratais dá dtagraítear in Airteagal 16;

(b)

na socruithe maidir le bailíocht na bhfógraí agus na n-iarratas sin a fhíorú gan mhoill;

(c)

na socruithe chun faisnéis a mhalartú leis na Ballstáit agus leis an Údarás a mhéid a bhaineann le hagóidí cuí-réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta a chur isteach, amhail dá dtagraítear in Airteagal 15(2);

(d)

an cineál faisnéise atá le cur ar áireamh i dtuairim an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 17.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

CAIBIDIL IV

RIALACHA NÓS IMEACHTA BREISE AGUS CEANGLAIS EILE

Airteagal 21

Faisnéis bhreise maidir le bainistiú riosca

1.   I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise ar iarratasóir maidir le hábhair a bhaineann le bainistiú riosca, cinnfidh sé, in éineacht leis an iarratasóir, an tréimhse ina bhfuil an fhaisnéis sin le soláthar.

I gcásanna den sórt sin, féadfar an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 12(1) nó (2) nó in Airteagal 18(1) a fhadú dá réir. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an bhfadú sin agus cuirfidh sé an fhaisnéis bhreise ar fáil do Bhallstáit a luaithe a bheidh sí faighte aige.

2.   I gcás nach bhfaighfear an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 1 laistigh den tréimhse bhreise dá dtagraítear sa mhír sin, gníomhóidh an Coimisiún ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil aige.

Airteagal 22

Tréimhsí ama a fhadú ar bhonn ad hoc

In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún na tréimhsí ama dá bhforáiltear in Airteagail 11(1), 12(1) nó (2), 17(1) agus 18(1) a fhadú ar a thionscnamh féin nó, i gcás inarb infheidhme, arna iarraidh sin don Údarás, i gcás ina mbeidh bonn cirt le fadú iomchuí de bharr chineál an ábhair i dtrácht.

Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir agus na Ballstáit ar an eolas maidir leis an bhfadú agus tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis.

Airteagal 23

Rúndacht iarratas maidir le nuashonruithe ar liosta an Aontais

1.   Féadfaidh iarratasóirí a iarraidh go ndéileálfar le faisnéis áirithe arna cur isteach faoin Rialachán seo ar mhodh rúin i gcás ina bhféadfaidh nochtadh na faisnéise sin díobháil a dhéanamh dá staid iomaíochais.

2.   Chun críocha mhír 1, cuirfidh iarratasóirí in iúl cad iad na codanna den fhaisnéis arna soláthar acu ar mian leo go ndéileálfar leo ar mhodh rúin agus soláthróidh siad na mionsonraí uile is gá chun bunús a thabhairt dá n-iarraidh ar rúndacht. Tabharfar bonn cirt infhíoraithe i gcásanna den sórt sin.

3.   Tar éis dóibh a bheith curtha ar an eolas maidir le seasamh an Choimisiúin i dtaobh na hiarrata, féadfaidh iarratasóirí a n-iarratas a tharraingt siar laistigh de thrí seachtaine, agus i rith na tréimhse sin déanfar rúndacht na faisnéise a soláthraíodh a chaomhnú.

4.   Tar éis an tréimhse dá dtagraítear i mír 3 do dhul in éag, agus mura mbeidh an t-iarratas tarraingthe siar ag iarratasóir agus más rud é go mbeidh easaontú ann déanfaidh an Coimisiún a chinneadh cad iad na codanna den fhaisnéis atá le fanacht faoi rún agus, i gcás ina mbeidh cinneadh déanta, cuirfidh sé na Ballstáit agus an t-iarratasóir ar an eolas dá réir.

Ní bheidh feidhm ag rúndacht, áfach, maidir leis an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

ainm agus seoladh an iarratasóra;

(b)

ainm an bhia núíosaigh agus an tuairisc air;

(c)

na coinníollacha úsáide atá beartaithe don bhia núíosach;

(d)

achoimre ar na staidéir arna gcur isteach ag an iarratasóir;

(e)

torthaí na staidéar a rinneadh chun sábháilteacht an bhia a léiriú;

(f)

i gcás inarb iomchuí, an modh anailíse nó na modhanna anailíse;

(g)

aon toirmeasc nó srian atá forchurtha ag tríú tír i ndáil leis an mbia.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus an tÚdarás na bearta is gá chun rúndacht iomchuí a áirithiú maidir leis an bhfaisnéis amhail dá dtagraítear di i mír 4 agus a fhaigheann siad faoin Rialachán seo, cé is moite d'fhaisnéis is gá a phoibliú chun sláinte an duine a chosaint.

6.   I gcás ina dtarraingíonn iarratasóir a iarratas siar, nó i gcás ina mbeidh sé tarraingthe siar aige, ní nochtfaidh an Coimisiún, na Ballstáit ná an tÚdarás faisnéis rúnda, lena n-áirítear an fhaisnéis a raibh a rúndacht ina ábhar easaontais idir an Coimisiún agus an t-iarratasóir.

7.   Ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm mhír 1 go mír 6 difear do mhalartú faisnéise maidir leis an iarratas idir an Coimisiún, na Ballstáit agus an tÚdarás.

8.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur chun feidhme mhír 1 go mír 6.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

Airteagal 24

Ceanglais faireacháin iarmhargaidh

Féadfaidh an Coimisiún, ar chúiseanna sábháilteachta bia agus tar éis dó tuairim an Údaráis a chur san áireamh, ceanglais faireacháin iarmhargaidh a fhorchur. Féadfar a áireamh sna ceanglais sin, ar bhonn cás ar chás, go ndéanfar na hoibreoirí gnó bia ábhartha a shainaithint.

Airteagal 25

Ceanglais maidir le faisnéis bhreise

Aon oibreoir gnó bia ar bith a bhfuil bia núíosach curtha ar an margadh aige, déanfaidh sé an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach i dtaobh faisnéis ar bith a fhaigheann sé amach fúithi maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

aon fhaisnéis eolaíoch nua nó aon fhaisnéis theicniúil nua a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar an measúnú ar shábháilteacht úsáid an bhia núíosaigh;

(b)

aon toirmeasc nó srian a fhorchuireann tríú tír ina gcuirtear an bia núíosach ar an margadh.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.

CAIBIDIL V

COSAINT SONRAÍ

Airteagal 26

An nós imeachta um údarú i gcás cosaint sonraí

1.   Arna iarraidh sin don iarratasóir, agus i gcás ina mbeidh tacaíocht aige ó fhaisnéis iomchuí agus infhíoraithe a bheidh ar áireamh san iarratas dá bhforáiltear in Airteagal 10(1), ní dhéanfar, gan comhaontú an iarratasóra thosaigh, fianaise eolaíoch nuafhorbartha ná sonraí eolaíocha lena dtacaítear leis an iarratas a úsáid chun tairbhe iarratais ina dhiaidh sin i rith tréimhse cúig bliana ón dáta a dhéanfar an bia núíosach a údarú.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an chosaint sonraí a dheonú faoi Airteagal 27(1) i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur ainmnigh an t-iarratasóir tosaigh an fhianaise eolaíoch nuafhorbartha nó na sonraí eolaíocha mar shonraí dílseánaigh an tráth a rinneadh an chéad iarratas;

(b)

go raibh ceart eisiach tagartha ag an iarratasóir tosaigh ar an bhfianaise eolaíoch dhílseánaigh nó ar na sonraí eolaíocha dílseánaigh tráth a rinneadh an chéad iarratas; agus

(c)

nach bhféadfadh an tÚdarás an bia núíosach a mheas agus a údarú gan an t-iarratasóir tosaigh an fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó na sonraí eolaíocha dílseánaigh a chur isteach.

Féadfaidh an t-iarratasóir tosaigh, áfach, a chomhaontú le hiarratasóir ina dhiaidh sin go bhféadfar an fhianaise eolaíoch agus na sonraí eolaíocha sin a úsáid.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus ag mír 2 maidir le fógraí agus iarratais i dtaobh bianna traidisiúnta ó thríú tíortha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

Airteagal 27

Bia núíosach a údarú agus a áireamh i liosta an Aontais bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó ar shonraí eolaíocha dílseánaigh atá faoi chosaint

1.   I gcás ina ndéanfar bia núíosach a údarú agus a áireamh i liosta an Aontais de bhun Airteagal 10 go hAirteagal 12 bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó ar shonraí eolaíocha dílseánaigh a bhfuil cosaint sonraí deonaithe dóibh de réir amhail dá bhforáiltear in Airteagal 26(1), déanfar, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3), an méid seo a leanas a léiriú san iontráil don bhia núíosach sin i liosta an Aontais:

(a)

an dáta ar áiríodh an bia núíosach i liosta an Aontais;

(b)

an fíoras go bhfuil an t-áireamh sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha dílseánaigh atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26;

(c)

ainm agus seoladh an iarratasóra;

(d)

an fíoras gurb é an t-iarratasóir atá sonraithe i bpointe (c) den mhír seo, agus an t-iarratasóir sin amháin, atá údaraithe chun an bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó do na sonraí eolaíochta dílseánaigh arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 roimhe sin nó le comhaontú ón iarratasóir tosaigh;

(e)

dáta deiridh na cosanta sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 26.

2.   Fianaise eolaíoch nó sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 nó dá bhfuil an tréimhse chosanta faoin Airteagal sin dulta in éag, ní dhéanfar cosaint athnuaite a dheonú dóibh.

Airteagal 28

An nós imeachta um údarú i gcás iarratas comhthráthach ar údarú i dtaobh éileamh sláinte

1.   An nós imeachta um údarú le haghaidh bia núíosach a mbeidh tús curtha leis i ndiaidh iarratais, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don iarratasóir, é a bhac i gcás ina mbeidh curtha isteach ag an iarratasóir:

(a)

iarraidh ar chosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 26; agus

(b)

iarratas ar údarú i dtaobh éileamh sláinte maidir leis an mbia núíosach céanna i gcomhréir le hAirteagal 15 nó Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, in éineacht le hiarraidh ar chosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán sin.

Beidh an bac ar an nós imeachta um údarú gan dochar don mheasúnú ar an mbia ag an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 11.

2.   Déanfaidh an Coimisiún dáta feidhme an bhaic a chur in iúl don iarratasóir.

3.   An t-achar a bheidh an nós imeachta um údarú faoi bhac, cuirfear stop le háireamh na tréimhse ama chun críocha na teorann ama a leagtar síos in Airteagal 12(1).

4.   Athchromfar ar an nós imeachta um údarú nuair a bheidh tuairim an Údaráis i dtaobh an éilimh sláinte, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, faighte ag an gCoimisiún.

Déanfaidh an Coimisiún an dáta a n-athchromfar ar an nós imeachta um údarú a chur in iúl don iarratasóir. Ón dáta a n-athchromfar ar an nós imeachta, leanfar an athuair le háireamh na tréimhse ama ón tús chun críocha na teorann ama a leagtar síos in Airteagal 12(1) den Rialachán seo.

5.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar cásanna iad ina mbeidh cosaint sonraí deonaithe i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, ní rachaidh tréimhse na cosanta sonraí a dheonófar i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán seo thar tréimhse na cosanta sonraí a bheidh deonaithe i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006.

6.   Féadfaidh an t-iarratasóir an iarraidh ar bhac ar an nós imeachta um údarú, arna cur isteach i gcomhréir le mír 1, a tharraingt siar tráth ar bith. Sa chás sin, athchromfar ar an nós imeachta um údarú agus ní bheidh feidhm ag mír 5.

CAIBIDIL VI

PIONÓIS AGUS FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 29

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin 1 Eanáir 2018 agus déanfaidh siad fógra a thabhairt gan mhoill don Choimisiún i dtaobh aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh.

Airteagal 30

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama chun an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama chun an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 31

Gníomhartha tarmligthe

Chun cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 32, an sainmhíniú ar nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 3(2) a choigeartú agus a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó do na sainmhínithe a bheidh comhaontaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Airteagal 32

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tá sé tábhachtach go háirithe go leanfadh an Coimisiún a ghnáthchleachtas agus go rachadh sé i mbun comhairliúchán le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe Ballstát, sula ndéanfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh.

3.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 31 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 31 Nollaig 2015. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 31 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 31 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL VII

BEARTA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 33

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 2(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(h)

an sainmhíniú ar ‘nana-ábhair a bhfuil innealtóireacht déanta orthu’ faoi mar a bhunaítear i bpointe (f) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

(*1)  Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lch. 1).”."

(2)

Scriostar pointe (t) d'Airteagal 2(2).

Déanfar tagairtí do phointe (t) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 arna scriosadh a fhorléiriú mar thagairtí do phointe (f) d'Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

(3)

In Airteagal 18, scriostar mír 5.

Airteagal 34

Aisghairm

Déantar leis seo Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 a aisghairm ón 1 Eanáir 2018. Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo

Airteagal 35

Bearta idirthréimhseacha

1.   Maidir le haon iarraidh chun bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ar iarraidh í a cuireadh faoi bhráid Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus nach mbeidh an cinneadh críochnaitheach déanta ina leith roimh an 1 Eanáir 2018, déileálfar léi mar iarratas faoin Rialachán seo.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún Airteagal 11 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcás ina mbeidh measúnú riosca soláthraithe cheana féin ag Ballstát ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus nach mbeidh aon agóid réasúnaithe i leith an mheasúnaithe ardaithe ag aon Bhallstát eile.

2.   Bianna nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a chuirfear ar an margadh go dleathach faoin 1 Eanáir 2018 agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh cinneadh déanta i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 12 nó le hAirteagal 14 go hAirteagal 19 den Rialachán seo tar éis iarratas ar údarú bia núíosaigh nó fógra maidir le bia traidisiúnta ó thríú tír a bheith curtha isteach faoin dáta a bheidh sonraithe sna rialacha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 nó le hAirteagal 20 den Rialachán seo faoi seach, ach tráth nach déanaí ná an 2 Eanáir 2020.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta a ghlacadh i dtaca leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 20, ar bearta iad atá riachtanach chun mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

Airteagal 36

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2018, seachas le haghaidh na bhforálacha seo a leanas:

(a)

Beidh feidhm ag Airteagal 4(4), Airteagail 8, 13 agus 20, Airteagal 23(8), Airteagal 30 agus Airteagal 35(3) amhail ón 31 Nollaig 2015;

(b)

Beidh feidhm ag Airteagal 4(2) agus (3) amhail ó dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4(4);

(c)

Beidh feidhm ag Airteagal 5 amhail ón 31 Nollaig 2015. Maidir le gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar faoi Airteagal 5, áfach, ní bheidh feidhm acu roimh an 1 Eanáir 2018.

(d)

Beidh feidhm ag Airteagal 31 agus ag Airteagal 32 amhail ón 31 Nollaig 2015. Maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoi na hAirteagail sin, áfach, ní bheidh feidhm acu roimh an 1 Eanáir 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Samhain 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. SCHMIT


(1)  IO C 311, 12.9.2014, lch. 73.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Deireadh Fómhair 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Samhain 2015.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le faisnéis áirithe a chur ar fáil don phobal agus maidir le cosaint faisnéise arna tíolacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 253, 21.9.2001, lch. 17).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (IO L 354, 31.12.2008, lch. 7).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).

(9)  Treoir 2009/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dlíthe na mBallstát a bhaineann le tuaslagóirí eastóscúcháin a úsáidtear i dtáirgeadh earraí bia agus comhábhar bia a chomhfhogasú (IO L 141, 6.6.2009, lch. 3).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(12)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183. 12.7.2002, lch. 51).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bia (IO L 404, 30.12.2006, lch. 26).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO J 181, 29.6.2013, lch. 35).

(15)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí míochaine lena gcaitheamh ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothúcháin agus shláinte a dhéantar ar bhianna (IO L 404, 30.12.2006, lch. 9).

(17)  Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).