17.7.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 191/6


RIALACHÁN (AE) 2015/1146 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Iúil 2015

maidir le ráta coigeartaithe i leith íocaíochtaí díreacha dá bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a shocrú i ndáil leis an mbliain féilire 2015

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) go bhfuil cúlchiste atá ceaptha chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil d'earnáil na talmhaíochta i gcás géarchéimeanna tromchúiseacha a dhéanann difear do tháirgeacht talmhaíochta nó do dháileadh talmhaíochta le bunú trí laghdú a chur i bhfeidhm, ag tús gach bliana, ar íocaíochtaí díreacha leis an sásra smachta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 26 den Rialachán sin.

(2)

Le hAirteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, d'fhonn a áirithiú go gcomhlíontar na huasteorainneacha bliantúla a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (4) ar mhaoiniú an chaiteachais a bhaineann leis an margadh agus ar mhaoiniú íocaíochtaí díreacha, foráiltear go bhfuil ráta coigeartaithe d'íocaíochtaí díreacha le cinneadh nuair a léirítear sna réamhaisnéisí ar mhaoiniú na mbeart a mhaoinítear faoin bhfo-uasteorainn sin do bhliain áirithe airgeadais go sárófar na huasteorainneacha bliantúla is infheidhme.

(3)

Is é EUR 441,6 milliún i bpraghsanna reatha iomlán an chúlchiste, le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta, atá le háireamh i nDréachtbhuiséad 2016 ón gCoimisiún. Chun an méid sin a chumhdach, ní mór don sásra smachta airgeadais feidhm a bheith aige ar íocaíochtaí díreacha faoi na scéimeanna tacaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) i ndail leis an mbliain féilire 2015.

(4)

Léiríonn na réamhaisnéisí roimh ré ar íocaíochtaí díreacha agus ar chaiteachas a bhaineann leis an margadh agus a bheidh le cinneadh i nDréachtbhuiséad 2016 ón gCoimisiún nach bhfuil aon ghá le tuilleadh smachta airgeadais.

(5)

Le hAirteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ceanglaítear ar an gCoimisiún togra maidir leis an ráta coigeartaithe a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná an 31 Márta den bhliain féilire a bhfuil feidhm ag an ráta coigeartaithe sin i ndáil léi.

(6)

Mar riail ghinearálta, feirmeoirí a chuireann iarratas ar chabhair isteach le haghaidh íocaíochtaí díreacha i ndáil le bliain féilire amháin (N), íoctar iad laistigh de thréimhse sheasta íocaíochta atá laistigh den bhliain airgeadais (N + 1). Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí déanacha a dhéanamh le feirmeoirí tar éis na tréimhse íocaíochta sin, laistigh de theorainneacha ama áirithe. Féadfar íocaíochtaí déanacha den sórt sin a dhéanamh i mbliain airgeadais dá éis sin. Nuair a chuirtear smacht airgeadais i bhfeidhm maidir le bliain féilire ar leith, níor cheart an ráta coigeartaithe a chur i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí ar cuireadh iarratais ar chabhair isteach ina leith le linn blianta féilire nach iad an bhliain féilire a bhfuil feidhm ag an smacht airgeadais maidir léi. Dá bhrí sin, d'fhonn a áirthiú go gcuirfear cóir chomhionann ar fheirmeoirí, is iomchuí foráil a dhéanamh nach bhfuil an ráta coigeartaithe le cur i bhfeidhm ach amháin maidir le híocaíochtaí ar cuireadh iarratais ar chabhair isteach ina leith le linn na bliana féilire a bhfuil feidhm ag an smacht airgeadais maidir léi, beag beann ar an tráth a dhéantar an íocaíocht leis na feirmeoirí.

(7)

Le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, foráiltear nach bhfuil feidhm ag an ráta coigeartaithe a chuirtear i bhfeidhm ar íocaíochtaí díreacha arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ach maidir le híocaíochtaí díreacha atá os cionn EUR 2 000 atá le deonú d'fheirmeoirí sa bhliain chomhfhreagrach féilire. Ina theannta sin, toisc gur de réir a chéile a thabharfar na híocaíochtaí díreacha isteach, foráiltear le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 nach bhfuil feidhm le bheith ag an ráta coigeartaithe maidir leis an mBulgáir ná leis an Rómáin ach amháin ón 1 Eanáir 2016 ar aghaidh agus nach bhfuil feidhm le bheith aige maidir leis an gCróit ach amháin ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an ráta coigeartaithe atá le cinneadh leis an Rialachán seo maidir le híocaíochtaí le feirmeoirí sna Ballstáit sin.

(8)

Go dtí an 1 Nollaig 2015, féadfaidh an Coimisiún an ráta coigeartaithe arna shocrú leis an Rialachán seo oiriúnú, ar bhonn faisnéis nua atá aige, de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Chun an ráta coigeartaithe a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 25 agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, agus i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, maidir le méideanna na n-íocaíochtaí díreacha faoi na scéimeanna tacaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 atá le deonú d'fheirmeoirí os cionn EUR 2 000 le haghaidh iarratas ar chabhair arna chur isteach i ndáil leis an mbliain féilire 2015, déanfar iad a laghdú de réir ráta coigeartaithe 1,393041 %.

2.   Ní bheidh feidhm ag an laghdú dá bhforáiltear i mír 1 sa Bhulgáir, sa Chróit agus sa Rómáin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Strasbourg, an 8 Iúil 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. SCHMIT


(1)  Tuairim an 22 Aibreán 2015 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2015 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Meitheamh 2015.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).