1.7.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2015/1017 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Meitheamh 2015

maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 – an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 agus Airteagal 173, an tríú mír d'Airteagal 175 agus Airteagal 182(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais, tháinig laghdú ar leibhéal na n-infheistíochtaí laistigh den Aontas. Tá laghdú thart ar 15 % tagtha ar an infheistíocht ó bhuaicphointe infheistíochta sa bhliain 2007. Tá an tAontas buailte go háirithe le heaspa infheistíochta mar thoradh ar shrianta buiséadacha ar na Ballstáit agus le fás spadánta, arb é an toradh atá air sin ná éiginnteacht sa mhargadh i dtaca leis an todhchaí eacnamaíoch. I ngeall ar an easpa infheistíochta sin, a bhí thar a bheith dian sna Ballstáit sin is mó atá buailte leis an ngéarchéim, tá moill tagtha ar an téarnamh eacnamaíoch agus tá drochthionchar aige ar chruthú post, ar ionchais maidir leis an bhfás san fhadtéarma agus ar an iomaíochas, rud a d'fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach spriocanna agus cuspóirí straitéis Eoraip 2020 le haghaidh fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Tá gá ann a tharraingtí atá sé infheistíocht a dhéanamh san Eoraip agus i mbonneagar geilleagair eolais nua-aoisigh a neartú.

(2)

Tá gníomhaíocht chuimsitheach de dhíth chun an fáinne fí atá ann de thoradh easpa infheistíochta agus na n-éagsúlachtaí méadaitheacha atá ann idir réigiúin a iompú droim ar ais, agus chun muinín i ngeilleagar an Aontais a neartú, agus fós go bhféadfadh dreasachtaí chun timpeallacht atá fabhrach don infheistíocht a chruthú sna Ballstáit borradh a chur faoin téarnamh eacnamaíoch. In éineacht le spreagadh athnuaite i dtreo maoiniú infheistíochta, is bealach iad athchóirithe struchtúrtha atá éifeachtach agus inbhuanaithe go heacnamaíoch agus go sóisialta, mar aon le freagracht bhuiséadach, chun fáinne óir a bhunú, ina dtacaíonn tionscadail infheistíochta le fostaíocht agus éileamh agus lena dtagann laghdú buan ar an mbearna aschuir mar aon le méadú ar an acmhainneacht fáis. Ní mór do chiste Eorpach le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha (CEIS), arna neartú le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit, a bheith ina chomhlánú ar straitéis fhoriomlán chun feabhas a chur ar iomaíochas an Aontais agus infheistíocht a mhealladh ann.

(3)

Chun an buntáiste is fearr a bhreith de thionchar fostaíochta CEIS, ba cheart do na Ballstáit leanúint de bheith ag gabháil d’athchóirithe struchtúracha atá éifeachtach agus inbhuanaithe go heacnamaíoch agus go sóisialta, chomh maith le tionscnaimh eile amhail cláir oiliúna agus beartais ghníomhacha sa mhargadh saothair, tacaíocht do dhálaí chun poist cháilíochta agus inbhuanaithe a chruthú, agus infheistiú i mbeartais shóisialta spriocdhírithe i gcomhréir le Pacáiste Infheistíochta Sóisialta 2013. Sa bhreis air sin, ba cheart do na Ballstáit tabhairt faoi ghníomhaíochtaí breise amhail cláir oiliúna shainoiriúnaithe chun scileanna na n-oibrithe a mheaitseáil le riachtanais na n-earnálacha atá ag tairbhiú de CEIS, seirbhísí gnó sainoiriúnaithe d'fhiontair chun iad a ullmhú don leathnú amach agus do thuilleadh post a chruthú, mar aon le tacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus do dhaoine féinfhostaithe.

(4)

D’aithin G20, tríd an Tionscnamh um Bonneagar Domhanda, a thábhachtaí atá an infheistíocht leis an éileamh a spreagadh agus le táirgiúlacht agus fás a mhéadú agus leag sé síos tiomantas dó féin i dtaca le timpeallacht a chruthú ina n-éascaítear leibhéil níos airde infheistíochta.

(5)

Le linn na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais, rinne an tAontas iarrachtaí chun fás a chur chun cinn, go háirithe trí thionscnaimh atá leagtha amach i straitéis Eoraip 2020 lenar cuireadh ar bun cur chuige le haghaidh fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, agus tríd an Seimeastar Eorpach um beartas eacnamaíoch a chomhordú. Rinne an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) a ról a threisiú freisin maidir le hinfheistíocht laistigh den Aontas a thionscnamh agus a chur chun cinn, i bpáirt trí mhéadú ar chaipiteal in Eanáir 2013. Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta lena áirithiú go dtugtar aghaidh go leormhaith ar riachtanais infheistíochta agus mhaicreacnamaíocha an Aontais, go n-úsáidtear an leachtacht atá ar fáil ar an margadh go héifeachtúil agus go spreagtar leachtacht den sórt sin a threorú i dtreo cistiú tionscadal infheistíochta inmharthana.

(6)

An 15 Iúil 2014, chuir Uachtarán tofa an Choimisiúin, de thráth na huaire, Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún eile faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Iarradh sna Treoirlínte Polaitiúla sin go ndéanfai "suas le EUR 300 billiún in infheistíocht bhreise phoiblí agus phríobháideach a úsáid san fhíorgheilleagar thar na trí bliana seo atá romhainn" chun infheistíocht a spreagadh chun na críche poist a chruthú.

(7)

An 26 Samhain 2014, d'eisigh an Coimisiún teachtaireacht dar teideal "Plean Infheistíochta don Eoraip" (Plean Infheistíochta) inar beartaíodh CEIS, tairseach thrédhearcach de thionscadail infheistíochta ar leibhéal an Aontais (Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta) agus mol comhairleach infheistíochta (Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht) a chruthú agus inar leagadh béim ar chlár oibre chun bacainní ar infheistíocht a bhaint agus chun an margadh inmheánach a chomhlánú.

(8)

Bhí mar chonclúid ag an gComhairle Eorpach an 18 Nollaig 2014 gur "príomhdhúshlán beartais é an infheistíocht a chothú agus aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaí san Eoraip" agus "[l]eis an aird atá á tabhairt anois ar an infheistíocht, agus leis na gealltanais a thug na Ballstáit treisiú le hathchóirithe struchtúracha agus comhdhlúthú buiséadach a chur ar bun a chothóidh an fás, cuirfear bonn maith faoin bhfás agus faoin bhfostaíocht san Eoraip". D'iarr an Chomhairle Eorpach "Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) a bhunú i nGrúpa BEI chun EUR 315 billiún a chur ar fáil d'infheistíochtaí nua idir 2015 agus 2017", agus d'iarr sí ar Ghrúpa BEI "tús a chur le gníomhaíochtaí agus leas a bhaint as a chistí dílse ó mhí Eanáir 2015 ar aghaidh". Chuir an Chomhairle Eorpach i bhfáth freisin go "gcomhlánóidh CEIS cláir reatha an Aontais agus gníomhaíochtaí traidisiúnta BEI agus go mbeidh sé mar bhreis ar na cláir agus ar na gníomhaíochtaí sin".

(9)

An 13 Eanáir 2015, d'eisigh an Coimisiún teachtaireacht dar teideal “An úsáid is fearr a bhaint as an tsolúbthacht laistigh de na rialacha atá sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis cheana féin” lena mionsonraítear an bealach a ndéanfaidh sé na rialacha sin a chur i bhfeidhm.

(10)

An 24 Meitheamh 2015, dhearbhaigh an Coimisiún “gan dochar do shainchumais na Comhairle i gcur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), ba cheart, i bprionsabal, go mbeadh ranníocaíochtaí aon uaire a dhéanann Ballstáit, cibé acu Ballstát nó bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh atá aicmithe in earnáil ghinearálta an rialtais nó ag gníomhú thar ceann Ballstáit, le CEIS nó le hardáin infheistíochta théamacha nó iltíortha arna mbunú le haghaidh chur chun feidhme an Phlean Infheistíochta, in ann cáiliú mar bhearta aon uaire, de réir bhrí Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (4) agus Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle (5)”.

(11)

Ba cheart gurb éard a bheadh in CEIS ná cuid de stráitéis chuimsitheach atá ceaptha chun díriú ar éiginnteacht faoi infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha agus chun na bearnaí infheistíochta san Aontas a laghdú. Baineann trí cholún leis an straitéis: maoiniú le haghaidh infheistíochta a chur ar fáil, deimhin a dhéanamh de go soláthraítear infheistíocht don fhíorgheilleagar agus feabhas a chur ar mhuinín na n-infheisteoirí san Aontas. Ba cheart don straitéis borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin téarnamh eacnamaíoch agus ba cheart go gcomhlánódh sí cuspóir an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh ar fud an Aontais. Ní mór go mbeadh sé le feiceáil go bhfuil CEIS ag comhlánú na ngníomhaíochtaí uile eile atá riachtanach chun na bearnaí infheistíochta san Aontas a laghdú agus – trí ghníomhú mar chiste ráthaíochta – go bhfuil an straitéis ag feidhmiú mar spreagadh le haghaidh infheistíochtaí nua.

(12)

Ba cheart feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta laistigh den Aontas trí bhacainní ar an infheistíocht a bhaint, trína áirithiú nach ann d'idirdhealú bunaithe ar cibé ar príobháideach nó poiblí atá bainistiú na dtionscadal, tríd an margadh inmheánach a threisiú agus tríd an intuarthacht rialála a fheabhsú. Ina theachtaireacht dar teideal “Clár Oibre an Choimisiúin do 2015: Tús Nua”, d'fhógair an Coimisiún go raibh “an t-ualach rialála a laghdú agus ardleibhéal cosanta don timpeallacht shóisialta, sláinte agus chomhshaoil mar aon le rogha tomhaltóra a choinneáil ag an am céanna” ina thosaíocht pholaitiúil dó agus go ndéanfadh sé “ollchóiriú ar na rialacha chun a chinntiú go rannchuidíonn siad leis an gclár oibre le haghaidh fáis agus post”. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit dul i mbun an chúraim sin gan mhoill. Ba cheart go mbainfeadh obair CEIS, agus infheistíochtaí ar fud an Aontais i gcoitinne, tairbhe as an obair bhreise sin.

(13)

Ba cheart go mbeadh de chuspóir ag CEIS cuidiú le réiteach na ndeacrachtaí maidir le maoiniú agus cur chun feidhme infheistíochtaí straitéiseacha, trasfhoirmeacha agus táirgiúla ag a bhfuil breisluach ard eacnamaíoch, comhshaoil agus sochaíoch agus a rannchuidíonn le cuspóirí beartais an Aontais a ghnóthú amhail iad siúd a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis borradh láithreach a sholáthar do gheilleagar an Aontais agus feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú agus ar iomaíochas fiontar agus eintiteas eile, le fócas ar leith ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus ar chuideachtaí lárchaipitlithe beaga, agus é mar aidhm leis sin leibhéil dífhostaíochta san Aontas a laghdú mar aon le fás san Aontas a spreagadh.

Ba cheart, dá bhrí sin, go dtacódh CEIS le hinfheistíochtaí straitéiseacha amhail tionscadail leasa choitinn a bhfuil sé mar aidhm acu an margadh inmheánach a chomhlánú in earnáil an iompair, in earnáil na teileachumarsáide agus in earnáil an bhonneagair fuinnimh, lena n-áirítear idirnaisc iompair agus fuinnimh, agus an bonneagar digiteach, ach gan é a bheith teoranta dóibh sin; fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní a mhéadú; an earnáil fuinnimh a fhorbairt agus a nuachóiriú i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais Fuinnimh, lena n-áirítear slándáil an tsoláthair fuinnimh, agus rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe na n-earnálacha sin agus sineirgí féideartha eatarthu a shaothrú. Ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin sna hinfheistíochtaí sin tionscadail leasa choitinn i réimse na forbartha uirbí agus tuaithe agus sa réimse sóisialta agus i réimse an chomhshaoil agus i réimse na n-acmhainní nádúrtha; tionscadail lena neartaítear bonn eolaíoch agus teicneolaíoch an Aontais agus lena gcothaítear tairbhí don tsochaí chomh maith le saothrú níos fearr ar acmhainneacht eacnamaíoch agus thionsclaíoch na mbeartas maidir le nuálaíocht, le taighde agus le forbairt theicneolaíoch, lena n-áirítear bonneagar taighde, agus treoirshaoráidí agus saoráidí taispeána; agus tionscadail a bhaineann le caipiteal daonna, cultúr agus sláinte. Le dreasachtaí margadh-bhunaithe agus leis an mbreisíocht a sholáthraíonn CEIS, ba cheart go n-áiritheofaí go spriocdhíríonn CEIS ar thionscadail atá inmharthana go heacnamaíoch agus go sóisialta gan aon réamh-leithdháileadh earnálach nó réigiúnach, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar ardriachtanais infheistíochta nó ar chliseadh sna margaí.

Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh CEIS in ann tacú le tionscadail atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de agus dul chun tairbhe na dtionscal agus na dteicneolaíochtaí lena mbaineann acmhainneacht ard fáis agus rannchuidiú leis an aistriú chuig geilleagar glas, inbhuanaithe agus atá tíosach ar acmhainní. Trí na deacrachtaí infheistíochta atá ag an Aontas faoi láthair a shárú agus laghdú a dhéanamh ar éagsúlachtaí réigiúnacha, ba cheart go bhféachfadh CEIS le rannchuidiú le hacmhainneacht iomaíochais, taighde agus nuálaíochta, comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú, agus le tacú le haistriú atá tíosach ar fhuinneamh agus acmhainní, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le haistriú bonneagair, ionsar geilleagar ciorclach atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite, trí phoist chobhsaí agus ar a dtugtar luach saothair cothrom a chruthú. Ba cheart do CEIS spriocdhíriú ar thionscadail, is cuma cé chomh mór atá siad, lena ndéantar cruthú post ardcháilíochta, fás inbhuanaithe gearrthéarmach, meántéarmach agus fadtéarmach agus hiomaíochas a chur chun cinn, go háirithe sa chás ina mbíonn an luach incriminteach is airde ag na tionscadail sin, agus ar an gcaoi sin go rannchuidíonn siad le cuspóirí beartais an Aontais a ghnóthú i gcomhréir le hAirteagal 9 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le hAirteagal 3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Chun críche na gcuspóirí ginearálta a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, ba cheart do CEIS rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 170, Airteagal 173 agus Airteagal 179 CFAE agus in Airteagal 194(1) CFAE a ghnóthú.

(14)

Ba cheart do CEIS tacú le tionscadail i réimse an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta. Na hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi CEIS, ba cheart go rannchuideoidís le cláir agus beartais láithreacha an Aontais a ghnóthú agus le spriocanna agus cuspóirí straitéis Eoraip 2020 le haghaidh fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a ghnóthú. Ba cheart go dtacóidís leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 17 Meitheamh 2010 a chur chun feidhme.

(15)

Ba cheart do CEIS tacú le tionscadail le haghaidh fhorbairt na hearnála fuinnimh. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide”, leag an Coimisiún béim ar an tábhacht atá le héifeachtúlacht fuinnimh mar fhoinse fuinnimh ina ceart féin agus dúirt sé go soiléir go dtugann CEIS "deis chun mór-infheistíochtaí in athchóiriú foirgneamh a ghiaráil". Tá sé aitheanta go gcruthóidh infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh suas le dhá mhilliún post faoi 2020 agus b'fhéidir dhá mhilliún post eile faoi 2030. D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonann CEIS an cuspóir atá aige infheistíochtaí príobháideacha a ghiaráil, poist a sholáthar, forbairtí eacnamaíocha buanseasmhacha a chothú, agus míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a laghdú, tá gá le fócas speisialta ar éifeachtúlacht fuinnimh. Ba cheart do CEIS tacú le tionscadail i gcomhréir le spriocanna an Aontais i ndáil le fuinneamh, aeráid agus éifeachtúlacht mar a leagtar síos i straitéis Eoraip 2020 agus i gCreat 2030 le haghaidh beartais aeráide agus fuinnimh agus a bhfuil sé mar aidhm leo cuspóirí straitéis Eoraip 2020 le haghaidh fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chomhlíonadh.

(16)

Ba cheart do CEIS tacú le tionscadail le haghaidh forbairt a dhéanamh ar bhonneagair iompair, agus ar threalamh iompair agus ar theicneolaíochtaí nuálacha don iompar. Maidir le tacaíocht CEIS don bhonneagar iompair, ba cheart go rannchuideodh sé le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 trí bhonneagar úrnua a chruthú nó trí fhoráil a dhéanamh do bhonneagar atá in easnamh agus freisin trí na saoráidí atá ann cheana a nuachóiriú agus a athchóiriú agus ag an am céanna cead a thabhairt maoiniú a dhéanamh ar oibríochtaí taighde agus nuálaíochta san earnáil sin. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thionscadail sineirge lena neartaítear na naisc idir an earnáil iompair, an earnáil teileachumarsáide agus an earnáil fuinnimh agus freisin ar thionscadail iompair uirbigh atá cliste agus inbhuanaithe.

(17)

Ba cheart do CEIS tacaíocht airgeadais a sholáthar d'eintitis a bhfuil suas le 3 000 fostaí acu, agus béim ar leith á leagan ar FBManna agus cuideachtaí lárchapitlithe beaga. Ba cheart go rachadh an rochtain mhéadaithe ar mhaoiniú chun tairbhe go sonrach do FBManna, lena n-áirítear chun cuideachtaí nuathionscanta agus seach-chuideachtaí acadúla, fiontair an gheillegair shóisialta agus eagraíochtaí neambhrabúis a chruthú.

(18)

Ba cheart do CEIS tacú le tionscadail le haghaidh forbairt agus imlonnú teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC), lena n-áirítear tionscadail leasa choitinn a bhfuil sé mar aidhm leo an margadh inmheánach a chomhlánú i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus dhigitigh.

(19)

Ba cheart do CEIS tacú le tionscadail sa réimse comhshaoil agus i réimse na héifeachtúlachta acmhainní, lena n-áirítear i réimsí na n-acmhainní nádúrtha.

(20)

Ba cheart do CEIS tacú le tionscadail i réimsí an chapitil dhaonna, an chultúir agus na sláinte, lena n-áirítear tionscadail i réimsí an oideachais, na hoiliúna, fhorbairt scileanna TFC agus an oideachais dhigitigh, chomh maith le tionscadail san earnáil chultúir agus chruthaitheach, sa turasóireacht agus sna réimsí sóisialta. Maidir le hinfheistíocht sna réimsí sin, ba cheart go mbeadh cur chuige iomlánaíoch ag gabháil léi ina léirítear, i ngach cás, urraim iomchuí do luach intreach an oideachais agus an chultúir.

(21)

Tá cúnamh de dhíth ar roinnt mhaith FBManna agus cuideachtaí lárchaipitlithe ar fud an Aontais chun maoiniú margaidh a mhealladh, go háirithe i dtaca le hinfheistíochtaí a bhfuil riosca níos airde ag baint leo. Ba cheart go gcabhródh CEIS leis na heintitis sin teacht slán ó ghanntanais chaipitil, ó chliseadh sna margaí agus ó ilroinnt airgeadais a bhfuil machaire neamh-chomhréidh ar fud an Aontais mar thoradh orthu trína gceadaítear do BEI agus don Chiste Eorpach Infheistíochta (CEI) agus do bhanic nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, d'ardáin infheistíochta nó cistí infheistíochta instealladh cothromais a sholáthar go díreach agus go hindíreach, chomh maith le ráthaíochtaí a sholáthar le haghaidh urrúsú ardcháilíochta iasachtaí, agus táirgí eile a dheonaítear agus aidhmeanna CEIS á saothrú.

(22)

Tá CEIS le bunú laistigh de BEI. Tá obair CEIS maidir le maoiniú a sholáthar do FBManna, do chuideachtaí lárchaipitlithe beaga agus d'eintitis eile le cur chun feidhme go príomha trí CEI.

(23)

Ba cheart do CEIS tacaíocht a thabhairt do réimse leathan táirgí airgeadais, lena n-áiritear cothromas, fiachas agus ráthaíochtaí, chun riachtanais an tionscadail ar leith a shásamh ar an mbealach is fearr. Le réimse leathan den sórt sin táirgí, ba cheart go mbeadh CEIS in ann oiriúnú do riachtanais an mhargaidh agus infheistíocht phríobháideach i dtionscadail á spreagadh aige ag an am céanna. Níor cheart go ngabhfadh CEIS ionad maoiniú príobháideach don mhargadh ná táirgí arna soláthar ag bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh ach, ina ionad sin, ba cheart dó gníomhú mar chatalaíoch do mhaoiniú príobháideach trí aghaidh a thabhairt ar chliseadh sna margaí lena áirithiú go mbaintear an úsáid is éifeachtaí agus is straitéisí as airgead poiblí agus ba cheart go mbeadh sé mar mhodh chun comhtháthú a fheabhsú tuilleadh ar fud an Aontais.

(24)

Agus é mar aidhm leis cosaint níos fearr a thabhairt do na tionscnaimh comhchistithe ón Aontas agus sochar tráchtála agus eacnamaíoch a bhaint astu, ba cheart sraith rialacha, arna mbunú in Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht 2014-2020, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013, maidir le saothrú agus scaipeadh torthaí tionscadal, lena n-áirítear a gcosaint trí mhaoin intleachtúil, i gcás inarb indéanta, a bheith á n-urramú ag rannpháirtithe thionscadail CEIS.

(25)

An tionchar a bheadh ag CEIS ar chruthú fostaíochta agus, i gcás inarb indéanta sin, cáilíocht CEIS, ba cheart go ndéanfaí faireachán go córasach orthu trí bhíthin measúnú bliantúil, ar bhonn comhiomlánaithe, de thorthaí agus de thionchar oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a fhaigheann tacaíocht faoin Rialachán seo.

(26)

Ba cheart do CEIS breisíocht a áirithiú trí chuidiú le haghaidh a thabhairt ar chliseadh sa mhargadh nó ar staideanna infheistíochta fo-optamacha agus trí thacú le hoibríochtaí nach bhféadfaí a dhéanamh trí BEI, CEI nó faoi ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais atá ann cheana sa tréimhse ar lena linn is féidir an ráthaíocht arna bunú de bhun an Rialacháin seo (ráthaíocht AE) a úsáid, nó nach bhféadfaí an méid céanna a dhéanamh sa tréimhse sin, gan tacaíocht a fháil ó CEIS. Chun na críche sin, ba cheart do CEIS, mar ghnáthchur chuige, spriocdhíriú ar thionscadail ag a bhfuil próifíl riosca níos airde ná mar atá ag tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó ghnáthoibríochtaí BEI.

(27)

Ba cheart do CEIS spriocdhíriú ar infheistíochtaí a bhfuil súil leo a bheith inmharthana go heacnamaíoch agus go teicniúil, faoi mar a dhearbhaítear le hanailís costais agus tairbhe a dhéantar de réir caighdeáin Aontais. Ag an am céanna, ba cheart go ndéanfadh na hinfheistíochtaí na ceanglais shonracha le haghaidh mhaoiniú CEIS a chomhlíonadh.

(28)

Ba cheart do CEIS spriocdhíriú ar infheistíochtaí ag a bhfuil leibhéal riosca iomchuí is gnách a bheith níos airde ná é sin a bhíonn i ngnáthoibríochtaí BEI, ach fós é a bheith i gcomhréir le beartais an Aontais, lena n-áirítear cuspóir an fháis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh, cruthú post ardcháilíochta, comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, agus freisin a bheith ag comhlíonadh na gceanglas ar leith le haghaidh mhaoiniú CEIS.

(29)

Ba cheart go dtabharfaí struchtúr rialachais iomchuí do CEIS agus go mbeadh feidhm an struchtúir sin i gcomhréir lena sprioc aonair, eadhon a áirithiú go mbaintear úsáid iomchuí as ráthaíocht AE. Ba cheart go mbeadh an struchtúr rialachais sin comhdhéanta de bhord stiúrtha, stiúrthóir bainistíochta agus coiste infheistíochta. Níor cheart go ndéanfadh sé cúngracht ná go gcuirfeadh sé isteach ar chinnteoireacht BEI, ná go ngabhfadh sé ionad chomhlachtaí rialaithe BEI. Ba cheart don Bhord Stiúrtha, go háirithe, treo straitéiseach CEIS a leagan síos mar aon leis na rialacha atá riachtnach maidir lena fheidhmiú. Ba cheart go mbeadh an Stiúrthóir Bainistíochta freagrach as bainistiú laethúil CEIS agus go ndéanfadh sé an obair ullmhúcháin de chruinnithe an Choiste Infheistíochta.

(30)

Ba cheart go ndéanfadh an Coiste Infheistíochta, ar shlí thrédhearcach agus neamhspleách, cinntí maidir leis an mbealach a n-úsáidtear ráthaíocht AE le haghaidh tionscadail fhéideartha agus le haghaidh na n-oibríochtaí le bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh nó le hardáin infheistíochta. Ba cheart go mbeadh an Coiste Infheistíochta comhdhéanta d'ochtar saineolaithe neamhspleácha, atá ag ionadú raon leathan saineolais faoi mar a bhfuil cuntas air sa Rialachán seo, agus an Stiúrthóir Bainistíochta. Ba cheart go mbeadh an Coiste Infheistíochta cuntasach don Bhord Stiúrtha, ar cheart dó comhlíonadh chuspóirí CEIS a mhaoirsiú agus faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar a mhéid atá a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh ag comhaltaí an Choiste Infheistíochta.

(31)

Ionas go mbeidh ar chumas CEIS tacaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí, ba cheart don Aontas ráthaíocht AE a sholáthar nár cheart di, tráth ar bith, dul thar EUR 16 000 000 000. Nuair a thugtar cumhdach na ráthaíochta ar bhonn punainne, ba cheart go mbeadh caidhp ag gabháil leis an gcumhdach sin, ag brath ar an gcineál ionstraime, amhail fiachas, cothromas nó ráthaíochtaí, a bheadh mar chéatadán de mhéid phunann na ngealltanas gan íoc. Táthar ag súil leis, nuair a dhéantar ráthaíocht AE a chomhcheangal le EUR 5 000 000 000 atá le soláthar ag BEI, gur cheart go nginfeadh tacaíocht CEIS EUR 60 800 000 000 d'infheistíocht bhreise ó BEI agus CEI. Táthar ag súil leis go ndéanfaidh an tsuim de EUR 60 800 000 000 a fhaigheann tacaíocht ó CEIS méid iomlán de EUR 315 000 000 000 in infheistíocht san Aontas a ghiniúint anuas air sin laistigh de thrí bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Is inmhianaithe rannpháirtíocht na mBallstát i gcur chun feidhme an Phlean Infheistíochta ar mhaithe lena thionchar a mhéadú. Maidir le ráthaíochtaí a ghabhann leis na tionscadail a chuirtear i gcrích gan ráthaíocht a ghairm, ba cheart go mbeidís ar fáil chun tacú le hoibríochtaí nua.

(32)

Laistigh de thrí bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún tuarascáil ina mbeidh meastóireacht neamhspleách ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ba cheart go sonrófaí sa tuarascáil sin an bhfuil a chuid cuspóirí á ngnóthú ag CEIS agus an bhfuil údar maith le scéim ar leith chun tacú le hinfheistiú san Aontas. Ba cheart, go háirithe, go mbeadh measúnú sa tuarascáil ar ghnóthú na gcuspóirí ginearálta a leagtar síos sa Rialachán seo, ar chaipiteal príobháideach a chur ar fáil, chomh maith le measúnú ar an mbreisíocht a sholáthraíonn CEIS, ar phróifíl riosca na n-oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CEIS agus ar an tionchar maicreacnamaíoch atá ag CEIS, lena n-áirítear a thionchar ar fhás agus fostaíocht. Más é conclúid na tuarascála go bhfuil údar maith le scéim chun tacú le hinfheistíocht a choinneáil ar bun, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun an Rialachán seo a leasú, go háirithe d'fhonn tréimhse infheistíochta nua a shocrú, lena n-áirithítear leanúint le hinfheistíocht agus maoiniú iomchuí. Más é conclúid na tuarascála nach bhfuil a chuspóirí á ngnóthú ag CEIS agus nach bhfuil údar maith le scéim chun tacú le hinfheistíocht a choinneáil ar bun, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra a thíolacadh chun foirceannadh rianúil CEIS a áirithiú, agus ag an am céanna ráthaíocht AE a chaomhnú do na hoibríochtaí atá formheasta cheana faoin Rialachán seo.

(33)

Déanfaidh BEI oibríochtaí CEIS a mhaoiniú trína chuid eisiúintí margaidh. Tá a chinneadh go ndéanfar bannaí BEI a áireamh sa liosta bannaí is incháilithe lena gceannach faoina Chlár Ceannaigh Earnála Poiblí (CCEP) curtha in iúl ag an mBanc Ceannais Eorpach.

(34)

Chun go mbainfear amach an sprioc tosaigh de EUR 315 000 000 000 laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir, ba cheart go mbeadh ról lárnach ag bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, agus ag ardáin agus cistí infheistíochta, le tacaíocht ó ráthaíocht AE, maidir le tionscadail inmharthana a shainaithint, le tionscadail a fhorbairt agus, i gcás inarb iomchuí, le tionscadail a chuachadh agus le hinfheisteoirí a d’fhéadfadh a bheith ann a mhealladh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go mbeadh sé indéanta ardáin iltíortha a bhunú chun tionscadail trasteorann nó grúpa de thionscadail ar fud na mBallstát a chur chun cinn.

(35)

Is féidir le hardáin infheistíochta, i gcás inarb iomchuí, comhinfheisteoirí, údaráis phoiblí, saineolaithe, institiúidí oideachais, oiliúna agus taighde, na comhpháirtithe sóisialta ábhartha agus ionadaithe na sochaí sibhialta mar aon le gníomhairí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach a thabhairt le chéile.

(36)

Chun go bhféadfadh acmhainní CEIS méadú tuilleadh, ba cheart go bhféadfadh tríú páirtithe, lena n-áirítear Ballstáit, a bheith rannpháirteach ann. Ba cheart freisin go mbeadh tríú páirtithe eile, amhail rialtais réigiúnacha, bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, bainc réigiúnacha nó gníomhaireachtaí poiblí faoi úinéireacht nó rialú Ballstát, eintitis earnála príobháidí, agus eintitis lasmuigh den Aontas, in ann rannchuidiú go díreach le CEIS, faoi réir chomhaontú an Bhoird Stiúrtha. Mar gheall ar rannpháirtíocht tríú páirtí in CEIS, níor cheart go dtabharfaí comhaltas den Bhord Stiúrtha ná aon cheart eile maidir le struchtúr rialachais CEIS don trí páirtí sin.

(37)

Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo cosc ar eintitis a bainistíonn tionscadail laistigh den Aontas comhar le comhpháirtithe tríú tír a bhunú nó a fheabhsú.

(38)

Ba cheart go mbeadh sé d'fhéidearthacht ag CEIS tacú le stuchtúir ciste phríobháidigh, amhail Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna). ELTIFanna a chomhlíonann ceanglais Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), díríonn siad ar aicmí sócmhainní fadtéarmacha, rud a thugann an deis dóibh ról a bheith acu maidir le meán comhlántach a sholáthar chun infheistíochtaí poiblí nó príobháideacha/poiblí a sholáthar don gheilleagar níos leithne. De bhua a mbeartas infheistíochta, is féidir le hELTIFanna a ról sainithe a chomhlíonadh, eadhon a bheith mar uirlis tosaíochta chun an Plean Infheistíochta a bhaint amach. Ba cheart don Choimisiún a chuid próiseas le haghaidh na n-iarratas uile ó ELTIFanna ar mhaoiniú ó BEI a chur in ord tosaíochta agus a shruthlíniú.

(39)

Ba cheart go mbeadh tríú páirtithe in ann tionscadail a chómhaoiniú in éineacht le CEIS, bíodh sin ar bhonn tionscadal ar thionscadal nó trí ardáin infheistíochta.

(40)

Chun infheistíochtaí a shlógadh ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon, ba cheart go mbeadh BEI in ann ráthaíocht faoi chontra-ráthaíocht ráthaíocht AE a dheonú do bhainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, d'ardáin infheistíochta nó cistí infheistíochta, i gcás inarb infheidhme ag féachaint le faoiseamh caipitil a ghnóthú. Ba cheart oibríochtaí den sórt sin a mheas mar oibríochtaí CEIS.

(41)

I bhfianaise an chuspóra ghinearálta de thimpeallacht rialála a áirithiú a bheadh cuiditheach le hinfheistíochtaí, agus i bhfianaise go bhfuil teist láidir mainneachtana agus gnóthaithe ag sócmhainní bonneagair agus gur féidir féachaint ar mhaoiniú tionscadail bonneagair mar bhealach chun punanna sócmhainní infheisteoirí institiúideacha a éagsúlú, ba cheart athscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéileáiltear le hinfheistíochtaí bonneagair, faoi mar a fhoráiltear dóibh faoi láthair i reachtaíocht stuamachta ábhartha an Aontais.

(42)

Ba cheart do CEIS cláir reatha réigiúnacha, náisiúnta agus Aontais, chomh maith le hoibríochtaí agus gníomhaíochtaí BEI atá ann cheana, a chomhlánú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart lánúsáid acmhainní uile an Aontais, idir acmhainní atá ann cheana agus acmhainní atá leithdháilte, a spreagadh faoi na rialacha atá ann cheana. Ar choinníoll go bhfuil na critéir incháilitheachta uile comhlíonta, ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann aon chineál maoinithe ón Aontas a úsáid chun rannchuidiú le maoiniú tionscadal incháilithe a fhaigheann tacaíocht ó ráthaíocht AE, agus ba cheart go mbeidís in ann tacú le bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, le hardáin infheistíochta nó le cistí infheistíochta. Ba cheart do sholúbthacht an chur chuige sin cur go mór leis an deis infheisteoirí a mhealladh chuig na réimsí infheistíochta atá spriocdhírithe ag CEIS.

(43)

Ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann úsáid a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa chun rannchuidiú le maoiniú na dtionscadal incháilithe a fhaigheann tacaíocht ó ráthaíocht AE, i gcomhréir leis na cuspóirí, prionsabail agus rialacha faoin gcreat dlíthiúil is infheidhme i leith na gcistí sin, agus go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus le Comhaontuithe Comhpháirtíochta. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann treoraíocht a thabhairt chun a áirithiú go lamhálann úsáid ionstraimí Aontais in éineacht le maoiniú BEI faoin ráthaíocht AE leibhéal iomchuí de chomhlántacht agus de shineirge.

(44)

I bhfianaise an ghá atá le gníomhaíocht phráinneach laistigh den Aontas, féadfaidh sé go mbeidh tionscadail bhreise maoinithe ag BEI agus CEI lasmuigh dá ngnáthphróifíl i rith 2015 agus go dtí teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, go dtí go dtabharfar Comhaontú CEIS i gcrích agus go dtí go ndéanfar na comhaltaí uile den Choiste Infheistíochta agus an Stiúrthóir Bainistíochta a chéadcheapadh. Chun tairbhe na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán sin a uasmhéadú, ba cheart go mbeadh sé indéanta tionscadail bhreise den sórt sin a bheith ar áireamh faoi chumhdach ráthaíocht AE má chomhlíonann siad na critéir shubstainteacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(45)

Ba cheart oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a fhaigheann tacaíocht ó CEIS a bhainistiú i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta BEI féin, lena n-áirítear bearta rialaithe iomchuí agus bearta arna ndéanamh chun imghabháil cánach a sheachaint, chomh maith le rialacha agus nósanna imeachta ábhartha na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus na Cúirte Iniúchóirí, lena n-áirítear an Comhaontú tríthaobhach idir an Coimisiún Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Banc Eorpach Infheistíochta an 27 Deireadh Fómhair 2003.

(46)

Á mheabhrú go bhfuil obair iniúchóireachta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ina bonn tábhachtach don nós imeachta um urscaoileadh dá bhforáiltear in Airteagal 319 CFAE, ba cheart lánurraim do chearta iniúchóireachta na Cúirte Iniúchóirí amhail a leagtar síos in Airteagal 287 CFAE a áirithiú i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(47)

Ba cheart do BEI meastóireacht agus tuairisciú a dhéanamh go tráthrialta ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CEIS d'fhonn a n-ábharthacht, a bhfeidhmíocht agus a dtionchar a mheasúnú, lena n-áirítear a mbreisíocht agus a mbreisluach, chomh maith le gnéithe díobh a d'fhéadfadh feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí amach anseo a shainaithint. Ba cheart meastóireachtaí agus an tuairisciú den sórt sin a phoibliú agus ba cheart go rannchuideoidís le cuntasacht agus le hanailís ar inbhuanaitheacht.

(48)

Agus na treoirlínte infheistíochta agus rialacha ábhartha eile faoin Rialachán seo á gcur chun feidhme, ba cheart don Choiste Infheistíochta lán-aird a thabhairt ar an ngá atá le haon chineál idirdhealaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, a chosc. Ba cheart go ndéanfadh sé, go háirithe, comhionannas agus príomhshruthú inscne a chur san áireamh.

(49)

I dteannta na n-oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a sheolfar trí CEIS, ba cheart mol comhairleach Eorpach maidir le hinfheistíocht (MCEI) a chruthú. Ba cheart do MCEI tacaíocht threisithe a sholáthar d'fhorbairt agus d'ullmhú tionscadal ar fud an Aontais, trí chur leis an saineolas atá ag an gCoimisiún, ag BEI, ag bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh agus ag údaráis bhainistithe Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Ba cheart pointe aonair iontrála maidir le ceisteanna a bhaineann le cúnamh teicniúil le haghaidh infheistíochtaí laistigh den Aontas a bhunú agus ba cheart an cúnamh teicniúil a sholáthraítear do thionscnóirí tionscadal ar an leibhéal áitiúil a fheabhsú. Ba cheart go mbeadh na seirbhísí nua a sholáthraíonn MCEI de bhreis orthu sin atá ar fáil cheana féin faoi chláir eile de chuid an Aontais, agus ar an dóigh sin, ní dhéanfaí difear ar bhealach ar bith do leibhéal ná d'acmhainneacht na tacaíochta a sholáthraítear faoi na cláir sin. Ba cheart go ndéanfaí na seirbhísí breise sin a chistiú go leormhaith. Ba cheart do MCEI saineolas a sholáthar saor in aisce do thionscnóirí poiblí tionscadal chun rochtain chothrom ar mhaoiniú CEIS a áirithiú ar fud an Aontais. I gcás inarb indéanta sin, ba cheart do MCEI oibriú go dlúth le struchtúir chomhchosúla ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal fo-náisiúnta. Maidir leis na táillí a ghearrtar ar FBManna le haghaidh an chúnaimh theicniúil a sholáthraíonn MCEI sa bhreis ar chláir Aontais atá ann cheana, ba cheart caidhp den tríú cuid dá gcostas a chur orthu sin. Chomh maith leis sin, faoin 1 Meán Fómhair 2016, agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, ba cheart do BEI tuarascáil maidir leis na táillí a fuair MCEI agus na seirbhísí a sholáthair MCEI a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún, ionas go bhféadfar measúnú éifeachtach a dhéanamh ar na riachtanais maoinithe, laistigh de theorainneacha an uasmhéid bhliantúil de EUR 20 000 000.

(50)

Ba cheart do MCEI, go háirithe, forbairt a dhéanamh ar dhea-chleachtais atá i gcláir atá cheana ann, amhail ELENA (Cúnamh Áitiúil Fuinnimh na hEorpa), CEEF (an Ciste Eorpach um Éifeachtúlacht Fuinnimh), JEREMIE (Comhacmhainní Eorpacha le haghaidh Micrifhiontar agus Fiontair Mheánmhéide), JASPERS (Comhchúnamh chun Tacú le Tionscadail i Réigiúin na hEorpa), JESSICA (Tacaíocht Chomhpháirteach Eorpach um Infheistiú Inbhuanaithe i Limistéir Chathrach) agus JASMINE (Gníomhaíocht Chomhpháirteach chun Tacú le hInstitiúidí Micrea-airgeadais san Eoraip).

(51)

Chun na rioscaí a bhaineann le ráthaíocht AE do BEI a chumhdach, ba cheart ciste ráthaíochta ('ciste ráthaíochta') a bhunú. Ba cheart an ciste ráthaíochta a chur le chéile trí íocaíocht de réir a chéile ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart don chiste ráthaíochta ioncaim a fháil ina dhiaidh sin ó thionscadail a thairbhíonn de thacaíocht CEIS agus de shuimeanna a dhéantar a ghnóthú ó fhéichiúnaithe mainneachtana i gcás ina bhfuil an ráthaíocht do BEI comhlíonta cheana leis an gciste ráthaíochta. Aon bharrachas sa chiste ráthaíochta a thagann ó choigeartú ar an spriocmhéid nó ó luaíochtaí sa bhreis ar an spriocmhéid tar éis athlódáil iomlán a dhéanamh ar ráthaíocht AE go dtína méid tosaigh de EUR 16 000 000 000, ba cheart é a chur ar ais chuig buiséad ginearálta an Aontais mar ioncam sannta inmheánach, chun aon línte buiséid a d'fhéadfadh a bheith úsáidte mar fhoinse ath-imlonnaithe do chiste ráthaíochta a athshlánú.

(52)

Tá sé beartaithe leis an gciste ráthaíochta cúlchiste leachtachta a sholáthar do bhuiséad ginearálta an Aontais in aghaidh caillteanais a thabhaíonn CEIS agus a chuspóirí á mbaint amach aige. Ón taithí a fuarthas ar chineál na n-infheistíochtaí atá le tacaíocht a fháil ó CEIS, is dealraitheach gur cheart go mbeadh an leibhéal acmhainní sa chiste ráthaíochta comhionann le coimhneas de 50 % d'oibleagáidí iomlána ráthaíocht AE.

(53)

Gach íocaíocht a dhéantar leis an gciste ráthaíochta agus cinntí buiséid a bhaineann ar shlí eile le hoibríocht CEIS, ba cheart iad a bheith go hiomlán i gcomhréir le téarmaí an chreata airgeadais ilbhliantúil agus a bheith údaraithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle tríd an nós imeachta buiséadach bliantúil.

(54)

Chun maoiniú a dhéanamh go páirteach ar an rannchuidiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais, ba cheart laghdú a dhéanamh ar na himchlúdaigh atá ar fáil de chuid Fhís 2020 agus de chuid na Saoráide um Chónascadh na hEorpa, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.

(55)

Laistigh den Aontas, tá líon suntasach tionscadal ann a d'fhéadfadh a bheith inmharthana, ó thaobh na heacnamaíochta agus na teicneolaíochta de, nach bhfaigheann maoiniú i ngeall ar easpa deimhneachta agus trédhearcachta i ndáil le tionscadail den sórt sin. Is minic go dtarlaíonn sé sin mar nach bhfuil infheisteoirí príobháideacha ar an eolas faoi na tionscadail nó nach bhfuil a ndóthain faisnéise acu chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí infheistíochta, lena n-áirítear rioscaí rialála. Ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht ó BEI, cruthú tairsí trédhearcaí do thionscadail atá san Aontas faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chur chun cinn, ar tionscadail iad atá oiriúnach don infheistíocht (tairseach Eorpach de thionscadail infheistíochta - TETI). Le TETI, ba cheart go n-áiritheofaí go gcuirtear faisnéis faoi thionscadail infheistíochta ar fáil go poiblí ar bhonn tráthrialta agus struchtúrtha ionas go n-áirithítear go bhfuil rochtain ag infheisteoirí ar fhaisnéis thrédhearcach agus iontaofa agus aird chuí á tabhairt ar rúin ghnó a chosaint.

(56)

Ba cheart go mbeadh Ballstáit, i gcomhar le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, in ann rannchuidiú le bunú agus bainistiú TETI, lena n-áirítear trí fhaisnéis maidir le tionscadail infheistíochta ina gcríoch féin a sholáthar don Choimisiún. Sula seolfar TETI, ba cheart don Choimisiún, le rannpháirtíocht BEI, comhairliúchán iomchuí a dhéanamh leis na Ballstáit, le saineolaithe agus le geallsealbhóirí, maidir leis na prionsabail agus na treoirlínte le haghaidh tionscadail atá le liostú in TETI, lena n-áirítear sásraí chun cosc a chur ar thionscadail a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den tslándáil náisiúnta a fhoilsiú, agus maidir leis an teimpléad chun faisnéis faoi thionscadail aonair a fhoilsiú.

(57)

Ba cheart go mbeadh ar áireamh in TETI tionscadail ar fud an Aontais ar mhaithe le hinfheictheacht d'infheisteoirí agus chun críocha faisnéise. Ba cheart go mbeifí in ann tionscadail ar féidir iad a mhaoiniú go hiomlán ón earnáil phríobháideach nó le cúnamh ó ionstraimí eile a sholáthraítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta a chur san áireamh. Trí thionscadal a áireamh san TETI, níor cheart go dtabharfadh sé sin le tuiscint, ná go gcuirfeadh sé as an áireamh, gur féidir leis an tionscadal sin tacaíocht airgeadais phoiblí a fháil ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.

(58)

Chun cuntasacht do shaoránaigh Eorpacha a áirithiú, ba cheart do BEI tuairisciú go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le dul chun cinn, tionchar agus oibríochtaí CEIS, go háirithe a mhéid a bhaineann le breisíocht na n-oibríochtaí a sheoltar faoi CEIS i gcomparáid le gnáthoibríochtaí BEI, lena n-áirítear gníomhaíochtaí speisialta. Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, ba cheart go nglacfadh Cathaoirleach an Bhoird Stiúrtha agus an Stiúrthóir Bainistíochta páirt in éisteachtaí agus ba cheart dóibh ceisteanna a fhreagairt laistigh de thréimhse socraithe. Ba cheart don Choimisiún tuairisciú go tráthrialta ar staid an chiste ráthaíochta.

(59)

D'fhonn a éascú go gcuirfí eilimintí neamhriachtanacha de na treoirlínte infheistíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in oiriúint go pras agus go solúbtha do dhálaí an mhargaidh agus don timpeallacht infheistíochta laistigh den Aontas nó laistigh de chodanna den Aontas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le codanna ábhartha de na treoirlínte infheistíochta a leasú gan aon roinn de na treoirlínte sin a scriosadh go hiomlán. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le scórchlár táscairí a bhunú a bheidh le húsáid ag an gCoiste Infheistíochta chun measúnú neamhspleách agus trédhearcach ar úsáid fhéideartha agus iarbhír ráthaíocht AE a áirithiú. I bhfianaise nádúr uathúil CEIS agus an ról lárnach atá ag BEI maidir leis an gcaoi a bhfuil sé curtha ar bun, is iomchuí go mbeadh idirphlé dlúth ag an gCoimisiún le BEI i dtaobh ghlacadh an scórchláir agus i dtaobh aon choigeartú a dhéantar ar na treoirlínte infheistíochta agus ar an scórchlár. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(60)

Éilíonn gnéithe uathúla CEIS iarrachtaí eisceachtúla d'fhonn go dtiocfadh an gníomh tarmligthe lena mbunaítear an scórchlár don chéad uair i bhfeidhm. Ag an am céanna, ba cheart go ndéanfaí éifeachtacht chearta Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agóid a dhéanamh mar a bhforáiltear dóibh sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 290(2) CFAE a áirithiú. Dá bhrí sin agus mar eisceacht, ba cheart gur trí seachtaine a bheadh sa tréimhse agóide don ghníomh tarmligthe lena mbunaítear an scórchlár don chéad uair, ar féidir í a fhadú trí seachtaine ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Ba cheart don Choimisiún an tréimhse agóide seo, chomh maith leis na nósanna imeachta i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle, a chur san áireamh, a mhéid a bhaineann leis an dáta chun an gníomh tarmligthe sin a tharchur.

(61)

Agus prionsabail praghsála BEI á leanúint, ba cheart go mbeadh aird chuí ag na leibhéil praghsála d'oibríochtaí CEIS ar aon chliseadh sna margaí agus ar bhearnaí sa mhargadh agus ar an ngá infheistíocht bhreise a spreagadh. Ba cheart go rannchuideodh ioncaim CEIS a shanntar do ráthaíocht AE leis an tacú buiséadach do ráthaíocht AE.

(62)

Ba cheart don Choimisiún agus do BEI comhaontú a thabhairt i gcrích ina sonraítear na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir leis an tslí a bhainistíonn siad CEIS. Níor cheart go ndéanfadh an comhaontú sin cúngracht ar inniúlachtaí reachtóir an Aontais, an údaráis bhuiséadaigh, ná BEI, mar a leagtar síos sna Conarthaí agus ba cheart, dá bhrí sin, nach mbeadh ann ach na heilimintí sin ar de chineál teicniúil agus riaracháin iad go príomha agus, cé nach bhfuil siad bunriachtanach, go bhfuil gá leo chun CEIS a chur chun feidhme go héifeachtach.

(63)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon tacú le hinfheistíochtaí san Aontas agus rochtain mhéadaithe ar mhaoiniú a áirithiú d'eintitis, a mhéid a bhaineann le sriantachtaí airgeadais ar infheistíocht, a ghnóthú go leordhóthanach i ngeall ar éagothromaíochtaí ina n-acmhainneacht bhuiséadach i leith infheistíocht a mhaoiniú, ach gur féidir, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA TOSAIGH

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo ciste Eorpach le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha (CEIS), ráthaíocht AE agus ciste ráthaíochta AE. Ina theannta sin, bunaítear leis an Rialachán seo mol comhairleach Eorpach maidir le hinfheistíocht (MCEI) agus tairseach Eorpach de thionscadail infheistíochta (TETI).

2.   Chun críocha mhír 1, déantar foráil sa Rialachán seo don Choimisiún comhaontú a thabhairt i gcrích leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) maidir le CEIS agus comhaontú a thabhairt i gcrích le BEI maidir le cur chun feidhme MCEI.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘Comhaontú CEIS’ an ionstraim dlí trína sonraíonn an Coimisiún agus BEI na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo chun CEIS a bhainistiú;

(2)

ciallaíonn ‘Comhaontú MCEI’ an ionstraim dlí trína sonraíonn an Coimisiún agus BEI na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le cur chun feidhme MCEI;

(3)

ciallaíonn ‘bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh’ eintitis dhlíthiúla a dhéanann gníomhaíochtaí airgeadais ar bhonn gairmiúil a dtugann Ballstát nó eintiteas Ballstáit sainordú ina leith, ar leibhéal lárnach, réigiúnach nó áitiúil, chun dul i mbun gníomhaíochtaí forbartha nó spreagtha;

(4)

ciallaíonn 'ardáin infheistíochta' meáin shainchuspóra, cuntais bhainistithe, cómhaoiniú conradh-bhunaithe nó socruithe roinnte riosca nó socruithe a bhunaítear ar aon slí eile trína dtarchuireann eintitis ranníocaíocht airgeadais d'fhonn roinnt tionscadal infheistíochta a mhaoiniú, agus a bhféadfadh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh iontu:

(a)

ardáin náisiúnta nó fhonáisiúnta, a dhéanann roinnt tionscadal infheistíochta ar chríoch Ballstáit ar leith a ghrúpáil le chéile;

(b)

ardáin ilnáisiúnta nó réigiúnacha a dhéanann comhpháirtithe ó roinnt Ballstát nó ó thríú tíortha a bhfuil suim acu i dtionscadail i limistéar geografach ar leith a ghrúpáil le chéile;

(c)

ardáin théamacha a dhéanann tionscadail infheistíochta in earnáil ar leith a ghrúpáil le chéile;

(5)

ciallaíonn ‘fiontair bheaga agus mheánmhéide’ nó ‘FBManna’ micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (12);

(6)

ciallaíonn ‘cuideachtaí lárchaipitlithe beaga’ eintitis ina bhfuil suas le 499 fostaí nach FBManna iad;

(7)

ciallaíonn ‘cuideachtaí lárchaipitlithe’ eintitis ina bhfuil suas le 3 000 fostaí agus nach fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad ná cuideachtaí lárchaipitlithe beaga;

(8)

ciallaíonn ‘breisíocht’ breisíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 5(1) í.

CAIBIDIL II

CISTE EORPACH LE HAGHAIDH INFHEISTÍOCHTAÍ STRAITÉISEACHA

Airteagal 3

Cuspóir

Is é an cuspóir a bheidh ag CEIS tacaíocht a thabhairt, san Aontas, don mhéid seo a leanas, trí chumas seasaimh riosca a thabhairt do BEI:

(a)

infheistíochtaí;

(b)

rochtain mhéadaithe ar mhaoiniú d'eintitis a bhfuil suas le 3 000 fostaí acu, agus béim ar leith á leagan ar FBManna agus ar chuideachtaí lárchaipitlithe beaga.

Airteagal 4

Téarmaí Chomhaontú CEIS

1.   Tabharfaidh an Coimisiún comhaontú i gcrích le BEI maidir le bainistiú CEIS agus maidir le ráthaíocht AE a dheonú, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Beidh i gComhaontú CEIS, go háirithe, forálacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

CEIS a bhunú, lena n-áirítear:

(i)

CEIS a bhunú mar shaoráid leithleach, atá inaitheanta go soiléir agus trédhearcach agus mar chuntas ar leithligh arna mbainistiú ag BEI, a bhfuil a chuid oibríochtaí idirdhealaithe go soiléir ó oibríochtaí eile BEI;

(ii)

méid, nach lú ná EUR 5 000 000 000 i ráthaíochtaí nó in airgead tirim, agus téarmaí na ranníocaíochta airgeadais a bheidh le cur ar fáil ag BEI trí CEIS;

(iii)

téarmaí an chistithe nó na ráthaíochtaí atá le soláthar ag BEI, trí CEIS, do CEI;

(iv)

praghsáil oibríochtaí faoi ráthaíocht AE atá le bheith i gcomhréir le beartas ginearálta praghsála BEI;

(b)

socruithe rialachais a bhaineann le CEIS, i gcomhréir le hAirteagal 7, gan dochar do Phrótacal Uimh. 5 ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta atá i gceangal le CAE agus le CFAE (Reacht BEI), lena n-áirítear:

(i)

comhdhéanamh an Bhoird Stiúrtha agus líon na gcomhaltaí atá le bheith air;

(ii)

foráil go bhfuil ionadaí de chuid an Choimisiúin le cathaoirleach a dhéanamh ar chruinnithe an Bhoird Stiúrtha;

(iii)

foráil gur trí chomhthoil a ghlacfaidh an Bord Stiúrtha cinntí.

(iv)

an nós imeachta chun an Stiúrthóir Bainistíochta agus an Leas-Stiúrthóir Bainistíochta a cheapadh, a luach saothair agus a gcoinníollacha oibre, i gcomhréir le Rialacha Foirne BEI, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le duine nó daoine eile a chur ag feidhmiú a bhfeidhmeanna ina n-ionad agus na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le cuntasacht, gan dochar don Rialachán seo;

(v)

an nós imeachta chun comhaltaí an Choiste Infheistíochta a cheapadh agus a bhriseadh as a bpoist, a luach saothair agus a gcoinníollacha oibre agus na socruithe maidir le vótáil laistigh den Choiste Infheistíochta, lena sonraítear an córam agus lena leithroinntear vóta amháin ar gach comhalta;

(vi)

an ceanglas go ndéanfaidh an Bord Stiúrtha agus an Coiste Infheistíochta a rialacha nós imeachta faoi seach a ghlacadh;

(vii)

an ceanglas go ndéanfaidh comhlachtaí rialála BEI formheas deiridh, i gcomhréir le Reacht BEI, ar oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(viii)

forálacha maidir le coinbhleachtaí leasa féideartha a sheachaint, agus déileáil leo;

(c)

ráthaíocht AE, atá le bheith ina ráthaíocht neamhchoinníollach, neamh-inchúlghairthe, chéadéilimh i bhfabhar BEI, lena n-áirítear:

(i)

i gcomhréir le hAirteagal 11, rialacha mionsonraithe maidir le ráthaíocht AE a sholáthar, lena n-áirítear a cuid socruithe maidir le cumhdach agus a cumhdach sainithe ar phunanna de chineálacha sonracha ionstraimí;

(ii)

ceanglais go ndéanfar an luach saothair maidir le riosca a leithdháileadh i measc ranníocóirí do CEIS i gcomhréir lena sciar faoi seach ó thaobh riosca a sheasamh agus go ndéanfar luach saothair leis an Aontas agus íocaíochtaí maidir le ráthaíocht AE ar bhealach tráthúil ach ní dhéanfar iad go dtí go mbeidh íocaíochtaí agus caillteanais ó oibríochtaí glanluacháilte;

(iii)

i gcomhréir le hAirteagal 9, ceanglais maidir le ráthaíocht AE a úsáid, lena n-áirítear na coinníollacha íocaíochta, amhail tréimhsí ama sonracha, an t-ús atá le híoc ar na méideanna dlite agus na socruithe leachtachta is gá;

(iv)

i gcomhréir le hAirteagal 11(5), forálacha agus nósanna imeachta a bhaineann le héilimh a ghnóthú atá le cur de chúram ar BEI;

(d)

i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go háirithe Airteagal 7(12) agus Airteagal 9(5) de, Iarscríbhinn II a ghabhann leis, agus aon ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an Rialacháin seo, na socruithe a bhaineann le formheas ag an gCoiste Infheistíochta maidir le ráthaíocht AE a úsáid le haghaidh tionscadail aonair nó le haghaidh tacaíocht a thabhairt d'ardáin infheistíochta nó do chistí infheistíochta, nó do bhhainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh;

(e)

na nósanna imeachta chun moltaí infheistíochta a chur isteach agus iad a fhormheas chun ráthaíocht AE a úsáid, lena n-áirítear:

(i)

an nós imeachta chun tograí infheistíochta a tharchur chuig an gCoiste Infheistíochta;

(ii)

forálacha maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar agus tograí infheistíochta á gcur isteach chuig an gCoiste Infheistíochta;

(iii)

an ceanglas go bhfuil an nós imeachta chun tograí infheistíochta a chur isteach agus a fhormheas chun ráthaíocht AE a úsáid gan dochar do rialacha cinnteoireachta BEI a leagtar síos i Reacht BEI, agus go háirithe Airteagal 19 de;

(iv)

rialacha ina sonraítear tuilleadh na forálacha idirthréimhseacha a chomhlíonann Airteagal 24 den Rialachán seo, agus go háirithe an chaoi a bhfuil oibríochtaí a bheidh formheasta ag BEI le linn na tréimhse dá dtagraítear san Airteagal sin le háireamh faoi chumhdach ráthaíocht AE;

(f)

tuairisciú, faireachán, agus cuntasacht maidir le CEIS, lena n-áirítear;

(i)

i gcomhréir le hAirteagal 16, na hoibleagáidí a thiteann ar BEI i dtaca le tuairisciú a dhéanamh ar oibríochtaí, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le CEI;

(ii)

na hoibleagáidí a bhaineann le tuairisciú airgeadais maidir le CEIS;

(iii)

i gcomhréir le hAirteagal 20 agus Airteagal 21, rialacha maidir le hiniúchóireacht agus le calaois a chosc;

(iv)

príomhtháscairí feidhmíochta, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáid ráthaíocht AE, comhlíonadh na gcuspóirí agus na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 6 agus in Airteagal 9 agus in Iarscríbhinn II, tiomsú ar chaipiteal príobháideach agus tionchar maicreacnamaíoch CEIS, lena n-áirítear an tionchar atá aige ar thacaíocht don infheistíocht;

(g)

meastóireachtaí ar fheidhmiú CEIS i gcomhréir le hAirteagal 18;

(h)

straitéis chumarsáide agus chur chun cinn CEIS;

(i)

na nósanna imeachta agus coinníollacha chun leasú a dhéanamh ar Chomhaontú CEIS, ar thionscnamh an Choimisiúin nó BEI, lena n-áirítear an oibleagáid tuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le leasú den sórt sin;

(j)

aon choinníollacha eile riaracháin nó eagrúcháin ar gá iad chun bainistiú a dhéanamh ar CEIS sa mhéid is go ngabhann úsáid chuí ráthaíocht AE leo.

(k)

na socruithe a bhaineann leis na ranníocaíochtaí ó Bhallstáit le CEIS i bhfoirm ráthaíochtaí nó airgead tirim, agus ó thríú páirtithe eile i bhfoirm airgead tirim amháin, ar socruithe iad nach bhfuil i gceist leo ceart ar bith chun a bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht agus i vótáil an Bhoird Stiúrtha a thabhairt do na Ballstáit sin nó do thríú páirtithe eile;

3.   Forálfar don mhéid seo a leanas freisin le Comhaontú CEIS:

(a)

go mbeidh gníomhaíochtaí CEIS a dhéanann CEI faoi rialú chomhlachtaí rialála CEI;

(b)

go mbeidh gníomhaíochtaí CEIS a dhéanann CEI faoi réir ceanglas tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 16;

(c)

go gcuirfear luach saothair is inchurtha i leith an Aontais ó oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar fáil tar éis asbhaint na n-íocaíochtaí a dhéanfar de bharr gairmeacha ar ráthaíocht AE agus, ina dhiaidh sin, costas i gcomhréir le hAirteagal 9(6) agus le Comhaontú MCEI.

Airteagal 5

Breisíocht

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn 'breisíocht' an tacaíocht ó CEIS le hoibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar chliseadh sa mhargadh nó ar staideanna infheistíochta fo-optamacha, arb oibríochtaí iad nárbh fhéidir a chur i gcrích sa tréimhse ar lena linn is féidir ráthaíocht AE a úsáid, nó gan a úsáid a mhéid céanna, ag BEI, ag CEI nó faoi ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais atá ann cheana gan tacaíocht CEIS. Is iondúil go mbeidh próifíl riosca níos airde ag na tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó CEIS ná ag na tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó ghnáthoibríochtaí BEI agus beidh próifíl riosca níos airde ar an mórchuid ag punann CEIS ná mar a bheidh ag an bpunann infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó BEI faoina chuid gnáthbheartas infheistíochta sula dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Maidir leis na tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó CEIS, agus iarracht á déanamh fostaíocht agus fás inbhuanaithe a chruthú, measfar go soláthraíonn siad breisíocht má bhaineann riosca leo a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí speisialta BEI, mar a shainítear in Airteagal 16 de Reacht BEI agus le treoirlínte beartais um riosca creidmheasa BEI.

Maidir le tionscadail BEI a mbaineann riosca leo is ísle ná an riosca íosta faoi ghníomhaíochtaí speisialta BEI, féadfaidh CEIS tacú leo freisin más gá ráthaíocht AE a úsáid chun breisíocht mar a shainmhínítear sa chéad fhomhír den mhír seo a áirithiú.

2.   I gcomhréir leis na treoirlínte infheistíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn II, déanfaidh an Bord Stiúrtha an meascadh tionscadal a choigeartú maidir le hearnálacha agus tíortha, bunaithe ar fhaireachán leanúnach ar fhorbairtí i ndálaí margaidh sna Ballstáit agus ar an timpeallacht infheistíochta chun go gcuideofar le teacht slán ó chliseadh sa mhargadh agus ó staideanna infheistíochta fo-optamacha lena n-áirítear fadhbanna a thagann as ilroinnt airgeadais. Agus an coigeartú sin á chur i gcrích aige, seachnóidh an Bord Stiúrtha cur chuige a mbeadh níos mó riosca ná mar ba ghá ag baint leis.

I gcás ina n-éileoidh an leibhéal riosca amhlaidh, bainfear úsáid níos forleithne as gníomhaíochtaí speisialta BEI ná mar a bheadh déanta roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh feidhm ag an méid seo go háirithe maidir leis na Ballstáit sin nach mbeidh gníomhaíochtaí speisialta BEI úsáidte iontu nó nach mbeidh úsáid bainte astu ach go heisceachtúil roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo chun go bhféadfar oibríochtaí breise agus tionscadail bhreise a chur chun feidhme, chomh maith le maoiniú breise ag BEI agus ag bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh nó ag ardáin infheistíochta.

Airteagal 6

Na critéir incháilitheachta chun ráthaíocht AE a úsáid

1.   Forálfar le Comhaontú CEIS go dtacóidh CEIS le tionscadail:

(a)

atá inmharthana go heacnamaíoch de réir anailís costais agus tairbhe de réir chaighdeáin an Aontais, agus tacaíocht fhéideartha ó chomhpháirtithe príobháideacha agus poiblí le tionscadal agus cómhaoiniú ag comhpháirtithe príobháideacha agus poiblí le tionscadal á gcur san áireamh;

(b)

atá comhsheasmhach le beartais an Aontais, lena n-áirítear cuspóir an fháis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh, poist ardcháilíochta a chruthú, agus an comhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh;

(c)

go gcuirtear breisíocht ar fáil leo:

(d)

i gcás inar féidir, an tiomsú ar chaipiteal na hearnála príobháidí a uasmhéadú; agus

(e)

atá inmharthana go teicniúil.

2.   Ní bheidh aon srian ar mhéid na dtionscadal a bheidh incháilithe do thacaíocht CEIS do na hoibríochtaí arna seoladh ag BEI nó CEI trí idirghabhálaithe airgeadais.

Airteagal 7

Rialachas CEIS

1.   Agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu faoin Rialachán seo, ní shaothróidh an Bord Stiúrtha, an Coiste Infheistíochta ná an Stiúrthóir Bainistíochta ach na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Forálfar le Comhaontú CEIS go mbeidh CEIS á rialú ag bord stiúrtha, is é sin bord, chun ráthaíocht AE a úsáid, atá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 9(2):

(a)

treoshuíomh straitéiseach CEIS, lena n-áirítear leithdháileadh ráthaíocht AE laistigh den bhonneagar agus de na hionuithe nuálaíochta agus aon chinneadh atá le glacadh faoi Airteagal 11(3) agus faoi Roinn 7(b) d'Iarscríbhinn II;

(b)

na beartais agus na nósanna imeachta oibriúcháin is gá d'fheidhmiú CEIS;

(c)

na rialacha is infheidhme maidir leis na hoibríochtaí le hardáin infheistíochta agus maidir le bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh;

(d)

próifíl riosca CEIS.

3.   Beidh an Bord Stiúrtha comhdhéanta de cheathrar comhaltaí: triúr a cheapfaidh an Coimisiún agus duine amháin a cheapfaidh BEI. Déanfaidh an Bord Stiúrtha Cathaoirleach a thoghadh as measc a chomhaltaí go ceann téarma seasta trí bliana, a bheidh in-athnuaite uair amháin. Is trí chomhthoil a ghlacfaidh an Bord Stiúrtha a chinntí.

Déanfar miontuairiscí cruinnithe de chuid an Bhoird Stiúrtha a fhoilsiú a luaithe a bheidh siad formheasta ag an mBord Stiúrtha.

Déanfaidh an Bord Stiúrtha comhairliúchán a eagrú go rialta leis na geallsealbhóirí ábhartha - go háirithe comh-infheisteoirí, údaráis phoiblí, saineolaithe, institiúidí oideachais, oiliúna agus taighde, na comhpháirtithe sóisialta ábhartha agus ionadaithe na sochaí sibhialta - maidir le treoshuíomh agus cur chun feidhme an bheartais infheistíochta a chuireann BEI i bhfeidhm faoin Rialachán seo.

Déanfaidh an Bord Stiúrtha agus an Stiúrthóir Bainistíochta, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Infheistíochta, formheas comhpháirteach ar na hionstraimí a úsáideann CEI chun na hoibríochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a dhéanamh.

4.   Féadfaidh Ballstáit agus tríú páirtithe eile - faoi réir chomhaontú an Bhoird Stiúrtha i gcás tríú páirtithe eile - ranníocaíocht a dhéanamh le CEIS i bhfoirm ráthaíochtaí nó airgead tirim i dtaca leis na Ballstáit, agus i bhfoirm airgead tirim amháin i dtaca le tríú páirtithe eile. Ní dheonófar comhaltas an Bhoird Stiúrtha do Bhallstáit ná do thríú páirtithe eile, ná ní dheonófar ról dóibh i dtaca le comhaltaí eile foirne CEIS a cheapadh lena n-áirítear comhaltaí den Choiste Infheistíochta, ná ní bheidh aon cheart acu maidir le gnéithe eile de rialachas CEIS mar a leagtar amach sa Rialachán seo.

5.   Forálfar le Comhaontú CEIS go bhfuil stiúrthóir bainistíochta le bheith ag CEIS, ar dhuine é nó í atá le bheith freagrach as bainistiú laethúil CEIS agus cruinnithe an Choiste Infheistíochta dá dtagraítear i mír 6 a ullmhú agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu.

Tabharfaidh leas-stiúrthóir bainistíochta cúnamh don Stiúrthóir Bainistíochta. Tuairisceoidh an Stiúrthóir Bainistíochta gach ráithe maidir le gníomhaíochtaí CEIS chuig an mBord Stiúrtha.

6.   Tar éis próiseas roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann i gcomhréir le nósanna imeachta BEI, roghnóidh an Bord Stiúrtha iarrthóir don phost mar Stiúrthóir Bainistíochta agus don phost mar Leas-Stiúrthóir Bainistíochta.

Déanfar Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go cuí agus go tráthúil ag gach céim den nós imeachta roghnúcháin, faoi réir ceanglais dhiana rúndachta. Tá feidhm aige sin gan beann ar an gcomhaontú a thabhairt i gcrích idir Parlaimint na hEorpa agus BEI dá dtagraítear in Airteagal 17(5).

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, chomh tapa agus is féidir, agus ar a dhéanaí laistigh de cheithre seachtaine ón tráth a chuirtear ainm an iarrthóra roghnaithe in iúl, éisteacht a eagrú leis an iarrthóir do gach post.

Tar éis formheas a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, ceapfaidh Uachtarán BIE an Stiúrthóir Bainistíochta agus an Leas-Stiúrthóir Bainistíochta ar feadh téarma socraithe trí bliana, a bheidh in-athnuaite uair amháin.

7.   Forálfar i gComhaontú CEIS go bhfuil coiste infheistíochta le bheith ag CEIS, atá le bheith freagrach as tionscadail ionchasacha a scrúdú i gcomhréir le beartais infheistíochta CEIS agus as tacaíocht ráthaíocht AE d'oibríochtaí BEI do thionscadail a fhormheas, ar tionscadail iad a chomhlíonann ceanglais Airteagal 6 agus Airteagal 9, beag beann ar shuíomh geografach tionscadal den sórt sin, i gcomhréir le hAirteagal 8. Ina theannta sin, is é an Coiste Infheistíochta a bheidh ina chomhlacht inniúil chun oibríochtaí le hardáin infheistíochta agus bainc nó institiúidí naisiúnta le haghaidh spreagadh a fhormheas.

8.   Beidh an Coiste Infheistíochta comhdhéanta d'ochtar saineolaithe neamhspleácha agus den Stiúrthóir Bainistíochta. Déanfaidh an Bord Stiúrtha, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. saineolaithe an Choiste Infheistíochta a cheapadh ar feadh tréimhse socraithe suas le trí bliana. Beidh a dtréimhse in-athnuaite ach ní bheidh sí níos faide ná sé bliana san iomlán. Beidh ardleibhéal taithí ábhartha margaíochta i struchtúrú tionscadal agus i maoiniú tionscadal ag na saineolaithe neamhspleácha, chomh maith le saineolas micreacnamaíoch agus maicreacnamaíoch.

Agus saineolaithe an Choiste Infheistíochta á gceapadh aige, áiritheoidh an Bord Stiúrtha go mbeidh comhdhéanamh an Choiste Infheistíochta éagsúlaithe, chun a áirithiú go mbeidh a chomhaltaí ar an eolas tríd is tríd faoi na hearnálacha sin dá dtagraítear in Airteagal 9 agus faoi na margaí geografacha san Aontas.

Beidh comhdhéanamh an Choiste Infheistíochta cothrom ó thaobh na hinscne de. Féachfaidh an Bord Stiúrtha le saineolaithe a bhfuil taithí infheistíochta i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas acu a roghnú:

(a)

taighde, forbairt agus nuálaíocht;

(b)

bonneagair iompair agus teicneolaíochtaí nuálacha le haghaidh iompair;

(c)

bonneagair fuinnimh, éifeachtacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite;

(d)

bonneagair teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;

(e)

cosaint agus bainistíocht comhshaoil;

(f)

oideachas agus oiliúint;

(g)

sláinte agus cógais leighis;

(h)

FBManna;

(i)

tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha;

(j)

soghluaisteacht uirbeach;

(k)

bonneagair shóisialta agus an geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta.

9.   Nuair a bheidh páirt á glacadh acu i ngníomhaíochtaí an Choiste Infheistíochta, comhlíonfaidh a chuid comhaltaí a ndualgais go neamhchlaonta chun leasa CEIS. Nuair a chuirfidh siad na treoirlínte infheistíochta, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II iad, chun feidhme agus nuair a dhéanfaidh siad cinntí maidir le húsáid ráthaíocht AE, ní lorgóidh siad treoracha ó BEI, ó institiúidí an Aontais, ó na Ballstáit, ná ó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile ná ní ghlacfaidh siad le treoracha uathu. Gan dochar don tacaíocht anailíseach, lóistíochtúil agus riaracháin a chuireann foireann BEI ar fáil don Choiste Infheistíochta, déanfar socruithe eagraíochtúla leordhóthanacha a chur ar bun agus a choimeád ar bun chun neamhspleáchas oibríochtúil an Choiste Infheistíochta a áirithiú. Aon mheasúnú tionscail a dhéanfaidh foireann BEI, ní bheidh sí ceangailteach ar an gCoiste Infheistíochta chun na gcríoch ráthaíocht AE a dheonú.

10.   Déanfar CVanna agus dearbhuithe leasa gach comhalta den Choiste Infheistíochta a chur ar fáil go poiblí agus a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach. Déanfaidh gach comhalta den Choiste Infheistíochta an fhaisnéis go léir is gá chun seiceáil ar bhonn leanúnach nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann a chur in iúl don Bhord Stiúrtha gan mhoill.

11.   Ar iarraidh ón mBord Stiúrtha, déanfar conradh aon chomhalta den Choiste Infheistíochta a sháraíonn na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 9 agus i mír 10 a fhoirceannadh, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme sa dlí fostaíochta agus i ndlí an tsaothair.

12.   Déanfaidh an Coiste Infheistíochta cinneadh maidir le húsáid ráthaíocht AE i gcomhréir leis an Rialacháin seo, lena n-áirítear na treoirlínte infheistíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Déanfaidh an Coiste Infheistíochta cinntí trí thromlach simplí. Beidh cinntí lena bhformheastar úsáid ráthaíocht AE ar fáil go poiblí agus inrochtana.

Déanfaidh BEI dhá uair sa bhliain liosta de chinntí uile an Choiste Infheistíochta lena ndiúltaítear d'úsáid ráthaíocht AE, faoi réir ceanglais dhochta rúndachta, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

13.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun na heilimintí neamhriachtanacha de Roinn 6 go Roinn 8 de na treoirlínte infheistíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, gan aon cheann de na Ranna sin a scriosadh go hiomlán. Déanfar gníomhartha tarmligthe den sórt sin a ullmhú i ndlúth-idirphlé le BEI.

14.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23(1) go (3) agus (5) chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí scórchlár táscairí a bhunú a bheidh le húsáid ag an gCoiste Infheistíochta chun measúnú neamhspleách agus trédhearcach ar úsáid fhéideartha agus iarbhír ráthaíocht AE a áirithiú. Déanfar gníomhartha tarmligthe den sórt sin a ullmhú i ndlúth-idirphlé le BEI.

CAIBIDIL III

RÁTHAÍOCHT AE AGUS CISTE RÁTHAÍOCHTA AE

Airteagal 8

Ráthaíocht AE

Déanfaidh an tAontas ráthaíocht neamh-inchúlghairthe agus neamhchoinníollach a sholáthar do BEI le haghaidh oibríochtaí maoinithe nó infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus le Comhaontú CEIS (ráthaíocht AE) sa chás gur fíor an méid seo a leanas i dtaobh na n-oibríochtaí sin:

(a)

go gcuirtear i gcrích iad laistigh den Aontas; nó

(b)

go bhfuil baint acu le heintitis atá lonnaithe nó bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó agus a leathnaíonn amach do thríú tír amháin nó níos mó a thagann faoi raon feidhme Bheartas Comharsanachta na hEorpa, lena n-áirítear an Chomhpháirtíocht Straitéiseach, an beartas um méadú, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó Comhlachas Saorthrádála na hEorpa, nó do thír nó críoch thar lear, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le CFAE, bíodh comhpháirtí nó ná bíodh sna tríú tíortha sin nó sna tíortha nó na críocha thar lear.

Déanfar ráthaíocht AE a dheonú mar ráthaíocht ar éileamh i leith ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 10.

Airteagal 9

Ceanglais chun ráthaíocht AE a úsáid

1.   Beidh deonú ráthaíocht AE faoi réir theacht i bhfeidhm Chomhaontú CEIS.

2.   Deonófar ráthaíocht AE ar mhaithe le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta de chuid BEI a fhormheasann an Coiste Infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(7) nó ar mhaithe le cistiú nó mar ráthaíochtaí do CEI d'fhonn oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta de chuid BEI a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11(3). Beidh na hoibríochtaí lena mbaineann i gcomhréir le beartais an Aontais agus déanfaidh siad aon cheann de na cuspóirí ginearálta seo a leanas a thacú:

(a)

taighde, forbairt agus nuálaíocht, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(i)

tionscadail atá i gcomhréir le Fís 2020;

(ii)

bonneagair taighde;

(iii)

tionscadail agus cláir taispeána chomh maith le leas a bhaint as bonneagair, teicneolaíochtaí agus próisis a bhaineann leo sin;

(iv)

tacú leis an saol acadúil lena n-áirítear comhar leis an tionsclaíocht;

(v)

aistriú eolais agus teicneolaíochta;

(b)

an earnáil fuinnimh a fhorbairt i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais Fuinnimh, lena n-áirítear slándáil an tsoláthair fuinnimh, agus creataí aeráide agus fuinnimh 2020, 2030 agus 2050, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(i)

úsáid nó soláthar fuinnimh in-athnuaite a leathnú;

(ii)

éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh (le fócas ar éileamh a laghdú trí bhainistíocht ar éileamh agus trí athchóiriú foirgneamh);

(iii)

an bonneagar fuinnimh a fhorbairt agus a nuachóiriú (go háirithe idirnaisc, eangacha cliste ar an leibhéal dáileacháin, stóráil fuinnimh agus sioncrónú líonraí);

(c)

bonneagair iompair, agus trealaimh agus teicneolaíochtaí nuálacha le haghaidh iompair a fhorbairt, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(i)

tionscadail agus tosaíochtaí cothrománacha atá incháilithe faoi Rialachán (AE) Uimh 1315/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013;

(ii)

tionscadail chliste agus inbhuanaithe soghluaisteachta uirbí (ag díriú ar inrochtaineacht, ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú, ar ídiú fuinnimh agus ar thionóiscí);

(iii)

tionscadail a nascann nód le bonneagair TEN-T;

(d)

tacaíocht airgeadais trí CEI agus BEI le heintitis eile a bhfuil suas le 3 000 fostaí acu, le fócas ar leith ar FBManna agus ar chuideachtaí lárchaipitlithe beaga, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(i)

caipiteal oibre agus infheistíocht a sholáthar;

(ii)

maoiniú riosca a sholáthar ó shíol go céimeanna leathnúcháin do FBManna, do chuideachtaí nuathionscanta, do chuideachtaí lárchaipitlithe beaga agus do chuideachtaí lárchaipitlithe, chun ceannaireacht teicneolaíoch in earnálacha nuálacha agus inbhuanaithe a áirithiú;

(e)

teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a fhorbairt agus leas a bhaint astu, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(i)

inneachar digiteach;

(ii)

seirbhísí digiteacha;

(iii)

bonneagair ardluais teileachumarsáide;

(iv)

líonra leathanbhanda;

(f)

éifeachtúlacht comhshaoil agus acmhainní, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(i)

tionscadail agus bonneagair i réimse na cosanta agus na bainistíochta comhshaoil;

(ii)

seirbhísí éiceachórais a neartú;

(iii)

forbairt inbhuanaithe uirbeach agus tuaithe;

(iv)

gníomhaíochtaí maidir leis an athrú aeráide;

(g)

caipiteal daonna, cultúr agus sláinte, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(i)

oideachas agus oiliúint;

(ii)

tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha;

(iii)

réitigh nuálacha sláinte;

(iv)

cógais leighis nua éifeachtacha;

(v)

bonneagair shóisialta, geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta.

(vi)

turasóireacht.

3.   Mairfidh an tréimhse infheistíochta tosaigh ar lena linn a fhéadfar ráthaíocht AE a dheonú chun tacú le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo go dtí:

(a)

5 Iúil 2019, d'oibríochtaí BEI a mbeidh conradh sínithe ina leith idir BEI agus an tairbhí nó an t-idirghabhálaí airgeadais faoin 30 Meitheamh 2020;

(b)

5 Iúil 2019, d'oibríochtaí CEI a mbeidh conradh sínithe ina leith idir CEI agus an t-idirghabhálaí airgeadais faoin 30 Meitheamh 2020.

4.   Féadfar tréimhse infheistíochta nua a shocrú i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 18.

5.   Úsáidfidh BEI ráthaíocht AE chun tacú le hardáin infheistíochta nó cistí infheistíochta agus bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh nó institiúidí a dhéanann infheistíocht in oibríochtaí i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo (meáin incháilithe), tar éis formheas a fháil ón gCoiste Infheistíochta.

Déanfaidh an Bord Stiúrtha beartais a shonrú, i gcomhréir le hAirteagal 7(2), maidir le meáin incháilithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfaidh an Coiste Infheistíochta meastóireacht ar chomhréireacht meán den sórt sin agus a n-ionstraimí sonracha atá ag lorg tacaíochta ó CEIS leis na beartais atá sonraithe ag an mBord Stiúrtha.

Féadfaidh an Coiste Infheistíochta a chinneadh an ceart a choimeád formheas a dhéanamh ar thionscadail nua atá curtha ar aghaidh laistigh de mheáin incháilithe formheasta.

6.   I gcomhréir le hAirteagal 17 de Reacht EIB, ceanglóidh BEI go ndéanfaidh tairbhithe na n-oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta gach costas a bhaineann le CEIS a íoc. Gan dochar don dara fomhír agus don tríú fomhír den mhír seo, ní bheidh aon chaiteachas riaracháin ná aon táillí eile de chuid BEI le haghaidh a chuid oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo á n-íoc ó bhuiséad ginearálta an Aontais.

Féadfaidh BEI ráthaíocht AE a úsáid laistigh d'uasteorainn charnach a chomhfhreagraíonn do 1 % d'oibleagáidí iomlána ráthaíocht AE atá gan réiteach chun costais a íoc a bheadh íoctha ag tairbhithe na n-oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta ach nár gnóthaíodh iad tráth na mainneachtana.

Ina theannta sin, féadfaidh BEI ráthaíocht AE a úsáid chun sciar ábhartha aon chostas gnóthúcháin a d'fhéadfadh a bheith ann a íoc, mura n-asbhaintear iad as fáltais gnóthúcháin, agus aon chostais a bhaineann le bainistiú leachtachta.

Sa chás go gcuireann BEI cistiú nó ráthaíochtaí ar fáil do CEI thar ceann CEIS, ar cistiú agus ráthaíochtaí iad a fhaigheann tacaíocht ó ráthaíocht AE i gcomhréir le hAirteagal 11(3), féadfaidh buiséad ginearálta an Aontais táillí CEI a íoc sa méid nach n-asbhaintear iad ón luach saothair dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(c)(ii) nó ó ioncaim, ó ghnóthúcháin nó ó íocaíochtaí eile arna bhfáil ag CEI.

7.   Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as aon chineál cistithe ón Aontas, lena n-áirítear ionstraimí faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus na gréasáin thras-Eorpacha agus na beartais tionsclaíochta, chun rannchuidiú le maoiniú tionscadal incháilithe a bhfuil infheistiú á dhéanamh ag BEI é féin iontu, nó trí CEI, le tacaíocht ráthaíocht AE, ar choinníoll go gcomhlíonann na tionscadail sin na critéir incháilitheachta agus na cuspóirí agus na prionsabail is infheidhme faoi chreat dlíthiúil na n-ionstraimí ábhartha agus CEIS.

Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, treoir a chur ar fáil ar úsáid ionstraimí an Aontais a chur le chéile le maoiniú BEI faoi ráthaíocht AE, chun comhordú, comhlántacht agus sineirgí a áirithiú.

Airteagal 10

Ionstraimí incháilithe

1.   Chun críocha Airteagal 9(2) agus i gcomhréir le hAirteagal 11, úsáidfidh BEI ráthaíocht AE ionas go gcumhdófar riosca le haghaidh na n-ionstraimí sin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

2.   Beidh na hionstraimí seo a leanas incháilithe do chumhdach trí ráthaíocht AE:

(a)

iasachtaí BEI, ráthaíochtaí, contra-ráthaíochtaí, ionstraimí margaidh caipitil, aon fhoirm eile d'ionstraim cistithe nó feabhsaithe creidmheasa, rannpháirtíochtaí cothromais nó cuasachothromais, lena n-áirítear i bhfábhar bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, ardáin infheistíochta nó cistí infheistíochta;

(b)

cistiú BEI nó ráthaíochtaí le CEI ionas gur féidir leis tabhairt faoi iasachtaí, ráthaíochtaí, contra-ráthaíochtaí, aon fhoirm eile d'ionstraim feabhsaithe creidmheasa, ionstraimí margaidh caipitil agus rannpháirtíochtaí cothromais nó cuasachothromais, lena n-áirítear i bhfábhar bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, ardáin infheistíochta nó cistí infheistíochta;

(c)

ráthaíochtaí BEI do bhainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, d'ardáin infheistíochta nó do chistí infheistíochta faoi chontra-ráthaíocht ráthaíocht AE.

Déanfar na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír a dheonú, a fháil nó a eisiúint ar mhaithe le hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 agus a comhlíonann ceanglais an Rialacháin seo, má tá maoiniú BEI nó CEI deonaithe i gcomhréir le comhaontú maoinithe nó idirbheart a shínigh nó a rinne BEI nó CEI nach bhfuil imithe in éag ná curtha ar ceal.

3.   Maidir le ráthaíochtaí BEI a dheonaítear do bhanc nó institiúid náisiúnta le haghaidh spreagadh faoi chontra-ráthaíocht ráthaíocht AE, féachfar leo, i gcás inarb iomchuí, faoiseamh caipitil a fháil.

4.   Ina oibríochtaí faoin Rialachán seo, féadfaidh CEI ráthaíocht a dheonú do bhanc nó institiúid náisiúnta le haghaidh spreagadh nó d'ardán infheistíochta nó infheistíocht a dhéanamh in ardán infheistíochta.

Airteagal 11

Cumhdach agus téarmaí ráthaíocht AE

1.   Ní bheidh ráthaíocht AE, ag am ar bith, níos mó ná EUR 16 000 000 000, a bhféadfar cuid de a leithdháileadh le haghaidh chistiú BEI nó ráthaíochtaí BEI do CEI i gcomhréir le mír 3. Glaníocaíochtaí comhiomlána as buiséad ginearálta an Aontais faoi ráthaíocht AE, ní bheidh siad níos mó ná EUR 16 000 000 000.

2.   Leithdháilfear an luach saothair maidir le riosca de chuid punainne i measc ranníocóirí i gcomhréir lena sciar faoi seach ó thaobh riosca a sheasamh. Beidh ráthaíocht AE incháilithe chun ráthaíochtaí céadchaillteanais ar bhonn punainne nó chun ráthaíocht iomlán a sholáthar. Féadfar ráthaíocht AE a dheonú ar bhonn pari passu leis na ranníocóirí eile.

3.   I gcás ina gcuireann BEI cistiú nó ráthaíochtaí ar fáil do CEI chun oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a dhéanamh, déanfaidh ráthaíocht AE foráil le haghaidh ráthaíocht iomlán maidir le cistiú nó ráthaíochtaí den sórt sin ar choinníoll go ndéanann BEI an méid céanna cistithe nó ráthaíochtaí a chur ar fáil gan chumhdach ó ráthaíocht AE, suas go dtí teorainn tosaigh de EUR 2 500 000 000. Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an Bord Stiúrtha an teorainn sin, i gcás inarb iomchuí, a choigeartú suas go dtí uasmhéid EUR 3 000 000 000, gan oibleagáid a bheith ar BEI meaitseáil a dhéanamh ar na méideanna de bhreis ar na teorainn tosaigh.

4.   I gcás ina ngairfidh BEI ar ráthaíocht AE i gcomhréir le Comhaontú CEIS, íocfaidh an tAontas ar éileamh i gcomhréir le téarmaí an Chomhaontaithe sin.

5.   I gcás ina ndéanann an tAontas íocaíocht le BEI tar éis gairm ar ráthaíocht AE, déanfar an tAontas a sheachú i gcearta ábhartha BEI a bhaineann le haon cheann dá oibríochtaí maoinithe nó infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus tabharfaidh BEI, thar ceann an Aontais, faoi na héilimh ar mhéideanna a íocadh a ghnóthú agus cúiteoidh sé leis an Aontas as na suimeanna a gnóthaíodh i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(c)(iv).

6.   Déanfar ráthaíocht AE a dheonú mar ráthaíocht ar éileamh i leith ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 10 agus cumhdóidh sí an méid seo a leanas:

(a)

maidir le hionstraimí fiachais dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(a), an phríomhshuim agus an t-ús go léir agus na méideanna uile a bheidh dlite do BEI ach gan a bheith faighte aige i gcomhréir le téarmaí na n-oibríochtaí maoinithe go dtí tráth na mainneachtana;

(b)

maidir le hinfheistíochtaí cothromais dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(a), na méideanna a infheistíodh agus a gcostas cistithe gaolmhar;

(c)

maidir le hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(b), na méideanna a úsáideadh agus a gcostas cistithe gaolmhar.

Le ráthaíocht AE, cumhdófar freisin na méideanna dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír d’Airteagal 9(6).

Airteagal 12

Ciste ráthaíochta AE

1.   Bunófar ciste ráthaíochta AE (ciste ráthaíochta) a bheidh ina chúlchiste leachtachta óna ndéanfar BEI a íoc i gcás gairm ar ráthaíocht AE.

2.   Leis na nithe seo a leanas a dhearlacfar an ciste ráthaíochta:

(a)

ranníocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais;

(b)

torthaí ar acmhainní an chiste ráthaíochta arna n-infheistiú;

(c)

méideanna arna ngnóthú ó fhéichiúnaithe mainneachtana i gcomhréir leis an nós imeachta um ghnóthú a leagtar síos i gComhaontú CEIS mar a foráiltear dó in Airteagal 4(2)(c)(iv);

(d)

ioncaim agus aon íocaíochtaí eile arna bhfáil ag an Aontas i gcomhréir le Comhaontú CEIS.

3.   Is é a bheidh i gceist le dearlaicí leis an gciste ráthaíochta dá bhforáiltear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

4.   Déanfaidh an Coimisiún acmhainní an chiste ráthaíochta dá soláthraítear dó faoi mhír 2 a bhainistiú go díreach agus a infheistiú i gcomhréir le prionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais, agus beidh siad de réir rialacha stuamachta iomchuí.

5.   Beidh dearlaicí leis an gciste ráthaíochta dá dtagraítear i mír 2 á n-úsáid chun leibhéal iomchuí (spriocmhéid) a bhaint amach ionas go léireofaí oibleagáidí iomlána ráthaíocht AE. Déanfar an spriocmhéid a shocrú ag 50 % d'oibleagáidí iomlána ráthaíocht AE.

Beidh an spriocmhéid i dtosach á íoc de réir a chéile trí na hacmhainní dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2. Má rinneadh gairmeacha ar ráthaíocht AE le linn chruthú tosaigh an chiste ráthaíochta, na dearlaicí don chiste ráthaíochta dá bhforáiltear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 2, rannchuideoidh siad le baint amach an spriocmhéid suas le méid arb ionann é agus na gairmeacha ar ráthaíocht AE.

6.   Tar éis measúnú ar a leormhaith atá leibhéal an chiste ráthaíochta i gcomhréir leis an tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 16(6), déanfar na híocaíochtaí seo a leanas:

(a)

déanfar aon bharrachas a íoc le buiséad ginearálta an Aontais mar ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 d'aon línte buiséid a d'fhéadfadh a bheith úsáidte mar fhoinse ath-imlonnaithe chuig an gciste ráthaíochta;

(b)

déanfar aon athshlánú ar an gciste ráthaíochta a íoc i dtráinsí bliantúla le linn uastréimhse trí bliana a thosóidh sa bhliain n+1.

7.   Ón 1 Eanáir 2019, más rud é go dtiteann leibhéal an chiste ráthaíochta faoi bhun 50 % den spriocmhéid, de thoradh gairmeacha ar ráthaíocht AE, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil isteach faoi bhearta eisceachtúla a bhféadfadh gá a bheith leo chun an ciste ráthaíochta a athshlánú.

8.   Tar éis gairm ar ráthaíocht AE, úsáidfear dearlaicí don chiste ráthaíochta dá bhforáiltear i bpointe (b) agus i bpointe (d) de mhír 2 atá os cionn an spriocmhéid laistigh de theorainneacha na tréimhse infheistíochta dá bhforáiltear in Airteagal 9 le ráthaíocht AE a thabhairt ar ais go dtí an méid tosaigh a bhí aici.

9.   Déanfar dearlaicí don chiste ráthaíochta dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 2 a úsáid chun ráthaíocht AE a thabhairt ar ais go dtí a méid tosaigh.

10.   I gcás ina mbeidh ráthaíocht AE tugtha ar ais go hiomlán suas go dtí a uasmhéid tosaigh de EUR 16 000 000 000, déanfar aon mhéid sa chiste ráthaíochta de bhreis ar an spriocmhéid a íoc le buiséad ginearálta an Aontais mar ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 d'aon línte buiséid a d'fhéadfadh a bheith úsáidte mar fhoinse ath-imlonnaithe chuig an gciste ráthaíochta.

Airteagal 13

Maoiniú an chiste ráthaíochta ó bhuiséad ginearálta an Aontais

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Más gá, féadfar leithreasaí íocaíochta a iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh tréimhse thar 2020 agus suas go dtí an bhliain airgeadais 2023, agus an bhliain sin san áireamh, chun na hoibleagáidí a eascraíonn ón dara fomhír d'Airteagal 12(5) a chomhlíonadh.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla ó bhuiséad ginearálta an Aontais chun soláthar don chiste ráthaíochta a údarú faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle á chomhlíonadh go hiomlán (14).

CAIBIDIL IV

MOL COMHAIRLEACH EORPACH MAIDIR LE HINFHEISTÍOCHT

Airteagal 14

Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht

1.   Beidh sé de chuspóir ag an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht (MCEI) cur le seirbhísí reatha comhairliúcháin de chuid BEI agus de chuid an Choimisiúin chun tacaíocht chomhairleach a sholáthar chun tionscadail infheistíochta a shainaithint, a ullmhú agus a fhorbairt agus chun gníomhú mar mhol comhairleach teicniúil aonair le haghaidh maoiniú tionscadal laistigh den Aontas. Beidh ar áireamh i dtacaíocht den sórt sin tacaíocht spriocdhírithe a sholáthar maidir le húsáid cúnaimh theicniúil do struchtúrú tionscadal, le húsáid ionstraimí airgeadais nuálacha agus le húsáid comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus comhairle a sholáthar, de réir mar is iomchuí, maidir le saincheisteanna ábhartha a bhaineann le dlí an Aontais, agus sainiúlachtaí agus riachtanais na mBallstát i dtaca le margaí airgeadais beagfhorbartha á gcur san áireamh.

Beidh MCEI in ann tacaíocht theicniúil a sholáthar sna réimsí a liostaítear in Airteagal 9(2), go háirithe éifeachtúlacht fuinnimh, TEN-T agus soghluaisteacht uirbeach.

2.   Soláthróidh MCEI seirbhísí sa bhreis orthu siúd atá ar fáil cheana féin faoi chláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear:

(a)

pointe iontrála aonair a sholáthar maidir le cúnamh teicniúil d'údaráis agus do thionscnóirí tionscadail;

(b)

cabhrú le tionscnóirí tionscadail, i gcás inarb iomchuí, i bhforbairt a dtionscadal chun go gcomhlíonfaidh siad na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 6;

(c)

eolas áitiúil a ghiaráil chun tacaíocht CEIS a éascú ar fud an Aontais;

(d)

ardán a chur ar fáil ar mhaithe le malartú piar go piar agus le fios gnó maidir le forbairt tionscadal a roinnt;

(e)

comhairle a sholáthar maidir le hardáin infheistíochta a bhunú.

3.   Beidh seirbhísí MCEI ar fáil do thionscnóirí tionscadail poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh agus ardáin infheistíochta nó cistí infheistíochta agus eintitis phoiblí réigiúnacha agus áitiúla.

4.   Déanfar táillí a ghearrann BEI do sheirbhísí MCEI faoi mhír 2 a úsáid chun costais oibríochtaí MCEI a chlúdach agus chun na seirbhísí sin a sholáthar. Déanfar táillí a ghearrtar ar FBManna a uasteorannú ag aon trian de chostas an chúnaimh theicniúil a sholáthraítear dóibh. Beidh seirbhísí MCEI a sholáthraítear do thionscnóirí poiblí tionscadail sa bhreis ar na cinn sin atá ar fáil cheana faoi chláir an Aontais saor in aisce.

5.   Chun an cuspóir dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú, féachfaidh MCEI le saineolas BEI, an Choimisiúin, banc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh agus údaráis bhainistíochta Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid.

6.   Chun clúdach leathan seirbhísí arna soláthar ag MCEI ar fud an Aontais ina iomláine a áirithiú, comhoibreoidh MCEI i gcás inar féidir le soláthraithe seirbhísí dá samhail ar leibhéal an Aontais, nó ar leibhéal réigiúnach, náisiúnta nó fonáisiúnta. Maidir le comhar idir, ar thaobh amháin MCEI agus, ar an taobh eile, banc nó institiúid náisiúnta le haghaidh spreagadh nó institiúid nó údarás bainistíochta, lena n-áirítear iad siúd atá ag gníomhú mar chomhairleoir náisiúnta, a bhfuil saineolas aige nó aici is ábhartha chun críocha MCEI, féadfaidh sé a bheith i bhfoirm comhpháirtíocht chonarthach.

7.   Ranníocfaidh an tAontas suas le huasmhéid EUR 20 000 000 in aghaidh na bliana chun costais oibríochtaí MCEI a chlúdach go dtí an 31 Nollaig 2020 le haghaidh na seirbhísí a sholáthraíonn MCEI faoi mhír 2 atá sa bhreis orthu sin atá ar fáil cheana faoi chláir eile de chuid an Aontais, sa mhéid nach gcumhdaítear na costais sin ag an méid atá fágtha ó tháillí dá dtagraítear i mír 4.

8.   Tabharfaidh an Coimisiún comhaontú i gcrích le BEI chun MCEI a chur chun feidhme laistigh de BEI (Comhaontú MCEI).

Is é a bheidh i gComhaontú MCEI, go háirithe, forálacha maidir leis an maoiniú is gá do MCEI, i gcomhréir le mír 7.

9.   Faoin 1 Meán Fómhair 2016, agus go bliantúil ina dhiaidh sin, déanfaidh BEI tuarascáil maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn MCEI faoi mhír 2 agus le forghníomhú a bhuiséid a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún. Beidh ar áireamh sa tuarascáil sin faisnéis faoi na táillí a bheidh faighte agus faoina n-úsáid.

CAIBIDIL V

TAIRSEACH EORPACH DE THIONSCADAIL INFHEISTÍOCHTA

Airteagal 15

Tairseach Eorpach de Thionscadal Infheistíochta

1.   Cruthóidh an Coimisiún, le tacaíocht BEI, tairseach Eorpach thrédhearcach de thionscadail infheistíochta (TETI) lena gcruinnítear le chéile tionscadail infheistíochta reatha agus tionscadail infheistíochta a bheidh ann sa todhchaí san Aontas. Is é a bheidh ann bunachar sonraí tionscadal atá inrochtana go poiblí agus furasta le húsáid, lena gcuirtear faisnéis ábhartha ar fáil maidir le gach tionscadal.

2.   Beidh TETI ann go príomha ar mhaithe le hinfheictheacht d'infheisteoirí agus chun críocha faisnéise. Beidh tionscadail a áireamh in TETI gan dochar do chinntí ar na tionscadail dheireanacha arna roghnú chun tacaíocht a fháil faoin Rialachán seo, faoi aon ionstraim eile de chuid an Aontais, nó do chistiú poiblí.

3.   Féadfaidh na Ballstáit rannchuidiú le TETI a bhunú agus a bhainistiú.

4.   Féadfar táille neamh-inaisíoctha a mhuirearú ar thionscnóirí príobháideacha tionscadail as iarratais ar thionscadail a phróiseáil chun dul isteach in TETI. Is é a bheidh san ioncam táillí arna bhailiú ná ioncam sannta seachtrach do TETI i gcomhréir le hAirteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

CAIBIDIL VI

TUAIRISCIÚ, CUNTASACHT AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 16

Tuairisciú agus cuntasacht

1.   Cuirfidh BEI gach sé mhí, i gcomhar le CEI, i gcás inarb iomchuí, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Beidh ar áireamh sa tuarascáil measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid ráthaíocht AE agus na bpríomhtháscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(f)(iv). Beidh ar áireamh sa tuarascáil freisin sonraí staidrimh, airgeadais agus cuntasaíochta maidir le gach oibríocht maoinithe agus infheistíochta de chuid BEI agus ar bhonn comhiomlánaithe.

2.   Cuirfidh BEI, i gcomhar le CEI, i gcás inarb iomchuí, tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí agus beidh an méid seo a leanas ar áireamh inti:

(a)

measúnú ar oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI ag leibhéil oibríochta, earnála, tíre agus réigiúin agus i dtaobh an gcomhlíonann siad an Rialachán seo, go háirithe an critéar breisíocht a sholáthar, i dteannta measúnú ar leithdháileadh oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI idir na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 9(2);

(b)

measúnú ar an mbreisluach, ar úsáid acmhainní na hearnála príobháidí, ar an aschur measta agus iarbhír agus ar thorthaí agus ar thionchar oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI ar bhonn comhiomlánaithe, lena n-áirítear an tionchar ar chruthú fostaíochta;

(c)

measúnú ar an méid a rannchuidíonn na hoibríochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo le baint amach na gcuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 9(2) lena n-áirítear measúnú ar leibhéal infheistíochtaí CEIS i réimsí an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta agus an iompair (lena n-áirítear TEN-T agus soghluaisteacht uirbeach), na teileachumarsáide, an bhonneagair fuinnimh agus na héifeachtúlachta fuinnimh;

(d)

measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid ráthaíocht AE agus leis na príomhtháscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(f)(iv);

(e)

measúnú ar an éifeacht ghiarála a bhaintear amach le tionscadail CEIS-thacaithe;

(f)

tuairisc ar na tionscadail ina gcumasctar tacaíocht Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa le tacaíocht CEIS, agus ar mhéid iomlán na ranníocaíochtaí ó gach foinse;

(g)

an méid airgeadais a aistrítear chuig tairbhithe agus measúnú ar oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI ar bhonn comhiomlánaithe;

(h)

measúnú ar bhreisluach oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI, agus ar an riosca comhiomlán a bhaineann leis na hoibríochtaí sin;

(i)

faisnéis mhionsonraithe ar ghairmeacha ar ráthaíocht AE, ar chaillteanais, ar thorthaí, ar mhéideanna a ghnóthaítear agus ar aon íocaíochtaí eile a fhaightear;

(j)

na tuarascálacha airgeadais maidir le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo arna n-iniúchadh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách.

3.   Chun críocha chuntasaíocht an Choimisiúin, a thuairiscithe ar na rioscaí a chumhdaítear le ráthaíocht AE agus a bhainistithe ar an gciste ráthaíochta, cuirfidh BEI, i gcomhar le CEI de réir mar is iomchuí, an méid seo a leanas ar fáil don Choimisiún agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa go bliantúil:

(a)

measúnú riosca BEI agus CEI agus faisnéis ghrádaithe maidir le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(b)

an oibleagáid airgeadais atá gan íoc don Aontas a eascraíonn as ráthaíocht AE arna soláthar le haghaidh oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo, arna miondealú de réir oibríochtaí aonair;

(c)

an brabús nó an caillteanas iomlán a dhíorthaítear ó oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI laistigh de na punanna dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(c)(i).

4.   Cuirfidh BEI – i gcás inarb iomchuí i gcomhar le CEI – arna iarraidh sin, aon fhaisnéis bhreise is gá ar fáil don Choimisiún ionas gur féidir leis an gCoimisiún a oibleagáidí i ndáil leis an Rialachán seo a chomhlíonadh.

5.   Cuirfidh BEI agus, i gcás inarb iomchuí, CEI an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 ar fáil ar a gcostas féin.

6.   Faoin 31 Márta gach bliain, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhthéacs ráitis airgeadais an Choimisiúin, an fhaisnéis riachtanach ar staid an chiste ráthaíochta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí. Sa bhreis air sin, faoin 31 Bealtaine gach bliain, cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil maidir le bainistiú an chiste ráthaíochta sa bhliain féilire roimhe sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí, lena n-áirítear measúnú ar a leormhaith a bhí an spriocmhéid agus leibhéal an chiste ráthaíochta agus measúnú ar an ngá lena athshlánú. Sa tuarascáil bhliantúil, beidh léiriú ar staid airgeadais an chiste ráthaíochta ag deireadh na bliana féilire roimhe sin, ar na sreafaí airgeadais i rith na bliana féilire roimhe sin mar aon leis na hidirbhearta suntasacha agus aon fhaisnéis ábhartha maidir leis na cuntais airgeadais. Beidh ar áireamh sa tuarascáil freisin faisnéis maidir le bainistiú airgeadais, le feidhmíocht agus le riosca an chiste ráthaíochta ag deireadh na bliana féilire roimhe sin.

Airteagal 17

Cuntasacht

1.   Arna iarraidh sin ag Pharlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle, tuairisceoidh Cathaoirleach an Bhoird Stiúrtha agus an Stiúrthóir Bainistíochta don institiúid iarrthach maidir le feidhmíocht CEIS, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh in éisteacht os comhair Pharlaimint na hEorpa.

2.   Freagróidh Cathaoirleach an Bhoird Stiúrtha agus an Stiúrthóir Bainistíochta ó bhéal nó i scríbhinn ceisteanna a dhíreoidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle chuig CEIS, agus ar aon chor, laistigh de chúig seachtaine ón dáta a bhfaightear ceist.

3.   Arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thíolacadh.

4.   Arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa, glacfaidh Uachtarán BEI páirt in éisteacht de chuid Pharlaimint na hEorpa a bhaineann le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Freagróidh Uachtarán BEI ó bhéal nó i scríbhinn, laistigh de chúig seachtaine ón dáta a bhfaightear iad, ceisteanna a dhíríonn Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle chuig BEI maidir le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

5.   Déanfar comhaontú a thabhairt i gcrích idir Parlaimint na hEorpa agus BEI maidir leis na socruithe mionsonraithe chun faisnéis a mhalartú idir Parlaimint na hEorpa agus BEI faoin Rialachán seo, lena n-áirítear maidir le nós imeachta roghnúcháin an Stiúrthóra Bainistíochta agus an Leas-Stiúrthóra Bainistíochta.

Airteagal 18

Meastóireacht agus Athbhreithniú

1.   Faoin 5 Eanáir 2017, déanfaidh BEI feidhmiú CEIS a mheas. Cuirfidh BEI a mheastóireacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.   Faoin 5 Eanáir 2017,déanfaidh an Coimisiún úsáid ráthaíocht AE agus feidhmiú an chiste ráthaíochta a mheas. Cuirfidh an Coimisiún a mheastóireacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh tuairim ón gCúirt Iniúchóirí ag gabháil leis an meastóireacht sin.

3.   Faoin 30 Meitheamh 2018 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin:

(a)

foilseoidh BEI tuarascáil chuimsitheach maidir le feidhmiú CEIS, ina n-áireofar meastóireacht ar thionchar CEIS ar infheistíocht san Aontas, ar chruthú fostaíochta agus ar rochtain ar mhaoiniú do FBManna agus do chuideachtaí lárchaipitlithe;

(b)

foilseoidh an Coimisiún tuarascáil chuimsitheach maidir le húsáid ráthaíocht AE agus le feidhmiú an chiste ráthaíochta.

4.   Rannchuideoidh BEI, i gcomhar le CEI de réir mar is iomchuí, leis an bhfaisnéis atá riachtanach do mheastóireacht agus do thuarascáil an Choimisiúin faoi mhír 2 agus faoi mhír 3 faoi seach, agus soláthróidh BEI an fhaisnéis sin.

5.   Déanfaidh BEI agus CEI, ar bhonn rialta, na tuarascálacha meastóireachta neamhspleácha uile dá gcuid ina ndéantar measúnú ar an tionchar agus ar na torthaí praiticiúla a baineadh amach le gníomhaíochtaí BEI agus CEI faoin Rialachán seo a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.

6.   Faoin 5 Iúil 2018, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina mbeidh meastóireacht neamhspleách ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

7.   Más rud é, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 6:

(a)

go dtiocfar ar an tátal go bhfuil a chuspóirí á ngnóthú ag CEIS agus go bhfuil údar maith le scéim chun tacú le hinfheistíocht a choinneáil ar bun, tíolacfaidh an Coimisiún i gcás inarb iomchuí togra reachtach lena leasaítear an Rialachán seo d'fhonn an tréimhse infheistíochta nua a shocrú agus d'fhonn leanúint le hinfheistíocht agus le maoiniú iomchuí a áirithiú;

(b)

go dtiocfar ar an tátal nach bhfuil a chuspóirí á ngnóthú ag CEIS agus go bhfuil údar maith le scéim chun tacú le hinfheistíocht a choinneáil ar bun, tíolacfaidh an Coimisiún i gcás inarb iomchuí togra reachtach lena leasaítear an Rialachán seo d'fhonn díriú ar na fabhtanna a sainaithníodh, d'fhonn an tréimhse infheistíochta nua a shocrú agus d'fhonn leanúint le hinfheistíocht agus le maoiniú iomchuí a áirithiú;

(c)

go dtiocfar ar an tátal nach bhfuil a chuspóirí á ngnóthú ag CEIS agus nach bhfuil údar maith le scéim chun tacú le hinfheistíocht a choinneáil ar bun, tíolacfaidh an Coimisiún i gcás inarb iomchuí togra reachtach chun foirceannadh rianúil CEIS a áirithiú, agus fós ráthaíocht AE a chaomhnú do na hoibríochtaí a bheidh formheasta cheana faoin Rialachán seo.

8.   Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 6 a thíolacadh gan mhoill i gcás ina ndéanfadh na tionscadail fhormheasta an méid de ráthaíocht AE a bheadh ar fáil a iompar go hiomlán roimh an 5 Iúil 2018.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 19

Trédhearcacht agus nochtadh poiblí faisnéise

I gcomhréir lena bheartais trédhearcachta agus le prionsabail ghinearálta an Aontais maidir le rochtain ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis, cuirfidh BEI ar fáil go poiblí ar a láithreán gréasáin faisnéis a bhaineann le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta uile BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear maidir le ról na idirghabhálaithe airgeadais, agus a bhaineann leis an gcaoi a rannchuidíonn na hoibríochtaí sin leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 9(2).

Airteagal 20

Iniúchóireacht ag an gCúirt Iniúchóirí

1.   Gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí iniúchóireacht sheachtrach orthu i gcomhréir le hAirteagal 287 CFAE.

2.   Chun críche mhír 1 den Airteagal seo agus arna iarraidh sin ag an gCúirt Iniúchóirí agus i gcomhréir le hAirteagal 287(3) CFAE, deonófar rochtain di ar aon doiciméad nó faisnéis is gá chun a cúram a chomhlíonadh.

Airteagal 21

Bearta frithchalaoise

1.   Tabharfaidh BEI fógra go pras d'OLAF agus soláthróidh sé an fhaisnéis is gá d'OLAF má tá forais amhrais aige, ag céim ar bith le linn oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bheith á n-ullmhú, á gcur chun feidhme nó á ndúnadh, go bhfuil calaois, éilliú, sciúradh airgid nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a fhéadfaidh difear a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais ar bun.

2.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (16) agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (17) chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, d'fhonn a shuí an raibh calaois, éilliú, sciúradh airgid nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais ar bun i dtaca le haon oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Féadfaidh OLAF aon fhaisnéis a aimsítear le linn a n-imscrúduithe a tharchur chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann.

I gcás ina gcruthófar gurb ann do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha den sórt sin, gabhfaidh BEI iarrachtaí gnóthaithe de láimh maidir lena oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus lena mbaineann gníomhaíochtaí den sórt sin.

3.   Sna comhaontuithe maoinithe a shínítear i ndáil le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, beidh clásail ar áireamh iontu lena gceadófar eisiamh ó oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI agus, más gá, bearta gnóthúcháin iomchuí i gcásanna calaoise, éillithe nó gníomhaíochta neamhdhleathaí eile i gcomhréir le Comhaontú CEIS, le beartais BEI agus leis na ceanglais rialála is infheidhme. An cinneadh cibé acu feidhm a bhaint as eisiamh ó oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfar é i gcomhréir leis an gcomhaontú maoinithe nó infheistíochta ábhartha.

Airteagal 22

Gníomhaíochtaí eisiata agus dlínsí neamh-chomhoibríocha

1.   Ina n-oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ní thacóidh BEI, CEI ná aon idirghabhálaí airgeadais le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun críocha neamhdhleathacha, lena n-áirítear sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoirí, coireacht eagraithe, calaois cánach agus imghabháil cánach, éilliú agus calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Go háirithe, ní ghlacfaidh BEI páirt in aon oibríocht maoinithe ná infheistíochta trí mheán atá suite i ndlínse neamh-chomhoibríoch, i gcomhréir lena bheartas i leith dlínsí ina bhfuil rialáil lag nó neamh-chomhoibríoch bunaithe ar bheartais an Aontais, na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta nó an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais.

2.   Ina oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, cuirfidh BEI i bhfeidhm na prionsabail agus na caighdeáin a leagtar amach i ndlí an Aontais maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh agus sceimhlitheoirí a mhaoiniú agus go háirithe i Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Go háirithe, déanfaidh BEI cistiú díreach agus cistiú trí idirghabhálaithe araon faoin Rialachán seo i gcleithiúnas ar fhaisnéis úinéireachta tairbhiúla a nochtadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849.

Airteagal 23

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(13) agus (14) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse trí bliana amhail ón 4 Iúil 2015. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse trí bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(13) agus (14) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

3.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

4.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(13) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse míosa amháin tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú mí amháin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

5.   Ní thiocfaidh an gníomh tarmligthe lena mbunaítear an scórchlár don chéad uair agus a ghlactar de bhun Airteagal 7(14) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí seachtaine tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí seachtaine ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Maidir le haon ghníomh tarmligthe breise a ghlactar de bhun Airteagal 7(14), beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 4 den Airteagal seo.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

Foráil idirthréimhseach

1.   Féadfaidh BEI agus CEI oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta atá formheasta acu le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2015 go dtí go mbeidh Comhaontú CEIS tugtha i gcrích agus go ndéanfar comhaltaí uile an Choiste Infheistíochta agus an Stiúrthóir Bainistíochta a chéadcheapadh tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus, i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 6, na cuspóirí gineará;ta a leagtar amach in Airteagal 9(2) agus Iarscríbhinn II, cinnfidh sé go mbainfidh clúdach ráthaíocht AE leo.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Meitheamh 2015

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. REIRS


(1)  Tuairim an 19 Márta 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 195, 12.6.2015, lch. 41.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meitheamh 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 - 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Coiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(12)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micreafhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(13)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298 26.10.2012, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(15)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(16)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún d'fhonn leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus míréireachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(17)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).

(19)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).


IARSCRÍBHINN I

LEASUITHE AR RIALACHÁN (AE) UIMH. 1291/2013 AGUS AR RIALACHÁN (AE) UIMH. 1316/2013

(1)

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 mar a leanas:

(a)

In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:

'1.   Tá an t-imchlúdach airgeadais chun Fís 2020 a chur chun feidhme socraithe mar EUR 74 828,3 mhilliún i bpraghsanna reatha, agus as sin déanfar EUR 72 445,3 mhilliún ar a mhéid a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí faoi Theideal XIX CFAE.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla a údarú laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   Déanfar an méid le haghaidh gníomhaíochtaí faoi Theideal XIX CFAE a dháileadh i measc na dtosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 5(2) den Rialachán seo mar a leanas:

(a)

Eolaíocht den scoth, EUR 24 232,1 mhilliún i bpraghsanna reatha;

(b)

Ceannaireacht thionsclaíoch, EUR 16 466,5 mhilliún i bpraghsanna reatha;

(c)

Dúshláin shochaíocha, EUR 28 629,6 milliún i bpraghsanna reatha.

Is mar a leanas a bheidh an t-uasmhéid foriomlán le haghaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais ó Fhís 2020 leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5(3) agus le gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha ACT:

(i)

Barr feabhais a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú, EUR 816,5 mhilliún i bpraghsanna reatha;

(ii)

Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí, EUR 444,9 mhilliún i bpraghsanna reatha;

(iii)

Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha ACT, EUR 1 855,7 mhilliún i bpraghsanna reatha.

Déantar an miondealú táscach i gcomhair na dtosaíochtaí agus na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 5(3) a leagan amach in Iarscríbhinn II.

3.   Déanfar EIT a mhaoiniú trí bhíthin ranníocaíocht uasta ó Fhís 2020 dar luach EUR 2 383 mhilliún i bpraghsanna reatha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II.'.

(b)

Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II:

'IARSCRÍBHINN II

Miondealú ar an mbuiséad

Seo a leanas an miondealú táscach le haghaidh Fís 2020, faoi réir an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil:

 

EUR milliún i bpraghsanna reatha

I

Eolaíocht den scoth, ar de sin:

24 232,1

1.

An Chomhairle Eorpach um Thaighde (CET)

13 094,8

2.

Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn (FET)

2 585,4

3.

Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie

6 162,3

4.

Bonneagair thaighde

2 389,6

II

Ceannaireacht thionsclaíoch, ar de sin:

16 466,5

1.

Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha (1), (4)

13 035

2.

Rochtain ar mhaoiniú riosca (2)

2 842,3

3.

Nuálaíocht in FBManna (3)

589,2

III

Dúshláin shochaíocha, ar de sin (4):

28 629,6

1.

An tsláinte, an t-athrú déimeagrafach agus an fholláine

7 256,7

2.

Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí mara, ar chúrsaí muirí agus ar uisce intíre, agus an bithgheilleagar

3 707,7

3.

Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil

5 688,1

4.

Iompar atá cliste, glas agus comhtháite

6 149,4

5.

Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, an comhshaol, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair

2 956,5

6.

An Eoraip i ndomhan atá ag athrú - Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus machnamhacha

1 258,5

7.

Sochaithe slána – Saoirse agus slándáil na hEorpa agus a cuid saoránach a chosaint

1 612,7

IV

Barr feabhais a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú

816,5

V

Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí

444,9

VI

Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (ACT)

1 855,7

VII

An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT)

2 383

IOMLÁN

74 828,3

(2)

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 mar a leanas:

(a)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.   Tá an t-imchlúdach airgeadais chun SCE a chur chun feidhme don tréimhse 2014 go 2020 socraithe ag EUR 30 442 259 000 i bpraghsanna reatha. Leithdháilfear an méid sin mar a leanas:

(a)

an earnáil iompair: EUR 24 050 582 000, as a n-aistreofar EUR 11 305 500 000 ón gCiste Comhtháthaithe le caitheamh i gcomhréir leis an Rialachán seo go heisiach i mBallstáit a bheidh incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste Comhtháthaithe;

(b)

an earnáil teileachumarsáide: EUR 1 041 602 000;

(c)

an earnáil fuinnimh: EUR 5 350 075 000.

Tá na méideanna sin gan dochar don sásra solúbthachta a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (5).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).'."

(b)

In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'2.   Ní rachaidh an méid iomlán a ranníocfar ó bhuiséad an Aontais leis na hionstraimí airgeadais thar 8,4 % den imchlúdach airgeadais foriomlán de chuid SCE dá dtagraítear in Airteagal 5(1).'

(c)

In Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an t-uasmhéid a leagtar amach in Airteagal 14(2) a ardú suas go 10 %, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

go bhfuil toradh dearfach ar an measúnú arna dhéanamh in 2015 ar threoirchéim an Tionscnaimh Bannaí Tionscadal; agus

(ii)

go bhfuil roghnú na n-ionstraimí airgeadais níos airde ná 6,5 % i dtéarmaí gealltanas conarthach tionscadail.’.


(1)  Lena n-áirítear EUR 7 423 mhilliún le haghaidh Teicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC), ar de sin EUR 1 549 milliún le haghaidh fótónaice, na micrileictreonaice agus na nanaileictronaice, EUR 3 741 mhilliún le haghaidh nanaitheicneolaíochtaí, ábhar sárfhorbartha, na hardmhonaraíochta agus na hardphróiseála, EUR 501 mhilliún le haghaidh na biteicneolaíochta agus EUR 1 403 mhilliún le haghaidh cúrsaí spáis. Dá thoradh sin, beidh 5 792 mhilliún ar fáil mar thacaíocht d'Eochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin.

(2)  Féadfar thart ar EUR 994 mhilliún den tsuim seo a thabhairt do thionscadail de chuid an Phlean Straitéisigh um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET) a chur chun feidhme. Féadfar thart ar thrian di a thabhairt do FBManna.

(3)  Laistigh den sprioc íosmhéid 20 % de na buiséd chomhcheangailte iomlána don chuspóir sonrach 'Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha' agus don tosaíocht 'Dúshláin shochaíocha' a leithdháileadh ar FBManna, leithdháilfear íosmhéid 5 % de na buiséid chomhcheangailte sin ar an ionstraim tiomanta FBM i dtús báire. Leithdháilfear íosmhéid 7 % de bhuiséid iomlána an chuspóra shonraigh 'Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha' agus na tosaíochta 'Dúshláin shochaíocha' ar an ionstraim tiomanta FBM agus é meánaithe thar thréimhse Fhís 2020.

(4)  Cisteofar treoirghníomhaíochtaí na Conaire Mire i dtreo na Nuálaíochta (CMN) ón gcuspóir sonrach a bhaineann le 'Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha' agus ó chuspóirí ábhartha sonracha na tosaíochta 'Dúshláin shochaíocha'. Déanfar líon leordhóthanach tionscadal a sheoladh chun go bhféadfar meastóireacht iomlán a dhéanamh ar threoirghníomhacht CMN.'.


IARSCRÍBHINN II

TREOIRLÍNTE INFHEISTÍOCHTA CEIS

1.   Raon Feidhme

Is é cuspóir na dtreoirlínte infheistíochta ná fónamh mar aon leis an Rialachán seo mar bhunús don Choiste Infheistíochta chun úsáid ráthaíocht AE d'oibríochtaí BEI atá incháilithe faoi CEIS i gcomhréir leis na cuspóirí agus aon riachtanais ábhartha eile a leagtar síos sa Rialachán seo a chinneadh ar mhodh trédhearcach agus neamhspleách.

Tá na treoirlínte infheistíochta bunaithe ar na prionsabail arna mbunú ag an Rialachán seo maidir le cuspóirí ginearálta, critéir incháilitheachta, ionstraimí incháilithe agus an sainmhíniú ar bhreisíocht. Chomhlánaíonn siad an Rialachán seo (i) trí threoir bhreise ar incháilitheacht a thabhairt, (ii) trí chreat riosca d'oibríochtaí a sholáthar, (iii) trí thairseacha éagsúlaithe earnála agus geografacha a shainiú, agus (iv) trí chritéir a shainiú chun an rannchuidiú le cuspóirí CEIS le héascú tosaíochta a mheasúnú.

Níl feidhm ag na treoirlínte infheistíochta ach amháin maidir le hoibríochtaí CEIS a bhaineann le hionstraimí fiachais agus cothromais dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(a) den Rialachán seo agus mar sin ní hinfheidhme iad i leith oibríochtaí CEIS a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(b).

2.   Contrapháirteanna Incháilithe, Cineálacha Tionscadail agus Ionstraimí

(a)

Beidh ar áireamh sna contrapháirteanna incháilithe a thairbheoidh de ráthaíocht AE:

eintitis de gach méid, lena n-áirítear fóntais, MSCanna nó cuideachtaí tionscadail, FBManna nó cuideachtaí lárchaipitlithe;

bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh nó institiúidí airgeadais chun idirghabhála;

cistí cothromais/fiachais agus aon chineál eile de mheáin chomhinfheistíochta;

ardáin infheistíochta;

eintitis earnála poiblí (críochach nó nach ea, ach gan oibríochtaí le heintitis den sórt sin as a dtig riosca díreach do Bhallstáit a áireamh) agus cineál eintiteas earnála poiblí.

(b)

Deonófar ráthaíocht AE chun tacú, go díreach nó go hindíreach, le hoibríochtaí nua a mhaoiniú. I réimse an bhonneagair, ba cheart infheistíochtaí úrnua (cruthú sócmhainne) a spreagadh. Is féidir tacú le hinfheistíochtaí athfhorbraíochta (leathnú agus nuachóiriú sócmhainní láithreacha) freisin. De ghnáth, ní dheonófar ráthaíocht AE chun tacú le hoibríochtaí athmhaoinithe (amhail athchur comhaontuithe iasachta láithreacha nó cineálacha eile tacaíochta airgeadais do thionscadail atá tar éis corprú cheana féin i bpáirt nó go hiomlán), ach amháin in imthosca eisceachtúla agus an-dlisteanaithe i gcás ina léirítear go gcumasóidh idirbheart den sórt sin infheistíocht nua de mhéid a bheidh ar a laghad coibhéiseach le méid an idirbhirt, ar infheistíocht í a chomhlíonfadh na critéir incháilitheachta agus na cuspóirí ginearálta a leagtar síos in Airteagal 6 agus in Airteagal 9(2) faoi seach.

(c)

Tacóidh ráthaíocht AE le raon leathan táirgí a chuirfidh ar chumas CEIS oiriúnú do riachtanais an mhargaidh le linn infheistíocht phríobháideach a spreagadh i dtionscadail, gan airgeadas an mhargaidh phríobháidigh a phlódú. Sa chomhthéacs sin, táthar ag súil go gcuirfidh BEI airgeadas ar fáil faoi CEIS d'fhonn teacht ar sprioc tosaigh foriomlán de ar a laghad EUR 315 000 000 000 d'infheistíocht phoiblí nó phríobháideach, lena n-áirítear maoiniú a shlógtar trí CEI faoi oibríochtaí CEIS a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(b) agus bainc nó instititiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh. Beidh ar áireamh sna táirgí incháilithe, inter alia (1), iasachtaí, ráthaíochtaí/contra-ráthaíochtaí, airgeadas mezzanine agus fonordaithe, ionstraimí margaidh caipitil lena n-áirítear feabhsú creidmheasa, agus rannpháirtíochtaí cothromais nó cuasachothromais, lena n-áirítear trí bhainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, trí ardáin infheistíochta nó trí chistí infheistíochta. Sa chomhthéacs seo, ionas go mbeidh réimse leathan infheisteoirí in ann infheistiú i dtionscadail CEIS, beidh ar chumas BEI punanna iomchuí a struchtúrú.

(d)

Beidh bainc náisiúnta nó institiúidí le haghaidh spreagadh agus ardáin infheistíochta nó cistí infheistíochta incháilithe do chlúdach ag ráthaíocht BEI faoi chontra-ráthaíocht ráthaíocht AE i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(c). Beidh an cinneadh ráthaíocht BEI sin a dheonú ag dréim le hinfheistíochtaí a shlógadh ag an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon agus an saineolas comhlántach, na buntáistí comparáideacha ar leith, agus raon eintiteas den sórt sin a shaothrú, chun tairbhe thionscnamh CEIS.

3.   Breisíocht

Deonófar ráthaíocht AE chun tacú le hoibríochtaí a chomhlíonann an critéar breisíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo a sholáthar.

Beidh feidhm ag na prionsabail ghinearálta seo a leanas freisin:

(a)

d'fhonn dúbailt ar ionstraimí airgeadais atá ann cheana a sheachaint, féadfaidh ráthaíocht AE cláir Aontais atá ann cheana nó foinsí eile de chistí Aontais nó comhionstraimí a chomhlánú, a neartú nó a fheabhsú, nó féadfar ráthaíocht AE a chomhcheangal leo.

(b)

thar chúrsa thréimhse infheistíochta CEIS, ní phlódóidh, i bprionsabal, infheistíocht arna tacú le CEIS úsáid ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais.

(c)

tabharfar aird ar a mhéid atá táirgí nua den ionú bonneagair agus nuálaíochta a bhíonn ag díriú isteach ar FBManna agus ar chuideachtaí lárchaipitlithe beaga comhlántach le hionstraimí airgeadais AE atá ann cheana agus ionstraimí airgeadais CEIS faoi ionú FBM, ionas go mbainfear amach an úsáid éifeachtach is airde d'acmhainní airgeadais. Mar sin féin, beidh úsáid charnach ionstraimí indéanta i gcásanna ar leith sa chás nach leor an ghnáth-thacaíocht chun an chéad aithinne a chur sna hinfheistíochtaí.

4.   Breisluach: rannchuidiú le cuspóirí CEIS

Urramóidh tionscadail a thairbhíonn de ráthaíocht AE na critéir incháilitheachta agus na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 6 agus in Airteagal 9(2) faoi seach.

5.   Scórchlár

Úsáidfidh an Coiste Infheistíochta an scórchlár dá dtagraítear in Airteagal 7 d'fhonn a áirithiú go ndéanfar measúnú neamhspleách agus trédhearcach ar úsáid fhéideartha ráthaíocht AE.

6.   Ionuithe Infheistíochta

(a)

Cuirfear na hionstraimí fiachais agus cothromais dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(a) ar fáil faoi Ionú Bonneagair agus Nuálaíochta, ina mbeidh Forionú Fiachais agus Fo-ionú de Chineál Cothromais. Beidh leithroinnt oibríochtaí (2) chuig ceann den dá Fho-ionú bunaithe ar chóras BEI de ghrádú iasachta agus ar mheasúnú riosca caighdeánach BEI agus faoi réir treoir arna cur ar fáil ag an mBord Stiúrtha.

(b)

Ionú Bonneagair agus Nuálaíochta - Fo-ionú Fiachais

I gcás oibríochtaí de chineál fiachais, déanfaidh BEI a mheasúnú riosca caighdeánach, lena mbaineann dóchúlacht mainneachtana agus ráta gnóthaithe a ríomh. Bunaithe ar na paraiméadair seo, cainníochtóidh BEI an riosca do gach oibríocht. Déanfar ríomh den sórt sin gan ráthaíocht AE a chur san áireamh, chun riosca foriomlán an idirbhirt a léiriú.

Gheobhaidh gach oibríocht de chineál fiachais aicmiú riosca (Grádú Iasacht an Idirbhirt) de réir chóras BEI de ghrádú iasachta. Beidh faisnéis faoi ghrádú iasachta ar áireamh sa doiciméadú tionscadail don Choiste Infheistíochta. Idirbhearta ag a bhfuil próifíl riosca níos airde ná tionscadail arna dtacú le gnáthoibríochtaí BEI, tagraítear dóibh mar ghníomhaíochtaí speisialta arna sainiú in Airteagal 16 de Reacht BEI agus i dtreoirlínte beartais um riosca creidmheasa BEI. Beidh próifíl riosca níos airde ag oibríochtaí arna dtacú le ráthaíocht AE de ghnáth ná gnáthoibríochtaí BEI agus dá réir sin tiocfaidh siad faoi réim na ngníomhaíochtaí speisialta. Is féidir idirbhearta le grádú iasachta is fearr a áireamh i bpunann EFSI ar choinníoll go bhfuil ard-bhreisluach léirithe go soiléir agus go bhfuil a n-áireamh i gcomhréir leis an gcritéar breisíocht a sholáthar.

Beidh tionscadail inmharthana go heacnamaíoch agus go teicniúil agus déanfar maoiniú BEI a struchtúrú i gcomhréir le prionsabail fhónta baincéireachta agus comhlíonfaidh siad na prionsabail ardleibhéil bhainistithe riosca a shocraítear ag BEI ina threoirlínte inmheánacha. Cuirfear an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil do chomhaltaí an Bhoird Stiúrtha agus an Choiste Infheistíochta.

Déanfar táirgí de chineál fiachais a phraghsáil i gcomhréir le modheolaíocht praghsála iasachta BEI.

(c)

Ionú Bonneagair agus Nuálaíochta - Fo-ionú de Chineál Cothromais

I gcás oibríochtaí de chineál cothromais, féadfar ráthaíocht AE a úsáid chun tacú le hinfheistíochtaí díreacha i gcuideachtaí nó i dtionscadail aonair (Infheistíochtaí Díreacha de Chineál Cothromais) nó maoiniú do chistí nó do rioscaí punainne analógacha (Punann de Chineál Cothromais), ar choinníoll go n-infheistíonn BEI ar bhonn pari passu ar a phriacal féin chomh maith. Beidh an cinneadh i dtaobh an seasann oibríocht rioscaí de chineál cothromais nó nach seasann, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil agus ainmníocht í, bunaithe ar mheasúnú caighdeánach BEI.

Déanfar oibríochtaí de chineál cothromais BEI i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha BEI. Cuirfear an fhaisnéis ábhartha uile chun an oibríocht a mheasúnú ar fáil do chomhaltaí an Bhoird Stiúrtha agus an Choiste Infheistíochta.

Déanfar infheistíochtaí de chineál cothromais a phraghsáil i gcomhréir leis an margadh, in ainneoin cén tástáil margaidh nó tagarmharcáil a úsáidfear.

7.   Teorainneacha nochta in aghaidh na catagóire riosca

(a)

Laghdaíonn na teorainneacha nochta do chatagóirí gníomhaíochtaí speisialta le méadú leibhéil riosca, mar a luaitear sa Ghrádú Iasachta Idirbhirt. Dá bhrí sin, bíonn an teorainn níos airde go ginearálta i gcás riosca de chineál fiachais ná i gcás riosca de chineál cothromais.

(b)

Mar léiriú ar infhaighteacht an fheabhsú creidmheasa arna chur ar fáil ag ráthaíocht AE, déanfaidh BEI na teorainneacha nochta faoi CEIS a shocrú ag leibhéal níos airde ná an teorainn choibhéiseach faoi ghnó riosca dílis BEI. Gheobhaidh comhaltaí an Bhoird Stiúrtha agus an Choiste Infheistíochta forbhreathnú mionsonraithe ar theorainneacha riosca CEIS. Déanfaidh an Bord Stiúrtha maoirseacht go rialta ar fhorbairt phróifíl riosca phunainn CEIS agus glacfaidh sé bearta iomchuí má mheastar gur gá.

(c)

Is féidir idirbhearta do mhéideanna is airde ná sainteorainneacha CEIS a áireamh i bpunann CEIS ar bhonn eisceachtúil, le comhaontú an Bhoird Stiúrtha, ar choinníoll go léirítear breisíocht agus breisluach go soiléir agus nach dócha go gcuirfeadh a n-áireamh spriocleibhéil riosca foriomlán na punainne i mbaol ag deireadh na tréimhse infheistíochta tosaigh.

8.   Éagsúlú earnála agus geografach

Tá CEIS éileamhthiomanta ach díríonn sé ar thacú le tionscadail incháilithe ar fud an Aontais, chomh maith le tionscadail thrasteorann, a chumhdaítear le hAirteagal 8 den Rialachán seo, gan aon réamh-leithroinnt earnála ná gheografach. Déanfar sárniarrachtaí, áfach, chun a áirithiú go gcumhdófar ag deireadh na tréimhse infheistíochta tosaigh raon leathan earnálacha agus réigiún agus go ndéantar comhchruinniú earnála nó gheografach iomarcach a sheachaint.

(a)   Comhchruinniú Earnála

Chun éagsúlú agus comhchruinniú earnála i bpunann CEIS a bhainistiú, socróidh an Bord Stiúrtha teorainneacha comhchruinnithe táscacha i leith thoirt na nCoibríochtaí arna dtacú ag ráthaíocht AE ag deireadh na tréimhse infheistíochta tosaigh. Déanfar na teorainneacha comhchruinnithe táscacha a phoibliú.

Féadfaidh an Bord Stiúrtha a chinneadh go modhnófar na teorainneacha táscacha seo, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Infheistíochta. Sa chás sin, tabharfaidh an Bord Stiúrtha míniú i scríbhinn ar a chinneadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(b)   Comhchruinniú Geografach

Ní bheidh oibríochtaí CEIS-thacaithe comhchruinnithe in aon chríoch ar leith ag deireadh na tréimhse infheistíochta tosaigh. Chuige sin glacfaidh an Bord Stiúrtha treoirlínte táscacha maidir le héagsúlú agus comhchruinniú geografach. Féadfaidh an Bord Stiúrtha a chinneadh go modhnófar na teorainneacha táscacha sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Infheistíochta. Tabharfaidh an Bord Stiúrtha míniú i scríbhinn do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir lena chinntí a bhaineann leis na teorainneacha táscacha. Ba cheart go ndíreodh CEIS ar na Ballstáit uile a chumhdach.


(1)  Is léiriú neamheisiach é seo de tháirgí a fhéadfar a thairiscint trí an CEIS.

(2)  Baineann an téarma ‘oibríocht’ le hinfheistíocht dhíreach i dtionscadal (fiachas nó cothromas) nó ‘oibríocht’ (tionscadail, cláir nó áiseanna) le hidirghabhálaí airgeadais nó eile ach ní bhaineann sé, chun amhras a sheachaint, leis na tionscadail fholuiteacha arna dtacú le hoibríocht idirghafa den sórt sin.


 

1.   Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an miondealú d’Fhís 2020

“Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún nach rannchuideoidh na línte buiséid a leanas le cistiú CEIS: “Taighde beag beann ar theorainneacha a neartú sa Chomhairle Eorpach um Thaighde”, “gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie” agus “Barr Feabhais a Leathnú agus Rannpháirtíocht a Ardú”. Maidir leis an méid atá fágtha a eascraíonn ó úsáid bhreise an chorrlaigh i comparáid leis an togra ón gCoimisiún, tabharfar ar ais é do línte eile buiséid Fhís 2020 i gcomhréir leis na laghduithe arna moladh ag an gCoimisiún. Déantar an miondealú táscach a leagan amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán CEIS.”

2.   Ráiteas ón gCoimisiún maidir le dréachtbhuiséad 2016

“Déanfaidh an Coimisiún anailís ar thionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na ranníocaíochtaí le CEIS ó línte buiséid éagsúla Fhís 2020 ar chur chun feidhme éifeachtach na gclár faoi seach agus déanfaidh sé, más iomchuí, litir leasaitheach do dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais do 2016 a mholadh chun an miondealú ar línte buiséid Fhís 2020 a choigeartú.”

3.   Ráiteas ón gCoimisiún maidir lena mheasúnú ar rannchuidithe aon uaire i gcomhthéacs thionscnamh CEIS chun an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a chur chun feidhme.

“Gan dochar do shainchumais na Comhairle i gcur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), ba cheart, i bprionsabal, go mbeadh ranníocaíochtaí aon uaire a dhéanann Ballstáit, cibé acu Ballstát nó bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh atá aicmithe in earnáil ghinearálta an rialtais nó ag gníomhú thar ceann Ballstáit, le CEIS nó le hardáin infheistíochta théamacha nó iltíortha arna mbunú le haghaidh chur chun feidhme an Phlean Infheistíochta, in ann cáiliú mar bhearta aon uaire, de réir bhrí Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle agus Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle.”