19.5.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

23


RIALACHÁN (AE) 2015/753 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2015

maidir le táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce a allmhairiú isteach san Aontas

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle (3) a leasú go substaintiúil (4). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Bunaítear le Cinneadh Uimh. 1/98 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce (5) córas na bhfabhar is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce a allmhairiú isteach san Aontas.

(3)

I gcás táirgí a gceanglaíonn rialacháin de chuid an Aontais praghas allmhairiúcháin áirithe a urramú ina leith, tá cur i bhfeidhm an chórais fhabhraigh taraife faoi réir an praghas sin a urramú.

(4)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha is gá a ghlacadh chun an córas allmhairiúcháin do na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar táirgí iad de thionscnamh na Tuirce agus a allmhairítear isteach san Aontas faoi na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 1/98 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

Airteagal 2

1.   I gcás táirgí a gceanglaíonn rialacháin de chuid an Aontais praghas allmhairiúcháin áirithe a urramú ina leith, beidh cur i bhfeidhm an chórais fhabhraigh taraife faoi réir an praghas sin a urramú.

2.   I gcás táirgí iascaigh a bhfuil praghas tagartha leagtha síos dóibh, beidh cur i bhfeidhm na taraife fabhraí faoi réir an praghas sin a urramú.

Airteagal 3

1.   Déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta a bunaíodh le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina bhfuil tuairim an Choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann an ceathrú cuid de chomhaltaí an Choiste ar a laghad amhlaidh.

Airteagal 4

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 779/98.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 20 Aibreán 2015.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le hallmhairiú táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce isteach sa Chomhphobal, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 4115/86 agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3010/95 (IO L 113, 15.4.1998, lch. 1).

(4)  Féach Iarscríbhinn I.

(5)  Cinneadh Uimh. 1/98 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce an 25 Feabhra 1998 maidir leis an gcóras trádála i gcás táirgí talmhaíochta (IO L 86, 20.3.1998, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle

(IO L 113, 15.4.1998, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 255/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 84, 20.3.2014, lch. 57)

Airteagal 2, agus an tAirteagal sín amháin


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh 779/98

An Rialachán seo

Article 1

Airteagal 1

Airteagal 2, an chéad mhír

Airteagal 2(1)

Airteagal 2, an dara mír

Airteagal 2(2)

Airteagal 2a

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II