25.2.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 54/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2015/281 ÓN GCOIMISIÚN

an 26 Samhain 2014

lena gcuirtear Iarscríbhinní eile in ionad Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (1), agus go háirithe Airteagal 77 de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Déanann Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 foráil maidir le cúrsaíocht breithiúnas, ionstraimí barántúla agus socraíochtaí cúirte laistigh den Aontas. Beidh feidhm aige ón 10 Eanáir 2015.

(2)

Leagadh síos in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 foirm an deimhnithe maidir le breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála agus foirm an deimhnithe maidir le hionstraim bharántúil/socraíocht chúirte in ábhair shibhialta agus tráchtála.

(3)

Ghlac an Laitvia an euro an 1 Eanáir 2014. Dá bhrí sin, ní mór na tagairtí go léir don airgeadra a bhí ag an Laitvia a scriosadh ó na foirmeacha. Glacfaidh an Liotuáin an euro an 1 Eanáir 2015. Dá bhrí sin, ní mór na tagairtí go léir maidir leis an airgeadra a bhí ag an Liotuáin a scriosadh ó na foirmeacha.

(4)

Tháinig an Chróit isteach san Aontas an 1 Iúil 2013. Dá bhrí sin, ba cheart na tagairtí don Chróit agus dá hairgeadra a chur isteach sna foirmeacha.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá in iarscríbhinn a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ní raibh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 agus níl sí faoi cheangal ná faoi réir a fhorfheidhmithe.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Danmhairg, áfach, thug an Danmhairg fógra don Choimisiún, i litir dar dáta an 20 Nollaig 2012, (2) maidir lena cinneadh Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart na tagairtí don Danmhairg agus dá hairgeadra a chur isteach sna foirmeacha.

(7)

Ar mhaithe le soiléireacht is iomchuí Iarscríbhinní eile a chur in ionad Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Samhain 2014

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Jean-Claude JUNCKER


(1)  IO L 351, 20.12.2012, lch. 1.

(2)  IO L 79, 21.3.2013, lch. 4.


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN I

Image

Image

Image

Image

IARSCRÍBHINN II

Image

Image

Image