28.8.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

115


RIALACHÁN (AE) Uimh. 911/2014 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 23 Iúil 2014

maidir le cistiú ilbhliantúil i gcomhair ghníomhaíocht na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí i réimse na freagartha ar thruailliú mara ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaíodh Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (“an Ghníomhaireacht”) d’fhonn leibhéal ard, aonfhoirmeach agus éifeachtach sábháilteachta muirí agus cosc ar thruailliú ó longa a áirithiú.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 724/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lenar leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002, sannadh cúraimí don Ghníomhaireacht i réimsí an choisc agus na freagartha ar thruailliú ó longa, i ndiaidh tionóiscí in uiscí an Aontais, go háirithe tionóiscí na dtancaeirí ola “Erika” agus “Prestige”.

(3)

Le Rialachán (AE) Uimh. 100/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ó gComhairle (5), lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002, sannadh cúraimí don Ghníomhaireacht maidir leis an bhfreagairt ar thruailliú mara ó shuiteálacha ola agus gáis agus leathnaíodh seirbhísí na Gníomhaireachta chuig na Stáit a chuireann isteach ar aontachas leis an Aontas agus chuig tíortha comhpháirtíochta Chomharsanacht na hEorpa.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2038/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), cuireadh cistiú ilbhliantúil ar bun i gcomhair ghníomhaíocht na Gníomhaireachta i réimse na freagartha ar thruailliú ó longa, ar cistiú é a chuaigh in éag an 31 Nollaig 2013.

(5)

Mar gheall ar an tionchar éiceolaíoch a d’fhéadfadh a bheith tubaisteach agus costais eacnamaíocha fíor-arda na dteagmhas truaillithe, chomh maith le tionchar socheacnamaíoch féideartha teagmhas den sórt sin ar earnálacha eile, amhail an turasóireacht agus an t-iascach, ba cheart go mbeadh acmhainní leordhóthanacha ag an nGníomhaireacht chun ligean di a cúraimí sannta a chur i gcrích i ndáil le freagairt ar thruailliú mara ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis. Tá na cúraimí sin tábhachtach chun tuilleadh damáiste de chineál airgeadaíochta agus neamh-airgeadaíochta araon a chosc.

(6)

Chun críocha chur chun feidhme na gcúraimí truailliú ó longa a chosc agus freagairt ar an truailliú sin, ghlac Bord Riaracháin na Gníomhaireachta Plean Gníomhaíochta i gcomhair Ullmhachta agus Freagartha i gcás Ola-Thruailliú an 22 Deireadh Fómhair 2004, inar cinneadh gníomhaíochtaí freagartha ar thruailliú ola de chuid na Gníomhaireachta agus a bhfuil sé d’aidhm aige an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní airgeadais atá ar fáil don Ghníomhaireacht. An 12 Meitheamh 2007, ghlac an Bord Riaracháin Plean Gníomhaíochta i gcomhair Ullmhachta agus Freagartha i gcás Truailliú ó Shubstaintí Guaiseacha agus Díobhálacha. I gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002, déantar an dá phlean gníomhaíochta a thabhairt cothrom le dáta gach bliain trí chlár oibre bliantúil na Gníomhaireachta.

(7)

Ba cheart féachaint do na comhaontuithe atá ann cheana maidir le truailliú de thaisme, lena n-éascaítear cúnamh agus comhar idir na Ballstáit sa réimse sin, agus ní mór féachaint freisin do na coinbhinsiúin agus do na comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha maidir le limistéir Eorpacha mhuirí a chosaint ó theagmhais truaillithe lena gceanglaítear ar na páirtithe gach beart iomchuí is gá a dhéanamh chun bheith ullamh do theagmhas truaillithe ola agus chun freagairt air.

(8)

Baineann gníomhaíocht freagartha truaillithe na Gníomhaireachta, arna sonrú sna pleananna gníomhaíochta, le gníomhaíochtaí i réimse na faisnéise, an chomhair agus an chomhordúcháin, lena n-áirítear i dtaca le truailliú mara ó shubstaintí guaiseacha agus díobhálacha. Thar aon ní eile, baineann an ghníomhaíocht freagartha sin le cúnamh oibríochtúil a chur ar fáil do na Ballstáit atá buailte nó do na tríú tíortha a roinneann imchuach réigiúnach farraige leis an Aontas (“Stáit atá buailte” araon), trí shoithí breise fritruaillithe a chur ar fáil chun truailliú ola ó longa chomh maith le truailliú mara ó shuiteálacha ola agus gáis a chomhrac. Ba cheart don Ghníomhaireacht aird ar leith a thabhairt ar na limistéir sin atá sainaitheanta mar na limistéir is leochailí, gan dochar d’aon limistéar eile a bhfuil riachtanas air.

(9)

Ba cheart do ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i réimse na freagartha ar thruailliú na socruithe comhair atá ann cheana lena bhforáiltear do chúnamh frithpháirteach i gcás teagmhais truaillithe mhuirí a chomhlíonadh. D’aontaigh an tAontas d’eagraíochtaí réigiúnacha éagsúla agus tá sé ag ullmhú chun aontú d’eagraíochtaí réigiúnacha eile.

(10)

Ba cheart gníomhaíocht na Gníomhaireachta a chomhordú leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi na comhaontuithe déthaobhacha agus réigiúnacha a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu. I gcás teagmhais truaillithe mhuirí, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt do Stáit atá buailte, a bhfuil na hoibríochtaí glantacháin á ndéanamh faoina n-údarás.

(11)

Ba cheart don Ghníomhaireacht ról gníomhach a imirt i gcothabháil Sheirbhís Faireacháin Ola Satailíte na hEorpa (CleanSeaNet) agus i bhforbairt bhreise a dhéanamh uirthi i gcomhair faireachais, luathbhrath truaillithe agus sainaithint na long nó na suiteálacha ola nó gáis atá freagrach, mar shampla i gcás scaoileadh ola ó longa agus sceitheadh oibríochta agus doirteadh de thaisme ó ardáin amach ón gcósta. Ba cheart don tseirbhís sin feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí agus ar éifeachtacht agus ar thráthúlacht na freagartha ar thruailliú.

(12)

Ba cheart na hacmhainní breise a sholáthróidh an Ghníomhaireacht do Stáit atá buailte a chur ar fáil trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(13)

Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis a bhaineann le sásraí poiblí agus príobháideacha freagartha ar thruailliú agus leis na cumais freagartha chomhlachaithe i réigiúin éagsúla an Aontais a chur ar fáil tríd an gComhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála (CECIS) a bunaíodh le Cinneadh 2007/779/CE, Euratom ón gComhairle (8), nuair a bheidh an fhaisnéis ar fáil chuige sin.

(14)

Chun cúnamh oibríochtúil na Gníomhaireachta a dhéanamh níos éifeachtúla i bhfianaise an leathnú a rinneadh ar shainordú freagartha truaillithe na Gníomhaireachta chuig tríú tíortha a roinneann imchuach farraige réigiúnach leis an Aontas, ba cheart don Ghníomhaireacht gach iarracht a dhéanamh na tríú tíortha sin a spreagadh chun faisnéis a chomhthiomsú agus comhoibriú i gcothabháil liosta de na sásraí freagartha agus de na cumais freagartha comhlachaithe ag an nGníomhaireacht.

(15)

D’fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht gníomhaíochtaí freagartha truaillithe na Gníomhaireachta, ba cheart do Bhallstáit staidéir eolaíocha a roinnt leis an nGníomhaireacht ar staidéir iad a bhféadfadh sé gur ghlac siad de láimh iad ar éifeachtaí na gceimiceán a úsáidtear mar easróirí ab fhéidir a bheith ábhartha do na gníomhaíochtaí sin.

(16)

Chun cur chun feidhme críochnúil phleananna gníomhaíochta na Gníomhaireachta a áirithiú, ba cheart córas inmharthana agus cost-éifeachtach a thabhairt don Ghníomhaireacht, go háirithe, chun go maoineofaí an cúnamh oibríochtúil a chuirtear ar fáil do Stáit atá buailte.

(17)

Dá bhrí sin, ba cheart féachaint chuige, ar bhonn gealltanais ilbhliantúil, go mbeidh sláine airgeadais ann i gcomhair chistiú na gcúraimí atá curtha ar an nGníomhaireacht i réimse na freagartha ar thruailliú agus na ngníomhaíochtaí comhlachaithe. Ba cheart méid an ghealltanais ilbhliantúil sin an méadú ar shainchúram na Gníomhaireachta maidir le freagairt ar thruailliú a léiriú, agus freisin an gá atá ann go ndéanfadh an Ghníomhaireacht éifeachtúlacht úsáid na gcistí a leithdháiltear air a mhéadú, i gcomhthéacs na srianta buiséadacha. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle méideanna bliantúla ranníocaíocht an Aontais a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil. Tá sé tábhachtach go háirithe go ndéanfadh an Coimisiún meastóireacht meántéarma ar chumas na Gníomhaireachta a freagrachtaí a chomhlíonadh, i réimse na freagartha ar thruailliú mara ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis ar bhealach éifeachtach agus cost-éifeachtúil.

(18)

Ba cheart na méideanna atá le gealladh chun an fhreagairt ar thruailliú a chistiú an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 a chumhdach, i gcomhréir leis an gcreat ilbhliantúil airgeadais a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (9) (“an creat airgeadais ilbhliantúil”). Ba cheart imchlúdach airgeadais a chumhdóidh an tréimhse chéanna a sholáthar dá bhrí sin.

(19)

Ba cheart an tacaíocht a thugann an Ghníomhaireacht do Stáit a chuireann isteach ar aontachas leis an Aontas agus do thíortha comhpháirtíochta Chomharsanacht na hEorpa a mhaoiniú trí chláir de chuid an Aontais atá ann cheana i gcomhair na Stát sin agus dá bhrí sin níor cheart í a bheith mar chuid de chistiú ilbhliantúil na Gníomhaireachta.

(20)

Chun barrfheabhas a chur ar leithdháileadh gealltanas agus chun aon athruithe ar ghníomhaíochtaí freagartha ar thruailliú ó longa a chur i gcuntas, is gá a áirithiú go ndéanfar faireachán leanúnach ar na riachtanais ghníomhaíochta ar leith atá ann ionas go mbeifear in ann na gealltanais airgeadais bhliantúla a oiriúnú.

(21)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 1406/2002, ba cheart don Ghníomhaireacht tuairisc a thabhairt ina tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme airgeadais chistiú ilbhliantúil na Gníomhaireachta.

(22)

Is iomchuí an leanúnachas a áirithiú sa tacaíocht mhaoinithe a chuirtear ar fáil faoi ghníomhaíocht na Gníomhaireachta i réimse na freagartha ar thruailliú mara ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis, agus tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leagtar síos sa Rialachán seo na socruithe mionsonraithe maidir le ranníocaíocht airgeadais an Aontais le buiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí chun na cúraimí atá sannta di i réimse na freagartha ar thruailliú mara ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis a chur chun feidhme, de bhun Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002.

2.   Le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i réimse na freagartha ar thruailliú, ní scaoilfear na Stáit chósta óna ndualgas maidir le sásraí iomchuí a bheith ar bun acu chun freagairt ar thruailliú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “ola” peitriliam in aon fhoirm, lena n-áirítear amhola, ola bhreosla, sloda, dramhaíl ola agus táirgí scagtha arna leagan síos ag an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le hUllmhacht, Freagairt agus Comhar i dtaca le hOla-Thruailliú, 1990, den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO);

(b)

ciallaíonn “substaintí guaiseacha agus díobhálacha” aon substaint eile nach ola í ar dócha, má sceitear isteach sa mhuirthimpeallacht í, go dtiocfaidh guaiseanna do shláinte an duine aisti, go ndéanfaidh sí díobháil d’acmhainní beo agus do dhúlra na mara, go ndéanfaidh sí dochar do shaoráidí nó go gcuirfidh sí isteach ar úsáidí dlisteanacha eile na mara, arna mbunú ag an bPrótacal um Ullmhacht, Freagracht agus Comhar maidir le Teagmhais Truaillithe ó Shubstaintí Guaiseacha agus Díobhálacha, 2000, den IMO.

(c)

ciallaíonn “suiteáil ola agus gáis” saoráid sheasta, dho-aistrithe nó shoghluaiste, nó meascán de shaoráidí atá idircheangailte go buan le droichid nó le struchtúir eile, a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta nó i dtaca leis na hoibríochtaí sin; le “suiteáil ola agus gáis”, ní áirítear aonaid shoghluaiste dhruileála amach ón gcósta ach amháin má bhíonn siad lonnaithe in uiscí amach ón gcósta do dhruileáil, do tháirgeadh nó do ghníomhaíochtaí eile atá comhlachaithe le hoibríochtaí ola nó gáis amach ón gcósta, chomh maith le bonneagar agus saoráidí a úsáidtear chun ola agus gás a thabhairt i dtír agus go dtí críochfoirt ar tír mór.

Airteagal 3

Raon Feidhme

An ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 1, leithdháilfear í ar an nGníomhaireacht d’fhonn gníomhaíochtaí a mhaoiniú i réimse na freagartha ar thruailliú mara ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis faoi mar a thagraítear dóibh sa phlean mionsonraithe a bunaíodh i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002, go háirithe gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh oibríochtúil agus tacaíocht a thabhairt trí bhíthin acmhainní breise, amhail trí longa cúltaca fritruaillithe, íomhánna agus trealamh satailíte, do ghníomhaíochtaí freagartha ar thruailliú, arna iarraidh sin do Bhallstáit atá buailte, i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 2(3), agus le hAirteagal 2(5), de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 i gcás truailliú mara de thaisme nó d’aon ghnó ó longa nó ó shuiteálacha ola agus gáis;

(b)

comhar agus comhordú agus soláthar cúnaimh theicniúil agus eolaíoch do na Ballstáit agus don Choimisiún faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí ábhartha an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta, an IMO agus na n-eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha;

(c)

faisnéis, go háirithe faisnéis faoi dhea-chleachtais, faoi oilteacht, faoi theicnící agus faoi nuálaíochtaí i réimse na freagartha ar thruailliú mara ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh.

Airteagal 4

Cistiú ón Aontas

1.   Laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil, tabharfar don Ghníomhaireacht na leithreasaí is gá chun a freagrachtaí a chomhlíonadh i réimse na freagartha ar thruailliú mara ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis ar shlí éifeachtach agus chost-éifeachtúil.

2.   EUR 160 500 000 arna shloinneadh i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 3 a chur chun feidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla a chinneadh laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil. A fhad a bhaineann leis sin, ráthófar cistiú riachtanach an chúnaimh oibríochtúil do na Ballstáit de bhun phointe (a) d’Airteagal 3.

Airteagal 5

Faireachán a dhéanamh ar chumais atá ann cheana

1.   Chun na riachtanais a shainiú maidir leis an gcúnamh oibríochtúil a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht agus chun éifeachtúlacht an tsoláthair sin a fheabhsú, mar shampla i bhfoirm soithí fritruaillithe breise anuas ar acmhainní na mBallstát, cothabhálfaidh an Ghníomhaireacht liosta de shásraí poiblí freagartha ar thruailliú, agus i gcás ina mbeidh siad ar fáil, liosta de shásraí príobháideacha freagartha ar thruailliú agus liosta de na cumais freagartha chomhlachaithe i réigiúin éagsúla an Aontais.

2.   Cothabhálfaidh an Ghníomhaireacht an liosta sin ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil. Le linn an liosta sin a chothabháil, beidh d’aidhm ag an nGníomhaireacht faisnéis maidir le sásraí freagartha truaillithe agus cumais freagartha chomhlachaithe ó thríú tíortha a roinneann imchuach farraige réigiúnach leis an Aontas a fháil.

3.   Cuirfidh Bord Riaracháin na Gníomhaireachta an liosta sin agus faisnéis iomchuí eile a bhaineann leis na cuspóirí freagartha truaillithe a leagtar amach in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002, amhail an fhaisnéis atá sna measúnuithe riosca agus sna staidéir eolaíocha ar éifeachtaí na gceimiceán a úsáidtear mar easróirí, san áireamh sula ndéanfaidh sé cinneadh maidir le gníomhaíochtaí freagartha ar thruailliú de chuid na Gníomhaireachta faoi chuimsiú chlár oibre bliantúil na Gníomhaireachta. Ba cheart don Ghníomhaireacht aird ar leith a thabhairt, sa chomhthéacs sin, ar na limistéir sin atá sainaitheanta mar na limistéir is leochailí, gan dochar d’aon limistéar eile a bhfuil riachtanas air.

Airteagal 6

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Nuair a chuirfear gníomhaíochtaí a chistítear faoin Rialachán seo chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha agus cigireachtaí éifeachtacha a dhéanamh agus, i gcás ina mbraithfear neamhrialtachtaí, trí aisghabháil aon mhéideanna a íocadh go míchuí agus trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (10) agus le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (11) agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

2.   Maidir le gníomhaíochtaí an Aontais a chistítear faoin Rialachán seo, ciallóidh an coincheap arb é “neamhrialtacht”, dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, aon sárú ar fhoráil de dhlí an Aontais nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach de dheasca gnímh nó neamhghnímh a rinne oibreoir eacnamaíoch, a bhfuil sé d’éifeacht aige nó a mbeadh sé d’éifeacht aige, de bharr míre caiteachais gan údar, dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais nó do bhuiséid a bheidh a mbainistiú aige.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht, laistigh dá raon inniúlachta faoi seach, go bhfaighfear an luach is fearr ar airgead agus gníomhaíochtaí an Aontais faoin Rialachán seo á gcistiú.

Airteagal 7

Meastóireacht mheántéarmach

1.   Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2017, cuirfidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag an nGníomhaireacht, tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil sin, a tharraingeofar suas gan dochar do ról Bhord Riaracháin na Gníomhaireachta, leagfar amach torthaí úsáid ranníocaíocht an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4 maidir le gealltanais agus caiteachas a chumhdaíonn an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2016.

2.   Sa tuarascáil sin, tíolacfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chumas na Gníomhaireachta a freagrachtaí a chomhlíonadh ar shlí éifeachtach agus chost-éifeachtúil. Don tréimhse 2018-20, bunaithe ar an meastóireacht, agus breithniú á dhéanamh ar an ngá atá ann go ndéanfadh an Ghníomhaireacht na cúraimí a shanntar dó a chur i gcrích, déanfaidh an Coimisiún, más gá, coigeartú iomchuí a mholadh, a mbeidh uasmhéid 8 % air, ar an imchlúdach ilbhliantúil airgeadais a leithdháiltear ar an nGníomhaireacht chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 3 a chur chun feidhme. Fanfaidh an coigeartú féideartha laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil agus tá sé gan dochar do na nósanna imeachta buiséadacha bliantúla nó don athscrúdú atá le teacht ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

3.   Beidh faisnéis sa tuarascáil sin ar na himpleachtaí socheacnamaíocha, éiceolaíocha agus airgeadais, má tá fáil orthu, ar ullmhacht freagartha na Gníomhaireachta a bhaineann le truailliú mara ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis.

4.   Ina theannta sin, ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún, más iomchuí, leasuithe ar an Rialachán seo a mholadh, go háirithe chun dul chun cinn eolaíoch a chur i gcuntas sa chomhrac i gcoinne truailliú mara ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis, lena n-áirítear maidir le truailliú ó shubstaintí guaiseacha agus díobhálacha, chomh maith le hathruithe ábhartha ar na hionstraimí lena mbunaítear eagraíochtaí réigiúnacha a bhfuil a ngníomhaíochtaí cumhdaithe ag gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta maidir le freagairt ar thruailliú agus dár aontaigh an tAontas.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. GOZI


(1)  IO C 327, 12.11.2013, lch. 108.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Iúil 2014.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 724/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 129, 29.4.2004, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 100/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 39, 9.2.2013, lch. 30).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 2038/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le cistiú ilbhliantúil i gcomhair ghníomhaíocht na Gníomhaireachta Eorpaí um Shlándáil Mhuirí i réimse na freagartha ar thruailliú ó longa (IO L 394, 30.12.2006, lch. 1).

(7)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

(8)  Cinneadh 2007/779/CE, Euratom ón gComhairle an 8 Samhain 2007 lena mbunaítear Sásra Cosanta Sibhialta Comhphobail (IO L 314, 1.12.2007, lch. 9).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(10)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(11)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus i gcoinne mírialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(12)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).