30.7.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 806/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2014

lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le fiche nó tríocha bliain anuas tá dul chun cinn déanta ag an Aontas chun margadh inmheánach do sheirbhísí baincéireachta a chruthú. Tá sé bunriachtanach margadh inmheánach comhtháite níos fearr do sheirbhísí baincéireachta a bheith ann d'fhonn fás eacnamaíoch san Aontas agus cistiú leordhóthanach an fhíorgheilleagair a sporadh. Mar sin féin, léiríonn an ghéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch go bhfuil feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh faoi bhagairt sa réimse seo agus go bhfuil ag méadú ar an riosca go mbeidh ilroinnt airgeadais ann. Is fíorchúis imní é seo i margadh inmheánach inar cheart go mbeadh bainc ábalta gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann a chur i gcrích. Níl margaí idirbhainc chomh leachtach agus a bhí, agus tá ag laghdú ar ghníomhaíochtaí trasteorann i ngeall ar eagla na haicídithe, agus i ngeall ar easpa muiníne i gcórais bhaincéireachta náisiúnta eile agus i gcumas Ballstát tacú le bainc.

(2)

Toisc na ndifríochtaí idir rialacha náisiúnta i mBallstáit éagsúla maidir le réiteach agus cleachtais riaracháin chomhfhreagracha agus toisc gan aon phróiseas aontaithe cinnteoireachta a bheith ann maidir le réiteach san aontas baincéireachta, tá ag géarú ar an easpa muiníne sin i gcórais eile bhaincéireachta náisiúnta agus ar an éagobhsaíocht sa mhargadh, sa mhéid nach n-áirithíonn siad intuarthacht a bheith ann maidir lena bhféadfaidh a bheith mar thoradh ar chliseadh ar bhanc.

(3)

Go háirithe, na dreasachtaí agus na cleachtais éagsúla atá ag na Ballstáit maidir le déileáil le creidiúnaithe banc atá faoi réiteach agus maidir le bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a imtharrtháil le hairgead cáiníocóirí, tá tionchar acu ar an riosca creidmheasa, ar an tsláine airgeadais agus ar an tsócmhainneacht a mheastar a bheith ag baint lena gcuid bancagus dá bhrí sin cruthaítear éagothroime iomaíochta. Lagaíonn sin an mhuinín atá ag an bpobal as earnáil na baincéireachta agus cuireann sé bac le feidhmiú shaoirse na bunaíochta agus saorsholáthair seirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach ós rud é gurb ísle a bheadh costais mhaoiniúcháin mura mbeadh difríochtaí den sórt sin idir cleachtais Ballstát.

(4)

Féadfaidh difríochtaí idir rialacha náisiúnta réitigh i mBallstáit éagsúla agus na cleachtais riaracháin chomhfhreagracha costais níos airde iasachtaíochta a chur ar bhainc agus ar chustaiméirí, agus sin i ngeall ar a n-áit bhunaíochta amháin, beag beann ar a bhfíoracmhainn creidmheasa. Ina theannta sin, is airde na rátaí iasachtaíochta a ghearrtar ar chustaiméirí banci roinnt Ballstát ná na rátaí a ghearrtar ar chustaiméirí banc i mBallstáit eile, beag beann ar a n-acmhainn creidmheasa.

(5)

Bhain an Chomhairle Eorpach de thátal an 18 Deireadh Fómhair 2012“I bhfianaise na ndúshlán bunúsach atá roimpi, ní mór an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú chun leas eacnamaíoch agus sóisialta, chomh maith le cobhsaíocht agus rathúnas marthanach a áirithiú” agus “ba cheart go dtógfadh an próiseas i dtreo aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos doimhne ar chreat institiúideach dlíthiúil an Aontais agus a bheith ina phríomhthréith ann oscailteacht agus trédhearcacht i leith Ballstát nach é an euro a n-airgeadra agus urraim do shláine an mhargaidh inmheánaigh”. Chun na críche sin, bunaítear aontas baincéireachta, faoina bhfuil taca curtha ag leabhar rialacha aonair cuimsitheach agus mionsonraithe le haghaidh seirbhísí airgeadais don mhargadh inmheánach ina iomláine. Is é is príomhthréith sa phróiseas i leith aontas baincéireachta a bhunú oscailteacht agus trédhearcacht i leith Ballstát neamh-rannpháirteach agus meas ar shláine an mhargaidh inmheánaigh.

(6)

Ina rún an 7 Iúil 2010 ina raibh moltaí don Choimisiún um Bainistíocht Géarchéime Trasteorann san Earnáil Baincéireachta, d'iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún teachtaireacht a thíolacadh “ar bhonn Airteagal 50 agus Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, togra reachtacha amháin nó níos mó a bhaineann le creatlach AE chun géarchéimeanna a bhainistiú, ciste cobhsaíochta airgeadais AE, agus aonad réitigh” agus, ina rún an 20 Samhain 2012 ina raibh moltaí don Choimisiún maidir le tuarascáil Uachtaráin na Comhairle Eorpaí, an Choimisiúin Eorpaigh, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus Ghrúpa an Euro “I dTreo fíor-Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta”, luadh “go raibh briseadh suas lúb an aiseolais dhiúltaigh idir flaithiúnais, bainc agus an fíorgheilleagar sár-riachtanach d'fheidhmiú rianúil AEA”, leagadh béim “ar an ngéarghá le bearta breise agus forleithne chun an ghéarchéim san earnáil bhaincéireachta a réiteach” agus chun “aontas baincéireachta Eorpach atá i bhfeidhm go hiomlán a réadú;” agus a áirithiú “an margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais agus do shaorghluaiseacht chaipitil a bheith ag feidhmiú i gceart agus go leanúnach”.

(7)

Mar chéad chéim i dtreo aontais bhaincéireachta tá an sásra maoirseachta aonair arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh 1024/2013 (4) (“SMA”) le háirithiú go gcuirfear beartas an Aontais a bhaineann le maoirseacht stuama ar institiúidí creidmheasa i bhfeidhm ar shlí chomhleanúnach agus éifeachtach, go gcuirfear an leabhar rialacha aonair do sheirbhísí airgeadais i bhfeidhm sa tslí chéanna le hinstitiúidí creidmheasa sna Ballstáit sin atá sa limistéar euro agus sna Ballstáit sin nach bhfuil sa limistéar euro a roghnóidh páirt a ghlacadh i SRA (na “Ballstáit rannpháirteacha”), agus go mbeidh na hinstitiúidí creidmheasa sin faoi réir maoirseachta den chaighdeán is airde.

(8)

Is ionstraim riachtanach iad sásraí réitigh níos éifeachtaí chun damáistí a bhí mar thoradh ar chliseadh banc san am atá caite a sheachaint.

(9)

A fhad is de chineál náisiúnta a bheidh rialacha, cleachtais agus cineálacha cur chuige réitigh ó thaobh comhroinnte ualaigh, agus a fhad a bheidh na hacmhainní airgeadais a theastaíonn chun réiteach a chistiú á gcruinniú agus á gcaitheamh ar an leibhéal náisiúnta, leanfaidh an margadh inmheánach de bheith ilroinnte. Ina theannta sin, tá dreasachtaí tréana ag maoirseoirí náisiúnta an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag géarchéimeanna baincéireachta ar an ngeilleagar náisiúnta a mhaolú trí ghníomhú go haontaobhach chun oibríochtaí baincéireachta a imfhálú, mar shampla trí aistrithe agus iasachtaí laistigh de ghrúpaí a theorannú, nó trí cheanglais leachtachta agus chaipitil níos airde a fhorchur ar fhochuideachtaí de chuid máthairghnóthas ina ndlínse a bhféadfadh a bheith ag cliseadh orthu. Cuireann sin srian ar ghníomhaíochtaí trasteorann bancagus dá thoradh sin cuirtear bacainní le feidhmiú saoirsí bunúsacha agus déantar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Féadfar le saincheisteanna achrannacha baile-óstacha, cé go dtugtar aghaidh orthu i gcomhthéacs SMA agus Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), éifeachtúlacht a laghdú go fóill i bpróisis réitigh trasteorann.

(10)

Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, ba ghá géarú ar chomhtháthú an chreata réitigh d'institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta (“institiúidí”) chun an tAontas a neartú, cobhsaíocht airgeadais a athbhunú agus an bunús le haghaidh téarnaimh eacnamaíoch a leagan. Is céim shuntasach i dtreo comhchuibhiú na rialacha maidir le réiteach banc ar fud an Aontais í Treoir 2014/59/EU agus foráiltear léi do chomhar idir údaráis réitigh agus iad ag plé le cliseadh banc trasteorann. Bunaítear leis an Treoir sin, áfach, rialacha íosta um chomhchuibhiú agus ní leanfaidh lárnú cinnteoireachta i réimse an réitigh aisti. Go bunúsach, déantar léi uirlisí comhchoiteanna réitigh agus cumhachtaí réitigh a chur ar fáil d'údaráis náisiúnta gach Ballstáit, ach fágtar faoi na húdaráis náisiúnta cur i bhfeidhm na n-uirlisí agus úsáid socruithe náisiúnta um maoiniú chun tacú le nósanna imeachta réitigh. Áirithíonn sé seo go mbeidh na huirlisí ag údaráis chun idirghabháil a dhéanamh luath agus tapa a dhóthain in institiúid lochtach nó institiúid a bhfuil ag cliseadh uirthi chun leanúnachas feidhmeanna airgeadais agus eacnamaíocha criticiúla na hinstitiúide a áirithiú agus tionchar a bheadh ag cliseadh institiúide ar an ngeilleagar agus ar an gcóras airgeadais a íoslaghdú.

Cé go dtugann sí cúraimí rialála agus idirghabhála don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (“ÚBE”), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ní chuireann Treoir 2014/59/EU cosc iomlán ar na Ballstáit cinntí a dhéanamh ar bhonn leithligh agus ar bhealach a d'fhéadfadh a bheith neamhréireach maidir le réiteach grúpa trasteorann a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chostais iomlána réitigh. Ina theannta sin, ós rud é go ndéanann an Treoir sin foráil maidir le socruithe náisiúnta um maoiniú, ní leor an laghdú a dhéanann sí ar spleáchas na mbanc ar thacaíocht ó na buiséid náisiúnta ná ní chuireann sí cosc iomlán ar chineálacha éagsúla cur chuige a bheith ag na Ballstáit i leith úsáid na socruithe um maoiniú.

(11)

Le haghaidh Ballstát rannpháirteach, i gcomhthéacs an tSásra Réitigh Aonair (SRA), bunaítear cumhacht láraithe réitigh agus cuirtear de chúram í ar an mBord Réitigh Aonair arna bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo (“an Bord”) agus ar na húdaráis réitigh náisiúnta. Is cuid dhílis an bunú sin den phróiseas comhchuibhithe i réimse an réitigh a oibrítear le Treoir 2014/59/AE agus leis an tacar d'fhorálacha aonfhoirmeacha maidir le réiteach a leagtar síos sa Rialachán seo. Feabhsófar cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an réimis réitigh sna Ballstáit rannpháirteacha mar thoradh ar é a bheith de chúram ar údarás lárnach amhail an Bord. Ina theannta sin, tá SRA fite fuaite le próiseas an chomhchuibhithe i réimse na maoirseachta stuama, a cuireadh i gcrích trí bhunú ÚBE, an leabhair rialacha aonair maidir le maoirseacht stuama (Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8)), agus, sna Ballstáit rannpháirteacha, bunú SMA ar a gcuirtear de chúram cur i bhfeidhm rialacha maoirseachta stuama an Aontais. Is ionann maoirseacht agus réiteach agus dhá ghné chomhlántacha de bhunú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí airgeadais agus is féidir glacadh leis go bhfuil a gcur i bhfeidhm ar an leibhéal céanna spleách go frithpháirteach.

(12)

D'fhonn an margadh inmheánach i seirbhísí airgeadais a thabhairt chun críche, tá sé sár-riachtanach a áirithiú go mbeidh cinntí éifeachtacha maidir le réiteach banc a bhfuil ag cliseadh orthu laistigh den Aontas, lena n-áirítear cinntí maidir le cistiú a chruinnítear ar leibhéal an Aontais. Laistigh den mhargadh inmheanach, d'fhéadfadh cliseadh banc i mBallstát amháin tionchar a imirt ar chobhsaíocht mhargaí airgeadais an Aontais ina iomláine. Trí rialacha éifeachtacha, aonfhoirmeacha réitigh agus coinníollacha comhionanna maidir le maoiniú réitigh a áirithiú ar fud na mBallstát uile, ní hamháin go ndéanfar leas na mBallstát ina bhfeidhmíonn bainc ach déanfar leas gach Ballstáit go ginearálta mar bhealach chun cothromaíocht iomaíochais a áirithiú agus le feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Tá dlúthnasc ag córais bhaincéireachta le chéile sa mhargadh inmheánach, is grúpaí idirnáisiúnta iad grúpaí bainc, agus tá céatadán ard sócmhainní eachtracha ag bainc. De cheal SRA, ba mhóide an drochéifeacht shistéamach a bheadh ag géarchéimeanna banc i mBallstáit atá páirteach i SMA nó i mBallstáit nach bhfuil páirteach ann. Le bunú SRA, áiritheofar cur chuige neodrach maidir le déileáil le bainc atá ag cliseadh agus, dá bhrí sin, méadófar leis cobhsaíocht bhainc na mBallstát rannpháirteach agus cuirfear cosc leis ar leathnú géarchéimeanna chuig tíortha nach bhfuil páirteach ann, agus ar an dóigh sin éascófar feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ina iomláine. Ba cheart na sásraí do chomhoibriú maidir le hinstitiúidí a bunaíodh sna Ballstáit rannpháirteacha agus neamh-rannpháirteacha a bheith soiléir, agus níor cheart idirdhealú a dhéanamh ar Bhallstát nó ar ghrúpa Ballstát, go díreach nó go hindíreach, mar ionad do sheirbhísí airgeadais.

(13)

D'fhonn muinín agus creidiúnacht as earnáil na baincéireachta a chur ar ais, tá measúnacht clár comhardaithe cuimsitheach á déanamh faoi láthair ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ar na bainc uile ar a ndéantar maoirseacht dhíreach. Ba cheart go ndeimhneofaí le measúnú den sórt sin do na geallsealbhóirí uile go mbeidh bainc a rachaidh isteach i SMA agus, dá bhrí sin, a thagann faoi raon feidhme SRA, slán agus iontaofa go bunúsach.

(14)

I ndiaidh bhunú SMA le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ar dá bhun a dhéanann BCE nó na húdaráis inniúla náisiúnta faoi chuimsiú SMA maoirseacht lárnach ar bhainc sna Ballstáit rannpháirteacha, tá míréir ann idir an mhaoirseacht a dhéanann an tAontas ar na bainc sin agus ar an gcaoi a gcaitear leis na bainc sin ar an leibhéal náisiúnta sna nósanna imeachta réitigh de bhun Threoir 2014/59/AE ar a dtabharfar aghaidh le bunú SRA.

(15)

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin i leith na mbanc arb é a maoirseoir baile BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta sna Ballstáit arb é an euro a n-airgeadra nó sna Ballstáit nach é an euro a n-airgeadra atá tar éis dlúthchomhar a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. Tá raon feidhme an Rialacháin seo nasctha le raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. Go deimhin, agus aird á tabhairt ar an leibhéal suntasach ina bhfuil na cúraimí maoirseachta a shanntar do SMA agus do réiteach gníomhaíochta fite fuaite, tá tábhacht bhunúsach le bunú córas láraithe maoirseachta, arna fheidhmiú faoi Airteagal 127(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) sa phróiseas comhchuibhithe réitigh do na Ballstáit rannpháirteacha. De bhrí gur airí sonrach atá ann go gcuirtear na heintitis a thagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 faoi réir mhaoirseacht SMA, is i staid leithleach atá siad go hoibiachtúil chun críche réitigh, ar staid í ag a bhfuil saintréithe. Is gá bearta a ghlacadh chun SRA a bhunú do na Ballstáit uile a bheidh rannpháirteach i SMA chun feidhmiú cuí, cobhsaí an mhargaidh inmheánaigh a éascú.

(16)

Bíonn bainc i mBallstáit nach bhfuil i SMA faoi réir socruithe maoirseachta, réitigh agus tacaíochta airgeadais atá ag teacht le chéile ar an leibhéal náisiúnta, ach os a choinne sin bíonn bainc i mBallstáit atá rannpháirteach i SMA faoi réir shocruithe an Aontais i gcás maoirseachta agus socruithe náisiúnta a fhad a bhaineann le réiteach agus socruithe tacaíochta airgeadais. Ó tharla go ndéantar maoirseacht agus réiteach ar dhá leibhéal éagsúla laistigh de SMA, ní bheadh idirghabháil agus réiteach i leith banc sna Ballstáit atá rannpháirteach i SMA chomh gasta, chomh comhleanúnach ná chomh héifeachtach céanna agus a bheadh sé i gcás banc i mBallstáit nach bhfuil rannpháirteach i SMA. Dá bhrí sin, d'fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú, is bunriachtanas é sásra réitigh láraithe do na bainc uile a fheidhmíonn sna Ballstáit atá rannpháirteach i SMA.

(17)

A fhad a bheidh maoirseacht á déanamh lasmuigh de SMA i mBallstát, ba cheart go leanfadh an Ballstát sin de bheith freagrach as iarmhairtí airgeadais maidir le cliseadh bainc. Dá bhrí sin, níor cheart go gcumhdódh SRA ach bainc agus institiúidí airgeadais atá bunaithe i mBallstáit ar rannpháirtithe iad i SMA agus atá faoi réir mhaoirseacht BCE agus na n-údarás náisiúnta faoi chuimsiú SMA. Níor cheart bainc atá bunaithe sna Ballstáit neamh-rannpháirteacha i SMA a bheith faoi réir SRA. Dá gcuirfí Ballstáit den sórt sin faoi réir SRA, bheadh na dreasachtaí contráilte acu. Go háirithe, d'fhéadfadh sé go n-éireodh maoirseoirí sna Ballstáit sin níos boige i leith banc ina ndlínse féin ráite nach orthusan a thitfeadh iomlán an riosca airgeadais a bhainfeadh le cliseadh. Dá bhrí sin, d'fhonn comhthreomhaireacht le SMA a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag SRA maidir le gach Ballstát ar rannpháirtí é i SMA. Gach uair a thagann Ballstát isteach i SMA, ba cheart go dtiocfadh sé faoi réir SRA go huathoibríoch. D'fhéadfadh SRA an margadh inmheánach ina iomláine a chumhdach i ndeireadh thiar thall.

(18)

D'fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach ina iomláine, tá an Rialachán seo comhsheasmhach le Treoir 2014/59/AE. Dá bhrí sin, déanann sé rialacha agus prionsabail na Treorach sin a chur in oiriúint do shainiúlachtaí SRA, agus áirithíonn sé go mbeidh cistiú cuí ar fáil don dara ceann. Nuair a fheidhmíonn an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún na cumhachtaí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo, ba cheart go mbeidís faoi réir gníomhartha tarmligthe, agus caighdeán teicniúil rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte agus moltaí arna nglacadh ag ÚBE ar bhonn Airteagal 10 go hAirteagal 15 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 faoi seach laistigh de raon feidhme Threoir 2014/59/AE. Ba cheart don Bhord, don Chomhairle agus don Choimisiún, ina gcáil faoi seach, comhoibriú freisin le ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 25 agus le hAirteagal 30 den Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus freagairt d'iarrataí ar bhailiúchán faisnéise a bheidh dírithe chucu ag ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 35 den Rialachán sin. Meabhraítear, de réir na habairte deiridh d'Aithris 32 den Rialachán sin, “i gcásanna ina dtugann reachtaíocht ábhartha an Aontais lánrogha d'údaráis inniúla[…], ní féidir cinntí arna nglacadh ag an Údarás a chur in ionad fheidhmiú na lánrogha sin i gcomhréir le dlí an Aontais”. Ba cheart an prionsabal céanna a leathnú go dtí an Rialachán seo, agus na prionsabail atá cumhdaithe i ndlí príomha an Aontais á n-urramú aige. I bhfianaise na n-eilimintí tábhachtacha sin, ba cheart go mbeadh ÚBE ábalta a chúraimí a fheidhmiú go héifeachtach agus cóir chomhionann a aimsiú idir an Bord, an Chomhairle, an Coimisiún agus leis na húdaráis náisiúnta nuair a bheidh cúraimí comhchosúla á gcomhlíonadh.

(19)

Is eilimint riachtanach é ciste réitigh aonair (“Ciste”) nach bhfheidhmeodh SRA i gceart dá uireasa. Dá mba ar bhonn náisiúnta a leanfaí den chistiú a dhéanamh i gcónaí ar réiteach san fhadtéarma, ní bhrisfí an nasc idir flaithiúnais agus an earnáil baincéireachta go hiomlán, agus leanfadh infheisteoirí ar aghaidh ag bunú coinníollacha iasachtaíochta i gcomhréir le háit bhunaíochta na mbanc seachas lena gcreidiúnacht. Ba cheart an Ciste a bheith ina chuidiú le cleachtas aonfhoirmeach riaracháin a áirithiú ó thaobh réiteach a mhaoiniú agus ó thaobh cosc a chur ar theacht chun cinn bacainní le feidhmiú saoirsí bunúsacha nó saobhadh na hiomaíochta sa mhargadh inmheánach i ngeall ar chleachtais éagsúla náisiúnta. Ba cheart go maoineodh ranníocaíochtaí banc a cruinníodh ar an leibhéal náisiúnta an Ciste agus ba cheart é a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le comhaontú idir-rialtasach maidir le haistriú agus frithpháirtiú forásach na ranníocaíochtaí sin (an “Comhaontú”), agus ar an dóigh sin an chobhsaíocht airgeadais a mhéadú agus srian a chur leis an nasc idir an staid bhúiséadach a mheastar a bheith ag Ballstáit aonair agus costais cistiúcháin na mbanc agus na ngnólachtaí a fheidhmíonn sna Ballstáit sin. Chun an nasc sin a bhriseadh a thuilleadh, níor cheart go gcuirfeadh cinntí a ghlacfar laistigh de SRA isteach ar fhreagrachtaí búiséadacha na mBallstát. Maidir leis sin, níor cheart ach tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a mheas a bheith ina sárú ar fhlaithiúnas buiséadacha agus ar fhreagrachtaí búiséadacha na mBallstát. Go háirithe, níor cheart cinntí a cheanglaíonn úsáid an Chiste nó an scéim ráthaíochta taiscí a mheas a bheith ina sárú ar fhlaithiúnas buiséadach nó ar fhreagrachtaí búiséadacha na mBallstát.

(20)

Bunaítear leis an Rialachán seo chomh maith le Treoir 2014/59/AE na módúlachtaí chun an Ciste a úsáid agus na critéir ghinearálta chun socrú agus ríomh ranníocaíochtaí ex-ante agus ex-post a chinneadh. Fanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha inniúil chun na ranníocaíochtaí ó na heintitis atá lonnaithe ina gcríocha faoi seach a thobhach i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE agus leis an Rialachán seo. Trí bhíthin an Chomhaontaithe, glacfaidh na Ballstáit rannpháirteacha an oibleagáid na ranníocaíochtaí a aistriú chuig an gCiste a chruinníonn siad ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE agus leis an Rialachán seo. Ar feadh idirthréimhse, leithdháilfear na ranníocaíochtaí ar urranna éagsúla a fhreagraíonn do gach Ballstát rannpháirteach (urranna náisiúnta). Beidh na hurrannasin faoi réir cumaisc fhorásaigh ionas go scoirfidh siad de bheith ann ag deireadh na hidirthréimhse. Leagfar síos sa Chomhaontú na coinníollacha ar a gcomhaontóidh na páirtithe ann na ranníocaíochtaí a chruinníonn siad ar an leibhéal náisiúnta a aistriú chuig an gCiste agus na hurranna a chumasc go forásach. Beidh teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe riachtanach chun na ranníocaíochtaí arna gcruinniú ag na páirtithe a aistriú chuig hurranna náisiúnta an Chiste. Leagtar síos leis an Rialachán seo cumhachtaí an Bhoird chun an Ciste a úsáid agus a bhainistiú. Cinnteoidh an Comhaontú an chaoi ina bhféadfaidh an Bord na hurranna náisiúnta a chumasctar go forásach a dhiúscairt.

(21)

Ní féidir cur i bhfeidhm lárnach na rialacha maidir le réiteach d'institiúidí a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE a áirithiú ach amháin i gcás ina mbíonn na rialacha a rialaíonn bunú agus feidhmiú SRA infheidhme go díreach sna Ballstáit ionas nach mbainfear cialla éagsúla astu sna Ballstáit éagsúla. Ba cheart go dtabharfadh infheidhmeacht dhíreach den sórt sin buntáistí don mhargadh inmheánach ina iomláine mar go mbeidh sí ina cuidiú an iomaíocht chóir a áirithiú agus cosc a chur ar bhacainní le saorfheidhmiú saoirsí bunúsacha ní hamháin sna Ballstáit rannpháirteacha ach sa mhargadh inmheánach ina iomláine.

(22)

Amhail raon feidhme Rialachán (AE) Uimh1024/2013, ba cheart go gcumhdódh SRA na hinstitiúidí creidmheasa uile atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha. Mar sin féin, ba cheart go bhféadfaí, faoi chuimsiú SRA, aon institiúid chreidmheasa de chuid Ballstáit rannpháirtigh a réiteach go díreach d'fhonn míréireachtaí laistigh den mhargadh inmheánach a sheachaint i ndáil leis an gcaoi a ndéileáiltear, le linn próisis réitigh, le hinstitiúidí agus creidiúnaithe a bhfuil ag cliseadh orthu. A mhéid a bheidh máthairghnóthais, gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí airgeadais atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha ag teacht faoi mhaoirseacht chomhdhlúite BCE, ba cheart iad a theacht faoi raon feidhme SRA. Cé nach é BCE amháin a bheidh ag déanamh maoirseachta ar na hinstitiúidí sin, is é an t-aon mhaoirseoir amháin é a mbeidh osamharc aige ar an riosca a bhfuil grúpa agus, go hindíreach, baill aonair an ghrúpa, neamhchosanta air. Dá ndéanfaí eintitis atá faoi réir mhaoirseacht chomhdhlúite BCE a eisiamh ó raon feidhme SRA, ní fhéadfaí pleanáil a dhéanamh i leith réiteach grúpaí ná straitéis um réiteach grúpa a ghlacadh, agus d'fhágfaí gur lú an éifeachtacht a bheadh ag aon chinntí maidir le réiteach.

(23)

Laistigh de SRA, ba cheart cinntí a ghlacadh ar an leibhéal is iomchuí. Ba cheart don Bhord agus do na húdaráis réitigh náisiúnta na rialacha céanna ó thaobh ábhair de a chur i bhfeidhm nuair a ghlacfaidh siad cinntí faoin Rialachán seo.

(24)

Ós rud é nach bhféadfaidh ach institiúidí an Aontais comhbheartas réitigh an Aontais a bhunú agus ós rud é go bhfanann lamháil discréide i nglacadh gach scéime réitigh ar leith, tá sé riachtanach foráil a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht leordhóthanach na Comhairle agus an Choimisiúin, mar institiúidí a fhéadfaidh cumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE. Ba cheart go bhfeidhmeodh an Coimisiún meastóireacht ar ghnéithe lánroghnacha na gcinntí a thógann an Bord. Ráite an tionchar suntasach a bhíonn ag na cinntí réitigh ar chobhsaíocht airgeadais na mBallstát agus ar an Aontas, mar sin, agus ar fhlaithiúnas buiséadach na mBallstát chomh maith, tá sé tábhachtach go dtabharfar an chumhacht cur chun feidhme don Chomhairle chun cinntí áirithe a ghlacadh a bhaineann le réiteach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé faoin gComhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialú éifeachtach a fheidhmiú ar an meastóireacht ón mBord go bhfuil leas an phobail ann agus chun measúnú a dhéanamh ar aon athrú ábhartha ar mhéid an Chiste a bheidh le húsáid i ngníomhaíocht réitigh ar leith. Thairis sin, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na critéir bhreise nó na coinníollacha breise a shonrú a bheidh le cur i gcuntas ag an mBord i bhfeidhmiú a chumhachtaí éagsúla. Níor cheart go gcuirfeadh bronnadh cúraimí réitigh den sórt sin isteach ar shlí ar bith ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart do ÚBE a ról a choimeád ar bun agus a chumhachtaí agus a chúraimí atá ann cheana féin a choinneáil: ba cheart go ndéanfadh sé reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile a fhorbairt, agus rannchuidiú leis, agus ba cheart go ndéanfadh sé cóineasú na gcleachtas réitigh ar fud an Aontais ina iomláine a fheabhsú.

(25)

D'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú leis na prionsabail arna mbunú in Airteagal 3(3) de Threoir 2014/59/AE, ba cheart d'institiúidí an Aontais a áirithiú, agus na cúraimí a thugtar dóibh leis an Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, go mbeidh socruithe eagrúcháin iomchuí i bhfeidhm.

(26)

Ba cheart go mbeadh BCE, ina cháil mar mhaoirseoir laistigh de SMA, agus an Bord, in ann a mheas an bhfuil ag cliseadh ar institiúid chreidmheasa nó an bhfuil an dóchúlacht ann go gclisfear uirthi agus cibé an bhfuil aon ionchas réasúnach ann go ndéanfadh aon ghníomh de chineál eile san earnáil phríobháideach nó aon ghníomh maoirseachta eile cosc a chur lena cliseadh laistigh de thréimhse ama réasúnach. Ba cheart don Bhord, má mheasann sé go gcomhlíontar na critéir uile a bhaineann le réitigh a spreagadh, an scéim réitigh a ghlacadh. Neartaítear leis an nós imeachta a bhaineann le glacadh na scéime réitigh, lena mbaineann an Chomhairle agus an Coimisiún, an neamhspleáchas oibríochta atá riachtanach don Bhord agus prionsabal tharmligean na gcumhachtaí chuig gníomhaireachtaí, arna léirmhíniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) á urramú san am céanna. Dá bhrí sin, foráiltear leis an Rialachán seo nach dtiocfaidh an scéim réitigh atá glactha ag an mBord i bhfeidhm ach amháin más rud é, nach mbeidh aon agóidí ón gComhairle nó ón gCoimisiún laistigh de thréimhse 24 huaire an chloig tar éis a glactha ag an mBord, nó má tá an scéim réitigh formheasta ag an gCoimisiún. Ba cheart na forais ar a bhféadfaidh an Chomhairle agóid a dhéanamh, ar thogra ón gCoimisiún, i gcoinne scéim réitigh an Bhoird a bheith teoranta go docht do leas an phobail a bheith ann agus do mhodhnuithe ábhartha ag an gCoimisiún ar mhéid úsáide an Chiste arna mholadh ag an mBord.

Ba cheart go measfaí athrú de 5 % nó níos mó i méid an Chiste i gcomparáid le togra bunaidh an Bhoird a bheith ábhartha. Ba cheart don Chomhairle an togra ón gCoimisiún a fhormheas nó agóid a dhéanamh ina aghaidh gan é a leasú. Mar bhreathnóir ar chruinnithe an Bhoird, ba cheart don Choimisiúnar bhonn leanúnach a sheiceáil go gcomhlíonann an scéim réitigh arna glacadh ag an mBord an Rialachán seo go hiomlán, go gcothromaíonn sí go hiomchuí na cuspóirí agus na leasanna éagsúla i gceist, go n-urramaíonn sí leas an phobail agus go gcaomhnaítear sláine an mhargaidh inmheánaigh. Ós rud é go n-éilíonn an ghníomhaíocht réitigh próiseas cinnteoireachta an-tapa, ba cheart don Chomhairle agus don Choimisiún comhoibriú go dlúth le chéile agus níor cheart don Chomhairle an obair ullmhúcháin a bheidh déanta cheana féin ag an gCoimisiún a dhúbailt. Ba cheart don Bhord na húdaráis réitigh náisiúnta a threorú, agus ba cheart dóibhsean gach beart is gá a ghlacadh chun an scéim réitigh a chur chun feidhme.

(27)

Le scéim réitigh grúpa a tháirgeadh, ba cheart go n-éascófaí réiteach comhordaithe ar dóichí go dtabharfaidh sé an toradh is fearr d'eintitis uile de chuid grúpa. Ba cheart go mbeadh an chumhacht ag an mBord nó, i gcás inarb ábhartha, ag údaráis réitigh náisiúnta uirlis institiúid an droicheadbhainc a chur i bhfeidhm ar an leibhéal grúpa (a bhféadfaidh, i gcás inarb iomchuí, socruithe comhroinnte ualaigh a bheith i gceist léi) chun grúpa ina iomláine a chobhsú. D'fhéadfaí úinéireacht na bhfochuideachtaí a aistriú chuig an droichead-institiúid d'fhonn iad a dhíol ar aghaidh, bíodh sin mar phacáiste nó ina n-aonar, nuair is iomchuí na coinníollacha margaidh. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh an chumhacht ag an mBord nó, i gcás inarb ábhartha, ag an údarás réitigh náisiúnta, an uirlis fortharrthála a chur i bhfeidhm ar leibhéal an mháthairghnóthais.

(28)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Bhord, go háirithe, cinntí a dhéanamh i ndáil le heintitis nó grúpaí suntasacha, le heintitis nó grúpaí ar a ndéanann BCE maoirseacht dhíreach nó grúpaí trasteorann. Ba cheart do na húdaráis réitigh náisiúnta cúnamh a thabhairt don Bhord réiteach a phleanáil agus cinntí maidir le réiteach a ullmhú. I gcás eintiteas agus grúpaí nach eintitis shuntasacha ná eintitis trasteorann iad ná nach grúpaí suntasacha ná grúpaí trasteorann iad, ba cheart do na húdaráis réitigh náisiúnta a bheith freagrach go háirithe as pleanáil réitigh, as meastóireacht ar inréiteacht, as baic ar inréiteacht a bhaint, as na bearta go bhfuil na húdaráis réitigh ina dteideal a ghlacadh le linn na hidirghabhála luaithe, agus as gníomhaíochtaí réitigh. Faoi imthosca áirithe, ba cheart do na húdaráis réitigh náisiúnta a gcúraimí a fheidhmiú ar bhonn an Rialacháin seo agus i gcomhréir leis agus na cumhachtaí a thugtar dóibh leis an dlí náisiúnta lena ndéantar Treoir 2014/59/AE a thrasuí á bhfeidhmiú acu agus i gcomhréir leis an dlí sin, sa mhéid nach bhfuil sé neamhréir leis an Rialachán seo.

(29)

Chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go réidh, tá sé fíor-riachtanach feidhm a bheith ag na rialacha céanna maidir le gach gníomh réitigh, is cuma cé acu bearta iad a dhéanann na húdaráis réitigh faoi Threoir 2014/59/AE nó bearta a dhéantar faoi chuimsiú SRA. Ba cheart don Choimisiún na bearta sin a mheasúnú faoi Airteagal 107 CFAE.

(30)

I gcás ina mbeadh deonú cabhrach Stáit i gceist le gníomhaíocht réitigh de bhun Airteagal 107(1) CFAE nó mar chúnamh don Chiste, is féidir cinneadh réitigh a ghlacadh tar éis don Choimisiún cinneadh dearfach nó coinníollach maidir le comhoiriúnacht úsáid na cabhrach sin leis an margadh inmheánach a ghlacadh. Féadfaidh cinneadh an Choimisiúin maidir le cúnamh don Chiste coinníollacha, gealltanais nó geallúintí a fhorchur i leith an tairbhigh. Féadfar a áireamh sna coinníollacha a d'fhéadfadh an Coimisiún a fhorchur, ach gan a bheith teoranta dóibh, ceanglais chomhroinnte ualaigh, lena n-áirítear ceanglas go n-iompróidh cothromais agus ceanglais maidir le ranníocaíochtaí ag sealbhóirí caipitil hibride, sealbhóirí fofhiach agus creidiúnaithe sinsearacha caillteanais ar dtús, lena n-áirítear i gcomhréir le ceanglais Threoir 2014/59/AE; srianta ar dhíbhinní a íoc ar scaireanna nó ar chúpóin ar ionstraimí caipitil hibride, ar athcheannach scaireanna dílse nó ionstraimí caipitil hibride, nó ar idirbhearta bainistíochta caipitil; srianta ar éadálacha na ngeallta in aon ghnóthas trí aistriú sócmhainne nó scaire; toirmisc in aghaidh chleachtais tráchtála ionsaitheacha nó straitéisí nó tacaíocht fógraíochta ó chabhair phoiblí; ceanglais maidir le scaireanna margaidh, praghsáil, gnéithe táirge nó riachtanais eile iompair; ceanglais maidir le pleananna athstruchtúraithe; riachtanais rialachais; riachtanais tuairiscithe agus nochta, lena n-áirítear maidir le cloí le cibé coinníollacha a shonróidh an Coimisiún; ceanglais a bhaineann le díol an tairbhí nó a shócmhainní ina n-iomláine nó cuid díobh, a chearta agus a dhliteanas; ceanglais a bhaineann le leachtú an tairbhí.

(31)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh an próiseas cinnteoireachta le linn réitigh go pras éifeachtúil, ba cheart gníomhaireacht ar leith de chuid an Aontais a bheith sa Bhord, gníomhaireacht a mbeadh struchtúr ar leith aici a bheadh in oiriúint dá chuid cúraimí agus nach mbeadh ar aon mhúnla le gníomhaireachtaí eile an Aontais. Ba cheart gach leas ábhartha sna próisis réitigh a chur i gcuntas go cuí agus comhdhéanamh an Bhoird á cheapadh. Agus misin an Bhoird á gcur san áireamh, ba cheart go gceapfaí misin an Bhoird, Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach agus ceithre chomhalta lánaimseartha eile den Bhord ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais ar chúrsaí baincéireachta agus airgeadais, agus ar bhonn taithí ábhartha a bhaineann le maoirseacht airgeadais agus le rialáil airgeadais agus le réiteach institiúidí. Ba cheart an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus ceithre chomhalta lánaimseartha eile den Bhord a roghnú ar bhonn nós imeachta roghnúcháin oscailte ar cheart go gcoimeádfaí Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go cuí ina leith agus ar cheart prionsabal na cothromaíochta inscne, na taithí agus na cáilíochta a urramú leis. Ba cheart don Choimisiún gearrliosta na n-iarrthóirí do phoist Cathaoirleach, Leas-Chathaoirleach agus na ceithre chomhalta lánaimseartha eile den Bhord a chur ar fáil do choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart don Choimisiún togra i gcomhair cheapachán an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus na ceithre chomhalta lánaimseartha eile den Bhord a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra sin a fhormheas, ba cheart don Chomhairle cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh chun an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na ceithre chomhalta lánaimseartha eile den Bhord a cheapadh.

(32)

Ba cheart don Bhord feidhmiú i seisiúin feidhmiúcháin agus iomlánacha. Ina sheisiún feidhmiúcháin, ba cheart a bheith ann iad seo leanas: a Chathaoirleach, a cheithre chomhalta eile neamhspleácha lánaimseartha, ar cheart dóibh feidhmiú go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, chomh maith le breathnóirí buana arna gceapadh ag an gCoimisiún agus ag BCE. Agus réiteach institiúide nó grúpa atá bunaithe laistigh d'aon Bhallstát rannpháirteach á phlé aige, ba cheart don Bhord, sa seisiún feidhmiúcháin dó, fios a chur ar an mball arna cheapadh ag an mBallstát lena mbaineann a dhéanann ionadaíocht dá údarás réitigh náisiúnta agus ról a thabhairt dó sa phróiseas cinnteoireachta. Agus grúpa trasteorann á phlé, ba cheart fios a chur ar na baill arna gceapadh ag an mBallstát baile agus ag gach Ballstát aíochta lena mbaineann a dhéanann ionadaíocht ar na húdaráis réitigh náisiúnta ábhartha agus ról a thabhairt dóibh i bpróiseas cinnteoireachta sheisiúin feidhmiúcháin an Bhoird.

(33)

Ba cheart don Bhord, ina sheisiún feidhmiúcháin, na cinntí go léir a bhaineann le nós imeachta réitigh a ullmhú agus, a mhéid is mó is féidir, na cinntí sin a ghlacadh. Mar gheall ar nádúr institiúid shonrach na faisnéise atá sna pleananna réitigh, ba cheart don Bhord cinntí a bhaineann le dréachtú, meastóireacht, agus formheas na bpleananna réitigh a ghlacadh ina sheisiún feidhmiúcháin. Maidir le húsáid an Chiste, tá sé tábhachtach nach mbeidh aon bhuntáiste ceannródaí ann agus go ndéanfar faireachán ar eis-sreabhadh an Chiste. Chun cinnteoireacht chomhfhreagrach ag an mBord a áirithiú, nuair a cheanglófar gníomhaíocht réitigh os cionn thairseach EUR 5 000 000 000, ba cheart go bhféadfadh aon chomhalta den choiste iomlánach, laistigh de spriocdháta docht, a iarraidh ar an seisiún iomlánach cinneadh a dhéanamh. I gcás ina mbeidh aon riosca, nó i bhfad níos lú riosca ná foirmeacha eile tacaíochta i gceist le tacaíocht leachtachta go háirithe i gcás síneadh gearrthéarma aonuaire ar chreidmheas le hinstitiúidí tuaslagacha i gcoinne comhthaobhachta leormhaithe d'ardcháilíocht, tá údar maith ann gan ach meáchan níos ísle de 0,5 a thabhairt d'fhoirm tacaíochta sin. A luaithe a shroichfidh glanúsáid charntha an Chiste sa 12 mhí roimhe sin as a chéile tairseach de EUR 5 000 000 000 sa bhliain, ba cheart don seisiún iomlánach cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh a mheasúnú, lena n-áirítear úsáid an Chiste, agus ba cheart dó treoir a chur ar fáil ar cheart don seisiún feidhmiúcháin í a leanúint i gcinntí réitigh dá éis sin. Ba cheart do threoir don seisiún feidhmiúchán díriú, go háirithe, ar chur i bhfeidhm neamh-idirdhealaitheach na n-uirlisí réitigh a áirithiú, ar ídiú an Chiste a sheachaint agus idirdhealú iomchuí a dhéanamh idir leachtacht riosca nialasach nó leachtacht riosca íseal agus foirmeacha eile tacaíochta.

(34)

Ós rud é go n-athródh na rannpháirtithe i bpróiseas cinnteoireachta an Bhoird ina sheisiúin feidhmiúcháin ag brath ar an mBallstát ina n-oibreodh an institiúid nó an grúpa ábhartha, ba cheart do na rannpháirtithe buana a áirithiú go mbeadh na cinntí ar fud na bhfoirmíochtaí éagsúla de sheisiúin feidhmiúcháin an Bhoird comhleanúnach, iomchuí agus comhréireach.

(35)

Ba cheart go mbeadh an Bord ábalta cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí go dtí a chruinnithe. Ba cheart bronnadh cúraimí réitigh ar an mBord a bheith comhsheasmhach le creat Chóras Eorpach na Maoirseachta Airgeadais (“CEMA”) agus a chuspóir bunúsach an leabhar rialacha aonair a fhorbairt agus cóineasú na gcleachtas maoirseachta agus réitigh ar fud an Aontais ina iomláine a fheabhsú. Go háirithe, ba cheart do ÚBE tionscnaimh a mheasúnú agus a chomhordú, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ar phleananna réitigh d'fhonn cóineasú a chur chun cinn sa réimse sin. Dá bhrí sin, mar riail ghinearálta, ba cheart don Bhord cuireadh a thabhairt i gcónaí do ÚBE nuair a phléifear nithe, a ndéantar, i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE, ceangal a chur ar ÚBE caighdeáin theicniúla a fhorbairt nó treoirlínte a eisiúint ina leith. I gcás inarb iomchuí, féadfar cuireadh a thabhairt, do bhreathnóirí eile, amhail ionadaí de chuid an tSásra Eorpaigh um Chobhsaíocht (SEC), chun freastal ar chruinnithe an Bhoird.

(36)

Ba cheart go mbeadh na breathnóirí faoi réir na gceanglas rúndachta gairmiúla céanna agus atá comhaltaí agus foireann an Bhoird agus foireann a mhalartaítear leis na Ballstáit rannpháirteacha nó a thugann siad ar iasacht agus dualgais réitigh á gcur i gcrích acu.

(37)

Ba cheart go mbeadh an Bord ábalta foirne réitigh inmheánacha a bhunú ina mbeidh a fhoireann dhílis agus foireann na n-údarás réitigh náisiúnta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, breathnóirí ó Bhallstát neamh-rannpháirteach. Ba cheart gur comhordaitheoirí a cheapfar as measc foireann shinsearach an Bhoird a bheidh i gceannas ar na foirne réitigh inmheánaigh sin, a bhféadfaí cuireadh a thabhairt dóibh mar bhreathnóirí chun páirt a ghlacadh i seisiúin feidhmiúcháin an Bhoird.

(38)

Déanfaidh an Bord agus údaráis réitigh agus údaráis inniúla na mBallstát neamh-rannpháirteacha meamraim tuisceana a thabhairt i gcrích ina mbeidh tuairisc i dtéarmaí ginearálta ar an gcaoi a ndéanfaidh siad comhar lena chéile i gcomhlíonadh a gcuid cúraimí faoi Threoir 2014/59/AE. D'fhéadfadh na meamraim tuisceana, inter alia, an comhairliúchán a bhaineann le cinntí an Bhoird a shoiléiriú ag a bhfuil éifeacht ar fhochuideachtaí arna mbunú nó ar bhrainsí arna lonnú sna Ballstáit neamh-rannpháirteacha, i gcás ina bhfuil an máthairghnóthas bunaithe i mBallstát rannpháirteach. Ba cheart na meamraim a athbhreithniú ar bhonn rialta.

(39)

Ba cheart don Bhord gníomhú go neamhspleách. Ba cheart go mbeadh an cumas aige déileáil le grúpaí móra agus gníomhú go tapa agus go neamhchlaonta. Ba cheart go n-áiritheodh an Bord go gcuirfear cobhsaíocht airgeadais náisiúnta, cobhsaíocht airgeadais an Aontais agus an margadh inmheánach i gcuntas go cuí. Ba cheart go mbeadh an saineolas is gá ar athstruchtúrú agus ar dhócmhainneacht banc ag comhaltaí an Bhoird.

(40)

Agus cinntí nó gníomhartha á ndéanamh i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo, ba cheart aird chuí a thabhairt ar a thábhachtaí atá sé, ó thaobh an mhargaidh inmheánaigh de, go bhfeidhmeofar an ceart bunaíochta dá bhforáiltear i CFAE, agus, go háirithe, i gcás inar féidir é, ar na héifeachtaí ar an leanúint de ghníomhaíochtaí trasteorann.

(41)

I bhfianaise mhisin an Bhoird agus spriocanna an réitigh, ar cheann acu cosaint cistí poiblí, ba cheart feidhmiú SRA a mhaoiniú le ranníocaíochtaí institiúidí arna mbunú sna Ballstáit rannpháirteacha.

(42)

Ba cheart don Bhord, don Chomhairle i gcás inarb ábhartha, agus don Choimisiún áit na n-údarás réitigh náisiúnta arna n-ainmniú faoi Threoir 2014/59/AE a ghlacadh a fhad a bhaineann le gach gné den phróiseas cinnteoireachta maidir le réiteach. Ba cheart go leanfadh na húdaráis réitigh náisiúnta arna n-ainmniú faoin Treoir sin de bheith ag déanamh gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme scéimeanna réitigh atá glactha ag an mBord. D'fhonn an trédhearcacht agus rialú daonlathach a áirithiú agus d'fhonn cearta institiúidí an Aontais a chosaint, ba cheart gurb inchuntais an Bord chun Parlaimint na hEorpa agus na Comhairle as aon chinntí a dhéanfaidh sé ar bhonn an Rialacháin seo. Ar chúiseanna a bhaineann le trédhearcacht agus le rialú daonlathach, ba cheart cearta áirithe a bheith ag parlaimintí náisiúnta faisnéis a fháil faoi ghníomhaíochtaí an Bhoird agus dul i mbun idirphlé leis.

(43)

Ba cheart go mbeadh parlaimint náisiúnta Ballstáit rannpháirtigh nó an coiste inniúil di, a bheith ábalta iarraidh ar an gCathaoirleach páirt a ghlacadh i malartú tuairimí i ndáil le réiteach institiúidí sa Bhallstát sin le hionadaí de chuid an údaráis réitigh náisiúnta. Is iomchuí ról den sórt sin do pharlaimintí náisiúnta mar gheall ar an tionchar féideartha a fhéadfaidh a bheith le gníomhartha réitigh ar airgeadais phoiblí, ar institiúidí, ar a gcustaiméirí agus ar a bhfostaithe, agus na margaí sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart go bhfreagródh an Cathaoirleach agus na húdaráis réitigh náisiúnta go dearfach do na cuirí sin chun tuairimí a mhalartú leis na parlaimintí náisiúnta.

(44)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh cur chuige aonfhoirmeach ann i leith institiúidí agus grúpaí ba cheart cumhacht a thabhairt don Bhord pleananna réitigh a dhréachtú d'institiúidí agus do ghrúpaí den sórt sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta inniúla agus réitigh. Ba cheart gurb í an riail ghinearálta go n-ullmhaítear na pleananna réitigh grúpa don ghrúpa ina iomláine agus bearta a shainaithint i ndáil le máthairghnóthas chomh maith le gach fochuideachta aonair atá mar chuid de ghrúpa. Ba cheart struchtúr airgeadais, teicniúil agus gnó an ghrúpa ábhartha a chur i gcuntas sna pleananna réitigh grúpa. Má ullmhaítear pleananna réitigh aonair le haghaidh eintiteas is cuid de ghrúpa, ba cheart don Bhord, nó, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta díriú ar bhaint amach, a mhéid is féidir, comhsheasmhacht le pleananna réitigh don chuid eile den ghrúpa. Ba cheart don Bhord nó, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta na pleananna a réiteach agus aon athrú orthu a tharchur chuig an údarás inniúil, chun é a choinneáil go buan ar an eolas go hiomlán. Ba cheart don Bhord measúnú a dhéanamh ar inréiteacht institiúidí agus grúpaí, agus bearta a ghlacadh chun baic le hinréiteacht a bhaint, más ann dóibh. Ba cheart go gcuirfeadh an Bord ceanglas ar na húdaráis réitigh náisiúnta na bearta oiriúnacha sin a chur i bhfeidhm chun baic le hinréiteacht a bhaint féachaint comhleanúnachas agus inréiteacht na n-institiúidí lena mbaineann a áirithiú. Mar gheall ar íogaireacht na faisnéise atá iontu, ba cheart go mbeadh pleananna réitigh faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar síos sa Rialachán seo.

(45)

Nuair a bheidh uirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú, ba cheart prionsabal na comhréireachta agus sonraí foirme dlíthiúla institiúide a chur i gcuntas.

(46)

Cuid riachtanach de réiteach éifeachtach a dhéanamh is ea pleanáil réitigh. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an mBord a cheangal go ndéanfar athruithe ar struchtúr agus ar eagrú institiúidí nó grúpaí d'fhonn bearta a ghlacadh atá riachtanach agus comhréireach chun baic ábhartha le húsáid uirlisí réitigh a laghdú nó a bhaint agus inréiteacht na n-eintiteas lena mbaineann a áirithiú. Ó tharla go bhféadfadh tábhacht shistéamach a bheith ag gach institiúid, tá sé sár-riachtanach d'fhonn cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, go bhféadfaidh an Bord, nó i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta aon institiúid a réiteach. D'fhonn urraim a thabhairt don cheart chun gnó a sheoladh a leagtar síos le hAirteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”), ba cheart discréid an Bhoird a bheith teoranta dá bhfuil riachtanach le simpliú a dhéanamh ar struchtúr agus ar oibríochtaí na hinstitiúide ar mhaithe lena dhéanamh níos inréitithe, agus ar mhaithe leis sin amháin. Ina theannta sin, ba cheart aon bhearta a fhorchuirtear chuige sin a bheith comhchuí le dlí an Aontais. Níor cheart aon bheart a bheith idirdhealaitheach, go díreach ná go hindíreach, ar fhorais a bhaineann le náisiúntacht, agus ba cheart go mbeadh údar leo ar an gcúis sháraitheach go bhfuil siad á seoladh ar son phobal-leas na cobhsaíochta airgeadais. D'fhonn a chinneadh an ar mhaithe le leas coiteann an phobail a rinneadh beart, ba cheart go bhféadfadh an Bord, ag gníomhú dó ar son leas coiteann an phobail, na cuspóirí réitigh a bhaint amach gan baic a bheith air ó thaobh chur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh ná a chumais na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo a fheidhmiú Ina theannta sin, níor cheart aon ghníomh dul thar an méid is lú a bhfuil gá leis chun na cuspóirí a bhaint amach. Agus na bearta a bheidh le déanamh á gcinneadh, ba cheart don Bhord nó, i gcás inarb infheidhme, do na húdaráis réitigh náisiúnta aird a thabhairt ar na réamhrabhaidh agus na moltaí ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (“BERS”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(47)

Ó tharla go bhféadfadh cineál sistéamach a bheith ag gach institiúid, tá sé sár-riachtanach, go mbeidh an Bord, i gcás inarb iomchuí i gcomhar leis na húdaráis réitigh náisiúnta, in ann pleananna réitigh a ghlacadh, inréiteacht aon institiúide agus grúpa a mheasúnú agus, i gcás inar gá, bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht aon institiúid sna Ballstáit rannpháirteacha nó iad a bhaint. Má chliseann ar institiúidí atá tábhachtach go córasach, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 131 de Threoir 2013/36/EU, d'fhéadfaidís a bheith ina riosca suntasach le feidhmiú na margaí airgeadais agus d'fhéadfadh go mbeadh tionchar diúltach ar chobhsaíocht airgeadais acu. Ba cheart don Bhord, gan dochar dá oibleagáid pleanáil don réiteach agus inréiteacht na n-institiúidí a mheasúnú faoi réir a chumhachtaí, agus a neamhspleáchais, cúram cuí a ghlacadh, mar ní tosaíochta, na pleananna réitigh a bhunú chomh maith leis an inréiteacht a mheasúnú agus gach gníomh is gá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na baic ar inréiteacht na n-institiúidí sin ag a bhfuil tábhacht shistéamach nó iad a bhaint.

(48)

Ba cheart go mbeadh ar áireamh sna pleananna réitigh nósanna imeachta chun ionadaithe na bhfostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo trí na próisis réitigh i gcás inarb iomchuí. I gcás inarb infheidhme, ba cheart go gcomhlíonfaí comhaontuithe comhchoiteanna, nó socruithe eile dá bhforáiltear leis na comhpháirtithe sóisialta, chomh maith le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta maidir le rannpháirtíocht na gceardchumann agus ionadaithe na n-oibrithe i bpróisis athstruchtúrú cuideachta sa mhéid sin.

(49)

I ndáil leis an oibleagáid chun pleananna réitigh a dhréachtú, ba cheart go ndéanfadh an Bord, nó, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta, i gcomhthéacs pleananna réitigh agus nuair a bheidh na cumhachtaí agus na huirlisí atá ar fáil dóibh á n-úsáid acu, a chur i gcuntas an cineál gnó a dhéanann eintiteas, a struchtúr scairshealbhóireachta, a foirm dhlíthiúil, a próifíl riosca, a méid agus a stádas dlíthiúil agus a idirnascthacht le hinstitiúidí eile nó leis an gcóras airgeadais i gcoitinne, raon feidhme agus castacht a gníomhaíochtaí, an bhfuil sí ina comhalta de scéim chosanta institiúideach (SCI) nó córais eile dlúthpháirtíochta frithpháirtí comharchumainn, cibé acu an bhfeidhmíonn sé aon seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta agus cibé acu ar dócha go mbeadh tionchar suntasach diúltach ag a mhainneachtain agus dá éis sin a fhoirceannadh faoi gháthimeachtaí dócmhainneachta ar mhargaí airgeadais, ar institiúidí eile, ar dhálaí maoinithe, nó ar an ngeilleagar is leithne, a chinntiú go gcuirfear an córas i bhfeidhm ar bhealach cuí agus comhréireach, agus go n-íoslaghdófar an t-ualach riaracháin a bhaineann le hoibleagáidí ullmhaithe do phlean réitigh. Cé go ndéanann na hinneachair agus an fhaisnéis a shonraítear i Roinn A den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2014/59/AE íoschaighdeán le haghaidh eintiteas ag a bhfuil ábharthacht shistéamach shoiléir a bhunú, ceadaítear ceanglais pleanála agus faisnéise réitigh éagsúla nó laghdaithe go suntasach a chur i bhfeidhm ar bhonn institiúide ar leith, agus ag minicíocht do nuashonruithe is ísle ná bliain amháin. D'fhéadfaí an plean réitigh a laghdú d'eintiteas beag ar bheagán idircheangailteachta agus castachta. Thairis sin, ba cheart an córas a chur i bhfeidhm ionas nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i gcontúirt. Go háirithe, i gcásanna arb iad is príomhthréithe iontu fadhbanna níos leithne nó fiú amhras faoi athléimneacht go leor eintiteas, tá sé riachtanach an riosca aicídithe ó na bearta a rinneadh i ndáil le haon eintiteas aonair a mheas.

(50)

I gcás ina ndéanfar foráil le Treoir 2014/59/AE go bhféadfadh na húdaráis réitigh náisiúnta oibleagáidí simplithe nó tarscaoiltí a chur i bhfeidhm i ndáil leis an gceanglas pleananna réitigh a dhréachtú, ba cheart foráil a dhéanamh chun go bhféadfadh an Bord nó, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí simplithe sin a údarú.

(51)

I gcomhréir le struchtúr caipitil eintiteas atá cleamhnaithe le comhlacht lárnach, chun críocha an Rialacháin seo, níor cheart go mbeadh sé d'oibleagáid ar an mBord nó, i gcás inarb ábhartha, ar na hinstitiúidí réitigh náisiúnta pleananna a réitigh ar leithligh a dhréachtú ar na forais amháin go bhfuil an comhlacht lárnach lena bhfuil na heintitis sin cleamhnaithe faoi mhaoirseacht dhíreach ó BCE. I gcás na bpleananna réitigh grúpa, ba cheart tionchar ionchasach an ghnímh réitigh sna Ballstáit go léir ina n-oibríonn an grúpa a chur i gcuntas go sonrach i ndréachtú na pleananna.

(52)

Ba cheart SRA a bhunú ar chreat Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus ar chreat Threoir 2014/59/AE. Dá bhrí sin, ba cheart a chumhachtú don Bhord idirghabháil a dhéanamh ag céim luath i gcás ina mbeidh staid airgeadais nó sócmhainneacht eintitis ag meathlú. Beidh an fhaisnéis a gheobhaidh an Bord ó na húdaráis réitigh náisiúnta nó ó BCE ag an gcéim sin sár-riachtanach ó thaobh cinneadh ar an mbeart a d'fhéadfadh sé a dhéanamh d'fhonn réiteach an eintitis lena mbaineann a ullmhú.

(53)

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar beart réitigh nuair is gá, ba cheart don Bhord, i gcomhar le BCE nó leis an údarás inniúil náisiúnta ábhartha, géarfhaireachán a dhéanamh ar staid na n-eintiteas lena mbaineann agus ar an gcaoi a bhfuil na heintitis sin ag comhlíonadh aon bhirt luath-idirghabhála a rinneadh ina leith. Le linn cinneadh a dhéanamh cibé acu is féidir gníomhaíocht earnála príobháidí mainneachtain eintiteas a chosc laistigh de fhráma ama réasúnta, ba cheart don údarás iomchuí éifeachtacht na mbeart luath-idirghabhála a rinneadh laistigh de fhráma ama socraithe ag an údarás inniúil a chur i gcuntas.

(54)

Ba cheart don Bhord, do na húdaráis réitigh náisiúnta agus do na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, meamraim tuisceana a thabhairt i gcrích ina mbeidh tuairisc i dtéarmaí ginearálta ar an gcaoi a ndéanfaidh siad comhar lena chéile i gcomhlíonadh a gcuid cúraimí faoi seach faoi dhlí an Aontais. Ba cheart an meamram a athbhreithniú ar bhonn rialta.

(55)

Agus cinntí á ndéanamh nó gníomhaíochtaí á nglacadh, go háirithe maidir le heintitis atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha agus i mBallstáit neamh-rannpháirteacha araon, ba cheart na héifeachtaí diúltacha ionchasacha ar na Ballstáit sin, amhail bagairtí ar chobhsaíocht airgeadais a margaí airgeadais, agus ar na heintitis atá bunaithe sna Ballstáit sin a chur san áireamh freisin.

(56)

D'fhonn cur isteach ar an margadh airgeadais agus ar an ngeilleagar a laghdú a oiread is féidir é, ba cheart an próiseas réitigh a chur i gcrích laistigh d'achar gearr ama. Ba cheart go dtabharfaí rochtain do thaisceoirí ar a laghad ar na taiscí ráthaithe chomh pras agus is féidir, agus in aon chás laistigh de na spriocdhátaí céanna amhail dá bhforáiltear i dTreoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ba cheart rochtain a bheith ag an gCoimisiún, ó thús deireadh an phróisis réitigh, ar aon fhaisnéis a measann sé gá a bheith léi chun cinneadh eolasach a dhéanamh sa phróiseas réitigh.

(57)

Ba cheart an cinneadh chun eintiteas a chur faoi réiteach a ghlacadh sula mbeidh eintiteas airgeadais dócmhainneach i gclár comhardaithe agus sula mbeidh gach cothromas díscithe go hiomlán. Ba cheart réiteach a thionscnamh tar éis an chinnidh go bhfuil ag cliseadh ar eintiteas nó gur dócha go gclisfidh air agus nach gcoiscfeadh aon bhearta earnála príobháidí malartacha an cliseadh sin laistigh de fhráma ama réasúnta. Toisc nach gcomhlíonann eintiteas na ceanglais maidir le húdarú níor cheart go dtabharfaí údar per se dul i mbun réitigh, go háirithe má leanann an t-eintiteas, nó más dócha go leanfaidh sé, de bheith inmharthana. Ba cheart go measfaí eintiteas a bheith ag cliseadh nó gur dócha go mbeidh sé ag cliseadh nuair a bheidh sé nó gur dócha go mbeidh sé go luath amach anseo ag sárú na gceanglas ar údarú leanúnach, nuair a bheidh sócmhainní an eintitis, nó ar dócha go luath amach anseo go mbeidh a shóchmhainní, níos lú ná a dhliteanais, nuair nach mbeidh an t-eintiteas, nó gur dócha go luath amach anseo nach mbeidh sé, ábalta a fhiacha a íoc nuair a bheidh siad dlite, nó nuair a éileoidh an t-eintiteas tacaíocht airgeadais urghnách phoiblí ach amháin sna himthosca áirithe a leagtar síos sa Rialachán seo. Níor cheart, per se, gur coinníoll a léiríonn go leordhóthanach nach bhfuil eintiteas, nó gur dócha nach mbeidh sé go luath amach anseo, ábalta a dhliteanas a íoc nuair a bheidh siad dlite an t-éileamh ar chúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais. Dá ráthódh Stát an tsaoráid sin, bheadh eintiteas a fhaigheann rochtain ar shaoráid den sórt sin faoi réir rialacha Státchabhrach. Chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, go háirithe i gcás ganntanas leachtachta sistéamaí, níor cheart go ndúiseodh ráthaíochtaí Stáit ar shaoráidí leachtachta a chuireann bainc cheannais ar fáil nó ráthaíochtaí Stáit ar dhliteanais nua-eisithe chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas an creat réitigh ar choinníoll go gcomhlíonfar roinnt coinníollacha. Go háirithe, ba cheart na bearta ráthaíocht Stáit a bheith formheasta faoi chreat cúnaimh Stáit agus níor cheart go mbeadh sé mar chuid de phacáiste cúnaimh níos mó, agus ba cheart go mbeadh úsáid na mbeart ráthaíochta teoranta go docht ó thaobh ama. Ba cheart ráthaíochtaí Ballstát d'éilimh chothromais a thoirmeasc.

Nuair a chuirfidh Ballstát ráthaíocht ar fáil, ba cheart dó a áirithiú go dtabharfaidh an t-eintiteas luach saothair leordhóthanach don ráthaíocht. Ina theannta sin, níor cheart go ndúiseodh soláthar tacaíochta airgeadais phoiblí neamhghnách réiteach i gcás ina nglacfaidh Ballstát, mar bheart réamhchúraim, sciar cothromais in eintiteas, lena n-áirítear eintiteas atá ar úinéireacht phoiblí, a chomhlíonfaidh a riachtanais chaipitil. Féadfar gurb amhlaidh, mar shampla, i gcás ina gceanglófar ar eintiteas caipiteal nua a chruinniú de dheasca thoradh tástála struis bunaithe ar chnámha scéil nó ar fheidhmiú coibhéiseach arna seoladh ag údaráis mhacrastuamachta lena n-áirítear ceanglas atá chun cobhsaíocht airgeadais a chothabháil i gcomhthéacs géarchéime sistéamaí, ach nach mbeidh an t-eintiteas ábalta caipiteal a chruinniú go príobháideach i margaí. Níor cheart go measfaí go bhfuil eintiteas ag cliseadh, nó gur dócha go gclisfidh sé ar an mbonn amháin gur cuireadh tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ar fáil roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ar deireadh, d'fhéadfadh sé gur Státchabhair de bhun an chreata Státchabhrach a bheadh i rochtain ar shaoráidí leachtachta lena n-áirítear cúnamh leachtachta éigeandála ó bhainc cheannais.

(58)

Dá ndéanfaí eintiteas a mbeadh ag cliseadh air a leachtú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta d'fhéadfaí an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol, d'fhéadfaí cur as do sholáthar seirbhísí riachtanacha, agus d'fhéadfaí difear a dhéanamh do chosaint taisceoirí. Sa chás sin is le leas an phobail é uirlisí réitigh a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart a bheith de chuspóir ag réiteach a dhéanamh leanúnachas seirbhísí riachtanacha a áirithiú, cobhsaíocht an chórais airgeadais a chaomhnú, baol morálta a laghdú trí spleáchas ar an tacaíocht airgeadais poiblí a thugtar d'eintitis a bhfuil ag cliseadh orthu a laghdú a oiread is féidir é, agus taisceoirí a chosaint.

(59)

Mar sin féin, ba cheart cuimhneamh ar eintiteas dócmhainneach a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta sula ndéanfar cinneadh an t-eintiteas a chothabháil mar ghnóthas leantach. Ba cheart eintiteas dócmhainneach a chothabháil mar ghnóthas leantach chun críocha cobhsaíochta airgeadais, agus a oiread úsáide is féidir á baint as cistí príobháideacha. D'fhéadfaí sin a dhéanamh trína dhíol nó trína chumasc le ceannaitheoir de chuid na hearnála príobháidí, nó tar éis dhliteanais an eintitis a dhíluacháil nó tar éis a chuid fiachais a chomhshó ina cothromas chun athchaipitliú a chur i gcrích.

(60)

Nuair a bheidh cinntí á nglacadh nó á n-ullmhú a bhaineann le cumhachtaí réitigh, ba cheart don Bhord, don Chomhairle agus don Choimisiún a chinntiú go ndéanfar gníomhaíocht réitigh i gcomhréir le prionsabail áirithe, lena n-áirítear go iompróidh na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe sciar iomchuí de na caillteanais, gur cheart go ndéanfaí an lucht bainistíochta i bprionsabal a ionadú, go n-íoslaghdófar na costais a bhaineann le réiteach an eintitis, agus go gcaithfear le creidiúnaithe den aicme chéanna ar mhodh cothromasach. Go háirithe, i gcás ina gcaithfear le creidiúnaithe laistigh den aicme chéanna go héagsúil i gcomhthéacs gníomhaíochta réitigh, ba cheart údar maith a thabhairt do na hidirdhealuithe sin a ó thaobh leas an phobail agus níor cheart go mbeadh sé idirdhealaitheach go díreach ná go hindíreach ar fhorais náisiúntachta.

(61)

Ba cheart na srianta ar chearta scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a bheith i gcomhréir le hAirteagal 52 den Chairt. Dá bhrí sin, níor cheart na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ach maidir leis na heintitis sin a bhfuil ag cliseadh orthu nó is dóigh a chlisfidh, agus nuair is gá sin chun cuspóir na cobhsaíochta airgeadais a bhaint amach ar son an leasa choitinn. Go háirithe, ba cheart na huirlisí réitigh a úsáid i gcás nach féidir an t-eintiteas a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta gan an córas airgeadais a dhíchobhsú agus i gcás ina bhfuil gá leis na bearta d'fhonn aistriú gasta agus leanúnachas feidhmeanna a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a áirithiú agus i gcás nach bhfuil aon dóchúlacht réasúnach ann go dtiocfar ar réiteach eile príobháideach, lena n-áirítear na scairshealbhóirí atá ann cheana nó aon tríú páirtí an caipiteal a mhéadú ar shlí a d'fhágfadh go bhféadfaí inmharthanacht iomlán an eintitis a athbhunú.

(62)

Níor cheart cur isteach ar cheart maoine a bheith díréireach. Dá thoradh sin, níor cheart gur mhó na caillteanais a thabhódh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe ná na caillteanais a thabhóidís dá ndéanfaí an t-eintiteas a fhoirceannadh tráth déanta an chinnidh maidir le réiteach. I gcás páirtaistriú sócmhainní institiúide atá faoi réiteach chuig ceannaitheoir príobháideach nó chuig droichead-institiúid, ba cheart an chuid iarmharach den institiúid atá faoi réiteach a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. D'fhonn scairshealbhóirí agus creidiúnaithe an eintitis a chosaint le linn na n-imeachtaí foirceanta, ba cheart go mbeidís i dteideal chun íoc as a n-éilimh méid nach lú ná an méid a mheastar a ghnóthóidís a fháil, dá ndéanfaí an t-eintiteas ina iomláine a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

(63)

Chun cearta na scairshealbhóirí agus na gcreidiúnaithe a chosaint, ba cheart oibleagáidí soiléire a leagan síos maidir le luacháil shócmhainní agus dhliteanais na hinstitiúide faoi réiteach agus, i gcás ina gceanglófar faoin Rialachán seo, luacháil na cóireála a gheobhadh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe dá bhfoirceannfaí an t-eintiteas faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart go bhféadfaí tús a chur le luacháil go luath i gcéim na hidirghabhála. Sula ndéanfar aon ghníomhaíocht réitigh, ba cheart luacháil chothrom, stuama agus réadúil de shócmhainní agus de dhliteanais an eintitis a chur i gcrích. Níor cheart go mbeadh an luacháil sin faoi réir ceart achomhairc ach amháin in éineacht leis an gcinneadh réitigh. Ina theannta sin, i gcás ina gceanglófar sin faoin Rialachán seo, ba cheart comparáid ex-post idir an chóireáil a bheidh faighte ag scairshealbhóirí agus ag creidiúnaithe agus an chóireáil a gheobhaidís faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta a chur i gcrích tar éis d'uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm. Má chinntear go bhfuair scairshealbhóirí agus creidiúnaithe, chun a n-éilimh a íoc, níos lú ná an méid a gheobhaidís faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, ba cheart go mbeidís i dteideal go n-íocfaí an difríocht i gcás ina gceanglófar sin faoin Rialachán seo. Ba cheart go n-íocfadh an Ciste arna bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo an difríocht, más ann.

(64)

Tá sé tábhachtach caillteanais a aithint nuair a chliseann ar an eintiteas. Ba cheart go mbunófaí luacháil shócmhainní agus dhliteanais na n-eintiteas a bhfuil ag cliseadh orthu ar bhonn toimhdí cothroma, stuama agus réalaíocha an tráth a chuirfí na huirlisí réitigh i bhfeidhm. Níor cheart, áfach, go ndéanfadh staid airgeadais an eintitis difear do luach na ndliteanas sa luacháil. Ba cheart go bhféadfaí, ar chúiseanna práinne, go ndéanfadh an Bord luacháil thapa ar shócmhainní nó ar dhliteanais eintitis a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart go mbeadh an luacháil sin sealadach agus ba cheart go mbeadh feidhm aici go dtí go gcuirfí luacháil neamhspleách i gcrích.

(65)

D'fhonn a áirithiú go leanfaidh an próiseas réitigh de bheith oibiachtúil agus cinnte, is gá an t-ord a leagan síos inar cheart éilimh neamhurraithe creidiúnaithe ar institiúid atá faoi réiteach a dhíluacháil nó a chomhshó. D'fhonn srian a chur leis an riosca go dtabhóidh creidiúnaithe caillteanais is mó ná na caillteanais a thabhóidís dá ndéanfaí an institiúid a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ba cheart an t-ord a leagfar síos a bheith infheidhme i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta agus sa phróiseas díluachála nó comhshó faoi réiteach. D'éascódh sin praghsáil fiachais.

(66)

Ba cheart don Bhord cinneadh ar mhionsonraí na scéime réitigh. Sna huirlisí réitigh ábhartha ba cheart a bheith ar áireamh an uirlis díolacháin ghnó, an uirlis droichead-institiúide an uirlis fortharrthála, an uirlis deighilte sócmhainní, uirlisí a ndéantar foráil maidir leo freisin i dTreoir 2014/59/AE. Ba cheart go bhfágfadh an scéim go bhféadfaí a mheasúnú an bhfuil na coinníollacha maidir le díluacháil agus comhshó na n-ionstraimí caipitil á gcomhlíonadh.

(67)

Nuair a dhéanfaidh sé gníomhaíochtaí réitigh, ba cheart don Bhord na bearta dá bhforáiltear sna pleananna réitigh a chur i gcuntas agus a leanúint mura measúnóidh an Bord, agus imthosca an cháis á gcur i gcuntas, go mbainfear amach cuspóirí réitigh ar shlí níos éifeachtaí trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh nach bhforáiltear sna pleananna réitigh sin.

(68)

Ba cheart go mbeadh ar áireamh sna huirlisí réitigh díol an ghnó nó scaireanna na hinstitiúide faoi réiteach, droichead-eintiteas a chur ar bun, na sócmhainní atá ag feidhmiú a scaradh ó shócmhainní lagaithe nó tearcfheidhmithe an eintitis atá ag cliseadh air, agus fortharrtháil scairshealbhóirí agus chreidiúnaithe an eintitis a bhfuil ag cliseadh air.

(69)

I gcás ina mbeidh na huirlisí réitigh úsáidte chun na seirbhísí nó gnó inmharthana an eintitis atá tábhachtach go sistéamach a aistriú chuig eintiteas slán, amhail ceannaitheoir ón earnáil phríobháideach nó droichead-eintiteas, ba cheart an chuid iarmharach den eintiteas a leachtú.

(70)

Ba cheart go gcumasódh an uirlis díolacháin ghnó go ndíolfaí an t-eintiteas nó codanna dá ghnó le ceannaitheoir amháin nó níos mó gan toiliú na scairshealbhóirí.

(71)

Aon ghlanfháltais ó aistriú sócmhainní nó dliteanas na hinstitiúide faoi réiteach nuair a chuirfear an uirlis díolacháin ghnó i bhfeidhm ba cheart go rachadh siad chun tairbhe don eintiteas a bheadh fágtha sna himeachtaí foirceanta. Aon ghlanfháltais ó aistriú ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag an institiúid faoi réiteach nuair a chuirfear an uirlis díolacháin ghnó i bhfeidhm ba cheart go rachadh siad chun tairbhe d'úinéirí na n-ionstraimí úinéireachta sin san eintiteas a bheadh fágtha sna himeachtaí foirceanta. Ba cheart fáltais a ríomh tar éis na gcostas a d'eascair ó cliseadh ar an eintiteas agus ón bpróiseas réitigh.

(72)

Ba cheart go gcumasódh an uirlis deighilte sócmhainní do na húdaráis sócmhainní, cearta nó dliteanais de chuid institiúide faoi réiteach a aistriú chuig meán eile. Níor cheart an uirlis sin a úsáid ach amháin in éineacht le huirlisí eile ionas nach mbeidh buntáiste míchuí san iomaíocht ag an eintiteas a bhfuil ag cliseadh air.

(73)

Ba cheart go n-íoslaghdódh córas éifeachtach réitigh na costais a iompraíonn an cáiníocóir de thoradh réiteach eintitis a bhfuil ag cliseadh air. Ina theannta sin, ba cheart go n-áiritheodh sé gur féidir eintitis chórasacha a réiteach gan an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol. Baineann an uirlis fortharrthála an cuspóir sin amach trína áirithiú go mbainfidh caillteanais iomchuí do scairshealbhóirí agus do chreidiúnaithe an eintitis a bhfuil ag cliseadh air agus go n-iompróidh siad sciar iomchuí de na costais a eascraíonn ó chliseadh an eintitis. Tabharfaidh an uirlis fortharrthála dreasacht níos láidre do scairshealbhóirí agus do chreidiúnaithe eintitis chun faireachán a dhéanamh ar shláinte eintitis le linn gnáthimthosca. Comhlíonann seo moladh an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais freisin, go n-áireofaí cumhachtaí díluachála reachtacha agus comhshó i gcreat réitigh mar rogha bhreise is féidir a úsáid in éineacht le huirlisí eile réitigh.

(74)

Chun a áirithiú go mbeidh an tsolúbhthacht is gá ann chun caillteanais a leithdháileadh ar chreidiúnaithe i réimse imthosca, is iomchuí go mbeidh an uirlis fortharrthála infheidhme i gcás inarb é an cuspóir an t-eintiteas a bhfuil ag cliseadh air a réiteach mar ghnóthas leantach má tá ionchas réalaíoch ann go bhféadfar inmharthanacht an eintitis a chur ar ais, agus i gcás ina ndéanfar seirbhísí a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a aistriú go droichead-eintiteas agus ina scoirfidh cuid iarmharach den eintiteas de bheith ag oibriú agus ina bhfoirceannfar í.

(75)

I gcás ina gcuirfear an uirlis fortharrthála i bhfeidhm leis an gcuspóir caipiteal an eintitis a bhfuil ag cliseadh air a athchur chun a chumasú dó leanúint de bheith ag oibriú mar ghnóthas leantach, ba cheart go mbeadh athchur an lucht bainistíochta ag gabháil leis an réiteach trí fhortharrtháil, ach amháin i gcás inarb iomchuí agus inar gá an lucht bainistíochta a choinneáil chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, agus athstruchtúrú an eintitis agus a ghníomhaíochtaí dá éis sin ar shlí a dhíreoidh ar na cúiseanna lena cliseadh. Ba cheart an t-athstruchtúrú sin a bhaint amach trí phlean atheagrucháin ghnó a chur chun feidhme. I gcás inarb infheidhme, ba cheart go mbeadh na pleananna sin i gcomhréir leis an bplean athstruchtúraithe a cheanglaítear ar an eintiteas a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi chreat Státchabhrach an Aontais. Go háirithe, i dteannta na mbeart atá dírithe ar athchóiriú inmharthanacht fhadtéarmach an eintitis, ba cheart go mbeadh ar áireamh sa phlean bearta lena dteorannaítear cabhair leis an gcomhroinnt ualaigh íosta, agus bearta lena dteorannaítear saobhadh iomaíochta.

(76)

Ní hiomchuí an uirlis fortharrthála a chur i bhfeidhm maidir le héilimh a mhéid a bheidh siad urraithe, comhthaobhaithe nó ráthaithe ar shlí eile. Chun a áirithiú, áfach, go mbeidh an uirlis fortharrthála éifeachtach agus go mbainfidh sí amach a cuspóirí, tá sé inmhianaithe gur féidir í a chur i bhfeidhm thar an réimse is fairsinge is féidir de dhliteanais neamhurraithe institiúide a bhfuil ag cliseadh uirthi agus is féidir. Dá ainneoin sin, is iomchuí cineálacha áirithe dliteanas neamhurraithe a eisiamh ó raon feidhme na huirlise fortharrthála. Chun sealbhóirí taiscí cumhdaithe a chosaint, níor cheart go gcuirfí an uirlis fortharrthála i bhfeidhm maidir leis na taiscí atá faoi chosaint faoi Threoir 2014/59/AE. Chun leanúnachas feidhmeanna criticiúla a áirithiú, níor cheart go mbeadh feidhm ag an uirlis fortharrthála maidir le dliteanais áirithe fhostaithe an eintitis a bhfuil ag cliseadh air, ná éilimh thráchtála a bhaineann le hearraí agus seirbhísí atá criticiúil chun go bhfeidhmeoidh an t-eintiteas go laethúil. Chun teidlíochtaí pinsin agus na méideanna pinsin atá dlite nó ag dul d'iontaobhais pinsean agus d'iontaobhaithe pinsean a chomhall, níor cheart go mbeadh an uirlis fortharrthála maidir le dliteanais an eintitis a bhfuil ag cliseadh air i leith scéime pinsin, ach amháin i gcás dliteanais sochair phinsin is inchurtha i leith luach saothair athraitheach nach n-eascraíonn ó chomhaontuithe cómhargála. Chun an riosca aicídithe sistéamach a laghdú, níor cheart go mbeadh feidhm ag an uirlis fortharrthála maidir le dliteanais a eascróidh as rannpháirtíocht i gcórais íocaíochta ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná seacht lá, nó dliteanais eintiteas, eintitis atá mar chuid den ghrúpa céanna, ag a bhfuil aibíocht tosaigh is lú ná seacht lá a eisiamh.

(77)

Ba cheart go bhféadfaí dliteanais a eisiamh nó a eisiamh go páirteach i roinnt imthosca lena n-áirítear i gcás nach féidir na dliteanais sin a fhortharrtháil laistigh de fhráma ama réasúnta, i gcás ina bhfuil an t-eisiamh fíor-riachtanach agus comhréireach chun leanúnachas feidhmeanna criticiúla agus línte gnó lárnacha a bhaint amach, nó i gcás go gcuirfeadh cur i bhfeidhm na huirlise fortharrthála maidir le dliteanais faoi deara go scriosfaí luach ionas go mbeadh caillteanais a iompróidh creidiúnaithe eile níos airde ná mura n-eisiafaí na dliteanais sin ó fhorrtharrtháil. Ba cheart go bhféadfaí freisin dliteanais a eisiamh nó a eisiamh go páirteach nuair is gá sin chun scaipeadh aicídithe agus éagobhsaíocht airgeadais a sheachaint a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le suaitheadh tromchúiseach do gheilleagar Ballstáit. Nuair a bheidh na measúnuithe á gcur i gcrích, ba cheart don Bhord nó, i gcás inarb iomchuí, do na húdaráis réitigh náisiúnta breithniú a dhéanamh ar na hiarmhairtí ar fhortharrtháil fhéideartha dliteanas a eascraíonn as taiscí incháilithe i seilbh daoine nádúrtha agus micreafhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide thar an leibhéal cumhdaigh dá bhforáiltear i dTreoir 2014/49/AE, a bhreithniú.

(78)

I gcás ina gcuirfear na heisiaimh sin i bhfeidhm, féadfar leibhéal dhíluacháil nó chomhshó na ndliteanas incháilithe eile a mhéadú chun na heisiaimh sin a chur i gcuntas faoi réir phrionsabal “creidiúnaí ar bith níos measa as ná faoi ghnáthnósanna imeachta dócmhainneachta” a bheith á urramú. I gcás nach féidir na caillteanais a phasáil chuig creidiúnaithe eile, féadfaidh an Ciste ranníocaíocht a dhéanamh leis an institiúid faoi réiteach faoi réir roinnt coinníollacha dochta lena n-áirítear an ceanglas go mbeidh caillteanais san iomlán nach lú ná 8 % de dhliteanais iomlána lena n-áirítear cistí dílse ionsúite cheana féin, agus go mbeidh an cistiú a chuir an Ciste ar fáil teoranta don 5 % is ísle de dhliteanais iomlána lena n-áirítear cistí dílse nó an modh atá ar fáil don Chiste agus an méid is féidir a chruinniú trí ranníocaíochtaí ex post laistigh de thrí bliana.

(79)

In imthosca neamhghnácha, i gcás ina mbeidh dliteanais eisiata agus ina mbeidh an Ciste úsáidte chun cur le fortharrtháil in ionad na ndliteanas sin suas go dtí an uasteorainn incheadaithe, ba cheart go bhféadfadh an Bord cistiú ó bhealaí malartacha cistiúcháin a lorg.

(80)

Ba cheart íosmhéid fortharrthála 8 % de dhliteanais iomlána dá dtagraítear sa Rialachán seo a ríomh bunaithe ar an luacháil a dhéantar i gcomhréir leis an Rialachán seo. Níor cheart caillteanais stairiúla a bheidh iompartha cheana féin ag scairshealbhóirí trí laghdú i gcistí dílse roimh an luacháil sin a áireamh sa chéatadán sin.

(81)

Ó tá cosaint na dtaisceoirí cumhdaithe ar cheann de na cuspóirí is tábhachtaí de réiteach, níor cheart go mbeadh taiscí cumhdaithe faoi réir fheidhmiú na huirlise fortharrthála. Is amhlaidh, áfach, a chuidíonn an scéim ráthaíochta taiscí leis an bpróiseas réitigh a chistiú, trí chaillteanais a iompar go feadh na nglanchaillteanas a bheadh uirthi a fhulaingt tar éis do thaisceoirí a chúiteamh i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta. D'áiritheodh feidhmiú na gcumhachtaí fortharrthála go mbeadh rochtain i gcónaí ag taisceoirí ar a gcuid taiscí, agus is é sin an phríomhchúis ar bunaíodh na scéimeanna ráthaithe taiscí. Mura bhforáilfí do pháirteachas na scéimeanna sin sna cásanna sin b'ionann sin agus buntáiste neamhchóir maidir leis an gcuid eile de na creidiúnaithe a bheadh faoi réir fheidhmiú na gcumhachtaí ag an údarás réitigh.

(82)

I gcás go n-aistreofar taiscí chuig eintiteas eile i gcomhthéacs eintiteas a réiteach, níor cheart taisceoirí a bheith árachaithe thar an leibhéal cumhdaigh dá bhforáiltear i dTreoir 2014/49/AE. Dá bhrí sin, ba cheart éilimh maidir le taiscí atá fágtha san institiúid faoi réiteach a theorannú don difríocht idir na cistí a aistrítear agus an leibhéal cumhdaigh dá bhforáiltear i dTreoir 2014/49/AE. I gcás gur mó taiscí a aistrítear ná an leibhéal cumhdaigh, níor cheart go mbeadh aon éileamh ag an taisceoir i gcoinne na scéime ráthaíochta taiscí maidir le taiscí atá fágtha san institiúid faoi réiteach.

(83)

Ionas nach gcuirfidh eintitis struchtúr ar a gcuid dliteanas a bhacfadh éifeachtacht na huirlise fortharrthála, is iomchuí a shuíomh go gcomhlíonfadh na heintitis i gcónaí íosriachtanas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir na huirlise fortharrthála, arna shloinneadh mar chéatadán de dhliteanais iomlána agus de chístí dílse an eintitis.

(84)

Ba cheart chur chuige ón mbarr anuas a ghlacadh nuair a chinnfear an riachtanas íosta i gcás cistí dílse agus dliteanas incháilithe laistigh de ghrúpa. Ba cheart go n-aithneofaí leis an gcur chuige sin go gcuirtear gníomhaíocht réitigh i bhfeidhm ar leibhéal an eintitis aonair dhlíthiúil, agus go bhfuil sé riachtanach go mbeidh cumas iompartha caillteanais lonnaithe san eintiteas laistigh den ghrúpa ina dtarlaíonn caillteanais, nó go mbeidh rochtain ag an gcumas ar an eintiteas. Chuige sin, ba cheart a áirithiú go ndáilfear cumas iompartha caillteanais laistigh de ghrúpa ar fud an ghrúpa i gcomhréir leis an leibhéal riosca ina eintitis dlíthiúla comhábhair. Ba cheart an ceanglas íosta do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe is gá le haghaidh gach fochuideachta aonair a mheasúnú ar leithligh. Ina theannta sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh gach caipiteal agus dliteanas a chomhairtear i dtreo an cheanglais íosta chomhdhlúite do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe lonnaithe in eintitis inar dócha go dtarlóidh caillteanais, nó ina mbeidh siad ar fáil ar shlí eile chun caillteanais a iompar.

Ba cheart go gceadódh an Rialachán seo réiteach dul isteach ilphointe nó dul isteach pointe aonair. Ba cheart go léireodh an t-íoscheanglas do chistí dílse agus dliteanais incháilithe straitéis réitigh is ábhartha do ghrúpa i gcomhréir leis an bplean réitigh. Go háirithe, ba cheart an t-íoscheanglas do chistí dílse agus dliteanais a cheangal ar an leibhéal iomchuí sa ghrúpa chun cur chuige dul isteach ilphointe nó dul isteach pointe aonair a léiriú, atá sa phlean réitigh agus á mheabhrú go bhféadfadh sé go mbeadh imthosca ina n-úsáidtear cur chuige éagsúil ón méid sin atá sa phlean toisc go gceadófaí, mar shampla, na cuspóirí réitigh a bhaint amach ar shlí níos éifeachtaí. I bhfianaise an méid sin, is cuma ar roghnaigh grúpa an cur chuige dul isteach ilphointe nó an cur chuige dul isteach pointe aonair, ba cheart go mbeadh ag gach eintiteas den ghrúpa am ar bith íoscheanglas do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe láidir chun an riosca aicídithe agus scaoill banc a sheachaint.

(85)

Ag brath ar imthosca an cháis ba cheart an modh is fearr réitigh a roghnú, agus chun na críche sin ba cheart gach uirlis réitigh dá bhforáiltear i dTreoir 2014/59/AE a chur ar fáil. Nuair a dhéanfar cinneadh ar an scéim réitigh, ba cheart don Bhord, don Chomhairle agus don Choimisiún faoi seach, a mhéid is féidir, an scéim is lú costas a roghnú don Chiste.

(86)

Le Treoir 2014/59/AE tugtar do na húdaráis réitigh náisiúnta an chumhacht ionstraimí caipitil a dhíluacháil agus a chomhshó, de bhrí go bhféadfaidh na coinníollacha chun ionstraimí caipitil a dhíluacháil agus a chomhshó a bheith mar an gcéanna leis na coinníollacha réitigh agus i gcás den sórt sin beidh measúnú le déanamh féachaint an bhfuil díluacháil agus comhshó na n-ionstraimí caipitil leordhóthanach ann féin le sláine airgeadais an eintitis lena mbaineann a athbhunú nó cibé an gá gníomhaíocht réitigh a dhéanamh freisin. De ghnáth úsáidfear í i gcomhthéacs an réitigh. Ba cheart go nglacfadh an Bord, faoi rialú an Choimisiúin nó, más iomchuí, na Comhairle, áit na n-údarás réitigh náisiúnta sa bhfeidhm sin freisin, agus dá bhrí sin ba cheart cumhachtú dóibh measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na coinníollacha chun na hionstraimí caipitil a dhíluacháil agus a chomhshó á gcomhlíonadh agus cinneadh a dhéanamh maidir le heintiteas a chur faoi réiteach, má tá na ceanglais don réiteach á gcomhlíonadh freisin.

(87)

Ba cheart éifeachtacht agus aonfhoirmeacht beart réitigh a áirithiú sna Ballstáit rannpháirteacha uile. Chun na críche sin, i gcás nach mbeidh an t-údarás réitigh náisiúnta tar éis cinneadh ón mBord de bhun an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm nó a chomhlíonadh, nó ina mbeidh sé tar éis é a chur i bhfeidhm ar shlí gur bagairt ar aon cheann de na cuspóirí réitigh nó ar chur i bhfeidhm éifeachtach na scéime réitigh, ba cheart go gcumhachtófaí don Bhord chun cearta, sócmhainní nó dliteanais shonraithe de chuid institiúide faoi réiteach a aistriú chuig duine eile, a cheangal go gcomhshófar ionstraimí fiachais ina mbeidh téarma conarthach chun comhshó a dhéanamh in imthosca áirithe nó aon ghníomhaíocht riachtanach a thugann aghaidh go suntasach ar an mbagairt ar an gcuspóir réitigh ábhartha a ghlacadh. Aon bheart a dhéanfadh údarás réitigh náisiúnta a chuirfeadh srian ar fheidhmiú chumhachtaí nó feidhmeanna an Bhoird nó a dhéanfadh difear dóibh, ba cheart iad a eisiamh.

(88)

Ba cheart do na heintitis, na comhlachtaí agus na húdaráis ábhartha a bheidh páirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo comhoibriú le chéile i gcomhréir le dualgas an chomhair dhílis atá cumhdaithe sna Conarthaí.

(89)

D'fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht SRA, ba cheart don Bhord oibriú i ndlúthchomhar le ÚBE sna himthosca uile. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Bhord oibriú i gcomhar freisin le BERS, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (“EIOPA”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (“ESMA”), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus leis na húdaráis eile arb éard atá iontu CEMA. Ina theannta sin, ba cheart don Bhord comhoibriú go dlúth le BCE agus le húdaráis eile a gcumhachtaítear dóibh maoirseacht a dhéanamh ar eintitis laistigh de SMA, go háirithe i gcás grúpaí atá faoi réir mhaoirseacht chomhdhlúite ag BCE. Chun próiseas réitigh na mbanc a bhfuil ag cliseadh orthu a bhainistiú go héifeachtach, ba cheart don Bhord comhoibriú go dlúth leis na húdaráis réitigh náisiúnta ar gach céim den phróiseas réitigh. Dá bhrí sin, tá an comhoibriú sin riachtanach ní hamháin chun cinntí réitigh ag an mBord a chur chun feidhme, ach ina theannta sin roimh ghlacadh aon chinneadh réitigh, ar chéim phleanáil an réitigh nó le linn céim na luath-idirghabhála. Ba cheart go bhféadfadh an Bord comhoibriú le húdaráis ábhartha réitigh, agus saoráidí a mhaoiníonn cúnamh airgeadais phoiblí díreach nó indíreach.

(90)

Nuair a bheidh uirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú, ba cheart don Bhord a threorú do na húdaráis réitigh náisiúnta a áirithiú go mbeidh ionadaithe fhostaithe an eintitis lena mbaineann ar an eolas agus, i gcás inarb iomchuí, go rachfar i gcomhairle leo, amhail dá bhforáiltear i dTreoir 2014/59/AE.

(91)

Ó ghlacann an Bord áit na n-údarás réitigh náisiúnta na mBallstát rannpháirteach ina gcinntí réitigh, ba cheart go nglacfadh an Bord áit na n-údarás sin chun comhoibriú le Ballstáit neamh-rannpháirteacha, lena n-áirítear sna coláistí réitigh amhail dá dtagraítear i dTreoir 2014/59/AE ó thaobh feidhmeanna réitigh freisin.

(92)

Ó oibríonn go leor institiúidí ní hamháin laistigh den Aontas, ach go hidirnáisiúnta, ní mór do shásra réitigh éifeachtach, prionsabail chomhoibrithe le húdaráis ábhartha an tríú tír a leagan amach. Aon tacaíocht a thugtar d'údaráis tríú tír, is i gcomhréir leis an gcreat dlí dá bhforáiltear le hAirteagal 88 de Threoir 2014/59/AE ba cheart í a thabhairt. Chun cur chuige comhtháite vis-à-vis tríú tíortha a áirithiú, ba cheart a sheachaint, a oiread is féidir, go nglacfar sna Ballstáit rannpháirteacha cinntí dibhéirseacha maidir le haitheantas imeachtaí réitigh a dhéantar i dtríú tíortha i ndáil le institiúidí nó le máthairghnóthais ag a bhfuil fochuideachtaí nó sócmhainní, cearta nó dliteanais eile atá lonnaithe sna Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart, mar sin, go gcumasófaí don Bhord moltaí ina leith sin a eisiúint.

(93)

D'fhonn a cúraimí a fheidhmiú go héifeachtach, ba cheart cumhachtaí iomchuí imscrúdaithe a bheith ag an mBord. Ba cheart go mbeadh sé ábalta gach faisnéis is gá a cheangal trí na húdaráis réitigh náisiúnta, nó go díreach, tar éis é a chur in iúl dóibh, agus imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta, agus gach faisnéis atá ar fáil do BCE agus do na húdaráis inniúla náisiúnta a úsáid go hiomlán. I gcomhthéacs an réitigh, ba cheart go mbeadh cigireachtaí ar an láthair ar fáil don Bhord chun a áirithiú go nglacfar cinntí ar bhonn faisnéis lánchruinn agus chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme a bheith ag dhéanamh ag údaráis náisiúnta.

(94)

Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an mBord ar gach faisnéis ábhartha, níor cheart go mbeadh na heintitis ábhartha agus a bhfostaithe nó tríú páirtithe lena mbeidh feidhmeanna nó gníomhaíochtaí eisfhoinsithe ag na heintitis lena mbaineann ceanglais na rúndachta gairmiúla a agairt chun cosc a chur ar nochtadh faisnéise don Bhord. Ag an am céanna, níor cheart go measfaí gur sárú ar cheanglais na rúndachta gairmiúla nochtadh na faisnéise sin don Bhord.

(95)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar cinntí arna nglacadh faoi chuimsiú chreat SRA, ba cheart fíneálacha comhréireacha athchomhairleacha a fhorchur i gcás sárú. Ba cheart an bord a bheith i dteideal fíneálacha nó íocaíochtaí pionóis tréimhsiúla a fhorchur ar ghnóthais i leith mainneachtain a chinntí a dhírítear chucu a chomhlíonadh.

(96)

I gcás ina sáróidh údarás réitigh náisiúnta rialacha SRA más rud é nach n-úsáideann sé na cumhachtaí arna dtabhairt dó faoin dlí náisiúnta chun treoir ón mBord a chur chun feidhme, d'fhéadfadh an Ballstát lena mbaineann a bheith faoi dhliteanas aon damáiste a dhéanfar do dhaoine aonair a shlánú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, maidir leis an institiúid nó leis an ngrúpa faoi réiteach, nó aon chreidiúnaí d'aon chuid den eintiteas sin nó den ghrúpa sin in aon Bhallstát, i gcomhréir leis an gcásdlí ábhartha.

(97)

Chun a uathriail agus a neamhspleáchas iomlán a ráthú, ba cheart go mbeadh buiséad uathrialach le hioncam as ranníocaíochtaí éigeantacha ó na hinstitiúidí sna Ballstáit rannpháirteacha ag an mBord. Ba cheart rialacha iomchuí a leagan síos lena rialófar buiséad an Bhoird, ullmhú an bhuiséid, glacadh rialacha inmheánacha lena sonrófar an nós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme, agus iniúchadh inmheánach agus seachtrach na gcuntas.

(98)

Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do chumas na mBallstát táillí a thobhach chun costais riaracháin a n-údarás réitigh náisiúnta a chlúdach.

(99)

Tá na Ballstáit rannpháirteacha tar éis a chomhaontú go comhpháirteach chun a áirithiú go gcúiteofar Ballstát neamh-rannpháirteacha go pras agus le hús ar an méid a d'íoc Ballstát neamh-rannpháirteach in acmhainní dílse i leith aon chur i bhfeidhm de bhuiséad an Aontais chun dliteanais agus costais neamhchonarthacha a íoc a bhaineann leis sin i ndáil le comhlíonadh na gcúraimí faoin Rialachán seo. Tá na Ballstáit rannpháirteacha tar éis comhaontú a chur i gcrích chun an gealltanas sin a chur chun feidhme.

(100)

Tá imthosca ann ina bhféadfaidh éifeachtúlacht na n-uirlisí réitigh arna gcur i bhfeidhm a bheith ag brath ar chistiú gearrthéarmach a bheith ar fáil don eintiteas nó don droichead- eintiteas, ar ráthaíochtaí a sholáthar do cheannaitheoirí ionchasacha, nó ar sholáthar caipitil don droichead-eintiteas. D'ainneoin ról na mbanc ceannais i leachtacht a sholáthar don chóras airgeadais fiú i dtráthanna struis, tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, ciste a bhunú chun a sheachaint nach ón mbuiséad náisiúnta a thiocfaidh na cistí a theastaíonn chun na gcríoch sin. Ba cheart gurbh é an tionscal airgeadais, ina iomláine, a mhaoineodh cobhsú an chórais airgeadais.

(101)

Is gá a áirithiú go mbeidh iomlán an Chiste ar fáil chun institiúidí a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach. Dá bhrí sin, níor cheart an Ciste a úsáid chun aon chríche eile seachas cur chun feidhme éifeachtúil uirlisí réitigh agus cumhachtaí réitigh. Ina theannta sin, níor cheart é a úsáid ach i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail réitigh is infheidhme. Dá réir sin, ba cheart don Bhord a áirithiú gurb iad scairshealbhóirí agus creidiúnaithe na hinstitiúide faoi réiteach a iompróidh i dtús báire aon chaillteanais, costais nó aon speansais eile i dtaca le húsáid na n-uirlisí réitigh. Níor cheart don Chiste na caillteanais, na costais ná speansais eile a iompar ach amháin i gcás ina mbeidh na hacmhainní ó scairshealbhóirí agus ó chreidiúnaithe ídithe.

(102)

Mar phrionsabal, ba cheart ranníocaíochtaí a bhailiú ón tionscal roimh aon oibríocht réitigh agus go neamhspleách ar aon oibríocht réitigh. Nuair nach leor réamh-chistiú chun na caillteanais ná na costais arna dtabhú le húsáid an Chiste a chumhdach, ba cheart ranníocaíochtaí breise a thiomsú chun an costas nó an caillteanas breise a iompar. Thairis sin, ba cheart go mbeadh an Ciste in ann iasachtaí nó cineálacha eile tacaíochta a chonrú ó institiúidí airgeadais de chuid institiúidí nó ó thríú páirtithe eile i gcás nach mbeidh rochtain láithreach ar na ranníocaíochtaí ex-anteex-post nó nach gcumhdófar leo na speanais arna dtabhú le húsáid an Chiste i ndáil le gníomhartha réitigh.

(103)

Chun íocaíochtaí dúbailte a sheachaint, ba cheart go mbeadh na Ballstáit ábalta acmhainní airgeadais atá ar fáil a úsáid a thig ó thobhaigh banc náisiúnta, ó chánacha nó ó ranníocaíochtaí réitigh a bunaíodh idir an 17 Meitheamh 2010 agus 2 Iúil 2014 chun críche na ranníocaíochtaí ex-ante.

(104)

Chun mais chriticiúil a bhaint amach agus chun éifeachtaí comhthimthriallacha a sheachaint, a tharlódh dá mbeadh ar an gCiste a bheith ag brath ar ranníocaíochtaí ex post amháin le linn géarchéime sistéamaí, ní foláir acmhainní airgeadais an Chiste atá ar fáil ex ante a bheith ar a laghad ar spriocleibhéal íosta áirithe.

(105)

Ba chóir leibhéal sprice an Chiste a bhunú mar chéatadán de mhéid taiscí cumhdaithe na n-institiúidí uile creidmheasa atá údaraithe sna Ballstáit rannpháirteacha. Ó ba thagarmharc ní ba leordhóthanaí, áfach, méid dhliteanais iomlána na n-institiúidí sin, agus feidhmeanna an Chiste á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú an bonn níos iomchuí taiscí cumhdaithe nó dliteanais iomlána agus más rud é gur cheart íosmhéid iomlán don Chiste a thabhairt isteach sa todhchaí, agus cothroime iomaíochta a chothabháil le Treoir 2014/59/AE.

(106)

Ba cheart tréimhse iomchuí a shocrú chun an spriocleibhéal a bhaint amach don Chiste. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh an Bord in ann tréimhse na ranníocaíochta a choigeartú chun eisíocaíochtaí suntasacha arna ndéanamh as an gCiste a chur i gcuntas.

(107)

Tá áirithiú mhaoiniú éifeachtach agus leordhóthanach an chiste ríthábhachtach do chreidiúnacht SRA. Ba cheart go bhfeabhsófaí cumas an Bhoird chun modhanna malartacha cistiúcháin don Chiste a chonrú ar shlí a dhéanfaidh an costas cistiúcháin a bharrfheabhsú agus a chaomhnódh acmhainneacht creidmheasa an Chiste. Díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart go nglacfadh an Bord na bearta is gá i gcomhar leis na Ballstáit rannpháirteacha chun na slite agus na módúlachtaí iomchuí a fhorbairt lena gceadófaí cumas iasachtaíochta an Chiste a cheart a bheith i bhfeidhm faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(108)

I gcás ina mbeidh socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh bunaithe cheana féin ag na Ballstáit rannpháirteacha, ba cheart dóibh a bheith in ann foráil a dhéanamh go n-úsáidfidh na socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dóibh, arna mbailiú ó eintitis roimhe sin trí bhíthin ranníocaíochtaí ex-ante, chun eintitis a chúiteamh i leith na ranníocaíochtaí ex ante ar cheart do na heintitis sin a íoc isteach sa Chiste. Ba cheart go mbeadh aiseag den sórt sin gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2014/49/AE.

(109)

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar ríomh cothrom ar ranníocaíochtaí agus chun dreasachtaí a sholáthar le hoibriú faoi shamhail ina mbeidh níos lú riosca, ba cheart a chur i gcuntas i ranníocaíochtaí leis an gCiste an méid riosca a thabhóidh an institiúid creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun.

(110)

D'fhonn a áirithiú go roinnfear costais réitigh go cuí idir scéimeanna ráthaithe taiscí agus an Ciste, ba cheart go gceanglófar ar an scéim ráthaíochta taiscí lena mbeidh institiúid faoi réiteach cleamhnaithe, rannchuidiú níos mó ná méid na gcaillteanas a mbeadh uirthi a iompar dá ndéanfaí an t-eintiteas a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

(111)

Chun luach na méideanna atá sa Chiste a chosaint, ba cheart na méideanna sin a infheistiú i sócmhainní atá sábháilte a ndóthain, éagsúlaithe agus leachtach.

(112)

I gcás ina bhfoirceannfar dlúthchomhar idir BCE agus Ballstát rannpháirteach, nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, ba cheart deighilt chóir na ranníocaíochtaí carnacha ón mBallstát rannpháirteach a chinneadh agus leasanna an Bhallstáit rannpháirtigh lena mbaineann agus an Chiste á gcur i gcuntas.

(113)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE d'fhonn na rialacha maidir le ríomh an ráta úis atá le cur i bhfeidhm a chinneadh i gcás go ndéanfar cinneadh i ndáil le méideanna a mí-úsáideadh ón gCiste a aisghabháil agus chun na cearta ar dhea-riarachán agus ar rochtain ar dhoiciméid tairbhithe a ráthú i nósanna imeachta maidir le haisghabháil den sórt sin; cineál na ranníocaíochtaí leis an gCiste a chinneadh, agus na nithe ar ina leith a bheidh na ranníocaíochtaí dlite, agus an bealach ina ríomhfar méid na ranníocaíochtaí agus an bealach ina mbeidh siad le híoc;; rialacha maidir le clárú, cuntasaíocht, tuairisciú agus eile a shonrú chun a áirithiú go n-íocfar ranníocaíochtaí ina n-iomláine agus go tráthúil; na ranníocaíchtaí bliantúla is gá le caiteachas riaracháin an Bhoird a chumhdach, sula mbeidh sé oibríochtúil go hiomlán, a chinneadh, an córas ranníocaíochtaí a chinneadh d'institiúidí a bheidh údaraithe chun oibriú tar éis don Chiste a spriocleibhéal a bhaint amach; na critéir a chinneadh chun na ranníocaíochtaí a dhéanamh de réir a chéile; na critéir a chinneadh chun an líon blianta a chinneadh faoinar féidir an tréimhse tosaigh a fhadú chun an spriocleibhéal a shroicheadh; na critéir lena mbunaítear na ranníocaíochtaí bliantúla a chinneadh nuair a laghdóidh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil don Chiste faoi bhun spriocleibhéil tar éis na tréimhse tosaigh; na bearta a chinneadh lena sonrófar na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfar ranníocaíochtaí ex-post, a chur siar go sealadach i gcás institiúidí aonair; agus na rialacha mionsonraithe a chinneadh maidir le riar an Chiste agus na prionsabail ghinearálta agus na critéir dá straitéis infheistíochta.

(114)

Ba cheart don Chomhairle, laistigh de chreat na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi Threoir 2014/59/AE, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun cur i bhfeidhm mhodheolaíocht ríofa na ranníocaíochtaí aonair leis an gCiste a shonrú, chomh maith leis na módúlachtaí teicniúla chun cothrom-ranníocaíocht agus an ranníocaíocht riosca-choigeartaithe a ríomh. Ba cheart go n-áiritheodh an mhodheolaíocht sin go bhfuil na heilimintí cothroma agus riosca-choigeartaithe san fhoirmle chun ranníocaíochtaí aonair a ríomh go dtabharfar cuntas ar shlí atá i gcomhréir le prionsabail réitigh agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 103(7) de Threoir 2014/59/AE. Ba cheart go gcuirfeadh an mhodheolaíocht i gcuntas prionsabal na comhréireachta, gan struchtúir earnáil baincéireachta na mBallstát a shaobhadh.

(115)

Mar a léirítear i nDearbhú Uimh. 39 maidir le hAirteagal 290 CFAE, ba cheart don Choimisiún, i gcomhréir leis an gcleachtas bunaithe, le linn dréachtghníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ullmhú, leanúint de dhul i gcomhairle le saineolaithe arna gceapadh ag na Ballstáit. Tá sé an-tábhachtach freisin sa réimse sin go ndéanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, comhairliúcháin iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin le BCE agus leis an mBord ina réimsí inniúlachta.

(116)

Ba cheart go dtabharfaí fógra faoi ghníomhartha réitigh i gceart agus, faoi réir na n-eisceachtaí teoranta a leagtar síos sa Rialachán seo, go bpoibleofar iad. De bhrí gur dócha faisnéis a gheobhaidh an Bord, na húdaráis réitigh náisiúnta agus a gcomhairleoirí gairmiúla le linn an phróisis réitigh a bheith íogair, sula bpoibleofar an cinneadh réitigh, ba cheart an fhaisnéis sin a bheith faoi réir ag ceanglais na rúndachta gairmiúla. Is gá a chur san áireamh go bhféadfadh éifeachtaí forleathana a bheith ag faisnéis maidir le hinneachar agus sonraí pleananna réitigh iontu féin chomh maith le toradh aon mheasúnaithe ar na pleananna sin, go háirithe ar na gnóthais lena mbaineann. Ní mór a thoimhdiú go mbeidh éifeachtaí ar leasanna poiblí agus príobháideacha lena mbaineann an ngníomhaíocht ag aon fhaisnéis a sholáthrófar i leith cinnidh sula dtógfar é, bíodh sé i dtaobh an gcomhlíonfar na coinníollacha réitigh, i dtaobh uirlis shonrach nó aon ghníomhaíocht i rith na n-imeachtaí a úsáid. D'fhéadfadh, áfach, nár leor ach an fhaisnéis a bheith ann go bhfuil eintiteas sonrach á scrúdú ag an Bord agus na húdaráis réitigh náisiúnta chun éifeachtaí diúltacha a chur faoi deara don eintiteas sonrach sin á scrúdú ag an mBord agus ag na húdaráis náisiúnta réitigh. Is gá mar sin a áirithiú go mbeidh sásraí iomchuí chun rúndacht na faisnéise sin a chothabháil, amhail inneachar agus sonraí na bpleananna réitigh agus an toradh ar aon mheasúnacht a dhéanfar sa chomhthéacs sin.

(117)

Chun rúndacht obair an Bhoird a chaomhnú, ba cheart a chomhaltaí, agus a bhaill foirne, lena n-áirítear an fhoireann a mhalartaítear leis na Ballstáit rannpháirteacha, nó a thugtar ar iasacht dóibh chun dualgais réitigh a thabhairt i gcrích, a bheith faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, fiú tar éis dóibh scor dá ndualgais. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na ceanglais sin freisin maidir le daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord, le daoine a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát iniúchtaí ar an láthair a sheoladh, agus le breathnóirí dá dtabharfar cuireadh chun freastal ar chruinnithe sheisiúin iomlánacha agus feidhmiúcháin an Bhoird agus maidir le breathnóirí ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha a ghlacfaidh páirt i bhfoirne réitigh inmheánacha. Chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a fheidhmiú, ba cheart an Bord a údarú, faoi réir coinníollacha áirithe, faisnéis a mhalartú le húdaráis agus comhlachtaí náisiúnta nó de chuid an Aontais.

(118)

D'fhonn a áirithiú go n-asamhlófar an Bord sa CEMA, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a leasú chun an Bord a áireamh i gcoincheap na n-údarás inniúil arna bhunú leis an Rialachán sin. Tá asamhlú sin an Bhoird agus na n-údarás inniúil de bhun Rialachán Uimh. 1093/2010 i gcomhréir leis na feidhmeanna a chuirtear síos do BCE de bhun Airteagal 25 de Rialachán Uimh. 1093/2010 chun cur le forbairt agus comhordú pleananna téarnaimh agus réitigh, agus páirt ghníomhach a ghlacadh iontu, agus díriú ar réiteach na n-eintiteas a bhfuil ag cliseadh orthu agus go háirithe grúpaí trasteorann, a éascú.

(119)

Go dtí go mbeidh an Bord lánoibríochtúil, ba cheart don Choimisiún a bheith freagrach as na hoibríochtaí tosaigh lena n-áirítear Cathaoirleach eatramhach a ainmniú chun na híocaíochtaí ar fad is gá a údarú thar ceann an Bhoird.

(120)

Tugann SRA le chéile an Bord, an Chomhairle, an Coimisiún, agus údaráis réitigh na mBallstát rannpháirteach. Tá dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na gcinntí arna nglacadh ag an mBord, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE, mar aon lena ndliteanas neamhchonarthach a chinneadh. Ina theannta sin, tá an inniúlacht ag an gCúirt Bhreithiúnais, i gcomhréir le hAirteagal 267 CFAE, chun réamhrialuithe a thabhairt, ar údaráis bhreithiúnacha náisiúnta dá iarraidh sin ar bhailíocht agus léiriú ar ghníomhartha institiúidí, chomhlachtaí nó ghníomhaireachtaí an Aontais. Ba cheart d'údaráis bhreithiúnacha náisiúnta a bheith inniúil, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na gcinntí arna nglacadh ag údaráis réitigh na mBallstát rannpháirteach i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh leis an Rialachán seo, agus chun a ndliteanas neamhchonarthach a chinneadh.

(121)

Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt,agus go háirithe an ceart chun maoine, sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse fiontraíochta, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, agus an ceart chun cosanta, agus ba cheart é a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(122)

Ós rud é nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon creat aonair Eorpach atá éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú chun eintitis a réiteach, agus a áirithiú go gcuirfear rialacha réitigh i bhfeidhm ar bhonn comhsheasmhach, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát ach gur fearr is féidir, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar mar is gá d'fhonn na cuspóirí sin a ghnóthú.

(123)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo chun a thionchar ar an margadh inmheánach a mheasúnú agus chun a chinneadh an bhfuil gá le haon mhodhnuithe nó forbairtí breise chun feabhas a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an SAR, go háirithe an gá an tAontas Baincéireachta a chur chun críche leis an gcomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais d'imeachtaí dócmhainneachta i leith institiúidí ar chlis orthu.

(124)

Le haistriú na ranníocaíochtaí arna dtiomsú ar an leibhéal náisiúnta faoin Rialachán seo, ba cheart go gceadófaí don Chiste oibriú agus, ar an gcaoi sin, do na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ar shlí éifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le huirlisí réitigh agus leis na ranníocaíochtaí ón 1 Eanáir 2016. Ó mhí na Nollag 2015, ba cheart go bhféadfaí an dáta sin a chur siar ar feadh tréimhsí de mhí amháin nuair nach mbeidh na coinníollacha lena gceadófar na ranníocaíochtaí arna dtiomsú ar an leibhéal náisiúnta comhlíonta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach chun na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a réiteach, arb eintitis iad atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 4.

Déanfaidh an Bord Réitigh Aonair, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 42 (an “Bord”), na rialacha aonfhoirmeacha sin agus an nós imeachta aonfhoirmeach sin a chur i bhfeidhm i gcomhar leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis réitigh náisiúnta faoi chuimsiú an tsásra réitigh aonair (“SRA”) arna bhunú leis an Rialachán seo. Tacóidh ciste réitigh aonair (“an Ciste”) le SRA.

Beidh úsáid an Chiste ag brath ar chomhaontú a theacht i bhfeidhm i measc na mBallstát rannpháirteach (“an Comhaontú”) maidir le haistriú na gcistí a chruinnítear ar an leibhéal náisiúnta i leith an Chiste chomh maith le cumasc leanúnach na gcistí éagsúla a chruinnítear ar an leibhéal náisiúnta, ar cistí iad a bheidh le leithdháileadh ar urranna náisiúnta an Chiste.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán maidir leis na heintitis seo a leanas:

(a)

institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach;

(b)

máthairghnóthais, lena n-áirítear cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach, i gcás ina mbeidh siad faoi réir maoirseachta comhdhlúite arna déanamh ag BCE i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(c)

gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí airgeadais atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach i gcás ina mbeidh cumhdaithe ag maoirseacht chomhdhlúite an mháthairghnóthais arna déanamh ag BCE i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “údarás inniúil náisiúnta” aon údarás inniúil náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(2)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(2)(i) den Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010;

(3)

ciallaíonn “údarás réitigh náisiúnta” údarás arna ainmniú ag Ballstát rannpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE;

(4)

ciallaíonn “údarás réitigh náisiúnta ábhartha” údarás réitigh náisiúnta Ballstáit rannpháirtigh ina mbunaítear eintiteas nó eintiteas grúpa;

(5)

ciallaíonn “coinníollacha réitigh” na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 18(1);

(6)

ciallaíonn “plean réitigh” plean arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 8 nó Airteagal 9;

(7)

ciallaíonn “plean réitigh grúpa” plean le haghaidh réitigh grúpa arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 9;

(8)

ciallaíonn “cuspóirí réitigh” na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 14;

(9)

ciallaíonn “uirlis réitigh” uirlis réitigh dá dtagraítear in Airteagal 22(2);

(10)

ciallaíonn “gníomhaíocht réitigh” an cinneadh eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a chur faoi réiteach de bhun Airteagal 18, uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó ceann amháin nó níos mó de na cumhachtaí a fheidhmiú;

(11)

ciallaíonn “taiscí clúdaithe” taiscí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(4) de Threoir 2014/49/AE;

(12)

ciallaíonn “taiscí incháilithe” taiscí incháilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(4) de Threoir 2014/49/AE;

(13)

ciallaíonn “institiúid” institiúid creidmheasa, nó gnólacht infheistíochta a chumhdaítear le maoirseacht chomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 2(c);

(14)

ciallaíonn “institiúid faoi réiteach” eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a ndéantar gníomhaíocht réitigh ina leith;

(15)

ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(26) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(16)

ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta airgeadais” cuideachta shealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(20) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(17)

ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha” cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(18)

ciallaíonn “máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais” máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid AE' mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(19)

ciallaíonn “máthairinstitiúid de chuid an Aontais” máthairinstitiúid de chuid AE' mar a shainmhínítear i bpointe (29) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(20)

ciallaíonn “máthairghnóthas” máthairghnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(15)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(21)

ciallaíonn “fochuideachta” fochuideachta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(16) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(22)

ciallaíonn “brainse” brainse mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(17) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(23)

ciallaíonn “grúpa” máthairghnóthas agus a fhochuideachtaí, ar eintitis iad amhail dá dtagraítear in Airteagal 2;

(24)

ciallaíonn “grúpa trasteorann” grúpa ag a bhfuil eintitis amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 atá bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó;

(25)

ciallaíonn “bonn comhdhlúite” bonn an stádais chomhdhlúite mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(47) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(26)

ciallaíonn “maoirseoir comhdhlúthaithe” maoirseoir comhdhlúthaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(41) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013;

(27)

ciallaíonn “údarás réitigh ar ghrúpleibhéal” an t-údarás réitigh sa Bhallstát rannpháirteach ina bhfuil an institiúid nó an máthairghnóthas atá faoi réir maoirseachta comhdhlúthaithe ag an leibhéal comhdhlúthaithe is airde laistigh de na Ballstáit rannpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 111 de Threoir 2013/36/AE suite;

(28)

ciallaíonn “scéim chosanta institiúideach” nó “SCI” socrú a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(29)

ciallaíonn “tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách” Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE nó aon tacaíocht airgeadais phoiblí ar an leibhéal fornáisiúnta, ar Státchabhair a bheadh ann dá soláthrófaí é ar an leibhéal náisiúnta, a sholáthrófar chun inmharthanacht, leachtacht nó sócmhainneacht eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, nó grúpa ar cuid de an t-eintiteas sin, a chaomhnú nó a athbhunú.

(30)

ciallaíonn “uirlis díolacháin ghnó” an sásra chun go ndéanfadh údarás réitigh scaireanna nó ionstraimí eile úinéireachta arna n-eisiúint ag institiúid faoi réiteach, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais institiúide faoi réiteach le ceannaitheoir nach droichead-institiúid é, i gcomhréir le hAirteagal 24;

(31)

Ciallaíonn “uirlis droichead-institiúide” sásra chun ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag institiúid faoi réiteach nó sócmhainní, cearta nó dliteanais institiúide faoi réiteach a aistriú chuig droichead-institiúid, i gcomhréir le hAirteagal 25;

(32)

ciallaíonn “uirlis deighilte sócmhainní” sásra chun aistriú a dhéanamh ar shócmhainní, ar chearta nó ar dhliteanais institiúide faoi réiteach chuig gléas bainistíochta sócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 26;

(33)

ciallaíonn “uirlis fortharrthála” an sásra chun na cumhachtaí díluachála agus comhshó a fheidhmiú i ndáil le dliteanais institiúide faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 27;

(34)

ciallaíonn “acmhainní airgeadais atá ar fáil” an t-airgead tirim, na taiscí, na sócmhainní agus na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe atá ar fáil don Chiste chun na gcríoch atá liostaithe faoi Airteagal 76(1);

(35)

ciallaíonn “spriocleibhéal” méid na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil a bheidh le baint amach faoi Airteagal 69(1).

(36)

ciallaíonn “Comhaontú” an comhaontú maidir le haistriú agus le frithpháirtiú ranníocaíochtaí chuig an gCiste;

(37)

ciallaíonn “idirthréimhse” an tréimhse ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo mar a chinntear faoi Airteagal 99(2) agus (6) go dtí go sroichfidh an Ciste an spriocleibhéal nó an 1 Eanáir 2024, cibé acu is luaithe;

(38)

ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim airgeadais mar a shainmhínítearí i bpointe (50) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(39)

ciallaíonn “ionstraimí fiachais” bannaí agus cineálacha eile fiachais inaistrithe, ionstraimí lena gcruthaítear nó lena n-aithnítear fiachas, agus ionstraimí lena dtugtar cearta chun ionstraimí fiachais a fháil;

(40)

ciallaíonn “cistí dílse” cistí dílse mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1)(118) de of Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(41)

ciallaíonn “ceanglais i leith cistí dílse” na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92 go hAirteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(42)

ciallaíonn “foirceannadh” réadú sócmhainní de chuid eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2;

(43)

ciallaíonn “díorthach” díorthach mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(44)

ciallaíonn “cumhachtaí díluachála agus comhshó” na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 21;

(45)

ciallaíonn “ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1” ionstraimí caipitil a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 28(1) go (4), Airteagal 29(1) go (5) nó Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(46)

ciallaíonn “ionstraimí Breise Leibhéal 1” ionstraimí caipitil a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(47)

ciallaíonn “ionstraimí Leibhéal 2” ionstraimí caipitil nó fo-iasachtaí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(48)

ciallaíonn “méid comhiomlán” an méid comhiomlán a bhfuil sé measta ag an údarás réitigh gur gá na dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó, i gcomhréir le hAirteagal 27(13);

(49)

ciallaíonn “dliteanais incháilithe” na dliteanais agus na hionstraimí caipitil nach bhfuil incháilithe mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, mar ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó mar ionstraimí Leibhéal 2 de chuid de chuid eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 nach n-eisiatar ó raon feidhme na huirlise forrtharrthála de bhun Airteagal 27(3);

(50)

ciallaíonn “scéim ráthaíochta taiscí” scéim ráthaíochta taiscí arna tugadh isteach agus arna aithint go hoifigiúil ag Ballstát de bhun Airteagal 4 de Threoir 2014/49/AE;

(51)

ciallaíonn “ionstraimí caipitil ábhartha” ionstraimí Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Leibhéal 2;

(52)

ciallaíonn “banna faoi chumhdach” ionstraim amhail dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13);

(53)

ciallaíonn “taisceoir” taisceoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(5) de Threoir 2014/49/AE;

(54)

ciallaíonn “infheisteoir” infheisteoir de réir bhrí Airteagal 1(4) de Threoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

2.   In éagmais sainmhíniú iomchuí i mír 1 den Airteagal seo, tá feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2014/59/AE. In éagmais sainmhíniú iomchuí i mír 1 den Airteagal seo nó in Airteagal 2 de Threoir 2014/59/AE, tá feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 4

Ballstáit rannpháirteacha

1.   Maidir leis na Ballstáit rannpháirteacha de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, measfar gur Ballstáit rannpháirteacha iad chun críocha an Rialacháin seo.

2.   I gcás ina ndéanfar dlúthchomhar idir Ballstát agus BCE a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, scoirfidh eintitis atá bunaithe sa Bhallstát sin de bheith clúdaithe ag an Rialachán seo ón dáta a gcuirtear i bhfeidhm an cinneadh chun dlúthchomhar a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

3.   I gcás ina bhfoirceanntar an dlúthchomhar le BCE ag Ballstát nach é an euro a airgeadra i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán 1024/2013, cinnfidh an Bord, laistigh de thrí mhí ó dháta ghlactha an chinnidh chun an dlúthchomhar a fhoirceannadh, i gcomhaontú leis an mBallstát sin faoi na rialacha mionsonraithe maidir le ranníocaíochtaí a bheidh aistrithe ag an mBallstát lena mbaineann chuig an gCiste a aisghabháil agus maidir le haon choinníollacha is infheidhme.

Áireofar ar aisghabhálacha an chuid sin den urrrann atá comhfhreagrach leis an mBallstát lena mbaineann nach bhfuil faoi réir frithpháirtiúcháin. Más rud é, le linn na hidirthréimhse, mar a leagtar síos sa Chomhaontú, nach leor aisghabhálacha na coda nach bhfuil frithpháirtithe chun cead a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann bunú a shocraithe náisiúnta airgeadais a chistiú gcomhréir le Treoir 2014/59/AE, áireofar ar aisghabhálacha freisin iomlán de chuid na hurrainne nó cuid den chuid sin a chomhfhreagraíonn don Bhallstát sin atá faoi réir frithpháirtiúcháin i gcomhréir leis an gComhaontú nó ar shlí eile, tar éis na hidirthréimhse, iomlán na ranníocaíochtaí nó cuid díobh a aistreoidh an Páirtí Conarthach lena mbaineann le linn an dlúthchomhair, i méid ar leor é chun cistiú an tsocraithe náisiúnta airgeadais sin a chumasú.

Agus measúnú á dhéanamh ar an méid acmhainní airgeadais atá le haisghabháil ón gcuid fhrithpháirtithe nó a mhalairt, i ndiaidh na hidirthréimhse, ón gCiste, cuirfear na critéir bhreise seo a leanas i gcuntas:

(a)

an bealach ar tharla gur foirceannadh an dlúthchomhar le BCE, cibé acu a rinneadh é go saorálach i gcomhréir le hAirteagal 7(6) de Rialachán (AE) 1024/2013, nó nach ndearnadh;

(b)

go bhfuil gníomhaíochtaí leanúnacha réitigh ann an dáta a bhfoirceannfar é;

(c)

timthriall eacnamaíoch an Bhallstáit lena mbaineann an foirceannadh.

Déanfar aisghabhálacha a dháileadh le linn tréimhse teoranta a bheidh comhréireach le ré an dlúthchomhair. Bainfear ó na haisghabhálacha sin an scair atá ag an mBallstát ábhartha den mhodh airgeadais ón gCiste a úsáidtear do ghníomhaíochtaí réitigh le linn thréimhse an dlúthchomhair.

4.   Leanfaidh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige maidir le himeachtaí atá leanúnach ar dháta chur i bhfeidhm cinnidh amhail dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 5

Gaol le Treoir 2014/59/AE agus an dlí náisiúnta is infheidhme

1.   I gcás, de bhun an Rialacháin seo, ina ndéanann an Bord cúraimí agus cumhachtaí a fheidhmiú atá le feidhmiú, de réir Threoir 2014/59/AE ag údarás réitigh náisiúnta, measfar, d'fhonn an Rialachán seo agus Treoir 2014/59/AE a chur i bhfeidhm, gurb é an Bord an t-údarás réitigh náisiúnta ábhartha nó, i gcás ina mbeidh réiteach grúpa trasteorann ann, an t-údarás ábhartha réitigh ar leibhéal grúpa.

2.   Déanfaidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis réitigh náisiúnta, cinntí atá faoi réir dhlí ábhartha an Aontais agus i gcomhréir leis agus go háirithe aon ghníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha, lena n-áirítear iad sin dá dtagraítear in Airteagal 290 agus in Airteagal 291 CFAE.

Beidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis náisiúnta réitigh faoi réir caighdeáin theicniúla cheangailteacha rialála agus chur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚBE agus arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus faoi réir aon treoirlínte agus moltaí arna n-eisiúint ag ÚBE faoi Airteagal 16 den Rialachán sin. Déanfaidh siad gach iarracht chun cloí le haon treoirlínte agus moltaí ón ÚBE a bhaineann le cúraimí de chineál a bheidh le comhlíonadh ag na comhlachtaí sin. I gcás nach gcomhlíonfaidh siad nó nach mbeidh sé i gceist acu na treoirlínte nó na moltaí sin a chomhlíonadh, cuirfear ÚBE ar an eolas faoi sin i gcomhréir le hAirteagal 16(3) den Rialachán sin. Comhoibreoidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún le ÚBE i gcur chun feidhme Airteagal 25 agus Airteagal 30 den Rialachán sin. Beidh an Bord faoi réir aon chinntí ón ÚBE freisin i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 i gcás ina bhforálfar le Treoir 2014/59/AE do chinntí den sórt sin.

Airteagal 6

Prionsabail ghinearálta

1.   Ní dhéanfaidh aon ghníomhaíocht, togra nó beartas de chuid an Bhoird, de chuid na Comhairle, de chuid an Choimisiúin nó de chuid údaráis réitigh náisiúnta idirdhealú i gcoinne eintiteas, i gcoinne sealbhóirí taiscí, infheisteoirí ná creidiúnaithe eile atá bunaithe san Aontas ar bhonn a náisiúntachta nó a n-áite gnó.

2.   Déanfar gach gníomh, togra nó beartas de chuid an Bhoird, de chuid na Comhairle, de chuid an Choimisiúin, nó de chuid údaráis réitigh náisiúnta faoi chuimsiú chreat SRA le lánaird agus le dualgas cúraim le haghaidh aontacht agus iontaofacht an mhargaidh inmheánaigh.

3.   Agus é ag déanamh cinntí nó i mbun gníomhaíocht a dhéanamh, a d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar níos mó ná Ballstát amháin, agus go háirithe agus é ag déanamh cinntí a bhaineann le grúpaí atá bunaithe in dhá Bhallstát nó níos mó, tabharfar aird chuí ar na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 14 agus ar na tosca seo a leanas ar fad:

(a)

leasanna na mBallstát ina n-oibríonn grúpa agus go háirithe tionchar aon chinnidh nó gníomhaíochta nó neamhghníomhaíochta ar chobhsaíocht airgeadais, ar acmhainní buiséadacha, ar shocruithe airgeadais, ar scéim ráthaíochta taiscí nó ar scéim cúitimh d'infheisteoirí in aon cheann de na Ballstáit sin agus ar an gCiste;

(b)

cuspóir leasanna na mBallstát éagsúil atá bainteach a chomhardú agus dochar éagothrom do leasanna Ballstáit a sheachaint nó cosaint éagothrom na leasanna sin a sheachaint;

(c)

an gá atá le tionchar diúltach a íoslaghdú i gcás aon chuid de ghrúpa ar ball d'eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 é, agus atá faoi réir réitigh.

4.   Agus cinntí á ndéanamh nó gníomhaíochtaí á nglacadh, go háirithe maidir le heintitis nó grúpaí atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach agus i mBallstát neamh-rannpháirteach araon, cuirfear san áireamh éifeachtaí diúltacha a d'fhéadfadh a bheith ann ar Bhallstáit neamh-rannpháirteacha, lena n-áirítear ar institiúidí atá bunaithe sna Ballstáit sin.

5.   Déanfaidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún na tosca dá dtagraítear i mír 3 a chomhardú leis na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 14 de réir mar is iomchuí ag féachaint do chineál agus d'imthosca gach cáis agus déanfaidh siad na cinntí a bheidh déanta ag an gCoimisiún faoi Airteagal 107 CFAE agus faoi Airteagal 19 den Rialachán seo a chomhlíonadh.

6.   Ní cheanglóidh cinntí nó gníomhaíochtaí de chuid an Bhoird ná na Comhairle ná an Choimisiúin ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sholáthar ná cur isteach ar cheannasacht bhuiséadach ná a fhreagrachtaí búiséadacha na mBallstát.

7.   I gcás ina ndéanfaidh an Bord cinneadh atá dírithe ar údarás réitigh náisiúnta, beidh an ceart ag an údarás réitigh náisiúnta chun na bearta a bheidh le glacadh a shoiléiriú tuilleadh. Beidh cinneadh an Bhoird a bheidh i gceist á chomhlíonadh ag na sonraíochtaí sin.

Airteagal 7

Deighilt na gcúraimí laistigh de SRA

1.   Beidh an Bord freagrach as feidhmiú éifeachtach agus comhsheasmhach SRA.

2.   Faoi réir na bhforálacha dá bhforáiltear in Airteagal 31(1), beidh an Bord freagrach as na pleananna réitigh a tharraingt suas agus na cinntí go léir a ghlacadh a bhaineann le réiteach maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 nach cuid de ghrúpa iad, agus maidir le grúpaí:

(i)

a mheastar a bheith suntasach i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013; nó

(ii)

arb i ndáil leis a bheidh cinneadh déanta ag BCE i gcomhréir le hAirteagal 6(5)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 na cumhachtaí ábhartha go léir a fheidhmiú go díreach; agus

(b)

grúpaí eile trasteorann.

3.   I ndáil le heintitis agus grúpaí, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 2, gan dochar do fhreagrachtaí an Bhoird as na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo, feidhmeoidh na húdaráis réitigh náisiúnta na cúraimí seo a leanas agus beidh siad freagrach as na cúraimí seo leanas:

(a)

pleananna réitigh a ghlacadh agus measúnú a dhéanamh ar inréiteacht i gcomhréir le hAirteagal8 agus le hAirteagal 10 agus leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 9;

(b)

bearta a ghlacadh le linn idirghabhála luaithe i gcomhréir le hAirteagal 13(3);

(c)

oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm nó go dtarscaoilfí an oibleagáid pleananna réitigh a dhréachtadh, i gcomhréir le hAirteagal 11;

(d)

an leibhéal íoscheanglais a shocrú do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe, i gcomhréir le hAirteagal 12;

(e)

cinntí réitigh a ghlacadh agus uirlisí réitigh dá dtagraítear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus leis na coimircí ábhartha, ar choinníoll nach n-éileofar leis an ngníomhaíocht réitigh aon úsáid den Chiste agus go maoineofar é go heisiach leis na huirlisí dá dtagraítear in Airteagal 21 agus in Airteagal 24 go hAirteagal 27 agus/nó leis an scéim ráthaíochta taiscí, i gcomhréir le hAirteagal 79, agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31;

(f)

ionstraimí caipitil ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó de bhun Airteagal 21, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31.

Má éilítear úsáid an Chiste leis an ngníomhaíocht réitigh, glacfaidh an Bord an scéim réitigh.

Nuair a bheidh cinneadh réitigh á ghlacadh, déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta an plean réitigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 9 a chur i gcuntas agus a leanúint, mura rud é go measfaidh siad, agus imthosca an cháis á gcur i gcuntas, go mbainfear amach na cuspóirí réitigh níos éifeachtaí trí ghníomhaíochtaí a ghlacadh nach bhforáiltear dóibh sa phlean réitigh.

Nuair a bheidh na cúraimí dá dtagraítear sa mhír seo á bhfeidhmiú, cuirfidh na húdaráis réitigh náisiúnta forálacha ábhartha an Rialacháin seo i bhfeidhm. Aon tagairtí don Bhord in Airteagal 5(2), Airteagal 6(5), Airteagail 8(6), (8), (12), agus (13), Airteagal 10(1) go (10), Airteagail 11 go 14, Airteagal 15(1), (2) agus (3), Airteagal 16, an chéad fhomhír d'Airteagal 18(1), Airteagal 18(2) agus (6), Airteagal 20, Airteagal 21(1) go (7), an dara fomhír d'Airteagal 21(8), Airteagal 21(9) agus (10), Airteagal 22(1), (3) agus (6), Airteagal 23 agus Airteagal 24, Airteagal 25(3), Airteagal 27(1) go (15), an dara habairt den dara fomhír, an tríú fomhír, agus an chéad, an tríú agus an ceathrú abairt den cheathrú fomhír d'Airteagal 27(16) agus Airteagal 32, léifear iad mar thagairtí do na húdaráis réitigh náisiúnta maidir le grúpaí agus eintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Chun na críche sin, déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 2014/59/AE a fheidhmiú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta an Bord a chur ar an eolas faoi na bearta dá dtagraítear sa mhír seo a bheidh le glacadh agus comhordóidh siad go dlúth leis an mBord agus na bearta sin á nglacadh acu.

Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta pleananna réitigh dá dtagraítear in Airteagal 9 a chur faoi bhráid an Bhoird, chomh maith le haon nuashonruithe, lena ngabhfaidh measúnú réasúnaithe maidir le hinréiteacht an eintitis nó an ghrúpa lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 10.

4.   Nuair is gá, chun ardchaighdeáin réitigh a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach faoin Rialachán seo, féadfaidh an Bord:

(a)

tar éis d'údarás réitigh náisiúnta fógra a thabhairt maidir le beart faoi mhír 3 den Airteagal seo de bhun Airteagal 31(1) laistigh den fhráma ama cuí ag féachaint do phráinn na n-imthosca, rabhadh a thabhairt don údarás imréitigh náisiúnta ábhartha i gcás ina measfaidh an Bord nach gcomhlíonann an dréachtchinneadh maidir le haon eintiteas nó grúpa dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an Rialachán seo nó a threoracha ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 31(1)(a);

(b)

a chinneadh tráth ar bith, go háirithe mura mbeifear á dhíriú go hiomchuí ar an rabhadh dá dtagraítear i bpointe (a), ar a thionscnamh féin tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh náisiúnta lena mbaineann nó arna iarraidh sin don údarás réitigh náisiúnta lena mbaineann, na cumhachtaí ábhartha go léir faoin Rialachán seo, agus freisin maidir le haon eintiteas nó grúpa dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, a fheidhmiú go díreach.

5.   D'ainneoin mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh go ndéanfaidh an Bord na cumhachtaí agus freagrachtaí ábhartha go léir a thugtar dó leis an Rialachán seo i ndáil le heintitis agus le grúpaí, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 2, agus atá bunaithe ar a gcríoch, a fheidhmiú. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag mír 3 agus ag mír 4 den Airteagal seo, ag Airteagal 9, ag Airteagal 12(2), agus ag Airteagal 31(1). Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil sé i gceist acu an rogha seo a úsáid fógra a thabhairt don Bhord agus don Choimisiún dá réir. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfógra ó lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

CUID II

FORÁLACHA SONRACHA

TEIDEAL I

FEIDHMEANNA LAISTIGH DE SRA AGUS RIALACHA NÓS IMEACHTA

CAIBIDIL 1

Pleanáil réitigh

Airteagal 8

Pleananna réitigh arna dtarraingt suas ag an mBord

1.   Déanfaidh an bord pleananna réitigh a tharraingt suas agus a ghlacadh do na heintitis agus do na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus do na heintitis agus do na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) nuair a bheidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míreanna seo comhlíonta.

2.   Déanfaidh an Bord na pleananna réitigh a tharraingt suas, tar éis dó dul i gcomhairle le BCE nó le húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha agus le húdaráis réitigh náisiúnta, lena n-áirítear údarás réitigh grúpleibhéil, na mBallstát ina bhfuil na heintitis bunaithe agus le húdaráis réitigh de chuid Ballstát neamh-rannpháirteach ina bhfuil brainsí suntasacha suite a mhéid is ábhartha don bhrainse shuntasach. Chuige sin, féadfaidh an Bord a cheangal ar na húdaráis réitigh náisiúnta dréachtphlean réitigh a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird agus a cheangal ar an údarás réitigh grúpleibhéil dréachtphlean réitigh a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird.

3.   Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, eiseoidh an Bord treoirlínte agus treoracha maidir le seoltaí chuig na húdaráis réitigh náisiúnta maidir le hullmhú dréachtphleananna réitigh agus dréachtphleananna réitigh ghrúpa a bhaineann le heintitis shonracha nó le grúpaí sonracha.

4.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, agus gan dochar do Chaibidil 5 den Teideal seo, déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta an fhaisnéis ar fad is gá chun na pleananna réitigh a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, mar a fuair siad an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 13(1) de Threoir 2014/59/AE a chur faoi bhráid an Bhoird.

5.   Leagfar amach sa phlean réitigh roghanna chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú dá dtagraítear sa Rialachán seo maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear i mír 1.

6.   Déanfar foráil sa phlean réitigh maidir leis na gníomhaíochtaí réitigh a fhéadfaidh an Bord a dhéanamh i gcás ina gcomhlíonfaidh eintiteas nó grúpa dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha maidir le réiteach.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 9 a nochtadh don eintiteas lena mbaineann.

Nuair a bheidh an plean réitigh á tharraingt suas agus á nuashonrú, déanfaidh an Bord aon bhacainní ábhartha ar inréiteacht a shainaithint, agus i gcás inar gá agus inar comhréireach léargas a thabhairt ar conas a d'fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin, i gcomhréir le hAirteagal 10.

Tabharfar aird sa phlean réitigh ar chásanna ábhartha lena n-áirítear go bhféadfadh cliseadh a bheith neamhghnách nó go bhféadfadh sé tarlú tráth éagobhsaíochta airgeadais níos leithne nó tráth teagmhas sistéamach.

Ní thoimhdeofar sa phlean réitigh aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

go bhfuil aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas úsáid an Chiste a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 67;

(b)

aon chúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de; nó

(c)

aon chúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi chomhthaobhacht neamhchaighdeánach, faoi aibíocht agus faoi théarmaí rátaí úis.

7.   Áireofar sa phlean réitigh conas agus cathain a fhéadfaidh institiúid iarratas a chur isteach, sna coinníollacha a dtugann an plean aghaidh orthu, chun saoráidí an bhainc ceannais a úsáid agus déanfar na hacmhainní sin a mbeifí ag súil go gcáileoidís mar chomhthaobhacht a shainaithint ann.

8.   Féadfaidh an Bord a cheangal ar institiúidí cúnamh a thabhairt dó sna pleananna a tharraingt suas agus a nuashonrú.

9.   Beidh sa phlean réitigh do gach eintiteas na nithe seo a leanas, agus iad cainníochtaithe nuair is iomchuí agus nuair is féidir:

(a)

achoimre ar phríomheilimintí an phlean;

(b)

achoimre ar na hathruithe ábhartha ar an institiúid a tharla tar éis an fhaisnéis is déanaí faoin réiteach a bheith comhdaithe;

(c)

léiriú ar conas a d'fhéadfaí feidhmeanna criticiúla agus croílínte gnó a dheighilt go dlíthiúil agus go heacnamaíoch, a mhéid is gá, ó fheidhmeanna eile chun leanúnachas a áirithiú ar chliseadh na hinstitiúide;

(d)

meastachán ar an tréimhse ama chun gach gné ábhartha den phlean a fhorfheidhmiú;

(e)

tuairisc mhionsonraithe ar an measúnú ar inréiteacht arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10;

(f)

tuairisc ar aon bhearta is gá de bhun Airteagal 10(7) chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht arna sainaithint mar thoradh ar an measúnú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10 nó chun iad a bhaint;

(g)

tuairisc ar na próisis chun an luach agus an indíoltacht a chinneadh i ndáil le feidhmeanna criticiúla, croílínte gnó agus sócmhainní na hinstitiúide;

(h)

tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a éilítear de bhun Airteagal 11 de Threoir 2014/59/AE cothrom le dáta agus ar fáil do na húdaráis réitigh an t-am ar fad;

(i)

míniú maidir le conas a d'fhéadfaí na roghanna réitigh a mhaoiniú gan toimhdiú i ndáil le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)

go bhfuil aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas úsáid an Chiste a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 67;

(ii)

aon chúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de; nó

(iii)

aon chúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi chomhthaobhacht neamhchaighdeánach, faoi aibíocht agus faoi théarmaí rátaí úis;

(j)

tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí réitigh éagsúla a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm de réir na gcásanna éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ann agus na dtréimhsí ama is infheidhme;

(k)

tuairisc ar idirthuilleamaíochtaí criticiúla;

(l)

tuairisc ar roghanna chun rochtain ar íocaíochtaí agus ar sheirbhísí imréitigh agus ar bhonneagair eile a chaomhnú agus measúnú ar iniomparthacht seasamh cliant;

(m)

anailís ar thionchar an phlean ar fhostaithe na hinstitiúide, lena n-áirítear measúnú ar aon chostais ghaolmhara, agus tuairisc ar na nósanna imeachta atá beartaithe chun dul i gcomhairle leis an bhfoireann le linn an phróisis réitigh, agus na córais náisiúnta le haghaidh comhphlé leis na comhpháirtithe sóisialta á gcur i gcuntas, i gcás inarb infheidhme;

(n)

plean chun cumarsáid a dhéanamh leis na meáin agus leis an bpobal;

(o)

an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais inghlactha a cheanglaítear de bhun Airteagal 12 agus sprioc-am chun an leibhéal sin a bhaint amach, i gcás inarb infheidhme;

(p)

i gcás inarb infheidhme, an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus uirlisí fortharrthála conarthacha de bhun Airteagal 12, agus sprioc-am chun an leibhéal sin a bhaint amach, i gcás inarb infheidhme;

(q)

tuairisc ar oibríochtaí agus ar chórais riachtanacha chun feidhmiú leanúnach phróisis oibríochta na hinstitiúide a chothabháil;

(r)

i gcás inarb infheidhme, aon tuairim arna léiriú ag an institiúid i ndáil leis an bplean réitigh.

10.   I bpleananna réitigh grúpa, áireofar plean maidir le réiteach an ghrúpa, a mbeidh máthairghnóthas an Aontais atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach i gceannas air, ina iomláine, bíodh sé trí réiteach ar leibhéal mháthairghnóthas an Aontais nó trí bhriseadh suas agus trí réiteach na bhfochuideachtaí. Sainaithneofar sa phlean réitigh grúpa na bearta maidir le réiteach na nithe seo a leanas:

(a)

máthairghnóthas an Aontais;

(b)

na fochuideachtaí ar cuid den ghrúpa iad agus atá bunaithe san Aontas;

(c)

na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2(b); agus

(d)

faoi réir Airteagal 33, na fochuideachtaí ar cuid den ghrúpa iad agus atá bunaithe lasmuigh den Aontas.

11.   Déanfaidh an plean réitigh grúpa:

(a)

na bearta réitigh a bheidh le glacadh i ndáil le grúpeintitis a leagan amach, trí na gníomhartha réitigh i leith na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(b) agus na bhfo-institiúidí agus trí ghníomhaíochtaí comhordaithe réitigh i leith fo-institiúidí, sna cásanna dá bhforáiltear i mír 6;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar an méid a d'fhéadfaí na huirlisí agus cumhachtaí réitigh a chur i bhfeidhm agus a fheidhmiú ar bhealach comhordaithe ar ghrúpeintitis atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear bearta a d'éascódh grúpa ina iomláine a bheith á cheannach ag tríú páirtí, nó línte gnó nó gníomhaíochtaí ar leithligh a bhíonn á seachadadh ag roinnt grúpeintiteas, nó grúpeintitis ar leith, agus aon bhaic fhéideartha ar réiteach comhordaithe a shainaithint;

(c)

tuairisc mhionsonraithe a bheith san áireamh ar an measúnú ar inréiteacht arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 10;

(d)

i gcás ina n-áireoidh grúpa eintitis arna n-ionchorprú i dtríú tíortha, socruithe iomchuí le haghaidh comhair agus comhordú le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin agus na himpleachtaí chun réiteach laistigh den Aontas a shainaithint;

(e)

na bearta, lena n-airítear deighilt dhlíthiúil agus eacnamaíoch feidhmeanna nó línte gnó ar leith is gá chun réiteach grúpa a éascú nuair i gcás ina mbeidh na coinníollacha maidir le réiteach comhlíonta a shainaithint;

(f)

sainaithint conas a d'fheadfaí na gníomhaíochtaí réitigh grúpa a mhaoiniú agus, i gcás ina n-éileofaí na socruithe Ciste agus maoiniúcháin ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 100 de Threoir 2014/59/AE, na prionsabail chun roinnt a dhéanamh ar an bhfreagracht don mhaoiniú sin idir na foinsí cistiúcháin sna Ballstáit rannpháirteacha agus neamh-rannpháirteacha éagsúla a leagan amach. Ní thoimhdeofar sa phlean aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)

aon tacaíocht airgeadais urghnách poiblí seachas úsáid an Chiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 67 den Rialachán seo agus na socruithe maoinithe ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 100 de Threoir 2014/59/AE;

(ii)

aon chúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de; nó

(iii)

aon chúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi chomhthaobhacht neamhchaighdeánach, faoi aibíocht agus faoi théarmaí rátaí úis.

Déanfar na prionsabail sin a leagan amach ar bhonn critéar atá cothrom agus cothromúil agus cuirfear i gcuntas leo, go háirithe Airteagal 107(5) de Threoir 2014/59/AE agus an tionchar ar chobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit uile lena mbaineann.

Ní bheidh tionchar díréireach ag an bplean réitigh grúpa ar aon Bhallstát.

12.   Déanfaidh an Bord an dáta a chinneadh faoina dtarraingeofar suas na chéad phleananna réitigh. Déanfar athbhreithniú ar phleananna réitigh agus ar phleananna réitigh grúpa agus, i gcás inarb iomchuí, nuashonrófar iad go bliantúil ar a laghad agus tar éis aon athruithe ábhartha ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil na hinstitiúide nó ar an ngnó nó staid airgeadais an eintitis nó, i gcás pleananna réitigh grúpa, an ghrúpa lena n-áirítear aon ghrúpeintiteas a bhféadfadh éifeacht ábhartha a bheith acu ar éifeachtacht an phlean nó ar shlí eile a d'éileodh athbhreithniú ar an bplean réitigh.

Chun na pleananna réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a athbhreithniú nó a nuashonrú, déanfaidh na hinstitiúidí, BCE nó na húdaráis inniúla náisiúnta aon athruithe lena n-éileofar an t-athbhreithniú nó an nuashonrú sin a chur in iúl don Bhord.

13.   Déanfaidh an Bord na pleananna réitigh agus aon athruithe orthu sin a tharchur chuig BCE nó chuig na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha.

Airteagal 9

Pleananna réitigh arna dtarraingt suas ag údaráis réitigh náisiúnta

1.   Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta na pleananna réitigh a tharraingt suas agus a ghlacadh do na heintitis agus do na grúpaí, seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 7(2), (4)(b) agus (5), i gcomhréir le hAirteagal 8(5) go (13).

2.   Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta pleananna réitigh a ullmhú, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha agus le húdaráis réitigh náisiúnta na mBallstát rannpháirteach agus na mBallstát neamhrannpháirteach, ina bhfuil brainsí suntasacha suite, a mhéid is ábhartha don bhrainse suntasach é.

Airteagal 10

Measúnú ar inréiteacht

1.   Agus an Bord ag dréachtú agus ag nuashonrú pleananna réitigh i gcomhréir le hAirteagal 8, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, agus údaráis réitigh na mBallstát neamh-rannpháirteach ina bhfuil brainsí suntasacha lonnaithe, a mhéid atá sé ábhartha don bhrainse suntasach, déanfaidh an Bord measúnú ar a mhéid is féidir institiúidí agus grúpaí a réiteach gan toimhdiú i ndáil le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a bheith ann seachas úsáid an Chiste a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 67;

(b)

aon chúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de; nó

(c)

aon chúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi chomhthaobhacht neamhchaighdeánach, faoi aibíocht neamhchaighdeánach agus faoi théarmaí ráta úis neamhchaighdeánach.

2.   Soláthróidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha plean téarnaimh nó plean téarnaimh ghrúpa don Bhord. Scrúdóidh an Bord an plean téarnaimh d'fhonn go sainaithneofaí aon ghníomhaíochtaí sa phlean téarnaimh a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith acu ar inréiteacht na hinstitiúide nó an ghrúpa agus moltaí a dhéanamh chuig BCE nó chuig an údarás inniúil náisiúnta maidir leis na hábhair sin.

3.   Agus plean réitigh á dhréachtú aige, déanfaidh an Bord measúnú ar a mhéid is féidir eintiteas den sórt sin a réiteach i gcomhréir leis an Rialachán seo. Measfar gur féidir eintiteas a réiteach má tá sé indéanta agus inchreidte ag an mBord é a leachtú faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta nó é a réiteach trí na huirlisí agus cumhachtaí réitigh a chur i bhfeidhm maidir leis, agus seachaint á déanamh a mhéid is mó is féidir aon iarmhairtí díobhálacha suntasacha a bheith ann do córais airgeadais, lena n-áirítear imthosca ina bhfuil éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais shistéamacha, an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas lonnaithe, nó na mBallstát eile, nó an Aontais ann agus d'fhonn a áirithiú go leanfar d'fheidhmeanna criticiúla a dhéanann an t-eintiteas.

Tabharfaidh an Bord fógra do ÚBE ar bhealach tráthúil i gcás ina measfar nach mbeidh institiúid inréitithe.

4.   Measfar gur féidir grúpa a réiteach má tá sé indéanta agus inchreidte ag an mBord grúpeintitis a leachtú faoi ghnáthnósanna imeachta dócmhainneachta nó iad a réiteach trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus trí chumhachtaí réitigh a fheidhmiú maidir le grúpeintitis agus seachaint á déanamh a mhéid is mó is féidir aon iarmhairtí díobhálacha suntasacha a bheith ann do chórais airgeadais, lena n-áirítear imthosca ina bhfuil éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais shistéamacha, na mBallstát ina bhfuil eintitis ar cuid de ghrúpa iad bunaithe, nó na mBallstát eile, nó an Aontais ann agus d'fhonn a áirithiú go leanfar d'fheidhmeanna criticiúla a dhéanann na grúpeintitis sin, i gcás inar féidir iad a dheighilt go héasca agus go tráthúil nó ar bhealach eile.

Tabharfaidh an Bord fógra do ÚBE ar bhealach tráthúil i gcás ina measfar nach mbeidh grúpa inréitithe.

5.   Chun críocha mhír 3, mhír 4 agus mhír 10, tagraíonn iarmhairtí díobhálacha suntasacha ar an gcóras airgeadais nó bagairt ar chobhsaíocht airgeadais do staid ina bhfuil an córas airgeadais nochtaithe iarbhír nó go hionchasach do shuaitheadh a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le hanacair airgeadais ar dóchúil go ndéanfaidh sé dea-fheidhmiú ordúil, éifeachtúlacht agus sláine an mhargaidh inmheánaigh nó geilleagar nó córas airgeadais na Ballstáit amháin nó níos mó a chur i mbaol. Agus na hiarmhairtí díobhálacha suntasacha á gcinneadh aige, cuirfidh an Bord i gcuntas rabhaidh agus moltaí ábhartha an BERS agus na critéir ábhartha a bheidh forbartha ag ÚBE agus sainaithint agus tomhas an riosca shistéamaigh á mbreithniú aige.

6.   Chun críche an mheasúnaithe dá dtagraítear san Airteagal seo, scrúdóidh an Bord na nithe a shonraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2014/59/AE.

7.   Más rud é, de bhun measúnú ar inréiteacht eintitis nó grúpa arna dhéanamh i gcomhréir le mír 3 nó le mír 4, go gcinnfidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, go bhféadfadh baic shubstainteacha a bheith ann ar inréiteacht an eintitis nó an ghrúpa sin, ullmhóidh an Bord tuarascáil, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, agus díreoidh sé í ar an institiúid nó máthairghnóthas atá i mbun anailíse ar na baic shuntasacha ar chur i bhfeidhm éifeachtach uirlisí réitigh agus feidhmiú na gcumhachtaí réitigh. Breithneofar sa tuarascáil sin freisin an tionchar ar shamhail ghnó na hinstitiúide agus molfar inti aon bhearta comhréireacha agus spriocdhírithe is gá nó is iomchuí, i dtuairim an Bhoird, chun na baic sin a bhaint i gcomhréir le mír 10.

8.   Tabharfar fógra faoin tuarascáil freisin do na húdaráis inniúla agus d'údaráis réitigh na mBallstát neamh-rannpháirteach ina bhfuil brainsí tábhachtacha de na hinstitiúidí nach cuid den ghrúpa iad lonnaithe Ag gabháil leis an tuarascáil sin beidh cúiseanna leis an measúnú nó cinneadh lena mbaineann agus léireofar conas a chomhlíonann an measúnú nó an cinneadh sin an ceanglas maidir le cur i bhfeidhm comhréireach a leagtar síos in Airteagal 6.

9.   Laistigh de cheithre mhí tar éis an tuarascáil a fháil, molfaidh an t-eintiteas nó an máthairghnóthas bearta féideartha don Bhord chun dul i ngleic leis na baic a shainaithnítear sa tuarascáil nó iad a bhaint. Cuirfidh an Bord aon bheart a mholann an t-eintiteas nó máthairghnóthas in iúl do na húdaráis inniúla do ÚBE agus, i gcás inar lonnaithe i mBallstáit neamh-rannpháirteacha atá brainsí suntasacha de chuid institiúidí nach cuid de ghrúpa iad, d'údaráis na mBallstát sin.

10.   Déanfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, measúnú i dtaobh an dtéann na bearta dá dtagraítear i mír 9 i ngleic leis na baic shubstainteacha atá i gceist nó an mbaineann siad iad. Mura gcuirfear laghdú ar na baic nó iad a bhaint i leith inréiteachta trí na bearta a mholann an t-eintiteas nó máthairghnóthas lena mbaineann, déanfaidh an Bord cinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla agus, más iomchuí, leis an údarás macrastuamachta ainmnithe, ina léireofar nach leor na bearta atá molta le laghdú ar bhaic ar inréiteacht nó iad a bhaint, agus ina dtabharfar treoir do na húdaráis réitigh náisiúnta a cheangal ar an institiúid, an máthairghnóthas, nó aon fhochuideachta de chuid an ghrúpa lena mbaineann, aon bhearta atá liostaithe i mír 11 a dhéanamh.

Agus bearta malartacha á sainaithint aige, taispeánfaidh an Bord conas nach mbeadh na bearta a mhol an institiúid in ann na baic ar inréiteacht a bhaint agus conas atá na bearta malartacha atá á moladh comhréireach chun iad a bhaint. Cuirfidh an Bord i gcuntas bagairt na mbac sin ar inréiteacht agus éifeacht na mbeart ar ghnó na hinstitiúide, ar a cobhsaíocht, agus ar a cumas rannchuidiú leis an ngeilleagar, ar an margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais agus ar chobhsaíocht airgeadais i mBallstáit eile agus san Aontas ina iomláine.

Cuirfidh an Bord i gcuntas freisin an gá tionchar ar an institiúid nó ar an ngrúpa lena mbaineann a sheachaint, ar tionchar é a rachadh thar a bhfuil riachtanach chun go mbainfí an bac ar inréiteacht nó a bheadh díréireach.

11.   Chun críche mhír 10, tabharfaidh an Bord, i gcás inarb infheidhme, treoir do na húdaráis réitigh náisiúnta aon cheann de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a cheangal ar an eintiteas athbhreithniú a dhéanamh ar aon chomhaontuithe airgeadais inghrúpa nó athbhreithniú ar iad sin a bheith in easnamh, nó comhaontuithe seirbhíse a tharraingt suas (laistigh de ghrúpaí nó le tríú páirtithe) chun soláthar feidhmeanna criticiúla a áirithiú;

(b)

a cheangal ar an eintiteas a neamhchosaintí uasta aonair agus comhiomlána a theorannú;

(c)

ceanglais faisnéise shonracha nó rialta bhreise atá ábhartha chun críocha réitigh;

(d)

a cheangal ar an eintiteas sócmhainní sonracha a dhífheistiú;

(e)

a cheangal ar an eintiteas gníomhaíochtaí sonracha atá ann cheana nó atá beartaithe a theorannú nó scor díobh;

(f)

forbairt línte gnó nua nó línte gnó atá ann cheana nó díol táirgí nua nó táirgí atá ann cheana a shrianadh nó a chosc;

(g)

athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochta an eintitis nó ar aon ghrúpeintiteas, atá á rialú aige go díreach nó go hindíreach, a cheangal chun castacht a laghdú lena áirithiú go bhféadfar na feidhmeanna criticiúla a dheighilt go dlíthiúil agus go hoibríochtúil ó fheidhmeanna eile trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm;

(h)

a cheangal ar eintiteas máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais a bhunú;

(i)

a cheangal ar eintiteas dliteanais inghlactha a eisiúint chun ceanglais Airteagal 12 a chomhlíonadh;

(j)

a cheangal ar eintiteas céimeanna eile a thabhairt chun na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 12 a chomhlíonadh, lena n-áirítear, go háirithe, iarracht a dhéanamh aon dliteanas incháilithe, ionstraim Bhreise Leibhéal 1 nó ionstraim Leibhéal 2 atá eisithe aige a chaibidliú an athuair, d'fhonn a áirithiú go mbeadh éifeacht le cinneadh ar bith ón mBord an dliteanas nó an ionstraim sin a dhíluacháil nó a chomhshó faoi dhlí na dlínse a rialaíonn an dliteanas nó an ionstraim sin.

I gcás inarb infheidhme, glacfaidh na húdarás réitigh náisiúnta go díreach na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (j) den chéad fhomhír.

12.   Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29.

13.   Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas le cinneadh arna dhéanamh de bhun mhír 10 agus mhír 11:

(a)

tacófar é le cúiseanna leis an measúnú nó leis an gcinneadh a bheidh i gceist;

(b)

léireofar ann conas a chomhlíonann an measúnú nó an cinneadh sin an ceanglas maidir le cur i bhfeidhm comhréireach a leagtar síos i mír 10.

Airteagal 11

Oibleagáidí simplithe d'institiúidí áirithe

1.   Féadfaidh an Bord, ar a thionscnamh féin, tar éis dó dul i gcomhairle le húdarás réitigh náisiúnta, nó ar thogra ó údarás réitigh náisiúnta, oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm maidir le dréachtú na bpleananna réitigh dá dtagraítear in Airteagal 8, nó an oibleagáid maidir le dréachtú na bpleananna sin a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 3 go mír 9 den Airteagal seo.

2.   Féadfaidh údaráis réitigh náisiúnta a mholadh don Bhord oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí nó grúpaí de bhun mhír 3 agus mhír 4 nó an oibleagáid pleananna réitigh a dhréachtú de bhun mhír 7 a tharscaoileadh. Tabharfar cúiseanna réasúnaithe leis an togra sin agus beidh an doiciméadacht ábhartha ar fad ag gabháil leis.

3.   Tar éis dó togra a fháil chun oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nó agus é ag gníomhú ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Bord measúnú ar na hinstitiúidí nó ar an ngrúpa lena mbaineann, agus cuirfidh sé oibleagáidí simplithe i bhfeidhm, mura dócha go mbeidh iarmhairtí díobhálacha suntasacha ag cliseadh na hinstitiúide nó an ghrúpa don chóras airgeadais nó bagairt don chobhsaíocht airgeadais de réir bhrí Airteagal 10(5).

Chun na gcríoch sin, cuirfidh an Bord na nithe seo a leanas i gcuntas:

(a)

nádúr ghnó na hinstitiúide nó an ghrúpa, a struchtúr scairshealbhóireachta, a fhoirm dlí, a phróifíl riosca, a mhéid agus a stádas dlíthiúil, a idirnascthacht le hinstitiúidí eile nó leis an gcóras airgeadais i gcoitinne, raon feidhme agus castacht a gníomhaíochtaí;

(b)

a chomhaltas den IPS nó de chórais eile dlúthpháirtíochta frithpháirtí comharchumainn amhail dá dtagraítear in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

aon fheidhmiú de na seirbhísí nó de na gníomhaíochtaí infheistíochta mar a shainítear in Airteagal 4(1)(2) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15); agus

(d)

cibé an dócha go mbeadh tionchar diúltach suntasach ar na margaí airgeadais, ar institiúidí eile, ar choinníollacha cistiúcháin, nó ar an ngeilleagar i gcoitinne ag a chliseadh agus a fhoirceannadh ina dhiaidh sin faoi ghnáthnósanna imeachta dócmhainneachta.

Déanfaidh an Bord an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír tar éis dó dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, leis an údarás náisiúnta macrastuamachta agus, i gcás inarb iomchuí, le BERS.

4.   Nuair a bheidh na hoibleagáidí simplithe á gcur i bhfeidhm, cinnfidh an Bord na nithe seo a leanas:

(a)

inneachar agus sonraí na bpleananna réitigh dá bhforáiltear in Airteagal 8;

(b)

an dáta faoina dtarraingeofar suas na chéad phleananna réitigh agus an mhinicíocht chun pleananna réitigh a nuashonrú, ar minicíocht í a d'fhéadfadh a bheith níos ísle ná an ceann dá bhforáiltear in Airteagal 8(12);

(c)

inneachar agus mionsonraí na faisnéise a éilítear ó institiúidí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 8(9) den Rialachán seo agus i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2014/59/AE;

(d)

leibhéal an mhionsonraithe maidir leis an measúnú ar inréiteacht dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Rialachán seo, agus i Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2014/59/AE.

5.   Ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí simplithe ann féin difear do chumhachtaí an Bhoird aon ghníomhaíocht réitigh a ghlacadh.

6.   I gcás ina gcuirfear oibleagáidí simplithe i bhfeidhm, déanfaidh an Bord oibleagáidí iomlána, neamhshimplithe a fhorchur tráth ar bith murarb ann a thuilleadh do na himthosca a rinne iad a dhlisteanú.

7.   Gan dochar d'Airteagal 9 agus d'Airteagal 31, tar éis dó an togra chun go dtarscaoilfí an oibleagáid na pleananna réitigh a dhréachtú de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nó le linn dó gníomhú ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Bord, de bhun mhír 3 den Airteagal seo, tarscaoileadh a thabhairt do chur i bhfeidhm na hoibleagáide pleananna réitigh a dhréachtú maidir le hinstitiúidí atá cleamhnaithe le comhlacht lárnach agus atá díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó cheanglais stuamachta sa dlí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

I gcás ina ndeonófar tarscaoileadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, beidh feidhm ag an bplean réitigh ar bhonn comhdhlúite maidir leis an gcomhlacht lárnach agus leis na hinstitiúidí atá cleamhnaithe leis de réir bhrí Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013. Chun na críche sin, áireofar in aon tagairt sa Chaibidil seo do ghrúpa, comhlacht lárnach agus na hinstitiúidí atá cleamhnaithe leis de réir bhrí Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a bhfochuideachtaí, agus áireofar an comhlacht lárnach in aon tagairt do mháthairghnóthais nó d'institiúidí atá faoi réir maoirseachta comhdhlúite de bhun Airteagal 111 de Threoir 2013/36/AE.

8.   Maidir le hinstitiúidí atá faoi réir maoirseachta dhírí ag BCE de bhun Airteagal 6 (4) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 nó arb é atá iontu sciar suntasach i gcóras airgeadais Ballstáit rannpháirtigh, beidh siad faoi réir pleananna réitigh aonair.

Chun críocha na míre seo, measfar gur sciar suntasach de chóras airgeadais an Bhallstáit rannpháirtigh a bheidh in oibríochtaí institiúide i gcás inar fíor an méid a leanas:

(a)

gur mó ná EUR 30 000 000 000 méid iomlán na sócmhainní; nó

(b)

gur mó ná 20 % cóimheas a shócmhainní iomlána ná OTI an Bhallstáit bunaíochta, mura rud é go mbeidh luach iomlán a shócmhainní faoi bhun EUR 5 000 000 000.

9.   I gcás ina measfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta, a bheidh tar éis a mholadh go gcuirfear an oibleagáidí simplithe i bhfeidhm nó go dtabharfar tarscaoileadh i gcomhréir le mír 2, nach mór go dtarraingeofar siar an cinneadh chun oibleagáid shimplithe a chur i bhfeidhm nó tarscaoileadh a thabhairt, cuirfidh sé togra faoi bhráid an Bhoird chuige sin. Sa chás sin, déanfaidh an Bord cinneadh maidir leis an tarraingt siar atá beartaithe agus cuirfidh sé i gcuntas go hiomlán an bonn cirt leis an tarraingt siar a thug an t-údarás réitigh náisiúnta, i bhfianaise na bhfachtóirí nó na gcúinsí dá dtagraítear i mír 3 nó i mír 7 agus i mír 8.

10.   Cuirfidh an Bord ÚBE ar an eolas faoi mar atá an mhír seo curtha i bhfeidhm aige.

Airteagal 12

An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais inghlactha

1.   Déanfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, an t-íoscheanglas a chinneadh maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe amhail dá dtagraítear i mír 4, faoi réir cumhachtaí díluachála agus comhshó, a gceanglófar ar na heintitis agus ar na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus ar na heintitis agus ar na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) nuair a bheidh na coinníollacha chun na míreanna sin a chur i bhfeidhm comhlíonta, a chomhlíonadh gach tráth.

2.   Nuair a bheidh pleananna réitigh á ndréachtadh i gcomhréir le hAirteagal 9, cinnfidh na húdaráis réitigh náisiúnta, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla na híoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, amhail dá dtagraítear i mír 4, faoi réir cumhachtaí díluachála agus comhshó, atá ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(3) a chomhlíonadh gach tráth. Maidir leis sin, beidh feidhm ag an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 31.

3.   Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh an Bord treoirlínte agus treoracha chun seoltaí a eisiúint chuig údaráis réitigh náisiúnta a bhaineann le heintitis sonracha nó le grúpaí sonracha.

4.   Déanfar an t-íoscheanglas do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe a ríomh mar mhéid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe arna sloinneadh mar chéatadán d'iomlán na ndliteanas agus na gcistí dílse, atá ag an institiúid.

Chun críche na chéad fhomhíre, áireofar dliteanais díorthacha sna dliteanais iomlána ar bhonn go dtugtar lánaitheantas do chearta glánluachála contrapháirtí.

5.   D'ainneoin mhír 1, díolmhóidh an Bord an oibleagáid íoscheanglas a chomhlíonadh gach tráth maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe d'institiúidí creidmheasa morgáiste arna maoiniú ag bannaí faoi chumhdach, arb institiúidí iad nach bhfuil ceadaithe, de réir an dlí náisiúnta, taiscí a ghlacadh, mar:

(a)

déanfar na hinstitiúidí sin a fhoirceannadh trí nósanna imeachta náisiúnta dócmhainneachta, nó trí chineál eile nósanna imeachta a chuirfear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 38, le hAirteagal 40 nó le hAirteagal 42 de Threoir 2014/59/AE, arna sholáthar do na hinstitiúidí sin; agus

(b)

áiritheofar leis na nósanna imeachta náisiúnta dócmhainneachta sin go n-iompróidh creidiúnaithe na n-institiúidí sin, lena n-áirítear sealbhóirí bannaí faoi chumhdach, i gcás inarb ábhartha, caillteanais ar shlí a chomhlíonfadh cuspóirí réitigh.

6.   Ní bheidh an t-íoscheanglas do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe dá dtagraítear i mír 4 níos mó ná méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe is leor chun a áirithiú, dá gcuirfí an uirlis fortharrthála i bhfeidhm, go bhféadfaí caillteanais institiúide nó máthairgnóthais amhail dá dtagraítear in Airteagal 2, chomh maith le caillteanais máthairghnóthas deiridh na hinstitiúide sin nó an mháthairghnóthais sin agus caillteanais aon institiúide nó institiúide airgeadais a áirítear i gcuntais chomhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh sin a ionsá agus go bhféadfaí cóimheas Gnáthchothromas Leibhéal 1 na n-eintiteas sin a athbhunú ar an leibhéal is gá chun a chur ar a gcumas leanúint de chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe ina leith a sheoladh faoi Threoir 2013/36/AE nó reachtaíocht choibhéiseach agus muinín leordhóthanach sa mhargadh a choinneáil as institiúid nó as máthairghnóthas dá dtagraítear in Airtegal 2 agus as máthairghnóthas deiridh na hinstitiúide sin nó an mháthairghnóthais sin agus as aon institiúid nó institiúid airgeadais a áirítear i gcuntais chomhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh sin.

Nuair a réamh-mheasfar sa phlean réitigh go bhféadfadh sé go n-eisiafaí aicmí áirithe de dhliteanais incháilithe faoin fhortharrtháil faoi Airteagal 27(5), nó go bhféadfaí aicmí áirithe de na dliteanais incháilithe a aistriú go hiomlán chuig faighteoir faoi aistriú páirteach, ní bheidh an t-íoscheanglas do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe dá dtagraítear i mír 4 níos mó ná méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe is gá chun a áirithiú go mbeadh go leor dliteanas incháilithe eile ag an institiúid nó ag an máthairghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 2 chun a áirithiú go bhféadfaí caillteanais na hinstitiúide nó an mháthairghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2, chomh maith le caillteanais mháthairghnóthas deiridh na hinstitiúide sin nó an mháthairghnóthais agus aon institiúide nó institiúide airgeadais a áirítear i gcuntais chomhdhlúite an mháthairghnóthais sin, a ionsá agus go bhféadfaí cóimheas Gnáthchothromas Leibhéal 1 na n-eintiteas sin go léir a athbhunú go dtí leibhéal is gá chun a chur ar a gcumas leanúint de chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdarú agus na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe ina leith a sheoladh faoi Threoir 2013/36/AE nó faoi reachtaíocht choibhéiseach agus chun muinín leordhóthanach sa mhargadh a choinneáil as an institiúid nó as an máthairghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 2 agus as máthairghnóthas deiridh na hinstitiúide sin nó an mháthairghnóthais sin agus as aon institiúid nó institiúd airgeadais a áirítear i gcuntais chomhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh sin.

Ní bheidh an t-íoscheanglas do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe dá dtagraítear i mír 4 níos lú ná méid iomlán aon cheanglas i leith cistí dílse ná méid iomlán na gceanglas maoláinfaoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE.

7.   Laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i mír 6 den Airteagal seo, chun a áirithiú gur féidir eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a réiteach trí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an uirlis fortharrthála, ar shlí a chomhlíonfaidh na cuspóirí réitigh, déanfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

(a)

méid, samhail ghnó, samhail mhaoinithe agus próifíl riosca na hinstitiúide agus an mháthairghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2,;

(b)

a mhéid a d'fhéadfadh an scéim ráthaithe taiscí rannchuidiú le maoiniú réitigh i gcomhréir le hAirteagal 79;

(c)

a mhéid a bheadh iarmhairtí díobhálacha suntasacha ag cliseadh na hinstitiúide agus an mháthairghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2 ar an gcóras airgeadais nó a mhéid a bheadh an cliseadh sin ina bhagairt ar chobhsaíocht airgeadais, de réir bhrí Airteagal 10(5), lena n-áirítear, de dheasca a hidircheangailteachta le hinstitiúidí eile, nó leis an gcuid eile den chóras airgeadais trí aicídiú d'institiúidí eile.

8.   Sonrófar sa chinneadh an t-íoscheanglas do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe a atá le comhlíonadh ag na hinstitiúidí ar bhonn aonair, agus atá le comhlíonadh ag máthairghnóthais ar bhonn comhdhlúite. Cinnfidh an Bord an t-íoscheanglas um méid iomlán le haghaidh na gcistí agus na ndliteanas incháilithe ar leibhéal comhdhlúite máthairghnóthais de chuid an Aontais atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach, tar éis dó dul i gcomhairle leis an maoirseoir comhdhlúthaithe, ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i mír 7 agus i dtaobh an mbeidh fochuideachtaí tríú tír an ghrúpa le réiteach ar leithligh a fháil i gcomhréir leis an bplean réitigh.

9.   Leagfaidh an Bord síos an t-íoscheanglas do chistí dílse agus do dhliteanais incháilthe a bheidh le cur i bhfeidhm ar fhochuideachtaí an ghrúpa ar bhonn aonair. Socrófar na híoscheanglais sin do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe ag leibhéal oiriúnach don fhochuideacha ag féachaint do na nithe seo a leanas:

(a)

na critéir a liostaítear i mír 7, go háirithe méid, samhail ghnó agus próifíl riosca na fochuideachta, lena n-áirítear a cistí dílse; agus

(b)

an ceanglas comhdhlúthaithe atá socraithe don ghrúpa.

10.   Féadfaidh an Bord a chinneadh an t-íoscheanglas do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe a tharscaoileadh ar bhonn aonair do mháthairghnóthas ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 45(11) de Threoir 2014/59/AE. Féadfaidh an Bord a chinneadh tarscaoileadh maidir leis an íoscheanglas do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe a thabhairt ar bhonn aonair d'fhochuideachta ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 45(12) de Threoir 2014/59/AE.

11.   Féadfaidh an Bord, ar a thionscnamh féin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh náisiúnta nó ar thogra ó údarás réitigh náisiúnta, a chinneadh go bhfuil an t-íoscheanglas do chistí dílse agus do dhliteanas incháilithe amhail dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta go páirteach ar bhonn comhdhlúite nó aonair trí ionstraimí fortharrthála conarthacha, i lánchomhréir leis na critéir a leagtar síos sa chéad agus sa dara fomhír de mhír 5 agus i mír 7.

12.   Chun cáiliú mar ionstraimfortharrthála chonarthach faoi mhír 11, ní mór don Bhord a bheith deimhin de:

(a)

go bhfuil téarma conarthach san uirlis ar choinníoll, i gcás ina gcinnfidh an Bord an uirlis fortharrthála a chur i bhfeidhm maidir leis an institiúid sin, go ndíluachálfar an uirlis nó go gcomhshófar í a mhéid is gá sula ndíluachálfar nó sula gcomhshófar dliteanais incháilithe eile; agus

(b)

go bhfuil an uirlis faoi réir comhaontaithe, gealltanais nó forála atá fo-ordaithe agus ceangailteach agus faoina bhfuil sí rangaithe, i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta, faoi bhun dliteanas incháilithe eile agus nach féidir í a aisíoc go dtí go socrófar na dliteanais incháilithe eile atá gan íoc an tráth sin.

13.   Déanfaidh an Bord aon chinneadh dá dtagraítear faoi mhír 1 den Airteagal seo, agus, i gcás inarb ábhartha, i mír 11 den Airteagal seo, comhthreomhar le forbairt agus cothabháil na bpleananna réitigh de bhun Airteagal 8.

14.   Díreoidh an Bord a chinneadh ar na húdaráis réitigh náisiúnta. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29. Cuirfidh an Bord ceangal ar na húdaráis réitigh náisiúnta a fhíorú agus a áirithiú go gcothabhálfaidh na hinstitiúidí agus na máthairghnóthais an t-íoscheanglas do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.

15.   Cuirfidh an Bord BCE agus ÚBE ar an eolas faoin íoscheanglas do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe a bheidh cinnte aige do gach institiúid agus máthairghnóthas faoi mhír 1, agus, i gcás inarb ábhartha, na ceanglais a leagtar síos i mír 11.

16.   Ní áireofar dliteanais incháilithe, lena n-áirítear ionstraimí fofhiachais agus fo-iasachtaí nach gcáilíonn mar ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó mar ionstraimí Breise Leibhéal 2 i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh an ionstraim eisithe agus íoctha go hiomlán;

(b)

nach mbeidh an dliteanas dlite don institiúid, urraithe aici ná ráthaithe aici féin;

(c)

nár chistigh an institiúid ceannach na hionstraime go díreach nó go hindíreach;

(d)

go mbeidh aibíocht iarmhair bliana amháin ar a laghad ag an dliteanas;

(e)

nach n-eascróidh an dliteanas as díorthach;

(f)

nach n-eascróidh an dliteanas as taisce a thairbhíonn de thosaíocht san ordlathas dócmhainneachta náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 108 de Threoir 2014/59/AE.

Chun críche phointe (d) den chéad fhomhír, i gcás ina dtabharfaidh dliteanas ceart dá úinéir aisíoc a fháil go luath, is ar an gcéad dáta ina dtiocfaidh an ceart sin chun cinn a bheidh aibíocht an dliteanais sin.

17.   I gcás ina mbeidh dliteanas á rialú ag dlí de dhlínse lasmuigh den Aontas, féadfaidh an Bord a threorú d'údaráis réitigh náisiúnta a cheangal ar an institiúid a léiriú gur faoi dhlí na dlínse sin a dhéanfaí aon chinneadh ón mBord chun an dliteanas a dhíluacháil nó a chomhshó, ag féachaint do théarmaí an chonartha lena rialaítear an dliteanas, na comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le himeachtaí réitigh a shainaithint agus nithe ábhartha eile. Más rud é nach deimhin leis an mBord go ndéanfaí aon chinneadh faoi dhlí na dlínse sin, ní chuirfear an dliteanas san áireamh le haghaidh an íoscheanglais do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe.

18.   Má thíolacann an Coimisiún togra reachtach de bhun Airteagal 45(18) de Threoir 2014/59/AE, déanfaidh sé, más iomchuí, ar an tslí chéanna, togra reachtach lena leasófar an Rialachán seo a thíolacadh.

CAIBIDIL 2

Idirghabháil luath

Airteagal 13

Idirghabháil luath

1.   Cuirfidh BCE nó na húdaráis inniúla náisiúnta an Bord ar an eolas faoi aon bheart a cheanglaíonn siad ar institiúid nó ar ghrúpa a dhéanamh nó a dhéanann siad féin de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, go hAirteagal 27(1), nó Airteagal 28 nó Airteagal 29 de Threoir 2014/59/AE, nó go hAirteagal 104 de Threoir 2013/36/AE.

Tabharfaidh an Bord fógra don Choimisiún faoi aon fhaisnéis a bheidh faighte aige de bhun na chéad fhomhíre.

2.   Ón dáta tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil, agus gan dochar do chumhachtaí BCE agus na n-údarás inniúil náisiúnta i gcomhréir le dlí eile de chuid an Aontais, féadfaidh an Bord a ullmhú do réiteach na hinstitiúide nó an ghrúpa lena mbaineann.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha dlúthfhaireachán, i gcomhar leis an mBord, ar choinníollacha na hinstitiúide nó an mháthairghnóthais, agus ar chomhlíonadh aon bhirt luath-idirghabhála a raibh ceangal orthu a dhéanamh.

Soláthróidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha an Bord leis an bhfaisnéis is gá chun an plean réitigh a nuashonrú agus a ullmhú do réiteach féideartha na hinstitiúide agus chun sócmhainní agus dliteanais na hinstitiúide a luacháil i gcomhréir le hAirteagal 20(1) go (15).

3.   Beidh sé de chumhacht ag an mBord a cheangal ar an institiúid, nó ar an máthairghnóthas, dul i dteagmháil leis na ceannaitheoirí ionchasacha chun réiteach na hinstitiúide a ullmhú, faoi réir na gcritéar a shonraítear in Airteagal 39(2) de Threoir 2014/59/AE agus na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 88 den Rialachán seo.

Beidh sé de chumhacht ag an mBord freisin a cheangal ar an údarás réitigh náisiúnta ábhartha réamhscéim réitigh a dhréachtú don institiúid nó don ghrúpa lena mbaineann.

Cuirfidh an Bord BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha agus na húdaráis réitigh náisiúnta ábhartha ar an eolas maidir le haon ghníomh a ghlacann sé de bhun na míre seo.

4.   Má bheartaíonn BCE nó na húdaráis inniúla náisiúnta aon bheart breise faoi Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, faoi Airteagal 27(1), Airteagal 28 nó Airteagal 29 de Threoir 2014/59/AE nó faoi Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE a fhorchur ar institiúid nó ar ghrúpa sula mbeidh an chéad bheart a mbeidh fógra tugtha don Bhord ina leith comhlíonta go hiomlán ag an eintiteas nó ag an ngrúpa, cuirfidh siad an Bord ar an eolas, sula bhforchuirfidh siad aon bheart breise den sórt sin ar an institiúid nó ar an ngrúpa lena mbaineann.

5.   Déanfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta, an Bord agus na húdaráis réitigh náisiúnta a áirithiú go mbeidh an beart breise dá dtagraítear i mír 4 agus aon ghníomhaíocht ón mBord a bhfuil d'aidhm leis réiteach a ullmhú faoi mhír 2 comhsheasmhach.

CAIBIDIL 3

Réiteach

Airteagal 14

Cuspóirí réitigh

1.   Agus iad ag gníomhú faoin nós imeachta réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18, cuirfidh an Bord, an Chomhairle, an Coimisiún, agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta, san áireamh, i ndáil lena bhfreagrachtaí faoi seach, na cuspóirí réitigh, agus roghnóidh siad na huirlisí réitigh agus na cumhachtaí réitigh is fearr, dar leo féin, lenar féidir na cuspóirí réitigh atá ábhartha maidir le himthosca an cháis a bhaint amach.

2.   Is iad seo a leanas na cuspóirí réitigh dá dtagraítear i mír 1:

(a)

leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú;

(b)

éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar chobhsaíocht airgeadais a sheachaint, go háirithe trí aicídiú a sheachaint, lena n-áirítear ar bhonneagair an mhargaidh, agus trí smacht an mhargaidh a chothabháil.

(c)

cistí poiblí a chosaint tríd an méid a bhítear ag brath ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú;

(d)

taisceoirí atá cumhdaithe faoi Threoir 2014/49/AE agus infheisteoirí atá cumhdaithe ag Treoir 97/9/CE a chosaint;

(e)

chun cistí cliant agus sócmhainní cliant a chosaint.

Agus na cuspóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á saothrú acu, féachfaidh an Bord, an Chomhairle, an Coimisiún agus, nuair is ábhartha, na húdaráis réitigh náisúnta, le costas réitigh a íoslaghdú agus scriosadh luacha a sheachaint mura gá iad chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

3.   Faoi réir fhorálacha éagsúla an Rialacháin seo, is ionann tábhacht a bheidh ag na cuspóirí réitigh agus déanfar iad a chothromú, i gcás inarb iomchuí, do nádúr agus d'imthosca gach cáis.

Airteagal 15

Prionsabail ghinearálta lena rialaítear réiteach

1.   Agus iad ag gníomhú faoin nós imeachta réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18, déanfaidh an Bord, an Chomhairle, an Coimisiún agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta, na bearta ar fad is iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar an ghníomhaíocht réitigh i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

gurb iad scairshealbhóirí na hinstitiúide faoi réiteach a iompróidh na chéad chaillteanais;

(b)

gurb iad creidiúnaithe na hinstitiúide faoi réiteach a iompróidh na caillteanais a bheidh ann i ndiaidh na scairshealbhóirí i gcomhréir le hord tosaíochta a n-éileamh de bhun Airteagal 17, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite sa Rialachán seo;

(c)

go gcuirfear an comhlacht bainistíochta agus bainistíocht shinsearach na hinstitiúide faoi réiteach faoi bhainistíocht eile, seachas sna cásanna sin ina measfar, de réir mar is iomchuí i ndáil leis na himthosca, é a bheith riachtanach an comhlacht bainistíochta agus an bhainistíocht shinsearach a choinneáil, ina hiomláine nó go páirteach, chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach;

(d)

go soláthróidh an comhlacht bainistíochta agus bainistíocht shinsearach na hinstitiúide faoi réiteach an cúnamh go léir is gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach;

(e)

go gcuirfear daoine nádúrtha agus dlítheanacha faoi dhliteanas, faoi réir an dlí náisiúnta, faoin dlí sibhialta nó faoin dlí coiriúil, as a bhfreagracht as cliseadh na hinstitiúide faoi réiteach;

(f)

ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, go gcaithfear ar mhodh cothromasach le creidiúnaithe ón aicme chéanna;

(g)

nach dtabhóidh aon chreidiúnaí caillteanais níos mó ná na caillteanais a thabhófaí dá bhfoirceannfaí eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, i gcomhréir leis na coimircí dá bhforáiltear in Airteagal 29;

(h)

go mbeidh taiscí cumhdaithe cosanta go hiomlán;agus

(i)

go ndéantar gníomhaíocht réitigh i gcomhréir le coimircí an Rialacháin seo.

2.   I gcás inar grúpa eintiteas í an institiúid, gan dochar d'Airteagal 14, gníomhóidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh a fheidhmiú, ar dhóigh ina n-íoslaghdófar an tionchar ar ghrúpeintitis eile agus ar an ngrúpa ina iomláine agus ina n-íoslaghdófar an tionchar díobhálach ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas agus ina Bhallstáit, go háirithe sna tíortha ina mbeidh an grúpa ag oibriú.

3.   I gcás ina gcuirfear an uirlis díolacháin ghnó, an uirlis droichead-institiúide nó an uirlis deighilte sócmhainní i bhfeidhm maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, measfar an t-eintiteas sin a bheith faoi réir imeachtaí féimheachta nó imeachtaí analógacha dócmhainneachta chun críocha Airteagal 5(1) de Threoir 2001/23/CE ón gComhairle (16).

4.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm uirlisí réitigh agus le feidhmiú cumhachtaí réitigh, ordóidh an Bord do na húdaráis réitigh náisiúnta ionadaithe na bhfostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo i gcás inarb iomchuí.

Tá sé seo gan dochar do na forálacha maidir le hionadaíocht na bhfostaithe ar chomhlachtaí bainistíochta amhail dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta nó le cleachtas.

Airteagal 16

Institiúidí airgeadais agus máthairghnóthais a réiteach

1.   Déanfaidh an Bord cinneadh faoi ghníomhaíocht réitigh i ndáil le hinstitiúid airgeadais atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1) maidir leis an institiúid airgeadais agus maidir leis an máthairghnóthas araon faoi réir maoirseachta comhdhlúthaithe.

2.   Déanfaidh an Bord gníomhaíocht réitigh i ndáil le máthairghnóthas dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1) maidir leis an máthairghnóthas sin agus maidir le ceann amháin nó níos mó d'fhochuideachtaí arb institiúidí iad araon, nó, i gcás nach mbeidh an fhochuideachta bunaithe san Aontas, go mbeidh cinneadh déanta ag údarás an tríú tír go gcomhlíonann sí na coinníollacha maidir le réiteach faoi dhlíthe an tríú tír sin.

3.   De mhaolú ar mhír 2 agus d'ainneoin nach gcomhlíonann máthairghnóthas na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1), féadfaidh an Bord gníomhaíocht réitigh a chinneadh maidir leis an máthairghnóthas sin nuair a chomhlíonfaidh fochuideachta amháin nó níos mó dá chuid fochuideachtaí arb institiúidí iad na coinníollacha a bhunaítear in Airteagal 18(1), (4) agus (5) agus gur de chineál a sócmhainní agus a ndliteanais gur bagairt a gcliseadh don institiúid nó don ghrúpa i gcoitinne agus gur gá gníomhaíocht réitigh a dhéanamh maidir leis an máthairghnóthas sin chun fochuideachtaí den sórt sin a réiteach arb institiúidí iad nó chun an grúpa ina iomláine a réiteach. I gcás ina gcuirfidh údarás réitigh náisiúnta an Bord ar an eolas go bhforáiltear le dlí dócmhainneachta an Bhallstáit go ndéileálfaí le grúpaí ina n-iomláine agus gur gá gníomhaíocht réitigh maidir leis an máthairghnóthas chun na fochuideachtaí sin arb institiúidí iad a réiteach nó chun an grúpa ina iomláine a réiteach, féadfaidh an Bord a chinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh maidir leis an máthairghnóthas.

Chun críocha na chéad fhomhíre roimhe seo, agus measúnú á dhéanamh an bhfuil na coinníollacha in Airteagal 18(1) comhlíonta i leith fochuideachta amháin nó níos mó arb institiúidí iad, féadfaidh an Bord neamhaird a thabhairt ar aon chaipiteal inghrúpa nó aistrithe caillteanais idir na heintitis, lena n-áirítear feidhmiú na gcumhachtaí díluachála nó comhshó.

Airteagal 17

Ord tosaíochta na n-éileamh

1.   Le linn an uirlis fortharrthála a chur i bhfeidhm maidir le heintiteas réitigh dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, agus gan dochar do na dliteanais atá eisiata ón uirlis fortharrthála faoi Airteagal 27(3) den Rialachán seo, déanfaidh an Bord, an Coimisiún nó, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta cinneadh faoi na cumhachtaí díluachála agus comhshó, lena n-áirítear in aon chás féideartha ina gcuirfear Airteagal 27(5) den Rialachán seo i bhfeidhm, agus feidhmeoidh na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí sin de réir na gceanglas i gcomhréir le hAirteagal 47 agus le hAirteagal 48 de Threoir 2014/59/AE agus i gcomhréir leis an ord tosaíochta atá droim ar ais ar ord tosaíochta na n-éileamh a leagtar síos ina ndlí náisiúnta, lena n-áirítear na forálacha lena ndéantar Airteagal 108 den Treoir sin a thrasuí.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit rannpháirteacha fógra don Choimisiún agus don Bhord maidir le rangú na n-éileamh i gcoinne na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 in imeachtaí náisiúnta dócmhainneachta ar 1 Iúil de gach bliain nó láithreach bonn, i gcás ina mbeidh athrú ar an rangú.

Nuair a chuirfear an uirlis fortharrthála i bhfeidhm beidh an scéim ráthaíthe taiscí ábhartha faoi dhliteanas sna téarmaí dá bhforáiltear in Airteagal 79.

Airteagal 18

Nós imeachta réitigh

1.   Déanfaidh an Bord scéim réitigh a ghlacadh de bhun mhír 6 i ndáil leis na heintitis agus leis na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus leis na hinstitiúidí agus leis na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) i gcás ina mbeidh na coinníollacha do chur i bhfeidhm na míreanna sin comhlíonta, ach amháin nuair a dhéanfaidh sé measúnú orthu, ina sheisiún feidhmiúcháin, tar éis dó teachtaireacht a fháil de bhun an ceathrú fomhír nó ar a thionscnamh féin, go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a)

tá ag cliseadh ar an eintiteas nó is dócha go gclisfidh air;

(b)

ag féachaint d'uainiú agus d'imthosca ábhartha eile, níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bhearta malartacha ón earnáil phríobháideach lena n-áirítear bearta ó IPS nó aon ghníomhaíocht maoirseachta, lena n-áirítear bearta luath-idirghabhála nó díluachála nó comhshó ionstraimí caipitil ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 21, a dhéanfaí i ndáil leis an eintiteas, cosc ar chliseadh an eintitis laistigh de thréimhse réasúnach ama;

(c)

is gá beart réitigh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail de bhun mhír 5.

Is é BCE, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, a dhéanfaidh measúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír. Féadfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin dó, measúnú den sórt sin a dhéanamh ach ní fhéadfaidh sé déanamh amhlaidh ach amháin tar éis dó a rún intinne a chur in iúl roimh ré do BCE agus sa chás amháin nach mbeidh measúnú den sórt sin déanta ag BCE laistigh de thrí lá féilire ón bhfaisnéis sin a fháil. Aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh an Bord ar BCE d'fhonn eolas a thbahairt le haghaidh a mheasúnaithe, tabharfaidh BCE dó í gan mhoill.

I gcás ina measúnóidh BCE go bhfuil an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír comhlíonta i ndáil le heintiteas nó le grúpa dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh sé an measúnú sin in iúl don Choimisiún agus don Bhord gan mhoill.

Is é an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin dó, a dhéanfaidh an measúnú faoin gcoinníoll dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, nó, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta, i ndlúthchomhar le BCE. Féadfaidh BCE an Bord nó na húdaráis réitigh náisiúnta lena mbaineann a chur ar an eolas go measann sé go bhfuil an coinníoll a leagtar síos sa phointe sin comhlíonta.

2.   Gan dochar do chásanna inar chinn BCE cúraimí maoirseachta a fheidhmiú go díreach a bhaineann le hinstitiúidí creidmheasa de bhun Airteagal 6(5)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ag BCE, i gcás ina bhfaightear cumarsáid de bhun mhír 1, nó i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an mBord measúnú a dhéanamh faoi mhír 1 ar a thionscnamh féin, i ndáil le heintiteas nó le grúpa dá dtagraítear in Airteagal 7(3), déanfaidh an Bord a mheasúnú sin a chur in iúl gan mhoill do BCE.

3.   An beart a glacadh roimhe seo de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, Airteagal 27(1), nó Airteagal 28 nó Airteagal 29 de Threoir 2014/59/AE, nó Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, ní coinníoll atá ann maidir le gníomhaíocht réitigh.

4.   Chun críocha phointe (a) de mhír 1, measfar go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas nó gur dócha go gclisfear air i gceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a)

tá na ceanglais chun leanúint d'údarú á sárú ag an eintiteas nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh go sáróidh an t-eintiteas na ceanglais sin amach anseo, ar dhóigh ina mbeadh bonn cirt le tarraingt siar an údaraithe ag BCE, lena n-áirítear de dheasca caillteanais a bheith tabhaithe ag an eintiteas nó gur dócha go dtabhóidh an t-eintiteas caillteanais a ídeoidh a chistí dílse ar fad nó cuid shuntasach díobh, ach gan a bheith teoranta don chúis sin amháin;

(b)

tá sócmhainní an eintitis níos lú ná dliteanais an eintitis, nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh gurb amhlaidh a bheidh sé go gairid amach anseo;

(c)

níl an t-eintiteas in ann na fiacha nó na dliteanais eile atá air a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite, nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh gurb amhlaidh a bheidh sé go gairid amach anseo;

(d)

tá gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ach amháin, chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, nuair a bheidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách sin in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(i)

ráthaíocht Stáit chun tacaíocht a thabhairt do shaoráidí leachtachta arna gcur ar fáil ag bainc cheannais i gcomhréir le coinníollacha na mbanc ceannais;

(ii)

ráthaíocht Stáit maidir le dliteanais nua-eisithe; nó

(iii)

instealladh cistí dílse nó ceannach ionstraimí caipitil ar phraghsanna agus ar théarmaí nach dtugann buntáiste don eintiteas, i gcás nach ann do na himthosca dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den mhír seo ná do na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 21(1) tráth a dtabharfar an tacaíocht phoiblí.

I ngach ceann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (i), (ii) agus (iii) de phointe (d) den chéad fhomhír, beidh an ráthaíocht nó na bearta coibhéiseacha dá dtagraítear iontu teoranta do na heintitis sócmhainneacha agus beidh siad faoi réir coinníll formheasa chríochnaithigh faoi chreat Státchabharach an Aontais. Beidh na bearta sin de chineál réamhchúramach agus sealadach agus beidh siad comhréireach chun iarmhairtí an tsuaite thromchúisigh a leigheas agus ní úsáidfear iad chun caillteanais a bheidh tabhaithe ag an eintiteas, nó ar dócha é go dtabhófar iad amach anseo, a chúiteamh.

Déanfar bearta tacaíochta faoi phointe (d)(iii) den chéad fhomhír a theorannú do na hinstealltaí is gá chun aghaidh a thabhairt ar easnamh caipitil atá bunaithe i dtástálacha struis náisiúnta an Aontais nó SMA go léir in athbhreithnithe cáilíochta sócmhainní nó cleachtaí coibhéiseacha arna seoladh ag BCE, ag ÚBE nó ag na húdaráis náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, arna ndeimhniú ag an údarás inniúil.

Má thíolacann an Coimisiún togra reachtach de bhun Airteagal 32(4) de Threoir 2014/59/AE, déanfaidh sé, más iomchuí, ar an tslí chéanna, togra reachtach lena leasófar an Rialachán seo a thíolacadh.

5.   Chun críocha phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, caithfear le gníomhaíocht réitigh amhail is le leas an phobail sin a dhéanamh más gá é le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh mar dá dtagraítear in Airteagal 14 a bhaint amach agus é comhréireach leo agus más rud é nach gcomhlíonfaí na cuspóirí réitigh sin go feadh an mhéid chéanna dá ndéanfaí an t-eintiteas a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

6.   Má chomhlíontar na coinníollacha ar fad a leagtar síos i mír 1, glacfaidh an Bord scéim réitigh. Déanfar leis an scéim réitigh:

(a)

an t-einteatas a chur faoi réiteach;

(b)

cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh i leith na hinstitiúide faoi réiteach dá dtagraítear in Airteagal 22(2) a chinneadh, go háirithe aon eisiaimh ó chur i bhfeidhm na fortharrthála i gcomhréir le hAirteagal 27(5) agus (14);

(c)

úsáid an Chiste a chinneadh chun tacaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht réitigh i gcomhréir le hAirteagal 76 agus i gcomhréir le cinneadh ón gCoimisiún a bheidh glactha i gcomhréir le hAirteagal 19.

7.   Díreach tar éis an scéim réitigh a ghlacadh, déanfaidh an Bord é a tharchur chuig an gCoimisiún.

Laistigh de 24 huaire an chloig den scéim réitigh a bheith tarchurtha ag an mBord, déanfaidh an Coimisiún an scéim réitigh a fhormhuiniú, nó agóid a dhéanamh ina haghaidh maidir le gnéithe lánroghnacha na scéime réitigh sna cásanna nach gcumhdaítear sa tríú fomhír den mhír seo.

Laistigh de 12 uair an chloig den scéime réitigh a tharchur chuig an mBord, féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a mholadh don Chomhairle:

(a)

agóid a dhéanamh in aghaidh na scéime réitigh ar an bhforas nach bhfuil an critéar i leith leas an phobail dá dtagraítear i mír 1(c) á chomhlíonadh ag an mBord;

(b)

modhnú ábhartha maidir le méid an Chiste dá bhforáiltear i scéim réitigh an Bhoird a fhormheas nó agóid a dhéanamh ina aghaidh.

Chun críocha an tríú fomhír, is trí thromlach simplí a ghníomhóidh an Chomhairle.

Ní fhéadfaidh an scéim réitigh teacht i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid sainráite ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún laistigh de thréimhse 24 huaire tar éis don Bhord í a tharchur.

Déanfaidh an Chomhairle nó an Coimisiún, de réir mar a bheidh, cúiseanna a sholáthar chun a gcumhacht agóide a fheidhmiú.

Más rud é, laistigh de 24 huaire an chloig ón scéim réitigh a tharchur chuig an mBord, go mbeidh an togra ón gCoimisiún maidir le modhnú a dhéanamh ar an scéim réitigh formheasta ag an gComhairle ar an bhforas dá dtagraítear i bpointe (b) den tríú fomhír nó go mbeidh agóid déanta ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an dara fomhír, déanfaidh an Bord, laistigh d'ocht n-uaire an chloig, scéim réitigh a mhodhnú i gcomhréir leis na cúiseanna a bheidh sainráite.

Nuair a fhorálfar i scéim réitigh arna glacadh ag an mBord chun dliteanais áirithe sna himthosca eisceachtúla dá dtagraítear in Airteagal 27(5), agus i gcás ina n-éileofar ranníocaíocht ón gCiste nó ó fhoinse mhaoiniúcháin mhalartach leis an eisiamh sin chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, féadfaidh an Coimisiún leasuithe ar an eisiamh molta a thoirmeasc nó a éileamh, agus cúiseanna leormhaithe á leagan amach aige bunaithe ar shárú na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 27 agus sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 44(11) de Threoir 2014/59/AE.

8.   I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle agóid in aghaidh institiúid a chur faoi réiteach ar an bhforas nach mbeidh an critéar i leith leas an phobail dá dtagraítear i mír 1(c) comhlíonta, déanfar an t-eintiteas ábhartha a fhoirceannadh go hordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

9.   Áiritheoidh an Bord go ndéanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta an ghníomhaíocht réitigh is gá chun an scéim réitigh a chur i gcrích. Díreofar an scéim réitigh chuig na húdaráis réitigh náisiúnta ábhartha agus tabharfar treoir inti do na húdaráis sin, a dhéanfaidh na bearta ar fad is gá chun cinneadh an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29, trí chumhachtaí réitigh a fheidhmiú. I gcás Státchabhair nó cabhair ón gCiste a bheith i gceist, gníomhóidh an Bord i gcomhréir le cinneadh maidir leis an gcabhair sin a bheidh glactha ag an gCoimisiún.

10.   Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún aon fhaisnéis a mheasann sé a bheith ábhartha chun a chúraimí a fheidhmiú faoin Rialachán seo a fháil ón mBord. Beidh se de chumhacht ag an mBord, i gcomhréir le Caibidil 5 den Teideal seo, aon fhaisnéis is gá le gur féidir leis gníomhaíocht réitigh a ullmhú agus cinneadh a dhéanamh faoi, lena n-áirítear faisnéis atá cothrom le dáta agus faisnéis fhorlíontach a thugtar sna pleananna réitigh, a fháil ó aon duine.

Airteagal 19

Státchabhair agus cabhair an Chiste

1.   Mas rud é gurb é atá i ngníomhaíocht réitigh Státchabhair a dheonú de bhun Airteagal 107(1) CFAE, nó cabhair ón gCiste i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, ní tharlóidh glacadh na scéime réitigh faoi Airteagal 18(6) den Rialachán seo go dtí go mbeidh cinneadh dearfach nó cinneadh coinníollach glactha ag an gCoimisiún maidir le comhoiriúnacht úsáid na cabhrach sin leis an margadh inmheánach.

Le linn na gcúraimí a thugtar dóibh le hAirteagal 18 den Rialachán seo a fheidhmiú, gníomhóidh institiúidí an Aontais i gcomhréir leis na prionsabail a bhunaítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2014/59/AE agus poibleoidh siad ar shlí iomchuí an fhaisnéis go léir ábhartha maidir lena n-eagraíocht inmheánach i ndáil leis sin.

2.   Tar éis teachtaireacht a fháil de bhun Airteagal 18(1) den Rialachán seo, nó ar a thionscnamh féin, má mheasann an Bord gur Státchabhair de bhun Airteagal 107(1) CFAE a d'fhéadfadh a bheith i ngníomhartha réitigh, tabharfaidh sé cuireadh do na Ballstáit rannpháirteacha nó do na Ballstáit lena mbaineann, fógra a thabhairt láithreach don Choimisiún faoi na bearta atá beartaithe faoi Airteagal 108(3) CFAE. Tabharfaidh an Bord fógra don Choimisiún faoi aon chás ina n-iarrfaidh sé ar Bhallstát amháin nó níos mó fógra a thabhairt faoi Airteagal 108(3) CFAE.

3.   A mhéid a bheidh i gceist leis an ngníomh réitigh faoi mar a bheidh molta ag an mBord go n-úsáidfear an Ciste, cuirfidh an Bord in iúl don Choimisiún maidir le húsáid bheartaithe an Chiste. Áireofar san fhógra ón mBord an fhaisnéis go léir is gá chun a chumasú don Choimisiún a mheasúnuithe a dhéanamh de bhun na míre seo.

Spreagfaidh an fógra faoin mhír seo réamh-imscrúdú ón gCoimisiún a bhféadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ina leith ón mBord. Déanfaidh an Coimisiún measúnú an ndéanfadh úsáid an Chiste iomaíocht a shaobhadh nó saobhadh a bhagairt, trí fhabhar a thabhairt don tairbhí nó d'aon ghnóthas eile ionas, sa mhéid go ndéanfadh sé difear don trádáil idir na Ballstáit, a bheith ar neamhréir leis an margadh inmheánach. Cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm maidir le húsáid an Chiste na critéir a bunaíodh do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair mar a chumhdaítear in Airteagal 107 CFAE. Déanfaidh an Bord an fhaisnéis a mheasfaidh an Coimisiún is gá chun an measúnú sin a chur i gcrích a sholáthar don Choimisiún.

Más rud é go mbeidh mórchúiseanna amhrais ag an gCoimisiún faoina chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá úsáid bheartaithe an Chiste, nó i gcás ina mbeidh mainnithe ag an mBord an fhaisnéis is gá a sholáthar de bhun iarrata ón gCoimisiún faoin dara fomhír, osclóidh an Coimisiún imscrúdú cuimsitheach agus tabharfaidh sé fógra ina thaobh don Bhord dá réir sin. Déanfaidh an Coimisiún a chinneadh i dtaobh oscailt imscrúdaithe chuimsithigh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Maidir leis an mBord, le Ballstát ar bith nó le haon duine, gnólacht nó comhlachas a bhféadfadh úsáid an Chiste difear a dhéanamh dóibh, féadfaidh siad a dtuairimí ina thaobh a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra. Féadfaidh an bord barúlacha ar na tuairimí a bheidh curtha isteach ag Ballstáit agus ag tríú páirtithe leasmhara a thíolacadh laistigh de thréimhse ama a d'fhéadfadh a bheith sonraithe ag an gCoimisiún. Ag deireadh na tréimhse imscrúdaithe, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú i dtaobh an mbeadh úsáid an Chiste comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

Nuair a bheidh an Coimisiún ag déanamh a chuid measúnuithe agus ag seoladh a chuid imscrúduithe de bhun na míre seo, beidh sé faoi threoir ag na rialacháin ábhartha uile a ghlactar faoi Airteagal 109 CFAE agus freisin ag na teachtaireachtaí, treoraíochtaí agus bearta ábhartha a bheidh glactha ag an gCoimisiún i gcur i bhfeidhm rialacha na gConarthaí a bhaineann le Státchabhair de réir mar a bheidh i bhfeidhm ag an tráth a mbeidh an measúnú le déanamh. Déanfar na bearta sin a chur i bhfeidhm amhail agus gurb ionann na tagairtí don Bhallstát atá freagrach as fógra a thabhairt i dtaobh na cabhrach agus tagairtí don Bhord, agus déanfar aon mhodhnuithe eile is gá.

Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir lena chomhoiriúnaí atá úsáid an Chiste leis an margadh inmheánach, agus díreoidh sé an cinneadh sin chuig an mBord agus chuig údaráis réitigh náisiúnta an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann. D'fhéadfadh an cinneadh sin a bheith ag brath ar choinníollacha, ar cheanglais nó ar gheallúintí i ndáil leis an tairbhí.

Féadfar oibleagáidí ar an mBord, ar na húdaráis réitigh náisiúnta sna Ballstáit rannpháirteacha nó sna Ballstáit lena mbaineann nó ar an tairbhí a leagan síos sa chinneadh sin freisin chun go gcumasófar faireachán ar chomhlíonadh an chinnidh. D'fhéadfadh ceanglais maidir le hiontaobhaí nó le duine neamhspleách eile a cheapadh chun cabhrú leis an bhfaireachán a bheith ar áireamh sna ceanglais sin. Féadfaidh iontaobhaí nó duine neamhspleách eile na feidhmeanna sin a d'fhéadfadh a bheith sonraithe sa chinneadh ón gCoimisiún a chomhlíonadh.

Déanfar aon chinneadh de bhun na míre seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh diúltach a eisiúint, agus í dírithe chuig an mBord, i gcás ina gcinnfidh sé nach mbeadh úsáid bheartaithe an Chiste comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach féidir é a chur chun feidhme san fhoirm atá beartaithe ag an mBord. Ar chinneadh den sórt sin a fháil, athbhreithneoidh an Bord a scéim réitigh agus ullmhóidh sé scéim réitigh athbhreithnithe.

4.   I gcás ina mbeidh mórchúiseanna amhrais ag an gCoimisiún i dtaobh an bhfuil a chinneadh faoi mhír 3 á chomhlíonadh, seolfaidh sé na himscrúduithe is gá. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún na cumhachtaí sin atá ar fáil dó faoi na rialacháin agus na bearta eile dá dtagraítear sa cheathrú fomhír de mhír 3 a fheidhmiú, agus beidh sé faoi threoir acu sin.

5.   Ar bhonn na n-imscrúduithe a dhéanann an Coimisiún, agus tar éis dó fógra a thabhairt do na páirtithe lena mbaineann á iarraidh orthu a gcuid tuairimí a thabhairt, má mheasann an Coimisiún nach mbeidh an cinneadh faoi mhír 3 comhlíonta, eiseoidh sé cinneadh chuig údarás réitigh náisiúnta sa Bhallstát rannpháirteach lena mbaineann á iarraidh ar an údarás sin na méideanna a bheidh mí-úsáidte a ghnóthú agus é sin a dhéanamh laistigh de thréimhse a chinnfidh an Coimisiún. Maidir leis an gcabhair Chiste a bheidh le gnóthú de bhun cinnidh gnóthacháin, áireofar ann ús ag ráta iomchuí a bheidh socraithe ag an gCoimisiún agus íocfar an méid sin leis an mBord.

Déanfaidh an Bord aon mhéideanna a bheidh faighte faoin gcéad fhomhír a íoc isteach sa Chiste agus cuirfidh sé na méideanna sin san áireamh nuair a bheidh ranníocaíochtaí á gcinneadh aige i gcomhréir le hAirteagal 70 agus le hAirteagal 71.

Maidir leis an nós imeachta gnóthacháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, urramóidh sé ceart na dtairbhithe chun dea-riaracháin agus an ceart atá acu chun rochtain a fháil ar dhoiciméid, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 41 agus in Airteagal 42 den Chairt.

6.   Gan dochar do na hoibleagáidí tuairiscithe a fhéadfaidh an Coimisiún a bhunú ina chinneadh faoi mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Bord tuarascálacha bliantúla ina mbeidh measúnú ar a chomhoiriúnaí atá úsáid an Chiste leis an gcinneadh faoin mír sin a thíolacadh don Choimisiún, agus bainfidh an Bord leas as a chuid cumhachtaí faoi Airteagal 34 nuair a bheidh na tuarascálacha sin á dtarraingt suas aige.

7.   Aon Bhallstát nó aon duine, gnólacht nó comhlachas a bhféadfadh úsáid an Chiste difear a dhéanamh dá leasanna, go háirithe na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, beidh sé de cheart acu an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon mhí-úsáid amhrasta den Chiste nach bhfuil comhoiriúnach leis an gcinneadh faoi mhír 3 den Airteagal seo.

8.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 93 a bhaineann le rialacha mionsraithe nós imeachta maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

ríomh an ráta úis atá le cur i bhfeidhm i gcás cinnidh gnóthacháin i gcomhréir le mír 5;

(b)

ráthaíochtaí don cheart chun dea-riaracháin agus don cheart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid, dá dtagraítear i mír 5.

9.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún, i ndiaidh moladh ón mBord nó ar a thionscnamh féin, nach bhfuil cur i bhfeidhm na n-uirlisí agus na ngníomhaíochtaí réitigh ag freagairt do na critéir ar ar bunaíodh a chinneadh tosaigh faoi mhír 3, féadfaidh sé cinneadh den sórt sin a athbhreithniú agus na leasuithe iomchuí a ghlacadh.

10.   De mhaolú ar mhír 3, agus ar iarratas ó Bhallstát, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, a chinneadh go mbreithneofar go bhfuil úsáid an Chiste comhoiriúnach leis an margadh inmheánach más rud é go mbeidh bonn cirt le cinneadh den sórt sin in imthosca eisceachtúla. Más rud é, áfach, nach mbeidh a dearcadh curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de sheacht lá ón iarratas sin a dhéanamh, glacfaidh an Coimisiún a chinneadh ar an gcás.

11.   Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go mbeidh na cumhachtaí is gá ag a n-údaráis réitigh náisiúnta chun a áirithiú go gcomhlíonfar aon choinníollacha a leagtar síos i gcinneadh ón gCoimisiún de bhun mhír 3 agus chun méideanna mí-úsáidte a ghnóthú de bhun cinneadh ón gCoimisiún faoi mhír 5.

Airteagal 20

Luacháil chun críoch réitigh

1.   Sula ndéanfaidh an Bord cinneadh faoi ghníomhaíocht réitigh nó faoi fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó, áiritheoidh sé go ndéanfaidh duine atá neamhspleách ar aon údarás poiblí, lena n-áirítear an Bord agus an t-údarás réitigh náisiúnta, agus ar an eintiteas lena mbaineann, luacháil chothrom, stuama agus réalaíoch ar shócmhainní agus dliteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2.

2.   Faoi réir mhír 15, más rud é go gcomhlíonfar na ceanglais ar fad a leagtar síos i mír 1 agus i mír 4 go mír 9, measfar an luacháil a bheith cinntitheach.

3.   I gcás nach féidir luacháil neamhspleách a dhéanamh i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Bord luacháil shealadach a dhéanamh ar shócmhainní agus dliteanais an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, i gcomhréir le mír 10 den Airteagal seo.

4.   Is é an cuspóir a bheidh leis an luacháil measúnú a dhéanamh ar an luach atá ar shócmhainní agus ar dhliteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach in Airteagal 16 agus in Airteagal 18 á gcomhlíonadh aige.

5.   Beidh na cuspóirí seo a leanas leis an luacháil:

(a)

go mbeadh sí mar fhaisnéis don chinneadh an bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach nó na coinníollacha maidir le díluacháil nó comhshó na n-ionstraimí caipitil comhlíonta;

(b)

má bhíonn na coinníollacha maidir le réiteach comhlíonta, go mbeidh sí mar fhaisnéis don chinneadh faoin ngníomhaíocht réitigh iomchuí atá le déanamh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2;

(c)

nuair a chuirfear an chumhacht chun ionstraimí caipitil ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó i bhfeidhm, go mbeidh sí mar fhaisnéis don chinneadh faoi mhéid an chealaithe nó an chaolaithe i dtaca le hionstraimí úinéireachta, agus faoi mhéid na díluachála nó an chomhshó i dtaca le hionstraimí caipitil ábhartha;

(d)

nuair a chuirfear an uirlis fortharrthála i bhfeidhm, go mbeadh sí mar fhaisnéis don chinneadh faoi mhéid na díluachála nó an chomhshó i dtaca le dliteanais inghlactha;

(e)

nuair a chuirfear an uirlis droichead-institiúide nó an uirlis deighilte sócmhainní i bhfeidhm, go mbeidh sí mar fhaisnéis don chinneadh faoi na sócmhainní, na cearta, na dliteanais nó na hionstraimí úinéireachta atá le haistriú agus don chinneadh faoi luach aon chomaoine atá le híoc leis an institiúid faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, le húinéirí na n-ionstraimí úinéireachta;

(f)

nuair a chuirfear an uirlis díolacháin gnó i bhfeidhm, go mbeadh sí mar fhaisnéis don chinneadh faoi na sócmhainní, faoi na cearta, na dliteanais nó na hionstraimí úinéireachta atá le haistriú agus go mbeadh sí mar fhaisnéis do thuiscint an Bhoird ar céard is téarmaí tráchtála ann chun críocha Airteagal 24(2)(b);

(g)

i ngach cás, a áirithiú go n-aithneofar go hiomlán aon chaillteanais ar shócmhainní eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 an tráth a chuirfear na huirlisí réitigh i bhfeidhm nó an tráth a fheidhmeofar an chumhacht chun ionstraimí caipitil ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó.

6.   Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, beidh an luacháil, i gcás inarb infheidhme, bunaithe ar thoimhdí stuama, lena n-áirítear i ndáil le rátaí mainneachtana agus déine na gcaillteanas. Ní thoimhdeofar sa luacháil aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo, nó aon chúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais, nó aon chúnamh leachtachta ó bhanc ceannais a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús ar tacaíocht nó cúnamh iad a sholáthraítear d'eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 ón tráth a ndéanfar beart réitigh nó ón tráth a bhfeidhmeofar an chumhacht chun ionstraimí caipitil ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó. Thairis sin, más rud é go gcuirfear aon uirlis réitigh i bhfeidhm, cuirfear san áireamh sa luacháil:

(a)

go bhféadfaidh an Bord aon speansais réasúnacha a thabhaítear go cuí ón institiúid faoi réiteach a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 22(6);

(b)

go bhféadfaidh an Ciste ús nó táillí a ghearradh i leith aon iasachtaí nó ráthaíochtaí a sholáthraítear don institiúid faoi réiteach, i gcomhréir le hAirteagal 76.

7.   Déanfar an luacháil a fhorlíonadh leis an bhfaisnéis seo a leanas mar atá i leabhair chuntasaíochta agus i dtaifid eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2:

(a)

clár comhardaithe cothrom le dáta agus tuarascáil ar staid airgeadais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2;

(b)

anailís agus meastachán ar luach cuntasaíochta na sócmhainní;

(c)

liosta de na dliteanais laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá gan íoc atá i leabhair agus i dtaifid eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, le léiriú ar na creidiúintí faoi seach agus tosaíocht na n-éileamh dá dtagraítear in Airteagal 17.

8.   I gcás inarb iomchuí, chun a bheith mar fhaisnéis do na cinntí dá dtagraítear i mír 5(e) agus (f) den Airteagal seo, féadfar an fhaisnéis i mír 7(b) den Airteagal seo a chomhlánú le hanailís agus meastachán ar an luach atá ar shócmhainní agus ar dhliteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 ar bhonn margadhluacha.

9.   Tabharfar le fios sa luacháil foroinnt na gcreidiúnaithe in aicmí i gcomhréir le tosaíocht na n-éileamh dá dtagraítear in Airteagal 17 agus meastachán ar an gcóir a chuirfí ar gach aicme scairshealbhóirí agus creidiúnaithe, dá ndéanfaí eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Ní dhéanfaidh an meastachán sin difear do chur i bhfeidhm na rialach “creidiúnaí ar bith níos measa as” dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(g).

10.   Más rud é, de dheasca práinne in imthosca an cháis, nach féidir na ceanglais a leagtar síos i mír 7 agus i mír 9 a chomhlíonadh, nó go mbeidh feidhm ag mír 3, is luacháil shealadach a dhéanfar. Comhlíonfaidh an luacháil shealadach na ceanglais a leagtar síos i mír 4 agus, a mhéid is indéanta go réasúnach sna himthosca, na ceanglais a leagtar síos i mír 1, i mír 7 agus i mír 9.

Áireofar sa luacháil shealadach dá dtagraítear sa chéad fhomhír maolán i leith caillteanas breise, mar aon le bonn cirt iomchuí.

11.   Measfar gur luacháil shealadach aon luacháil nach gcomhlíonfaidh na ceanglais ar fad a leagtar síos i mír 1 agus i mír 4 go mír 9 go dtí go mbeidh luacháil a chomhlíonfaidh go hiomlán na ceanglais ar fad a leagtar síos sna míreanna sin curtha i gcrích ag duine neamhspleách amhail dá dtagraítear i mír 1. Déanfar an luacháil chinntitheach ex post sin a luaithe is indéanta. Féadfar í a dhéanamh ar leithligh ón luacháil dá dtagraítear í mír 16, mír 17 agus mír 18, nó féadfar í a dhéanamh ag an am céanna leis an luacháil sin agus féadfaidh an duine neamhspleách céanna an dá luacháil a dhéanamh, ach beidh sí éagsúil ón luacháil eile.

Beidh na cuspóirí seo a leanas leis an luacháil chinntitheach ex-post:

(a)

a áirithiú go mbeidh aon chaillteanais ar shócmhainní eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 aitheanta go hiomlán i leabhair chuntasaíochta an eintitis sin;

(b)

a bheith mar fhaisnéis do chinneadh éilimh ó chreidiúnaithe a aisiompú nó luach na comaoine íoctha a mhéadú, i gcomhréir le mír 12 den Airteagal seo.

12.   I gcás ina mbeidh meastachán na luachála cinntithí ex-post ar ghlanluach sócmhainní eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 níos airde ná meastachán na luachála sealadaí ar ghlanluach sócmhainní an eintitis sin, féadfaidh an Bord a iarraidh ar an údarás réitigh náisiúnta:

(a)

a chumhacht a fheidhmiú chun an luach atá ar éilimh na gcreidiúnaithe nó úinéirí na n-ionstraimí caipitil ábhartha atá díluacháilte faoin uirlis fortharrthála a mhéadú

(b)

teagasc a thabhairt do dhroichead-institiúid nó do mheán bainistíochta sócmhainní íocaíocht bhreise comaoine i ndáil leis na sócmhainní, leis na cearta nó leis na dliteanais a dhéanamh le hinstitiuid atá faoi réiteach, nó de réir mar a bheidh, i ndáil leis na hionstraimí úinéireachta, an íocaíocht a dhéanamh le húinéirí na n-ionstraimí sin.

13.   D'ainneoin mhír 1, maidir le luacháil shealadach arna seoladh i gcomhréir le mír 10 agus le mír 11, beidh sí ina bunús bailí don Bhord chun cinneadh ar bhearta réitigh, lena n-áirítear a theagasc d'údaráis réitigh náisiúnta stiúir a ghlacadh ar institiúid a bhfuil ag cliseadh uirthi nó ar chumhacht díluachála nó comhshó na n-ionstraimí caipitil ábhartha a fheidhmiú.

14.   Déanfaidh an Bord socruithe a bhunú agus a chothabháil chun a áirithiú go mbeidh an measúnú ar chur i bhfeidhm na huirlise fortharrthála i gcomhréir le hAirteagal 27 agus an luacháil dá dtagraítear i mír 1 go mír 15 den Airteagal seo bunaithe ar fhaisnéis faoi shócmhainní agus faoi dhliteanais na hinstitiúide faoi réiteach agus go mbeidh an measúnú agus an luacháil sin cothrom le dáta agus chomh hiomlán agus is indéanta go réasúnach.

15.   Beidh an luacháil ina chroíchuid den chinneadh faoi uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó faoi chumhacht réitigh a fheidhmiú nó den chinneadh faoi chumhacht ionstraimí caipitil díluacháil nó comhshó a fheidhmiú. Ní bheidh an luacháil féin faoi réir athbhreithniú breithiúnach ar leithligh ach féadfaidh sí a bheith faoi réir achomhairc in éineacht leis an gcinneadh ón mBord.

16.   Chun a mheasúnú an gcuirfí cóir níos fearr ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe dá rachadh an institiúid faoi réiteach faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, áiritheoidh an Bord, a luaithe agus is féidir tar éis éifeacht a bheith leis an ngníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí réitigh, gur duine neamhspleách amhail dá dtagraítear i mír 1 a dhéanfaidh an luacháil. Beidh an luacháil sin ar leithligh ón luacháil arna déanamh faoi mhír 1 go mír 15.

17.   Leis an luacháil dá dtagraítear i mír 16, cinnfear:

(a)

an chóir a chuirfí ar na scairshealbhóirí agus ar na creidiúnaithe, nó ar na scéimeanna ábhartha ráthaithe taiscí dá mba rud é i gcás institiúide atá faoi réiteach, agus éifeacht a bheith tugtha do ghníomhaíocht nó gníomhaíochtaí réitigh ina leith, go raibh sí imithe faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta ag an tráth a ndearnadh an cinneadh maidir le gníomhaíocht réitigh;

(b)

an chóir a cuireadh go hiarbhír ar na scairshealbhóirí agus ar na creidiúnaithe i ndáil le réiteach institiúide atá faoi réiteach; agus

(c)

an bhfuil nó nach bhfuil aon difríocht ann idir an chóir dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus an chóir dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo.

18.   Maidir leis an luacháil dá tagraítear i mír 16, ceanglófar an méid seo a leanas ina leith:

(a)

glacfar leis go rachadh institiúid atá faoi réiteach, agus éifeacht a bheith tugtha do ghníomhaíocht nó gníomhaíochtaí réitigh ina leith, faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta ag an tráth a ndearnadh an cinneadh maidir le gníomhaíocht réitigh;

(b)

glacfar leis nach mbeidh éifeacht tugtha don ghníomhaíocht ná do ghníomhaíochtaí réitigh;

(c)

ní thabharfar aird ar aon soláthar de thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách d'institiúid atá faoi réiteach.

Airteagal 21

Ionstraimí caipitil a dhíluacháil agus a chomhshó

1.   Feidhmeoidh an Bord an chumhacht chun ionstraimí caipitil a dhíluacháil nó a chomhshó ag gníomhú dó faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18, maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagl 7(4)(b) agus (5), i gcás ina mbeidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míreanna sin comhlíonta, ach ní dhéanfaidh sé an méid sin ach amháin, ar theachtaireacht a bheith faighte aige de bhun an dara fomhír nó ar a thionscnamh féin, nuair a mheasfaidh sé, ina sheisiún feidhmeannach dó, go gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás inar cinneadh nach mbeidh na coinníollacha maidir le réiteach comhlíonta a shonraítear in Airteagal 16 agus in Airteagal 18, sula nglacfar aon ghníomhaíocht réitigh;

(b)

nach mbeidh an t-eintiteas inmharthana a thuilleadh mura rud é go ndéanfar na hionstraimí caipitil ábhartha a dhíluacháil nó iad a chomhshó ina gcothromas;

(c)

i gcás ionstraimí caipitil ábhartha arna n-eisiúint ag fochuideachta agus más rud é go ndéanfar na hionstraimí caipitil ábhartha sin a aithint chun ceanglais cistí dílse a chomhlíonadh ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite, mura rud é go bhfeidhmeofar an chumhacht díluachála nó chomhshó i ndáil leis na hionstraimí sin, ní bheidh an grúpa inmharthana a thuilleadh;

(d)

i gcás ionstraimí caipitil ábhartha arna n-eisiúint ar leibhéal máthairchuideachta agus más rud é go ndearnadh na hionstraimí caipitil ábhartha sin a aithint ar mhaithe le ceanglais cistí dílse a chomhlíonadh ar bhonn aonair ar leibhéal an máthairchuideachta nó ar bhonn comhdhlúite, mura rud é go bhfeidhmeofar an chumhacht díluachála nó chomhshó i ndáil leis na hionstraimí sin, ní bheidh an grúpa inmharthana a thuilleadh;

(e)

nach mbeidh tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách de dhíth ar an eintiteas nó ar an ngrúpa, seachas in aon cheann de na himthosca a leagtar amach i bpointe (d)(iii) d'Airteagal 18(4).

Is é BCE, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, a dhéanfaidh an measúnú ar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír. Féadfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmeannach dó, measúnú den sórt sin a dhéanamh freisin.

2.   Maidir leis an measúnú i dtaobh an bhfuil eintiteas nó grúpa inmharthana, féadfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmeannach dó, an measúnú sin a dhéanamh ach ní fhéadfaidh sé déanamh amhlaidh ach amháin tar éis dó a rún intinne a chur in iúl roimh ré do BCE agus sa chás amháin nach mbeidh an measúnú sin déanta ag BCE laistigh de thrí lá féilire tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil. Maidir le haon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh an Bord ar BCE chun a bheith mar fhaisnéis dá mheasúnú, tabharfaidh BCE dó í gan mhoill.

3.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ní mheasfar eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nó grúpa a bheith inmharthana a thuilleadh ach amháin má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas nó ar an ngrúpa nó gur dócha go gclisfear air;

(b)

ag féachaint d'uainiú agus d'imthosca ábhartha eile, níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon ghníomhaíocht, lena n-áirítear bearta malartacha ón earnáil phríobháideach nó gníomhaíocht mhalartach maoirseachta, (lena n-áirítear bearta luath-idirghabhála), seachas díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil ábhartha, go neamhspleách nó i gcomhcheangal le beart réitigh, cosc ar chliseadh an eintitis nó an ghrúpa sin laistigh de thréimhse ama réasúnach.

4.   Chun críocha phointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo, measfar go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas sin nó gur dócha go gclisfear air i gcás ina dtarlóidh ceann amháin nó níos mó de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18(4).

5.   Chun críocha phointe (a) de mhír 3, measfar go bhfuil ag cliseadh ar ghrúpa nó gur dócha go gclisfear air i gcás ina sáróidh an grúpa na ceanglais stuamachta chomhdhlúite nó go mbeidh eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoina chinneadh go sáróidh an grúpa, go luath amach anseo, na ceanglais sin, ar dhóigh ina mbeadh bonn cirt le beart ó BCE nó ón údarás inniúil náisiúnta, de dheasca caillteanais a bheith tabhaithe ag an ngrúpa nó gur dócha go dtabhóidh an grúpa caillteanais a ídeoidh a chistí dílse ar fad nó cuid shuntasach díobh, ach gan é a bheith teoranta don chúis sin amháin.

6.   Ionstraim chaipitil ábhartha arna eisiúint ag fochuideachta, ní dhéanfar, de bhua Airteagal 59(3)(c) de Threoir 2014/59/AE, díluacháil níos mó uirthi ná í a chomhshó ar théarmaí níos measa ná mar a dhéanfaí le hionstraimí caipitil a bhfuil an rangú céanna ag roinnt leo ar leibhéal na máthairchuideachta a mbeidh díluacháil déanta orthu nó a bheidh comhshóite.

7.   Má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Bord, ag gníomhú dó faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18, a chinneadh an bhfeidhmeofar na cumhachtaí chun ionstraimí caipitil ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó go neamhspleách nó, i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 18, i gcomhcheangal le beart réitigh.

8.   I gcás ina gcinnfidh an Bord, ag gníomhú dó faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18 den Rialachán seo, go bhfuil ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo comhlíonta, ach nach bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den Rialachán seo comhlíonta, tabharfaidh sé, gan mhoill, teagasc do na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí díluachála nó comhshó a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 59 agus le hAirteagal 60 de Threoir 2014/59/AE.

Áiritheoidh an Bord, sula bhfeidhmeoidh na húdaráis réitigh náisiúnta an chumhacht chun ionstraimí caipitil ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó, go ndéanfar luacháil ar shócmhainní agus ar dhliteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 nó grúpa, i gcomhréir le hAirteagal 20(1) go (15). Beidh an luacháil sin ina bunús do ríomh na díluachála atá le cur i bhfeidhm ar na hionstraimí caipitil ábhartha chun caillteanais a chomhghabháil agus do leibhéal an chomhshó atá le cur i bhfeidhm ar ionstraimí capitil ábhartha chun an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nó an grúpa a athchaipitliú.

9.   I gcás ina mbeidh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta, agus go mbeidh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 18(1) comhlíonta freisin, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18(6), (7) agus (8).

10.   Áiritheoidh an Bord go bhfeidhmeoidh na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí díluachála nó comhshó gan mhoill, i gcomhréir le tosaíocht na n-éileamh de bhun Airteagal 17 agus ar mhodh a thabharfaidh na torthaí seo a leanas:

(a)

go ndéanfar ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a laghdú ar dtús go cionmhar leis na caillteanais agus go dtí méid a n-acmhainneachta;

(b)

go ndíluachálfar príomhshuim na n-ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó go gcomhshóitear iad in ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó an dá rud, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a leagtar amach in Airteagal 1444 a bhaint amach nó suas go dtí méid acmhainneacht na n-ionstraimí caipitil ábhartha, cibé acu is ísle;

(c)

go ndíluachálfar príomhshuim na n-ionstraimí Leibhéal 2 Breise nó go gcomhshóitear iad in ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó an dá rud, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a leagtar amach in Airteagal 14 a bhaint amach nó suas go dtí méid acmhainneacht na n-ionstraimí caipitil ábhartha, cibé acu is ísle.

11.   Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta na teagaisc ón mBord a chur chun feidhme agus feidhmeoidh siad díluacháil nó comhshó na n-ionstraimí caipitil ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 29.

Airteagal 22

Na prionsabail ghinearálta maidir le huirlisí réitigh

1.   I gcás ina gcinnfidh an Bord uirlis réitigh a chur i bhfeidhm maidir le heintiteas nó le grúpa dá dtagraítear in Airteagal 7(2) nó le heintiteas nó le grúpa dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha chun na míreanna sin a chur i bhfeidhm, ina mbeadh de thoradh ar an mbeart réitigh sin go mbeadh caillteanais le hiompar ag creidiúnaithe nó go ndéanfaí a n-éilimh a chomhshó, déanfaidh an Bord a theagasc do na húdaráis réitigh náisiúnta an chumhacht chun ionstraimí caipitil ábhartha a dhíluacháil agus a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21 a fheidhmiú láithreach sula gcuirfear an uirlis réitigh i bhfeidhm nó go comhuaineach leis an gcur i bhfeidhm sin.

2.   Is iad seo a leanas na huirlisí réitigh dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 18(6):

(a)

an uirlis díolacháin gnó;

(b)

an uirlis droichead-institiúide;

(c)

an uirlis deighilte sócmhainní;

(d)

an uirlis fortharrthála.

3.   Le linn don Bhord an scéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18(6) a ghlacadh, déanfaidh sé na tosca seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

sócmhainní agus dliteanais na hinstitiúide faoi réiteach ar bhonn na luachála de bhun Airteagal 20;

(b)

staid leachtachta na hinstitiúide faoi réiteach;

(c)

indíoltacht luach saincheadúnais na hinstitiúide faoi réiteach i bhfianaise dhálaí iomaíocha agus eacnamaíocha an mhargaidh;

(d)

an méid ama atá ar fáil.

4.   Déanfar na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ionas go gcomhlíonfar na cuspóirí réitigh a shonraítear in Airteagal 14, i gcomhréir leis na prionsabail réitigh a shonraítear in Airteagal 15. Féadfar iad a chur i bhfeidhm ina n-aonar nó i gcomhcheangal ar bith, ach amháin i gcás na huirlise deighilte sócmhainní nach bhféadfar a chur i bhfeidhm ach amháin i dteannta uirlise réitigh eile.

5.   Nuair a chuirfear i bhfeidhm na huirlisí réitigh dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo chun gan aistriú a dhéanamh ach ar chuid de shócmhainní, de chearta nó de dhliteanais na hinstitiúide faoi réiteach, déanfar an t-eintiteas iarmharach dá dtagraítear in Airteagal 2 óna mbeidh na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais aistrithe a fhoirceannadh faoi na gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

6.   Féadfaidh an Bord aon speansais réasúnacha arna dtabhú go cuí i dtaca le húsáid na n-uirlisí nó cumhachtaí réitigh a ghnóthú ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

mar asbhaint as aon chomaoin a bheidh íoctha ag faighteoir leis an institiúid faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, le húinéirí ionstraimí úinéireachta;

(b)

ón institiúid faoi réiteach, mar chreidiúnaí fabhraithe; nó

(c)

ó aon fháltais arna nginiúint de thoradh fhoirceannadh oibríocht na droichead-institiúide nó an mheáin bhainistíochta sócmhainní, mar chreidiúnaí fabhraithe.

Aon fháltais a gheobhaidh údaráis réitigh náisiúnta i dtaca le húsáid an Chiste, déanfar iad a aisíoc leis an mBord.

Airteagal 23

Scéim Réitigh

I gcomhréir le haon chinneadh maidir le Státchabhair nó maidir le cabhair ón gCiste, leagfar síos sa scéim réitigh arna glacadh ag an mBord faoi Airteagal 18(8), mionsonraí na n-uirlisí réitigh atá le cur i bhfeidhm maidir leis an institiúid faoi réiteach i dtaca leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 24(2), Airteagal 25(2), Airteagal 26(2) agus Airteagal 27(1) ar a laghad, ar bearta iad atá le cur chun feidhme ag na húdaráis réitigh náisiúnta i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Threoir 2014/59/AE amhail atá trasuite ina ndlí náisiúnta, agus cinnfear sa scéim sin na méideanna agus na cuspóirí sonracha ar ina leith a úsáidfear an Ciste.

Déanfar trácht sa scéim réitigh ar na bearta réitigh ba cheart don Bhord a dhéanamh i ndáil le máthairchuideachta an Aontais nó le grúpeintitis atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha a bhfuil sé mar aidhm acu na cuspóirí agus prionsabail réitigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 a chomhlíonadh.

Nuair a bheidh scéim réitigh á glacadh acu, déanfaidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún an plean réitigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 8 a chur san áireamh agus a leanúint, mura rud é gurb é measúnú an Bhoird, agus imthosca an cháis á chur san áireamh aige, go mbainfear na cuspóirí réitigh amach ar bhealach níos éifeachtaí trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh nach bhforáiltear dóibh sa phlean réitigh.

Le linn an phróisis réitigh, féadfaidh an Bord an scéim réitigh a leasú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí i bhfianaise imthosca an cháis. I gcás leasuithe agus tabhairt cothrom le dáta, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18.

Sa bhreis air sin, beidh foráil sa scéim réitigh, i gcás inarb iomchuí, go bhféadfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta bainisteoir speisialta a cheapadh don institiúid faoi réiteach de bhun Airteagal 35 de Threoir 2014/59/AE. Féadfaidh an Bord a bhunú gurb é an bainisteoir speisialta céanna a cheapfar do na heintitis uile atá cleamhnaithe le grúpa sa chás inar gá sin chun éascú a dhéanamh ar réitigh a leigheasann fóntacht airgeadais na n-eintiteas lena mbaineann.

Airteagal 24

An uirlis díolacháin gnó

1.   Faoi chuimsiú na scéime réitigh, is é a bheidh san uirlis díolacháin gnó aistriú aon cheann de na nithe seo a leanas chuig ceannaitheoir nach droichead-institiúid é:

(a)

ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag institiúid faoi réiteach; nó

(b)

na sócmhainní, cearta nó dliteanais uile, nó aon chuid díobh, atá ag institiúid faoi réiteach.

2.   Maidir leis an uirlis díolacháin gnó, bunófar leis an scéim réitigh an méid seo a leanas:

(a)

na hionstraimí, sócmhainní, cearta agus dliteanais atá le haistriú ag an údarás réitigh náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 38(1) agus (7) go (11) de Threoir 2014/59/AE;

(b)

na téarmaí tráchtála, ag féachaint do na himthosca agus do na costais agus na speansais arna dtabhú sa phróiseas réitigh, ar de bhun na dtéarmaí sin a dhéanfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta an t-aistriú i gcomhréir le hAirteagal 38(2), (3) agus (4) de Threoir 2014/59/AE;

(c)

an bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta na cumhachtaí aistrithe a fheidhmiú níos mó ná uair amháin i gcomhréir le hAirteagal 38(5) agus (6) de Threoir 2014/59/AE;

(d)

na socruithe maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta an t-eintiteas sin nó na hionstraimí, na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais sin a mhargú i gcomhréir le hAirteagal 39(1) agus (2) de Threoir 2014/59/AE;

(e)

an dóchúlacht go mbainfidh comhlíonadh na gceanglas margaíochta ag an údarás réitigh náisiúnta an bonn de na cuspóirí réitigh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

3.   Cuirfidh an Bord an uirlis díolacháin gnó i bhfeidhm gan na ceanglais mhargaíochta a leagtar síos i bpointe (e) de mhír 2 a chomhlíonadh má chinneann sé gur dócha go mbainfeadh comhlíonadh na gceanglas sin an bonn de cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh agus go háirithe i gcás ina measann sé:

(a)

go bhfuil bagairt ábhartha ar an gcobhsaíocht airgeadais a eascraíonn as cliseadh nó cliseadh dóchúil na hinstitiúide faoi réiteach nó go bhfuil bagairt ábhartha á géarú ag cliseadh den sórt sin; agus

(b)

gur dócha go mbainfeadh comhlíonadh na gceanglas sin an bonn d'éifeachtacht na huirlise díolacháin gnó chun dul i ngleic leis an mbagairt sin nó chun an cuspóir réitigh atá sonraithe i bpointe (b) d'Airteagal 14(2) a bhaint amach.

Airteagal 25

Uirlis droichead-institiúide

1.   Faoi chuimsiú na scéime réitigh, is é a bheidh san uirlis droichead-institiúide ná aistriú aon cheann de na nithe seo a leanas chuig droichead-institiúid:

(a)

ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag institiúid amháin nó níos mó atá faoi réiteach;

(b)

na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais uile, nó aon chuid díobh, atá ag institiúid amháin nó níos mó atá faoi réiteach.

2.   Maidir leis an uirlis droichead-institiúide, bunófar leis an scéim réitigh an méid seo a leanas:

(a)

na hionstraimí, na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais atá le haistriú chuig droichead-institiúid ag an údarás réitigh náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 40(1) go (12) de Threoir 2014/59/AE;

(b)

na socruithe faoina ndéanfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta an droichead-institiúid a chur ar bun, a oibriú agus a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 41(1), (2), (3) agus (5) go (9) de Threoir 2014/59/AE;

(c)

na socruithe maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta an droichead-institiúid nó a sócmhainní nó a dliteanais a mhargú i gcomhréir le hAirteagal 41(4) de Threoir 2014/59/AE.

3.   Áiritheoidh an Bord nach mó luach iomlán na ndliteanas arna n-aistriú ag an údarás réitigh náisiúnta chuig an droichead-institiúid ná luach iomlán na gceart agus na sócmhainní arna n-aistriú ón institiúid faoi réiteach nó arna soláthar ó fhoinsí eile.

Airteagal 26

An uirlis deighilte sócmhainní

1.   Faoi chuimsiú na scéime réitigh, is é a bheidh san uirlis deighilte sócmhainní ná aistriú na sócmhainní, na gceart nó na ndliteanas atá ag institiúid faoi réiteach nó ag droichead-institiúid chuig gléas bainistíochta sócmhainní amháin nó níos mó.

2.   Maidir leis an uirlis deighilte sócmhainní, bunófar leis an scéim réitigh an méid seo a leanas:

(a)

na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais atá le haistriú ag an údarás réitigh náisiúnta chuig gléas bainistíochta sócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 42(1) go (5) agus (8) go (13) de Threoir 2014/59/AE;

(b)

an chomaoin a gheofar nuair atá an t-údarás réitigh náisiúnta leis na sócmhainní a aistriú, na cearta agus na dliteanais chuig an gléas bainistíochta sócmhainní, i gcomhréir leis na prionsabail a bhunaítear in Airteagal 20, den Rialachán seo le hAirteagal 42(7) de Threoir 2014/59/AE agus le creat Státchabhair an Aontais.

Ní chuirfidh pointe (b) den chéad fhomhír cosc ar luach ainmniúil nó luach diúltach a bheith ag an gcomaoin.

Airteagal 27

An uirlis fortharrthála

1.   Féadfar an uirlis fortharrthála a chur i bhfeidhm maidir le haon cheann de na cuspóirí seo a leanas:

(a)

chun eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo a athchaipitliú ar eintiteas é a chomhlíonann na coinníollacha maidir le réiteach a mhéid is leor chun cumas an eintitis a athbhunú le go bhféadfaidh sé na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh, (a mhéid a bheidh feidhm ag na coinníollacha sin maidir leis an eintiteas), agus leanúint de na gníomhaíochtaí dá bhfuil sé údaraithe a chur i gcrích faoi Threoir 2013/36/AE nó faoi Threoir 2014/65/AE (i gcás ina mbeidh an t-eintiteas údaraithe faoi na Treoracha sin), agus chun muinín leordhóthanach margaidh as institiúid nó as eintiteas a chothú;

(b)

chun príomhshuim na n-éileamh nó na n-ionstraimí fiachais atá aistrithe a chomhshó go cothromas nó a laghdú:

(i)

chuig droichead-institiúid d'fhonn caipiteal a sholáthar don droichead-institiúid sin; nó

(ii)

faoin uirlis díolacháin gnó nó faoin uirlis deighilte sócmhainní.

Faoi chuimsiú na scéime réitigh, maidir leis an uirlis fortharrthála, bunófar an méid seo a leanas:

(a)

an méid comhiomlán faoi nach mór dliteanais inghlactha a laghdú nó a chomhshó, i gcomhréir le mír 13;

(b)

na dliteanais a fhéadfar a chur as an áireamh i gcomhréir le mír 5 go mír 14;

(c)

na cuspóirí atá leis an bplean atheagrúcháin gnó, agus inneachar íosta an phlean sin, atá le cur isteach i gcomhréir le mír 16.

2.   Ní fhéadfar an uirlis fortharrthála a chur i bhfeidhm chun na críche dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 ach amháin má tá ionchas réasúnach ann go ndéanfaidh cur i bhfeidhm na huirlise sin, in éineacht le bearta ábhartha eile lena n-áirítear bearta arna gcur chun feidhme i gcomhréir leis an bplean atheagrúcháin gnó a cheanglaítear le mír 16 agus sa bhreis ar na cuspóirí réitigh ábhartha a bhaint amach, fóntacht airgeadais agus inmharthanacht fhadtéarmach an eintitis lena mbaineann a athbhuanú.

Beidh feidhm ag aon cheann de na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 22(2)(a), (b) agus (c) agus ag an uirlis fortharrthála dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír sin, de réir mar is iomchuí, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír den Airteagal seo.

3.   Ní bheidh na dliteanais seo a leanas, bídís á rialú le dlí Ballstáit nó le dlí tríú tíre, faoi réir díluachála nó comhshó:

(a)

taiscí cumhdaithe;

(b)

dliteanais urraithe lena n-áirítear bannaí cumhdaithe agus dliteanais i bhfoirm ionstraimí airgeadais a úsáidtear chun críocha fálaithe agus atá ina gcuid lárnach den chomhthiomsú cumhdaigh agus a ndéantar iad a urrú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar bhealach comhchosúil le bannaí cumhdaithe;

(c)

aon dliteanas a eascraíonn de bhua sócmhainní nó airgead cliaint a bheith i seilbh institiúide nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, lena n-áirítear sócmhainní cliaint nó airgead cliaint atá ar seilbh thar ceann GCUIanna de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE nó CIManna de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), ar choinníoll go mbeidh an cliant sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta is infheidhme;

(d)

aon dliteanais a eascraíonn de bhua caidrimh mhuinínigh idir eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 (mar mhuiníneach) agus duine eile (mar thairbhí), ar choinníoll go mbeidh an tairbhí sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta nó sibhialta is infheidhme;

(e)

dliteanais i leith institiúidí, gan eintitis atá mar chuid den ghrúpa céanna a áireamh, a bhfuil aibíocht tosaigh níos lú ná seacht lá acu;

(f)

dliteanais a bhfuil aibíocht níos lú ná seacht lá fágtha iontu, atá dlite do chórais nó d'oibreoirí córas atá ainmnithe i gcomhréir le Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) nó dá rannpháirtithe agus a eascraíonn as rannpháirtíocht i gcóras den sórt sin.

(g)

dliteanas i leith aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

fostaí, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, seachas comhpháirt athraitheach an luacha saothair nach bhfuil rialáilte le comhaontú cómhargála;

(ii)

creidiúnaí tráchtála nó trádála a eascraíonn as earraí nó seirbhísí a sholáthar don institiúid nó don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, ar earraí agus seirbhísí iad atá fíor-riachtanach d'fheidhmiú laethúil a hoibríochtaí nó a oibríochtaí, lena n-áirítear seirbhísí TF, fóntais agus cíos, seirbhísiú agus cothabháil an áitribh, a bheith á gcur ar fáil aige don institiúid nó don eintiteas sin;

(iii)

údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll go mbeidh tosaíocht ag na dliteanais sin faoin dlí is infheidhme.

(iv)

scéimeanna ráthaithe taiscí a eascraíonn as ranníocaíochtaí atá dlite i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE.

Ní bheidh feidhm ag pointe (g)(i) den chéad fhomhír maidir leis an gcomhchuid inathraithe de luachsaothair ghlacadóirí riosca ábhartha mar a shainaithnítear in Airteagal 92(2) de Threoir 2013/36/AE.

4.   Ní chuirfidh raon feidhme na huirlise fortharrthála dá dtagraítear i mir 3 den Airteagal seo cosc, i gcás inarb iomchuí, ar fheidhmiú na gcumhachtaí fortharrthála maidir le haon chuid de dhliteanas urraithe nó de dhliteanas a mbeidh comhthaobhacht geallta ina leith atá níos mó ná luach na sócmhainní, an ghealltáin, an liain nó na comhthaobhachta lena bhfuil sé urraithe nó le haon mhéid de thaisce atá níos mó ná an leibhéal cumhdaigh dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Threoir 2014/59/AE.

Maidir leis na sócmhainní urraithe uile a bhaineann le comhthiomsú cumhdaigh do bhanna faoi chumhdach, áiritheoidh an Bord nach ndéanfar aon difear dóibh, go mbeidh siad fós deighilte agus go leanfaidh siad de dhóthain cistiúcháin a fháil.

Gan dochar do na rialacha maidir le neamhchosaintí móra i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2013/36/AE, agus chun foráil a dhéanamh d'inréiteacht eintiteas agus grúpaí, déanfaidh an Bord treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta, teorainn a chur, i gcomhréir le hAirteagal 10(11)(b) den Rialachán seo, lena mhéid a shealbhaíonn insititiúidí eile dliteanais atá incháilithe d'uirlis fortharrthála, ach amháin i gcás dliteanas a bheidh ar seilbh ag eintitis ar cuid den ghrúpa céanna iad.

5.   In imthosca eisceachtúla, nuair a chuirtear an uirlis forrtharthála i bhfeidhm, féadfar dliteanais áirithe a eisiamh nó a pháirteisiamh ó chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála nó na gcumhachtaí comhshó más rud é:

(a)

nach féidir an dliteanas sin a fhortharrtháil laistigh de thréimhse réasúnach ama ainneoin iarrachtaí ionraice an údaráis réitigh náisiúnta ábhartha;

(b)

go mbeidh géarghá leis an eisiamh agus go mbeidh sé comhréireach le gur féidir leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla agus na gcroílínte gnó a áirithiú ar shlí a fhágfaidh gur féidir leis an institiúid faoi réiteach leanúint d'oibríochtaí, de sheirbhísí agus d'idirbhearta lárnacha;

(c)

go mbeidh géarghá leis an eisiamh agus go mbeidh sé comhréireach ionas nach dtarlóidh aicídiú forleathan, go háirithe a mhéid a bhaineann le taiscí incháilithe atá ar seilbh ag daoine nádúrtha agus ag micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, a chuirfeadh isteach go mór ar fheidhmiú na margaí airgeadais, lena n-áirítear bonneagair an mhargaidh airgeadais, ar shlí a d'fhéadfadh suaitheadh tromchúiseach a chruthú i ngeilleagar Ballstáit nó i ngeilleagar an Aontais; nó

(d)

go mbeadh cur i bhfeidhm na huirlise fortharrthála maidir leis na dliteanais sin ina chúis leis an luach a scriosadh sa chaoi is go mbeadh na caillteanais arna n-iompar ag creidiúnaithe eile níos airde ná mar a bheidís mura gcuirfí na dliteanais sin san áireamh san fhortharrtháil.

I gcás ina ndéanfar dliteanas incháilithe nó aicme de dhliteanais incháilithe a eisiamh, nó a pháirteisiamh, faoin mhír seo, féadfar leibhéal na díluachála nó an chomhshó a chuirtear i bhfeidhm maidir le dliteanais incháilithe eile a ardú chun eisiaimh den sórt sin a chur san áireamh, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh leibhéal na díluachála nó an chomhshó a chuirtear i bhfeidhm maidir le dliteanais incháilithe eile an prionsabal a leagtar síos i bpointe (g) d'Airteagal 15(1).

6.   I gcás ina ndéanfar dliteanas incháilithe nó aicme de dhliteanais incháilithe a eisiamh nó a pháirteisisamh, de bhun mhír 5, agus nach mbeidh na caillteanais a bheadh le hiompar ag na dliteanais sin tugtha ar aghaidh go hiomlán chuig creidiúnaithe eile, féadfar ranníocaíocht ón gCiste a dhéanamh leis an institiúid faoi réiteach chun ceann amháin nó an dá cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

chun aon chaillteanais nach bhfuil iompartha ag dliteanais incháilithe a chumhdach agus glanluach sócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach a chur ar ais go dtí nialas i gcomhréir le pointe (a) de mhír 13;

(b)

chun ionstraimí úinéireachta nó ionstraimí caipitil san institiúid faoi réiteach a cheannach, chun an institiúid a athchaipitliú i gcomhréir le pointe (b) de mhír 13.

7.   Ní fhéadfaidh an Ciste ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 6 a dhéanamh ach amháin ar choinníoll:

(a)

go mbeidh ranníocaíocht déanta ag scairshealbhóirí agus, sealbhóirí ionstraimí caipitil ábhartha agus sealbhóirí dliteanas incháilithe eile trí dhíluacháil, chomhshó nó ar shlí eile, ar ranníocaíocht chuig iompar caillteanais agus chuig athchaipitliú í atá comhionann le méid nach lú ná 8 % d'iomlán na ndliteanas, lena n-áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, arna tomhas tráth na gníomhaíochta réitigh i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) go (15); agus

(b)

nach mó an ranníocaíocht ón gCiste ná 5 % d'iomlán na ndliteanas, lena n-áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, arna tomhas tráth na gníomhaíochta réitigh i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) go (15).

8.   Féadfar ranníocaíocht an Chiste dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a mhaoiniú mar seo a leanas:

(a)

tríd an méid atá ar fáil don Chiste a cruinníodh trí ranníocaíochtaí ó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE agus in Airteagal 67(4), Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán seo;

(b)

i gcás nach leor na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, méideanna arna gcruinniú ó mhodhanna cistiúcháin eile i gcomhréir le hAirteagal 73 agus Airteagal 74.

9.   In imthosca urghnácha, féadfar cistiú breise a lorg ó fhoinsí maoinithe eile sa chás:

(a)

go mbeidh an teorainn 5 % a shonraítear i bpointe (b) de mhír 7 sroichte; agus

(b)

go mbeifear tar éis gach dliteanas neamhthosaíochta gan urrús, seachas taiscí incháilithe, a dhíluacháil nó a chomhshó ina n-iomláine.

10.   Mar rogha mhalartach nó mar rogha bhreise, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 9, féadfar ranníocaíocht a dhéanamh ó na hacmhainní a cruinníodh trí ranníocaíochtaí ex-ante i gcomhréir le hAirteagal 70 agus nár úsáideadh fós.

11.   Chun críocha an Rialacháin seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 44(8) de Threoir 2014/59/AE.

12.   Le linn an cinneadh dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar an méid a leanas:

(a)

an prionsabal gurb iad scairshealbhóirí i dtosach agus ina dhiaidh sin creidiúnaithe na hinstitiúide faoi réiteach in ord tosaíochta ba cheart na caillteanais a iompar, mar riail ghinearálta;

(b)

an leibhéal d'acmhainneacht iompair caillteanais a d'fhágfaí san institiúid faoi réiteach dá ndéanfaí an dliteanas nó an aicme de dhliteanais a eisiamh; agus

(c)

an gá go mbeidh acmhainní leormhaithe ann i gcónaí do mhaoiniú an réitigh.

13.   Déanfaidh an Bord measúnú ar bhonn luachála lena gcomhlíontar ceanglais Airteagal 20(1) go (15), an comhiomlán den mhéid seo a leanas:

(a)

i gcás inarb ábhartha, an méid faoi nach mór dliteanais incháilithe a dhíluacháil lena áirithiú go mbeidh glanluach sócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach comhionann le nialas; agus

(b)

i gcás inarb ábhartha, an méid faoi nach mór dliteanais incháilithe a chomhshó ina scaireanna nó ina chineálacha eile d'ionstraimí caipitil chun cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a athbhunú i gcás:

(i)

na hinstitiúide faoi réiteach; nó

(ii)

na droichead-institiúide.

Déanfar a bhunú sa mheasúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír an méid faoinar gá dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó chun gur féidir cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide faoi réiteach a athbhunú, nó, i gcás inarb infheidhme, bunófar ann cóimheas na droichead-institiúide, á chur san áireamh aon ranníocaíocht caipitil ón gCiste de bhun phointe (d) d'Airteagal 76(1), agus chun go mbeidh dóthain muiníne ag an margadh as an institiúid faoi réiteach nó as an droichead-institiúid agus a chur ar a cumas leanúint ar aghaidh de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh thar thréimhse de bhliain amháin ar a laghad agus na gníomhaíochtaí a bhfuil sí údaraithe a dhéanamh faoi Threoir 2013/36/AE nó faoi Threoir 2014/65/AE a chur i gcrích.

I gcás ina mbeidh sé ar intinn ag an mBord an uirlis deighilte sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 26 a úsáid, déanfar meastóireacht stuamachta ar riachtanais chaipitil an mheáin bhainistíochta sócmhainní a chur san áireamh sa mhéid lena gcaithfear dliteanais incháilithe a laghdú, de réir mar is iomchuí.

14.   Féadfar na heisiaimh faoi mhír 5 a chur i bhfeidhm chun dliteanas a eisiamh go hiomlán ó dhíluacháil nó chun méid na díluachála a chuirfear i bhfeidhm maidir leis an dliteanas sin a theorannú.

15.   Comhlíonfaidh na cumhachtaí díluachála agus comhshó na ceanglais maidir le tosaíocht na n-éileamh a leagtar síos in Airteagal 17 den Rialachán seo.

16.   Déanfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta an plean atheagrúcháin gnó a a bheidh faighte i gcomhréir le hAirteagal 52(1), (2) agus (3) de Threoir 2014/59/AEón gcomhlacht bainistíochta nó ón duine nó na daoine arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 72(1) de a chur faoi bhráid an Bhoird láithreach bonn.

Laistigh de dhá sheachtain ón dáta ar cuireadh an plean atheagrúcháin gnó isteach, déanfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta ábhartha an measúnú a bheidh déanta aige ar an bplean a sholáthar don Bhord. Laistigh de mhí amháin ón dáta ar cuireadh an plean atheagrúcháin gnó isteach, déanfaidh an Bord a mheasúnú cé chomh dóchúil atá sé go ndéanfaidh an plean, má chuirtear chun feidhme é, inmharthanacht fhadtéarmach an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a athbhunú. Tabharfar an measúnú chun críche i gcomhaontú leis an údarás inniúil náisiúnta nó le BCE, i gcás inarb ábhartha.

I gcás inar deimhin leis an mBord go mbainfí amach an cuspóir sin leis an bplean, tabharfaidh sé cead don údarás réitigh náisiúnta an plean a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 52(7) de Threoir 2014/59/AE. I gcás nach deimhin leis an mBord go mbainfí amach an cuspóir sin leis an bplean, ordóidh sé don údarás réitigh náisiúnta fógra a thabhairt don chomhlacht bainistíochta nó don duine nó na daoine arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 72(1) den Treoir sin faoi na cúiseanna imní atá air agus iarrfaidh sé go ndéanfar an plean a leasú ar chaoi a dtabharfar aghaidh ar na cúiseanna imní sin i gcomhréir le hAirteagal 52(8) den Treoir sin. Sa dá chás sin, déanfar an méid sin i gcomhaontú leis an údarás inniúil náisiúnta nó le BCE, i gcás inarb ábhartha.

Laistigh de dhá sheachtain ón dáta a bhfaighfear an fógra sin, déanfaidh an comhlacht bainistíochta nó an duine nó daoine arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 72(1) de Threoir 2014/59/AE plean leasaithe a chur faoi bhráid an údaráis réitigh náisiúnta i gcomhair a fhormheasta. Déanfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta an plean leasaithe agus a mheasúnú ar an bplean sin a chur faoi bhráid an Bhoird. Déanfaidh an Bord an plean leasaithe a mheasúnú, agus ordóidh sé don údarás réitigh náisiúnta fógra a thabhairt don chomhlacht bainistíochta nó don duine nó na daoine arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 72(1) de Threoir 2014/59/AE laistigh de sheachtain amháin maidir lenar deimhin leis nó nach deimhin leis go dtugann an plean, arna leasú, aghaidh ar na cúiseanna imní a bheidh tugtha le fios san fhógra nó an mbeidh gá le leasú breise.

Déanfaidh an Bord plean atheagrúcháin gnó an ghrúpa a chur i dteachtaireacht chuig ÚBE.

Airteagal 28

Faireachán arna dhéanamh ag an mBord

1.   Déanfaidh an Bord faireachán géar ar an gcaoi a ndéanann na húdaráis réitigh náisiúnta an scéim réitigh a fhorghníomhú. Chun na críche sin, déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta an méid seo a leanas:

(a)

comhoibreoidh siad leis an mBord agus cuideoidh siad leis chun a dhualgais faireacháin a chomhall;

(b)

go tráthrialta mar a bheidh leagtha síos ag an mBord, soláthróidh siad faisnéis chruinn, iontaofa agus iomlán maidir le forghníomhú na scéime réitigh, le cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh agus le feidhmiú na gcumhachtaí réitigh, a d'fhéadfadh an Bord a iarraidh, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

oibriú agus staid airgeadais na hinstitiúide faoi réiteach, na droichead-institiúide agus an mheáin bhainistíochta sócmhainní;

(ii)

an chóir a chuirfí ar na scairshealbhóirí agus ar na creidiúnaithe dá ndéanfaí an institiúid a leachtú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta;

(iii)

aon imeachtaí cúirte atá ar siúl agus a bhaineann le leachtú sócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach, le hagóidí in aghaidh an chinnidh maidir le réiteach agus in aghaidh na díluachála nó a bhaineann le hiarratais ar chúiteamh arna gcomhdhú ag scairshealbhóirí nó ag creidiúnaithe;

(iv)

measúnóirí, riarthóirí, cuntasóirí, dlíodóirí agus aon ghairmithe eile a cheapadh, a chur as oifig nó a athsholáthar lena mbeadh gá mar chúnamh don údarás réitigh náisiúnta, agus faoi fheidhmíocht a gcuid dualgas;

(v)

aon ábhar eile is ábhartha d'fhorghníomhú na scéime réitigh lena n-áirítear faisnéis faoi aon sárú féideartha ar na coimircí dá bhforáiltear i dTreoir 2014/59/AE a bhfhéadfaidh an Bord tagairt a dhéanamh dó;

(vi)

a mhéid agus an tslí a fheidhmíonn na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 63 go hAirteagal 72 de Threoir 2014/59/AE;

(viii)

inmharthanacht eacnamaíoch, indéantacht agus cur chun feidhme an phlean atheagrúcháin gnó dá bhforáiltear in Airteagal 27(16).

Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta tuarascáil deiridh ar fhorghníomhú na scéime réitigh a chur faoi bhráid an Bhoird.

2.   Ar bhonn na faisnéise a chuirfear ar fáil, féadfaidh an Bord ordú do na húdaráis réitigh náisiúnta maidir le haon ghné d'fhorghníomhú na scéime réitigh, agus go háirithe na gnéithe sin dá dtagraítear in Airteagal 23 agus maidir le feidhmiú na gcumhachtaí réitigh.

3.   I gcás ina mbeidh gá leis sin chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, féadfar an scéim réitigh a leasú. Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18.

Airteagal 29

Cinntí faoin Rialachán seo a chur chun feidhme

1.   Déanfaidh údaráis réitigh náisiúnta gach gníomhaíocht is gá chun cinntí dá dtagraítear sa Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe trí smacht a fheidhmiú ar na heintitis agus ar na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus ar na heintitis agus ar na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) nuair a chomhlíonfar na coinníollacha le haghaidh cur i bhfeidhm na míreanna sin, trí na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 35 nó le hAirteagal 72 de Threoir 2014/59/AE agus trína áirithiú go gcomhlíonfar na coimircí dá bhforáiltear sa Treoir 2014/59/AE sin. Déanfaidh údaráis réitigh náisiúnta gach cinneadh a dhíríonn an Bord chucu a chur chun feidhme.

Chun na gcríoch sin, agus faoi réir an Rialacháin seo, déanfaidh siad na cumhachtaí a fheidhmiú faoin dlí náisiúnta lena ndéantar Treoir 2014/59/AE a thrasuí agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Cuirfidh údaráis réitigh náisiúnta an Bord ar an eolas go hiomlán faoi fheidhmiú na gcumhachtaí sin. Aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh siad, comhlíonfaidh sí cinntí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo.

Agus na cinntí sin á gcur chun feidhme acu, áiritheoidh na húdaráis réitigh náisiúnta go gcomhlíonfar na coimircí is infheidhme agus dá bhforáiltear i dTreoir 2014/59/AE.

2.   I gcás nach mbeidh cinneadh ón mBord de bhun an Rialacháin seo curtha i bhfeidhm ag údarás réitigh náisiúnta nó nach mbeidh an t-údarás sin tar éis cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó nach mbeidh sé i bhfeidhm aige ar chaoi a chothaíonn bagairt ar aon cheann de na cuspóirí réitigh faoi Airteagal 14 nó ar chur chun feidhme éifeachtach na scéime réitigh, féadfaidh an Bord a ordú d'institiúid faoi réiteach an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

i gcás gníomhaíochta de bhun Airteagal 18, cearta sonracha, sócmhainní sonracha nó dliteanais shonracha institiúide faoi réiteach a aistriú chuig duine eile;

(b)

i gcás gníomhaíochta de bhun Airteagal 18, comhshó aon ionstraimí fiachais ina bhfuil téarma conarthach maidir le comhshó sna himthosca dá bhforáiltear in Airteagal 21 a éileamh;

(c)

aon ghníomhaíocht eile a ghlacadh atá riachtanach chun go gcomhlíonfar an cinneadh i dtrácht.

Ní ghlacfaidh an Bord cinneadh dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír ach amháin má thugann an beart aghaidh go suntasach ar an mbagairt ar an gcuspóir réitigh ábhartha nó ar chur chun feidhme éifeachtúil na scéime réitigh.

Sula gcinnfidh an Bord aon bheart a fhorchur, tabharfaidh sé fógra do na húdaráis réitigh náisiúnta agus don Choimisiún i dtaobh an bhirt atá ar intinn aige a dhéanamh. Beidh ar áireamh san fhógra sin mionsonraí faoi na bearta atá beartaithe, na cúiseanna atá leis na bearta sin agus mionsonraí faoin tráth a bhfuil sé ar intinn go ngabhfaidh éifeacht leis na bearta.

Déanfar an fógra tráth nach déanaí ná 24 huaire an chloig sula ngabhfaidh éifeacht leis na bearta. In imthosca eisceachtúla, sa chás nach bhfuil sé indéanta fógra 24 huaire an chloig a thabhairt, féadfaidh an Bord fógra a thabhairt ag tráth is déanaí ná 24 huaire an chloig roimh an tráth a bhfuil sé ar intinn go ngabhfaidh éifeacht leis na bearta.

3.   Déanfaidh an institiúid atá faoi réiteach aon chinneadh a dhéantar de bhun mhír 2 a chomhlíonadh. Beidh forlámhas ag na cinntí sin ar aon chinneadh arna ghlacadh roimhe sin ag na húdaráis réitigh náisiúnta maidir leis an ábhar céanna.

4.   Nuair a bheidh gníomhaíocht a bhaineann le saincheisteanna atá faoi réir cinnidh de bhun mhír 2 á déanamh, comhlíonfaidh údaráis réitigh náisiúnta an cinneadh sin.

5.   Déanfaidh an Bord cóip den scéim réitigh nó fógra ina dtugtar achoimre ar éifeachtaí na gníomhaíochta réitigh, go háirithe na héifeachtaí ar chustaiméirí miondíola, a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin oifigiúil. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta na hoibleagáidí nós imeachta is infheidhme agus dá bhforáiltear in Airteagal 83 de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh.

CAIBIDIL 4

Comhar

Airteagal 30

Oibleagáid an chomhair agus malartú faisnéise laistigh de SRA

1.   Cuirfidh an Bord an Coimisiún ar an eolas maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfaidh sé chun ullmhú i gcomhair réitigh. Maidir le haon fhaisnéis a gheobhaidh an Bord, beidh comhaltaí na Comhairle, an Coimisiún chomh maith le foireann na Comhairle agus an Choimisiúin faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 88.

2.   Agus a bhfreagrachtaí faoi seach faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, oibreoidh an Bord, an Chomhairle, an Coimisiún, BCE agus na húdaráis réitigh náisiúnta agus na húdaráis inniúla náisiúnta i ndlúthchomhar le chéile, go háirithe le linn chéimeanna na pleanála réitigh, na luath-idirghabhála agus an réitigh de bhun Airteagal 8 go hAirteagal 29. Soláthróidh siad dá chéile an fhaisnéis uile is gá chun a gcuid cúraimí a fheidhmiú.

3.   Maidir le BCE nó leis na húdaráis inniúla náisiúnta, déanfaidh siad comhaontuithe tacaíochta airgeadais an ghrúpa, arna n-údarú mar aon le haon athruithe ar na comhaontuithe sin, a chur chuig an mBord agus chuig na húdaráis réitigh náisiúnta.

4.   Chun críocha an Rialacháin seo, féadfaidh BCE cuireadh a thabhairt do Chathaoirleach an Bhoird a bheith páirteach mar bhreathnadóir i mBord Maoirseachta BCE arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. I gcás ina measfar gurb iomchuí sin, féadfaidh an Bord ionadaí eile a cheapadh chun ionad an Chathaoirligh a ghabháil chun na críche sin

5.   Chun críocha an Rialacháin seo, ceapfaidh an Bord ionadaí a bheidh páirteach i gCoiste Réitigh ÚBE arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 127 de Threoir 2014/59/AE.

6.   Féachfaidh an Bord le comhoibriú go dlúth le haon tsaoráid um chúnamh airgeadais poiblí, lena n-áirítear an tSaoráid um Chobhsaíocht Airgeadais Eorpach (SaorCAE) agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), go háirithe sna himthosca urghnácha dá dtagraítear in Airteagal 27(9) agus i gcás ina mbeidh cúnamh airgeadais díreach nó indíreach deonaithe ag saoráid den sórt sin nó inar dóchúil go ndeonóidh saoráid den sórt sin cúnamh airgeadais díreach nó indíreach d'eintitis atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach.

7.   I gcás inar gá sin, tabharfaidh an Bord meabhrán tuisceana i gcrích le BCE agus leis na húdaráis réitigh náisiúnta agus leis na húdaráis inniúla náisiúnta ina mbeidh tuairisc i dtéarmaí ginearálta ar an gcaoi a ndéanfaidh siad comhar faoi mhír 2 agus faoi mhír 4 i ndéanamh a gcuid cúraimí faoi seach faoi dhlí an Aontais. Athbhreithneofar an meabhrán sin go tráthrialta agus déanfar é a fhoilsiú faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil.

Airteagal 31

Comhar laistigh de SRA

1.   Déanfaidh an Bord a chuid cúraimí a fheidhmiú i ndlúthchomhar leis na húdaráis réitigh náisiúnta. Déanfaidh an Bord, i gcomhar leis na húdaráis réitigh náisiúnta, creat maidir le heagrú na socruithe praiticiúla do chur chun feidhme an Airteagail seo a fhormheas agus a phoibliú.

Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhleanúnach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh an Bord an méid a leanas:

(a)

eiseoidh sé treoirlínte agus treoracha ginearálta do na húdaráis réitigh náisiúnta ar dá réir a dhéanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta na cúraimí a chomhall agus cinntí réitigh a ghlacadh;

(b)

féadfaidh sé, tráth ar bith, na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34 go hAirteagal 37 a fheidhmiú;

(c)

féadfaidh sé, ar bhonn ad hoc nó ar bhonn leanúnach, faisnéis a iarraidh ar na húdaráis réitigh náisiúnta i dtaobh chomhlíonadh na gcúraimí a dhéanann siad faoi Airteagal 7(3);

(d)

gheobhaidh sé ó na húdaráis réitigh náisiúnta dréachtchinntí a bhféadfaidh an Bord a thuairimí ina leith a thabhairt agus, go háirithe, aird a tharraingt ar na heilimintí den dréachtchinneadh nach bhfuil ag comhlíonadh an Rialacháin seo nó threoracha ginearálta an Bhoird.

Chun meastóireacht a dhéanamh ar phleananna réitigh, féadfaidh an Bord a iarraidh ar na húdaráis réitigh náisiúnta, gan dochar do Chaibidil 5 den Teideal seo, an fhaisnéis ar fad is gá, mar a bheidh faighte acu i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 13(1) de Threoir 2014/59/AE, a chur faoi bhráid an Bhoird.

2.   Maidir le hAirteagal 13(4) go (10) agus le hAirteagal 88 go hAirteagal 92 de Threoir 2014/59/AE, ní bheidh feidhm acu maidir leis an gcaidreamh idir údaráis réitigh náisiúnta. Ní bheidh feidhm ag an gcinneadh comhpháirteach agus ag aon chinneadh a ghlactar in éagmais cinnidh chomhpháirtigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 45(9) go (13) de Threoir 2014/59/AE. Beidh feidhm ag na forálacha ábhartha den Rialachán seo ina ionad sin.

Airteagal 32

Comhchomhairle agus comhar le Ballstáit neamh-rannpháirteacha agus le tríú tíortha

1.   I gcás ina mbeidh i ngrúpa eintitis atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha agus i mBallstáit neamh-rannpháirteacha nó i dtríú tíortha chomh maith, gan dochar d'aon fhormheas ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún atá ina cheangal de réir an Rialacháin seo, déanfaidh an Bord ionadaíocht d'údarás réitigh náisiúnta na mBallstát rannpháirteach, chun críocha comhchomhairle agus comhair le Ballstáit neamh-rannpháirteacha nó tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagail 7, 8, 12, 13, 16, 18, 55, agus 88 go 92 de Threoir 2014/59/AE.

I gcás ina mbeidh i ngrúpa eintitis atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha agus fochuideachtaí atá bunaithe, nó brainsí suntasacha atá lonnaithe, i mBallstáit neamh-rannpháirteacha, déanfaidh an Bord aon phleananna, cinntí nó bearta dá dtagraítear in Airteagail 8, 10, 11, 12, agus 13 atá ábhartha don ghrúpa, a chur in iúl d'údaráis inniúla agus/nó d'údaráis réitigh an Bhallstáit neamh-rannpháirtigh, de réir mar is iomchuí.

2.   Déanfaidh an Bord, BCE agus údaráis réitigh agus údaráis inniúla na mBallstát neamh-rannpháirteach meabhráin chomhthuisceana a thabhairt i gcrích ina mbeidh tuairisc i dtéarmaí ginearálta ar an gcaoi a ndéanfaidh siad comhar lena chéile i gcomhlíonadh a gcuid cúraimí faoi Threoir 2014/59/AE.

Gan dochar don chéad fhomhír, déanfaidh an Bord meabhrán tuisceana a thabhairt i gcrích le húdarás réitigh gach Ballstáit rannpháirtigh agus atá ina Bhallstát baile do cheann amháin ar a laghad d'institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéimeach léi, arna sainaithint amhlaidh de bhun Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE.

3.   Athbhreithneofar gach meabhrán go tráthrialta agus déanfar iad a fhoilsiú faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil.

4.   Déanfaidh an Bord, thar ceann údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát rannphárteach, socruithe comhair neamhcheangailteacha a thabhairt i gcrích, ar socruithe iad a bheidh ag teacht le socruithe comhair chreat ÚBE dá dtagraítear in Airteagal 97(2) de Threoir 2014/59/AE. Tabharfaidh an Bord fógra do ÚBE i dtaobh aon socrú comhair den sórt sin.

Airteagal 33

Nósanna imeachta réitigh tríú tír a aithint agus a fhorghníomhú

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le himeachtaí réitigh tríú tír mura rud é go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta amhail dá dtagraítear in Airteagal 93(1) de Threoir 2014/59/AE tagtha i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha agus go dtí go dtarlóidh amhlaidh. Beidh feidhm aige freisin tar éis do chomhaontú idirnáisiúnta amhail dá dtagraítear in Airteagal 93(1) den Treoir sin a theacht i bhfeidhm le tríú tír ábhartha más rud é nach bhfuil aithint agus forghníomhú imeachtaí réitigh tríú tír á rialú ag an gcomhaontú sin.

2.   Déanfaidh an Bord measúnú ar aithint agus ar fhorghníomhú imeachtaí réitigh arna seoladh ag údaráis réitigh tríú tír i ndáil le hinstitiúid tríú tír nó máthairchuideachta tríú tír, agus eiseoidh sé moladh ina leith sin a bheidh dírithe chuig na húdaráis réitigh náisiúnta, sa chás gur fíor an méid seo a leanas i dtaobh na hinstitiúide tríú tír nó na máthairchuideachta tríú tír:

(a)

tá aici ceann amháin nó níos mó dá cuid fochuideachtaí de chuid an Aontais bunaithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit rannpháirteacha; nó

(b)

tá aici sócmhainní, cearta nó dliteanais, atá lonnaithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit rannpháirteacha nó atá á rialú le dlí na mBallstát rannpháirteach.

Déanfaidh an Bord a mheasúnú, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis réitigh náisiúnta agus, i gcás ina mbeidh coláiste réitigh Eorpaigh bunaithe de bhun Airteagal 89 de Threoir 2014/59/AE, le húdaráis réitigh Ballstát neamh-rannpháirteach.

Sa mheasúnú sin, breithneofar go cuí leasanna gach Ballstáit rannpháirtigh aonair agus ina bhfuil institiúid tríú tír nó máthairghnóthas ag oibriú, agus go háirithe breithneofar an tionchar féideartha a bheadh ag aithint agus forghníomhú na n-imeachtaí réitigh tríú tír ar chodanna eile den ghrúpa agus ar an gcobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit sin.

3.   Molfaidh an Bord aitheantas nó forghníomhú a dhiúltú do na himeachtaí réitigh dá dtagraítear i mír 1, má mheasann sé:

(a)

go mbeadh éifeacht dhíobhálach ag na himeachtaí réitigh tríú tír ar chobhsaíocht airgeadais i mBallstát rannpháirteach;

(b)

nach gcuirfí, faoi imeachtaí réitigh baile an tríú tír, an chóir chéanna ar chreidiúnaithe, lena n-áirítear go háirithe taisceoirí atá lonnaithe nó iníoctha i mBallstát rannpháirteach, agus a chuirfí ar chreidiúnaithe agus ar thaisceoirí tríú tír a bhfuil cearta dlíthiúla comhchosúla acu;

(c)

go mbeadh impleachtaí buiséadacha ábhartha don Bhallstát rannpháirteach ag aithint agus ag forghníomhú imeachtaí réitigh tríú tír; nó

(d)

go mbeadh éifeachtaí na haithinte nó an fhorghníomhaithe sin contrártha le dlí an Bhallstáit rannpháirtigh.

4.   Déanfaidh údaráis réitigh náisiúnta moladh an Bhoird a chur chun feidhme agus iarrfaidh siad go ndéanfar na himeachtaí réitigh a aithint nó a fhorghníomhú ina gcríocha faoi seach, sin nó míneoidh siad don Bhord, i ráiteas réasúnaithe, cad í an chúis nach féidir leo moladh an Bhoird a chur chun feidhme.

5.   Nuair a bheidh cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú i ndáil le heintitis tríú tír, déanfaidh údaráis réitigh náisiúnta, i gcás inarb ábhartha, leas a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dóibh a fheidhmiú ar bhonn na bhforálacha dá dtagraítear in Airteagal 94(4) de Threoir 2014/59/AE.

CAIBIDIL 5

Cumhachtaí imscrúdaithe

Airteagal 34

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Chun a chuid cúraimí faoin Rialachán seo a fheidhmiú, féadfaidh an Bord, trí na húdaráis réitigh náisiúnta nó go díreach, agus tar éis dó iad a chur ar an eolas agus lánúsáid á baint aige as an bhfaisnéis uile atá ar fáil do BCE nó do na húdaráis inniúla náisiúnta, ceangal a chur ar na daoine dlítheanacha nó nádúrtha seo a leanas an fhaisnéis uile a sholáthar is gá chun na cúraimí a thugtar dó faoin Rialachán seo a fheidhmiú:

(a)

na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2;

(b)

fostaithe na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2;

(c)

tríú páirtithe a mbeidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 tar éis feidhmeanna nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chucu.

2.   Déanfaidh na heintitis agus na daoine dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis a iarrtar de bhun na míre sin a sholáthar. Ní bheidh na heintitis ná na daoine sin díolmhaithe ón dualgas an fhaisnéis sin a sholáthar de dhroim ceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil. Ní mheasfar gur sárú ar cheanglais maidir le rúndacht ghairmiúil an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar.

3.   I gcás ina bhfaighidh an Bord faisnéis go díreach ó na heintitis agus ó na daoine sin, cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis réitigh náisiúnta lena mbaineann.

4.   Beidh an Bord in ann a fháil, lena n-áirítear ar bhonn leanúnach, aon fhaisnéis atá riachtanach d'fheidhmiú a chuid feidhmeanna faoin Rialachán seo, go háirithe maidir le caipiteal, leachtacht, sócmhainní agus dliteanais a bhaineann le haon institiúid atá faoi réir a chumhachtaí réitigh.

5.   Féadfaidh an Bord, BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta agus na húdaráis réitigh náisiúnta meabhráin tuisceana a tharraingt suas ina mbeidh nós imeachta maidir le faisnéis a mhalartú. Ní mheasfar gur sárú ar cheanglais maidir le rúndacht ghairmiúil a bheidh i malartú faisnéise idir an Bord, BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta agus na húdaráis réitigh náisiúnta.

6.   Oibreoidh údaráis inniúla náisiúnta, BCE más ábhartha, agus údaráis réitigh náisiúnta i gcomhar leis an mBord chun a fhíorú an bhfuil cuid den fhaisnéis a iarrtar, nó í ar fad, ar fáil cheana. I gcás ina mbeidh faisnéis den sórt sin ar fáil, tabharfaidh údaráis inniúla náisiúnta, BCE más ábhartha, nó údaráis réitigh náisiúnta an fhaisnéis sin don Bhord.

Airteagal 35

Imscrúduithe ginearálta

1.   Chun a chuid cúraimí faoin Rialachán seo a fheidhmiú, agus faoi réir aon choinníollacha eile a leagtar síos i ndlí ábhartha an Aontais, féadfaidh an Bord trí na húdaráis réitigh náisiúnta nó go díreach, agus tar éis dó iad a chur ar an eolas, na himscrúduithe riachtanacha ar fad a dhéanamh ar aon duine dlítheanach nó nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) atá bunaithe nó lonnaithe i mBallstát rannpháirteach.

Chuige sin, féadfaidh an Bord an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a cheangal go gcuirfear doiciméid faoina bhráid;

(b)

leabhair agus taifid aon duine dhlítheanaigh nó nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de na leabhair agus de na taifid sin nó sleachta a thógáil astu;

(c)

mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a fháil ó aon duine dlítheanach nó nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) nó óna ionadaithe nó óna fhoireann;

(d)

agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfear agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe.

2.   Beidh na daoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) faoi réir imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinnidh ón mBord.

I gcás ina gcuirfidh duine bac ar sheoladh an imscrúdaithe, déanfaidh údaráis réitigh náisiúnta an Bhallstáit rannpháirtigh agus ina bhfuil an áitreabh ábhartha lonnaithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an cúnamh riachtanach a thabhairt, lena n-áirítear rochtain an Bhoird ar áitreabh gnó na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) a éascú, ionas gur féidir na cearta sin a fheidhmiú.

Airteagal 36

Cigireachtaí ar an láthair

1.   Chun a chuid cúraimí faoin Rialachán seo a fheidhmiú, agus faoi réir coinníollacha eile a leagtar síos i ndlí ábhartha an Aontais, féadfaidh an Bord, i gcomhréir le hAirteagal 37 agus faoi réir fógra a thabhairt roimh ré do na húdaráis réitigh náisiúnta agus do na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha lena mbaineann, agus, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar leo, na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar áitreabh gnó na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1). I gcás inar gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a sheoladh go cuí agus go héifeachtúil, féadfaidh an Bord an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré do na daoine dlítheanacha sin.

2.   Féadfaidh oifigigh an Bhoird agus daoine eile a údaróidh sé chun cigireachtaí ar an láthair a sheoladh dul isteach in áitreabh gnó ar bith agus ar thalamh ar bith de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir an chinnidh maidir le himscrúdú arna ghlacadh ag an mBord de bhonn Airteagal 35(2), agus beidh na cumhachtaí go léir dá dtagraítear in Airteagal 35(1) acu.

3.   Beidh na daoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) faoi réir cigireachtaí ar an láthair ar bhonn cinnidh ón mBord.

4.   Déanfaidh oifigigh agus daoine tionlacain eile atá údaraithe nó ceaptha ag údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát ina bhfuil an chigireacht le seoladh, faoi mhaoirseacht agus faoi chomhordú an Bhoird, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile atá údaraithe ag an mBord. Chuige sin, teachtfaidh siad na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2. Beidh sé de cheart ag oifigigh de chuid údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát rannpháirteach lena mbaineann agus ag daoine tionlacain eile atá údaraithe nó ceaptha ag na húdaráis sin páirt a ghlacadh sna cigireachtaí ar an láthair.

5.   I gcás ina gcinnfidh oifigigh an Bhoird agus daoine tionlacain eile atá údaraithe nó ceaptha ag an mBord go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireachta a bheidh ordaithe de bhonn mhír 1, tabharfaidh údaráis réitigh náisiúnta an Bhallstáit rannpháirtigh lena mbaineann an cúnamh is gá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. A mhéid is gá i gcomhair na cigireachta, beidh séalú aon áitribh gnó agus leabhar cuntais nó taifead ar áireamh sa chúnamh sin. I gcás nach mbeidh an chumhacht sin ar fáil do na húdaráis réitigh náisiúnta lena mbaineann, déanfaidh sé a chumhachtaí a fheidhmiú chun an cúnamh is gá a iarraidh ar údaráis náisiúnta eile.

Airteagal 37

Údarú ó údarás breithiúnach

1.   Más rud é, maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear in Airteagal 36(1) agus (2) nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear in Airteagal 36(5), go gceanglófar údarú a fháil ó údarás breithiúnach i gcomhréir le rialacha náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin.

2.   I gcás ina ndéanfar iarratas ar údarú amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta rialú i dtaobh an bhfuil cinneadh an Bhoird barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach, ag cur san áireamh ábhar na cigireachta. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an mBord mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag an mBord drochamhras a bheith air go mbeidh sárú déanta ar na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 29, agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad an Bhoird a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh an Bhoird faoi réir a athbhreithnithe ach ag an gCúirt Bhreithiúnais.

CAIBIDIL 6

Pionóis

Airteagal 38

Fíneálacha

1.   I gcás ina gcinnfidh an Bord go mbeidh eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, d'aon ghnó nó go faillíoch, tar éis ceann de na sáruithe a liostaítear i mír 2 a dhéanamh, déanfaidh an Bord cinneadh lena bhforchuirtear fíneáil i gcomhréir le mír 3.

Maidir le sárú arna dhéanamh ag eintiteas den sórt sin, measfar go ndearnadh d'aon ghnó é más ann d'imthosca oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an t-eintiteas nó a chomhlacht bainistíochta nó a bhainistíocht shinsearach d'aon turas chun an sárú a dhéanamh.

2.   Déanfar fíneálacha a fhorchur ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 as na sáruithe seo a leanas:

(a)

i gcás nach soláthróidh siad an fhaisnéis a iarrtar i gcomhréir le hAirteagal 34;

(b)

i gcás nach ngéillfidh siad d'imscrúdú ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 35 nó do chigireacht ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 36;

(c)

i gcás nach gcloífidh siad le cinneadh arna dhíriú ag an mBord chucu de bhun Airteagal 29.

3.   Is é a bheidh i méid bunúsach na bhfíneálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ná céatadán den ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán, lena n-áirítear an t-ollioncam atá comhdhéanta den ús infhála agus ioncam dá shamhail, ioncam ó scaireanna agus ó urrúis toraidh athraithigh nó toraidh sheasta eile, agus coimisiúin nó táillí infhála i gcomhréir le hAirteagal 316 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a bhí ag an ngnóthas sa bhliain ghnó roimhe sin, nó, i gcás na mBallstát nach é an euro an t-airgeadra atá acu, an luach comhfhreagrach san airgeadas náisiúnta an 19 Lúnasa 2014, agus déanfar é a áireamh laistigh de na teorainneacha seo a leanas:

(a)

i gcás sáruithe dá dtagraítear i mír 2(a) agus i mír 2(b), is é a bheidh sa mhéid bunúsach ná 0,05 % ar a laghad agus ní rachaidh sé thar 0,15 %;

(b)

i gcás sáruithe dá dtagraítear i mír 2(c), is é a bheidh sa mhéid bunúsach ná 0,25 % ar a laghad agus ní rachaidh sé thar 0,5 %.

Chun a chinneadh ar cheart méid bunúsach na bhfíneálacha a shocrú ag ceann íochtair, ag lár nó ag ceann uachtair na dteorainneacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Bord san áireamh láimhdeachas bliantúil an eintitis lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Beidh an méid bunúsach ag ceann íochtair na teorann i gcás eintiteas ar lú a láimhdeachas bliantúil ná EUR 1 000 000 000, beidh sé i lár na teorann i gcás na n-eintiteas a bhfuil a láimhdeachas bliantúil idir EUR 1 000 000 000 agus EUR 5 000 000 000 agus beidh sé ag ceann uachtair na teorann i gcás na n-eintiteas ar mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 5 000 000 000.

4.   Déanfar na méideanna bunúsacha dá dtagraítear i mír 3 a choigeartú, más gá, trí na tosca géaraitheacha nó maolaitheacha dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 a chur san áireamh, i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha dá dtagraítear i mír 9.

Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht mhaolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.

Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht ghéaraitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.

5.   Beidh feidhm ag na tosca géaraitheacha seo a leanas maidir leis na fíneálacha dá dtagraítear i mír 1:

(a)

an sárú a bheith déanta d'aon ghnó;

(b)

an sárú a bheith déanta arís agus arís eile;

(c)

an sárú a bheith déanta ar feadh tréimhse níos faide ná trí mhí;

(d)

gur léiríodh leis an sárú go bhfuil laigí sistéamacha in eagar an eintitis, go háirithe ina nósanna imeachta, ina chórais bhainistíochta nó ina rialuithe inmheánacha;

(e)

nach raibh aon ghníomhaíocht leighis glactha ón tráth ar sainaithníodh an sárú;

(f)

ní bheidh bainistíocht shinsearach an eintitis tar éis comhoibriú leis an mBord le linn a chuid imscrúduithe a bheith ar siúl ag an mBord.

6.   Beidh feidhm ag na tosca maolaitheacha seo a leanas maidir leis na fíneálacha dá dtagraítear i mír 1:

(a)

an sárú a bheith déanta ar feadh tréimhse níos lú ná 10 lá oibre;

(b)

is féidir le bainistíocht shinsearach an eintitis a léiriú go mbeidh na bearta uile is gá glactha chun an sárú a chosc;

(c)

beidh an t-eintiteas tar éis an sárú a thabhairt ar aird an Bhoird go tapa, go héifeachtach agus ar mhodh iomlán;

(d)

beidh bearta glactha dá dheoin féin ag an eintiteas chun a áirithiú nach féidir le sárú comhchosúil tarlú arís amach anseo.

7.   D'ainneoin mhír 2 go mír 6, ní rachaidh na fíneálacha atá le cur i bhfeidhm thar 1 % de láimhdeachas bliantúil a bhí ag an eintiteas lena mbaineann agus dá dtagraítear i mír 1 sa bhliain ghnó roimhe sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina mbeidh an t-eintiteas, go díreach nó go hindíreach, tar éis tairbhe airgeadais a bhaint as an sárú sin agus i gcás inar féidir a chinneadh cad iad na brabúis a bheidh gnóthaithe nó na caillteanais a bheidh seachanta i ngeall ar an sárú, beidh an fhíneáil comhionann ar a laghad leis an tairbhe airgeadais sin.

Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh eintitis dá dtagraítear i mír 1, go mbeidh níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear i mír 2 san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, ar fíneáil í a ríomhtar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.

8.   Sna cásanna nach gcumhdaítear le mír 2, féadfaidh an Bord a mholadh do na húdaráis réitigh náisiúnta gníomhaíocht a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar pionóis iomchuí a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 110 go hAirteagal 114 de Threoir 2014/59/AE agus le haon reachtaíocht náisiúnta ábhartha eile.

9.   Déanfaidh an Bord na comhéifeachtaí coigeartaithe seo a leanas, atá nasctha le tosca géaraitheacha, a chur i bhfeidhm nuair a bhíonn na fíneálacha á ríomh aige:

(a)

i gcás ina mbeidh an sárú déanta arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1,1 i ndáil le gach uair a rinneadh an sárú athuair;

(b)

i gcás ina mbeidh an sárú déanta ar feadh tréimhse níos faide ná trí mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5;

(c)

i gcás ina mbeidh léirithe ag an sárú laigí sistéamacha in eagar an eintitis, go háirithe ina nósanna imeachta, ina chórais bhainistíochta nó ina rialuithe inmheánacha, beidh feidhm ag comhéifeacht 2,2;

(d)

i gcás ina mbeidh an sárú déanta d'aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2;

(e)

i gcás nach mbeidh aon ghníomhaíocht leighis déanta ón am a ndearnadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,7;

(f)

i gcás nach mbeidh bainistíocht shinsearach an eintitis tar éis comhoibriú leis an mBord le linn don Bhord a chuid imscrúduithe a chur i gcrích, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5.

Déanfaidh an Bord na comhéifeachtaí coigeartaithe seo a leanas, atá nasctha le tosca maolaitheacha, a chur i bhfeidhm nuair a bhíonn na fíneálacha á ríomh aige:

(a)

i gcás ina mbeidh an sárú déanta ar feadh tréimhse níos lú ná 10 lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,9;

(b)

i gcás ina mbeidh bainistíocht shinsearach an eintitis in ann a léiriú go ndearna sí gach beart is gá chun an sárú a chosc, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,7;

(c)

i gcás ina mbeidh an t-eintiteas tar éis an sárú a chur in iúl don Bhord ar bhealach tapa, éifeachtach agus iomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,4;

(d)

i gcás ina mbeidh an t-eintiteas, dá dheoin féin, tar éis bearta a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir le sárú comhchosúil tarlú arís amach anseo, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,6.

Airteagal 39

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.   Déanfaidh an Bord, trí bhíthin cinnidh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

iallach a chur ar an eintiteas sin cloí le cinneadh a glacadh faoi Airteagal 34;

(b)

iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 34(1) faisnéis iomlán a sholáthar a bheidh iarrtha trí chinneadh de bhun an Airteagail sin;

(c)

iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 35(1) géilleadh d'imscrúdú agus, go háirithe, taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile a iarrtar a thabhairt ar láimh agus faisnéis eile a iomlánú agus a cheartú a thugtar in imscrúdú arna sheoladh ag cinneadh de bhun an Airteagail sin;

(d)

iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 36(1) géilleadh do chigireacht ar an láthair a bheidh ordaithe trí chinneadh de bhun an Airteagail sin.

2.   Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar bhonn laethúil go dtí go gcloífidh an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nó an duine lena mbaineann leis na cinntí ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo.

3.   D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ná 0,1 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin. Déanfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ríomh amhail ón dáta a bheidh sonraithe sa chinneadh lena bhforchuirtear íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

4.   Féadfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí tar éis an fhógra faoi chinneadh an Bhoird.

Airteagal 40

Éisteacht a thabhairt do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí

1.   Sula ndéanfar aon chinneadh maidir le fíneáil agus/nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil faoi Airteagal 38 nó Airteagal 39 a fhorchur, tabharfaidh an Bord an deis do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil faoina fhionnachtana. Is ar na fionnachtana sin a raibh deis ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh an Bord a chinntí.

2.   Déanfar cearta cosanta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir na n-imeachtaí a chomhlíonadh go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad an Bhoird, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bhainfidh an ceart rochtana ar an gcomhad le faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid an Bhoird.

Airteagal 41

Nochtadh, nádúr, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.   Foilseoidh an Bord na cinntí lena bhforchuirtear pionóis dá dtagraítear in Airteagal 38(1) agus in Airteagal 39(1), mura rud é go bhféadfadh an nochtadh sin díobháil a dhéanamh do réiteach an eintitis lena mbaineann. In aon cheann de na himthosca seo a leanas, is i ndíth ainm a dhéanfar an foilsiú:

(a)

i gcás ina bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis a fhoilsítear agus tar éis measúnú éigeantach roimh ré go bhfaightear go bhfuil foilsiú na sonraí pearsanta sin díréireach;

(b)

i gcás ina gcuirfeadh foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt;

(c)

i gcás ina mbeadh an foilsiú ina chúis, a mhéid is féidir a dhéanamh amach, le damáiste díréireach do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá i gceist.

Mar rogha air sin, féadfar, sna cásanna sin, foilsiú na sonraí atá i gceist a chur siar go ceann tréimhse réasúnach más dóigh go dtiocfaidh deireadh leis na cúiseanna a ndéanfaí an foilsiú i ndíth ainm laistigh den tréimhse sin.

Cuirfidh an Bord na híocaíochtaí pionóis tréimhsiúla uile a fhorchuireann sé faoi Airteagal 38 agus Airteagal 39 in iúl do ÚBE agus cuirfidh sé faisnéis ar fáil maidir le stádas an achomhairc agus a thoradh.

2.   Is de chineál riaracháin iad na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagal 38 agus Airteagal 39.

3.   Beidh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagal 38 agus Airteagal 39 in-fhorfheidhmithe.

Rialófar an forfheidhmiú leis na rialacha is infheidhme maidir le nós imeachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát rannpháirteach ar ina chríoch a dhéantar an forfheidhmiú. Beidh an t-ordú maidir lena chur i bhfeidhm i gceangal leis an gcinneadh, gan aon fhoirmiúlacht eile leis ach fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ag an údarás a cheapfaidh rialtas gach Ballstáit rannpháirtigh chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Bhord agus don Chúirt Bhreithiúnais.

Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin curtha i gcrích, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh seisean leanúint ar aghaidh leis an bhforfheidhmiú de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil.

Ní fhéadfar forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith ón gCúirt Bhreithiúnais. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit rannpháirtigh, áfach, i dtaca le gearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiú á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.

4.   Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar an gCiste.

CUID III

CREAT INSTIÚIDEACH

TEIDEAL I

AN BORD

Airteagal 42

Stádas Dlíthiúil

1.   Bunaítear leis seo an Bord. Gníomhaireacht de chuid an Aontais a bheidh sa Bhord agus beidh struchtúr sonrach aige i gcomhréir lena chúraimí. Beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

2.   Beidh ag an mBord i ngach Ballstát an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Is é a Chathaoirleach a dhéanfaidh ionadaíocht ar an mBord.

Airteagal 43

Comhdhéanamh

1.   Is iad a bheidh ar an mBord:

(a)

an Cathaoirleach arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 56;

(b)

ceithre chomhalta lánaimseartha eile arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 56;

(c)

comhalta a cheapfaidh gach Ballstát rannpháirteach, a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann a n-údarás réitigh náisiúnta.

2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta lena n-áirítear an Cathaoirleach.

3.   Ainmneoidh an Coimisiún agus BCE araon ionadaí a bheidh i dteideal páirt a ghlacadh i gcruinnithe na seisiún feidhmiúcháin agus i seisiúin iomlánacha mar bhreathnadóir buan.

Beidh ionadaithe ón gCoimisiún agus ó BCE i dteideal páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí agus rochtain a fháil ar na doiciméid uile.

4.   I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás réitigh náisiúnta amháin i mBallstát rannpháirteach, ceadófar an dara hionadaí páirt a ghlacadh mar bhreathnadóir gan chearta vótála.

5.   Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta an Bhoird:

(a)

seisiún iomlánach den Bhord, a fheidhmeoidh na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 50;

(b)

seisiún feidhmiúcháin den Bhord, a fheidhmeoidh na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 54;

(c)

Cathaoirleach, a fheidhmeoidh na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 56;

(d)

Rúnaíocht, a thabharfaidh an tacaíocht riaracháin agus theicniúil is gá chun na cúraimí uile a shannfar don Bhord a chur i gcrích.

Airteagal 44

Dlí an Aontais a chomhlíonadh

Gníomhóidh an Bord i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe maidir le cinntí ón gComhairle agus ón gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 45

Cuntasacht

1.   Beidh an Bord cuntasach do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, i gcomhréir le mír 2 go mír 8.

2.   Cuirfidh an Bord tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, parlaimintí náisiúnta na mBallstát rannpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 46, na Comhairle, an Choimisiúin agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa gach bliain maidir le feidhmiú na gcúraimí a thugtar dó faoin Rialachán seo. Faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil, déanfar an tuarascáil a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an Bhoird.

3.   Tíolacfaidh Cathaoirleach an tuarascáil sin go poiblí do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

4.   Arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa, glacfaidh an Cathaoirleach páirt in éisteacht ag an gcoiste inniúil de chuid Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmiú na cúraimí réitigh ag an mBord. Tionólfar éisteacht ar a laghad uair go bliantúil.

5.   Féadfaidh an Chomhairle an Cathaoirleach a éisteacht, arna iarraidh sin don Chomhairle, maidir leis an mBord a chúraimí réitigh a fheidhmiú.

6.   Tabharfaidh an Bord freagra ó bhéal nó i scríbhinn, i gcomhréir lena nósanna imeachta féin, ar cheisteanna a dhíreoidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle chuige agus in aon chás laistigh de chúig seachtaine ó gheofar an cheist.

7.   Arna iarraidh sin dó, déanfaidh an Cathaoirleach pléití rúnda ó bhéal i seomra iata leis an gCathaoirleach agus le Leas-Chathaoirligh an choiste inniúil de Pharlaimint na hEorpa i gcás inar gá na pléití sin chun cumhachtaí Parlaimint na hEorpa faoi CFAE a fheidhmiú. Tabharfar comhaontú i gcrích idir Parlaimint na hEorpa agus an Bord maidir leis na módúlachtaí a bhaineann leis na pléití sin a eagrú, d'fhonn rúndacht iomlán a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil a fhorchuirtearar an mBord leis an Rialachán seo agus an Bord ag feidhmiú mar údarás réitigh náisiúnta faoin dlí ábhartha de chuid an Aontais.

8.   Le linn aon imscrúduithe a dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa, oibreoidh an Bord i gcomhar leis an bParlaimint, faoi réir CFAE agus rialachán dá dtagraítear in Airteagal 226 de. Laistigh de shé mhí ó cheapadh an Chathaoirligh, tabharfaidh an Bord agus Parlaimint na hEorpa socruithe iomchuí i gcrích maidir leis na módúlachtaí praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na cuntasachta daonlathaí agus le formhaoirseacht ar fheidhmiú na gcúraimí a thugtar don Bhord faoin Rialachán seo. Faoi réir chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 226 CFAE, clúdóidh na socruithe sin, inter alia, rochtain ar fhaisnéis, lena n-áirítear rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe nó faisnéis rúnda eile a láimhseáil agus a chosaint, comhar sna héisteachtaí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 45(4) den Rialachán seo, pléití rúnda ó bhéal, tuarascálacha, freagraí ar cheisteanna, imscrúduithe agus faisnéis faoi nós imeachta roghnúcháin an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh, agus na ceithre chomhalta dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) den Rialachán seo.

Airteagal 46

Parlaimintí náisiúnta

1.   De thoradh na gcúraimí sonracha a thugtar don Bhord leis an Rialachán seo, féadfaidh parlaimintí náisiúnta na mBallstát rannpháirteach, trí bhíthin a nósanna imeachta féin, iarraidh ar an mBord freagra a thabhairt ar aon bharúlacha nó ar aon cheisteanna a chuirfidh siad faoi bhráid an Bhoird maidir le feidhmeanna an Bhoird faoin Rialacháin seo agus beidh oibleagáid ar an mBord an freagra sin a thabhairt i scríbhinn.

2.   Agus an tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 45(2) á tíolacadh, déanfaidh an Bord an tuarascáil sin a chur faoi bhráid pharlaimintí náisiúnta na mBallstát rannpháirteach i gcomhthráth. Féadfaidh parlaimintí náisiúnta a mbarúlacha réasúnaithe faoin tuarascáil sin a dhíriú chuig an mBord. Déanfaidh an Bord, i gcomhréir lena chuid nósanna imeachta féin, freagra ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar aon bharúlacha nó ar aon cheisteanna a chuirfidh parlaimintí náisiúnta na mBallstát rannpháirteach air.

3.   Féadfaidh parlaimint náisiúnta Ballstáit rannpháirtigh a iarraidh ar an gCathaoirleach páirt a ghlacadh i malartú tuairimí faoi réiteach eintiteas dá dtagtraítear in Airteagal 2 sa Bhallstát sin le hionadaí de chuid an údaráis réitigh náisiúnta. Tá oibleagáid ar an gCathaoirleach beart a dhéanamh de réir iarrata mar sin.

4.   Beidh an Rialachán seo gan dochar do chuntasacht údarás réitigh náisiúnta do pharlaimintí náisiúnta i gcomhréir le dlí náisiúnta maidir le feidhmiú cúraimí nach bhfuil tugtha don Bhord, don Chomhairle ná don Choimisiún leis an Rialachán seo agus maidir le feidhmiú gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad i gcomhréir le hAirteagal 7(3).

Airteagal 47

Neamhspleáchas

1.   Agus na cúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú, gníomhóidh an Bord agus na húdaráis réitigh náisiúnta go neamhspleách agus ar son an leasa choitinn.

2.   Feidhmeoidh an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) a gcúraimí i gcomhréir le cinntí an Bhoird, na Comhairle agus an Choimisiúin. Gníomhóidh siad go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad teagaisc ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Le linn na mbreithniúchán agus na bpróiseas cinnteoireachta laistigh den Bhord, cuirfidh siad a ndearcaí féin in iúl agus caithfidh siad vóta go neamhspleách.

3.   Ní fhéachfaidh na Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais Eorpaigh, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile le tionchar a imirt ar an gCathaoirleach, ar an Leas-Chathaoirleach ná ar chomhaltaí an Bhoird.

4.   I gcomhréir leis Rialacháin Foirne na nOifigeach, mar a leagtar síos iad le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (19) (na “Rialacháin Foirne”) dá dtagraítear in Airteagal 87(6) den Rialachán seo, tar éis don Chathaoirleach, don Leas-Chathoirleach agus do na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) den Rialachán seo éirí as seirbhís, leanfaidh siad de bheith faoi cheangal ag an dualgas iad féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh.

Airteagal 48

Suíomh

Is sa Bhruiséil, sa Bheilg a bheidh suíomh an Bhoird.

TEIDEAL II

SEISIÚN IOMLÁNACH AN BHOIRD

Airteagal 49

Rannpháirtíocht i seisiúin iomlánacha

Beidh comhaltaí uile an Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 43(1) rannpháirteach i séisiúin iomlánacha.

Airteagal 50

Cúraimí

1.   Déanfaidh an Bord an méid seo a leanas ina sheisiún iomlánach:

(a)

faoin 30 Samhain gach bliain, clár oibre bliantúil an Bhoird a ghlacadh don chéad bhliain eile bunaithe ar dhréacht a chuirfidh an Cathaoirleach ar aghaidh agus é a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig BCE mar eolas;

(b)

buiséad bliantúil an Bhoird a ghlacadh agus faireachán a dhéanamh air i gcomhréir le hAirteagal 61(2), agus cuntais chríochnaitheacha an Bhoird a fhormheas agus urscaoileadh a thabhairt don Chathaoirleach i gcomhréir le hAirteagal 63(4) agus (8);

(c)

faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2, cinneadh a dhéanamh maidir le húsáid an Chiste, más rud é go bhfuil tacaíocht an Chiste sa ghníomhaíocht réitigh shonrach sin ag teastáil os cionn na tairsí de EUR 5 000 000 000 arb é 0,5 an t-ualú i gcás tacaíocht leachtachta;

(d)

a luaithe a shroichfidh glanúsáid charntha an Chiste sa 12 mhí dheireanacha as a chéile tairseach EUR 5 000 000 000, cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh a mheasúnú, go háirithe úsáid an Chiste, agus treoir a chur ar fáil ar cheart don seisiún feidhmiúcháin a leanúint i gcinntí réitigh dá éis sin, go háirithe, más iomchuí, idirdhealú a dhéanamh idir leachtacht agus cineálacha eile tacaíochta;

(e)

cinneadh maidir leis an ngá le ranníocaíochtaí urghnácha ex-post a chruinniú i gcomhréir le hAirteagal 71, maidir leis an iasachtaíocht dheonach idir socruithe um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 72, maidir leis na foinsí airgeadais eile i gcomhréir le hAirteagal 73 agus 74, agus maidir le frithpháirtiú socruithe náisiúnta um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 78, a bhfuil tacaíocht ón gCiste atá os cionn na tairsí dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo i gceist leis;

(f)

cinneadh maidir le hinfheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 75;

(g)

tuarascáil gníomhaíochta bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí an Bhoird a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 45, ina mbeidh mínithe mionsonraithe faoi chur chun feidhme an bhuiséid;

(h)

na rialacha airgeadais is infeidhme maidir leis an mBord a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64;

(i)

straitéis frithchalaoise a ghlacadh, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise agus costais agus tairbhí na mbeart a bheidh le cur chun feidhme á gcur i gcuntas;

(j)

rialacha a ghlacadh lena ndéanfar cosc agus bainistiú ar choinbhleachtaí leasa i gcás a chomhaltaí;

(k)

rialacha nós imeachta agus rialacha na Bhoird a ghlacadh le linn a sheisiúin feidhmiúcháin;

(l)

i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, maidir le foireann an Bhoird, na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar don Údarás Ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus a thugtar don Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche (cumhachtaí an údaráis cheapacháin) le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh mar a leagtar síos iad le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (Coinníollacha Fostaíochta) ón gComhairle;

(m)

na rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh le héifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(n)

Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus na gCoinníollacha Fostaíochta, a mbeidh neamhspleáchas feidhmeach aige agus a dhualgais nó a dualgais á ndéanamh aige nó aici;

(o)

a áirithiú go ndéanfar obair leantach leormhaithe ar fhionnachtana agus ar mholtaí a eascróidh ó na tuarascálacha iniúchóireachtaí agus ó mheastóireachtaí, inmheánacha nó seachtracha, agus ó imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF);

(p)

cinntí uile a ghlacadh maidir le bunú struchtúir inmheánacha an Bhoird agus, más gá, maidir lena gcoigeartú;

(q)

an creat dá dtagraítear in Airteagal 31(1) a fhormheas maidir leis na socruithe praiticiúla a eagrú don chomhar leis na húdaráis réitigh náisiúnta.

2.   Agus cinneadh á nglacadh, gníomhóidh seisiún iomlánach an Bhoird i gcomhréir leis na cuspóirí a shonraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 14.

Chun críocha phointe (c) de mhír 1, measfar an scéim réitigh arna hullmhú ag an gCathaoirleach a bheith glactha mura rud é, laistigh de thrí uaire an chloig ó thíolacadh an dréachta ag an seisiún feidhmiúcháin don seisiún iomlánach, go gcomórfaidh comhalta amháin ar a laghad den seisiún iomlánach cruinniú den seisiún iomlánach. Sa chás deiridh sin, glacfar cinneadh faoin scéim réitigh ag an seisiún iomlánach.

3.   Ina sheisiún iomlánach, glacfaidh an Bord, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta, lena dtarmligfear na cumhachtaí údaráis cheapacháin ábhartha chuig an gCathaoirleach agus lena mbunófar na coinníollacha faoinar féidir tarmligean na gcumhachtaí a chur ar fionraí. Beidh an Cathaoirleach údaraithe na cumhachtaí sin a fhotharmligean.

In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach dó, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin chuig an gCathaoirleach agus aon fhotharmligean aigesean a chur ar fionraí go sealadach agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig duine den fhoireann seachas an Cathaoirleach.

Airteagal 51

Cruinniú sheisiún iomlánach an Bhoird

1.   Comórfaidh an Cathaoirleach cruinnithe sheisiún iomlánach an Bhoird agus déanfaidh sé cathaoirleacht orthu i gcomhréir le hAirteagal 56(2)(a).

2.   Reáchtálfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach dhá ghnáthchruinniú in aghaidh na bliana ar a laghad. Sa bhreis air sin, tiocfaidh an Bord le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó ar iarraidh ó aon trian ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird. Féadfaidh ionadaí an Choimisiúin iarraidh ar an gCathaoirleach cruinniú den Bhord a comóradh ina sheisiún iomlánach dó. Cuirfidh an Cathaoirleach cúiseanna ar fáil i scríbhinn más rud é nach gcomórfaidh sé nó sí an cruinniú in am trátha.

3.   Más iomchuí, féadfaidh an Bord a iarraidh ar bhreathnadóirí eile le cois na mbreathnadóirí sin dá dtagraítear in Airteagal 43(3) páirt a ghlacadh i gcruinnithe a sheisiúin iomlánaigh ar bhonn ad hoc,lena n-áirítear ionadaí ÚBE.

4.   Cuirfidh an Bord rúnaíocht ar fáil do sheisiún iomlánach an Bhoird.

Airteagal 52

Forálacha ginearálta maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta

1.   Déanfaidh an Bord, ina sheisiún iomlánach dó, a chuid cinntí trí thromlach simplí dá chomhaltaí, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Beidh vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil vóta aige. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.

2.   De mhaolú ar mhír 1, déanfar cinntí dá dtagraítear in Airteagal 50(1)(c) agus(d) mar aon le frithpháirtiú socruithe náisiúnta um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 78, a bheidh teoranta d'úsáid foinsí airgeadais atá ar fáil sa Chiste, a ghlacadh le tromlach simplí chomhaltaí an Bhoird, a sheasfaidh do 30 % ar a laghad de na ranníocaíochtaí. Beidh vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil vóta aige. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.

3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfar cinntí dá dtagraítear in Airteagal 50(1), lena mbaineann ranníocaíochtaí ex-post a chruinniú i gcomhréir le hAirteagal 71, cinntí maidir leis an iasachtaíocht dheonach idir socruithe um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 72, maidir leis na foinsí maoiniúcháin eile i gcomhréir le hAirteagal 73 agus Airteagal 74, agus cinntí maidir le frithpháirtiú socruithe náisiúnta um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 78, a bhfuil i gceist leo go rachfar thar úsáid na bhfoinsí airgeadais atá ar fáil sa Chiste, déanfar iad a ghlacadh le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird, a sheasfaidh do 50 % ar a laghad de na ranníocaíochtaí le linn na hidirthréimhse ocht mbliana go dtí go mbeidh an Ciste frithpháirtithe go hiomlán agus le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird, a sheasfaidh do 30 % de na ranníocaíochtaí ó shin ar aghaidh. Beidh vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil vóta aige. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.

4.   Glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad. Leagfar síos sna rialacha nós imeachta socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na himthosca ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile agus na rialacha a rialaíonn córaim san áireamh, más iomchuí.

TEIDEAL III

SEISIÚN FEIDHMIÚCHÁIN AN BHOIRD

Airteagal 53

Rannpháirtíocht sna seisiúin feidhmiúcháin

1.   Comhdhéantar an Bord ina sheisiún feidhmiúcháin den Chathaoirleach agus na ceithre chomhalta eile dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b). Tiocfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, le chéile chomh minic agus is gá.

Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird ina sheisiún feidhmiúcháin ar a thionscamh féin nó ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag aon duine de na comhaltaí, agus is é an Cathaoirleach a bheidh mar chathaoirleach orthu.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Bord ina sheisiún feidhmiúcháin cuireadh a chur ar bhreathnadóirí sa bhreis ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 43(3) chun páirt a ghlacadh ina chruinnithe, lena n-áirítear ionadaí ÚBE, agus iarrfaidh sé ar údaráis réitigh náisiúnta ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha páirt a ghlacadh ina chruinnithe, agus breithniúchán ar siúl faoi ghrúpa a bhfuil fochuideachtaí nó brainsí suntasacha aige sna Ballstáit neamh-rannpháirteacha sin. Beidh an rannpháirtíocht ar bhonn ad hoc

2.   I gcomhréir le mír 3 agus mír 4, glacfaidh na comhaltaí den Bhord dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(c) páirt i seisiúin feidhmiúcháin an Bhoird.

3.   Agus eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nó grúpa eintiteas nach bhfuil bunaithe ach in aon Bhallstát rannpháirteach amháin á mbreithniú, glacfaidh an comhalta atá ceaptha ag an mBallstát sin páirt sa bhreithniú agus sa phróiseas cinnteoireachta agus beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 55(1).

4.   Agus grúpa trasteorann á bhreithniú, glacfaidh an comhalta atá ceaptha ag an mBallstát ina bhfuil an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal lonnaithe, chomh maith leis na comhaltaí atá ceaptha ag na Ballstáit ina bhfuil fochuideachta nó eintiteas bunaithe atá cumhdaithe ag maoirseacht chomhdhlúite, páirt freisin sa phróiseas cinnteoireachta, agus beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 55(2).

5.   Áiritheoidh na comhaltaí den Bhord dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(a) agus (b) go bhfuil na cinntí agus gníomhartha réitigh, go háirithe maidir le húsáid an Chiste, sna foirmíochtaí difriúla de sheisiúin feidhmiúcháin an Bhoird comhleanúnach, iomchuí agus comhréireach.

Airteagal 54

Cúraimí

1.   Déanfaidh an Bord an méid seo a leanas ina sheisiún feidhmiúcháin:

(a)

na cinntí uile a ghlacfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach a ullmhú;

(b)

gach cinneadh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

2.   Agus a dhualgais de bhun mhír 1 den Airteagal seo á bhfeidhmiú aige, déanfaidh an Bord na nithe seo a leanas:

(a)

pleananna réitigh a ullmhú, a mheasúnú agus a fhormheas do na heintitis agus do na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus do na heintitis agus do na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 6a(4)(b) agus (5) nuair a bheidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míreanna sin á gcomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 8, Airteagal 10 agus Airteagal 11;

(b)

oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm ar na heintitis agus ar na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus ar na heintits agus ar na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) nuair a bheidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míreanna sin á gcomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 11;

(c)

an t-íoschleanglas a chinneadh do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe a chaithfidh na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) a chomhlíonadh seasta i gcomhréir le hAirteagal 12 nuair a bheidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míreanna seo á gcomhlíonadh;

(d)

scéim réitigh a chur ar fáil don Choimisiún chomh luath agus is féidir i gcomhréir le hAirteagal 18 lena ngabhfaidh an fhaisnéis ábhartha uile a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin in am trátha measúnú agus cinneadh a dhéanamh nó, i gcás inarb iomchuí, cinneadh a mholadh don Chomhairle, de bhun Airteagal 18(7);

(e)

cinneadh faoi chuid II de bhuiséad an Bhoird maidir leis an gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 60.

3.   Más gá, de dheasca práinne, féadfaidh an Bord ina sheisiún feidhmiúcháin dó cinntí sealadacha áirithe a dhéanamh thar ceann an Bhoird ina sheisiún iomlánach, go háirithe maidir le hábhair a bhaineann le bainistíocht riaracháin, lena n-áirítear ábhair bhuiséadacha.

4.   Coinneoidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, an Bord ina sheisiún iomlánach dóar an eolas maidir leis na cinntí a ghlacfaidh sé i ndáil le réiteach.

Airteagal 55

Cinnteoireacht

1.   Más rud é agus eintiteas nó grúpa eintiteas nach bhfuil bunaithe ach in aon Bhallstát rannpháirteach amháin á mbreithniú, nach féidir leis na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 53(1) agus (3) teacht ar chomhaontú comhpháirteach trí chomhthoil laistigh den spriocam arna leagan síos ag an gCathaoirleach, glacfaidh an Cathaoirleach agus a chomhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) cinneadh trí thromlach simplí.

2.   Más rud é agus grúpa trasteorann á bhreithniú, nach féidir leis na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 53(1) agus (4) teacht ar chomhaontú comhpháirteach trí chomhthoil laistigh den spriocam arna leagan síos ag an gCathaoirleach, glacfaidh an Cathaoirleach agus a chomhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) cinneadh trí thromlach simplí.

3.   Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.

TEIDEAL IV

CATHAOIRLEACH

Airteagal 56

Ceapachán agus cúraimí

1.   Déanfaidh Cathaoirleach lánaimseartha cathaoirleacht ar an mBord.

2.   Beidh an Cathaoirleach freagrach as:

(a)

obair an Bhoird a ullmhú, ina sheisiúin iomlánach agus feidhmiúcháin, agus a chruinnithe a chomóradh agus a bheith ina chathaoirleach orthu;

(b)

gach gnó foirne;

(c)

gnóthaí riaracháin ó lá go lá;

(d)

dréachtbhuiséad an Bhoird a chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 61(1) agus buiséad an Bhoird a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 63;

(e)

bainistiú an Bhoird;

(f)

clár oibre bliantúil an Bhoird a chur chun feidhme;

(g)

dréacht den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 45 a ullmhú, gach bliain, ina mbeidh roinn faoi ghníomhaíochtaí réitigh an Bhoird agus roinn faoi chúrsaí airgeadais agus riaracháin.

Agus na cúraimí dá dtagraítear san Airteagal seo á bhfheidhmiú ag an gCathaoirleach, tabharfaidh foireann tiomnaithe cabhair dó.

3.   Cabhróidh an Leas-Chathaoirleach leis an gCathaoirleach.

Comhlíonfaidh an Leas-Chathaoirleach feidhmeanna an Chathaoirligh má bhíonn sé nó sí as láthair nó i gcás constaice réasúnta, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.   Déanfar an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) a cheapadh, ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais ar chúrsaí baincéireachta agus airgeadais, agus ar bhonn taithí ábhartha a bhaineann le maoirseacht airgeadais, le rialáil airgeadais agus le réiteach bainc. Déanfar an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) a roghnú ar bhonn nós imeachta roghnúcháin oscailte, a léireoidh urraim do phrionsabail na cothromaíochta inscne, na taithí agus na cáilíochta. Coinneofar Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go cuí ina leith ag gach céim den nós imeachta sin agus ar shlí thráthúil.

5.   Beidh téarma oifige cúig bliana ag an gCathaoirleach, ag an Leas-Chathaoirleach agus ag na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b). Faoi réir mhír 7 den Airteagal seo, ní bheidh an téarma sin in-athnuaite.

Ní bheidh an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach ná na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) i seilbh aon oifige ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.

6.   Tar éis dó an Bord a éisteacht, ina sheisiún iomlán, soláthróidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa gearrliosta iarrthóirí do phoist an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus na gcomhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoin ngearrliosta.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún, gan éisteacht ón mBord, gearrliosta iarrthóirí a chur ar fáil maidir le ceapadh chéad chomhaltaí an Bhoird tar éis teacht i bhfeidhm an Rialacháin.

Déanfaidh an Coimisiún togra i gcomhair cheapachán an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus na gcomhaltaí dá dtagraítear Airteagal 43(1)(b) a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis an togra sin a bheith formheasta, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme maidir leis an gCathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) a cheapadh. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

7.   De mhaolú ar mhír 5, is trí bliana a bheidh i dtéarma oifige an chéad Chathaoirligh arna cheapadh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh an téarma sin in-athnuaite uair amháin ar feadh tréimhse cúig bliana. Beidh an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) i seilbh oifige go dtí go gceapfar a gcomharbaí.

8.   Ní ghlacfaidh Cathaoirleach, ar fadaíodh a théarma oifige, páirt i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

9.   Mura gcomhlíonann Cathaoirleach nó an Leas-Chathaoirleach nó comhalta dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) na coinníollacha a cheanglaítear d'fheidhmiú a chuid nó a cuid dualgas a thuilleadh nó má tá sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún arna fhormheas ag Parlaimint na hEorpa, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh é nó í a chur as oifig. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

Chun na gcríoch sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an Coimisiún ar chur ar an eolas go measann sí go bhfuil na coinníollacha chun an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach, nó na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) a chur as oifig comhlíonta, agus déanfaidh an Coimisiún freagairt ina thaobh sin.

TEIDEAL V

FORÁLACHA AIRGEADAIS

CAIBIDIL 1

Forálacha Ginearálta

Airteagal 57

Acmhainní

1.   Beidh an Bord freagrach as na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá a thiomnú d'fheidhmiú na gcúraimí a thugtar dó tríd an Rialachán seo.

2.   Ní fhéadfar leas a bhaint as dliteanas buiséadach na mBallstát, in imthosca ar bith, chun buiséad an Bhoird ná a ghníomhaíochtaí réitigh faoin Rialachán seo a chistiú.

Airteagal 58

Buiséad

1.   Beidh buiséad uathrialach ag an mBord nach mbeidh ina chuid de bhuiséad an Aontais. Déanfar meastacháin ar ioncam iomlán agus ar chaiteachas iomlán an Bhoird a ullmhú le haghaidh gach bliana airgeadais, a fhreagróidh don bhliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad an Bhoird.

2.   Beidh buiséad an Bhoird comhardaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3.   Beidh an buiséad comhdhéanta de dhá chuid: Cuid I do riar an Bhoird agus Cuid II don Chiste.

Airteagal 59

Cuid I den bhuiséad ar riar an Bhoird

1.   Is éard a bheidh sna hioncaim i gCuid I den bhuiséad na ranníocaíochtaí bliantúla is gá chun an caiteachas riaracháin bliantúil measta a chumhdach.

2.   Áireofar ar a laghad sa chaiteachas i gCuid I den bhuiséad, speansais foirne, luach saothair, speansais riaracháin, speansais bhonneagair, speansais a bhaineann le hoiliúint ghairmiúil agus speansais oibríochtúla.

3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do cheart na n-údarás réitigh náisiúnta táillí a thobhach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir lena gcaiteachas riaracháin de na cineálacha sin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, lena n-áirítear caiteachais i ndáil le comhar leis an mBord agus i ndáil le cabhrú leis an mBord.

Airteagal 60

Cuid II den bhuiséad ar an gCiste

1.   Is éard a bheidh in ioncaim Chuid II den bhuiséad, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)

ranníocaíochtaí arna n-íoc ag institiúidí bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 67(4) agus le hAirteagal 69, Airteagal 70 agus Airteagal 71;

(b)

iasachtaí arna bhfáil ó shocruithe eile um maoiniú réitigh i mBallstáit neamh-rannpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 72(1);

(c)

iasachtaí arna bhfáil ó institiúidí airgeadais nó ó aon tríú páirtithe eile i gcomhréir le hAirteagal 73 agus le hAirteagal 74;

(d)

toradh ar infheistiú na méideanna arna sealbhú sa Chiste i gcomhréir le hAirteagal 75,

(e)

aon chuid de na speansais a thabhaítear chun na gcríoch a léirítear in Airteagal 76 a dhéanfar a ghnóthú in imeachtaí réitigh.

2.   Is é a bheidh i gcaiteachas Chuid II den bhuiséad:

(a)

speansais chun na gcríoch a léirítear in Airteagal 76;

(b)

infheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 75;

(c)

iasachtaí arna bhfáil ó shocruithe eile um maoiniú réitigh i mBallstáit neamh-rannpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 72(1);

(d)

ús arna íoc ar iasachtaí arna bhfáil ó institiúidí airgeadais nó ó aon tríú páirtithe eile i gcomhréir le hAirteagal 73 agus le hAirteagal 74.

Airteagal 61

An buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme

1.   Faoin 15 Feabhra gach bliain, tarraingeoidh an Cathaoirleach suas dréachtbhuiséad an Bhoird, lena n-áirítear ráiteas ar na meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas an Bhoird don bhliain dar gcionn mar aon le plean bunaíochta agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird é lena ghlacadh.

2.   Faoin 31 Márta gach bliain, déanfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach, i gcás inar gá é, an dréacht a thíolaic an Cathaoirleach a choigeartú agus buiséad críochnaitheach an Bhoird a ghlacadh in éineacht leis an bplean bunaíochta.

Airteagal 62

Iniúchadh agus rialú inmheánach

1.   Déanfar feidhm iniúchóireachta inmheánaí a chur ar bun laistigh den Bhord, ar feidhm í a bheidh le feidhmiú i gcomhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha. Is é an t-iniúchóir inmheánach, arna cheapadh ag an mBord, a bheidh freagrach dó chun oibriú cuí chórais cur chun feidhme buiséid agus nósanna imeachta buiséadacha an Bhoird a fhíorú.

2.   Tabharfaidh an t-iniúchóir inmheánach comhairle don Bhord maidir le déileáil le rioscaí, trí thuairimí neamhspleácha ar cháilíocht córas bainistíochta agus rialaithe a eisiúint agus trí mholtaí a eisiúint maidir le feabhas a chur ar na coinníollacha cur chun feidhme d'oibríochtaí agus trí bhainistíocht fhónta airgeadais a chur chun cinn.

3.   Is ar an mBord a bheidh an fhreagracht córais agus nósanna imeachta rialaithe inmheánacha a chur ar bun a bheidh oiriúnach do chúraimí an iniúchóra inmheánaí a fheidhmiú.

Airteagal 63

Cur chun feidhme an bhuiséid, tíolacadh cuntas agus tarscaoileadh

1.   Gníomhóidh an Cathaoirleach mar oifigeach údarúcháin agus cuirfidh sé buiséad an Bhoird chun feidhme.

2.   Faoin 1 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, cuirfidh Oifigeach Cuntasaíochta an Bhoird cuntais shealadacha, mar aon le tuarascáil maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais le linn na bliana airgeadais chuig an gCúirt Iniúchóirí i gcomhair barúlacha.

Faoin 31 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, cuirfidh Oifigeach Cuntasaíochta an Bhoird an tuarascáil maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais faoi bhráid chomhaltaí an Bhoird, agus chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

3.   Faoin 31 Márta gach bliain, tarchuirfidh an Cathaoirleach cuntais shealadacha an Bhoird don bhliain airgeadais roimhe sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

4.   Tar éis dó barúlacha na Cúirte Iniúchóirí ar chuntais shealadacha an Bhoird a fháil, déanfaidh an Cathaoirleach ag gníomhú dó nó di ar a fhreagracht féin nó ar a freagracht féin, cuntais chríochnaitheacha an Bhoird a tharraingt suas agus a chur chuig an mBord ina sheisiún iomlánach, lena bhformheas.

5.   Déanfaidh an Cathaoirleach, tar éis fhormheas an Bhoird a fháil, agus faoin 1 Iúil gach bliain, na cuntais chríochnaitheacha don bhliain airgeadais roimhe sin a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

6.   I gcás ina bhfaightear barúlacha nó gCúirt Iniúchóirí, tabharfaidh an Cathaoirleach freagra orthufaoin 30 Meán Fómhair.

7.   Faoin 15 Samhain gach bliain, foilseofar na cuntais chríochnaitheacha don bhliain airgeadais roimhe sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

8.   Ina sheisiún iomlánach, tabharfaidh an Bord urscaoileadh don Chathaoirleach i ndáil leis an mbuiséad a chur chun feidhme.

9.   Déanfaidh an Cathaoirleach ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, aon fhaisnéis dá dtagraítear i gcuntas an Bhoird a thíolacadh don institiúid iarrthach de chuid an Aontais, faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar síos leis an Rialachán seo.

Airteagal 64

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí agus leis an gCoimisiún, forálacha airgeadais inmheánacha a ghlacadh, ina sonraítear, go háirithe, an nós imeachta mionsonraithe chun a bhuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 61 agus le hAirteagal 63.

A mhéid is comhoiriúnach le cineál áirithe an Bhoird, beidh na forálacha airgeadais bunaithe ar an gcreat-Rialachán airgeadais a glacadh do chomhlachtaí arna mbunú faoin CFAE i gcomhréir le hAirteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

Airteagal 65

Ranníocaíochtaí chuig caiteachais riaracháin an Bhoird

1.   Ranníocfaidh eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 le cuid I de bhuiséad an Bhoird i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe maidir le ranníocaíochtaí arna nglacadh de bhun mhír 5den Airteagal seo.

2.   Socrófar méideanna na ranníocaíochtaí ag leibhéal áirithe lena áirithiú gur leor an t-ioncam ina leith i bprionsabal chun go mbeidh cuid I de bhuiséad an Bhoird comhardaithe gach bliain.

3.   Cinnfidh agus cruinneoidh an Bord, i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, na ranníocaíochtaí atá dlite ag gach eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 i gcinneadh arna dhíriú chuig an eintiteas lena mbaineann. Cuirfidh an Bord rialacha nós imeachta, tuairiscithe agus eile i bhfeidhm lena n-áiritheofar go n-íocfar na ranníocaíochtaí go hiomlán agus in am.

4.   Ní úsáidfear na méideanna arna gcruinniú i gcomhréir le mír 1, le mír 2 agus le mír 3 ach amháin chun críocha an Rialacháin seo.

5.   Cumhachtófar don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le ranníocaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 93 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na cineálacha ranníocaíochtaí agus na hábhair a bhfuil na ranníocaíochtaí dlite ina leith, an modh ina ríomhtar méid na ranníocaíochtaí agus an tslí ina n-íoctar iad a chinneadh;

(b)

rialacha maidir le clárú, cuntasaíocht, tuairisciú agus eile dá dtagraítear i mír 3 a shonrú a bhfuil gá leo chun a áirithiú go n-íocfar na ranníocaíochtaí go hiomlán agus go tráthúil;

(c)

na ranníocaíochtaí bliantúla is gá a chinneadh chun caiteachas riaracháin an Bhoird a chumhdach, sula dtiocfaidh sé chun a bheith go hiomlán oibríochtúil.

Airteagal 66

Bearta frith-chalaoise

1.   Chun comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), laistigh de shé mhí ón lá a thiocfaidh an Bord chun bheith oibríochtúil, aontóidh sé do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag OLAF agus glacfaidh sé forálacha iomchuí is infheidhme láithreach maidir le fostaithe uile an Bhoird, agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú Idirinstitiúideach sin.

2.   Beidh sé de chumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar na tairbhithe, conraitheoirí agus fo-chonraitheoirí a fuair cistí ón mBord.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí d'fhonn a shuíomh ar tharla calaois, éilliú nó gníomhaíocht neamhdhleathach a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le conradh arna mhaoiniú ag an mBord i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (22) ón gComhairle agus i Rialachán (AE, Euratom) Uimh 883/2013.

CAIBIDIL 2

An Ciste Aonair Réitigh

Roinn 1

Comhdhéanamh an Chiste

Airteagal 67

Forálacha ginearálta

1.   Bunaítear an Ciste Réitigh Aonair (“an Ciste”) leis seo. Déanfar é a líonadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur ranníocaíochtaí a chruinnítear ar leibhéal náisiúnta don Chiste mar a leagtar síos sa chomhaontú.

2.   Ní úsáidfidh an Bord an Ciste ach amháin chun cur i bhfheidhm éifeachtúil na n-uirlisí réitigh agus feidhmiú na gcumhachtaí réitighdá dtagraítear i gCuid II, Teideal I a áirithiú agus i gcomhréir le cuspóirí réitigh agus leis na prionsabail a rialaíonn réiteach dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15. Ní bheidh buiséad an Aontais ná na buiséid náisiúnta faoi dhliteanas i leith chostais ná chaillteanais an Chiste i gcás ar bith.

3.   Beidh an Bord ina úinéir ar an gCiste.

4.   Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 69, Airteagal 70 agus Airteagal 71 a chruinniú ó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 agus tarchuirfidh siad iad chuig an gCiste i gcomhréir leis an gComhaontú.

Airteagal 68

An ceanglais go ndéanfar socruithe réitigh um maoiniú a bhunú

Déanfaidh Ballstáit rannpháirteacha socruithe um maoiniú a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 100 de Threoir 2014/59/AE agus i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 69

Spriocleibhéal

1.   Faoi dheireadh na tréimhse tosaigh ocht mbliana ón 1 Eanáir 2016 nó, ar shlí eile, ón dáta a mbeidh an mhír seo infheidhme de bhua Airteagal 99(6), sroichfidh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil don Chiste 1 % de mhéid thaiscí cumhdaithe na n-institiúidí creidmheasa uile arna n-údarú sna Ballstáit rannpháirteacha uile.

2.   I rith na tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 1, déanfar ranníocaíochtaí leis an gCiste arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 70, agus arna gcruinniú i gcomhréir le hAirteagal 67(4) a leathnú amach thar am chomh réidh agus is féidir go dtí go mbainfear an spriocleibhéal amach agus aird chuí á tabhairt ar chéim an timthrialla ghnó agus ar an tionchar a d'fhéadfadh na ranníocaíochtaí comhthimthriallacha a imirt ar staid airgeadais na n-institiúidí ranníocaíochta.

3.   Déanfaidh an Bord an tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 1 a fhadú go huastréimhse ceithre bliana i gcás ina ndéanfaidh an Ciste eisíocaíochtaí carntha níos mó ná 0.5 % de mhéid iomlán na dtaiscí dá dtagraítear i mír 1 agus nuair a chomhlíonfar critéir na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 5(b).

4.   Más rud é, tar éis na tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 1, go laghdóidh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi bhun an spriocleibhéil a shonraítear sa mhír sin, déanfar ranníocaíochtaí rialta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 70 a chruinniú go dtí go sroichfear an spriocleibhéal. Tar éis an spriocleibhéal a bhaint amach den chéad uair agus i gcás inar laghdaíodh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ina dhiaidh sin go dtí níos lú ná dhá thrian an spriocleibhéil, socrófar na ranníocaíochtaí sin ar leibhéal a cheadóidh don spriocleibhéal a bhaint amach laistigh de shé bliana.

Tabharfaidh an ranníocaíocht rialta seo an aird chuí ar chéim an timthrialla ghnó, agus ar an tionchar a d'fhéadfadh na ranníocaíochtaí comhthimthriallacha a imirt agus ranníocaíochtaí bliantúla á socrú i gcomhthéacs na míre seo.

5.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 93 chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

critéir maidir leis na ranníocaíochtaí leis an gCiste a ríomhtar faoi mhír 2 a leathnú leis an aimsir;

(b)

critéir lena gcinnfear an líon blianta is féidir a chur leis an tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 1 a fhadú faoi mhír 3;

(c)

critéir maidir leis na ranníocaíochtaí bliantúla dá bhforáiltear i mír 4 a bhunú.

Airteagal 70

Ranníocaíochtaí ex-ante

1.   Cruinneofar ranníocaíocht aonair gach institiúide gach bliain ar a laghad agus ríomhfar é pro-rata le méid a dliteanas (cé is moite de chistí dílse) lúide taiscí faoi chumhdach, i ndáil leis na dliteanais chomhiomlánaithe (cé is moite de chistí dílse) lúide taiscí faoi chumhdach, na n-institiúidí uile arna n-údarú i gcríocha na mBallstát rannpháirteach uile.

2.   Déanfaidh an Bord gach bliain tar éis dó dul i gcomhairle le BCE nó leis an údarás inniúil náisiúnta agus i ndlúthcomhar leis na húdaráis réitigh náisiúnta na ranníocaíochaí indibhidiúla a ríomh chun a áirithiú nach rachaidh na ranníocaíochtaí atá dlite ag na hinstitiúidí atá údaraithe i gcríocha na mBallstát rannpháirteach uile thar 12,5 % den spriocleibhéal.

Gach bliain, beidh ríomh na ranníocaíochtaí do gach institiúid aonair bunaithe:

(a)

ar chothrom-ranníocaíocht atá pro rata atá bunaithe ar mhéid dliteanas institiúide cé is moite de chistí dlínse agus taiscí cumhdaithe, i leith dliteanas iomlán, cé is moite de chistí dlínse agus taiscí cumhdaithe, na n-institiúidí údaraithe uile i gcríocha na mBallstát rannpháirteach; agus

(b)

ar ranníocaíocht riosca-choigeartaithe, a bheidh bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 103(7) de Threoir 2014/59/AE, agus prionsabal na comhréireachta á chur i gcuntas, gan saofaí a chruthú idir stuchtúir earnála baincéireachta na mBallstát.

Cuirfidh an caidreamh idir an chothrom-ranníocaíocht agus na ranníocaíochtaí coigeartaithe riosca i gcuntas dáileadh comhardaithe ranníocaíochtaí trasna na gcineálacha difriúla banc.

I gcás ar bith, ní rachaidh méid comhiomlánaithe ranníocaíochtaí indibhidiúla a dhéanfaidh na hinstitiúidí údaraithe uile i gcríocha na mBallstát rannpháirteach uile, arna ríomh faoi phointe (a) agus faoi phointe (b), thar 12,5 % den spriocleibhéal go bliantúil.

3.   Féadfar a áireamh sna hacmhainní airgeadais atá ar fáil a chuirfear i gcuntas chun an spriocleibhéal a shonraítear in Airteagal 69 a bhaint amach, féadfar gealltanais íocaíochta do-chúlghairthe a áireamh atá cumhdaithe go hiomlán le comhthaobhacht de shócmhainní ísealriosca gan bac ó aon chearta tríú páirtí atá ar shaordhiúscairt agus sannta lena húsáid go heisiach ag an mBord chun críocha a shonraítear in Airteagal 76(1). Ní rachaidh cion na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe sin thar 30 % de mhéid iomlán na ranníocaíochtaí arna gcruinniú i gcomhréir leis an Airteagal seo1.

4.   Ní aisíocfar ranníocaíochtaí a fuarthas go cuí ó gach eintiteas leis na heintitis sin.

5.   I gcás ina bhfuil socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh bunaithe cheana féin ag na Ballstáit rannpháirteacha, féadfaidh siad foráil a dhéanamh go n-úsáidfidh na socruithe sin a gcuid acmhainní airgeadais atá ar fáil, arna mbailiú ó institiúidí idir 17 Meitheamh 2010 agus an dáta a dtiocfaidh Treoir 2014/59/AE i bhfeidhm, chun institiúidí a chúiteamh do na ranníocaíochtaí ex-ante a fhéadfar a cheangal ar na hinstitiúidí sin a íoc isteach sa Chiste. Beidh an t-aiseag sin gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát a leagtar síos i dTreoir 2014/49/AE.

6.   Déanfar na gníomhartha tarmligthe lena dtugtar sainmhíniú maidir le ranníocaíochtaí a choigeartú i gcomhréir le próifíl riosca institiúidí, arna ghlacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 103(7) de Threoir 2014/59/AE a chur i bhfeidhm.

7.   Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, laistigh de chreat na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 6, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na coinníollacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 a chinneadh agus go háirithe:

(a)

maidir le cur i bhfeidhm na modheolaíochta do ríomh na ranníocaíochtaí indibhidiúla;

(b)

na módúlachtaí praiticiúla maidir leis na fachtóirí riosca a shonraítear sa ghníomh tarmligthe a leithdháileadh d'institiúidí.

Airteagal 71

Ranníocaíochtaí ex post urghnácha

1.   I gcás nach leordhóthanach na foinsí airgeadais atá ar fáil leis na caillteanais, na costais nó na speansais eile arna dtabhú trí úsáid an Chiste i ngníomhaíochtaí réitigh a chumhdach, cruinneoidh an Bord ranníocaíochtaí ex-post urghnácha ó institiúidí arna n-údarú i gcríocha Ballstát rannpháirteach, chun na méideanna breise a chumhdach. Ríomhfar agus leithdháilfear na ranníocaíochtaí ex post urghnácha sin idir institiúidí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 69 agus in Airteagal 70.

Ní rachaidh méid iomlán na ranníocaíochtaí ex-post urghnácha in aghaidh na bliana thar thrí oiread mhéid bliantúil na ranníocaíochtaí arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 70.

2.   Déanfaidh an Bord, ar a thionscamh féin nó tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh náisiúnta nó ar mholadh ó údarás réitigh náisiúnta, íocaíocht institiúide maidir le ranníocaíochtaí ex-post urghnácha i gcomhréir le mír 1 a chur siar go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3, más gá sin lena staid airgeadais a chosaint. Ní thabharfar cur siar den sórt sin ar feadh tréimhse níos faide ná sé mhí ach féadfar é a athnuachan arna iarraidh sin don institiúid. Déanfar na ranníocaíochtaí a chuirfear siar de bhun na míre seo nuair nach gcuirfidh an íocaíocht staid airgeadais na hinstitiúide i gcontúirt.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 93 chun na himthosca agus na coinníollacha a shonrú faoina bhféadfaí íocaíocht ranníocaíochtaí ex post ag eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a chur siar go hiomlán nó go páirteach de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 72

Iasachtaíocht dheonach idir socruithe um maoiniú réitigh

1.   Cinnfidh an Bord iarraidh a dhéanamh iasacht a fháil dá dheoin féin don chiste ó shocruithe um maoiniú réitigh laistigh de Bhallstáit neamh-rannpháirteacha, sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl na méideanna arna gcruinniú faoi Airteagal 70 leordhóthanach chun na caillteanais, na costais ná na speansais eile arna dtabhú trí úsáid an Chiste i ndáil le gníomhaíochtaí réitigh a chumhdach;

(b)

níl rochtain láithreach ar na ranníocaíochtaí ex-post urghnácha dá bhforáiltear in Airteagal 71; agus

(c)

níl rochtain láithreach ar na foinsí maoinithe malartacha dá bhforáiltear in Airteagal 73 ar théarmaí réasúnta.

2.   Cinnfidh na socruithe um maoiniú réitigh sin a leithéid d'iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 106 de Threoir 2014/59/AE. Beidh na coinníollacha iasachtaíochta faoi réir Airteagal 106 (4), (5) agus (6) de Threoir 2014/59/AE.

3.   Féadfaidh an Bord cinneadh iasacht a thabhairt do shocruithe eile réitigh um maoiniú laistigh de Bhallstáit neamh-rannpháirteacha má dhéantar iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 106 de Threoir 2014/59/AE. Beidh na coinníollacha iasachtaithe faoi réir Airteagal 106(4), (5) agus (6) de Threoir 2014/59/AE.

Airteagal 73

Foinsí maoiniúcháin malartacha

1.   Féadfaidh an Bord conrú d'iasachtaíochaí an Chiste nó d'fhoirmeacha eile tacaíochta ó na hinstitiúidí sin, ó institiúidí airgeadais nó ó thríú páirtithe eile, a thairgfidh téarmaí airgeadais níos fearr ag an tráth is iomchuí chun costas maoiniúcháin a bharrfheabhsú agus a chaomhnóidh a chlú i gcás nach mbeidh rochtain láithreach ar na méideanna arna gcruinniú i gcomhréir le hAirteagal 70 agus Airteagal 71 nó i gcás nach gcumhdóidh siad na speansais arna dtabhú le húsáid an Chiste i ndáil le gníomhaíochtaí réitigh.

2.   Déanfar an iasachtaíocht nó cineálacha eile tacaíochta dá dtagraítear i mír 1 a aisíoc go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 69, Airteagal 70 agus Airteagal 71 laistigh de thréimhse aibíochta na hiasachta.

3.   Is é Cuid II de bhuiséad an Bhoird seachas buiséad an Aontais ná na Ballstáit rannpháirteacha a íocfaidh as aon chostais arna dtabhú trí úsáid na n-iasachtaíochtaí arna sonrú i mír 1.

Airteagal 74

Rochtain ar shaoráid airgeadais

Déanfaidh an Bord conrú do shocruithe airgeadais an Chiste, lena n-áirítear, más féidir, socruithe airgeadais poiblí, maidir le hinfhaighteacht láithreach na bhfoinsí breise airgeadais a bheidh le húsáid i gcomhréir le hAirteagal 76, i gcás nach leor na méideanna a chruinneofar nó a bheidh ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 70 agus Airteagal 71 chun oibleagáidí an Chiste a chomhlíonadh.

Roinn 2

Riar an Chiste

Airteagal 75

Infheistíochtaí

1.   Déanfaidh an Bord an Ciste a riar i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi mhír 4.

2.   Is chun sochair an Chiste amháin na méideanna a fhaightear ó institiúid faoi réiteach nó ó dhroichead-institiúid, na húis agus aon tuilleamh eile ar infheistíochtaí agus aon tuillimh eile.

3.   Beidh straitéis infheistíochta stuama agus sábháilte ag an mBord a fhorálfar di sna gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 4 den Airteagal seo, agus déanfaidh an Bord na méideanna atá i seilbh an Chiste a infheistiú in oibleagáidí na mBallstát nó in eagraíochtaí idir-rialtasacha, nó i sócmhainní fíorleachtacha ar ardcháilíocht creidmheasa, agus an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar aon le forálacha ábhartha eile den Rialachán sin á gcur i gcuntas. Déanfar infheistíochtaí a éagsúlú go hearnálach, go geografach agus go comhréireach. Is chun sochair an Chiste aon bhrabús ar na hinfheistíochtaí sin.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le rialacha mionsonraithei ndáil le riar an Chiste agus prionsabail ghinearálta agus critéir dá straitéis infheistíochta, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 93.

Roinn 3

Úsáid an Chiste

Airteagal 76

Misean an Chiste

1.   Laistigh den scéim réitigh, agus na huirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, ní fhéadfaidh an Bord an Ciste á úsáid ach a mhéid is gá chun cur i bhfeidhm éifeachtach na n-uirlisí réitigh a áirithiú chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

sócmhainní nó dliteanais na hinstitiúide faoi réiteach, a fochuideachtaí, droichead-institiúide nó gléas bainistíochta sócmhainní a ráthú;

(b)

iasachtaí a thabhairt don institiúid faoi réiteach, dá fochuideachtaí, do dhroichead-institiúid nó do mheán bainistíochta sócmhainní;

(c)

sócmhainní de chuid na hinstitiúide faoi réiteach a cheannach;

(d)

ranníocaíochtaí a dhéanamh le droichead-institiúid agus le gléas bainistíochta sócmhainní;

(e)

cúiteamh a íoc le scairshealbhóirí nó le creidiúnaithe más rud é, tar éis meastóireachta de bhun Airteagal 20(5), go bhfuil caillteanais níos mó tabhaithe acu ná mar a bheadh tabhaithe acu, tar éis luachála de bhun Airteagal 20(16), i gcás foirceanta faoi ghnáthimeachtaí dóchmhainneachta;

(f)

ranníocaíocht a dhéanamh leis an institiúid faoi réiteach in áit dliteanais chreidiúnaithe áirithe a dhíluacháil nó a chomhshó, nuair a chuirtear an uirlis fortharrthála i bhfeidhm agus nuair adhéantar cinneadh creidiúnaithe áirithe a eisiamh ó scóip na fortharrthála i gcomhréir le hAirteagal 27(5);

(g)

aon teaglaim de na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) a dhéanamh.

2.   Féadfar an Ciste a úsáid le bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh freisin i ndáil leis an gceannaitheoir i gcomhthéacs na huirlise díolacháin gnó.

3.   Ní úsáidfear an Ciste go díreach le caillteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a iompar nó le heintiteas den sórt sin a athchaipitliú. I gcás ina gcuirfear cuid de chaillteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 ar aghaidh chuig an gCiste mar thoradh indíreach ar úsáid an Chiste chun na gcríoch i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na prionsabail a rialaíonn úsáid an Chiste a leagtar amach in Airteagal 27.

4.   Ní fhéadfaidh an Bord an caipiteal a ranníocfar leis i gcomhréir le pointí (f) de mhír 1 a shealbhú ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana.

Airteagal 77

Úsáid an Chiste

Beidh úsáid an Chiste ag brath ar an gComhaontú ina n-aontaíonn na Ballstáit rannpháirteacha na ranníocaíochtaí a chruinneoidh siad ar leibhéal náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2014/59/AE a aistriú chuig an gCiste agus déanfar na prionsabail a leagtar síos sa chomhaontú sin a chomhlíonadh leis an úsáid sin.

Dá réir sin, go dtí go sroichfidh an Ciste an spriocleibhéal maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69, ach tráth nach déanaí ná ocht mbliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Airteagail seo, úsáidfidh an Bord an Ciste i gcomhréir le prionsabail a bheidh bunaithe ar roinnt an Chiste in urranna náisiúnta a fhreagróidh do gach Ballstát rannpháirteach, agus ar chumasc forchéimnitheach na gcistí difriúla ar an leibhéal náisiúnta a bheidh le leithdháileadh ar urranna náisiúnta den Chiste, mar a leagtar síos sa Chomhaontú.

Airteagal 78

Socruithe náisiúnta um maoiniú a fhrithpháirtiú i gcás réitigh grúpa a bhaineann le hinstitiúidí i mBallstáit neamh-rannpháirteacha

I gcás réitigh grúpa a bhaineann le hinstitiúidí arna mbunú i mBallstát rannpháirteach amháin nó níos mó ar thaobh amháin, agus institiúidí arna mbunú i mBallstát rannpháirteach amháin nó níos mó ar an taobh eile, ranníocfaidh an Ciste le maoiniú an réitigh ghrúpa i gcomhréir le forálacha arna leagan síos in Airteagal 107(2) go (5) de Threoir 2014/59/AE.

Airteagal 79

Scéimeanna ráthaithe taiscí a úsáid i gcomhthéacs réitigh

1.   Áiritheoidh Ballstáit rannpháirteacha, nuair a dhéanfaidh an Bord bearta réitigh, agus ar choinníoll go n-áiritheofar tríd an ngníomhaíocht sin go leanfaidh taisceoirí de rochtain a fháil ar a dtaiscí, go mbeidh an scéim ráthaíochta taiscí a bhfuil an institiúid cleamhnaithe léi faoi dhliteanas i leith na méideanna arna sonrú in Airteagal 109(1) agus (4) de Threoir 2014/59/AE.

Déanfaidh an scéim ráthaíochta ábhartha taiscí seachaíocht ar chearta agus ar oibleagáidí taisceoirí atá cumhdaithe in imeachtaí dócmhainneachta i gcomhair méid is comhionann lena n-íocaíocht.

2.   Beidh cinneadh an méid atá dlite le híoc ag an scéim ráthaíochta taiscí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo i gcomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 20.

3.   Sula gcinnfidh an Bord, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, an méid atá dlite le híoc ag an scéim ráthaíochta taiscí, rachaidh an Bord i gcomhairle leis an údarás ainmnithe lena mbaineann de réir bhrí Airteagal 2(1)(18) de Threoir 2014/49/AE, agus lánaird á tabhairt ar phráinn an ghnó.

4.   I gcás go dtarchuirfear taiscí incháilithe d'institiúid faoi réiteach chuig eintiteas tríd an uirlis díolacháin gnó nó tríd an uirlis droichead-institiúide, ní bheidh aon éileamh ag na taisceoirí faoi Threoir 2014/49/AE in aghaidh na scéime ráthaíochta taiscí i ndáil le haon chuid dá dtaiscí atá ag an institiúid faoi réiteach nach dtarchuirfear, ar choinníoll gur comhionann méid na gcistí a tharchuirtear nó gur mó méid na gcistí ná an leibhéal cumhdaigh comhiomlán dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Treoir sin.

5.   D'ainneoin mhír 1, mhír 2 agus mhír 3, má úsáidtear foinsí airgeadais atá ar fáil ón scéim ráthaíochta taiscí i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus má laghdaítear ina dhiaidh sin iad go dtí dhá thrian de spriocleibhéil na scéime ráthaíochta taiscí, déanfar an ranníocaíocht rialta leis an scéim ráthaíochta taiscí a shocrú ar leibhéal a cheadóidh don spriocleibhéal a bheith bainte amach laistigh de shé bliana.

I ngach cás, ní bheidh dliteanas na scéime ráthaíochta taiscí níos mó ná an méid is comhionann le 50 % dá spriocleibhéal maoiniúcháin a leagtar síos don scéim ráthaíochta taiscí in Airteagal 10(2) de Threoir 2014/49/AE.

In aon imthosca, ní rachaidh rannpháirtíocht na scéime ráthaíochta taiscí faoin Rialachán seo thar na caillteanais a bheadh tabhaithe aici i bhfoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

TEIDEAL VI

FORÁLACHA EILE

Airteagal 80

Pribhléidí agus Díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus le CFAE maidir leis an mBord agus lena fhoireann.

Airteagal 81

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (23) maidir leis an mBord.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga an Bhoird.

3.   Féadfaidh an Bord a chinneadh cé acu cinn de na teangacha oifigiúla a bheidh le húsáid agus doiciméid á gcur chuig institiúidí agus comhlachtaí an Aontais.

4.   Féadfaidh an Bord comhaontú le gach údarás réitigh náisiúnta faoin teanga nó faoi na teangacha ina ndréachtófar na doiciméid atá le cur chuig na húdaráis réitigh náisiúnta nó uathu.

5.   Soláthróidh Lárionad Aistriúcháin chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh i ndáil le feidhmiú an Bhoird.

Airteagal 82

Foireann

1.   Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag na Coinníollacha Fostaíochta agus ag na rialacha arna nglacadh ag institiúidí an Aontais go comhpháirteach chun iad a chur i bhfeidhm maidir le foireann an Bhoird.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na ceithre chomhalta dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b), faoi seach, ar chomhchéim le Leas-Uachtarán, Breitheamh agus Cláraitheoir de chuid na Cúirte Breithiúnais chomh fada agus a bhaineann le luach saothair agus aois inphinsin, de réir mar a shainmhínítear i Rialachán Uimh. 422/67/CEE, 5/67/Euratom ón gComhairle (24). Ní bheidh siad faoi réir ag aois scoir uasta. Maidir le gnéithe nach bhfuil cumhdaithe faoin Rialachán seo ná faoi Rialachán Uimh. 422/67/CEE, 5/67/Euratom, beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag na Coinníollacha Fostaíochta de réir analaí.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, le comhaontú an Choimisiúin, na bearta cur chun feidhme is gá, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

3.   Déanfaidh an Bord na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus na cumhachtaí a thugtar don údarás atá i dteideal conarthaí a thabhairt i gcrích leis na Coinníollacha Fostaíochta a fheidhmiú i ndáil lena fhoireann féin.

Airteagal 83

Malartú foirne

1.   Féadfaidh an Bord úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an mBord.

2.   Ina sheisiún iomlánach glacfaidh an Bord cinntí iomchuí lena leagfar síos rialacha maidir le malartú foirne agus foireann a bheith ar iasacht ó na húdaráis réitigh náisiúnta chuig an mBord.

3.   Féadfaidh an Bord foirne réitigh inmheánacha a chur ar bun a bheidh comhdhéanta dá fhoireann féin agus d'fhoireann na n-údarás réitigh náisiúnta, chomh maith le breathnóirí ó údaráis réitigh Ballstát neamh-rannpháirteach, i gcás inarb iomchuí.

4.   I gcás ina mbunóidh an Bord foirne réitigh inmheánacha amhail dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo, ceapfaidh sé comhordaitheoirí na bhfoirne sin óna fhoireann féin. I gcomhréir le hAirteagal 51(3), féadfar cuireadh a chur ar na comhordaitheoirí freastal i gcáil bhreathnadóirí ar chruinnithe sheisiún feidhmiúcháin an Bhoird ina nglacfaidh na comhaltaí arna gceapadh ag na Ballstáit faoi seach páirt i gcomhréir le hAirteagal 53(3) agus (4).

Airteagal 84

Coistí inmheánacha

Féadfaidh an Bord coistí inmheánacha a chur ar bun a sholáthróidh comhairle agus treoir maidir lena fheidhmeanna a tharscaoileadh faoin Rialachán seo.

Airteagal 85

Painéal Achomhairc

1.   Cuirfidh an Bord Painéal Achomhairc ar bun chun críocha cinneadh a dhéanamh faoi achomhairc a thíolacfar i gcomhréir le mír 3.

2.   Beidh cúigear ar a mbeidh dea-cháil ar an bPainéal Achomhairc, ó na Ballstáit agus ag a mbeidh faisnéis ábhartha agus taithí ghairmiúil chruthaithe, lena n-áirítear taithí réitigh, ar leibhéal atá ard a dhóthain sna réimsí baincéireachta nó i seirbhísí airgeadais eile, gan foireann reatha an Bhoird san áireamh ná foireann reatha na n-údarás réitigh nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí náisiúnta eile nó Aontais a fheidhmeoidh na cúraimí a thugann an Rialachán seo don Bhord. Beidh acmhainní leordhóthanacha agus saineolas ag an bPainéal Achomhairc chun sainchomhairle dhlíthiúil a thabhairt i dtaobh dhlíthiúlacht fheidhmiú a chuid cumhachtaí ag an mBord. Déanfaidh an Bord comhaltaí an Phainéil Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh ar feadh téarma cúig bliana, a d'fhéadfaí a fhadú uair amháin, tar éis glao poiblí ar léirithe spéise a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha.

3.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear na húdaráis réitigh achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh an Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 10(10), Airteagal 11, Airteagal 12(1), Airteagal 38 go hAirteagal 41, Airteagal 65(3), Airteagal 71 agus Airteagal 90(3) a bheidh dírithe ar an duine sin nó a bhainfidh go díreach nó go hindibhidiúil leis an duine sin.

Déanfar an t-achomharc, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis, a chomhdú i scríbhinn leis an bPainéal Achomhairc, laistigh de shé seachtaine ón dáta a dtabharfar fógra faoin gcinneadh don duine lena mbaineann, nó in éagmais fógra, laistigh de shé seachtaine ón lá a bheidh an duine lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh.

4.   Déanfaidh an Painéal Achomhairc cinneadh faoin achomharc laistigh de mhí amháin ón uair a taisceadh é.

Cinnfidh an Painéal Achomhairc ar bhonn tromlaigh de thriúr dá chúigear comhalta ar a laghad.

5.   Gníomhóidh comhaltaí an Phainéil Achomhairc go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail. Chun na gcríoch sin, tabharfaidh siad dearbhú poiblí gealltanas agus dearbhú poiblí leasanna lena léirítear aon leas díreach nó indíreach a d'fhéadfaí a bhreithniú ina leith gur dochar dá neamhspleáchas é nó lena léirítear nach bhfuil aon leas den sórt sin acu.

6.   Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc arna thaisceadh de bhun mhír 3.

Féadfaidh an Painéal Achomhairc, áfach, má mheasann sé gur gá sin sna himthosca, cur i bhfeidhm an chinnidh atá á chonspóid a chur ar fionraí.

7.   Má tá an t-achomharc inghlactha, scrúdóidh an Painéal Achomhairc cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil bunús maith leis an achomharc. Iarrfaidh sé ar na páirtithe a bheith i láthair ag na himeachtaí achomhairc chun barúlacha a chomhdú, laistigh de theorainneacha ama sonraithe, maidir lena fhógraí féin nó maidir le cumarsáidí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc. Beidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc i dteideal cur i láthair ó bhéal a dhéanamh.

8.   Féadfaidh an Painéal Achomhairc an cinneadh a ghlacfaidh an Painéal Achomhairc a dhearbhú nó an cás a chur ar ais chuig an mBord. Beidh cinneadh an Phainéil Achomhairc ina cheangal ar an mBord agus glacfaidh sé cinneadh leasaithe maidir leis an gcás i gceist.

9.   Beidh cinntí an Phainéil Achomhairc réasúnaithe agus cuirfear fógra ina leith chuig na páirtithe.

10.   Glacfaidh an Painéal Achomhairc a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

Airteagal 86

Caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais

1.   Féadfar imeachtaí a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE chun cur in aghaidh cinnidh arna dhéanamh ag an bPainéal Achomhairc nó, nuair nach bhfuil aon cheart achomhairc ann os comhair an Phainéil Achomhairc, ag an mBord.

2.   Féadfaidh Ballstáit agus institiúidí an Aontais, mar aon le duine nádúrtha nó dlítheanach, imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcoinne cinntí ón mBord, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE.

3.   I gcás ina mbeidh oibleagáid ar an mBord gníomhú agus ina mainneoidh sé cinneadh a dhéanamh, féadfar imeachtaí mar gheall ar mhainneachtain gníomhú a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 265 CFAE.

4.   Déanfaidh an Bord na bearta is gá chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh.

Airteagal 87

Dliteanas an Bhoird

1.   Rialófar dliteanas conarthach an Bhoird tríd an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i dtrácht.

2.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais le breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána atá i gconradh arna chur i gcrích ag an mBord.

3.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Bord, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do na dlíthe maidir le dliteanas údaráis phoiblí na mBallstát, aon damáiste arb é féin nó arb é a fhoireann is cúis leis i bhfeidhmiú a gcuid dualgas a shlánú, go háirithe ina bhfeidhmeanna réitigh, lena n-áirítear gníomhartha agus neamhghníomhartha ag tacú le nósanna imeachta réitigh eachtracha.

4.   Cúiteoidh an Bord d'údarás réitigh náisiúnta na damáistí a ordóidh cúirt náisiúnta dó a íoc, nó ar gheall sé, i gcomhaontú leis an mBord, a íoc de bhun socraíocht chairdiúil, ar thoradh iad ar ghníomh nó neamhghníomh a rinne an t-údarás réitigh náisiúnta sin le linn réitigh ar bith faoin Rialachán seo, eintitis agus grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus eintitis agus grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) áit a gcomhlíonfar na coinníollacha chun na míreanna sin a chur i bhfeidhm nó de bhun an dara fomhír d'Airteagal 7(3). Ní bheidh an oibleagáid sin infheidhme i gcás gur sárú é an gníomh nó an neamhghníomh ar an Rialachán seo, ar fhoráil eile dhlí an Aontais, ar chinneadh ón mBord, ón gComhairle, nó ón gCoimisiún, a rinneadh d'aonturas nó de bharr earráid shoiléir agus thromchúiseach breithiúnais.

5.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid a bhaineann le míreanna 3 agus 4. Cuirfear urchosc le himeachtaí in ábhair a thiocfaidh as dliteanas neamhchonarthach tar éis tréimhse cúig bliana ó tharla an teagmhas is siocair leis.

6.   Rialófar dliteanas pearsanta a fhoirne i leith an Bhoird leis na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

Airteagal 88

Rúndacht ghairmiúil agus malartú faisnéise

1.   Beidh comhaltaí an Bhoird, an Leas-Chathaoirleach, comhaltaí an Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b), foireann an Bhoird agus baill foirne arna malartú le Ballstáit rannpháirteacha nó arna bhfáil ar iasacht acu, atá i mbun dualgas réitigh, beidh siad faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil de bhun Airteagal 339 CFAE agus na forálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú nuair a bheidh deireadh lena ndualgais. Beidh siad faoi thoirmeasc faisnéis rúnda go háirithe a gheofar a nochtadh le linn a ngníomhaíochtaí gairmiúla nó ó údarás inniúil nó údarás réitigh i ndáil lena bhfeidhmeanna faoin Rialachán seo, d'aon duine nó d'aon údarás, mura rud é gur ag feidhmiú a bhfeidhmeanna a bheidh siad faoin Rialachán seo nó i bhfoirm achoimre nó chomhchoiteann sa chaoi nach féidir na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a shainaithint nó gan toiliú sainráite nó réamhthoiliú an údaráis nó an eintitis a chuir an fhaisnéis ar fáil.

Ní dhéanfar faisnéis atá faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a nochtadh d'eintiteas poiblí nó príobháideach ach amháin i gcás go ndéanfar an nochtadh sin chun críche imeachtaí dlíthiúla.

Beidh feidhm ag na ceanglais freisin maidir le ceannaitheoirí ionchasacha a rachfar i dteagmháil leo chun an bealach a ullmhú chun eintiteas a réiteach de bhun Airteagal 13(3).

2.   Áiritheoidh an Bord go mbeidh daoine aonair a sholáthróidh seirbhís ar bith, go díreach nó go hindíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le comhlíonadh a dhualgas, lena n-áirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord nó a cheapfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta chun cigireachtaí ar láthair a dhéanamh, faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil is comhionann leo siúd dá dtagraítear i mír 1.

3.   Beidh na ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil dá dtagraítear i mír 1 infheidhme freisin maidir le breathnóirí a fhreastalóidh ar chruinnithe an Bhoird agus maidir le breathnóirí ó na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach a ghlacann páirt i bhfoirne inmheánacha réitigh i gcomhréir le hAirteagal 83(3).

4.   Glacfaidh an Bord na bearta is gá chun a áirithiú go ndéantar an fhaisnéis rúnda a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte.

5.   Sula nochtfar aon fhaisnéis áiritheoidh an Bord nach bhfuil aon fhaisnéis rúnda, trí mheasúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a d'fhéadfadh nochtadh na faisnéise sin a imirt ar leas an phobail maidir le beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch, ar leasanna tráchtála daoine nádúrtha agus dlítheanacha, agus chun críche cigireachtaí, imscrúduithe agus iniúchtaí. Áiritheofar leis an nós imeachta maidir le héifeachtaí nochta faisnéise a sheiceáil go bhfuil measúnú sonrach ar éifeachtaí aon nochta ar ábhair agus ar mhionsonraí na bpleananna réitigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 9, toradh aon mheasúnaithe a dhéanfar faoi Airteagal 10 nó faoin scéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18.

6.   Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar an mBord, ar an gComhairle, ar an gCoimisiún, ar an BCE, ar na húdaráis réitigh náisiúnta ná ar na húdaráis inniúla náisiúnta, lena n-áirítear a bhfostaithe agus a saineolaithe, faisnéis a roinnt lena chéile agus le haireachtaí inniúla, bainc ceannais, scéimeanna ráthaithe taiscí, scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí, údaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta, údaráis réitigh agus inniúla ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha ÚBE, nó, faoi réir Airteagal 33, údaráis tríú tíre a fheidhmeoidh feidhmeanna atá coibhéiseach le feidhmeanna an údaráis réitigh, nó, faoi réir diancheanglas rúndachta, le ceannaitheoirionchasach chun críche pleanála nó gnímh réitigh a dhéanamh.

Airteagal 89

Cosaint sonraí

Beidh an Rialachán seo gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanfaidh siad ar shonraí pearsanta faoi Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) nó d'oibleagáidí an Bhoird, na Comhairle agus an Choimisiúin a bhaineann leis a bpróiseáil a dhéanfaidh sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) nuair a bheidh a gcuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aige.

Airteagal 90

Rochtain ar dhoiciméid

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) maidir le doiciméid atá i seilbh an Bhoird.

2.   Glacfaidh an Bord, laistigh de shé mhí ó dháta a chéad chruinnithe, na bearta praiticiúla maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

3.   Féadfaidh na cinntí a dhéanfaidh an tÚdarás faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach nó ina n-imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais, tar éis achomhairc chuig an bPainéal Achomhairc, dá dtagraítear in Airteagal 85 den Rialachán seo, de réir mar is iomchuí, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus Airteagal 263 CFAE faoi seach.

4.   Maidir le daoine is ábhar do chinntí ón mBord, beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad an Bhoird, faoi réir leasa dhlisteanaigh daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní fholóidh an ceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid an Bhoird.

Airteagal 91

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair a chosaint

Déanfaidh an Bord prionsabail slándála atá i rialacha slándála an Choimisiúin maidir le Faisnéis Rúnaicmithe Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair a chosaint a chur i bhfeidhm, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE ón gCoimisiún, CEGC, Euratom (28). Agus na prionsabail slándála á gcur i bhfeidhm áireofar forálacha maidir le malartú, próiseáil agus stóráil na faisnéise sin a chur i bhfeidhm.

Airteagal 92

An Chúirt Iniúchóirí

1.   Tairgfidh an Chúirt Iniúchóirí tuarascáil speisialta do gach tréimhse 12 mhí, ag tosú an 1 Aibreán gach bliain.

2.   Déanfaidh gach tuarascáil scrúdú:

(a)

cibé ar tugadh nó nár tugadh dóthain airde ar úsáid an Chiste ó thaobh na heacnamaíochta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtúlachta de, go háirithe an gá le húsáid an Chiste a íoslaghdú;

(b)

cibé an raibh nó nach raibh an measúnú a rinneadh ar an gcabhair ón gCiste éifeachtach agus beacht.

3.   Déanfar gach tuarascáil faoi mhír 1 a chur i láthair laistigh de shé mhí ó dheireadh na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil.

4.   I ndiaidh bhreithniúchán na gcuntas críochnaitheach arna n-ullmhú ag an mBord i gcomhréir le hAirteagal 63, ullmhóidh an Chúirt Iniúchóirí tuarascáil faoina fhionnachta faoin 1 Nollaig den bhliain airgeadais dar gcionn. Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí, go háirithe, tuairisciú faoi aon dhliteanais theagmasacha (cibé acu don Bhord, don Chomhairle, don Choimisiún nó do chomhlacht eile) a eascróidh as feidhmiú a gcúraimí faoin Rialachán seo don Bhord, don Chomhairle agus don Choimisiún.

5.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle iarraidh ar an gCúirt Iniúchóirí aon ábhair ábhartha eile a thagann faoina n-inniúlacht a leagtar amach in Airteagal 287(4) CFAE a scrúdú.

6.   Seolfar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4 chuig an mBord, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus poibleofar iad gan mhoill.

7.   Laistigh de dhá mhí ón dáta a bpoibleofar gach tuarascáil faoi mhír 1 tabharfaidh an Coimisiún freagairt mhionsonraithe i scríbhinn a phoibleofar.

Laistigh de dhá mhí ón dáta a bpoibleofar gach tuarascáil faoi mhír 4 tabharfaidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún faoi seach freagairt mhionsonraithe i scríbhinn a phoibleofar.

8.   Beidh an chumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí aon fhaisnéis ábhartha a fháil ón mBord, ón gComhairle agus ón gCoimisiún chun na cúraimí a thugtar di leis an Airteagal seo a fheidhmiú. Soláthróidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún aon fhaisnéis ábhartha laistigh de chreat ama den sórt sin faoi mar a bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí a shonrú.

CUID IV

CUMHACHTAÍ FORGHNÍOMHAITHE AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 93

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19(8), Airteagal 65(5), Airetagal 69(5), Airteagal 71(3) agus Airteagal 75(4) ar feadh tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó na dáta iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 99.

3.   Déanfaidh an Coimisiún comhleanúnachas a áirithiú idir gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Threoir 2014/59/AE.

4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 19(8), 65(5), 69(5), 71(3), agus 75(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 19(8), 65(5), 69(5), 71(3), agus 75(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

7.   Ní ghlacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcás ina laghdaítear, trí shos, am grinnscrúdaithe Pharlaimint na hEorpa go tréimhse níos lú ná cuig mhí, agus leathnú ar bith san áireamh.

Airteagal 94

Athbhreithniú

1.   Faoin 31 Nollaig 2018, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina gcuirfear béim ar leith ar fhaireachán a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ann d'fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar an méid seo a leanas:

(a)

feidhmiú SRA, a éifeachtúlacht costais, chomh maith le tionchar a ghníomhaíochtaí réitigh ar leasanna an Aontais ina iomláine agus ar chomhleanúnachas agus sláine an mhargaidh aonair do sheirbhísí airgeadais, lena n-áirítear a thionchar féideartha ar struchtúir na gcóras baincéireachta náisiúnta laistigh den Aontas, i gcomparáid le córais bhaincéireachta eile, agus maidir le héifeachtacht comhair agus socruithe comhroinnte faisnéise laistigh de SRA, idir SRA agus SMA agus idir SRA, na húdaráis réitigh náisiúnta, údaráis inniúla náisiúnta agus údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát neamh-rannpháirteach, go háirithe agus measúnú á dhéanamh ar an méid a leanas:

(i)

an bhfuil riachtanas ann gur institiúid neamhspleách de chuid an Aontais a dhéanfaidh na feidhmeanna a leithdháiltear leis an Rialachán seo ar an mBord, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún a fheidhmiú go huile agus go hiomlán agus, má tá, cad iad na hathruithe ar na forálacha ábhartha atá riachtanach, lena n-áirítear ar leibhéal an dlí phríomhúil;

(ii)

an iomchuí atá an comhar idir SRA, SMA, BERS, ÚBE, ÚEUM agus ÚEÁPC, agus na húdaráis eile ar cuid iad de CEMA;

(iii)

an de shócmhainní fónta agus éagsúlaithe atá an punann infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 75 déanta;

(iv)

an bhfuil an nasc idir fiachas ceannasach agus riosca baincéireachta briste;

(v)

a iomchuí atá na socruithe rialachais, lena n-áirítear roinnt na gcúraimí laistigh den Bhord agus comhdhéanamh na socruithe vótála san fheidhmeannacht agus i seisiúin iomlánacha an Bhoird agus caidreamh an Bhoird leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle;

(vi)

an bhfuil an pointe tagartha chun spriocleibhéal a shocrú don Chiste leormhaith agus go háirithe, an oiriúnaí mar bhonn níos iomchuí iad taiscí faoi chumhdach nó dliteanais iomlána agus ar cheart dearbhmhéid íosta a bhunú don Chiste chun go seachnófaí luaineacht i sreabhadh na bhfoinsí airgeadais chuig an gCiste agus chun a áirithiú go mbeidh maoiniú an Chiste cobhsaí agus leormhaith in imeacht aimsire;

(vii)

an bhfuil sé riachtanach an spriocleibhéal maoiniúcháin don Chiste a mhodhnú, mar aon le leibhéal na ranníocaíochtaí, chun machaire comhréidh a áirithiú laistigh den Aontas;

(b)

éifeachtacht socruithe neamhspleáchais agus cuntasachta;

(c)

an idirghníomhaíocht idir an Bord agus ÚBE;

(d)

an idirghníomhaíocht idir an Bord agus údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát neamh-rannpháirteacha agus éifeachtaí SRA ar na Ballstáit sin, chomh leis an idirghníomhaíocht idir an Bord agus údaráis ábhartha tríú tíre mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(90) de Threoir 2014/59/AE;

(e)

an gá céimeanna a thabhairt chun imeachtaí dócmhainneachta le haghaidh institiúidí ar chlis orthu a chomhchuibhiú.

2.   Cuirfear an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, tograí a bheidh ag gabháil leis an tuarascáil.

3.   Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh aige ar Threoir 2014/59/AE, iarrfar ar an gCoimisiún freisin, athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo, mar is iomchuí.

Airteagal 95

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

“(2)

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’:

(i)

údaráis inniúla mar a shainmhínítear iad i bpointe (40) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le hábhair a bhaineann leis na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, i dTreoir 2007/64/CE, agus amhail dá dtagraítear i dTreoir 2009/110/CE;

(ii)

a mhéid a bhaineann le Treoir 2002/65/CE agus Treoir 2005/60/CE, na húdaráis atá inniúil lena áirithiú go gcomhlíonfaidh institiúidí creidmheasa agus airgeadais ceanglais na dTreoracha sin;

(iii)

a mhéid a bhaineann le scéimeanna ráthaithe taiscí, comhlachtaí a riarann scéimeanna ráthaithe taiscí de bhun Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), nó, i gcás ina mbeidh oibriú na scéime ráthaíochta taiscí á riar ag cuideachta phríobháideach, an t-údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar na scéimeanna sin de bhun na Treorach sin; agus

(iv)

a mhéid a bhaineann le Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (***), na húdaráis réitigh, arna sainmhíniú in Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE, an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus an Chomhairle agus an Coimisiún nuair a bheidh gníomhaíochtaí á ndéanamh acu faoi Airteagal 18 den Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, ach amháin i gcás ina mbeidh cumhachtaí lánroghnacha á bhfeidhmiú acu nó roghanna beartais á ndéanamh acu.

(*)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149)."

(**)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE and 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)."

(***)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).”;"

(2)

In Airteagal 25, cuirtear isteach an mír seo a leanas:

“1a.   Féadfaidh an tÚdarás athbhreithnithe piaraí ar an malartú faisnéise agus ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha an Bhoird, dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, agus ar an malartú faisnéise agus ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanann údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach sa Sásra Réitigh Aonair i réiteach grúpaí trasteorann dóibh a eagrú agus a chur i gcrích chun éifeachtacht agus comhsheasmhacht torthaí a threisiú. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh.”;

(3)

In Airteagal 40(6), cuirtear isteach an fomhír seo a leanas:

“Chun go ngníomhóidh sé laistigh de raon feidhme Threoir 2014/59/AE, beidh Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair ina bhreathnadóir don Bhord Stiúrthóirí.”

Airteagal 96

Socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh a ionadú

Ón dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 99(2) agus (6) den Rialachán seo, measfar gur socrú um maoiniú réitigh de chuid na mBallstát rannpháirteach faoi Airteagal 99 go hAirteagal 109 de Threoir 2014/59/AE a bheidh sa Chiste.

Airteagal 97

Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus coinníollacha oibríochta

1.   Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le soláthar don Bhord sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh lonnaithe agus na saoráidí atá le cur ar fáil ag an mBallstát sin, mar aon le rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir leis gCathaoirleach, le comhaltaí an Bhoird ina sheisiún iomlánach dó, le foireann an Bhoird agus le daoine dá dteaghlaigh, déanfar iad a leagan síos i gComhaontú maidir le Ceanncheathrú idir an Bord agus an Ballstát sin, arna thabhairt i gcrích tar éis formheas an Bhoird ina sheisiún iomlánach dó a fháil agus tráth nach déanaí ná 20 Lúnasa 2016.

2.   Soláthróidh Ballstát ina bhfuil suíomh an Bhoird lonnaithe na coinníollacha is fearr is féidir chun feidhmiú cuí an Bhoird a áirithiú, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach atá dírithe ar an Eoraip agus naisc iompair iomchuí.

Airteagal 98

Tús ghníomhaíochtaí an Bhoird

1.   Beidh an Bord lánoibríochtúil faoin 1 Eanáir 2015.

2.   Beidh an Coimisiún freagrach as bunú agus as oibriú tosaigh an Bhoird go dtí go mbeidh an acmhainneacht oibríochtúil ag an mBord a bhuiséad féin a chur chun feidhme. Chun na críche sin:

(a)

go dtí go rachaidh an Cathaoirleach i mbun a chuid nó a cuid dualgas tar éis don Chomhairle é nó í a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 56, féadfaidh an Coimisiún oifigeach ón gCoimisiún a ainmniú mar Chathaoirleach eatramhach agus na dualgais a shanntar don Chathaoirleach a chomhlíonadh;

(b)

de mhaolú ó Airteagal 50(1)(l) agus go dtí go nglacfar cinneadh amhail dá dtagraítear in Airteagal 50(3), feidhmeoidh an Cathaoirleach eatramhach cumhachtaí an údaráis cheapacháin;

(c)

féadfaidh an Coimisiún cúnamh a thairiscint don Bhord, go háirithe trí oifigigh ón gCoimisiún a chur ar iasacht chun gníomhaíochtaí na gníomhaireachta a dhéanamh faoi fhreagracht an Chathaoirligh eatramhaigh nó an Chathaoirligh.

3.   Féadfaidh an Cathaoirleach eatramhach na híocaíochtaí uile arna gcumhdach ag leithreasaí arna n-iontráil i mbuiséad an Bhoird a údarú agus féadfaidh sé conarthaí a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí foirne.

Airteagal 99

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Faoi réir na n-eisceachtaí dá dtagraítear i mír 3 go mír 5, beidh an Rialachán seo infheidhme amhail ón 1 Eanáir 2016.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le cumhachtaí an Bhoird chun faisnéis a bhailiú agus comhoibriú leis na húdaráis náisiúnta réitigh ar mhaithe le pleanáil réitigh a chur le chéile, faoi Airteagal 8 agus Airteagal 9 agus faoi na forálacha gaolmhara eile go léir ón 1 Eanáir 2015.

4.   De mhaolú ó mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 1 go 4, 6, 30, 42 go 48, 49, Airteagal 50(1)(a), (b) agus (g) go (p), Airteagal 50(3), Airteagal 51, Airteagal 52(1) agus (4), Airteagal 53(1) agus (2), Airteagail 56 go 59, 61 go 66, 80 go 84, 87 go 95 agus 97 agus 98 amhail ón 19 Iúil 2014.

5.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm le hAirteagail 69(5), Airteagal 70(6) agus (7) agus Airteagal 71(3) lena gcumhachtaítear don Chomhairle gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh agus don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh amhail ón 1 Samhain 2014.

6.   Ón 1 Eanáir 2015, déanfaidh an Bord tuarascáil mhíosúil, arna formheas ina sheisiún iomlánach dó, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le cibé atá na coinníollacha i ndáil le haistriú ranníocaíochtaí chuig an gCiste Aonair Réitigh comhlíonta.

Ón 1 Nollaig 2015, i gcás ina léiríonn na tuarascálacha sin nach bhfuil na coinníollacha i ndáil le haistriú ranníocaíochtaí chuig an gCiste Aonair Réitigh comhlíonta, déanfar cur i bhfeidhm na bhforálacha dá dtagraítear i mír 2 a chur ar atráth go ceann míosa gach uair. Déanfaidh an Bord tuarascáil bhreise a thíolacadh gach uair ag deireadh na míosa sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Iúil 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. GOZI


(1)  IO C 109, 11.4.2014, lch. 2.

(2)  IO C 67, 6.3.2014, lch. 58.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Iúil 2014.

(4)  Rialachán (AE) Uimhir 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(5)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE agus 2011/35/cé, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, p. 1).

(8)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/EC agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

(10)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CÉ agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CÉ ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Eorpach Maoirseachta (an tÚdarás Eorpach Urrús agus Margaí) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(13)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na forálacha riaracháin maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(14)  Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí (IO L 84, 26.3.1997, lch. 22).

(15)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(16)  Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cosaint chearta na bhfostaithe i gcás aistriú gnóthas, ghnóthaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnóthaí (IO L 82, 22.3.2001, lch. 16.).

(17)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus on gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh.1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(18)  Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).

(19)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.09.13, lch. 1).

(22)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(23)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO P 17, 6.10.1958, lch. 385).

(24)  Rialachán Uimh. 422/67/CEE, Uimh. 5/67/Euratom ón gComhairle an 25 Iúil 1967 lena gcinntear éadálacha Uachtarán agus Comhaltaí an Choimisiúin, Uachtarán, Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta agus Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, Uachtarán, Comhaltaí agus Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta agus Uachtarán, Comhaltaí agus Cláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta (IO L 187, 8.8.1967, lch. 1).

(25)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(28)  Cinneadh 2001/844/CE,ECSC,Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta inmheánacha (IO L 317, 3.12.2001, lch. 1).